This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026XC01378
Publication of the communication of an approved standard amendment to a product specification of a geographical indication in accordance with Article 5(4) of Commission Delegated Regulation (EU) 2025/27
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún
PUB/2025/1473
IO C, C/2026/1378, 3.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1378/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1378 |
3.3.2026 |
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)
(C/2026/1378)
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH
(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)
‘Huile d’olive du Languedoc’
Uimhir thagartha AE: PDO-FR-2649-AM01 — 28.11.2025
1. Ainm an táirge
‘Huile d’olive du Languedoc’
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☑ |
ATFC |
|
☐ |
TGFC |
|
☐ |
TG |
3. Earnáil
|
☑ |
Táirgí talmhaíochta |
|
☐ |
Fíonta |
|
☐ |
Deochanna biotáilleacha |
4. Tír ar léi an limistéar geografach
An Fhrainc
5. Údarás náisiúnta a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige
Eagraíocht
An Aireacht Talmhaíochta agus Bhiafhlaithis
6. Incháilitheacht mar leasú caighdeánach
Níl aon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad i gceist leis an iarratas ar leasú ar ATFC ‘Huile d’olive du Languedoc’, go sonrach:
|
(a) |
níl athrú ar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint i gceist leis; |
|
(b) |
níl an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní; |
|
(c) |
níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leis. |
Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach an t-iarratas.
7. Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta
Teideal
Limistéar geografach
Tuairisc
Baineann an iarraidh ar leasú caighdeánach leis an méid seo a leanas:
|
1) |
An nós imeachta um shainaithint dáileachta talún a scriosadh (roinn ‘Limistéar geografach’). Scriosadh an mhír ina dtagraítear don nós imeachta um shainaithint dáileachta talún, ós rud é gur critéir eisiaimh den chuid is mó atá i gceist leis na critéir um shainaithint dáileachta talún. Tugtar tuairisc iontu ar na ceantair ina bhfuil sé beagnach dodhéanta na príomhchineálacha a úsáidtear le haghaidh an ainmniúcháin a fhás (cineálacha a bhaineann leis an limistéar geografach a bhfuil riachtanais na Meánmhara go sonrach acu) nó atá faoi réir an iomarca éiginnteachta chun gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh inmharthana. |
|
2) |
Dáta formheasa an limistéir gheografaigh agus liosta de bhardais atá tugtha cothrom le dáta chur isteach de réir Chód Geografach Oifigiúil 2025: ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuimsíonn an limistéar geografach críoch na mbardas liostaithe, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2025 ón 1 Eanáir 2025. Rinneadh liosta na mbardas de réir Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2025 a thabhairt cothrom le dáta sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair. |
|
☑ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
Teideal
Lipéadú
Tuairisc
Roinn 8 den tsonraíocht táirge ‘Lipéadú’ a thabhairt cothrom le dáta:
Ó tharla gur cláraíodh an ATFC san Eoraip, scriosadh na focail ‘agus go dtí go gcláraítear an ATFC san Eoraip’.
|
☐ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
Teideal
Na príomhítimí atá le seiceáil
Tuairisc
Scriosadh na bpríomhítimí atá le seiceáil i ndáil leis na barúlacha maidir le dáileachtaí talún a shainaithint:
scriosadh an líne a thagraíonn do shainaithint dáileachta talún ón tábla ina dtaispeántar na príomhítimí atá le seiceáil i roinn 9, ‘Ceanglais náisiúnta’, den tsonraíocht táirge chun ailíniú a dhéanamh leis na leasuithe a rinneadh ar Roinn 3, ‘Limistéar geografach’.
|
☐ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
Teideal
Leasú eile
Tuairisc
Rinneadh leasuithe foirmiúla ar an doiciméad aonair i gcás an ATFC ‘Huile d’olive du Languedoc’, i bhfianaise na rialacha eagarthóireachta atá ann cheana maidir le doiciméid aonair.
