Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC04514

Fógra ón gCoimisiún — Treoraíocht do na Ballstáit maidir le Leathnú Raon Feidhme an Chlásail Éalaithe Náisiúnta maidir leis an tSlándáil Fuinnimh

C/2026/5799

IO C, C/2026/4514, 18.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4514/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4514/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/4514

18.8.2026

FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN

Treoraíocht do na Ballstáit maidir le Leathnú Raon Feidhme an Chlásail Éalaithe Náisiúnta maidir leis an tSlándáil Fuinnimh

(C/2026/4514)

1.   Réamhrá

I bPacáiste Earraigh an tSeimeastair Eorpaigh 2026, leag an Coimisiún amach go mbeidh an deis ag na Ballstáit a iarraidh go leathnófaí raon feidhme an Chlásail Éalaithe Náisiúnta atá acu cheana maidir leis an gcosaint chun bearta a áireamh lena neartaítear athléimneacht struchtúrach chóras fuinnimh na hEorpa agus lena gcuirtear dlús leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise (1) (dá ngairtear ‘bearta slándála fuinnimh’ anseo feasta). Tá an méid sin i gcomhréir leis an tuiscint atá ann go bhféadfadh costais fhioscacha mhóra tosaigh a bheith ar na Ballstáit chun dlús a chur le cur chun feidhme na mbeart lena n-áirithítear slándáil fuinnimh fhadtéarmach na hEorpa.

Leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe sa nóta i gceangal leis seo tuairim Ranna an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a bhféadfaí an Clásal Éalaithe Náisiúnta maidir leis an gcaiteachas cosanta a leathnú chun freastal ar bhearta slándála fuinnimh. Cuirtear i dtábhacht sa nóta nach mór d’aon bheart a dtéann an tsolúbthacht sin chun tairbhe dó rannchuidiú go díreach le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, prionsabal a léirítear sa raon feidhme agus sna critéir incháilitheachta um an tsolúbthacht araon.

Mínítear sa nóta freisin conas a chomhtháthófar an Clásal Éalaithe Náisiúnta leathnaithe sa chreat um fhaireachas fioscach atá ann cheana agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á coimirciú an tráth céanna. Trí uasteorainn a chur ar scála na solúbthachta foriomláine faoin gClásal Éalaithe Náisiúnta, is féidir na rioscaí maidir leis an inbhuanaitheacht fhioscach a shrianadh. Thairis sin, trí uasteorainneacha tiomnaithe atá sainithe go soiléir a thabhairt isteach maidir le bearta slándála fuinnimh, cuideofar le cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir tacaíocht d’infheistíochtaí a bhaineann leis an bhfuinneamh agus an tsolúbthacht atá ar fáil cheana féin le haghaidh caiteachas cosanta.

Leagtar amach sa nóta freisin an nós imeachta um leathnú ar raon feidhme an Chlásail Éalaithe Náisiúnta a iarraidh, chomh maith le cur chuige an Choimisiúin maidir le faireachán a dhéanamh ar an tsolúbthacht amach anseo.

2.   Sainmhíniú ar bhearta incháilithe fuinnimh

Raon feidhme na solúbthachta

Teorannófar raon feidhme leathnaithe an Chlásail Éalaithe Náisiúnta le haghaidh na cosanta do bhearta lena neartaítear slándáil struchtúrach agus athléimneacht an Chórais fuinnimh Eorpaigh agus lena gcuirtear dlús leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise  (2) . Ba cheart bearta incháilithe a mhaoiniú go náisiúnta agus tionchar buiséadach díreach a bheith acu. Áirítear leis na bearta incháilithe tacaíocht do theaghlaigh agus do ghnólachtaí chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus chun an dícharbónú a chur chun cinn, lena n-áirítear bearta lena gcuirtear dlús le leictriú earnálacha críochúsáide, lena dtacaítear leis an infheistíocht in eangacha leictreachais, sa stóráil leictreachais ghlain (e.g. ceallraí), sa choigilteas fuinnimh agus i leathnú acmhainneachta foinsí fuinnimh ghlain. Tugtar liosta léiritheach neamh-uileghabhálach de bhearta a d’fhéadfadh a bheith incháilithe sa tábla thíos. D’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh freisin ar an raon beart níos leithne a áirítear sa Teachtaireacht AccelerateEU  (3) agus sa Phlean Gníomhaíochta um Leictriúchán atá ailínithe leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach sa nóta seo. Ba cheart do na Ballstáit a mhíniú conas a rannchuidíonn na bearta le slándáil agus athléimneacht fuinnimh na hEorpa a neartú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar incháilitheacht na mbeart ar bhonn cás ar chás.

