This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026XG04980
Notice for the attention of the data subjects to whom the restrictive measures provided for in Council Decision 2011/486/CFSP and Council Regulation (EU) No 753/2011 concerning restrictive measures directed against certain individuals, groups, undertakings and entities in view of the situation in Afghanistan apply
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí sin atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/486/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí sin atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/486/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin
IO C, C/2026/4980, 23.9.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4980/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/4980 |
23.9.2026 |
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí sin atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/486/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin
(C/2026/4980)
Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2011/486/CBES ón gComhairle (2), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/2137 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2138 ón gComhairle (5).
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an gCaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag déanamh ionadaíocht di, rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo agus is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag an seoladh seo:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1.C |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu
Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí
data.protection@consilium.europa.eu
Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2011/486/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/2137 agus Rialachán (AE) Uimh. 753/2011, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2138.
Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2011/486/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 753/2011.
Áirítear ar na sonraí pearsanta arna bpróiseáil na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis na forais maidir leis an liostú.
Is iad na Cinntí ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 29 CAE agus Rialacháin ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil is bunús dlí do láimhseáil sonraí pearsanta.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (g), de Rialachán(AE) 2018/1725.
Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faighteoirí na sonraí pearsanta.
Coimeádfar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs trasuí ainmnithe agus nuashonruithe ainmnithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus Coistí Smachtbhannaí ábhartha na Náisiún Aontaithe go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir reo sócmhainní nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coimeádann an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a chláraíonn an Chomhairle chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2018/1725.
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe arna dhéanamh ag an gComhairle nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta i ndáil le beartas an Aontais i dtaca le bearta sriantacha. In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí, tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar an gcoinníoll nó na coinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:
|
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí; |
|
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. |
Níl aon chinnteoireacht uathoibrithe i gceist agus sonraí pearsanta an ábhair sonraí á bpróiseáil.
Tá an ceart chun faisnéise ag ábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.
Cinneadh Uimh. 2/2026 ó Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir le srian ar chearta na n-ábhar sonraí chun críche beart sriantach
Is féidir le hábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a sheoladh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar a léirítear thuas.
I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas) a sholáthar chun a gcéannacht a dhearbhú. Ba cheart uimhir aitheantais, tír eisiúna, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad aitheantais, mar shampla grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús leis an scéal a leigheas trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 199, 2.8.2011, lch. 57, http://data.europa.eu/eli/dec/2011/486/oj.
(3) IO L, 2026/2137, 23.9.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/2137/oj.
(4) IO L 199, 2.8.2011, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2011/753/oj.
(5) IO L, 2026/2138, 23.9.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2138/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4980/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)