Rinneadh na forálacha a bhaineann leis na cineálacha a úsáidtear chun an ola a chumasc, a áiríodh ar dtús i gcuid ‘3.3 Beatha (i gcás táirgí de bhunadh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)’ a bhogadh chuig cuid ‘4.2 Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe’.
|
☑ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
DOICIMÉAD AONAIR
Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta
‘Huile d’olive du Languedoc’
Uimhir thagartha AE: PDO-FR-2649-AM01 — 28.11.2025
1. Ainm (nó ainmneacha)
‘Huile d’olive du Languedoc’
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☑ |
ATFC |
|
☐ |
TGFC |
|
☐ |
TG |
3. Tír ar léi an limistéar geografach sainithe
An Fhrainc
4. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta
4.1. Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir leis an gceannteideal agus leis an gcód Ainmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143
15 SAILLTE AGUS OLAÍ AINMHÍOCHA, PLANDÚLA NÓ MIOCRÓBACHA AGUS A dTÁIRGÍ SCOILTE; SAILLTE INITE ULLMHAITHE; CÉARACHA PLANDÚLA NÓ AINMHÍOCHA
4.2. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe
Is ola olóige é ‘Huile d’olive du Languedoc’ a dhéantar as cineálacha éagsúla. Is é an cineál Lucques nó an cineál Olivière, nó meascán den dá chineál sin is mó a bhíonn ann. Bíonn níos lú ná 70 % nó cothrom le 70 % den dá chineál sin san ola.
Tá leibhéal torthaíochta ag ‘Huile d’olive du Languedoc’ atá níos mó ná 2 agus níos lú ná 5 as 10 ar scála orgánaileipteach na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa (CIO). Mionbholaithe trátaí agus almóinní is mó a bhíonn le brath ar dhea-bholaithe an táirge, ó thaobh bolaidh de agus sa bhéal, agus d’fhéadfadh dea-bholaithe úlla a bheith i gceist freisin.
Ar bhonn scála na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa, rangaítear a shearbhas idir 0 agus 3 as 10 agus bíonn a ghéire níos mó ná 1 agus níos lú ná 3 as 10.
Nuair a chuirtear ar an margadh í ar dtús, bíonn a cion saoraigéid, arna léiriú mar aigéad oiléach san ola a fhaightear, 0,8 % ar a mhéad, agus a luach sárocsaíde níos lú ná nó cothrom le 16 mhilleachoibhéis de shárocsaíd ocsaigine in aghaidh an chileagraim.
Ní mór na cineálacha Lucques agus Olivière a bheith in ar a laghad 50 % den chumasc agus
|
— |
ní féidir le cion an chineáil Lucques a bheith níos airde ná 70 % sa chumasc; |
|
— |
ní féidir le cion an chineáil Olivière a bheith níos airde ná 70 % sa chumasc. |
Ráthaítear saintréithe orgánaileipteacha sonracha an ATFC, ar choinníoll go mbíonn 50 % den chumasc ar a laghad comhdhéanta den chineál Lucques agus/nó den chineál Olivière.
4.3. Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le tásc geografach faoi chosaint agus sa chás sin amháin)
-
4.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór táirgeadh, buaint agus próiseáil na n-ológ a dhéanamh sa limistéar geografach.
4.5. Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
-
4.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
-
4.7. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is éard atá sa limistéar geografach críoch na mbardas seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2025 ón 1 Eanáir 2025.
Bardais a áirítear ina n-iomláine:
