AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.2.2026
COM(2026) 93 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformheastar go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach, an Comhaontú i ndáil le Giobráltar idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaisceart Éireann, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích
COMHAONTÚ
I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
IDIR AN tAONTAS EORPACH
AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH,
DE PHÁIRT,
AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
DEN PHÁIRT EILE
Clár
BROLLACH
5
CUID A hAON – FORÁLACHA COITEANNA AGUS INSTITIÚIDEACHA
9
TEIDEAL I – FORÁLACHA GINEARÁLTA
9
TEIDEAL II – AN BONN COMHAIR
14
TEIDEAL III – COMHAR NÚICLÉACH SIBHIALTA
24
TEIDEAL IV – PRIONSABAIL NA LÉIRITHE AGUS NA SAINMHÍNITHE
27
TEIDEAL V - CREAT INSTITIÚIDEACH
31
CUID A DÓ – GLUAISEACHT DAOINE
36
TEIDEAL I – PRIONSABAIL GHINEARÁLTA AGUS CUSPÓIRÍ
36
TEIDEAL II – TRASNÚ TEORANN
47
TEIDEAL III – COIMIRCÍ
60
CAIBIDIL 1– CÓNAÍ I nGIOBRÁLTAR, RIALACHA SPEISIALTA,
EISIÚINT CEADANNA CÓNAITHE AGUS VÍOSAÍ
60
CAIBIDIL 2 – IARRATAIS
AR CHOSAINT IDIRNÁISIÚNTA AGUS FILLEADH
82
CAIBIDIL 3 – COMHAR PÓILÍNEACHTA
87
TEIDEAL IV – CUR CHUN FEIDHME, CUR I bhFEIDHM,
MEASTÓIREACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ
95
TEIDEAL V – FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMHAR BREITHIÚNACH
103
CAIBIDIL 1 – COMHAR LE EUROPOL
104
CAIBIDIL 2 – COMHAR LE EUROJUST
118
CAIBIDIL 3 – FAISNÉIS FAOI THAIFEAD COIRIÚIL A MHALARTÚ
128
CAIBIDIL 4 – TABHAIRT SUAS
136
CAIBIDIL 5 – CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH
182
CAIBIDIL 6 – REO AGUS COIGISTIÚ
194
TEIDEAL VI – FRITHSCIÚRADH AIRGID
AGUS MAOINIÚ FRITHSCEIMHLITHEOIREACHTA
233
CUID A TRÍ – GEILLEAGAR AGUS TRÁDÁIL
236
TEIDEAL I – COTHROM IOMAÍOCHTA UM AN IOMAÍOCHT CHÓIR AGUS OSCAILTE
AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE
236
CAIBIDIL 1 – PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
236
CAIBIDIL 2 – RIALÚ STÁTCHABHRACH
238
CAIBIDIL 3 – CÁNACHAS
251
CAIBIDIL 4 – CAIGHDEÁIN SAOTHAIR AGUS SHÓISIALTA
253
CAIBIDIL 5 – AN COMHSHAOL AGUS AN AERÁID
256
CAIBIDIL 6 – IONSTRAIMÍ EILE LE hAGHAIDH NA TRÁDÁLA
AGUS NA FORBARTHA INBHUANAITHE
262
CAIBIDIL 7 – FORÁLACHA COTHROMÁNACHA AGUS INSTITIÚIDEACHA
272
TEIDEAL II – SOCRUITHE MAIDIR LE CUSTAM,
CÁNACHAS INDÍREACH AGUS SAINCHEISTEANNA A BHAINEANN LE TRÁDÁIL
278
CAIBIDIL 1 – PRIONSABAIL GHINEARÁLTA AGUS CUSPÓIRÍ
278
CAIBIDIL 2 – AN tAONTAS CUSTAIM
279
CAIBIDIL 3 – EARRAÍ A THÁIRGTEAR NÓ A CHUIRTEAR AR AN MARGADH
I nGIOBRÁLTAR
295
CAIBIDIL 4 – TOBAC
305
CAIBIDIL 5 – FORÁLACHA IS INFHEIDHME
MAIDIR LE CATAGÓIRÍ ÁIRITHE EARRAÍ
306
CAIBIDIL 6 – CUR CHUN FEIDHME, CUR I bhFEIDHM,
MAOIRSEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ
315
CAIBIDIL 7 – SOCRUITHE IDIRTHRÉIMHSEACHA
318
TEIDEAL III – IOMPAR
320
CAIBIDIL 1 – AN EITLÍOCHT
320
CAIBIDIL 2 – IOMPAR DE BHÓTHAR
326
CAIBIDIL 3 – IOMPAR MUIRÍ
335
TEIDEAL IV – EISCEACHTAÍ
336
CUID A CEATHAIR – OIBRITHE TEORANN
343
TEIDEAL I – RAON FEIDHME PEARSANTA
343
TEIDEAL II – CEARTA OIBRITHE TEORANN AGUS CEARTA COIMHDEACHA
345
TEIDEAL III – COMHORDÚ NA SLÁNDÁLA SÓISIALTA
353
CUID A CÚIG – FORÁLACHA AIRGEADAIS
353
CUID A SÉ – RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ
354
CAIBIDIL 1 – FORÁLACHA GINEARÁLTA
354
CAIBIDIL 2 – NÓS IMEACHTA
358
CAIBIDIL 3 – COMHLÍONTACHT
367
CAIBIDIL 4 – FORÁLACHA NÓS IMEACHTA COITEANNA
372
CUID A SEACHT – FORÁLACHA CRÍOCHNACHA
379
BROLLACH
TÁ AN tAONTAS EORPACH
AGUS
RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
1.
AG ATHDHEARBHÚ a thiomanta atá siad do phrionsabail an daonlathais, don smacht reachta, do chearta an duine agus do chur i gcoinne iomadú arm ollscriosta agus don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, ar gnéithe riachtanacha den chomhaontú seo agus de chomhaontuithe forlíontacha iad,
2.
Á AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá an comhar domhanda chun dul i ngleic le saincheisteanna comhleasa,
3.
AG TABHAIRT DÁ nAIRE gur tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus nach n-áirítear Giobráltar i raon feidhme críochach na gComhaontuithe Trádála agus Comhair arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, arna ndéanamh i Londain agus sa Bhruiséil an 30 Nollaig 2020,
4.
AG FÉACHAINT le caidreamh comhoibritheach frithpháirteach nua a bhunú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, i ndáil le Giobráltar (‘na Páirtithe’), lena gcuirfear rathúnas comhroinnte agus dlúthchaidreamh cuiditheach chun cinn freisin i ndáil le Giobráltar agus leis an limistéar máguaird i Ríocht na Spáinne, go háirithe críoch na mbardas as a bhfuil Mancomunidad de Municipios del Campo de Gibraltar comhdhéanta,
5.
ÓS RUD É, chun cur chun feidhme éifeachtúil agus léirmhíniú agus cur i bhfeidhm ceart an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontaithe fhorlíontaigh a áirithiú, chomh maith le comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi na comhaontuithe sin, go bhfuil sé fíor-riachtanach rialacha maidir le rialachas a bhunú, go háirithe rialacha maidir le réiteach díospóidí agus forfheidhmiú,
6.
ÓS RUD É gur cheart deireadh a chur leis na bacainní fisiciúla uile atá ann faoi láthair ar ghluaiseacht daoine idir Giobráltar agus limistéar Schengen, agus sláine limistéar Schengen á caomhnú an tráth céanna trí rialuithe, bearta agus coimircí iomchuí, agus á chur san áireamh nach bhfuil Giobráltar rannpháirteach in acquis Schengen agus nach bhfuil baint aige leis,
7.
ÓS RUD É, chun slándáil na bPáirtithe a neartú, gur cheart baint bacainní fisiciúla ar ghluaiseacht daoine agus na rialuithe, na mbeart agus na gcoimircí a bhunaítear a chomhlánú le comhar idir na Páirtithe a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc,
8.
AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH, i bhfianaise na gaireachta geografaí idir na Páirtithe, an gealltanas oibriú i gcomhar chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, chomh maith le himghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc agus a chomhrac, agus chun cur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta dea-rialachais i réimse na cánach a áirithiú,
9.
AG AITHINT DÓIBH an gá atá le comhpháirtíocht eacnamaíoch chothrom a mbeidh cothrom iomaíochta le haghaidh iomaíocht oscailte agus chothrom agus forbairt inbhuanaithe mar bhonn léi, trí bhíthin creata láidir éifeachtach le haghaidh rialú státchabhrach agus gealltanas seasamh ardleibhéil chosanta na bPáirtithe a choinneáil i réimsí an tsaothair agus na gcaighdeán sóisialta, an chomhshaoil, an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide agus an chánachais,
10.
ÓS RUD É gur cheart deireadh a chur leis na bacainní fisiciúla uile atá ann maidir le gluaiseacht earraí de thalamh idir Giobráltar agus an tAontas, agus sláine Mhargadh Aonair an Aontais agus leasanna airgeadais na bPáirtithe á gcosaint an tráth céanna, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
–
an comhrac i gcoinne calaois chustaim a áirithiú trí rialuithe agus nósanna imeachta custaim iomchuí chomh maith le bearta eile;
–
foráil a dhéanamh maidir le sásraí comhair idir na Páirtithe agus coimircí, agus calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc agus a chomhrac ar an gcaoi chéanna;
–
rialacha ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm lena rialaítear gluaiseacht, táirgeadh agus cur ar an margadh earraí, lena n-áirítear Toirmisc agus Srianta agus rialacha maidir le rochtain ar an margadh,
11.
AG FÉACHAINT, i bhfianaise na gaireachta geografaí idir na Páirtithe, le hoibriú i gcomhar in ábhair a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil núicléach shibhialta,
12.
I bhFIANAISE a thábhachtaí atá sé iompar de bhóthar le haghaidh paisinéirí agus earraí idir Giobráltar agus réigiún teorann tadhlach teoranta i gcríoch an Aontais a áirithiú, agus iompar earraí de bhóthar idir Giobráltar agus an Ríocht Aontaithe trí chríoch an Aontais Eorpaigh, chomh maith le rochtain áirithe ar chalafoirt na bPáirtithe a áirithiú freisin,
13.
AG FÉACHAINT le rialacha a bhunú a bheidh infheidhme maidir le haerfort Ghiobráltar agus maidir lena oibriú,
14.
AG FÉACHAINT le rialacha soiléire agus dlúthchomhar éifeachtach a bhunú idir institiúidí inniúla Ríocht na Spáinne agus Ghiobráltar chun cearta oibrithe teorann a ghluaiseann idir Ríocht na Spáinne agus Giobráltar chun oibre agus comhordú comhfhreagrach ar chearta slándála sóisialta a chosaint agus a sholáthar go tapa agus faoi na dálaí is fearr is féidir chun na cearta sin a áirithiú, chomh maith le cearta dá mbaill teaghlaigh a áirithiú,
15.
AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá sásra airgeadais chun comhtháthú idir Giobráltar agus Campo de Gibraltar a chur chun cinn, agus leasanna airgeadais na bPáirtithe á gcosaint an tráth céanna,
16.
ÓS MIAN LEO comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, i ndáil le Giobráltar, a chur i gcrích lena gcuirfí bunús dlí ar fáil le haghaidh comhar den sórt sin,
17.
Á ADMHÁIL DÓIBH go bhféadfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhorlíonadh le comhaontuithe eile atá mar dhlúthchuid dá gcaidreamh déthaobhach foriomlán mar a rialaítear leis an gComhaontú seo,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CUID A hAON
FORÁLACHA COITEANNA AGUS INSTITIÚIDEACHA
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóir
Is é is cuspóir don Chomhaontú seo caidreamh comhoibritheach frithpháirteach a bhunú idir na Páirtithe, lena gcuirfear rathúnas comhroinnte agus dlúthchaidreamh cuiditheach chun cinn freisin i ndáil le Giobráltar agus leis an limistéar máguaird i Ríocht na Spáinne, go háirithe críoch na mbardas as a bhfuil Mancomunidad de Municipios del Campo de Gibraltar comhdhéanta.
AIRTEAGAL 2
Ceannasacht
An Comhaontú seo, aon chomhaontú forlíontach dá dtagraítear in Airteagal 3, aon socrú riaracháin nó socrú eile a bhaineann leis an gComhaontú seo, agus aon bheart nó ionstraim nó iompar a dhéantar chun é a chur i bhfeidhm nó mar thoradh air, nó dá bhun, beidh siad gan dochar do sheasaimh dhlíthiúla Ríocht na Spáinne nó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le ceannasacht agus dlínse, agus ní dhéanfaidh siad difear ar aon bhealach eile do na seasaimh dhlíthiúla sin, agus ní bheidh siad mar bhonn le haon dearbhú nó diúltú ceannasachta, lena n-áirítear in imeachtaí dlíthiúla nó ar shlí eile.
AIRTEAGAL 3
Sainmhínithe
1.
Chun críocha an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontaithe fhorlíontaigh, agus mura sonrófar a mhalairt, beidh feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
Ciallaíonn ‘Páirtí’ nó ‘Páirtithe’ an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
(b)
ciallaíonn ‘dlí an Pháirtí’ nó ‘dlíthe na bPáirtithe’, agus tagairt á déanamh don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na dlíthe is infheidhme i nGiobráltar, mura bhforáiltear a mhalairt go sonrach;
(c)
ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; is é is duine in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
(d)
ciallaíonn ‘lá’ lá féilire;
(e)
ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach;
(f)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis maidir le hábhar sonraí;
(g)
Ciallaíonn ‘réigiún teorann tadhlach’ na bardais as a bhfuil Mancomunidad de Municipios del Campo de Gibraltar comhdhéanta, i Ríocht na Spáinne.
2.
Aon tagairt don ‘Aontas’ sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach, tuigfear go n-áirítear inti an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, mura sonrófar a mhalairt nó mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.
3.
Aon tagairt don ‘Ríocht Aontaithe’ sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach, tuigfear go dtagraíonn sí don Ríocht Aontaithe mar an Stát atá freagrach as caidreamh seachtrach Ghiobráltar.
AIRTEAGAL 4
Comhaontuithe Forlíontacha
1.
I gcás ina gcuireann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhaontuithe déthaobhacha eile i gcrích i ndáil le Giobráltar, is é a bheidh sna comhaontuithe sin comhaontuithe lena bhforlíontar an Comhaontú seo mura bhforáiltear dá leithéid sna comhaontuithe sin. Beidh comhaontuithe forlíontacha sin ina gcuid ríthábhachtach den chaidreamh déthaobhach foriomlán idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a rialaítear sa Chomhaontú seo agus beidh siad ina gcuid den chreat foriomlán.
2.
Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas freisin:
(a)
comhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de pháirt eile;
(b)
comhaontuithe idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, den pháirt eile.
AIRTEAGAL 5
Meon macánta
1.
Tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile, de mheon macánta agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun na cúraimí a eascraíonn as an gComhaontú seo, agus aon chomhaontú forlíontach, a dhéanamh.
2.
Déanfaidh siad gach beart iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú seo, agus as aon chomhaontú forlíontach, agus staonfaidh siad ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe seo, nó gnóthú aon chomhaontaithe fhorlíontaigh, a chur i mbaol.
AIRTEAGAL 6
Cumarsáidí agus fógraí
1.
Tarchuirfear cumarsáidí agus cinntí foirmiúla a mbeidh fógra le tabhairt fúthu, a dhéanfaidh údaráis inniúla Ghiobráltar nó a dhíreofar chucu, trí Oifig Gnóthaí Eachtracha, Comhlathais agus Forbartha Rialtas na Ríochta Aontaithe (dá ngairtear ‘FCDO’ anseo feasta), nó trí cibé comhlacht eile de chuid na Ríochta Aontaithe, atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe araon, a chinnfidh Rialtas na Ríochta Aontaithe a cheapadh.
2.
Deimhneoidh FCDO gur doiciméid bharántúla iad na doiciméid arna n-eisiúint ag údaráis inniúla Ghiobráltar i gcás ina bhfuil cinntí le forfheidhmiú go díreach os comhair cúirte nó údarás forfheidhmithe eile i mBallstát gan gá le fógra foirmiúil roimh ré.
3.
San fhógra a thabharfaidh an Ríocht Aontaithe faoi údaráis inniúla i nGiobráltar de bhun an Chomhaontaithe seo nó de bhun aon chomhaontaithe fhorlíontaigh, cuimseofar freisin tagairt do FCDO nó do chomhlacht eile de chuid na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear i mír 2.
AIRTEAGAL 7
Bacainní fisiciúla a bhaint
Bainfear na bacainní fisiciúla uile i gcomhréir leis an bplean cur chun feidhme atá sa socrú riaracháin ábhartha idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne.
TEIDEAL II
BONN COMHAIR
AIRTEAGAL 8
An daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine
1.
Prionsabail an daonlathais, an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine, ar bonn iad lena mbeartais intíre agus idirnáisiúnta, leanfaidh na Comhpháirtithe de bheith ag seasamh leis na luachanna coiteanna sin. Chuige sin, athdhearbhaíonn na Páirtithe go n-urramaíonn siad Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus na conarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine ar páirtithe iontu iad.
2.
Cuirfidh na Páirtithe na luachanna agus na prionsabail choiteanna sin chun cinn i bhfóraim idirnáisiúnta. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile, agus le tríú tíortha agus sna tríú tíortha sin, agus na prionsabail agus na luachanna sin á gcur chun cinn acu.
AIRTEAGAL 9
An comhrac i gcoinne an athraithe aeráide
1.
Measann na Páirtithe gur bagairt eiseach ann don chine daonna é an t-athrú aeráide agus athdhearbhaíonn siad a dtiomantas an fhreagairt dhomhanda don bhagairt sin a neartú. Leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide arb é an duine is cúis leis mar a shaothraítear é i bpróiseas Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’), agus go háirithe i gComhaontú Pháras a ghlac Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide ag an 21ú seisiún dá chuid (‘Comhaontú Pháras’), spreagtar beartais intíre agus sheachtracha an Aontais agus na Ríochta Aontaithe. Dá réir sin, déanfaidh gach Páirtí Comhaontú Pháras agus an próiseas arna leagan síos ag UNFCCC a urramú agus staonfaidh siad ó aon ghníomhartha nó neamhghníomhartha a dhéanfadh cuspóirí agus críocha Chomhaontaithe Pháras a shárú go hábhartha.
2.
Tacóidh na Páirtithe leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide i bhfóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí dhul i gcaidreamh le tíortha agus réigiúin eile chun a leibhéal uaillmhéine a mhéadú maidir le astaíochtaí ceaptha teasa a laghdú.
AIRTEAGAL 10
Cur i gcoinne iomadú arm ollscriosta
1.
Is é breith na gComhpháirtithe gurb é atá in iomadú na n-arm ollscriosta (‘AOS’), agus na bealaí lena seachadadh, ar ghníomhaithe stáit agus gníomhaithe neamhstáit araon, ceann de na bagairtí is tromchúisí ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil idirnáisiúnta. Comhaontaíonn na Páirtithe, dá bhrí sin, oibriú i gcomhar agus cuidiú le cur i gcoinne iomadú arm ollscriosta agus na mbealaí lena seachadadh trí na hoibleagáidí atá ann cheana a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme go náisiúnta faoi chonarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta um dhí-armáil agus neamhiomarcú agus oibleagáidí ábhartha idirnáisiúnta eile.
2.
Anuas air sin, comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar chun cur i gcoinne iomadú arm ollscriosta agus modhanna a seachadta tríd an méid seo a leanas:
(a)
bearta a dhéanamh chun gach ionstraim idirnáisiúnta ábhartha eile a shíniú, a dhaingniú, nó aontú di, de réir mar is iomchuí, a mhéid a bheidh na hionstraimí sin oscailte lena síniú, lena ndaingniú nó lena n-aontú ag na Páirtithe; agus
(b)
trí chóras náisiúnta éifeachtach rialaithe onnmhairí a bhunú, lena rialófaí onnmhairiú agus aistriú earraí atá bainteach le hairm ollscriosta lena n-áirítear rialú ar úsáid deiridh AOS i leith teicneolaíochtaí dé-úsáide agus ina bhfuil smachtbhannaí éifeachtacha i leith sáruithe ar rialuithe onnmhairiúcháin.
3.
Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé rialta maidir leis na hábhair sin a bhunú.
AIRTEAGAL 11
Mionairm agus airm éadroma agus gnáth-airm eile
1.
Aithníonn na Páirtithe an bhagairt thromchúiseach don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta a bhaineann le monarú, aistriú agus scaipeadh aindleathach mionarm agus arm éadrom (SALW), lena n-áirítear a n-armlón, agus an iomarca díobh a charnadh, crodh-bhainistiú a dhéanamh orthu, stoc-chairn díobh a dhaingniú go míchuí agus iad a leathadh gan rialú.
2.
Comhaontaíonn na Páirtithe a n-oibleagáidí a urramú agus a chur chun feidhme go hiomlán i gcás na Ríochta Aontaithe, arna leathnú chuig Giobráltar, chun déileáil leis an trádáil aindleathach in mionairm agus in airm éadroma (‘SALW’), lena n-áirítear a n-armlón, faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana agus faoi rún ó Chomhairle Slándála NA, chomh maith lena ngealltanais faoi chreat ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme sa réimse sin, amhail Clár Gnímh na NA chun trádáil neamhcheadaithe in airm bheaga agus in airm éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú go hiomlán.
3.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le córais bhaile rialaithe chun gnáth-airm a aistriú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le rialuithe den chineál sin a chur i bhfeidhm ar bhealach freagrach, mar rannchuidiú don tsíocháin, don tslándáil agus don chobhsaíocht idirnáisiúnta agus réigiúnach, agus chun fulaingt an chine dhaonna a laghdú, agus chun seachrán gnáth-arm a chosc.
4.
Geallann na Páirtithe i ndáil leis sin go gcuirfidh siad an Conradh Trádála Arm chun feidhme go hiomlán agus go gcomhoibreoidh siad le chéile faoi chreat an Chonartha sin, lena n-áirítear maidir le huiliú agus cur chun feidhme iomlán an Chonartha a chur chun cinn i mballstáit NA uile.
5.
Geallann na Páirtithe mar sin comhoibriú lena chéile ina n-iarrachtaí rialú na trádála idirnáisiúnta i ngnáth-airm a rialáil nó a fheabhsú agus chun trádáil aindleathach in airm a chosc, a chomhrac agus a dhíothú. Déanfaidh na Páirtithe bearta chun na hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a shíniú, a dhaingniú, nó aontú dóibh, de réir mar is iomchuí, agus a chur chun feidhme go hiomlán, a mhéid a bheidh na hionstraimí sin oscailte lena síniú, lena ndaingniú nó lena n-aontú ag na Páirtithe.
6.
Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé rialta maidir leis na hábhair sin a bhunú.
AIRTEAGAL 12
Na coireanna is tromchúisí ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta
1.
Athdhearbhaíonn na Páirtithe nár cheart na coireanna is tromchúisí ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta ina iomláine a bheith gan phionós agus nach mór a áirithiú go ndéanfar iad a ionchúiseamh go héifeachtach trí bhearta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus tríd an gcomhar idirnáisiúnta a fheabhsú, tríd an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta san áireamh. Comhaontaíonn na Páirtithe tacú go hiomlán le huilíocht agus sláine Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus le hionstraimí gaolta eile.
2.
Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé rialta maidir leis na hábhair sin a bhunú.
AIRTEAGAL 13
An fhrithsceimhlitheoireacht
1.
Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar ar na leibhéil dhéthaobhacha, iltaobhacha agus idirnáisiúnta chun gníomhartha sceimhlitheoireachta de gach cineál agus gach foirm a chomhrac agus a chosc i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, i gcás inarb infheidhme lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Déanfaidh na Páirtithe bearta chun na hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn 2 a shíniú, a dhaingniú, nó aontú dóibh, de réir mar is iomchuí, agus a chur chun feidhme go hiomlán, a mhéid a bheidh na hionstraimí sin oscailte lena síniú, lena ndaingniú nó lena n-aontú ag na Páirtithe.
2.
Cuirfidh na Páirtithe feabhas ar an gcomhar i dtaca leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, lena n-áirítear an t-antoisceachas foréigneach agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, d’fhonn a leasanna slándála coiteanna a chur chun cinn, agus Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe agus rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur san áireamh, gan dochar d’fhorfheidhmiú an dlí agus don chomhar breithiúnach i dtaca le hábhair chóiriúlachta agus malartuithe faisnéise.
3.
Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé rialta maidir leis na hábhair sin a bhunú. Leis an gcomhphlé seo, inter alia, féachtar leis an méid seo a leanas a chur chun cinn agus a éascú:
(a)
measúnuithe ar an mbagairt sceimhlitheoireachta a chomhroinnt;
(b)
dea-chleachtais agus saineolas maidir le frithsceimhlitheoireacht a mhalartú;
(c)
comhar oibríochtúil agus malartú faisnéise; agus
(d)
malartuithe ar chomhar faoi chuimsiú eagraíochtaí iltaobhacha.
AIRTEAGAL 14
Cosaint sonraí pearsanta
1.
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta nuair a dhéantar iad a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, nó trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe nuair is cuid de chóras comhdúcháin iad nó nuair atá siad ceaptha a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin (dá ngairtear ‘cosaint sonraí’ anseo feasta).
2.
Beidh Iarscríbhinn 3 ina dlúthchuid den Airteagal seo. Ní chuimseofar san Iarscríbhinn seo forálacha Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena rialaítear inniúlacht agus ról an phríomhúdaráis maoirseachta agus an údaráis maoirseachta lena mbaineann.
3.
Beidh feidhm ag Airteagal 19 maidir le hIarscríbhinn 3.
4.
Gan dochar d’Airteagal 20, déanfar forálacha na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 18 sa réimse a chumhdaítear le hIarscríbhinn 3 a léiriú i gcomhréir le gníomhartha ábhartha an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí (dá ngairtear ‘an Bord’ anseo feasta) ar an mbealach céanna agus faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit. Áirítear leis sin na tuairimí a iarrann nó a fhaigheann údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, um chosaint sonraí de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2016/679, i ndáil leis na rialacha is infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, arb ionann iad agus na rialacha atá in Iarscríbhinn 3.
5.
Tabharfaidh údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, um chosaint sonraí lánaird ar chinntí a dhéanfaidh an t-údarás maoirseachta inniúil de bhun Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2016/679 agus ar chinntí a dhéanfaidh an Bord de bhun Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/679, agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le cásanna ina n-ardófar ceisteanna comhchosúla maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na rialacha céanna leo siúd atá i Rialachán (AE) 2016/679.
6.
An tagairt do Bhallstáit atá in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2016/679, ní thuigfear aisti go n áirítear inti an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Ní fhéadfar cuireadh a thabhairt d’údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, um chosaint sonraí freastal ar chruinnithe an Bhoird ach amháin i gcásanna ina bpléifear cinntí a dhíreofar ar an údarás maoirseachta sin nó inar gá an t-údarás maoirseachta sin a bheith i láthair agus go bhfuil a láithreacht chun leas an Aontais chun cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha céanna le gníomhartha de chuid an Aontais i réimse na cosanta sonraí, dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 18, a áirithiú i nGiobráltar. I gcásanna den sórt sin, beidh údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, um chosaint sonraí páirteach mar shaineolaí nó mar aoi de bhun Rialacha nós imeachta ábhartha an Bhoird. Beidh a rannpháirtíocht teoranta go docht do na pointí ábhartha ar an gclár oibre agus déanfar tagairt dó sna doiciméid ábhartha, amhail miontuairiscí an chruinnithe, mar údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
7.
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, gach tagairt do thríú tíortha agus dá n-údaráis inniúla atá sna forálacha de dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 3, tuigfear nach n-áirítear inti an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus a húdaráis inniúla ar choinníoll go gcomhlíonfar mír 2 i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 19.
8.
Aon uair a bheidh sé beartaithe ag an Aontas cinneadh leordhóthanachta a ghlacadh de bhun Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, coinneofar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an eolas go cuí.
AIRTEAGAL 15
Comhar domhanda maidir le saincheisteanna i ndáil le leas coiteann eacnamaíoch, comhshaoil, agus sóisialta
1.
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar domhanda d’fhonn dul i ngleic le saincheisteanna maidir le comhleas eacnamaíoch, comhshaoil, agus sóisialta. Más chun a leasa fhrithpháirtigh é, cuirfidh siad réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna chun cinn.
2.
Agus a neamhspleáchas cinnteoireachta á chaomhnú acu, agus gan dochar d’fhorálacha eile an Chomhaontaithe seo ná d’aon chomhaontú forlíontach, féachfaidh na Páirtithe le hoibriú i gcomhar maidir le saincheisteanna domhanda reatha agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn, amhail an tsíocháin agus an tslándáil, an t-athrú aeráide, an fhorbairt inbhuanaithe, truailliú trasteorann, cosaint an chomhshaoil, digitiú, sláinte phoiblí agus cosaint tomhaltóirí, cánachas, cobhsaíocht airgeadais agus saorthrádáil agus infheistíocht chóir. Chuige sin, féachfaidh siad le hidirphlé leanúnach éifeachtach a choimeád ar bun agus a seasamh in eagraíochtaí agus fóraim iltaobhacha a mbíonn siad páirteach iontu a chomhordú, amhail na Náisiúin Aontaithe, Ghrúpa na Seacht dTír (G-7) agus Grúpa na bhFiche Tír (G-20), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Domhanda agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
AIRTEAGAL 16
Eilimintí riachtanacha
1.
I dtaca le mír 1 d’Airteagal 8, mír 1 d’Airteagal 9 agus mír 1 d’Airteagal 10, is é atá iontu eilimintí riachtanacha den chomhpháirtíocht a bhunaítear leis an gComhaontú seo agus aon chomhaontú forlíontach.
2.
Má mheasann ceachtar Páirtí go bhfuil an Páirtí eile tar éis mainneachtain thromchúiseach shubstaintiúil aon cheann de na hoibleagáidí a chomhlíonadh a ndéantar cur síos orthu mar eilimintí riachtanacha i mír 1, féadfaidh sé a chinneadh oibriú an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontú forlíontach go hiomlán nó go páirteach a fhoirceannadh nó a fhionraí.
3.
Sula ndéanfaidh sé amhlaidh, iarrfaidh an Páirtí a dhéanann agairt ar fheidhmiú an Airteagail seo go dtiocfaidh an Chomhairle Comhair le chéile láithreach d’fhonn réiteach tráthúil agus comhaontaithe go frithpháirteach a lorg. Mura dtiocfar ar réiteach is féidir a chomhaontú go frithpháirteach laistigh de 30 lá ó dháta na hiarrata chuig an gComhairle Comhair, féadfaidh an Páirtí na bearta dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh.
4.
Déanfar na bearta dá dtagraítear i mír 2 thuas agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, agus beidh siad comhréireach. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo agus na gcomhaontuithe forlíontaigh a ghabhann leis.
5.
Measann na Páirtithe, d’fhonn go mbeadh mainneachtain thromchúiseach shubstaintiúil ann aon cheann de na hoibleagáidí a bhfuil tuairisc orthu mar eilimintí riachtanacha i mír 1 a chomhlíonadh, gur de chineál eisceachtúil a bheadh a thromchúisí agus a nádúr a chuirfeadh an tsíocháin agus an tslándáil i mbaol nó a mbeadh iarmhairtí idirnáisiúnta aige. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, glacfar i gcónaí le gníomh nó neamhghníomh a bhriseann cuspóir agus cuspóir Chomhaontú Pháras mar mhainneachtain thromchúiseach agus shubstaintiúil chun críocha an Airteagail seo.
TEIDEAL III
COMHAR NÚICLÉACH SIBHIALTA
AIRTEAGAL 17
Comhar núicléach sibhialta
1.
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta le haghaidh socruithe éifeachtacha maidir le sábháilteacht núicléach agus oibreoidh siad le chéile chun feabhas leanúnach a chur ar chaighdeáin agus ar Choinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach, agus ar a gcur chun feidhme. A mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir le forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta núicléiche atá ceangailteach ó thaobh dlí, ní dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ná an tAontas na leibhéil chosanta a lagú ná a laghdú faoi bhun na leibhéal dá bhforáiltear leis na caighdeáin chosanta, agus le forfheidhmiú na gcaighdeán sin, arna gcomhroinnt ag na Páirtithe agus arna gcur i bhfeidhm i ndáil le Giobráltar go dtí an 31 Nollaig 2020 maidir le sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, bainistiú sábháilte dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta, díchoimisiúnú, loingsiú sábháilte ábhair núicléach, ullmhacht agus freagairt i gcás éigeandála, agus rialú éifeachtach ábhair radaighníomhaigh agus foinsí radaighníomhacha.
2.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, córas láidir éifeachtach cuntasaíochta agus rialaithe ábhair núicléach a chur chun feidhme arb é is aidhm dó a áirithiú go n-úsáidfear ábhar núicléach (mar a shainmhínítear in Airteagal XII de Reacht na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach) go heisiach chun críoch síochánta tráth a mbeidh gá leis na socruithe sin.
3.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, socruithe sábháilteachta agus slándála chun feidhme, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, i ndáil le haon saoráid núicléach shibhialta ábhartha agus foinsí radaighníomhacha ábhartha i nGiobráltar, tráth a mbeidh gá leis na socruithe sin.
4.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, comhaontú arna chaibidliú le IAEA maidir le coimircí a chur i bhfeidhm i nGiobráltar a chur chun feidhme, tráth a mbeidh gá leis na socruithe sin, agus déanfaidh sí bearta chun na hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn 4 a shíniú, a dhaingniú nó aontú dóibh, de réir mar is iomchuí, agus a chur chun feidhme go hiomlán, chomh maith leis na leasuithe a dhéanfar orthu amach anseo, i gcás inarb ábhartha, a mhéid a bheidh siad daingnithe ag an Ríocht Aontaithe. Thairis sin, déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, bearta chun na treoirdhoiciméid a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn 4 a leanúint, de réir mar is iomchuí, chomh maith leis na leasuithe a dhéanfar orthu amach anseo a mhéid a úsáidfidh an Ríocht Aontaithe iad.
5.
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta le haghaidh socruithe éifeachtacha maidir le slándáil núicléach agus oibreoidh siad le chéile chun feabhas leanúnach a chur ar chaighdeáin agus ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le slándáil núicléach, agus ar a gcur chun feidhme. Ní dhéanfaidh an tAontas ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na leibhéil chosanta a lagú ná a laghdú faoi bhun na leibhéal dá bhforáiltear leis na caighdeáin chosanta, agus le forfheidhmiú na gcaighdeán sin, arna gcur i bhfeidhm ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go dtí an 31 Nollaig 2020 maidir le cosaint fhisiciúil.
6.
An Coinbhinsiún maidir le Dliteanas Tríú Páirtí i réimse an Fhuinnimh Núicléigh arna thabhairt i gcrích i bPáras an 29 Iúil 1960, arna leasú le Prótacal Breise an 28 Eanáir 1964 agus le Prótacal an 6 Samhain 1982, tá síneadh curtha ag an Ríocht Aontaithe lena chur i bhfeidhm. Tugann na Páirtithe dá n-aire go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bhearta a dhéanamh chun síneadh a chur le Prótacal an 12 Feabhra 2004 (a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022 sa Ríocht Aontaithe) chomh maith le haon leasú breise, mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag Páirtí don Pháirtí eile nach nglacann sé leis an leasú.
7.
Leanfaidh an Ríocht Aontaithe, thar ceann Ghiobráltar, de shocruithe oibríochtúla a choinneáil ar bun agus d’athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh orthu i ndáil le himeachtaí i nGiobráltar, nó a dhéanann difear do Ghiobráltar, a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún um Luath-Fhógra i dtaobh Tionóisc Núicléiche arna ghlacadh ag Comhdháil Ghinearálta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, arna teacht le chéile i seisiún speisialta i Vín an 26 Meán Fómhair 1986, agus leis an gCoinbhinsiún um Chúnamh i gcás Taisme Núicléach nó Éigeandáil Raideolaíoch do Tharlú arna ghlacadh ag Comhdháil Ghinearálta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach arna teacht le chéile i seisiún speisialta i Vín an 26 Meán Fómhair 1986, má tharlaíonn teagmhas den sórt sin. Sonraítear na socruithe oibríochtúla sin in Iarscríbhinn 5 agus tabharfar fógra don Pháirtí eile maidir lena nuashonruithe a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm, agus leasófar Iarscríbhinn 5 dá réir sin.
8.
Maidir le rialú éifeachtach ábhair radaighníomhaigh agus foinsí radaighníomhacha, áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, éifeachtacht agus cumhdach atá coibhéiseach ar a laghad leis an éifeachtacht agus leis an gcumhdach dá bhforáiltear faoi Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha agus faoi Threoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013, lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta don chosaint ar na contúirtí a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, lena n-áirítear arna leasú nó arna n-ionadú amach anseo.
TEIDEAL IV
PRIONSABAIL NA LÉIRITHE AGUS NA SAINMHÍNITHE
AIRTEAGAL 18
An dlí idirnáisiúnta poiblí
1.
Déanfar forálacha an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontú forlíontach a léiriú de mheon macánta i gcomhréir lena ngnáthbhrí ina gcomhthéacs agus i bhfianaise chuspóir agus sprioc an chomhaontaithe i gcomhréir leis na gnáthrialacha maidir le léiriú an dlí idirnáisiúnta phoiblí, lena n-áirítear na rialacha sin a chódaítear i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, arna dhéanamh i Vín an 23 Bealtaine 1969.
2.
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, seachas mar a fhoráiltear i míreanna 1 agus 4 d’Airteagal 19 agus in Airteagal 20,ní bhunaíonn an Comhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach oibleagáid a bhforálacha a léiriú de réir dhlí baile ceachtar Páirtí.
3.
Gan dochar d’Airteagal 20, ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní bheidh léiriú ar an gComhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach arna thabhairt ag cúirteanna ceachtar Páirtí ina cheangal ar chúirteanna an Pháirtí eile.
AIRTEAGAL 19
Dlí an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar
1.
Beidh na forálacha céanna atá sna forálacha seo a leanas i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina dlí náisiúnta agus cuirfidh sí i bhfeidhm go héifeachtach iad:
(a)
na gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna forálacha nó sna hIarscríbhinní sin a ghabhann leis an gComhaontú seo a bhfuil feidhm ag an Airteagal seo maidir leo, nó
(b)
faoi na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 4, i ngníomh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin, is iad sin:
(i)
gníomh de chuid an Aontais lena leasaítear nó lena n-ionadaítear gníomh de chuid an Aontais dá dtagraítear i bhfomhír (a);
(ii)
gníomh de chuid an Aontais lena ndéantar gníomh de chuid an Aontais dá dtagraítear i bhfomhír (a) a fhorlíonadh nó a chur chun feidhme; nó
(iii)
gníomh eile de chuid an Aontais ar ábhar ghníomh de chuid an Aontais dá dtagraítear i bhfomhír (a).
2.
I gcás ina nglacfaidh an tAontas gníomh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin, tabharfaidh sé fógra láithreach don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi ghlacadh an ghnímh sin.
3.
Laistigh de 30 lá tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra don Aontas faoina cinneadh i dtaobh an nglacfaidh sí le hábhar an ghnímh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin agus an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. Má ghlacann an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le hábhar gnímh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin, cruthófar cearta agus oibleagáidí idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas.
4.
Más gá ceanglais bhunreachtúla a chomhlíonadh chun an gníomh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta, cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an tAontas ar an eolas faoi sin tráth a dtabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an tAontas ar an eolas go pras i scríbhinn ar chomhlíonadh na gceanglas bunreachtúil uile. Ó theacht i bhfeidhm an ghnímh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin agus go dtí go bhfaighfear an fhaisnéis ar chomhlíonadh na gceanglas bunreachtúil, cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na rialacha céanna agus na rialacha atá sa ghníomh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin i bhfeidhm go sealadach, a mhéid is féidir.
5.
I gcás ina ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an méid seo a leanas:
(a)
má thugann sí fógra faoina cinneadh gan glacadh le hábhar gnímh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin; nó
(b)
mura dtugann sí fógra laistigh den teorainn ama a leagtar amach i mír 3; nó
(c)
mura gcuireann sí an tAontas ar an eolas, 6 seachtaine ar a mhéid tar éis theacht i bhfeidhm gnímh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin, faoi chur chun feidhme an ghnímh sin ina dlí náisiúnta
measfar an Comhaontú seo a bheith foirceanta mura gcinnfidh an Chomhairle Comhair a mhalairt, tar éis scrúdú cúramach a dhéanamh ar bhealaí chun leanúint leis an gComhaontú, laistigh de 90 lá. Beidh éifeacht le foirceannadh an Chomhaontaithe seo 3 mhí tar éis dhul in éag na tréimhse 90 lá.
AIRTEAGAL 20
Léiriú comhsheasmhach
Déanfar na forálacha dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 19 a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le modhanna agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus déanfar iad a léiriú, agus iad á gcur chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm, i gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
AIRTEAGAL 21
Cearta príobháideacha
1.
Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2 d’Airteagal 19, Airteagal SSC.70 agus Teidil I agus II de Chuid a Ceathair, agus cé is moite, i ndáil leis an Aontas, de Theideal V de Chuid a Dó, ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach mar ní lena dtugtar cearta ná lena bhforchuirtear oibleagáidí ar dhaoine seachas iad sin arna gcruthú idir na Páirtithe faoin dlí poiblí idirnáisiúnta, ná ní fhorléireofar iad mar ní lena gceadaítear an Comhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach a agairt go díreach i gcórais dlí baile na bPáirtithe.
2.
Ní dhéanfaidh Páirtí foráil maidir le ceart caingne faoina dhlí in aghaidh an Pháirtí eile ar an bhforas gur ghníomhaigh an Páirtí eile de shárú ar an gComhaontú seo nó de shárú ar aon chomhaontú forlíontach.
TEIDEAL V
CREAT INSTITIÚIDEACH
AIRTEAGAL 22
An Chomhairle Comhair
1.
Bunaítear leis seo Comhairle Comhair. Beidh ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an gComhairle sin. Féadfaidh an Chomhairle Comhair teacht le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla ag brath ar na hábhair a bheidh á bplé.
2.
Is Comhalta den Choimisiún Eorpach agus ionadaí ó Rialtas na Ríochta Aontaithe ar leibhéal aireachta a dhéanfaidh comhchathaoirleacht ar an gComhairle Comhair. Tiocfaidh sé le chéile arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i gcás ar bith uair sa bhliain ar a laghad, agus socróidh sí a sceideal cruinnithe agus a clár oibre de chomhthoil.
3.
Déanfaidh an Chomhairle Comhair maoirseacht ar bhaint amach chuspóirí an Chomhaontaithe seo agus chuspóirí aon chomhaontaithe fhorlíontaigh. Déanfaidh sí maoirsiú agus éascú ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontaithe fhorlíontaigh. Féadfaidh gach Páirtí aon saincheist a bhaineann le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus léiriú an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh a tharchur chuig an gComhairle Comhair.
4.
Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Comhair:
(a)
cinntí a ghlacadh i leith na n-ábhar uile dá bhforáiltear amhlaidh sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach;
(b)
moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh;
(c)
leasuithe ar an gComhaontú seo nó ar aon chomhaontú forlíontach a ghlacadh, le cinneadh, sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo nó in aon chomhaontú forlíontach;
(d)
seachas i ndáil le Teideal IV de Chuid a hAon go dtí deireadh an cheathrú bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, cinntí a ghlacadh lena leasófar an Comhaontú seo nó aon chomhaontú forlíontach, ar choinníoll go mbeidh gá leis na leasuithe sin chun earráidí a cheartú nó chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh nó ar lochtanna eile;
(e)
aon ní a phlé a bhaineann leis na réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo nó le haon Chomhaontú forlíontach;
(f)
cuid dá cumhachtaí a tharmligean chuig Coiste Speisialaithe cé is moite de na cumhachtaí agus na freagrachtaí sin dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír seo;
(g)
trí chinneadh, Coistí Speisialaithe a bhunú agus cúraimí a shannadh dóibh, aon Choiste Speisialaithe a dhíscaoileadh, nó na cúraimí a shannfar dóibh a athrú.
5.
Beidh obair na Comhairle Comhair faoi rialú ag na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 6. Féadfaidh an Chomhairle Comhair an Iarscríbhinn sin a leasú.
AIRTEAGAL 23
Coistí Speisialaithe
1.
Bunaítear leis seo na Coistí Speisialaithe seo a leanas:
(a)
an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine;
(b)
an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil;
(c)
an Coiste Speisialaithe um Eitlíocht.
2.
Maidir le saincheisteanna a bhaineann lena réimse inniúlachta, beidh sé de chumhacht ag Coistí Speisialaithe Trádála:
(a)
faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh agus feidhmiú cuí an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh a áirithiú;
(b)
cabhrú leis an gComhairle Comhair i gcomhlíonadh a chúraimí agus, go háirithe, tuairisciú don Chomhairle Comhair agus aon chúram a shannfaidh an Chomhairle Comhair dóibh a dhéanamh;
(c)
cinntí agus moltaí a ghlacadh i leith na n-ábhar uile a bhfuil an Chomhairle Comhair tar éis a cumhachtaí a tharmligean ina leith chuig Coiste Speisialaithe i gcomhréir le pointe (f) de mhír 1 d’Airteagal 22 nó i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Chomhaontú;
(d)
saincheisteanna teicniúla a eascraíonn as cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo nó as aon chomhaontú forlíontach a phlé;
(e)
fóram a chur ar fáil ina bhféadfaidh na Páirtithe faisnéis a mhalartú, dea-chleachtais a phlé agus a dtaithí ar an gcur chun feidhme a roinnt.
3.
Cuirfear na Coistí Speisialaithe ar an eolas, de réir mar is gá, faoi chur chun feidhme na socruithe riaracháin arna dtabhairt i gcrích ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ag Ríocht na Spáinne maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
4.
Beidh ionadaithe ó gach Páirtí ar na Coistí Speisialaithe. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh an saineolas iomchuí ag na hionadaithe a chuirfidh sé féin ar na Coistí Speisialaithe maidir leis na saincheisteanna a bheidh faoi chaibidil.
5.
Déanfaidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, comhchathaoirleacht ar na Coistí Speisialaithe.
6.
Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, nó mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, tiocfaidh siad le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad.
7.
Is de chomhthoil a shocróidh na Coistí Speisialaithe a sceidil cruinnithe agus a gcláir cruinnithe.
8.
Beidh obair na gCoistí Speisialaithe faoi rialú ag na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 6.
9.
De mhaolú ar mhír 8, féadfaidh Coiste Speisialaithe a rialacha féin a ghlacadh agus a leasú ina dhiaidh sin agus is iad na rialacha sin a rialóidh a chuid oibre.
AIRTEAGAL 24
Cinntí agus Moltaí
1.
Na cinntí a ghlacfaidh an Chomhairle Comhair, nó, de réir mar a bheidh, Coiste Speisialaithe, beidh siad ina gceangal ar na Páirtithe agus ar na comhlachtaí uile arna mbunú faoin gComhaontú seo agus faoi aon chomhaontú forlíontach, lena n-áirítear an binse eadrána dá dtagraítear i dTeideal I de Chuid a Sé. Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí.
2.
Déanfaidh an Chomhairle Comhair nó, de réir mar a bheidh, Coiste Speisialaithe, cinntí a ghlacadh agus moltaí a dhéanamh de chomhthoil.
CUID A DÓ
GLUAISEACHT DAOINE
TEIDEAL I
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA AGUS CUSPÓIRÍ
AIRTEAGAL 25
Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint
1.
Is ar urraim sheanbhunaithe na bPáirtithe agus na mBallstát don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint atá an comhar dá bhforáiltear sa Chuid seo bunaithe, lena n-áirítear mar atá leagtha amach i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus i gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus maidir lena thábhachtaí atá sé na cearta agus na saoirsí bunúsacha sa Choinbhinsiún sin a chur i bhfeidhm ar bhonn intíre.
2.
Ní bheidh d’éifeacht ag aon ní dá bhfuil sa Chuid seo go modhnófar an oibleagáid cearta bunúsacha agus prionsabail dlí a urramú mar a léirítear, go háirithe, sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus, i gcás an Aontais agus a Bhallstát, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
AIRTEAGAL 26
Sainmhínithe
Chun críocha na Coda seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
Ciallaíonn ‘seiceálacha teorann’ na seiceálacha a dhéantar ag pointí trasnaithe teorann, lena n-áirithiú go bhféadfar daoine, lena n-áirítear a modh iompair agus na nithe atá ina seilbh, a údarú le dul isteach ar chríoch na mBallstát agus Ghiobráltar nó imeacht uaithi;
(b)
Ciallaíonn ‘rialú teorann’ an ghníomhaíocht a dhéantar ag teorainn, i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus chun críocha an Chomhaontaithe seo, mar fhreagairt eisiach do rún an teorainn sin a thrasnú, nó do thrasnú na teorann sin, gan beann ar aon chúinse eile, arb iad seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha atá i gceist leis an ngníomhaíocht sin;
(c)
Ciallaíonn ‘faireachas ar theorainneacha’ an faireachas a dhéantar ar theorainneacha idir pointí trasnaithe teorann agus an faireachas a dhéantar ar phointí trasnaithe teorann lasmuigh de na huaireanta oscailte seasta, chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe nó daoine ag teacht timpeall ar sheiceálacha teorann a chosc agus a bhrath, chun rannchuidiú le feasacht ar dhálaí a ardú, chun coireacht trasteorann a chomhrac agus chun bearta a dhéanamh i gcoinne daoine a thrasnaigh an teorainn go neamhdhleathach;
(d)
Ciallaíonn ‘comhpháirt shibhialta’ daoine sibhialta atá ar fostú nó ar conradh ag Rialtas na Ríochta Aontaithe agus nach daoine iad a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar nó san Aontas, cé is moite de dhaoine a bhfuil sé de cheart acu cónaí sa Ríocht Aontaithe nó sa Chomhlimistéar Taistil;
(e)
Ciallaíonn ‘gníomhaíocht chomhéigneach’ bearta atá le déanamh i ndáil le duine nó ábhar agus feidhmeanna a bhaineann le rialú teorann á gcomhlíonadh, lena n-áirítear mar obair leantach ar fholáirimh i mbunachair sonraí agus i gcórais faisnéise a úsáidtear i gcomhthéacs an rialaithe teorann, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do theorannú sealadach le gluaiseacht, coinneáil, gabháil, cur faoi chosaint, fiosrúcháin, cuardach agus urghabháil ábhar, agus aon chineál eile gníomhaíochta mar fhreagairt ar fholáirimh chun fianaise a imscrúdú nó a bhailiú go ndearnadh coir nó go raibh sé beartaithe coir a dhéanamh chomh maith le diúltuithe cead isteach;
(f)
Ciallaíonn ‘baill teaghlaigh ar cuid den teaghlach iad’ céile nó páirtí comhalta d’Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe nó den chomhpháirt shibhialta nó leanbh an chomhalta sin atá ag brath air chun tacaíocht a fháil agus nach daoine iad a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach ná i nGiobráltar;
(g)
Ciallaíonn ‘cosaint idirnáisiúnta’ stádas dídeanaí de réir an Choinbhinsiúin i dtaobh Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, agus stádas cosanta coimhdí i gcás náisiúnach tríú tír nó duine gan stát nach gcáilíonn mar dhídeanaí ach a bhfuil forais shubstaintiúla léirithe ina leith lena chreidiúint, ach an duine lena mbaineann a fhilleadh ar a thír thionscnaimh, nó i gcás duine gan stát, ar an tír ina raibh gnáthchónaí air roimhe seo, go mbeadh fíorbhaol ann go bhfulaingeodh sé díobháil thromchúiseach agus nach bhfuil sé in ann nó, de bharr an bhaoil sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin;
(h)
Ciallaíonn ‘na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine’ na Ballstáit a bhfuil deireadh curtha acu le seiceálacha ar dhaoine ag a gcomhtheorainneacha;
(i)
ciallaíonn ‘fórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe’ daoine atá ag fónamh i bhFórsaí na Ríochta Aontaithe, mar ghnáthfhórsaí nó mar chúltacaí, ar saoránaigh den Ríocht Aontaithe, saoránaigh den Chomhlathas Briotanach nó saoránaigh d’Éirinn iad nó a bhfuil sé de cheart acu cónaí sa Ríocht Aontaithe nó sa Chomhlimistéar Taistil agus nach daoine iad a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar;
(j)
Ciallaíonn ‘daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar’ daoine a bhfuil an ceart dlíthiúil acu cónaí i nGiobráltar gan beann ar a náisiúntacht, cé is moite de shaoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh den Íoslainn, de Phrionsacht Lichtinstéin, de Ríocht na hIorua, de Chónaidhm na hEilvéise chomh maith le náisiúnaigh de Phrionsacht Andóra agus de Phoblacht San Mairíne tar éis theacht i bhfeidhm comhaontuithe lena dtugtar cearta saorghluaiseachta do na náisiúnaigh sin;
(k)
Ciallaíonn ‘Seiceáil Dara Líne’ seiceáil sa bhreis a fhéadfar a dhéanamh in ionad speisialta ar leataobh ón ionad ina seiceáiltear gach duine (an chéad líne);
(l)
Ciallaíonn ‘Limistéar na Seiceálacha ar an Dara Líne’ suíomh speisialta, mar a theorannaítear i gcomhréir le socruithe arna ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ag Ríocht na Spáinne de bhun Airteagal 33, ina ndéantar gníomhaíochtaí lena n-áirítear seiceálacha dara líne agus comhar oibríochtúil idir na húdaráis inniúla;
(m)
Ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine:
(i)
nach saoránach den Aontas é de réir bhrí Airteagal 20(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó nach ball teaghlaigh le saoránach den Aontas é, gan beann ar a náisiúntacht, dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(ii)
nach náisiúnach den Íoslainn, de Phrionsacht Lichtinstéin, de Ríocht na hIorua, de Chónaidhm na hEilvéise, de Phrionsacht Andóra nó de Phoblacht San Mairíne é agus nach ball teaghlaigh náisiúnaigh na dtíortha sin é, gan beann ar a náisiúntacht, a bhfuil cearta saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach leis na cearta sin dá dtagraítear i bhfomhír (a), faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin faoi seach;
(n)
ciallaíonn ‘fórsaí tríú tír ar cuairt’ daoine atá ag fónamh i seirbhísí armtha ballstáit de ECAT nó comhpháirtithe roghnaithe nach daoine iad a bhfuil cónaí orthu san Aontas, nó i nGiobráltar, nó atá ar fostú acu nó atá ar conradh acu, agus atá le teacht chuig Giobráltar ar cuireadh ón Ríocht Aontaithe.
AIRTEAGAL 27
Tagairtí do ghníomhartha áirithe de chuid an Aontais
Chun críoch na Coda seo, tuigfear go gcuimsítear le tagairtí do ghníomhartha de chuid an Aontais in Airteagail 26, 29, agus na hIarscríbhinní dá dtagraítear iontu, 32, 33, 35, 36, 37, 42, 43, 46, 47, 48, 50, 51, 52, 53, 55, 61, 64, 74, 76, 86, 90, 96, 104 agus 151 na gníomhartha sin de chuid an Aontais arna leasú nó arna n-ionadú amach anseo chomh maith le haon ghníomh de chuid an Aontais lena gcuirtear na gníomhartha sin de chuid an Aontais chun feidhme nó lena bhforlíontar iad.
AIRTEAGAL 28
Bacainní fisiciúla a bhaint
Bainfear na bacainní fisiciúla uile a bhaineann le gluaiseacht daoine idir an tAontas agus Giobráltar.
AIRTEAGAL 29
Pointí trasnaithe teorann
1.
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, bunóidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne pointí trasnaithe teorann ag calafort agus aerfort Ghiobráltar, ag a ndéanfar seiceálacha teorann dá dtagraítear i mír 2.
2.
Beidh na paisinéirí uile a thiocfaidh isteach i nGiobráltar ó chalafort nó aerfort Ghiobráltar faoi réir seiceálacha teorann ag na pointí trasnaithe teorann arna mbunú de bhun mhír 1.
3.
De mhaolú ar mhír 1, féadfar seiceálacha teorann a dhéanamh ag pointe trasnaithe teorann an aerfoirt, má cheadaíonn an méid tráchta a shreabhann tríd an gcalafort leibhéal rialaithe éifeachtúil, ard agus aonfhoirmeach ag pointe trasnaithe teorann an aerfoirt. Sa chás sin, áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne go ndéanfar paisinéirí agus baill den chriú a shroicheann an calafort a thionlacan ón gcalafort go dtí pointe trasnaithe teorann an aerfoirt, chun dul faoi na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 33(1) agus (2). Leagfar amach módúlachtaí chur i bhfeidhm an mhaolaithe sin i socrú riaracháin idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne.
4.
Ceadóidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne córais um rialú uathoibrithe teorann a úsáid ag na pointí trasnaithe teorann sin le haghaidh a seiceálacha féin ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar agus ar shaoránaigh den Aontas agus ar a mbaill teaghlaigh tríú tír agus ar thairbhithe a gceart saorghluaiseachta faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.
5.
Is iad údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ina dhiaidh sin a dhéanfaidh seiceálacha teorann ar dhul isteach. Is iad údaráis inniúla na Ríochta na Spáinne agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina dhiaidh sin a dhéanfaidh seiceálacha teorann ar imeacht.
6.
Ní mór aon seiceáil dara líne a dhéanamh ag Limistéar na Seiceálacha ar an Dara Líne.
7.
Gan dochar d’Airteagal 32(3) agus d’Airteagal 43, na coinníollacha maidir le dul isteach a éileoidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, beidh siad carnach. Geallann an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go ndéanfaidh sí na coinníollacha maidir le dul isteach faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a ailíniú leis na coinníollacha sin is infheidhme faoi dhlí an Aontais.
8.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne nach bhféadfar teacht isteach i nGiobráltar ó lasmuigh de limistéar Schengen gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ach amháin trí na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear i mír 1.
9.
D’ainneoin mhíreanna 2, 5 agus 8, féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne teacht isteach i nGiobráltar a cheadú seachas trí na pointí trasnaithe teorann, sna cásanna dá bhforáiltear le hAirteagal 5(2) (a), (b), (c) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Cód Teorainneacha Schengen) nó le hAirteagal 38 den Chomhaontú seo.
10.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne go mbeidh an bonneagar is gá ann agus go ndéanfar é a chothabháil chun go bhféadfar na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear i mír 1 a oibriú ar bhealach atá iomchuí do mhéid na sruthanna tráchta chun leibhéal éifeachtúil, ard agus aonfhoirmeach rialaithe a áirithiú i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen. Comhlíonfaidh an bonneagar sin na ceanglais dá dtagraítear in Iarscríbhinn 7 den Chomhaontú seo agus leagfar amach é sa socrú riaracháin idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne dá dtagraítear in Airteagal 33(5).
11.
A mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn VI de Chód Teorainneacha Schengen, beidh feidhm ag Pointí 2.3.1, 3.1.2, 3.1.4, 3.1.5, 3.2.1, 3.2.5 agus 3.2.6 den Iarscríbhinn sin maidir le seiceálacha teorann a dhéanfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ag na pointí trasnaithe teorann a bhunaítear in Airteagal 29(1). Déanfar aon fhaisnéis atá le soláthar faoi na pointí sin a sholáthar go comhuaineach agus gan mhoill d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne araon.
AIRTEAGAL 30
Gluaiseacht daoine idir Giobráltar agus na Ballstáit
1.
Áiritheoidh na Páirtithe go bhféadfaidh daoine gluaiseacht idir Giobráltar agus na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine gan seiceálacha teorann a dhéanamh, gan dochar do na forálacha maidir le teorainneacha farraige in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cód Teorainneacha Schengen, gan beann ar a náisiúntacht.
2.
D’ainneoin na chéad mhíre, i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí, don tsláinte phoiblí nó don tslándáil inmheánach, féadfaidh na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, rialú teorann a athbhunú go heisceachtúil idir Giobráltar agus críoch na mBallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine ar feadh tréimhse teoranta suas le 10 lá. Féadfar fad 20 lá a chur leis an tréimhse sin agus féadfar tréimhsí míosa a chur léi ina dhiaidh sin go dtí 6 mhí ar a mhéad. Ní athbhunófar rialú teorann idir Giobráltar agus críoch na mBallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine ach mar rogha dheireanach, agus ní rachaidh raon feidhme ná fad an athbhunaithe thar a bhfuil fíor-riachtanach chun freagairt don bhagairt thromchúiseach.
3.
I gcás ina gcinnfidh aon cheann de na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, rialú teorann idir Giobráltar agus críoch an Bhallstáit sin a athbhunú nó fad a chur leis i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an tAontas, i gcás ina n-athbhunóidh Ballstát an rialú teorann, nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina n-athbhunóidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an rialú teorann, an méid sin a chur in iúl don Pháirtí eile:
(a)
4 seachtaine ar a mhéid roimh athbhunú nó fadú atá beartaithe nó a luaithe is féidir i gcás ina mbeidh na himthosca is cúis leis an ngá le rialuithe teorann a athbhunú nó a fhadú ar eolas níos lú ná 4 seachtaine roimh athbhunú nó síneadh atá beartaithe;
(b)
láithreach agus tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig tar éis cinneadh chun rialú teorann a athbhunú nó fad a chur leis mar fhreagairt ar bhagairt thromchúiseach a éilíonn go ndéanfaí gníomhaíocht láithreach.
4.
Agus an Páirtí eile á chur ar an eolas aige faoi chinneadh maidir le rialú teorann idir Giobráltar agus críoch Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine a athbhunú nó fad a chur leis i gcomhréir le mír 3, déanfaidh an tAontas, i gcás ina n-athbhunaíonn Ballstát an rialú teorann, nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina n-athbhunaíonn an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an rialú teorann, an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don Pháirtí eile:
(a)
an bhfuil an t-athbhunú nó an fadú á dhéanamh ar fhoras bagairt thromchúiseach ar a bheartas poiblí, ar a shláinte phoiblí nó ar a shlándáil inmheánach;
(b)
mionsonraí ábhartha an fhorais nó na bhforas, ach amháin má tá cúiseanna sáraitheacha slándála nó rúndachta ann gan é sin a dhéanamh;
(c)
ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;
(d)
dáta tosaigh agus fad an athbhunaithe nó an fhadaithe; agus
(e)
i gcás inarb iomchuí, na bearta a d’fhéadfadh an Páirtí eile a ghlacadh.
5.
Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear an pobal ar an eolas ar bhealach comhordaithe faoi chinneadh maidir le rialú teorann idir Giobráltar agus críoch na mBallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine a athbhunú nó fad a chur leis, go háirithe an dáta tosaigh agus an dáta deiridh agus raon feidhme an athbhunaithe, mura bhfuil cúiseanna sáraitheacha slándála ann gan é sin a dhéanamh.
AIRTEAGAL 31
Bunachair sonraí an Aontais
Faoin gComhaontú seo, ní bheidh aon rochtain ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar chórais faisnéise ná ar bhunachair sonraí arna mbunú ar bhonn dhlí an Aontais.
TEIDEAL II
TRASNÚ TEORANN
AIRTEAGAL 32
Rialú teorann ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe,
i ndáil le Giobráltar
1.
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, feidhmeoidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, rialú teorann, lena gcuimseofar seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha, i gcomhréir le hAcht Ghiobráltar um Inimirce, Tearmann agus Dídeanaithe, arna leasú nó arna ionadú.
2.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tar éis seiceálacha teorann arna ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ag Ríocht na Spáinne dá dtagraítear in Airteagal 29(2), cead isteach a dhiúltú do dhuine agus i gcás nach bhfuil aon cheanglas ann gníomhaíocht chomhéigneach eile a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 34(3), cuirfidh siad údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ar an eolas láithreach ag an bpointe trasnaithe teorann agus déanfaidh siad an duine a thionlacan chuig Limistéar na Seiceálacha ar an Dara Líne, áit a ndéanfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne athbhreithniú ar cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach faoi dhlí an Aontais á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal CIRCPERS.33 agus gan dochar don fhéidearthacht atá ag Ríocht na Spáinne cead isteach a údarú i gcur i bhfeidhm Airteagal 6(5) de Chód Teorainneacha Schengen.
3.
Más rud é, ar bhonn an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 2, gur léir d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne gur duine é an duine lena mbaineann a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear tairbhí de chearta saorghluaiseachta faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, nó gur náisiúnach tríú tír é a bhfuil víosa fadfhanachta nó cead cónaithe aige arna eisiúint ag Ballstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, agus a chomhlíonann coinníollacha iontrála agus fanachta faoi dhlí an Aontais, tabharfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne cead don duine dul isteach sna Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, gan dochar don fhéidearthacht bearta a dhéanamh faoi Airteagal 33(4)(c)(ii). Ceadóidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, don duine sin teacht isteach i Ríocht na Spáinne nó i mBallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine.
AIRTEAGAL 33
Rialú teorann ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne
1.
Chun críoch an Chomhaontaithe seo, comhlíonfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne aon fheidhm atá riachtanach chun rialú teorann a fheidhmiú, lena gcuimsítear seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha, mar a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen, agus cúraimí gaolmhara faoi dhlí an Aontais.
2.
Tá seiceálacha teorann le déanamh ag na pointí trasnaithe teorann, a bhunaítear in Airteagal 29(1) chun a áirithiú go bhféadfar daoine, lena n-áirítear a modh iompair agus na hábhair atá ina seilbh, a údarú le dul isteach ar chríoch Ríocht na Spáinne nó imeacht uaithi.
3.
Tá faireachas ar theorainneacha le déanamh idir pointí trasnaithe teorann i nGiobráltar, lena n-áirítear faireachas ar phointí trasnaithe teorann lasmuigh de na huaireanta oscailte seasta, chun cosc a chur ar dhaoine a bheith ag teacht timpeall ar sheiceálacha teorann agus chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc nó a bhrath.
4.
Áireofar an méid seo a leanas leis na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 1:
(a)
Feidhmeanna seiceála teorann, inter alia, lena gcuimsítear an ceart chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
seiceálacha teorann a dhéanamh ar dhaoine, lena n-áirítear seiceálacha dara líne, i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen;
(ii)
cead isteach a dhiúltú do náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Chód Teorainneacha Schengen, seachas daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar, agus daoine a bhaineann leis na catagóirí a leagtar amach in Airteagal 6(5) de Chód Teorainneacha Schengen. I gcás inar thug iompróir an náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead isteach chuig an teorainn agus go bhfuil sé ar feitheamh iompar ar aghaidh i gcomhréir le hoibleagáidí na n-iompróirí dá dtagraítear in Airteagal 36, bearta iomchuí a dhéanamh chun cosc a chur ar an náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead isteach dul isteach go neamhdhleathach;
(b)
Feidhmeanna faireachais ar theorainneacha, inter alia, lena gcuimsítear an ceart chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc, agus bearta a dhéanamh i gcoinne daoine a thrasnaigh an teorainn go neamhdhleathach, lena n-áirítear na daoine sin a ghabháil agus a áirithiú go bhfillfidh siad i gcomhréir le forálacha Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(ii)
faireachas teorann a dhéanamh ar bhealach lena gcoiscfear agus lena ndíspreagfar daoine ó theacht timpeall ar na seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann, trí bhíthin aonaid dho-aistrithe nó aonaid shoghluaiste;
(c)
Feidhmeanna a dhéantar le haghaidh seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha, inter alia, lena gcuimsítear an ceart chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
córais TF agus córais faisnéise a úsáid lena bpróiseáiltear sonraí pearsanta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, gach gníomhaíocht leantach is gá nó gach gníomhaíocht atá le déanamh a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta agus na bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta a bhunú chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh trí thaisme nó ar scriosadh neamhdhleathach nó ar chaillteanas trí thaisme, ar athrú agus ar nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe, lena n-áirítear rochtain ag údaráis tríú tír;
(ii)
duine a ghabháil, a chuardach, a choinneáil, a chur faoi agallamh, a chur faoi chosaint, nó maoin a urghabháil nó a chuardach, i gcás ina bhfuil údar leis sin le linn rialú teorann arna dhéanamh ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus i gcomhréir le dlí na Spáinne, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;
(iii)
glacadh le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtíolacadh ag aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a chuireann é féin i láthair d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne.
5.
Tabharfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cúnamh, i gcás inar gá, d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna dá dtagraítear san Airteagal seo agus éascóidh siad feidhmiú na bhfeidhmeanna sin.
6.
Leis na socruithe riaracháin idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne, leagfar amach na socruithe praiticiúla a bhaineann le comhlíonadh dhualgais údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, gnéithe den chomhar oibríochtúil a bhaineann le rialú teorann agus an leagan amach maidir leis an gcaoi a ndéanfar seiceálacha teorann ag na pointí trasnaithe teorann.
AIRTEAGAL 34
Gníomhaíochtaí leantacha maidir le seiceálacha teorann – foláirimh i gcórais faisnéise
1.
Agus cúraimí á ndéanamh acu i gcomhréir le hAirteagail 32 agus 33, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, faoi seach, obair leantach ar fholáirimh ina mbunachair sonraí agus ina gcórais faisnéise féin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais is infheidhme.
2.
I gcás inar gá gníomhaíocht chomhéigneach a dhéanamh chun foláirimh a fháil sna bunachair sonraí agus sna córais faisnéise faoi seach, déanfar an duine lena mbaineann a thionlacan chuig Limistéar na Seiceálacha ar an Dara Líne, cé is moite den chás faoin dara fomhír.
I gcás inar gá faisnéis a bhailiú go discréideach ar bhonn foláireamh i mbunachar sonraí nó i gcóras faisnéise arna oibriú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, agus i gcás ina gcuirfí cineál discréideach aon bheart a bheadh le déanamh i mbaol dá ndéanfaí an duine a thionlacan chuig Limistéar na Seiceálacha ar an Dara Líne, beidh an t-údarás a shainaithin an foláireamh údaraithe chun an méid faisnéise is féidir a bhailiú le linn gnáthsheiceálacha teorann.
3.
I gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhéigneach ar bhonn foláirimh nach bhfuil ann ach amháin sna bunachair sonraí agus sna córais faisnéise arna n-oibriú ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na gníomhaíochtaí leantacha iomchuí faoi dhlí náisiúnta infheidhme na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
4.
I gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhéigneach ar bhonn foláirimh nach bhfuil ann ach amháin sna bunachair sonraí agus sna córais faisnéise arna n-oibriú ag Ríocht an Spáinne, déanfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne na gníomhaíochtaí leantacha iomchuí faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais.
5.
I gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhéigneach chun duine a ghabháil nó a choinneáil ar bhonn mhíreanna 3 agus 4, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas, de réir mar is iomchuí:
(a)
Le linn seiceálacha teorann ar dhul isteach, ní dhéanfaidh an duine agóid i gcoinne na gabhála nó na coinneála; nó de rogha air sin, tabharfar an rogha don duine dul isteach a dhiúltú;
(b)
Le linn seiceálacha teorann ar imeacht, ní dhéanfaidh an duine agóid i gcoinne na gabhála nó na coinneála; nó de rogha air sin, tabharfar an rogha don duine a bheith faoi cheangal imeacht.
6.
I gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhéigneach ar bhonn foláirimh atá sna bunachair sonraí agus sna córais faisnéise arna n-oibriú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus údaráis inniúla Ríocht na Spáinne araon, tiocfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ar chomhaontú maidir leis an údarás a dhéanfaidh an ghníomhaíocht atá i gceist nó a dhéanfaidh í ar dtús agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ghníomhaíocht leantach, cé is moite de chásanna faoi mhíreanna 7 agus 9.
7.
I gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhéigneach chun daoine a ghabháil agus a choinneáil nó chun ábhair a urghabháil ar bhonn foláirimh atá ann cheana sna bunachair sonraí agus sna córais faisnéise arna n-oibriú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, agus nach féidir ach le ceann amháin de na húdaráis sin gníomhaíocht chomhéigneach den sórt sin a dhéanamh, déanfaidh údaráis inniúla na Spáinne an ghníomhaíocht, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais is infheidhme. I gcásanna eisceachtúla, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha bac ar ghabháil agus ar choinneáil a iarraidh i gcás ina bhfuil ábhair imní aonair ann maidir le cearta an duine nó i gcás ina bhfuil oibleagáidí idirnáisiúnta a bhaineann le heiseachadadh ag teacht salach ar a chéile. Sa chás sin, ní mór do na húdaráis ábhartha na saincheisteanna a réiteach sula ndéanfar aon aistriú.
8.
Tabharfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó údaráis inniúla Ríocht na Spáinne fógra do na húdaráis inniúla eile faoi fhoirceannadh na gníomhaíochta comhéigní a dhéantar de bhun mhíreanna 6 agus 7 d’fhonn é a chur ar chumas na n-údarás inniúil eile, i gcás inarb iomchuí, agus cé is moite de chásanna faoi mhír 9, gníomhaíocht leantach atá le déanamh ar bhonn foláirimh atá ann cheana sna bunachair sonraí agus sna córais faisnéise arna n-oibriú ag na húdaráis inniúla.
9.
I gcás ina n-éileoidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne gníomhaíocht chomhéigneach le haghaidh gabhála nó coinneála, agus i gcás inar duine a bhfuil cónaí air i nGiobráltar an duine lena mbaineann, ní fhéadfaidh ach údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an ghníomhaíocht a dhéanamh. Déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, arna iarraidh sin d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus tar éis dóibh cibé faisnéis is gá a fháil chun gur féidir an ghníomhaíocht chomhéigneach a fhorghníomhú go dleathach, an ghníomhaíocht a iarradh a dhéanamh d’fhonn é a chur ar chumas Ríocht na Spáinne gníomhaíocht leantach a dhéanamh atá le déanamh ar bhonn foláirimh atá ann cheana i mbunachair sonraí agus i gcórais faisnéise arna n-oibriú ag a húdaráis inniúla. Tabharfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne faoin ngníomhaíocht chomhéigneach a dhéantar d’fhonn eiseachadadh tapa de bhun na chéad mhíre.
10.
I ngach cás gabhála faoin Airteagal seo, cuirfear coimircí nós imeachta iomchuí ar fáil don duine sula ndéanfar aon chinneadh nó rogha.
11.
Tá an tAirteagal seo gan dochar do na hoibleagáidí ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ar Ríocht na Spáinne faoi Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.
AIRTEAGAL 35
Gníomhaíochtaí leantacha maidir le rialú teorann – diúltuithe cead isteach
1.
Déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, diúltú cead isteach a fhorfheidhmiú i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na náisiúnaigh sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 32.
2.
Déanfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne diúltú cead isteach a fhorfheidhmiú i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach faoi dhlí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 33(4)(a)(ii), agus na náisiúnaigh sin amháin, agus nár údaraíodh dóibh dul isteach i gcur i bhfeidhm Airteagal 6(5) de Chód Teorainneacha Schengen.
3.
Déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, diúltú cead isteach a fhorfheidhmiú go comhpháirteach i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus faoi dhlí an Aontais araon, i gcomhréir le hAirteagail CIRCPERS.32 agus CIRCPERS.33(4)(a)(ii).
4.
Déanfar diúltú cead isteach i gcomhréir leis an Airteagal seo a fhorfheidhmiú tar éis aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith déanta mar obair leantach ar fholáireamh atá i mbunachair sonraí agus i gcórais faisnéise údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne i gcomhréir le hAirteagal 34.
AIRTEAGAL 36
Dliteanas na nIompróirí
Beidh feidhm ag Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus ag Treoir 2001/51/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i nGiobráltar, maidir le daoine seachas saoránaigh den Aontas, náisiúnaigh den Íoslainn, de Ríocht na hIorua, de Chónaidhm na hEilvéise, de Phrionsacht Lichtinstéin, agus náisiúnaigh de Phrionsacht Andóra agus de Phoblacht San Mairíne a iompar de mhuir nó d’aer ó thríú tír tar éis theacht i bhfeidhm comhaontuithe lena dtugtar cearta saorghluaiseachta do na náisiúnaigh sin nach bhfuil na doiciméid taistil is gá acu chun teacht isteach sna Ballstáit seachas Éire.
Beidh feidhm ag Airteagal 19.
AIRTEAGAL 37
Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go n-aistreoidh iompróirí Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí (API) maidir le heitiltí nach de thionscnamh limistéar Schengen iad agus a thagann isteach san aerfort chuig údaráis Ríocht na Spáinne. Comhlíonfaidh sonraí API chomh maith lena n-aistriú ceanglais Threoir 2004/82/CE ón gComhairle.
Beidh feidhm ag Airteagal 19.
AIRTEAGAL 38
Dul isteach agus imeacht fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe,
a gcomhpháirte sibhialta, a mball teaghlaigh ar cuid den teaghlach iad
agus fórsaí tríú tír ar cuairt
1.
Ar na coinníollacha a shonraítear i mír 2 agus faoi réir chomhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí a bhunaítear sa Chomhaontú seo a bhaineann le dul isteach agus imeacht comhaltaí d’Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe nó d’fhórsaí tríú tír ar cuairt, beidh na daoine sin díolmhaithe ó rialacháin pasanna agus víosaí agus ó sheiceálacha teorann Schengen i gcomhréir le hAirteagal 33 ag pointí trasnaithe teorann Schengen dá dtagraítear in Airteagal 29(1), ach ní mheasfar go bhfuil aon cheart buanchónaithe nó sainchónaithe i limistéar Schengen á fháil acu.
2.
Ní bheidh gá ach leis na doiciméid seo a leanas chun baill d’Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe nó d’fhórsaí tríú tír ar cuairt a chlárú, atá le taispeáint ag pointí trasnaithe teorann Schengen:
(a)
cárta aitheantais pearsanta arna eisiúint ag Aireacht Cosanta na Ríochta Aontaithe nó ag Aireacht Cosanta an fhórsa tríú tír ar cuairt ar a dtaispeántar ainmneacha, dáta breithe, céim agus uimhir (más ann di), seirbhís, agus grianghraf;
(b)
ordú gluaiseachta aonair nó comhchoiteann, sa Spáinnis agus sa Bhéarla, arna eisiúint ag Aireacht Cosanta na Ríochta Aontaithe agus lena ndeimhnítear stádas an duine aonair nó an ghrúpa mar bhall nó baill d’Fhórsa neamhchónaitheach na Ríochta Aontaithe nó d’fhórsa tríú tír ar cuairt agus don ghluaiseacht a ordaítear;
Aon sonraí a bhaileofar chun críocha na míre seo, úsáidfear iad go heisiach le haghaidh slándáil teorann ag na pointí trasnaithe teorann arna mbunú faoi Airteagal CIRCPERS.29.
3.
Maidir le dul isteach agus imeacht Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe, shealbhóirí na gceadanna cónaithe sin atá i dteideal na forála in Airteagal 50(13) agus 51(12), fhórsaí tríú tír ar cuairt agus na comhpháirte sibhialta a thagann isteach agus a imíonn ar bord aerárthaí Stáit nó soithí Stáit, cuirfidh an Ríocht Aontaithe an fhaisnéis is gá chun na daoine sin a shainaithint ar fáil do Ríocht na Spáinne. Is iad na hOifigigh Idirchaidrimh arna n-ainmniú i gcomhréir le socrú riaracháin idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe a dhéanfaidh na daoine sin a shainaithint ar theacht isteach dóibh nó ar imeacht dóibh. Déanfar baill teaghlaigh ar cuid den teaghlach iad a dhíriú chuig na pointí trasnaithe teorann.
4.
Ar na coinníollacha a shonraítear i mír 5 agus faoi réir chomhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí a bhunaítear sa Chomhaontú seo a bhaineann le dul isteach agus imeacht ball den chomhpháirt shibhialta d’Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe nó baill teaghlaigh ar cuid den teaghlach iad, beidh na daoine sin díolmhaithe ó rialacháin pasanna agus víosaí agus ó chigireacht inimirce ag seiceálacha teorann Schengen i gcomhréir le hAirteagal 33 ag pointí trasnaithe teorann Schengen dá dtagraítear in Airteagal 29(1), ach ní mheasfar go bhfuil aon cheart buanchónaithe nó sainchónaithe i limistéar Schengen á fháil acu.
