Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC01735

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún

PUB/2026/4

IO C, C/2026/1735, 17.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1735/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1735/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1735

17.3.2026

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2026/1735)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Pays d’Oc’

Uimhir thagartha AE: PGI-FR-A1367-AM04 — 23.12.2025

1.   Ainm an táirge

‘Pays d’Oc’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   Tír ar léi an limistéar geografach

An Fhrainc

5.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

Ainm

An Aireacht Talmhaíochta, Agraibhia agus Foraoiseachta, Ard-Stiúrthóireacht Fheidhmíocht Eacnamaíoch agus Chomhshaoil na bhFiontar

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Measann údaráis na Fraince go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2024/1143.

Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe ar an tsonraíocht táirge mar a shainmhínítear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Dá bhrí sin, ní mheastar gur leasuithe ar leibhéal an Aontais iad na leasuithe de réir bhrí Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143. Go sonrach, níl an méid seo a leanas i gceist leo:

(a)

athrú ar an ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar na táirgí nó ar na catagóirí táirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach;

(b)

an baol go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach dá dtagraítear sa doiciméad aonair ar neamhní;

(c)

srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leo.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

Teideal

Dhá aonad gheografacha níos lú a thabhairt isteach

Tuairisc

1.

Leasaíodh Caibidil I, pointe 2 ‘Téarmaí breise agus aonaid gheografacha’ den tsonraíocht táirge chun dhá aonad gheografacha níos lú a chur isteach. Féadfar na haonaid gheografacha níos lú seo a leanas a úsáid in éineacht leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Pays d’Oc’:

‘Coteaux de Narbonne’

‘Cité de Carcassonne’.

Leasaíodh Caibidil I, pointe 10 ‘Ceanglais maidir le cur i láthair agus lipéadú’ den tsonraíocht táirge chun rialacha sonracha a leagan amach maidir le hainm aonaid gheografaigh níos lú a léiriú ar an lipéadú.

Ní mór ainm an aonaid gheografaigh níos lú a bheith le feiceáil díreach tar éis an téarma ‘Pays d’Oc’, agus an t-ainm iomlán priontáilte ar líne amháin nó ar dhá líne. Ní mór an t-aonad geografach níos lú a phriontáil i litreacha nach bhfuil níos mó, ar airde ná ar leithead, ná na litreacha a úsáidtear le haghaidh TGFC ‘Pays d’Oc’.

Leasaíodh an roinn den doiciméad aonair dar teideal ‘Coinníollacha breise – Lipéadú’ dá réir sin.

2.

Leasaíodh Caibidil I, pointe 4.1 ‘Limistéar geografach’ den tsonraíocht táirge chun bardais Roinn Aude a shonrú ina mbuaintear na fíonchaora agus ina ndéantar agus ina bhforbraítear an fíon le haghaidh fíonta ar a bhfuil an t-ainm TGFC ‘Pays d’Oc’ arna fhorlíonadh leis an aonad geografach ‘Coteaux de Narbonne’ nó ‘Cité de Carcassonne’.

Leasaíodh an roinn den doiciméad aonair dar teideal ‘Limistéar geografach sainithe’ dá réir sin.

3.

Leasaíodh Caibidil I, pointe 4.12 ‘Limistéar díreach in aice láimhe’ den tsonraíocht táirge chun bardais Ranna Aude agus Hérault a shonrú ina ndéantar agus ina bhforbraítear an fíon le haghaidh fíonta ar a bhfuil an t-ainm TGFC ‘Pays d’Oc’ arna fhorlíonadh leis an aonad geografach ‘Coteaux de Narbonne’ nó ‘Cité de Carcassonne’.

Leasaíodh an roinn den doiciméad aonair dar teideal ‘Coinníollacha breise – limistéar díreach in aice láimhe’ dá réir sin.

Níl aon athrú ar an nasc leis an limistéar geografach i gcás na mbardas a chuirtear isteach faoin bpointe seo.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Caighdeáin anailíseacha

Tuairisc

1.

Leasaíodh Caibidil I, pointe 8 ‘Próiseáil – Stóráil – Pacáistiú’ den tsonraíocht táirge chun a shonrú go meastar coipeadh malalachtach fíonta dearga a bheith críochnaithe nuair a bhíonn an cion aigéid mhalaigh 0,40 g/l nó níos lú.

Sonraíodh é sin freisin sa roinn ‘Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)’ den doiciméad aonair.

2.

Leasaíodh Caibidil I, pointe 3.2 ‘Caighdeáin anailíseacha shonracha’ den tsonraíocht chun an téarma níos cruinne ‘laghdú ar an gcion alcóil’ a chur in ionad an téarma ‘dí-alcólú’. Luaitear san fhoráil atá i gceist gur féidir an neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte a laghdú go 9 % i gcás ‘laghdú ar an gcion alcóil’ (‘dí-alcólú’ roimhe seo).

Sonraíodh é sin freisin sa roinn ‘Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)’ den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Comhlacht rialúcháin

Tuairisc

Leasaíodh Caibidil III den tsonraíocht táirge chun a shonrú gurb í an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (Institut National de l’Origine et de la Qualité, INAO) an comhlacht atá i gceannas ar sheiceálacha, agus go seiceálann comhlacht tríú páirtí arna tharmligean ag INAO comhlíonadh na sonraíochta táirge, ar bhonn plean rialaithe formheasta, lena dtairgtear ráthaíochtaí inniúlachta, neamhchlaontachta agus neamhspleáchais. Tugadh sonraí teagmhála INAO cothrom le dáta.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le fíonta

‘Pays d’Oc’

Uimhir thagartha AE: PGI-FR-A1367-AM04 — 23.12.2025

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Pays d’Oc’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Tír ar léi an limistéar geografach críochaithe

An Fhrainc

4.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir leis an gceannteideal agus leis an gcód Ainmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

2204 - Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

5.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna mar a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

16.

Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

6.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

Táirge fíniúna

Fíonta socra

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

Tá dath buí ar na fíonta geala, agus tá imireacha idir glas agus buí órga orthu.

Bíonn imireacha idir corcairghorm agus bándearg éadrom ar na fíonta rosé le haghaidh fíonta gri agus gri de gri.

Bíonn dath dearg an ghairnéid de dhéine éagsúil ar na fíonta dearga de ghnáth.

Dea-bholadh

Tá na fíonta geala sách aramatach, le dea-bholaithe idir mionbholaithe torthaí citris agus mionbholaithe bláthanna amhail bláthanna bána agus sailchuacha.

