Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0413

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (leagan códaithe)

COM/2026/413 final

An Bhruiséil,29.7.2026

COM(2026) 413 final

2026/0229(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (leagan códaithe)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos soaimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu.

Ní féidir an aidhm seo a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.

Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.

2.Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987 1 treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.

3.Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) 2 agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.

Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú idirinstitiúideach dar dáta an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear.

4.Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme 3 . Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann 4 ; caomhnaítear go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na hoiriúnuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin a dhéanamh.

5.Rinneadh an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh-chomhdhlúthú, sna teangacha oifigiúla go léir, ar Rialachán. (CE) Uimh. 1217/2009 agus ar na hionstraimí lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán códaithe.

🡻 2674/2023 Airt. 1.1

2026/0229 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (leagan códaithe)

🡻 1217/2009 (oiriúnaithe)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh  ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , agus go háirithe Airteagal  43 , an an dara mhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

🡻 

(1)Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle 6  a leasú go suntasach roinnt uaireanta 7 . Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

🡻 2023/2674 Aithris 1 (oiriúnaithe)

(2)Tá gá le faisnéis atá oibiachtúil, cothrom le dáta agus ábhartha maidir le feidhmíocht agus inbhuanaitheacht gabháltas san Aontas chun anailís agus forbairt a dhéanamh ar earnáil talmhaíochta an Aontais agus ar an gcomhbheartas talmhaíochta.

🡻 2023/2674 Aithris 3 (oiriúnaithe)

(3) Ba chóir don Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (LSIF),  sonraí ar leibhéal na feirme maidir le hinbhuanaitheacht a bhailiú. Cuirfidh an tiontú ar chumas an líonra sonraí thiontaithe sin tacú le beartais atá bunaithe ar fhianaise agus ar fheidhmíocht a fhorbairt, chomh maith leis an anailís ar earnálacha talmhaíochta sna Ballstáit  aonair Õ agus san Aontas ina iomláine, rud a dhéanfaidh an dul chun cinn a thomhas agus treoir luachmhar a sholáthar do lucht ceaptha beartas.  Ba chóir don LSIF cur leis an anailís ar na gnéithe feabhsaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) Õ, le feabhas a chur ar sheirbhísí comhairleacha d’fheirmeoirí agus le feidhmíocht feirme a thagarmharcáil, agus le trédhearcacht agus cothroime shlabhra an tsoláthair agraibhia.

🡻 2023/2674 Aithris 4 (oiriúnaithe)

(4)Chun bunús a chur le cuspóirí CBT a leagtar amach in Airteagal 39 den Chonradh, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh an tAontas aghaidh go leormhaith ar na dúshláin atá roimhe faoi láthair agus a bheidh roimhe amach anseo, is iomchuí na trí ghné d’inbhuanaitheacht thalmhaíocht an Aontais a chumhdach, eadhon na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta, go háirithe mar a fhoráiltear in Airteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  8 . De bhun Airteagal 11  den Chonradh, ba chóir Õ sonraí a bhaineann le cosaint an chomhshaoil le comhtháthú in LSIF chun rannchuidiú le measúnú a dhéanamh ar ghnéithe breise a bhaineann le hinbhuanaitheacht thalmhaíocht an Aontais. Thairis sin, chun an nasc le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a neartú, ba cheart creat Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe le haghaidh inbhuanaitheacht na ngabháltas a chur san áireamh i dtéarmaí  na Õ trí phríomhghné: an ghné eacnamaíoch, an ghné chomhshaoil agus an ghné shóisialta.

🡻 2023/2674 Aithris 5

(5)Ní féidir na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach ach amháin trí bhíthin líonra de chuid an Aontais chun sonraí inbhuanaitheachta feirme a bhailiú, eadhon LSIF, bunaithe ar bhailitheoirí sonraí atá ann cheana i ngach Ballstát agus a bhaineann tairbhe as muinín na bpáirtithe lena mbaineann.

🡻 2023/2674 Aithris 6 (oiriúnaithe)

(6)Tá gá, áfach, le measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fhoriomlán gabháltas, lena n-áirítear ar bhonn sonraí comhshaoil atá nasctha le hithir, aer, uisce agus leis an mbithéagsúlacht, chomh maith le sonraí lena gcumhdaítear gné shóisialta na feirmeoireachta, agus aird ar leith á tabhairt ar staid na mban agus na ndaoine óga ar feirmeoirí agus oibrithe feirme iad. Is iomchuí na príomhchatagóirí sonraí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a  leagtar síos in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo Õ, agus laistigh de na catagóirí sin, na topaicí sonraí gaolmhara ar féidir iad a bhailiú agus a thiomsú in LSIF. Ba cheart na topaicí sonraí a nascadh le riachtanais CBT agus a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht thalmhaíocht agus ghabháltais an Aontais. Chun na dúshláin inbhuanaitheachta a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290  den Chonradh  a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an iarscríbhinn sin a leasú, lena n-áirítear trí thopaicí a mhodhnú agus cinn nua a chur léi, agus ábharthacht na sonraí atá le bailiú agus le tiomsú agus an t-ualach riaracháin ar údaráis náisiúnta agus ar ghabháltais á gcur san áireamh ag an am céanna. Thairis sin, agus ábhair nua á gcur léi, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le tréimhse íosta bliana amháin ar a laghad sula gcuirfear an gníomh cur chun feidhme gaolmhar maidir le hathróga i bhfeidhm, chun go leor ama a thabhairt do na Ballstáit an bailiúchán sonraí a ullmhú.

🡻 2023/2674 Aithris 7 (oiriúnaithe)

(7)Chun cur síos a dhéanamh ar ghné shóisialta na hinbhuanaitheachta, is gá cineálacha áirithe sonraí pearsanta de dhaoine atá ag obair san earnáil talmhaíochta a thiomsú. Ba cheart, le faisnéis den sórt sin, tacú leis an anailís ar thopaicí a bhaineann le cuspóirí sonracha CBT faoi Airteagal 6(1), pointí (g) agus (h), de Rialachán (AE) 2021/2115. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin a theorannú do na catagóirí sonraí a bhfuil fíorghá leo chun críocha , arna leasú leis an Rialachán seo, a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  9 ,  agus  go háirithe Airteagal 9(1) de,  chomh maith le  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  10 ,  agus  go háirithe Airteagal 10(1) de.

🡻 2023/2674 Aithris 8 (oiriúnaithe)

(8)Ba cheart don Choimisiún torthaí na n-anailísí ar staid inbhuanaitheacht talmhaíochta an Aontais a fhoilsiú, go háirithe chun a fhágáil gur féidir na torthaí sin a úsáid chun críocha tagarmharcála. Is féidir le seirbhísí comhairleacha a sholáthraítear do ghabháltais tuairisceáin atá bunaithe ar shonraí LSIF a bheith luachmhar agus dreasacht shuntasach a thabhairt, dá bhrí sin, chun bheith rannpháirteach in LSIF ar choinníoll go bhfuil an chomhairle bunaithe ar shonraí atá ábhartha agus a fuarthas le fíorghairid a mhéid is féidir, lena gcuirtear forbairtí eolaíochtbhunaithe agus an t-eolas is déanaí atá ar fáil maidir le dea-chleachtais san áireamh. Ba cheart go bhfónfadh scaipeadh sonraí comhiomlánaithe LSIF a bhaineann le topaicí comhshaoil a leagtar amach i arna leasú leis an Rialachán seo, faoi na coinníollacha a leagtar síos iontu, chun faisnéis ar an gcomhshaol a scaipeadh go gníomhach agus go córasach ar an bpobal, rud a cheanglaítear le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  11  agus le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  12 .

🡻 2023/2674 Aithris 9 (oiriúnaithe)

(9) Foráiltear i Rialacháin  (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  13  agus, de Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  14 ,  go bhféadfaidh  na mBallstát foinsí eile a úsáid le haghaidh suirbhéanna staidrimh. Tagraítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  15  d’úsáid sonraí  LSCF (Líonra Sonraí Cuntasaíochta Feirme) . Bunaithe ar na roghanna sin agus chun sonraí a athúsáid agus  éifeachtúlacht fheabsaithe  a ghnóthú, tá sé úsáideach cead a thabhairt do na Ballstáit sonraí LSIF a úsáid chun críocha staidrimh.

🡻 1217/2009 Aithris 4 (oiriúnaithe)

(10)Ba cheart na sonraí a bhailítear a fháil ó ghabháltais talmhaíochta a roghnaítear go speisialta agus go hiomchuí i gcomhréir le rialacha comhchoiteanna agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhíorais infhíoraithe. Ba cheart na sonraí sin a bheith ina léiriú ar dhálaí teicniúla, eacnamaíocha agus sóisialta na ngabháltas lena mbaineann,  a bhailiú ó ghabháltais aonair, a bheith ar fáil chomh tapa agus is féidir, iad a bheith bunaithe ar shainmhínithe aonfhoirmeacha, a chur i láthair i bhfoirm choiteann agus a bheith inúsáidte i go leanúnach agus go mionsonraithe  ag an gCoimisiún.

🡻 1217/2009 Aithris 6 (oiriúnaithe)

(11)Chun torthaí cuntasaíochta a fháil atá  sách aonchineálach go leor ar leibhéal an Aontaisba cheart na gabháltais chuntasaíochta a a aicmiú sna rannáin éagsúla agus ar na catagóirí éagsúla gabháltas ar bhonn srathaithe ar raon an tsuirbhé bunaithe ar thíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1242/2008 16  ón gCoimisiún an lena mbunaítear tíopeolaíocht an Aontais , do ghabháltais talmhaíochta.

🡻 1217/2009 Aithris 7 (oiriúnaithe)

(12)Ba cheart deighiltí an líonra sonraí a bheith comhionann, a mhéid is féidir, leis na cinn a úsáidtear chun sonraí réigiúnacha eile a chur i láthair, ar sonraí iad atá riachtanach chun treoirlínte a sholáthar don  CBT  .