5.
Ní bheidh gá ach leis na doiciméid seo a leanas chun baill den chomhpháirt shibhialta d’Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe a chlárú agus baill teaghlaigh ar cuid den teaghlach iad ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe iad nó a bhfuil sé de cheart acu cónaí sa Ríocht Aontaithe nó sa Chomhlimistéar Taistil. Ní mór iad a chur i láthair ag pointí trasnaithe teorann Schengen dá dtagraítear in Airteagal 29(1):
(a)
pas bailí de chuid na Ríochta Aontaithe nó doiciméad taistil nó cead cónaithe bailí de chuid na Ríochta Aontaithe;
(b)
ordú gluaiseachta aonair nó comhchoiteann, sa Spáinnis agus sa Bhéarla, arna eisiúint ag Aireacht Cosanta na Ríochta Aontaithe agus lena ndeimhnítear stádas an duine aonair nó an ghrúpa mar bhall nó baill den chomhpháirt shibhialta d’Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe nó mar bhaill teaghlaigh ar cuid den teaghlach iad, agus don ghluaiseacht a ordaítear;
Aon sonraí a bhaileofar chun críocha na míre seo, úsáidfear iad go heisiach le haghaidh slándáil teorann ag na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 29(1).
6.
Maidir le baill den chomhpháirt shibhialta nó baill teaghlaigh ar cuid den teaghlach iad nach saoránaigh den Ríocht Aontaithe iad nó nach bhfuil sé de cheart acu cónaí sa Ríocht Aontaithe ná sa Chomhlimistéar Taistil, beidh siad faoi réir seiceálacha teorann Schengen mar a fhoráiltear in Airteagal 33. Ní dhéanfar seiceálacha teorann Schengen breise ar na daoine sin chun imeacht ó Bhallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm nó dul isteach ann i gcomhréir le mír 7 ar choinníoll go bhfuil a ndul isteach nó a n-imeacht údaraithe i gcomhréir leis an mír seo.
7.
Na baill sin d’Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe, d’fhórsaí tríú tír ar cuairt, den chomhpháirt shibhialta agus baill teaghlaigh ar cuid dá dteaghlach iad, ar mian leo imeacht ó Bhallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine nó dul isteach ann, beidh siad faoi réir seiceálacha teorann Schengen i gcomhréir le hAirteagal 33 ag pointí trasnaithe teorann Schengen dá dtagraítear in Airteagal 29(1). Cuirfidh an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na Spáinne na daoine sin ar an eolas faoin oibleagáid dul faoi sheiceálacha den sórt sin agus faoin bhféidearthacht go bhféadfaidís a bheith faoi réir gníomhaíocht araíonachta mura ndéanfaidh siad amhlaidh, gan dochar do chur i bhfeidhm ghníomhartha an Aontais lena rialaítear náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh. Ní cheadófar d’aonaid nó d’fhoirmíochtaí arna mbunú go rialta dul isteach i limistéar Schengen ná imeacht as trí na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 29(1).
TEIDEAL III
COIMIRCÍ
CAIBIDIL 1
CÓNAÍ I nGIOBRÁLTAR,
RIALACHA SPEISIALTA, EISIÚINT CEADANNA CÓNAITHE AGUS VÍOSAÍ
AIRTEAGAL 39
Raon feidhme
Chun críoch na Caibidle seo, tuigfear gur tagairtí do na Ballstáit uile seachas Éire iad tagairtí do na Ballstáit.
AIRTEAGAL 40
An bhaint le dlí an Aontais
Beidh an Comhaontú seo gan dochar d’aon cheart nó oibleagáid a d’fhéadfadh a bheith ag daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar faoi dhlí an Aontais.
AIRTEAGAL 41
Taisteal gan víosa
1.
Saoránaigh den Aontas, a mbaill teaghlaigh tríú tír a bhfuil cárta cónaithe acu faoi Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach sna Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, féadfaidh siad teacht isteach i nGiobráltar agus fanacht ann gan víosa ar feadh uastréimhse 90 lá in aon tréimhse 180 lá.
Féadfaidh daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar teacht isteach agus fanacht, gan víosa ar feadh uastréimhse 90 lá in aon tréimhse 180 lá, ar chríoch na mBallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine.
Le haghaidh dul isteach agus fanacht gan víosa ar feadh uastréimhse 90 lá in aon tréimhse 180 lá ar chríoch Ballstát seachas na Ballstáit sin a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, déanfar an tréimhse údaraithe fanachta a ríomh ar leithligh i gcás gach ceann de na Ballstáit sin.
2.
D’ainneoin an dara fomhír de mhír 1, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh ceanglas víosa a fhorchur ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar agus atá ag taisteal chun gníomhaíocht íoctha a dhéanamh.
D’ainneoin na chéad fhomhíre de mhír 1, i gcás daoine dá dtagraítear san fhomhír sin, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a chinneadh ceanglas víosa a fhorchur ar na daoine sin atá ag taisteal chun gníomhaíocht íoctha a dhéanamh.
AIRTEAGAL 42
Éascuithe ag na teorainneacha seachtracha
1.
Ar thrasnú teorainneacha seachtracha Ballstáit dóibh, lena n-áirítear na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 29(1), ní ghreamófar aon stampa dul isteach nó imeachta do dhoiciméid taistil daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar.
Beidh daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar díolmhaithe ó cheanglais an Chórais Dul Isteach/Imeachta.
2.
Ar thrasnú teorainneacha seachtracha Ballstáit dóibh, lena n-áirítear na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 29(1), beidh daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar díolmhaithe ón gceanglas údarú bailí taistil a bheith ina seilbh acu de bhun Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
AIRTEAGAL 43
Teacht isteach i nGiobráltar
1.
Ní bheidh daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar faoi réir fíoruithe maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 6(1) de Chód Teorainneacha Schengen ag na pointí trasnaithe teorann arna mbunú faoi Airteagal CIRCPERS.29(1), chun teacht isteach i nGiobráltar.
2.
Daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar agus nach gcomhlíonann na coinníollacha eile maidir le dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Chód Teorainneacha Schengen, ní chuirfear cosc orthu in aon chás na pointí trasnaithe teorann arna mbunú faoi Airteagal 29(1) a thrasnú chun teacht isteach i nGiobráltar.
AIRTEAGAL 44
Dul isteach sna Ballstáit chun críoch idirthurais
Daoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar nach gcomhlíonann na coinníollacha uile maidir le dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Chód Teorainneacha Schengen, údarófar dóibh dul isteach i gcríoch na mBallstát chun críoch idirthurais ionas go bhféadfaidh siad Giobráltar a bhaint amach, mura rud é go mbeidh a n-ainmneacha ar liosta náisiúnta foláireamh an Bhallstáit arb iad a theorainneacha seachtracha atá uathu a thrasnú agus go mbeidh treoracha ag gabháil leis an bhfoláireamh á rá nach mór dul isteach nó idirthuras a dhiúltú.
AIRTEAGAL 45
Ceart cónaithe i nGiobráltar
1.
Cruthófar ceart dlíthiúil chun cónaí i nGiobráltar ar bhonn duine ag a bhfuil cárta aitheantais bailí nó cead cónaithe bailí arna eisiúint i nGiobráltar ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach n-eiseofar cártaí aitheantais agus ceadanna cónaithe arna n-eisiúint i nGiobráltar ach do dhaoine a chomhlíonann na coinníollacha maidir le teidlíocht ar an gcárta aitheantais nó ar an gcead cónaithe sin a leagtar amach sa reachtaíocht atá i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
3.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbeidh na coinníollacha maidir le teidlíocht ar chárta aitheantais arna eisiúint i nGiobráltar sa reachtaíocht dá dtagraítear i mír 2 comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta.
4.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an Chomhairle Comhair ar an eolas aon uair a bheartaítear athruithe a dhéanamh ar na coinníollacha sa reachtaíocht dá dtagraítear i mír 2 tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Tabharfaidh an Chomhairle Comhair a tuairim, laistigh de mhí amháin tar éis di a bheith curtha ar an eolas faoi sin, maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na hathruithe sin comhoiriúnach leis an gComhaontú seo. Ní fhágfaidh na hathruithe sin, in aon chás, go mbeidh duine in ann na nithe seo a leanas a fháil:
(a)
cárta aitheantais arna eisiúint i nGiobráltar, ar bhonn réamhchónaithe i nGiobráltar, mura raibh cónaí orthu i nGiobráltar ar feadh tréimhse leanúnach 10 mbliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais ar an gcárta;
(b)
cead cónaithe arna eisiúint i nGiobráltar mura bhfuil siad in ann fíornasc le Giobráltar a léiriú.
5.
Bunófar an coinníoll i bpointe (b) de mhír 4 ar bhonn duine a bheith in ann láithreacht fhisiciúil iarbhír agus rialta a léiriú i nGiobráltar thar thréimhse iomchuí ama nó ar bhonn critéar oibiachtúil infhíoraithe eile.
6.
Ní chomhlíonfar na coinníollacha maidir le teidlíocht ar chárta aitheantais arna eisiúint ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar bhonn eile seachas réamhchónaí ná an coinníoll maidir le teidlíocht ar chead cónaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4:
(a)
ar bhonn infheistíochtaí réamhchinntithe a bheith déanta i ngeilleagar nó eastát réadach Ghiobráltar; nó
(b)
mar thoradh ar aon íocaíochta airgeadais réamhchinntithe a bheith déanta le húdaráis Ghiobráltar.
7.
Faoi réir Airteagal 52 amháin, áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach ndéanfar ceadanna cónaithe arna n-eisiúint i nGiobráltar a eisiúint nó a athnuachan ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 50 agus in Airteagal 51.
8.
Tarraingeofar siar ceadanna cónaithe a eisíodh do dhaoine nach gcomhlíonann na coinníollacha i bpointe (b) de mhír 4 a thuilleadh.
AIRTEAGAL 46
Fógra feabhsaithe do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar
1.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, athbhreithniú rialta ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht as an bhféidearthacht atá ann do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar taisteal go críoch na mBallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, agus déanfaidh sí measúnú riosca den sórt sin a chur ar fáil do Ríocht na Spáinne go tráthrialta, agus gach 3 mhí ar a laghad. Agus an measúnú riosca sin á dhéanamh ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, beidh aird aici ar an bhfaisnéis ábhartha uile atá ar fáil di, lena n-áirítear faisnéis i ndáil le himscrúduithe agus oibríochtaí forfheidhmithe agus frithsceimhlitheoireachta.
I gcás ina mbeidh foras ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, lena mheas go bhféadfadh duine a bhfuil cónaí air i nGiobráltar a bheith ina bhagairt thromchúiseach ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach, ar shláinte phoiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta Ballstáit, cuirfidh sí Ríocht na Spáinne ar an eolas gan mhoill agus leagfaidh sí amach an foras ar a bhfuil an measúnú sin bunaithe.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir le malartú faisnéise faoin dara fomhír.
2.
Más rud é, ar bhonn faisnéis a fhaightear de bhun mhír 1, nó ar bhonn aon fhaisnéise eile, go measann Ríocht na Spáinne go bhfuil duine a bhfuil cónaí air i nGiobráltar ina bhagairt atá tromchúiseach go leor ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar a caidreamh idirnáisiúnta, agus má chinneann sí ar an bhforas sin go bhfuil toirmeasc ar an duine sin Giobráltar a fhágáil chun taisteal chuig críoch na mBallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, tabharfaidh sí fógra d’údaráis na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoin toirmeasc sin.
Leagfar amach san fhógra na cúiseanna leis an toirmeasc, chomh maith leis na modhanna trína bhféadfaidh an duine lena mbaineann achomharc a dhéanamh in aghaidh an toirmisc os comhair cúirt náisiúnta de chuid Ríocht na Spáinne. Má dhéantar achomharc, ní gá go gcuirfear cinneadh cead isteach a thoirmeasc ar fionraí.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir le malartú faisnéise faoin dara fomhír.
3.
I gcás ina mbeidh fógra dá dtagraítear i mír 2 faighte ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, déanfaidh sí an méid seo a leanas:
(a)
an duine lena mbaineann a chur ar an eolas faoin bhfógra agus faoina bhfuil ann;
(b)
gach beart is gá a dhéanamh chun taisteal toirmiscthe chuig limistéar Schengen a chosc, lena n-áirítear trí chomhar póilíneachta agus breithiúnach le Ríocht na Spáinne.
4.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, gan beann ar a náisiúntacht, dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2004/38/CE;
(b)
baill teaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, náisiúnach den Íoslainn, de Phrionsacht Lichtinstéin, de Ríocht na hIorua, de Chónaidhm na hEilvéise, de Phrionsacht Andóra agus de Phoblacht San Mairíne a bhfuil cearta saorghluaiseachta acu, faoi chomhaontuithe arna gcur i gcrích ag an Aontas, atá coibhéiseach leis na cearta sin dá dtagraítear i bhfomhír (a)..
AIRTEAGAL 47
Víosaí gearrfhanachta i ndáil le Giobráltar
1.
Náisiúnaigh tríú tíortha a gceanglaítear orthu víosa ghearrfhanachta a bheith ina seilbh acu chun teacht isteach sna Ballstáit agus fanacht iontu i gcomhréir le dlí an Aontais, ceanglófar orthu freisin víosa a bheith ina seilbh acu chun teacht isteach i nGiobráltar agus fanacht ann.
2.
Náisiúnaigh tríú tíortha atá díolmhaithe ón gceanglas víosa ghearrfhanachta a bheith ina seilbh acu chun teacht isteach sna Ballstáit agus fanacht iontu i gcomhréir le dlí an Aontais, ní cheanglófar orthu víosa a bheith ina seilbh acu chun teacht isteach i nGiobráltar agus fanacht ann.
3.
Víosaí gearrfhanachta a eisítear i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Rialacháin (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh siad bailí freisin maidir le teacht isteach agus fanacht i nGiobráltar ar feadh uastréimhse 90 lá in aon tréimhse 180 lá. I gcás inarb é an príomhchuspóir fanacht i nGiobráltar, is í Ríocht na Spáinne, an Ballstát comharsanachta, a eiseoidh an víosa.
4.
Tabharfaidh Ríocht na Spáinne fógra don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair a bheidh sé beartaithe aici víosa a eisiúint i gcomhréir leis an dara habairt de mhír 3. I gcás ina measfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nár cheart víosa a eisiúint i gcomhréir leis an dara habairt de mhír 3, ar chúiseanna atá tromchúiseach go leor a bhaineann leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil inmheánach nó leis an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear ar bhonn foláireamh arna eisiúint i nGiobráltar, cuirfidh sí Ríocht na Spáinne ar an eolas. Sa chás sin, ní bheidh aon víosa a eiseoidh Ríocht na Spáinne, de mhaolú ar mhír 3, bailí maidir le teacht isteach agus fanacht i nGiobráltar, agus marcálfar an méid sin sa roinn ‘barúlacha’ den víosa. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir le fógraí faoin mír seo.
5.
Ní bheidh víosaí seachas na víosaí sin a eiseofar de bhun mhír 3 agus de bhun Airteagal 47 bailí maidir le teacht isteach agus fanacht i nGiobráltar.
AIRTEAGAL 48
Víosaí eisceachtúla ag teorainneacha seachtracha i ndáil le Giobráltar
1.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo, tar éis seiceálacha teorann a chur i gcrích, nuair a chuirfidh duine in iúl, nach bhfuil víosa bailí ina sheilbh aige atá ina cheanglas chun teacht isteach i nGiobráltar nó sna Ballstáit, gur mian leis teacht isteach i nGiobráltar agus fanacht ann amháin.
2.
Sa chás dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, víosa ghearrfhanachta a eisiúint go heisceachtúil ag na pointí trasnaithe teorann seachtraí a bhunaítear de bhun Airteagal 29(1) i gcás ina bhfuil forais láidre ann déanamh amhlaidh ar fhorais dhaonnúla, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go dtíolacann an t-iarratasóir doiciméid tacaíochta nó fianaise eile a thugann bunús le cúiseanna práinneacha neamh-intuartha le dul isteach ar fhorais dhaonnúla;
(b)
go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le dul isteach, seachas ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(i)
go bhfuil víosa ina sheilbh aige, a éilíonn údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus údaráis inniúla Ríocht na Spáinne;
(ii)
nár fhan sé ar chríoch na mBallstát ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá;
(iii)
go bhfuil doiciméad taistil bailí ina sheilbh aige lena gceadaítear don sealbhóir an teorainn a thrasnú agus na critéir seo a leanas á sásamh aige:
a)
go mairfidh bailíocht an doiciméid 3 mhí ar a laghad tar éis an dáta imeachta atá beartaithe;
b)
gur doiciméad é a eisíodh sna 10 mbliana roimhe sin; agus
(c)
go meastar gur cinnte go bhfillfidh an t-iarratasóir ar a thír thionscnaimh nó ar a thír chónaithe nó ar a thír idirthurais trí Stáit seachas na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine.
3.
Maidir le víosa a eiseofar go eisceachtúil ag na teorainneacha seachtracha i gcomhréir le mír 2, ní bheidh an víosa sin bailí ach amháin le haghaidh chríoch Ghiobráltar, lena gceadófar don sealbhóir fanacht ann ar feadh ré nach faide ná 15 lá, ag brath ar chuspóir agus ar choinníollacha an fhanachta a bheidh beartaithe. Féadfar 15 lá ar a mhéad a chur le tréimhse an fhanachta ina dhiaidh sin má mheasann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go bhfuil cruthúnas curtha ar fáil ag sealbhóir an víosa ar force majeure nó ar chúiseanna daonnúla a chuireann cosc air imeacht. Ní thabharfaidh sé an ceart don sealbhóir dul isteach ar chríoch na mBallstát.
4.
I gcás ina measann Ríocht na Spáinne nár cheart víosa a eisiúint ná síneadh a chur léi i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 toisc go bhfuil cúiseanna atá tromchúiseach go leor ann a bhaineann leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil inmheánach nó leis an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear ar bhonn foláireamh arna eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen, cuirfidh sí an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an eolas faoina hagóid i gcoinne víosa den sórt sin a eisiúint. Sa chás sin, staonfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ó víosa a eisiúint ag na teorainneacha seachtracha i gcomhréir le mír 2.
5.
Nuair a chinnfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, víosa a eisiúint nó síneadh a chur léi i gcomhréir le míreanna 2 nó 3, ceadóidh sí d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne sonraí an iarratasóra a thaifeadadh, lena n-áirítear aitheantóirí bithmhéadracha, atá ina gceanglas chun víosa a eisiúint nó síneadh a chur léi i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe le forálacha Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cuirfidh Ríocht na Spáinne na sonraí sin isteach sa Chóras Faisnéise Víosaí, agus cuirfidh sí faisnéis isteach lena léirítear gur eisíodh an víosa agus bailíocht chríochach aici atá teoranta do chríoch Ghiobráltar de bhun an Airteagail seo.
6.
Ní rachaidh líon na víosaí de bhun mhír 2 thar 15 i ngach bliain féilire. Féadfar an líon víosaí a eisítear gach bliain féilire a leasú le cinneadh ón gComhairle Comhair.
7.
Eiseofar víosaí a eiseofar de bhun mhír 2 i bhformáid a chinnfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, samplaí de na víosaí sin agus aon mhodhnú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin ar fáil do Ríocht na Spáinne chun críoch faisnéise.
AIRTEAGAL 49
Víosaí fadfhanachta atá bailí do Ghiobráltar
Ní eiseofar víosaí fadfhanachta atá bailí do Ghiobráltar.
AIRTEAGAL 50
Ceadanna cónaithe i ndáil le Giobráltar
1.
Is iad údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bheidh freagrach as ceadanna cónaithe a eisiúint nó a athnuachan i ndáil le Giobráltar. Ní fhéadfar ceadanna cónaithe den sórt sin a eisiúint nó a athnuachan ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha faoi Airteagal 45.
2.
Sula ndéanfar cead cónaithe a eisiúint nó a athnuachan, cuirfidh údaráis na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ar an eolas.
3.
Laistigh de 28 lá féilire tar éis fógra a fháil faoi mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe a chur ar an eolas, i ndáil le Giobráltar, faoina n-agóid i gcoinne cead cónaithe a eisiúint nó a athnuachan i gcás ina measfar, i gcomhréir le acquis Schengen, gur bagairt é an t-iarratasóir ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, lena n-áirítear ar bhonn foláireamh arna eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen. Sa chás sin, ní dhéanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an cead cónaithe a eisiúint ná a athnuachan, agus cuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoin toradh agus soláthróidh siad sonraí teagmhála údaráis inniúla Ríocht na Spáinne don iarratasóir. Arna iarraidh sin don iarratasóir, cuirfidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, agus aird chuí á tabhairt acu ar a n-oibleagáidí faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, an t-iarratasóir ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a)
a gcinneadh agóid a dhéanamh i gcoinne cead cónaithe a eisiúint nó a athnuachan;
(b)
na forais le hagóid a dhéanamh i gcoinne eisiúint nó athnuachan an cheada cónaithe, lena mheas gur bagairt é an t-iarratasóir ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar an gcaidreamh idirnáisiúnta, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, bunbhrí na gcúiseanna; agus
(c)
na leigheasanna iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leis an mír seo.
4.
Féadfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, gur cuireadh síneadh 14 lá féilire ar a mhéad leis an tréimhse 28 lá féilire dá dtagraítear i mír 3. Mura bhfaighfear freagra faoi dhul in éag na tréimhse 28 lá féilire sin, measfar gur freagra dearfach é sin. In aon chás, staonfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ó chead cónaithe a eisiúint nó a athnuachan roimh dheireadh na tréimhse dá bhforáiltear sa mhír seo.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leis an mír seo.
5.
I gcás ina mbeidh forais ann le hagóid a dhéanamh i gcoinne duine a bhfuil cead cónaithe aige, lena n-áirítear nuair a mheasfar gur bagairt é an sealbhóir ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta Ballstáit, lena n-áirítear ar bhonn foláireamh arna eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen, iarrfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an cead cónaithe sin a tharraingt siar. Sa chás sin, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an cead cónaithe a tharraingt siar agus soláthróidh siad sonraí teagmhála údaráis inniúla Ríocht na Spáinne don sealbhóir. Arna iarraidh sin don sealbhóir, cuirfidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, agus aird chuí á tabhairt acu ar a n-oibleagáidí faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, an sealbhóir ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a)
a gcinneadh a iarraidh go ndéanfaí cead cónaithe a tharraingt siar;
(b)
na forais lena mheas gur bagairt é an sealbhóir ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar an gcaidreamh idirnáisiúnta, lena ngabhann, i gcás inarb iomchuí, bunbhrí na gcúiseanna; agus
(c)
na leigheasanna iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leis an mír seo.
6.
I gcás ina n-eiseofar cead cónaithe, nó nach dtarraingeofar siar é, toisc nach mbeidh agóid déanta ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ina choinne de bhun mhíreanna 3 nó 5 agus d’ainneoin foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen chun críoch cead isteach a dhiúltú, nó fillidh, ní thugann an cead cónaithe sin an ceart don sealbhóir dul isteach ar chríoch na mBallstát.
7.
Maidir le cead cónaithe i ndáil le Giobráltar, comhlíonfaidh sé an fhormáid aonfhoirmeach a leagtar síos i ndlí an Aontais agus cuirfear in iúl go soiléir air go bhfuil sé bailí do Ghiobráltar.
8.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ceadanna samplacha ar fáil do Ríocht na Spáinne i leith Ghiobráltar agus aon mhodhnú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin, chun go gcuirfidh an Spáinn fógra fúthu sin don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 39(1)(a) de Chód Teorainneacha Schengen.
9.
Ainmneoidh Ríocht na Spáinne, i gcomhréir le hAirteagal 68, an t-údarás atá freagrach as an bhfaisnéis a fháil de bhun an Airteagail seo. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra, i gcomhréir le hAirteagal 68, don údarás atá freagrach as iarratais ar cheadanna cónaithe a fháil, as ceadanna cónaithe a eisiúint nó a athnuachan i ndáil le Giobráltar agus as faisnéis a chur faoi bhráid Ríocht na Spáinne de bhun an Airteagail seo.
10.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo go dtí an dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) de bhun Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ón dáta sin, beidh feidhm ag Airteagal 51.
11.
Cuirfidh an tAontas an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an eolas faoin dáta a thosóidh na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 9, roimh an dáta sin.
12.
Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 6 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
saoránaigh an Aontais agus baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, gan beann ar a náisiúntacht, dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2004/38/CE;
(b)
náisiúnaigh den Íoslainn, de Phrionsacht Lichtinstéin, de Ríocht na hIorua, de Chónaidhm na hEilvéise, de Phrionsacht Andóra agus de Phoblacht San Mairíne é agus nach bhall teaghlaigh náisiúnaigh na dtíortha sin é, gan beann ar a náisiúntacht, a bhfuil cearta saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach leis na cearta sin dá dtagraítear i bhfomhír (a), faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas.
13.
I gcás daoine agus a mball teaghlaigh agus iad ar postú i seirbhís chuig fórsaí na Ríochta Aontaithe nó chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina mbeidh agóid déanta ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne i gcoinne eisiúint an cheada cónaithe i gcomhréir le mír 3, eiseofar cead cónaithe dóibh a mbeidh bailíocht chríochach aige a bheidh teoranta do Ghiobráltar.
AIRTEAGAL 51
Ceadanna cónaithe i ndáil le Giobráltar
1.
Is iad údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bheidh freagrach as ceadanna cónaithe a eisiúint nó a athnuachan i ndáil le Giobráltar. Ní fhéadfar ceadanna cónaithe den sórt sin a eisiúint nó a athnuachan ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha faoi Airteagal 45.
2.
Sula ndéanfar cead cónaithe a eisiúint nó a athnuachan, cuirfidh údaráis na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ar an eolas.
3.
Gan dochar do mhír 1, áiritheoidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbaileofar na sonraí is gá chun go mbeidh Ríocht na Spáinne in ann Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chomhlíonadh i ndáil le hiarratais ar cheadanna cónaithe arna ndéanamh i nGiobráltar agus go n-aistreofar na sonraí sin chuig údaráis inniúla Ríocht na Spáinne laistigh de 2 lá oibre ó rinneadh an t-iarratas.
I ndáil leis sin, áiritheoidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an méid seo a leanas:
(a)
go mbeidh na sonraí a bhaileofar cruinn, cothrom le dáta agus ar leibhéal leordhóthanach cáilíochta agus iomláine;
(b)
gur bailíodh go dleathach iad, agus na coimircí a leagtar síos sa Chaibidil sin á n-urramú;
(c)
gur tugadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 don iarratasóir; agus
(d)
go dtabharfaidh an t-iarratasóir toiliú, tráth an iarratais, go ndéanfar a chuid sonraí a phróiseáil i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.
4.
Laistigh de 28 lá féilire tar éis fógra a fháil faoi mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe a chur ar an eolas, i ndáil le Giobráltar, faoina n-agóid i gcoinne cead cónaithe a eisiúint nó a athnuachan i gcás ina measfar, i gcomhréir le acquis Schengen, gur bagairt é an t-iarratasóir ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, lena n-áirítear ar bhonn foláireamh arna eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen. Sa chás sin, ní dhéanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an cead cónaithe a eisiúint ná a athnuachan, agus cuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoin toradh agus soláthróidh siad sonraí teagmhála údaráis inniúla Ríocht na Spáinne don iarratasóir. Arna iarraidh sin don iarratasóir, cuirfidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, agus aird chuí á tabhairt acu ar a n-oibleagáidí faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, an t-iarratasóir ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a)
a gcinneadh agóid a dhéanamh i gcoinne cead cónaithe a eisiúint nó a athnuachan;
(b)
na forais le hagóid a dhéanamh i gcoinne eisiúint nó athnuachan an cheada cónaithe, lena mheas gur bagairt é an t-iarratasóir ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar an gcaidreamh idirnáisiúnta, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, bunbhrí na gcúiseanna; agus
(c)
na leigheasanna iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leis an mír seo.
5.
Féadfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, gur cuireadh síneadh 14 lá féilire ar a mhéad leis an tréimhse 28 lá féilire dá dtagraítear i mír 3. Mura bhfaighfear freagra faoi dhul in éag na tréimhse 28 lá féilire sin, measfar gur freagra dearfach é sin. In aon chás, staonfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ó chead cónaithe a eisiúint nó a athnuachan roimh dheireadh na tréimhse dá bhforáiltear sa mhír seo.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leis an mír seo.
6.
I gcás ina mbeidh forais ann le hagóid a dhéanamh i gcoinne duine a bhfuil cead cónaithe aige, lena n-áirítear nuair a mheasfar gur bagairt é an sealbhóir ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta Ballstáit, lena n-áirítear ar bhonn foláireamh arna eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen, iarrfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an cead cónaithe sin a tharraingt siar. Sa chás sin, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an cead cónaithe a tharraingt siar agus soláthróidh siad sonraí teagmhála údaráis inniúla Ríocht na Spáinne don sealbhóir. Arna iarraidh sin don sealbhóir, cuirfidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, agus aird chuí á tabhairt acu ar a n-oibleagáidí faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, an sealbhóir ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a)
a gcinneadh a iarraidh go ndéanfaí cead cónaithe a tharraingt siar;
(b)
na forais lena mheas gur bagairt é an sealbhóir ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar an gcaidreamh idirnáisiúnta, lena ngabhann, i gcás inarb iomchuí, bunbhrí na gcúiseanna; agus
(c)
na leigheasanna iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leis an mír seo.
7.
I gcás ina n-eiseofar cead cónaithe, nó nach dtarraingeofar siar é, toisc nach mbeidh agóid déanta ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ina choinne de bhun mhíreanna 4 nó 6 agus d’ainneoin foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen chun críoch diúltaithe cead isteach, nó chun críoch fillidh, ní thugann an cead cónaithe sin an ceart don sealbhóir dul isteach ar chríoch na mBallstát.
8.
Maidir le cead cónaithe i ndáil le Giobráltar, comhlíonfaidh sé an fhormáid aonfhoirmeach a leagtar síos i ndlí an Aontais agus cuirfear in iúl go soiléir air go bhfuil sé bailí do Ghiobráltar.
9.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ceadanna samplacha ar fáil don Spáinn i leith Ghiobráltar agus aon mhodhnú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin, chun go gcuirfidh Ríocht na Spáinne fógra fúthu sin don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 39(1)(a) de Chód Teorainneacha Schengen.
10.
Ainmneoidh Ríocht na Spáinne, i gcomhréir le hAirteagal 68, an t-údarás atá freagrach as an bhfaisnéis a fháil de bhun an Airteagail seo. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra, i gcomhréir le hAirteagal 68, don údarás atá freagrach as iarratais ar cheadanna cónaithe a fháil, as ceadanna cónaithe a eisiúint nó a athnuachan i ndáil le Giobráltar agus as faisnéis a chur faoi bhráid Ríocht na Spáinne de bhun an Airteagail seo.
11.
Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 7 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
saoránaigh an Aontais agus baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, gan beann ar a náisiúntacht, dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2004/38/CE;
(b)
náisiúnaigh den Íoslainn, de Phrionsacht Lichtinstéin, de Ríocht na hIorua, de Chónaidhm na hEilvéise, de Phrionsacht Andóra agus de Phoblacht San Mairíne é agus nach bhall teaghlaigh náisiúnaigh na dtíortha sin é, gan beann ar a náisiúntacht, a bhfuil cearta saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach leis na cearta sin dá dtagraítear i bhfomhír (a), faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas.
12.
I gcás daoine agus a mball teaghlaigh agus iad ar postú i seirbhís chuig fórsaí na Ríochta Aontaithe nó chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina mbeidh agóid déanta ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne i gcoinne eisiúint an cheada cónaithe i gcomhréir le mír 4, eiseofar cead cónaithe dóibh a mbeidh bailíocht chríochach aige atá teoranta do Ghiobráltar.
AIRTEAGAL 52
Riail idirthréimhseach maidir le ceadanna cónaithe
1.
Ceadanna cónaithe arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, leanfaidh siad de bheith bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain féilire tar éis an dáta sin nó go dtí a ndáta éaga, cibé acu is túisce.
2.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, samplaí de cheadanna den sórt sin ar fáil don Spáinn i leith Ghiobráltar agus aon mhodhnú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin, chun go gcuirfidh Ríocht na Spáinne fógra fúthu sin don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(a) de Chód Teorainneacha Schengen.
3.
Tabharfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne faoi shealbhóirí ceadanna cónaithe tráth a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm. Féadfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, ar bhonn seiceálacha ar na daoine sin sna bunachair sonraí ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear Córas Faisnéise Schengen, a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cead cónaithe a tharraingt siar i gcás ina measfar, i gcomhréir le acquis Schengen, gur bagairt é an t-iarratasóir ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit. Ar iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an cead cónaithe ábhartha a tharraingt siar faoi réir ceart achomhairc os comhair cúirt náisiúnta.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leis an mír seo.
4.
Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
saoránaigh an Aontais agus baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, gan beann ar a náisiúntacht, dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2004/38/CE;
(b)
náisiúnaigh den Íoslainn, de Phrionsacht Lichtinstéin, de Ríocht na hIorua, de Chónaidhm na hEilvéise, de Phrionsacht Andóra agus de Phoblacht San Mairíne é agus nach bhall teaghlaigh náisiúnaigh na dtíortha sin é, gan beann ar a náisiúntacht, a bhfuil cearta saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach leis na cearta sin dá dtagraítear i bhfomhír (a), faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas.
CAIBIDIL 2
AR CHOSAINT IDIRNÁISIÚNTA AGUS FILLEADH
AIRTEAGAL 53
Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta
1.
Faoi réir mhíreanna 6 go 10, i gcás ina ndéanfaidh duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i nGiobráltar, beidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas sin.
2.
I gcás ina ndéanfar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de bhun mhír 1, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an t-iarratasóir a thionlacan chuig Limistéar na Seiceálacha Dara Líne chun an t-iarratas a chlárú, faoi réir mhír 5. Cuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ar an eolas láithreach, faoi réir mhír 5.
3.
Gan dochar do mhír 1, i gcás ina mbeidh duine ag dul trí na seiceálacha teorann arna ndéanamh de bhun Airteagal 29, féadfaidh siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh os comhair údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar nó os comhair údaráis inniúla Ríocht na Spáinne.
4.
I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sula ndéanfar seiceálacha teorann de bhun Airteagal 29, nó lena linn, cuirfear na seiceálacha i gcrích.
I gcás ina spreagfaidh seiceálacha teorann an gá le gníomhaíocht leantach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 34, déanfar an ghníomhaíocht sin a mhéid a urramóidh sí an ceart chun cosanta idirnáisiúnta agus prionsabal an non-refoulement agus nach mbainfidh sí an bonn díobh.
I gcás ina ndéanfar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de bhun mhír 3, na húdaráis inniúla a ndéanfaidh an t-iarrthóir an iarraidh os a gcomhair, déanfaidh siad an t-iarrthóir a thionlacan chuig Limistéar na Seiceálacha Dara Líne chun an t-iarratas a chlárú, faoi réir mhír 5.
I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta os comhair údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, beidh Ríocht na Spáinne freagrach as an iarratas sin a scrúdú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta os comhair údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, beidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freagrach as an iarratas sin a scrúdú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus faoi réir mhíreanna 6 go 10.
5.
Chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais aonair agus tar éis cinneadh críochnaitheach a bheith déanta maidir leis an iarratas, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
(a)
faisnéis a nochtadh faoi iarratas aonair ar chosaint idirnáisiúnta nó faoin bhfíoras go bhfuil iarratas déanta, do dhaoine a líomhnaítear ina leith gur gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí iad;
(b)
aon fhaisnéis a fháil ó dhaoine a líomhnaítear ina leith gur gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí iad ar bhealach a mbeadh sé mar thoradh air go gcuirfí in iúl go díreach do na gníomhaithe sin go bhfuil iarratas déanta ag an iarratasóir atá i gceist, agus go gcuirfí iomláine coirp an iarratasóra nó a chleithiúnaithe, nó saoirse agus slándáil a bhall teaghlaigh atá fós ina gcónaí sa tír thionscnaimh, i mbaol.
6.
I gcás ina mbeidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, déanfar an t-iarratas a phróiseáil i gcomhréir le caighdeáin a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis na caighdeáin is infheidhme san Aontas maidir le critéir incháilitheachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta agus inneachar na cosanta sin, agus maidir leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus ar dhálaí glactha iarratasóirí.
7.
I gcás ina gcuirfear údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ar an eolas faoi iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le mír 2, féadfaidh siad údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe a chur ar an eolas, i ndáil le Giobráltar, laistigh de 14 lá féilire tar éis dóibh agóid a dhéanamh maidir le cosaint idirnáisiúnta a bheith á deonú ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Sa chás sin, staonfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ó chosaint idirnáisiúnta a dheonú go dtí go mbeidh breithniú iomlán déanta acu ar aon fhaisnéis arna tabhairt ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne. Cuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, údaráis inniúla Ríocht na Spáinne ar an eolas láithreach maidir leis an gcinneadh críochnaitheach agus na cúiseanna leis sin, faoi réir mhír 5.
Tabharfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne fógra d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina mbeidh síneadh 14 lá féilire ar a mhéad le cur leis an tréimhse 14 lá féilire dá dtagraítear sa chéad abairt. Mura bhfaighfear freagra faoi dhul in éag na tréimhse 14 lá féilire sin, measfar gur freagra dearfach é sin. In aon chás, staonfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ó chosaint idirnáisiúnta a dheonú roimh dheireadh na tréimhse dá bhforáiltear sa mhír seo.
8.
I gcás ina mbeidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, déanfaidh sí na bearta uile is gá chun a áirithiú nach gceadófar d’iarratasóir, seachas saoránach den Aontas, dul isteach i gcríoch na mBallstát, agus go gcuirfear cosc air dul isteach inti, ar feadh ré an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta agus go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas.
Déanfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an duine a thionlacan chuig Limistéar na Seiceálacha Dara Líne, sonraí daoine, seachas saoránaigh den Aontas, a mbeidh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu de bhun mhír 1 a ghlacadh agus a tharchur agus tarchuirfidh siad na sonraí sin in EURODAC.
9.
I gcás ina ndeonóidh an Ríocht Aontaithe cosaint idirnáisiúnta do dhuine, i ndáil le Giobráltar, eiseofar cead cónaithe dó ag a mbeidh bailíocht chríochach a bheidh teoranta do Ghiobráltar.
I gcás ina ndéanfar cinneadh críochnaitheach lena ndiúltófar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar an duine lena mbaineann a bhaint as Giobráltar, i gcomhréir le rialacha agus coimircí lena n-áirithítear caighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin a leagtar síos i dTreoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
10.
I gcás ina mbeidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus i gcás inar thaistil an t-iarratasóir go neamhrialta chuig Ballstát nó chuig Stát a thug comhaontú i gcrích leis an Aontas maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann, cuirfear an t-iarratasóir ar ais go Giobráltar.
CAIBIDIL 3
COMHAR PÓILÍNEACHTA
AIRTEAGAL 54
Malartú faisnéise
1.
Is é cuspóir an Airteagail seo go n-áiritheofar go mbeidh údaráis inniúla na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, in ann, faoi réir choinníollacha a ndlí baile agus laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí, agus a mhéid nach ndéantar foráil maidir leis sin sa Chaibidil seo agus i gCaibidil 4 eile den Teideal seo, cúnamh a thabhairt dá chéile trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar chun na gcríoch seo a leanas:
(a)
cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na gáinneála neamhdhleathaí;
(b)
pionóis choiriúla a fhorghníomhú;
(c)
coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc; agus
(d)
sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.
2.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás póilíneachta, údarás custaim nó údarás eile intíre a bhfuil an inniúlacht aige faoin dlí baile chun gníomhaíochtaí a dhéanamh chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1.
3.
Féadfaidh údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe nó de chuid Ballstáit faisnéis, lena n-áirítear faisnéis maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh, chomh maith le nithe, a iarraidh nó a sholáthar go spontáineach d'údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó de chuid Ballstáit. Féadfar faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar iarraidh nó go spontáineach, faoi réir choinníollacha an dlí baile a bhfuil feidhm aige maidir leis an údarás inniúil atá ag soláthar na faisnéise agus laistigh de raon feidhme a chumhachtaí.
4.
Féadfar faisnéis a iarraidh agus a chur ar fáil a mhéid nach bhforáiltear sna coinníollacha sa dlí baile a bhfuil feidhm aige maidir leis an údarás iarrthach nó leis an -údarás inniúil atá ag soláthar na faisnéise nach mór an iarraidh nó an soláthar faisnéise a dhéanamh nó a chur ar fáil trí údaráis bhreithiúnacha.
5.
I gcásanna práinneacha, tabharfaidh an t-údarás inniúil a thugann an fhaisnéis freagairt d’iarraidh, nó cuirfidh sé faisnéis ar fáil go spontáineach a luaithe is féidir.
6.
Féadfaidh údarás iarrthach aon cheann de na Páirtithe, i gcomhréir leis an dlí baile lena mbaineann, tráth déanta na hiarrata nó tráth níos déanaí, toiliú a lorg ó údaráis inniúil aon cheann de na bPáirtithe atá ag soláthar na faisnéise ar an bhfaisnéis a úsáid chun críoch fianaiseach in imeachtaí os comhair údarás breithiúnach. Féadfaidh an t-údarás is soláthraí, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal V den Chuid seo agus ina dhlí náisiúnta, toiliú le húsáid na faisnéise chun críoch fianaiseach os comhair údarás breithiúnach i mBallstát, i gcás ina mbaineann an t-údarás iarrthach leis an údarás sin, nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina mbaineann an t-údarás iarrthach leis an údarás sin. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina soláthrófar faisnéis go spontáineach, féadfaidh an t-údarás is soláthraí toiliú leis an bhfaisnéis a úsáid chun críoch fianaiseach in imeachtaí os comhair údarás breithiúnach i mBallstát, i gcás ina soláthrófar an fhaisnéis d’údarás inniúil an údaráis sin, nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina soláthrófar an fhaisnéis d’údarás inniúil an údaráis sin. I gcás nach dtugtar toiliú faoin mír seo, ní úsáidfear an fhaisnéis a fhaightear chun críoch fianaiseach in imeachtaí os comhair údaráis bhreithiúnaigh.
7.
Féadfaidh an t-údarás a sholáthróidh an fhaisnéis, faoin dlí baile lena mbaineann, coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na faisnéise arna soláthar.
8.
Féadfaidh údarás inniúil aon chineál faisnéise atá ina sheilbh a sholáthar faoin Airteagal seo, faoi réir choinníollacha an dlí baile a bhfuil feidhm aige maidir leis agus laistigh de raon feidhme a chumhachtaí. Ní fhéadfaidh faisnéis ó fhoinsí eile a bheith san áireamh leis sin, ach amháin má cheadaítear an fhaisnéis sin a aistriú sa chreat faoina bhfuair an t-údarás inniúil a chuir ar fáil í.
9.
Féadfar faisnéis a sholáthar faoin Airteagal seo trí aon chainéal cumarsáide iomchuí, lena n-áirítear an bealach slán cumarsáide chun faisnéis a sholáthar trí Europol, faoi réir Airteagal 73.
10.
Gan dochar do mhír 5, déanfar gach cumarsáid fhoirmiúil agus gach fógra faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 6(1). Ní áirítear leis sin cumarsáid ná cinntí a bhaineann le cúrsaí práinneacha oibríochtúla nó lóistíochta.
AIRTEAGAL 55
Faireachas leanúnach
1.
Maidir le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne a bheidh, mar chuid d’imscrúdú coiriúil, ag coimeád faoi fhaireachas i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, de réir mar a bheidh, duine a thoimhdeofar go raibh sé rannpháirteach i gcion coiriúil a liostaítear in Iarscríbhinn 8 nó duine atá faoi fhaireachas agus atá in ann cúnamh a thabhairt chun duine den sórt sin a shainaithint nó a rianú, féadfaidh siad leanúint dá bhfaireachas, i gcomhréir le acquis ábhartha Schengen, i nGiobráltar nó sa Spáinn, faoi seach.
2.
Leis na socruithe riaracháin idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne, leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla maidir le comhlíonadh dhualgais na n-údarás inniúla agus gnéithe den chomhar oibríochtúil a bhaineann leis an bhfaireachas leanúnach dá dtagraítear i mír 1.
AIRTEAGAL 56
Tóir gan bhriseadh
1.
Oifigigh de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó de chuid Ríocht na Spáinne a bheidh ar thóir duine a gabhadh i mbun ceann de na cionta a liostaítear in Iarscríbhinn 8 nó i mbun a bheith rannpháirteach i gceann de na cionta sin, féadfaidh siad leanúint den tóir, i gcomhréir le acquis ábhartha Schengen, i nGiobráltar nó sa Spáinn, faoi seach.
Is mar an gcéanna a bheidh maidir leis an duine a mbeifear ar a thóir más duine é a d’éalaigh ó choimeád sealadach nó a d’éalaigh le linn dó pianbhreith a bhfuil cailleadh saoirse i gceist leis a bheith á cur isteach aige.
2.
Leis na socruithe riaracháin idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne, leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla maidir le comhlíonadh dhualgais na n-údarás inniúla agus gnéithe den chomhar oibríochtúil a bhaineann leis an tóir dá dtagraítear i mír 1.
AIRTEAGAL 57
Cumarsáid
1.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne línte cumarsáide agus naisc dhíreacha eile a shuiteáil agus a choimeád i bhfeidhm chun comhar póilíneachta agus custaim a éascú idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne, go háirithe chun faisnéis a tharchur go tráthúil chun críoch faireachais leanúnaigh agus tóir gan bhriseadh.
2.
Ina theannta sin, breithneoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne féidearthachtaí breise chun cumarsáid dhíreach idir a seirbhísí póilíneachta agus custaim a fheabhsú. Leagfar síos mionsonraí na socruithe sin go déthaobhach.
AIRTEAGAL 58
Oibríochtaí comhpháirteacha
1.
Chun dlús a chur leis an gcomhar póilíneachta, féadfaidh údaráis inniúla an Aontais agus na mBallstát, ar thaobh amháin, agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an taobh eile, an t-ord poiblí agus an tslándáil phoiblí a choimeád ar bun agus cionta coiriúla a chosc, patróil chomhpháirteacha agus oibríochtaí comhpháirteacha eile a thabhairt isteach ina mbeidh oifigigh ainmnithe nó oifigigh eile ó cheachtar den dá thaobh rannpháirteach in oibríochtaí laistigh de na Ballstáit nó i nGiobráltar, de réir mar a bheidh.
2.
Déanfaidh an tAontas, i ndáil lena Bhallstáit, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, dearbhuithe a thíolacadh maidir le húdaráis inniúla chun críocha an Airteagail seo agus lena leagfar síos na coinníollacha maidir leis an gcomhar agus le gnéithe praiticiúla an chomhair i gcomhréir le dlí an Aontais. Sonrófar sna coinníollacha sin, inter alia, an bhféadfaidh na hoifigigh ainmnithe nó oifigigh eile dá dtagraítear i mír 1 cumhachtaí feidhmiúcháin a fheidhmiú, an fhreagracht as gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag oifigigh ar iasacht, chomh maith leis an dlí is infheidhme.
3.
Aon oibríocht chomhpháirteach, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh sí i bhfoirm patróil chomhpháirtigh, a dhéanfar laistigh de chríoch Bhallstáit nó laistigh de chríoch Ghiobráltar, údaróidh an Ballstát nó an Ríocht Aontaithe faoi seach go sainráite í, roimh an oibríocht chomhpháirteach, i ndáil le Giobráltar, a bheidh rannpháirteach inti freisin.
AIRTEAGAL 59
Bunachair sonraí ábhartha
1.
Áiritheoidh an tAontas go bhféadfaidh oifigigh ainmnithe nó oifigigh eile de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bheidh rannpháirteach in oibríochtaí comhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 58, a mbunachair sonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta ábhartha féin a cheadú, mar a cheadaítear faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le linn oibríocht chomhpháirteach i mBallstát.
2.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go bhféadfaidh oifigigh de chuid na mBallstát a bheidh rannpháirteach in oibríochtaí comhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 58, a mbunachair sonraí ábhartha náisiúnta, bunachair sonraí de chuid an Aontais agus bunachair sonraí idirnáisiúnta féin a cheadú, mar a cheadaítear faoina dlí náisiúnta, le linn oibríocht chomhpháirteach i nGiobráltar.
AIRTEAGAL 60
Cosaint agus cúnamh le linn oibríocht chomhpháirteach
Ceanglófar ar na Ballstáit a bheidh rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach agus ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an chosaint agus an cúnamh céanna a sholáthar d’oifigigh a chéile a bheidh rannpháirteach san oibríocht chomhpháirteach sin laistigh dá gcríoch agus iad i mbun a ndualgas agus a thabharfar dá n-oifigigh féin, i gcomhréir le hAirteagal 58.
AIRTEAGAL 61
Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go n-aistreoidh iompróirí sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a bhaineann le heitiltí a thagann isteach i nGiobráltar chuig údaráis inniúla Ríocht na Spáinne. Comhlíonfaidh aistrithe den sórt sin ceanglais Threoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Beidh feidhm ag Airteagal 19.
AIRTEAGAL 62
Seiceálacha póilíneachta feabhsaithe
1.
I gcás inar gá, ar bhonn measúnú riosca, chun cionta coiriúla agus imirce neamhrialta a chosc, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne seiceálacha póilíneachta feabhsaithe i nGiobráltar agus sa réigiún teorann tadhlach, faoi seach.
2.
Féadfaidh seiceálacha póilíneachta feabhsaithe dá dtagraítear i mír 1 a bheith i bhfoirm oibríochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 58.
AIRTEAGAL 63
Na forálacha i ndlí an Aontais is infheidhme
Na forálacha i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gComhaontú seo, beidh feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i nGiobráltar.
Tá feidhm ag Airteagal 19.
TEIDEAL IV
CUR CHUN FEIDHME, CUR I bhFEIDHM, MAOIRSEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ
AIRTEAGAL 64
Meastóireachtaí Schengen
Ligfidh an Ríocht Aontaithe isteach, i ndáil le Giobráltar, ionadaithe agus saineolaithe de chuid an Aontais agus na mBallstát arna n-ainmniú ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bheidh ag déanamh meastóireachtaí ar chur i bhfeidhm acquis Schengen arna dhéanamh ag an Spáinn de bhun na Coda seo. Cuideoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, leis na hionadaithe sin agus éascóidh sí iad chun a gcúraimí a fheidhmiú, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dó, cuairt a thabhairt ar bhonneagar atá lonnaithe i nGiobráltar agus cigireacht a dhéanamh air.
Déanfaidh Ríocht na Spáinne, a luaithe a gheobhaidh sí fógra faoi chuairteanna den sórt sin de bhun Airteagal 19(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle, an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas, i ndáil le Giobráltar.
AIRTEAGAL 65
Meastóireacht ar an gcur chun feidhme
Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine meastóireacht ar chur chun feidhme na Coda seo, lena n-áirítear na socruithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 33(5) ar a dhéanaí 4 bliana tar éis don Chuid seo den Chomhaontú teacht i bhfeidhm. Faoin am sin, déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine, tar éis comhairliúcháin a dhéanamh, tuarascáil ar an meastóireacht a dhíriú chuig an gComhairle Comhair, lena n-áireofar measúnú ar na socruithe riaracháin a leagtar amach in Airteagal 33(5). Leagfar amach sa tuarascáil sin measúnú comhchoiteann ionadaithe na bPáirtithe nó, de rogha air sin, measúnú ionadaithe gach Páirtí.
AIRTEAGAL 66
Foirceannadh an chomhaontaithe tar éis na meastóireachta ar an gcur chun feidhme
1.
Tar éis an mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 65 a thabhairt chun críche agus gan dochar d’Airteagal 334, féadfaidh an tAontas, lena n-áirítear arna iarraidh sin do Ríocht na Spáinne, agus an Ríocht Aontaithe an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhealaí taidhleoireachta. Scoirfidh an Comhaontú seo agus aon chomhaontú forlíontach a de bheith i bhfeidhm an chéad lá den dara mí déag tar éis dháta an fhógra.
2.
I gcás inar iarr Ríocht na Spáinne ar an Aontas an Comhaontú seo a fhoirceannadh, i gcomhréir le mír 1, rachaidh an tAontas ar aghaidh leis an bhfoirceannadh sin.
AIRTEAGAL 67
Oibleagáidí a chur ar fionraí
1.
D’ainneoin Airteagal 334, agus lánurraim á tabhairt d’fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Páirtithe maidir le dlí agus ord, slándáil inmheánach a choimirciú agus a gcuid de na teorainneacha seachtracha a bhainistiú, i gcás neamh-urramú tromchúiseach na ngealltanas faoin gCuid seo, nó i gcás ina measfaidh ceachtar den dá Pháirtí go bhfuil sé neamhchosanta ar bhagairt thromchúiseach leanúnach ar an tslándáil inmheánach mar gheall ar easpa rialuithe idir an tAontas agus Giobráltar, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí, tar éis dul i gcomhairle lena chéile, cur chun feidhme a oibleagáidí faoi Theidil I go V den Chuid seo a chur ar fionraí go sealadach. Tabharfaidh an tAontas aird chuí ar thuairim Ríocht na Spáinne.
2.
I gcás ina mbeartóidh ceachtar den dá Pháirtí a oibleagáidí a chur ar fionraí i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile gan mhoill, tríd an gComhairle Comhair. Léireofar san fhógra sin an tréimhse a bhfuil sé beartaithe ag an bPáirtí a oibleagáidí a chur ar fionraí go sealadach lena linn. Beidh éifeacht le cur ar fionraí sealadach oibleagáidí an Pháirtí ar an ochtú lá den fhógra nó ar aon dáta níos déanaí mar a shonraítear ann. Ar an mbonn sin, déanfaidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, rialú teorann idir an tAontas agus Giobráltar a athbhunú.
AIRTEAGAL 68
Fógraí, dearbhuithe, forchoimeádais agus ainmniúcháin
1.
Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na fógraí agus na hainmniúcháin dá bhforáiltear in Airteagail 50(9) agus 51(10).
2.
Faoin dáta céanna sin, déanfaidh an tAontas, i ndáil leis na Ballstáit, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 58(2).
3.
Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, aon cheann de na fógraí agus na hainmniúcháin dá bhforáiltear in Airteagail 121(2), Airteagal 122(2) agus Airteagal 130(4).
4.
A mhéid nach mbeidh fógra den sórt sin tugtha, an tráth dá dtagraítear sa chéad mhír, féadfar fógraí a thabhairt a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí 2 mhí tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm.
Le linn na hidirthréimhse sin, aon Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nár tugadh aon fhógra ina leith dá bhforáiltear in Airteagal 121(2), Airteagal 122(2), nó Airteagal 130(4), agus nach raibh ina ábhar do léiriú nach raibh aon fhógra den sórt sin le tabhairt, féadfaidh sé leas a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin amhail agus go ndearnadh an fógra sin i leith an Stáit sin nó i leith na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. I gcás Airteagal 122(2), ní fhéadfaidh Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, leas a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin ach amháin sa mhéid go bhfuil sé sin ag luí leis na critéir chun fógra a thabhairt.
5.
Féadfar na fógraí dá bhforáiltear sna forálacha seo a leanas a dhéanamh tráth ar bith:
(a)
Airteagal 118(4);
(b)
Airteagal 124(1);
(c)
Airteagal 125(2);
(d)
Airteagal 144(1);
(e)
Airteagal 145(1);
(f)
Airteagal 165(4);
(g)
Airteagal 166(5);
(h)
Airteagal 167(5);
(i)
Airteagal 176(2); agus
(j)
Airteagal 184(3) agus (7).
6.
Féadfar na fógraí agus na dearbhuithe dá bhforáiltear sna forálacha seo a leanas a mhodhnú tráth ar bith:
(a)
Airteagal 58(2);
(b)
Airteagal 124(1);
(c)
Airteagal 125(2); agus
(d)
Airteagal 184(3) agus (7).
7.
Féadfar na fógraí dá bhforáiltear sna forálacha seo a leanas a tharraingt siar tráth ar bith:
(a)
Airteagal 121(2);
(b)
Airteagal 122(2);
(c)
Airteagal 124(1);
(d)
Airteagal 130(4);
(e)
Airteagal 165(4);
(f)
Airteagal 166(5); agus
(g)
Airteagal 167(5).
8.
Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra don Aontas faoi chéannacht na n-údarás seo a leanas:
(a)
an t-údarás a meastar gurb é an t-údarás inniúil é chun críocha Chaibidil 1 de Theideal V den Chuid seo dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 74 agus tuairisc ghearr ar a chuid inniúlachtaí;
(b)
an t-údarás a meastar gurb é an t-údarás inniúil é chun críocha Chaibidil 2 de Theideal V den Chuid seo dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 90 agus tuairisc ghearr ar a chuid inniúlachtaí;
(c)
an t-údarás atá inniúil de bhua dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun barántas gabhála a fhorghníomhú dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 117;
(d)
an t-údarás atá inniúil de bhua dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun barántas gabhála a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 117;
(e)
an t-údarás faoi Airteagal 142; agus
(f)
an t-údarás dá dtugtar fógra faoi Airteagal 182.
9.
Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe, thar a cheann féin nó thar ceann a Bhallstát, de réir mar a bheidh, maidir le céannacht na n-údarás seo a leanas:
(a)
an t-údarás atá inniúil de bhua dhlí gach Ballstáit chun barántas gabhála a fhorghníomhú dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 117;
(b)
an t-údarás atá inniúil de bhua dhlí gach Ballstáit chun barántas gabhála a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 117;
(c)
an t-údarás do gach Ballstát faoi Airteagal 142;
(d)
an comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 153;
(e)
an t-údarás lárnach do gach Ballstát faoi Airteagal 182(1); agus
(f)
aon chomhlacht de chuid an Aontais dá dtugtar fógra faoin gcéad abairt d’Airteagal 182(3) agus é sonraithe san fhógra cé acu atá nó nach bhfuil sé ainmnithe freisin mar údarás lárnach faoin abairt dheiridh den mhír sin.
10.
I gcás ina dtabharfaidh an tAontas fógra nó dearbhú dá dtagraítear san Airteagal seo, sonróidh sé cé na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an bhfógra nó an dearbhú ina leith nó sonróidh sé gur thar a cheann féin atá an fógra nó an dearbhú á thabhairt aige.
11.
Féadfaidh an tAontas, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra a thabhairt do níos mó ná údarás amháin i ndáil le míreanna 2, 7 agus 8, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh siad na fógraí sin a theorannú do chríoch áirithe amháin.
12.
Féadfar na fógraí a thabharfar faoi mhír 7 agus 8 a mhodhnú tráth ar bith.
13.
Déanfar gach fógra, dearbhú, forchoimeádas agus ainmniúchán dá dtagraítear san Airteagal seo tríd an sásra arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 19.
AIRTEAGAL 69
Eisceacht slándála
Ní choiscfidh aon ní i dTeidil I go IV den Chuid seo ar na Páirtithe ná ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a slándáil náisiúnta a choimirciú.
TEIDEAL V
FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMHAR BREITHIÚNACH
AIRTEAGAL 70
Cuspóir
1.
Is é is cuspóir don Teideal seo foráil a dhéanamh maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe, ar an taobh eile, i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh agus le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.
2.
Níl feidhm ag an Teideal seo ach maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a tharlaíonn go heisiach idir an tAontas agus na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an taobh eile. Níl feidhm aige maidir le cásanna a thagann chun cinn idir na Ballstáit, nó idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ná níl feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí údarás a bhfuil freagrachtaí orthu an tslándáil náisiúnta a chosaint agus iad ag gníomhú sa réimse sin.
AIRTEAGAL 71
Raon feidhme an chomhair i gcás nach bhfuil Ballstát rannpháirteach a thuilleadh
i mbearta analógacha faoi dhlí an Aontais
1.
Tá feidhm ag an Airteagal seo má scoireann Ballstát de bheith rannpháirteach i bhforálacha de dhlí an Aontais a bhaineann le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla atá analógach le forálacha ábhartha an Teidil seo, nó má scoireann sé de chearta a bheith aige faoi na forálacha sin.
2.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra a thabhairt don Aontas i scríbhinn go bhfuil sé beartaithe aici scor d'fhorálacha ábhartha na Coda seo a oibriú i ndáil leis an mBallstát sin.
3.
Beidh feidhm ag fógra a thabharfar faoi mhír 2 ar an dáta a shonraítear ann, ar dáta é nach luaithe ná an dáta a scoirfidh an Ballstát de bheith rannpháirteach i bhforálacha dhlí an Aontais nó a scoirfidh sé de chearta a bheith aige faoi fhorálacha dhlí an Aontais, dá dtagraítear i mír 1.
CAIBIDIL 1
COMHAR LE EUROPOL
AIRTEAGAL 72
Cuspóir
Is é cuspóir na Caibidle seo caidreamh comhoibritheach a bhunú idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an ghníomhaíocht sin a neartú, chomh maith lena gcomhar frithpháirteach maidir leis an gcoireacht thromchúiseach, an sceimhlitheoireacht agus cineálacha coireachta a dhéanann difear do leas coiteann arna chumhdach ag beartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac, dá dtagraítear in Airteagal 75.
AIRTEAGAL 73
Cumarsáid
Déanfar gach cumarsáid agus gach fógra dá dtagraítear sa Chaibidil seo tríd an bpointe teagmhála náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 77(1) nó trí oifigigh idirchaidrimh mar a leagtar amach in Airteagal 77(4) de chuid na Ríochta Aontaithe chuig Europol ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 77(2).
AIRTEAGAL 74
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i gcás an Aontais, Europol agus, na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí baile atá freagrach faoin dlí baile as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac i nGiobráltar;
(b)
ciallaíonn ‘Europol’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Rialachán Europol’).
AIRTEAGAL 75
Foirmeacha coireachta
1.
Baineann an comhar a bhunaítear faoin gCaibidil seo leis na foirmeacha coireachta a thagann faoi inniúlacht Europol, mar a liostaítear in Iarscríbhinn 10, lena n-áirítear cionta coiriúla gaolmhara.
2.
Is cionta coiriúla gaolmhara iad cionta coiriúla a dhéantar chun modh a fháil chun na foirmeacha coireachta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, cionta coiriúla arna ndéanamh chun gníomhartha den sórt sin a éascú nó a dhéanamh, agus cionta coiriúla a dhéantar chun a áirithiú go mbeidh gníomhartha den sórt sin saor ó phionós.
3.
I gcás ina n-athrófar liosta de na foirmeacha coireachta a bhfuil Europol inniúil ina leith faoi dhlí an Aontais, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine, ar thogra ón Aontas, Iarscríbhinn 10 a leasú dá réir ón dáta a dtiocfaidh an t-athrú ar inniúlacht Europol i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 76
Raon feidhme an chomhair
Leis an gcomhar, sa bhreis ar shonraí pearsanta a mhalartú faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo agus i gcomhréir le cúraimí Europol mar a shainmhínítear i Rialachán Europol iad, féadfar an méid seo a leanas go háirithe a áireamh:
(a)
malartú faisnéise amhail saineolas;
(b)
tuarascálacha ginearálta staide;
(c)
torthaí anailíse straitéisí;
(d)
faisnéis maidir le nósanna imeachta imscrúdaithe coiriúla;
(e)
faisnéis maidir le modhanna chun an choireacht a chosc;
(f)
rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oiliúna; agus
(g)
comhairle agus tacaíocht a sholáthar in imscrúduithe coiriúla aonair mar aon le comhar oibríochtúil.
AIRTEAGAL 77
Pointe teagmhála náisiúnta agus oifigigh idirchaidrimh
1.
Pointe teagmhála náisiúnta na Ríochta Aontaithe le Europol, arna ainmniú de bhun Airteagal 568(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, gníomhóidh sé mar lárphointe teagmhála idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
2.
Déanfar an malartú faisnéise agus fógraí idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, seachas i gcás ina mbeidh gá le malartú díreach faisnéise i gcásanna práinneacha agus ina measfaidh Europol agus údarás inniúil ábhartha na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, araon gurb iomchuí é, idir Europol agus an pointe teagmhála náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.
3.
Beidh an pointe teagmhála náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 ina lárphointe teagmhála freisin maidir le sonraí pearsanta a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh.
4.
Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh a thabharfaidh an Ríocht Aontaithe ar iasacht do Europol, de bhun Airteagal 568(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, an comhar a bhunaítear faoin gCaibidil seo a éascú freisin maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Féadfaidh oifigeach idirchaidrimh a bheidh ar iasacht ó Europol ag an Ríocht Aontaithe an comhar maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a éascú freisin.
5.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe go mbeidh rochtain ghasta ag a hoifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 4 ar bhunachair sonraí náisiúnta ábhartha de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bheidh riachtanach chun go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh.
6.
Beidh sonraí na n-oifigeach idirchaidrimh a bhfuil freagracht orthu maidir le Giobráltar, dá dtagraítear i mír 4, a gcearta agus a n-oibleagáidí agus na costais lena mbaineann faoi rialú ag socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, dá dtagraítear in Airteagal 86.
7.
Féadfar cuireadh chuig cruinnithe oibríochtúla a thabhairt do na hoifigigh idirchaidrimh a mbeidh freagracht orthu maidir le Giobráltar, dá dtagraítear i mír 4, agus d’ionadaithe ó údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh na mBallstát agus oifigigh idirchaidrimh tríú tír, údaráis inniúla ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha, baill foirne Europol agus páirtithe leasmhara eile freastal ar chruinnithe arna n-eagrú ag oifigigh idirchaidrimh a bhfuil freagracht orthu maidir le Giobráltar, dá dtagraítear i mír 4, nó ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
AIRTEAGAL 78
Malartuithe faisnéise
1.
Comhlíonfaidh malartuithe faisnéise idir na húdaráis inniúla cuspóir agus forálacha na Caibidle seo. Ní phróiseálfar sonraí pearsanta ach amháin le haghaidh na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 2.
2.
Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl go soiléir, tráth aistriú na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an chríoch shonrach nó na críocha sonracha chuig a bhfuil na sonraí pearsanta á n-aistriú. Le haghaidh aistrithe chuig Europol, sonrófar an cuspóir nó na cuspóirí dar aistríodh na sonraí pearsanta sin i gcomhréir le cuspóirí sonracha na próiseála arna leagan amach i Rialachán Europol. Mura bhfuil sé déanta ag údarás inniúil an aistrithe, déanfaidh an t-údarás inniúil is faighteoir, i gcomhaontú le húdarás an aistrithe, na sonraí pearsanta a phróiseáil chun ábharthacht na sonraí sin, chomh maith leis an gcuspóir nó na cuspóirí chuig a ndéanfar tuilleadh próiseála orthu a chinneadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críche seachas an chríoch dár tugadh na sonraí ach amháin má údaraíonn údarás inniúil an aistrithe dó é sin a dhéanamh.
3.
Tabharfaidh na húdaráis inniúla a gheobhaidh na sonraí pearsanta gealltanas ina luafar nach bpróiseálfar sonraí den sórt sin ach amháin chun na críche dar aistríodh iad chuige. Déanfar na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe nach mbeidh siad riachtanach a thuilleadh chun na críche dar aistríodh iad.
4.
Cinnfidh Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, gan moill mhíchuí, agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis iad a fháil, an bhfuil gá leis na sonraí pearsanta a soláthraíodh chun na críche chuig ar soláthraíodh iad agus a mhéid a bheidh siad riachtanach agus cuirfidh siad údarás a dtarchurtha ar an eolas ina leith dá réir.
AIRTEAGAL 79
Srianta le rochtain ar shonraí pearsanta a aistríodh agus le húsáid bhreise a bhaint astu
1.
Agus sonraí pearsanta á n-aistriú aige, féadfaidh údarás inniúil an aistrithe aon srian le rochtain orthu nó leis an úsáid a bheidh le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena n-aistriú ar aghaidh, lena scriosadh nó lena scriosadh tar éis tréimhse áirithe ama, nó maidir leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis na sonraí pearsanta a aistriú, cuirfidh údarás inniúil an aistrithe an t-údarás inniúil is faighteoir ar an eolas dá réir.
2.
Comhlíonfaidh an t-údarás inniúil is faighteoir aon srian le rochtain nó le húsáid bhreise na sonraí pearsanta arna gcur in iúl ag údarás inniúil an aistrithe mar a thuairiscítear i mír 1.
3.
Áiritheoidh gach Páirtí go ndearnadh faisnéis arna haistriú faoin gCaibidil seo a bhailiú, a stóráil agus a aistriú i gcomhréir lena chreat dlíthiúil faoi seach. Áiritheoidh gach Páirtí, a mhéid is féidir, nach bhfaighfear an fhaisnéis sin de shárú ar chearta an duine. Ná ní aistreofar an fhaisnéis sin más rud é, a mhéid is intuartha le réasún, go bhféadfaí í a úsáid chun pionós an bháis nó aon chineál cóireála atá cruálach nó mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a chur i gcrích.
AIRTEAGAL 80
Catagóirí éagsúla na n-ábhar sonraí
1.
Toirmiscfear aistriú sonraí pearsanta maidir le híospartaigh cionta choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi chionta coiriúla, nó maidir le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois, ach amháin más gá go docht an t-aistriú sin a dhéanamh agus más comhréireach sin i gcásanna aonair chun cion coiriúla a chosc nó a chomhrac.
2.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Europol go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta faoi mhír 1 faoi réir coimircí breise, lena n-áirítear srianta le rochtain, bearta slándála breise agus teorainneacha ar aistrithe ar aghaidh.
AIRTEAGAL 81
Sreabhadh sonraí pearsanta idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar,
agus Europol a éascú
Ar mhaithe le tairbhí oibríochtúla frithpháirteacha, féachfaidh na Páirtithe le hoibriú i gcomhar le chéile amach anseo d’fhonn a áirithiú gur féidir malartuithe sonraí idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a dhéanamh chomh tapa agus is féidir, agus chun ionchorprú aon phróisis agus forbartha teicniúla nua a bhreithniú a d’fhéadfadh cabhrú leis an gcuspóir sin, agus ag cur san áireamh ag an am céanna nach Ballstát í an Ríocht Aontaithe, agus á chur san áireamh ag an am céanna nach Ballstát í an Ríocht Aontaithe agus lánurraim á tabhairt don chóras fógraí agus cumarsáide a bhunaítear faoi Airteagal 73.
AIRTEAGAL 82
Iontaofacht an fhoinse agus cruinneas na faisnéise a mheasúnú
1.
Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl, a mhéid is féidir, ar a dhéanaí agus an fhaisnéis á haistriú, iontaofacht fhoinse na faisnéise ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a)
áit nach bhfuil aon amhras i gceist maidir le barántúlacht, le hiontaofacht ná le hinniúlacht na foinse, nó má fuarthas iontaofa i gcónaí an fhoinse a chuir an fhaisnéis ar fáil;
(b)
i gcás gur foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil;
(c)
i gcás gur foinse a fuarthas go raibh sí neamhiontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil;
(d)
i gcás nach féidir iontaofacht na faisnéise a mheas.
2.
Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl, a mhéid is féidir, ar a dhéanaí agus an fhaisnéis á haistriú, cruinneas na faisnéise ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
(a)
faisnéis nach bhfuil aon amhras i gceist maidir lena cruinneas;
(b)
faisnéis is eol go pearsanta don fhoinse ach nach eol go pearsanta don oifigeach a bhfuil sí á cur ar aghaidh aige;
(c)
faisnéis nach eol go pearsanta don fhoinse ach atá comhthacaithe le faisnéis eile atá taifeadta cheana féin;
(d)
faisnéis nach eol go pearsanta don fhoinse agus nach féidir a chomhthacú.
3.
I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás inniúil is faighteoir ar an gconclúid, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin, gur gá ceartú a dhéanamh ar an measúnú ar fhaisnéis nó ar fhoinse na faisnéise nó na foinse arna soláthar ag údarás inniúil an aistrithe i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, cuirfidh sé an t-údarás inniúil sin ar an eolas faoi sin agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú maidir le leasú ar an measúnú. Ní athróidh an t-údarás inniúil is faighteoir an measúnú ar an bhfaisnéis a fhaightear ná ar fhoinse na faisnéise sin gan comhaontú den sórt sin.
4.
Má fhaigheann údarás inniúil faisnéis gan mheasúnú, déanfaidh sé iarracht a mhéid is féidir agus i gcás inar féidir, i gcomhaontú le húdarás inniúil an aistrithe chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na foinse nó ar chruinneas na faisnéise ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh cheana féin.
5.
Mura féidir measúnú iontaofa a dhéanamh, déanfar meastóireacht ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 agus i bpointe (d) de mhír 2.
AIRTEAGAL 83
Slándáil an mhalartaithe faisnéise
1.
Déanfar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuirfear i bhfeidhm chun slándáil an mhalartaithe faisnéise faoin gCaibidil seo a áirithiú a leagan síos i socruithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 86.
2.
Comhaontaíonn na Páirtithe go ndéanfar línte slána cumarsáide a bhunú, a chur chun feidhme agus a oibriú chun faisnéis a mhalartú faoin gCaibidil seo.
3.
Déanfaidh socruithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 85 téarmaí agus coinníollacha úsáide na línte slána cumarsáide a rialáil.
AIRTEAGAL 84
Dliteanas maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí pearsanta
1.
Beidh na húdaráis inniúla faoi dhliteanas, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla faoi seach, i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear. Chun dliteanas a sheachaint faoina gcreataí dlíthiúla faoi seach i leith páirtí díobhálaithe, ní fhéadfaidh Eurojust ná údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a phléadáil go raibh faisnéis mhíchruinn aistrithe ag an údarás inniúil eile.
2.
Má dhámhtar damáistí i gcoinne Europol nó aon cheann d'údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, mar gheall ar úsáid a bhaint as faisnéis a chuir an páirtí eile in iúl go hearráideach, nó a cuireadh in iúl mar thoradh ar mhainneachtain ag an bpáirtí eile a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh Europol nó údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe an méid a d'íoc Europol nó údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe faoi mhír 1 mar chúiteamh a aisíoc, mura rud é gur úsáideadh an fhaisnéis de shárú ar an gCaibidil seo.
3.
Ní chuirfidh Europol ná údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ceangal ar a chéile íoc as damáistí pionósacha nó neamhchúiteacha faoi mhíreanna 1 agus 2.
AIRTEAGAL 85
Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú
Déanfar malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe, más gá faoin gCaibidil seo, a rialú i socruithe oibre agus riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 86.
AIRTEAGAL 86
Socruithe oibre agus riaracháin
1.
Chun forálacha na Caibidle seo a chomhlánú agus a chur chun feidhme mar is iomchuí, beidh sonraí an chomhair idir na an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Europol faoi réir socruithe oibre i gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán Europol agus na socruithe riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán Europol arna thabhairt i gcrích idir Europol agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe.
2.
In ionad socruithe oibre agus riaracháin a thabhairt i gcrích de bhun mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe agus Europol a chomhaontú go mbeidh feidhm freisin ag aon socrú oibre nó riaracháin atá ann cheana arna thabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe agus Europol de bhun Airteagal 577 den Chomhaontú Trádála agus Comhair i ndáil le Giobráltar.
3.
Féadfar substaint na socruithe oibre agus riaracháin a leagan amach le chéile in aon doiciméad amháin.
AIRTEAGAL 87
Fógra a thabhairt maidir le cur chun feidhme
1.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Europol doiciméad ar fáil go poiblí ina leagfar amach i bhfoirm intuigthe na forálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna n-aistriú faoin gCaibidil seo, lena n-áirítear na modhanna atá ar fáil chun cearta na n-ábhar sonraí a fheidhmiú agus áiritheoidh siad araon go gcuirfear cóip den doiciméad sin ar fáil dá chéile.
2.
Mura mbeidh siad i bhfeidhm cheana féin, glacfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Europol socruithe praiticiúla lena sonraítear conas a dhéanfar comhlíonadh na bhforálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a fhorfheidhmiú go praiticiúil. Seolfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Europol cóip de na socruithe praiticiúla sin chuig an údarás maoirseachta eile agus chuig na húdaráis mhaoirseachta faoi seach.
AIRTEAGAL 88
Cumhachtaí Europol
Ní fhorléireofar aon ní dá bhfuil sa Chaibidil seo mar ní lena gcuirfear oibleagáid ar Europol oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, lasmuigh d'inniúlacht Europol mar a leagtar amach i ndlí ábhartha an Aontais.
CAIBIDIL 2
COMHAR LE EUROJUST
AIRTEAGAL 89
Cuspóir
Is é cuspóir na Caibidle seo comhar a bhunú idir Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun coireanna tromchúiseacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn 11 a chomhrac.
AIRTEAGAL 90
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘Cúntóir’ duine a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt do Chomhalta Náisiúnta agus do Leas-chomhalta an Chomhalta Náisiúnta, nó don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, dá dtagraítear i Rialachán Eurojust agus in Airteagal 95(3) faoi seach;
(b)
ciallaíonn ‘Coláiste’ Coláiste Eurojust, dá dtagraítear i Rialachán Eurojust;
(c)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i gcás an Aontais, Eurojust, a ndéanann an Coláiste nó Comhalta Náisiúnta ionadaíocht dó agus, i gcás na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, údarás baile ar a bhfuil freagrachtaí faoin dlí baile a bhaineann le cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh i nGiobráltar;
(d)
ciallaíonn ‘Comhfhreagraí Baile le haghaidh Ábhair Sceimhlitheoireachta’ ceann de na pointí teagmhála arna n-ainmniú ag údaráis na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 94, atá freagrach as comhfhreagras a bhaineann le hábhair sceimhlitheoireachta a láimhseáil;
(e)
ciallaíonn ‘Eurojust’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Rialachán Eurojust’);
(f)
ciallaíonn ‘Giúistís Idirchaidrimh’ an giúistís arna phostáil ag Eurojust chuig an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 96;
(g)
ciallaíonn ‘Ionchúisitheoir Idirchaidrimh’ an t-ionchúisitheoir poiblí atá tugtha ar iasacht ón Ríocht Aontaithe chuig Eurojust agus atá faoi réir dhlí baile na Ríochta Aontaithe a mhéid a bhaineann lena stádas, i gcomhréir le hAirteagal 95(3);
(h)
ciallaíonn ‘Comhalta Náisiúnta’ an Comhalta Náisiúnta atá tugtha ar iasacht ó gach Ballstát den Aontas chuig Eurojust, dá dtagraítear i Rialachán Eurojust.
AIRTEAGAL 91
Cumarsáid
Déanfar gach cumarsáid agus tabharfar gach fógra dá dtagraítear sa Chaibidil seo tríd an bpointe teagmhála náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 94 nó trí na hionchúisitheoirí idirchaidrimh mar a leagtar amach in Airteagal 95.
AIRTEAGAL 92
Foirmeacha coireachta
1.
Baineann an comhar mar a bhunaítear faoin gCaibidil seo leis na foirmeacha coireachta tromchúiseacha a thagann faoi inniúlacht Eurojust, mar a liostaítear in Iarscríbhinn 11, lena n-áirítear cionta coiriúla gaolmhara.
2.
Is cionta coiriúla gaolmhara iad na cionta coiriúla a dhéantar chun modh a fháil chun na foirmeacha coireachta tromchúiseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, cionta coiriúla arna ndéanamh chun coireanna tromchúiseacha den sórt sin a éascú nó a dhéanamh, agus cionta coiriúla a dhéantar chun a áirithiú go mbeidh coireanna tromchúiseacha den sórt sin saor ó phionós.
3.
I gcás ina n-athrófar liosta de na foirmeacha coireachta tromchúiseacha a bhfuil Europol inniúil ina leith faoi dhlí an Aontais, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, ar thogra ón Aontas, Iarscríbhinn 11 a leasú dá réir ón dáta a dtiocfaidh an t-athrú ar inniúlacht Europol i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 93
Raon feidhme an chomhair
Áiritheoidh na Páirtithe go n-oibreoidh Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhar le chéile sna réimsí gníomhaíochta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 54 de Rialachán Eurojust agus sa Chaibidil seo.
