Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XG02064

Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/779 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/776 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

ST/7227/2026/INIT

IO C, C/2026/2064, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2064/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2064/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2064

31.3.2026

Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/779 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/776 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

(C/2026/2064)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine agus ar na heintitis atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/779 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/776 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine agus na heintitis a luaitear sna hiarscríbhinní thuasluaite a áireamh i gcónaí ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 1 Eanáir 2027 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, mír 2, agus in Airteagal 263, míreanna 4 agus 6, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(2)   IO L, 2026/779, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/779/oj.

(3)   IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

(4)   IO L, 2026/776, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/776/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2064/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top