Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC03476

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún

PUB/2026/442

IO C, C/2026/3476, 1.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3476/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3476/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3476

1.7.2026

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2026/3476)

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Clos de Vougeot / Clos Vougeot’

Uimhir thagartha AE: PDO-FR-A0310-AM01 — 10.4.2026

1.   Ainm an táirge

‘Clos de Vougeot / Clos Vougeot’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   Tír ar léi an limistéar geografach

an Fhrainc

5.   An Ballstát atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

Ainm

An Aireacht Talmhaíochta, Agraibhia agus Foraoiseachta, Ard-Stiúrthóireacht Fheidhmíocht Eacnamaíoch agus Chomhshaoil na bhFiontar

6.   Cáilíocht mar leasú caighdeánach

Measann údaráis na Fraince go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2024/1143.

Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe ar an tsonraíocht táirge sin mar a shainmhínítear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Ní bhaineann an t-iarratas ar leasú ar an ATFC ‘Clos de Vougeot’ nó ‘Clos Vougeot’ le haon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad; go sonrach:

(a)

níl i gceist leis athrú ar ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach;

(b)

níl an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní;

(c)

níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leis.

Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach an t-iarratas.

7.   Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta

Teideal

Limistéar geografach

Tuairisc

I gCaibidil I, Roinn IV(1) den tsonraíocht táirge, cuireadh an frása ‘ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2024’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘Roinn Côte-d’Or’.

Leis an leasú eagarthóireachta sin, ligtear don limistéar geografach a bheith aitheanta le tagairt do leagan 2024 den Chód Geografach Oifigiúil, a fhoilsíonn an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch (INSEE) agus a thugann deimhneacht dhlíthiúil don sainiú ar an limistéar geografach. Níor athraigh a theorainneacha.

Cuireadh an mhír seo a leanas isteach faoin bpointe céanna den tsonraíocht chun comhairle a thabhairt gur féidir léarscáileanna den limistéar geografach a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO): ‘Is féidir breathnú ar léarscáileanna den limistéar geografach ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).’

Leasaíodh an doiciméad aonair faoin gceannteideal ‘Sainmhíniú beacht ar an limistéar geografach’ trí na focail ‘ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2024’ a chur leis.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Limistéar dáileachta talún críochaithe

Tuairisc

Leasaíodh an abairt deiridh i gCaibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht táirge chun an méid seo a leanas a dhéanamh: ‘Is féidir breathnú ar léarscáileanna den limistéar dáileachta talún críochaithe ar shuíomh gréasáin INAO.’

Tar éis cinneadh ón gcoiste náisiúnta inniúil, d’athraigh INAO a nósanna imeachta agus ní chuirfidh sé léarscáileanna an limistéir dáileachta talún críochaithe faoi bhráid hallaí baile na mbardas ábhartha a thuilleadh ach foilseoidh sé iad go díreach ar a shuíomh gréasáin.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Limistéar díreach in aice láimhe

Tuairisc

I gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht táirge, cuireadh an frása ‘ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2024’ isteach i ndiaidh an fhrása ‘comhdhéanta de chríoch na mbardas seo a leanas’.

3.   Limistéar díreach in aice láimhe

I gCaibidil I, Roinn IV(3), tugadh an liosta bardas i gcomhréir le Cód Geografach Oifigiúil 2024 mar gur athraíodh ainmneacha roinnt bardas nó gur cumascadh iad ó formheasadh an tsonraíocht go deireanach.

Roinn Côte-d’Or: Valforêt (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardas Clémencey);

Roinn Rhône: Vindry-sur-Turdine (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardais Dareizé, Les Olmes agus Saint-Loup);

Roinn Saône-et-Loire: Fragnes-la-Loyère (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardas La Loyère) agus La Vineuse-sur-Frégande (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardas Donzy-le-National, La Vineuse agus Massy);

Roinn Yonne: Montholon (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardais Champvallon, Villiers-sur-Tholon agus Volgré).

Leis an leasú eagarthóireachta sin is féidir na bardais uile sa limistéar díreach in aice láimhe a shainaithint i dtaca le leagan 2024 den Chód Geografach Oifigiúil, arna fhoilsiú ag INSEE. Tríd an mionsonra sin a chur isteach, tugtar deimhneacht dhlíthiúil don sainmhíniú ar an limistéar sin.