Is saintréith de na fíonta rosé iad úire agus éadroime éadrom, le mionbholaithe comhchuí torthaí amhail cuiríní dubha agus sútha talún chomh maith le mionbholaithe bláthanna. Is iad na cineálacha Cinsault, Grenache agus Syrah, go háirithe, a thugann na saintréithe sin amach.

Bíonn dea-bholaithe de dhéine éagsúil ar na fíonta dearga, ó thorthaí dearga amhail cuirín dubh, sú craobh nó silíní go mionbholaithe níos suntasaí de spíosra, liocras nó cócó.

Blas

Tá mianracht shuntasach ag fíonta geala na gcineálacha Viognier, Sauvignon agus Chardonnay, mar shampla; tá siad beoga agus aramatach, le mionbhlasanna torthaí citris nó mionbhlasanna bláthanna amhail bláthanna bána agus sailchuacha, an dea-bholadh ceannasach, a fheabhsaítear le rian beogachta.

Bíonn na fíonta rosé séimh, úr agus éadrom agus bíonn mionbhlasanna comhchuí torthaí (cuiríní dubha, sútha talún) agus bláthanna orthu.

Bíonn na fíonta dearga lán le líocha agus tainniní éadroma nuair a aosaítear iad. Is minic gur cumaisc de roinnt cineálacha iad na fíonta dearga, agus cuireann gach cineál blas (leathar, casarnach), déine datha (diandearg, corcra dorcha) agus struchtúr tainnine leo a bhuí le modhanna fíonóireachta nua-aimseartha.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

Úsáidtear TGFC ‘Pays d’Oc’ le haghaidh fíonta socra, fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán agus fíonta ó fhíonchaora ró-aibí. Féadfaidh siad sin a bheith ina bhfíonta dearga, rosé, geala, gris [fíonta rosé an-éadrom] nó gris de gris [fíonta rosé fíor-éadrom].

Cumhdaíonn TGFC ‘Pays d’Oc’ raon leathan táirgí, agus is fíonta cineáil iad os cionn 90 % den méid a tháirgtear. In éineacht le cineálacha Meánmhuirí amhail Grenache, Cinsault agus Syrah – arb iad is fearr leo na fíonta gris agus rosé éadroma agus torthaíocha – cuireann cineálacha fíniúna a tugadh isteach le déanaí, amhail Merlot, Cabernet-Sauvignon agus Pinot Noir, fíonta dearga dea-struchtúrtha ar fáil a bhfuil dea-bholaithe torthaí dearga orthu.

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

10

Aigéadacht iomlán íosta

Aonad aigéadachta iomláine íosta

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Féadfar an neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte a laghdú go 9 % i gcás laghdú ar an gcion alcóil.

Tá uaschion iarainn 10 mg/l ag fíonta rosé agus geala TGFC ‘Pays d’Oc’.

Ní mór coipeadh malalachtach iomlán a dhéanamh ar fhíonta dearga, cé is moite díobh siúd ar a bhfuil an lipéad primeur [luath] nó nouveau [nua] agus fíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí. Meastar go bhfuil an coipeadh malalachtach curtha i gcrích nuair atá an cion aigéid mhalaigh i bhfíon dearg 0,40 g/l nó níos lú.

Comhlíonann aon luach anailíseach nach sonraítear thíos ceanglais reachtaíocht an Aontais.

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

Tá an dath céanna ar na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán agus atá ar na fíonta socra.

Tá dath buí ar na fíonta geala, agus tá imireacha idir glas agus buí órga orthu.

Bíonn imireacha idir corcairghorm agus bándearg éadrom ar na fíonta rosé le haghaidh fíonta gri agus gri de gri.

Bíonn dath dearg an ghairnéid de dhéine éagsúil ar na fíonta dearga de ghnáth.

Dea-bholadh

Saintréith de na fíonta is ea úire agus fíneáltacht aramatach na gcineálacha fíniúna ó Pays d’Oc is oiriúnaí chun na fíonta sin a dhéanamh, go príomha Chardonnay, Sauvignon, Pinot Noir, Syrah, Viognier agus Muscat à Petits Grains. Trí na teicnící fíonóireachta éagsúla a chur in oiriúint, tá déantóirí fíona in ann cáilíochtaí intreacha na gcineálacha fíniúna sin a chaomhnú, go háirithe a bpríomh-dhea-bholaithe de thorthaí úra agus a mbeogacht.

Blas

Bíonn bolgáin éadroma ghalánta agus dea-bholaithe de bhláthanna nó torthaí ar na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, ag brath ar na cineálacha a úsáidtear.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

Forbraíodh raon fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéantar as cineálacha fíniúna aonair, agus ó bhí na 1990í ann is féidir na fíonta sin a mhargú faoina n-ainmneacha cineáil. Tá a ndathanna agus a dtréithe aramatacha ag teacht le dathanna agus tréithe na bhfíonta socra, agus is iad úire agus fíneáltacht aramatach na gcineálacha fíniúna ó réigiún Pays d’Oc is oiriúnaí chun na fíonta sin a dhéanamh, go príomha Chardonnay, Sauvignon, Pinot Noir, Syrah, Viognier agus Muscat à Petits Grains. Bíonn bolgáin éadroma ghalánta agus dea-bholaithe de bhláthanna nó torthaíocha ar na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán sin ag brath ar na cineálacha a úsáidtear. Trí na teicnící fíonóireachta éagsúla a chur in oiriúint, tá déantóirí fíona in ann cáilíochtaí intreacha na gcineálacha fíniúna sin a chaomhnú – a bpríomh-dhea-bholaithe de thorthaí úra agus a mbeogacht go háirithe. Tá méadú ag teacht ar phróiseáil fíona ina fhíon súilíneach ag gnólachtaí seachtracha atá in ann an tseirbhís sin a sholáthar ar éileamh.

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

Aonad aigéadachta iomláine íosta

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Fíonta ó fhíonchaora ró-aibí

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

Bíonn imireacha idir dath buí na tuí agus dath donn ar fhíonta ó fhíonchaora ró-aibí.

Dea-bholadh

Bíonn dea-bholaithe piorra agus torthaí buí ar fhíonta ó fhíonchaora ró-aibí.