Tábla 1

Liosta léiritheach neamh-uileghabhálach de bhearta chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus an tslándáil fuinnimh a mhéadú

Spriocghrúpa

An Cineál Beart

Teaghlaigh

Fóirdheontais le haghaidh fuinneamh geoiteirmeach agus grianfhuinnimh.

Fóirdheontais le haghaidh córais stórála fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe.

Fóirdheontais chun roghanna malartacha glana, amhail teaschaidéil, a chur in ionad coirí breosla iontaise.

Fóirdheontais chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha sa bhaile.

Fóirdheontais agus/nó iasachtaí ar ús laghdaithe le haghaidh athchóiriú meánach nó domhain ar fhoirgnimh chónaithe (4).

Earnáil

Phoiblí

Infheistíochtaí i nginiúint agus i stóráil fuinnimh in-athnuaite ar an láthair.

Infheistíochtaí in athchóiriú meánach nó domhain foirgneamh.

Gnólachtaí

Dreasachtaí fioscacha le haghaidh bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha.

Fóirdheontais agus/nó iasachtaí ar ús laghdaithe le haghaidh athchóiriú meánach nó domhain ar fhoirgnimh.

Dreasachtaí airgeadais spriocdhírithe chun méadú a chur ar ráta úsáide teicneolaíochtaí dícharbónaithe tionsclaíocha mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

Bonneagar iompair

Infheistíocht phoiblí i mbonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha.

Infheistíocht phoiblí i mbonneagar iompair agus i rothstoc uirbeach glan amhail tramanna agus meitreonna.

Infheistíocht phoiblí i mbonneagar agus rothstoc iarnróid.

An Earnáil

Phoiblí

Infheistíocht i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear an ghiniúint leictreachais agus an téamh

Infheistíocht i dteicneolaíochtaí ceallraí agus stórála fuinnimh.

Infheistíocht i ngléasraí cumhachta núicléiche.

Infheistíocht i mbonneagar agus i dteicneolaíochtaí eangaí leictreachais.

Infheistíocht i dteicneolaíochtaí chun hidrigin a tháirgeadh trí leictrealú, agus leictreachas in-athnuaite nó ísealcharbóin á úsáid (6).

Infheistíocht i dteicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann leis an gcóras fuinnimh.

Infheistíocht i mbreoslaí in-athnuaite inbhuanaithe.

Conradh difríochta dhá threo le haghaidh giniúint fuinnimh ghlain.

Infheistíocht chun feabhas a chur ar shlándáil fhisiceach agus ar chibearshlándáil córas fuinnimh (7).

(4)  De bhun Airteagal 2(20) de Threoir (AE) 2024/1275 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, ciallaíonn’ athchóiriú domhain’ athchóiriú lena gclaochlaítear foirgneamh nó aonad foirgnimh ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Leagtar amach an coincheap ‘athchóirithe mheánaigh’ i mír 2.3.1.1 de Mholadh (AE) 2019/786 ón gCoimisiún maidir le hathchóiriú foirgneamh, lena gceanglaítear coigilteas fuinnimh phríomhúil 30 % ar a laghad.

(5)  Go háirithe teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe, teaschaidéil agus teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh, teicneolaíochtaí hidrigine, teicneolaíochtaí ceallraí agus stórála carbóin, teicneolaíochtaí gafa carbóin agus stórála carbóin, teicneolaíochtaí gaoithe ar talamh agus amach ón gcósta, teicneolaíochtaí grianfhuinnimh, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus teicneolaíochtaí eangaí leictreachais.