🡻 2023/2674 Aithris 11

(13)Ba cheart do na Ballstáit nó d’údaráis náisiúnta fhreagracha féachaint le modhanna bailithe sonraí a nuachóiriú a mhéid is féidir. Thairis sin, is gá sonraí comhchuibhithe a bhailiú agus dúbláil sonraí atá bailithe cheana a sheachaint, mar shampla, trí staidreamh maidir le hionchur agus aschur talmhaíochta nó maidir le CBT. Chun an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí agus ar bhailitheoirí sonraí a laghdú, cleachtas arb é is aidhm dó dúbláil iarrataí ar shonraí agus dúbláil bailithe sonraí a sheachaint agus tacar sonraí LSIF a shaibhriú, ba cheart an prionsabal ‘sonraí a bhailiú uair amháin agus athúsáid a bhaint astu níos mó ná uair amháin’ a chur i bhfeidhm. Tá Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  17  le breithniú chun críche an prionsabal sin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart an úsáid a bhaintear as réitigh dhigiteacha, lena n-áirítear athúsáid sonraí agus comhroinnt sonraí le foinsí eile, a chur chun cinn agus a bheith mar réiteach céad rogha i gcónaí, i gcás ina bhfuil sé ina chuidiú le rannpháirtíocht leathan na bhfeirmeoirí agus le cruinneas na sonraí a bhailítear. Chun na críche sin, ba cheart fiosrú a dhéanamh i dtaobh uirlisí digiteacha atá ar fáil a fhorbairt nó a bharrfheabhsú chun sonraí a bhailiú. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le leathnú féideartha ar an gcóras bailithe sonraí nuair atá sé bunaithe go heisiach ar oifigí cuntasaíochta feirme d’fhonn athróga comhshaoil agus sóisialta a bhailiú.

🡻 2023/2674 Aithris 12 (oiriúnaithe)

(14)Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht thiomsú na dtuairisceán feirme agus chun an t-ualach ar na gabháltais tuairisceáin a laghdú, ba cheart do ghníomhaireachtaí idirchaidrimh a bheith in ann úsáid a bhaint, go tráthúil agus saor in aisce, as foinsí sonraí náisiúnta a fhéadfar a úsáid le haghaidh sonraí ábhartha chun na tuairisceáin feirme a thiomsú mar a shainítear agus a leagtar amach i arna leasú leis an Rialachán seo. Is gá foinsí sonraí den sórt sin a úsáid chun cúraimí atá dílsithe do na gníomhaireachtaí idirchaidrimh a fheidhmiú. Chun na gcríoch sin, is iomchuí na módúlachtaí a shainiú chun rochtain a fháil ar fhoinsí sonraí den sórt sin agus modhanna eile tiomsaithe sonraí nó cineálacha nuálacha cur chuige a úsáid, lena n-áirítear chun sásraí comhair a bhunú idir eintitis láimhseála sonraí laistigh den Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart liosta a leagan amach sa Rialachán seo de na foinsí sonraí ábhartha atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus a d’fhéadfadh gníomhaireachtaí idirchaidrimh a úsáid chun tuairisceáin feirme a thiomsú. Chun a áirithiú go mbeidh an liosta cothrom le dáta agus ábhartha i gcónaí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta sin a leasú. Go háirithe, ba cheart tacair sonraí a dhíorthaítear ón staidreamh comhtháite feirme arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1091 agus ó staidreamh maidir le hionchur agus aschur talmhaíochta arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2379 a chur leis an liosta sin nuair atá comhroinnt sonraí ó na foinsí sonraí sin cumasaithe go dlíthiúil.

🡻 2023/2674 Aithris 13 (oiriúnaithe)

(15)Sa bhreis ar na sonraí a bheidh sa tuairisceán feirme le haghaidh gabháltais tuairisceáin, ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní a sholáthar don Choimisiún chun feabhas a chur ar an gcumas anailís a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta trí bhíthin sonraí tuairisceáin feirme a chomhlánú le hinneachar ó na sonraí chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar Phleananna Straitéiseacha CBT (DME) arna bhfáil i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 133 de Rialachán (AE) 2021/2115 nó ón gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  18 , agus méadú an ualaigh riaracháin ar na Ballstáit agus ar ghabháltais tuairisceáin á sheachaint ag an am céanna. Ós rud é go bhféadfadh cineálacha cur chuige agus modheolaíochtaí maidir le bailiú agus tiomsú sonraí a bheith éagsúil, idir LSIF  agus na tacair sonraí eile sin, mar shampla maidir le sainmhínithe agus amanna tagartha, d’fhéadfaí a fhágáil gur gá saincheisteanna comhsheasmhachta a chur san áireamh agus anailís á déanamh ar na sonraí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart oibleagáid na mBallstát a thuiscint mar oibleagáid na sonraí atá sna tacair sonraí sin a sholáthar ach gan comhsheasmhacht iomlán le LSIF a áirithiú. Chun liosta na dtacar sonraí a choinneáil chomh cothrom le dáta agus is féidir, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta de thacair sonraí a leasú agus tacair sonraí nua iomchuí agus ábhartha a chur leis atá oiriúnach do nascáil ar leibhéal an Aontais agus ábharthacht na sonraí atá le bailiú agus le tiomsú agus an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar ghabháltais tuairisceáin á gcur san áireamh agus údar cuí á thabhairt leo.

🡻 2023/2674 Aithris 14 (oiriúnaithe)

(16)Maidir le DME, tá sonraí imdhealaithe maidir le hidirghabhálacha CBT ina sampla de shonraí den sórt sin. Maidir le sonraí in CCRR, áirítear ar shamplaí sonraí den sórt sin cumhdach talún limistéar talmhaíochta, barra, gnéithe tírdhreacha agus bainistiú talún faoi chleachtais feirmeoireachta orgánaí. Is iad údaráis na mBallstát a bhainistíonn ar an leibhéal náisiúnta an tsainaithint gabháltas in DME agus CCRR trí bhíthin aitheantóirí sonracha. Bunaithe ar na haitheantóirí sin, is féidir leis na húdaráis náisiúnta na sonraí sin a nascadh ar leibhéal na feirme aonair. Ba cheart do na Ballstáit a roghnú na naisc sin nó na sonraí ábhartha a bhaineann leis an ngabháltas tuairisceáin a áirítear sna tacair sonraí sin a sheoladh chuig an gCoimisiún. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit na sonraí ábhartha a sheoladh, ba cheart an uimhir LSIF a áireamh sna sonraí sin, chun gur féidir an t-inneachar ábhartha a chumasc le tuairisceáin feirme ar leibhéal an Aontais. Ba cheart an bealach chun an fhaisnéis sin a nascadh ar leibhéal na feirme aonair a shonrú, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le húsáid sonraí ó na tacair sonraí sin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na sonraí atá le baint as na tacair sonraí sin a liostú, chomh maith le rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le sonraíocht theicniúil agus spriocdhátaí maidir le sonraí a tharchur. Ba cheart na sonraí sin a bheith nasctha le cuspóir arna leasú leis an Rialachán seo, comh maith le ceann amháin nó níos mó de na topaicí a leagtar amach ann.

🡻 1217/2009 Aithris 9 agus 10 (oiriúnaithe)

(17)Ba cheart go gcuimseodh réimse suirbhéireachta an líonra sonraí na gabháltais talmhaíochta go léir de mhéid eacnamaíoch áirithe, gan beann ar aon obair sheachtrach a bhféadfadh an t-oibreoir a bheith páirteach inti. Ba cheart an réimse seo a athscrúdú go tréimhsiúil i bhfianaise sonraí  staidreamh comhtháite feirme . Ba cheart gabháltais chuntasaíochta a roghnú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i gcomhthéacs plean roghnúcháin atá dírithe ar shampla cuntasaíochta ionadaíoch de réimse an tsuirbhé a fháil.

🡻 1318/2013 Aithris 2 (oiriúnaithe)

(18)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe  den Rialachán seo  a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir le hIarscríbhinn I i ndáil le na rialacha a leagan síos chun an tairseach maidir le toise eacnamaíoch na ngabháltas cuntasaíochta a shocrú agus rialacha lena mbunaítear an plean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta, an tréimhse tagartha don aschur caighdeánach a shocrú, cineálacha ginearálta feirmeoireachta agus príomhchineálacha feirmeoireachta a shainiú lena mionsonraítear na príomhghrúpaí sonraí cuntasaíochta atá le bailiú agus rialacha ginearálta maidir le sonraí cuntasaíochta atá le háireamh sa tuairisceán feirme a ghlacadh. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

🡻 1318/2013 Aithris 3 (oiriúnaithe)

(19)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme  den Rialachán seo  agus chun idirdhealú idir feirmeoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chur feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an tairseach maidir le toise eacnamaíoch na ngabháltas cuntasaíochta a shocrú, líon na ngabháltas cuntasaíochta in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na rannóige  LSIF , modhanna agus samhlacha a bhunú agus a nuashonrú chun an Coimisiún a chur ar an eolas faoin bplean roghnúcháin, na nósanna imeachta agus na modhanna ríofa a leagan síos is infheidhme maidir le tíopeolaíocht an Aontais chomh maith le rialacha mionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí coistí náisiúnta don líonra sonraí agus do ghníomhaireachtaí idirchaidrimh na mBallstát. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún .

🡻 1217/2009 Aithris 11

(20)I bhfianaise na taithí a fuarthas, is inmhianaithe na príomhchinntí a bhaineann le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta, go háirithe bunú an phlean roghnúcháin, a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, is ar an leibhéal sin ba cheart freagracht a chur ar chomhlacht as an gcúram sin. Ba cheart, áfach, go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit sin a bhfuil roinnt rannán acu coistí réigiúnacha a choimeád ar bun.