Aigues-Vives, Albas, Alet-les-Bains, Aragon, Argeliers, Argens-Minervois, Armissan, Arquettes-en-Val, Azille, Badens, Bages, Bagnoles, Barbaira, Berriac, Bizanet, Bize-Minervois, Blomac, Bouilhonnac, Bouriège, Boutenac, Cabrespine, Campagne-sur-Aude, Camplong-d’Aude, Canet, Capendu, Carcassonne, Cascastel-des-Corbières, Castelnau-d’Aude, Caunes-Minervois, Caunettes-en-Val, Cavanac, Caves, Cazilhac, Cépie, Citou, Comigne, Conilhac-Corbières, Conques-sur-Orbiel, Couffoulens, Couiza, Cournanel, Coursan, Coustouge, Cruscades, Cuxac-d’Aude, La Digne-d’Amont, La Digne-d’Aval, Douzens, Durban-Corbières, Embres-et-Castelmaure, Escales, Espéraza, Fabrezan, Félines-Termenès, Ferrals-les- Corbières, Feuilla, Fitou, Fleury, Floure, Fontcouverte, Fontiès-d’Aude, Fontjoncouse, Fournes-Cabardès, Fraissé-des-Corbières, Ginestas, Ginoles, Gruissan, Homps, Les Ilhes, Jonquières, Ladern-sur-Lauquet, Lagrasse, Lastours, Laure-Minervois, Lavalette, Leuc, Leucate, Lézignan-Corbières, Limousis, Limoux, Luc-sur-Aude, Luc-sur-Orbieu, Magrie, Mailhac, Malves-en-Minervois, Marcorignan, Marseillette, Mas-Cabardès, Mas-des-Cours, Mayronnes, Mirepeisset, Montazels, Montbrun-des-Corbières, Montirat, Montolieu, Montredon-des-Corbières, Montséret, Monze, Moussan, Moux, Narbonne, Névian, Ornaisons, Ouveillan, Palairac, Palaja, La Palme, Paraza, Paziols, Pépieux, Peyriac-de-Mer, Peyriac-Minervois, Pieusse, Pomas, Portel-des-Corbières, Port-la-Nouvelle, Pouzols-Minervois, Preixan, Puichéric, Quintillan, Raissac-d’Aude, La Redorte, Ribaute, Rieux-en-Val, Rieux-Minervois, Roquecourbe-Minervois, Roquefère, Roquefort-des-Corbières, Roubia, Rouffiac-d’Aude, Roullens, Rustiques, Saint-André-de- Roquelongue, Saint-Couat-d’Aude, Saint-Frichoux, Saint-Hilaire, Saint-Jean-de-Barrou, Saint-Laurent-de-la-Cabrerisse, Saint-Marcel-sur-Aude, Saint-Martin-des-Puits, Saint-Nazaire-d’Aude, Saint-Pierre-des-Champs, Sainte-Valière, Sallèles-Cabardès, Sallèles-d’Aude, Salles-d’Aude, Salsigne, Serviès-en-Val, Sigean, Talairan, Thézan-des-Corbières, Tournissan, Tourouzelle, Tourreilles, Trassanel, Trausse, Trèbes, Treilles, Tuchan, Val-de-Dagne, Val-du-Faby, Ventenac-en-Minervois, Verzeille, Villalier, Villanière, Villardonnel, Villarzel-Cabardès, Villedaigne, Villedubert, Villefloure, Villegailhenc, Villegly, Villemoustaussou, Villeneuve-les-Corbières, Villeneuve-Minervois, Villerouge-Termenès, Villesèque-des- Corbières agus Vinassan.
Is iad a leanas na bardais a áirítear i bpáirt:
Quillan (don pháirt a chomhfhreagraíonn do chríoch d’iarbhardas Quillan), agus Roquetaillade-et-Conilhac (don pháirt a chomhfhreagraíonn do chríoch bhardas tarmligthe Roquetaillade).
Bardais a áirítear ina n-iomláine:
Abeilhan, Adissan, Agde, Agel, Agonès, Aigne, Aigues-Vives, Les Aires, Alignan-du-Vent, Aniane, Arboras, Argelliers, Aspiran, Assignan, Aumelas, Aumes, Autignac, Azillanet, Babeau-Bouldoux, Balaruc-les-Bains, Balaruc-le-Vieux, Bassan, Beaufort, Bédarieux, Bélarga, Berlou, Bessan, Béziers, La Boissière, Le Bosc, Boujan-sur-Libron, Le Bousquet-d’Orb, Bouzigues, Brenas, Brignac, Brissac, Cabrerolles, Cabrières, Campagnan, Candillargues, Canet, Capestang, Carlencas-et-Levas, Castelnau-de-Guers, Castelnau-le-Lez, La Caunette, Causse-de-la-Selle, Causses-et-Veyran, Caussiniojouls, Caux, Cazedarnes, Cazilhac, Cazouls-d’Hérault, Cazouls-lès-Béziers, Cébazan, Celles, Cers, Cessenon-sur-Orb, Cesseras, Ceyras, Clapiers, Clermont-l’Hérault, Colombières-sur-Orb, Colombiers, Combaillaux, Corneilhan, Coulobres, Cournonsec, Cournonterral, Creissan, Le