AIRTEAGAL 94
Pointe teagmhála le Eurojust
Beidh an pointe teagmhála nó na pointí teagmhála do Eurojust, arna cheapadh/gceapadh nó arna chur/gcur ar bun ag an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 584 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, lena n-áirítear na pointí teagmhála arna n-ainmniú mar Chomhfhreagraí Baile na Ríochta Aontaithe le haghaidh Ábhair Sceimhlitheoireachta, ina phointe teagmhála nó ina bpointí teagmhála do Eurojust don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
AIRTEAGAL 95
An tIonchúisitheoir Idirchaidrimh
1.
Éascóidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh sa Ríocht Aontaithe do Eurojust, a bheidh ar iasacht de bhun Airteagal 585(1) agus (3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, an comhar arna bhunú faoin gCaibidil seo, i ndáil le Giobráltar, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta. I gcás inar gá, féadfaidh Cúntóirí teacht in ionad an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó gníomhú thar a cheann.
2.
Beidh sonraí chúraimí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1, a gcearta agus a n-oibleagáidí agus na costais lena mbaineann faoi rialú ag socrú oibre, dá dtagraítear in Airteagal 104.
3.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe Eurojust ar an eolas faoi chineál agus faoi mhéid chumhachtaí breithiúnacha an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh, dá dtagraítear i mír 1, chun a gcúraimí i leith an comhar a éascú a chur i gcrích i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
4.
Beidh rochtain ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1 ar an bhfaisnéis atá sna taifid choiriúla náisiúnta nó in aon chlár eile de chuid údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir leis an dlí baile i gcás ionchúisitheora nó duine a bhfuil inniúlacht choibhéiseach aige.
5.
Beidh an chumhacht ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1 dul i dteagmháil go díreach le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
6.
Cinnfidh Eurojust go mbeidh doiciméid oibre an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1 ina ndoiciméid oibre dosháraithe.
AIRTEAGAL 96
An Giúistís Idirchaidrimh
1.
Féadfaidh Giúistís Idirchaidrimh Eurojust ar postú sa Ríocht Aontaithe, de bhun Airteagal 586(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, comhar breithiúnach a éascú i ndáil le Giobráltar, i gcásanna ina dtabharfaidh Eurojust cúnamh, i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán Eurojust.
2.
Beidh sonraí thascanna an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1, a chearta agus a oibleagáidí agus na costais lena mbaineann faoi rialú ag socrú oibre, dá dtagraítear in Airteagal 104.
AIRTEAGAL 97
Cruinnithe oibríochtúla agus straitéiseacha
1.
Féadfaidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dá dtagraítear in Airteagal 95(1) agus an pointe teagmhála le Eurojust dá dtagraítear in Airteagal 94 páirt a ghlacadh i gcruinnithe straitéiseacha a bhaineann le cúrsaí straitéiseacha ar chuireadh ó Uachtarán Eurojust, agus i gcruinnithe oibríochtúla le formheas na gComhaltaí Náisiúnta lena mbaineann.
2.
Féadfaidh Comhaltaí Náisiúnta, a Leas-Chomhaltaí agus a gCúntóirí, Stiúrthóir Riaracháin Eurojust agus baill foirne Eurojust freastal ar chruinnithe arna n-eagrú ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dá dtagraítear in Airteagal 95(1) agus ag an bpointe teagmhála le Eurojust dá dtagraítear in Airteagal 94.
AIRTEAGAL 98
Sonraí neamhphearsanta a mhalartú
Féadfaidh Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, aon sonraí neamhphearsanta a mhalartú a mhéid a bheidh na sonraí sin ábhartha maidir le comhar faoin gCaibidil seo, agus faoi réir aon srian de bhun Airteagal 103.
AIRTEAGAL 99
Sonraí pearsanta a mhalartú
1.
Maidir le sonraí pearsanta a iarrfaidh agus a gheobhaidh na húdaráis inniúla faoin gCaibidil seo, ní dhéanfaidh siad iad a phróiseáil ach amháin i dtaca leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 89, chun na gcríoch sonrach dá dtagraítear i mír 2 agus faoi réir na srianta le rochtain nó le húsáid bhreise dá dtagraítear i mír 3.
2.
Cuirfidh údarás inniúil an aistrithe in iúl go soiléir, nuair a aistreofar na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an chríoch shonrach nó na críocha sonracha chuig a bhfuil na sonraí á n-aistriú.
3.
Agus sonraí pearsanta á n-aistriú aige, féadfaidh údarás inniúil an aistrithe, tráth aistriú na sonraí pearsanta, aon srian le rochtain orthu nó leis an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n-áirítear maidir lena n-aistriú ar aghaidh, lena scriosadh nó lena scriosadh tar éis tréimhse áirithe ama, nó maidir leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis na sonraí pearsanta a aistriú, cuirfidh údarás inniúil an aistrithe an t-údarás inniúil is faighteoir ar an eolas dá réir.
4.
Comhlíonfaidh an t-údarás inniúil is faighteoir aon srian le rochtain nó le húsáid bhreise na sonraí pearsanta arna gcur in iúl ag údarás inniúil an aistrithe mar a thuairiscítear i mír 3.
AIRTEAGAL 100
Bealaí tarchuir
1.
Déanfar faisnéis a mhalartú, de bhun mhír 3, idir an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh nó a Chúntóirí dá dtagraítear in Airteagal 95(1), nó, mura mbeidh aon Ionchúisitheoir ceaptha nó ar fáil ar bhealach eile, idir pointe teagmhála na Ríochta Aontaithe le Eurojust dá dtagraítear in Airteagal 94 agus na Comhaltaí Náisiúnta lena mbaineann nó leis an gColáiste.
2.
Áiritheoidh Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe araon go mbeidh a n-ionadaithe faoi seach údaraithe faisnéis a mhalartú ar an leibhéal iomchuí i gcomhréir lena gcreata dlíthiúla faoi seach, agus go ndéanfar scagadh leordhóthanach orthu.
3.
Féadfar faisnéis a mhalartú, i gcás inar gá i gcásanna práinneacha, má bhíonn Giúistís Idirchaidrimh ar postú ag Eurojust chuig an Ríocht Aontaithe, agus i gcás ina measfaidh an Giúistís Idirchaidrimh agus an t-údarás inniúil ábhartha araon gurb iomchuí sin, idir an Giúistís Idirchaidrimh agus aon údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar; sa chás sin, cuirfear an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh mar a leagtar amach in Airteagal 95(1) nó Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ar an eolas faoi aon mhalartú faisnéise den sórt sin.
AIRTEAGAL 101
Aistrithe ar aghaidh
Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ná Eurojust aon fhaisnéis arna tabhairt ag an bpáirtí eile d’aon tríú tír nó d’aon eagraíocht idirnáisiúnta a chur in iúl d’aon tríú tír nó d’aon eagraíocht idirnáisiúnta gan toiliú ó cibé ceann d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Eurojust a chuir an fhaisnéis ar fáil agus gan coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí pearsanta.
AIRTEAGAL 102
Dliteanas maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí pearsanta
1.
Beidh na húdaráis inniúla faoi dhliteanas, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla faoi seach, i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear. Chun dliteanas a sheachaint faoina gcreataí dlíthiúla faoi seach i leith páirtí díobhálaithe, ní fhéadfaidh Eurojust ná údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a phléadáil go raibh faisnéis mhíchruinn aistrithe ag an údarás inniúil eile.
2.
Má dhámhtar damáistí i gcoinne aon cheann de na húdaráis inniúla mar gheall ar úsáid a bhaint as faisnéis a chuir an t-údarás inniúil eile in iúl go hearráideach, nó a cuireadh in iúl mar thoradh ar mhainneachtain ag an údarás eile a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás inniúil eile an méid a d'íoc an t-údarás inniúil mar chúiteamh faoi mhír 1 a aisíoc, mura rud é gur úsáideadh an fhaisnéis de shárú ar an gCaibidil seo.
3.
Ní chuirfidh Eurojust ná údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe ceangal ar a chéile íoc as damáistí pionósacha nó neamhchúiteacha faoi mhíreanna 1 agus 2.
AIRTEAGAL 103
Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú
Déanfar malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe, más gá faoin gCaibidil seo, a rialú le socrú oibre dá dtagraítear in Airteagal 104.
AIRTEAGAL 104
Socrú oibre
1.
Beidh na módúlachtaí comhair idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Eurojust, de réir mar is iomchuí chun fhorálacha na Caibidle seo a chur chun feidhme, ina n-ábhar do shocrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagail 47(3) agus 56(3) de Rialachán Eurojust.
2.
In ionad socruithe riaracháin a thabhairt i gcrích de bhun mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe agus Eurojust a chomhaontú go mbeidh feidhm freisin ag aon socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe agus Eurojust de bhun Airteagal 594 den Chomhaontú Trádála agus Comhair i ndáil le Giobráltar.
AIRTEAGAL 105
Cumhachtaí Eurojust
Ní fhorléireofar aon ní dá bhfuil sa Teideal seo mar ní lena gcuirfear oibleagáid ar Eurojust oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe lasmuigh d'inniúlachtaí Eurojust mar a leagtar amach i ndlí ábhartha an Aontais.
CAIBIDIL 3
FAISNÉIS FAOI THAIFEAD COIRIÚIL A MHALARTÚ
AIRTEAGAL 106
Cuspóir
1.
Is é cuspóir na Caibidle seo socrú a dhéanamh a fhágfaidh gurb indéanta faisnéis arna baint as an taifead coiriúil a mhalartú idir na Ballstáit, de pháirt amháin, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, den pháirt eile.
2.
Sa chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na Ballstáit, forlíontar le forálacha na Caibidle seo forálacha Chaibidil 5 de Theideal V den Chuid seo maidir le faisnéis taifid choiriúil a mhalartú.
AIRTEAGAL 107
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘ciontú’ aon chinneadh críochnaitheach ó chúirt choiriúil i gcoinne duine nádúrtha i ndáil le cion coiriúil, sa mhéid go mbreactar síos an cinneadh sin i dtaifid choiriúla an Bhallstáit chiontaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
(b)
ciallaíonn ‘imeachtaí coiriúla’ an chéim roimh an triail, céim na trialach agus forghníomhú an chiontaithe;
(c)
ciallaíonn ‘taifead coiriúil’ an clár baile nó na cláir bhaile ina ndéantar ciontuithe a thaifeadadh i gcomhréir leis an dlí baile.
AIRTEAGAL 108
Údaráis lárnacha
Ciallóidh údaráis lárnacha na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na mBallstát atá inniúil as malartú faisnéise arna baint as an taifead coiriúil de bhun na Caibidle seo agus as na malartuithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Choinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na húdaráis arna n-ainmniú agus arna gcur in iúl ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 645 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, le haghaidh malartú faisnéise arna baint as an taifead coiriúil idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit.
AIRTEAGAL 109
Fógraí a thabhairt
1.
Déanfaidh gach Ballstát agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi náisiúntacht nó náisiúntachtaí an duine chiontaithe ag gabháil le gach ciontú arna thabhairt ag a chúirteanna coiriúla, nuair a sholáthrófar dá thaifead coiriúil é.
2.
Cuirfidh údarás lárnach gach Ballstáit údarás lárnach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an eolas faoi gach ciontú coiriúil arna thabhairt ag a chúirteanna coiriúla i ndáil le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil cárta aitheantais bailí nó cead cónaithe bailí acu arna eisiúint i nGiobráltar ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chomh maith le haon athrú nó scriosadh a rinneadh ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis atá sa taifead coiriúil, mar a iontráladh sa taifead coiriúil í. Cuirfidh údarás lárnach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, údarás lárnach aon Bhallstáit ar an eolas faoi gach ciontú coiriúil a thabharfaidh cúirteanna coiriúla ina chríoch maidir le náisiúnaigh den Stát sin, chomh maith le haon athrú nó scriosadh a rinneadh ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sa taifead coiriúil, mar a iontráladh sa taifead coiriúil. Cuirfidh údaráis lárnacha na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an fhaisnéis sin in iúl dá chéile uair sa mhí ar a laghad.
3.
Má thagann údarás lárnach Ballstáit nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an eolas gur náisiúnach de chuid dhá Bhallstát nó níos mó nó náisiúnach de Bhallstát amháin nó níos mó nó gur náisiúnach den Ríocht Aontaithe ag a bhfuil cárta aitheantais bailí nó cead cónaithe bailí arna eisiúint i nGiobráltar é an duine ciontaithe, tarchuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha chuig gach duine acu, fiú más náisiúnach den Bhallstát ar ar a chríoch a ciontaíodh an duine sin nó náisiúnach den Ríocht Aontaithe ag a bhfuil cárta aitheantais bailí nó cead cónaithe bailí arna eisiúint i nGiobráltar, a ciontaíodh i nGiobráltar.
AIRTEAGAL 110
Ciontuithe a stóráil
1.
Déanfaidh údarás lárnach gach Ballstáit agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an fhaisnéis uile faoina dtabharfar fógra faoi Airteagal 109 a choinneáil.
2.
Áiritheoidh údarás lárnach gach Ballstáit agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más rud é go dtugtar fógra faoi athrú nó scriosadh ina dhiaidh sin faoi Airteagal 109, go ndéanfar athrú nó scriosadh atá comhionann ar an bhfaisnéis a stóráiltear i gcomhréir le mír 1.
3.
Áiritheoidh údarás lárnach gach Ballstáit agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach gcuirfear ar fáil ach faisnéis a tugadh cothrom le dáta i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo nuair a bheidh freagra á thabhairt ar iarrataí arna ndéanamh faoi Airteagal 111.
AIRTEAGAL 111
Iarrataí ar fhaisnéis
1.
Má dhéantar faisnéis as taifead coiriúil Ballstáit nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a iarraidh ar an leibhéal náisiúnta chun críoch imeachtaí coiriúla i gcoinne duine nó chun aon chríoch seachas críocha imeachtaí coiriúla, féadfaidh údarás lárnach an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, iarraidh a chur faoi bhráid údarás lárnach Ballstáit eile nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, ar fhaisnéis agus sonraí gaolmhara a bhaint as an taifead coiriúil.
2.
Má chuireann duine iarraidh ar fhaisnéis faoina thaifead coiriúil féin faoi bhráid údarás lárnach Ballstáit nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach náisiúnach de iad, cuirfidh an t-údarás lárnach sin iarraidh ar fhaisnéis agus sonraí gaolmhara a bhaint as an taifead coiriúil faoi bhráid údarás lárnach Bhallstát náisiúntachta an duine nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más náisiúnach den Ríocht Aontaithe an duine, chun gur féidir an fhaisnéis agus na sonraí gaolmhara sin a áireamh sa sliocht a sholáthrófar don duine lena mbaineann.
AIRTEAGAL 112
Freagraí ar iarratais
1.
Tarchuirfidh an t-údarás lárnach iarrtha de chuid Ballstáit agus de chuid na Ríochta Aontaithe freagraí ar iarrataí ar fhaisnéis, i ndáil le Giobráltar, chuig an údarás lárnach iarrthach de chuid Ballstáit nó de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a luaithe is féidir agus in aon chás laistigh de 20 lá oibre ón dáta a fuarthas an iarraidh.
2.
Freagróidh údarás lárnach gach Ballstáit agus de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar iarrataí a dhéanfar chun críoch seachas críocha imeachtaí coiriúla i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin.
3.
D'ainneoin mhír 2, nuair a bheidh siad ag freagairt ar iarrataí arna ndéanamh chun críoch earcaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí deonacha gairmiúla nó eagraithe a bhfuil teagmháil dhíreach agus rialta le leanaí ag baint leo, áireoidh na Ballstát agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar faisnéis faoi chiontuithe coiriúla a bheith ann i leith cionta a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach nó teacht i dtír gnéasach ar leanaí, pornagrafaíocht leanaí, sirtheoireacht leanaí chun críocha collaíochta, lena n-áirítear na cionta sin a spreagadh, cabhrú leo, iad a neartú nó ag féachaint leis na cionta sin a dhéanamh, chomh maith le haon dícháiliú ó ghníomhaíochtaí a dhéanamh a bhfuil teagmháil dhíreach agus rialta le leanaí ag baint leo a thagann as na ciontuithe coiriúla sin.
AIRTEAGAL 113
Bealach cumarsáide
Déanfar an fhaisnéis a baineadh as an taifead coiriúil a mhalartú idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go leictreonach i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn 12.
AIRTEAGAL 114
Coinníollacha maidir le húsáid sonraí pearsanta
1.
Ní fhéadfaidh aon Bhallstát ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, úsáid a bhaint as sonraí pearsanta a fuarthas mar fhreagra ar a iarraidh faoi Airteagal 112 ach chun na gcríoch chuig ar iarradh iad agus chun na gcríoch sin amháin.
2.
Nuair a iarradh an fhaisnéis chun aon chríoch seachas críocha imeachtaí coiriúla, ní fhéadfaidh Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, sonraí pearsanta arna bhfáil faoi Airteagal 112 a úsáid i gcomhréir leis an dlí baile ach amháin laistigh de na teorainneacha arna sonrú ag an údarás lárnach iarrtha san fhoirm a leagtar amach i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn 12.
3.
D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, trína ndearnadh an iarraidh, sonraí pearsanta a sholáthair údarás lárnach iarrtha mar fhreagra ar iarraidh faoi Airteagal 112 a úsáid chun bagairt láithreach thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí a chosc.
4.
Áiritheoidh gach Ballstát agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach nochtfaidh a n-údaráis lárnacha sonraí pearsanta faoinar tugadh fógra faoi Airteagal 109 d’údaráis i dtríú tíortha mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gur ar bhonn cás ar chás amháin a nochtfar na sonraí pearsanta;
(b)
go nochtar na sonraí pearsanta d’údaráis a mbaineann a bhfeidhmeanna go díreach leis an gcríoch chuig a nochtar an fhaisnéis faoi fhomhír (c) den mhír seo;
(c)
ní nochtar na sonraí pearsanta ach amháin más gá:
(i)
chun críoch imeachtaí coiriúla;
(ii)
chun aon chríoch seachas críocha imeachtaí coiriúla; nó
(iii)
ní nochtar na sonraí pearsanta ach amháin más gá: chun críoch imeachtaí coiriúla; chun aon chríche seachas críocha imeachtaí coiriúla; nó (iii) chun bagairt láithreach thromchúiseach don tslándáil phoiblí a chosc;
(d)
ní fhéadfaidh an tríú tír iarrthach na sonraí pearsanta a úsáid ach amháin chun na críche chuig ar iarradh an fhaisnéis agus laistigh de na teorainneacha arna sonrú ag an mBallstát nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, a thug fógra faoi na sonraí pearsanta faoi Airteagal 109; agus
(e)
go gcinneann an t-údarás lárnach, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar na himthosca go léir a bhaineann le haistriú na sonraí pearsanta chuig an tríú tír, go bhfuil cosaintí iomchuí ann chun na sonraí pearsanta a chosaint.
5.
Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta a fuair Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, faoin gCaibidil seo agus ar de thionscnamh an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe iad, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh.
CAIBIDIL 4
TABHAIRT SUAS
AIRTEAGAL 115
Cuspóir
Is é is cuspóir don Chaibidil seo a áirithiú go mbeidh an córas eiseachadta idir na Ballstáit, de pháirt amháin, agus an Ríocht Aontaithe, i dáil le Giobráltar, den pháirt eile, bunaithe ar shásra tabhairt suas de bhun barántas gabhála i gcomhréir le téarmaí na Caibidle seo.
AIRTEAGAL 116
Prionsabal na comhréireachta
Beidh comhar leis an mbarántas gabhála riachtanach agus comhréireach, agus cearta an duine iarrtha agus leasanna na n-íospartach á gcur san áireamh, agus ag féachaint do thromchúis an ghnímh, don phionós is dócha a fhorchuirfear, agus don fhéidearthacht go ndéanfaidh Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, bearta nach mbeidh chomh comhéigneach leis an duine iarrtha a thabhairt suas, go háirithe d’fhonn tréimhsí coinneála nach bhfuil gá leo roimh an triail a sheachaint.
AIRTEAGAL 117
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘barántas gabhála’ cinneadh breithiúnach arna eisiúint ag Ballstát nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, d’fhonn go ndéanfadh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ballstát duine iarrtha a ghabháil agus a thabhairt suas, chun ionchúiseamh coiriúil a sheoladh nó pianbhreith faoi choimeád nó ordú coinneála a fhorghníomhú;
(b)
ciallaíonn ‘údarás breithiúnach forghníomhaitheach’ údarás breithiúnach an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, nó údarás breithiúnach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach atá inniúil chun an barántas gabhála a fhorghníomhú de bhua dhlí baile an Bhallstáit sin nó de bhua dhlí baile na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
(c)
ciallaíonn ‘údarás breithiúnach eisiúna’ údarás breithiúnach an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, atá inniúil chun barántas gabhála a eisiúint de bhua dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
(d)
ciallaíonn ‘údarás breithiúnach’ údarás arb é atá ann, faoi dhlí baile Ballstáit nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, breitheamh, cúirt nó ionchúisitheoir poiblí; ní mheastar ionchúisitheoir poiblí a bheith ina údarás breithiúnach ach amháin a mhéid a fhoráiltear, sa dlí baile, é a bheith amhlaidh;
(e)
ciallaíonn ‘tríú tír’ tír seachas Ballstát nó an Ríocht Aontaithe nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
AIRTEAGAL 118
Raon feidhme
1.
Féadfar barántas gabhála a eisiúint i leith gníomhartha atá inphionóis faoi dhlí an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí eisiúna é, le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 12 mhí ar a laghad nó, nuair atá an phianbhreith tugtha nó an t-ordú coinneála déanta, i leith pianbhreitheanna nó orduithe coinneála ceithre mhí ar a laghad.
2.
Gan dochar do mhíreanna 3 agus 4, tá an tabhairt suas faoi réir an choinníll gur cion faoi dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí eisiúna é, iad na gníomhartha ar eisíodh an barántas gabhála ina leith, is cuma cé na heilimintí is comhábhar dó nó cén cur síos a dhéantar air.
3.
Faoi réir Airteagal 119, pointí (b) go (h) d’Airteagal 120(1) agus Airteagail 121, 122 agus 123, ní dhiúltóidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más é an gníomhaí forghníomhaitheach é, ná údaráis inniúla an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, barántas gabhála a fhorghníomhú arna eisiúint i ndáil leis an iompar seo a leanas i gcás inarb inphionóis an t-iompar sin le cailleadh saoirse nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 12 mhí ar a laghad:
(a)
iompar aon duine a rannchuidíonn le grúpa daoine ag gníomhú dóibh chun críche coitinne cion amháin nó níos mó a dhéanamh i réimse na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, arna dhéanamh i Strasbourg an 27 Eanáir 1977, nó i ndáil le gáinneáil aindleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, nó dúnmharú, mórdhíobháil choirp, fuadach, srianadh neamhdhleathach, gabháil giall nó éigniú, fiú i gcás nach nglacann an duine sin páirt sna cionta nó sa chion lena mbaineann; ní mór rannchuidiú den sórt sin a dhéanamh d’aon ghnó agus é ar eolas go gcuideoidh an rannpháirtíocht le gníomhaíochtaí coiriúla an ghrúpa a bhaint amach; nó
(b)
sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 13.
4.
Féadfaidh an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine nach gcuirfear i bhfeidhm, ar bhonn cómhalartachta, coinníoll na coiriúlachta dúbailte dá dtagraítear i mhír 2 ar choinníoll gurb é an méid seo a leanas atá sa chion is bunús leis an mbarántas:
(a)
ceann de na cionta a liostaítear i mír 5, mar a shainmhínítear le dlí an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í; agus
(b)
cion atá inphionóis sa Bhallstát eisiúna nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad.
5.
Is iad seo a leanas na cionta dá dtagraítear i mír 4:
(a)
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil;
(b)
sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 13;
(c)
an ghainneáil ar dhaoine;
(d)
an teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus an phornagrafaíocht leanaí;
(e)
an gháinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha;
(f)
an gháinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin;
(g)
éilliú, lena n-áirítear breabaireacht;
(h)
calaois, lena n-áirítear calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, Ballstáit nó an Aontais;
(i)
sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht;
(j)
airgeadra a ghóchumadh;
(k)
coireacht atá bainteach le ríomhaireacht;
(l)
an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear an gháinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt;
(m)
teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú;
(n)
dúnmharú;
(o)
an mhórdhíobháil choirp;
(p)
an trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna;
(q)
fuadach, srianadh agus tógáil giall go neamhdhleathach;
(r)
ciníochas agus seineafóibe;
(s)
robáil eagraithe nó armtha;
(t)
an gháinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne;
(u)
caimiléireacht;
(v)
cambheartaíocht agus sracaireacht;
(w)
an góchumadh agus an phíoráideacht táirgí;
(x)
an brionnú doiciméad riarachán agus an gháinneáil orthu;
(y)
cóir íocaíochta a bhrionnú;
(z)
an gháinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile;
(aa)
an gháinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha;
(bb)
an gháinneáil ar fheithiclí goidte;
(cc)
an t-éigniú;
(dd)
an coirloscadh;
(ee)
coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;
(ff)
urghabháil neamhdhleathach aerárthaí, long nó spásárthaí; agus
(gg)
sabaitéireacht.
AIRTEAGAL 119
Foras le haghaidh neamhfhorghníomhú sainordaitheach an bharántais gabhála
Diúltófar an barántas gabhála a fhorghníomhú:
(a)
má bhíonn an cion ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe cumhdaithe ag maithiúnas sa Bhallstát forghníomhaitheach nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é, i gcás ina raibh dlínse ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an cion a ionchúiseamh faoi dhlí coiriúil an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é;
(b)
má chuirtear in iúl don údarás breithiúnach forghníomhaitheach go bhfuil breith chríochnaitheach tugtha ar an duine iarrtha ag Ballstát, ag an Ríocht Aontaithe, nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i leith na ngníomhartha céanna, ar choinníoll, más rud é gur forchuireadh pionós, go bhfuil sé forghníomhaithe, go bhfuil sé á fhorfheidhmiú nó nach féidir é a fhorfheidhmiú a thuilleadh faoi dhlí an Bhallstáit inar gearradh pianbhreith ar an duine iarrtha nó faoi dhlí na Ríochta Aontaithe nó faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás inar chuir aon cheann ar bith sin pianbhreith ar an duine iarrtha; nó
(c)
mura féidir, mar gheall ar a aois, an fhreagracht choiriúil a chur ar an duine is ábhar don bharántas gabhála as na gníomhartha ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe faoi dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é.
AIRTEAGAL 120
Foras eile le haghaidh neamhfhorghníomhú an bharántais gabhála
1.
Féadfar forghníomhú an bharántais gabhála a dhiúltú:
(a)
más rud é, in aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 118(2), nach cion é an gníomh ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe faoi dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é; i ndáil le cánacha nó dleachtanna, custam agus malairt, áfach, ní dhiúltófar an barántas gabhála a fhorghníomhú ar an bhforas nach bhforchuireann dlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é, an cineál céanna cánach nó dleachta nó nach bhfuil sa dlí sin an saghas céanna rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus rialacháin chustaim agus malairte agus atá i ndlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí eisiúna é, nó an Bhallstáit eisiúna;
(b)
má tá an duine is ábhar don bharántas gabhála á ionchúiseamh sa Bhallstát forghníomhaitheach nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é, i leith an ghnímh chéanna leis an ngníomh ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe;
(c)
nuair a bheidh cinneadh déanta ag údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é, gan an duine a ionchúiseamh sa chion a bhfuil an barántas gabhála bunaithe air nó deireadh a chur leis na himeachtaí, nó nuair a bheidh breithiúnas críochnaitheach tugtha ar an duine iarrtha i Stát, i leith na ngníomhartha céanna, rud a chuireann cosc le haon imeachtaí eile;
(d)
má bhíonn ionchúiseamh coiriúil nó pionósú an duine iarrtha faoi urchosc reachta faoi dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é, agus má thagann na gníomhartha faoi dhlínse an Bhallstáit sin nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoina dhlí coiriúil féin;
(e)
má chuirtear in iúl don údarás breithiúnach forghníomhaithe go bhfuil breith chríochnaitheach tugtha ar an duine iarrtha ag tríú tír nó ag an Ríocht Aontaithe i leith na ngníomhartha céanna ar choinníoll, más rud é gur cuireadh pionós air, go bhfuil an pionós forfheidhmithe aige nó á forfheidhmiú aige faoi láthair aige nó nach bhféadfar í a fhorfheidhmiú a thuilleadh faoi dhlí an Stáit a rinne an phianbhreith;
(f)
más chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú a eisíodh an barántas gabhála agus:
(i)
más Ballstát é an gníomhaí forghníomhaitheach, má bhíonn an duine iarrtha ag fanacht sa Bhallstát sin nó más náisiúnach den Bhallstát sin é nó cónaitheoir ann é; nó
(ii)
más í an Ríocht Aontaithe an gníomhaí forghníomhaitheach, i ndáil le Giobráltar, más náisiúnach den Ríocht Aontaithe é an duine iarrtha a bhfuil cárta aitheantais nó má tá cead cónaithe bailí aige arna eisiúint i nGiobráltar ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó más duine é atá ag fanacht i nGiobráltar nó a bhfuil cónaí air i nGiobráltar,
agus má chinneann údarás inniúil de chuid an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an phianbhreith nó an t-ordú coinneála a fhorghníomhú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é; má bhíonn gá le toiliú an duine iarrtha go n-aistreofaí an phianbhreith nó an t-ordú coinneála chuig an mBallstát forghníomhaitheach nó chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é, ní fhéadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é, diúltú an barántas gabhála a fhorghníomhú ach amháin tar éis don duine iarrtha toiliú go n-aistreofaí an phianbhreith nó an t-ordú coinneála;
(g)
más rud é go mbaineann an barántas gabhála le cionta:
(i)
a mheasfar faoi dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is é an gníomhaí forghníomhaitheach é, a rinneadh go hiomlán nó go páirteach sa Bhallstát forghníomhaitheach nó i nGiobráltar nuair is í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach, nó in áit a ndéileáiltear amhlaidh léi; nó
(ii)
a rinneadh lasmuigh den Bhallstát eisiúna nó de Ghiobráltar nuair is í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí eisiúna, agus nuair nach ceadmhach de réir dhlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, nó de réir dhlí an Ballstát forghníomhaitheach í, ionchúiseamh i leith na gcionta céanna má rinneadh lasmuigh dá críoch iad;
(h)
nuair a bheidh cúiseanna ann lena chreidiúint, ar bhonn eilimintí oibiachtúla, gur eisíodh an barántas gabhála sin chun duine a ionchúiseamh nó a phionósú ar fhoras a ghnéis, a chine, a reiligiúin, a bhunaidh eitnigh, a náisiúntachta, a theanga, a thuairimí polaitiúla nó a tuairimí polaitiúla nó a chlaonta gnéis, nó go bhféadfar seasamh an duine sin a dhochrú ar aon cheann de na cúiseanna sin;
(i)
más rud é gur eisíodh an barántas gabhála chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú, i gcás nach raibh an duine iarrtha i láthair go pearsanta ag an triail a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi, mura sonraítear sa bharántas gabhála, i gcomhréir le ceanglais bhreise nós imeachta arna sainiú i ndlí baile an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna:
(i)
in am trátha:
(A)
go bhfuair duine toghairm go pearsanta agus tríd sin gur cuireadh ar an eolas é faoi dháta sceidealta agus áit na trialach a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi, nó go bhfuair siad faisnéis oifigiúil ar mhodh eile maidir le dáta sceidealta agus áit na trialach ar mhodh a chinntigh gan amhras go raibh sé ar an eolas faoi dháta agus áit na trialach sceidealta;
agus
(B)
gur cuireadh ar an eolas é go bhféadfar cinneadh a thabhairt murar tháinig sé nó sí i láthair don triail;
nó
(ii)
agus é ar an eolas faoi dháta agus áit na trialach sceidealta, gur thug sé sainordú do dhlíodóir, a cheap an duine lena mbaineann nó údarás inniúil de chuid Ballstáit nó de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun é nó í a chosaint ag an triail, agus go deimhin gur chosain an dlíodóir sin é ag an triail;
nó
(iii)
tar éis don duine an cinneadh a fháil agus tar éis é a bheith curtha in iúl go sainráite don duine go raibh ceart atrialach nó achomhairc aige, a bhfuil cead ag an duine a bheith páirteach inti nó ann agus ina gceadaítear tuillteanais an cháis, lena n-áirítear fianaise nua, a athscrúdú, agus go bhféadfaí an cinneadh bunaidh a chur droim ar ais mar thoradh uirthi nó air:
(A)
gur léirigh sé go sainráite nach ndearna an duine an cinneadh a chonspóid;
nó
(B)
nár iarr sé achomharc laistigh den tréimhse ama is infheidhme;
nó
(iv)
nach bhfuair sé an cinneadh go pearsanta ach:
(A)
go seirbheálfar é go pearsanta air gan mhoill tar éis an tabhairt suas agus go gcuirfear ar an eolas go sainráite don duine go bhfuil ceart atrialach nó achomhairc aige, a bhfuil cead ag an duine a bheith páirteach inti nó ann agus ina gceadaítear tuillteanais an cháis, lena n-áirítear fianaise nua, a athscrúdú, agus go bhféadfaí an cinneadh bunaidh a chur droim ar ais mar thoradh uirthi nó air;
agus
(B)
go gcuirfear ar an eolas é faoin gcreat ama ar laistigh de nach mór dó atriail nó achomharc den sórt sin a iarraidh, mar a luaitear sa bharántas gabhála iomchuí.
2.
I gcás ina n-eiseofar an barántas gabhála chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú faoi na coinníollacha atá i bpointe (i) (iv) de mhír 1 agus nach mbeidh aon fhaisnéis oifigiúil faighte roimhe sin ag an duine lena mbaineann i dtaobh na n-imeachtaí coiriúla ina choinne a bheith ann, féadfaidh sé, nuair a thabharfar fógra dó faoi ábhar an bharántais gabhála, a iarraidh go bhfaighidh sé cóip den bhreithiúnas sula dtabharfar suas é. Láithreach tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin iarraidh, déanfaidh an t-údarás eisiúna an chóip den bhreithiúnas a sholáthar tríd an údarás forghníomhaitheach don duine a iarrtar. Ní chuirfidh an iarraidh ón duine a iarrtar moill ar an nós imeachta um thabhairt suas ná ní chuirfidh sí moill ar an gcinneadh chun an barántas gabhála a fhorghníomhú. Is chun críoch faisnéise amháin a bheidh soláthar an bhreithiúnais don duine lena mbaineann; ní ghlacfar leis mar sheirbheáil fhoirmiúil an bhreithiúnais ná ní féidir aon teorainneacha ama is infheidhme maidir le hatrialach nó achomharc a iarraidh a ghníomhrú.
3.
I gcás ina dtabharfar duine suas faoi na coinníollacha atá i bpointe (i) (iv) de mhír 1 agus go mbeidh atriail nó achomharc iarrtha aige, déanfar coinneáil an duine sin atá ag feitheamh leis an atriail nó leis an achomharc sin a athbhreithniú, go dtí go dtabharfar na himeachtaí sin chun críche, i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, más í an gníomhaí eisiúna í, ar bhonn rialta nó arna iarraidh sin ón duine lena mbaineann. Áireofar go háirithe le hathbhreithniú den sórt sin go bhféadfaí an choinneáil a chur ar fionraí nó a bhriseadh. Tosóidh an atriail nó an t-achomharc laistigh d'am trátha tar éis an tabhairt suas.
AIRTEAGAL 121
Eisceacht an chiona pholaitiúil
1.
Ní féidir forghníomhú barántais gabhála a dhiúltú ar an bhforas go bhféadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, breathnú ar an gcion mar chion polaitiúil, mar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil nó mar chion a bhfuil cúiseanna polaitiúla leis.
2.
Mar sin féin, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus féadfaidh an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine nach gcuirfear mír 1 i bhfeidhm ach i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a)
na cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur;
(b)
cionta comhcheilge nó comhlachais cion amháin nó níos mó de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, más rud é go bhfreagraíonn na cionta comhcheilge nó comhlachais sin don tuairisc ar iompar dá dtagraítear in Airteagal 118(3) den Chomhaontú seo; agus
(c)
sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 13.
3.
Nuair atá barántas gabhála eisithe ag Ballstát ar tugadh fógra dá dtagraítear i mír 2 thar a cheann nó nuair atá barántas gabhála eisithe ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus nuair atá fógra den sórt sin tugtha aici, féadfaidh an Ballstát forghníomhaitheach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, cómhalartú a chur i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 122
Eisceacht ar bhonn náisiúntachta
1.
Ní féidir forghníomhú barántais gabhála a dhiúltú ar an bhforas gur náisiúnach den Bhallstát forghníomhaitheach é an duine iarrtha nó, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach, gur náisiúnach den Ríocht Aontaithe é.
2.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas, ag gníomhú dó thar cheann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine nach dtabharfar suas náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe ná den Bhallstát sin, de réir mar a bheidh, nó nach n-údarófar a dtabhairt suas ach faoi choinníollacha sonraithe áirithe. Beidh an fógra bunaithe ar chúiseanna a bhaineann le prionsabail bhunúsacha nó cleachtas dhlíchóras baile na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó an Bhallstáit ar tugadh fógra thar a cheann. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar thaobh amháin, nó an tAontas, thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, ar an taobh eile, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine in am réasúnach tar éis fógra a fháil ón bPáirtí eile, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó de chuid an Bhallstáit, de réir mar a bheidh, diúltú a náisiúnaigh féin dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt suas don Bhallstát sin nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó nach n-údarófar an tabhairt suas sin ach faoi choinníollacha sonraithe áirithe.
3.
In imthosca inar dhiúltaigh Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, barántas gabhála a fhorghníomhú ar an mbonn go bhfuil, i gcás na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe nó, i gcás Ballstáit, go bhfuil fógra tugtha ag an Aontas thar a cheann, dá dtagraítear i mír 2, breithneoidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe nó den Bhallstát, de réir mar a bheidh, imeachtaí atá i gcomhréir le hábhar an bharántais gabhála, tar éis dóibh tuairimí údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, nó an Bhallstáit eisiúna a chur san áireamh. In imthosca ina gcinneann údarás breithiúnach gan imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, beidh íospartach an chiona ar a bhfuil an barántas gabhála bunaithe in ann faisnéis a fháil maidir leis an gcinneadh i gcomhréir le dlí baile an Stáit fhorghníomhaithigh.
4.
I gcás ina dtionscnóidh údaráis inniúla de chuid Ballstáit nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, imeachtaí i gcoinne a náisiúnach féin dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le mír 3, beidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, in ann bearta iomchuí a ghlacadh chun cúnamh a thabhairt do na híospartaigh agus do na finnéithe, go háirithe maidir leis an gcaoi a seolfar na himeachtaí, sna himthosca seo a leanas:
(a)
i gcás ina mbeidh imeachtaí á dtionscnamh i mBallstát, más daoine iad a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó i nGiobráltar nó i mBallstát eile;
(b)
i gcás ina mbeidh imeachtaí á dtionscnamh sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má tá cónaí orthu i mBallstát.
AIRTEAGAL 123
Ráthaíochtaí atá le tabhairt ag údaráis inniúla
an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar,
más í an gníomhaí eisiúna í i gcásanna ar leith
1.
Féadfar forghníomhú an bharántais gabhála ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a chur faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)
má tá an cion ar eisíodh an barántas gabhála ar a bhonn inphionóis le pianbhreith choimeádta saoil nó ordú coinneála fad saoil sa Bhallstát eisiúna nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, forghníomhú an bharántais gabhála a chur faoi réir an choinníll go dtabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, ráthaíocht a mheasann údaráis inniúla an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, a bheith leordhóthanach go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, athbhreithniú ar an bpionós nó ar an mbeart a forchuireadh, arna iarraidh sin nó tar éis 20 bliain ar a dheireanaí, nó go spreagfaidh siad cur i bhfeidhm beart trócaire atá an duine i dteideal a iarraidh faoi dhlí nó faoi chleachtas an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, arb é neamhfhorghníomhú pionóis nó birt den sórt sin is aidhm dóibh;
(b)
nuair is náisiúnach den Bhallstát forghníomhaitheach nó cónaitheoir sa Bhallstát sin an duine is ábhar don bharántas gabhála chun críoch ionchúisimh, nó nuair is náisiúnach den Ríocht Aontaithe nó cónaitheoir i nGiobráltar é nó í, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach, féadfaidh tabhairt suas an duine sin a bheith faoi réir an choinníll go gcuirtear an duine ar ais, tar éis éisteacht a fháil, chuig an mBallstát forghníomhaitheach nó chuig Giobráltar, nuair is í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach, chun an phianbhreith choimeádta nó an t-ordú coinneála a forchuireadh air sa Bhallstát eisiúna nó i nGiobráltar nuair is í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí eisiúna a sheirbheáil ann nó inti; má tá gá le toiliú an duine iarrtha go n-aistreofaí an phianbhreith nó an t-ordú coinneála chuig an mBallstát forghníomhaitheach nó chuig Giobráltar, nuair is í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach, beidh an ráthaíocht go dtabharfar an duine ar ais chuig an mBallstát forghníomhaitheach nó chuig Giobráltar nuair is í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach chun pianbhreith an duine a chur isteach faoi réir an choinníll go dtoileoidh an duine iarrtha, tar éis éisteacht a fháil, go dtabharfar ar ais don Bhallstát forghníomhaitheach nó do Ghiobráltar é nó í nuair is í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach;
(c)
má tá foras substaintiúil ann lena chreidiúint go bhfuil fíor-riosca ann do chosaint chearta bunúsacha an duine iarrtha, féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, de réir mar is iomchuí, ráthaíochtaí breise a éileamh maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear leis an duine iarrtha tar éis é nó í a thabhairt suas sula gcinneann sé an barántas gabhála a fhorghníomhú.
2.
Beidh an chumhacht ag an gCoiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine aon mhodhnú ar an Airteagal seo a ghlacadh de réir mar is gá chun athruithe a rinneadh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair a léiriú.
AIRTEAGAL 124
Dul i muinín an údaráis lárnaigh
1.
Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine faoi údarás lárnach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus féadfaidh an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine faoi údarás lárnach gach Ballstáit, agus an t-údarás sin ainmnithe, nó, i gcás ina bhforálfar amhlaidh i gcóras dlí an Bhallstáit ábhartha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi níos mó ná údarás lárnach amháin chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
2.
Agus fógra á thabhairt acu don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine faoi mhír 1, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, a chur in iúl, de thoradh eagrú chóras breithiúnach inmheánach an Bhallstáit ábhartha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go bhfuil an t-údarás lárnach nó na húdaráis lárnacha freagrach as barántais ghabhála a ghlacadh agus a tharchur ó thaobh riaracháin de agus as gach comhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le glacadh barántas gabhála agus lena dtarchur ó thaobh riaracháin de. Déanfar tarchur na mbarántas gabhála den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 126 agus, dá réir sin, Airteagal 6(1). Beidh na sonraí sin ina gceangal ar údaráis uile an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás inarb í an gníomhaí eisiúna í.
AIRTEAGAL 125
Inneachar agus foirm an bharántais gabhála
1.
Sa bharántas gabhála, beidh an fhaisnéis seo a leanas a leagtar amach i gcomhréir leis an bhfoirm atá in Iarscríbhinn 14:
(a)
céannacht agus náisiúntacht an duine iarrtha;
(b)
ainm, seoladh, uimhreacha teileafóin agus facs agus seoladh ríomhphoist an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna;
(c)
fianaise ar bhreithiúnas atá infhorfheidhmithe, ar bharántas gabhála nó ar aon chinneadh breithiúnach infhorfheidhmithe eile a bhfuil an éifeacht chéanna leis, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 118;
(d)
cineál agus rangú dlí an chiona, go háirithe i dtaca le hAirteagal 118;
(e)
tuairisc ar na himthosca ina ndearnadh an cion, lena n-áirítear an t-am, an t-ionad agus méid rannpháirteachais an duine iarrtha sa chion;
(f)
an pionós a forchuireadh, má tá breithiúnas críochnaitheach ann, nó scála na bpionós atá forordaithe don chion faoi dhlí an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í; agus
(g)
más féidir é, iarmhairtí eile an chiona.
2.
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine leasú a dhéanamh ar an bhfoirm dá dtagraítear in Iarscríbhinn 14, de réir mar is gá.
Glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine aon mhodhnú ar an bhfoirm in Iarscríbhinn 14 de réir mar is gá chun athruithe a rinneadh in Iarscríbhinn 43 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a léiriú.
3.
Aistreofar an barántas gabhála go teanga oifigiúil nó go ceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó go Béarla nuair is í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach. Féadfaidh an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine go nglacfar le haistriúchán i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid Ballstáit.
AIRTEAGAL 126
Barántas gabhála a tharchur
1.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) ach amháin maidir le tarchur tosaigh an bharántais gabhála, a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal sin agus forálacha na Caibidle seo.
2.
Más eol cá bhfuil an duine iarrtha, féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisiúna, i gcomhréir le hAirteagal 6(1), an barántas gabhála a tharchur chuig údarás inniúil an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, nó chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, lenar féidir leis an údarás sin barántúlacht an bharántais gabhála a shuí.
AIRTEAGAL 127
Nósanna imeachta mionsonraithe maidir le barántas gabhála a tharchur
1.
Murab eol don údarás breithiúnach eisiúna cé hé an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach inniúil, déanfaidh sé na fiosrúcháin is gá chun an fhaisnéis sin a fháil ó údaráis inniúla an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í.
2.
Mar mhalairt ar Airteagal 126, féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisiúna a iarraidh ar Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (‘Interpol’) barántas gabhála a tharchur.
3.
Na deacrachtaí uile a bhaineann le tarchur nó le barántúlacht aon doiciméid atá riachtanach chun barántas gabhála a fhorghníomhú, déileálfar leo trí theagmhálacha díreacha idir na húdaráis bhreithiúnacha lena mbaineann, nó, más iomchuí, le rannpháirteachas údaráis láir na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
4.
Mura bhfuil an t-údarás a fhaigheann an barántas gabhála inniúil ar ghníomhú air, díreoidh sé go huathoibríoch an barántas gabhála chuig an údarás inniúil sa Bhallstát forghníomhaitheach nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás inarb í an gníomhaí forghníomhaitheach í, agus cuirfidh sé an t-údarás breithiúnach eisiúna ar an eolas dá réir.
AIRTEAGAL 128
Cearta duine iarrtha
1.
Nuair a ghabhtar duine iarrtha chun barántas gabhála a fhorghníomhú, déanfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í ina gníomhaí forghníomhaitheach í, an duine sin a chur ar an eolas faoin mbarántas gabhála agus faoina bhfuil ann, agus faoin bhféidearthacht atá ann freisin toiliú a thabhairt tabhairt suas don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, nó don Bhallstát eisiúna.
2.
Aon duine iarrtha a ghabhtar chun barántas gabhála a fhorghníomhú agus nach labhraíonn nó nach dtuigeann teanga na n-imeachtaí a bhaineann leis an mbarántas gabhála, beidh sé de cheart aige cúnamh a fháil ó ateangaire agus aistriúchán i scríbhinn a bheith curtha ar fáil dó ina theanga dhúchais nó in aon teanga eile a labhraíonn nó a thuigeann sé, i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í.
3.
Beidh sé de cheart ag duine iarrtha cúnamh a fháil ó dhlíodóir tráth a ghabhála, i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí eisiúna í.
4.
Cuirfear an duine iarrtha ar an eolas faoina cheart dlíodóir a cheapadh sa Bhallstát eisiúna nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí eisiúna í, chun cúnamh a thabhairt don duine iarrtha sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í nó sa Bhallstát forghníomhaitheach le linn imeachtaí an bharántais gabhála. Tá an mhír seo gan dochar do na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 140.
5.
Beidh de cheart ag duine iarrtha a ghabhfar údaráis chonsalachta stát náisiúntachta an duine sin, nó más duine gan stát an duine sin, údaráis chonsalachta an stáit ina gcónaíonn an duine sin de ghnáth, a bheith curtha ar an eolas faoin ngabháil gan moill mhíchuí agus cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis sin, más mian leis an duine sin.
AIRTEAGAL 129
An duine a choimeád faoi choinneáil
Nuair a ghabhtar duine de bhun barántas gabhála, glacfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach cinneadh faoinar chóir don duine iarrtha fanacht faoi choinneáil, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í. Féadfar an duine a scaoileadh saor go sealadach tráth ar bith i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í ar choinníoll go nglacfaidh an Ballstát sin nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na bearta uile a mheasann sé is gá chun a chinntiú nach n-éalóidh an duine.
AIRTEAGAL 130
Toiliú don tabhairt suas
1.
Má chuireann an duine gafa in iúl go dtoilíonn sé nó sí do thabhairt suas, ní mór an toiliú sin a thabhairt agus, más iomchuí, tréigean sainráite dá theideal do ‘riail na speisialtachta’, dá dtagraítear in Airteagal 144(2), os comhair an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh, i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í.
2.
Glacfaidh gach Ballstát agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an toiliú agus, más iomchuí, an tréigean dá dtagraítear i mír 1 suite ar dhóigh a léiríonn gur nocht an duine lena mbaineann dá dheoin féin iad agus é lánfheasach ar a n-iarmhairtí. Chuige sin, beidh sé de cheart ag an duine iarrtha dlíodóir a fháil.
3.
Déanfar an toiliú agus, más iomchuí, an tréigean dá dtagraítear i mír 1 a thaifeadadh go foirmiúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le dlí baile an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í.
4.
I bprionsabal, ní féidir toiliú a chúlghairm. Féadfaidh Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a fhoráil go bhféadfar an toiliú agus, más iomchuí, an tréigean dá dtagraítear i mír 1 a chúlghairm i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoina d(h)lí baile. I gcás den chineál sin, ní chuirfear an tréimhse idir dáta an toilithe agus dáta chúlghairm an toilithe san áireamh agus na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 140 á suí. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine gur mian leo dul i muinín na féidearthachta sin, agus sonróidh siad na nósanna imeachta inar féidir toiliú a chúlghairm, agus aon leasú a dhéanfar orthu.
AIRTEAGAL 131
An duine iarrtha a éisteacht
Nuair nach dtoilíonn an duine gafa dá thabhairt suas nó dá tabhairt suas dá dtagraítear in Airteagal 130, beidh sé nó sí i dteideal éisteacht a fháil ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í.
AIRTEAGAL 132
An cinneadh tabhartha suas
1.
Cinnfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, laistigh de na teorainneacha ama agus i gcomhréir leis na coinníollacha a shainítear sa Chaibidil seo, agus go háirithe prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 116.
2.
Más rud é go measann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach nach leor an fhaisnéis a chuir údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí forghníomhaitheach í, in iúl chun gur féidir leis cinneadh a dhéanamh maidir leis an tabhairt suas, iarrfaidh sé an fhaisnéis fhorlíontach is gá, go háirithe i ndáil le hAirteagal 116, Airteagail 119 go 121, Airteagal 123 agus Airteagal 125 a thabhairt faoi phráinn agus féadfaidh sé teorainn ama a leagan síos lena fáil, agus aird á tabhairt aige ar a riachtanaí atá sé na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 134 a urramú.
3.
Féadfaidh an t-údarás breithiúnach eisiúna aon fhaisnéis úsáideach bhreise a chur ar aghaidh chuig an údarás breithiúnach forghníomhaitheach tráth ar bith.
AIRTEAGAL 133
Cinneadh i gcás iarrataí iomadúla
1.
Má tá barántas gabhála Eorpach nó barántas gabhála eisithe ag údaráis bhreithiúnacha dhá Bhallstát nó níos mó nó aon Bhallstáit amháin nó níos mó agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i leith an duine chéanna, is é an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a ghlacfaidh an cinneadh maidir le cé acu de na barántais sin a bheidh le forghníomhú agus tabharfaidh sé aird chuí ar na himthosca go léir agus go háirithe ar thromchúis choibhneasta agus ar an áit inar rinneadh na gcionta, ar dhátaí na mbarántas gabhála nó na mbarántas gabhála Eorpach faoi seach, agus cibé acu ar eisíodh iad chun críoch ionchúisimh nó chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú, agus chun oibleagáidí dlíthiúla Ballstát a fhorghníomhú a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais i ndáil le, go háirithe, na prionsabail maidir le saoirse gluaiseachta agus le neamh-idirdhealú ar fhorais náisiúntachta.
2.
Féadfaidh údarás breithiúnach forghníomhaitheach Ballstáit comhairle a iarraidh ar Eurojust agus an rogha dá dtagraítear i mír 1 á déanamh aige.
3.
I gcás coimhlinte idir barántas gabhála agus iarraidh ar eiseachadadh arna tíolacadh ag tríú tír nó barántas gabhála arna thíolacadh ag an Ríocht Aontaithe de bhun an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair (‘barántas gabhála CTA’), is é údarás inniúil an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í a ghlacfaidh an bhreith faoi cé acu an ag an mbarántas gabhála nó ag an iarraidh ar eiseachadadh nó ag barántas gabhála CTA atá an tosaíocht, agus aird chuí aige ar na himthosca uile, go háirithe na himthosca dá dtagraítear i mír 1 agus na himthosca atá luaite sa choinbhinsiún is infheidhme.
4.
Tá an tAirteagal seo gan dochar do na hoibleagáidí ar na Ballstáit agus ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.
AIRTEAGAL 134
Teorainneacha ama agus nósanna imeachta maidir leis an gcinneadh an barántas gabhála a fhorghníomhú
1.
Déileálfar le barántas gabhála agus déanfar é a fhorghníomhú faoi phráinn.
2.
I gcásanna ina dtoilíonn an duine iarrtha dá thabhairt suas nó dá tabhairt suas, déanfar an bhreith chríochnaitheach maidir le forghníomhú an bharántais gabhála a ghlacadh laistigh de thréimhse 10 lá tar éis an toiliú a thabhairt.
3.
I gcásanna eile, glacfar an bhreith chríochnaitheach maidir le forghníomhú an bharántais gabhála laistigh de thréimhse 60 lá tar éis ghabháil an duine iarrtha.
4.
Nuair nach féidir i gcásanna sonracha an barántas gabhála a fhorghníomhú laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos i mír 2 nó 3, cuirfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an t-údarás breithiúnach eisiúna ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis an moill. Sa chás sin, féadfar 30 lá breise a chur leis na teorainneacha ama.
5.
Fad nach mbeidh cinneadh críochnaitheach glactha ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach maidir leis an mbarántas gabhála, áiritheoidh sé go bhfuil na coinníollacha ábhartha is gá i dtaca le tabhairt suas éifeachtach an duine fós á gcomhlíonadh.
6.
Ní mór cúiseanna a thabhairt i dtaca le haon diúltú barántas gabhála a fhorghníomhú.
AIRTEAGAL 135
An staid fad atá an bhreith ar feitheamh
1.
I gcás inar eisíodh an barántas gabhála chun ionchúiseamh coiriúil a sheoladh, déanfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach cibé acu den mhéid seo a leanas:
(a)
aontóidh sé gur cheart éisteacht a thabhairt don duine iarrtha de réir Airteagal SURRENDER.22 (Duine a éisteacht fad atá an cinneadh ar feitheamh); nó
(b)
aontóidh sé an duine iarrtha a aistriú go sealadach.
2.
Déanfar na coinníollacha agus fad an aistrithe shealadaigh a chinneadh trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás breithiúnach eisiúna agus an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach.
3.
I gcás aistriú sealadach, ní mór don duine sin a bheith in ann filleadh ar an mBallstát forghníomhaitheach nó ar Ghiobráltar i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach, chun freastal ar éisteachtaí a bhaineann leis nó léi mar chuid den nós imeachta um thabhairt suas.
AIRTEAGAL 136
Duine a éisteacht fad atá an cinneadh ar feitheamh
1.
Tabharfaidh údarás breithiúnach éisteacht don duine iarrtha. Chuige sin, beidh de cheart ag an duine iarrtha cúnamh a fháil ó dhlíodóir a ainmneofar i gcomhréir le dlí an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í.
2.
Déanfar an duine iarrtha a éisteacht i gcomhréir le dlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, agus faoi na coinníollacha arna gcinneadh trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás breithiúnach eisiúna agus an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach.
3.
Féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach inniúil a shannadh d’údarás breithiúnach eile de chuid an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í páirt a ghlacadh in éisteacht an duine iarrtha d’fhonn cur i bhfeidhm cuí an Airteagail seo a áirithiú.
AIRTEAGAL 137
Pribhléidí agus díolúintí
1.
I gcás ina bhfuil pribhléid nó díolúine ag an duine iarrtha maidir le dlínse nó forghníomhú sa Bhallstát forghníomhaitheach nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, ní bheidh tús leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 134 mura gcuirfear an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach ar an eolas faoi, agus sin á chomhaireamh ón lá a gcuirfear ar an eolas é, gur tarscaoileadh an phribhléid nó an díolúine.
2.
Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í a áirithiú go bhfuil na coinníollacha ábhartha is gá do thabhairt suas éifeachtach á gcomhlíonadh nuair nach bhfuil pribhléid ná díolúine den sórt sin ag an duine a thuilleadh.
3.
Nuair atá an chumhacht ag údarás de chuid an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, is é an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a iarrfaidh air an chumhacht sin a fheidhmiú láithreach. Nuair atá an chumhacht ag údarás de chuid Ballstáit eile, ag an Ríocht Aontaithe, ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta an phribhléid nó an díolúine a tharscaoileadh, is é an t-údarás breithiúnach eisiúna a iarrfaidh air an chumhacht sin a fheidhmiú.
AIRTEAGAL 138
Oibleagáidí idirnáisiúnta comhsháraitheacha
1.
Tá an Comhaontú seo gan dochar do na hoibleagáidí atá ar an mBallstát forghníomhaitheach nó ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, i gcás ina ndearnadh an duine iarrtha a eiseachadadh chuig an mBallstát sin nó chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ó thríú tír nó ón Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil cosaint ag an duine sin leis na forálacha sin a bhaineann le speisialtacht den socrú faoinar eiseachadadh é. Glacfaidh an Ballstát forghníomhaitheach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í gach beart is gá chun toiliú a iarraidh láithreach ar an tríú tír nó ar an Ríocht Aontaithe ónar eiseachadadh an duine iarrtha chun gur féidir an duine iarrtha a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í. Ní bheidh tús leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 134 go dtí an lá a scoirfidh riail na speisialtachta d’fheidhm a bheith aici.
2.
Fad a bheidh an cinneadh ón tríú tír nó ón Ríocht Aontaithe ónar eiseachadadh an duine iarrtha ar feitheamh, déanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, a áirithiú go mbeidh na coinníollacha ábhartha is gá do thabhairt suas éifeachtach fós á gcomhlíonadh.
AIRTEAGAL 139
Fógra faoin gcinneadh
Tabharfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach fógra don údarás breithiúnach eisiúna láithreach faoin gcinneadh maidir leis an ngníomh atá le déanamh i dtaca leis an mbarántas gabhála.
AIRTEAGAL 140
Teorainneacha ama maidir le tabhairt suas an duine
1.
Déanfar an duine iarrtha a thabhairt suas a luaithe is féidir ar dháta arna chomhaontú idir na húdaráis lena mbaineann.
2.
Déanfar an duine iarrtha a thabhairt suas tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an chinnidh chríochnaithigh maidir leis an mbarántas gabhála a fhorghníomhú.
3.
Má choisceann imthosca nach bhfuil neart ag údaráis inniúla aon cheann de na Ballstáit ná na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í orthu tabhairt suas an duine iarrtha laistigh den tréimhse atá leagtha síos i mír 2, rachaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach agus an t-údarás breithiúnach eisiúna i dteagmháil le chéile láithreach agus comhaontóidh siad dáta nua don tabhairt suas. Sa chás sin, déanfar an tabhairt suas laistigh de 10 lá ón dáta nua arna chomhaontú amhlaidh.
4.
Féadfar, go heisceachtúil, an tabhairt suas a chur ar athló sealadach ar chúiseanna tromchúiseacha daonnúla, mar shampla, má tá forais shubstainteacha ann lena chreidiúint go gcuirfeadh sé beatha nó sláinte an duine iarrtha i mbaol go follasach. Déanfar an barántas gabhála a fhorghníomhú a luaithe a bheidh deireadh leis na forais sin. Cuirfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an t-údarás breithiúnach eisiúna ar an eolas láithreach agus comhaontóidh siad dáta nua don tabhairt suas. Sa chás sin, déanfar an tabhairt suas laistigh de 10 lá ón dáta nua arna chomhaontú amhlaidh.
5.
Ar na teorainneacha ama sin dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 a dhul in éag, má tá an duine iarrtha fós faoi choimeád, scaoilfear saor é nó í. Rachaidh na húdaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheach agus na húdaráis bhreithiúnacha eisiúna i dteagmháil le chéile a luaithe is léir go bhfuil duine le scaoileadh faoin mír seo agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis na socruithe chun an duine sin a thabhairt suas.
AIRTEAGAL 141
Tabhairt suas curtha ar athló nó coinníollach
1.
Féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, tar éis dó a chinneadh an barántas gabhála a fhorghníomhú, tabhairt suas an duine iarrtha a chur ar athló ionas gur féidir an duine iarrtha a ionchúiseamh sa Bhallstát forghníomhaitheach nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í nó, má tá pianbhreith curtha cheana ar an duine iarrtha, ionas gur féidir leis an duine iarrtha pianbhreith arna cur mar gheall ar ghníomh seachas an gníomh dá dtagraítear sa bharántas gabhála a sheirbheáil sa Bhallstát forghníomhaitheach nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í.
2.
In ionad an tabhairt suas a chur ar athló, féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach an duine iarrtha a thabhairt suas go sealadach don Bhallstát eisiúna nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í faoi choinníollacha a chinnfear trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach agus an t-údarás breithiúnach eisiúna. Ní mór an comhaontú a dhéanamh i scríbhinn agus beidh na coinníollacha ina gceangal ar na húdaráis uile sa Bhallstát eisiúna nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í.
AIRTEAGAL 142
Idirthuras
1.
Ceadóidh gach Ballstát, an Ríocht Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, idirthuras duine iarrtha atá á thabhairt suas trína gcríoch, ar chuntar go mbeidh faisnéis tugtha dóibh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
céannacht agus náisiúntacht an duine is ábhar don bharántas gabhála;
(b)
barántas gabhála a bheith ann;
(c)
cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona; agus
(d)
tuairisc ar imthosca an chiona, lena n-áirítear an t-am agus an t-ionad.
2.
I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir le hAirteagal 122(2) á rá nach ndéanfar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a thabhairt suas nó nach n-údarófar tabhairt suas ach faoi choinníollacha sonraithe áirithe, féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, idirthuras náisiúnach den Ríocht Aontaithe faoi na téarmaí céanna a dhiúltú nó na coinníollacha céanna a chur orthu.
3.
Féadfaidh Ballstát a ndearnadh fógra ar a shon i gcomhréir le hAirteagal 122(2) á rá nach ndéanfar náisiúnaigh a thabhairt suas nó nach n-údarófar tabhairt suas seachas faoi choinníollacha sonraithe áirithe, faoi na téarmaí céanna, idirthuras a náisiúnach trína chríoch a dhiúltú, nó na coinníollacha céanna a chur air.
4.
Tabharfaidh na Ballstáit, an Ríocht Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine faoi na húdaráis a bheidh freagrach as iarrataí ar idirthuras agus na doiciméid is gá a fháil, chomh maith le haon chomhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le hiarrataí ar idirthuras.
5.
Féadfar an iarraidh ar idirthuras agus an fhaisnéis atá leagtha amach i mír 1 a chur chuig an údarás faoina dtugtar fógra de bhun mhír 4 trí aon mheán atá ábalta taifeadadh i scríbhinn a sholáthar. Is leis an nós imeachta céanna a thabharfar fógra faoi chinneadh an údaráis faoina dtugtar fógra de chuid an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí iarrtha í.
6.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás aeriompair nuair nach mbeidh stad sceidealta ann. Mar sin féin, má tharlaíonn tuirlingt neamhsceidealta, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil don údarás faoina dtugtar fógra de bhun mhír 4.
7.
Nuair a bhaineann idirthuras le duine atá le heiseachadadh, nó le tabhairt suas, ó thríú tír nó ón Ríocht Aontaithe chuig Ballstát nó chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó idir Ballstáit, tá feidhm ag an Airteagal seo mutatis mutandis. Déileálfar go háirithe le tagairtí do ‘barántas gabhála’ mar thagairtí do ‘iarraidh ar eiseachadadh’ nó ‘barántas gabhála Eorpach’, nó ‘barántas gabhála CTA’, de réir mar a bheidh.
AIRTEAGAL 143
Tréimhse na coinneála arna seirbheáil sa Bhallstát
forghníomhaitheach nó i nGiobráltar a asbhaint
1.
Déanfaidh an Ballstát eisiúna nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, gach tréimhse coinneála a eascraíonn ó fhorghníomhú an bharántais gabhála a asbhaint ón tréimhse iomlán coinneála atá le seirbheáil sa Bhallstát eisiúna, nó i nGiobráltar más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí eisiúna, de bharr na pianbhreithe coimeádta nó an t-ordú coinneála a bheith tugtha.
2.
Chuige sin, tarchuirfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach nó an t-údarás lárnach faoina dtugtar fógra faoi Airteagal 124 chuig an údarás breithiúnach eisiúna, tráth an tabhairt suas, gach faisnéis maidir le fad coinneála an duine iarrtha ar bhonn an bharántais gabhála.
AIRTEAGAL 144
Ionchúiseamh a d'fhéadfadh a bheith i gceist i leith cionta eile
1.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine go bhfuil sé toimhdithe, i gcaidreamh le Ballstáit a bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 2 tugtha ag an Aontas thar a gceann, go bhfuil a toiliú tugtha maidir le hionchúiseamh, pianbhreith nó coinneáil d’fhonn pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a chur i gcrích i leith ciona arna dhéanamh roimh thabhairt suas an duine, seachas an cion ar tugadh suas é nó í mar gheall air, ach amháin go ndéanann údarás breithiúnach forghníomhaitheach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a mhalairt a shonrú ina bhreith maidir leis an tabhairt suas i gcás faoi leith.
2.
Féadfaidh an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine go bhfuil sé toimhdithe, i gcás ina bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 1 tugtha ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go bhfuil toiliú na mBallstát sin tugtha maidir le hionchúiseamh, pianbhreith nó coinneáil d’fhonn pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a chur i gcrích i leith ciona arna dhéanamh roimh thabhairt suas an duine, seachas an cion ar tugadh suas é nó í mar gheall air, ach amháin go ndéanann údarás breithiúnach forghníomhaitheach an Bhallstáit a mhalairt a shonrú ina bhreith maidir leis an tabhairt suas i gcás faoi leith.
3.
Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4, ní fhéadfar duine a tugadh suas a ionchúiseamh, pianbhreith a chur air nó uirthi ná a shaoirse nó a saoirse a bhaint de nó di ar aon dóigh eile i leith ciona a rinneadh sular tugadh suas é nó í, seachas an cion ar ina leith a rinneadh é nó í a thabhairt suas.
4.
Ní bheidh feidhm ag mír 3 sna cásanna seo a leanas:
(a)
bhí deis ag an duine an Ballstát a ndearnadh é nó í a thabhairt suas dó a fhágáil nó Giobráltar a fhágáil, i gcás ina ndearnadh é nó í a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus nach ndearna sé nó sí amhlaidh laistigh de 45 lá ón lá ar scaoileadh saor go críochnaitheach é nó í, nó gur fhill an duine ar an mBallstát sin nó ar Ghiobráltar, de réir mar a bheidh, tar éis dó nó di é a fhágáil;
(b)
níl an cion inphionóis le pianbhreith choimeádta ná le hordú coinneála;
(c)
níl na himeachtaí coiriúla ina gcúis le beart a chur i bhfeidhm a shrianann an tsaoirse phearsanta;
(d)
d'fhéadfadh pionós nó beart nach bhfuil cailleadh saoirse i dtreis ann, lena n-áirítear pionós airgeadais nó beart ina ionad sin, a bheith de dhliteanas ar an duine, go fiú más rud é go bhféadfadh an pionós nó an beart sin a bheith ina shrian ar shaoirse phearsanta an duine;
(e)
thoiligh an duine go dtabharfaí suas é nó í, i gcás inarb iomchuí ag an am céanna a thréig an duine riail na speisialtachta, i gcomhréir le hAirteagal 130;
(f)
déanann an duine, tar éis a thabhairt suas, teideal do riail na speisialtachta a thréigean go sainráite i dtaca le cionta sonracha roimh thabhairt suas an duine sin; ní mór an tréigean a dhéanamh os comhair údarás breithiúnach inniúil an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar más í an gníomhaí eisiúna í, agus ní mór é a thaifeadadh i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh; ní mór an tréigean a tharraingt suas ar shlí a léireoidh go bhfuil sé tugtha dá dheoin féin ag an duine lena mbaineann agus go bhfuil sé nó sí lánfheasach ar na hiarmhairtí; chuige sin, beidh sé de cheart ag an duine dlíodóir a fháil; agus
(g)
nuair a thugann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a thug suas an duine a thoiliú i gcomhréir le mír 4.
5.
Ní mór iarraidh ar thoiliú a chur faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh, agus an fhaisnéis a luaitear in Airteagal 125(1) ag gabháil léi, mar aon le haistriúchán dá dtagraítear in Airteagal 125(2). Tabharfar an toiliú nuair atá an cion a ndearnadh an iarraidh ina leith faoi réir tabhairt suas i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo. Diúltófar toiliú ar an bhforas dá dtagraítear in Airteagal 119 agus seachas sin ní féidir é a dhiúltú ach amháin ar an bhforas dá dtagraítear in Airteagal 120, nó Airteagal 121(2) agus Airteagal 122(2). Glacfar an bhreith tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an iarraidh a fháil. Maidir leis na cásanna a leagtar síos in Airteagal 123, ní mór d’údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í na ráthaíochtaí dá bhforáiltear ann a thabhairt.
AIRTEAGAL 145
Tabhairt suas nó eiseachadadh ina dhiaidh sin
1.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine go bhfuil sé toimhdithe, i gcaidreamh le Ballstáit a bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 2 tugtha ag an Aontas thar a gceann, go bhfuil a toiliú tugtha go ndéanfaidh ceann amháin de na Ballstáit sin an duine a thug an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, suas ar dtús don Bhallstát sin ina dhiaidh sin de bhun barántas gabhála, a thabhairt suas do cheann eile de na Ballstáit sin de bhun barántas gabhála Eorpach arna eisiúint i leith ciona a rinneadh roimh thabhairt suas an duine sin, ach amháin go ndéanann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a mhalairt a shonrú ina chinneadh maidir leis an tabhairt suas i gcás faoi leith.
2.
Féadfaidh an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine go bhfuil sé toimhdithe, i gcás ina bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 1 tugtha ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go bhfuil toiliú na mBallstát sin tugtha go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, duine a thug ceann amháin de na Ballstáit sin suas ar dtús don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de bhun barántas gabhála, a thabhairt suas do cheann eile de na Ballstáit sin ina dhiaidh sin de bhun barántas gabhála Eorpach arna eisiúint i leith ciona a rinneadh roimh thabhairt suas an duine, ach amháin go ndéanann údarás breithiúnach forghníomhaitheach an Bhallstáit a thug suas an duine don Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar ar dtús a mhalairt a shonrú ina chinneadh maidir leis an tabhairt suas i gcás faoi leith.
3.
In aon chás, féadfar duine a tugadh suas don Bhallstát eisiúna nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, de bhun barántas gabhála nó barántas gabhála Eorpach, gan toiliú an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh, a thabhairt suas ina dhiaidh sin do Bhallstát seachas an Ballstát forghníomhaitheach nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de bhun barántas gabhála nó barántas gabhála Eorpach arna eisiúint i leith aon chion a rinneadh roimh é nó í a thabhairt suas sna cásanna seo a leanas:
(a)
bhí deis ag an duine iarrtha an Ballstát a ndearnadh é nó í a thabhairt suas dó a fhágáil nó Giobráltar a fhágáil, i gcás ina ndearnadh é nó í a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ní dhearna sé nó sí amhlaidh laistigh de 45 lá ón lá ar scaoileadh saor go críochnaitheach é nó í, nó gur fhill an duine ar an mBallstát sin nó ar Ghiobráltar tar éis dó nó di é a fhágáil;
(b)
toilíonn an duine iarrtha go dtabharfar suas é nó í do Bhallstát seachas an Ballstát forghníomhaitheach nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de bhun barántas gabhála nó barántas gabhála Eorpach; ní mór an toiliú a thabhairt os comhair údaráis bhreithiúnacha inniúla an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, agus ní mór é a thaifeadadh i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar; ní mór an toiliú a tharraingt suas ar dhóigh a léireoidh go ndearna an duine lena mbaineann go deonach é agus go raibh sé nó sí lánfheasach ar na hiarmhairtí; chuige sin, beidh sé de cheart ag an duine iarrtha dlíodóir a fháil; agus
(c)
níl an duine iarrtha faoi réir riail na speisialtachta, i gcomhréir le pointí (a), (e), (f) nó (g) d’Airteagal 144(3).
4.
Toileoidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach don tabhairt suas do Bhallstát eile nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
(a)
ní mór an iarraidh ar thoiliú a chur isteach de réir Airteagal 126, mar aon leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 125(1) agus aistriúchán dá dtagraítear in Airteagal 125(2);
(b)
tabharfar an toiliú nuair atá an cion a ndearnadh an iarraidh ina leith ina ábhar do thabhairt suas i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo;
(c)
glacfar an bhreith tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an iarraidh a fháil; agus
(d)
diúltófar toiliú ar an bhforas dá dtagraítear in Airteagal 119 agus seachas sin ní féidir é a dhiúltú ach amháin ar an bhforas dá dtagraítear in Airteagal 120, Airteagal 121(2) agus Airteagal 122(2).
5.
Maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 123, ní mór d’údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í na ráthaíochtaí dá bhforáiltear ann a thabhairt.
6.
D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ní dhéanfar duine a tugadh suas de bhun barántas gabhála a eiseachadadh chuig tríú tír ná a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe gan toiliú údarás inniúil an Bhallstáit a thug suas an duine nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má thug sí suas an duine. Ní mór an toiliú sin a thabhairt i gcomhréir leis na Coinbhinsiúin atá ina gceangal ar an mBallstát sin nó ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, agus le dlí baile an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
AIRTEAGAL 146
Maoin a thabhairt ar láimh
1.
Déanfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcomhréir le dlí baile an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, arna iarraidh sin don údarás breithiúnach eisiúna nó ar a thionscnamh féin, maoin a urghabháil agus a thabhairt ar láimh:
(a)
a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise; nó
(b)
a fuair an duine iarrtha de dheasca an chiona.
2.
Tabharfar ar láimh an mhaoin dá dtagraítear i mír 1 go fiú mura féidir an barántas gabhála a chur i gcrích de thairbhe bhás nó éalú an duine iarrtha.
3.
Más maoin í an mhaoin dá dtagraítear i mír 1 a dhlífear a urghabháil nó a choigistiú sa Bhallstát forghníomhaitheach nó i nGiobráltar más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach, féadfaidh údaráis an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má tá an mhaoin ag teastáil i ndáil le himeachtaí coiriúla atá ar feitheamh, í a choinneáil go sealadach nó í a thabhairt ar láimh don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í nó don Bhallstát eisiúna ar choinníoll go dtabharfar ar ais í.
4.
Aon chearta a fhéadfaidh údaráis an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí forghníomhaitheach í nó tríú páirtithe a fháil sa mhaoin dá dtagraítear i mír 1, déanfar iad a chaomhnú. Nuair atá cearta den sórt sin ann, tabharfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í nó údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna an mhaoin ar ais gan mhuirear don Bhallstát forghníomhaitheach nó do Giobráltar más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach, a luaithe a bheidh na himeachtaí coiriúla foirceanta.
AIRTEAGAL 147
Speansas
1.
Speansais a thabhófar sa Bhallstát forghníomhaitheach nó i nGiobráltar i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí forghníomhaitheach de bharr barántas gabhála a fhorghníomhú, is iad údaráis an Bhallstáit fhorghníomhaithigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an gníomhaí forghníomhaitheach í, a iompróidh iad.
2.
Is iad údaráis an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í a iompróidh gach speansas eile.
AIRTEAGAL 148
Ceangal le hionstraimí dlí eile
1.
Gan dochar dá gcur i bhfeidhm sa chaidreamh idir na Ballstáit nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de pháirt amháin, agus tríú tíortha, den pháirt eile, ón dáta a thiocfaidh sí i bhfeidhm, gabhfaidh an Chaibidil seo ionad fhorálacha comhfhreagracha na gcoinbhinsiún seo a leanas is infheidhme i réimse an eiseachadta sa chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de pháirt amháin, agus na Ballstáit, den pháirt eile:
(a)
an Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, arna dhéanamh i bPáras an 13 Nollaig 1957, agus na prótacail bhreise a ghabhann leis; agus
(b)
an Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur a mhéid a bhaineann le heiseachadadh.
2.
I gcás ina bhfuil feidhm ag na Coinbhinsiúin dá dtagraítear i mír 1 maidir le críocha na mBallstát nó le críocha a bhfuil Ballstát freagrach as a gcaidreamh eachtrach nach bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo maidir leo, leanfaidh na Coinbhinsiúin sin den chaidreamh atá idir na críocha sin agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a rialú.
AIRTEAGAL 149
Athbhreithniú ar fhógraí
Agus athbhreithniú comhpháirteach ar an gComhaontú seo á dhéanamh acu i gcomhréir le hAirteagal 330, déanfaidh na Páirtithe a machnamh freisin ar an ngá atá ann na fógraí a rinneadh faoi Airteagal 118(4), Airteagal 121(2) agus Airteagal 122(2) a choinneáil ar bun. I gcás nach ndéanfar na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 122(2) a athnuachan, rachaidh siad in éag 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó thabhairt i gcrích an athbhreithnithe chomhpháirtigh ar an gComhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 330, cibé acu is déanaí. Ní fhéadfar fógraí dá dtagraítear in Airteagal 122(2) a athnuachan ná a dhéanamh as an nua ach amháin le linn na dtrí mhí roimh chothrom lae ceithre bliana theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus, ina dhiaidh sin, gach cúig bliana ina dhiaidh sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 122(2) an tráth sin.
AIRTEAGAL 150
Barántais ghabhála leanúnacha i gcás dífheidhmiú
D’ainneoin Airteagail 66, 67 agus 334, beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le barántais ghabhála i gcás inar gabhadh an duine iarrtha roimh dhífheidhmiú na Caibidle seo chun barántas gabhála a fhorghníomhú, gan beann ar an gcinneadh ón údarás forghníomhaitheach breithiúnach i dtaobh an gcoimeádfar an duine iarrtha faoi choinneáil nó an scaoilfear saor é go sealadach.
AIRTEAGAL 151
Cur i bhfeidhm maidir le barántais ghabhála Eorpacha atá ann cheana
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le barántais ghabhála Eorpacha arna n-eisiúint i gcomhréir le Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle ag údaráis inniúla de chuid Ballstáit nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, roimh an 31 Nollaig 2020 i gcás nár gabhadh an duine iarrtha chun é a fhorghníomhú faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
CAIBIDIL 5
CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH
AIRTEAGAL 152
Cuspóir
1.
Is é is cuspóir don Chaibidil seo forlíonadh a dhéanamh ar na forálacha seo a leanas, agus a gcur i bhfeidhm a éascú, idir na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an taobh eile:
(a)
an Coinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla, arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959 (an ‘Coinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach’);
(b)
an Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Márta 1978;
(c)
an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Samhain 2001; agus
(d)
an Tríú Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, arna dhéanamh i Vaileite an 19 Meán Fómhair 2025.
2.
Tá an Chaibidil seo gan dochar d’fhorálacha Chaibidil 3 den Teideal seo, a bhfuil tosaíocht aici ar an gCaibidil seo.