🡻 2023/2674 Aithris 16

(21)Ba cheart do LSIF brath ar rannpháirtíocht dheonach. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil fadhbanna ag roinnt Ballstát maidir le rannpháirtíocht gabháltas in LSIF, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha náisiúnta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin gan pionóis a fhorchur ar na feirmeoirí. Ba cheart do na Ballstáit feirmeoirí a spreagadh chun bheith rannpháirteach in LSIF trí úsáid a bhaint as dreasachtaí ar dreasachtaí iad ar cheart a bheith leagtha amach acu i bplean sonrach. D’fhéadfadh na dreasachtaí sin a bheith i bhfoirm, inter alia, ranníocaíochtaí airgeadais, aiseolas ar fheidhmíocht feirme, nó comhairle bunaithe ar fhaisnéis LSIF.

🡻 1217/2009 Aithris 12

(22)Ba cheart ról lárnach a bheith ag an ngníomhaireacht idirchaidrimh náisiúnta i mbainistiú an líonra sonraí.

🡻 2023/2674 Aithris 17

(23)Trí LSIF, ba cheart go gcumasófaí sonraí ón ngabháltas tuairisceáin a thagarmharcáil i gcoinne sonraí comhiomlánaithe i gcás ina léiríonn na sonraí roinnt gabháltas tuairisceáin agus ina gcuirtear na sonraí sin i láthair i bhfoirm meáin réigiúnacha, náisiúnta, earnála nó mheáin de chuid an Aontais. Maidir le sonraí cuntasaíochta, is ionann cuntais gabháltas agus an bhunfhoinse chun aon mheasúnú a dhéanamh ar a n-ioncam nó chun staidéar a dhéanamh ar a n-oibriú gnó. Ba cheart na meáin réigiúnacha, náisiúnta, earnála nó meáin de chuid an Aontais a chur ar fáil freisin ar leibhéal na mBallstát chun eolas ar staid na talmhaíochta a fheabhsú. Ba cheart go bhféadfaí na sonraí a bhailítear a úsáid freisin chun seirbhísí comhairleacha saincheaptha feabhsaithe agus aiseolas a sholáthar d’fheirmeoirí d’fhonn bainistiú gabháltas a éascú agus n-inbhuanaitheacht a fheabhsú.

🡻 2023/2674 Aithris 18

(24)Ba cheart tagairt a dhéanamh i sonraí LSIF do ghníomhaíochtaí talmhaíochta agus do ghníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann go díreach leis na gabháltais chun gur féidir gach gné ábhartha de ghníomhaíochtaí gabháltas a chumhdach. Ba cheart gníomhaíochtaí lasmuigh den fheirm a chur san áireamh freisin, mar léiriú riachtanach ar inmharthanacht agus inbhuanaitheacht fhoriomlán an ghabháltais. Sa chás sin, ba cheart gráinneacht na sonraí arna dtiomsú a theorannú go docht don mhéid is gá chun anailís a dhéanamh ar thábhacht gníomhaíochtaí lasmuigh den fheirm i ndáil le gníomhaíochtaí talmhaíochta. Níor cheart aon sonraí a bhaineann le sócmhainní príobháideacha a chur san áireamh agus na tuairisceáin feirme á n-ullmhú.

🡻 2023/2674 Aithris 19

(25)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le tuairisceáin feirme a chur chun feidhme, agus go háirithe chun a áirithiú go bhfuil na sonraí sa tuairisceán feirme inchomparáide, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le hathróga a shainiú ar cheart sonraí a thiomsú ina leith, leis an mbliain tuairiscithe, foirm agus leagan amach na dtuairisceán feirme agus leis na rialacha a shainiú maidir le sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún. Agus na hathróga sin á sainiú aige, ba cheart don Choimisiún féachaint le húsáid a bhaint as foinsí sonraí atá ann cheana agus anailís a dhéanamh ar indéantacht na n-athróg, bunaithe ar ionchuir ó na Ballstáit maidir le foinsí agus modhanna sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann, d’fhonn an t-ualach ar na Ballstáit agus ar ghabháltais tuairisceáin a theorannú. Agus iarracht á déanamh chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a bhaileofar inchomparáide agus úsáideach chun críocha anailíse, chun tacar sonraí iomlán agus aonfhoirmeach uile-Aontais a fháil, is iomchuí freastal ar imthosca sonracha na mBallstát, agus ba cheart, dá bhrí sin, díolúintí atá sonrach agus a bhfuil údar cuí leo a bheith indéanta.

🡻 2023/2674 Aithris 20

(26)Ba cheart go leanfadh an córas ríomhairithe sonraí atá ann cheana agus a bhunaigh an Coimisiún de bheith ag feidhmiú maidir le sonraí a tharchur agus a fhíorú idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus maidir le hanailís a dhéanamh ar na sonraí ar leibhéal na feirme aonair agus ar an leibhéal comhiomlánaithe araon. Ba cheart an córas ríomhairithe sonraí sin a oiriúnú chun go mbeidh an Coimisiún nó na Ballstáit in ann sonraí a chur le chéile ar leibhéal na feirme aonair idir LSIF agus tacair sonraí eile amhail DME agus CCRR. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gcóras sonraí ríomhairithe sin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le stóráil, próiseáil, athúsáid agus comhroinnt sonraí laistigh den Choimisiún.

🡻 2023/2674 Aithris 21 (oiriúnaithe)

(27)Chun leibhéal glactha na bhfeirmeoirí le bheith rannpháirteach i mbailiú sonraí a mhéadú agus chun sonraí aonair a chosaint ar úsáid neamhúdaraithe nó mí-oiriúnach, is gá a shoiléiriú nár cheart sonraí aonair a úsáid ach amháin chun críocha anailíse a bhaineann le cuspóirí  an  CBT agus le hinbhuanaitheacht talmhaíochta an Aontais, agus, i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit amhlaidh, chun críocha staidrimh. Ba cheart toirmeasc a chur ar aon úsáid eile a bhainfeadh na Ballstáit nó an Coimisiún as na sonraí aonair, go háirithe le haghaidh rialuithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2116 nó chun críocha cánachais.

🡻 2023/2674 Aithris 22 (oiriúnaithe)

(28)I gcás ina gcomhroinneann an Coimisiún nó gníomhaireachtaí idirchaidrimh sonraí LSIF agus sonraí ó thacair sonraí eile, tá sé ríthábhachtach cosaint sonraí a áirithiú agus dearbhú a thabhairt d’fheirmeoirí, idir dhaoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha, go ndéanfar a sonraí aonair agus na sonraí aonair uile eile a fhaightear de bhun arna leasú leis an Rialachán seo a anaithnidiú ionas go seachnófar sainaithint a dhéanamh orthu. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú go bhféadfaí sonraí LSIF agus sonraí ó thacair sonraí eile a phoibliú ar choinníoll go mbeidh siad comhiomlánaithe agus anaithnidithe. Maidir leis na sonraí ó thacair sonraí eile, ba cheart a shoiléiriú freisin nach ndéanfar iad a phoibliú i bhformáid chomhiomlánaithe agus anaithnidithe chun críocha an  an Rialacháin  seo amháin agus go bhfuil sé gan dochar do na rialacha maidir leis na tacair sonraí sin dá bhforáiltear sa reachtaíocht shonrach ábhartha de chuid an Aontais.

🡻 2023/2674 Aithris 23 (oiriúnaithe)

(29)Ba cheart é a bheith indéanta rochtain a dheonú ar shonraí faoi ainm bréige chun críocha taighde, ar mhaithe le dul chun cinn eolaíoch i réimse na talmhaíochta san Aontas agus chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair thalmhaíocht an Aontais. Chun an t-ardleibhéal cosanta a éilítear leis na sonraí sin a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290  den Chonradh  a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le rialacha agus coinníollacha a leagan síos maidir le rochtain den sórt sin ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Choimisiún tuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a fháil sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

🡻 2023/2674 Aithris 24 (oiriúnaithe)

(30)Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit bainistiú sonraí i ndáil le cosaint sonraí aonair a shonrú trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú nach n-úsáidfear na sonraí ach amháin chun críocha Rialachán . Ba cheart go n-úsáidfí próisis atá comhsheasmhach leis na próisis a úsáidtear chun comhlíonadh Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1725 a áirithiú, agus atá comhleanúnach leo, maidir le rogha na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil chun sonraí a chosaint, chomh maith maidir le meastóireacht agus doiciméadú na mbeart sin. Ina theannta sin, ba cheart forálacha a bhunú lena gcuirfí toirmeasc ar shonraí aonair a bheith á nochtadh ag daoine atá rannpháirteach in LSIF. Maidir le sonraí pearsanta, ba cheart go gcomhlíonfadh raon feidhme iomlán na cosanta, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí na n-ábhar sonraí agus na bpróiseálaithe sonraí, Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

🡻 2023/2674 Aithris 25

(31)I gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, níl sonraí pearsanta le coinneáil ach amháin chomh fada agus a bhfuil gá leo chun na gcríoch ar chucu a bailíodh na sonraí sin. Ba cheart go n-áireofaí leis na húsáidí a bhaintear as sonraí LSIF, agus as na sonraí pearsanta a áirítear iontu, an fhéidearthacht anailís a dhéanamh ar threochtaí fadtéarmacha bunaithe ar tháscairí, amhail maidir le bainistiú cothaitheach nó astaíochtaí, agus is gá measúnú a dhéanamh ar a bhforbairt thar thréimhse fhada ama chun coinneáil suas le feiniméin nádúrtha. Dá bhrí sin, ba cheart anailísí a dhéanamh go rialta, go háirithe maidir le faisnéis ar an gcomhshaol. I measc na n-ábhar eile a thugann le tuiscint go n-úsáidtear anailísí fadtéarmacha tá úsáid agus praghsanna talún, a thugann faisnéis faoi athruithe struchtúracha san fheirmeoireacht. Ba cheart é a bheith indéanta freisin anailísí fadtéarmacha den sórt sin a thógáil bunaithe ar chomhroinnt sonraí idir tacair sonraí éagsúla arna mbunú trí nascálacha ar an leibhéal aonair. Le comhroinnt sonraí, ba cheart go gcuirfí feabhas ar infhaighteacht faisnéise, i bhfianaise na ndúshlán a d’fhéadfadh a bheith roimh thalmhaíocht an Aontais amach anseo. Ní féidir na dúshláin sin a thuar faoi láthair, go háirithe maidir leis an riachtanas a bheidh ann amach anseo le haghaidh staidéir chúlghabhálacha nach féidir a shuíomh le cinnteacht leordhóthanach. Dá bhrí sin, ní iomchuí teorainn ama a shocrú chun sonraí a úsáid, ach chun sonraí a choinneáil chomh fada agus is gá chun anailísí amshraitheanna a dhéanamh.

