This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026XG01790
Notice for the attention of the persons and entities to whom measures provided for in Council Decision 2011/235/CFSP, as implemented by Council Implementing Decision (CFSP) 2026/645 and in Council Regulation (EU) No 359/2011, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2026/648 concerning restrictive measures directed against certain persons, entities and bodies in view of the situation in Iran apply
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/645 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/648 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

ST/6724/2026/INIT
IO C, C/2026/1790, 17.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1790/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1790 |
17.3.2026 |
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/645 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/648 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
(C/2026/1790)
Dírítear aird na ndaoine agus na n-eintiteas atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/645 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/648 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine agus na heintitis sin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.
Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 7 Aibreán 2026 , ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 100, 14.4.2011, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/235/oj.
(2) IO L, 2026/645, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/645/oj.
(3) IO L 100, 14.4.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/359/oj.
(4) IO L, 2026/648, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/648/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1790/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)