AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.6.2026
COM(2026) 267 final
2026/0140(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2026
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Baineann an togra le Cinneadh ón gComhairle maidir leis an dara tráthchuid de na ranníocaíochtaí airgeadais leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (‘CEF’) in 2026.
Bainistítear an 11ú CEF agus CEFanna eile atá fós oscailte (an 9ú agus an 10ú CEF) faoin tacar rialacha seo a leanas:
1.an Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (‘Comhaontú Inmheánach’ an 11ú CEF);
2.Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (‘Rialachán Airgeadais an 11ú CEF’);
3.Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta;
4.Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle a bhaineann le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Is éard atá sna doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chiste CEF. Déantar foráil i Rialachán Airgeadais an 11ú CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta atá le déanamh ag na páirtithe i gciste CEF in aghaidh gealltanais airgeadais réamhchinntithe. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, Cinntí a gcuirtear san áireamh iontu cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh roimhe.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Neamhbhainteach
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Neamhbhainteach
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán Airgeadais an 11ú CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo tráth nach déanaí ná 21 lá féilire tar éis don Choimisiún Eorpach, ag feidhmiú dó thar ceann an Aontais Eorpaigh, an togra seo a chur i láthair.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Neamhbhainteach
•Comhréireacht
Neamhbhainteach
•An rogha ionstraime
Neamhbhainteach
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Neamhbhainteach
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach
•Measúnú tionchair
Neamhbhainteach
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Neamhbhainteach
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Neamhbhainteach
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Neamhbhainteach
2026/0140 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2026
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323, agus go háirithe Airteagal 19(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 1 den Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, bunaítear an treoir ranníoca le haghaidh gach páirtí sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF).
(2)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún.
(3)I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 15 Meitheamh 2026 lena sonrófar méid an dara tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2026.
(4)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) roimhe. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877, le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.
(5)Le Cinneadh (AE) 2025/2324 ón gComhairle, socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta atá le híoc ag na páirtithe sa CEF le haghaidh 2026 ag EUR 700 000 000 le haghaidh an Choimisiúin.
(6)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Socraítear leis seo ag EUR 250 000 000 le haghaidh an Choimisiúin méid na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2026.
Airteagal 2
Déanfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta a íoc leis an gCoimisiún mar an dara tráthchuid le haghaidh 2026, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
[...]