🡻 2023/2674 Aithris 26

(32)Ba cheart údar a thabhairt le tiomsú, próiseáil agus úsáid sonraí pearsanta agus ba cheart iad a bheith comhréireach i ndáil le críocha na n-oibríochtaí lena mbaineann, i gcomhréir le, inter alia, prionsabal an íoslaghdaithe sonraí. Is daoine nádúrtha iad cion ard feirmeoirí san Aontas. Léiríonn faisnéis atá ar fáil ó staidreamh comhtháite feirme an Aontais, i measc líon iomlán na ngabháltas san Aontas in 2020, gur le daoine nádúrtha 96 % díobh. Is gá, dá bhrí sin, go gcumhdófar daoine nádúrtha leis na sonraí a bhailítear trí LSIF, chun a áirithiú go bhfuil torthaí na hanailíse sonraí ionadaíoch ar fhíorstaid na hearnála talmhaíochta.

🡻 2023/2674 Aithris 27

(33)Chun sonraí pearsanta a phróiseáil ar leibhéal an Aontais, ba cheart róil atá nasctha le bainistiú agus próiseáil sonraí pearsanta a chinneadh. Ba cheart feidhm a bheith ag na róil próiseála sonraí ar leibhéal an Aontais maidir leis na sonraí sin amhail ó tharchur na sonraí sin chuig an gCoimisiún trí na tuairisceáin feirme. Ba cheart do na Ballstáit bainistiú sonraí pearsanta laistigh dá ndlínse a chinneadh, lena n-áirítear róil cosanta sonraí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, agus é á chur san áireamh go háirithe gur féidir sonraí a bhailiú le haghaidh críocha iomadúla, agus d’fhéadfadh úsáid i dtuairisceáin feirme a bheith ar cheann de na críocha sin.

🡻 1217/2009 Aithris 15 (oiriúnaithe)

(34)Chun go ndeimhneoidh sé dó féin oibiachtúlacht agus ábharthacht na sonraí a bhaileofar, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann na mionsonraí uile is gá a fháil maidir leis an gcaoi a ndéanann na comhlachtaí a bhfuil sé de chúram orthu gabháltais talmhaíochta a roghnú agus  an bailiú agus an tiomsú  a ndualgais a chomhlíonadh agus, más gá, saineolaithe a sheoladh chun oibriú ar an láthair i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla.

🡻 2023/2674 Aithris 28 (oiriúnaithe)

(35)I bhfianaise raon feidhme méadaithe LSIF i gcomparáid le LSCF,  rinneadh  na rialacha maidir lena bhuiséad a oiriúnú. Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/2116 go maoinítear leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) córais faisnéise cuntasaíochta talmhaíochta a bhunú agus a chothabháil mar chaiteachas faoi bhainistíocht dhíreach. Ba cheart go leanfadh suim de bheith iníoctha ó CERT leis na Ballstáit as tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a sheachadadh, laistigh den spriocdháta a leagtar síos, a d’fhéadfadh a bheith comhréireach leis an méid a chumhdaíonn na tuairisceáin feirme sin na topaicí sonraí ábhartha. Ina theannta sin, le CERT ba cheart go rannchuideofaí ó thaobh airgeadais de le córais na mBallstát a chur chun feidhme ionas go ndéanfar iad a ailíniú le raon feidhme agus bainistiú athbhreithnithe LSIF. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le maoiniú den sórt sin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena mbunaítear an nós imeachta maidir leis na suimeanna agus na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc leis na Ballstáit ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na critéir maidir le leithdháileadh na ranníocaíochtaí airgeadais.

🡻 2023/2674 Aithris 29 (oiriúnaithe)

(36)Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun an Rialachán seo, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 19 . Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

🡻 2023/2674 Aithris 31 (oiriúnaithe)

(37)Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún  faoin  Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  20 .

🡻 2023/2674 Aithris 32

(38)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon LSIF a chruthú, a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

🡻 1217/2009

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

🡻 2674/2023, Airt. 1.2

LÍONRA SONRAÍ UM INBHUANAITHEACHT FEIRME

🡻 2674/2023, Airt. 1.3 (oiriúnaithe)

Airteagal 1

1.  Chun freastal ar riachtanais an chomhbheartais talmhaíochta (CBT), lena n-áirítear meastóireacht ar a thionchar ar an earnáil talmhaíochta, leagtar síos sa Rialachán seo rialacha lena mbaineann líonra sonraí um inbhuanaitheacht feirme (LSIF) chun sonraí inbhuanaitheachta ar leibhéal na feirme a bhailiú agus a anailísiú lena gcumhdaítear na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta lena n-áirítear (sonraí LSIF) . Féadfar sonraí LSIF a úsáid chun rannchuidiú le measúnú a dhéanamh ar ghnéithe breise a bhaineann le hinbhuanaitheacht thalmhaíocht an Aontais agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair thalmhaíocht an Aontais.

2. Cumhdófar le sonraí LSIF na topaicí a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 18 lena leasaítear Iarscríbhinn I chun na topaicí sin a mhodhnú nó cinn nua a chur léi. Agus a chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh á feidhmiú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go mbeidh údar cuí leis na gníomhartha tarmligthe agus nach gcruthófar leo ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar ghabháltais tuairisceáin;

(b)anailísí a dhéanamh ar ábharthacht, indéantacht agus comhréireacht leasaithe den sórt sin, lena n-áirítear infhaighteacht agus cáilíocht foinsí iomchuí sonraí, go háirithe foinsí ábhartha riaracháin, agus torthaí na n-anailísí sin a chur san áireamh go cuí;

(c)a áirithiú go mbeidh  aon topaicí nua a chuirtear léi nasctha le cuspóirí an CBT ;

(d)gan  aon  topaicí nua a chur léi go dtí an 20 Nollaig 2028;

(e)na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh, nuair a chuirfear topaicí nua léi, bliain amháin ar a laghad roimh dháta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme ghaolmhair dá dtagraítear in Airteagal 11(4).

3. Úsáidfear sonraí LSIF agus sonraí ó thacair sonraí eile  dá dtagraítear  n Airteagal 5 chun anailísí a dhéanamh ar staid inbhuanaitheachta thalmhaíocht an Aontais, lena n-áirítear i bhformáid lenar féidir tagarmharcáil a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na n-anailísí sin ar fáil go poiblí i bhfoirm sonraí comhiomlánaithe agus anaithnidithe LSIF. Féadfar na sonraí sin a úsáid chun faisnéis tagarmharcála nó comhairle a sholáthar d’fheirmeoirí agus é mar aidhm leis sin bainistiú gabháltas a éascú agus a n-inbhuanaitheacht a fheabhsú. Comhlíonfaidh foilsiú na dtorthaí agus úsáid na sonraí chun críocha tagarmharcála nó comhairle Airteagal 16.

4. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh sonraí LSIF a úsáid mar fhoinse sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2379 in Airteagal 4(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1091 ó , in Iarscríbhinn I a ghabhann le agus ón gComhairle, nó i ngníomhartha eile arna nglacadh ar bhonn Airteagal 338(1)  den Chonradh .

🡻 2674/2023, Airt. 1.4

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘feirmeoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil a ghabháltas nó a gabháltas lonnaithe san Aontas;

(2)ciallaíonn ‘feirm’ nó ‘gabháltas’ aonad, arb aonad aonair é ó thaobh na teicniúlachta de agus na heacnamaíochta de araon, ag a bhfuil lucht bainistíochta aonair agus a ghabhann de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha i réimse na talmhaíochta i gcomhréir le húsáid ghinearálta na dtéarmaí sin i gcomhthéacs shuirbhéanna agus dhaonáirimh talmhaíochta an Aontais;

(3)ciallaíonn ‘catagóir gabháltais’ grúpa gabháltas a bhaineann leis an gcatagóir chéanna, maidir leis an gcineál feirmeoireachta agus méid eacnamaíoch, mar a shainítear i dtíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais dá dtagraítear in Airteagal 8;

(4)ciallaíonn ‘gabháltas tuairisceáin’ aon ghabháltas a dtiomsaítear tuairisceán feirme ina leith chun críocha LSIF;

(5)ciallaíonn ‘tuairisceán feirme’ an fhoirm, atá le tiomsú nó a tiomsaíodh cheana, ina bhfuil sonraí maidir leis an ngabháltas tuairisceáin seachas na naisc agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(6)ciallaíonn ‘roinn Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme’ nó ‘roinn LSIF’ críoch Ballstáit, nó aon chuid de, a theormharcáiltear d’fhonn gabháltais tuairisceáin a roghnú; leagtar amach liosta de na ranna sin in Iarscríbhinn I;

(7)ciallaíonn ‘bailitheoir sonraí’ gníomhaireacht idirchaidrimh nó eintiteas a gcuireann an ghníomhaireacht idirchaidrimh de chúram air sonraí LSIF a bhailiú;

(8)ciallaíonn ‘aschur caighdeánach’ luach caighdeánach d’olltáirgeacht;

(9)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó;

(10)ciallaíonn ‘sonraí aonair’ sonraí a bhaineann le gabháltas tuairisceáin lenar féidir an gabháltas nó an feirmeoir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, agus ar féidir leo a bheith ina sonraí pearsanta nó ina sonraí maidir le daoine dlítheanacha;

(11)ciallaíonn ‘sonraí anaithnidithe’ sonraí atá i bhfoirm a fhágann nach féidir daoine nádúrtha ná daoine dlítheanacha a shainaithint go díreach ná go hindíreach leo;

(12)ciallaíonn ‘sonraí faoi ainm bréige’ sonraí aonair nach féidir a chur i leith duine nádúrtha nó dlítheanach ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí aonair i leith duine nádúrtha nó dlítheanach atá sainaitheanta nó in-sainaitheanta;

(13)ciallaíonn ‘sonraí comhiomlánaithe’ an t-aschur a thagann as teaglamaí nó ríomhanna bunaithe ar shonraí a bhaineann le roinnt gabháltas tuairisceáin.