Blas

Bíonn mionbhlasanna piorra agus torthaí buí ar fhíonta ó fhíonchaora ró-aibí.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

Fíonta a dhéantar as fíonchaora a bhuantar nuair a bhíonn siad ró-aibí nó nuair a dhéanann lobhadh uasal difear dóibh – rud a fhágann go bhfuil siad lán le siúcraí agus a ligeann dóibh dea-bholaithe casta a fhorbairt – déantar iad a tháirgeadh i gcainníochtaí níos lú. Is léiriú é an táirgeadh sin de chainníocht bheag d’fhíonta TGFC Pays d’Oc ó fhíonchaora ró-aibí ar stair ársa réigiún Languedoc maidir leis na fíonta láidre sin a dhéanamh: níorbh fhéidir ach na fíonta sin an stóráil agus an t-iompar a sheasamh. Agus imireacha datha idir dath buí na tuí agus dath donn agus dea-bholaithe piorra agus torthaí buí orthu, déantar iad trí na fíonchaora a fhágáil le rísíniú ar an bhfíniúin agus/nó lobhadh uasal a fhorbairt.

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

Aigéadacht iomlán íosta

Aonad aigéadachta iomláine íosta

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Na fíonta geala, a dhéantar gan úsáid a bhaint as saibhriú, déantar iad as fíonchaora a bhuantar nuair a bhíonn siad ró-aibí nó nuair a dhéanann lobhadh uasal difear dóibh, agus bíonn a méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) 45 g/l ar a laghad, gan an aigéadacht luaineach a bheith os cionn 24,48 meq/l.

Comhlíonann na paraiméadair anailíseacha eile na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

7.   Cleachtais fhíoneolaíocha

7.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh, srianta ábhartha maidir lena ndéanamh

Cleachtas fíoneolaíoch

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Tuairisc

Chun TGFC a úsáid le haghaidh fíona, ní mór níos mó ná 50 % dá thoirt a bheith sna príomhchineálacha fíniúna. Ní mór aon chineál tánaisteach a úsáidtear a bheith níos lú ná 50 % den mhéid agus ní fhéadfaidh cineálacha nua a bheith níos mó ná 15 %. Féadfar ainm cineáil fíniúna aonair a chur leis an ainm TGFC ar choinníoll:

go bhfuil an cineál atá i gceist ar an liosta de na príomhchineálacha;

go ndearbhaítear an fíon faoin ainm cineáil sin;

go bhfuil an cineál atá i gceist cothrom le 85 % ar a laghad den chumasc.

Féadfar ainm an TGFC a fhorlíonadh le hainm dhá chineál fíniúna nó níos mó ar choinníoll:

go bhfuil na cineálacha atá i gceist ar liosta na bpríomhchineálacha;

go ndearbhaítear an fíon faoi na hainmneacha cineáil sin, bíodh siad i gcumasc nó ná bíodh;

go bhfuil gach ceann de na cineálacha atá i gceist cothrom le 15 % ar a laghad den chumasc.

Féadfar fíonta dearga agus rosé a dhéanamh trí úsáid a bhaint as cineál fíniúna gile ó liosta na bpríomhchineálacha nó ó liosta na gcineálacha tánaisteacha nua ar choinníoll:

go ndéantar fíon d’úrfhíonta na bhfíonchaor éagsúil le chéile;

nach mór don fhíon geal a bheith níos mó ná 20 % de thoirt dhearbhaithe an fhíona, má thagann na fíonchaora geala a úsáidtear ó liosta na bpríomhchineálacha;

nach mór don fhíon geal a bheith níos mó ná 15 % de thoirt dhearbhaithe an fhíona, má thagann na fíonchaora geala a úsáidtear ó liosta na gcineálacha nua.

Ní mór coipeadh malalachtach a chur i gcrích tríd an gcéad tástáil bhlais le haghaidh fíonta dearga, cé is moite de na fíonta sin ar a bhfuil an lipéad primeurnouveau agus fíonta dearga ó fhíonchaora ró-aibí.

Cleachtas fíoneolaíoch

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Tuairisc

Ní mór d’fhíonta ó fhíonchaora ró-aibí teacht go heisiach ón mbliain fíona a luaitear ar an lipéad. Ní mór fíonta TGFC ‘Pays d’Oc’ ó fhíonchaora ró-aibí a aosú ar feadh 6 mhí ar a laghad ó dháta na buainte. Ní chaitheann fíonta TGFC ‘Pays d’Oc’ ar a bhfuil an lipéad sur lie [aosaithe ar an moirt] ach geimhreadh amháin sa dabhach nó sa bhairille agus bíonn siad ar a moirt mhín tráth an bhuidéalaithe. Ní fhéadfar fíonta sur lie TGFC ‘Pays d’Oc’ a bhuidéalú roimh an 21 Márta den bhliain tar éis na buainte. Ní mór coipeadh malalachtach a chur i gcrích tríd an gcéad tástáil bhlais le haghaidh fíonta dearga TGFC ‘Pays d’Oc’, cé is moite de na fíonta sin ar a bhfuil an lipéad primeurnouveau agus fíonta dearga ó fhíonchaora ró-aibí. I dteannta na rialacha thuas, ní mór do na cleachtais fhíoneolaíocha a úsáidtear dlí an Aontais agus an Cód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí a chomhlíonadh.

7.2.   Uastáirgeacht

Gach fíon / catagóir / cineál / cineál

Fíonta dearga agus geala TGFC ‘Pays d’Oc’

Uastáirgeacht

Uastáirgeacht

90

Aonad uastáirgeachta

heictilítir in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál / cineál

Fíonta rosé, gris agus gris de gris TGFC ‘Pays d’Oc’

Uastáirgeacht

Uastáirgeacht

100

Aonad uastáirgeachta

heictilítir in aghaidh an heicteáir

8.   Liosta den chineál fíonchaor nó de na cineálacha fíonchaor óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta

Alicante Henri Bouschet N

Altesse B

Alvarinho — Albariño

Bourboulenc B — Doucillon blanc

Cabernet franc N

Cabernet-Sauvignon N

Caladoc N

Carignan N

Carmenère N

Chardonnay B

Chasan B

Chenin B

Cinsaut N — Cinsault

Clairette rose Rs

Colombard B

Cot N — Malbec

Gamay N

Gewurztraminer Rs

Grenache N

Grenache blanc B

Grenache gris G

Gros Manseng B

Macabeu B — Macabeo

Marsanne B

Marselan N

Mauzac B

Merlot N

Mondeuse N

Morrastel N — Minustellu, Graciano

Mourvèdre N — Monastrell

Muscat d’Alexandrie B — Muscat, Moscato

Muscat de Hambourg N — Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B — Muscat, Moscato

Muscat à petits grains rouges Rg — Muscat, Moscato

Nielluccio N — Nielluciu

Négrette N

Petit Manseng B

Petit Verdot N

Pinot blanc B

Pinot gris G

Pinot noir N

Portan N

Riesling B

Roussanne B

Sauvignon B

Sauvignon gris G — Fié gris

Semillon B

Sylvaner B

Syrah N — Shiraz

Tempranillo N

Terret blanc B

Vermentino B — Rolle

Viognier B

9.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach críochaithe

Ní mór na fíonchaora atá le húsáid chun fíonta socra TGFC ‘Pays d’Oc’ a dhéanamh – lena n-áirítear fíonta ó fhíonchaora ró-aibí – a bhuain, agus an fíon a dhéanamh agus a fhorbairt, i Ranna Aude, Gard, Hérault, Pyrénées-Orientales agus i mbardais Ispagnac, Montbrun, Quézac, Sainte-Enimie, La Malène agus Les Vignes i Roinn Lozère.