Tugadh ainmneacha na mbardas atá sa limistéar cothrom le dáta chun athruithe riaracháin a chur san áireamh. Níl aon athrú ar a theorainneacha.

Leasaíodh an doiciméad aonair faoin gceannteideal ‘Ceanglais bhreise is infheidhme’.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Cleachtais saothraithe eile

Tuairisc

Baineadh an rogha modhanna seachas cóireáil uisce the a úsáid chun an galar buíochain a chomhrac ó Chaibidil I, Roinn VI(2)(b) den tsonraíocht táirge, ós rud é nach bhfuil aon mhodh malartach éifeachtach.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Modh buana

Tuairisc

I gCaibidil I, Roinn VII(1)(a) den tsonraíocht táirge, cuirtear na focail ‘i lántriopaill’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘buantar’ san abairt ‘Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar nuair atá siad aibí go hiomlán’.

Is é is aidhm don leasú sin cáilíocht na dtorthaí a choinneáil ar bun le linn na buaine.

Cuireann sé sin le huaisle agus le híomhá thraidisiúnta an ainmniúcháin.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Nasc leis an limistéar geografach

Tuairisc

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b) den tsonraíocht táirge, tugadh na sonraí táirgthe cothrom le dáta.

Ní athraíonn an leasú foirmiúil sin an nasc idir an táirge agus a thionscnamh.

Leasaíodh an doiciméad aonair faoin gceannteideal ‘Nasc leis an limistéar geografach’.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Na príomhphointí atá le seiceáil

Tuairisc

I gcomhréir le B2 den tábla i gCaibidil III, Roinn I den tsonraíocht táirge, cuireadh líne dar teideal ‘Buain’ isteach mar phríomhphointe atá le seiceáil. Sonraítear ann an modh chun an modh buana a sheiceáil.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Faisnéis faoin gcomhlacht cigireachta

Tuairisc

Leasaíodh na forálacha a bhaineann leis an gcomhlacht cigireachta i gCaibidil III, Roinn II den tsonraíocht táirge chun na rialacha nua maidir le dréachtú a chomhlíonadh.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le fíon

‘Clos de Vougeot / Clos Vougeot’

Uimhir thagartha AE: PDO-FR-A0310-AM01 — 10.4.2026

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Clos de Vougeot / Clos Vougeot’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

3.   An tír ar léi an limistéar geografach sainithe

An Fhrainc

4.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir leis an gceannteideal agus leis an gcód Ainmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

5.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna mar a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

1.

Fíon

6.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

Táirge fíniúna

Fíonta dearga

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

Bíonn dath dúdhearg ar na fíonta.

Dea-bholadh

Tá déine aramatach eisceachtúil ag a gcumhracht, lena mbaineann meascán de bhlasanna tiubhaithe caor dearg agus dubh, a chuirfeadh silíní, sméara dubha nó cuiríní dubha i gcuimhne, agus nótaí casarnaí nó sailchuaiche.

Blas

Sa bhéal, bíonn siad tathagach, méith, fada agus bíonn cothromaíocht mhaith iontu go ginearálta idir tainniní fíneáilte, maothlachas agus aigéadacht fhíneálta. Tá a ndea-bholaithe iontach marthanach.

Faisnéis bhreise maidir le tréithe orgánaileipteacha

Tagann feabhas ar na fíonta le haois thar roinnt mhaith blianta.

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

Aigéadacht iomlán íosta:

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir):

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

7.   Cleachtais fhíoneolaíocha

7.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh, srianta ábhartha maidir lena ndéanamh

Cleachtas fíoneolaíoch

Cleachtais saothraithe

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Cleachtas saothraithe

Tuairisc

(a)

Dlús plandaithe — Is é 9 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha, agus achar uasta 1,25 méadar idir sraitheanna agus achar íosta 0,50 méadar idir plandaí sa tsraith chéanna; — Níl sé ina cheangal na fíniúnacha a chur i sraitheanna ar choinníoll go n-urramaítear an dlús plandaithe íosta agus go bhfuil spás níos mó ná 0,50 méadar idir na plandaí.