🡻 2674/2023 (oiriúnaithe)

Airteagal 3

Chun a áirithiú gur féidir an liosta de ranna LSIF a nuashonrú tar éis iarrata ó Bhallstát, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18, lena leasaítear Iarscríbhinn  II  i ndáil leis an liosta de ranna LSIF in aghaidh an Bhallstáit.

🡻 1217/2009

CABIDIL II

🡻 2674/2023, Airt. 1.6

SONRAÍ LE hAGHAIDH TUAIRISCEÁIN FEIRME A THIOMSÚ AGUS NASCÁIL SONRAÍ

🡻 2674/2023, Airt. 1.7

Airteagal 4

1. Tiomsófar tuairisceáin feirme trí bhíthin suirbhéanna a bhféadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as sonraí ina leith, i gcás inarb ábhartha, ar sonraí iad ó fhoinsí sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus ó fhoinsí sonraí ábhartha eile, chomh maith le modhanna tiomsaithe sonraí nó cineálacha nuálacha cur chuige chun sonraí a chomhroinnt agus a thiomsú.

2. Beidh sé de cheart ag na gníomhaireachtaí idirchaidrimh rochtain a fháil ar na foinsí sonraí seo a leanas agus iad a úsáid saor in aisce:

(a)an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/2116

(b)an córas chun ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 ;

(c)an clár fíonghort a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 ;

(d)na cláir feirmeoireachta orgánaí a cuireadh ar bun de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 ;

(e)sonraí na mBallstát chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar Phleananna Straitéiseacha CBT (DME) arna bhfáil i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 133 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó;

(f)i gcás inarb ábhartha, taifid ar leibhéal na feirme arna mbailiú chun go mbunóidh na Ballstáit cláir gníomhaíochta de bhun Airteagal 5 de Threoir 91/676/CEE ón gComhairle 24 ;

(g)aon fhoinse sonraí ábhartha eile a bhfuil fáil ag údaráis na mBallstát uirthi.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gníomhaireachtaí idirchaidrimh rochtain a fháil ar na foinsí sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus iad a úsáid. Féadfaidh na Ballstáit na sásraí comhair is gá a bhunú chun na críche sin lena n-éascófar rochtain éifeachtach ar na foinsí sonraí sin agus úsáid éifeachtach na bhfoinsí sin. Deonófar an ceart rochtana agus úsáide freisin i gcás ina dtarmligeann an ghníomhaireacht idirchaidrimh cúraimí chuig daoine dlítheanacha nó nádúrtha atá le cur i gcrích thar a ceann.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 18, lena leasaítear mír 2 den Airteagal seo trí fhoinsí sonraí iomchuí nua arna mbunú le dlí an Aontais a chur leis.

🡻 2674/2023, Airt. 1.7 (oiriúnaithe)

Airteagal 5

1. Sa bhreis ar an tuairisceán feirme, cinnfidh na Ballstáit na naisc idir an gabháltas tuairisceáin agus na haitheantóirí a bhaineann leis an ngabháltas sin sna tacair sonraí seo a leanas:

(a)DME;

(b)CCRR.

Seolfaidh na Ballstáit go díreach chuig an gCoimisiún na naisc sin, nó seolfaidh siad na sonraí a bhaineann leis an ngabháltas tuairisceáin sna tacair sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, seachas aitheantóirí. Is iad na Ballstáit a sheolann na sonraí go díreach a sholáthróidh na Ballstáit an uimhir LSIF den ghabháltas tuairisceáin.

2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 18 lena leasaítear an liosta de thacair sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus lena gcuirtear tacair sonraí nua iomchuí agus ábhartha leis. Agus a chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh á feidhmiú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go mbeidh údar cuí leis na gníomhartha tarmligthe agus nach gcruthófar leo ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar ghabháltais tuairisceáin;

(b)anailísí a dhéanamh ar ábharthacht, indéantacht, comhréireacht agus cáilíocht na dtacar sonraí sin agus torthaí na n-anailísí sin a chur san áireamh go cuí.

3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena liostaítear na sonraí atá le baint as na tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chomh maith le rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le sonraíochtaí teicniúla agus spriocdhátaí do tharchur na sonraí sin idir na Ballstáit agus an Coimisiún.  Déanfar  na sonraí sin a bheith nasctha le cuspóir an Rialacháin seo mar a leagtar amach in Airteagal 1 agus le ceann amháin nó níos mó de na topaicí a leagtar amach in Iarscríbhinn -I. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ábharthacht na sonraí sin agus a indéanta atá sé na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a asbhaint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19 2).

4. Déanfaidh an Coimisiún treoirlínte teicniúla a ullmhú agus a chur ar fáil do na Ballstáit maidir leis an modheolaíocht le haghaidh asbhaint na sonraí ábhartha.

🡻 2674/2023, Airt. 1.9

Airteagal 6

1. Le réimse an tsuirbhé, cumhdófar na gabháltais atá de mhéid eacnamaíoch atá cothrom le, nó níos mó ná, tairseach a chomhfhreagraíonn do cheann amháin de na híosteorainneacha d’aicmí méide eacnamaíche thíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais dá dtagraítear in Airteagal 8.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 18 lena bhforlíontar an Rialachán seo leis na rialacha maidir leis an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a shocrú. Áiritheofar leis na rialacha sin go ndéanfar ionadaíocht leormhaith ar fheirmeacha de mhéid eacnamaíoch níos lú sna pleananna maidir le roghnú gabháltas tuairisceáin arna mbunú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7.

Glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn na sonraí agus an ionchuir a fhaightear ó na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

2. Déanfaidh gabháltas an méid seo a leanas chun cáiliú mar ghabháltas tuairisceáin:

(a)beidh sé cumhdaithe ag réimse an tsuirbhé dá dtagraítear i mír 1;

(b)beidh sé ionadaíoch, in éineacht leis na gabháltais eile agus ar leibhéal gach roinne LSIF, ar réimse an tsuirbhé.

3. Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh chun rannpháirtíocht i suirbhéanna a spreagadh.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh na Ballstáit rialacha a ghlacadh freisin chun aghaidh a thabhairt ar chásanna féideartha nach dócha go mbainfear amach líon na ngabháltas tuairisceáin arna leagan amach sa phlean maidir le roghnú na ngabháltas tuairisceáin. Ní dhéanfar foráil sna rialacha sin, áfach, maidir le pionóis d’fheirmeoirí.

🡻 1318/2013, Airt. 1.9

🡺1 2674/2023, Airt. 1.10(a)

Airteagal 7

1. 🡺1 Dréachtóidh gach Ballstát plean maidir le roghnú na ngabháltas tuairisceáin lena n-áiritheofar sampla ionadaíoch de réimse an tsuirbhé. 🡸

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 18 lena leagtar síos na rialacha ar cheart do na Ballstáit a úsáid chun pleananna mar sin a dhréachtú. Le rialacha den chineál sin, áirithítear an méid seo a leanas i leith pleananna maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta:

a)go ndréachtaítear iad ar bhonn na sonraí staidrimh is déanaí;

🡻 2674/2023, Airt. 1.10 (oiriúnaithe)

b)go dtíolactar iad i gcomhréir le tíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais;

🡻 1318/2013, Airt. 1.9

c)go sonraítear iontu, go háirithe, dáileadh na ngabháltas cuntasaíochta in aghaidh an chatagóra gabháltais agus na rialacha mionsonraithe le go roghnaítear iad.

🡻 2674/2023, Airt. 1.10(b)

2. I gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le mír 1, agus ar bhonn na sonraí arna bhfáil ó Bhallstáit, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear líon na ngabháltas tuairisceáin in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na roinne LSIF. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

3. Féadfaidh líon na ngabháltas tuairisceáin arna a roghnófar in aghaidh na roinne LSIF a bheith suas le 20 % níos lú nó níos mó ná an líon arna leagan síos sna gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh de bhun mhír 2, ar choinníoll go n-urramaítear líon iomlán ghabháltais tuairisceáin an Bhallstáit lena mbaineann.

🡻 1318/2013, Airt. 1.9

4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena nuashonrófar samhlacha agus modhanna a bhaineann le foirm agus ábhar na sonraí a chuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas fúthu. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 8

🡻 2674/2023, Airt. 1.11

1. Déanfar gabháltais a aicmiú ar bhealach aonfhoirmeach de réir thíopeolaíocht an Aontais le haghaidh gabháltas.

Úsáidfear an tíopeolaíocht le haghaidh gabháltas go háirithe chun sonraí a chur i láthair, de réir cineál feirmeoireachta agus de réir aicme méid eacnamaíoch, arna mbailiú ó shuirbhéanna struchtúr feirme an Aontais agus ó LSIF.

🡻 1318/2013, Airt. 1.9 (oiriúnaithe)

2. Cinnfear cineál feirmeoireachta an ghabháltais le rannchuidiú a dhéanfaidh aschur caighdeánach shaintréithe an ghabháltais sin a thabhairt d’aschur iomlán caighdeánach an ghabháltais.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 18 , lena socrófar tréimhse thagartha an aschuir caighdeánaí sin.