(6)  Áirítear leis sin infheistíochtaí i mbonneagar a bhaineann le bonneagar hidrigin, ar choinníoll go leanann siad de bheith dírithe ar bhearta a bhfuil luach soiléir gearrthéarmach acu do shlándáil fuinnimh an Aontais nó do leibhéal spleáchais an Aontais ar bhreoslaí iontaise. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, Tionscadail Leasa Choitinn agus Tionscadail Leasa Fhrithpháirtigh atá ann cheana, chomh maith le hathrú cuspóra bonneagair gáis nádúrtha atá ann cheana le haghaidh úsáid eisiach hidrigine, cibé acu atá nó nach bhfuil na tionscadail athraithe cuspóra sin ar liosta an Aontais de Thionscadail Leasa Choitinn agus Tionscadail Leasa Fhrithpháirtigh.

(7)  Feabhas a chur ar athléimneacht fhisiceach an bhonneagair, ar leordhóthanacht córais agus ar sholúbthacht neamh-iontaise, ar an gcosaint i gcoinne cibearbhagartha agus bagartha hibridí, ar éagsúlú slabhraí soláthair fuinnimh criticiúla, ar athléimneacht sócmhainní straitéiseacha fuinnimh.

Os a choinne sin, ní bheidh bearta a bhfuil aidhmeanna eile acu incháilithe le haghaidh na solúbthachta seo, fiú má bhaineann siad go pointe áirithe le géarchéim an Meánoirthir. Mar shampla, laghduithe ar mháil nó ar chánacha eile ar bhreoslaí iontaise, praghsanna seasta, fóirdheontais le haghaidh breosla iontaise, tacaíochtaí ioncambhunaithe nó fóirdheontais eile arb é is aidhm dóibh maolú a dhéanamh ar thionchar praghsanna arda fuinnimh nó bearta nach ngineann ach coigilteas indíreach fuinnimh gan feabhas struchtúrach a chur ar athléimneacht chóras fuinnimh na hEorpa, ní thiocfaidh siad faoi raon feidhme na solúbthachta.

Breisíocht: Na bearta nua a cinneadh tar éis an 28 Feabhra 2026, is iad amháin a bheidh incháilithe

Na bearta buiséadacha a cinneadh tar éis an 28 Feabhra, is iad amháin a bheidh incháilithe don tsolúbthacht. Cé go ndearnadh dul chun cinn nach beag san Eoraip cheana féin maidir le foinsí fuinnimh a éagsúlú agus infheistíocht a mhéadú san fhuinneamh in-athnuaite, is den tábhacht é go n-éascaíonn an tsolúbthacht dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise, aistriú a bhfuil práinn mhéadaithe leis i bhfianaise an chogaidh sa Mheánoirthear. Dá réir sin, ní bheidh incháilithe faoi raon feidhme leathnaithe an Chlásail Éalaithe Náisiúnta ach bearta beartais a cinneadh tar éis an 28 Feabhra. Cur i bhfeidhm cúlghabhálach, lena gcumhdófaí bearta a cinneadh níos luaithe ná sin, ní rannchuideodh sé le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus ina ionad sin, chruthófaí leis spás fioscach chun críoch eile, rud a sháródh cuspóir na solúbthachta sin.

Leanfaidh an Clásal Éalaithe Náisiúnta d’fheidhm a bheith aige go dtí 2028. Tar éis thréimhse an Chlásail Éalaithe Náisiúnta maidir leis an gcosaint (tar éis 2028), ní mór freastal ar na bearta slándála fuinnimh a bheidh fós i bhfeidhm trí athbheartú tosaíochtaí laistigh de bhuiséid náisiúnta. Na heasnaimh rialtais níos airde nó na leibhéil fiachais rialtais níos airde mar thoradh ar úsáid na solúbthachta, cuirfear san áireamh iad agus na ceanglais á gcinneadh maidir leis na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha ina dhiaidh sin, agus beidh gá le coigeartú fioscach breise sna blianta ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit measúnú cúramach a dhéanamh ar impleachtaí buiséadacha meántéarmacha na mbeart a mbeadh diall ón gconair caiteachais mholta mar thoradh orthu, fiú má chumhdaítear na dialltaí sin faoi láthair leis an gClásal Éalaithe Náisiúnta.