AIRTEAGAL 153
Sainmhíniú ar údarás inniúil
Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás de chuid Ballstáit nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, atá inniúil chun iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a sheoladh nó a fháil i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus a Phrótacail agus, i gcás inarb infheidhme, mar a shainíonn na Ballstáit nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, é ina ndearbhuithe féin a dhírítear chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa. Áirítear freisin le ‘údarás inniúil’ comhlachtaí de chuid an Aontais faoina dtugtar fógra i gcomhréir le hAirteagal 68; maidir leis na comhlachtaí sin de chuid an Aontais, tá feidhm ag forálacha na Caibidle seo dá réir sin.
AIRTEAGAL 154
An fhoirm chun cúnamh frithpháirteach a iarraidh
1.
Déanfar iarrataí ar chúnamh frithpháirteach trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn 15.
2.
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine leasú a dhéanamh ar an bhfoirm in Iarscríbhinn 15 de réir mar is gá.
3.
Glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine aon mhodhnú ar an bhfoirm in Iarscríbhinn 15 de réir mar is gá chun athruithe a rinneadh ar an bhfoirm le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a léiriú.
4.
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine foirm chaighdeánach a bhunú le haghaidh fógraí amhail iad siúd dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 3 den Tríú Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine leasú a dhéanamh ar an bhfoirm chaighdeánach sin le haghaidh fógraí de réir mar is gá.
AIRTEAGAL 155
Coinníollacha maidir le cúnamh frithpháirteach a iarraidh
1.
Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a dhéanamh ach amháin más deimhin leis gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go bhfuil an iarraidh riachtanach agus comhréireach chun críoch na n-imeachtaí, agus cearta an duine atá faoi amhras nó atá cúisithe á gcur san áireamh; agus
(b)
go bhféadfaí na bearta imscrúdaitheacha a léirítear san iarraidh a ordú faoi na coinníollacha céanna i gcás comhchosúil baile.
2.
Féadfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, dul i gcomhairle leis an mBallstát iarrthach nó leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, má bhíonn údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, den tuairim nach bhfuil na coinníollacha i mír 1 á gcomhlíonadh. Tar éis an chomhairliúcháin, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, cinneadh a dhéanamh an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a aistarraingt.
AIRTEAGAL 156
Dul i muinín cineál eile birt imscrúdaithe
1.
In aon chás inar féidir, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, a bhreithniú faoi dhul i muinín birt imscrúdaithigh seachas an beart a luaitear san iarraidh ar chúnamh frithpháirteach, más ann do na dálaí seo a leanas:
(a)
maidir leis an mbeart imscrúdaitheach a luaitear san iarraidh, is beart é nach ann dó faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í; nó
(b)
maidir leis an mbeart imscrúdaitheach a luaitear san iarraidh, ní bheadh fáil ar an mbeart sin i gcás comhchosúil baile.
2.
Gan dochar don fhoras le haghaidh diúltú atá le fáil faoin gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus faoina Phrótacail, agus faoi Airteagal 158, níl feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir leis na bearta imscrúdaitheacha seo a leanas, a bheidh ar fáil i gcónaí faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í:
(a)
faisnéis a fháil atá i mbunachair sonraí de chuid na bpóilíní nó de chuid údarás breithiúnach a bhfuil rochtain ag údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, orthu i gcreat imeachtaí coiriúla;
(b)
finné, saineolaí, íospartach, duine atá faoi amhras nó atá cúisithe nó tríú páirtí a éisteacht sa Bhallstát iarrtha nó i nGiobráltar, más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrtha;
(c)
aon bheart imscrúdaitheach neamh-chomhéigneach mar a shainmhínítear faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í; agus
(d)
céannacht daoine a bhfuil seilbh acu, trí shíntiús, ar uimhir ghutháin shonraithe nó ar sheoladh IP.
3.
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, dul ar iontaoibh birt imscrúdaithigh seachas an beart a luaitear san iarraidh ar chúnamh frithpháirteach i gcás ina ngnóthófar leis an mbeart imscrúdaitheach a roghnaigh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an toradh céanna trí mhodhanna nach bhfuil chomh hionrach céanna leis an mbeart imscrúdaitheach a léirítear san iarraidh.
4.
Nuair a chinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, dul ar iontaoibh birt seachas an beart a léirítear san iarraidh ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear i míreanna 1 nó 3, cuirfidh sé údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, nó an Bhallstáit iarrthaigh ar an eolas ar dtús agus féadfaidh an t-údarás sin cinneadh a dhéanamh an iarraidh a aistarraingt nó a fhorlíonadh.
5.
Maidir leis an mbeart imscrúdaitheach a luaitear san iarraidh, más amhlaidh nach ann don bheart sin faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó más amhlaidh nach mbeadh sé ar fáil i gcás comhchosúil baile, agus más amhlaidh nach bhfuil aon bheart imscrúdaitheach eile ann lena bhfaighfí an toradh céanna a gheofaí leis an mbeart imscrúdaitheach a iarradh, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, nó an Bhallstáit iarrthaigh ar an eolas faoi nach bhfuil sé indéanta an cúnamh a iarradh a chur ar fáil.
AIRTEAGAL 157
Oibleagáid eolas a thabhairt
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, nó an Bhallstáit iarrthaigh ar an eolas láithreach, trí mheán ar bith agus gan moill mhíchuí:
(a)
más dodhéanta an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a fhorghníomhú toisc an iarraidh a bheith neamhiomlán, nó toisc í a bheith mícheart ar dhóigh fhollasach; nó
(b)
más rud é, in imeacht fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh frithpháirteach, agus gan tuilleadh fiosruithe a dhéanamh, go measfaidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, go bhféadfadh sé gurbh iomchuí bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh nach raibh beartaithe i dtús báire, nó nárbh fhéidir a shonrú nuair a rinneadh an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach, chun a chur ar chumas údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, nó an Bhallstáit iarrthaigh gníomhaíocht bhreise a dhéanamh sa chás sonrach.
AIRTEAGAL 158
Ne bis in idem
De bhreis ar an bhforas le haghaidh diúltú dá bhforáiltear faoin gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus ina Phrótacail, féadfar cúnamh frithpháirteach a dhiúltú ar an bhforas gur thug, maidir leis an duine ar iarraidh an cúnamh ina leith agus atá faoi réir imscrúduithe coiriúla, ionchúiseamh nó imeachtaí eile, lena n-áirítear imeachtaí breithiúnacha, sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, gur thug údaráis de chuid na Ríochta Aontaithe, de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó de chuid Ballstáit, de réir mar a bheidh, breithiúnas críochnaitheach ar an duine sin i leith na ngníomhartha céanna, ar choinníoll, má gearradh pionós, go ndearnadh an pionós sin a fhorfheidhmiú, go bhfuil sé á fhorfheidhmiú nó nach féidir é a fhorfheidhmiú a thuilleadh, de réir mar a bheidh, faoi dhlí na Ríochta Aontaithe, na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó an Bhallstáit ina bhfuil pianbhreith á cur ar an duine.
AIRTEAGAL 159
Teorainneacha ama
1.
Déanfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an cinneadh maidir leis an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a fhorghníomhú a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis í a fháil, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl d’údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, nó an Bhallstáit iarrthaigh.
2.
Déanfar iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a fhorghníomhú a luaithe is féidir agus ar aon chás tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 nó tar éis an comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 155(2) a dhéanamh.
3.
I gcás ina mbeidh sé luaite san iarraidh ar chúnamh frithpháirteach, de dheasca spriocdhátaí nós imeachta, thromchúis an chiona nó imthosca fíorphráinne eile, go bhfuil gá le sprioc-am níos giorra ná na sprioc-amanna dá bhforáiltear i mír 1 nó 2, nó ina bhfuil sé luaite san iarraidh nach mór an beart cúnaimh fhrithpháirtigh a dhéanamh ar dháta faoi leith, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an ceanglas sin i gcuntas a oiread is féidir.
4.
I gcás inarb infheidhme, má iarrfar cúnamh frithpháirteach chun bearta sealadacha a dhéanamh de bhun Airteagal 24 den Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an cinneadh maidir leis an mbeart sealadach a chinneadh, agus a chur in iúl d’údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, nó an Bhallstáit iarrthaigh, a luaithe is féidir tar éis dó an iarraidh a fháil. Sula gcuirfear i leataobh aon bheart sealadach arna ghlacadh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an deis d’údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, nó an Bhallstáit iarrthaigh, nuair is féidir, a chúiseanna a chur i láthair i bhfabhar leanúint leis an mbeart.
5.
I gcás sonrach, nach féidir an teorainn ama a leagtar amach i mír 1 nó 2, nó an teorainn ama nó an dáta sonrach dá dtagraítear i mír 3 a chomhlíonadh, nó ina gcuirfear moill ar an gcinneadh maidir le bearta sealadacha a dhéanamh i gcomhréir le mír 4, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, nó an Bhallstáit iarrthaigh ar an eolas gan mhoill trí aon mhodh, agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis an moill agus rachaidh sé i gcomhairle le húdarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an iarraidh, nó an Bhallstáit iarrthaigh maidir leis an uainiú iomchuí chun an iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a fhorghníomhú.
6.
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá tosaíocht ag forálacha an Airteagail seo ar Airteagal 6 den Tríú Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach.
AIRTEAGAL 160
Iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a tharchur
1.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) ach amháin maidir le tarchur tosaigh na n-iarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus maidir le tarchur tosaigh na gcumarsáidí a bhaineann le faisnéis agus fógraí spontáineacha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Tríú Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal sin agus le forálacha faoi seach an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus a Phrótacail.
2.
Sa bhreis ar na bealaí cumarsáide dá bhforáiltear faoin gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus a Phrótacail, má dhéantar tarchur díreach, faoina bhforálacha faoi seach, le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach, agus cumarsáidí a bhaineann le faisnéis agus fógraí spontáineacha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Tríú Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, féadfaidh ionchúisitheoirí poiblí sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, iad sin a tharchur go díreach chuig údaráis inniúla na mBallstát freisin. Beidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir le tarchur tosaigh na n-iarrataí sin ar chúnamh frithpháirteach, agus maidir le tarchur tosaigh na gcumarsáidí sin a bhaineann le faisnéis agus fógraí spontáineacha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Tríú Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach a dhéanann ionchúisitheoirí poiblí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
3.
Sa bhreis ar na bealaí cumarsáide dá bhforáiltear faoin gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach agus a Phrótacail, i gcásanna práinneacha nó i gcás inar gá d’údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nósanna imeachta um chomhar breithiúnach a chomhordú, féadfar aon iarraidh ar chúnamh frithpháirteach, mar aon le faisnéis spontáineach, nó an fógra dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Tríú Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, agus de mhaolú ar mhír 1, a tharchur trí Europol nó trí Eurojust i gcomhréir leis na forálacha i gCaibidlí an Chomhaontaithe seo faoi seach.
AIRTEAGAL 161
Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe
I gcás ina mbunóidh údaráis inniúla na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú, rialófar an caidreamh idir na Ballstáit san Fhoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú le dlí an Aontais, d’ainneoin an bhunúis dlí dá dtagraítear sa Chomhaontú maidir le Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú a bhunú.
CAIBIDIL 6
REO AGUS COIGISTIÚ
AIRTEAGAL 162
Cuspóirí agus prionsabail an chomhair
1.
Is é is cuspóir don Chaibidil seo foráil a dhéanamh maidir le comhar idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar thaobh amháin, agus na Ballstáit, ar an taobh eile, a mhéid is féidir chun críoch imscrúduithe agus imeachtaí arb é is aidhm dóibh maoin a reo d’fhonn í a choigistiú ina dhiaidh sin agus chun críocha imscrúduithe agus imeachtaí arb é is aidhm dóibh maoin a choigistiú faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla. Ní chuireann sé sin bac ar chomhar eile de bhun Airteagal 171(5) agus (6). Chomh maith leis sin, déantar foráil sa Chaibidil seo maidir le comhar le comhlachtaí de chuid an Aontais arna n-ainmniú ag an Aontas chun críocha na Caibidle seo.
2.
Comhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na Ballstáit, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, iarrataí ó Bhallstát nó ón Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar:
(a)
maidir le míreanna sonracha maoine a choigistiú, agus maidir le coigistiú a dhéanamh ar fháltais arb é atá iontu ceanglas suim airgid a íoc ar comhréir le luach na bhfáltas;
(b)
maidir le cúnamh imscrúdaitheach agus bearta sealadacha d’fhonn ceachtar den dá chineál coigistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh.
3.
Déanfar bearta cúnaimh imscrúdaithe agus bearta sealadacha arna lorg faoi phointe (b) de mhír 2 a chur i gcrích de réir mar a cheadaíonn dlí baile an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, agus i gcomhréir leis an dlí sin. I gcás ina sonrófar san iarraidh a bhainfidh le ceann de na bearta sin foirmiúlachtaí nó nósanna imeachta is gá faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, fiú más foirmiúlachtaí nó nósanna iad nach bhfuil an Ballstát iarrtha ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, ina dtaithí, comhlíonfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, na hiarrataí sin a mhéid nach bhfuil an ghníomhaíocht atá á lorg bunoscionn le prionsabail bhunúsacha a dhlí baile.
4.
Áiritheoidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, go dtabharfar an tosaíocht chéanna do na hiarrataí ó Bhallstát eile nó ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le fáltais agus ionstraimeachtaí a shainaithint, a rianú, a reo nó a urghabháil, is é sin an tosaíocht a thugtar faoi chuimsiú nósanna imeachta baile.
5.
Nuair a bheidh coigistiú, cúnamh imscrúdaitheach agus bearta sealadacha á n-iarraidh ag an mBallstát iarrthach nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, chun críoch coigistíochta, áiritheoidh sé nó sí go ndéanfar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú.
6.
Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo in ionad na gCaibidlí maidir le ‘comhar idirnáisiúnta’ de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus um Maoiniú Sceimhlitheoireachta, a rinneadh i Vársá an 16 Bealtaine 2005 (‘Coinbhinsiún 2005’) agus in ionad an Choinbhinsiúin um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht, arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Samhain 1990 (‘Coinbhinsiún 1990’). Cuirfear Airteagal 163 den Chomhaontú seo in ionad na sainmhínithe comhfhreagracha in Airteagal 1 de Choinbhinsiún 2005 agus in Airteagal 1 de Choinbhinsiún 1990. Ní dhéanann forálacha na Caibidle seo difear d’oibleagáidí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ná na mBallstát faoi na forálacha eile de Choinbhinsiún 2005 agus de Choinbhinsiún 1990.
AIRTEAGAL 163
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘coigistiú’ pionós nó beart arna ordú ag cúirt tar éis imeachtaí i ndáil le cion coiriúil nó cionta coiriúla, arb é is toradh orthu maoin a bhaint go buan;
(b)
ciallaíonn ‘reo’ nó ‘urghabháil’ aistriú, scriosadh, tiontú, diúscairt nó gluaiseacht maoine a thoirmeasc go sealadach nó coimeád maoine nó rialú maoine a ghlacadh go sealadach ar bhonn ordaithe arna eisiúint ag cúirt nó ag údarás inniúil eile;
(c)
ciallaíonn ‘ionstraimeachtaí’ aon mhaoin a úsáidtear, nó a bhfuil sé beartaithe í a úsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun cion coiriúil nó cionta cóiriúla a dhéanamh;
(d)
ciallaíonn ‘údarás breithiúnach’ údarás arb é atá ann, faoin dlí baile, breitheamh, cúirt nó ionchúisitheoir poiblí; ní mheastar ionchúisitheoir poiblí a bheith ina údarás breithiúnach ach amháin a mhéid a fhoráiltear, sa dlí baile, é a bheith amhlaidh;
(e)
ciallaíonn ‘fáltais’ aon sochar eacnamaíoch a fhaightear ó chionta coiriúla nó a fhaightear go díreach nó go neamhdhíreach ó chionta coiriúla, nó méid airgid atá coibhéiseach leis an sochar eacnamaíoch sin; féadfaidh sé gurb é a bheadh iontu aon mhaoin mar a shainmhínítear san Airteagal seo;
(f)
ciallaíonn ‘maoin’ aon sórt maoine, bíodh sí corprach nó neamhchorprach, inchorraithe nó dochorraithe, agus doiciméid nó ionstraimí dlí lena bhfianaítear teideal ar mhaoin den sórt sin nó leas inti, a mheasann an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, a bheith:
(i)
ina fáltais ó chion coiriúil, nó a chomhionann, cibé acu is é sin luach iomlán na bhfáltas sin nó cuid den luach sin;
(ii)
ina hionstraimeachtaí ciona choiriúil, nó luach ionstraimeachtaí den sórt sin;
(iii)
faoi réir coigistíochta faoi aon fhoráil eile a bhaineann le cumhachtaí coigistíochta faoi dhlí an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, tar éis imeachtaí i ndáil le cion coiriúil, ar a n-áirítear coigistiú tríú páirtí, coigistiú leathnaithe agus coigistiú gan ciontú críochnaitheach.
AIRTEAGAL 164
An oibleagáid cúnamh a thabhairt
Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na Ballstáit dá chéile, arna iarraidh sin dóibh, an beart cúnaimh is leithne is féidir chun ionstraimeachtaí, fáltais agus maoin eile atá inchoigistithe a shainaithint agus a rianú. Áireofar ar an gcúnamh sin aon bheart lena soláthrófar agus lena n-áiritheofar fianaise maidir leis hionstraimeachtaí sin a bheith ann, maidir le hionad nó aistriú na n-ionstraimeachtaí sin, nó maidir lena gcineál, lena stádas dlíthiúil nó lena luach.
AIRTEAGAL 165
Iarrataí maidir le faisnéis ar chuntais bhainc agus ar thaisceadáin
1.
Déanfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo, na bearta is gá chun a chinneadh, mar fhreagra ar iarraidh arna seoladh ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó ag Ballstát, an bhfuil ag duine nádúrtha nó dlítheanach is ábhar d’imscrúdú coiriúil, nó an bhfuil faoi rialú ag an duine nádúrtha nó dlítheanach sin, cuntas amháin nó níos mó, de chineál ar bith, in aon bhanc atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit sin nó i nGiobráltar agus, má chinneann sé nó sí go bhfuil, cuirfidh sé nó sí mionsonraí na gcuntas a shainaithin sé nó sí ar fáil. Beidh san áireamh sna mionsonraí sin go háirithe ainm shealbhóir an chuntais custaiméara agus an uimhir IBAN, agus, i gcás taisceadáin, ainm an léasaí nó uimhir aitheantais uathúil.
2.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 ach amháin a mhéid a bheidh an fhaisnéis i seilbh an bhainc a bhfuil an cuntas á choimeád aige.
3.
De bhreis ar cheanglais Airteagal 186, déanfaidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, an méid seo a leanas san iarraidh:
(a)
a lua cén fáth a measann sé nó sí gur dócha luach substaintiúil, chun críocha an imscrúdaithe choiriúil ar an gcion, a bheith san fhaisnéis a iarradh;
(b)
a chur in iúl cé na forais ar a dtoimhdíonn sé nó sí go bhfuil an cuntas i seilbh bainc sa Bhallstát iarrtha nó i nGiobráltar, más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrtha, agus a shonrú, a mhéid is féidir, cé na bainc agus na cuntais a d’fhéadfadh a bheith i gceist; agus
(c)
aon fhaisnéis bhreise atá ar fáil dó a sholáthar ar faisnéis í a dhéanfadh éascaíocht d’fhorghníomhú na hiarrata.
4.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine go leathnófar an tAirteagal seo chuig cuntais i seilbh institiúidí airgeadais nach bainc iad. Féadfar na fógraí sin a dhéanamh faoi réir phrionsabal na cómhalartachta.
AIRTEAGAL 166
Iarrataí maidir le faisnéis faoi idirbhearta baincéireachta
1.
Arna iarraidh sin do Bhallstát eile nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cuirfidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, ar fáil na sonraí i dtaobh cuntais bainc shonraithe agus oibríochtaí baincéireachta a rinneadh le linn tréimhse shonraithe trí chuntas amháin nó níos mó arna sonrú san iarraidh, lena n-áirítear sonraí aon chuntas seolta nó aon chuntas fála.
2.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 ach amháin a mhéid a bheidh an fhaisnéis i seilbh an bhainc a bhfuil an cuntas á choimeád aige.
3.
De bhreis ar cheanglais Airteagal 186, cuirfidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, in iúl san iarraidh uaidh nó uaithi cén fáth a measann sé nó sí go bhfuil an fhaisnéis a iarradh ábhartha chun críocha an imscrúdaithe choiriúil maidir leis an gcion.
4.
Maidir le forghníomhú iarrata den sórt sin, feadfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, a chinneadh go mbeidh an forghníomhú sin faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha céanna atá i bhfeidhm aige nó aici maidir le hiarrataí ar chuardach agus ar urghabháil.
5.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine go leathnófar an tAirteagal seo chuig cuntais i seilbh institiúidí airgeadais nach bainc iad. Féadfar na fógraí sin a dhéanamh faoi réir phrionsabal na cómhalartachta.
AIRTEAGAL 167
Iarrataí maidir le faireachán a dhéanamh ar idirbhearta baincéireachta
1.
Áiritheoidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, go bhféadfaidh sé nó sí, ar iarraidh ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó ó Bhallstát, faireachán a dhéanamh, le linn tréimhse shonraithe, ar na hoibríochtaí baincéireachta atá á gcur i gcrích trí chuntas amháin nó níos mó a bheidh sonraithe san iarraidh agus torthaí an fhaireacháin sin a chur in iúl don Bhallstát iarrthach nó don Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í.
2.
De bhreis ar cheanglais Airteagal 186, cuirfidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, in iúl san iarraidh uaidh nó uaithi cén fáth a measann sé nó sí go bhfuil an fhaisnéis a iarradh ábhartha chun críocha an imscrúdaithe choiriúil maidir leis an gcion.
3.
Is iad údaráis inniúla an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, a dhéanfaidh an cinneadh faireachán a dhéanamh i ngach cás ar leith, i gcomhréir lena dhlí nó lena dlí baile.
4.
Comhaontófar na sonraí praiticiúla maidir leis an bhfaireachán go comhpháirteach idir an Ballstát iarrthach agus an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, mar ghníomhaí iarrthach nó iarrtha, de réir mar a bheidh.
5.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine go leathnófar an tAirteagal seo chuig cuntais i seilbh institiúidí airgeadais nach bainc iad. Féadfar na fógraí sin a dhéanamh faoi réir phrionsabal na cómhalartachta.
AIRTEAGAL 168
Faisnéis spontáineach
Gan dochar dá (h)imscrúduithe nó dá (h)imeachtaí féin, féadfaidh Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, gan aon iarraidh roimh ré, faisnéis faoi ionstraimeachtaí, faoi fháltais agus faoi mhaoin eile atá inchoigistithe a chur ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó chuig Ballstát, i gcás ina measann sé nó sí go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin cabhrú leis an mBallstát is faighteoir nó leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí is faighteoir í, i dtionscnamh nó i ndéanamh imscrúduithe nó imeachtaí nó go bhféadfadh sé go dtiocfadh de bharr an nochta sin iarraidh ón mBallstát sin nó ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoin gCaibidil seo.
AIRTEAGAL 169
An oibleagáid bearta sealadacha a dhéanamh
1.
Ar iarraidh ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó ó Bhallstát a thionscain imscrúdú coiriúil nó imeachtaí coiriúla, nó imscrúdú nó imeachtaí chun críoch coigistíochta, glacfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, na bearta sealadacha is gá, amhail reo nó urghabháil, chun aon déileáil i maoin, aistriú nó diúscairt maoine a chosc a d‘fhéadfadh a bheith, tráth is déanaí, ina hábhar d’iarraidh ar choigistiú nó a d’fhéadfadh an iarraidh a chomhlíonadh.
2.
Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a fuair iarraidh ar choigistiú de bhun Airteagal 171, déanfaidh sé nó sí na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, má iarrtar sin air nó uirthi, maidir le haon mhaoin is ábhar don iarraidh nó a d’fhéadfadh an iarraidh a chomhlíonadh.
3.
I gcás ina bhfaighfear iarraidh faoin Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, gach beart is gá chun an iarraidh a chomhlíonadh gan mhoill agus leis an luas agus leis an tosaíocht a thabharfaí do chás baile comhchosúil agus seolfaidh sé nó sí deimhniú chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó chuig an mBallstát iarrthach gan mhoill agus ar mhodh lena gcuirtear taifead i scríbhinn ar fáil.
4.
I gcás ina sonróidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, gur gá reo a dhéanamh láithreach ós rud é go bhfuil forais dhlisteanacha ann lena chreidiúint go ndéanfar an mhaoin atá i gceist a aistriú nó a scriosadh láithreach, déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó an Ballstát iarrtha gach beart is gá chun an iarraidh a chomhlíonadh laistigh de 96 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil agus seolfaidh sé nó sí deimhniú chuig an mBallstát iarrthach nó chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, ar mhodh lena gcuirtear taifead i scríbhinn ar fáil agus gan mhoill.
5.
I gcás nach mbeidh an Ballstát iarrtha ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, in ann na teorainneacha ama faoi mhír 4 a chomhlíonadh, cuirfidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó an Ballstát iarrthach ar an eolas láithreach, agus rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó leis an mBallstát iarrthach maidir leis na chéad chéimeanna eile is iomchuí.
6.
In aon chás ina rachaidh na teorainneacha ama faoi mhír 4 in éag, ní chuirfidh sé sin ar ceal na ceanglais a chuirtear ar an mBallstát iarrtha ná ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, leis an Airteagal seo.
AIRTEAGAL 170
Bearta sealadacha a fhorghníomhú
1.
Tar éis dó nó di na bearta sealadacha arna n-iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 169(1) a fhorghníomhú, déanfaidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, a sholáthar don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó don Bhallstát iarrtha, go spontáineach agus a luaithe is féidir, gach faisnéis arbh fhéidir a theacht di go gceisteofaí nó go modhnófaí méid na mbeart sin. Soláthróidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, freisin gan mhoill an fhaisnéis chomhlántach uile a theastóidh ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó ón mBallstát iarrtha agus a bhfuil gá léi le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sealadach agus le haghaidh bearta leantacha maidir leis na bearta sealadacha.
2.
Sula gcuirfear i leataobh aon bheart sealadach arna ghlacadh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, deis don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó don Bhallstát iarrthach, nuair is féidir, na cúiseanna atá aige nó aici a chur i láthair i bhfabhar leanúint leis an mbeart.
AIRTEAGAL 171
An oibleagáid coigistiú a dhéanamh
1.
Má fhaigheann Ballstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, iarraidh ar choigistiú a dhéanamh ar mhaoin atá suite ar chríoch an Bhallstáit féin nó i nGiobráltar agus, más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrtha, déanfaidh sé nó sí an méid seo a leanas:
(a)
ordú coigistíochta arna dhéanamh ag cúirt sa Bhallstát iarrthach nó i nGiobráltar, más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrthach, i ndáil leis an maoin sin a fhorghníomhú; nó
(b)
an iarraidh a chur faoi bhráid a údarás inniúil chun ordú coigistíochta a fháil agus, má dheonaítear ordú, an t-ordú a fhorfheidhmiú.
3.
Chun críocha phointe (b) de mhír 1, beidh inniúlacht ag na Ballstáit nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, aon uair is gá, imeachtaí coigistíochta a thionscnamh faoina ndlí baile féin.
4.
Tá feidhm ag mír 1 freisin maidir le coigistiú arb éard atá ann ceanglas maidir le suim airgid a íoc atá comhfhreagrach le luach na bhfáltas, má tá maoin ar féidir an coigistiú a fhorghníomhú ina leith lonnaithe i gcríoch de chuid an Bhallstáit iarrthaigh nó i nGiobráltar, más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar an gníomhaí iarrtha. I gcásanna den sórt sin, agus coigistiú á fhorfheidhmiú ag an mBallstát iarrtha nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, de bhun mhír 1, déanfaidh sé nó sí, mura bhfaighfear íocaíocht, an t-éileamh a réadú le haon mhaoin a bheidh ar fáil chun na críche sin.
5.
Má bhaineann iarraidh ar choigistiú le mír shonrach mhaoine, féadfaidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó an Ballstát iarrtha, cinneadh a dhéanamh go bhféadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó an Ballstát iarrtha an coigistiú a fhorfheidhmiú i bhfoirm ceanglais go n-íocfar suim airgid atá comhfhreagrach le luach na maoine.
6.
Comhoibreoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na Ballstáit a mhéid is féidir faoina ndlí baile le Ballstát nó leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a iarrfaidh air nó uirthi bearta a fhorghníomhú ar coibhéiseach iad le coigistiú maoine, i gcas nár eisíodh an iarraidh faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla, a mhéid a ordóidh údarás breithiúnach de chuid an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, na bearta sin i ndáil le cion coiriúil, ar choinníoll gur suíodh gur fáltais is ea an mhaoin nó gurb é atá inti:
(a)
maoin eile í a gnóthaíodh trí chlaochlú nó trí thiontú na bhfáltas;
(b)
maoin a fuarthas ó fhoinsí dlisteanacha, más rud é go ndearnadh fáltais a chumasc, go hiomlán nó go páirteach, leis an maoin sin, suas go dtí luach measúnaithe na bhfáltas a cumascadh; nó
(c)
ioncam nó sochar eile a díorthaíodh ó na fáltais, ó mhaoin a ndearnadh fáltais ó choireacht a chlaochlú nó a chomhshó inti nó ó mhaoin lenar tiomsaíodh fáltais ó choireacht, suas go dtí luach measúnaithe na bhfáltas cumaiscthe, ar an modh céanna agus a mhéid céanna le fáltais.
7.
Áirítear ar na bearta dá dtagraítear i mír 5 bearta lena gceadaítear maoin agus sócmhainní a urghabháil, a choinneáil agus a fhorghéilleadh trí bhíthin iarratais chuig cúirteanna sibhialta.
8.
Déanfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an cinneadh maidir le forghníomhú an ordaithe coigistíochta gan mhoill agus, gan dochar do mhír 8 den Airteagal seo, tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis dó nó di an iarraidh a fháil. Seolfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, deimhniú chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó chuig an mBallstát iarrthach ar mhodh lena gcuirtear taifead i scríbhinn ar fáil agus déanfaidh sé nó sí amhlaidh gan mhoill. Murab ann d’fhoras chun an t-ordú a chur siar faoi Airteagal 178, déanfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, na bearta nithiúla is gá chun an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú gan mhoill agus déanfaidh sé nó sí amhlaidh le luas agus le tosaíocht a bheidh inchurtha, ar a laghad, leis an luas agus leis an tosaíocht lena ndéanfaí forghníomhú ar chás baile de chineál comhchosúil.
9.
I gcás nach mbeidh an Ballstát iarrtha ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, in ann an teorainn ama faoi mhír 7 a chomhlíonadh, cuirfidh sé nó sí an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó an Ballstát iarrthach ar an eolas láithreach, agus rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó leis an mBallstát iarrthach maidir leis na chéad chéimeanna eile is iomchuí.
10.
In aon chás ina rachaidh an teorainn ama faoi mhír 7 in éag, ní chuirfidh sé sin ar ceal na ceanglais a chuirtear ar an mBallstát iarrtha ná ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, leis an Airteagal seo.
AIRTEAGAL 172
Coigistiú a fhorghníomhú
1.
Is le dlí baile an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, a rialófar na nósanna imeachta maidir le coigistiú faoi Airteagal 171 a fháil agus maidir le forghníomhú an choigistithe sin.
2.
Beidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, faoi cheangal ag na cinntí maidir leis na fíorais a mhéid a bheidh siad luaite i gciontú nó i gcinneadh breithiúnach arna eisiúint ag cúirt sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó sa Bhallstát iarrthach nó a mhéid a bheidh an ciontú nó an cinneadh breithiúnach sin bunaithe go hintuigthe orthu.
3.
Más éard atá sa choigistiú an ceanglas suim airgid a íoc, déanfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an tsuim sin a chomhshó ina airgeadra nó ina hairgeadra féin de réir an ráta malairte a bheidh i bhfeidhm tráth a dhéanfar an cinneadh an coigistiú a fhorghníomhú.
AIRTEAGAL 173
Maoin choigistithe
1.
Faoi réir mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, maoin arna coigistiú de bhun Airteagail 171 agus 172 a dhiúscairt i gcomhréir lena dhlí nó dlí náisiúnta agus lena nósanna imeachta riaracháin náisiúnta.
2.
Aon uair a ghníomhóidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, ar iarraidh ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó ó Bhallstát de bhun Airteagal 171, déanfaidh sé nó sí a mheas agus tabharfaidh sé nó sí tosaíocht i ndáil leis sin, a mhéid a cheadaítear faoina dhlí nó faoina dlí náisiúnta agus má iarrtar amhlaidh, an bhféadfaí an mhaoin choigistithe a thabhairt ar ais don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó don Bhallstát iarrthach ionas gur féidir leis nó léi cúiteamh a thabhairt d’íospartaigh na coire nó an mhaoin sin a thabhairt ar ais dá húinéirí dlisteanacha.
3.
I gcás ina ngníomhóidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, ar iarraidh arna déanamh ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 171, agus tar éis dó nó di ceart íospartaigh chun aisíoctha nó chun cúitimh maoine a chur san áireamh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an t-airgead a fuarthas mar thoradh ar fhorghníomhú ordaithe coigistíochta a dhiúscairt mar a leanas:
(a)
más cothrom le EUR 10 000, nó más lú ná EUR 10 000 an méid, fabhróidh an méid chuig an mBallstát iarrtha nó chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í; nó
(b)
más mó ná EUR 10 000 an méid, aistreoidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, 50 % den mhéid a gnóthaíodh chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó chuig an mBallstát iarrthach.
4.
D’ainneoin mhír 3, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar agus na Ballstáit, ar bhonn cás ar chás, breithniú speisialta a dhéanamh i dtaca le comhaontuithe nó comhshocruithe eile den sórt sin a thabhairt i gcrích maidir le maoin a dhiúscairt de réir mar is iomchuí leo.
AIRTEAGAL 174
An ceart chun forghníomhú a dhéanamh, agus uasmhéid an choigistithe
1.
Ní dhéanann iarraidh ar choigistiú arna déanamh faoi Airteagal 171 difear don cheart atá ag an mBallstát iarrthach nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, an t-ordú coigistíochta a fhorfheidhmiú é nó í féin.
2.
Ní léireofar aon ní sa Chaibidil seo mar ní a cheadódh luach iomlán an choigistithe a bheith níos mó ná méid na suime airgid arna shonrú san ordú coigistíochta. Má fheictear do Bhallstát nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar go bhféadfadh sé sin tarlú, rachaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile chun éifeacht den sórt sin a sheachaint.
AIRTEAGAL 175
Príosúnú i gcás mainneachtana
Mar thoradh ar iarraidh faoi Airteagal 171, ní fhorchuirfidh an Ballstát iarrtha ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, príosúnú i cás mainneachtana ná ní fhorchuirfidh sé nó sí aon bheart eile a chuirfeadh srian ar shaoirse duine, gan toiliú na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, ná toiliú an Bhallstáit iarrthaigh.
AIRTEAGAL 176
Foras le haghaidh diúltú
1.
Féadfar comhar faoin gCaibidil seo a dhiúltú más rud é:
(a)
go measann an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, go mbeadh forghníomhú na hiarrata bunoscionn leis an bprionsabal ne bis in idem; nó
(b)
nach cion faoi dhlí náisiúnta an Bhallstát iarrtha ná na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, é an cion lena mbaineann an iarraidh agus gur laistigh dá dhlínse nó dá dlínse a rinneadh an cion; mar sin féin, níl feidhm ag an bhforas diúltaithe sin maidir le comhar faoi Airteagail CONFISC.3 (An oibleagáid cúnamh a thabhairt) go CONFISC.7 (Faisnéis spontáineach) ach amháin a mhéid a bheidh gníomhaíocht chomhéigneach ag baint leis an gcúnamh a iarrtar.
2.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine nach gcuirfear i bhfeidhm, ar bhonn cómhalartachta, coinníoll na coiriúlachta dúbailte dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo ar choinníoll gurb é atá sa chion is siocair leis an iarraidh:
(a)
ceann de na cionta a liostaítear in Airteagal 118(5), mar a shainmhínítear le dlí an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í; agus
(b)
cion atá inphionóis sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad.
3.
Comhar faoi Airteagail 164 go 168, a mhéid a bheidh gníomhaíocht chomhéigneach ag baint leis an gcúnamh atá á lorg, agus faoi Airteagail 169 agus 170, féadfar cúnamh den sórt sin a dhiúltú freisin más rud é gur bearta iad na bearta atá á lorg nach bhféadfaí a dhéanamh, faoi dhlí baile an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, chun críoch imscrúduithe i gcás dá shamhail sa dlínse baile.
4.
I gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí baile an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, féadfar comhar faoi Airteagail 164 go 168, a mhéid a bheidh gníomhaíocht chomhéigneach ag baint leis an gcúnamh a bheidh á lorg, agus comhar faoi Airteagail 169 agus 170, a dhiúltú freisin más rud é nár cheadmhach, faoi dhlí baile an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, na bearta a iarradh ná aon bheart lena ngabhfadh éifeacht chomhchosúil, nó, más rud é nach bhfuil údarú déanta ar an iarraidh sin ag údarás breithiúnach ag gníomhú dó i ndáil le cionta coiriúla.
5.
Féadfar comhar faoi Airteagail 171 go 175 a dhiúltú freisin sna cásanna seo a leanas:
(a)
más rud é nach bhfuil aon fhoráil déanta, faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, maidir le coigistiú i gcás an chineáil ciona lena mbaineann an iarraidh;
(b)
más rud é, gan dochar don oibleagáid de bhun Airteagal 171(3), go mbeadh sé bunoscionn le prionsabail dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, a bhaineann le teorainneacha an choigistithe i leith an ghaoil idir cion agus:
(i)
buntáiste eacnamaíoch a bhféadfaí a chinneadh ina leith gurb é fáltais an chiona é; nó
(ii)
maoin a bhféadfadh sé go gcinnfí ina leith gurb í ionstraimeachtaí an chiona í;
(c)
más rud é nach bhféadfar, faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an coigistiú a fhorchur ná a fhorghníomhú a thuilleadh mar gheall ar an méid ama atá imithe;
(d)
gan dochar d’Airteagal 171(5) agus (6), más rud é nach mbaineann an iarraidh le ciontú roimhe sin, ná le cinneadh de chineál breithiúnach ná le ráiteas i gcinneadh den sórt sin go ndearnadh cion nó roinnt cionta, arbh é ba bhonn leis an gcoigistiú a ordú nó a lorg;
(e)
más rud é nach bhfuil coigistiú infhorfheidhme sa Bhallstát iarrthach ná i nGiobráltar, más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrthach, sin nó go bhfuil sé fós faoi réir gnáth-mhodhanna achomhairc; nó
(f)
más rud é go mbaineann an iarraidh le hordú coigistíochta arb ann dó de thoradh cinneadh a rinneadh agus gan an duine a ndearnadh an t-ordú ina aghaidh i láthair (cinneadh in absentia) agus, más rud é, i dtuairim an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nár chomhlíon na himeachtaí a riar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, ná an Ballstát iarrthach, as ar tháinig an cinneadh sin, na cearta íosta chun cosanta a aithnítear a bheith ag gach duine a dhéantar a chúiseamh i gcoir.
6.
Chun críocha phointe (f) de mhír 5, ní mheasfar go ndearnadh cinneadh in absentia más rud é:
(a)
gur daingníodh nó gur fógraíodh an cinneadh tar éis freasúra ón duine lena mbaineann; nó
(b)
go ndearnadh an cinneadh ar achomharc, ar choinníoll gurb é an duine lena mbaineann a rinne an t-achomharc sin.
7.
Agus breithniú á dhéanamh ag an mBallstát iarrtha nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, chun críocha phointe (f) de mhír 5, féachaint ar comhlíonadh na cearta íosta chun cosanta, cuirfidh sé nó sí san áireamh an fíoras go ndearna an duine lena mbaineann iarracht an ceartas a imghabháil, nó an fíoras gur chinn an duine sin, nuair a bhí an deis aige leigheas a iarraidh i leith an chinnidh a rinneadh in absentia, gan an leigheas sin a iarraidh. Beidh feidhm ag an céanna i gcás inar chinn an duine lena mbaineann, ar fháil toghairme dó, a rinneadh a sheirbheáil air go cuí, ag iarraidh air bheith i láthair, gan dul i láthair ná a iarraidh go gcuirfí an éisteacht ar atráth.
8.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, rúndacht bhainc a agairt mar fhoras chun diúltú d’aon chomhar faoin gCaibidil seo. I gcás ina n-éilítear é faoi dhlí náisiúnta Ballstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, féadfaidh sé nó sí a cheangal go mbeidh údarú ó údarás breithiúnach ag gníomhú dó i ndáil le cionta coiriúla, ag iarraidh ar chomhar a scaoilfí rúndacht na mbanc mar chuid de.
9.
Ní dhéanfaidh an Ballstát iarrtha ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, an méid seo a leanas a agairt:
(a)
gur duine dlítheanach an duine atá faoi imscrúdú nó atá faoi réir ordú coigistíochta ag an mBallstát iarrthach nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, agus gur constaic é sin a bhacfadh aon chomhar faoin gCaibidil seo;
(b)
go bhfuair an duine nádúrtha ar eisíodh ordú coigistíochta fáltas ina aghaidh, go bhfuair sé bás nó gur díscaoileadh san idirthréimhse an duine dlítheanach ar eisíodh ordú coigistíochta fáltas ina aghaidh, agus gur constaic ceachtar díobh sin a bhacfadh cúnamh a thabhairt i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 171(1); nó
(c)
i dtaca leis an duine atá á imscrúdú nó atá faoi réir ordú coigistíochta ag an mBallstát iarrthach nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, go ndearnadh an duine a lua san iarraidh mar an duine a rinne an cion coiriúil bunaidh agus, freisin, mar an duine a rinne cion i ndáil le sciúradh airgid, agus gur constaic é sin a bhacfadh aon chomhar faoin gCaibidil seo.
AIRTEAGAL 177
Comhairliúchán agus faisnéis
I gcás ina bhfuil foras suntasach ann chun a chreidiúint go dtiocfadh fíor-riosca maidir le cearta bunúsacha a chosaint as forghníomhú ordaithe reo nó coigistíochta, rachaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó leis an mBallstát iarrthach sula gcinnfidh sé nó sí an t-ordú reo nó coigistíochta a fhorghníomhú, agus féadfaidh sé nó sí a éileamh go gcuirfear ar fáil aon fhaisnéis is gá.
AIRTEAGAL 178
Cur ar atráth
Féadfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, gníomhaíocht i ndáil le hiarraidh a chur ar atráth más rud é go ndéanfadh gníomhaíocht den sórt sin dochar d’imscrúduithe nó d’imeachtaí an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
AIRTEAGAL 179
Iarraidh a dheonú go páirteach nó go coinníollach
Sula ndiúltóidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó sula gcuirfidh sé nó sí ar atráth an comhar faoin gCaibidil seo, déanfaidh sé nó sí a mheas, más iomchuí tar éis dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó leis an mBallstát iarrthach, arbh fhéidir an iarraidh a dheonú go páirteach nó faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh sé nó sí is gá.
AIRTEAGAL 180
Fógra a thabhairt faoi dhoiciméid
1.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na Ballstáit an beart is leithne cúnaimh fhrithpháirtigh a thabhairt dá chéile i ndáil le doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil ar dhaoine a ndéanann bearta sealadacha agus coigistiú difear dóibh.
2.
Ní bheartaítear le haon ní san Airteagal seo cur isteach ar na nithe seo a leanas:
(a)
an fhéidearthacht doiciméid bhreithiúnacha a sheoladh, trí bhealaí poist, go díreach chuig daoine thar lear; agus
(b)
an fhéidearthacht d’oifigigh bhreithiúnacha, d’oifigigh nó d’údaráis inniúla eile de chuid an Bhallstáit tionscnaimh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás inarb í an gníomhaí is seoltóir í, doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil go díreach trí údaráis chonsalachta an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, de réir mar a bheidh, nó trí na húdaráis bhreithiúnacha, lena n-áirítear oifigigh bhreithiúnacha agus oifigigh, nó trí údaráis inniúla eile de chuid an Bhallstáit cinn scríbe nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair is í an Ballstát is faighteoir í.
3.
Nuair a bheidh doiciméid bhreithiúnacha á seirbheáil ar dhaoine thar lear a ndéantar difear dóibh le bearta sealadacha nó orduithe coigistíochta arna n-eisiúint sa Bhallstát is seoltóir nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an Ríocht Aontaithe a sheol iad, cuirfidh an Ballstát sin nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, in iúl cad iad na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil, faoina dhlí nó faoina dlí náisiúnta, ag na daoine sin. Gheobhaidh údarás lárnach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má tá cónaí ar an duine a seoltar na doiciméid bhreithiúnacha chuige i nGiobráltar, nó sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an duine a seoltar na doiciméid bhreithiúnacha chuige, de réir mar a bheidh, cóip de na doiciméid bhreithiúnacha sin an tráth céanna.
AIRTEAGAL 181
Cinntí eachtracha a aithint
1.
Agus é nó í ag déileáil le hiarraidh ar chomhar faoi Airteagail 169 go 175, aithneoidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, aon chinneadh breithiúnach arna eisiúint ag údarás breithiúnach arna ghlacadh sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó sa Bhallstát iarrthach maidir leis na cearta a éilíonn tríú páirtithe.
2.
Féadfar aitheantas a dhiúltú sna cásanna seo a leanas:
(a)
más rud é nach raibh deis leordhóthanach ag tríú páirtithe a gcearta a dhearbhú;
(b)
más rud é go bhfuil an cinneadh ar neamhréir le cinneadh atá glactha cheana sa Bhallstát iarrtha nó i nGiobráltar, más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar an gníomhaí iarrtha, maidir leis an ábhar céanna;
(c)
más rud é go bhfuil an cinneadh ar neamhréir le ordre public na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó an Bhallstáit, de réir mar a bheidh; nó
(d)
más rud é gur glacadh an cinneadh d’ainneoin é a bheith contrártha le forálacha maidir le dlínse eisiach dá bhforáiltear i ndlí baile an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í.
AIRTEAGAL 182
Údaráis
1.
Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na Ballstáit fógra don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine faoi údarás lárnach a bheidh freagrach as iarrataí a dhéantar faoin gCaibidil seo a sheoladh agus a fhreagairt, as na hiarrataí sin a fhorghníomhú nó as iad a tharchur chuig na húdaráis is inniúil lena bhforghníomhú.
2.
Féadfaidh an tAontas comhlacht Aontais a ainmniú a fhéadfaidh, sa bhreis ar údaráis inniúla na mBallstát, iarrataí a dhéanamh agus, más iomchuí, iarrataí a fhorghníomhú faoin gCaibidil seo. Caithfear, chun críocha na Caibidle seo, le haon iarraidh den sórt sin mar iarraidh ó Bhallstát. Féadfaidh an tAontas an comhlacht sin de chuid an Aontais a ainmniú freisin mar an t-údarás lárnach a bheidh freagrach as iarrataí arna ndéanamh faoin gCaibidil seo ag an gcomhlacht sin, nó chuig an gcomhlacht sin, a sheoladh agus a fhreagairt.
AIRTEAGAL 183
Cumarsáid
1.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) ach amháin maidir leis na hiarrataí tosaigh a dhéantar faoin gCaibidil seo, a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal sin.
2.
Faoi réir mhír 1, déanfaidh na húdaráis lárnacha cumarsáid dhíreach le chéile.
3.
Faoi réir mhír 1, i gcásanna práinneacha, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, iarrataí nó cumarsáidí faoin gCaibidil seo a sheoladh go díreach chuig údaráis bhreithiúnacha na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í nó an Bhallstáit iarrtha. I gcásanna den sórt sin, seolfar cóip an tráth céanna chuig údarás lárnach an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í agus déanfar an seoladh sin trí údarás lárnach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó an Bhallstáit iarrthaigh.
4.
I gcás ina ndéanfar iarraidh de bhun mhír 3 agus nach mbeidh an inniúlacht ag an údarás chun déileáil leis an iarraidh, déanfaidh sé an iarraidh a tharchur chuig an údarás inniúil intíre agus cuirfidh sé in iúl go díreach don Bhallstát iarrthach nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, go bhfuil sin déanta aige.
5.
Faoi réir mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, iarrataí nó cumarsáidí faoi Airteagail 164 go 168, nach mbaineann gníomhaíocht chomhéigneach leo, a tharchur go díreach chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó chuig an mBallstát iarrtha.
6.
Féadfaidh údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, dréacht-iarrataí nó cumarsáidí faoin gCaibidil seo a sheoladh go díreach chuig údaráis bhreithiúnacha na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó an Bhallstáit iarrtha sula ndéanfar iarraidh fhoirmiúil, chun a chinntiú go mbeifear in ann déileáil go héifeachtúil leis an iarraidh fhoirmiúil sin nuair a gheofar í agus chun a chinntiú go bhfuil faisnéis leordhóthanach inti agus an doiciméadacht taca chun ceanglais dhlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó ceanglais dhlí an Bhallstáit iarrtha a chomhlíonadh.
AIRTEAGAL 184
Foirm na hiarrata agus na teangacha
1.
Is i scríbhinn a dhéanfar gach iarraidh faoin gCaibidil seo. Féadfar iad a tharchur go leictreonach, nó trí aon mhodh teileachumarsáide eile, ar choinníoll go mbeidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, ullamh chun taifead scríofa ar an gcumarsáid sin agus an doiciméad bunaidh a thabhairt ar aird tráth ar bith, má iarrtar sin air nó uirthi.
2.
Iarrataí faoi mhír 1, déanfar iad i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó in aon teanga eile a mbeidh fógra tugtha ina leith ag an mBallstát iarrtha nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í nó fógra tugtha ina leith thar a cheann nó thar a ceann, i gcomhréir le mír 3.
3.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, féadfaidh siad araon fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine faoin teanga nó faoi na teangacha, de bhreis ar theanga oifigiúil nó ar theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a fhéadfar a úsáid chun iarraidh a dhéanamh faoin gCaibidil seo.
4.
Iarrataí faoi Airteagal 169 maidir le bearta sealadacha, déanfar iad trí úsáid a bhaint as an bhfoirm fhorordaithe in Iarscríbhinn 16.
5.
Iarrataí faoi Airteagal 171 maidir le coigistiú, déanfar iad trí úsáid a bhaint as an bhfoirm fhorordaithe in Iarscríbhinn 16.
6.
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine leasú a dhéanamh ar na foirmeacha in Iarscríbhinn 16, dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, de réir mar is gá.
7.
Glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine aon mhodhnú ar na foirmeacha in Iarscríbhinn 16 de réir mar is gá chun athruithe a rinneadh in Iarscríbhinn 46 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a léiriú.
8.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, féadfaidh siad araon fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine gur gá doiciméid tacaíochta a aistriú go ceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó go haon teanga eile a léirítear i gcomhréir le mír 3. I gcás iarrataí de bhun Airteagal 169(4), féadfar an t-aistriúchán sin ar dhoiciméid tacaíochta a sholáthar don Bhallstát iarrtha nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, laistigh de 48 uair tar éis an iarraidh a tharchur, gan dochar do na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 169(4).
AIRTEAGAL 185
Fíorú
Beidh díolúine, ó na foirmiúlachtaí fíorúcháin, ag doiciméid a tharchuirfear mar chuid de chur i bhfeidhm na Caibidle seo.
AIRTEAGAL 186
Inneachar na hiarrata
1.
Sonrófar an méid seo a leanas in aon iarraidh ar chomhar faoin gCaibidil seo:
(a)
an t-údarás atá ag déanamh na hiarrata agus an t-údarás atá ag riar na n-imscrúduithe nó na n-imeachtaí;
(b)
cuspóir na hiarrata agus an chúis atá léi;
(c)
na hábhair, lena n-áirítear na fíorais ábhartha (amhail dáta, áit agus imthosca an chiona) lena mbaineann na himscrúduithe nó na himeachtaí, ach amháin i gcás iarraidh ar fhógra;
(d)
a mhéid a bhaineann an comhar le gníomhaíocht chomhéigneach:
(i)
téacs na bhforálacha reachtúla nó, i gcás nach féidir sin, lua an dlí infheidhme ábhartha; agus
(ii)
léiriú go bhféadfaí an beart atá á lorg nó aon bheart eile a bhfuil éifeachtaí comhchosúla aige a dhéanamh i ndlínse an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, faoina dhlí nó dlí náisiúnta féin;
(e)
i gcás inar gá agus a mhéid is féidir:
(i)
sonraí an duine nó na ndaoine lena mbaineann, lena n-áirítear ainm, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus suíomh an duine nó na ndaoine sin agus, i gcás duine dlítheanach, a shuíomh; agus
(ii)
an mhaoin a n-iarrtar comhar i ndáil léi, suíomh na maoine, an bhaint atá aige leis an duine nó leis na daoine lena mbaineann, aon bhaint leis an gcion, maille le haon fhaisnéis atá ar fáil faoi dhaoine eile, leasanna sa mhaoin; agus
(f)
aon nós imeachta ar leith is mian leis an mBallstát iarrthach nó leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, a leanfaí.
2.
Aon iarraidh maidir le bearta sealadacha faoi Airteagal 169 i ndáil le hurghabháil maoine lena bhféadfar ordú coigistíochta, arb é atá ann an ceanglas suim airgid a íoc, a réadú, sonrófar inti freisin uasmhéid a bhfuil aisghabháil á lorg ina leith sa mhaoin sin.
3.
I dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin, beidh an méid seo a leanas in aon iarraidh faoi Airteagal 171:
(a)
i gcás phointe (a) d’Airteagal 171(1):
(i)
fíorchóip dheimhnithe den ordú coigistíochta arna dhéanamh ag an gcúirt sa Bhallstát iarrthach nó i nGiobráltar, más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrthach, agus ráiteas maidir leis na forais a ndearnadh an t-ordú ar a mbonn, mura gcuirtear in iúl iad sin san ordú féin;
(ii)
fianú ón mBallstát iarrthach nó ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, go bhfuil an t-ordú coigistíochta infhorfheidhme agus nach bhfuil sé faoi réir gnáthmhodhanna achomhairc;
(iii)
faisnéis maidir lena mhéid a iarrtar an t-ordú a fhorghníomhú; agus
(iv)
faisnéis maidir leis an ngá atá le haon bhearta sealadacha a dhéanamh;
(b)
i gcás phointe (b) d’Airteagal 171(1), ráiteas maidir leis na fíorais a mheasann an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, a bheidh leordhóthanach chun a chumasú don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó an Ballstát iarrtha an t-ordú a lorg faoina dhlí nó faoina dlí náisiúnta;
(c)
i gcás ina raibh an deis ag tríú páirtithe cearta a éileamh, doiciméid lena léirítear gurb amhlaidh a bhí.
AIRTEAGAL 187
Iarrataí lochtacha
1.
Mura gcomhlíonfaidh iarraidh forálacha na Caibidle seo nó mura leor an fhaisnéis a sholáthrófar chun a chumasú don Bhallstát iarrtha nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, déileáil leis an iarraidh, féadfaidh an Ballstát sin nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a iarraidh ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó ar an mBallstát iarrthach an iarraidh a leasú nó faisnéis bhreise a chur inti chun í a chomhlánú.
2.
Féadfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, teorainn ama a leagan síos i dtaca le leasuithe nó faisnéis den sórt sin a fháil.
3.
Fad a bheidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, ag feitheamh leis na leasuithe nó leis an bhfaisnéis a d’iarr sé nó sí faoi Airteagal 171, féadfaidh sé nó sí aon cheann de na bearta a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagail 164 go 170.
AIRTEAGAL 188
Iolracht iarrataí
1.
I gcás ina bhfaighidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, níos mó ná aon iarraidh amháin faoi Airteagal 169 nó Airteagal 171 i leith duine áirithe amháin nó i leith maoin áirithe amháin, ní chuirfidh an iolracht iarrataí sin cosc ar an mBallstát sin nó ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, déileáil leis na hiarrataí a bhaineann le bearta sealadacha a dhéanamh.
2.
I gcás iolracht iarrataí faoi Airteagal 171, déanfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, a bhreithniú an rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó leis an mBallstát iarrthach.
AIRTEAGAL 189
An oibleagáid cúiseanna a thabhairt
Tabharfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, cúiseanna le haon chinneadh chun aon chomhar faoin gCaibidil seo a dhiúltú, a chur ar atráth nó a dhéanamh coinníollach.
AIRTEAGAL 190
Faisnéis
1.
Cuirfidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó an Ballstát iarrthach ar an eolas go pras faoi na nithe seo a leanas:
(a)
an ghníomhaíocht a tionscnaíodh ar bhonn iarraidh faoin gCaibidil seo;
(b)
toradh críochnaitheach na gníomhaíochta a rinneadh ar bhonn iarrata faoin gCaibidil seo;
(c)
cinneadh maidir le haon chomhar faoin gCaibidil seo a dhiúltú, a chur ar atráth nó a dhéanamh coinníollach, go hiomlán nó go páirteach;
(d)
aon imthosca a fhágann nach féidir an ghníomhaíocht a iarrtar a dhéanamh nó a ar dóigh dóibh moill shuntasach a chur uirthi; agus
(e)
i gcás ina ndearnadh bearta sealadacha de bhun iarraidh faoi Airteagal 164 go Airteagal 169, na forálacha sin dá dhlí nó dá dlí náisiúnta a mbeadh sé mar thoradh orthu go gcuirfí an beart sealadach i leataobh go huathoibríoch.
2.
Cuirfidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó an Ballstát iarrtha ar an eolas go pras faoi na nithe seo a leanas:
(a)
aon athbhreithniú, cinneadh nó aon fhíoras eile a fhágann go scoireann an t-ordú coigistíochta de bheith infhorfheidhme go hiomlán nó go páirteach; agus
(b)
aon fhorbairt, bíodh sin fíorasach nó dlíthiúil, a fhágann nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le haon ghníomh faoin gCaibidil seo.
3.
I gcás ina n-iarrfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar bhonn an aon ordaithe coigistíochta amháin, coigistiú i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh sé na Ballstáit go léir a ndéanann forfheidhmiú an ordaithe difear dóibh ar an eolas faoin iarraidh.
4.
I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát, ar bhonn an aon ordaithe coigistíochta amháin, coigistiú sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar agus i mBallstát amháin nó níos mó, cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na Ballstáit go léir a ndéanann forfheidhmiú an ordaithe difear dóibh ar an eolas faoin iarraidh.
AIRTEAGAL 191
Srian ar úsáid
1.
Féadfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, a chinneadh go mbeidh coinníoll ag gabháil le forghníomhú na hiarrata, is é sin go ndéanfar an forghníomhú ar an gcoinníoll nach ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, ná an Ballstát iarrthach an fhaisnéis nó an fhianaise a gheofar a úsáid ná a tharchur, gan toiliú a fháil uaidh nó uaithi roimh ré, i gcomhair imscrúduithe nó imeachtaí seachas iad siúd a sonraíodh san iarraidh.
2.
Gan toiliú a fháil roimh ré ón mBallstát iarrtha nó ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, ní dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, ná an Ballstát iarrthach an fhaisnéis nó an fhianaise a sholáthraíonn sé nó sí faoin gCaibidil seo a úsáid ná a tharchur in imscrúduithe nó imeachtaí seachas iad siúd a sonraíodh san iarraidh.
3.
Sonraí pearsanta a tharchuirfear faoin gCaibidil seo, féadfaidh an Ballstát a dtarchuirfear iad chuige nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má tharchuirtear chuici iad, na sonraí sin a úsáid mar a leanas:
(a)
chun críoch imeachtaí lena mbaineann an gCaibidil seo;
(b)
le haghaidh imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin eile a bhaineann go díreach leis na himeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)
chun bagairt láithreach thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí a chosc; nó
(d)
chun aon chríche eile, ach toiliú an Bhallstáit a rinne an chumarsáid nó toiliú na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má rinne sí an chumarsáid, a fháil roimh ré, ach amháin má bhíonn toiliú an duine is ábhar do na sonraí faighte ag an mBallstát lena mbaineann nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh.
4.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le sonraí pearsanta nár tarchuireadh ach a fuarthas ar shlí eile faoin gCaibidil seo.
5.
Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta a gheobhaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ballstát faoin gCaibidil seo agus, i gcás na Ríochta Aontaithe, ar sonraí de thionscnamh Ghiobráltar iad nó, i gcás Ballstáit, ar sonraí de thionscnamh an Bhallstáit sin iad.
AIRTEAGAL 192
Rúndacht
1.
Féadfaidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a cheangal go gcoinneoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó an Ballstát iarrtha fíorais agus substaint na hiarrata faoi rún, ach amháin a mhéid is gá chun an iarraidh a fhorghníomhú. Mura féidir leis an mBallstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, ceanglas na rúndachta a chomhlíonadh, cuirfidh sé nó sí an méid sin in iúl go pras don Bhallstát iarrthach nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í.
2.
Mura bhfuil sé bunoscionn le bunphrionsabail dá dhlí nó dá dlí náisiúnta, agus má iarrtar air nó uirthi é, coimeádfaidh an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, faoi rún aon fhianaise agus faisnéis a sholáthróidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, nó an Ballstát iarrtha, ach amháin a mhéid is gá é a nochtadh le haghaidh na n-imscrúduithe nó na n-imeachtaí a tuairiscíodh san iarraidh.
3.
Faoi réir fhorálacha a dhlí nó a dlí náisiúnta, aon Bhallstát nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar a fuair faisnéis spontáineach faoi Airteagal 168, comhlíonfaidh sé nó sí aon cheanglas rúndachta de réir aon éilimh ón mBallstát a sholáthair an fhaisnéis nó ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má sholáthair sí an fhaisnéis. Mura féidir leis an mBallstát is faighteoir nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í faighteoir na faisnéise í, ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl go pras don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más é atá ag tarchur na faisnéise nó don Bhallstát atá ag tarchur na faisnéise.
AIRTEAGAL 193
Costais
Is é an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, a sheasfaidh na gnáthchostais a bhainfidh le comhlíonadh iarrata. I gcás inar gá costais de chineál substaintiúil nó urghnách a sheasamh chun iarraidh a chomhlíonadh, rachaidh an gníomhaí iarrthach agus an gníomhaí iarrtha i gcomhairle chun teacht ar chinneadh faoi na coinníollacha a bheidh i gceist le forghníomhú na hiarrata agus conas a sheasfar na costais.
AIRTEAGAL 194
Damáistí
1.
I gcás ina dtionscnóidh duine caingean dlí maidir le dliteanas i leith damáistí ar damáistí iad de thoradh gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht i ndáil le comhar faoin gCaibidil seo, breithneoidh na Ballstáit lena mbaineann nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, an rachaidh siad i gcomhairle le chéile, nuair is iomchuí sin, chun a chinneadh conas aon suim damáistí atá dlite a chionroinnt.
2.
I gcás ina mbeidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ballstát ina hábhar nó ina ábhar dlíthíochta maidir le damáistí, féachfaidh sé nó sí an Ballstát nó na Ballstáit eile nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a chur ar an eolas faoin dlíthíocht sin dá bhféadfadh leas a bheith acu sa chás.
AIRTEAGAL 195
Leigheasanna dlí
1.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na Ballstáit go mbeidh leigheasanna éifeachtacha dlí, chun a gcearta a chaomhnú, ag daoine a ndéanfar difear dóibh le bearta faoi Airteagail 169 go 172.
2.
Maidir leis na cúiseanna substainteacha a bheidh le bearta arna n-iarraidh faoi Airteagail 169 go 172, ní dhéanfar agóid maidir leis an cúiseanna sin os comhair cúirte sa Bhallstát iarrtha ná i nGiobráltar, más í an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrtha.
TEIDEAL VI
FRITHSCIÚRADH AIRGID AGUS MAOINIÚ FRITHSCEIMHLITHEOIREACHTA
AIRTEAGAL 196
Cuspóir
Is é cuspóir an Teidil seo tacú le gníomhaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus le gníomhaíocht an Aontais chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac agus an ghníomhaíocht sin a neartú freisin.
AIRTEAGAL 197
Prionsabail
1.
Comhaontaíonn na Páirtithe tacú le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.
2.
Aithníonn na Páirtithe gur gá oibriú i gcomhar chun cosc a chur ar úsáid a gcóras airgeadais chun fáltais ó gach gníomhaíocht choiriúil a sciúradh, lena n-áirítear gáinneáil ar dhrugaí agus éilliú, agus i ndáil le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac freisin.
3.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le malartú faisnéise i ndáil le sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.
4.
Aithníonn na Páirtithe gur gá caighdeáin agus moltaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais a chur san áireamh ina gcórais frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoireachta féin.
AIRTEAGAL 198
Neamh-chúlchéimniú ó bhearta atá ann cheana chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac
1.
Dearbhaíonn na Páirtithe ceart gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí a shocrú sna réimsí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, na leibhéil is gá chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac a mheasann sé a bheith iomchuí a chinneadh agus a dhlí agus a bheartais a ghlacadh nó a mhodhnú ar bhealach atá i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta gach Páirtí, lena n-áirítear a ghealltanais faoin Teideal seo.
2.
Ní dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bearta frithsciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a lagú ná a laghdú faoi bhun na leibhéal atá i bhfeidhm san Aontas faoi theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn 17, lena n-áirítear trí gan a dlí agus a caighdeáin a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
3.
Leanfaidh na Páirtithe dá ndícheall a leibhéal cosanta frithsciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta féin dá dtagraítear sa Teideal seo a mhéadú.
4.
Déanfaidh na Páirtithe athbhreithniú rialta ar an ngá atá le feabhas a chur ar na bearta chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, dá dtagraítear i mír 2, chomh maith le gach uair a leasaíonn Páirtí amháin a reachtaíocht agus a dhéanann sé difear do chosaint ar bhealach atá ar neamhréir leis an Teideal seo.
5.
I gcás ina dtiocfaidh difríochtaí sa chothrom iomaíochta idir na Páirtithe chun cinn, rud as a dtiocfaidh saobhadh ar an gcosc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, mar thoradh ar éagsúlachtaí móra idir na Páirtithe ina reachtaíocht bhaile, déanfar comhairliúchán laistigh den Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine d’fhonn réiteach sásúil a fháil don dá thaobh maidir leis an ábhar laistigh de 45 lá.
6.
Mura dtiocfar ar réiteach atá sásúil don dá thaobh le linn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh ceachtar Páirtí bearta iomchuí athchothromaithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an gcás. Beidh na bearta sin srianta, maidir lena raon feidhme agus lena bhfad, dá bhfuil fíor-riachtanach agus comhréireacht chun an cás a leigheas. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo. Beidh measúnú Páirtí ar na tionchair sin bunaithe ar fhianaise iontaofa agus ní ar thuairimíocht nó ar fhéidearthacht fhánach amháin a bheidh sé bunaithe.
CUID A TRÍ
GEILLEAGAR AGUS TRÁDÁIL
TEIDEAL I
COTHROM IOMAÍOCHTA UM AN IOMAÍOCHT CHÓIR AGUS OSCAILTE
AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE
CAIBIDIL 1
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
AIRTEAGAL 199
Prionsabail agus cuspóirí
1.
Aithníonn na Páirtithe go gceanglaítear le trádáil agus le hinfheistíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi na téarmaí a leagtar amach sa Chomhaontú seo, coinníollacha lena n-áiritheofar cothrom iomaíochta le haghaidh iomaíocht oscailte agus chóir idir na Páirtithe agus lena n-áirithítear go ndéanfar trádáil agus infheistíocht ar bhealach a chuideoidh leis an bhforbairt inbhuanaithe.
2.
Aithníonn na Páirtithe gurb é a chuimsítear leis an bhforbairt inbhuanaithe forbairt eacnamaíoch, forbairt shóisialta agus cosaint an chomhshaoil, go bhfuil na trí nithe spleách ar a chéile agus go dtreisíonn siad a chéile agus athdhearbhaíonn siad a dtiomantas chun forbairt na trádála agus na hinfheistíochta idirnáisiúnta a chur chun cinn ar bhealach lena gcuidítear le cuspóir na forbartha inbhuanaithe.
3.
Athdhearbhaíonn gach Páirtí a uaillmhian neodracht aeráide a bhaint amach ar fud an gheilleagair faoi 2050.
4.
Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtuiscint choiteann nach féidir lena gcaidreamh eacnamaíoch, a mhéid a bhaineann sé le Giobráltar, dul chun tairbhe dóibh ar bhealach atá sásúil go frithpháirteach ach amháin más buan a ngealltanais maidir le cothrom iomaíochta le haghaidh iomaíocht oscailte chóir trí shaobhadh trádála nó infheistíochta a chosc agus trí chuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe. Tá sé de rún daingean ag na Páirtithe a n-ardchaighdeáin faoi seach a choinneáil ar bun agus a fheabhsú sna réimsí a chumhdaítear leis an Teideal seo.
5.
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil réimsí breise a chuimsiú nó caighdeáin níos airde a leagan síos ná na caighdeáin dá dtagraítear i mír 4 d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar cothrom iomaíochta idir na Páirtithe le himeacht ama.
AIRTEAGAL 200
An ceart chun rialáil a dhéanamh, prionsabal an réamhchúraim agus faisnéis eolaíoch agus theicniúil
1.
Athdhearbhaíonn na Páirtithe ceart gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí a shocrú sna réimsí a chumhdaítear leis an Teideal seo, na leibhéil chosanta a mheasann sé a bheith iomchuí a chinneadh agus a dhlí agus a bheartais a ghlacadh nó a mhodhnú ar bhealach atá i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta gach Páirtí, lena n-áirítear a ghealltanais faoin Teideal seo.
2.
Admhaíonn na Páirtithe, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, i gás inarb ann do chúiseanna réasúnta imní go bhfuil bagairtí féideartha ann go bhféadfaí damáiste mhórchúiseach dhochúlaithe a dhéanamh don chomhshaol nó do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe agus plandaí, ní bhainfear úsáid as an easpa cinnteachta eolaíche chun cosc a chur ar Pháirtí bearta iomchuí a ghlacadh chun an damáiste sin a chosc.
3.
Agus bearta á n-ullmhú nó á gcur chun feidhme ag na Páirtithe arb é is aidhm dóibh an comhshaol nó dálaí saothair a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do thrádáil nó d’infheistíocht a chosaint, déanfaidh gach Páirtí faisnéis eolaíoch theicniúil caighdeáin, treoirlínte agus moltaí idirnáisiúnta ábhartha, agus atá ar fáil a chur san áireamh.
CAIBIDIL 2
RIALÚ STÁTCHABHRACH
AIRTEAGAL 201
Rialacha substainteacha
1.
Tá feidhm ag an gCaibidil seo agus ag Iarscríbhinn 18 maidir le státchabhair a dheonaíonn an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, do ghníomhaí eacnamaíoch amháin nó níos mó:
(a)
a tháirgeann, a chlaochlaíonn nó a sholáthraíonn earraí agus tá éifeacht ag an gcabhair ar thrádáil nó ar infheistíocht idir an tAontas agus Giobráltar nó d'fhéadfadh éifeacht a bheith ag an gcabhair ar na nithe sin; nó
(b)
a bhíonn ag gabháil d’earraí a sholáthar a mhéid atá, nó a d’fhéadfadh go mbeadh, éifeacht ag an gcabhair ar thrádáil earraí nó ar infheistíocht idir an tAontas agus Giobráltar.
2.
Tá an tAontas tiomanta dá chóras rialaithe státchabhrach a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagail 93, 106, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus é á chur i bhfeidhm aige, i gcás inarb ábhartha, maidir le haon chabhair a bhfuil tionchar aici, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aici, ar thrádáil earraí nó ar infheistíocht idir an tAontas agus Giobráltar.
AIRTEAGAL 202
Eisceachtaí
Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le státchabhair:
(a)
a chumhdaítear le Cuid IV nó Iarscríbhinn 2 den Chomhaontú maidir leis an Talmhaíocht, cuid d’Iarscríbhinn IA a ghabhann le Comhaontú EDT;
(b)
a bhaineann leis an trádáil in éisc agus i dtáirgí éisc; nó
a bhaineann leis an earnáil chlosamhairc.
AIRTEAGAL 203
Trédhearcacht
1.
I dtaca le haon státchabhair a dheonaítear nó a choinnítear ar bun laistigh dá chríoch, déanfaidh gach Páirtí laistigh de shé mhí ón uair a dheonaítear an státchabhair an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil nó bunachar sonraí poiblí:
(a)
bunús dlí agus cuspóir nó cuspóir beartais na státchabhrach;
(b)
ainm fhaighteoir na státchabhrach, nuair a bheidh sé ar fáil;
(c)
dáta dheonú na státchabhrach, fad na státchabhrach agus aon teorainneacha ama eile a ghabhann leis an státchabhair; agus
(d)
méid na státchabhrach nó an méid arna bhuiséadú don státchabhair.
2.
Maidir le státchabhair i bhfoirm bearta cánach, cuirfear faisnéis ar fáil go poiblí laistigh de bhliain amháin ón dáta a mbeidh an dearbhú cánach dlite. Baineann na hoibleagáidí trédhearcachta maidir le státchabhair i bhfoirm bearta cánach leis an bhfaisnéis chéanna a liostaítear i mír 1, seachas an fhaisnéis is gá faoi phointe (d) den mhír sin, ar féidir í a chur ar fáil mar raon.
3.
Tá na hoibleagáidí san Airteagal seo gan dochar d’oibleagáidí na bPáirtithe faoina ndlíthe faoi seach maidir le saoirse faisnéise nó rochtain ar dhoiciméid.
AIRTEAGAL 204
Úsáid státchabhrach
Áiritheoidh gach Páirtí go n-úsáidfidh gníomhaithe eacnamaíocha státchabhair ach amháin chun na críche sonraí dá ndeonaítear an chabhair.
AIRTEAGAL 205
Údarás neamhspleách agus comhar
1.
Déanfaidh gach Páirtí údarás nó comhlacht atá neamhspleách go hoibríochtúil a bhunú nó a choinneáil ar bun, ar údarás nó comhlacht a mbeidh ról iomchuí aige ina chóras rialaithe státchabhrach. Agus a fheidhmeanna oibríochtúla á bhfeidhmiú aige, beidh na ráthaíochtaí riachtanacha neamhspleáchais ag an údarás nó ag an gcomhlacht neamhspleách sin agus gníomhóidh sé go neamhchlaonta.
2.
Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfar fógra dá údarás nó comhlacht neamhspleách féin faoi aon bheart atá beartaithe agus nach gcuirfear an beart sin i bhfeidhm sula mbeidh sé údaraithe ag an údarás nó comhlacht neamhspleách.
3.
Féadfaidh Páirtí catagóirí áirithe státchabhrach a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos sa dara mír, ar choinníoll go mbeidh na díolúintí sin trédhearcach agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail méid na dtairbhithe agus tairseacha cainníochtúla, ach gan bheith teoranta dóibh. I gcás na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, comhlíonfaidh na díolúintí sin Iarscríbhinn 18.
4.
Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh sé de chumhacht ag a údarás nó comhlacht neamhspleách chun gnóthú aon státchabhrach a dheonaigh an t-údarás nó comhlacht neamhspleách roimh ré a ordú.
5.
Spreagfaidh gach Páirtí a údarás nó a chomhlacht neamhspleách chun comhoibriú le húdarás nó comhlacht neamhspleách an Pháirtí eile maidir le saincheisteanna leasa choitinn laistigh dá bhfeidhmeanna féin, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagail 201 go 204 de réir mar is infheidhme, laistigh de na teorainneacha a bhunaítear lena gcreataí dlíthiúla faoi seach. Féadfaidh na Páirtithe, nó a n-údaráis nó a gcomhlachtaí neamhspleácha féin, teacht ar chomhaontú maidir le creat ar leith i ndáil le comhar idir na húdaráis nó na comhlachtaí neamhspleácha sin.
6.
Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le haon bheart atá beartaithe chun státchabhair dá dtagraítear in Airteagal 201 a dheonú nó a athrú le hAcht ó Pharlaimint Ghiobráltar. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go dtabharfar fógra dá húdarás nó comhlacht neamhspleách faoi aon bheart den sórt sin atá beartaithe. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbeidh sé de chumhacht ag a húdarás nó comhlacht neamhspleách tuairim a eisiúint maidir le haon bheart den sórt sin atá beartaithe. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, aird ar an tuairim sin agus, i gcás inarb infheidhme, molfaidh sí leasuithe ar an Acht i gceist lena mbreithniú ag Parlaimint Ghiobráltar.
7.
Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le haon bheart chun státchabhair dá dtagraítear in Airteagal 201 a dheonú nó a athrú le hAcht ó Pharlaimint Ghiobráltar. Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbeidh sé de chumhacht ag a húdarás nó comhlacht neamhspleách tuairim a eisiúint maidir le haon bheart den sórt sin. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, aird ar an tuairim sin agus, i gcás inarb infheidhme, molfaidh sí leasuithe ar an Acht i gceist lena mbreithniú ag Parlaimint Ghiobráltar.
AIRTEAGAL 206
Cúirteanna agus Binsí
1.
Áiritheoidh gach Páirtí, i gcomhréir lena dhlíthe agus lena ord bunreachtúil, go bhfuil a chúirteanna nó a bhinsí inniúil chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí maidir le státchabhair arna ndéanamh ag údarás deonúcháin nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás nó comhlacht neamhspleách, i gcomhréir lena chóras rialaithe státchabhrach;
(b)
athbhreithniú a dhéanamh ar aon bhreitheanna iomchuí eile de chuid an údaráis nó chomhlachta neamhspleách agus ar aon mhainneachtain gníomhú;
(c)
leigheasanna a fhorchur atá éifeachtach, i ndáil le pointe (a) nó (b), lena n-áirítear fionraíocht, toirmeasc, nó ceanglas gnímh ag an údarás deonúcháin, damáistí a dheonú agus gnóthú státchabhrach óna tairbhí maille le hús.
(d)
éilimh ó pháirtithe leasmhara i leith státchabhrach a éisteacht; i gcás ina mbeidh seasamh ag an bpáirtí leasmhar sin éileamh a thionscnamh i leith státchabhrach faoi dhlí an Pháirtí sin.
2.
Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 207, ciallaíonn ‘páirtí leasmhar’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon ghníomhaí eacnamaíoch nó comhlachas de ghníomhaithe eacnamaíocha a bhféadfadh deonú státchabhrach, go háirithe an tairbhí, gníomhaithe eacnamaíocha atá in iomaíocht leis an tairbhí nó leis na comhlachais trádála ábhartha difear a dhéanamh dá leas.
3.
Ní bheidh feidhm ag pointe (c) de mhír 1 maidir le haon bheart chun státchabhair dá dtagraítear in Airteagal 201 a dheonú nó a athrú ar bhonn Acht ó Pharlaimint Ghiobráltar ach amháin, más deimhin le cúirt nó le binse go bhfuil an chabhair sin ar neamhréir leis an gComhaontú seo, go bhféadfaidh sí nó sé dearbhú a dhéanamh maidir leis an neamhréireacht sin. Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, aird ar an dearbhú sin agus molfaidh sí leasuithe ar an Acht i gceist lena mbreithniú ag Parlaimint Ghiobráltar nó déanfaidh sí bearta eile, i gcás inarb infheidhme.
AIRTEAGAL 207
Gnóthú
1.
Beidh sásra éifeachtach um ghnóthú i bhfeidhm ag gach Páirtí i leith státchabhrach i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas, gan dochar do chumhacht an údaráis nó an chomhlachta neamhspleách mar a leagtar amach in Airteagal 205 ná do leigheasanna eile atá i ndlí an Pháirtí sin.
2.