3. Déanfar gabháltais a aicmiú de réir líon teoranta cineálacha feirmeoireachta. Sonrófar cineálacha ginearálta feirmeoireachta. Ag brath ar na mionsonraí a theastóidh, roinnfear na cineálacha ginearálta feirmeoireachta ina gcineálacha príomha feirmeoireachta.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 maidir leis na cineálacha ginearálta agus príomha feirmeoireachta a chinneadh.

Sonrófar an gaol idir cineálacha ginearálta agus príomha feirmeoireachta agus speisialtóireachtaí feirmeoireachta a bheadh i gcomhréir le cineálacha príomha feirmeoireachta.

4. Cinnfear méid eacnamaíoch an ghabháltais ar bhonn aschur iomlán an ghabháltais.

5. Cinnfear tábhacht na ngníomhaíochtaí sochracha a bhaineann go díreach leis an ngabháltas seachas gníomhaíochtaí talmhaíochta an ghabháltais ar bhonn ranníocaíocht na ngníomhaíochtaí sochracha sin d’aschur an ghabháltais.

6. Maidir leis na haschuir chaighdeánacha agus na sonraí a úsáidtear lena gcinneadh, déanfaidh an ghníomhaireacht idirchaidrimh a ainmneoidh gach Ballstát, nó an chomhlacht ar a dtarmligfear an fheidhm sin, iad sin a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hAirteagal 10.

7.    Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos:

(a) na  modhanna chun cineálacha sonracha speisialtóireachtaí feirmeoireachta dá dtagraítear i mír 3 a ríomh agus chun an gabháltas a shannadh do chineál príomha feirmeoireachta,

(b)an modh lena ríomhfar méid eacnamaíoch an ghabháltais;

(c) na haicmí  méid eacnamaíocha na ngabháltas, dá dtagraítear i mír 1;

d) na modhanna  chun aschur an ghabháltais a ríomh, agus chun rannchuidiú gníomhaíochta sochracha eile don aschur sin a thomhais, chun críocha mhír 5;

e)an modh ríomha chun na haschuir chaighdeánacha do gach saintréith dá dtagraítear i mír 2, a chinneadh, na nósanna imeachta chun na sonraí comhfhreagracha a bhailiú agus na modhanna agus na spriocdhátaí chun na haschuir chaighdeánacha a tharchur chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 6.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

🡻 1217/2009

Airteagal 9

🡻 2674/2023, Airt. 1.12(a)

1. Cuirfidh gach Ballstát coiste náisiúnta ar bun le haghaidh LSIF (‘an Coiste Náisiúnta’).

🡻 1318/2013, Airt. 1.10(a)

2. Beidh an Coiste Náisiúnta freagrach as roghnú na ngabháltas cuntasaíochta. Chun na críche sin, aireofar ar a chúraimí, go háirithe, formheas an phlean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta.

🡻 1217/2009 (oiriúnaithe)

3.  Déanfaidh an Ballstát cathaoirleach an Choiste Náisiúnta a cheapadh as measc chomhaltaí an Choiste seo.

Glacfaidh an Coiste Náisiúnta a chuid cinntí d’aon ghuth. Mura ngnóthófar aonghuthacht, is é an t-údarás a cheapfaidh an Ballstát a ghlacfaidh na cinntí. 

🡻 2674/2023, Airt. 1.12(b)

4. Féadfaidh Ballstáit a bhfuil roinnt ranna LSIF acu, coiste réigiúnach de LSIF a chur ar bun (“an Coiste Réigiúnach”), le haghaidh gach roinn LSIF atá faoina ndlínse.

🡻 1217/2009 (oiriúnaithe)

 Go háirithe, beidh sé de dhualgas ar an gCoiste Réigiúnach oibriú i gcomhar leis an ngníomhaireacht idirchaidrimh dá dtagraítear in Airteagal 10 chun na sealbhais chuntasaíochta a roghnú. 

🡻 1318/2013, Airt. 1.10(c)

5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

🡻 1318/2013, Airt. 1.11

Airteagal 10

🡻 2674/2023, Airt. 1.13

1.    Ceapfaidh gach Ballstát gníomhaireacht idirchaidrimh a mbeidh sé de chúram uirthi an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)an Coiste Náisiúnta, na Coistí Réigiúnacha agus na bailitheoirí sonraí a chur ar an eolas faoin gcreat rialála is infheidhme agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go cuí é;

(b)an plean maidir le roghnú na ngabháltas tuairisceáin a tharraingt suas, é a chur faoi bhráid an Choiste Náisiúnta lena fhormheas agus, ina dhiaidh sin, é a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún;

(c)na nithe seo a leanas a thiomsú:

(i)liosta na ngabháltas tuairisceáin;

(ii)i gcás inarb infheidhme, liosta na mbailitheoirí sonraí atá in ann tuairisceáin feirme a chomhlánú;

(d)na tuairisceáin feirme a tháirgeadh;

(e)a fhíorú gur comhlánaíodh na tuairisceáin feirme go cuí agus, i gcás inar gá, aghaidh a thabhairt ar aon earráidí nó míchruinnis a bhraitear;

(f)na tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún san fhormáid a éilítear agus faoin spriocdháta a leagtar síos;

(g)na naisc nó na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a sheoladh;

(h)na hiarrataí ar fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 16 a tharchur chuig an gCoiste Náisiúnta, chuig na Coistí Réigiúnacha agus chuig na bailitheoirí sonraí, agus na freagraí ábhartha a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún;

(i)an deis a thairiscint d’aon ghabháltas tuairisceáin a chuid torthaí a fháil ón ngníomhaireacht idirchaidrimh nó ó eagraíocht a cheapfaidh sí, a luaithe is féidir ach in aon chás tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis don Choimisiún a dheimhniú go bhfuil an tuairisceán feirme curtha i gcrích go cuí; i gcás inar féidir, áireofar sna torthaí faisnéis tagarmharcála agus na torthaí sin á gcur i gcomparáid le meáin réigiúnacha, náisiúnta, earnála nó meáin an Aontais;

(j)plean a leagan amach chun rannpháirtíocht feirmeoirí in LSIF a dhreasú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht leis an bplean maidir le roghnú na ngabháltas tuairisceáin;

(k)na torthaí a fuarthas a chur ar fáil í féin nó trí eagraíocht a cheapfaidh sí, i bhfoirm sonraí comhiomlánaithe agus anaithnide amhail ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta, earnála nó ar leibhéal an Aontais.

🡻 1318/2013, Airt. 1.11

2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

🡻 2674/2023, Airt. 1.14 (oiriúnaithe)

Airteagal 11

1. Beidh gach gabháltas tuairisceáin faoi réir tuairisceán feirme aonair agus déanfar iad a shainaithint in LSIF le huimhir uathúil náisiúnta LSIF.

2. Maidir leis na sonraí arna soláthar le gach tuairisceán feirme arna chomhlánú go cuí, beidh siad de chineál lenar féidir:

(a)cur síos a dhéanamh ar an ngabháltas tuairisceáin trí thagairt a dhéanamh do na príomheilimintí dá thosca táirgthe;

(b)cur síos a dhéanamh ar ioncaim an ghabháltais ina chineálacha éagsúla;

(c)cur síos a dhéanamh ar staid eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta an ghabháltais;

(d)an fhaisnéis a thugtar a fhíorú trí mhodhanna iomchuí, amhail seiceálacha ar an láthair agus cianrialuithe.

3. Bainfidh na sonraí maidir leis an tuairisceán feirme le gabháltas aonair agus le bliain tuairiscithe aonair de 12 mhí leantacha. Tagróidh na sonraí sin do ghníomhaíochtaí talmhaíochta an ghabháltais féin agus gníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann go díreach leis an ngabháltas. Ní chuirfear aon sonraí a bhaineann le hoidhreacht, cuntais bhainc phríobháideacha, maoin seachas an gabháltas, cánachas pearsanta ná árachas príobháideach san áireamh agus na tuairisceáin feirme á n-ullmhú.

4. Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a bhailítear trí bhíthin tuairisceáin feirme inchomparáide, gan beann ar na gabháltais tuairisceáin a ndéantar suirbhé orthu, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)na hathróga agus na sainmhínithe ar na hathróga atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na topaicí a leagtar amach in Iarscríbhinn -I;

(b)tús agus deireadh na bliana tuairiscithe;

(c)foirm agus leagan amach an tuairisceáin feirme;

(d)na modhanna agus na spriocdhátaí maidir le sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún, lena n-áirítear faduithe féideartha ar spriocdhátaí agus díolúintí d’athróga sonracha a fhéadfar a dheonú do Bhallstát ar iarraidh réasúnaithe a fháil;

(e)minicíocht an tarchuir sonraí, a dhéanfar ar bhonn bliantúil nó ar bhonn nach bhfuil chomh minic céanna ag brath ar chineál na n-athróg.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, bainfidh an Coimisiún úsáid, a mhéid is féidir, as athróga atá ar fáil ó fhoinsí sonraí atá ann cheana agus athróga á gcur isteach, á modhnú nó á n-athsholáthar, agus  aird a thabhairt ar an ngá  gan ualach suntasach breise a chruthú do na Ballstáit ná do ghabháltais tuairisceáin san áireamh. Sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar indéantacht na n-athróg beartaithe bunaithe, inter alia, ar ionchuir ó na Ballstáit, lena n-áirítear infhaighteacht agus cáilíocht foinsí sonraí nua agus foinsí sonraí atá ann cheana, cur chun feidhme féideartha modhanna nua, agus an t-ualach airgeadais ar na Ballstáit agus ar ghabháltais tuairisceáin. Pléifear torthaí na hanailíse sin sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 19(1).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

🡻 2674/2023, Airt. 1.15

Airteagal 12

1. Cuirfidh an ghníomhaireacht idirchaidrimh na tuairisceáin feirme agus na naisc nó na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5 faoi bhráid an Choimisiúin trí bhíthin córas ríomhairithe sonraí arna bhunú ag an gCoimisiún. Déanfar na sonraí a thíolacadh go leictreonach ar bhonn foirmeacha a chuirfear ar fáil don ghníomhaireacht idirchaidrimh tríd an gcóras sin.