Spriocdhíriú agus costéifeachtúlacht

Ba cheart bearta slándála fuinnimh faoin tsolúbthacht a cheapadh chun an tionchar a uasmhéadú agus an costas fioscach a íoslaghdú. Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit fianaise a sholáthar go bhfuil na bearta ar iarr siad solúbthacht ina leith spriocdhírithe agus costéifeachtach. Mar shampla, trí thosaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin lena dtacaítear leis an aistriú fuinnimh do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí, lena n-áirítear gnólachtaí dianfhuinnimh.

3.   Comhtháthú na solúbthachta laistigh den fhaireachas buiséadach

Trí theorainnluach: teorainnluach foriomlán, teorainnluach bliantúil agus teorainnluach carntha le haghaidh fuinnimh

Beidh coimircí maidir le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí i bhfeidhm go hiomlán. Ní thiocfaidh aon athrú ar an uasteorainn atá ann cheana ar an tsolúbthacht, suas le 1,5 % OTI i gcaiteachas breise, faoin gClásal Éalaithe Náisiúnta maidir leis an gcosaint. Cé gur féidir raon feidhme na solúbthachta a leathnú, beidh srian fós leis an riosca d’inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí agus ar an méadú ar an gcoigeartú fioscach a dhéanfar sna tréimhsí ina dhiaidh sin. Tá sé tábhachtach freisin nach mbrúfar de leataobh an t-athneartú is gá a dhéanamh ar acmhainneacht chosanta na hEorpa mar gheall ar raon feidhme an Chlásail Éalaithe Náisiúnta a leathnú. Na huasteorainneacha tiomnaithe ar úsáid bhliantúil agus ar úsáid charnach na solúbthachta le haghaidh bearta slándála fuinnimh, cuideoidh siad lena áirithiú go mbainfear cothromaíocht amach idir an tsolúbthacht a sholáthraítear le haghaidh bearta fuinneamh agus na bearta sin atá ar fáil le haghaidh caiteachas cosanta.

Cuirfear uasteorainn leis an tsolúbthacht ar bhonn chostas fioscach na mbeart. Leanfar de mheasúnú a dhéanamh ar an uasteorainn fhoriomlán 1,5 % OTI faoi sholúbthacht an Chlásail Éalaithe Náisiúnta ar bhonn dhiall carnach na mBallstát óna gconair fáis glanchaiteachais. Thairis sin, cuirfear na huasteorainneacha ar an tsolúbthacht le haghaidh bearta slándála fuinnimh i bhfeidhm maidir le costas fioscach iomlán na mbeart incháilithe (8). Sa chleachtas, a luaithe a bhaineann costas fioscach iomlán na solúbthachta úsáidte, ar bhonn sonraí ex post, an uasteorainn charnach amach, ciallaíonn sé sin nach mbeidh aon solúbthacht bhreise ar fáil le haghaidh bearta slándála fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart freastal ar aon bheart breise trí laghduithe a dhéanamh ar an nglanchaiteachas i réimsí eile.

Cuirfear uasteorainn bhliantúil 0,3 % OTI agus uasteorainn charnach 0,6 % OTI thar an tréimhse 2026-2028 le costas beart slándála fuinnimh incháilithe. Ba cheart sin a léirmhíniú mar a leanas:

(i)

Is éard atá sa tsolúbthacht uasta atá ar fáil ó bhearta slándála fuinnimh i ngach bliain costais bhuiséadacha na mbeart a thuairiscíonn na Ballstáit agus a mheasann an Coimisiún a bheith incháilithe chun an Clásal Éalaithe Náisiúnta a chur chun feidhme le haghaidh na bliana sin, suas go huasmhéid 0,3 % OTI.