Crès, Cruzy, Espondeilhan, Fabrègues, Faugères, Félines-Minervois, Florensac, Fontès, Fos, Fouzilhon, Fozières, Frontignan, Gabian, Ganges, Gigean, Gignac, Grabels, Hérépian, Jacou, Jonquières, Juvignac, Lacoste, Lagamas, Lamalou-les- Bains, Lansargues, Laroque, Lattes, Laurens, Lauroux, Lavalette, Lavérune, Lespignan, Lézignan-la-Cèbe, Liausson, Lieuran-Cabrières, Lieuran-lès-Béziers, Lignan-sur-Orb, La Livinière, Lodève, Loupian, Lunas-les-Châteaux, Magalas, Maraussan, Margon, Marseillan, Mauguio, Maureilhan, Mérifons, Mèze, Minerve, Mireval, Mons, Montady, Montagnac, Montarnaud, Montbazin, Montblanc, Montels, Montesquieu, Montferrier-sur-Lez, Montouliers, Montpellier, Montpeyroux, Mourèze, Mudaison, Murles, Murviel-lès-Béziers, Murviel-lès-Montpellier, Nébian, Neffiès, Nézignan-l’Évêque, Nissan-lez-Enserune, Nizas, Octon, Olargues, Olmet-et-Villecun, Olonzac, Oupia, Pailhès, Paulhan, Pégairolles-de-Buèges, Pégairolles-de-l’Escalette, Péret, Pérols, Pézenas, Pézènes-les-Mines, Pierrerue, Pignan, Pinet, Plaissan, Poilhes, Pomérols, Popian, Portiragnes, Le Pouget, Le Poujol-sur-Orb, Poujols, Poussan, Pouzolles, Pouzols, Prades-le-Lez, Prades-sur-Vernazobre, Prémian, Le Puech, Puéchabon, Puilacher, Puimisson, Puissalicon, Puisserguier, Quarante, Roquebrun, Roquessels, Roujan, Saint-André-de-Buèges, Saint-André-de-Sangonis, Saint-Aunès, Saint-Bauzille-de-la-Sylve, Saint-Bauzille-de-Putois, Saint-Chinian, Saint-Clément-de-Rivière, Saint-Étienne- d’Albagnan, Saint-Étienne-de-Gourgas, Saint-Félix-de-Lodez, Saint-Gély-du-Fesc, Saint-Geniès-de-Fontedit, Saint-Georges-d’Orques, Saint-Guilhem-le-Désert, Saint-Guiraud, Saint-Jean-de-Buèges, Saint-Jean-de-Fos, Saint-Jean-de-la-Blaquière, Saint-Jean-de-Minervois, Saint-Jean-de-Védas, Saint-Julien, Saint-Just, Saint-Martin-de-l’Arçon, Saint-Nazaire-de-Ladarez, Saint-Nazaire-de-Pézan, Saint-Pargoire, Saint-Paul-et-Valmalle, Saint-Pons-de-Mauchiens, Saint-Privat, Saint-Saturnin-de-Lucian, Saint-Thibéry, Saint-Vincent-d’Olargues, Salasc, Saussan, Sauvian, Sérignan, Servian, Siran, Soubès, Soumont, Teyran, Thézan-lès-Béziers, Tourbes, La Tour-sur-Orb, Tressan, Le Triadou, Usclas-d’Hérault, Usclas-du-Bosc, Vailhan, Vailhauquès, Valmascle, Valros, Vendargues, Vendémian, Vendres, Vias, Vic-la-Gardiole, Vieussan, Villemagne-l’Argentière, Villeneuve-lès-Béziers, Villeneuve-lès-Maguelone, Villeneuvette, Villespassans, Villeveyrac, Viols-en-Laval agus Viols-le-Fort.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Achoimre ar an nasc
Tosca nádúrtha
Tá oirdheisceart an limistéir gheografaigh ‘Huile d’olive du Languedoc’ le taobh na farraige, agus tá cnoic na sléibhte thuaidh ar theorainn an tuaiscirt agus an iarthair: Causses, Caroux, Espinouse agus Montagne Noire. Tá an t-imeall sin briste suas de bharr na ngleannta trinsithe, agus sreabhann a sceithbhealaí chuig an Meánmhuir tar éis dóibh má Languedoc a thrasnú. Tá éagsúlacht ann ó thaobh carraigeacha: carraigeacha aolchloiche limistéar Causses agus carraigeacha na seanmhasaífí (carraigeacha criostalta agus meiteamorfacha) ar na masaífí eile. Tá na garráin ológ suite ar thaobhanna grianmhara na ngleannta sin.
Tá an chuid atá ar mhá Languedoc éagsúil ó thaobh rilífe de, idir cnoic agus ardchláir bheaga aolchloiche. Is minic sil-leagan snaíochair agus mínsceallacháin a bheith ag bun na scairpeanna. Mar gheall ar na sil-leagain sin atá lán le gairbhéil bíonn an talamh an-oiriúnach chun crainn ológ a fhás.