Maidir le fíonta a bhfuil TGFC ‘Pays d’Oc’ orthu arna fhorlíonadh leis an aonad geografach níos lú ‘Coteaux de Narbonne’, ní mór na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a dhéanamh agus a fhorbairt sna bardais seo a leanas i Roinn Aude: Armissan, Coursan, Cuxac-d’Aude, Fleury-d’Aude, Narbonne, Marcorignan, Moussan, Ouveillan, Salles d’Aude, Sallèles d’Aude agus Vinassan.

Maidir le fíonta ar a bhfuil TGFC ‘Pays d’Oc’ arna fhorlíonadh leis an aonad geografach níos lú ‘Cité de Carcassonne’, ní mór na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a dhéanamh agus a fhorbairt sna bardais seo a leanas i Roinn Aude: Berriac, Bouilhonnac, Carcassonne, Caux-et-Sauzens, Cavanac, Cazilhac, Couffoulens, Leuc, Montirat, Palaja, Pennautier, Pezens, Preixan, Rouffiac-d’Aude, Trèbes, Verzeille et Villedubert, Villemoustaussou agus Villeséquelande.

Ní mór na fíonchaora atá le húsáid chun fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéanamh a bhuain, agus an fíon a dhéanamh agus a fhorbairt, i Ranna Gard, Hérault agus Pyrénées-Orientales agus i mbardais áirithe i Ranna Lozère agus Aude, is iad sin: Ispagnac, Montbrun, Quézac, Sainte-Enimie, La Malène agus Les Vignes i Roinn Lozère; Aigues-Vives, Airoux, Alaigne, Alairac, Albas, Albières, Alzonne, Aragon, Argeliers, Argens-Minervois, Armissan, Arques, Arquettes-en-Val, Artigues, Arzens, Aunat, Auriac, Axat, Azille, Badens, Bages, Bagnoles, Baraigne, Barbaira, Belcaire, Belcastel-et-Buc, Belflou, Belfort Sur Rebenty, Bellegarde-du-Razès, Belpech, Belvèze-du-Razès, Belvianes-et-Cavirac, Belvis, Berriac, Bessède-de-Sault, Bizanet, Bize-Minervois, Blomac, Bouilhonnac, Bouisse, Bourigeole, Boutenac, Bram, Brenac, Brézilhac, Brousses-et-Villaret, Brugairolles, Bugarach, Cabrespine, Cahuzac, Cailla, Cailhau, Cailhavel, Cambieure, Campagna-de-Sault, Camplong-d’Aude, Camps-sur-l’Agly, Camurac, Canet, Capendu, Carcassonne, Carlipa, Cascastel-des-Corbières, Castans, Castelnau-d’Aude, Castelnaudary, Caudebronde, Caudeval, Caunes-Minervois, Caunette-sur-Lauquet, Caunettes-en-Val, Caux-et-Sauzens, Cavanac, Caves, Cazalrenoux, Cazilhac, Cenne-Monestiés, Chalabre, Citou, Clermont-sur-Lauquet, Comigne, Comus, Conilhac-Corbieres, Conques-sur-Orbiel, Corbières, Counozouls, Coudons, Couffoulens, Coursan, Courtauly, Coustouge, Cruscades, Cubières-sur-Cinoble, Cucugnan, Cumiès, Cuxac-Cabardès, Cuxac-d’Aude, Davejean, Dernacueillette, Donazac, Douzens, Duilhac-sous-Peyrepertuse, Durban-Corbières, Embres-et-Castelmaure, Escales, Escouloubre, Escueillens-et-Saint-Just-de-Beleng, Espezel, Fabrezan, Fajac-en-Val, Fajac-la-Relenque, Fanjeaux, Félines-Termenès, Fendeille, Fenouillet-du-Razès, Ferrals-les-Corbières, Ferran, Feuilla, Fitou, Fleury, Floure, Fontcouverte, Fontanès-de-Sault, Fonters-du-Razès, Fontiers-Cabardès, Fontiès-d’Aude, Fontjoncouse, Fournes-Cabardès, Fourtou, Fraisse-Cabardès, Fraisse-des-Corbières, Galinagues, Gaja-la-Selve, Generville, Gincla, Ginestas, Ginoles, Gourvieille, Gramazie, Granès, Greffeil, Gruissan, Gueytes-et-Labastide, Homps, Hounoux, Issel, Jonquières, Joucou, La Bezole, La Cassaigne, La Courtète, La Fajeolle, La Force, La Louvière-Lauragais, La Palme, La Pomarède, La Redorte, La Tourette-Cabardès, Labastide-d’Anjou, Labastide-en-Val, Labastide-Esparbairenque, Labécède-Lauragais, Lacombe, Lafage, Lagrasse, Lairière, Lanet, Laprade, Laroque-de-Fa, Lasbordes, Lasserre-de-Prouille, Lastours, Laurabuc, Laurac, Lauraguel, Laure-Minervois, Lavalette, Les Brunels, Le Bousquet, Le Clat, Les Casses, Les Ilhes, Les Martys, Lespinassière, Leuc, Leucate, Lézignan-Corbières, Lignairolles, Limousis, Luc-sur-Orbieu, Mailhac, Maisons, Malves-en-Minervois, Malviès, Marcorignan, Marquein, Marsa, Marseillette, Mas-Cabardès, Mas-des-Cours, Mas-Saintes-Puelles, Massac, Mayreville, Mayronnes, Mazerolles-du-Razès, Mazuby, Merrial, Mézerville, Miraval-Cabardès, Mirepeisset, Mireval-Lauragais, Missègre, Molandier, Molleville, Montauriol, Montbrun-des-Corbières, Montclar, Montferrand, Montfort-sur-Boulsane, Montgaillard, Montgradail, Monthaut, Montirat, Montjardin, Montjoi, Montlaur, Montmaur, Montolieu, Montréal, Montredon-des-Corbières, Montséret, Monze, Moussan, Moussoulens, Mouthoumet, Moux, Narbonne, Nébias, Névian, Niort-de- Sault, Ornaisons, Orsans, Ouveillan, Padern, Palairac, Palaja, Paraza, Payra-sur-l’Hers, Paziols, Pech-Luna, Pécharic-et-le-Py, Pennautier, Pépieux, Pexiora, Peyrefitte-du-Razès, Peyrefitte-sur-l’Hers, Peyrens, Peyriac-de-Mer, Peyriac-Minervois, Pezens, Plaigne, Plavilla, Pomy, Port-la-Nouvelle, Portel-des-Corbières, Pouzols-Minervois, Pradelles-Cabardes, Pradelles-en-Val, Preixan, Puginier, Puichéric, Puylaurens, Puivert, Quillan, Quintillan, Quirbajou, Raissac-d’Aude, Raissac-sur-Lampy, Rennes-le-Château, Rennes-les-Bains, Ribaute, Ribouisse, Ricaud, Rieux-en-Val, Rieux-Minervois, Rivel, Rodome, Roquecourbe-Minervois, Roquefere, Roquefeuil, Roquefort-des-Corbières, Roquefort-de-Sault, Roubia, Rouffiac-des-Corbières, Roullens, Routier, Rouvenac, Rustiques, Saint-Amans, Saint-André-de-Roquelongue, Saint-Benoît, Sainte-Colombe-sur-Guette, Saint-Couat-d’Aude, Saint-Denis, Saint-Ferriol, Saint-Frichoux, Saint-Gauderic, Saint-Jean-de-Barrou, Saint-Jean-de-Paracol, Saint-Julia-de-Bec, Saint-Julien-de-Briola, Saint-Just-et-le-Bezu, Saint-Laurent-de-la-Cabrerisse, Saint-Louis-et-Parahou, Saint-Marcel-sur-Aude, Saint-Martin-de-Villereglan, Saint-Martin-des-Puits, Saint-Martin-Lalande, Saint-Martin-le-Vieil, Saint-Martin-Lys, Saint-Michel-de-Lanes, Saint-Nazaire-d’Aude, Saint-Papoul, Saint-Paulet, Saint-Pierre-des-Champs, Saint-Sernin, Sainte-Camelle, Sainte-Colombe-sur-l’Hers, Sainte-Eulalie, Sainte-Valière, Saissac, Sallèles-Cabardès, Sallèles-d’Aude, Salles-d’Aude, Salles-sur-l’Hers, Salsigne, Salvezine, Salza, Seignalens, Serviès-en-Val, Sigean, Sonnac-sur-l’Hers, Sougraigne, Souilhanels, Souilhe, Soulatge, Soupex, Talairan, Taurize, Termes, Terroles, Thézan-des-Corbières, Tournissan, Tourouzelle, Trassanel, Trausse, Trèbes, Treilles, Tréville, Tréziers, Tuchan, Valmigère, Ventenac-Cabardès, Ventenac-en-Minervois, Véraza, Verdun-en-Lauragais, Verzeille, Vignevieille, Villalier, Villanière, Villar-en-Val, Villardebelle, Villardonnel, Villarzel-Cabardès, Villarzel-du-Razès, Villasavary, Villautou, Villedaigne, Villedubert, Villefloure, Villefort, Villegailhenc, Villegly, Villemagne, Villemoustaussou, Villeneuve-la-Comptal, Villeneuve-les-Corbières, Villeneuve-les-Montréal, Villeneuve-Minervois, Villepinte, Villerouge-Termenès, Villesèque-des-Corbières, Villesèquelande, Villesiscle, Villespy, Villetritouls agus Vinassan i Roinn Aude.