(b)

Rialacha maidir le prúnáil — Tagann na fíonta ó fhíniúnacha a phrúnáiltear i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

Forálacha ginearálta — Déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 8 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda i gceist. – trí phrúnáil spor (fíniúnacha arna dtreorú le prúnáil Royat, prúnáil dhéthaobhach, cuachphrúnáil nó feanphrúnáil); — nó trí phrúnáil cána agus modh Guyot aonair á úsáid.

Forálacha speisialta — Bíonn teorainn 2 bhliain leis an tréimhse chun an tródam a bhunú. Le linn na tréimhse sin, ceadaítear prúnáil dhúbailte Guyot go cúig bhachlóg ar a mhéad ar gach cána. Is féidir prúnáil aonair Guyot a oiriúnú: — trí bhíthin spor eile lenar féidir suíomh an chána a athrú ó bhliain go chéile; — trí chána a ghearrtar go dtí trí bhachlóg ar a mhéad agus spor atá teoranta do dhá bhachlóg. Gan beann ar an modh prúnála, féadfar na fíniúnacha a phrúnáil chun bachlóga breise a fhágáil ar choinníoll, ag an gcéim feineolaíochta a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog, nach mó an líon géag ar a mbíonn torthaí don bhliain in aghaidh an phlanda ná an líon bachlóg a cheadaítear leis na rialacha prúnála.

Cleachtas fíoneolaíoch

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Tuairisc

Ceadaítear teicnící laghdúcháin saibhrithe suas go ráta tiúchana 10 %;

Tar éis an tsaibhrithe, ní bhíonn neart alcóil iomlán de réir toirte na bhfíonta níos mó ná 14,5 %.

Comhlíonann na cleachtais fhíoneolaíocha a úsáidtear chun na fíonta a dhéanamh rialacháin an Aontais.

Cleachtas fíoneolaíoch

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Srian maidir le fíonóireacht

Tuairisc

Ní cheadaítear sliseanna adhmaid a úsáid.

7.2.   Uastáirgeacht

Gach fíon / catagóir / cineál

Fíonta dearga

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht:

49

Aonad uastáirgeachta:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

8.   Léiriú ar an gcineál nó ar na cineálacha fíonchaor óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta

Chardonnay B

Pinot Blanc B

Pinot Gris G

Pinot Noir N

9.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach críochaithe

Buantar na fíonchaora agus déantar, forbraítear agus aosaítear na fíonta i mbardas Vougeot i roinn Côte-d’Or, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2024:

10.   Nasc leis an limistéar geografach

Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

Achoimre ar an nasc

1.   Faisnéis maidir leis an limistéar geografach

(a)   Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

Tá an limistéar geografach suite i limistéar fíonsaothrúcháin Côte de Nuits agus is ardán é a bhfuil a thaobhanna díreach agus a shíneann thart ar 25 chiliméadar ón tuaisceart go dtí an deisceart a bheag nó a mhór. Tá an tírdhreach sin de bhunús teicteonach suite idir ardchláir aolchloiche ‘Hautes Côtes’ [fánaí arda] ar an taobh thiar, ag airde idir 400 agus 500 méadar, agus machaire Bresse ar an taobh thoir, ar scoiltghleann Treasach ag airde thart ar 250 méadar é, ar thaobh na láimhe deise den ‘Côte’ [fána].

Is aeráid mhuirí mheasartha í an aeráid, arna maolú ag tionchair na haeráide ilchríochaí nó aeráid an deiscirt, a shíneann siar trí chonair na Róine. Is ríléir carachtar muirí an réigiúin mar gheall ar an mbáisteach rialta mheasartha, thart ar 750 milliméadar in aghaidh na bliana, agus mar gheall ar an gcaoi nach mbíonn triomaigh mhóra ann sa samhradh. Bíonn teochtaí measartha fionnuair ann agus is é 10,5 C an mheánteocht bhliantúil. Tá suíomh ag an ‘Côte’, soir ó mhasaíf Morvan agus ardchláir na Burgúine, ina bhfuil foscadh ón ngnáthghaoth a fhágann go bhfuil sé níos teo agus níos tirime.

