Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62018TB0218

Cás T-218/18 RENV-OST: Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Eanáir 2026 – Deutsche Lufthansa v an Coimisiún (Nós imeachta – Cás ina mainnítear breith a thabhairt – Costais)

IO C, C/2026/1877, 7.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1877/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1877/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1877

7.4.2026

Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Eanáir 2026 – Deutsche Lufthansa v an Coimisiún

(Cás T-218/18 RENV-OST)  (1)

(Nós imeachta - Cás ina mainnítear breith a thabhairt - Costais)

(C/2026/1877)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Deutsche Lufthansa AG (Köln, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Martin-Ehlers, Dlíodóir)

Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Georgieva, L. Wildpanner agus T. Maxian Rusche, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe chun tacú leis na cosantóirí: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí), Land Rheinland-Pfalz (ionadaithe: R. van der Hout, C. Wagner agus V. Lemonnier, Dlíodóirí)

Maidir le

Le doiciméad a taisceadh an 13 Bealtaine 2025, d’iarr Land Rheinland-Pfalz (Stát Cónaidhme Dhúiche na Réine agus an Palaitíneachta, an Ghearmáin) ar an gCúirt Ghinearálta, go príomha, ar bhonn Airteagal 165 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, an cinneadh maidir le costais sa chuid oibríochtúil de bhreithiúnas an 30 Aibreán 2025, Deutsche Lufthansa v an Coimisiún (T-218/18 RENV, nár foilsíodh, EU:T:2025:431, ‘an breithiúnas tar éis an tarchuir’) a fhorlíonadh; agus, mar mhalairt air sin, ar bhonn Airteagal 164 de na Rialacha Nós Imeachta, an cinneadh maidir le costais a cheartú sa chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Déanfar pointe 2 den chuid oibríochtúil de bhreithiúnas an 30 Aibreán 2025, Deutsche Lufthansa v an Coimisiún (T-218/18 RENV, c) a fhorlíonadh leis an bhfrása seo a leanas: ‘agus, ina theannta sin, na costais arna dtabhú ag Land Rheinland-Pfalz (Stát Cónaidhme Dhúiche na Réine agus an Palaitíneachta, an Ghearmáin) a íoc i gcomhthéacs an achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais i gCás C-466/21 P;’.

2)

Déanfar pointe 3 den chuid oibríochtúil chéanna a fhorlíonadh tríd an bhfrása seo a leanas a chur leis: ‘i gcomhthéacs a n-idiragairt i gCás T-218/18 agus i gCás T-218/18 RENV’.

3)

Níl gá le breith a thabhairt ar an iarratas ar cheartú a thuilleadh.

4)

Ordaítear do Deutsche Lufthansa AG na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhthéacs an iarratais go réiteofar cás ina mainnítear breith a thabhairt agus an iarratais ar cheartú a íoc.

5)

Ordaítear do Land Rheinland-Pfalz na costais a thabhaigh sé i gcomhthéacs an iarratais go réiteofar cás ina mainnítear breith a thabhairt agus an iarratais ar cheartú a íoc.


(1)   IO C 190, 4.6.2018.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1877/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top