10.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc cúisíoch leis an tionscnamh geografach bunaithe ar

clú

cáilíocht shonrach

saintréithe eile

Catagóir an táirge fíniúna

1.

Fíon

Achoimre ar an nasc

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Cuimsíonn an limistéar geografach táirgeachta Ranna iomlána Languedoc-Roussillon, Aude, Gard, Hérault agus Pyrénées-Orientales chomh maith le sé bhardas in Lozère.

Cruthaíonn sé coire ollmhór atá déanta ag sraith sliabhraonta ó thuaidh, ó na Piréiní go dtí na Cévennes, agus síneann sé síos go dtí an Mheánmhuir, ag dul trí raon comhthéacsanna geolaíocha, ón Ré Phailéasóch go dtí an Tréimhse Cheathartha. Cibé tionscnaimh gheolaíocha atá leo, tá na hithreacha ina bhfásann na fíniúnacha oiriúnach chun na críche sin: tá siad uile tirim agus sách clochach, ní siad go háirithe torthúil ach tá draenáil mhaith acu, rud a fhágann gur féidir leis na fréamhacha fás go domhain.

Le linn na díospóireachta maidir le conas idirdhealú a bhfuil géarghá leis a dhéanamh idir táirgí éagsúla fhíonghoirt na Fraince, cruthaíodh catagóir Vin de Pays in 1979. An 10 Deireadh Fómhair 1987, eisíodh Foraithne lenar aithníodh Pays d’Oc mar Vin de Pays réigiúnach. Forbraíodh é ar bhonn tús áite a thabhairt do chineálacha stairiúla Languedoc agus do chineálacha ó lasmuigh de theorainneacha an réigiúin, leanann TGFC Pays d’Oc traidisiún trádála na Meánmhara, lena n-áirítear i gcineálacha fíniúna.

Sainiúlacht an táirge

Is é 63 uimhir an liosta de chineálacha fíniúna atá údaraithe chun fíonta TGFC ‘Pay d’Oc’ a dhéanamh faoi láthair. Chomh maith le cineálacha Meánmhuirí amhail Carignan, Grenache, Cinsault agus Syrah, tá cineálacha eile ann a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu a tugadh isteach sa Fhrainc le déanaí. Is iad na samplaí is tábhachtaí ná fíonchaora dearga Merlot, Cabernet-Sauvignon, Pinot Noir agus Caladoc agus fíonchaora geala Chardonnay, Sauvignon, Viognier agus Alvarinho.

Tá a ghnéithe sainiúla féin ag gach ceann acu agus comhlánaíonn siad a chéile, tá na cineálacha éagsúla fíniúna sin an-oiriúnach d’aeráid réigiún TGFC ‘Pays d’Oc’, go háirithe ós rud é gur léir go bhfuil an t-athrú aeráide tar éis an réigiún a théamh. Cuireann siad ar a gcumas do dhéantóirí fíona freisin a gcruthaitheacht a scaoileadh agus a bhfíonta barántúla á ndéanamh acu. Mar shampla, tugann Petit Verdot dóthain airde ar an aosú chun fíon cineáil a dhéanamh de.