Tá an limistéar geografach teoranta do bhardas aonair, Vougeot, idir cathair Dijon agus baile Nuits-Saint-Georges i roinn Côte-d’Or sa Bhurgúin.

In Vougeot, tá grua an ‘Côte’ tuairim is ar 150 méadar ar airde, agus is sraitheanna aolchloiche Baiseocacha agus Batanacha atá ann (ón tréimhse Mheán-Iúrasach), a bhfuil a phríomhfhána comhdhéanta d’aolchloch Comblanchien atá an-dlúth. Tá ciseal tanaí de mharla Bajocach (aolchloch chréúil) suite idir na sraitheanna aolchloiche sa chuid íochtarach den fhána, rud a chruthaíonn stráice talún a bhfuil fána beag leis i measc talamh a bhfuil fána géar leis sa tírdhreach.

Tá fíonghort ‘Clos de Vougeot’ suite ag bun an fhána, ag bun an phíodmant, ag airde idir 240 m agus 265 m. Tá sé suite ag deireadh cúim ghéarthaobhaigh a bhfuil fean tuiltrí beag déanta dó. Níl aon lomán sa tsubstráit gheolaíoch, atá cumhdaithe ag foirmíochtaí dromchla. Luíonn cuid íochtarach na fána ar shubstráit ina bhfuil sil-leagain mharla ar a dtugtar ‘Marnes de Bresse’, agus luíonn cuid uachtarach na fána ar leac éadomhain aolchloiche Iúrasach. Tá go leor scoilteanna sa chuid lárnach mar aon le struchtúr casta. Ar fud an ‘Clos’ tá sraitheanna sciligh ina fhean tuiltrí sa chuid ó dheas, atá comhdhéanta de mheascán cré agus siolta, mar gheall ar athrú ar an bhfo-ithir agus an tír-raon fhorshrathnaithe. Bíonn cineál na sraitheanna éagsúil ag brath ar a suíomh. Cé go bhfuil siad an-chlochach agus tanaí ag barr an ‘Clos’, tá níos mó cré acu agus tá siad níos tibhe ar an ‘Marnes de Bresse’.

Is ithreacha carbónáite go ginearálta, atá lagfhorbartha, éadomhain agus dea-dhraenáilte a fhaightear ar an tsubstráit aolchloiche, agus ar an taobh thoir den fhíonghort, ithreacha atá sách domhain, láiste ar an dromchla agus nach bhfuil draenáilte go maith.

(b)   Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc

Tá dlúthbhaint idir stair ‘Clos de Vougeot’ agus stair Mhainistir Cîteaux, áit ar cuireadh tús leis an Ord Cistéirseach. Go gairid tar éis 1098, nuair a bunaíodh an mhainistir, fuair na manaigh dáileachtaí talún i mbardas Vougeot a tháinig chun bheith ina ndáileacht talún shuntasach le himeacht ama. Céad bliain ina dhiaidh sin, bhí ballaí thart ar an dáileacht talún, ach níor tháinig na ‘Clos’ faoi smacht iomlán na mainistreach go dtí an 18ú haois. An tráth céanna, tógadh siléar coipthe i lár an ‘Clos’ arb é Château du Clos Vougeot é sa lá atá inniu ann, atá ina lárionad le haghaidh fíonsaothrúcháin na Burgúine. Ba iad na manaigh amháin a bhí ina n-úinéirí go dtí Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789. Coigistíodh é ansin ar nós gach maoine eaglasta agus díoladh ar ceant é. Díoladh an talamh roinnt uaireanta go dtí 1889, nuair a rinneadh é a fhoroinnt ar deireadh. Tá sé roinnte anois idir thart ar 80 úinéir.

Aithníodh ‘Clos de Vougeot’ nó ‘Clos Vougeot’ mar ainmniúchán tionscnaimh cláraithe le foraithne in 1937. Bhunaigh na húinéirí agus na hoibreoirí cuibhreannas in 1947.

