Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0171

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid

COM/2026/171 final

An Bhruiséil,23.4.2026

COM(2026) 171 final

2023/0271(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


2023/0271 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1.Cúlra

An dáta a tarchuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2023) 443 final – 2023/0271 COD):

An 12 Iúil 2023.

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

An 25 Deireadh Fómhair 2023.

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

An 12 Márta 2024.

An dáta a tarchuireadh an togra leasaithe:

Ní bhaineann le hábhar.

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

An 21 Aibreán 2026.

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Is príomhghníomhaíocht den Chomhaontú Glas don Eoraip agus den Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste é an togra seo. Is é a phríomhsprioc creat a leagan síos lena mbeifear in ann an toilleadh bonneagair agus trácht iarnróid a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, rud a chuirfidh feabhas ar cháilíocht na seirbhísí agus a fhreastalóidh ar mhéideanna tráchta níos mó ar an ngréasán iarnróid. Tá sé ríthábhachtach an sprioc sin a bhaint amach chun a áirithiú go rannchuideoidh an earnáil iompair leis an dícharbónú.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Tá an seasamh ón gComhairle mar a glacadh é ar an gcéad léamh ag teacht go hiomlán leis an gcomhaontú polaitiúil ar ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 18 Samhain 2025. Glacann an Coimisiún leis an gcomhaontú foriomlán. Is iad seo a leanas na príomhleasuithe ar an mbuntogra ón gCoimisiún:

·Ról níos láidre a bheith ag riaracháin náisiúnta i ndáil le ceanglais ghinearálta a leagan síos maidir le húsáid bonneagair iarnróid (e.g. féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an mbonneagar amchlár timthriallach a fhorbairt, nó íosmhéid toillte bonneagair a fhorchoimeád do dheighleoga margaidh áirithe). Sainítear na sainchumais sin go docht, áfach, ní chuireann siad isteach ar fhreagrachtaí oibríochtúla na mbainisteoirí bonneagair agus ní mór dóibh corrlach leordhóthanach neamhspleáchais a fhágáil dóibh.

·Tugadh isteach maolú leathan ar rialacha an Rialacháin chun críoch míleata agus cosanta.

·Tugadh isteach rialacha maidir le ríomh agus uasteorannú na bpionós atá dlite agus athruithe á ndéanamh ar an toilleadh leithdháilte. Mar sin féin, coinnítear cineál cómhalartach an chórais pionóis, agus ní bhaineann na rialacha maidir le ríomh agus uasteorannú a éifeacht dreasachta den chóras pionóis.

·I ndáil le rialachas, tugadh isteach eintiteas nua ar a dtugtar Ardán Eorpach Iarnróid dfhonn comhairliúchán le húsáideoirí an ghréasáin iarnróid ag bainisteoirí bonneagair iarnróid a éascú. Ina theannta sin, ní bheidh cathaoirleacht aonair ag an gCoimisiún a thuilleadh ar Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (ENRRB) ach beidh sé ina chomhchathaoirleach in éineacht le rialtóir náisiúnta.

4.Conclúid

Glacann an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh. Ina theannta sin, mar a comhaontaíodh le linn na caibidlíochta idirinstitiúidí, eiseoidh an Coimisiún ráiteas nuair a ghlacfar an Rialachán. Léireofar ann go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar na sineirgí idir cúraimí agus inniúlachtaí Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, mar a bhunaítear faoina sainordú reatha, agus na ceanglais maidir le cur chun feidhme an Rialacháin sin. Atáirgtear an ráiteas sin san iarscríbhinn.

IARSCRÍBHINN

Ráiteas atá le déanamh ag an gCoimisiún nuair a ghlacfar an Rialachán:

‘Tá sé ráite ag an gCoimisiún go bhfuil sé ar intinn aige measúnú a dhéanamh ar na sineirgí atá ann idir cúraimí agus inniúlachtaí Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) a bunaíodh faoi chuimsiú a sainordaithe reatha faoi Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi chuimsiú na gceanglas maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme d’fhonn tacaíocht ERA a lorg i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair ullmhúcháin le haghaidh reachtaíocht thánaisteach agus le monatóireacht ar fheidhmíocht. Tugann an Coimisiún dá aire i ndáil leis sin gur féidir sonraí a bhailíonn ERA agus ar a ndéanann sé monatóireacht laistigh dá shainordú reatha, chomh maith le huirlisí anailíse ERA, a úsáid freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid na hacmhainneachta, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na hearnála iarnróid, agus chun tacú le hullmhú na reachtaíochta tánaistí, agus ar an gcaoi sin dúbailt bailithe sonraí, stórála sonraí agus uirlisí anailíse a sheachaint, de mheon an tsimplithe agus na rialála níos fearr.’

Top