Cé go dtugtar buntáiste do na cineálacha Meánmhuirí go ginearálta le haghaidh na bhfíonta rosé, cuireann Carignan torthaí comhchuí ar fáil nuair a dhéantar fíon dearg díobh, rud a thugann doimhneacht dhian datha dó, agus is féidir é a chumasc le cineálacha eile, go háirithe Merlot.

Tá forbairt leanúnach ag teacht ar úsáid na gcineálacha éagsúla sin san fhíonóireacht. Is iondúil gurb ionann fíonta dearga agus leath de mhéid an fhíona a dhéantar, agus tá fíonta rosé agus fíonta geala cothrom leis an gceathrú cuid an ceann.

Is fíonta cineáil agus ilchineálacha iad 95 % den mhéid a dhéantar, rud a fhágann gurb é TGFC ‘Pays d’Oc’ an príomhcheann Eorpach i gcineálacha agus i gcumaisc chineáil.

Chun an cháilíocht is fearr is féidir a áirithiú, tá rialacha dochta ann maidir le dálaí táirgthe agus luachanna anailíseacha, agus déantar tástáil bhlais chórasach ar gach baisc.

Is iad dálaí uathúla Meánmhara an réigiúin a fhágann gur féidir le cineálacha a bheith i bhformhór mór na bhfíonta a dhéantar ann.

An ceanglas sonrach go ndéanfaí fíonta a bhfuil lipéad sur lie orthu a bhuidéalú i mbunaíochtaí atá suite laistigh den limistéar geografach sainithe agus an limistéar díreach in aice láimhe, cuireadh san áireamh é sa tsonraíocht táirge agus é mar aidhm leis saintréithe fíor-riachtanacha na bhfíonta sin a chaomhnú, saintréithe atá mar thoradh ar an idirghníomhaíocht idir an timpeallacht nádúrtha agus an saineolas a d’fhorbair déantóirí fíona maidir leis an mbealach is fearr chun tréithe orgánaileipteacha na bhfíonta a bhaint amach trí fhíonóireacht agus oibríochtaí siléir.

Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Mar gheall ar an meascán d’aeráid thipiciúil Mheánmhuirí agus ithreacha atá sách tirim, nach bhfuil an-torthúil ach a bhfuil draenáil mhaith iontu, rud a fhágann gur féidir le fréamhacha fás go domhain, is féidir raon cineálacha éagsúla a fhás agus ciallaíonn sé sin gur féidir leas iomlán a bhaint as a n-acmhainneacht talmhaíochta. Is é an chaoi a gcuireann na cineálacha éagsúla sin iad féin in iúl laistigh den chríoch, agus an chaoi a bhfuil tionchar aeráide ó dheas le sonrú orthu, a fhágann go bhfuil TGFC Pays d’Oc uathúil.

Ó aithníodh an t-ainmniúchán in 1987, tá méadú seasta tagtha ar tháirgeadh fhíonta TGFC ‘Pays d’Oc’, méadú faoi dhó nach mór le 10 mbliana anuas. Chuidigh sé sin le borradh a chur faoin earnáil fíonsaothrúcháin ar fud na ndeighleog táirgthe uile. Leis an raon leathan táirgí atá ar fáil, is féidir ionchais athnuaite na dtomhaltóirí a chomhlíonadh.

Ní rabhthas in ann an rath sin nach bhfuil aon cheist faoi a bhaint amach ach amháin a bhuí le traidisiún fada táirgthe agus saineolas sinseartha, agus ós rud é go bhfuil na cineálacha fíniúna an-oiriúnach d’ithir agus d’aeráid chríoch TGFC ‘Pay d’Oc’.

Ós rud é go n-úsáidtear raon cineálacha éagsúla chun raon táirgí comhlántacha agus ardcháilíochta a dhéanamh, léirítear go soiléir go bhfuil fíonghoirt TGFC Pays d’Oc nua-aimseartha, éifeachtúil agus oiriúnach don chríoch, agus aird á tabhairt an tráth céanna ar a stair.

Tá baint ag beagnach 2 000 gnólacht – 200 comhfhíonlann, 1 200 fíonlann aonair, 65 dhéantóir fíona trádála agus os cionn 450 ceannaí fíona – le fíonta Pays d’Oc a dhéanamh agus a dhíol.

Gach bliain, fástar fíonchaora le haghaidh TGFC Pays d’Oc ar bheagnach 115 000 den 240 000 heicteár d’fhíonghoirt atá in Languedoc-Roussillon.

Thairbhigh próiseas athstruchtúraithe – i dtéarmaí innealtóireacht fhíoneolaíoch agus forbairt cineálacha araon – ar cuireadh tús leis beagnach 40 bliain ó shin den obair lárionad breisoideachais agus ardoideachais sa réigiún a dhéanann taighde eolaíoch agus teicniúil ar fhíonsaothrú: ENTAV (an Institiúid Theicniúil Náisiúnta um Fheabhsú Fíonsaothraithe) i Roinn Gard, ina gcoimeádtar gach cineál fíniúna agus clón Francach, an Institut des Hautes Études de la Vigne et du Vin (an Institiúid um Ardoideachas i bhFíniúna agus i bhFíon) in Montpellier agus an malartú teicneolaíochta ag INRA (an Institiúid Náisiúnta um Thaighde Agranamaíoch) Pech Rouge i Roinn Aude.

Mar thoradh air sin, a bhuí le huathúlacht na gcineálacha fíniúna a úsáidtear, tá clú agus cáil bainte amach ag fíonta TGFC Pays d’Oc – bíodh siad ina bhfíonta socra nó ina bhfíonta ó fhíonchaora ró-aibí – ní hamháin ar mhargaí na hEorpa ach ar fud an domhain.

Tá siad ar fáil in 170 tír, agus tá 75 % den mhéid i dtuaisceart na hEorpa, 9 % i Meiriceá Thuaidh agus 7 % sa tSín.

Dá bhrí sin, is traidisiún fíonóireachta seanbhunaithe é ‘Pays d’Oc’ a leanadh ar aghaidh laistigh de chomhthéacs na nua-aimsearthachta, rud a ligeann do thomhaltóirí eolas a chur ar na fíonta agus a chuireann le cáil an TGFC.

