This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62017TB0502
Case T-502/17: Order of the General Court of 22 January 2025 – Merlos Infor v SRB (Action for annulment – Economic and monetary policy – Single resolution mechanism for credit institutions and certain investment firms – Resolution scheme in respect of Banco Popular Español – Act not open to challenge – Manifest inadmissibility)
Cás T-502/17: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Eanáir 2025 –Merlos Infor v BRA (Caingean le haghaidh neamhniú – Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe – Scéim réitigh i leith Banco Popular Español – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht fhollasach)
Cás T-502/17: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Eanáir 2025 –Merlos Infor v BRA (Caingean le haghaidh neamhniú – Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe – Scéim réitigh i leith Banco Popular Español – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht fhollasach)
IO C, C/2025/2067, 14.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2067/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2067 |
14.4.2025 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Eanáir 2025 –Merlos Infor v BRA
(Cás T-502/17) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe - Scéim réitigh i leith Banco Popular Español - Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc - Do-ghlacthacht fhollasach)
(C/2025/2067)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Merlos Infor, SL (Badalona, an Spáinn) (ionadaí: J. Gálvez Pascual, Dlíodóir)
Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: B. Meyring, F. Fernández de Trocóniz Robles, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní Cinneadh SRB/EES/2017/08 ó Sheisiún Feidhmiúcháin an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh a ghlacadh le haghaidh Banco Popular Español, SA.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha go follasach. |
|
2) |
Ní gá rialú a thabhairt ar na hiarratais ar idiragairt a chuir Ríocht na Spáinne, an Coimisiún Eorpach, Banco Santander, SA agus Banco Popular Español, SA isteach. |
|
3) |
Ordaítear do Merlos Infor, SL a chostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA) a íoc. |
|
4) |
Ordaítear do Ríocht na Spáinne agus don Choimisiún a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc. |
|
5) |
Ordaítear do Banco Santander a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Banco Popular Español a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2067/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)