(ii)

Ní féidir leis an méid solúbthachta úsáidte ó bhearta slándála fuinnimh thar an tréimhse iomlán 2026-2028 a bheith níos mó ná 0,6 % OTI faoi dheireadh 2028 (9). Mar shampla, dá n-úsáidfeadh Ballstát solúbthacht ó bhearta slándála fuinnimh dar luach 0,3 % OTI in 2026 agus in 2027, d’úsáidfí go hiomlán an tsolúbthacht charnach (0,6 % OTI). De rogha air sin, d’fhéadfadh Ballstát 0,2 % OTI de sholúbthacht a úsáid i ngach ceann de na 3 bliana (2026-2028), nó 0,3 % OTI a úsáid in 2026, 0,2 % a úsáid in 2027 agus 0,1 % a úsáid in 2028.

Na Ballstáit atá ag druidim leis an uasteorainn 1,5 % OTI mar gheall ar chaiteachas cosanta, beidh siad in ann solúbthacht bhreise shealadach a iarraidh ar choinníoll nach bhfuil an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol. In 2026, 2027 nó 2028, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé beartaithe ag Ballstát 1,2 % OTI nó níos mó den tsolúbthacht a úsáid chun méadú a dhéanamh ar an gcaiteachas cosanta (10). I gcás ina ndéanann ceann de na Ballstáit sin iarratas ar sholúbthacht le haghaidh bearta slándála fuinnimh freisin (suas le 0,3 % OTI), d’fhéadfadh sé go mbainfí an uasteorainn 1,5 % amach sular féidir leas iomlán a bhaint as an tsolúbthacht le haghaidh bearta slándála fuinnimh. Má bhíonn Ballstáit sa chás sin, féadfaidh siad díolúine a iarraidh chun an uasteorainn 1,5 % OTI a shárú, agus na rioscaí a bhaineann leis sin d’inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á gcur san áireamh go cuí acu an tráth céanna. Sa chleachtas, is éard a bheidh i gceist le díolúine den sórt sin coigeartuithe fioscacha breise i bplean ina dhiaidh sin, ar cheart do na Ballstáit gealltanas a thabhairt ina leith chun a áirithiú go gcaomhnófar inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí sa mheántéarma. Is ábhartha a bheidh an pointe sin go háirithe do na Ballstáit sin a mheastar go bhfuil riosca ard i leith inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí iontu (11). Bheadh feidhm fós ag na huasteorainneacha tiomnaithe bliantúla (0,3 % OTI) agus carnacha (0,6 % OTI) le haghaidh bearta slándála fuinnimh.

4.   Nós imeachta um an tsolúbthacht a iarraidh agus faireachán

Leathnú an Chlásail Éalaithe Náisiúnta maidir leis an gcosaint a iarraidh chun an tslándáil fuinnimh a chur san áireamh

Is faoi gach Ballstát é an cinneadh leathnú a iarraidh ar raon feidhme an Chlásail Éalaithe Náisiúnta agus ní mór don Chomhairle é a fhormheas ar bhonn moladh ón gCoimisiún  (12) . Iarrtar ar na Ballstáit a n-iarrataí a chur chun cinn maidir le raon feidhme an Chlásail Éalaithe Náisiúnta a leathnú faoi dheireadh mhí Iúil/lár mhí Lúnasa 2026 ach breithneofar iarrataí a dhéanfar ina dhiaidh sin freisin. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar iarraidh, i gcomhréir leis na ceanglais in Airteagal 26 de Rialachán 2024/1263, is féidir leis a mholadh don Chomhairle í a fhormheas. D’fhéadfadh sé go mbeadh na moltaí ón gCoimisiún réidh i mí Mheán Fómhair, agus d’fhéadfadh an Chomhairle iad a ghlacadh ag cruinniú na hArd-Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais i mí Dheireadh Fómhair.