Déantar go leor tionscnamh cur chun cinn le linn shéasúr an fhíona, ón mbuaint go blaiseadh bhliain an fhíona atá ann faoi láthair, laistigh den réigiún agus ag aontaí trádála ar fud an domhain araon. Mar gheall ar tharraingteacht an réigiúin mar cheann scríbe turasóireachta, bíonn deis ag líon mór cuairteoirí eolas a chur ar a fhíonghoirt trí thurais tiomána nó siúil a leanúint, iad a thabhairt chuig na fíonlanna atá ceangailte leis na fíonghoirt sin, áit ar féidir leo eolas a chur ar a bhfíonta agus meas a léiriú ar a n-oidhreacht ailtireachta. Cuidíonn na tionscnaimh sin uile le TGFC Pays d’Oc a fhorbairt agus a cháil a fhorbairt.

Níl aon amhras ach, ó cruthaíodh é, go bhfuil TGFC Pays d’Oc i gcroílár athbheochan thionscal fíonsaothrúcháin Languedoc-Roussillon, rud a chuidíonn le fíonghoirt an réigiúin a chaomhnú, ar príomhghné é a chuireann struchtúr ar an saol ina shráidbhailte agus a imríonn tionchar ar phleanáil spásúlachta sa réigiún.

Catagóir an táirge fíniúna

16.

Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

Achoimre ar an nasc

Is léiriú é an táirgeadh de chainníocht bheag d’fhíonta TGFC Pays d’Oc ó fhíonchaora ró-aibí ar stair ársa réigiún Languedoc maidir leis na fíonta láidre sin a dhéanamh, an t-aon fhíon a sheas do stóráil agus d’iompar. Agus imireacha datha idir dath buí na tuí agus dath donn agus dea-bholaithe piorra agus torthaí buí orthu, déantar iad trí na fíonchaora a fhágáil le rísíniú ar an bhfíniúin agus/nó lobhadh uasal a fhorbairt.

Catagóir an táirge fíniúna

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Achoimre ar an nasc

Sa chomhthéacs céanna, tá forbairt mhór tagtha ar thraidisiún seanbhunaithe an réigiúin maidir le fíonóireacht shúilíneach ó thús an chéid, rud a fhágann go bhfuil raon fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán ann.

Táirgeadh i bhfíonghoirt Languedoc, a théann siar go ré na Rómhánach, na chéad fhíonta súilíneacha trí amfaraí pollta a úsáid chun úrfhíonta a choipeadh.

Rinneadh fíon súilíneach den chéad uair i mainistir Bheinidicteach Saint-Hilaire i Roinn Aude in 1531. Réitigh sé sin an bealach chun fíonóireacht shúilíneach a fhorbairt ar fud an réigiúin ina bhfuil an limistéar táirgeachta do TGFC Pays d’Oc sa lá atá inniu ann. In 1883, agus é bunaithe ar an gcoincheap maidir le ‘nua-aoiseacht tuaithe’, d’fhorbair Compagnie des Salins du Midi Domaine Royal de Jarras i Roinn Gard – atá faoi úinéireacht manaigh Bheinidicteacha Mhainistir Psalmody agus a fuair Saint Louis in 1244 – ina fhíonlann ar scála níos mó, agus áiríodh leis sin fíonta súilíneacha a dhéanamh.

De réir mar a bhí táirgeadh fíona shúilínigh ag dul i méid, bhí gá le forbairt a dhéanamh ar an teicneolaíocht a úsáideadh, agus in 1907, deonaíodh paitinn dá aireagán do Jean-Eugène Charmat, agranamaí atá bunaithe in Montpellier, is é an t-aireagán a bhí aige ná teicníc chun úrfhíonta a choipeadh in umair bhrú chun fíonta súilíneacha a dhéanamh, ag Ecole Supérieure Agronomique de Montpellier (ar tugadh Montpellier SupAgro air in 1946). Ós rud é gur forbraíodh an modh sin, ar a dtugtar Charmat, i réigiún Languedoc-Roussillon, léirítear an tábhacht a bhaineann le fíonóireacht shúilíneach – agus le forbairt an tsaineolais ghaolmhair – do gheilleagar an réigiúin.

Ó thús an 20ú haois, leathnaíodh táirgeadh fíona shúilínigh ar fud na Ranna atá i réigiún Languedoc-Roussillon, arna spreagadh ag fás eacnamaíoch thionscal fíonóireachta an réigiúin agus ag cumas na bhfíonghort oiriúnú don chineál sin táirgthe.

Léiríonn airíonna sonracha na bhfíonta sin – arb iad a bhfordhathanna, a n-úire agus a bhfíneáltacht aramatach is saintréithe dóibh – rogha na gcineálacha, a chuirtear ar fhánaí dea-nochta in ithreacha a bhfuil cúltaisce mhaith uisce acu, rud a chuireann fíonta súilíneacha dearga, geala agus rosé ar ardchaighdeán ar fáil, fíonta a dhéantar go príomha as Chardonnay, Sauvignon, Pinot Noir, Syrah, Viognier agus Muscat à Petits Grains.

Tagann traidisiún fíonóireachta súilíní sa réigiún atá ann le céad bliain, in éineacht le taithí agus saineolas na ndéantóirí fíona agus na tairbhí a bhaineann le trealamh teicniúil den chéad scoth, le chéile chun fíonta súilíneacha bunaidh den chéad scoth ar ardchaighdeán a tháirgeadh. I dtéarmaí fíonta cineáil, tá áit speisialta acu sin i gcatagóir na bhfíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a bhuí le cineálacha a bheith ann atá oiriúnach go nádúrtha don chríoch.

Tugann tionchar na leoithní farraige ar an limistéar táirgeachta iomlán sraith dea-bholaithe príomhúla diana do na cineálacha a bhuantar go luath, dea-bholaithe atá foirfe chun fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéanamh.

Tá traidisiún fíonóireachta súilíní limistéar Languedoc-Roussillon bunaithe ar mheascán tosca atá an-tairbheach do tháirgeadh fíonta súilíneacha: ithreacha ag a bhfuil cúltaisce mhaith uisce ar fhánaí dea-nochta, aeráid Mheánmhuirí atá go mór mór grianmhar a mhaolaítear le tionchar leoithní farraige, agus saineolas saothróirí áitiúla.

Leis an meascán de na heilimintí sin (ithir, aeráid, agus tionchar na ngaoth), máistreacht na saothróirí ar theicnící feirmeoireachta, agus an fíoras go bhfuil an raon cineálacha aramatacha oiriúnacha teoranta, tugtar frithsheasmhacht in aghaidh galar de bharr cripteagram, rud a fhágann gur féidir iad a choinneáil faoi smacht. Ciallaíonn sé sin go bhfanann na fíonghoirt sláintiúil, gan ionsaithe móra lotnaidí, ionas gur féidir na fíonchaora a bhuain tráth na haibíochta teicneolaíche, agus go bhfuil siad in ann fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a tháirgeadh a bhfuil bolgáin mhíne agus cúr marthanach acu.