2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le stóráil, próiseáil, athúsáid agus comhroinnt sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo laistigh den Choimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

🡻 1217/2009

CAIBIDIL III

FORÁLACHA GINEARÁLTA

🡻 2674/2023, Airt. 1.16

Airteagal 13

1. Ní úsáidfear sonraí aonair arna bhfáil le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin chun cúraimí a dhéanamh chun críche Airteagal 1 den Rialachán seo. In aon chás, ní úsáidfidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí aonair den sórt sin chun aon chríocha eile, go háirithe le haghaidh rialuithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2116 nó chun críocha cánachais.

2. Féadfar sonraí LSIF agus, chun críocha an Rialacháin seo, sonraí ó thacair sonraí eile a leagtar amach in Airteagal 5 a phoibliú ar choinníoll go mbeidh siad comhiomlánaithe agus anaithnidithe araon.

3. Féadfaidh an Coimisiún rochtain a dheonú ar shonraí faoi ainm bréige chun críocha taighde. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na rialacha agus na coinníollacha le haghaidh rochtain den sórt sin ar leibhéal an Aontais. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le cosaint sonraí aonair agus, go háirithe, na rialacha maidir le haistrithe sonraí chuig faighteoirí atá lonnaithe lasmuigh de chríoch an Aontais mar a leagtar amach i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 agus i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725. Iarrfaidh an Coimisiún tuairim ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

🡻 2674/2023, Airt. 1.17

Airteagal 14

1. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an gcóras ríomhairithe sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12, chun a áirithiú agus chun a bheith in ann a léiriú go bhfuil bailiú, próiseáil, tiomsú agus tarchur sonraí aonair srianta do chríocha an Rialacháin seo.

2. Coinneofar sonraí aonair chomh fada agus a bhfuil gá leo chun anailísí amshraitheanna a dhéanamh.

3. Ní chuirfear sonraí aonair ar fáil do dhaoine seachas dóibh siúd a bhfágann a bhfeidhmeanna gur gá rochtain a bheith acu ar na sonraí sin chun críocha an Rialacháin seo.

4. Beidh toirmeasc ar aon duine atá rannpháirteach sa líonra sonraí nó a bhí rannpháirteach in LSIF as aon sonraí aonair nó aon mhionsonraí aonair eile a nochtadh a bhfuarthas eolas ina leith i bhfeidhmiú a ndualgas nó a bhfuarthas go teagmhasach ar shlí eile leis an bhfeidhmiú sin. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach beart is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar an toirmeasc sin.

Airteagal 15

1. Comhlíonfaidh próiseáil, bainistiú agus úsáid na sonraí pearsanta a bhailítear faoin Rialachán seo Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

2. Is é an Coimisiún a bheidh ina rialaitheoir le haghaidh sonraí pearsanta a áirítear i dtuairisceáin feirme a phróiseáil ón tráth a gheobhaidh an Coimisiún na sonraí sin. Cinnfidh na Ballstáit an rialaitheoir, agus i gcás inarb ábhartha an próiseálaí, chun próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a áirítear i dtuairisceáin feirme a bhaineann le gabháltais atá lonnaithe ina gcríocha.

🡻 1217/2009

Airteagal 16

🡻 2674/2023, Airt. 1.18

1. Beidh sé de cheangal ar an gCoiste Náisiúnta, ar na Coistí Réigiúnacha, ar an ngníomhaireacht idirchaidrimh agus ar bhailitheoirí sonraí, laistigh dá réimsí freagrachta faoi seach, aon fhaisnéis ábhartha a bhféadfaidh an Coimisiún a iarraidh orthu maidir le comhlíonadh a ndualgas faoin Rialachán seo a thabhairt don Choimisiún.

Maidir le hiarrataí den sórt sin ar fhaisnéis arna ndéanamh ar an gCoiste Náisiúnta, ar na Coistí Réigiúnacha nó ar na bailitheoirí sonraí agus maidir leis na freagraí ábhartha, déanfar iad a chur ar aghaidh i scríbhinn tríd an ngníomhaireacht idirchaidrimh.

🡻 1217/2009

2. Mura bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear leordhóthanach nó mura dtagann an fhaisnéis sin in am trátha, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an ngníomhaireacht idirchaidrimh, saineolaithe a chur chun na hoibre ar an láthair.

🡻 2674/2023, Airt. 1.19

Airteagal 17

1. Maoineoidh an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) caiteachas lena gcumhdófar an méid seo a leanas:

(a)suim is iníoctha leis na Ballstáit as na tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a sheachadadh laistigh den spriocdháta suas go líon uasta na ngabháltas tuairisceáin mar a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2); i gcás ina bhfuil líon iomlán na dtuairisceán feirme arna gcomhlánú go cuí agus arna seachadadh i ndáil le roinn LSIF nó le Ballstát níos lú ná 80 % de líon na ngabháltas tuairisceáin a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (3) don roinn LSIF sin nó don Bhallstát lena mbaineann, déanfar laghdú 20 % ar an tsuim a chuirtear i bhfeidhm do gach tuairisceán feirme ón roinn LSIF sin nó ón mBallstát lena mbaineann; má cuireadh laghdú den sórt sin i bhfeidhm cheana féin don dá bhliain as a chéile roimhe sin i ndáil le roinn LSIF nó le Ballstát, is é 25 % a bheidh sa laghdú;

(b)costais uile na gcóras sonraí ríomhairithe arna n-oibriú ag an gCoimisiún le haghaidh reáchtáil agus forbairt LSIF agus le haghaidh ghlacadh, fhíorú, phróiseáil, idir-inoibritheacht agus anailís na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit; áirítear ar na costais sin, i gcás inarb iomchuí, na costais a bhaineann le torthaí na n-oibríochtaí sin a scaipeadh mar aon le costais na staidéar ar ghnéithe eile den LSIF agus na costais a bhaineann lena bhforbairt.

2. Soláthróidh CERT ranníocaíochtaí airgeadais do na Ballstáit freisin chun rannchuidiú le costais cur chun feidhme na mBallstát i gcás inar gá oiriúnaithe suntasacha ar chóras bailithe sonraí LSCF de chuid Ballstáit chun an córas a chur ar bun chun athróga comhshaoil agus sóisialta a bhailiú faoin Rialachán seo, lena n-áirítear le haghaidh oiliúint agus idir-inoibritheacht idir córais bailithe sonraí. Soláthrófar ranníocaíochtaí den sórt sin do na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2027.

3. Féadfar an tsuim dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a íoc go páirteach nó go hiomlán le feirmeoirí as a rannpháirtíocht i suirbhéanna LSIF i gcomhréir le critéir leithdháilte arna mbunú ag na Ballstáit.

4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na nósanna imeachta mionsonraithe i ndáil leis an tsuim dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus i ndáil leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2. Sna gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na ranníocaíochtaí, cuirfidh an Coimisiún in iúl go soiléir cé na critéir a bhfuil na ranníocaíochtaí sin le leithdháileadh ar a mbonn. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

🡻 1318/2013, Airt. 1.15

Airteagal 18

1.Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

🡻 2674/2023, Airt. 1.20(a)

2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(2), Airteagal 3, Airteagal 4(4), Airteagal 5(2), Airteagal 6(1), Airteagal 7(1), Airteagal 8(2) agus (3) agus Airteagal 13(3) go ceann tréimhse 5 bliana ón 19 Nollaig 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

🡻 2674/2023, Airt. 1.20(b)

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2), Airteagal 3, Airteagal 4(4), Airteagal 5 (2), Airteagal 6(1), Airteagal 7(1), Airteagal 8(2) agus (3) agus Airteagal 13(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

🡻 1318/2013 (oiriúnaithe)

4.  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 

🡻 1318/2013, Airt. 1.15 (oiriúnaithe)

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 

🡻 2674/2023, Airt. 1.20(c)

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(2), Airteagal 3, Airteagal 4(4), Airteagal 5(2), Airteagal 6(1), Airteagal 7(1), Airteagal 8(2) agus (3) agus Airteagal 13(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

🡻 2674/2023, Airt. 1.21

Airteagal 19

1. Beidh coiste dá ngairtear ‘Coiste Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme’ de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus in Airteagal 11(4), pointe (a) den Rialachán seo, i gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

🡻 2674/2023, Airt. 1.22

Airteagal 20

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 20 Nollaig 2028 tuarascáil mheastóireachta maidir le cur chun feidhme Airteagal 5 agus Airteagal 10(1), pointe (g) a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra le haghaidh gníomh reachtach lena leasaítear Airteagal 17(1), pointe (a).

🡻 1217/2009 (oiriúnaithe)

Airteagal 21

Aisghairtear Rialachán  Uimh.1217/2009. 

