Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XG01299

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/490 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/489 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

ST/5986/2026/INIT

IO C, C/2026/1299, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1299/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1299/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1299

2.3.2026

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/490 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/489 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

(C/2026/1299)

Dírítear aird na ndaoine atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/490 ón gComhairle (2) 1 ón gComhairle, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/489 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart leanúint de na daoine sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/119/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin. Tugtar na forais leis na daoine sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 10 Nollaig 2026 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 66, 6.3.2014, lch. 26.

(2)   IO L, 2026/490, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/490/oj.

(3)   IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.

(4)   IO L, 2026/489, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/489/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1299/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top