Traidisiún atá fréamhaithe go domhain i limistéar Pays d’Oc is ea fíonóireacht shúilíneach. Déantar méid mór de na fíonta sin agus tá breisluach ard ag baint leo. Tá suas le 150 comhfhíonlann agus 1 000 fíonlann aonair san earnáil sin, agus díoltar a dtáirgí sa Fhrainc agus thar lear araon.

Ní rabhthas in ann an rath sin nach bhfuil aon cheist faoi a bhaint amach ach amháin a bhuí leis an traidisiún fada táirgthe, saineolas sinseartha, agus ós rud é go bhfuil na cineálacha fíniúna an-oiriúnach d’ithir agus d’aeráid chríoch TGFC ‘Pay d’Oc’.

11.   Tuilleadh ceanglas is infheidhme

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais/mhaolaithe breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gceanglas/maolú

Cuimsíonn an limistéar díreach in aice láimhe arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh fíonta socra TGFC ‘Pays d’Oc’ na cantúin a bhfuil teorainn acu le Ranna Aude, Gard, Hérault agus Pyrénées-Orientales: Anglès, Arles, Avignon-1, Avignon-2, Avignon-3, Ax-Les-Thermes, Barre-des-Cévennes, Bollène, Bourg-Saint-Andéol, Camarès, Campagnac, Châteaurenard, Cornus, Coucouron, Dourgne, Labruguière, Lacaune, Lavelanet, Le-Pont-de-Montvert, Le Pontet (bardais Le Pontet agus Vedéne), Les Vans, Mazamet, Meyrueis, Mirepoix, Murat-sur-Vèbre, Nailloux, Nant, Orange, Peyreleau, Quérigut, Revel, Saint-Germain-de-Calberte, Saint-Amans-Soult, Saintes-Maries-de-la-Mer, Saverdun, Sorgues, Tarascon, Valgorge, Vallon-Pont-d’Arc, Vaison-la-Romaine (bardais Camaret-sur-Aigues, Travaillan agus Violès), Villefort agus Villefranche-de-Lauragais.

Sa limistéar díreach in aice láimhe arna shainiú ag maolú maidir le fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán TGFC ‘Pays d’Oc’ a dhéanamh agus a fhorbairt, cuimsítear Ranna Ardèche, Ariège, Aveyron, Bouches-du-Rhône, Haute-Garonne, Lozère, Tarn agus Vaucluse.

Déantar agus forbraítear fíonta ar a bhfuil TGFC ‘Pays d’Oc’ arna bhforlíonadh ag an aonad geografach níos lú ‘Coteaux de Narbonne’ i mbardais Argeliers, Bages, Bizanet, Gruissan, Mirepeisset, Montredon-des-Corbières, Névian, Peyriac-de-Mer, Port-la-Nouvelle, Raissac-d’Aude, Saint-André-de-Roquelongue, Saint-Marcel-sur-Aude, Saint-Nazaire-d’Aude agus Sigean i Roinn Aude agus i mbardais Capestang, Cruzy, Lespignan, Montels, Nissan-lez-Ensérune, Quarante agus Vendres i Roinn Hérault.

Déantar agus forbraítear fíonta ar a bhfuil TGFC ‘Pays d’Oc’ arna bhforlíonadh ag an aonad geografach níos lú ‘Cité de Carcassonne’ i mbardais Alairac, Aragon, Arzens, Badens, Bagnoles, Barbaira, Capendu, Conques-sur-Orbiel, Floure, Fontiès-d’Aude, Ladern-sur-Lauquet, Laure-Minervois, Lavalette, Malves-en-Minervois, Marseillette, Mas-des-Cours, Montclar, Monze, Moussoulens, Pomas, Roullens, Rustiques, Saint-Hilaire, Sainte-Eulalie, Ventenac-Cabardès, Villalier, Villefloure agus Villegailhenc i Roinn Aude.

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Pacáistiú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais/mhaolaithe breise

Pacáistiú laistigh den limistéar críochaithe

Tuairisc ar an gceanglas/maolú

Ní mór fíonta TGFC ‘Pays d’Oc’ atá lipéadaithe mar sur lie a bhuidéalú i mbunaíochtaí atá suite laistigh den limistéar geografach nó den limistéar díreach in aice láimhe. Caomhnaíonn sé sin saintréithe fíor-riachtanacha na bhfíonta sin agus íoslaghdaíonn sé an méid dé-ocsaíde carbóin a fhaightear go nádúrtha agus a chailltear, ionas go gcoinníonn siad an ghiosáil bheag atá acu.

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Lipéadú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais/mhaolaithe breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gceanglas/maolú

Féadfar ainm cineáil fíniúna amháin nó níos mó a úsáid taobh le TGFC ‘Pays d’Oc’ i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa tsonraíocht táirge. Ní mór ainm an chineáil fíniúna (nó na gcineálacha fíniúna) a thaispeáint sa réimse radhairc céanna leis na focail ‘Pays d’Oc’.

Féadfar TGFC ‘Pays d’Oc’ a fhorlíonadh leis na téarmaí primeurnouveau. Úsáidtear na téarmaí primeur agus nouveau le haghaidh fíonta socra amháin.

I gcás fíonta socra rosé agus geala, féadfar an TGFC ‘Pays d’Oc’ a fhorlíonadh leis na focail sur lie. I gcás ina n-úsáidtear an téarma sur lie, ní mór bliain na buainte a lua ar an lipéad.

Ní mór bliain na buainte a lua ar lipéid fhíonta TGFC ‘Pays d’Oc’ a dhéantar as fíonchaora ró-aibí.

Má úsáidtear an téarma traidisiúnta Vin de Pays in ionad Indication Géographique Protégée (Tásc Geografach faoi Chosaint), ní mór lógó TGFC an Aontais a thaispeáint ar an lipéad.

Féadfar TGFC ‘Pays d’Oc’ a fhorlíonadh leis na haonaid gheografacha níos lú seo a leanas:

‘Coteaux de Narbonne’

‘Cité de Carcassonne’.

Ní mór ainm an aonaid gheografaigh níos lú a bheith le feiceáil díreach tar éis an téarma ‘Pays d’Oc’, agus an t-ainm iomlán priontáilte ar líne amháin nó ar dhá líne.

Ní mór an t-aonad geografach níos lú a phriontáil i litreacha nach bhfuil níos mó, ar airde ná ar leithead, ná na litreacha a úsáidtear le haghaidh TGFC ‘Pays d’Oc’.

Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/document_administratif-9231994c-2220-475c-b784-b51d291c7c7c


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1735/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top