This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026XG04208
Notice for the attention of the legal persons subject to the restrictive measures provided for in Council Decision 2012/642/CFSP, as implemented by Council Implementing Decision (CFSP) 2026/1816, and Council Regulation (EC) No 765/2006, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2026/1817 concerning restrictive measures in view of the situation in Belarus and the involvement of Belarus in the Russian aggression against Ukraine
Fógra le haghaidh na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1816 ón gComhairle, agus i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1817 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

ST/9969/2026/REV/1
IO C, C/2026/4208, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4208/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/4208 |
27.7.2026 |
Fógra le haghaidh na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1816 ón gComhairle, agus i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1817 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
(C/2026/4208)
Dírítear aird na ndaoine dlítheanacha a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1816 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1817 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine dlítheanacha sin a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES agus i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. Tugtar na forais leis na daoine dlítheanacha sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl do na daoine dlítheanacha sin gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 iad chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).
Féadfaidh na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 27 Samhain 2026 ag an seoladh seo a leanas.
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Tugtar ar aird na n-eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.
(2) IO L, 2026/1816, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1816/oj.
(3) IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.
(4) IO L, 2026/1817, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1817/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4208/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)