Wybierz funkcje eksperymentalne, które chcesz wypróbować

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Dokument 62018CA0529

    Cásanna uamtha C-529/18 P agus C-531/18 P: Breithiúnas na Cúirte (an tríú dlísheomra) an 24 Márta 2022 – PJ v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Erdmann & Rossi GmbH (C-529/18 P), PC v PJ, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Erdmann & Rossi GmbH (C-531/18 P) (Achomharc – Prionsabail dhlí an Aontais – Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – Ionadaíocht na bpáirtithe i gcaingne díreacha os comhair Chúirteanna an Aontais – Dlíodóir le stádas tríú páirtí i ndáil leis an iarratasóir – Ceanglas maidir le neamhspleáchas – Dlíodóir atá ag cleachtadh mar chomhlach i ngnólacht dlí – Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)

    IO C 198, 16.5.2022, str. 2—2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 198/2


    Breithiúnas na Cúirte (an tríú dlísheomra) an 24 Márta 2022 – PJ v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Erdmann & Rossi GmbH (C-529/18 P), PC v PJ, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Erdmann & Rossi GmbH (C-531/18 P)

    (Cásanna uamtha C-529/18 P agus C-531/18 P) (1)

    (Achomharc - Prionsabail dhlí an Aontais - Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh - Ionadaíocht na bpáirtithe i gcaingne díreacha os comhair Chúirteanna an Aontais - Dlíodóir le stádas tríú páirtí i ndáil leis an iarratasóir - Ceanglas maidir le neamhspleáchas - Dlíodóir atá ag cleachtadh mar chomhlach i ngnólacht dlí - Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)

    (2022/C 198/02)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    (Cás C-529/18 P)

    Iarratasóir: PJ (ionadaithe: J. Lipinsky agus C. von Donat, Rechtsanwälte)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: D. Botis agus A. Söder, i gcáil Gníomhairí), Erdmann & Rossi GmbH (ionadaithe: H. Kunz-Hallstein agus R. Kunz-Hallstein, Rechtsanwälte)

    (Cás C-531/18 P)

    Iarratasóir: PC (ionadaithe: J. Lipinsky agus C. von Donat, Rechtsanwälte)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: PJ (ionadaithe: J. Lipinsky agus C. von Donat, Rechtsanwälte) Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: D. Botis agus A. Söder, i gcáil Gníomhairí), Erdmann & Rossi GmbH (ionadaithe: H. Kunz-Hallstein agus R. Kunz-Hallstein, Rechtsanwälte)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear do na hachomhairc.

    2)

    Ordaítear do PJ na costais i gCás C-529/18 P a íoc maidir leis an achomharc reatha agus na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.

    3)

    Ordaítear do PC na costais i gCás C-531/18 P a íoc maidir leis an achomharc reatha agus na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.


    (1)  IO C 103 30.03.2020


    Góra