I measc fhíonghoirt na Burgúine, tá roinnt ‘climats’ [láithreáin fíonghoirt a bhfuil saintréithe sonracha acu] tagtha chun cinn le himeacht ama a tháirgeann fíonta eisceachtúla go tráthrialta, amhail ‘Clos de Vougeot’. Tá siad i gcroílár na láithreacha is fearr, agus na dálaí ithreach agus aeráide optamacha acu. Aithníodh agus ainmníodh iad na céadta bliain ó shin agus faigheann na fíonghoirt agus na siléir araon an-aird agus an-chúram ó na saothróirí fíona. Bliain i ndiaidh bliana, táirgeann na ‘climats’ sin na fíonta a áirítear san aicme is airde d’fhíonta móra na Burgúine leis na céadta bliain. Tá an téarma ‘grand cru’, a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt orthu, le feiceáil ar na lipéid ó thús an 20ú haois agus tá sé seanbhunaithe.

Treoraítear fíniúnacha de réir na gcleachtas atá in úsáid ar fud ‘Côte de Nuits’. Go sonrach, tá an dlús plandaithe níos mó ná 9 000 planda in aghaidh an heicteáir agus is é Pinot Noir N an príomhchineáil fíniúna. Tuigeann táirgeoirí gur oidhreacht luachmhar iad na hithreacha agus, dá bhrí sin, déanann siad gach iarracht iad a chaomhnú. Is gnách ligean do na fíonta forbairt ar feadh roinnt míonna, rud a chuireann ar a gcumas dóibh acmhainneacht iontach aosaithe a bhaint amach.

In 2024, chlúdaigh an fíonghort achar thart ar 49 heicteár, a tháirg 1 804 heictilítear ar an meán sa bhliain.

2.   Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge

Bíonn dath dúdhearg ar na fíonta. Tá déine aramatach eisceachtúil ag a gcumhracht, lena mbaineann meascán de bholaithe tiubhaithe caor dearg agus dubh, a chuirfeadh silíní, sméara dubh nó cuiríní dubha i gcuimhne, agus nótaí casarnaí nó sailchuaiche. Sa bhéal, bíonn siad tathagach, méith, fada agus bíonn cothromaíocht mhaith iontu go ginearálta idir tainniní fíneáilte, maothlachas agus aigéadacht fhíneálta. Tá a ndea-bholaithe iontach marthanach. Tagann feabhas ar na fíonta le haois thar roinnt mhaith blianta.

3.   Idirghníomhaíochtaí cúisíocha

Mar gheall ar an aeráid mhuirí, lena mbaineann tionchair aeráid an deiscirt agus na haeráide ilchríochaí, mar aon le staid thopagrafach an-fhabhrach, na fánaí a bheith oscailte go hiomlán don ghrian, agus ithreacha clochacha a tháirgtear trí chreimeadh aolchloiche Iúrsaí, tá gach buntáiste ag an láithreán sin a bhfuil ballaí thart air chun fíonta ar ardchaighdeán a shaothrú. Is suíomh idéalach é ‘Clos de Vougeot’ le haghaidh an chineáil fíniúna Pinot Noir N, atá dúchasach don Bhurgúin. Ar an suíomh sin, baineann sé barr a chumais amach agus cuirtear an cumas sin in iúl le galántacht ar leith. Déantar na saothróirí bainistiú an-chúramach ar na fíniúnacha agus is í an táirgeacht bheag is aidhm dóibh.

Ní dhearnadh fíonghort Clos de Vougeot a fhoroinnt go dtí 1889, cé gur chuir manaigh Cîteaux ballaí thart air in 1198. Leis na mílte bliain den stair, léirítearagus forbraítear coincheap an ‘climat’ a bhaineann go sonrach leis an mBurgúin. Roinneann beagnach 80 úinéir an 50 heicteár d’fhíonghort anois, ach tá Clos de Vougeot uathúil i gcónaí agus tá clú air ó bhí an 17ú céad ann.

In 1816, rinne Jullien, ina ‘Topographie de tous les vignobles connus’ [Topagrafaíocht na bhfíonghort aitheanta uile], fíonta dearga Clos de Vougeot a liostú mar cheann de na fíonta is fearr sa Bhurgúin. In 1855 rinne an Dr Lavalle iad a aicmiú mar fhíonta ‘nach bhfacthas a leithéid riamh’ agus in 1860 d’ainmnigh Coiste Fíonsaothraithe Chontae Beaune na fíonta uile ó Clos de Vougeot mar ‘fíonta den chéad scoth’. Tá seasamh Clos de Vougeot mar thoradh ar a stair mhór le rá agus ar cháilíocht iontach a tháirgthe araon. Díoltar a chuid fíonta agus bíonn an-tóir orthu ar fud an domhain.