I gcás Ballstáit a iarrann Clásal Éalaithe Náisiúnta den chéad uair, cumhdófar le solúbthacht an Chlásail Éalaithe Náisiúnta idir chaiteachas cosanta agus bhearta slándála fuinnimh, ar dhá cholún de shlándáil na hEorpa iad. Mar a rinne an Coimisiún roimhe seo, déanfaidh sé measúnú ar na hiarrataí nua uile a gheofar chun a áirithiú nach gcuirfear inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí i mbaol sa mheántéarma mar gheall ar an gclásal a ghníomhachtú.

Ina n-iarraidh uathu, tá coinne leis go soláthróidh na Ballstáit liosta tosaigh de na bearta slándála fuinnimh atá beartaithe, is é sin bearta ar mhaith leo leas a bhaint as an tsolúbthacht a ghabhann leo, in éineacht leis an gcostas buiséadach measta. Leis an bhfaisnéis sin, léireofar an straitéis atá beartaithe chun an tslándáil fuinnimh a mhéadú agus beifear in ann an chéad tomhas a dhéanamh ar bhreisíocht na mbeart agus ar na himpleachtaí fioscacha fadtéarmacha. Mar a shonraítear a thuilleadh thíos, deonófar an tsolúbthacht ar bhonn sonraí ex post.

Faireachán a dhéanamh ar an tsolúbthacht le haghaidh bearta slándála fuinnimh mar chuid den fhaireachas fioscach

Beidh gá le tuairisciú breise ó na Ballstáit mar thoradh ar oibríochtú na solúbthachta, chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na bearta na coinníollacha incháilitheachta. I gcodarsnacht leis an tsolúbthacht le haghaidh an chaiteachais cosanta, ní ghabhtar go hiomlán le haon chatagóir staidrimh caiteachais sheanbhunaithe laistigh den Chóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach an raon beart incháilithe a chumhdaítear faoin tsolúbthacht le haghaidh na slándála fuinnimh. Mar thoradh air sin, beidh na Ballstáit ar mhaith leo raon feidhme an Chlásail Éalaithe Náisiúnta a leathnú faoi réir ceanglais tuairiscithe fheabhsaithe. Ní mór do na Ballstáit fianaise leordhóthanach a sholáthar don Choimisiún go gcomhlíonann na bearta fuinnimh a n-iarrann siad an tsolúbthacht ina leith na critéir incháilitheachta i dtéarmaí raon feidhme, breisíochta agus spriocdhírithe/costéifeachtachta. Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún teimpléad tuairiscithe do na Ballstáit ina leagfar amach an leibhéal mionsonraí is gá maidir le gach beart. An tuairisciú tráthrialta sin ar na bearta fuinnimh, beidh sé ina chuid den phróiseas faireachais fhioscaigh leathbhliantúil as seo amach. Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit a bhaineann tairbhe as an tsolúbthacht faisnéis cothrom le dáta maidir leis na bearta sin agus maidir lena n-impleachtaí buiséadacha a sholáthar roimh gach timthriall faireachais. (i.e. roimh an 15 Aibreán san earrach agus roimh an 15 Deireadh Fómhair san fhómhar).


(1)  An Coimisiún Eorpach (2026), an Seimeastar Eorpach 2026: Teachtaireacht faoi Phacáiste an Earraigh, ar fáil ag: https://reforms-investments.ec.europa.eu/publications-0/2026-european-semester-spring-package-communication_ga.

(2)  Ba cheart ceapadh beart a bhreithniú go cúramach chun nach gcruthófar róspleáchas ar sholáthróirí aonair ná spleáchais straitéiseacha nua a d’fhéadfadh a bheith fritorthúil maidir leis an tslándáil fuinnimh.

(3)  An Coimisiún Eorpach (2026), AccelerateEU – Aontas Fuinnimh: Fuinneamh slán inacmhainne trí ghníomhaíocht a bhfuil dlús curtha léi, COM (2026) 370 final, an 22 Aibreán 2026.

