Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0550

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh cinnidh chun Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a leasú

COM/2026/550 final

An Bhruiséil,15.10.2026

COM(2026) 550 final

2026/0315(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh cinnidh chun Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a leasú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Tá an Coimisiún ag moladh go leagfaidh an Chomhairle síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’) 1 , faoi ghlacadh cinnidh ón gCoiste Speisialaithe sin chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair (an ‘Prótacal’).

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos an bunús le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus tá forálacha ann maidir le comhordú córas slándála sóisialta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021 tar éis é a bheith á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann.

2.2.An Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta

Bunaíodh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta (‘an Coiste Speisialaithe’) faoi Airteagal 8(1)(p) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. In Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos rialacha nós imeachta na gCoistí Speisialaithe. Leagtar síos cúraimí an Choiste Speisialaithe in Airteagal 8(4) den Chomhaontú agus airítear leo:

·Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme mar is ceart é,

·Cinntí agus moltaí a ghlacadh, lena n‑áirítear leasuithe ar an gComhaontú sna cásanna dá bhforáiltear ann,

·Saincheisteanna teicniúla a phlé a thiocfadh as cur chun feidhme an Chomhaontaithe.

I gcomhréir le hAirteagal 8(5) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bíonn ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Choiste Speisialaithe. De bhun Airteagal 10(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, glacann sé cinntí agus déanann sé moltaí de chomhthoil.

2.3.Gníomh beartaithe an Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta

De bhun Airteagal SSC.68 den Phrótacal, féadfaidh an Coiste Speisialaithe na hIarscríbhinní agus na Foscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal a leasú. Tá an Coiste Speisialaithe le cinneadh a ghlacadh maidir le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Iarscríbhinn SSC-7 a leasú chun Airteagal nua SSCI.17a a thabhairt isteach, chun an deis a thabhairt do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun maolú a dhéanamh, i dtacar teoranta cúinsí réamhshainithe i gcásanna aonair agus sna cásanna sin amháin agus chun leas na ndaoine lena mbaineann, ar na rialacha maidir leis an reachtaíocht is infheidhme de bhun an Phrótacail. Ní leasaítear eilimintí bunriachtanacha an Phrótacail leis an ngníomh atá beartaithe.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ina bhforáiltear an méid seo a leanas: ‘Na cinntí a ghlacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta, nó, de réir mar a bheidh, Coiste, beidh siad ina gceangal ar na Páirtithe agus ar na comhlachtaí uile arna mbunú faoin gComhaontú seo agus faoi aon chomhaontú forlíontach, lena n‑áirítear an binse eadrána dá dtagraítear i dTeideal I de Chuid 6. […]”. I gcomhréir le Riail 9(3) d’Iarscríbhinn 1 maidir le Rialacha nós imeachta na Comhairle Comhpháirtíochta agus na gCoistí, sonrófar sna cinntí a ghlacfaidh an Coiste Speisialaithe an dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.    Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le comhordú slándála sóisialta

In Iarscríbhinn SSC-7 (‘An Chuid Cur Chun Feidhme’) a ghabhann leis an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, leagtar síos an nós imeachta chun an Prótacal a chur chun feidhme. Moltar Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a leasú chun Airteagal nua a thabhairt isteach a bhaineann le deis a thabhairt do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun maolú a dhéanamh (‘comhaontuithe maolaithe’), i dtacar teoranta cúinsí réamhshainithe i gcásanna aonair sonracha agus sna cásanna sin amháin agus chun leas na ndaoine lena mbaineann, ar na rialacha maidir leis an reachtaíocht is infheidhme de bhun an Phrótacail.. Tá an fhéidearthacht maidir leis na comhaontuithe maolaithe sin le tabhairt isteach le haghaidh tacar teoranta cúinsí réamhshainithe amháin, is iad sin:

–Chun an uastréimhse dí-astaithe a leagtar síos leis an bPrótacal a shárú suas le 12 mhí i gceann de na cásanna seo a leanas: in imthosca eisceachtúla nárbh fhéidir a thuar ag tús an dí-astaithe; chun athrú ar an reachtaíocht is infheidhme a sheachaint a mbeadh éifeachtaí díobhálacha aige ar chearta pinsin an duine lena mbaineann; nó i gcás aistrithe ionchorparáide bainisteoirí agus speisialtóirí de réir bhrí Airteagal 141 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

–Chun athrú ar an reachtaíocht is infheidhme a sheachaint i gcás ina mbeadh éifeachtaí díobhálacha aige mar gheall ar staid sláinte an duine lena mbaineann nó duine dá theaghlach.