Is siombail de mhórgacht fhíonta na Burgúine fós é an ‘Clos’, ina bhfuil a bhalla agus a chaisleán (a aithnítear araon mar ‘chomharthaí talún stairiúla’), atá neadaithe i gcroílár suímh eisceachtúil. Is é Château du Clos Vougeot ceanncheathrú Confrérie des Chevaliers du Tastevin ó bhí 1944 ann, agus is suíomh é a chuireann le gníomhaíochtaí na heagraíochta a chuireann fíonta na Burgúine chun cinn ar fud an domhain.

11.   Tuilleadh ceanglas is infheidhme

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais bhreise/an mhaolaithe breise

Maolú ar an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gceanglas/ar an maolú

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir leis na fíonta a dhéanamh, a fhorbairt agus a aosú, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2024:

Roinn Côte-d’Or: Agencourt, Aloxe-Corton, Ancey, Arcenant, Argilly, Autricourt, Auxey-Duresses, Baubigny, Beaune, Belan-sur-Ource, Bévy, Bissey-la-Côte, Bligny-lès-Beaune, Boncourt-le-Bois, Bouix, Bouze-lès-Beaune, Brion-sur-Ource, Cérilly, Chamboeuf, Chambolle-Musigny, Channay, Charrey-sur-Seine, Chassagne-Montrachet, Châtillon-sur-Seine, Chaumont-le-Bois, Chaux, Chenôve, Chevannes, Chorey-lès-Beaune, Collonges-lès-Bevy, Combertault, Comblanchien, Corcelles-les-Arts, Corcelles-les-Monts, Corgoloin, Cormot-Vauchignon, Corpeau, Couchey, Curley, Curtil-Vergy, Daix, Dijon, Ebaty, Echevronne, Epernay-sous-Gevrey, Etrochey, Flagey-Echézeaux, Flavignerot, Fleurey-sur-Ouche, Fussey, Gerland, Gevrey-Chambertin, Gilly-lès-Citeaux, Gomméville, Grancey-sur-Ource, Griselles, La-Rochepot, Ladoix-Serrigny, Lantenay, Larrey, L’Etang-Vergy, Levernois, Magny-lès-Villers, Mâlain, Marcenay, Marey-lès-Fussey, Marsannay-la-Côte, Massingy, Mavilly-Mandelot, Meloisey, Merceuil, Messanges, Meuilley, Meursanges, Meursault, Molesme, Montagny-lès-Beaune, Monthelie, Montliot-et-Courcelles, Morey-Saint-Denis, Mosson, Nantoux, Nicey, Noiron-sur-Seine, Nolay, Nuits-Saint-Georges, Obtrée, Pernand-Vergelesses, Perrigny-lès-Dijon, Plombières-lès-Dijon, Poincon-lès-Larrey, Pommard, Pothières, Premeaux-Prissey, Prusly-sur-Ource, Puligny-Montrachet, Quincey, Reulle-Vergy, Ruffey-lès-Beaune, Saint-Aubin, Saint-Bernard, Sainte-Colombe-sur-Seine, Sainte-Marie-la-Blanche, Saint-Philibert, Saint-Romain, Santenay, Savigny-lès-Beaune, Segrois, Tailly, Talant, Thoires, Valforêt (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardas Clémencey), Vannaire, Velars-sur-Ouche, Vertault, Vignoles, Villars-Fontaine, Villebichot, Villedieu, Villers-la-Faye, Villers-Patras, Villy-le-Moutier, Vix, Volnay, Vosne-Romanée, Vougeot;

