Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC02090

Fógra le haghaidh aire Abd El Hamid Salim Ibrahim Brukan al-Khatouni, ar cuireadh a ainm ar an liosta dá dtagraítear in Airteagail 2, 3 agus 7 de Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida, de bhua Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/819 ón gCoimisiún

C/2026/2354

IO C, C/2026/2090, 1.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2090/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2090/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2090

1.4.2026

Fógra le haghaidh aire Abd El Hamid Salim Ibrahim Brukan al-Khatouni, ar cuireadh a ainm ar an liosta dá dtagraítear in Airteagail 2, 3 agus 7 de Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida, de bhua Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/819 ón gCoimisiún

(C/2026/2090)

1.   

Le Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1) ón gComhairle iarrtar ar an Aontas cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo, is iad sin cistí agus acmhainní eacnamaíocha chomhaltaí na n-eagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida agus cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine aonair, grúpaí, gnóthas agus eintiteas eile atá bainteach leis na heagraíochtaí sin, dá dtagraítear sa liosta a tarraingíodh suas de bhun Rúin 1267(1999), 1333(2000) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe atá le tabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ag Coiste na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rún 1267(1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘an Coiste Smachtbhannaí’).

Sa liosta a tharraing suas an Coiste sin de chuid na Náisiún Aontaithe, tá:

SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida;

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis, comhlachtaí agus grúpaí atá bainteach le SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida; agus

daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú aon duine de na daoine bainteacha sin nó aon cheann de na heintitis, na comhlachtaí agus na grúpaí bainteacha sin, nó a thacaíonn le haon duine de na daoine bainteacha sin nó le haon cheann de na heintitis, na comhlachtaí agus na grúpaí bainteacha sin ar bhealach eile.

Tá na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí seo a leanas i measc na ngníomhartha agus na ngníomhaíochtaí lena léirítear go bhfuil duine aonair, grúpa, gnóthas nó eintiteas ‘bainteach le’ SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida:

(a)

maidir le gníomhartha nó gníomhaíochtaí a dhéanann SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida, nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthach díobh, nó maidir le gníomhartha nó gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhar leo, ina n-ainm, thar a gceann, nó chun tacaíocht a thabhairt dóibh, páirt a ghlacadh sna gníomhartha nó sna gníomhaíochtaí sin chun iad a mhaoiniú, a phleanáil, a éascú, a ullmhú nó a dhéanamh;

(b)

airm agus ábhar gaolmhar a sholáthar d’aon cheann díobh, a dhíol leo nó a aistriú chucu;

(c)

earcú thar ceann aon cheann díobh; nó

(d)

tacaíocht a thabhairt do ghníomhartha nó do ghníomhaíochtaí aon cheann díobh ar aon bhealach eile.

2.   

An 26 Márta 2026, d’achtaigh an Coiste Smachtbhannaí iontráil Abd El Hamid Salim Ibrahim Brukan al-Khatouni ar liosta an Choiste Smachtbhannaí maidir le SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida.

Féadfaidh Abd El Hamid Salim Ibrahim Brukan al-Khatouni iarraidh a chur faoi bhráid Ombudóir na Náisiún Aontaithe tráth ar bith, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, chun go n-athbhreithneofar an cinneadh lena áireamh ar liosta na Náisiún Aontaithe dá dtagraítear thuas. Ba cheart iarrataí den sórt sin a chur chuig an seoladh seo a leanas:

Na Náisiúin Aontaithe - Oifig an Ombudóra

Seomra DC2-2206

Nua-Eabhrac, NY 10017

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Teil. +1 212 963 2671

Facs. +1 212 963 1300/3778

Ríomhphost: ombudsperson@un.org

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo:

https://www.un.org/securitycouncil/sanctions/1267/aq_sanctions_list/procedures-for-delisting

3.   

I ngeall ar an gCinneadh ó na Náisiúin Aontaithe dá dtagraítear i mír 2, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/819 (2), lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (3). Leis an leasú, a dhéantar de bhun Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, cuirtear an t-ainm Abd El Hamid Salim Ibrahim Brukan al-Khatouni leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin (‘Iarscríbhinn I’).

Tá feidhm ag na bearta seo a leanas de Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 maidir leis na daoine aonair agus na heintitis a áirítear in Iarscríbhinn I:

(1)

reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha uile ar leis na daoine aonair agus na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I iad, mar aon le cistí agus acmhainní eacnamaíocha atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, na ndaoine agus na n-eintiteas sin, lena n-áirítear tríú páirtí agus é ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir na ndaoine agus na n-eintiteas sin, agus an toirmeasc (ar gach duine) cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nó do thairbhe aon duine de na daoine aonair nó d’aon cheann nó do thairbhe aon cheann de na heintitis a liostaítear (Airteagail 2 agus 2a); agus

(2)

toirmeasc ar chomhairle, cúnamh nó oiliúint theicniúil a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a thabhairt, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine de na daoine aonair nó d’aon cheann de na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinn 1 (Airteagal 3), lena n-áirítear, go háirithe, oiliúint agus cúnamh a bhaineann le hairm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid.

4.   

Déantar foráil le hAirteagal 7a de Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 maidir le próiseas athbhreithniúcháin lena dtugtar deis don duine nó don eintiteas a liostaítear a thuairimí ar an ábhar a chur in iúl. I gcás ina gcuirtear barúlacha isteach, déanfaidh an Coimisiún a chinneadh an duine nó an t-eintiteas a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a athbhreithniú i bhfianaise na mbarúlacha sin. Féadfaidh daoine aonair agus eintitis a chuirtear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/819 iarraidh a dhéanamh ar an gCoimisiún na cúiseanna lena liostú a chur in iúl dóibh. Ba cheart an iarraidh sin agus aon bharúil a chur chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

‘Bearta sriantacha’

Rue de Spa 2

1049 Bruxelles/ Brussel

BELGIQUE/BELGIË

5.   

Tugtar faoi aird na ndaoine aonair agus na n-eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2026/819 a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

6.   

Ar mhaithe le dea-ord, tugtar faoi aird na ndaoine aonair agus na n-eintiteas a áirítear in Iarscríbhinn I gur féidir iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis inniúla sa Bhallstát ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, chun údarú a fháil chun cistí agus acmhainní eacnamaíocha reoite a úsáid le haghaidh riachtanais fhíor-riachtanacha nó íocaíochtaí sonracha i gcomhréir le hAirteagal 2a den Rialachán sin.


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/1693/oj).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/819 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2026 lena leasaítear den 355ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (IO L, 2026/819, 1.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/819/oj).

(3)   IO L 139, 29.5.2002, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/881/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2090/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top