Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XG00741

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/260 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/259 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

IO C, C/2026/741, 30.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/741/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/741/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/741

30.1.2026

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/260 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/259 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

(C/2026/741)

Dírítear aird na ndaoine nádúrtha a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/260 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/259 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Ceanglaítear le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2024/2642 nach mór do na daoine sin tuairisc a thabhairt, laistigh de 6 seachtaine ó dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I, faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leis iad nó atá faoina úinéireacht, ina sheilbh nó faoina rialú, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gurb éard atá inti teacht timpeall ar na bearta maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha.

Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642 (5).


(1)   IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj.

(2)   IO L, 2026/260, 29.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/260/oj.

(3)   IO L, 2024/2642, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2642/oj.

(4)   IO L, 2026/259, 29.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/259/oj.

(5)  Tá an leagan comhdhlúite is déanaí le fáil ag http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2642/2025-10-07


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/741/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top