Gan dochar do mhír 3, áiritheoidh gach Páirtí, ar choinníoll go mbeidh agóid déanta ag páirtí leasmhar in aghaidh chinneadh de chuid an Pháirtí sin státchabhair a dheonú os comhair cúirte nó binse laistigh den tréimhse ama ábhartha, i gcomhréir le córas rialaithe státchabhrach an Pháirtí sin, go bhféadfar gnóthú a ordú má dhéanann cúirt nó binse de chuid an Pháirtí sin cinneadh go bhfuil earráid ábhartha dlí nó fíorais ann, sa mhéid seo a leanas:
(a)
nár dhéileáil an t-údarás deonúcháin le beart arb ionann é agus státchabhair mar státchabhair;
(b)
nár chomhlíon an t-údarás deonúcháin an córas ábhartha rialaithe státchabhrach atá ina cheangal air; nó
(c)
gur ghníomhaigh an t-údarás deonúcháin, trí chinneadh a dhéanamh an státchabhair sin a dheonú, lasmuigh de raon feidhme a chumhachtaí nó gur bhain sé mí-úsáid as na cumhachtaí sin i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
3.
Cuirfidh gach Páirtí íocaíocht aon státchabhrach nua le tairbhí ar fionraí go dtí go ndéanfar an chabhair a deonaíodh don tairbhí sin, ar ina leith a rinneadh ordú gnóthaithe, a ghnóthú go hiomlán, lena n-áirítear aon ús gnóthaithe dlite.
4.
I gcomhréir le hAirteagail 205(6) agus (7) agus 206(3), ní cheanglófar gnóthú státchabhrach i gcás ina ndéantar an chabhair sin a dheonú nó a athrú ar bhonn Acht ó Pharlaimint Ghiobráltar.
AIRTEAGAL 208
Comhairliúcháin
1.
Má mheasann Páirtí gur dheonaigh an Páirtí eile státchabhair nó go bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil sé ar intinn ag an bPáirtí eile státchabhair a dheonú agus go bhfuil nó go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag deonú na státchabhrach ar thrádáil earraí nó ar infheistíocht idir na Páirtithe, féadfaidh sé a iarraidh ar an bPáirtí eile míniú a thabhairt ar an gcaoi ar urramaíodh an Comhaontú seo maidir leis an státchabhair sin.
2.
Féadfaidh Páirtí an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 203 a iarraidh freisin a mhéid nár cuireadh an fhaisnéis ar fáil go poiblí cheana ar shuíomh gréasáin oifigiúil nó ar bhunachar sonraí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 203, nó a mhéid nár cuireadh an fhaisnéis ar fáil ar bhealach a bhfuil rochtain éasca uirthi.
3.
Déanfaidh an Páirtí eile an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar i scríbhinn tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis dháta fála na hiarrata. Mura féidir aon fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil, míneoidh an Páirtí sin easpa na faisnéise sin ina fhreagra i scríbhinn.
4.
Más rud é, tar éis an fhaisnéis a iarradh a fháil, go measann an Páirtí iarrthach fós go bhfuil nó go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an státchabhair a dheonaigh an Páirtí eile nó a bheartaíonn an Páirtí eile a dheonú ar thrádáil earraí nó ar infheistíocht idir na Páirtithe, féadfaidh an Páirtí iarrthach comhairliúcháin a iarraidh laistigh den Choiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil. Is i scríbhinn a bheidh an iarraidh sin agus beidh inti míniú ar na cúiseanna atá ag an bPáirtí iarrthach leis an gcomhairliúchán a iarraidh.
5.
Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil gach iarracht teacht ar réiteach ar an gceist a bheidh sásúil don dá thaobh. Reáchtálfaidh sé a chéad chruinniú laistigh de 30 lá ón iarraidh ar chomhairliúchán.
6.
Is féidir síneadh ama a chur leis na comhairliúcháin i míreanna 3 agus 5 thuas trí chomhaontú idir na Páirtithe.
AIRTEAGAL 209
Bearta leighis
1.
Féadfaidh Páirtí iarraidh i scríbhinn ar fhaisnéis agus ar chomhairliúcháin a sheachadadh ar an bPáirtí eile maidir le státchabhair a mheasann sé is cúis, nó a bhfuil baol tromchúiseach ann go mbeidh tionchar diúltach mór aici ar thrádáil earraí nó ar infheistíocht idir na Páirtithe. Ba cheart don Pháirtí iarrthach gach faisnéis ábhartha a chur ar fáil san iarraidh sin chun a chumasú do na Páirtithe teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá pháirtí, lena n-áirítear tuairisc ar an státchabhair agus ar ábhair imní an Pháirtí iarrthaigh maidir lena héifeacht ar thrádáil earraí nó ar infheistíocht.
2.
Tráth nach déanaí ná 30 lá ón dáta a seachadtar an iarraidh, seachadfaidh an Páirtí iarrtha freagra i scríbhinn lena gcuirfear an fhaisnéis iarrtha ar fáil don Pháirtí iarrthach, agus rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán, a measfar iad a bheith críochnaithe 60 lá ón dáta a sheachadfar an iarraidh sin, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Is faoi rún a bheidh na comhairliúcháin sin, agus go háirithe gach faisnéis a ainmneofar mar fhaisnéis rúnda agus seasaimh arna nglacadh ag na Páirtithe le linn chomhairliúchán, agus beidh siad gan dochar do chearta ceachtar Páirtí in aon imeachtaí eile.
3.
Tráth nach luaithe ná 60 lá ó dháta seachadta na hiarrata dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Páirtí iarrthach bearta leighis iomchuí a dhéanamh go haontaobhach má tá fianaise ann go bhfuil státchabhair ón bPáirtí iarrtha mar chúis, nó má tá riosca tromchúiseach ann go mbeidh sí ina cúis le mórthionchar diúltach ar thrádáil earraí nó ar infheistíocht idir na Páirtithe.
4.
Tráth nach luaithe ná 45 lá ó dháta seachadta na hiarrata dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an Páirtí iarrthach fógra don Pháirtí iarrtha faoi na bearta leighis atá beartaithe aige a ghlacadh i gcomhréir le mír 3. Soláthróidh an Páirtí iarrthach an fhaisnéis go léir is ábhartha maidir leis na bearta a bhfuil sé i gceist aige a dhéanamh chun a chur ar chumas na bPáirtithe teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá pháirtí. Ní fhéadfaidh an Páirtí iarrthach na bearta leighis sin a dhéanamh níos luaithe ná 15 lá ón dáta a seachadtar an fógra faoi na bearta sin ar an bPáirtí iarrtha.
5.
Maidir le measúnú Páirtí go bhfuil baol tromchúiseach ann go mbeidh tionchar diúltach suntasach ann, beidh sé bunaithe ar fhíorais seachas ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach amháin. An t-athrú imthosca lena dtiocfadh tionchar diúltach suntasach as státchabhair, ní mór é a bheith soiléir intuartha.
6.
Maidir le measúnú Páirtí i dtaobh státchabhair a bheith ann nó tionchar diúltach mór a bheith aici ar thrádáil earraí nó ar infheistíocht idir na Páirtithe mar gheall ar an státchabhair, beidh sé bunaithe ar fhianaise iontaofa agus ní ar thuairimíocht nó ar fhéidearthacht fhánach amháin a bheidh sé, agus bainfidh sé le hearraí nó gníomhaithe eacnamaíocha inaitheanta, lena n-áirítear, más ábhartha, i gcás scéimeanna státchabhrach.
7.
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus Trádáil liosta léiritheach a choinneáil de mhéid a bheadh ina tionchar diúltach mór ar thrádáil earraí nó ar infheistíocht idir na Páirtithe de réir bhrí an Airteagail seo. Beidh an méid sin gan dochar do cheart na bPáirtithe bearta leighis a ghlacadh.
8.
Ní rachaidh na bearta leighis, a thógfar de bhun mhír 3 thar an méid is gá agus comhréireach chun an tionchar diúltach suntasach a dhéantar a leigheas nó chun aghaidh a thabhairt ar an riosca dáiríre a bhaineann le tionchar den sórt sin. Tabharfar tosaíocht do bhearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo.
9.
Laistigh de chúig lá ón dáta a thiocfaidh na bearta leighis dá dtagraítear i mír 3 i bhfeidhm agus gan dul i muinín comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 304, féadfaidh an Páirtí dá dtugtar fógra a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 305(2), binse eadrána a bhunú trí bhíthin iarraidh i scríbhinn a sheachadfar ar an bPáirtí iarrthach chun go bhféadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an bhfuil beart leighis arna dhéanamh ag an bPáirtí iarrthach ar neamhréir le míreanna 3 nó 5;
(b)
nár ghlac an Páirtí iarrthach páirt sna comhairliúcháin tar éis don Pháirtí iarrtha an fhaisnéis iarrtha a sheachadadh agus gur aontaigh sé na comhairliúcháin sin a sheoladh; nó
(c)
gur tharla mainneachtain beart leighis a dhéanamh nó fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir leis na tréimhsí ama dá dtagraítear i míreanna 3 nó 4 faoi seach.
Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh sin ar na bearta feabhais. Thairis sin, ní dhéanfaidh an binse eadrána measúnú ar iarratas Páirtí ar a chóras rialaithe státchabhrach.
10.
Déanfaidh an binse eadrána a bhunófar tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 9 a imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 327 agus tabharfaidh sé a rialú deiridh laistigh de 30 lá tar éis a bhunaithe.
11.
I gcás cinneadh i gcoinne an Pháirtí is freagróir, déanfaidh an Páirtí is freagróir, 30 lá ar a dhéanaí ón dáta a seachadadh an rialú ón mbinse eadrána, fógra a sheachadadh don Pháirtí is déantóir gearáin faoi aon bheart a bheidh déanta aige chun an rialú sin a chomhlíonadh.
12.
Tar éis cinneadh i gcoinne an Pháirtí is freagróir sa nós imeachta dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin a iarraidh ar an mbinse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó rialú a fháil, leibhéal fionraí na n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo nó comhaontú forlíontach a chinneadh nach sáraíonn an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó leis an lagú atá ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm na mbeart leighis, má chinneann sé go bhfuil neamhréireacht na mbeart leighis le mír 3 nó mír 8 den Airteagal seo suntasach. Molfaidh an iarraidh leibhéal fionraí oibleagáidí i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 316. Féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin oibleagáidí faoin gComhaontú seo nó faoi chomhaontú forlíontach a chur ar fionraí de réir leibhéal fionraí na n-oibleagáidí a chinnfidh an binse eadrána. Ní chuirfear an fhionraí sin i bhfeidhm níos luaithe ná 15 lá tar éis an rialaithe sin.
13.
Ní dhéanfaidh Páirtí Comhaontú EDT ná aon chomhaontú idirnáisiúnta eile a agairt chun cosc a chur ar an bPáirtí eile bearta a dhéanamh de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear i gcás gurb é a bhíonn sna bearta sin oibleagáidí a chur ar fionraí faoin gComhaontú seo nó faoi chomhaontú forlíontach.
14.
Chun a mheasúnú an bhfuil sé teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach nó comhréireach chun críocha an Airteagail seo bearta leighis a fhorchur nó a choinneáil ar allmhairí den táirge céanna, déanfaidh Páirtí an méid seo a leanas:
(a)
bearta frithchúitimh arna gcur i bhfeidhm nó arna gcoimeád ar bun i gcomhréir le ceanglais an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh agus de bhun próiseas cothrom agus trédhearcach a chur san áireamh; agus
(b)
féadfaidh sé bearta frithdhumpála arna gcur i bhfeidhm nó arna gcoimeád ar bun i gcomhréir le ceanglais an Chomhaontaithe Frithdhumpála agus de bhun próiseas cothrom agus trédhearcach a chur san áireamh.
15.
Mura gcuirfidh an Páirtí a ndearnadh bearta leighis ina choinne iarraidh de bhun mhír 9 isteach laistigh den tréimhse ama a leagtar síos sa mhír sin, féadfaidh an Páirtí sin an nós imeachta eadrána dá dtagraítear in Airteagal 305 a thionscnamh chun beart leighis a agóid ar na forais a leagtar amach i mír 9 gan dul i muinín comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 304. Caithfidh binse eadrána go práinneach leis an tsaincheist chun críoch Airteagal 310.
16.
Chun críocha na n-imeachtaí faoi mhír 9 nó 15, agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil beart feabhais fíor-riachtanach nó comhréireach, tabharfaidh an binse eadrána aird chuí ar na prionsabail a leagtar amach i míreanna 5, 6 agus 13.
AIRTEAGAL 210
Réiteach díospóidí
1.
Faoi réir mhíreanna 2 agus 3, tá feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé maidir le díospóidí idir na Páirtithe a bhaineann le léiriú agus cur i bhfeidhm na Caibidle seo, cé is moite d’Airteagail 205 agus 206.
2.
Ní bheidh dlínse ag binse eadrána maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
beart státchabhrach aonair, lena n-áirítear ar chomhlíon an beart sin córas rialaithe státchabhrach an Pháirtí ábhartha; agus
(b)
an ndearnadh an leigheas um ghnóthú de réir bhrí Airteagal 207 a chur i bhfeidhm i gceart in aon chás ar leith.
3.
Beidh feidhm ag Teideal I de Chuid a Sé maidir le hAirteagal 209 i gcomhréir leis an Airteagal sin agus le hAirteagal 327.
CAIBIDIL 3
CÁNACHAS
AIRTEAGAL 211
Dea-rialachas
Aithníonn na Páirtithe agus geallann siad go gcuirfidh siad prionsabail an dea-rialachais chun feidhme i réimse an chánachais, go háirithe na caighdeáin dhomhanda maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise agus iomaíocht chóir cánachais. Athdhearbhaíonn na Páirtithe go dtacaíonn siad le Plean Gníomhaíochta na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch (ECFE) maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) agus dearbhaíonn siad go bhfuil siad tiomanta íoschaighdeáin ECFE i gcoinne BEPS a chur chun feidhme. Cuirfidh na Páirtithe dea-rialachas i gcúrsaí cánach chun cinn, feabhsóidh siad an comhar idirnáisiúnta i réimse an chánachais agus éascóidh siad bailiú an ioncaim ó chánacha.
AIRTEAGAL 212
Caighdeáin chánachais
1.
Ní dhéanfaidh Páirtí leibhéal na cosanta dá bhforáiltear ina reachtaíocht an 31 Nollaig 2020 a lagú ná a laghdú faoi bhun an leibhéil dá bhforáiltear sna caighdeáin agus sna rialacha a comhaontaíodh in ECFE ag deireadh na hidirthréimhse, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
faisnéis a mhalartú, bíodh sé go n-iarrtar sin go spontáineach nó go huathoibríoch, faoi chuntais airgeadais, faoi rialuithe maidir le cáin trasteorann, faoi thuarascálacha de réir tíre idir riaracháin chánach agus faoi shocruithe pleanála cánach trasteorann a d'fhéadfadh a bheith ann;
(b)
rialacha maidir le teorannú úis, cuideachtaí coigríche rialaithe agus neamhréireanna hibrideacha.
2.
Ní dhéanfaidh Páirtí an leibhéal cosanta dá bhforáiltear ina reachtaíocht an 31 Nollaig 2020 i leith tuairisciú poiblí de réir tíre ag institiúidí creidmheasa agus ag gnólachtaí infheistíochta, seachas gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha.
AIRTEAGAL 213
Réiteach díospóidí
Ní bheidh an Chaibidil seo faoi réir réiteach díospóidí faoi Theideal I de Chuid a Sé.
CAIBIDIL 4
CAIGHDEÁIN SAOTHAIR AGUS SHÓISIALTA
AIRTEAGAL 214
Sainmhíniú
1.
Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘leibhéil chosanta saothair agus sóisialta’ na leibhéil chosanta a thugtar go foriomlán i ndlí agus caighdeáin Páirtí, i ngach ceann de na réimse seo a leanas:
(a)
cearta bunúsacha ag an obair;
(b)
caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ag an obair;
(c)
dálaí córa oibre agus caighdeáin chóra fostaíochta;
(d)
cearta faisnéise agus comhairliúcháin ar leibhéal cuideachta; nó
(e)
gnóthais a athstruchtúrú.
2.
I gcás an Aontais, ciallaíonn ‘leibhéil chosanta saothair agus sóisialta’ an leibhéal cosanta saothair agus an leibhéal sóisialta cosanta is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile agus atá i gcoiteann acu.
AIRTEAGAL 215
Neamh-chúlchéimniú ó leibhéil chosanta
1.
Dearbhaíonn na Páirtithe ceart gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí a shocrú sna réimsí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, na leibhéil chosanta saothair agus sóisialta a mheasann sé a bheith iomchuí a chinneadh agus a dhlí agus a bheartais a ghlacadh nó a mhodhnú ar bhealach atá i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta gach Páirtí, lena n-áirítear a ghealltanais faoin gCaibidil seo.
2.
Ní dhéanfaidh Páirtí a leibhéil chosanta saothair agus sóisialta a lagú ná a laghdú, ar bhealach a dhéanfaidh difear do thrádáil nó d’infheistíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar leibhéil iad atá faoi bhun na leibhéal atá i bhfeidhm ag deireadh na hidirthréimhse, lena n-áirítear trí gan a dhlí agus a chaighdeáin a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
3.
Aithníonn na Páirtithe go gcoinníonn gach Páirtí an ceart chun rogha réasúnach a fheidhmiú agus cinntí bona fide a dhéanamh maidir le hacmhainní forfheidhme saothair a leithdháileadh ar dhlí saothair eile a meastar go bhfuil tosaíochtaí níos airde aige, ar choinníoll nach bhfuil feidhmiú na sainrogha sin, agus na cinntí sin, neamh-chomhsheasmhach lena oibleagáidí faoin gCaibidil seo.
4.
Leanfaidh na Páirtithe dá ndícheall a leibhéil chosanta saothair agus sóisialta féin dá dtagraítear sa Chaibidil seo a mhéadú.
AIRTEAGAL 216
Forfheidhmiú
Chun críocha forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 215, beidh córas i bhfeidhm agus á choinneáil ar bun ag gach Páirtí i ndáil le forfheidhmiú éifeachtach intíre agus, go háirithe, córas éifeachtach cigireachtaí saothair i gcomhréir lena ghealltanais idirnáisiúnta a bhaineann le dálaí oibre agus le hoibrithe a chosaint; déanfaidh gach Páirtí a áirithiú go mbeidh imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha ar fáil a thugann deis d’údaráis phoiblí agus do dhaoine aonair a bhfuil sé d’acmhainn acu caingne a thionscnamh go tráthúil i gcoinne sáruithe ar dhlí an tsaothair agus ar chaighdeáin shóisialta; agus déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le réitigh iomchuí éifeachtacha, lena n-áirítear faoiseamh eatramhach, chomh maith le smachtbhannaí comhréireacha agus athchomhairleacha i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, i gcás inarb iomchuí. I gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú intíre Airteagal 215, urramóidh gach Páirtí ról agus uathriail na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal intíre, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas is infheidhme.
AIRTEAGAL 217
Réiteach díospóidí
1.
Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht trí idirphlé, trí chomhairliúchán, trí mhalartú faisnéise agus trí chomhar chun aghaidh a thabhairt ar aon easaontas maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo.
2.
De mhaolú ar Theideal I de Chuid a Sé, i gcás díospóid idir na Páirtithe maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo, rachaidh na Páirtithe ar iontaoibh na nósanna imeachta go heisiach arna mbunú faoi Airteagail 235 go 237.
CAIBIDIL 5
AN COMHSHAOL AGUS AN AERÁID
AIRTEAGAL 218
Sainmhínithe
1.
Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn ‘leibhéil chosanta comhshaoil agus aeráide’ na leibhéil chosanta a sholáthraítear ar an iomlán i ndlí Páirtí arb é is aidhm dóibh an comhshaol agus an aeráid a chosaint, lena n-áirítear baol do bheatha an duine nó do shláinte an duine ó thionchair ar an gcomhshaol a chosc agus an t-athrú aeráide a chomhrac, lena n-áirítear i ngach ceann de na réimsí seo a leanas:
(a)
rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil;
(b)
rannpháirtíocht an phobail agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil;
(c)
measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus measúnú straitéiseach ar an gcomhshaol;
(d)
astaíochtaí aeir agus cáilíocht an aeir;
(e)
caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta;
(f)
bainistiú dramhaíola, lena n-áirítear saoráidí glactha calafoirt i gcás inarb ábhartha;
(g)
astaíochtaí fuaime;
(h)
cosaint agus caomhnú an chomhshaoil uiscigh agus mhuirí, lena n-áirítear úsáid saoráidí glactha calafoirt i gcás inarb ábhartha;
(i)
cosc, laghdú agus díothú rioscaí do shláinte an duine nó an ainmhí, nó don chomhshaol de dheasca substaintí ceimiceacha a tháirgeadh, a úsáid, a scaoileadh agus a dhiúscairt; nó
(j)
an t-athrú aeráide, go háirithe astaíochtaí agus aistriú gás ceaptha teasa, lena n-áirítear na córais éifeachtacha praghsála carbóin nó bearta coibhéiseacha chun astaíochtaí a laghdú.
2.
I gcás an Aontais, ciallaíonn ‘leibhéil chosanta comhshaoil agus aeráide’ an leibhéal cosanta comhshaoil agus an leibhéal cosanta aeráide is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile, agus sna Ballstáit uile, agus atá i gcoiteann acu.
3.
I gcás na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn ‘leibhéil chosanta comhshaoil agus aeráide’ an leibhéal cosanta comhshaoil agus an leibhéal cosanta aeráide i ndlí intíre Ghiobráltar, lena n-áirítear gealltanais idirnáisiúnta a leathnaíodh chun Giobráltar a chumhdach.
AIRTEAGAL 219
Leibhéil chosanta
1.
Dearbhaíonn na Páirtithe ceart gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí a shocrú sna réimsí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, na leibhéil chosanta chomhshaoil agus aeráide a mheasann sé a bheith iomchuí a chinneadh agus a dhlí agus a bheartais a ghlacadh nó a mhodhnú ar bhealach atá i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta gach Páirtí, lena n-áirítear a ghealltanais faoin gCaibidil seo.
2.
Aithníonn na Páirtithe go gcoinníonn gach Páirtí an ceart chun rogha réasúnach a fheidhmiú agus cinntí bona fide a dhéanamh maidir le hacmhainní forfheidhme comhshaoil a leithdháileadh ar dhlí comhshaoil eile a meastar go bhfuil tosaíochtaí níos airde aige, ar choinníoll nach bhfuil feidhmiú na sainrogha sin, agus na cinntí sin, neamh-chomhsheasmhach lena oibleagáidí faoin gCaibidil seo.
3.
Ní dhéanfaidh an tAontas a leibhéil chosanta comhshaoil nó aeráide a lagú ná a laghdú faoi bhun na leibhéal a bhí i bhfeidhm an 31 Nollaig 2020 lena n-áirítear trí gan a dhlí comhshaoil agus aeráide a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
4.
Seasfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na leibhéil chosanta comhshaoil agus aeráide atá coibhéiseach leis na leibhéil atá i bhfeidhm san Aontas, lena n-áirítear trí dhlíthe comhshaoil agus aeráide is infheidhme maidir le Giobráltar agus i nGiobráltar a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
AIRTEAGAL 220
Praghsáil carbóin
1.
Beidh córas éifeachtach praghsála carbóin nó bearta coibhéiseacha i bhfeidhm ag gach Páirtí chun astaíochtaí a laghdú faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
2.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbeidh raon feidhme agus éifeachtacht ag an gcóras praghsála carbóin nó bearta coibhéiseacha chun astaíochtaí a laghdú atá i bhfeidhm i nGiobráltar coibhéiseach leis an raon feidhme atá i bhfeidhm san Aontas tráth a thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm.
3.
A mhéid a bhaineann leis an eitlíocht, cumhdófar le raon feidhme chóras praghsála carbóin an Aontais na heitiltí uile idir an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Giobráltar. Cumhdófar le raon feidhme chóras praghsála carbóin na Ríochta Aontaithe na heitiltí uile idir an Ríocht Aontaithe agus Giobráltar.
4.
Cuirfear an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme éifeachtach mhíreanna 1 go 3.
5.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, athbhreithniú ar chur chun feidhme a córais praghsála carbóin nó bearta coibhéiseacha in 2030 agus go rialta i gcomhthéacs an dul chun cinn thar a creataí reatha chun astaíochtaí a laghdú.
AIRTEAGAL 221
Prionsabail eile maidir leis an gComhshaol agus leis an Aeráid
Agus é á chur san áireamh go bhfuil bithsféar comhchoiteann i ndáil le truailliú trasteorann ag an Aontas agus ag Giobráltar, geallann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na prionsabail chomhshaoil a aithnítear go hidirnáisiúnta a bhfuil gealltanas tugtha acu ina leith a urramú, amhail i nDearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt, arna ghlacadh i Rio de Janeiro an 14 Meitheamh 1992 (‘Dearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus Forbairt 1992’) agus i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil a bhfuil feidhm acu maidir leis an Aontas agus leis an Ríocht Aontaithe a leathnaíodh chun Giobráltar a chumhdach, lena n-áirítear Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’) agus an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna dhéanamh i Rio de Janeiro an 5 Meitheamh 1992 (an ‘Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch’), go háirithe:
(a)
an prionsabal gur cheart cosaint an chomhshaoil a bheith ina dhlúthchuid de dhéanamh beartas, lean n-áirítear trí bhíthin measúnuithe tionchair;
(b)
prionsabal na gníomhaíochta coisc chun damáiste don chomhshaol a sheachaint;
(c)
prionsabal an réamhchúraim dá dtagraítear in Airteagal 200;
(d)
an prionsabal gur cheart tosaíocht a thabhairt do bhearta chun damáiste don chomhshaol a leigheas ag an bhfoinse; agus
(e)
an prionsabal gurb é nó í údar an truaillithe a íocfaidh as.
AIRTEAGAL 222
Forfheidhmiú
Chun críocha an fhorfheidhmithe, déanfaidh gach Páirtí, i gcomhréir lena dhlíthe, a áirithiú:
(a)
go dtabharfaidh údaráis náisiúnta, atá inniúil an dlí ábhartha maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an aeráid a fhorfheidhmiú, aird chuí ar sháruithe líomhnaithe ar an dlí sin a thagann ar a n-aire; beidh leigheasanna leordhóthanacha éifeachtacha ar fáil do na húdaráis sin, lena n-áirítear faoiseamh urghaire agus smachtbhannaí comhréireacha agus athchomhairleacha, más iomchuí; agus
(b)
beidh imeachtaí intíre riaracháin nó breithiúnacha ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil leas leordhóthanach acu chun caingne a thionscnamh in aghaidh sáruithe ar an dlí sin agus chun leigheasanna éifeachtacha a lorg, lena n-áirítear faoiseamh urghaire, agus nuair nach bhfuil na himeachtaí toirmeascach ó thaobh costais de agus nuair a sheoltar iad ar bhealach cóir, cothrom agus trédhearcach.
AIRTEAGAL 223
Réiteach díospóidí
1.
Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht trí idirphlé, trí chomhairliúchán, trí mhalartú faisnéise agus trí chomhar chun aghaidh a thabhairt ar aon easaontas maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo.
2.
De mhaolú ar Theideal I de Chuid a Sé, i gcás díospóid idir na Páirtithe maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo, rachaidh na Páirtithe ar iontaoibh na nósanna imeachta go heisiach arna mbunú faoi Airteagail 235 go 237.
CAIBIDIL 6
IONSTRAIMÍ EILE LE hAGHAIDH NA TRÁDÁLA AGUS NA FORBARTHA INBHUANAITHE
AIRTEAGAL 224
Comhthéacs agus cuspóirí
1.
Meabhraíonn na Páirtithe Clár 21, a glacadh in Rio de Janeiro an 13 Meitheamh 1992, agus Dearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt 1992, Plean Cur Chun Feidhme an Chruinnithe Mhullaigh Dhomhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe Johannesburg 2002, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 10 Meitheamh 2008 ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Saothair ag a 97ú Seisiún, arna leasú in 2022 (‘Dearbhú EIS maidir le Ceartas Sóisialta le haghaidh an Domhandaithe Chóir na bliana 2008’), an Doiciméad Deiridh ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe 2012 dar teideal The Future We Want [An Todhchaí atá Uainn] a formhuiníodh le Rún 66/288 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus a glacadh an 27 Iúil 2012, agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh le Rún 70/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghabhann leis.
2.
I bhfianaise mhír 1, is é cuspóir na Caibidle seo comhtháthú na forbartha inbhuanaithe a fheabhsú, go háirithe na gnéithe saothair agus comhshaoil di, i gcaidreamh trádála agus infheistíochta na bPáirtithe agus sa mhéid sin, gealltanais na bPáirtithe faoi Chaibidil 4 agus 5 den Teideal seo a chomhlánú.
AIRTEAGAL 225
Trédhearcacht
Leagann na Páirtithe béim ar a thábhachtaí atá sé trédhearcacht a áirithiú mar ghné riachtanach chun rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn agus chun faisnéis a phoibliú i gcomhthéacs na Caibidle seo. I gcomhréir lena ndlíthe agus a rialacháin agus le forálacha na Caibidle seo, déanfaidh gach Páirtí na nithe seo a leanas:
(a)
a chinntiú go ndéanfar aon bheart a mbeidh feidhm ghinearálta leis chun cuspóirí na Caibidle seo a bhaint amach a riaradh ar mhodh trédhearcach, lena n-áirítear trí dheiseanna réasúnacha agus dóthain ama a chur ar fáil don phobal chun a dtuairimí a thabhairt, agus trí na bearta sin a fhoilsiú;
(b)
a chinntiú go dtabharfar rochtain don phobal i gcoitinne ar fhaisnéis ábhartha faoin gcomhshaol atá i seilbh údarás poiblí nó a shealbhaíonn údaráis phoiblí, chomh maith le scaipeadh gníomhach na faisnéise sin ar an bpobal i gcoitinne a chinntiú trí mheán leictreonach;
(c)
spreagfaidh gach Páirtí díospóireacht phoiblí le gníomhaithe neamhstáit agus ina measc maidir le beartais a fhorbairt agus a shainiú a bhféadfadh sé a bheith ina thoradh orthu go nglacfadh a údaráis phoiblí dlí atá ábhartha don Chaibidil seo; áirítear leis sin, i ndáil leis an gcomhshaol, rannpháirtíocht phoiblí i dtionscadail, i bpleananna agus i gcláir; agus
(d)
feasacht an phobail ar a dhlíthe agus a chaighdeáin is iomchuí maidir leis an gCaibidil seo a chur chun cinn, mar aon le nósanna imeachta forfheidhmithe agus comhlíonta, trí bhearta a dhéanamh chun eolas agus tuiscint an phobail a chur chun cinn; i ndáil le dlíthe agus caighdeáin saothair, áirítear leis sin oibrithe, fostóirí agus a n-ionadaithe.
AIRTEAGAL 226
Caighdeáin agus comhaontuithe iltaobhacha saothair
1.
Dearbhaíonn na Páirtithe a thiomanta atá siad forbairt na trádála idirnáisiúnta a chur chun cinn ar bhealach a gcuideoidh le hobair chuibhiúil do chách, mar a cuireadh in iúl i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Ceartas Sóisialta do Dhomhandú Cothrom 2008.
2.
I gcomhréir le Bunreacht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus le Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus leis an méid a lean as, arna ghlacadh ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Saothair ag an 86ú Seisiún di sa Ghinéiv an 18 Meitheamh 1998, arna leasú in 2022, gealann gach Páirtí na prionsabail a bhaineann leis na cearta bunúsacha a urramú, a chur chun cinn agus a chur chun feidhme go héifeachtach, mar a shainítear i gCoinbhinsiúin bhunúsacha EIS, arb iad:
(a)
saoirse comhlachais agus aitheantas éifeachtach don cheart chun margála comhchoitinne;
(b)
gach cineál saothair éignithe nó éigeantaigh a dhíchur;
(c)
deireadh a chur go héifeachtach le saothar leanaí;
(d)
idirdhealú a dhíchur i leith fostaíochta agus gairm bheatha; agus
(e)
timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil.
3.
Gealann gach Páirtí Coinbhinsiúin EIS uile atá leathnaithe ag an Ríocht Aontaithe chun Giobráltar a chumhdach agus atá daingnithe ag na Ballstáit faoi seach a chur chun feidhme.
4.
Déanfaidh gach Páirtí iarrachtaí leanúnacha seasta chun coinbhinsiúin bhunúsacha EIS a dhaingniú nó a leathnú chun Giobráltar a chumhdach, de réir mar a bheidh, mura bhfuil sé sin déanta acu go fóill.
5.
Déanfaidh na Páirtithe faisnéis a mhalartú go rialta agus de réir mar is iomchuí maidir le cásanna agus dul chun cinn faoi seach na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le daingniú choinbhinsiúin nó phrótacail EIS, arna n-aicmiú a bheith cothrom le dáta ag EIS, agus ionstraimí idirnáisiúnta gaolmhara eile.
6.
Déanfaidh gach Páirtí Clár Oibre um Obair Chuibhiúil EIS a chur chun cinn trína dhlíthe agus a chleachtais féin mar a leagtar amach i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Ceartas Sóisialta do Dhomhandú Cothrom 2008, arna leasú in 2022 (‘Clár Oibre um Obair Chuibhiúil EIS’) agus coinbhinsiúin ábhartha EIS eile, agus gealltanais idirnáisiúnta eile, go háirithe:
(a)
dálaí cuibhiúla oibre do chách, maidir le, inter alia, pá agus tuilleamh, uaireanta oibre, saoire mháithreachais agus dálaí oibre eile;
(b)
sláinte agus sábháilteacht ag an obair, lena n-áirítear gortú ceirde nó breoiteacht cheirde a chosc agus cúiteamh i gcás gortú nó breoiteacht den sórt sin; agus
(c)
neamh-idirdhealú i leith coinníollacha oibre, lena n-áirítear i gcás oibrithe imirceacha.
7.
Déanfaidh gach Páirtí idirphlé sóisialta faoi chúrsaí saothair a chosaint agus a chur chun cinn i measc oibrithe agus fostóirí, agus i measc a n-eagraíochtaí faoi seach, agus le húdaráis rialtais ábhartha.
AIRTEAGAL 227
Comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha
1.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le Comhthionól Comhshaoil de chuid na Náisiún Aontaithe de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus le rialachas agus comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil mar fhreagairt ón gcomhphobal idirnáisiúnta ar dhúshláin chomhshaoil dhomhanda nó réigiúnacha agus leagann siad béim ar an ngá atá ann an chomhthacaíocht fhrithpháirteach idir beartais trádála agus beartais, rialacha agus bearta comhshaoil a fheabhsú.
2.
I bhfianaise mhír 1, gealann gach Páirtí na comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil, na prótacail agus na leasuithe a bhfuil sé ina pháirtí iontu a chur chun feidhme go héifeachtach. I ndáil leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ciallaíonn sé sin comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil a leathnaíodh chun Giobráltar a chumhdach nó a léirítear ar bhealach eile ina dlíthe agus ina cleachtais.
3.
Athdhearbhaíonn na Páirtithe ceart gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun cuspóirí comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil ar páirtí iontu é a chur chun cinn.
AIRTEAGAL 228
Trádáil agus athrú aeráide
1.
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun an athrú aeráide agus a thionchar a chomhrac, agus aithníonn siad ról na trádála agus na hinfheistíochta chun an cuspóir sin a shaothrú, i gcomhréir le UNFCCC, le cuspóir agus spriocanna Chomhaontú Pháras agus le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile agus le hionstraimí iltaobhacha eile i réimse an athraithe aeráide.
2.
I bhfianaise mhír 1, maidir le gach Páirtí:
(a)
geallann sé UNFCCC agus Comhaontú Pháras arb é príomhaidhm amháin an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide a neartú agus an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a shaothrú chun an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, a chur chun feidhme go héifeachtach;
(b)
déanfaidh sé tacaíocht fhrithpháirteach a chur chun cinn i gcás beartais agus bearta trádála agus aeráide agus, ar an gcaoi sin, cur leis an aistriú i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa, i dtreo geilleagar atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus i dtreo forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de; agus
(c)
déanfaidh sé baint bacainní ar thrádáil agus ar infheistíocht a éascú a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, amhail fuinneamh in-athnuaite, táirgí agus seirbhísí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní taraife agus neamhtharaife nó trí chreataí beartais a ghlacadh a chuideoidh leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid.
AIRTEAGAL 229
Trádáil agus bithéagsúlacht
1.
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe agus ról na trádála chun na cuspóirí sin a bhaint amach, lena n-áirítear trí thrádáil inbhuanaithe a chur chun cinn nó trí thrádáil i speicis atá i mbaol a rialú nó a shrianadh, i gcomhréir leis na comhaontuithe iltaobhacha ábhartha comhshaoil ar páirtí iontu iad, agus a mhéid a leathnaigh an Ríocht Aontaithe na comhaontuithe sin chun Giobráltar a chumhdach, agus leis na cinntí arna nglacadh fúthu, go háirithe an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus na prótacail a ghabhann leis, agus an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol, arna dhéanamh in Washington D.C. an 3 Márta 1973 (‘CITES’).
2.
I bhfianaise mhír 1, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a)
bearta éifeachtacha a chur i ngníomh chun trádáil neamhdhleathach i bhfiadhúlra a chomhrac, lena n-áirítear i leith tríú tíortha, de réir mar is iomchuí;
(b)
úsáid CITES a chur chun cinn mar ionstraim le haghaidh chaomhnú agus bhainistiú inbhuanaithe na bithéagsúlachta; lena n-áirítear trí speicis ainmhithe agus plandaí a chuimsiú sna foscríbhinní a ghabhann le CITES i gcás ina meastar go bhfuil stádas caomhnaithe an speicis sin i mbaol de dheasca trádáil idirnáisiúnta;
(c)
trádáil a spreagadh i dtáirgí a fhaightear ó úsáid inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha agus a chuireann le caomhnú na bithéagsúlachta; agus
(d)
leanúint de bhearta a dhéanamh chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú nuair atá sí faoi réir brúnna atá nasctha le trádáil agus infheistíocht, lena n-áirítear bearta chun cosc a chur ar leathadh speiceas coimhthíoch ionrach agus bearta chun deireadh a chur leis na speicis sin atá ann cheana.
AIRTEAGAL 230
Trádáil agus foraoisí
1.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le caomhnú agus le bainistiú inbhuanaithe foraoisí chun feidhmeanna comhshaoil agus deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta a sholáthar don ghlúin seo agus do na glúine atá le teacht, agus aithníonn siad ról na trádála chun an cuspóir sin a shaothrú.
2.
I bhfianaise mhír 1 agus ar bhealach atá i gcomhréir lena oibleagáidí idirnáisiúnta, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a)
leanúint de bhearta a chur chun feidhme chun an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar a chomhrac, lena n-áirítear maidir le tríú tíortha, de réir mar is iomchuí, agus an trádáil i dtáirgí foraoise a baineadh go dleathach a chur chun cinn;
(b)
caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí, agus trádáil agus tomhailt adhmaid agus táirgí adhmaid a lománaíodh de réir dhlí thír na lománaíochta agus a lománaíodh ó fhoraoisí a bhainistítear go hinbhuanaithe, a chur chun cinn;
AIRTEAGAL 231
Trádáil agus bainistiú inbhuanaithe
acmhainní bitheolaíocha na mara agus dobharshaothrú
Comhlíonfaidh gach Páirtí an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear a n-uirlisí éifeachtacha féin a ghlacadh agus a choinneáil ar bun chun iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (NNN) a chomhrac, agus glacfaidh gach ceann acu bearta chun táirgí iascaireachta NNN a eisiamh ó shreabha trádála, agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile chuige sin.
AIRTEAGAL 232
Trádáil agus infheistíocht lena dtugtar tús áite don fhorbairt inbhuanaithe
1.
Deimhníonn na Páirtithe a thiomanta atá siad ionchur na trádála agus na hinfheistíochta a fheabhsú chun an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach sna gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil di.
2.
De bhun mhír 1, leanfaidh na Páirtithe den mhéid seo a leanas a chur chun cinn:
(a)
beartais trádála agus infheistíochta a thacaíonn le ceithre chuspóir straitéiseacha Chlár Oibre um Obair Chuibhiúil EIS, beartais atá comhsheasmhach le Dearbhú 2008 ó EIS maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom, lena n-áirítear an pá íosta maireachtála, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus gnéithe eile a bhaineann le dálaí oibre;
(b)
trádáil agus infheistíocht in earraí agus i seirbhísí comhshaoil, amhail fuinneamh inathnuaite agus táirgí agus seirbhísí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní neamhtharaifí gaolmhara nó trí chreataí beartais a ghlacadh a chuideoidh leis na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a chur in úsáid;
(c)
trádáil earraí agus seirbhísí a chuidíonn le dálaí sóisialta feabhsaithe agus cleachtais atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear earraí atá faoi réir scéimeanna deonacha dearbhaithe inbhuanaitheachta amhail scéimeanna trádála córa agus eiticiúla agus éicilipéid;
3.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe trí athbhreithniú, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a d'fhéadfadh a bheith ag gníomhartha féideartha, agus tuairimí geallsealbhóirí á gcur san áireamh.
AIRTEAGAL 233
Trádáil agus bainistiú freagrach an tslabhra soláthair
1.
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le slabhraí soláthair a bhainistiú ar bhealach freagrach trí iompar gnó freagrach agus trí chleachtais maidir le freagracht shóisialta chorparáideach agus ról na trádála chun an cuspóir sin a bhaint amach.
2.
I bhfianaise mhír 1, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a)
freagracht shóisialta chorparáideach agus iompar freagrach gnó a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chreataí beartais tacaíochta a chur ar fáil lena spreagtar gnólachtaí chun cleachtais iomchuí a ghlacadh; agus
(b)
tacú le hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha a leanúint, a chur chun feidhme, a athleanúint agus a scaipeadh, amhail Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta a ghlac Comhairle ECFE an 27 Meitheamh 2000, Dearbhú Trípháirteach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta a ghlac Comhlacht Rialaithe EIS ag a 204ú seisiún sa Ghinéiv i mí na Samhna 1977, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe, agus Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.
3.
Aithníonn na Páirtithe áirgiúlacht treoirlínte idirnáisiúnta a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith i réimse na freagrachta sóisialta corparáidí agus i réimse an iompair fhreagraigh gnó agus spreagfaidh siad obair chomhpháirteach ina leith sin. Maidir le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí do shlabhraí soláthair freagracha mianraí ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó ó limistéir ardriosca agus na forlíonta a bhaineann léi, cuirfidh na Páirtithe bearta chun feidhme freisin chun glacadh na Treorach sin a chur chun cinn.
AIRTEAGAL 234
Réiteach Díospóidí
1.
Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht trí idirphlé, trí chomhairliúchán, trí mhalartú faisnéise agus trí chomhar chun aghaidh a thabhairt ar aon easaontas maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo.
2.
De mhaolú ar [Réiteach díospóidí], i gcás díospóid idir na Páirtithe maidir le cur i bhfeidhm na Caibidle seo, rachaidh na Páirtithe ar iontaoibh na nósanna imeachta go heisiach arna mbunú faoi Airteagail 235 agus 236.
CAIBIDIL 7
FORÁLACHA COTHROMÁNACHA AGUS INSTITIÚIDEACHA
AIRTEAGAL 235
Comhairliúcháin
1.
Féadfaidh Páirtí comhairliúcháin a iarraidh leis an bPáirtí eile maidir le haon ábhar a thagann chun cinn faoi Airteagal 199(3) agus faoi Chaibidlí 4, 5 agus 6 den Teideal seo trí iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an bPáirtí eile. Sonróidh an Páirtí is déantóir gearán ina iarraidh i scríbhinn na cúiseanna agus an bunús atá leis an iarraidh, lena n-áirítear sainaithint na mbeart atá i gceist, agus sonróidh sé na forálacha a mheasfaidh sé a bheith infheidhme. Ní mór go dtosóidh comhairliúcháin go pras tar éis do Pháirtí iarraidh ar chomhairliúcháin a chur isteach, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a seachadadh an iarraidh, mura gcomhaontóidh na Páirtithe ar thréimhse níos faide.
2.
Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin arb é is aidhm dóibh teacht ar réiteach ar an ábhar atá sásúil don dá thaobh. Le linn comhairliúchán, soláthróidh gach Páirtí don Pháirtí eile dóthain faisnéise atá ina sheilbh chun go bhféadfar scrúdú iomlán a dhéanamh ar na hábhair arna n-ardú. Féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú go mbeidh pearsanra a n-údarás inniúil, a bhfuil saineolas acu ar an ábhar is ábhar do na comhairliúcháin iad, rannpháirteach.
3.
In ábhair a bhaineann le hAirteagal 199(3) nó leis na comhaontuithe iltaobhacha nó na hionstraimí iltaobhacha dá dtagraítear i gCaibidlí 4, 5 nó 6, cuirfidh na Páirtithe san áireamh an fhaisnéis atá ar fáil ó EIS nó ó chomhlachtaí nó eagraíochtaí ábhartha arna mbunú faoi chomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil. I gcás inarb ábhartha, iarrfaidh na Páirtithe comhairle go comhpháirteach ar na heagraíochtaí sin nó ar na comhlachtaí, nó ar aon saineolaí nó comhlacht eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí.
4.
Cuirfear aon rún a dhéanfaidh na Páirtithe ar fáil don phobal.
AIRTEAGAL 236
Painéal saineolaithe
1.
I gcás aon ábhar nach ndéileáiltear go sásúil leis trí chomhairliúcháin faoi Airteagal 235, féadfaidh Páirtí, 90 lá tar éis iarraidh a fháil ar chomhairliúcháin faoin Airteagal sin, a iarraidh go dtionólfar painéal saineolaithe chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar sin, trí iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an bPáirtí eile. Déanfar an beart atá i gceist a shainaithint san iarraidh, sonrófar agus míneofar conas nach bhfuil an beart sin i gcomhréir le forálacha na Caibidle nó na gCaibidlí ábhartha ar bhealach atá leordhóthanach chun an gearán a chur i láthair go soiléir.
2.
Beidh an painéal saineolaithe comhdhéanta de thriúr painéalaithe.
3.
Déanfaidh an Chomhairle Comhair, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, liosta de 15 dhuine aonair ar a laghad a bhunú, ar daoine aonair iad atá toilteanach agus in ann feidhmiú mar phainéalaithe. Ainmneoidh gach Páirtí cúigear ar a laghad lena gcur ar an liosta chun fónamh mar phainéalaithe. Ainmneoidh na Páirtithe freisin cúigear ar a laghad nach náisiúnaigh de cheachtar Páirtí iad agus atá toilteanach agus ábalta fónamh mar chathaoirleach ar phainéal saineolaithe. Áiritheoidh an Chomhairle Comhair go gcoinneofar an liosta cothrom le dáta agus go mbeidh 15 shaineolaí ar a laghad ar an liosta i gcónaí.
4.
Ní mór do na saineolaithe a mholfar mar phainéalaithe eolas speisialaithe nó saineolas a bheith acu ar an dlí saothair nó comhshaoil, ar shaincheisteanna eile a dtugtar aghaidh orthu sa Chaibidil ábhartha nó sna Caibidlí ábhartha, nó ar réiteach díospóidí a thagann chun cinn faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta. Ní mór dóibh feidhmiú ina gcáil phearsanta, agus níor cheart dóibh glacadh le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Ní mór nach mbeidh siad cleamhnaithe le ceachtar Páirtí agus nach nglacfaidh sé le treoracha uaidh. Ní bheidh na daoine sin ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de Rialtas Ballstáit, nó de Rialtas na Ríochta Aontaithe nó Ghiobráltar.
5.
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de chúig lá ó dháta bunaithe an phainéil saineolaithe, is é an méid seo a leanas a bheidh sna téarmaí tagartha:
‘scrúdú a dhéanamh, i bhfianaise na bhforálacha ábhartha, ar an ábhar dá dtagraítear san iarraidh an painéal saineolaithe a bhunú, agus tuarascáil a sheachadadh, i gcomhréir leis an Airteagal seo ina dtagtar ar thorthaí maidir le comhréireacht an bhirt leis na forálacha.’
6.
I leith ábhair a bhaineann le caighdeáin iltaobhacha nó comhaontuithe iltaobhacha a chumhdaítear sa Teideal seo, ba cheart don phainéal saineolaithe faisnéis a lorg ó EIS nó ó chomhlachtaí ábhartha arna mbunú faoi na comhaontuithe sin, lena n-áirítear aon treoraíocht léiritheach, torthaí nó cinntí ábhartha atá ar fáil arna nglacadh ag EIS nó na comhlachtaí sin.
7.
Féadfaidh an painéal saineolaithe aighneachtaí i scríbhinn nó aon fhaisnéis eile a iarraidh ar dhaoine a bhfuil faisnéis ábhartha nó eolas speisialaithe acu, agus iad a fháil uathu.
8.
Cuirfidh an painéal saineolaithe an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig gach Páirtí agus leis sin ceadófar dóibh a mbarúlacha a chur isteach laistigh de 20 lá tar éis iad a fháil.
9.
Eiseoidh an painéal saineolaithe tuarascáil eatramhach agus tuarascáil chríochnaitheach do na Páirtithe ina leagfar amach na torthaí fíorais, a chinntí ar an ábhar, lena n-áirítear cinntí maidir le cibé acu ar chloígh nó nár chloígh an Páirtí is freagróir lena oibleagáidí faoin gCaibidil ábhartha nó faoi na Caibidlí ábhartha agus an réasúnaíocht is bun le haon torthaí ar a dtiocfaidh sé agus aon chinntí a dhéanfaidh sé. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá na Páirtithe ar aon intinn leis, má dhéanann an Painéal moltaí ina thuarascáil, nach gá don Pháirtí is freagróir na moltaí sin a leanúint chun comhréireacht leis an gComhaontú seo a áirithiú.
10.
Déanfaidh an painéal saineolaithe an tuarascáil eatramhach a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 100 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil saineolaithe. I gcás ina measfaidh an painéal saineolaithe nach féidir an sprioc-am sin a bhaint amach, tabharfaidh cathaoirleach an phainéil saineolaithe fógra i scríbhinn do na Páirtithe, agus sonróidh sé na cúiseanna atá leis an moill agus an dáta atá sé beartaithe ag an bpainéal saineolaithe a thuarascáil eatramhach a thabhairt. I gcás ar bith, ní dhéanfaidh an painéal saineolaithe a thuarascáil eatramhach a chur ar fáil níos déanaí ná 125 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil saineolaithe.
11.
Féadfaidh gach Páirtí iarraidh réasúnaithe a sheachadadh chuig an mbinse eadrána chun gnéithe beachta na tuarascála eatramhaí a athbhreithniú laistigh de 25 lá óna seachadadh. Féadfaidh Páirtí trácht a dhéanamh ar iarraidh an Pháirtí eile laistigh de 15 lá ón iarraidh a sheachadadh.
12.
Tar éis na barúlacha sin a bhreithniú, ullmhóidh an painéal saineolaithe an tuarascáil chríochnaitheach. Mura seachadfar aon iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe ar leith den tuarascáil eatramhach laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 11, is í an tuarascáil eatramhach a bheidh mar thuarascáil chríochnaitheach ag an bpainéal saineolaithe.
13.
Déanfaidh an painéal saineolaithe an tuarascáil chríochnaitheach a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 175 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil saineolaithe. I gcás ina measfaidh an painéal nach féidir an teorainn ama sin a bhaint amach, tabharfaidh a chathaoirleach fógra i scríbhinn do na Páirtithe, agus sonróidh sé na cúiseanna atá leis an moill agus an dáta atá sé beartaithe ag an bpainéal saineolaithe a thuairisc chríochnaitheach a thabhairt. I gcás ar bith, ní dhéanfaidh an painéal saineolaithe a thuarascáil chríochnaitheach a chur ar fáil níos déanaí ná 195 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil saineolaithe.
14.
Áireofar sa tuarascáil chríochnaitheach plé ar aon iarraidh a fuarthas i scríbhinn ó na Páirtithe maidir leis an tuarascáil eatramhach agus tabharfar aghaidh go soiléir ar thuairimí na bPáirtithe.
15.
Cuirfidh na Páirtithe an tuarascáil chríochnaitheach ón bpainéal saineolaithe ar fáil don phobal laistigh de 15 lá tar éis don phainéal saineolaithe í a chur isteach.
16.
Má chinneann tuarascáil chríochnaitheach an phainéil saineolaithe nár chomhlíon Páirtí a oibleagáidí faoin gCaibidil ábhartha nó faoi na Caibidlí ábhartha, déanfaidh na Páirtithe, laistigh de 90 lá tar éis an tuarascáil chríochnaitheach a sheachadadh, bearta cuí atá le cur chun feidhme a phlé, agus tuarascáil an phainéil saineolaithe á cur i gcuntas.
17.
Déanfaidh an Chomhairle Comhair faireachán ar an obair leantach ar an tuarascáil ón bpainéal saineolaithe.
18.
I gcás ina n-easaontóidh na Páirtithe gurb ann do bheart, nó don chomhsheasmhacht le forálacha ábhartha aon bhirt a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhlíontacht, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an bpainéal saineolaithe bunaidh chun go ndéanfar cinneadh faoin ábhar. San iarraidh, sainaithneofar aon ábhar i dtrácht agus míneofar an dóigh nach gcomhlíonann sé na forálacha ábhartha ar bhealach atá leordhóthanach an gearán a chur i láthair go soiléir. Seachadfaidh an painéal saineolaithe a thorthaí chuig na Páirtithe laistigh de 45 lá ó dháta seachadta an iarrata.
19.
Mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 305, Airteagal 306, agus Airteagail 318 go 323.
AIRTEAGAL 237
Painéal saineolaithe le haghaidh réimsí neamh-chúlchéimnithe
1.
Beidh feidhm ag Airteagal 236 maidir le díospóidí idir na Páirtithe a bhaineann le léiriú agus feidhmiú Chaibidlí 4 agus 5.
2.
Chun críocha na ndíospóidí sin, sa bhreis ar na hAirteagail a liostaítear in Airteagal 236, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 316 agus 317.
3.
Aithníonn na Páirtithe, i gcás ina dtogróidh an Páirtí is freagróir gan aon bheart a dhéanamh chun bheith i gcomhréir le tuarascáil an phainéil saineolaithe agus leis an gComhaontú seo, go leanfaidh aon leigheas a údaraítear faoi Airteagal DS.17 (Bearta sealadacha) de bheith ar fáil don Pháirtí is déantóir gearáin.
TEIDEAL II
SOCRUITHE MAIDIR LE CUSTAM, CÁNACHAS INDÍREACH
AGUS SAINCHEISTEANNA A BHAINEANN LE TRÁDÁIL
CAIBIDIL 1
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA AGUS CUSPÓIRÍ
AIRTEAGAL 238
Prionsabail agus cuspóirí
Is é is cuspóir don Teideal seo na socruithe is gá a chur ar bun chun deireadh a chur leis na bacainní fisiciúla agus na nósanna imeachta gaolmhara uile idir Giobráltar agus an tAontas maidir le hearraí a aistrítear de thalamh, agus sláine Mhargadh Aonair an Aontais agus leasanna airgeadais na bPáirtithe á gcosaint an tráth céanna.
AIRTEAGAL 239
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar’ Custaim a Soilse i nGiobráltar nó údaráis ábhartha eile i nGiobráltar;
(b)
ciallaíonn ‘údaráis inniúla laistigh den Aontas’ údaráis chustaim nó údaráis ábhartha eile na mBallstát nó an Aontais;
(c)
ciallaíonn ‘foirmiúlachtaí imréitigh custaim’ na nósanna imeachta, bearta agus rialuithe uile atá le déanamh chun na hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir le dlí an Aontais. Cumhdaítear leis foirmiúlachtaí custaim, comhréireacht le rialacha, ceanglais agus caighdeáin táirgí, toirmisc agus srianta, bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, agus aon fhoirmiúlacht eile is gá chun na hearraí a scaoileadh le bheith i saorchúrsaíocht san Aontas;
(d)
ciallaíonn ‘post custaim ainmnithe’ na poist custaim sin a liostaítear i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn 21.
CAIBIDIL 2
AN tAONTAS CUSTAIM
AIRTEAGAL 240
Aontas custaim a bhunú
Bunaítear leis seo aontas custaim idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach faoin gCaibidil seo.
AIRTEAGAL 241
Críocha custaim
Is é a bheidh i gcríoch chustaim an aontais custaim idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar:
(a)
críoch chustaim an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Cód Custaim an Aontais’); agus
(b)
críoch chustaim Ghiobráltar, ar críoch chustaim é atá ar leithligh ó chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe.
AIRTEAGAL 242
Saorghluaiseacht earraí laistigh den aontas custaim
1.
Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
earraí a tháirgtear i gcríoch chustaim an Aontais nó i gcríoch chustaim Ghiobráltar, lena n-áirítear earraí a fhaightear go hiomlán nó go páirteach ó earraí a thagann ó thíortha nó ó chríocha lasmuigh den aontas custaim agus atá i saorchúrsaíocht san Aontas nó i nGiobráltar; agus
(b)
earraí a thagann ó thíortha nó ó chríocha lasmuigh den aontas custaim agus atá i saorchúrsaíocht san Aontas nó i nGiobráltar.
2.
Measfar earraí ó thíortha nó ó chríocha lasmuigh den aontas custaim a bheith i saorchúrsaíocht san Aontas nó i nGiobráltar má tá na foirmiúlachtaí imréitigh custaim comhlíonta, agus má toibhíodh aon dleacht custaim nó muirear comhéifeachta is iníoctha, agus mura ndearnadh aon aisíocaíocht iomlán nó páirteach ar na dleachtanna nó na muirir sin i leith na n-earraí sin.
3.
Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo freisin maidir le hearraí a fhaightear nó a tháirgtear san Aontas nó i nGiobráltar ar úsáideadh táirgí ina monarú ó thíortha nó ó chríocha lasmuigh den aontas custaim nach bhfuil i saorchúrsaíocht san Aontas nó i nGiobráltar, ar choinníoll go mbeidh na foirmiúlachtaí imréitigh custaim curtha i gcrích agus go mbeidh aon dleacht custaim nó muirear comhéifeachta is iníoctha ar na táirgí sin ó thíortha nó ó chríocha lasmuigh den aontas custaim toibhithe.
4.
Tá módúlachtaí an chruthúnais go gcomhlíonann na hearraí coinníollacha an Airteagail seo le fáil in Iarscríbhinn 19.
AIRTEAGAL 243
Dleachtanna custaim a thoirmeasc
Ní chuirfear i bhfeidhm aon dleacht chustaim ar allmhairí ná onnmhairí ná muirir chomhéifeachta idir an tAontas agus Giobráltar. Beidh an toirmeasc sin infheidhme freisin ar dhleachtanna custaim de chineál fioscach.
AIRTEAGAL 244
Srianta cainníochtúla a thoirmeasc
Toirmiscfear srianta cainníochtúla ar allmhairí nó onnmhairí agus gach beart comhéifeachta idir an tAontas agus Giobráltar.
AIRTEAGAL 245
Cánachas inmheánach
1.
Ní fhorchuirfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go díreach ná go hindíreach ar earraí a chéile aon chánachas lena ndéantar idirdhealú go díreach nó go hindíreach i bhfabhar earraí intíre comhchosúla.
2.
Earraí a ghluaistear idir na críocha dá dtagraítear in Airteagal 241, ní bheidh siad incháilithe chun aisíocaíocht a fháil ar mhuirir intíre atá níos airde ná na muirir a toibhíodh go díreach nó go hindíreach.
AIRTEAGAL 246
Bacainní fisiciúla a bhaint
1.
Bainfear na bacainní fisiciúla uile atá ann idir Giobráltar agus an tAontas maidir le hearraí a aistrítear de thalamh eatarthu, gan dochar d’Airteagal 252 ná do na foirmiúlachtaí is gá ná do na seiceálacha agus na rialuithe a fhéadfaidh na Páirtithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear an Teideal seo i bhfeidhm i gceart.
2.
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 247(1) i bhfeidhm, déanfar foirmiúlachtaí imréitigh custaim, foirmiúlachtaí onnmhairiúcháin, agus nósanna imeachta bailithe tobhaigh agus dleachta an Aontais dá bhforáiltear sa Teideal seo lena dtagraítear don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, mar a fhoráiltear in Airteagal 247(3).
AIRTEAGAL 247
Allmhairí isteach i nGiobráltar agus onnmhairí uaidh
1.
Na forálacha i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 20, beidh feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i nGiobráltar, ar choinníoll go nglacfaidh an Chomhairle Comhair cinneadh:
(a)
lena sonraítear an dáta óna mbeidh feidhm ag na forálacha de dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 20 maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i nGiobráltar; agus
(b)
lena ndearbhaítear go bhfuil poist rialaithe teorann agus oifigí custaim bunaithe sa chalafort agus san aerfort agus go n-oibríonn siad agus go rialaítear iad i gcomhréir leis na módúlachtaí agus na nósanna imeachta a shainítear sa chinneadh sin agus gur ainmníodh údaráis inniúla laistigh den Aontas.
2.
Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á ghlacadh ag an gComhairle Comhair, féadfaidh sí liosta fhorálacha dhlí an Aontais in Iarscríbhinn 20 a leasú.
3.
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, agus gan dochar do mhír 4, déanfar earraí, cé is moite d’earraí a bheidh á n-iompar ag taistealaithe ina mbagáiste pearsanta i gcomhréir le hIarscríbhinn 23, a thabhairt isteach i nGiobráltar agus a onnmhairiú uaidh ar tír amháin agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinní 19, 21, 22 agus 24.
4.
De mhaolú ar mhír 3:
(a)
Féadfar earraí de chuid an Aontais a thabhairt isteach i nGiobráltar ar muir freisin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 4 d’Iarscríbhinn 19, in Airteagal 7 d’Iarscríbhinn 21, agus in Iarscríbhinní 22 agus 24;
(b)
féadfar earraí a aistriú ar muir freisin ó Ghiobráltar chuig tríú tíortha i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5 d’Iarscríbhinn 19, in Airteagail 7 agus 8 d’Iarscríbhinn 21 agus in Iarscríbhinní 22 agus 24.
5.
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, measfar gur tríú críoch é Giobráltar chun críocha custaim an Aontais.
6.
Leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, leagfar síos socruithe maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus rialuithe, chomh maith le comhar custaim agus comhar riaracháin idir údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus na húdaráis inniúla laistigh den Aontas chomh maith le haon riail nó nós imeachta eile is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart na forálacha de dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 20 maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i nGiobráltar, go gcuirfear an Teideal seo i bhfeidhm i gceart, agus go gcuirfear i bhfeidhm i gceart an cinneadh sin.
7.
Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á ghlacadh, breithneoidh an Chomhairle Comhair freisin an chaoi a ndéanfar aon fhoirmiúlacht teorann agus aon rialú agus seiceáil teorann ábhartha ag na poist teorann nó ag na hoifigí custaim i nGiobráltar, lena n-áirítear anailís riosca agus rialuithe iarscaoilte a dhéanamh, chun feidhmiú cuí Mhargadh Aonair an Aontais a chosaint.
AIRTEAGAL 248
Cánachas indíreach
1.
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 247(1) i bhfeidhm, beidh feidhm ag míreanna 2 go 4 den Airteagal seo.
2.
Dlífear cáin idirbhirt a íoc ar earraí a tháirgtear i nGiobráltar nó a allmhairítear isteach i nGiobráltar.
3.
Earraí ar a ndlitear dleachtanna máil faoi dhlí an Aontais agus a allmhairítear isteach i nGiobráltar nó a tháirgtear i nGiobráltar, dlífear dleacht mháil a íoc orthu i nGiobráltar freisin.
4.
Toibheofar an cháin idirbhirt agus an dleacht mháil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn 24.
5.
Déanfaidh comhlacht comhairleach neamhspleách arna bhunú ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ag Ríocht na Spáinne arna bhunú an [...] an méid seo a leanas:
(a)
comhairle a thabhairt tráth ar bith, arna iarraidh sin do na Páirtithe, bunaithe ar a mheasúnú leanúnach ar dhálaí ábhartha an mhargaidh i nGiobráltar agus sa réigiún teorann tadhlach, an bhfuil na coinníollacha faoi phointí (a) go (c) d’Airteagal 249(1) á gcomhlíonadh; agus
(b)
measúnú a dhéanamh ar thionchar na rátaí cánach idirbheart, lena n-áirítear rátaí laghdaithe agus forlaghdaithe, agus rátaí dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm i nGiobráltar ar leibhéal na hiomaíochta agus aon saobhadh mór iarbhír ar thrádáil idir Giobráltar agus an réigiún teorann tadhlach, agus comhairle a chur ar fáil i leith an tionchair sin gach bliain.
6.
Má bhunaíonn an comhlacht comhairleach neamhspleách aon saobhadh de réir bhrí mhír 4, déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na rátaí cánachais indírigh atá le cur i bhfeidhm i nGiobráltar a choigeartú go leibhéal a mheastar a bheith iomchuí de réir mholtaí an chomhlachta chomhairligh neamhspleách chun saobhadh den sórt sin a sheachaint agus laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Airteagail 2 agus 6 d’Iarscríbhinn 24.
AIRTEAGAL 249
An nós imeachta coimirce
1.
Féadfaidh an tAontas úsáid a bhaint as an nós imeachta coimirce dá bhforáiltear san Airteagal seo i gcás nach gcomhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a hoibleagáid faoi Airteagal 248(5) maidir le hAirteagal 248(4)(a) agus má mheasann an tAontas gurb iomchuí sin, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá saobhadh mór ar thrádáil idir Giobráltar agus an tAontas ag tarlú i ndáil leis an earra nó leis an gcatagóir earraí lena mbaineann;
(b)
tá an saobhadh dá dtagraítear i bpointe (a) nasctha le difríochtaí i leibhéil na cánach idirbhirt agus na ndleachtanna máil a ghearrann an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an earra sin, i gcomparáid leis na rátaí CBL agus dleachtanna máil a ghearrann Ríocht na Spáinne ar an earra céanna nó ar an gcatagóir chéanna earraí;
(c)
bhí an saobhadh dá dtagraítear i bpointe (a) ann ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad; agus
(d)
tá faisnéis oibiachtúil, láidir agus infhíoraithe ag an Aontas chun tacú le cinneadh go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (c).
2.
Féadfaidh an tAontas nós imeachta coimirce an Airteagail seo a úsáid mura gcomhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a hoibleagáid faoi Airteagal 248(5) maidir le hAirteagal 248(4)(b) agus má mheasann an tAontas gurb iomchuí sin.
3.
Tabharfaidh an tAontas fógra iomlán don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 agus rachaidh sé i gcomhairle láithreach leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach. Ní mór mionsonraí a thabhairt san fhógra faoi mholadh ábhartha an chomhlachta chomhairligh neamhspleách, faoin earra sonrach nó faoin gcatagóir shonrach earraí ar ina leith a rinneadh an cinneadh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an branda nó an déantús agus an múnla.
4.
Más rud é, tar éis 10 lá oibre ó thús na gcomhairliúchán, nach dtiocfar ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach, féadfaidh an tAontas, ar feadh tréimhse nach faide ná 30 lá, an CBL agus an mál is infheidhme maidir leis an earra sonrach nó leis an gcatagóir shonrach earraí a shainaithnítear san fhógra a thobhach agus tús á chur leis an nós imeachta idirthurais maidir le haon earra den sórt sin i gcomhréir le hIarscríbhinní 19 agus 21 nuair a bheidh siad ceaptha le haghaidh Ghiobráltar. Is é an ráta CBL agus máil a chuirfear i bhfeidhm an ráta is infheidhme i mBallstát an phoist custaim ainmnithe ábhartha.
5.
Faoi réir mhír 6, féadfar síneadh 30 lá breise a chur leis an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i mír 4 má tá na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 fós i gceist.
6.
Tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go bhfuil sé ar intinn aige síneadh a chur leis an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i mír 4, de bhun mhír 5, tráth nach lú ná 4 lá oibre sula dtiocfaidh an síneadh sin i bhfeidhm. An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 lena dtacaítear le cinneadh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (c) de mhír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí nó go bhfuil an cás dá dtagraítear i mír 1 fós ann, tabharfar an fógra sin ina iomláine don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
7.
Féadfar na próisis a leagtar amach i míreanna 5 agus 6 a athdhéanamh go dtí nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh, go dtí go dtiocfar ar réiteach malartach arna chomhaontú go frithpháirteach, nó go dtí go dtabharfar an próiseas eadrána dá dtagraítear i mír 8 i gcrích.
8.
Má thionscnaíonn an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an nós imeachta eadrána dá dtagraítear in Airteagal 305 chun agóid a dhéanamh in aghaidh aon ghnímh de chuid an Aontais faoin Airteagal seo, déileálfaidh an binse eadrána leis an tsaincheist mar chás práinne chun críocha Airteagal 310.
9.
Le linn aon tréimhse ina dtoibhíonn an tAontas CBL agus mál ar earraí de bhun an Airteagail seo, ní bheidh feidhm ag forálacha an Chomhaontaithe lena gceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cáin idirbhirt agus dleachtanna máil a thobhach ar na hearraí sin.
10.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir le cumarsáid a dhéanfar faoin Airteagal seo.
11.
Na méideanna CBL agus dleachtanna máil arna mbailiú ag an mBallstát lena mbaineann, coinneoidh an Ballstát sin iad.
AIRTEAGAL 250
Comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach
1.
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 247(1) i bhfeidhm, beidh feidhm ag míreanna 2 go 8 den Airteagal seo.
2.
Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar i réimse an chustaim agus an chánachais indírigh, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
faisnéis a chur in iúl agus a mhalartú ar bhealach tapa agus slán chun cur i bhfeidhm cuí na reachtaíochta custaim agus cánach a áirithiú agus chun calaois chustaim agus chánach, smuigleáil, go háirithe smuigleáil táirgí atá faoi réir dleachtanna máil nó aon cháin indíreach eile, amhail táirgí tobac, gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar airm thine agus ar réamhtheachtaithe pléascán, lena n-áirítear gluaiseachtaí airgid agus sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta i ndáil leis sin agus gáinneáil neamhdhleathach ar dhramhaíl a chosc agus a chomhrac. Féadfar malartuithe den sórt sin a dhéanamh ar bhealach uathoibrithe córasach agus féadfar sonraí dearbhaithe allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin maidir le trádáil idir na Páirtithe a chuimsiú iontu;
(b)
rialuithe custaim agus cánach a chomhordú;
(c)
comhar a bhaineann le gluaiseacht earraí atá faoi réir rialuithe custaim agus cánach; agus
(d)
bearta eile a ghlacadh chun trádáil shlán dhleathach a éascú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le hoibreoirí eacnamaíocha údaraithe agus comhoibriú ar chineálacha speisialta comhair dá bhforáiltear le dlí an Aontais nó arna gcomhaontú idir na Páirtithe.
3.
Tabharfaidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cúnamh riaracháin frithpháirteach dá chéile in ábhair chustaim i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim.
4.
Oibreoidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhar le chéile chun a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht a bhaineann le CBL, cáin idirbhirt agus dleachtanna máil agus chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha agus na dleachta máil agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil.
5.
Beidh aon mhalartú faisnéise idir na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir leis an gCaibidil seo faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht agus cosaint faisnéise a leagtar amach in Airteagal PCUST.12 den Phrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim, mutatis mutandis, chomh maith le haon cheanglas rúndachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
6.
Féadfaidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, oibriú i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú le chéile i réimse shábháilteacht agus chomhlíontacht na dtáirgí neamhbhia.
7.
Tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra dá n-údaráis inniúla féin chun an comhar agus an cúnamh riaracháin frithpháirteach a dhéanamh maidir le cánacha custaim agus indíreacha dá bhforáiltear san Airteagal seo.
8.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) ach amháin maidir le malartuithe sonraí agus faisnéise a thiomsaítear go tréimhsiúil faoin Airteagal seo.
AIRTEAGAL 251
Rochtain ar chórais TF
1.
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagail 242, 245, 247 agus 248, beidh rochtain ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an gcóras TF Eorpach um idirthuras agus um chruthúnas ar stádas Aontais nó ar an gcóras sonrach um idirthuras in Iarscríbhinní 19 agus 21 trí chóras TF Ríocht na Spáinne.
2.
Beidh rochtain fhíor-ama leanúnach ag na húdaráis inniúla laistigh den Aontas ar aon chóras TF ábhartha a úsáideann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun an Teideal seo a chur i bhfeidhm.
3.
Sna socruithe riaracháin idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne, leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla chun míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 252
Eisceachtaí agus coimircí
1.
Ní chuirfidh forálacha Airteagal 244 bac ar chur i bhfeidhm toirmisc nó srianta ar allmhairiú nó onnmhairiú earraí, nó earraí faoi bhealach, más gá a leithéid ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí; chun sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint; seoda náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint; nó chun maoin tionscail agus tráchtála a chosaint. Mar sin féin, ní ceadmhach leas a bhaint as na toirmisc ná na srianta sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a chur ar an trádáil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
2.
Gan dochar d’Airteagal 334, féadfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí nó na bearta dá bhforáiltear i mír 3 a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:
(a)
cur i bhfeidhm neamhleor nó lochtach fhorálacha an Teidil seo, nó mhír 1 d’Airteagal 19, a mhéid a bhaineann an mhír sin le gníomhartha de dhlí an Aontais a dhéantar infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i nGiobráltar leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 247(1);
(b)
easpa comhair ó na húdaráis inniúla laistigh den Aontas nó ó údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun aghaidh a thabhairt ar neamhrialtachtaí, ar chalaois nó ar atreorú trádála, lena n-áirítear maidir le rochtain iomlán na n-údarás inniúil laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 251;
(c)
faisnéis oibiachtúil, láidir agus infhíoraithe go ndearnadh sáruithe córasacha agus mórscála ar an reachtaíocht chustaim nó go ndeachthas timpeall uirthi; nó
(d)
earráidí, drochriarachán nó mí-úsáidí arna ndéanamh ag an Aontas nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
3.
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2:
(a)
féadfaidh an tAontas an costas bailithe dá dtagraítear in Airteagal 3 d’Iarscríbhinn 21 a mhéadú nó aisíocaíocht na ndleachtanna arna mbailiú a chur ar fionraí; agus
(b)
féadfaidh an tAontas an CBL agus, i gcás inarb ábhartha, na dleachtanna máil is infheidhme i mBallstát an phoist custaim ainmnithe, a thobhach agus tús á chur aige leis an nós imeachta idirthurais le haghaidh na n-earraí atá ceaptha le haghaidh Ghiobráltar i gcomhréir le hIarscríbhinní 19 agus 21.
4.
Má tá sé ar intinn ag an Aontas nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, gníomhú de bhun mhír 2, tabharfaidh sé nó sí fógra don Chomhairle Comhair agus beidh sé nó sí réidh le dul i mbun comhairliúchán arna iarraidh sin laistigh den Chomhairle Comhair d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach. Mura n-éiríonn leis an Aontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, teacht ar chomhaontú maidir le réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach laistigh de 3 mhí tar éis dháta an fhógra, féadfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a chinneadh gníomhú go haontaobhach de bhun mhír 2.
5.
I gcás ina mbeartóidh Páirtí beart a dhéanamh de bhun mhír 4, beidh feidhm ag na módúlachtaí seo a leanas:
(a)
tabharfaidh an Páirtí sin fógra don Pháirtí eile faoina chinneadh agus sonróidh sé an chúis atá leis an mbeart a dhéanamh agus tréimhse chur i bhfeidhm an bhirt aontaobhaigh, ar tréimhse í nach faide ná 3 mhí;
(b)
féadfar an tréimhse chun an beart aontaobhach a chur i bhfeidhm a athnuachan de réir an nós imeachta chéanna, má tá na coinníollacha faoi mhír 2 fós ann ar dhul in éag don tréimhse a leagtar amach san fhógra dá dtagraítear i bhfomhír (a);
(c)
beidh aon bheart aontaobhach faoin Airteagal seo faoi réir comhairliúcháin thráthrialta sa Chomhairle Comhair ó dháta chur i bhfeidhm an bhirt, d’fhonn deireadh a chur leis an mbeart lena mbaineann roimh dhul in éag na tréimhse a leagtar amach san fhógra dá dtagraítear i bhfomhír (a) i gcás ina gcinnfidh an Páirtí a chuireann an beart i bhfeidhm nach bhfuil gá leis an mbeart a thuilleadh; agus
(d)
Féadfaidh na Páirtithe a iarraidh ar an gComhairle Comhair, tráth ar bith, athbhreithniú a dhéanamh ar aon bheart a dhéantar faoin airteagal seo.
AIRTEAGAL 253
Ceuta agus Melilla
Caithfear le hallmhairiú earraí ó Ceuta agus Melilla isteach i nGiobráltar sa bhealach céanna agus a chaitear, de réir dhlí an Aontais, le hearraí a allmhairítear ó Ceuta agus Melilla isteach san Aontas.
AIRTEAGAL 254
An Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil
1.
Beidh sé de chumhacht ag an gCoiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
bearta iomchuí a ghlacadh chun forálacha Airteagal 250 a chur chun feidhme agus a dhéanamh éifeachtach;
(b)
na forálacha is gá le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 251 a leagan síos;
(c)
leasuithe ar na hIarscríbhinní, na foscríbhinní agus na prótacail a ghabhann leis an Teideal seo a ghlacadh; agus
(d)
aon socrú eile is gá a leagan síos chun an Teideal seo a chur chun feidhme go cuí.
2.
Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Thrádáil agus um an nGeilleagar plé tráthrialta ar chur chun feidhme an Teidil seo.
CAIBIDIL 3
EARRAÍ A THÁIRGTEAR NÓ A CHUIRTEAR AR AN MARGADH I nGIOBRÁLTAR
AIRTEAGAL 255
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘bia’ aon substaint nó táirge, lena n-áirítear deochanna, bídís próiseáilte, próiseáilte go páirteach nó neamhphróiseáilte, atá ceaptha lena n-ionghabháil ag daoine, nó a bhfuil coinne réasúnta leis go n-ionghabhfaidh daoine iad. Ní chuimseoidh ‘bia’ beatha, ainmhithe beo ach amháin má ullmhaítear iad lena gcur ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine, plandaí roimh bhuaint, táirgí íocshláinte, cosmaidí, tobac agus táirgí tobac, substaintí támhshuanacha nó síceatrópacha, iarmhair, éilleáin agus feistí leighis;
(b)
ciallaíonn ‘GHA’ Údarás Sláinte Ghiobráltar (agus an giorrúchán arna bhunú ar Gibraltar Health Authority);
(c)
ciallaíonn ‘lipéad’ aon chlib, branda, marc, ábhar tuairiscithe pictiúrtha nó eile, a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas, nó a cheangal, de phacáistiú bia nó ar an mbosca ina bhfuil sé, agus nach féidir a bhaint nó a thréigean go héasca;
(d)
ciallaíonn ‘réamhphacáilte’ aon ítim amháin atá ullamh lena chur i láthair amhlaidh don tomhaltóir deiridh agus d’oibreoirí lónadóireachta, arb éard atá ann an bia agus an phacáistíocht inar cuireadh é roimh é a chur ar díol, cé acu a dhéantar leis an bpacáistíocht na hearraí miondíola a chlúdach go hiomlán nó go páirteach, ach ar aon chuma, ar pacáistíodh é ar bhealach nach féidir a bhfuil ann a athrú gan an phacáistíocht a oscailt nó a athrú; ní chumhdófar le ‘bia réamhphacáilte’ bianna a dhéantar a phacáil sa díolphointe arna iarraidh sin don tomhaltóir, nó a dhéantar a réamhphacáil le haghaidh díolachán díreach; agus
(e)
ciallaíonn ‘miondíol’ láimhseáil nó próiseáil bhia agus é a stóráil ag an bpointe díola leis an tomhaltóir deiridh nó ag an bpointe seachadta ar an tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear críochfoirt dáilte, oibríochtaí lónadóireachta, ceaintíní monarchan, lónadóireacht in institiúidí, bialanna agus oibríochtaí comhchosúla eile seirbhísí bia, siopaí, ionaid dáilte ollmhargaí agus asraonta mórdhíola;
AIRTEAGAL 256
Ceanglais ghinearálta
1.