Roinn Rhône: Alix, Anse, Arnas, Bagnols, Beaujeu, Belleville, Belmont-d’Azergues, Blacé, Bully, Cercié, Chambost-Allières, Chamelet, Charentay, Charnay, Châtillon, Chazay-d’Azergues, Chénas, Chessy, Chiroubles, Cogny, Corcelles-en-Beaujolais, Denicé, Dracé, Emeringes, Fleurie, Frontenas, Gleizé, Juliénas, Jullié, L’Arbresle, Lacenas, Lachassagne, Lancié, Lantignié, Le Breuil, Le Perréon, Légny, Létra, Les Ardillats, Limas, Lozanne, Lucenay, Marchampt, Marcy, Moiré, Montmelas-Saint-Sorlin, Morancé, Odenas, Le Perréon, Pommiers, Porte des Pierres Dorées, Quincié-en-Beaujolais, Régnié-Durette, Rivolet, Saint-Clément-sur-Valsonne, Saint-Cyr-le-Chatoux, Saint-Didier-sur-Beaujeu, Saint-Etienne-des-Oullières, Saint-Etienne-la-Varenne, Saint-Georges-de-Reneins, Saint-Germain-Nuelles, Saint-Jean-des-Vignes, Saint-Julien, Saint-Just-d’Avray, Saint-Lager, Saint-Romain-de-Popey, Saint-Vérand Sainte-Paule, Salles-Arbuissonnas-en-Beaujolais, Sarcey, Taponas, Ternand, Theizé, Val d’Oingt, Vaux-en-Beaujolais, Vauxrenard, Vernay, Villefranche-sur-Saône, Ville-sur-Jarnioux et Villié-Morgon, Vindry sur Turdine (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardais Dareizé, Les Olmes agus Saint-Loup);

Roinn Saône-et-Loire: Aluze, Ameugny, Azé, Barizey, Beaumont-sur-Grosne, Berzé-la-Ville, Berzé-le-Châtel, Bissey-sous-Cruchaud, Bissy-la-Mâconnaise, Bissy-sous-Uxelles, Bissy-sur-Fley, Blanot, Bonnay-Saint-Ythaire, Bouzeron, Boyer, Bray, Bresse-sur-Grosne, Burgy, Burnand, Bussières, Buxy, Cersot, Chagny, Chaintré, Châlon-sur-Saône, Chamilly, Champagny-sous-Uxelles, Champforgeuil, Chânes, Change, Chapaize, La Chapelle-de-Bragny, La Chapelle-de-Guinchay, La Chapelle-sous-Brancion, Charbonnières, Chardonnay, La Charmée, Charnay-lès-Mâcon, Charrecey, Chasselas, Chassey-le-Camp, Château, Châtenoy-le-Royal, Chaudenay, Cheilly-lès-Maranges, Chenôves, Chevagny-les-Chevrières, Chissey-lès-Mâcon, Clessé, Cluny, Cormatin, Cortambert, Cortevaix, Couches, Crèches-sur-Saône, Créot, Cruzille, Culles-les-Roches, Curtil-sous-Burnand, Davayé, Demigny, Dennevy, Dezize-lès-Maranges, Donzy-le-Pertuis, Dracy-lès-Couches, Dracy-le-Fort, Epertully, Etrigny, Farges-lès-Chalon, Farges-lès-Macon, Flagy, Fleurville, Fley, Fontaines, Fragnes-la-Loyère (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardas La Loyère), Fuissé, Genouilly, Germagny, Givry, Granges, Grévilly, Hurigny, Igé, Jalogny, Jambles, Jugy, Jully-lès-Buxy, La Vineuse-sur-Frégande (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardais Donzy-le-National, La Vineuse agus Massy), Lacrost, Laives, Laizé, Lalheue, Leynes, Lournand, Lugny, Mâcon, Malay, Mancey, Martailly-lès-Brancion, Massilly, Mellecey, Mercurey, Messey-sur-Grosne, Milly-Lamartine, Montagny-lès-Buxy, Montbellet, Montceaux-Ragny, Moroges, Nanton, Ozenay, Paris-l’Hôpital, Péronne, Pierreclos, Plottes, Préty, Prissé, Pruzilly, Remigny, La Roche-Vineuse, Romanèche-Thorins, Rosey, Royer, Rully, Saint-Jean-de-Trézy, Saint-Albain, Saint-Ambreuil, Saint-Amour-Bellevue, Saint-Boil, Saint-Clément-sur-Guye, Saint-Denis-de-Vaux, Saint-Désert, Saint-Gengoux-de-Scissé, Saint-Gengoux-le-National, Saint-Germain-lès-Buxy, Saint-Gervais-sur-Couches, Saint-Gilles, Saint-Jean-de-Vaux, Saint-Léger-sur-Dheune, Saint-Mard-de-Vaux, Saint-Martin-Belle-Roche, Saint-Martin-du-Tartre, Saint-Martin-sous-Montaigu, Saint-Maurice-de-Satonnay, Saint-Maurice-des-Champs, Saint-Rémy, Saint-Sernin-du-Plain, Saint-Vallerin, Saint-Vérand, Saisy, La Salle, Salornay-sur-Guye, Sampigny-lès-Maranges, Sancé, Santilly, Sassangy, Saules, Savigny-sur-Grosne, Sennecey-le-Grand, Senozan, Sercy, Serrières, Sigy-le-Châtel, Sologny, Solutré-Pouilly, Saint-Maurice-lès-Couches, Saint-Pierre-de-Varennes, Saint-Symphorien-d’Ancelles, Taizé, Tournus, Uchizy, Varennes-lès-Mâcon, Vaux-en-Pré, Vergisson, Vers, Verzé, Le Villars, Vinzelles, Viré;