San iardheisceart, tá an Masaíf Corbières an-ilroinnte. Foirmithe as barraí aolchloiche a mhalartaíonn le habhantracha beaga a bhíonn sínte amach go minic, forbartha ina marla agus ina luí idir fánaí atá lán le gairbhéil, tá an limistéar sin fabhrach do chrainn ológ a fhás.
Tairbhíonn an limistéar geografach d’Aeráid na Meánmhara: ní bhíonn mórán laethanta báistí ann a fhágann go scalann an ghrian ann ar feadh idir 2 500 agus 2 900 uair an chloig in aghaidh na bliana, líon uaireanta nach beag, agus go mbíonn triomach dian a bheag nó a mhór ann sa samhradh. Tá iarmhairtí ag an meascán sin de thosca, mar aon le líon mór laethanta gaoithe airde a b’fhéadfadh gur séideán gaoithe láidre iad, do na speicis a chuirtear, ar gá saintréithe na Meánmhara a bheith iontu. Ní mór dóibh a bheith in ann triomach a sheasamh, uisce a stóráil ina gcodanna fásúla agus a ráta fáis a oiriúnú do shéasúir na báistí (san fhómhar agus san earrach), mar is amhlaidh an cás leis an gcrann ológ.
Sa limistéar sin, seasann dhá chineál amach go háirithe. Fástar an cineál Lucques go sonrach ag airdí nach sáraíonn 300 m go minic in ithreacha a bhíonn scagach ach nach mbíonn an-hidreamorfach. Is fearr a fhásann an cineál sin ar fhánaí measartha grianmhara a bhfuil a n-aghaidh ó dheas. D’fhéadfadh sé fás go maith freisin ar fhána a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh, ar choinníoll go bhfuil an talamh an-fhabhrach, nó fiú i seanghoirt i rónna dea-nochta. Tá an cineál Olivière oiriúnach don ithir agus do na dálaí aeráide céanna atá ag an gcineál Lucques, agus go stairiúil rinneadh é a shaothrú sna ranna Aude agus Hérault.
Tosca daonna
Thosaigh scaipeadh an chrainn ológ (mar chuid de thrí bharr na Meánmhara, is iad sin gráin, fíonchaora, agus ológa) ar fud Languedoc ar fad beagnach i lár an 10ú céad, scaipeadh a lean ar aghaidh go dtí an réabhlóid thionsclaíoch.
I dtús an 20ú céad, chuir titim i ndíolachán fíona brú ar an rialtas saothrú ológ a spreagadh. Gluaiseacht chomharchumainn, agus í bunaithe ar an tsamhail fíonsaothraithe, a forbraíodh chun muilte ola a nuachóiriú (bunaíodh muileann ola comharchumainn L’Oulibo in Bize-Minervois in 1942; rinneadh muileann ola comharchumainn Clérmont-l’Hérault a bunaíodh in 1920 a athbhunú, mar a tharla i gcás mhuileann ola comharchumainn Pignan).
Idir 1945 agus 1954, tháirg Languedoc-Roussillon 24 % de na hológa intíre a fásadh chun ola a tháirgeadh, i.e. meánlíon de 6 400 tona in aghaidh na bliana. In 1954, tháirg an réigiún 10 155 thona ológ a fásadh le haghaidh ola, is é sin níos mó ná 31 % den aschur intíre. Roimh an ‘reo mór’ in 1956, bhí 150 muileann ola in Languedoc.
I ndiaidh an reo mhóir, ní raibh ach thart ar 10 gcinn acu fós i mbun oibre. D’aistrigh cuid eile díobh chuig trádáil i dtáirgí ológ eachtrach. Níl ach comharchumann amháin fós in Hérault: an comharchumann Clermont l’Hérault. Thit táirgeadh ológ go dtí 80 tona in Hérault in 1956.
A bhuí leis an tsuim mhór in ola olóige chomh maith leis an tacaíocht theicniúil ó chomhlachtaí taighde agus eagraíochtaí gairmiúla, bhíothas in ann an saothrú traidisiúnta a thosú arís, agus tháinig fás ológ chun bheith ina ghairm ó na 1980í.