–I gcás ina mbeadh torthaí aimhrialta, éagóracha nó éigearta ann do staid aonair an duine lena mbaineann mar thoradh ar Airteagail SSC.10 go SSC.12 den Phrótacal a chur i bhfeidhm.

–Chun staideanna a thabhairt chun rialtachta, maidir le staid aonair an duine lena mbaineann, i gcás inar cinneadh an reachtaíocht is infheidhme go mícheart agus ina ndéanfadh athruithe cúlghabhálacha ar an reachtaíocht is infheidhme dochar don duine nó don chatagóir daoine lena mbaineann.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

Is comhlacht é an Coiste Speisialaithe a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Comhaontú Trádála agus Comhair.

Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh a n‑iarrtar ar an gCoiste Speisialaithe é a ghlacadh, toisc go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige ar an Aontas faoin gComhaontú Trádála agus Comhair. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

Leis an gníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta chun an deis a thabhairt do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun maolú a dhéanamh, i dtacar teoranta cúinsí réamhshainithe i gcásanna aonair sonracha agus sna cásanna sin amháin agus chun leas na ndaoine lena mbaineann, ar na rialacha maidir leis an reachtaíocht is infheidhme de bhun an Phrótacail.

Leis an ngníomh atá beartaithe saothraítear cuspóirí i réimse an chomhordaithe slándála sóisialta.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 48 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 48 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é, leis an gcinneadh ón gCoiste Speisialaithe, go ndéanfar leasú ar Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2026/0315 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh cinnidh chun Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile 2 (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), thug an tAontas i gcrích é trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle 3 .

(2)De bhun Airteagal 778(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, is cuid dhílis den Chomhaontú sin na Prótacail agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis. I gcomhréir le hAirteagal 783(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ón dáta ónar cuireadh an Comhaontú sin i bhfeidhm go sealadach ar aghaidh, tá tagairtí do dháta a theacht i bhfeidhm le tuiscint mar thagairtí don dáta ónar cuireadh i bhfeidhm go sealadach é.

(3)Le hAirteagal 8(4)(c) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cumhachtaítear don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta (an ‘Coiste Speisialaithe’) cinntí, lena n‑áirítear leasuithe, agus moltaí a ghlacadh i leith na n‑ábhar uile i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Chomhaontú sin. De bhun Airteagal SSC.68 den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair (an ‘Prótacal’), féadfaidh an Coiste Speisialaithe leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní agus ar na Foscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal. I gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá na cinntí a ghlacann an Coiste Speisialaithe ina gceangal ar na Páirtithe.

(4)Tá sé beartaithe ag an gCoiste Speisialaithe cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal SSC.68 den Phrótacal chun Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal a leasú chun an deis a thabhairt do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun maolú a dhéanamh, i dtacar teoranta cúinsí réamhshainithe i gcásanna aonair sonracha agus sna cásanna sin amháin agus chun leas na ndaoine lena mbaineann, ar na rialacha maidir leis an reachtaíocht is infheidhme de bhun an Phrótacail. Má ghlactar an cinneadh atá beartaithe ón gCoiste Speisialaithe, beidh éifeachtaí dlíthiúla aige ar an Aontas.

(5)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh sa Choiste Speisialaithe maidir leis an leasú ar Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal a leagan síos.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú le hAirteagal 8(1)(p) den Chomhaontú Trádála agus Comhair (an ‘Coiste Speisialaithe’), bunófar é ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar an seasamh a leagtar amach sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.
(2)    IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.
(3)    Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).
Top

An Bhruiséil,15.10.2026

COM(2026) 550 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh cinnidh chun Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a leasú


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. […]/2026 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM CHOMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(p) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,

an [dáta]

a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta

TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM CHOMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile 1 (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal SSC.68 dá Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De bhun Airteagal SSC.68 den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair (an ‘Prótacal’), féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta (an ‘Coiste Speisialaithe’) leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní agus na Foscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal.