Beidh reachtaíocht i bhfeidhm agus á cur i bhfeidhm go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, lena n-áiritheofar nach bhféadfar earraí a tháirgeadh ná a chur ar an margadh i nGiobráltar ach amháin má chomhlíonann siad rialacha ábhartha dhlí an Aontais lena rialaítear táirgeadh nó cur ar an margadh na n-earraí sin.
2.
Gan dochar do mhír 1, toimhdeofar go gcomhlíonann earraí a chuirtear ar an margadh go dleathach in aon Bhallstát aon riail atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo is infheidhme maidir le hearraí atá le cur ar an margadh i nGiobráltar.
3.
Ní bheidh feidhm ag na rialacha dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
earraí a tháirgtear i nGiobráltar go heisiach lena n-onnmhairiú lasmuigh de Ghiobráltar nó den Aontas gan iad a bheith curtha ar mhargadh Ghiobráltar nó ar mhargadh an Aontais ar dtús;
(b)
bia a tháirgtear i nGiobráltar nó a ullmhaíonn, a phróiseálann nó a athphacálann bunaíochtaí miondíola i nGiobráltar agus a chuirtear ar an margadh i nGiobráltar lena thomhailt go háitiúil; agus
(c)
bia a allmhairítear isteach i nGiobráltar, a mhéid a bhaineann lena iompar, lena stóráil agus lena dháileadh tar éis dó teacht isteach i nGiobráltar.
I gcás ina ndéantar an bia dá dtagraítear i bhfomhír (b) a réamhphacáil, ní mór lipéad a bheith ar an bpacáistíocht aonair ar a luaitear go soiléir na focail ‘Not for EU’.
Chun a áirithiú nach féidir an bia dá dtagraítear i bhfomhíreanna (b) agus (c) a aistriú chuig Ballstát nó a chur ar an margadh san Aontas ina dhiaidh sin, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, rialuithe oifigiúla agus bearta faireachais chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais na míre seo agus áiritheoidh siad nach bhfuil an bia sin beartaithe ach lena mhiondíol agus lena thomhailt go háitiúil agus go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha an ceanglas maidir le lipéadú dá bhforáiltear san Airteagal seo.
4.
D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cead a thabhairt táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine mar a shainmhínítear i bhfomhír (2) d’Airteagal 1 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar an margadh i nGiobráltar ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
d’údaraigh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe an táirge íocshláinte a chur ar an margadh sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlí na Ríochta Aontaithe agus faoi théarmaí an údaraithe a dheonaigh siad;
(b)
níl an t-aitheantóir uathúil AE ar na táirgí íocshláinte lena mbaineann; ach beidh lipéad aonair orthu ar a mbeidh na focail ‘UK only’ a chuirfear i gceangal le pacáistiú an táirge íocshláinte in áit fheiceálach sa chaoi go mbeidh sé sofheicthe, soléite agus doscriosta agus nach ndéanfar le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile é a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón bhfaisnéis ná ní chuirfidh sé isteach uirthi; agus
(c)
tá bearta éifeachtacha faireacháin agus forfheidhmiúcháin déanta ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, trí bhíthin iniúchtaí agus cigireachtaí chun a áirithiú nach bhféadfar táirgí íocshláinte dá dtagraítear sa mhír seo a aistriú ó Ghiobráltar go dtí an tAontas ná a chur ar an margadh i mBallstát agus go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha an ceanglas lipéadaithe dá bhforáiltear san Airteagal seo.
5.
D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cead a thabhairt feistí leighis, gabhálais le haghaidh feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 2(2) agus 2(4) de Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (dá ngairtear ‘feistí’ anseo feasta) a allmhairiú isteach i nGiobráltar, mar a leagtar síos in Airteagal 247(4), ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
féadfar na feistí a chur ar an margadh go dleathach sa Ríocht Aontaithe;
(b)
is eintitis a chuirtear faoi fhreagracht dhíreach GHA a sholáthraíonn agus a allmhairíonn na feistí nó déantar na feistí sin le haghaidh na n-eintiteas céanna;
(c)
is eintitis faoi fhreagracht dhíreach GHA agus gairmithe atá fostaithe ag GHA iad úsáideoirí deiridh aonair na bhfeistí;
(d)
i gcás nach bhfuil marcáil ‘CE’ ar an táirge, cuirfear marcáil nó greamán atá sofheicthe, inléite agus doscriosta ar gach coinsíneacht feistí a chumhdaítear le mír (5) ag an bpointe céadláimhseála i nGiobráltar tar éis díluchtú ón modh iompair. Ba cheart an mharcáil nó an greamán sin a chur ar an bpacáistíocht is forimeallaí den choinsíneacht nó den bhosca loingsithe, agus na focail ‘Gibraltar (GHA) only’ á lua. Beidh sé sin ceangailte den phacáistíocht is forimeallaí den táirge in áit fheiceálach sa chaoi go mbeidh sé sofheicthe, soléite agus doscriosta; ní dhéanfar le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile an fhaisnéis a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón bhfaisnéis ná ní chuirfidh sé isteach uirthi.
Chun críocha na fomhíre seo, ciallaíonn ‘pacáistíocht is forimeallaí’ an chéad leibhéal pacáistíochta is féidir a fheiceáil nuair a fhaightear an choinsíneacht tar éis a díluchtaithe, cé is moite d’aon phacáiste inmheánach, cartán nó aonad táirgí aonair atá inti; agus
(e)
tá bearta éifeachtacha faireacháin agus forfheidhmiúcháin déanta ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, trí bhíthin iniúchtaí agus cigireachtaí chun a áirithiú nach bhféadfar feistí dá dtagraítear sa mhír seo a aistriú ó Ghiobráltar go dtí an tAontas ná a chur ar an margadh i mBallstát agus go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais lipéadaithe dá bhforáiltear san Airteagal seo.
6.
Aon fheiste a allmhairítear faoi mhír 5, nach bhfuil marcáil ‘CE’ uirthi, ní fhéadfaidh sí áitreabh eintiteas atá faoi fhreagracht dhíreach GHA a fhágáil ach amháin más gá sin ar chúiseanna sláinte othar, i dtuairim gairmithe atá fostaithe ag GHA. I gcás aon fheiste den sórt sin a fhágann áitreabh eintiteas faoi fhreagracht dhíreach GHA, cuirfear marcáil nó greamán soiléir, inléite agus doscriosta ar a mbeidh na focail ‘Gibraltar (GHA) only’ ar fhorphacáistíocht na feiste, nó ar an bhfeiste féin mura bhfuil sí pacáistithe nuair a fhágann sí an t-áitreabh. Beidh sé sin ceangailte de phacáistíocht an táirge in áit fheiceálach sa chaoi go mbeidh sí sofheicthe, soléite agus doscriosta; ní dhéanfar le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile an fhaisnéis a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón bhfaisnéis ná ní chuirfidh sé isteach uirthi.
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas seo maidir le feistí ionchlannaithe nó i gcás nach féidir marcáil ná greamán den sórt sin a chur ar an bhfeiste gan cur isteach ar a fheidhmiú cuí, i bhfianaise mhéid nó chineál na feiste.
7.
Sula n-eiseofar aon cheadúnas údarúcháin nua a bhaineann le hearraí a tháirgeadh nó a chur ar an margadh i nGiobráltar, cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an tAontas ar an eolas tríd an gCoiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil.
AIRTEAGAL 257
Faireachán ar chomhlíonadh agus comhar maidir le faireachas margaidh
1.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an méid seo a leanas:
(a)
údaráis um fhaireachas margaidh a dhéanfaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh a bhunú agus a n-oibriú éifeachtach a áirithiú chun comhlíonadh Airteagal 256(1) agus Airteagal 256(3) a áirithiú;
(b)
a áirithiú go déanfar feidhmeanna faireachais margaidh a dheighilt ó fheidhmeanna um measúnú comhréireachta; agus
(c)
neamhchlaontacht na n-údarás um fhaireachas margaidh a áirithiú agus rialú nó maoirseacht á déanamh ar oibreoirí eacnamaíocha.
2.
I gcás ina gcinnfidh údarás um fhaireachas margaidh de chuid Ballstáit nach bhfuil earraí a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh i nGiobráltar i gcomhréir le rialacha ábhartha dhlí an Aontais lena rialaítear táirgeadh nó cur ar an margadh na n-earraí sin san Aontas agus i gcás ina gcuirfidh sé údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an eolas faoin méid sin agus ar choinníoll go soláthróidh sé na cúiseanna lena chinneadh, déanfaidh na húdaráis sin gach beart forfheidhmiúcháin is iomchuí agus is gá gan mhoill. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir le malartuithe faisnéise faoin mír seo.
3.
I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach bhfuil earraí a allmhairítear ó Bhallstát agus a chuirtear ar an margadh i nGiobráltar i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 256(1) agus i gcás inar gá bearta a dhéanamh laistigh de dhlínse Ballstáit chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh sin, féadfaidh na húdaráis sin iarraidh réasúnaithe a chur chuig údaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit sin chun imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na hearraí sin i gcomhréir leis na rialacha a mbeadh feidhm acu dá gcuirfí na hearraí sin ar an margadh san Aontas agus, má chinntear nach bhfuil na hearraí i gcomhréir, chun bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh.
4.
Gan dochar do na forálacha ábhartha maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim, fíoróidh ionadaithe na n-údarás inniúil laistigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 265, mar a fhoráiltear thíos, an gcomhlíonann earraí a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh i nGiobráltar rialacha ábhartha dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis na hearraí sin san Aontas.
Chun críocha an fhíoraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh ionadaithe na n-údarás inniúil laistigh den Aontas a iarraidh ar údaráis na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, gníomhaíochtaí agus bearta áirithe a dhéanamh le linn cuairteanna comhpháirteacha. Déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na bearta sin go gasta.
Féadfar an méid seo a leanas a chuimsiú ar na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír:
(a)
go ndéanfar, faoi dheireadh mhí Eanáir agus mhí Iúil gach bliain, an liosta d’oibreoirí eacnamaíocha ceadúnaithe agus d’earraí a tháirg údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó a chuir siad ar an margadh, a sholáthar d’ionadaithe na n-údarás inniúil laistigh den Aontas agus go bhfíorófar cruinneas an liosta sin trí na ceadúnais ghnó ábhartha a chur ar fáil;
(b)
go bhfíorófar go bhfuil táirgeadh iarbhír na n-earraí a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh i nGiobráltar á dhéanamh ag an táirgeoir i gcomhréir leis na rialacha ábhartha de dhlí an Aontais is infheidhme maidir le táirgeadh na n-earraí sin san Aontas agus sa Bhallstát a bhfuil sé beartaithe na hearraí a chur ar a mhargadh; agus
(c)
go bhfíorófar go gcomhlíonann earraí a chuirtear ar an margadh i nGiobráltar na rialacha ábhartha de dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis na hearraí sin a tháirgeadh agus a chur ar an margadh san Aontas.
5.
Chun go mbeidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas in ann a chinneadh, ar bhonn critéir faireachais margaidh rioscabhunaithe, an bhfuil gá le cuairteanna comhpháirteacha fíorúcháin agus a mhéid atá gá leo, déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, liosta de na táirgeoirí earraí atá ann cheana i nGiobráltar a sholáthar do na húdaráis inniúla laistigh den Aontas faoi dheireadh mhí Eanáir agus mhí Iúil gach bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Léireofar an méid seo a leanas sa liosta sin:
(a)
aon táirgeoir ceadúnaithe nua, lena n-áirítear tuairisc ar na táirgí arna dtáirgeadh ag an táirgeoir sin;
(b)
na cainníochtaí a táirgeadh le linn na tréimhse 6 mhí roimhe sin in aghaidh an táirgeora agus in aghaidh an earra; agus
(c)
méid na ndíolachán in aghaidh an táirgeora agus in aghaidh an earra de réir an chinn scríbe (Giobráltar nó an áit ar onnmhairíodh na hearraí chuici).
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil cinneadh a ghlacadh lena leasófar ábhar an liosta sin.
6.
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar maidir le faireachas margaidh, sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí chun trádáil a éascú agus chun tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chosaint agus chun muinín fhrithpháirteach a chothú bunaithe ar fhaisnéis chomhroinnte thráthúil agus déanfaidh siad gníomhaíocht iomchuí dá réir sin.
CAIBIDIL 4
TOBAC
AIRTEAGAL 258
Bearta sonracha maidir le faireachán agus rianú a dhéanamh ar thobac
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir le forálacha an Phrótacail maidir le hinrianaitheacht, comhar chun smuigleáil tobac a chomhrac agus bearta breise a bhaineann le táirgí tobac:
(a)
córas inrianaitheachta tobac a bhunú atá coibhéiseach le córas an Aontais agus le dlí ábhartha an Aontais;
(b)
bearta breise a ghlacadh a mhéid a bhaineann le rabhaidh phictiúir, tobac béil agus ciandíolacháin trasteorann le haghaidh táirgí tobac;
(c)
faisnéis inrianaitheachta maidir le gluaiseachtaí táirgí tobac i nGiobráltar a chomhroinnt leis na húdaráis inniúla laistigh den Aontas, arna iarraidh sin;
(d)
sásraí faireacháin a bhunú chun faisnéis a mhalartú leis na húdaráis inniúla laistigh den Aontas maidir le tobac amh, neamh-mhonaraithe agus táirgí tobac monaraithe a iontrálfar, a allmhaireofar nó a dhíolfar i nGiobráltar nó a fhágfar nó a onnmhaireofar ó Ghiobráltar; agus
(e)
comhoibriú, lena n-áirítear trí fhaisnéis a mhalartú leis na húdaráis inniúla laistigh den Aontas, chun smuigleáil tobac a chomhrac, lena n-áirítear chun daoine a shainaithint a bhféadfaí a fháil amach ina leith go bhfuil siad freagrach go díreach nó go hindíreach as na gníomhartha sin.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir le malartuithe faisnéise faoi phointí (d) agus (e).
CAIBIDIL 5
FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE CATAGÓIRÍ ÁIRITHE EARRAÍ
AIRTEAGAL 259
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘comhpháirt shibhialta’ daoine sibhialta atá ar fostú nó ar conradh ag Rialtas na Ríochta Aontaithe agus nach daoine iad a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar nó san Aontas, cé is moite de dhaoine a bhfuil sé de cheart acu cónaí sa Ríocht Aontaithe nó sa Chomhlimistéar Taistil;
(b)
ciallaíonn ‘Fórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe’ daoine atá ag fónamh i bhFórsaí na Ríochta Aontaithe, mar ghnáthfhórsaí nó mar chúltacaí, ar saoránaigh den Ríocht Aontaithe, saoránaigh den Chomhlathas, nó saoránaigh d’Éirinn iad nó a bhfuil sé de cheart acu cónaí sa Ríocht Aontaithe nó sa Chomhlimistéar Taistil agus nach daoine iad a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar; agus
(c)
ciallaíonn ‘fórsaí tríú tír ar cuairt’ daoine atá ag fónamh i seirbhísí armtha ballstáit de ECAT nó comhpháirtithe roghnaithe nach daoine iad a bhfuil cónaí orthu san Aontas, nó i nGiobráltar, nó atá ar fostú acu nó atá ar conradh acu, agus atá le teacht chuig Giobráltar ar cuireadh ón Ríocht Aontaithe.
AIRTEAGAL 260
Rialacha is infheidhme maidir le catagóirí áirithe earraí
1.
Cé is moite de na doiciméid dá dtagraítear i mír 4 agus d’earraí a aistrítear chun críoch tráchtála, áiritheoidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le hearraí atá le haistriú chuig Giobráltar agus uaidh go heisiach le haghaidh úsáid oifigiúil Aireacht Cosanta na Ríochta Aontaithe nó fórsaí tríú tír ar cuairt, nach ndéanfar rialuithe custaim ach ag post custaim ainmnithe, le linn na n-uaireanta oscailte seasta. Áiritheoidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas go ndéanfar rialuithe custaim a luaithe is indéanta le réasún. Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le haistriú na n-earraí sin ó Ghiobráltar go críoch chustaim an Aontais.
2.
Déanfar an t-aistriú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha maidir le hearraí sa Teideal seo cé is moite de bhailiú dleachtanna custaim nó cánacha indíreacha agus cur i bhfeidhm Airteagal 265.
3.
Ceadófar cead isteach sealadach agus athonnmhairiú feithiclí seirbhíse de chuid Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe nó na comhpháirte sibhialta faoina gcumhacht féin nó mótarfheithiclí príobháideacha dá n-úsáid phearsanta, saor ó dhleachtanna custaim agus ó chánachas indíreach ar thriaracht a thaispeáint san fhoirm a chuimsítear sna socruithe riaracháin dá dtagraítear i mír 7.
4.
Beidh doiciméid oifigiúla faoi shéala oifigiúil díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Teidil seo. Ní mór do chúiréirí, is cuma cén stádas atá acu, a bhfuil na doiciméid sin á n-iompar acu, ordú gluaiseachta aonair dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 38(2) a bheith ina seilbh acu. Taispeánfaidh an t-ordú gluaiseachta seo an líon seoltaí atá á n-iompar agus deimhneoidh sé nach bhfuil iontu ach doiciméid oifigiúla.
5.
Déanfar socruithe speisialta ionas go bhféadfar breosla, ola agus bealadh lena n-úsáid i bhfeithiclí seirbhíse, in aerárthaí agus i soithí de chuid Fhórsaí neamhchónaitheacha na Ríochta Aontaithe nó na comhpháirte sibhialta, a sheachadadh saor ó gach dleacht agus cáin.
6.
Earraí a chumhdaítear leis an Airteagal seo, ní mheastar iad a bheith i saorchúrsaíocht i nGiobráltar ach i bhfoirm cead isteach sealadach faoi rialú na n-údarás ábhartha. Ní fhéadfar earraí a chumhdaítear leis an Airteagal seo a scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcríoch chustaim an Aontais. I gcás ina gcuirfear na hearraí sin ar an margadh i nGiobráltar, beidh feidhm ag Teideal II.
7.
Sna socruithe riaracháin idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla le haghaidh chur i bhfeidhm na Caibidle seo.
AIRTEAGAL 261
Teicneolaíocht mhíleata agus trealamh míleata
1.
Aistrithe ítimí a chuimsítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh chomh maith le hairm thine de Chatagóir A, B agus C de réir bhrí Rialachán (AE) 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2025/41 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nuair atá siad ceaptha le haghaidh na bhfórsaí armtha, na bpóilíní, nó údaráis phoiblí na Ríochta Aontaithe i nGiobráltar, beidh siad faoi réir fhorálacha an Teidil seo agus faoi réir rialacha dhlí na Spáinne maidir le rialuithe onnmhairiúcháin ar ábhar cosanta agus dé-úsáide. Forchuirfidh Ríocht na Spáinne ceanglas údarúcháin ar aistrithe na n-ítimí sin.
2.
Cuimseofar sna hiarratais le haghaidh údaruithe dá dtagraítear i mír 1 an méid a leanas:
(a)
iarratais ar cheadúnais le haghaidh onnmhairí fisiceacha, lena n-áirítear iad siúd chun críche táirgeadh ceadúnaithe trealaimh mhíleata i dtríú tíortha;
(b)
iarratais ar cheadúnais le haghaidh allmhairí isteach i gcríoch chustaim an Aontais:
(c)
iarratais ar cheadúnais bhróicéireachta;
(d)
iarratais ar cheadúnais ‘idirthurais’ nó ‘trasloingsithe’; agus
(e)
iarratais ar cheadúnais le haghaidh aon aistriú doláimhsithe bogearraí agus teicneolaíochta, trí mheáin leictreonacha, facs nó teileafón mar shampla.
3.
Déanfaidh Ríocht na Spáinne measúnú ar na hiarratais ar cheadúnas a chuirfear isteach chun ítimí atá ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a aistriú ar bhonn cás ar chás de réir na gcritéar a bunaíodh le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/779 ón gComhairle, lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.
AIRTEAGAL 262
Earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide
1.
Aistrithe ítimí a chuimsítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh siad faoi réir fhorálacha an Teidil seo agus faoi réir rialacha ábhartha dhlí an Aontais agus na Spáinne maidir le rialuithe onnmhairiúcháin ar ábhar cosanta agus dé-úsáide. Forchuirfidh Ríocht na Spáinne ceanglas údarúcháin ar aistrithe ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2.
Féadfaidh Ríocht na Spáinne ceanglas údarúcháin a fhorchur maidir le haistriú ítimí áirithe nach liostaítear in Iarscríbhinn I, agus forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/821 á gcur i bhfeidhm.
3.
Féadfaidh Ríocht na Spáinne toirmeasc a chur ar aistriú ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, nó ceanglas údarúcháin a fhorchur ina leith, ar chúiseanna slándála poiblí, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta a chosc, nó cúiseanna a bhaineann le cearta an duine.
4.
Cuimseofar sna hiarratais le haghaidh údaruithe dá dtagraítear i mír 1 an méid a leanas:
(a)
iarratais ar cheadúnais le haghaidh onnmhairí fisiceacha, lena n-áirítear iad siúd chun críche táirgeadh ceadúnaithe trealaimh mhíleata i dtríú tíortha;
(b)
iarratais ar cheadúnais le haghaidh allmhairí isteach i gcríoch chustaim an Aontais:
(c)
iarratais ar cheadúnais bhróicéireachta;
(d)
iarratais ar cheadúnais ‘idirthurais’ nó ‘trasloingsithe’; agus
(e)
iarratais ar cheadúnais le haghaidh aon aistriú doláimhsithe bogearraí agus teicneolaíochta, trí mheáin leictreonacha, facs nó teileafón mar shampla.
AIRTEAGAL 263
Údaruithe
1.
Deonóidh údarás inniúil Ríocht na Spáinne údaruithe aistrithe faoin gCaibidil seo i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. A mhéid a bhaineann le hairm thine, deonóidh údarás inniúil Ríocht na Spáinne údaruithe aistrithe faoin gComhaontú seo i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 agus Rialachán (AE) 2025/41.
2.
Agus cinneadh á dhéanamh cé acu údarú a dheonú nó gan é a dheonú nó idirthuras a thoirmeasc nó gan é a thoirmeasc faoin gComhaontú seo, cuirfidh Ríocht na Spáinne na breithnithe ábhartha uile san áireamh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
oibleagáidí agus gealltanais idirnáisiúnta Ríocht na Spáinne, go háirithe na hoibleagáidí agus na gealltanais ar ghlac sí leo mar chomhalta de na córais idirnáisiúnta ábhartha maidir le neamhleathadh agus na socruithe ábhartha maidir le rialú onnmhairí, nó trí na conarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú;
(b)
a hoibleagáidí faoi smachtbhannaí arna bhforchur le gníomhartha dlí de chuid an Aontais nó le cinneadh ó ESCE nó le rún ceangailteach ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;
(c)
breithnithe beartais náisiúnta eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear iad siúd a chumhdaítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/779 ón gComhairle; agus
(d)
breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus riosca an atreoraithe.
3.
Féadfaidh údarás inniúil Ríocht na Spáinne, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an gCaibidil seo, diúltú údarú aistrithe a dheonú agus féadfaidh sí údarú aistrithe atá deonaithe aige cheana a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 agus Rialachán (AE) 2025/41.
AIRTEAGAL 264
Nós imeachta speisialta
1.
Aistriú na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagail 260, 261 agus 262, cé is moite d’earraí a aistrítear chun críoch tráchtála agus earraí sláintíochta agus fíteashláintíochta, déanfar é a rialú go heisiach le nós imeachta speisialta an Airteagail seo, ar choinníoll:
(a)
go dtagann na hítimí sin go haerfort Ghiobráltar nó calafort Ghiobráltar, nó go n-imíonn siad uaidh, ar bord aerárthaí Stáit nó soithí Stáit nó i gcoinsíneachtaí Stáit mar a shainmhínítear sna socruithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 260(7); agus
(b)
go bhfuil na hítimí sin ceaptha le haghaidh Ghiobráltar go heisiach le haghaidh úsáid oifigiúil Aireacht Cosanta na Ríochta Aontaithe nó fórsaí tríú tír ar cuairt.
Earraí a chumhdaítear leis an Airteagal seo, ní mheasfar iad a bheith i saorchúrsaíocht i nGiobráltar ach i bhfoirm cead isteach sealadach faoi rialú na n-údarás ábhartha. Ní fhéadfar na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcríoch chustaim an Aontais. I gcás ina gcuirfear na hearraí sin ar an margadh i nGiobráltar, beidh feidhm ag Teideal II. Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le haistriú na n-earraí sin ó Ghiobráltar go críoch chustaim an Aontais.
2.
I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha faoi mhír 1, a luaithe is indéanta le réasún agus in aon chás sula n-aistreofar na hítimí, cuirfidh an Ríocht Aontaithe liosta de na hítimí agus deimhniú arna shíniú ag Oifigeach Idirchaidrimh na Ríochta Aontaithe ar fáil d’Oifigeach Idirchaidrimh Ríocht na Spáinne lena ráthófar an méid seo a leanas maidir leis na hítimí sin:
(a)
go ndéanfar iad a iompar agus a stóráil go slán i saoráidí ainmnithe; agus
(b)
go mbeidh siad faoi réir dianchóras cuntasaíochta agus rianaithe.
CAIBIDIL 6
CUR CHUN FEIDHME, CUR I bhFEIDHM, MAOIRSEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ
AIRTEAGAL 265
Cur chun feidhme, cur i bhfeidhm, maoirseacht agus forfheidhmiú
1.
Fíoróidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas go gcomhlíonfar an Teideal seo agus déanfaidh siad aon chúram is gá, agus beidh rochtain acu, inter alia, ar na bonneagair, na doiciméid agus na taifid ábhartha agus ar aon fhaisnéis ábhartha eile.
2.
Comhoibreoidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina leith sin agus cuirfear na cúiseanna le haon chuairt in iúl dóibh roimh ré, ionas gur féidir í a dhéanamh i gcomhpháirt leis na húdaráis inniúla laistigh den Aontas.
3.
Leagtar síos in Iarscríbhinn 22 na módúlachtaí praiticiúla maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo.
AIRTEAGAL 266
Dlí an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar,
agus i nGiobráltar i gcomhréir le hAirteagal 247(1)
Maidir leis na forálacha i ndlí an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i nGiobráltar, de bhua Airteagal 247(1), beidh feidhm ag an méid seo a leanas, gan dochar d’Airteagal 19:
(a)
aon tagairt don chríoch a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 sna forálacha is infheidhme den Chomhaontú seo, agus sna forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i nGiobráltar leis an gComhaontú seo, tuigfear go gcuimsítear Giobráltar inti. Go háirithe, maidir le Treoracha an Aontais maidir le cáin indíreach, glacfaidh an tAontas na bearta is gá chun a áirithiú nach gcaithfear le hidirbhearta ná le gluaiseachtaí idir Giobráltar agus na Ballstáit ná idir na Ballstáit agus Giobráltar mar idirbhearta ná gluaiseachtaí idir tríú tíortha nó críocha agus an tAontas;
(b)
mura measfaidh an tAontas go bhfuil géarghá le rochtain iomlán nó pháirteach a bheith ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun é a chur ar a cumas don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a hoibleagáidí faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh, maidir le rochtain ar aon líonra, córas faisnéise nó bunachar sonraí arna bhunú ar bhonn dhlí an Aontais, ní thuigfear as tagairtí do na Ballstáit agus d’údaráis inniúla na mBallstát sna forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú seo go n-áirítear iontu an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar; agus
(c)
ní ghníomhóidh údaráis na Ríochta Aontaithe nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, mar phríomhúdarás le haghaidh measúnuithe riosca, scrúduithe, ceaduithe agus nósanna imeachta údarúcháin dá bhforáiltear i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 267
Earraí, airgead tirim agus peataí a thugann daoine leo
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 247(2) i bhfeidhm, beidh teacht isteach i nGiobráltar earraí atá á n-iompar ag taistealaithe ina mbagáiste pearsanta, chomh maith lena bpeataí, agus teacht isteach agus imeacht airgid thirim faoi réir na bhforálacha a leagtar amach in Iarscríbhinní 22 agus 23.
AIRTEAGAL 268
Tagairtí do ghníomhartha áirithe de chuid an Aontais
Chun críoch an Teidil seo, tuigfear as tagairtí do ghníomhartha de chuid an Aontais in Airteagail 241, 256, 261, 262, 263 agus 266 agus i mír 1(a) d’Airteagal 3 d’Iarscríbhinn 19 agus i mír 5 d’Airteagal 1 d’Iarscríbhinn 21 go n-áirítear iontu na gníomhartha sin de chuid an Aontais arna leasú nó arna n-ionadú amach anseo chomh maith le haon ghníomh de chuid an Aontais lena gcuirtear na gníomhartha sin de chuid an Aontais chun feidhme nó lena bhforlíontar iad.
CAIBIDIL 7
SOCRUITHE IDIRTHRÉIMHSEACHA
AIRTEAGAL 269
Earraí a chuirtear ar an margadh i nGiobráltar
1.
Ní bheidh feidhm ag Teideal II maidir le hearraí ar cuireadh tús lena ngluaiseacht roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus ar tháinig deireadh léi dá éis sin.
2.
Ní bheidh feidhm ag forálacha an Chomhaontaithe seo a bhaineann le cáin indíreach maidir le hearraí a chumhdaítear le deimhniú díolúine ó dhleacht ar allmhairí arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi Rialachán 8, Cuid 3 de Rialacháin Ghiobráltar um Tharaifí Comhtháite 2017 roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, a mhéid a leagtar amach i mír 4, ar choinníoll go mbeidh cóipeanna de na deimhnithe sin uile atá ar marthain curtha ar fáil ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, do na húdaráis inniúla laistigh den Aontas, mar aon le faisnéis ábhartha maidir le cainníocht na n-earraí lena mbaineann a allmhairíodh le 3 bliana anuas i gcás inarb infheidhme. Beidh cainníochtaí na n-earraí atá le hallmhairiú i gcomhréir leis na tionscadail ábhartha a chumhdaítear leis an deimhniú.
3.
I gcás ina mbeidh oibreoir eacnamaíoch ag brath ar mhír 1 nó ar mhír 2 i ndáil le hearra nó earraí sonracha, is ar an oibreoir sin a bheidh an dualgas a léiriú, ar bhonn aon doiciméad ábhartha, gur thosaigh an ghluaiseacht roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó gur eisíodh an deimhniú roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
4.
Scoirfidh mír 1 d’fheidhm a bheith aici 2 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Beidh feidhm ag mír 2 ar feadh tréimhse nach faide ná fad an deimhnithe ábhartha nó ar feadh tréimhse 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, cibé acu is giorra.
5.
Aon earra a cuireadh ar an margadh go dleathach i nGiobráltar roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, ní bheidh sé, ar feadh tréimhse 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, faoi réir cheanglais Airteagal 256.
6.
I gcás ina mbeidh oibreoir eacnamaíoch ag brath ar mhír 5 i ndáil le hearra sonrach, is ar an oibreoir sin a bheidh an dualgas a léiriú, ar bhonn aon doiciméad ábhartha, gur cuireadh an t-earra sin ar an margadh i nGiobráltar roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, mar aon le mionsonraí a sholáthar maidir le cainníochtaí na n-earraí lena mbaineann.
AIRTEAGAL 270
Deireadh a chur le stóráil shealadach nó le nósanna imeachta custaim speisialta
1.
Ní bheidh feidhm ag an Teideal seo maidir le hearraí a bhí á stóráil go sealadach i nGiobráltar ná le haon nós imeachta custaim speisialta ar cuireadh tús leis faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, ar choinníoll, de réir mar is infheidhme:
(a)
go scaoiltear na hearraí ón nós imeachta speisialta laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo; nó
(b)
go tagann deireadh leis an stóráil shealadach roimh an teorainn ama dhlíthiúil le haghaidh stóráil shealadach a leagtar amach sa reachtaíocht sin.
2.
Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le hearraí dá dtagraítear i mír 1 a scaoileadh i saorchúrsaíocht, leis an nós imeachta speisialta a urscaoileadh agus le haon earra dá dtagraítear i mír 1 a athonnmhairiú ó Ghiobráltar.
TEIDEAL III
IOMPAR
CAIBIDIL 1
AN EITLÍOCHT
AIRTEAGAL 271
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige;
(b)
ciallaíonn ‘aeriompar’ iompar arb é atá ann paisinéirí, bagáiste, lasta agus post a iompar in aerárthaí, ar leithligh nó in éineacht, a chuirtear ar fáil mar sheirbhís don phobal ar luach saothair nó ar fruiliú, ar a n-áirítear aersheirbhísí sceidealta agus neamhsceidealta araon;
(c)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ gníomhaireacht rialtais nó eintiteas rialtais atá freagrach as na feidhmeanna rialála agus riaracháin ábhartha faoin gComhaontú seo; agus
(d)
ciallaíonn ‘aerfort Ghiobráltar’ an t-aerfort atá suite i gcuing Ghiobráltar i leith na seirbhísí is ábhar don Chomhfhiontar dá dtagraítear in Airteagal AIR.4.
AIRTEAGAL 272
Cearta tráchta a dháileadh
1.
Maidir le hiompar aeriompair, beidh an méid seo a leanas ag aeriompróirí gach Páirtí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach:
(a)
an ceart chun eitilt thar chríoch Ghiobráltar gan tuirlingt; agus
(b)
an ceart chun stadanna a dhéanamh ag aerfort Ghiobráltar chun críocha nach mbaineann le trácht.
2.
Ní fhéadfaidh ach aeriompróirí de chuid an Aontais nó aeriompróirí arna n-údarú ag an Aontas seirbhísí aeriompair idir aerfort Ghiobráltar agus pointí ar chríoch an Aontais a sholáthar. Soláthrófar na seirbhísí sin i gcomhréir le dlí an Aontais.
3.
Ní fhéadfaidh ach aeriompróirí de chuid na Ríochta Aontaithe nó aeriompróirí arna n-údarú ag an Ríocht Aontaithe seirbhísí aeriompair idir aerfort Ghiobráltar agus pointí sa Ríocht Aontaithe a sholáthar. Soláthrófar na seirbhísí sin i gcomhréir le dlí na Ríochta Aontaithe.
4.
Comhaontaíonn údaráis inniúla na bPáirtithe dul i gcomhairle le chéile maidir leis an bhféidearthacht comhaontuithe ábhartha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo nó ionstraimí dlí idirnáisiúnta eile a leathnú chun Giobráltar a chumhdach de réir mar is gá agus maidir lena gcur chun feidhme praiticiúil.
AIRTEAGAL 273
Rialacha is infheidhme maidir le haerfort Ghiobráltar
1.
Cuirfidh an bainistiú aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear d’aerthrácht sibhialta ag aerfort Ghiobráltar leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta ar fáil le hoibríochtaí sibhialta agus le córais shibhialta atá coibhéiseach leis na seirbhísí a sholáthraítear in aerfoirt shibhialta ina bhfuil feidhm ag forálacha na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI ).
2.
Sábháilteacht agus slándáil a sholáthrófar d’aerthrácht sibhialta ag aerfort Ghiobráltar, cuirfear ar fáil iad, ar a laghad, ar leibhéal na seirbhísí coibhéiseacha a sholáthraítear in aerfoirt shibhialta ina bhfuil feidhm ag forálacha EESI.
3.
I réimse na muirear aerfoirt, na láimhseála ar talamh, na sliotán, na ndaoine faoi mhíchumas agus na ndaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, beidh feidhm maidir le haerfort Ghiobráltar ag na forálacha atá sna gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinn 25.
4.
Faoi na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 5, maidir leis na forálacha atá in aon ghníomh ina dhiaidh sin:
(a)
lena leasaítear nó lena n-ionadaítear gníomh a liostaítear in Iarscríbhinn 25;
(b)
lena ndéantar gníomh a liostaítear in Iarscríbhinn 25 a fhorlíonadh nó a chur chun feidhme; nó
(c)
ar ábhar gnímh a liostaítear in Iarscríbhinn 25,
beidh feidhm acu freisin maidir le haerfort Ghiobráltar.
5.
I gcás ina nglacfaidh an tAontas gníomh ina dhiaidh sin dá dtagraítear i mír 3, tabharfaidh sé fógra láithreach don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi ghlacadh an ghnímh sin. Laistigh de 30 lá tar éis an fógra sin, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra don Aontas faoina cinneadh i dtaobh an nglacfaidh sí le hábhar an ghnímh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin agus an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. Má ghlacann an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le hábhar an ghnímh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin, cruthófar cearta agus oibleagáidí idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus an tAontas.
6.
Laistigh de 30 lá tar éis an fhógra ón Aontas dá dtagraítear i mír 4, beidh feidhm ag mír 3 maidir leis an ngníomh de chuid an Aontais ina dhiaidh sin.
7.
Déanfaidh údaráis inniúla an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an méid seo a leanas, faoi choimirce an Choiste Speisialaithe um Eitlíocht arna bhunú de bhun Airteagal AIR.5:
(a)
faisnéis tráthrialta a mhalartú maidir le cúrsaí sábháilteachta agus slándála; agus
(b)
cuairteanna cigireachta comhpháirteacha a dhéanamh ar aerfort Ghiobráltar chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha na hIarscríbhinne seo agus ar shlándáil ag aerfort Ghiobráltar.
Beidh na cuairteanna comhréireach agus tabharfar iad arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, iarraidh nach féidir leis an bPáirtí eile a dhiúltú. Tarlóidh na cuairteanna cigireachta agus an malartú faisnéise sin maidir le hoibriú eitiltí idir aerfort Ghiobráltar agus pointí san Aontas agus le linn oibriú na n-eitiltí sin, agus maidir leis an ullmhúchán don oibriú sin. Comhaontóidh an Coiste Speisialaithe um Eitlíocht na módúlachtaí praiticiúla chun an mhír seo a chur chun feidhme.
Tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tuairisc ar chur chun feidhme na míre seo don Choiste Speisialaithe um Eitlíocht.
8.
Aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú san Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, ní cheadófar dóibh eitiltí a oibriú chuig aerfort Ghiobráltar agus uaidh.
Tuigfear go n-áireofar leis an tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 an rialachán arna leasú nó arna ionadú amach anseo chomh maith le haon ghníomh de chuid an Aontais lena gcuirtear an rialachán sin chun feidhme nó lena bhforlíontar é.
9.
Aeriompróirí atá faoi réir bhearta sriantacha ceachtar de na Páirtithe, ní cheadófar dóibh eitiltí a oibriú chuig aerfort Ghiobráltar agus uaidh.
AIRTEAGAL 274
Comhfhiontar
Comhdhéanfar cuideachta comhfhiontair faoi fhreagracht chomhroinnte Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Ní chomhdhéanfar an chuideachta comhfhiontair i gceachtar Stát a bhfuil freagracht chomhroinnte air as an gcuideachta comhfhiontair agus is i i mBallstát den Aontas a chomhdhéanfar í. Roghnóidh an comhfhiontar, trí thairiscint phoiblí rialta, an chuideachta tráchtála atá i gceannas ar bhainistiú laethúil aerfort Ghiobráltar agus déanfaidh sé maoirseacht uirthi.
Féadfar foráil a dhéanamh sa tairiscint phoiblí maidir leis an gconradh agus an dlí saothair is infheidhme maidir leis an gcuideachta tráchtála agus lena hoibríochtaí.
Féadfaidh daoine príobháideacha nó cuideachtaí a théann chun dlí in aghaidh an chomhfhiontair nó na cuideachta tráchtála é sin a dhéanamh i gcomhréir le hionstraimí ábhartha intíre, Aontais nó idirnáisiúnta, chomh maith le haon mhódúlacht a leagtar amach sna hionstraimí sin, lena n-áirítear trí chúirteanna na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó cúirteanna Ballstáit, de réir mar is iomchuí.
AIRTEAGAL 275
An Coiste Speisialaithe um Eitlíocht
Díreoidh an Coiste Speisialaithe um Eitlíocht ar ábhair faoin gCaibidil seo agus beidh sé de chumhacht aige:
(a)
moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle Comhair chun cinneadh a ghlacadh lena leasófar Iarscríbhinn 25;
(b)
faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Caibidle seo agus feidhmiú cuí na Caibidle seo a áirithiú;
(c)
aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí tar éis cuairteanna cigireachta comhpháirteacha de bhun Airteagal AIR.3(6);
(d)
saincheisteanna teicniúla a eascraíonn as cur chun feidhme na Caibidle seo a phlé;
(e)
moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Caibidle seo;
(f)
aon ábhar leasa a bhaineann le réimse a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a bhreithniú; agus
(g)
faireachán, idirphlé agus malartuithe a reáchtáil i réimsí leasa choitinn, d’fhonn deiseanna comhair a shainaithint agus dea-chleachtais agus saineolas a chomhroinnt.
CAIBIDIL 2
IOMPAR DE BHÓTHAR
AIRTEAGAL 276
Iompar earraí agus gluaiseacht otharcharranna
idir críocha na bPáirtithe
1.
Ceadóidh na Páirtithe iompar earraí de bhóthar idir a gcríocha. Laistigh de chríoch an Aontais, áfach, beidh na hoibríochtaí iompair sin teoranta don réigiún teorann tadhlach.
2.
Ceadóidh an tAontas laistigh dá chríoch soláthar na seirbhísí otharchairr seo a leanas is gá chun an tsláinte a chosaint, ag oibreoirí atá bunaithe i nGiobráltar agus ag gníomhú faoi stiúir Údarás Sláinte Ghiobráltar, faoi réir an cheanglais go gcuirfear an fhoráil seo i bhfeidhm ar bhealach réasúnta nach mbeidh idirdhealú treallach ná dochosanta ná srian faoi cheilt ar thrádáil seirbhísí mar thoradh air:
(a)
seirbhísí otharchairr éigeandála;
(b)
seirbhísí otharchairr is gá le haghaidh láimhseáil speisialaithe riochtaí sláinte tromchúiseacha agus géara idir Giobráltar agus na bunaíochtaí sin a liostaítear in Iarscríbhinn 26, atá tadhlach le Giobráltar chun críocha sláinte poiblí.
3.
Ceadóidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, laistigh de chríoch Ghiobráltar, soláthar na seirbhísí otharchairr seo a leanas is gá chun an tsláinte a chosaint, ag oibreoirí de chuid an Aontais atá bunaithe sa réigiún teorann tadhlach agus ag gníomhú dóibh faoi threoir na n-údarás arna n-údarú go cuí faoi rialacháin ábhartha, faoi réir an cheanglais go gcuirfear an fhoráil seo i bhfeidhm ar bhealach réasúnta nach mbeidh idirdhealú treallach ná dochosanta ná srian faoi cheilt ar thrádáil seirbhísí mar thoradh air:
(a)
seirbhísí otharchairr éigeandála; agus
(b)
seirbhísí otharchairr is gá le haghaidh láimhseáil speisialaithe riochtaí sláinte tromchúiseacha agus géara idir Giobráltar agus na bunaíochtaí sin a liostaítear in Iarscríbhinn 26, atá tadhlach le Giobráltar chun críocha sláinte poiblí.
AIRTEAGAL 277
Iompar earraí go Giobráltar agus ó Ghiobráltar trí chríoch an Aontais
Ceadóidh an tAontas iompar earraí de bhóthar, agus idirthuras trína chríoch, chun críche tráchtála idir críoch na Ríochta Aontaithe agus Giobráltar, agus turais neamhualaithe a dhéantar i gcomhar leis an iompar sin.
AIRTEAGAL 278
Ceanglais ar oibreoirí
1.
Oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí a dhéanfaidh turas dá dtagraítear in Airteagail 276 nó 277, beidh ceadúnas bailí acu arna eisiúint i gcomhréir le mír 2.
2.
Ní eiseofar ceadúnais, i gcomhréir le dlí na bPáirtithe, ach chuig oibreoirí tarlaithe de bhóthar a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn 27 lena rialaítear ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar agus saothrú na gairme céanna.
3.
Coimeádfar cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas ar bord na feithicle agus tabharfar sin d’aon oifigeach cigireachta atá formheasta ag Páirtí arna iarraidh sin dó. Beidh an ceadúnas agus an chóip dhílis dheimhnithe ar aon dul le ceann de na samhlacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn X-A-1-3 de Chuid A d’Iarscríbhinn 27, ina leagtar síos freisin na coinníollacha lena rialaítear úsáid an cheadúnais. Beidh dhá cheann ar a laghad de na gnéithe slándála a liostaítear i bhFoscríbhinn X-A-1-4 go Cuid A d’Iarscríbhinn 27 sa cheadúnas.
AIRTEAGAL 279
Díolúine ó cheanglas ceadúnúcháin sa réigiún teorann tadhlach
Na cineálacha iompair earraí seo a leanas agus turais neamhualaithe a dhéanfar i gcomhar leis an iompar sin, féadfar iad a dhéanamh sa réigiún teorann tadhlach gan ceadúnas bailí dá dtagraítear in Airteagal TRANSP.3:
(a)
iompar poist mar sheirbhís uilíoch;
(b)
iompar feithiclí a ndearnadh damáiste dóibh nó a chlis;
(c)
iompar earraí i mótarfheithiclí nach dtéann a mais ualaithe ceadaithe, lena n-áirítear leantóirí, thar 2,5 tonna;
(d)
iompar táirgí íocshláinte, fearas, trealaimh agus nithe eile a mbeidh gá leo le haghaidh cúram leighis i gcás faoiseamh éigeandála, go háirithe i dtaca le tubaistí nádúrtha agus cúnamh daonnúil;
(e)
iompar earraí i bhfeithiclí ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(i)
is leis na hoibreoirí tarlaithe de bhóthar na hearraí a bheidh ar iompar nó is earraí iad a rinne an t-oibreoir a dhíol, a cheannach, a ligean amach ar fruiliú nó a fhruiliú, a tháirgeadh, a eastóscadh, a phróiseáil nó a dheisiú;
(ii)
is é cuspóir an turais na hearraí a iompar go dtí áitreabh an oibreora tarlaithe de bhóthar nó ón áitreabh sin, nó iad a bhogadh laistigh den oibreoir nó lasmuigh de ar mhaithe lena riachtanais féin;
(iii)
is pearsanra atá fostaithe ag an oibreoir tarlaithe de bhóthar, nó a chuirtear ar fáil don oibreoir tarlaithe de bhóthar faoi oibleagáid chonarthach, a thiomáinfidh na feithiclí a úsáidfear le haghaidh an iompair sin;
(iv)
na feithiclí a bheidh ag iompar na n-earraí, is leis an oibreoir tarlaithe de bhóthar iad, nó rinne an t-oibreoir iad a cheannach ar théarmaí iarchurtha nó iad a fhruiliú; agus
(v)
ní bheidh san iompar sin ach gníomh coimhdeach maidir le gníomhaíochtaí foriomlána an oibreora tarlaithe de bhóthar;
(f)
iompar earraí le mótarfheithiclí nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 40 km/u.
AIRTEAGAL 280
Ceanglais ar thiománaithe
Tiománaithe feithiclí oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí a dhéanfaidh turas dá dtagraítear in Airteagail 276 nó 277, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a)
beidh Teastas um Inniúlacht Ghairmiúil arna eisiúint i gcomhréir le Roinn 1 de Chuid B d' Iarscríbhinn 27 acu; agus
(b)
a chomhlíonfaidh sé na rialacha maidir le ham tiomána agus oibre, tréimhsí scíthe, sosanna agus úsáid tacagraf i gcomhréir le Ranna 2 go 4 de Chuid B d' Iarscríbhinn 27.
AIRTEAGAL 281
Ceanglais ar fheithiclí
Ní dhiúltóidh Páirtí úsáid feithicle ina chríoch i gcás feithicil a dhéanann turas dá dtagraítear in Airteagail TRANSP, agus ní chuirfidh sé toirmeasc ar úsáid feithicle ar an gcúis sin. 276 nó 277 má chomhlíonann an fheithicil na ceanglais a leagtar amach i Roinn 1 de Chuid C d’Iarscríbhinn 27.
Déanfar feithiclí oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí a dhéanfaidh turas dá dtagraítear in Airteagail 276 nó 277 a fheistiú le tacagraf a dhéanfar, a shuiteálfar, a úsáidfear, a thástálfar agus a rialófar i gcomhréir le Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 27.
AIRTEAGAL 282
Rialacha maidir le trácht ar bhóithre
Tiománaithe feithiclí oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí a dhéanfaidh turas dá dtagraítear in Airteagail 276 nó 277, comhlíonfaidh siad, agus iad i gcríoch an Pháirtí eile, na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta atá i bhfeidhm sa chríoch sin maidir le trácht ar bhóithre.
AIRTEAGAL 283
Forbairt dlíthe agus an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil
1.
Nuair a mholann Páirtí beart rialála nua i réimse a chumhdaítear le hIarscríbhinn 27, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)
fógra a thabhairt don Pháirtí eile faoin mbeart rialála atá beartaithe a luaithe is féidir; agus
(b)
an Páirtí eile a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an bhirt rialála.
2.
Arna iarraidh sin do Pháirtí, déanfar malartú tuairimí laistigh den Choiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an iarraidh a chur isteach, i dtaobh an mbeadh feidhm ag an mbeart rialála nua atá beartaithe maidir le turais dá dtagraítear in Airteagail 276 nó 277.
3.
Nuair a ghlacfaidh Páirtí beart rialála nua dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile, agus soláthróidh sé téacs an bhirt rialála nua laistigh de sheachtain amháin tar éis a fhoilsithe.
4.
Tiocfaidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil le chéile chun plé a dhéanamh ar aon bheart rialála nua a ghlacfar, arna iarraidh sin do Pháirtí, laistigh de 2 mhí ón iarraidh a chur isteach, cibé acu a tugadh fógra i gcomhréir le mír 1 nó mír 3 nó nár tugadh, nó a rinneadh plé i gcomhréir le mír 2.
5.
Beidh sé de chumhacht ag an gCoiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
Iarscríbhinn 26 a leasú;
(b)
a dheimhniú go bhfuil na leasuithe a rinneadh leis an mbeart rialála nua i gcomhréir le hIarscríbhinn 27;
(c)
cinneadh a dhéanamh maidir le haon bheart eile a bhfuil sé d’aidhm aige feidhmiú cuí na Caibidle seo a choimirciú; agus
(d)
aon mhodhnú ar Iarscríbhinn 27 a ghlacadh de réir mar is gá chun athruithe a rinneadh ar Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a léiriú.
AIRTEAGAL 284
Bearta leighis
1.
Má mheasann Páirtí go bhfuil beart rialála nua glactha ag an bPáirtí eile nach gcomhlíonann ceanglais Iarscríbhinn 27, go háirithe i gcásanna nach bhfuil cinneadh déanta ag an gCoiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil faoi Airteagal 283, agus má chuireann an Páirtí eile forálacha an bhirt rialála nua i bhfeidhm mar sin féin maidir le hoibreoirí tarlaithe de bhóthar, tiománaithe nó feithiclí an Pháirtí, féadfaidh an Páirtí, tar éis dó fógra a thabhairt don Pháirtí eile, bearta leighis iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear oibleagáidí faoin gComhaontú seo nó faoi aon chomhaontú forlíontach, a chur ar fionraí, ar choinníoll:
(a)
nach sáróidh na bearta sin an leibhéal is comhionann leis an neamhniú nó an lagú arb é is cúis leis an beart rialála nua arna ghlacadh ag an bPáirtí eile nach gcomhlíonann ceanglais Iarscríbhinn 27; agus
(b)
go mbeidh éifeacht leis na bearta sin 7 lá ar a luaithe tar éis don Pháirtí a bheartaíonn na bearta sin a dhéanamh fógra faoin mír seo a thabhairt don Pháirtí eile.
2.
Scoirfidh na bearta leighis iomchuí d’fheidhm a bheith acu sna cásanna seo a leanas:
(a)
nuair is deimhin leis an bPáirtí, tar éis dó bearta den sórt sin a ghlacadh, go bhfuil an Páirtí eile ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí faoin gCaibidil seo; nó
(b)
i gcomhréir le rialú ón mbinse eadrána.
3.
Ní dhéanfaidh Páirtí an Comhaontú EDT ná aon chomhaontú idirnáisiúnta eile a agairt chun bac a chur ar an bPáirtí eile oibleagáidí faoin Airteagal seo a chur ar fionraí.
AIRTEAGAL 285
Cánachas
1.
Feithiclí a úsáideann oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí chun earraí a iompar i gcomhréir le hAirteagail 276 nó 277, beidh siad díolmhaithe ó na cánacha agus na muirir a thoibhítear ar sheilbh nó ar chúrsaíocht feithiclí i gcríoch an Pháirtí eile.
2.
Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
cáin nó muirear ar ídiú breosla;
(b)
muirear ar bhóthar nó gréasán bóithre a úsáid; nó
(c)
muirear ar dhroichid áirithe, tolláin áirithe nó báid farantóireachta áirithe a úsáid.
3.
An breosla atá in umair chaighdeánacha na bhfeithiclí agus i gcoimeádáin speisialta, a ligtear isteach go sealadach agus a úsáidtear go díreach chun tiomána agus, más iomchuí, chun córais chuisniúcháin agus córais eile a oibriú, le linn iompair, mar aon le bealaí atá sna mótarfheithiclí agus a bhfuil gá leo le haghaidh a ngnáthoibrithe le linn an turais, beidh sé saor ó dhleachtanna custaim agus aon cháin agus tobhach eile, ar nós CBL agus dleachtanna máil, agus ní bheidh sé faoi réir aon srian ar allmhairí.
4.
Na páirteanna breise a allmhaireofar chun feithicil a dheisiú ar chríoch Páirtí amháin a cláraíodh nó a cuireadh i gcúrsaíocht sa Pháirtí eile, is faoi chlúdach ligean isteach sealadach saor ó dhleacht a ligfear isteach iad, rud a bheidh gan toirmeasc ná srian ar allmhairiú. Na páirteanna a chuirfear páirteanna eile ina n-áit, beidh siad faoi réir dleachtanna custaim agus cánacha eile (CBL) agus déanfar iad a athonnmhairiú nó a scriosadh faoi rialú údaráis chustaim an Pháirtí eile.
CAIBIDIL 3
IOMPAR MUIRÍ
AIRTEAGAL 286
Iompar muirí
Déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
(a)
cóir a thabhairt do longa a sholáthraíonn seirbhísí iompar muirí idirnáisiúnta agus atá faoi bhratach aon Bhallstáit nó na Ríochta Aontaithe (Giobráltar), nó atá á n-oibriú ag soláthróirí seirbhíse an Pháirtí eile, cóir atá chomh fabhrach céanna leis an gcóir a thugtar dá longa féin, maidir leis an méid seo a leanas: (i) rochtain ar chalafoirt; (ii) úsáid bhonneagar an chalafoirt; (iii) úsáid seirbhísí tánaisteacha muirí; agus (iv) saoráidí custaim, agus sannadh beartanna agus saoráidí le haghaidh luchtú agus díluchtú, lena n-áirítear na táillí agus na muirir lena mbaineann;
(b)
na seirbhísí calafoirt seo a leanas a chur ar fáil, sa chalafort agus in uiscí inmheánacha an chalafoirt, do sholáthróirí sheirbhísí iompair mhuirí idirnáisiúnta an Pháirtí eile, ar théarmaí agus coinníollacha atá réasúnta agus atá chomh fabhrach céanna leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir lena sholáthróirí nó lena shoithí féin (lena n-áirítear táillí agus muirir, sonraíochtaí agus cáilíocht na seirbhíse atá le soláthar): píolótaíocht, cúnamh tuála agus tarraingthe, soláthar, breoslú agus uisciú, bailiú dramhaíola agus diúscairt dramhaíola ballasta, seirbhísí captaein calafoirt, áiseanna loingseoireachta, saoráidí éigeandála deisiúcháin, ancaireacht, seirbhísí cur i mbeart agus díchur i mbeart agus seirbhísí oibríochtúla ar tír atá riachtanach d’oibríochtaí long lena n-áirítear cumarsáid, uisce agus soláthairtí leictreacha;
TEIDEAL IV
EISCEACHTAÍ
AIRTEAGAL 287
Eisceachtaí ginearálta
1.
Ní dhéanfar aon ní i dTeidil I agus II de Chuid a Trí a fhorléiriú mar ní a chuireann cosc ar Pháirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ar bearta iad atá comhoiriúnach le hAirteagal XX de GATT 1994. Chuige sin, déantar Airteagal XX de GATT 1994, agus na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis, a ionchorprú sa Chomhaontú seo, agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh mutatis mutandis.
2.
Faoi réir an cheanglais nach gcuirtear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach arb é a bheadh ann modh idirdhealaithe threallaigh nó gan údar idir tíortha ina mbeadh coinníollacha comhchosúla i réim, nó ina mbeadh srianadh faoi cheilt i réim ar thrádáil i seirbhísí, ní dhéanfar aon ní i dTeideal III de Chuid a Trí a fhorléiriú mar ní lena gcoiscfear ar cheachtar Páirtí bearta a ghlacadh nó a fhorfheidhmiú:
(a)
bearta is gá chun slándáil an phobail nó moráltacht an phobail a chosaint nó an t-ord poiblí a choimeád;
(b)
bearta is gá chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint;
(c)
bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlíthe nó rialacháin nach bhfuil ar neamhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le:
(i)
cleachtais mhealltacha agus cleachtais chalaoiseacha a chosc nó déileáil le héifeachtaí mainneachtana ar chonarthaí;
(ii)
príobháideachas daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil agus scaipeadh sonraí pearsanta agus rúndacht taifead agus cuntas aonair a chosaint; agus
(iii)
sábháilteacht.
3.
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, a mhéid atá na bearta sin ar neamhréir ar shlí eile le forálacha na ranna nó na dteideal dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, tuigeann na Páirtithe an méid seo a leanas:
(a)
leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal XX de GATT 1994 agus i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo go gcuimsítear bearta comhshaoil is gá chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint;
(b)
go bhfuil feidhm ag pointe (g) d’Airteagal XX de GATT 1994 maidir le bearta chun acmhainní nádúrtha neamh-inathnuaite, idir bheo agus neamhbheo, a chaomhnú; agus
(c)
go bhféadfaidh bearta a dhéantar chun comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil a chur chun feidhme teacht faoi phointí (b) nó (g) d’Airteagal XX de GATT 1994 nó faoi phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo.
4.
Sula ndéanfaidh Páirtí aon bheart dá bhforáiltear i bpointe (i) agus i bpointe (j) d'Airteagal XX de GATT 1994, cuirfidh an Páirtí sin an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don Pháirtí eile, d’fhonn réiteach is inghlactha ag na Páirtithe a lorg. Mura dtiocfar ar chomhaontú laistigh de 30 lá ón bhfaisnéis a chur ar fáil, féadfaidh an Páirtí na bearta lena mbaineann a chur i bhfeidhm. In imthosca eisceachtúla géibheannacha a éilíonn gníomh láithreach a fhágann nach féidir réamhaisnéis a fháil nó scrúdú a dhéanamh roimh ré, féadfaidh an Páirtí a bhfuil sé ar intinn aige na bearta a dhéanamh na bearta réamhchúraim is gá a chur i bhfeidhm chun déileáil leis an gcás. Cuirfidh an Páirtí sin an Páirtí eile ar an eolas faoin méid sin láithreach.
AIRTEAGAL 288
Eisceachtaí slándála
Ní fhorléireofar aon ní i gCuid a Trí:
(a)
mar ní lena gceanglaítear ar Pháirtí aon fhaisnéis a thabhairt, nó rochtain ar aon fhaisnéis a cheadú, ar faisnéis í a mheasann sé go mbeadh a nochtadh in aghaidh a leasanna bunúsacha slándála; nó
(b)
mar ní chun Páirtí a chosc ar ghníomh a dhéanamh a mheasann sé a bhfuil gá leis chun a leasanna bunúsacha slándála a chosaint:
(i)
atá nasctha le hairm, armlón agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a gháinneáil agus leis an ngáinneáil agus na hidirbhearta sin in earraí agus ábhair, seirbhísí agus teicneolaíocht eile, agus le gníomhaíochtaí eacnamaíocha, arna ndéanamh go díreach nó go hindíreach chun bunaíocht mhíleata a sholáthar;
(ii)
a bhaineann le hábhair ineamhnaithe agus in-chomhleáite nó na hábhair óna bhfaightear iad; nó
(iii)
arna dhéanamh le linn cogaidh nó le linn éigeandáil eile sa chaidreamh idirnáisiúnta; nó
(c)
chun Páirtí a chosc ó aon ghníomh a dhéanamh de bhun a oibleagáidí faoi Chairt na Náisiún Aontaithe chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choinneáil ar bun.
AIRTEAGAL 289
Cánachas
1.
Ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil i dTeidil I agus II de Chuid a Trí difear do chearta ná d’oibleagáidí an Aontais ná a Bhallstát ná na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi aon choinbhinsiún cánach. I gcás aon neamhréireacht a bheith idir an Comhaontú seo agus aon choinbhinsiún cánach den sórt sin, is ag an gcoinbhinsiún cánach a bheidh tosaíocht a mhéid atá siad ar neamhréir le chéile. Maidir le coinbhinsiún cánach idir an tAontas nó a Bhallstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na húdaráis inniúla lena mbaineann faoin gComhaontú seo agus faoin gcoinbhinsiún cánach sin, déanfaidh siad a chinneadh go comhpháirteach an ann do neamhréireacht idir an Comhaontú seo agus an coinbhinsiún cánach.
2.
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 276 agus 277 maidir le buntáiste a thabharfaidh Páirtí de bhun coinbhinsiún cánach.
3.
Faoi réir an cheanglais nach gcuirtear bearta cánach i bhfeidhm ar bhealach arb é a bheadh ann modh idirdhealaithe threallaigh nó gan údar idir tíortha ina mbeadh coinníollacha comhchosúla i réim, nó ina mbeadh srianadh faoi cheilt i réim ar thrádáil agus infheistíocht, ní fhorléireofar aon ní i dTeidil I agus II de Chuid a Trí mar ní lena gcoiscfear ar Pháirtí aon bheart a ghlacadh, a choinneáil ar bun nó a fhorfheidhmiú, ar beart é:
(a)
a bhfuil sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfar cánacha díreacha a fhorchur agus a bhailiú go cothrom agus go héifeachtach; nó
(b)
lena ndéantar idirdhealú idir cáiníocóirí, nach bhfuil sa staid chéanna, go háirithe maidir lena n-áit chónaithe nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe.
4.
Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
cuimsíonn ‘cánacha díreacha’ na cánacha go léir ar ioncam nó ar chaipiteal, lena n-áirítear cánacha ar ghnóthachain ó choimhthiú maoine, cánacha ar eastáit, ar oidhreachtaí agus ar bhronntanais, cánacha ar phá nó tuarastail arna n-íoc ag gnóthais agus cánacha ar luachmhéadú caipitil
(b)
ciallaíonn ‘áit chónaithe’ áit chónaithe chun críoch cánach; agus
(c)
ciallaíonn ‘coinbhinsiún cánach’ coinbhinsiún chun cánachas dúbailte a sheachaint nó comhaontú nó socrú idirnáisiúnta eile a bhaineann go hiomlán nó den chuid is mó le cánachas.
AIRTEAGAL 290
Tarscaoiltí EDT
Má tá oibleagáid sa Chomhaontú seo coibhéiseach go substaintiúil le hoibleagáid atá i gComhaontú EDT, aon bheart a dhéanfar i gcomhréir le tarscaoileadh arna ghlacadh de bhun Airteagal IX de Chomhaontú EDT, measfar go bhfuil sé i gcomhréir leis an bhforáil den Chomhaontú seo atá coibhéiseach go substaintiúil.
CUID A CEATHAIR
OIBRITHE TRASTEORANN
TEIDEAL I
RAON FEIDHME PEARSANTA
AIRTEAGAL 291
Raon feidhme pearsanta
1.
Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir leis na daoine seo a leanas:
(a)
Saoránaigh den Aontas atá ina gcónaí go dleathach i Ríocht na Spáinne;
(b)
Náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí go dleathach i nGiobráltar; agus
(c)
Baill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) ar choinníoll go bhfuil cónaí dlíthiúil orthu sa Spáinn agus baill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (b) ar choinníoll go bhfuil cónaí dlíthiúil orthu i nGiobráltar. Chun críocha na Coda seo agus gan beann ar a náisiúntacht, is é seo a leanas atá i gceist le baill teaghlaigh:
(i)
an céile;
(ii)
an páirtnéir lena bhfuil páirtnéireacht chláraithe déanta ag na daoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha Ballstáit nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar choinníoll go ndéileáiltear i reachtaíocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le páirtnéireachtaí cláraithe mar pháirtnéireachtaí atá coibhéiseach le pósadh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi seach.
(iii)
sliocht díreach atá faoi bhun 21 bhliain d’aois nó ar cleithiúnaithe iad agus sliocht díreach nó cleithiúnaithe an chéile nó an pháirtnéara mar a shainmhínítear i bpointe (ii);
(iv)
gaolta díreacha sa líne shinsearach ar cleithiúnaithe iad agus amhlaidh i gcás an chéile nó an pháirtnéara mar a shainmhínítear i bpointe (ii).
2.
Chun críocha na Coda seo, is oibrithe trasteorann fostaithe iad na daoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 a shaothraíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar dhuine fostaithe i nGiobráltar nó sa Spáinn agus a fhilleann uair sa tseachtain ar a laghad ar an Spáinn nó ar Ghiobráltar, faoi seach.
3.
Chun críocha na Coda seo, is oibrithe trasteorann féinfhostaithe iad na daoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 a shaothraíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar dhuine féinfhostaithe i nGiobráltar, i gcomhréir le dlí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus sa Spáinn, i gcomhréir le dlí na Spáinne, agus a fhilleann uair sa tseachtain ar a laghad ar an Spáinn agus ar Ghiobráltar, faoi seach.
TEIDEAL II
CEARTA OIBRITHE TRASTEORANN AGUS CEARTA COIMHDEACHA
AIRTEAGAL 292
Cearta Oibrithe Trasteorann
1.
Beidh sé de cheart ag daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a) gabháil le gníomhaíocht agus í a shaothrú mar oibrí trasteorann fostaithe i nGiobráltar i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe i nGiobráltar.
2.
Beidh sé de cheart ag daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(b) gabháil le gníomhaíocht agus í a shaothrú mar oibrí trasteorann fostaithe i Ríocht na Spáinne i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le náisiúnaigh Spáinneacha i Ríocht na Spáinne.
3.
Daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a) atá fostaithe mar oibrithe trasteorann, beidh an ceart céanna chun córa comhionainne acu agus atá ag daoine fostaithe dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(b) i nGiobráltar. Is éard a bheidh i gceist leis sin:
(a)
an ceart nach ndéanfar idirdhealú ina n‐aghaidh ar fhorais náisiúntachta maidir le fostaíocht, luach saothair agus dálaí eile oibre agus fostaíochta;
(b)
an ceart chun córa comhionainne maidir le dálaí fostaíochta agus oibre, go háirithe maidir le luach saothair, dífhostú agus, i gcás dífhostaíochta, athchur sa phost nó athfhostú;
(c)
buntáistí sóisialta agus cánach, seachas cearta rochtana ar thithíocht;
(d)
ballraíocht i gceardchumainn agus feidhmiú na gceart a ghabhann leo, lena n-áirítear an ceart chun vótáil agus chun bheith incháilithe do phoist riaracháin nó bhainistíochta ceardchumainn, ach féadfar iad a eisiamh ó pháirt a ghlacadh i mbainistiú comhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí agus ó oifig a rialaítear leis an dlí poiblí a shealbhú;
(e)
na cearta céanna a mhéid a bhaineann le rochtain ar oiliúint i ngairmscoileanna agus in ionaid athoiliúna.
4.
Maidir le daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(b) atá fostaithe mar oibrithe trasteorann, beidh an ceart céanna chun córa comhionainne acu agus atá ag náisiúnaigh Spáinneacha atá fostaithe i Ríocht na Spáinne i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear i mír 3.
5.
Beidh na cearta seo a leanas ag daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a) agus (b) i nGiobráltar agus i Ríocht na Spáinne, faoi seach:
(a)
an ceart dul isteach, fanacht agus imeacht chun clárú leis na seirbhísí fostaíochta ionas go mbeidh na daoine sin in ann eolas a fháil faoi na deiseanna fostaíochta a chomhfhreagraíonn dá gcáilíochtaí gairmiúla agus, más gá, bearta iomchuí a dhéanamh chun dul i mbun fostaíochta mar oibrithe trasteorann fostaithe; cuimseofar leis sin an ceart cúnamh a fháil ó na hoifigí fostaíochta faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe i nGiobráltar agus le náisiúnaigh na Spáinne i Ríocht na Spáinne;
(b)
an ceart dul isteach, fanacht agus imeacht le linn a bheith fostaithe mar oibrí trasteorann nó gníomhaíocht a shaothrú mar oibrí trasteorann féinfhostaithe;
(c)
an ceart chun stádas oibrí trasteorann a choinneáil ar choinníoll go bhfuil sé i gceann de na himthosca seo a leanas:
(i)
oibrí nach mbeidh in ann obair ar bhonn sealadach de thoradh breoiteachta nó tionóisce;
(ii)
oibrí atá i ndífhostaíocht ainneonach a taifeadadh go cuí tar éis dó a bheith fostaithe ar feadh níos mó ná bliain amháin agus atá cláraithe mar chuardaitheoir poist leis an oifig fostaíochta ábhartha;
(iii)
tá sé i ndífhostaíocht ainneonach a taifeadadh go cuí tar éis conradh fostaíochta ar théarma seasta‑ a mhair níos lú ná bliain nó tar éis dó a bheith dífhostaithe go ainneonach le linn an chéad dá mhí dhéag agus tá sé cláraithe mar chuardaitheoir poist leis an oifig fostaíochta ábhartha. Sa chás sin, coinneofar an stádas mar oibrí ar feadh tréimhse nach giorra ná sé mhí;
(iv)
tugann sé faoi ghairmoiliúint. Mura bhfuil sé dífhostaithe go hainneonach, ní mór an oiliúint a bheith bainteach leis an bhfostaíocht roimhe sin chun stádas an oibrí a choinneáil.
6.
Féadfar an ceart chun dul i mbun fostaíochta sa tseirbhís phoiblí a dhiúltú do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a) agus (b) ar ceart é lena mbaineann rannpháirtíocht dhíreach nó indíreach i bhfeidhmiú cumhachtaí a thugtar leis an dlí poiblí agus i bhfeidhmiú dualgas atá ceaptha chun leasanna ginearálta Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe a choimirciú, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, nó i ndáil le húdaráis phoiblí eile.
7.
Beidh na cearta a leagtar amach i bpointe (b) go pointe (e) de mhír 3 ag daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a) agus (b) ar oibrithe trasteorann féinfhostaithe iad.
8.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 7 maidir le daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(b) ar oibrithe trasteorann féinfhostaithe iad.
AIRTEAGAL 293
Baill teaghlaigh oibrithe trasteorann
1.
Beidh ceart díorthach chun córa comhionainne maidir le rochtain ar bhuntáistí sóisialta agus cánach ag baill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(b) atá fostaithe nó féinfhostaithe i nGiobráltar, ar baill teaghlaigh iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 291(1)(c) maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a).
2.
Leanaí na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a) atá fostaithe nó atá féinfhostaithe mar oibrithe trasteorann i nGiobráltar, ar choinníoll go bhfuil cónaí ar na leanaí sin i nGiobráltar, beidh an ceart céanna chun córa comhionainne acu maidir le rochtain ar na cúrsaí ginearálta oideachais, printíseachta agus gairmoiliúna, agus atá ag leanaí na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(b) atá fostaithe i nGiobráltar.
3.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 agus 2 maidir le baill teaghlaigh agus leanaí na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(b) atá fostaithe ag oibrithe trasteorann nó ag oibrithe trasteorann féinfhostaithe i Ríocht na Spáinne.
AIRTEAGAL 294
Bearta a bhfuil údar oibiachtúil leo
Ní cheadaítear bearta lena maolaítear ar chóir chomhionann de bhun mhíreanna 3, 4 agus 7 d’Airteagal 292 ach amháin má tá údar oibiachtúil leo. Chun údar a thabhairt leo, ní mór dóibh a bheith iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir dlisteanach agus níor cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
AIRTEAGAL 295
Oibrithe ar postú
1.
Maidir le daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a) agus (b) a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhaoine fostaithe le haghaidh fostóir a dhéanann a ghníomhaíochtaí de ghnáth i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar, faoi seach, agus a ndéanann an fostóir sin iad a phostú go ceann tréimhse theoranta chuig Giobráltar agus Ríocht na Spáinne, faoi seach, chun seirbhísí a sholáthar a tháirgtear agus a thomhlaítear go háitiúil ag an réigiún teorann tadhlach thar ceann an fhostóra sin, beidh an ceart acu dul isteach, imeacht agus fanacht gan bhac chun na seirbhísí sin a sholáthar agus beidh acu, ar bhonn na córa comhionainne, na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a leagtar síos sa chríoch ina ndéantar an t-oibrí a phostú agus a leagtar amach sa chríoch sin le dlí, le rialachán nó le foráil riaracháin agus/nó le comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu ar shlí eile i gcomhréir le mír 2. Liostaítear na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta sin in Iarscríbhinn 28 a ghabhann leis an gComhaontú seo. Ní chuirfidh cur i bhfeidhm na dtéarmaí agus na gcoinníollacha fostaíochta sin cosc ar chur i bhfeidhm téarmaí agus coinníollacha fostaíochta atá níos fabhraí d’oibrithe ar postú.
2.
Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn ‘comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch’ comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána nach mór do na gnóthais ar fad a urramú sa limistéar geografach agus sa ghairm nó sa tionscal lena mbaineann.
3.
In éagmais córas chun a dhearbhú go bhfuil comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána infheidhme go huilíoch de réir bhrí na fomhíre roimhe seo, nó i dteannta an chórais sin, féadfaidh Giobráltar agus Ríocht na Spáinne, má chinneann siad amhlaidh, an méid seo a leanas a bheith mar bhonn acu:
(a)
comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána is infheidhme go ginearálta maidir le gach gnóthas comhchosúil sa limistéar geografach agus sa ghairm nó sa tionscal lena mbaineann; agus/nó
(b)
comhaontuithe comhchoiteanna arna dtabhairt i gcrích ag na heagraíochtaí fostóirí agus saothair is ionadaíche ar an leibhéal náisiúnta agus a chuirtear i bhfeidhm ar fud na críche náisiúnta.
4.
Measfar go mbeidh cóir chomhionann ann, de réir bhrí mhír 1, i gcásanna ina bhfuil fostóirí náisiúnta atá sa staid chéanna:
(a)
faoi réir na n-oibleagáidí céanna leis na fostóirí a chuireann oibreoirí ar postú, san áit i gceist nó san earnáil lena mbaineann, a mhéid a bhaineann leis na hábhair a liostaítear in Iarscríbhinn 28, agus
(b)
faoi cheangal oibleagáidí den sórt sin a chomhlíonadh agus na héifeachtaí céanna i bhfeidhm iontu.
AIRTEAGAL 296
Doiciméadacht
Daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a) agus (b) atá fostaithe nó atá féinfhostaithe ag oibrithe trasteorann, beidh sé de cheart acu go n-eiseofar doiciméad dóibh lena ndeimhneofar a stádas faoin gCuid seo. Féadfaidh an doiciméad seo a bheith i bhfoirm dhigiteach.
AIRTEAGAL 297
Beartas poiblí, slándáil phoiblí agus sláinte phoiblí
1.
Féadfar na cearta a dheonaítear faoin Teideal seo a shrianadh trí bhíthin bearta a bhfuil údar leo ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí.
2.
Comhlíonfaidh na bearta arna nglacadh ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí prionsabal na comhréireachta agus beidh siad bunaithe go heisiach ar iompar pearsanta an duine aonair lena mbaineann. Ní forais chun na bearta sin a dhéanamh iad ciontuithe coiriúla roimhe seo.
3.
Na galair a bhfuil baol eipidéime ag baint leo mar atá sainithe in ionstraimí ábhartha na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus galair thógálacha nó galair sheadánacha ghabhálacha eile má tá siad faoi réir forálacha cosanta is infheidhme maidir le daoine dá dtagraítear in Airteagal 291(1)(a) agus (b), is iad na galair sin amháin a thabharfaidh údar do bhearta lena gcuirfear srian le fanacht, le dul isteach nó le himeacht.
4.
Tabharfar fógra i scríbhinn do na daoine lena mbaineann faoi aon chinneadh a dhéantar faoi phointe 1 ionas go mbeidh siad in ann a bhfuil ann agus na himpleachtaí dóibh a thuiscint. Cuirfear ar an eolas iad, go beacht agus go hiomlán, faoi fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí ar a bhfuil an cinneadh a rinneadh ina gcás bunaithe, ach amháin má tá sé sin contrártha do leasanna shlándáil an Stáit. Sonrófar san fhógra an chúirt nó an t-údarás riaracháin lena bhféadfaidh an duine lena mbaineann achomharc a thaisceadh, an teorainn ama don achomharc agus, i gcás inarb infheidhme, an t-am a cheadaítear don duine an chríoch a fhágáil.
5.
Beidh rochtain ag na daoine lena mbaineann ar nósanna imeachta um shásamh breithiúnach agus, i gcás inarb iomchuí, nósanna imeachta um shásamh riaracháin chun achomharc a dhéanamh nó athbhreithniú a lorg ar aon chinneadh a rinneadh ina gcoinne ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí. Ceadóidh na nósanna imeachta um shásamh scrúdú ar dhlíthiúlacht an chinnidh, agus ar na fíricí agus na himthosca ar a bhfuil an beart atá beartaithe bunaithe. Áiritheoidh siad nach bhfuil an cinneadh neamhréireach.
6.
Ní fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ná Ríocht na Spáinne, cosc a chur ar an duine aonair a chosaint a chur isteach go pearsanta, ach amháin nuair a d’fhéadfadh a láithreas a bheith ina chúis le trioblóidí tromchúiseacha don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí nó nuair a bhaineann an t-achomharc nó an t-athbhreithniú breithiúnach le cead isteach ar an gcríoch a dhiúltú.
TEIDEAL III
COMHORDÚ NA SLÁNDÁLA SÓISIALTA
AIRTEAGAL 298
Comhordú na slándála sóisialta
Chun cearta slándála sóisialta na ndaoine a chumhdaítear leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a áirithiú, cuirfidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a gcórais slándála sóisialta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal.
CUID A CÚIG
FORÁLACHA AIRGEADAIS
AIRTEAGAL 299
Forálacha airgeadais
1.
Bunóidh an Chomhairle Comhair sásra airgeadais chun comhtháthú idir Giobráltar agus an réigiún teorann tadhlach a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le hábhair oiliúna agus fostaíochta. Ba cheart cosaint leasanna airgeadais na bPáirtithe in aghaidh na calaoise agus gníomhaíochtaí agus neamhrialtachtaí neamhdhleathacha eile a chur san áireamh le haon bheart den sórt sin.
2.
Ba cheart don dá Pháirtí maoiniú a chur ar fáil don sásra sin.
CUID A SÉ
RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 300
Cuspóirí
Is é cuspóir an Teidil seo sásra éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú chun aon díospóid idir na Páirtithe maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a sheachaint agus a réiteach d’fhonn teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach, i gcás inár féidir.
AIRTEAGAL 301
Raon feidhme
1.
Tá feidhm ag an Teideal seo, faoi réir mhíreanna 2 go 5, maidir le díospóidí idir na Páirtithe a bhaineann le léiriú agus feidhmiú fhorálacha an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe fhorlíontaigh (‘forálacha cumhdaithe’).
2.
Áireofar leis na forálacha cumhdaithe forálacha uile an Chomhaontaithe seo agus aon chomhaontú forlíontach cé is moite de na forálacha seo a leanas:
(a)
Airteagal 2;
(b)
Teideal II de Chuid a hAon;
(c)
Teideal V de Chuid a Dó, lena n-áirítear nuair a bheidh feidhm aige i ndáil le cásanna a rialaítear le forálacha eile den Chomhaontú seo;
(d)
Airteagal 199(1), (2) agus (4), 207 agus 208, Caibidlí 3, 4, 5 agus 6 de Theideal I de Chuid.
3.
Féadfaidh Páirtí an Chomhairle Comhair a urghabháil d’fhonn díospóid a réiteach i ndáil le hoibleagáidí a eascraíonn as na forálacha dá dtagraítear i mír 2.