Mar gheall ar an ngairmiúlacht sin tháinig feabhas ar chleachtais saothraithe ológ, ar roghnú dáileachtaí talún oiriúnacha, ar uisciú a fhorbairt, ar phrúnáil thráthrialta na gcrann ológ, agus ar an gcaoi sin cuireadh feabhas ar an táirgeacht in aghaidh an heicteáir, agus caomhnaíodh saineolas na dtáirgeoirí an tráth céanna.
Léirítear an saineolas sin ar roinnt bealaí:
|
— |
úsáid den chuid is mó de dhá chineál atá an-oiriúnach go háirithe do dhálaí an limistéir gheografaigh, is iad sin na cineálacha Lucques agus Olivière, arb iad 60 % ar a laghad de chineálacha goirt ológ; |
|
— |
an aire a thugtar do bhuaint na n-ológ, ag baint torthaí sláintiúla, agus sin amháin, de na crainn, nuair a bhíonn siad sách aibí ach gan bheith ró-aibí (buantar na hológa nuair a athraíonn dath 40-70 % de na hológa ó ghlas go buí); |
|
— |
na meán-amanna buainte agus brúite, ag brath ar leibhéal aibíochta na n-ológ a bhuantar; |
|
— |
na próisis bhrúite a bhíonn meicniúil amháin, a urramaíonn saintréithe an amhábhair. |
Tháinig sainiúlacht ‘Huile d’olive du Languedoc’ chun cinn mar gheall ar chumasc na gcineálacha, agus ceann amháin ar a laghad de na príomhchineálacha ann agus tromlach de ann, i.e. Lucques agus Olivière, ar féidir iad a chumasc, in éineacht le seanchineálacha agus cineálacha traidisiúnta áitiúla. Saintréith de is ea flúirse mhór dea-bholaithe trátaí agus almóinní, a bhféadfadh dea-bholaithe úll a bheith in éineacht leo.
Bíonn na dea-bholaithe sin go mór chun cinn sa limistéar geografach mar gheall ar na cineálacha a úsáidtear, na cleachtais bhuainte (torthaí measartha aibí), agus an tréimhse nach mó ná 8 lá idir buaint agus brú. Déantar na dea-bholaithe sin a chomhlánú go réidh le mionbholaithe scothghlasa a thugtar leis na cineálacha tánaisteacha ológ a úsáidtear.
Tá searbhas séimh agus géire mheasartha san ola.
Bíonn saintréithe an terroir in ‘Huile d’olive du Languedoc’. Dá réir sin, is mar thoradh ar a leanas saintréithe sonracha ‘Huile d’olive du Languedoc’:
|
— |
oiriúint na gcineálacha do dhálaí an limistéir gheografaigh, go háirithe maidir leis an dá phríomhchineál, Lucques agus Olivière, nár fásadh san aimsir a caitheadh i gcainníochtaí móra ach i Languedoc, agus i roinnt codanna de Roussillon do chineál Olivière. Ar thailte agus in aeráid Languedoc amháin a léirítear go hiomlán na cineálacha sin. Gné ar leith a chuidíonn le ‘Huile d’olive du Languedoc’ is ea í an ghaoth in Languedoc, is í sin an Mistral anoir aduaidh agus an Tramontane aniar aduaidh, atá teoranta den chuid is mó d’iarthar Hérault. Tá an-tábhacht ag baint le teaglaim an dá ghaoth sin toisc go réitíonn siad an leochaileacht a bhaineann leis an tréimhse phailnithe an-ghearr ar fad le haghaidh an chineáil Lucques. Ina theannta sin, treisíonn an líon mhór laethanta gaoithe láidre an éifeacht triomaigh sa samhradh agus sa gheimhreadh agus athnuaitear leo an t-atmaisféar comhthimpeallach sa gheimhreadh. Bíonn sioc amach sa bhliain i mí Márta go dtí mí Aibreáin go háirithe i gceantair ina mbíonn an ithir fuar mar gheall ar an bhfeiniméan sin a bhaineann go sonrach leis an Languedoc. Tá an cineál Olivière, atá frithsheasmhach in aghaidh an fhuachta an-oiriúnach do na saintréithe aeráide sin |
|
— |
an aire a thugann saothróirí ológ a rinne, ó tháirgeadh go dtí próiseáil, a gcleachtais a oiriúnú do na cineálacha, trí:
|
Leis na gnéithe comhcheangailte sin uile is féidir ola a tháirgeadh a bhfuil clú uirthi mar gheall ar an gcáilíocht torthaíochta atá aici.
Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/historique/annee-2025/semaine-39
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1378/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)