(2)Ba cheart Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis an bPrótacal a leasú chun Airteagal nua SSCI.17A a thabhairt isteach, chun an deis a thabhairt do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun maolú a dhéanamh, i dtacar teoranta cúinsí réamhshainithe i gcásanna aonair sonracha agus sna cásanna sin amháin agus chun leas na ndaoine lena mbaineann, ar na rialacha maidir leis an reachtaíocht is infheidhme de bhun an Phrótacail. Liostófaí in Airteagal SSCI.17a nua na cúinsí féideartha uile le haghaidh maoluithe.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tar éis Airteagal SSCI.17 (Comhar idir institiúidí) d’Iarscríbhinn SSC-7 (An Chuid Cur Chun Feidhme) a ghabhann leis an bPrótacal, cuirtear an t‑airteagal nua seo a leanas isteach:

‘Airteagal SSCI.17a

Comhar idir institiúidí chun leas na ndaoine lena mbaineann

1. Dhá Stát nó níos mó ná sin, údaráis inniúla na Stát sin nó na comhlachtaí arna n‑ainmniú ag na húdaráis sin, féadfaidh siad foráil a dhéanamh, trí bhíthin comhaontú coiteann, maidir le heisceachtaí ó Airteagail SSC.10 go SSC.12 den Phrótacal seo chun leasa daoine áirithe nó catagóirí áirithe daoine sna cásanna seo a leanas:

(a) chun an uastréimhse scoite a leagtar síos in Airteagal SSC.11(1) den Phrótacal a shárú suas le 12 mhí i gceann de na cásanna seo a leanas:

(i) in imthosca eisceachtúla nárbh fhéidir a thuar ag tús an scoite;

(ii) i gcás ina mbeadh éifeachtaí díobhálacha ag athrú ar an reachtaíocht is infheidhme ar chearta pinsin an duine lena mbaineann;

(iii) i gcás aistrithe ionchorparáide bainisteoirí agus speisialtóirí de réir bhrí Airteagal 141 den Chomhaontú seo.

(b) chun athrú ar an reachtaíocht is infheidhme a sheachaint i gcás ina mbeadh éifeachtaí díobhálacha aige mar gheall ar staid sláinte an duine lena mbaineann nó duine dá theaghlach.

(c) i gcás ina mbeadh torthaí aimhrialta, éagóracha nó éigearta ann do staid aonair an duine lena mbaineann mar thoradh ar Airteagail SSC.10 go SSC.12 den Phrótacal a chur i bhfeidhm.

(d) chun staideanna a thabhairt chun rialtachta, maidir le staid aonair an duine lena mbaineann, i gcás inar cinneadh an reachtaíocht is infheidhme go mícheart agus ina ndéanfadh athruithe cúlghabhálacha ar an reachtaíocht is infheidhme dochar don duine nó don chatagóir daoine lena mbaineann.

Ní úsáidfear na heisceachtaí faoi phointí (b) agus (c) mar mhodh chun síneadh a chur le tréimhse scoite an duine lena mbaineann agus chun na críche sin amháin.

2. Iarraidh ón bhfostóir nó ón duine lena mbaineann ar eisceachtaí ó Airteagail SSC.10 go SSC.12 den Phrótacal seo, cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an údaráis inniúil nó an chomhlachta arna ainmniú ag údarás inniúil an Stáit arb í a reachtaíocht a iarrann an fostóir nó an duine lena mbaineann a chur i bhfeidhm.

3. Institiúid inniúil an Stáit arb í a reachtaíocht is infheidhme de bhun an Airteagail seo, soláthróidh sí don duine lena mbaineann fianú go bhfuil reachtaíocht an Stáit sin infheidhme ina leith agus cuirfidh sí in iúl an tréimhse ina mbeidh feidhm ag an reachtaíocht sin maidir leis an duine lena mbaineann agus na coinníollacha faoina mbeidh feidhm aici maidir leis an duine lena mbaineann.

4. Tiomsóidh na húdaráis inniúla staidreamh faoi chur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo agus cuirfidh siad chuig Rúnaíocht an Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta ag deireadh gach bliana tagartha iad.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain,

Thar ceann an Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta

Antoine KASEL

[Ainm stiúrthóir nua na Roinne Saothair agus Pinsin]

(1)    IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.
Top