(4)  De bhun Airteagal 2(20) de Threoir (AE) 2024/1275 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, ciallaíonn’ athchóiriú domhain’ athchóiriú lena gclaochlaítear foirgneamh nó aonad foirgnimh ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Leagtar amach an coincheap ‘athchóirithe mheánaigh’ i mír 2.3.1.1 de Mholadh (AE) 2019/786 ón gCoimisiún maidir le hathchóiriú foirgneamh, lena gceanglaítear coigilteas fuinnimh phríomhúil 30 % ar a laghad.

(5)  Go háirithe teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe, teaschaidéil agus teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh, teicneolaíochtaí hidrigine, teicneolaíochtaí ceallraí agus stórála carbóin, teicneolaíochtaí gafa carbóin agus stórála carbóin, teicneolaíochtaí gaoithe ar talamh agus amach ón gcósta, teicneolaíochtaí grianfhuinnimh, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus teicneolaíochtaí eangaí leictreachais.

(6)  Áirítear leis sin infheistíochtaí i mbonneagar a bhaineann le bonneagar hidrigin, ar choinníoll go leanann siad de bheith dírithe ar bhearta a bhfuil luach soiléir gearrthéarmach acu do shlándáil fuinnimh an Aontais nó do leibhéal spleáchais an Aontais ar bhreoslaí iontaise. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, Tionscadail Leasa Choitinn agus Tionscadail Leasa Fhrithpháirtigh atá ann cheana, chomh maith le hathrú cuspóra bonneagair gáis nádúrtha atá ann cheana le haghaidh úsáid eisiach hidrigine, cibé acu atá nó nach bhfuil na tionscadail athraithe cuspóra sin ar liosta an Aontais de Thionscadail Leasa Choitinn agus Tionscadail Leasa Fhrithpháirtigh.

(7)  Feabhas a chur ar athléimneacht fhisiceach an bhonneagair, ar leordhóthanacht córais agus ar sholúbthacht neamh-iontaise, ar an gcosaint i gcoinne cibearbhagartha agus bagartha hibridí, ar éagsúlú slabhraí soláthair fuinnimh criticiúla, ar athléimneacht sócmhainní straitéiseacha fuinnimh.

(8)  Bearta slándála fuinnimh a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin a mheasfar a bheith incháilithe don tsolúbthacht agus iad sin amháin.

(9)  Is diall deimhneach í ‘solúbthacht úsáidte’ sa chuntas rialaithe ar féidir é a mhíniú leis an méadú ar an gcaiteachas cosanta agus dá bhrí sin, ní chláraítear mar dhochar í. Is éard atá ann an méid solúbthachta ar fáil is gá chun iarmhéid deimhneach i gcuntas rialaithe a thabhairt chomh gar agus is féidir do nialas. Ríomhfar an tsolúbthacht úsáidte ó bhearta slándála fuinnimh tar éis an tsolúbthacht ón gcaiteachas cosanta a chur san áireamh.

(10)  Tomhaistear sin i gcoibhneas leis an mbliain tagartha chomhaontaithe, arb í 2021 nó 2024.

(11)  An Coimisiún Eorpach (2026) Faireachán ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2025. Le fáil ag: https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2025_ga.

(12)  Tugadh sin isteach le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach.


IARSCRÍBHINN

Oibríochtú sa chuntas rialaithe agus sa chuntas rialaithe méadaithe

Ní athrófar cur chun feidhme an chuntais rialaithe. I gcomhréir leis an bpróiseas faireachais fhioscaigh seanbhunaithe, leanfar de gach diall ón gconair glanchaiteachais mholta a shainaithint sa chuntas rialaithe. Ní chlárófar ach na dialltaí nach gceadaítear le solúbthacht an Chlásail Éalaithe Náisiúnta mar dhochair de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1263. Dá bhrí sin, le raon feidhme leathnaithe an Chlásail Éalaithe Náisiúnta, ní athraítear oibríochtaí an chuntais rialaithe, agus déanfar faireachán ar an gClásal Éalaithe Náisiúnta leathnaithe le haghaidh bearta slándála fuinnimh sa chuntas rialaithe méadaithe. Áiritheofar leis sin trédhearcacht agus cumasófar leis go mbeidh cuimhne iomlán ar na dialltaí uile san fhaireachas buiséadach, lena n-áirítear na dialltaí sin a cheadaítear trí bhíthin an Chlásail Éalaithe Náisiúnta.