4.
Tá feidhm ag Airteagal 302 maidir leis na forálacha dá dtagraítear i mír 2.
5.
D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le díospóidí a bhaineann le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm fhorálacha an Phrótacail maidir le Comhordú Slándála Sóisialta nó na nIarscríbhinní a ghabhann leis i gcásanna aonair.
6.
Níl feidhm ag an gCuid seo maidir le haon díospóid i ndáil le ceannasacht agus dlínse. Má chuireann an Páirtí is freagróir ráiteas réasúnaithe faoi bhráid an bhinse eadrána á rá go bhféadfadh an iarraidh difear a dhéanamh do sheasamh dlíthiúil na Ríochta Aontaithe nó Ríocht na Spáinne nó maidir le ceannasacht agus dlínse, ní dhéanfaidh an binse eadrána cinneadh ar an díospóid maidir le ceannasacht agus dlínse ná maidir le haon ábhar lena n-éilítear cinneadh nó lena dtugtar le tuiscint cinneadh maidir le ceannasacht nó dlínse agus dearbhóidh sé láithreach a easpa dlínse ar na hábhair a bhaineann le ceannasacht agus dlínse nó a bhfuil éifeacht acu orthu.
Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil dhíreach ná indíreach ag aon chinneadh a ghlacfar faoi chuimsiú na Coda seo, lena n-áirítear cinntí agus rialuithe ó bhinse eadrána, ar sheasamh dlíthiúil na Ríochta Aontaithe nó Ríocht na Spáinne maidir le ceannasacht agus dlínse.
AIRTEAGAL 302
Eisiachas
Gabhann na Páirtithe orthu féin nach gcuirfidh siad faoi bhráid shásra socraíochta aon díospóid eatarthu maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm fhorálacha an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontú forlíontach, seachas na díospóidí sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 303
Rogha fóraim
1.
Má tharlaíonn díospóid maidir le beart a líomhnaítear gurb ionann é agus sárú ar oibleagáid faoin gComhaontú seo agus faoi oibleagáid atá coibhéiseach go substaintiúil le comhaontú idirnáisiúnta eile a bhfuil an dá Pháirtí ina bpáirtithe ann, is é an Páirtí atá ag lorg sásaimh a roghnóidh an fóram chun an díospóid a réiteach.
2.
A luaithe a bheidh an fóram roghnaithe ag Páirtí agus nósanna imeachta um réiteach díospóide tionscanta aige faoin Teideal seo nó faoi chomhaontú idirnáisiúnta eile, ní thionscnóidh an Páirtí sin na nósanna imeachta sin faoin gcomhaontú idirnáisiúnta eile maidir leis an mbeart áirithe dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás nach ndéanfaidh an fóram a roghnaíodh sa chéad dul síos aon chinneadh, ar chúiseanna nós imeachta nó dlínse.
3.
Chun críocha an Airteagail seo:
(a)
measfar nósanna imeachta um réiteach díospóide faoin gCuid seo a bheith tionscanta le hiarraidh ó Pháirtí go mbunófaí binse eadrána faoi Airteagal 305; agus
(b)
measfar nósanna imeachta um réiteach díospóide faoi aon chomhaontú eile a bheith tionscanta de réir fhorálacha iomchuí an chomhaontaithe sin.
4.
Gan dochar do mhír 2, ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo bac ar Pháirtí oibleagáidí a chur ar fionraí, oibleagáidí atá údaraithe faoi na nósanna imeachta um réiteach díospóide atá ag comhaontú idirnáisiúnta eile a bhfuil na Páirtithe ina bpáirtithe ann. Ní dhéanfar aon chomhaontú idirnáisiúnta idir na Páirtithe a agairt chun bac a chur ar Pháirtí oibleagáidí faoin gCuid seo a chur ar fionraí.
CAIBIDIL 2
NÓS IMEACHTA
AIRTEAGAL 304
Comhairliúcháin
1.
Má mheasann Páirtí (‘an Páirtí is déantóir gearáin’) go bhfuil oibleagáid faoin gComhaontú seo nó aon chomhaontú forlíontach sáraithe ag an bPáirtí eile (‘an Páirtí is freagróir’), féachfaidh na Páirtithe leis an gceist a réiteach trí dhul i mbun comhairliúchán de mheon macánta, d’fhonn teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach.
2.
Féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin comhairliúcháin a lorg trí iarraidh i scríbhinn a sheachadfar chuig an bPáirtí is freagróir. Sonróidh an Páirtí is déantóir gearáin ina iarraidh i scríbhinn na cúiseanna atá leis an iarraidh, lena n-áirítear sainaithint na mbeart atá i gceist agus bunús dlí na hiarrata, agus sonróidh sé na forálacha cumhdaithe a mheasfaidh sé a bheith infheidhme.
3.
Freagróidh an Páirtí is freagróir ar an iarraidh go pras, ach tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a seachadta. Tionólfar comhairliúcháin laistigh de 30 lá ó dháta seachadta an iarrata go pearsanta nó trí aon mhodh cumarsáide eile arna gcomhaontú ag na Páirtithe. Déanfar comhairliúcháin i gcríoch an Pháirtí is freagróir mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
4.
Measfar na comhairliúcháin a bheith tugtha chun críche laistigh de 45 lá ó dháta seachadta an iarrata, mura gcomhaontóidh na Páirtithe leanúint ar aghaidh leis na comhairliúcháin.
5.
Déanfar comhairliúcháin maidir le ceisteanna práinne, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hearraí meatacha nó le hearraí séasúracha, laistigh de 20 lá ó dháta seachadta na hiarrata. Measfar na comhairliúcháin a bheith tugtha chun críche laistigh de na 20 lá sin mura gcomhaontóidh na Páirtithe go leanfaidh siad ar aghaidh leis na comhairliúcháin.
6.
Soláthróidh gach Páirtí faisnéis fhíorasach leordhóthanach chun gur féidir scrúdú iomlán a dhéanamh ar an mbeart atá i gceist lena n-áirítear an bealach a d’fhéadfadh an beart sin difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontú forlíontach. Féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú go mbeidh pearsanra a n-údarás inniúil, a bhfuil saineolas acu ar an ábhar is ábhar do na comhairliúcháin iad, rannpháirteach.
7.
Tionólfar na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1 faoi chuimsiú na Comhairle Comhair, ach amháin i gcás díospóidí a bhaineann le Caibidlí 3, 4 agus 5 de Theideal I de Chuid a Trí. Féadfaidh an Chomhairle Comhair an díospóid a réiteach le cinneadh. Beidh feidhm ag na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 3. Beidh ionad na gcruinnithe faoi rialú rialacha nós imeachta na Comhairle Comhair.
8.
Is faoi rún a bheidh comhairliúcháin, agus go háirithe gach faisnéis a ainmneofar mar fhaisnéis rúnda agus seasaimh arna nglacadh ag na Páirtithe le linn chomhairliúchán, agus beidh siad gan dochar do chearta ceachtar Páirtí in aon imeachtaí eile.
AIRTEAGAL 305
Nós imeachta eadrána
1.
Féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin a iarraidh go mbunófar binse eadrána más rud é:
(a)
nach bhfreagraíonn an Páirtí is freagróir don iarraidh ar chomhairliúcháin laistigh de 10 lá ó dháta a seachadta;
(b)
nach ndéanfar comhairliúcháin laistigh de na tréimhsí ama dá dtagraítear in Airteagal 304(1), (2) nó (3);
(c)
go gcomhaontaíonn na Páirtithe gan comhairliúcháin a bheith acu; nó
(d)
gur tugadh na comhairliúcháin chun críche gan teacht ar chomhaontú frithpháirteach.
2.
Is trí bhíthin iarraidh i scríbhinn a sheachadfar chuig an bPáirtí is freagróir a dhéanfar an iarraidh chun binse eadrána a bhunú. Ina iarraidh, déanfaidh an Páirtí is déantóir gearáin an beart atá i gceist a shainaithint go sainráite agus míneoidh sé an dóigh gurb ionann an beart sin agus sárú ar na forálacha cumhdaithe ar bhealach atá leordhóthanach chun bunús dlí an ghearáin a chur i láthair go soiléir.
AIRTEAGAL 306
Binse eadrána a bhunú
1.
Triúr eadránaithe a bheidh ar bhinse eadrána.
2.
Tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta seachadta an iarrata chun binse eadrána a bhunú, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le comhdhéanamh an bhinse eadrána.
3.
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear i mír 2, ceapfaidh gach Páirtí eadránaí ó fholiosta an Pháirtí sin, foliosta a bhunófar de bhun Airteagal 319 tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis don tréimhse ama dá bhforáiltear i mír 2 dul in éag. Mura ndéanfaidh Páirtí eadránaí óna fholiosta a cheapadh laistigh den tréimhse ama sin, déanfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhair ón bPáirtí is déantóir gearáin eadránaí a roghnú trí chrannchur, tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dheireadh na tréimhse ama sin, eadránaí atá ar fholiosta an Pháirtí nár cheap eadránaí. Féadfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhair ón Páirtí is déantóir gearáin roghnú an eadránaí sin a tharmligean trí chrannchur.
4.
Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear i mír 2, déanfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhair ón bPáirtí is déantóir gearáin cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú trí chrannchur, tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis don tréimhse ama sin dul in éag, roghnú a bheidh déanta ó fholiosta na gcathaoirleach arna bunú de bhun Airteagal 319. Féadfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhair ón bPáirtí is déantóir gearáin roghnú an chathaoirligh sin a tharmligean don bhinse eadrána trí chrannchur.
5.
Mura mbeidh aon cheann de na liostaí dá bhforáiltear in Airteagal 319 bunaithe nó mura mbeidh dóthain ainmneacha orthu tráth a dhéantar roghnú de bhun mhíreanna 3 nó 4, déanfar na headránaithe a roghnú trí chrannchur as ainmneacha na ndaoine aonair a mhol Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil i gcomhréir le hIarscríbhinn 29 maidir leis na Rialacha Nós Imeachta um Réiteach Díospóidí.
6.
Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta a thabharfaidh an duine deireanach den triúr eadránaithe fógra do na Páirtithe gur ghlac sé lena gceapachán i gcomhréir le hIarscríbhinn 29 maidir leis na Rialacha Nós Imeachta.
AIRTEAGAL 307
Ceanglais le haghaidh eadránaithe
1.
Beidh an méid seo a leanas ina cheanglas ar na headránaithe go léir:
(a)
beidh saineolas léirithe aige sa dlí, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta, agus in aon ábhar a chumhdaítear leis an gComhaontú seo nó le haon chomhaontú forlíontach agus, i gcás cathaoirligh, beidh taithí aige ar nósanna imeachta eadrána freisin;
(b)
ní bheidh siad cleamhnaithe le ceachtar Páirtí ná nach nglacfaidh siad le treoracha uathu;
(c)
feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid; agus
(d)
comhlíonfaidh siad Iarscríbhinn 30 maidir le Cód Iompair na n-eadránaithe.
2.
Beidh na headránaithe go léir ina ndaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras, a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun iad a cheapadh sna hoifigí breithiúnacha is airde ina ndlínsí féin nó ar dlí-eolaithe iad a n-aithnítear a n-inniúlacht.
AIRTEAGAL 308
Feidhmeanna an bhinse eadrána
Maidir leis an mbinse eadrána:
(a)
déanfaidh sé measúnú oibiachtúil ar an ábhar os a chomhair, lena n-áirítear measúnú oibiachtúil ar fhíorais an cháis agus ar infheidhmeacht na bhforálacha cumhdaithe agus ar chomhréireacht na mbeart i gceist leis na forálacha cumhdaithe;
(b)
leagfaidh sé amach ina chuid cinntí agus rialuithe, cinntí fíorais, infheidhmeacht na bhforálacha cumhdaithe agus an réasúnaíocht is bonn le haon chinneadh agus aon chonclúid; agus
(c)
ba cheart dó dul i gcomhairle go rialta leis na Páirtithe agus deiseanna leordhóthanacha a chur ar fáil chun réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach a fhorbairt.
AIRTEAGAL 309
Téarmaí tagartha
1.
Mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána, is iad seo a leanas téarmaí tagartha an bhinse eadrána:
‘scrúdú a dhéanamh, i bhfianaise na bhforálacha cumhdaithe ábhartha sa Chomhaontú seo nó i gcomhaontú forlíontach, ar an ábhar dá dtagraítear san iarraidh go mbunófaí binse eadrána, cinntí a dhéanamh maidir le comhréireacht an bhirt atá i gceist leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 301 agus rialú a eisiúint i gcomhréir le 311’.
2.
Má thagann na Páirtithe ar chomhaontú maidir le téarmaí eile tagartha seachas na téarmaí tagartha dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh siad na téarmaí tagartha comhaontaithe in iúl don bhinse eadrána laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1.
AIRTEAGAL 310
Imeachtaí práinneacha
1.
Má iarrann Páirtí amhlaidh, cinnfidh an binse eadrána, tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a bhunaithe, cé acu an mbaineann nó nach mbaineann an cás le cúrsaí práinne.
2.
I gcásanna práinne, is é a bheidh sna tréimhsí ama is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 311 leath an ama a fhorordaítear ann.
AIRTEAGAL 311
Rialú an bhinse eadrána
1.
Cuirfidh an binse eadrána tuarascáil eatramhach ar fáil do na Páirtithe laistigh de 100 lá tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh an binse eadrána nach féidir an sprioc-am sin a bhaint amach, tabharfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána fógra i scríbhinn do na Páirtithe, agus sonróidh sé na cúiseanna atá leis an moill agus an dáta a mbeidh sé beartaithe ag an mbinse eadrána a thuarascáil eatramhach a chur ar fáil. I gcás ar bith, déanfaidh an binse eadrána a thuarascáil eatramhach a chur ar fáil tráth nach déanaí ná 130 lá tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána.
2.
Féadfaidh gach Páirtí iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an mbinse eadrána chun gnéithe beachta na tuarascála eatramhaí a athbhreithniú laistigh de 14 lá óna seachadadh. Féadfaidh Páirtí trácht a dhéanamh ar iarraidh an Pháirtí eile laistigh de 6 lá ón iarraidh a sheachadadh.
3.
Mura seachadfar aon iarraidh i scríbhinn chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe beachta den tuarascáil eatramhach laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2, is í an tuarascáil eatramhach a bheidh i rialú an bhinse eadrána.
4.
Déanfaidh an binse eadrána a rialú a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 130 lá ó dháta bunaithe an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh an binse eadrána nach féidir an sprioc-am a bhaint amach, tabharfaidh a chathaoirleach fógra i scríbhinn do na Páirtithe, agus sonróidh sé na cúiseanna atá leis an moill agus an dáta a mbeidh sé beartaithe ag an mbinse eadrána a rialú críochnaitheach a thabhairt. I gcás ar bith, ní thabharfaidh an binse eadrána a rialú níos déanaí ná 160 lá tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána.
5.
Áireofar sa rialú plé ar aon iarraidh a fuarthas i scríbhinn ó na Páirtithe maidir leis an tuarascáil eatramhach agus tabharfar aghaidh go soiléir ar thuairimí na bPáirtithe.
6.
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, nuair a dhéanfar tagairt do ‘rialú’ nó ‘rialuithe’ in Airteagail 308, 309, 320 agus Airteagal 321(1), (3), (4) agus (6), tuigfear go bhfuiltear ag déanamh tagairt freisin do thuarascáil eatramhach an bhinse eadrána.
AIRTEAGAL 312
Díospóidí lena n-ardaítear saincheisteanna maidir le léirmhíniú ar dhlí an Aontais
1.
I gcás díospóid a cuireadh chun eadrána i gcomhréir leis an gCuid seo ina n-ardaítear ceist maidir le léirmhíniú coincheapa nó forála de chuid dhlí an Aontais atá i ngníomh de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo, ní dhéanfaidh an painéal eadrána cinneadh maidir le haon cheist den sórt sin. I gcás den sórt sin, iarrfaidh sé ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú a thabhairt maidir leis an gceist. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú den sórt sin a thabhairt, agus beidh an rialú ina cheangal ar an bpainéal eadrána.
Déanfaidh an painéal eadrána an iarraidh sin tar éis dó éisteacht a thabhairt do na Páirtithe.
2.
Gan dochar don chéad abairt sa chéad fhomhír de mhír 1, má mheasann an tAontas nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go ndéanfar iarraidh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh ceachtar díobh aighneachtaí a chur faoi bhráid an phainéil eadrána chuige sin. Sa chás sin, cuirfidh an painéal eadrána an iarraidh isteach i gcomhréir le mír 1 mura rud é nach mbaineann an cheist a ardaíodh le léirmhíniú coincheapa nó forála de chuid dhlí an Aontais atá i ngníomh de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo. Tabharfaidh an painéal eadrána fáthanna lena mheasúnú. Laistigh de 10 lá tar éis an mheasúnaithe, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh ar an bpainéal eadrána a mheasúnú a athbhreithniú, agus eagrófar éisteacht laistigh de 15 lá tar éis iarraidh a fháil ar éisteacht idir na Páirtithe ar an ábhar. Tabharfaidh an painéal eadrána fáthanna lena mheasúnú.
3.
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, cuirfear na teorainneacha ama atá leagtha síos in Airteagal 311 ar fionraí go dtí go mbeidh a rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh ceangal ar an bpainéal eadrána a rialú a thabhairt roimh 60 lá ón dáta ar a mbeidh rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina leith.
CAIBIDIL 3
COMHLÍONTACHT
AIRTEAGAL 313
Bearta comhlíontachta
1.
Más rud é i rialú an bhinse eadrána dá dtagraítear in Airteagal 311(4) go gcinnfidh sé go bhfuil sárú déanta ag an bPáirtí is freagróir ar oibleagáid faoin gComhaontú seo nó faoi aon chomhaontú forlíontach, déanfaidh an Páirtí sin na bearta is gá chun cinntí agus conclúidí i rialú an bhinse eadrána a chomhlíonadh láithreach d’fhonn é féin a thabhairt i gcomhréir leis na forálacha cumhdaithe.
2.
Déanfaidh an Páirtí is freagróir, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis sheachadta an rialaithe, fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí is déantóir gearáin faoi na bearta atá déanta aige nó a bheartóidh sé a dhéanamh lena gcomhlíonadh.
AIRTEAGAL 314
Tréimhse réasúnta
1.
Mura féidir comhlíonadh láithreach a dhéanamh, déanfaidh an Páirtí is freagróir, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis sheachadadh an rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 311(4) fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí is déantóir gearáin maidir le fad na tréimhse réasúnta ama a bheidh ag teastáil uaidh chun comhlíonadh a dhéanamh ar Airteagal 311(4). Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú maidir le fad na tréimhse ama réasúnta chun comhlíonadh a dhéanamh.
2.
Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le fad na tréimhse réasúnta ama, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin, ar a luaithe 20 lá tar éis sheachadta an fhógra i mír 1, iarraidh i scríbhinn ar an mbinse eadrána bunaidh fad na tréimhse réasúnta ama a chinneadh. Seachadfaidh an binse eadrána a chinneadh chuig na Páirtithe laistigh de 20 lá ó dháta seachadta an iarrata.
3.
Seachadfaidh an Páirtí is freagróir fógra i scríbhinn chuig an bPáirtí is déantóir gearáin maidir leis an dul chun cinn atá déanta aige i ndáil leis an rialú dá dtagraítear in Airteagal 311(4) a chomhlíonadh mí amháin ar a laghad sula rachaidh an tréimhse réasúnta ama in éag.
4.
Féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú chun síneadh a chur leis an tréimhse réasúnta ama.
AIRTEAGAL 315
Athbhreithniú ar chomhlíonadh
1.
Déanfaidh an Páirtí is freagróir, tráth nach déanaí ná an dáta a rachaidh an tréimhse réasúnta ama in éag, fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí is déantóir gearáin faoi aon bheart atá déanta aige chun an rialú dá dtagraítear in Airteagal 311(4) a chomhlíonadh.
2.
I gcás ina n-easaontóidh na Páirtithe gur ann do bheart maidir le comhlíonadh, nó go bhfuil aon bheart maidir le comhlíonadh atá ann comhsheasmhach leis na forálacha cumhdaithe, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an mbinse eadrána bunaidh chun go ndéanfar cinneadh faoin ábhar. San iarraidh, sainaithneofar aon ábhar i dtrácht agus míneofar an dóigh gurb ionann an beart sin agus sárú ar na forálacha cumhdaithe ar bhealach atá leordhóthanach chun bunús dlí an ghearáin a chur i láthair go soiléir. Seachadfaidh an binse eadrána a chinneadh chuig na Páirtithe laistigh de 45 lá ó dháta seachadta an iarrata.
AIRTEAGAL 316
Bearta sealadacha
1.
Soláthróidh an Páirtí is freagróir, ar iarraidh ón bPáirtí is déantóir gearáin agus tar éis dul i gcomhairle leis, tairiscint ar chúiteamh sealadach sna cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina seachadfaidh an Páirtí a ndearnadh an gearán ina choinne fógra chuig an bPáirtí is déantóir gearáin nach féidir an rialú dá dtagraítear in Airteagal 311 a chomhlíonadh; nó
(b)
i gcás nach ndéanfaidh an Páirtí a ndearnadh gearán ina choinne fógra a sheachadadh i ndáil le haon bheart maidir le comhlíonadh a rinneadh laistigh den sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 313 nó roimh an dáta a rachaidh an tréimhse réasúnta ama dá dtagraítear in Airteagal 314 in éag; nó
(c)
i gcás ina gcinnfidh an binse eadrána nach ann d’aon bheart maidir le comhlíonadh nó an beart a rinneadh chun comhlíonadh a dhéanamh, tá sé ar neamhréir leis na forálacha cumhdaithe.
2.
Faoi aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin fógra i scríbhinn a sheachadadh chuig an bPáirtí is freagróir á rá go bhfuil sé ar intinn aige cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí faoi na forálacha cumhdaithe a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina gcinnfidh an Páirtí is déantóir gearáin gan iarraidh a dhéanamh faoi mhír 1; nó
(b)
i gcás nach dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir leis an gcúiteamh sealadach laistigh de 20 lá tar éis dhul in éag nó sheachadadh chinneadh an bhinse eadrána faoi Airteagal 315 má dhéantar iarraidh faoi mhír 1.
Sonrófar san fhógra an leibhéal atá beartaithe maidir le hoibleagáidí a chur ar fionraí.
3.
Ní fhéadfar oibleagáidí faoin bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta nó faoi na hIarscríbhinní a ghabhann leis a chur ar fionraí faoin Airteagal seo.
4.
Ní rachaidh fionraí na n-oibleagáidí thar an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó an lagú arb é an sárú is cúis leis.
5.
Féadfaidh an Páirtí a dhéanfaidh gearán na hoibleagáidí a chur ar fionraí 10 lá tar éis dháta seachadta an fhógra dá dtagraítear i mír 2, mura ndearna an Páirtí is freagróir iarraidh faoi mhír 6.
6.
Má mheasann an Páirtí is freagróir go sáraíonn an leibhéal ar tugadh fógra faoi maidir le fionraí na n-oibleagáidí an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó an lagú arb é an sárú is cúis leis, féadfaidh sé iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an mbinse eadrána bunaidh sula rachaidh an tréimhse 10 lá a leagtar amach i mír 5 in éag chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar. Seachadfaidh an binse eadrána a chinneadh chuig na Páirtithe laistigh de 30 lá ó dháta na hiarrata. Ní chuirfear oibleagáidí ar fionraí go dtí go mbeidh a chinneadh seachadta ag an mbinse eadrána. Beidh fionraí na n-oibleagáidí i gcomhréir leis an gcinneadh sin.
7.
Beidh fionraí na n-oibleagáidí nó an cúiteamh dá dtagraítear san Airteagal seo sealadach agus ní chuirfear i bhfeidhm iad tar éis do na nithe seo a leanas tarlú:
(a)
tar éis do na Páirtithe teacht ar réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach de bhun Airteagal 323;
(b)
tar éis do na Páirtithe comhaontú go ndéanfaidh an beart a rinneadh chun comhlíonadh a dhéanamh an Páirtí is freagróir a thabhairt i gcomhréir leis na forálacha cumhdaithe; nó
(c)
gur tharraing siad siar nó gur leasófar aon bheart a rinneadh chun comhlíonadh a dhéanamh a mheas an binse eadrána a bheith ar neamhréir leis na forálacha cumhdaithe chun go mbeidh an Páirtí a ndearnadh an gearán ina choinne i gcomhréir leis na forálacha sin.
AIRTEAGAL 317
Athbhreithniú ar aon bheart a dhéanfar chun comhlíonadh a dhéanamh
tar éis bearta sealadacha a ghlacadh
1.
Seachadfaidh an Páirtí is freagróir fógra chuig an bPáirtí is déantóir gearáin faoi aon bheart a rinne sé chun comhlíonadh a dhéanamh tar éis oibleagáidí a bheith curtha ar fhionraí nó tar éis cúiteamh sealadach a chur i bhfeidhm, de réir mar a bheidh. Cuirfidh an Páirtí is déantóir gearáin deireadh le fionraí na n-oibleagáidí laistigh de 30 lá ón tráth a sheachadfar an fógra. I gcásanna ina mbeidh cúiteamh curtha i bhfeidhm féadfaidh an Páirtí is freagróir deireadh a chur le cur i bhfeidhm an chúitimh sin laistigh de 30 lá ón tráth a dhéanfaidh sé fógra a sheachadadh le cur in iúl go ndearna sé comhlíonadh.
2.
Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú i dtaobh cé acu an dtabharfaidh nó nach dtabharfaidh an beart ar tugadh fógra dó an Páirtí is freagróir i gcomhréir leis na forálacha cumhdaithe laistigh de 30 lá ó dháta seachadta an fhógra, seachadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin iarraidh i scríbhinn chuig an mbinse eadrána bunaidh chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar. Seachadfaidh an binse eadrána a chinneadh chuig na Páirtithe laistigh de 46 lá ó dháta seachadta an iarrata. Má chinneann an binse eadrána go bhfuil an beart a rinneadh chun comhlíonadh a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha cumhdaithe, cuirfear deireadh le fionraí na n-oibleagáidí nó leis an gcúiteamh, de réir mar a bheidh. I gcás inarb ábhartha, coigeartófar leibhéal fionraí na n-oibleagáidí nó an chúitimh i bhfianaise chinneadh an bhinse eadrána.
CAIBIDIL 4
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA COITEANNA
AIRTEAGAL 318
Faisnéis a fháil
1.
Ar iarraidh ó Pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Freagróidh na Páirtithe go pras agus go hiomlán aon iarraidh ón mbinse eadrána ar an bhfaisnéis sin.
2.
Ar iarraidh ó Pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na Páirtithe, i gcás inarb infheidhme.
3.
Breithneoidh an binse eadrána aighneachtaí amicus curiae ó dhaoine nádúrtha de Pháirtí nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i bPáirtí i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta Iarscríbhinn 29.
4.
Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na Páirtithe agus féadfaidh na Páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.
AIRTEAGAL 319
Liosta eadránaithe
1.
Déanfaidh an Chomhairle Comhair, tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, liosta daoine aonair a bhunú a bhfuil saineolas acu in earnálacha a chumhdaítear leis an gComhaontú seo nó lena chomhaontuithe forlíontacha atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána. Beidh 15 dhuine ar a laghad ar an liosta sin agus beidh 3 fholiosta ann:
(a)
foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn moltaí ón Aontas;
(b)
foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn moltaí ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar; agus
(c)
foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar Páirtí a fhónfaidh mar chathaoirleach don bhinse eadrána.
Áireofar ar a laghad cúig dhuine aonair ar gach foliosta. Áiritheoidh an Chomhairle Comhair go mbeidh an t-íosmhéid sin daoine ar a laghad ar an liosta i gcónaí.
2.
Ar an liosta dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de Rialtas Ballstáit, de Rialtas na Ríochta Aontaithe nó de Ghiobráltar.
AIRTEAGAL 320
Ionadú ar eadránaithe
Le linn nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoin gCuid seo, más rud é nach mbeidh eadránaí in ann a bheith rannpháirteach, go dtarraingeoidh sé siar nó gur gá duine eile a chur ina ionad toisc nach gcomhlíonann an t-eadránaí sin ceanglais an Chóid Iompair, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 306. Cuirfear síneadh leis an tréimhse ama chun an rialú nó an cinneadh a sheachadadh, pé síneadh ama is gá chun an t-eadránaí nua a cheapadh.
AIRTEAGAL 321
Cinntí agus rialuithe an bhinse eadrána
1.
Coinneofar plé an bhinse eadrána faoi rún. Déanfaidh an binse eadrána gach iarracht rialuithe a dhréachtú agus cinntí a dhéanamh de chomhthoil. Mura féidir sin a dhéanamh, déanfaidh an binse eadrána an t-ábhar a chinneadh trí vótáil tromlaigh. Ní nochtfar in aon chás tuairimí ar leithligh ó eadránaithe.
2.
Beidh cinntí agus rialuithe ón mbinse eadrána ina cheangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Ní chruthóidh siad aon chearta ná oibleagáidí i ndáil le daoine nádúrtha nó dlítheanacha.
3.
Ní féidir le cinntí ná rialuithe ón mbinse eadrána cur le cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoin gComhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach, ná na cearta ná na hoibleagáidí sin a laghdú.
4.
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní bheidh aon dlínse ag an mbinse eadrána chun dlíthiúlacht birt a líomhnófar a bheith ina shárú ar an gComhaontú seo nó ina shárú ar aon chomhaontú forlíontach a chinneadh faoi dhlí náisiúnta Páirtí. Aon chinneadh a dhéanfaidh an binse eadrána agus rialú á thabhairt maidir le díospóid idir na Páirtithe, beidh an cinneadh sin ina cheangal ar chúirteanna nó binsí intíre ceachtar Páirtí maidir leis an mbrí a thabharfar do dhlí náisiúnta an Pháirtí sin.
5.
Cuirfidh gach Páirtí rialuithe agus cinntí ón mbinse eadrána ar fáil go poiblí, faoi réir cosaint faisnéise rúnda.
6.
An fhaisnéis a chuirfidh na Páirtithe faoi bhráid an bhinse eadrána, déileálfar léi i gcomhréir leis na rialacha rúndachta a leagtar síos in Iarscríbhinn 29 maidir le Rialacha Nós Imeachta.
AIRTEAGAL 322
Na himeachtaí eadrána a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh
Arna iarraidh sin ag an dá Pháirtí, cuirfidh an binse eadrána a chuid oibre ar fionraí tráth ar bith ar feadh tréimhse arna comhaontú ag na Páirtithe, tréimhse nach mó ná 12 mhí i ndiaidh a chéile. Fillfidh an binse eadrána ar a chuid oibre roimh dheireadh na tréimhse fionraí ar iarraidh i scríbhinn ón dá Pháirtí, nó ag deireadh na tréimhse fionraí ar iarraidh i scríbhinn ó cheachtar Páirtí. Déanfaidh an Páirtí is iarratasóir fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí eile dá réir sin. Mura n-iarrfaidh Páirtí go n-atosófar obair an bhinse eadrána ar dhul in éag na tréimhse fionraíochta, rachaidh údarás an bhinse eadrána i léig agus déanfar an nós imeachta um réiteach díospóide a fhoirceannadh. I gcás ina gcuirfear obair an bhinse eadrána ar fionraí, cuirfear síneadh ama leis na tréimhsí ama ábhartha, síneadh ama a bheidh cothrom leis an tréimhse ama a cuireadh obair an bhinse eadrána ar fionraí.
AIRTEAGAL 323
Réiteach a chomhaontú ar bhonn frithpháirteach
1.
Féadfaidh na Páirtithe, tráth ar bith, teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach i ndáil le haon díospóid dá dtagraítear in Airteagal 301.
2.
Má thagtar ar réiteach a chomhaontófar go frithpháirteach le linn imeachtaí painéil, cuirfidh na Páirtithe an réiteach comhaontaithe in iúl go comhpháirteach do chathaoirleach an bhinse eadrána. Ar an bhfógra sin a fháil, cuirfear deireadh leis na himeachtaí eadrána.
3.
Féadfar an réiteach a ghlacadh trí chinneadh ón gComhairle Comhair. Cuirfear réitigh a chomhaontófar go frithpháirteach ar fáil go poiblí. Ní bheidh aon fhaisnéis sa leagan a nochtfar don phobal a bheidh ainmnithe ag ceachtar Páirtí mar fhaisnéis rúnda.
4.
Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun an réiteach a comhaontaíodh go frithpháirteach a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama a comhaontaíodh.
5.
Tráth nach déanaí ná an dáta a rachaidh an tréimhse chomhaontaithe in éag, cuirfidh an Páirtí cur chun feidhme an Páirtí eile ar an eolas i scríbhinn faoi aon bhearta a glacadh chun an réiteach comhaontaithe go frithpháirteach a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL 324
Tréimhsí ama
1.
Déanfar na tréimhsí ama go léir a leagtar síos sa Chuid seo a chomhaireamh i laethanta ón lá tar éis an ghnímh dá dtagraíonn siad.
2.
Féadfar aon tréimhse ama dá dtagraítear sa Chuid seo a mhodhnú trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe.
3.
Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, a mholadh do na Páirtithe modhnú a dhéanamh ar aon tréimhse ama dá dtagraítear sa Chuid seo agus na cúiseanna atá leis an moladh a lua.
AIRTEAGAL 325
Costais
1.
Seasfaidh gach Páirtí a speansas féin a dhíorthóidh ó rannpháirtíocht i nós imeachta an bhinse eadrána.
2.
Comhroinnfidh na Páirtithe i gcomhpháirt agus go cothrom na speansais a dhíorthóidh ó chúrsaí eagraíochtúla, lena n-áirítear luach saothair agus speansais chomhaltaí an bhinse eadrána. Beidh luach saothair na n-eadránaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn 29 maidir le Rialacha Nós Imeachta.
AIRTEAGAL 326
Iarscríbhinní
1.
Déanfar na nósanna imeachta um réiteach díospóidí a leagtar amach sa Chuid seo a rialú leis na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 29 maidir le Rialacha Nós Imeachta agus déanfar iad i gcomhréir le hIarscríbhinn 30 maidir leis an gCód Iompair.
2.
Féadfaidh an Chomhairle Comhair leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn maidir leis na Rialacha Nós Imeachta agus ar an Iarscríbhinn maidir leis an gCód Iompair.
AIRTEAGAL 327
Nósanna imeachta speisialta maidir le bearta leighis
1.
Chun críocha Airteagal 209, tá feidhm ag an Teideal seo leis na modhnuithe atá leagtha amach san Airteagal seo.
2.
De mhaolú ar Airteagal 306 agus Iarscríbhinn 29, mura gcomhaontóidh na Páirtithe ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána laistigh de dhá lá, roghnóidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhair ón bPáirtí is déantóir gearáin, tráth nach déanaí ná lá amháin tar éis don tréimhse ama dhá lá a bheith caite, eadránaí trí chrannchur as foliosta gach Páirtí agus cathaoirleach an bhinse eadrána trí chrannchur as foliosta cathaoirleach arna bhunú de bhun Airteagal 319. Féadfaidh comhchathaoirleach na Comhairle Comhair ón bPáirtí is déantóir gearáin roghnú an eadránaí sin nó an chathaoirligh sin a tharmligean trí chrannchur. Dearbhóidh gach duine don dá Pháirtí go bhfuil siad ar fáil laistigh de 2 lá ón dáta a cuireadh a cheapachán in iúl dóibh. Tionólfar an cruinniú eagraíochtúil dá dtagraítear i Riail 10 d’Iarscríbhinn 29 laistigh de dhá lá ón mbinse eadrána a bhunú.
3.
De mhaolú ar Riail 13 d’Iarscríbhinn 29 seachadfaidh an Páirtí is déantóir gearáin a aighneacht i scríbhinn tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an dáta a bhunófar an binse eadrána. Cuirfidh an Páirtí is freagróir a aighneacht i scríbhinn isteach 7 lá ar a dhéanaí tar éis dháta seachadta aighneachta i scríbhinn an Pháirtí is déantóir gearáin. Déanfaidh an binse eadrána aon tréimhsí ábhartha eile den nós imeachta um réiteach díospóide a choigeartú de réir mar is gá chun seachadadh tráthúil na tuarascála a áirithiú.
4.
Níl feidhm ag Airteagal 311 agus léifear tagairtí don rialú sa Teideal seo mar thagairtí don rialú dá dtagraítear in Airteagal 209(10).
5.
De mhaolú ar Airteagal 315, seachadfaidh an binse eadrána a chinneadh chuig na Páirtithe laistigh de 30 lá ó dháta seachadta an iarrata.
CUID A SEACHT
FORÁLACHA CRÍOCHNACHA
AIRTEAGAL 328
Raon Feidhme Críochach
Tá feidhm ag an gComhaontú seo sna háiteanna seo a leanas:
(a)
na críocha a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin; agus
(b)
críoch Ghiobráltar.
AIRTEAGAL 329
Ceangal le comhaontuithe eile
1.
Ní comhaontú forlíontach é an Comhaontú seo leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 (Comhaontuithe forlíontacha) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
2.
Tá feidhm ag an gComhaontú seo agus ag aon chomhaontú forlíontach gan dochar d’aon chomhaontú déthaobhach a rinneadh roimhe seo maidir le Giobráltar idir an Ríocht Aontaithe, de pháirt, agus an tAontas, den pháirt eile. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a n-oibleagáidí aon chomhaontú den sórt sin a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL 330
Athbhreithniú
Déanfaidh na Páirtithe athbhreithniú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus ar chomhaontuithe forlíontacha agus ar aon ábhar a bhaineann leis sin 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus go tráthrialta ina dhiaidh sin.
AIRTEAGAL 331
Faisnéis rúnda
1.
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo ná in aon chomhaontú forlíontach mar ní lena gceanglaítear ar Pháirtí faisnéis rúnda a chur ar fáil, a bhfágfadh nochtadh na faisnéise sin go gcuirfí bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó a bheadh contrártha ar bhealach eile do leas an phobail, nó lena ndéanfaí dochar do leasanna tráchtála dlisteanacha fiontar ar leith, poiblí nó príobháideach, seachas i gcás ina gceanglóidh binse eadrána an fhaisnéis rúnda sin i nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi Chuid a Sé nó painéal saineolaithe faoi Theideal I de Chuid a Trí. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an binse eadrána go gcosnófar an rúndacht go hiomlán i gcomhréir le hIarscríbhinn 29 maidir le Rialacha Nós Imeachta.
2.
Nuair a chuirfidh Páirtí faisnéis a mheastar a bheith rúnda faoina dhlíthe agus faoina rialacháin faoi bhráid na Comhairle Comhair nó na gCoistí Speisialaithe, déileálfaidh an Páirtí eile leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda, mura gcomhaontóidh an Páirtí atá á cur isteach a mhalairt.
AIRTEAGAL 332
Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo ná in aon chomhaontú forlíontach mar ní a cheanglóidh ar Pháirtí faisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil.
Tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le treoracha láimhseála chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe agus ábhar íogair rúnaicmithe a mhalartaítear eatarthu.
AIRTEAGAL 333
Codanna dílse den Chomhaontú seo
1.
Beidh Prótacail, Iarscríbhinní, Foscríbhinní agus na fonótaí an Chomhaontaithe seo ina gcuid dhílis den Chomhaontú seo.
2.
Beidh gach ceann de na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear na foscríbhinní a ghabhann leis, ina cuid dhílis den Chuid, den Teideal, den Chaibidil nó den Phrótacal a thagraíonn don Iarscríbhinn sin nó dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.
AIRTEAGAL 334
Foirceannadh
Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra i scríbhinn trí chainéil taidhleoireachta. Scoirfidh an Comhaontú seo agus aon chomhaontú forlíontach a de bheith i bhfeidhm an chéad lá den dara mí déag tar éis dháta an fhógra.
AIRTEAGAL 335
Téacsanna barántúla
Tarraingeofar an Comhaontú seo suas i ndúblach, sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs.
AIRTEAGAL 336
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.
Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis na míosa ina mbeidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach chun a dtoiliú a bheith faoi cheangal comhlíonta acu.
2.
Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach ó dháta roimh an lá dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile, roimh an dáta óna gcuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach, go bhfuil an plean cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7 agus na socruithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagail 29, 33, 38, 55, 56, 251, 260, 265 agus SSC.31 i bhfeidhm agus go bhfuil siad curtha chun feidhme go hiomlán, agus go bhfuil na bearta a thuairiscítear in Airteagal 258 i bhfeidhm.
3.
Tiocfaidh deireadh leis an gcur i bhfeidhm sealadach ar an lá dá dtagraítear i mír 1.
4.
Ón dáta óna gcuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach, tuigfidh na Páirtithe tagairtí sa Chomhaontú seo do ‘dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo’ nó do ‘theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo’ mar thagairtí don dáta óna gcuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach.
5.
Scoirfidh Teidil I go IV de Chuid a Dó, Teideal II de Chuid a Trí agus Teideal III de Chuid a Ceathair d’fheidhm a bheith acu ón lá a dhéanfar na socruithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagail 29, 33, 38, 55, 56, 251, 260, 265 agus SSC.31 a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcomhréir lena bhforálacha. Tosóidh siad d’fheidhm a bheith acu as an nua ón lá óna gcuirfear deireadh le fionraí na socruithe riaracháin sin nó a thabharfar socruithe nua riaracháin i gcrích.
IARSCRÍBHINN 1
LIOSTA NA nIONSTRAIMÍ
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(5) DEN CHOMHAONTÚ
1.
An Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú, arna ghlacadh an 18 Meán Fómhair 1997;
2.
An Conradh Trádála Arm, arna ghlacadh i Nua-Eabhrac an 2 Aibreán 2013;
3.
An Coinbhinsiún maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 10 Deireadh Fómhair 1980, agus na Prótacail seo a leanas a ghabhann leis:
–
Prótacal I (maidir le Mionghiotaí Do-bhraite) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 10 Deireadh Fómhair 1980;
–
Prótacal II (maidir le Toirmisc nó Srianta ar úsáid Mianach, Bobghaistí agus Feistí eile) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 3 Bealtaine 1996;
–
Prótacal III (maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Armán Loiscneach) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 10 Deireadh Fómhair 1980;
–
Prótacal IV (um airm léasair dhalltacha) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu, arna ghlacadh i Vín an 13 Deireadh Fómhair 1995;
–
Prótacal V (maidir le Fuílligh Phléascacha Chogaidh) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 28 Samhain 2003.
4.
An Coinbhinsiún maidir le Cnuasmhuinisin, arna ghlacadh i mBaile Átha Cliath an 30 Bealtaine 2008.
_______________
IARSCRÍBHINN 2
LIOSTA NA nIONSTRAIMÍ
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 13(1) DEN CHOMHAONTÚ
1.
An Coinbhinsiún maidir le Pléascáin Phlaisteacha a Mharcáil chun críoch a mBraite, arna ghlacadh in Montréal an 1 Márta 1991;
2.
An Coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le buamáil sceimhlitheoireachta a dhíchur, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an 15 Nollaig 1997;
3.
An Coinbhinsiún idirnáisiúnta chun maoiniú sceimhlitheoireachta a dhíchur, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an 9 Nollaig 1999;
4.
An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an 13 Aibreán 2005.
________________
IARSCRÍBHINN 3
LIOSTA DHLÍTHE AN AONTAIS
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14 DEN CHOMHAONTÚ
1.
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí);
2.
Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó ionchúiseamh a dhéanamh ina leith nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle;
3.
(2010/625/AE): CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN an 19 Deireadh Fómhair 2010 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta in Andóra (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2010) 7084);
4.
(2003/490/CE): CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN an 30 Meitheamh 2003 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta san Airgintín;
5.
(2002/2/CE): Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2001 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta dá bhforáiltear le hAcht Cheanada um Chosaint Faisnéise Pearsanta agus Doiciméid Leictreonacha (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2001) 4539);
6.
(2010/146/CE): Cinneadh ón gCoimisiún an 5 Márta 2010 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcosaint leordhóthanach dá bhforáiltear le hAcht Oileáin Fharó um próiseáil sonraí pearsanta (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2010) 1130);
7.
(2003/821/CE): Cinneadh ón gCoimisiún an 21 Samhain 2003 maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta i nGeansaí (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2003) 4309);
8.
(2011/61/AE): Cinneadh ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2011 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Stát Iosrael cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta i ndáil le huathphróiseáil sonraí pearsanta (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2011) 332);
9.
(2004/411/CE): CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN an 28 Aibreán 2004 maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta in Oileán Mhanann (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2004) 1556);
10.
(2019/304/AE): Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/419 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2019 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tSeapáin cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2019) 304);
11.
(2008/393/CE): Cinneadh ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2008 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta i nGeirsí (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2008) 1746);
12.
(2013/65/AE): Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Nua-Shéalainn cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2012) 9557);
13.
(2021/9316/AE): Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/254 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Poblacht na Cóiré sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 9316);
14.
(2000/518/CE): Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Iúil 2000 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta arna soláthar san Eilvéis (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2000) 2304);
15.
(2021/4800/AE): Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta ag an Ríocht Aontaithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2021) 4800), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 19.12.2025 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2021)4800);
16.
(2021/4801): Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1773 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 de bhun Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta ag an Ríocht Aontaithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2021) 4801), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 19.12.2025 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2021)4801);
17.
(2023/4745/AE): Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1795 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2023 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an leibhéal leormhaith cosanta sonraí pearsanta faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023)4745);
18.
(2012/484/AE): Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2012 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Poblacht Oirthearach Uragua cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta i ndáil le huathphróiseáil sonraí pearsanta (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2012) 5704);
19.
(2025/4626/AE): Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1382 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)4626);
20.
(2021/3972/AE): Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/914 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 maidir le clásail chonarthacha chaighdeánacha i ndáil le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
________________
IARSCRÍBHINN 4
LIOSTA NA nIONSTRAIMÍ
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 17 DEN CHOMHAONTÚ
COMHAR NÚICLÉACH SIBHIALTA
CUID 1
1.
An Coinbhinsiún maidir le Cosaint Fhisiciúil Ábhair Núicléach, arna ghlacadh i Vín an 3 Márta 1980 agus a tháinig i bhfeidhm go ginearálta an 8 Feabhra 1987, agus an leasú ar an gCoinbhinsiún sin arna dhéanamh i Vín an 8 Iúil 2005 agus a tháinig i bhfeidhm go ginearálta an 8 Bealtaine 2016 (‘Coinbhinsiún leasaithe maidir le Cosaint Fhisiciúil Ábhair Núicléach’);
2.
Prótacal an 12 Feabhra 2004 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Dliteanas Tríú Páirtí i réimse an Fhuinnimh Núicléigh arna thabhairt i gcrích i bPáras an 29 Iúil 1960, arna leasú le Prótacal Breise an 28 Eanáir 1964 agus le Prótacal an 16 Samhain 1982;
3.
An Coinbhinsiún ar shábháilteacht núicléach, arna ghlacadh i Vín an 17 Meitheamh 1994;
4.
An Coinbhinsiún Comhpháirteach maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Breosla Spíonta agus maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Dramhaíola Radaighníomhaí, arna ghlacadh i Vín an 5 Meán Fómhair 1997;
5.
An Coinbhinsiún um Luath-Fhógra i dtaobh Taisme Núicléiche, arna ghlacadh ag Comhdháil Ghinearálta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, arna teacht le chéile i seisiún speisialta i Vín an 26 Meán Fómhair 1986;
6.
An Coinbhinsiún um Chúnamh i gcás Taisme Núicléach nó Éigeandáil Raideolaíoch do Tharlú, arna ghlacadh ag Comhdháil Ghinearálta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, arna teacht le chéile i seisiún speisialta i Vín an 26 Meán Fómhair 1986.
CUID 2
1.
Cód Iompair maidir le Sábháilteacht agus Slándáil Foinsí Radaighníomhacha arna fhormheas ag Bord Gobharnóirí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach an 8 Meán Fómhair 2003;
2.
Treoraíocht maidir le foinsí radaighníomhacha atá as úsáid a bhainistiú arna formheas ag Bord Gobharnóirí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach an 8 Meán Fómhair 2003 agus an 11 Meán Fómhair 2017;
3.
Treoraíocht maidir le foinsí radaighníomhacha a allmhairiú agus a onnmhairiú arna hathbhreithniú le formheas Bhord Gobharnóirí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach an 12 Meán Fómhair 2011;
4.
Iarscríbhinn C a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha a leagtar amach i ndoiciméad INFCIRC/254/Part 1 and 2 leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach;
5.
Na moltaí in INFCIRC/225/Rev.5 (Moltaí maidir le Slándáil Núicléach i dtaobh Cosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach agus Saoráidí Núicléacha) leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.
________________
IARSCRÍBHINN 5
COMHAR NÚICLÉACH SIBHIALTA – SOCRUITHE OIBRÍOCHTÚLA
MAIDIR LE LUATHFHÓGRA AGUS CÚNAMH
I gCÁS TIONÓISCÍ NÚICLÉACHA
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 17 DEN CHOMHAONTÚ
Na socruithe oibríochtúla atá ann cheana maidir le fógra idirnáisiúnta a thabhairt faoi theagmhais shibhialta agus chosanta araon, lena n-áirítear tionóiscí agus éigeandálaí den chineál a shonraítear sa Choinbhinsiún um Luath-Fhógra i dtaobh Taisme Núicléiche, arna ghlacadh ag Comhdháil Ghinearálta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, arna teacht le chéile i seisiún speisialta i Vín an 26 Meán Fómhair 1986; agus sa Choinbhinsiún um Chúnamh i gcás Taisme Núicléach nó Éigeandáil Raideolaíoch do Tharlú, arna ghlacadh ag Comhdháil Ghinearálta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, arna teacht le chéile i seisiún speisialta i Vín an 26 Meán Fómhair 1986, coinnítear na socruithe sin ar bun faoi láthair i dtreoir freagartha oibríochtúla Roinn Slándála Fuinnimh agus Glan-Nialasachta na Ríochta Aontaithe (DESNZ). Is cuid de na socruithe sin é fógra a thabhairt faoi theagmhas den sórt sin i nGiobráltar nó faoi theagmhas den sórt sin a dhéanann difear do Ghiobráltar. Go hachomair, dá gcuirfí Ceanncheathrú Oibríochtúil an Chabhlaigh Ríoga ar an eolas faoi theagmhas den sórt sin, tabharfaidh siad fógra d’Aireacht Cosanta na Ríochta Aontaithe (MOD). Dá réir sin, tabharfaidh MOD fógra d’údaráis inniúla Ghiobráltar, chun é a chur ar a gcumas dóibh a bpleananna éigeandála a chur i ngníomh gan mhoill, agus do DESNZ, agus soláthróidh sé faisnéis leordhóthanach dó maidir leis an teagmhas, chun é a chur ar a chumas do DESNZ fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach trí Chóras Aontaithe na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach um Malartú Faisnéise i dTeagmhais agus Éigeandálaí (USIE) laistigh de 2 uair an chloig tar éis fógra a fháil. Ar an gcaoi chéanna, déileálfaidh DESNZ le haon iarraidh ar chúnamh a gheofar ó Ghiobráltar tríd an gcóras RANET nó ar bhealach eile. I bhfianaise na rioscaí trasteorann a bhaineann leis na cineálacha sin tionóiscí, geallann an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbunóidh sí bealach fógartha déthaobhach cómhalartach díreach leis an Spáinn.
________________
IARSCRÍBHINN 6
RIALACHA NÓS IMEACHTA
NA COMHAIRLE COMHAIR AGUS NA gCOISTÍ SPEISIALAITHE
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 22 AGUS 23 DEN CHOMHAONTÚ
RIAIL 1
Cathaoirleach
1.
Tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra dá chéile maidir le hainm, post agus sonraí teagmhála a gcomhchathaoirleach ainmnithe féin. Measfar go mbeidh an t-údarú ag comhchathaoirleach ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais nó na Ríochta Aontaithe faoi seach, go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha don Pháirtí eile maidir le comhchathaoirleach nua.
2.
Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí na gcomhchathaoirleach dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta seo.
3.
Féadfar ainmní a chur in ionad comhchathaoirligh le haghaidh cruinniú ar leith. Tabharfaidh an comhchathaoirleach, nó an t-ainmní, fógra maidir leis an ainmniú sin don chomhchathaoirleach eile agus do Rúnaíocht na Comhairle Comhair a luaithe is féidir. Tuigfear le haon tagairt sna Rialacha Nós Imeachta seo do na comhchathaoirligh go n-áirítear inti ainmní.
RIAIL 2
An Rúnaíocht
Oifigeach ón Aontas agus oifigeach ó Rialtas na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bheidh i Rúnaíocht na Comhairle Comhair (‘an Rúnaíocht’). Feidhmeoidh an Rúnaíocht na cúraimí arna dtabhairt di leis na Rialacha Nós Imeachta seo. Tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar fógra dá chéile maidir le hainm, post agus sonraí teagmhála a n-oifigigh féin atá ina chomhalta de Rúnaíocht na Comhairle Comhair thar ceann an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Measfar go leanfaidh an t-oifigeach sin de bheith ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Aontais nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go dtí an dáta a mbeidh fógra tugtha ag an Aontas nó ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar maidir le chomhalta nua.
RIAIL 3
Cruinnithe
1.
Reáchtálfaidh an Rúnaíocht gach cruinniú den Chomhairle Comhair ar dháta agus in am a chinnfidh na comhchathaoirligh. I gcás ina mbeidh iarraidh ar chruinniú tarchurtha ag an Aontas nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tríd an Rúnaíocht, déanfaidh an Chomhairle Comhair iarracht teacht le chéile laistigh de 30 lá tar éis na hiarrata sin, nó níos luaithe i gcásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.
2.
Reáchtálfaidh an Chomhairle Comhair a cruinnithe ar bhonn idirmhalartach sa Bhruiséil agus i Londain, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt.
3.
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go reáchtálfar cruinniú de chuid na Comhairle Comhair trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.
RIAIL 4
Rannpháirtíocht i gcruinnithe
1.
Tréimhse ama réasúnta roimh gach cruinniú, cuirfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tríd an Rúnaíocht, comhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí féin in iúl dá chéile agus sonróidh siad ainm agus feidhm gach comhalta den toscaireacht.
2.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na comhchathaoirligh, de chomhthoil, cuireadh a tabhairt do shaineolaithe (i.e. saineolaithe nach oifigigh rialtais iad) freastal ar chruinnithe den Chomhairle Comhair chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair shonracha agus chun bheith i láthair nuair a phléifear na hábhair shonracha sin amháin.
RIAIL 5
Doiciméid
Déanfaidh an Rúnaíocht doiciméid i scríbhinn ar a mbeidh pléití na Comhairle Comhair bunaithe a uimhriú agus a scaipeadh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
RIAIL 6
Comhfhreagras
1.
Seolfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a gcomhfhreagras arna dhíriú chuig an gComhairle Comhair tríd an Rúnaíocht. Féadfar an comhfhreagras sin a sheoladh in aon fhoirm chumarsáide a dhéantar i scríbhinn, ríomhphost san áireamh.
2.
Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar comhfhreagras arna dhíriú chuig an gComhairle Comhair a thabhairt do na comhchathaoirligh agus go ndéanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 5.
3.
Déanfar gach comhfhreagras ó na comhchathaoirligh nó a bheidh dírithe chucu a chur ar aghaidh chuig an Rúnaíocht agus déanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 5.
RIAIL 7
An clár oibre do na cruinnithe
1.
Dréachtóidh an Rúnaíocht dréachtchlár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Déanfar é a tharchur, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, chuig na comhchathaoirligh tráth nach déanaí ná 10 lá roimh dháta an chruinnithe.
2.
Áireofar ítimí a d’iarr an tAontas nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an gclár oibre sealadach. Déanfar aon iarraidh den sórt sin, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, a chur chuig an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 15 lá roimh thús an chruinnithe.
3.
Déanfaidh na comhchathaoirligh cinneadh maidir leis an gclár oibre sealadach le haghaidh cruinnithe tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta an chruinnithe.
4.
Glacfaidh an Chomhairle Comhair an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, féadfar míreanna eile a chur leis an gclár oibre de chomhthoil.
5.
Féadfaidh na comhchathaoirligh, de chomhthoil, na tréimhsí ama a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a laghdú nó a mhéadú chun na riachtanais a bhaineann le cás ar leith a chur san áireamh.
RIAIL 8
Miontuairiscí
1.
Maidir leis an oifigeach atá ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Pháirtí atá ina óstach ar an gcruinniú, dréachtóidh sé dréacht-mhiontuairiscí ar gach cruinniú laistigh de 15 lá ó dheireadh an chruinnithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Seolfar na dréacht-mhiontuairiscí chuig an gcomhalta den Rúnaíocht arna cheapadh ag an bPáirtí eile ar mhaithe le barúlacha a fháil. Féadfaidh an comhalta sin den Rúnaíocht barúlacha a chur isteach laistigh de 7 lá ón dáta a bhfaighfear na dréacht-mhiontuairiscí.
2.
Déanfar achoimre sna miontuairiscí, go hiondúil, ar gach ítim atá ar an gclár oibre, agus sonrófar an méid seo a leanas iontu, i gcás inarb infheidhme:
(a)
na doiciméid arna gcur faoi bhráid na Comhairle Comhair;
(b)
aon ráiteas ar iarr duine de na comhchathaoirligh é a chur leis na miontuairiscí; agus
(c)
na cinntí a rinneadh, na moltaí a rinneadh, na ráitis a comhaontaíodh agus na conclúidí a glacadh i leith ítimí sonracha.
3.
Áireofar sna miontuairiscí, mar iarscríbhinn, liosta rannpháirtithe ina leagfar amach ainmneacha agus feidhmeanna na ndaoine aonair uile a d’fhreastail ar an gcruinniú thar ceann gach toscaireachta.
4.
Déanfaidh an Rúnaíocht na dréacht-mhiontuairiscí a choigeartú ar bhonn na mbarúlacha a fuarthas agus déanfaidh na comhchathaoirligh na dréacht-mhiontuairiscí, arna n-athbhreithniú, a fhormheas laistigh de 28 lá ó dháta an chruinnithe, nó faoi aon dáta eile arna chomhaontú ag na comhchathaoirligh. A luaithe a fhormheasfar iad, le síniú chomhaltaí na Rúnaíochta déanfar dhá leagan de na miontuairiscí a fhíordheimhniú. Gheobhaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, araon ceann amháin de na leaganacha barántúla sin. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonfaidh síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas sin.
RIAIL 9
Cinntí agus moltaí
1.
Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh an Chomhairle Comhair cinntí nó moltaí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Déanfaidh comhchathaoirleach téacs dréachtchinnidh nó dréachtmholta a thíolacadh i scríbhinn don chomhchathaoirleach eile i dteanga oibre na Comhairle Comhair. Beidh mí amháin, nó tréimhse níos faide a shonróidh an Páirtí atá á chur chun cinn, ag an bPáirtí eile lena chur in iúl go n-aontaíonn sé leis an dréachtchinneadh nó an dréachtmholadh. Mura gcuirfidh an Páirtí eile in iúl go n-aontaíonn sé leis, pléifear an cinneadh nó an moladh atáthar a chur chun cinn agus féadfar é a ghlacadh ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Comhair. Measfar na dréachtchinntí nó dréachtmholtaí a bheith glactha a luaithe a chuirfidh an Páirtí eile in iúl go n-aontaíonn sé leo agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sna miontuairiscí ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Comhair de Riail 8.
2.
I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle Comhair cinntí nó moltaí, cuirfear an focal ‘Cinneadh’ nó an focal ‘Moladh’, faoi seach, i dteideal na ngníomhartha sin. Taifeadfaidh an Rúnaíocht aon chinneadh nó aon mholadh faoi shraithuimhir agus le tagairt don dáta a glacadh é.
3.
Sonrófar i gcinntí arna nglacadh ag an gComhairle Comhair an dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm.
4.
Maidir le cinntí agus moltaí a ghlacfaidh an Chomhairle Comhair, leagfar síos iad i ndúblach sna teangacha barántúla agus síneoidh na comhchathaoirligh iad agus déanfaidh an Rúnaíocht iad a sheoladh chuig an Aontas agus chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, díreach i ndiaidh a sínithe. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonann síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas maidir le síniú.
RIAIL 10
Trédhearcacht
1.
Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtiocfaidh an Chomhairle Comhair le chéile go poiblí.
2.
Féadfaidh gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le foilsiú chinntí agus mholtaí na Comhairle Comhair ina iris oifigiúil faoi seach nó ar líne.
3.
I gcás ina ndéanfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faisnéis a chur faoi bhráid na Comhairle Comhair, ar faisnéis rúnda nó chosanta í ar nochtadh faoi dhlíthe agus rialacháin an Aontais nó na Ríocht Aontaithe, is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh an páirtí eile leis an bhfaisnéis sin.
4.
Cuirfear cláir oibre shealadacha na gcruinnithe ar fáil go poiblí roimh gach cruinniú de chuid na Comhairle Comhair. Cuirfear miontuairiscí na gcruinnithe ar fáil go poiblí tar éis a bhformheasta i gcomhréir le Riail 8.
5.
Déanfar na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 a fhoilsiú i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí is infheidhme an dá Pháirtí.
RIAIL 11
Teangacha
1.
Is iad teangacha oifigiúla an Aontais agus na Ríochta Aontaithe teangacha oifigiúla na Comhairle Comhair.
2.
Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ag an gComhairle Comhair. Mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, bunóidh an Chomhairle Comhair a phléití ar dhoiciméid arna n-ullmhú i mBéarla.
3.
Glacfaidh an Chomhairle Comhair cinntí a bhaineann leis an gComhaontú seo a leasú nó a léiriú i dteangacha théacsanna barántúla an Chomhaontaithe seo. Glacfar gach cinneadh eile ón gComhairle Comhair, lena n-áirítear na cinn trína leasaítear na Rialacha Nós Imeachta reatha, sa teanga oibre dá dtagraítear i mír 2.
RIAIL 12
Speansas
1.
Íocfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi seach as aon chaiteachas a thabhóidh siad de dhroim rannpháirtíocht i gcruinnithe na Comhairle Comhair.
2.
Is é an Páirtí a mbeidh an cruinniú á óstáil aige a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe agus atáirgeadh doiciméad.
3.
Is é an Páirtí a iarrann ateangaireacht go teanga oibre/teangacha oibre na Comhairle Comhair agus uaithi/uathu le linn cruinnithe a íocfaidh as costas na hateangaireachta sin.
4.
Beidh gach Páirtí freagrach as cinntí agus doiciméid eile a aistriú go dtí a theanga oifigiúil féin nó a theangacha oifigiúla féin, má cheanglaítear amhlaidh de bhun an Riail 11, ar a chostas féin.
RIAIL 13
Coistí
1.
Gan dochar do mhír 2 den Riail seo, beidh feidhm ag Rialacha 1 go 12 mutatis mutandis i leith na gcoistí.
2.
Cuirfidh na Coistí an Chomhairle Comhair ar an eolas faoi sceidil agus cláir a gcruinnithe luath go leor roimh na cruinnithe sin, agus cuirfidh siad tuairisc faoi bhráid na Comhairle Comhair ar thorthaí agus ar chonclúidí gach ceann de na cruinnithe sin.
________________
IARSCRÍBHINN 7
IARSCRÍBHINN
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 29(10) DEN CHOMHAONTÚ
Bonneagar pointí trasnaithe teorann ag calafort agus aerfort Ghiobráltar
1.
Áiritheoidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbeidh an bonneagar is gá ann chun pointí trasnaithe teorann a oibriú i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen ag calafort agus aerfort Ghiobráltar, agus go ndéanfar an bonneagar sin a chothabháil. Beidh an bonneagar a sholáthrófar iomchuí do mhéideanna an tsrutha tráchta ag na pointí trasnaithe teorann sin agus don ghá atá le leibhéal rialaithe éifeachtúil ard aonfhoirmeach a áirithiú ag na pointí trasnaithe teorann sin i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen.
2.
Comhlíonfaidh an bonneagar ag na pointí trasnaithe teorann sin na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen agus go háirithe pointí 2 (teorainneacha aeir) agus 3 (teorainneacha muirí) d’Iarscríbhinn VI ionas go bhféadfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais faoi Chód Teorainneacha Schengen. Soláthrófar saoráidí iomchuí chun gur féidir seiceálacha críochnúla a dhéanamh i Limistéar na Seiceálacha Dara Líne. Leis an mbonneagar, beifear in ann lánaí ar leith a sholáthar freisin, mar a fhorordaítear le hAirteagal 10 de Chód Teorainneacha Schengen agus le hIarscríbhinn III a ghabhann leis.
3.
Áiritheoidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go háirithe, go ndéanfaidh an oibreoir aerfoirt nó na hoibreoirí aerfoirt na bearta is gá chun an bonneagar a sholáthar chun na sreabha paisinéirí ar eitiltí chuig na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, nó ó na Ballstáit sin, a dheighilt go fisiceach go hiomlán ó na sreabha paisinéirí ar eitiltí eile agus chun cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe dul isteach i limistéir fhorchoimeádta agus imeacht uathu, amhail limistéir idirthurais. Cuirfear an bonneagar iomchuí i bhfeidhm chuige sin.
4.
Go háirithe, áiritheoidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go ndéanfaidh an t-oibreoir calafoirt nó na hoibreoirí calafoirt na bearta is gá chun an bonneagar a sholáthar le haghaidh seiceálacha a bheidh le déanamh i limistéar iomchuí a chuirfear ar leataobh chun na críche sin i ngarchomharsanacht an chalafoirt, ar choinníoll nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 29(3).
Oibleagáid ar chaptaein eitiltí príobháideacha agus máistrí loinge
5.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le captaen eitilte príobháidí a thuirlingíonn nó a éiríonn de thalamh ag aerfort Ghiobráltar ó thíortha seachas na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, nó chuig na tíortha sin, go gcomhlíonfaidh an captaen sin na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2.3 d’Iarscríbhinn VI de Chód Teorainneacha Schengen, agus go háirithe, roimh éirí de thalamh, go soláthrófar d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go comhuaineach agus gan mhoill, dearbhú ginearálta ina mbeidh, inter alia, plean eitilte i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus faisnéis faoi chéannacht na bpaisinéirí.
6.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás long, lena n-áirítear longa cúrsála, báid phléisiúir, báid farantóireachta agus soithí lasta, maidir leis an máistir, an gníomhaire loingseoireachta nó duine éigin eile arna údarú go cuí ag an máistir nó arna fhíordheimhniú ar bhealach arna chomhaontú ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cód Teorainneacha Schengen, go háirithe an oibleagáid liostaí criú agus liostaí paisinéirí a tharraingt suas agus a chur isteach, athruithe ar na liostaí sin a thuairisciú, agus a chur in iúl má tá folachánaithe ann, d’údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go comhuaineach agus gan mhoill.
__________________
IARSCRÍBHINN 8
LIOSTA NA gCIONTA COIRIÚLA
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 55 AGUS 56 DEN CHOMHAONTÚ
Liosta na gcionta coiriúla:
(a)
sceimhlitheoireacht,
(b)
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil,
(c)
dúnmharú agus mórdhíobháil choirp,
(d)
dúnorgain,
(e)
robáil eagraithe nó armtha,
(f)
teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí,
(g)
éigniú,
(h)
coirloscadh,
(i)
coireacht atá bainteach le ríomhaireacht,
(j)
brionnú airgid,
(k)
góchumadh agus píoráideacht táirgí,
(l)
brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu,
(m)
trombhuirgléireacht agus robáil agus earraí goidte a ghlacadh,
(n)
éilliú, lena n-áirítear an bhreabaireacht,
(o)
calaois,
(p)
cambheartaíocht agus sracaireacht,
(q)
caimiléireacht,
(r)
sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht,
(s)
fuadach, srianadh agus tógáil giall go neamhdhleathach,
(t)
gáinneáil ar dhaoine,
(u)
trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna,
(v)
éascú teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe,
(w)
ciníochas agus seineafóibe,
(x)
gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha,
(y)
gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,
(z)
gáinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin,
(aa)
gáinneáil ar fheithiclí goidte,
(bb)
damáiste toiliúil trí úsáid pléascán,
(cc)
dramhaíl nimhiúil agus dramhaíl ghuaiseach a iompar go haindleathach,
(dd)
coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt,
(ee)
gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile,
(ff)
gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha,
(gg)
coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,
(hh)
urghabháil neamhdhleathach aerárthaí, long, spásárthaí,
(ii)
sabaitéireacht.
Agus, ina theannta sin, na cionta seo a leanas chun críocha Airteagal 55:
gach cion coiriúil eile a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le heiseachadadh nó tabhairt suas agus, i gcás ina gcomhlíontar an dlí náisiúnta, seiceálacha ó údaráis forfheidhmithe dlí a sheachaint freisin.
Agus, ina theannta sin, na cionta seo a leanas chun críocha Airteagal 56:
gach cion coiriúil eile a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le heiseachadadh nó tabhairt suas, ach i ndáil le daoine a bhféadfadh sainaithint nó rianú daoine den sórt sin atá faoi amhras a bheith mar thoradh orthu freisin.
________________
IARSCRÍBHINN 9
LIOSTA DHLÍTHE AN AONTAIS
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 63 DEN CHOMHAONTÚ
Chun críocha Airteagal 63, beidh feidhm ag an dlí seo a leanas de chuid an Aontais freisin:
1.
Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainítear éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe agus Cinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe;
2.
Treoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (códú);
3.
Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin;
4.
Rialachán (AE) Uimh. 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013;
5.
Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí, arna leasú.
________________
IARSCRÍBHINN 10
FOIRMEACHA COIREACHTA A BHFUIL EUROPOL INNIÚIL INA LEITH
Foirmeacha coireachta a bhfuil EUROPOL inniúil ina leith dá dtagraítear in Airteagal 75 den Chomhaontú:
(a)
An sceimhlitheoireacht;
(b)
Coireacht eagraithe;
(c)
Gáinneáil ar dhrugaí;
(d)
Gníomhaíochtaí sciúrtha airgid;
(e)
Coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha;
(f)
Smuigleáil inimirceach;
(g)
Gáinneáil ar dhaoine;
(h)
Coireacht mhótarfheithicle;
(i)
Dúnmharú agus mórdhíobháil choirp;
(j)
Trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna;
(k)
Fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall;
(l)
Ciníochas agus seineafóibe;
(m)
Robáil agus tromghoid;
(n)
Gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne;
(o)
Caimiléireacht agus calaois;
(p)
Coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais;
(q)
Déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais;
(r)
Cambheartaíocht agus sracaireacht;
(s)
Góchumadh agus píoráideacht táirgí;
(t)
Brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu;
(u)
Brionnú airgid agus modhanna íocaíochta;
(v)
Coireacht atá bainteach le ríomhaireacht;
(w)
Éilliú;
(x)
Gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin;
(y)
Gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe atá faoi bhagairt;
(z)
Gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt;
(aa)
Coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú ó longfhoinsí;
(bb)
An gháinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile;
(cc)
Mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críocha gnéasacha;
(dd)
Cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.
________________
IARSCRÍBHINN 11
SAGHSANNA COIREACHTA TROMCHÚISÍ A BHFUIL EUROJUST INNIÚIL MAIDIR LEO
Saghsanna coireachta tromchúisí a bhfuil EUROJUST inniúil maidir leo dá dtagraítear in Airteagail 89 agus 92 den Chomhaontú:
(a)
An sceimhlitheoireacht;
(b)
Coireacht eagraithe;
(c)
Gáinneáil ar dhrugaí;
(d)
Gníomhaíochtaí sciúrtha airgid;
(e)
Coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha;
(f)
Smuigleáil inimirceach;
(g)
Gáinneáil ar dhaoine;
(h)
Coireacht mhótarfheithicle;
(i)
Dúnmharú agus mórdhíobháil choirp;
(j)
Trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna;
(k)
Fuadach, srianadh agus tógáil giall neamhdhleathach;
(l)
Ciníochas agus seineafóibe;
(m)
Robáil agus tromghoid;
(n)
Gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne;
(o)
Caimiléireacht agus calaois;
(p)
Coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais;
(q)
Déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais;
(r)
Cambheartaíocht agus sracaireacht;
(s)
Góchumadh agus píoráideacht táirgí;
(t)
Brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu;
(u)
Brionnú airgid agus modhanna íocaíochta;
(v)
Coireacht atá bainteach le ríomhaireacht;
(w)
Éilliú;
(x)
Gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin;
(y)
Gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe atá faoi bhagairt;
(z)
Gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt;
(aa)
Coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú ó longfhoinsí;
(bb)
An gháinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile;
(cc)
Mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críocha gnéasacha;
(dd)
Cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.
________________
IARSCRÍBHINN 12
FAISNÉIS FAOI THAIFEAD COIRIÚIL A MHALARTÚ – SONRAÍOCHTAÍ
TEICNIÚLA AGUS NÓS IMEACHTA
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 113 DEN CHOMHAONTÚ
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóir
Is é cuspóir na hIarscríbhinne seo na forálacha nós imeachta agus na forálacha teicniúla is gá a leagan síos chun Caibidil 3 (Faisnéis faoi thaifead coiriúil a mhalartú) de Teideal V de Chuid a Dó den Chomhaontú seo a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL 2
Líonra cumarsáide
1.
Maidir le malartú leictreonach na faisnéise arna baint as taifid choiriúla idir Ballstát, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar an taobh eile, déanfar é trí bhonneagar coiteann cumarsáide a úsáid lena soláthraítear cumarsáid chriptithe.
2.
An líonra cumarsáide ‘Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitice idir Córais Riaracháin’ (TESTA) a bheidh mar bhonneagar coiteann cumarsáide. Le haon fhorbairt bhreise a dhéanfar orthu nó le haon líonra slán malartach, áiritheofar go leanfaidh an bonneagar coiteann cumarsáide atá ar bun de bheith ag comhlíonadh na gceanglas slándála is iomchuí chun faisnéis faoi thaifead coiriúil a mhalartú.
AIRTEAGAL 3
Bogearraí idirnaisc
1.
Bainfidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, úsáid as bogearraí idirnaisc caighdeánaithe lenar féidir a n-údaráis lárnacha a nascadh leis an mbonneagar coiteann cumarsáide d’fhonn an fhaisnéis arna baint as taifid choiriúla a mhalartú leis na húdaráis lárnacha eile go leictreonach i gcomhréir le forálacha Chaibidil 3 (Faisnéis faoi thaifead coiriúil a mhalartú) de Theideal V de Chuid a Dó den Chomhaontú seo agus den Iarscríbhinn seo.
2.
I gcás na mBallstát, is iad na bogearraí idirnaisc na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS nó a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS, a chuirfear in oiriúint, más gá, chun faisnéis a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, mar a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
3.
I gcás Ghiobráltar, is iad na bogearraí idirnaisc na bogearraí idirnaisc arna bhforbairt agus arna gcothabháil ag an Ríocht Aontaithe chun faisnéis arna baint as an taifead coiriúil a mhalartú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit.
4.
Beidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freagrach as a bogearraí idirnaisc féin a fhorbairt agus a fheidhmiú. Chun na críche sin, ar a dhéanaí roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go bhfeidhmeoidh a bogearraí idirnaisc náisiúnta i gcomhréir leis na prótacail agus na sonraíochtaí teicniúla a bhunaítear le haghaidh bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, agus i gcomhréir le haon cheanglas theicniúil eile arna bhunú le eu-LISA.
5.
Áiritheoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freisin cur chun feidhme aon oiriúnú teicniúil ina dhiaidh sin ar a bogearraí idirnaisc náisiúnta a cheanglófar de thoradh aon athrú ar na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú le haghaidh bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, nó de thoradh aon athrú ar aon cheanglas teicniúil breise arna mbunú le eu-LISA, gan moill mhíchuí. Chuige sin, áiritheoidh an tAontas go gcuirfear an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar ,ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon athrú a bheartaítear a dhéanamh ar na sonraíochtaí teicniúla nó ar na ceanglais theicniúla agus go gcuirfear ar fáil di aon fhaisnéis is gá don Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar chun a cuid oibleagáidí faoin Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.
AIRTEAGAL 4
Faisnéis atá le tarchur i bhfógraí, in iarrataí agus i bhfreagraí
1.
Áireofar i ngach fógra dá dtagraítear in Airteagal 109 (Fógraí) den Chomhaontú seo an fhaisnéis éigeantach seo a leanas:
(a)
faisnéis faoin duine ciontaithe (ainm iomlán, dáta breithe, áit bhreithe (baile agus tír nó críoch), inscne, náisiúntacht agus – más infheidhme – ainm nó ainmneacha roimhe sin);
(b)
faisnéis faoi chineál an chiontaithe (dáta an chiontaithe, ainm na cúirte, an dáta ar tháinig an bhreith chun bheith críochnaitheach);
(c)
faisnéis faoi gcion as ar eascair an ciontú (an dáta a ndearnadh an cion a bhí mar bhonn leis an gciontú agus ainm nó aicmiú dlíthiúil an chiona chomh maith le tagairt do na forálacha dlí is infheidhme); agus
(d)
faisnéis faoi ábhair an chiontaithe (go háirithe an phianbhreith chomh maith le haon phionós fhorlíontach, beartas slándála agus aon bhreith a tugadh ina dhiaidh sin lenar athraíodh forfheidhmiú na pianbhreithe).
2.
Déanfar an fhaisnéis roghnach seo a leanas a tharchur i bhfógraí má cuireadh an fhaisnéis sin isteach sa taifead coiriúil (pointí (a) go (d)) nó má tá sí ar fáil don údarás lárnach (pointí (e) go h)):
(a)
ainmneacha thuismitheoirí an duine chiontaithe;
(b)
uimhir thagartha an chiontaithe;
(c)
an áit a ndearnadh an cion;
(d)
dícháiliú a d’eascair as an gciontú;
(e)
uimhir aitheantais an duine chiontaithe, nó cineál agus uimhir dhoiciméad aitheantais an duine;
(f)
méarloirg, a tógadh ón duine sin;
(g)
más infheidhme, ainm nó ainmneacha bréige agus/nó ainm nó ainmneacha ailias;
(h)
íomhá den aghaidh.
Ina theannta sin, féadfar aon fhaisnéis eile maidir le ciontuithe a chuirtear isteach sa taifead coiriúil a tharchur.
3.
Déanfar gach iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 111 (Iarrataí ar fhaisnéis) den Chomhaontú seo a chur isteach i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach i gCaibidil 2 (Foirmeacha) den Iarscríbhinn seo, i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
4.
Déanfar gach freagra ar iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 112 (Freagraí ar iarrataí) den Chomhaontú seo a chur isteach i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach i gCaibidil 2 (Foirmeacha) den Iarscríbhinn seo, agus beidh liosta ciontuithe dá bhforáiltear le dlí náisiúnta ag gabháil léi. Tabharfaidh an Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freagra i gceann dá teangacha oifigiúla nó in aon teanga eile a nglactar léi chun faisnéis faoi thaifead coiriúil a mhalartú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit.
5.
Na foirmeacha i gCaibidil 2 (Foirmeacha) den Iarscríbhinn seo dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, beidh siad mar an gcéanna leis na foirmeacha chun faisnéis faoi thaifead coiriúil a mhalartú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit. Glacfaidh an [Coiste Speisialaithe] aon mhodhnú ar na foirmeacha i gCaibidil 2 (Foirmeacha) den Iarscríbhinn seo dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, de réir mar is gá i ndáil leis sin.
AIRTEAGAL 5
Formáid tharchur na faisnéise
1.
Agus faisnéis á tarchur i gcomhréir le hAirteagail 109 (Fógraí) agus 112 (Freagraí ar iarrataí) a bhaineann le hainm nó aicmiú dlíthiúil an chiona agus leis na forálacha dlí is infheidhme, déanfaidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tagairt don chód comhfhreagrach le haghaidh gach ceann de na cionta dá dtagraítear sa tarchur, dá bhforáiltear i dtábla na gcionta i gCaibidil 3 (Formáid chaighdeánaithe chun faisnéis a tharchur) den Iarscríbhinn seo. Ar mhodh eisceachta, i gcás nach gcomhfhreagraíonn an cion d’aon fhochatagóir shonrach, úsáidfear cód ‘catagóir oscailte’ na catagóire cionta ábhartha nó na catagóire is gaire di, nó, i gcás nach bhfuil catagóir den sórt sin ann, úsáidfear cód ‘cionta eile’ don chion áirithe sin.