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 22

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COIM (87) 868 Miontuairiscí.
(2)    Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí.
(3)    San áireamh i gclár reachtaíochta 2026.
(4)    Féach III a ghabhann leis an togra seo.
(5)    COM(87)868 PV.
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (IO L 328, 15.12.2009, lch. 27, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1217/oj ).
(7)    Féach Iarscríbhinn III.
(8)    Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1) ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj ).
(9)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1 ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj ).
(10)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39 ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).
(11)    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2003/4/oj ).
(12)    Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1367/oj ).
(13)    Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (IO L 315, 7.12.2022, lch. 1 ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2379/oj ).
(14)    Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 (IO L 200, 7.8.2018, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1091/oj ).
(15)    Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal (IO L 33, 5.2.2004, lch. 1 ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2004/138/oj ).
(16)    Rialachán (CE) Uimh. 1242/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena mbunaítear tíopeolaíocht Chomhphobail do ghabháltais talmhaíochta (IO L 335, 13.12.2008, lch. 3, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1242/oj ).
(17)    Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1024/oj ).
(18)    Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj ).
(19)     IO L 123, 12.5.2016, lch. 1 .
(20)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).
(21)    Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj ).
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj ).
(23)    Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj ).
(24)    Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj ).
Top

An Bhruiséil,29.7.2026

COM(2026) 413 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (leagan códaithe)



🡻 2674/2023, Airt. 1 agus Iarscríbhinn

IARSCRÍBHINN -I

Liosta topaicí

Topaicí eacnamaíocha

Faisnéis ghinearálta maidir leis an ngabháltas

Cineál slí beatha

Sócmhainní agus infheistíochtaí

Cuótaí agus cearta eile

Fiacha agus creidmheasanna

Cáin bhreisluacha

Ionchuir

Úsáid talún agus barra

Táirgeadh beostoic

Táirgí agus seirbhísí ainmhithe

Comhtháthú margaidh

Táirgí ardcháilíochta – tásca geografacha

Ballraíocht in eagraíochtaí táirgeoirí

Bainistíocht riosca

Nuálaíocht agus digitiú

Gníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann leis an ngabháltas

Fóirdheontais

Sciar táscach d’ioncam lasmuigh den fheirm

Topaicí Comhshaoil

Cleachtais feirmeoireachta

Bainistiú ithreach

Úsáid agus bainistiú cothaitheach

Feirmeoireacht carbóin

Astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa

Truailliú aeir

Úsáid agus bainistiú uisce

Úsáid cosanta plandaí

Úsáid ábhar frithmhiocróbach

Leas ainmhithe

An bhithéagsúlacht

Feirmeoireacht orgánach

Scéimeanna deimhniúcháin

Tomhaltas fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh

Caillteanas bia ar leibhéal táirgthe phríomhúil

Bainistiú dramhaíola

Topaicí sóisialta

Saothar

Oideachas

Cothromaíocht inscne

Dálaí oibre

Cuimsiú sóisialta

Slándáil shóisialta

Bonneagar agus seirbhísí riachtanacha

Athnuachan ghlúine

_____________

🡻 1217/2009

IARSCRÍBHINN II

🡻 1318/2013, Airt. 1.24

Liosta de ranna LSIF

🡻 1217/2009 (oiriúnaithe)

An Bheilg

1.    Vlaanderen

2.    Bruxelles — Brussel

3.    Wallonie

An Bhulgáir

1.    Северозападен (Severozapaden)

2.    Северен централен (Severen tsentralen)

3.    Североизточен (Severoiztochen)

4.    Югозападен (Yugozapaden)

5.    Южен централен (Yuzhen tsentralen)

6.    Югоизточен (Yugoiztochen)

 Czechia  Is ionann í agus roinn amháin

An Danmhairg

Is ionann í agus roinn amháin

🡻 2278/2017, Airt. 1 agus Iarscríbhinn

An Ghearmáin

1.Schleswig-Holstein/Hamburg

2.Niedersachsen

3.Bremen

4.Nordrhein-Westfalen

5.Hessen

6.Rheinland-Pfalz

7.Baden-Württemberg

8.Bayern

9.Saarland

10.Berlin

11.Brandenburg

12.Mecklenburg-Vorpommern

13.Sachsen

14.Sachsen-Anhalt

15.Thüringen

🡻 1217/2009

An Eastóin

Is ionann í agus roinn amháin

Éire

Is ionann í agus roinn amháin

An Ghréig

1.    ΜακεδονίαΘράκη

2.    ΉπειροςΠελοπόννησοςΝήσοι Ιονίου

3.    Θεσσαλία

4.    Στερεά ΕλλάςΝήσοι ΑιγαίουΚρήτη

An Spáinn

1.    Galicia

2.    Asturias

3.    Cantabria

4.    País Vasco

5.    Navarra

6.    La Rioja

7.    Aragón

8.    Cataluña

9.    Baleares

10.    Castilla-León

11.    Madrid

12.    Castilla-La Mancha

13.    Comunidad Valenciana

14.    Murcia

15.    Extremadura

16.    Andalucía

17.    Canarias

🡻 2497/2022, Airt. 1 agus Iarscríbhinn, pt. 1

An Fhrainc

1.Île de France

2.Champagne-Ardenne

3.Picardie

4.Haute-Normandie

5.Centre

6.Basse-Normandie

7.Bourgogne

8.Nord-Pas de Calais

9.Lorraine

10.Alsace

11.Franche-Comté

12.Pays de la Loire

13.Bretagne

14.Poitou-Charentes

15.Aquitaine

16.Midi-Pyrénées

17.Limousin

18.Rhône-Alpes

19.Auvergne

20.Languedoc-Roussillon

21.Provence-Alpes-Côte d’Azur

22.Corse

23.Antilles françaises

24.La Réunion

🡻 517/2013, Airt. 1(1)(e) agus Iarscríbhinn, pt 5(4)

An Chróit

1.Kontinentalna Hrvatska

2.Jadranska Hrvatska

🡻 1217/2009

An Iodáil

1.    Piemonte

2.    Valle d'Aosta

3.    Lombardia

4.    Alto Adige

5.    Trentino

6.    Veneto

7.    Friuli — Venezia Giulia

8.    Liguria

9.    Emilia — Romagna

10.    Toscana

11.    Umbria

12.    Marche

13.    Lazio

14.    Abruzzi

15.    Molise

16.    Campania

17.    Puglia

18.    Basilicata

19.    Calabria

20.    Sicilia

21.    Sardegna

An Chipir

Is ionann í agus roinn amháin

An Laitvia

Is ionann í agus roinn amháin

An Liotuáin

Is ionann í agus roinn amháin

Lucsamburg

Is ionann í agus roinn amháin

🡻 737/2011, Airt.1 agus Iarscribhinn pt. 2

An Ungáir

1.    Észak-Magyarország

2.    Dunántúl

3.    Alföld

🡻 1217/2009

Málta

Is ionann í agus roinn amháin

An Ísiltír

Is ionann í agus roinn amháin

An Ostair

Is ionann í agus roinn amháin

An Pholainn

1.    Pomorze and Mazury

2.    Wielkopolska and Śląsk

3.    Mazowsze and Podlasie

4.    Małopolska and Pogórze

An Phortaingéil

1.    Norte e Centro

2.    Ribatejo-Oeste

3.    Alentejo e Algarve

4.    Açores e Madeira

An Rómáin

1.    Nord-Est

2.    Sud-Est

3.    Sud-Muntenia

4.    Sud-Vest-Oltenia

5.    Vest

6.    Nord-Vest

7.    Centru

8.    București-Ilfov

An tSlóivéin

Is ionann í agus roinn amháin

An tSlóvaic

Is ionann í agus roinn amháin

🡻 2514/2023 Airt. 1 agus Iarscríbhinn

An Fhionlainn

1.    Etelä-Suomi

2.    Pohjanmaa, Sisä- agus Pohjois-Suomi

🡻 1217/2009

An tSualainn

1.    Na Mánna i nDeisceart na Sualainne agus i Lár na Sualainne

2.    Foraoisí agus limistéir mheasctha talmhaíochta agus limistéir foraoiseachta i nDeisceart na Sualainne agus i Lár na Sualainne

3.    Limistéir Thuaisceart na Sualainne

_____________

🡹 

IARSCRÍBHINN III

Cinneadh aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi

Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle
(IO L 328, 15.12.2009, lch. 27, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1217/oj )

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 737/2011
(
IO L 195, 27.7.2011, lch. 42, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/737/oj )

Rialachán (CE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle
(IO L 158, 10.6.2013, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/517/oj )

Pointe 5.5 den Iarscríbhinn amháin

Rialachán (AE) Uimh. 1318/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 
(IO L 340, 17.12.2013, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1318/oj )

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2278
(
IO L 328, 12.12.2017, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/2278/oj )

Rialachán (AE) 2022/590 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 114, 12.4.2022, lch. 1,
ELI: 
http://data.europa.eu/eli/reg/2022/590/oj ) 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2497 ón gCoimisiún
(
IO L 325, 20.12.2022, lch. 13, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2497/oj )

Pointe 2 den Iarscríbhinn amháin

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2514 ón gCoimisiún
(
IO L, 2023/2514, 15.11.2023 ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2514/oj

Rialachán (AE) 2023/2674 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L, 2023/2674, 29.11.2023 
ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2674/oj )

_____________

IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

Cinneadh 2003/25/CE

An Cinneadh seo

Airteagail 1 go 4

Airteagail 1 go 4

Airteagal 4a

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 5a(1), an téacs tosaigh

Airteagal 7(1), an téacs tosaigh

Airteagal 5a(1), an chéad fleascín

Airteagal 7(1), pointe (a)

Airteagal 5a(1), an dara fleascín

Airteagal 7(1), pointe (b)

Airteagal 5a(1), an tríú fleascín

Airteagal 7(1), pointe (c)

Airteagal 5a(2), (3) agus (4)

Airteagal 7(2), (3) agus (4)

Airteagal 5b

Airteagal 8

Airteagal 6

Airteagal 9

Airteagal 7

Airteagal 10

Airteagal 8

Airteagal 11

Airteagal 8a

Airteagal 12

Airteagal 16

Airteagal 13

Airteagal 16a

Airteagal 14

Airteagal 16b

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 19

Airteagal 17

Airteagal 19a(1), (2) agus (3)

Airteagal 18 (1), (2) agus (3)

-

Airtegal 18 (4)

Airteagal 19a(4)

Airteagal 18(5)

Airteagal 19a(5)

Airteagal 18(6)

Airteagal 19b

Airteagal 19

Airteagal 19c

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21

Airteagal 22

Iarscríbhinn -I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

____________

Top