Úsáidfear cur chuige dhá chéim sa chuntas rialaithe méadaithe. Ar an gcéad dul síos, i gcás diall deimhneach (carnach) sa chuntas rialaithe, scrúdófar leis an gcuntas rialaithe méadaithe an féidir an diall a mhíniú leis an tsolúbthacht le haghaidh méaduithe ar an gcaiteachas cosanta. Níl athrú ar an gcuid sin den chuntas rialaithe méadaithe. Ina dhiaidh sin, i gcás nach mínítear an diall carnach sa chuntas rialaithe go hiomlán leis an méadú ar an gcaiteachas cosanta, fíorófar leis an gcuntas rialaithe méadaithe cé acu an dtagann nó nach dtagann an diall atá fágtha faoin tsolúbthacht le haghaidh bearta slándála fuinnimh.

Leis an gcuntas rialaithe méadaithe, forfheidhmeofar na huasteorainneacha bliantúla agus carnacha (0,3 % agus 0,6 % OTI) dá bhforáiltear le haghaidh na mbeart incháilithe. Gach bliain, léireofar sa chuntas rialaithe méadaithe tionchar iomlán na mbeart slándála fuinnimh incháilithe. Mar is gnách i gcás na mbeart beartais uile a úsáidtear san fhaireachas buiséadach, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú féin ar an tionchar, ar bhonn figiúirí a thuairisceoidh na Ballstáit (tabharfar údar cuí le diallta ó mheastacháin na mBallstát). Cuirfear uasteorainn 0,3 % OTI leis an tsolúbthacht le haghaidh na mbeart fuinnimh incháilithe in aghaidh na bliana, agus cuirfear uasteorainn 0,6 % OTI leis an tsolúbthacht úsáidte. Leis an gcuntas rialaithe méadaithe, tuairisceofar ar leithligh úsáid bhliantúil agus úsáid charnach na solúbthachta breise le haghaidh bearta slándála fuinnimh.

Tábla 2

Sampla de ríomh an chuntais rialaithe agus an chuntais rialaithe méadaithe

Image 1

Go dtí líne 3 den chuntas rialaithe méadaithe, níl aon athrú ábhartha ar an gcur i láthair a bhí ann roimhe  (1) . Mar a bhí ann roimhe, léirítear i líne 3 iarmhéid an chuntais rialaithe arna cheartú le haghaidh na solúbthachta ó mhéaduithe ar an gcaiteachas cosanta.

I gcás na mBallstát inar gníomhachtaíodh an tsolúbthacht bhreise ó bhearta slándála fuinnimh, beidh línte breise 4-8 sa chuntas rialaithe méadaithe. Cuirtear i láthair i líne 4 méid iomlán na mbeart slándála a mheas an Coimisiún a bheith incháilithe, ar bhonn na faisnéise a chuir an Ballstát faoina bhráid. Cuirtear uasteorainn leis an méid sin i líne 5 ag 0,3 % OTI in aghaidh na bliana, agus ag 0,6 % OTI lúide an tsolúbthacht le haghaidh bearta slándála a úsáideadh sna blianta roimhe sin. Taispeántar i líne 6 iarmhéid carntha an chuntais rialaithe tar éis an tsolúbthacht uile atá ar fáil a úsáid. Is í an líne sin a bheidh ina bonn don mheasúnú: ciallaíonn figiúr deimhneach dochar carntha de réir bhrí an rialacháin. Ar deireadh, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá línte 7 agus 8, lena léirítear úsáid bhliantúil agus úsáid charnach na solúbthachta ó bhearta slándála fuinnimh.


(1)  Ar mhaithe le simplíocht an chur i láthair, ní léirítear sa tábla an tsolúbthacht a d’fhéadfadh a bheith ann dá mbainfí coimircí, a inmheánaíodh idir an dá linn sna conairí glanchaiteachais le haghaidh na mBallstát uile i gcás inarb ábhartha.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4514/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top