Roinn Yonne: Aigremont, Annay-sur-Serein, Arcy-sur-Cure, Asquins, Augy, Auxerre, Avallon, Bazarnes, Beine, Bernouil, Béru, Bessy-sur-Cure, Bleigny-le-Carreau, Censy, Chablis, Champlay, Champs-sur-Yonne, Chamvres, Charentenay, Châtel-Gérard, Chemilly-sur-Serein, Cheney, Chevannes, Chichée, Chitry, Collan, Coulangeron, Coulanges-la-Vineuse, Courgis, Cruzy-le-Châtel, Dannemoine, Deux-Rivières, Dyé, Epineuil, Escamps, Escolives-Sainte-Camille, Fleys, Fontenay-près-Chablis, Gy-l’Evêque, Héry, Irancy, Island, Joigny, Jouancy, Junay, Jussy, La-Chapelle-Vaupelteigne, Lichères-près-Aigremont, Lignorelles, Ligny-le-Châtel, Lucy-sur-Cure, Maligny, Mélisey, Merry-Sec, Migé, Molay, Molosmes, Montholon (an chuid a chomhfhreagraíonn d’iarbhardais Champvallon, Villiers-sur-Tholon agus Volgré), Montigny-la-Resle, Mouffy, Moulins-en-Tonnerrois, Nitry, Noyers, Ouanne, Paroy-sur-Tholon, Pasilly, Pierre-Perthuis, Poilly-sur-Serein, Pontigny, Préhy, Quenne, Roffey, Rouvray, Saint-Père, Sainte-Pallaye, Sarry, Senan, Serrigny, Saint-Bris-le-Vineux, Saint-Cyr-les-Colons, Sainte-Vertu, Tharoiseau, Tissey, Tonnerre, Tronchoy, Val-de-Mercy, Vallan, Venouse, Venoy, Vermenton, Vézannes, Vézelay, Vézinnes, Villeneuve-Saint-Salves, Villy, Vincelles, Vincelottes, Viviers agus Yrouerre.

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún, comhfhreagraíonn an limistéar atá díreach in aice láimhe do limistéar atá díreach in aice leis an limistéar críochaithe atá i gceist.

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Lipéadú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais bhreise/an mhaolaithe breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gceanglas/ar an maolú

(a)

Fíonta lena ngabhann an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, féadfaidh siad an t-aonad geografach níos mó ‘Vin de Bourgogne’ nó ‘Grand Vin de Bourgogne’ a shonrú ar a lipéid.

(b)

Tá toirmeasc ar an gcineál fíniúna a lua ar lipéid fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint acu.

(c)

Is féidir ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh leis an téarma traidisiúnta ‘Premier Cru’.

Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/document_administratif-4d5bf76d-50ff-43c6-84e1-54e10078aecc


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3476/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top