2.
Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faisnéis atá ar fáil a sholáthar, faisnéis a bhaineann lena mhéid a cuireadh an cion i gcrích agus le leibhéal na rannpháirtíochta sa chion agus, más infheidhme, faisnéis a bhaineann le haon díolúine iomlán nó díolúine pháirteach ó fhreagracht choiriúil nó le hatitimeachas.
3.
Agus faisnéis á tarchur i gcomhréir le hAirteagail 109 (Fógraí) agus 112 (Freagraí ar iarrataí) a bhaineann le hábhar an chiontaithe, go háirithe an phianbhreith mar aon le haon phionós forlíontach, bearta slándála agus cinneadh ina dhiaidh sin lena modhnaítear forfheidhmiú na pianbhreithe, déanfaidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tagairt don chód comhfhreagrach le haghaidh gach ceann de na pionóis agus na bearta dá dtagraítear sa tarchur, dá bhforáiltear sa tábla pionós agus beart i gCaibidil 3 (Formáid chaighdeánaithe chun faisnéis a tharchur) den Iarscríbhinn seo. Ar mhodh eisceachta, i gcás nach gcomhfhreagraíonn an pionós ná an beart d’aon fhochatagóir shonrach, úsáidfear cód ‘catagóir oscailte’ na catagóire cionta ábhartha nó na catagóire is gaire di, nó, i gcás nach bhfuil catagóir den sórt sin ann, úsáidfear cód ‘pionóis agus bearta eile’ don phionós nó don bheart áirithe sin.
4.
Soláthróidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freisin, más infheidhme, faisnéis a bheidh ar fáil maidir le cineál agus/nó coinníollacha forghníomhaithe an phionóis nó an bhirt arna fhorchuir agus dá bhforáiltear i dtábla paraiméadar Chaibidil 3 (Formáid chaighdeánaithe chun faisnéis a tharchur) den Iarscríbhinn seo. Déanfar an paraiméadar ‘rialú neamhchoiriúil’ a léiriú i gcás ina gcuireann Ballstát náisiúntachta an duine lena mbaineann nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más náisiúnach den Ríocht Aontaithe é an duine sin, faisnéis faoin rialú ar fáil ar bhonn deonach, agus freagra á thabhairt aige ar iarraidh ar fhaisnéis faoi chiontuithe, agus sa chás sin amháin.
5.
Cuirfidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine, d’fhonn, go háirithe, faisnéis a scaipeadh ar Stáit eile:
(a)
liosta na gcionta náisiúnta i ngach catagóir dá dtagraítear i dtábla na gcionta i gCaibidil 3 (Formáid chaighdeánaithe chun faisnéis a tharchur) den Iarscríbhinn seo. Áireofar sa liosta ainm nó aicmiú dlíthiúil an chiona agus tagairt do na forálacha dlí is infheidhme. Féadfar cur síos gearr ar ghnéithe bunaithe an chiona a áireamh ann freisin;
(b)
liosta na gcineálacha pianbhreitheanna, liosta pionós forlíontach agus bearta slándála a d‘fhéadfadh a bheith ann agus liosta na gcinntí a d’fhéadfadh a bheith ann ina dhiaidh sin lena modhnaítear forfheidhmiú na pianbhreithe mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, i ngach ceann de na catagóirí dá dtagraítear sa tábla pionós agus beart i gCaibidil 3 (Formáid chaighdeánaithe chun faisnéis a tharchur) den Iarscríbhinn seo. Féadfar cur síos gearr ar an bpionós nó ar an mbeart ar leith a áireamh ann freisin.
Déanfaidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na liostaí agus na tuairiscí dá dtagraítear i mír 5 a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Seolfar faisnéis nuashonraithe chuig an gCoiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine.
6.
Na táblaí i gCaibidil 3 (Formáid chaighdeánaithe chun faisnéis a tharchur) den Iarscríbhinn seo dá dtagraítear i míreanna 1 go 4, coinneofar iad mar an gcéanna leis na táblaí chun faisnéis faoi thaifead coiriúil a mhalartú idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe. Glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine aon mhodhnú ar na táblaí i gCaibidil 3 (Formáid chaighdeánaithe chun faisnéis a tharchur) den Iarscríbhinn seo dá dtagraítear i míreanna 1 go 5, de réir mar is gá i ndáil leis sin.
AIRTEAGAL 6
Leanúnachas an tarchuir
Mura bhfuil an modh leictreonach tarchurtha faisnéise ar fáil go sealadach, tarchuirfidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faisnéis trí aon mheán eile lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha lenar féidir le húdarás lárnach an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, barántúlacht na faisnéise a shuí, ar feadh iomlán na tréimhse nach mbeidh sé ar fáil.
AIRTEAGAL 7
Sonraíochtaí teicniúla
Urramóidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, sonraíochtaí teicniúla coiteanna maidir le malartú leictreonach na faisnéise arna baint as taifid choiriúla arna soláthair le eu-LISA le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus cuirfidh siad a gcórais in oiriúint de réir mar is iomchuí gan moill mhíchuí.
CAIBIDIL 2
FOIRMEACHA
Iarraidh ar fhaisnéis arna baint as an taifead coiriúil
(a)
Faisnéis maidir leis an mBallstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar:
|
Stát:
|
|
Údarás lárnach (nó údaráis lárnacha):
|
|
Duine teagmhála:
|
|
Uimhir theileafóin (agus cód TDR):
|
|
Uimhir facs (agus cód TDR):
|
|
Seoladh ríomhphoist:
|
|
Seoladh poist:
|
|
Tagairt an chomhaid, más eol sin:
|
(b)
Faisnéis faoi chéannacht an duine lena mbaineann an iarraidh(1):
|
Ainm iomlán (céadainmneacha agus gach sloinne)
|
|
Ainm nó ainmneacha a bhí ar an duine roimhe seo:
|
|
Ainm nó ainmneacha bréige agus/nó ainm nó ainmneacha ailias, más ann dóibh:
|
|
Inscne: F ☐ B ☐
|
|
Náisiúntacht:
|
|
Dáta breithe (i bhfigiúirí: ll/mm/bbbb):
|
|
Áit bhreithe (baile agus Stát):
|
|
Ainm an athair:
|
|
Ainm na máthar:
|
|
Áit chónaithe nó an seoladh atá ar eolas:
|
|
Uimhir aitheantais an duine, nó cineál agus uimhir dhoiciméad aitheantais an duine:
|
|
Méarloirg:
|
|
Íomhá den aghaidh:
|
|
Faisnéis aitheantais eile atá ar fáil:
|
(c)
Cuspóir na hiarrata:
|
(1)
|
☐
|
imeachtaí coiriúla (sonraigh an t-údarás a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a chomhair agus, má tá sí ar fáil, uimhir thagartha an cháis) …
…
|
|
(2)
|
☐
|
iarraidh lasmuigh de chomhthéacs imeachtaí coiriúla (sonraigh an t-údarás a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a chomhair agus, má tá sí ar fáil, uimhir thagartha an cháis, agus cuir tic sa bhosca cuí):
|
|
|
|
(i) ☐
ó údarás breithiúnach …
…
|
|
|
|
(ii) ☐
ó údarás riaracháin inniúil …
…
|
|
|
|
(iii) ☐
ón duine lena mbaineann chun faisnéis a fháil faoina thaifead coiriúil féin …
…
|
Cuir tic sa bhosca iomchuí
An chúis a bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh:
An t-údarás iarrthach:
|
☐
|
nach dtoilíonn an duine lena mbaineann an fhaisnéis sin a nochtadh (má iarradh ar an duine lena mbaineann a thoiliú a nochtadh i gcomhréir le dlí an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar).
|
|
An teagmhálaí chun tuilleadh eolais a fháil:
|
|
Ainm:
|
|
Teileafón:
|
|
Seoladh ríomhphoist:
|
|
Faisnéis eile (e.g. práinn an iarratais):
|
Freagra ar an iarraidh
Faisnéis maidir leis an duine lena mbaineann
Cuir tic sa bhosca iomchuí
|
Deimhníonn an t-údarás thíos-sínithe:
|
|
☐
|
nach ann d’aon fhaisnéis faoi chiontuithe i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann
|
|
☐
|
nach ann d’aon fhaisnéis faoi chiontuithe iontráilte i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann; go bhfuil liosta ciontuithe i gceangal leis seo
|
|
☐
|
nach ann d’aon fhaisnéis eile i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann; go bhfuil an fhaisnéis sin i gceangal leis seo (roghnach)
|
|
☐
|
gur ann d'fhaisnéis faoi chiontuithe a cuireadh isteach i dtaifead coiriúil an duine lena mbaineann ach chuir an Ballstát ciontaitheach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, in iúl nach bhféadfar an fhaisnéis faoi na ciontuithe sin a tharchur chun aon chríoch eile seachas críocha imeachtaí coiriúla. Féadfar an iarraidh ar thuilleadh faisnéise a sheoladh go díreach chuig...(sonraigh an Ballstát ciontaitheach nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le do thoil)
|
|
☐
|
i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit is faighteoir iarrata nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ní fhéadfar déileáil le hiarrataí a dhéantar chun críocha eile seachas críocha imeachtaí coiriúla.
|
|
An teagmhálaí chun tuilleadh eolais a fháil:
|
|
Ainm:
|
|
Teileafón:
|
|
Seoladh ríomhphoist:
|
|
Faisnéis eile (teorainneacha úsáide na sonraí a bhaineann le hiarrataí lasmuigh de chomhthéacs imeachtaí coiriúla):
|
|
Sonraigh, le do thoil, an líon leathanach a ghabhann leis an bhfoirm freagartha:
|
|
Arna dhéanamh
|
|
an
|
|
Síniú agus stampa oifigiúil (más iomchuí):
|
|
Ainm agus post/eagraíocht:
|
Más iomchuí, cuir an liosta ciontuithe i gceangal, le do thoil, agus seol an pacáiste iomlán chuig an mBallstát iarrthach nó chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Ní gá an fhoirm ná an liosta a aistriú go teanga an Bhallstáit iarrthaigh ná na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
________________
(1)
Chun aithint an duine a éascú, tá an oiread faisnéise agus is féidir le cur ar fáil.
CAIBIDIL 3
FORMÁID CHAIGHDEÁNAITHE CHUN FAISNÉISE A THARCHUR
Tábla coiteann na gcatagóirí cionta, ina bhfuil tábla paraiméadar, dá dtagraítear in Airteagal 5 (1) agus (2) de Chaibidil 1
|
Cód
|
Catagóirí agus fochatagóirí cionta
|
|
0100 00
catagóir oscailte
|
Coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta
|
|
0101 00
|
Cinedhíothú
|
|
0102 00
|
Coireanna i gcoinne na daonnachta
|
|
0103 00
|
Coireanna cogaidh
|
|
0200 00
catagóir oscailte
|
Rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil
|
|
0201 00
|
Eagraíocht choiriúil a stiúradh
|
|
0202 00
|
Rannpháirtíocht fheasach i ngníomhaíochtaí coiriúla de chuid eagraíocht choiriúil
|
|
0203 00
|
Rannpháirtíocht fheasach i ngníomhaíochtaí neamh-choiriúla de chuid eagraíocht choiriúil
|
|
0300 00
catagóir oscailte
|
An sceimhlitheoireacht
|
|
0301 00
|
Grúpa sceimhlitheoireachta a threorú
|
|
0302 00
|
Rannpháirtíocht fheasach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta
|
|
0303 00
|
Maoiniú sceimhlitheoireachta
|
|
0304 00
|
Briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh
|
|
0305 00
|
Earcaíocht nó oiliúint le haghaidh sceimhlitheoireachta
|
|
0400 00
catagóir oscailte
|
Gáinneáil ar dhaoine
|
|
0401 00
|
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha dúshaothrú saothair nó seirbhísí
|
|
0402 00
|
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha dúshaothrú a dhéanamh ar striapachas daoine eile nó chun críocha cineálacha eile dúshaothraithe ghnéasaigh
|
|
0403 00
|
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha cruinniú orgán nó fíochán daonna
|
|
0404 00
|
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha sclábhaíochta, chun críocha cleachtais atá cosúil le sclábhaíocht, nó chun críocha daoirse
|
|
0405 00
|
Gáinneáil ar mhionaoisigh chun críocha dúshaothrú saothair nó seirbhísí
|
|
0406 00
|
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha dúshaothrú a dhéanamh ar striapachas mionaoiseach nó chun críocha cineálacha eile dúshaothraithe ghnéasaigh a dhéanamh ar mhionaoisigh
|
|
0407 00
|
Gáinneáil ar dhaoine chun críocha orgán nó fíochán daonna a chruinniú ó mhionaoiseach
|
|
0408 00
|
Gáinneáil ar mhionaoisigh chun críocha sclábhaíochta, chun críocha cleachtais atá cosúil le sclábhaíocht nó chun críocha daoirse
|
|
0500 00
catagóir oscailte
|
Gáinneáil aindleathach(1) agus cionta eile a bhaineann le hairm, airm thine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascáin
|
|
0501 00
|
Monarú aindleathach arm, arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascán
|
|
0502 00
|
Gáinneáil aindleathach arm, arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascán ar an leibhéal náisiúnta(2)
|
|
0503 00
|
Onnmhairiú aindleathach nó allmhairiú aindleathach arm, arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascán
|
|
0504 00
|
Seilbh nó úsáid neamhúdaraithe arm, arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna, armlón agus pléascán
|
|
0600 00
catagóir oscailte
|
An choireacht chomhshaoil
|
|
0601 00
|
Speicis fána agus flóra atá faoi chosaint a scriosadh nó a dhíobháil
|
|
0602 00
|
Sceitheadh neamhdhleathach substaintí truaillithe nó radaíochta ianúcháin san aer, san ithir nó san uisce
|
|
0603 00
|
Cionta a bhaineann le dramhaíl lena n-áirítear dramhaíl ghuaiseach
|
|
0604 00
|
Cionta a bhaineann le gáinneáil aindleathach(1) ar speicis fána agus flóra atá faoi chosaint nó ar pháirteanna díobh
|
|
0605 00
|
Cionta comhshaoil neamhbheartaithe
|
|
0700 00
catagóir oscailte
|
Cionta a bhaineann le drugaí nó réamhtheachtaithe, agus cionta eile in aghaidh na sláinte poiblí
|
|
0701 00
|
Cionta a bhaineann le gáinneáil aindleathach(3) ar dhrugaí támhshuanacha, ar shubstaintí síceatrópacha agus ar réamhtheachtaithe nach le haghaidh tomhaltas pearsanta amháin iad
|
|
0702 00
|
Úsáid aindleathach drugaí agus a bhfáil, a seilbh, a monarú, nó a dtáirgeadh le haghaidh tomhaltas pearsanta agus lena aghaidh sin amháin
|
|
0703 00
|
Cabhrú le daoine eile, nó iad a ghríosú, le drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha a úsáid go haindleathach
|
|
0704 00
|
Monarú nó táirgeadh drugaí támhshuanacha nach le haghaidh tomhaltas pearsanta amháin iad
|
|
0800 00
catagóir oscailte
|
Coireanna in aghaidh an duine
|
|
0801 00
|
Marú beartaithe
|
|
0802 00
|
Trom-mharú beartaithe(4)
|
|
0803 00
|
Marú neamhbheartaithe
|
|
0804 00
|
Marú beartaithe linbh nuabheirthe ag a mháthair nó ag a máthair
|
|
0805 00
|
Ginmhilleadh neamhdhleathach
|
|
0806 00
|
Eotanáis neamhdhleathach
|
|
0807 00
|
Cionta a bhaineann le féinmharú
|
|
0808 00
|
Foréigean is trúig bháis
|
|
0809 00
|
Coireanna is cúis le mórdhíobháil choirp, máchailiú nó míchumas
|
|
0810 00
|
Coireanna is cúis le mórdhíobháil choirp, máchailiú nó míchumas go neamhbheartaithe
|
|
0811 00
|
Miondíobháil choirp a dhéanamh
|
|
0812 00
|
Miondíobháil choirp a dhéanamh go neamhbheartaithe
|
|
0813 00
|
Cur i mbaol báis nó mórdhíobháil choirp a dhéanamh
|
|
0814 00
|
Céasadh
|
|
0815 00
|
Mainneachtain i gcúnamh nó cabhair a thairiscint
|
|
0816 00
|
Cionta a bhaineann le cruinniú orgán nó fíocháin gan údarú ná toiliú
|
|
0817 00
|
Cionta a bhaineann le gáinneáil aindleathach(3) ar orgáin nó fíocháin dhaonna
|
|
0818 00
|
Foréigean baile nó bagairt bhaile
|
|
0900 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh na saoirse pearsanta, na dínite agus leasanna cosanta eile, lena n-áirítear ciníochas agus seineafóibe
|
|
0901 00
|
Fuadach, fuadach i gcomhair airgead fuascailte, srianadh neamhdhleathach
|
|
0902 00
|
Gabháil threallach nó cailleadh saoirse ag údarás poiblí
|
|
0903 00
|
Tógáil giall
|
|
0904 00
|
Urghabháil neamhdhleathach aerárthaigh nó loinge
|
|
0905 00
|
Maslaí, béadchaint, clúmhilleadh, díspeagadh
|
|
0906 00
|
Bagairtí
|
|
0907 00
|
Éigeantas, brú, stalcaireacht, ciapadh nó ionsaí de chineál síceolaíoch nó mothúchánach
|
|
0908 00
|
Sracadh
|
|
0909 00
|
Tromshracadh
|
|
0910 00
|
Iontráil neamhdhleathach ar réadmhaoin phríobháideach
|
|
0911 00
|
Sárú príobháide seachas iontráil neamhdhleathach ar réadmhaoin phríobháideach
|
|
0912 00
|
Cionta in aghaidh cosaint sonraí pearsanta
|
|
0913 00
|
Idircheapadh neamhdhleathach sonraí nó cumarsáide
|
|
0914 00
|
Idirdhealú bunaithe ar ghnéas, cine, gnéas chlaonadh, reiligiún nó bunadh eitneach
|
|
0915 00
|
Gríosú poiblí le hidirdhealú ciníoch a dhéanamh
|
|
0916 00
|
Gríosú poiblí le fuath ciníoch a thabhairt
|
|
0917 00
|
Dúmhál
|
|
1000 00
catagóir oscailte
|
Cionta gnéasacha
|
|
1001 00
|
Éigniú
|
|
1002 00
|
Troméigniú(5) seachas éigniú mionaoisigh
|
|
1003 00
|
Ionsaí gnéasach
|
|
1004 00
|
Soláthar le haghaidh striapachais nó gníomh gnéasach
|
|
1005 00
|
Nochtadh mígheanasach
|
|
1006 00
|
Ciapadh gnéasach
|
|
1007 00
|
Striapach á díol féin
|
|
1008 00
|
Dúshaothrú gnéasach leanaí
|
|
1009 00
|
Cionta a bhaineann le pornagrafaíocht leanaí nó íomhánna mígheanasacha de mhionaoisigh
|
|
1010 00
|
Éigniú mionaoisigh
|
|
1011 00
|
Ionsaí gnéasach ar mhionaoiseach
|
|
1100 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh an dlí teaghlaigh
|
|
1101 00
|
Caidrimh ghnéis aindleathacha idir gar-bhaill teaghlaigh
|
|
1102 00
|
Polagamas
|
|
1103 00
|
Oibleagáid an ailiúnais nó na cothabhála a imghabháil
|
|
1104 00
|
Faillí nó tréigean mionaoisigh nó duine faoi mhíchumas
|
|
1105 00
|
Loiceadh ó ordú a chomhlíonadh mionaoiseach a chur ar fáil nó fuadach mionaoisigh
|
|
1200 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh an Stáit, an oird phoiblí, chúrsa an cheartais nó oifigigh phoiblí
|
|
1201 00
|
Spiaireacht
|
|
1202 00
|
Ardtréas
|
|
1203 00
|
Cionta a bhaineann le toghcháin agus reifrinn
|
|
1204 00
|
Iarracht a dhéanamh an Ceann Stáit a mharú nó cur isteach ar a shláinte
|
|
1205 00
|
An Stát, an Náisiún nó siombailí an Stáit a mhaslú
|
|
1206 00
|
Masla nó frithsheasmhacht in aghaidh ionadaí de chuid údarás poiblí
|
|
1207 00
|
Sracadh, éigeantas, brú ar ionadaí ó údarás poiblí
|
|
1208 00
|
Ionsaí nó bagairt ar ionadaí ó údarás poiblí
|
|
1209 00
|
Cionta a bhaineann leis an ord poiblí, briseadh na síochána poiblí
|
|
1210 00
|
Foréigean le linn imeachtaí spóirt
|
|
1211 00
|
Goid doiciméad poiblí nó riaracháin
|
|
1212 00
|
Bac a chur ar chúrsa na córa nó é a shaobhadh, líomhaintí bréagacha a dhéanamh le linn imeachtaí coiriúla nó breithiúnacha, mionn éithigh a thabhairt
|
|
1213 00
|
Duine nó údarás a phearsanú go neamhdhleathach
|
|
1214 00
|
Éalú ó choimeád dleathach
|
|
1300 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh réadmhaoin phoiblí nó leasanna poiblí
|
|
1301 00
|
Calaois phoiblí, leasa shóisialta nó sochair theaghlaigh
|
|
1302 00
|
Calaois a dhéanann difear do shochair nó do liúntais Eorpacha
|
|
1303 00
|
Cionta a bhaineann le cearrbhachas neamhdhleathach
|
|
1304 00
|
Bac a chur ar nósanna imeachta tairisceana poiblí
|
|
1305 00
|
Éilliú gníomhach nó neamhghníomhach a dhéanamh ar státseirbhíseach, ar shealbhóir oifige poiblí nó ar údarás poiblí
|
|
1306 00
|
Cúigleáil, míleithreasú nó atreorú réadmhaoine ag oifigeach poiblí
|
|
1307 00
|
Drochúsáid oifige ag oifigeach poiblí
|
|
1400 00
catagóir oscailte
|
Cionta a bhaineann le cánacha agus custaim
|
|
1401 00
|
Cionta a bhaineann le cánacha
|
|
1402 00
|
Cionta a bhaineann le custaim
|
|
1500 00
catagóir oscailte
|
Cionta eacnamaíocha agus trádála
|
|
1501 00
|
Féimheacht nó dócmhainneacht chalaoiseach
|
|
1502 00
|
Sárú ar rialachán cuntasaíochta, cúigleáil, ceilt sócmhainní nó méadú neamhdhleathach ar dhliteanais chuideachta
|
|
1503 00
|
Na rialacha iomaíochta a shárú
|
|
1504 00
|
Sciúradh ar fháltais ó choireacht
|
|
1505 00
|
Éilliú gníomhach nó neamhghníomhach san earnáil phoiblí
|
|
1506 00
|
Rún a nochtadh nó oibleagáid rúndachta a shárú
|
|
1507 00
|
'Trádáil chos istigh'
|
|
1600 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh réadmhaoine nó dochar a dhéanamh d'earraí
|
|
1601 00
|
Leithreasú neamhdhleathach
|
|
1602 00
|
Leithreasú neamhdhleathach nó atreorú fuinnimh neamhdhleathach
|
|
1603 00
|
Calaois, lena n-áirítear caimiléireacht
|
|
1604 00
|
Trádáil le hearraí goidte
|
|
1605 00
|
Gáinneáil aindleathach(6) ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne
|
|
1606 00
|
Díobháil nó scrios beartaithe réadmhaoine
|
|
1607 00
|
Díobháil nó scrios neamhbheartaithe réadmhaoine
|
|
1608 00
|
Sabaitéireacht
|
|
1609 00
|
Cionta in aghaidh maoin tionscail nó intleachtúil
|
|
1610 00
|
Coirloscadh
|
|
1611 00
|
Coirloscadh is trúig bháis nó is cúis le díobháil choirp
|
|
1612 00
|
Coirloscadh foraoise
|
|
1700 00
catagóir oscailte
|
Cionta a bhaineann le gadaíocht
|
|
1701 00
|
Gadaíocht
|
|
1702 00
|
Goid i ndiaidh iontráil mhídhleathach ar réadmhaoin
|
|
1703 00
|
Goid ina n-úsáidtear foréigean nó airm, nó bagairt foréigin nó arm i gcoinne daoine
|
|
1704 00
|
Cineálacha tromghada nach n-úsáidtear ina gcomhair foréigean nó airm, nó bagairt foréigin nó arm i gcoinne daoine.
|
|
1800 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh córais faisnéise agus cibearchoireacht eile
|
|
1801 00
|
Rochtain neamhdhleathach ar chórais faisnéise
|
|
1802 00
|
Trasnaíocht neamhdhleathach ar chórais
|
|
1803 00
|
Trasnaíocht neamhdhleathach ar shonraí
|
|
1804 00
|
Táirgeadh, seilbh, scaipeadh nó gáinneáil gléasanna ríomhaireachta nó sonraí lena n-éascaítear cionta a bhaineann le ríomhaire
|
|
1900 00
catagóir oscailte
|
Modhanna íocaíochta a bhrionnú
|
|
1901 00
|
Góchumadh nó brionnú airgeadra
|
|
1902 00
|
Modhanna íocaíochta neamhairgid a ghóchumadh
|
|
1903 00
|
Góchumadh nó brionnú doiciméad muiníne poiblí
|
|
1904 00
|
Airgeadra, modhanna íocaíochta neamhairgid nó doiciméid mhuiníne phoiblí atá góchumtha nó brionnaithe a chur i gcúrsaíocht nó a úsáid
|
|
1905 00
|
Seilbh ar ghléas lena ndéantar airgeadra nó doiciméid mhuiníne phoiblí a ghóchumadh nó a bhrionnú
|
|
2000 00
catagóir oscailte
|
Falsú doiciméad
|
|
2001 00
|
Doiciméad poiblí nó riaracháin a fhalsú ag duine príobháideach
|
|
2002 00
|
Doiciméad poiblí nó riaracháin a fhalsú ag státseirbhíseach nó ag údarás poiblí
|
|
2003 00
|
Doiciméad falsaithe poiblí nó riaracháin a sholáthar nó a fháil; doiciméad brionnaithe a sholáthar nó a fháil ag státseirbhíseach nó ag údarás poiblí
|
|
2004 00
|
Úsáid doiciméad falsaithe poiblí nó riaracháin
|
|
2005 00
|
Seilbh ar ghléas lena bhfalsaítear doiciméid phoiblí nó riaracháin
|
|
2006 00
|
Doiciméid phríobháideacha a bhrionnú ag duine príobháideach
|
|
2100 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh rialacháin tráchta
|
|
2101 00
|
Tiomáint chontúirteach
|
|
2102 00
|
Tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí támhshuanacha
|
|
2103 00
|
Tiomáint gan ceadúnas tiomána nó fad is atá an duine dícháilithe
|
|
2104 00
|
Tionóisc buille is teitheadh
|
|
2105 00
|
Seiceáil bóthair a sheachaint
|
|
2106 00
|
Cionta a bhaineann le hiompar de bhóthar
|
|
2200 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh an dlí saothair
|
|
2201 00
|
Fostaíocht neamhdhleathach
|
|
2202 00
|
Cionta a bhaineann le híocaíocht, lena n-áirítear ranníocaíochtaí slándála sóisialta
|
|
2203 00
|
Cionta a bhaineann le dálaí oibre, sláinte agus sábháilteacht ag an obair
|
|
2204 00
|
Cionta a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíocht ghairmiúil nó cleachtadh na gníomhaíochta sin
|
|
2205 00
|
Cionta a bhaineann le huaireanta oibre agus sosa
|
|
2300 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh an dlí maidir le himirce
|
|
2301 00
|
Teacht isteach nó cónaí neamhúdaraithe
|
|
2302 00
|
Teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú
|
|
2400 00
catagóir oscailte
|
Cionta in aghaidh oibleagáidí míleata
|
|
2500 00
catagóir oscailte
|
Cionta a bhaineann le substaintí hormónacha agus le tionscnóirí fáis eile
|
|
2501 00
|
Allmhairiú, onnmhairiú nó soláthar aindleathach substaintí hormónacha agus tionscnóirí fáis eile
|
|
2600 00
catagóir oscailte
|
Cionta a bhaineann le hábhair núicléacha nó substaintí guaiseacha radaighníomhacha
|
|
2601 00
|
Allmhairiú, onnmhairiú nó soláthar nó fáil aindleathach ábhar núicléach nó radaighníomhach
|
|
2700 00
catagóir oscailte
|
Cionta eile
|
|
2701 00
|
Cionta beartaithe eile
|
|
2702 00
|
Cionta neamhbheartaithe eile
|
________________
(1)
Mura sonraítear a mhalairt sa chatagóir seo, ciallaíonn ‘gáinneáil’ allmhairiú, onnmhairiú, fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú.
(2)
Chun críocha na fochatagóire seo, áirítear le gáinneáil fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú.
(3)
Chun críocha na fochatagóire seo, áirítear le gáinneáil allmhairiú, onnmhairiú, fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú.
(4)
Mar shampla: imthosca thar a bheith tromchúiseach.
(5)
Mar shampla éigniú lena ngabhann cruálacht ar leith.
(6)
Áirítear le gáinneáil allmhairiú, onnmhairiú, fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú.
|
Paraiméadair
|
|
Leibhéal cur i gcrích:
|
Gníomh curtha i gcrích
|
C
|
|
|
Iarracht nó ullmhúchán
|
A
|
|
|
Gné nár tarchuireadh
|
Ø
|
|
Leibhéal rannpháirtíochta:
|
Déantóir na coire
|
M
|
|
|
Cabhróir agus neartaitheoir nó gríosóir/eagraí, comhchealgaire
|
H
|
|
|
Gné nár tarchuireadh
|
Ø
|
|
Díolúine ó fhreagracht choiriúil:
|
Gealtacht nó freagracht laghdaithe
|
S
|
|
Atitimeachas
|
R
|
Tábla coiteann na gcatagóirí pionós agus beart, ina bhfuil tábla paraiméadar, dá dtagraítear in Airteagal 5 (3) agus (4) de Chaibidil 1
|
Cód
|
Catagóirí agus fochatagóirí pionós agus beart
|
|
1000
catagóir oscailte
|
Cailleadh saoirse
|
|
1001
|
Príosúnacht
|
|
1002
|
Príosúnacht saoil
|
|
2000
catagóir oscailte
|
Srian ar shaoirse phearsanta
|
|
2001
|
Toirmeasc ar áiteanna áirithe a ghnáthú
|
|
2002
|
Toirmeasc ar thaisteal thar lear
|
|
2003
|
Toirmeasc ar fhanacht in áiteanna áirithe
|
|
2004
|
Toirmeasc ar chead isteach go holl-imeachtaí
|
|
2005
|
Toirmeasc ar theagmháil le daoine áirithe, is cuma cibé
|
|
2006
|
Cur faoi fhaire leictreonach(1)
|
|
2007
|
Oibleagáid tuairisciú chuig údarás sonrach ag amanna sonraithe
|
|
2008
|
Oibleagáid fanacht/cónaí in áit ar leith
|
|
2009
|
Oibleagáid a bheith ag an áit chónaithe ag an am sonraithe
|
|
2010
|
Oibleagáid na bearta promhaidh a d'ordaigh an chúirt a chomhlíonadh, lena n-áirítear an oibleagáid fanacht faoi fhaireachán
|
|
3000
catagóir oscailte
|
Toirmeasc ar cheart nó cumas sonrach
|
|
3001
|
Dícháiliú ó fheidhm a fheidhmiú
|
|
3002
|
Cumas oifig phoiblí a shealbhú nó cumas a bheith ceaptha chuig oifig phoiblí a chailleadh nó a chur ar fionraí
|
|
3003
|
An ceart vótála nó an ceart a bheith tofa a chailleadh nó a chur ar fionraí
|
|
3004
|
Éagumas conradh a dhéanamh leis an riarachán poiblí
|
|
3005
|
Neamh-incháilitheacht fóirdheontais a fháil
|
|
3006
|
An ceadúnas tiomána a chealú(2)
|
|
3007
|
An ceadúnas tiomána a chur ar fionraí
|
|
3008
|
Toirmeasc ar fheithiclí áirithe a thiomáint
|
|
3009
|
An fhreagracht tuismitheora a chailleadh/a chur ar fionraí
|
|
3010
|
An ceart a bheith ina shaineolaí le linn imeachtaí cúirte/ina fhinné faoi mhionn//ina ghiúróir a chailleadh/a chur ar fionraí
|
|
3011
|
An ceart a bheith ina chaomhnóir dlíthiúil a chailleadh/a chur ar fionraí(3)
|
|
3012
|
An ceart chun bronnta nó teidil a chailleadh/ a chur ar fionraí
|
|
3013
|
Toirmeasc ar ghníomhaíocht ghairmiúil, tráchtála nó shóisialta a dhéanamh
|
|
3014
|
Toirmeasc ar obair nó gníomhaíocht a dhéanamh le mionaoisigh
|
|
3015
|
Oibleagáid bunaíocht a dhúnadh
|
|
3016
|
Toirmeasc ar airm a shealbhú nó a iompar
|
|
3017
|
Ceadúnas sealgaireachta/iascaireachta a bhaint
|
|
3018
|
Toirmeasc ar sheiceanna a eisiúint nó cártaí íocaíochta/creidmheasa a úsáid
|
|
3019
|
Toirmeasc ar ainmhithe a choinneáil
|
|
3020
|
Toirmeasc ar nithe áirithe eile, seachas airm, a shealbhú nó a úsáid
|
|
3021
|
Toirmeasc ar chluichí/spóirt áirithe a imirt
|
|
4000
catagóir oscailte
|
Toirmeasc ar dhul isteach i gcríoch nó díbirt ó chríoch
|
|
4001
|
Toirmeasc dhul isteach sa chríoch náisiúnta
|
|
4002
|
Díbirt ón gcríoch náisiúnta
|
|
5000
catagóir oscailte
|
Oibleagáid phearsanta
|
|
5001
|
Dul faoi chóireáil leighis nó cineálacha eile teiripe
|
|
5002
|
Clár oideachais sóisialta a dhéanamh
|
|
5003
|
Oibleagáid bheith faoi chúram/smacht an teaghlaigh
|
|
5004
|
Bearta oideachais
|
|
5005
|
Promhadh sochbhreithiúnach
|
|
5006
|
Oibleagáid oiliúint/obair a dhéanamh
|
|
5007
|
Oibleagáid faisnéis áirithe a chur ar fáil d'údaráis bhreithiúnacha
|
|
5008
|
Oibleagáid an breithiúnas a fhoilsiú
|
|
5009
|
Oibleagáid an dochar a d'eascair as an gcion a chúiteamh
|
|
6000
catagóir oscailte
|
Pionós ar réadmhaoin phearsanta
|
|
6001
|
Coigistiú
|
|
6002
|
Scartáil
|
|
6003
|
Athchóiriú
|
|
7000
catagóir oscailte
|
Cur in institiúid
|
|
7001
|
Cur in institiúid shíciatrach
|
|
7002
|
Cur in institiúid díthocsainiúcháin
|
|
7003
|
Cur in institiúid oideachais
|
|
8000
catagóir oscailte
|
Pionós airgeadais
|
|
8001
|
Fíneáil
|
|
8002
|
Fíneáil lae(4)
|
|
8003
|
Fíneáil ar leas faighteoir speisialta(5)
|
|
9000
catagóir oscailte
|
Pionós oibre
|
|
9001
|
Seirbhís nó obair phobail
|
|
9002
|
Seirbhís nó obair phobail chomh maith le bearta sriantacha eile
|
|
10000
catagóir oscailte
|
Pionós míleata
|
|
10001
|
Céim mhíleata a chailleadh(6)
|
|
10002
|
Díbirt ó sheirbhís mhíleata ghairmiúil
|
|
10003
|
Príosúnacht mhíleata
|
|
11000
catagóir oscailte
|
Díolúine/ iarchur pionós/íocaíochta, rabhadh
|
|
12000
catagóir oscailte
|
Pionóis agus bearta eile
|
|
Paraiméadair (le sonrú, más infheidhme)
|
|
ø
|
Pionós
|
|
m
|
Beart
|
|
a
|
Pionós/beart ar fionraí
|
|
b
|
Pionós/beart ar fionraí go páirteach
|
|
c
|
Pionós/beart ar fionraí lena ngabhann promhadh/faireachán
|
|
d
|
Pionós/beart ar fionraí go páirteach lena ngabhann promhadh/faireachán
|
|
e
|
Aistriú pionóis/birt
|
|
f
|
Pionós/beart eile arna fhorchur mar phríomhphionós
|
|
g
|
Pionós/beart eile arna fhorchur ar an gcéad dul síos i gcás neamh-chomhlíonadh an phríomhphionóis
|
|
h
|
Cúlghairm pionóis/birt ar fionraí
|
|
i
|
Iarshocrú pionóis iomláin
|
|
j
|
Cur isteach ar fhorfheidhmiú/chur siar an phionóis/an bhirt(7)
|
|
k
|
Loghadh an phionóis
|
|
l
|
Loghadh an phionóis ar fionraí
|
|
n
|
Deireadh an phionóis
|
|
o
|
Pardún
|
|
p
|
Maithiúnas
|
|
q
|
Scaoileadh amach ar pharúl (duine a scaoileadh saor roimh dheireadh an phionóis ar choinníollacha áirithe)
|
|
r
|
Athshlánú (agus an pionós a scriosadh ón taifead coiriúil nó gan a dhéanamh)
|
|
s
|
Pionós nó beart a bhaineann go sonrach le mionaoisigh
|
|
t
|
Rialú neamh-choiriúil(8)
|
________________
(1)
Suíomh fosaithe nó soghluaiste.
(2)
Is gá iarratas nua a chur isteach chun ceadúnas tiomána nua a fháil.
(3)
Caomhnóir dlíthiúil duine atá neamhinniúil de réir dlí nó ar mhionaoiseach é.
(4)
Fíneáil arna sloinneadh de réir aonaid laethúla.
(5)
E.g.: d’institiúid, comhlachas, fondúireacht nó íospartach.
(6)
Ísliú céime míleata.
(7)
Ní dhéantar forfheidhmiú an phionóis a sheachaint dá thairbhe.
(8)
Ní léireofar an paraiméadar seo ach amháin nuair a sholáthraítear an fhaisnéis sin mar fhreagra ar an iarraidh a fuair Ballstát náisiúntachta an duine lena mbaineann nó a fuair an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, más náisiúnach den Ríocht Aontaithe é an duine.
________________
IARSCRÍBHINN 13
AN SAINMHÍNIÚ AR AN SCEIMHLITHEOIREACHT
1.
Raon feidhme
Chun críocha Chaibidil 3 (Faisnéis faoi thaifid choiriúla a mhalartú); Airteagal 118(3)(b) agus (4) (Tabhairt Suas – Raon Feidhme), Airteagal 121 (Tabhairt Suas – Eisceacht an chiona pholaitiúil), agus Airteagal 176(2)(a) (Calcadh agus coigistiú – Forais le Diúltú) den Chomhaontú seo, Iarscríbhinn 14 (Tabhairt Suas – Barántas Gabhála) agus Iarscríbhinn 16 (Calcadh agus Coigistiú: Foirmeacha), ciallaíonn ‘sceimhlitheoireacht’ na cionta mar a shainmhínítear i míreanna 3 go 14 den Iarscríbhinn seo.
2.
Sainmhínithe ar ghrúpa sceimhlitheoireachta agus ar ghrúpa struchtúrtha
2.1.
Ciallaíonn ‘grúpa sceimhlitheoireachta’ grúpa struchtúrtha ina bhfuil níos mó ná beirt, a bhunaítear ar feadh tréimhse ama agus a ghníomhaíonn de chomhbheart chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh.
2.2.
Ciallaíonn ‘grúpa struchtúrtha’ grúpa nach gcuirtear le chéile go randamach chun cion a dhéanamh láithreach agus nach gá dó róil fhoirmiúla a shainiú dá chuid comhaltaí ná nach gá leanúnachas dó maidir lena bhallraíocht ná struchtúr forbartha.
3.
Cionta sceimhlitheoireachta
3.1.
Gníomhartha intinneacha, mar a shainmhínítear iad mar chionta faoin dlí baile, a d’fhéadfadh, i bhfianaise a gcineáil nó a gcomhthéacs, damáiste tromchúiseach a dhéanamh do thír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, dá ndéanfaí iad agus ceann de na haidhmeanna a liostaítear i mír 3.2 ina aidhm dóibh:
(a)
ionsaithe ar shaol duine a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le bás;
(b)
ionsaithe ar iomláine choirp duine;
(c)
fuadach nó gabháil giall;
(d)
scrios mór a dhéanamh ar shaoráid rialtais nó ar shaoráid phoiblí, ar chóras iompair, ar shaoráid bhonneagair, lena n-áirítear córas faisnéise, ardán seasta atá suite ar an scairbh ilchríochach, áit phoiblí nó maoin phríobháideach ar dócha go gcuirfí saol an duine i mbaol dá bharr nó go mbeadh caillteanas mór eacnamaíoch mar thoradh air;
(e)
aerárthaigh, longa nó modhanna eile iompair phoiblí nó iompair earraí a urghabháil;
(f)
pléascáin nó airm, lena n-áirítear airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha, a mhonarú, a shealbhú, a fháil, a iompar, a sholáthar nó a úsáid, mar aon le taighde agus forbairt ar airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha;
(g)
substaintí contúirteacha a scaoileadh, nó dóiteáin, tuilte, nó pléascthaí a chur faoi deara arb é is éifeacht leis beatha duine a chur i mbaol;
(h)
cur isteach ar an soláthar uisce, ar an soláthar cumhachta nó ar sholáthar aon acmhainne nádúrtha bunúsaí eile arb é is éifeacht leis beatha duine a chur i mbaol;
(i)
bac tromchúiseach nó cur isteach tromchúiseach a dhéanamh ar fheidhmiú córais faisnéise trí shonraí ríomhaireachta a ionchur, trí shonraí ríomhaireachta a tharchur, a scriosadh, a mheathlú, a athrú nó a cheilt, nó dochar a dhéanamh dóibh, nó trí shonraí den sórt sin a dhéanamh dorochtana, d’aon ghnó agus gan cheart, i gcás:
(i)
ina ndearnadh dochar do líon suntasach córas faisnéise trí uirlis a úsáid arna ceapadh nó arna oiriúnú go príomha chun na críche sin;
(ii)
ina ndearnadh damáiste tromchúiseach leis an gcion;
(iii)
ina ndearnadh an cion in aghaidh córais faisnéise bonneagair chriticiúil;
(j)
sonraí ríomhaireachta i gcóras faisnéise a scriosadh, a mheathlú, a athrú nó a cheilt, nó dochar a dhéanamh dóibh, nó sonraí den sórt sin a dhéanamh dorochtana, d’aon ghnó agus gan cheart. i gcásanna ina ndéantar an cion i gcoinne córais faisnéise bonneagair chriticiúil;
(k)
bagairt a dhéanamh aon cheann de na gníomhartha a liostaítear i bpointe (a) go pointe (j) a dhéanamh.
3.2.
Is iad seo a leanas na haidhmeanna dá dtagraítear i mír 3.1:
(a)
daonra a imeaglú go tromchúiseach;
(b)
iallach míchuí a chur ar rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh;
(c)
bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú go tromchúiseach nó a dhíothú.
4.
Cionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta
Na gníomhartha intinneacha seo a leanas:
(a)
grúpa sceimhlitheoireachta a threorú;
(b)
páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear trí fhaisnéis nó acmhainní ábhartha a sholáthar, nó trína chuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar aon bhealach , agus fios a bheith ann go mbeidh an rannpháirtíocht sin ag cur le gníomhaíochtaí coiriúla an ghrúpa sceimhlitheoireachta.
5.
Briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh
Dáileadh teachtaireachta don phobal, nó í a chur ar fáil ar bhealach eile trí aon mhodh, bíodh sin ar líne nó as líne, agus é ina aidhm dó rannchuidiú le haon cheann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go j) de mhír 3.1 a ghríosú i gcás ina moltar leis an iompar sin, go díreach nó go hindíreach, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú, rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta, agus a fhágann, dá bharr, baol ann go ndéanfaí cion amháin nó níos mó den sórt sin nuair a dhéantar d’aon ghnó é.
6.
Earcaíocht le haghaidh na sceimhlitheoireachta
Duine eile a shireadh chun ceann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go (j) de mhír 3.1, nó i mír 4a dhéanamh, nó rannchuidiú lena dhéanamh, nuair a dhéantar d’aon ghnó é.
7.
Oiliúint a sholáthar le haghaidh na sceimhlitheoireachta
Treoir a soláthar maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh nó a úsáid, nó maidir le modhanna nó teicnící eile chun críocha ceann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go (j) de mhír 3.1 a dhéanamh nó rannchuidiú lena dhéanamh, agus fios a bheith ag an nduine sin gurb aidhm do na scileanna arna gcur ar fáil iad a úsáid chun na críche sin nuair a dhéantar an cion d’aon ghnó.
8.
Oiliúint a fháil le haghaidh na sceimhlitheoireachta
Treoir a fháil maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh nó a úsáid, nó maidir le modhanna nó teicnící eile chun críocha ceann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go (j) de mhír 3.1 a dhéanamh nó rannchuidiú lena dhéanamh agus an cion sin a dhéanamh d’aon ghnó.
9.
Taisteal a dhéanamh chun críche sceimhlitheoireachta
9.1.
Taisteal chuig tír seachas an Ballstát sin sin nó críoch Ghiobráltar chun cion sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i mír 3, a dhéanamh nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta agus fios a bheith ann go rannchuideofar, tríd an rannpháirtíocht sin, le gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanfaidh grúpa den sórt sin amhail dá dtagraítear i mír 4, nó chun oiliúint a sholáthar nó a fháil le haghaidh sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i míreanna 7 agus 8, nuair a dhéantar sin d’aon ghnó.
9.2.
Ina theannta sin, an méid a leanas nuair a dhéantar d’aon ghnó é:
(a)
taisteal chuig Ballstát nó Giobráltar chun cion sceimhlitheoireachta, amhail dá dtagraítear i mír 3, a dhéanamh nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta agus fios a bheith ann go rannchuideofar, tríd an rannpháirtíocht sin, le gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanfaidh grúpa den sórt sin amhail dá dtagraítear i mír 4, nó chun oiliúint a sholáthar nó a fháil le haghaidh sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i míreanna 7 agus 8; nó
(b)
gníomhartha ullmhúcháin arna ndéanamh ag duine atá ag dul isteach sa Bhallstát sin nó Giobráltar, de réir mar a bheidh, agus é ar intinn ag an duine sin cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó rannchuidiú lena dhéanamh amhail dá dtagraítear i mír 3.1.
10.
Taisteal a eagrú, nó a éascú ar shlí eile, chun críocha sceimhlitheoireachta
Aon ghníomh eagruithe nó éascaithe lena dtugtar cúnamh d’aon duine taisteal chun críocha sceimhlitheoireachta, amhail dá dtagraítear i mír 9.1 agus i bpointe (a) de mhír 9.2, agus fios aige gur chun na críche sin a thugtar an cúnamh sin nuair a dhéantar d’aon ghnó é
11.
Maoiniú sceimhlitheoireachta
11.1.
Cistí a sholáthar nó a bhailiú, ar aon mhodh, go díreach nó go hindíreach, agus é mar aidhm dó sin go n-úsáidfear iad, nó ar an eolas go bhfuil siad le húsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun aon cheann de na cionta dá dtagraítear i míreanna 3 go 10 a dhéanamh, nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, nuair a dhéantar d’aon ghnó é.
11.2.
I gcás ina mbaineann maoiniú na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear I mír 11.1 le haon cheann de na cionta a leagtar síos I míreanna 3, 4 agus 9, ní bheidh sé riachtanach go n-úsáidfear na cistí, go hiomlán nó go páirteach, chun aon cheann de na cionta sin a dhéanamh, nó chun rannchuidiú lena dhéanamh, agus ní éileofar gurb eol don chiontóir an cion nó na cionta a n-úsáidfear na cistí ina leith.
12.
Cionta eile a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta
Na gníomhartha intinneacha seo a leanas:
(a)
tromghoid d’fhonn ceann amháin de na cionta a liostaítear i mír 3 a dhéanamh;
(b)
sracadh d’fhonn ceann amháin de na cionta a liostaítear i mír 3 a dhéanamh;
(c)
doiciméid riaracháin bhréagacha a tharraingt suas nó a úsáid d’fhonn ceann de na cionta a liostaítear i bpointí (a) go (j) de mhír 3.1, pointe (b) de mhír 4, agus mír 9 a dhéanamh.
13.
Gaol le cionta sceimhlitheoireachta
Chun cion dá dtagraítear i míreanna 4 go 12 a mheas a bheith ina chion sceimhlitheoireachta mar a thagraítear de i mír 1, ní gá gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh go hiarbhír, ná ní gá, a mhéid a bhaineann leis na cionta dá dtagraítear i míreanna 5 go 10 agus i mír 12, nasc a bhunú le cion sonrach eile a leagtar síos san Iarscríbhinn seo.
14.
Cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht a dhéanamh
Na gníomhartha seo a leanas:
(a)
cabhrú le cion dá dtagraítear i míreanna 3 go 8, 11 agus 12 agus é a neartú;
(b)
cion dá dtagraítear i míreanna 3 go 12 a ghríosú; agus
(c)
iarracht ar chion a dhéanamh, dá dtagraítear i míreanna 3, 6 agus 7, i mír 9.1, pointe (a) de mhír 9.2, agus míreanna 11 agus 12, cé is moite de sheilbh dá bhforáiltear i bpointe (f) de mhír 3.1 agus den chion dá dtagraítear i bpointe (k) de mhír 3.1.
________________
IARSCRÍBHINN 14
BARÁNTAS GABHÁLA
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 125 DEN CHOMHAONTÚ
Údarás breithiúnach inniúil a d’eisigh an barántas seo. Iarraim go ndéanfaí an duine a luaitear thíos a ghabháil agus a thabhairt suas chun ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh nó pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú.
|
(a)
|
Faisnéis maidir le céannacht an duine iarrtha:
|
|
|
Ainm:
|
|
|
|
Céadainm/céadainmneacha:
|
|
|
|
Sloinne roimh phósadh (más infheidhme):
|
|
|
|
Ailiasanna, más infheidhme:
|
|
|
|
Inscne:
|
|
|
|
Náisiúntacht:
|
|
|
|
Dáta breithe:
|
|
|
|
Áit bhreithe:
|
|
|
|
Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas:
|
|
|
|
Teanga/teangacha a thuigeann an duine iarrtha (más eol):
|
|
|
|
Marcanna suaithinseacha an duine iarrtha/tuairisc ar an duine iarrtha:
|
|
|
|
Grianghraif agus méarloirg an duine iarrtha, má tá fáil orthu agus más féidir iad a tharchur, nó sonraí teagmhála an duine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun an fhaisnéis sin a fháil nó próifíl DNA (i gcás inar féidir an fhianaise a sholáthar ach nach áiríodh í)
|
|
(b)
|
Cinneadh ar a bhfuil an barántas bunaithe:
|
|
1.
|
Barántas gabhála nó cinneadh breithiúnach ag a bhfuil an éifeacht chéanna:
|
|
|
|
Cineál:
|
|
|
2.
|
Breithiúnas infhorghníomhaithe:
|
|
|
|
Tagairt:
|
|
|
(c)
|
Sonraíochtaí maidir le fad na pianbhreithe:
|
|
1.
|
Uasfhad na pianbhreithe coimeádta nó an ordaithe coinneála a fhéadfar a fhorchur i leith an chiona nó na gcionta:
|
|
|
2.
|
Fad na pianbhreithe coimeádta nó an ordaithe choinneála arna bhforchur:
|
|
|
|
An chuid den phianbhreith atá fágtha:
|
|
|
(d)
|
Léirigh an raibh an duine i láthair i bpearsa ag an triail a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi:
|
|
1.
|
☐
Bhí an duine i láthair go pearsanta ag an triail a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi.
|
|
2.
|
☐
Ní raibh an duine i láthair go pearsanta ag an triail a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi.
|
|
3.
|
Má chuir tú tic sa bhosca faoi phointe 2, deimhnigh gur ann do cheann amháin díobh seo a leanas, más iomchuí:
|
|
|
☐
3.1a.
fuair an duine toghairm i bpearsa ar an ... (lá/mí/bliain) agus ar an dóigh sin cuireadh an dáta sceidealta agus áit na trialach a raibh an breithiúnas mar thoradh uirthi in iúl dó/di agus cuireadh in iúl dó/di go bhféadfaí cinneadh a dhéanamh mura dtiocfadh sé/sí i láthair don triail;
NÓ
☐
3.1b.
ní bhfuair an duine toghairm go pearsanta ach fuair sé/sí faisnéis oifigiúil iarbhír ar bhealaí eile maidir leis an dáta sceidealta agus áit na trialach a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi, ar mhodh a chinntigh gan amhras go raibh sé/sí feasach ar an triail sceidealta, agus gur cuireadh in iúl dó/di go bhféadfaí cinneadh a dhéanamh mura dtiocfadh sé/sí i láthair ag an triail;
|
|
|
NÓ
☐
3.2.
agus é/í feasach ar an triail sceidealta, thug an duine sainordú do dhlíodóir a cheap an duine lena mbaineann nó a cheap an Ballstát nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, chun chosaint a thabhairt dó/di ag an triail, agus is amhlaidh a thug an dlíodóir sin cosaint dó/di ag an triail;
NÓ
☐
3.3.
seirbheáladh an cinneadh ar an duine an ... (lá/mí/bliain) ... agus cuireadh in iúl go sainráite dó/di go bhfuil ceart atrialach nó achomhairc aige/aici, ina bhfuil sé de cheart aige/aici páirt a ghlacadh agus lena gceadaítear tuillteanais an cháis, lena n-áirítear fianaise nua, a athscrúdú, agus go bhféadfaí an cinneadh bunaidh a fhreaschur dá bharr, agus
☐
dúirt an duine lena mbaineann, go sainráite, nach ndéanann sé/sí agóid i gcoinne an chinnidh;
NÓ
☐
níor iarr an duine atriail nó achomharc a chur ar bun laistigh den tréimhse ama is infheidhme;
NÓ
☐
3.4.
níor seirbheáladh an cinneadh go pearsanta ar an duine, ach
–
déanfar an cinneadh a sheirbheáil go pearsanta ar an duine gan mhoill tar éis an tabhairt suas; agus
–
nuair a dhéanfar an cinneadh a sheirbheáil ar an duine, cuirfear in iúl go sainráite dó/di go bhfuil ceart atrialach nó achomhairc aige/aici, ina bhfuil sé de cheart aige/aici páirt a ghlacadh agus lena gceadaítear tuillteanais an cháis, lena n-áirítear fianaise nua, a athscrúdú, agus go bhféadfaí an cinneadh bunaidh a fhreaschur dá bharr; agus
–
cuirfear an duine ar an eolas maidir leis an gcreat ama ar laistigh de is gá dó/di atriail nó achomharc a iarraidh, creat ar ionann é agus …… lá.
|
|
4.
|
Má tá tic curtha sa bhosca agat faoi phointí 3.1b, 3.2 nó 3.3, tabhair faisnéis, le do thoil, faoin gcaoi ar comhlíonadh an coinníoll ábhartha:
………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………
|
|
(e)
|
Cionta:
|
|
|
Baineann an barántas leis an líon seo a leanas de chionta:
|
|
cion
|
|
|
Tuairisc ar na himthosca ina ndearnadh an cion, lena n-áirítear an t-am, an t-ionad agus méid rannpháirteachais an duine iarrtha sa chion:
|
|
|
|
|
|
Cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona nó na gcionta agus an fhoráil reachtúil nó an cód is infheidhme:
|
|
|
|
|
|
|
|
I.
|
Níl bheidh feidhm ag an méid seo a leanas ach amháin nuair a bheidh fógra tugtha, faoi Airteagal 118 (Raon Feidhme) (4) den Chomhaontú, ag an mBallstát eisiúna nó ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, araon, agus ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí forghníomhaitheach í, nó ag an mBallstát forghníomhaitheach: más iomchuí, cuir tic le ceann amháin nó níos mó de na cionta seo a leanas, de réir mar atá siad sainmhínithe i ndlí an Bhallstáit eisiúna nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, mar atá siad inphionóis sa Bhallstát eisiúna nó i nGiobráltar, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar an Stát eisiúna, le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad:
|
|
|
☐
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil,
☐
sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 13 a ghabhann leis an gComhaontú,
☐
gáinneáil ar dhaoine,
☐
teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí,
☐
gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha,
☐
gáinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin,
☐
éilliú, lena n-áirítear an bhreabaireacht,
☐
calaois, lena n-áirítear calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, Ballstáit nó an Aontais,
☐
sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht,
☐
góchumadh,
|
|
|
☐
coireacht atá bainteach le ríomhaireacht,
☐
coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt,
☐
éascú teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe,
☐
dúnmharú, mórdhíobháil choirp,
☐
trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna,
☐
fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall,
☐
ciníochas agus seineafóibe,
☐
robáil eagraithe nó armtha,
☐
gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,
☐
caimiléireacht,
☐
cambheartaíocht agus sracaireacht,
☐
góchumadh agus píoráideacht táirgí,
☐
brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu,
☐
brionnú modhanna íocaíochta,
☐
gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile,
☐
gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha,
☐
gáinneáil ar fheithiclí goidte,
☐
éigniú,
☐
coirloscadh,
☐
coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,
☐
urghabháil neamhdhleathach aerárthaí, long nó spásárthaí,
☐
sabaitéireacht.
|
|
II.
|
Tuairisc iomlán ar an gcion nó ar na cionta nach gcumhdaítear i Roinn I thuas:
|
|
|
|
|
(f)
|
Imthosca a bhaineann leis an gcás (faisnéis roghnach):
(NB: D’fhéadfadh nótaí tráchta maidir le seach-chríochachas, maidir le briseadh tréimhsí teorainn ama agus maidir le hiarmhairtí eile an chiona a bheith i gceist leis seo)
|
|
|
|
|
(g)
|
Baineann an barántas freisin le hurghabháil agus le tabhairt ar láimh maoine, ar maoin é a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise:
Baineann an barántas freisin le hurghabháil agus le tabhairt ar láimh maoine, ar maoin é a fuair an duine iarrtha de dheasca an chiona:
Cur síos ar an maoin (agus suíomh) (más eol é):
|
|
|
|
|
(h)
|
Is inphionóis an cion nó na cionta ar eisíodh an barántas seo ar a bhonn nó ar a mbonn le pianbhreith choimeádta saoil nó ordú coinneála fad saoil
nó go raibh pianbhreith choimeádta saoil nó ordú coinneála fad saoil mar thoradh air nó orthu:
|
|
|
|
|
|
Deimhneoidh an Ballstát eisiúna nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, ar iarraidh sin don Bhallstát forghníomhaitheach nó don Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí forghníomhaitheach í, an méid a leanas:
|
|
|
|
|
|
|
|
|
☐
go ndéanfaidh sé nó sí athbhreithniú ar an bpionós nó ar an mbeart a forchuireadh, arna iarraidh sin nó tar éis 20 bliain ar a dheireanaí,,
agus/nó
☐
go spreagfaidh sé nó sí cur i bhfeidhm beart trócaire atá an duine i dteideal a iarraidh faoi dhlí nó faoi chleachtas an Bhallstáit eisiúna, nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí eisiúna í, arb é neamh-fhorghníomhú pionóis nó birt den sórt sin is aidhm dóibh.
|
|
(i)
|
An t-údaráis breithiúnach a d’eisigh an barántas:
|
|
|
Ainm oifigiúil:
|
|
|
|
Ainm an ionadaí:
|
|
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
|
|
Tagairt an chomhaid:
|
|
|
|
Seoladh:
|
|
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
|
|
Uimhir Facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
|
|
Ríomhphost:
|
|
|
|
Sonraí teagmhála an duine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir leis an tabhairt suas:
|
|
|
|
I gcás inar cuireadh tarchur agus glacadh riarthach barántas mar fhreagracht ar údarás lárnach:
|
|
|
Ainm an údaráis lárnaigh:
|
|
|
|
Duine teagmhála, más infheidhme (teideal/grád agus ainm):
|
|
|
|
Seoladh:
|
|
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
|
|
Uimhir Facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
|
|
Ríomhphost:
|
|
|
|
Síniú an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna agus/nó a ionadaí:
|
|
|
|
Ainm:
|
|
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
|
|
Dáta:
|
|
|
|
Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil):
|
________________
IARSCRÍBHINN 15
IARRAIDH AR CHÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA
Na húdaráis inniúla a bhfuil feidhm ag an bhfoirm seo maidir leo faoi Airteagal 154 den Chaibidil CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH, bainfidh siad úsáid aisti.
Ní mór an fhaisnéis a sholáthraítear a bheith ábhartha agus gan dul thar a bhfuil riachtanach chun an iarraidh seo a fhorghníomhú, i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha maidir le cosaint sonraí.
|
ROINN A
Uimhir an cháis:
An Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
An tÚdarás Iarrthach:
An Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
An tÚdarás Iarrtha (más eol sin):
|
|
ROINN B: Práinn
Léirigh má tá aon phráinn ann toisc go bhfuil:
☐
Fianaise á ceilt nó á scriosadh
☐
Dáta na trialach i ngar
☐
Duine faoi choinneáil
☐
Reacht na dtréimhsí ag dul in éag
☐
Cúis éigin eile ann
Sonraigh anseo thíos:
Leagtar síos teorainneacha ama maidir leis an iarraidh a fhorghníomhú in Airteagal 159 den Chomhaontú. Má tá an iarraidh seo práinneach agus/nó más gá go dtabharfar aird uirthi faoi dháta sonrach nó ar dháta sonrach, sonraigh é sin agus mínigh an chúis atá leis:
|
|
ROINN C: Rúndacht
☐
Tá an iarraidh seo rúnda
Tabhair faisnéis bhreise i gcás inarb ábhartha:
|
|
ROINN D: Baint le haon iarraidh ar chúnamh a rinneadh roimhe seo nó ag an am céanna leis an iarraidh seo
Sainaithin aon ghníomhaíocht a rinneadh sna himeachtaí seo nó in imeachtaí gaolmhara chun an fhianaise seo a lorg ar bhealaí eile, i gcás inarb infheidhme. Sonraigh an bhforlíonann an iarraidh seo ar chúnamh frithpháirteach iarraidh nó iarrataí ar chúnamh a cuireadh faoi bhráid an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, roimhe seo nó an tráth céanna leis an iarraidh seo, agus, más ábhartha, faoi bhráid Stát eile nó na Ríochta Aontaithe.
☐
Rannpháirtíocht le húdaráis forfheidhmithe dlí, ionchúisitheoir nó údaráis eile roimhe seo
Tabhair sonraí maidir le haon teagmháil a rinne an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, roimhe seo, agus cuir san áireamh ainm an Stáit (lena n-áirítear, i gcás na Ríochta Aontaithe, más leis an Ríocht Aontaithe nó leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar a rinneadh an teagmháil sin), an t-údarás lena ndearnadh teagmháil, sonraí teagmhála ábhartha, agus uimhreacha tagartha na gcásanna:
☐
Iarraidh ghaolmhar ar chúnamh frithpháirteach nó ar Ordú Imscrúdaithe Eorpach a rinneadh roimhe seo nó a rinneadh ag an am céanna leis an iarraidh seo
Tabhair faisnéis ábhartha chun na hiarrataí eile a shainaithint, agus cuir san áireamh ainm an Stáit (lena n-áirítear, i gcás na Ríochta Aontaithe, más chuig an Ríocht Aontaithe nó chuig an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar a díríodh an iarraidh sin), an t-údarás ar tarchuireadh chuige í, dáta na hiarrata, agus na huimhreacha tagartha a thug na húdaráis iarrthacha agus iarrtha: …………………………………………………................................................................................
………………………………………………………………………………………………………
………………………………………………………………………………………………………
☐
Eile
Más ábhartha, tabhair faisnéis a bhaineann leis an iarraidh eile seo ar chúnamh:
|
|
ROINN E: Forais leis an iarraidh
1.
Aicmiú an chiona/na gcionta
Chun a áirithiú go gcuirfear an iarraidh seo chuig an gcomhlacht iomchuí, cad é cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona/na gcionta a ndéantar an iarraidh ina leith:
Tabhair an pionós uasta, reacht na dtréimhsí agus más infheidhme, téacs na forála reachtúla/an chóid reachtúil, agus cuir san áireamh forálacha ábhartha maidir leis na pionóis:
2.
Achoimre ar na fíorais
Tuairisc ar an iompar as a n-éiríonn an cion/na cionta a bhfuil cúnamh á lorg ina leith agus achoimre ar na fíorais bhunúsacha:
Chun doiciméid nós imeachta agus cinntí breithiúnacha a sheirbheáil, tabhair achoimre ghearr ar an doiciméad/na doiciméid agus/nó ar an gcinneadh/na cinntí atá le seirbheáil, mura bhfuil sé/siad ar fáil i dteanga an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í: ………………………………………………………………………………………………..
………………………………………………………………………………………………………
I gcás iarrataí eile, tabhair tuairisc ar an gcaoi ar féidir leis an bhfianaise/beart atá á lorg cuidiú le himscrúdú a dhéanamh ar an gcion/na cionta agus é/iad a ionchúiseamh:
|
|
Céim den imscrúdú/de na himeachtaí:
☐
imscrúdú
☐
ionchúiseamh
☐
triail
☐
eile, sonraigh:
Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an bhfianaise seo a fháil, más infheidhme:
Aon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, a bheith úsáideach don údarás forghníomhaitheach chun an iarraidh ar chúnamh a fhorghníomhú, más infheidhme:……………………….
3.
Cineál na n-imeachtaí a n-eisítear an iarraidh ina leith:
☐
imeachtaí i ndáil le cionta a dtagann na pionóis ina leith faoi dhlínse údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, tráth a dhéantar an iarraidh ar chúnamh.
☐
imeachtaí a thionscnaíonn údaráis riaracháin i ndáil le gníomhartha atá inphionóis faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh nó iarrtha nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar de bhua gur sáruithe ar rialacha dlí iad, i gcás ina bhféadfaidh an cinneadh a bheith ina chúis le himeachtaí os comhair cúirte a bhfuil dlínse aici, go háirithe, in ábhair choiriúla.
|
|
ROINN F: Céannacht an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh lena mbaineann
Ná tabhair ach faisnéis atá ábhartha agus nach dtéann thar a bhfuil riachtanach le haghaidh na hiarrata seo. Má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis maidir le gach aon duine.
1.
Sonraigh an fhaisnéis ar fad, a mhéid agus is eol sin, maidir le céannacht an duine/na daoine a mbeidh baint ag an mbeart leis/leo:
(i)
I gcás duine/daoine nádúrtha
Ainm:
Céadainm(neacha):
Ainm nó ainmneacha ábhartha eile, más infheidhme:
Ailiasanna, más infheidhme:
Inscne:
Náisiúntacht:
Uimhir aitheantais nó uimhir slándála sóisialaí:
Cineál agus uimhir an doiciméid/na ndoiciméad aitheantais (cárta aitheantais, pas), má tá sé/siad ar fáil:
Dáta breithe:
Áit bhreithe:
Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas; mura bhfuil an seoladh ar eolas, sonraigh an seoladh deiridh atá ar eolas:
Ionad oibre (sonraí teagmhála san áireamh):
Sonraí teagmhála eile (ríomhphost, uimhir ghutháin):
Teanga nó teangacha a thuigeann an duine:
Tabhair tuairisc ar an seasamh atá ag an duine lena mbaineann sna himeachtaí faoi láthair:
☐
Duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe
☐
Íospartach
☐
Finné
☐
Saineolaí
☐
Tríú Páirtí
☐
Eile (Sonraigh):
|
|
(ii)
I gcás duine dlítheanach/daoine dlítheanacha
Ainm:
Foirm an duine dhlítheanaigh:
Ainm giorraithe, ainm a úsáidtear go coitianta nó ainm trádála, más infheidhme:
Oifig chláraithe:
Cláruimhir:
Seoladh an duine dhlítheanaigh:
Sonraí teagmhála eile (ríomhphost, uimhir ghutháin): …………………………………………………………...
Ainm ionadaí an duine dhlítheanaigh:
Tabhair tuairisc ar an seasamh atá ag an duine lena mbaineann sna himeachtaí faoi láthair:
☐
Duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe
☐
Íospartach
☐
Finné
☐
Saineolaí
☐
Tríú Páirtí
☐
Eile (Sonraigh):
2.
Aon fhaisnéis ábhartha eile:
|
|
ROINN G: Beart is gá
1.
Sonraigh an beart is gá:
☐
Cuardach agus urghabháil (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H1 a líonadh isteach)
☐
Doiciméid agus/nó taifid ghnó a sholáthar
☐
Ábhair bhainc nó faisnéis ó institiúidí airgeadais eile a sholáthar (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H2 a líonadh isteach)
☐
Doiciméid nós imeachta agus cinntí breithiúnacha a sheirbheáil le cúnamh ón mBallstát iarrtha nó ón Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í
☐
Faisnéis nó fianaise a fháil atá i seilbh an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe cheana féin, i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í
☐
Faisnéis a fháil ó bhunachair sonraí atá i seilbh na bpóilíní nó údaráis bhreithiúnacha eile
☐
Ráitis agus Éisteachtaí (Má chuirtear tic leis, ní mór Roinn F (Céannacht an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh lena mbaineann) agus Roinn I (Foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta a iarradh chun an iarraidh a fhorghníomhú) a líonadh isteach):
☐
finné
☐
saineolaí
☐
duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe
☐
íospartach
☐
tríú páirtí
☐
Éisteacht trí fhíschomhdháil, comhdháil ghutháin nó tarchur closamhairc eile. (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H4 a líonadh isteach):
☐
finné
☐
saineolaí
☐
duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe
☐
íospartach
☐
tríú páirtí
|
|
☐
Sonraí suibscríobhaí/eintitis a fháil (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H3 a líonadh isteach)
☐
Sonraí tráchta/teagmhas (suíomh san áireamh) a fháil (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H3 a líonadh isteach)
☐
Sonraí ábhair a fháil (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H3 a líonadh isteach)
☐
Beart imscrúdaitheach a thabharfaidh bailiú fianaise i bhfíor-am, ar bhonn leanúnach agus thar thréimhse áirithe ama le tuiscint:
☐
faireachán ar oibríochtaí baincéireachta nó oibríochtaí airgeadais eile
☐
seachadtaí rialaithe
☐
eile (Sonraigh):
☐
Beart(a) sealadach(a) chun fianaise a chaomhnú, cás reatha a choinneáil ar bun nó leasanna dlíthiúla atá i mbaol a chosaint (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H5 a líonadh isteach)
☐
Aistriú sealadach duine atá faoi choimeád chuig an mBallstát iarrthach nó chuig Giobráltar, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar an gníomhaí iarrthach (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H6 a líonadh isteach)
☐
Aistriú sealadach duine atá faoi choimeád chuig an mBallstát iarrtha nó chuig Giobráltar, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar an gníomhaí iarrthach (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H6 a líonadh isteach)
☐
Imscrúdú rúnda (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H7 a líonadh isteach)
☐
Úsáid feistí taifeadta teicniúla i gcríoch Ballstáit iarrtha nó i gcríoch Ghiobráltar, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrtha (más infheidhme)
☐
Eile (Sonraigh):
2.
Tabhair tuairisc ar an gcúnamh is gá, agus, más eol, ar na háiteanna a bhfuil an fhianaise/na háiteanna a meastar an fhianaise a bheith iontu agus aon fhaisnéis eile is gá chun an beart seo a dhéanamh. Chun a iarraidh go mbreathnófar ar aon fhoirmiúlacht nó nós imeachta, féach roinn I:
|
|
ROINN H: Ceanglais bhreise le haghaidh bearta áirithe
Líon isteach na ranna atá ábhartha don bheart imscrúdaitheach a iarradh:
|
|
ROINN H1: Cuardach agus urghabháil
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach a mbaineann an cuardach leis. Má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair na sonraí maidir le gach aon duine:
Áitreabh atá le cuardach. Tabhair sonraí an naisc idir an duine agus an áitreabh. Má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis maidir le gach aon duine:
Cad í an fhianaise atá á lorg? Sainaithin san oiread mionsonraí agus is féidir an t-ábhar a bhfuil tú ag iarraidh a chuardach:
Cén fáth a measann tú gur dócha go n-aimseofar an fhianaise san áit thuasluaite agus go mbeidh sí ábhartha agus luach substaintiúil léi don imscrúdú:
An bhfuil aon riosca go n-aimseofar ábhar atá faoi phribhléid? Má tá, tabhair sonraí:
An gá aon oifigeach ón gcríoch iarrthach a bheith i láthair ag an gcuardach? (Más gá, tabhair na sonraí i roinn I):
☐
Is gá
☐
Ní gá
Aon fhaisnéis maidir le himscrúduithe i gcríocha nó stáit eile a mbeadh tionchar aici ar an iarraidh seo ar chuardach agus urghabháil:
Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann leis an gcuardach agus an urghabháil:
|
|
ROINN H2: Faisnéis maidir le cuntais bhainc nó cuntais airgeadais eile a sholáthar
Má tá níos mó ná cuntas amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis maidir le gach cuntas.
Sonraigh an fhaisnéis atá á lorg:
☐
Faisnéis maidir le cuntais bhainc atá ag an duine a bhfuil cumhacht aturnae aige ina leith
☐
Faisnéis maidir le cuntais airgeadais eile atá ag an duine nó a bhfuil cumhacht aturnae aige ina leith
☐
Faisnéis maidir le hoibríochtaí baincéireachta:
☐
Ráitis bhainc
☐
Doiciméadacht maidir le hoscailt cuntais
☐
Cumhacht aturnae nó ainm breise ar an gcuntas
☐
Eile (Sonraigh):
☐
Faisnéis maidir le hoibríochtaí airgeadais eile:
☐
Ráitis chuntais
☐
Doiciméadacht maidir le hoscailt cuntais
☐
Cumhacht aturnae nó ainm breise ar an gcuntas
☐
Eile (Sonraigh):
|
|
Má tá sé ar fáil, tabhair:
Ainm shealbhóir an chuntais:
Ainm an bhainc/na hinstitiúide airgeadais:
IBAN nó Uimhir Chuntais agus Cód Sóirt:
Scála ama na n-idirbheart:
☐
Eile (Sonraigh):
Tabhair tuilleadh réasúnaithe ar cén fáth ar dócha go mbeidh an fhianaise seo ábhartha agus go mbeidh luach substaintiúil léi don imscrúdú, agus cuir san áireamh an nasc idir an cuntas agus an chóir a rinneadh:
Más gá, tabhair aon fhaisnéis eile ar dócha go mbeidh sí ag teastáil chun an iarraidh seo a fhorghníomhú:
|
|
ROINN H3: Sonraí suibscríobhaí, tráchta, suímh agus ábhair
An cineál sonraí a iarrtar:
☐
Sonraí suibscríobhaí/eintitis (síntiúis le huimhir ghutháin nó seoladh prótacail idirlín mar shampla), sonraigh:
☐
Sonraí tráchta/teagmhas, sonraigh:
☐
Sonraí suímh, sonraigh:
☐
Sonraí ábhair (dumpa gréasáin/bosca ríomhphoist nó loga teachtaireachtaí, gabháil scáileáin), sonraigh:
☐
Eile, sonraigh:
Tá an t-eolas seo a leanas ag teastáil le haghaidh gach iarrata ar shonraí suibscríobhaí, tráchta nó suímh, agus ábhair:
☐
Dáta (LL/MM/BBBB):
☐
Stampa ama (uu:nn:ss):
☐
Amchrios:
Tabhair tuilleadh sonraí chun cuidiú na sonraí a iarrtar a shainaithint:
☐
Seoladh IP (agus uimhir phóirt, más infheidhme):
☐
Uimhir nó uimhreacha gutháin:
☐
Uimhir nó uimhreacha IMEI:
☐
Eile (Sonraigh):
|
|
ROINN H4: Físchomhdháil nó comhdháil ghutháin nó tarchur closamhairc eile
Má iarrtar éisteacht trí fhíschomhdháil, comhdháil ghutháin nó tarchur closamhairc eile:
Léirigh ainm an údaráis a dhéanfaidh an éisteacht (cuir ainm an duine a dhéanfaidh an éisteacht/a shonraí teagmhála/teanga na héisteachta san áireamh, i gcas ina bhfuil fáil orthu):
Dáta nó dátaí atá beartaithe (LL/MM/BBBB):
Am tosaithe na comhdhála (uu:nn:ss):
Amchrios:
An fad a mhairfidh an éisteacht, nó geall leis:
Sonraí teicniúla:
Ainm an tsuímh:
Córais chumarsáide:
Sonraí teagmhála an teicneora (teanga):
Dáta agus am na réamhthástála:
Sonraí teagmhála an oibreora réamhthástála, más eol iad:
Socruithe teanga agus ateangaireachta:
Aon cheanglas eile (Sonraigh, más ann dóibh):
|
|
☐
Baineann an iarraidh seo le duine atá cúisithe nó duine atá faoi dhrochamhras agus is éard atá san éisteacht triail an duine sin, nó cuid di
An chúis nó na cúiseanna nach inmhianaithe nó nach féidir don fhinné nó don saineolaí a bheith i láthair i bpearsa (líon isteach más infheidhme agus sá chás sin amháin):
Sonraigh ar thoiligh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe:
☐
Thoiligh
☐
Níor thoiligh
☐
Iarraim go lorgaítear toil an duine sula leanfar ar aghaidh leis an iarraidh seo
|
|
ROINN H5: Bearta sealadacha
Má iarrtar beart sealadach chun fianaise a chaomhnú, cás reatha a choinneáil ar bun nó leasanna dlíthiúla atá i mbaol a chosaint, léirigh an bhfuil:
☐
tá an ítim le haistriú chuig an mBallstát iarrthach nó chuig Giobráltar, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrthach
☐
tá an ítim le fanacht sa Bhallstát iarrtha nó i nGiobráltar, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, an gníomhaí iarrtha; léirigh dáta measta le haghaidh:
deireadh a chur leis an mbeart sealadach:
iarraidh ina dhiaidh sin a thíolacadh maidir leis an ítim:
|
|
ROINN H6: Aistriú duine faoi choimeád
(1)
Má iarrtar aistriú sealadach duine atá faoi choimeád chun críoch an imscrúdaithe chuig an mBallstát iarrthach nó chuig Giobráltar, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar an gníomhaí iarrthach, sonraigh ar thoiligh an duine leis an mbeart sin:
☐
Thoiligh
☐
Níor thoiligh
☐
Iarraim go lorgaítear toil an duine
(2)
Má iarrtar aistriú sealadach duine atá faoi choimeád chun críoch an imscrúdaithe chuig an mBallstát iarrtha nó chuig Giobráltar, i gcás inarb í an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar an gníomhaí iarrtha, sonraigh ar thoiligh an duine leis an mbeart sin:
☐
Thoiligh
☐
Níor thoiligh
Más gá, tabhair aon fhaisnéis bhreise:
|
|
ROINN H7: Imscrúduithe Rúnda
Léirigh ná cúiseanna a measann tú go bhfuil an beart imscrúdaitheach rúnda ábhartha chun críoch na n-imeachtaí coiriúla:
Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
Faisnéis chun ábhar an imscrúdaithe rúnda a shainaithint:
(b)
Dáta tosaigh agus fad inmhianaithe an bhirt rúnda:
(c)
Sonraí maidir le feithiclí/seoladh an bhirt rúnda:
(d)
Más gá, tabhair aon fhaisnéis bhreise atá ábhartha maidir le forghníomhú na hiarrata seo:
|
|
ROINN I: Foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta a iarrtar chun an iarraidh a fhorghníomhú
1.
Cuir tic leis agus líon isteach, más infheidhme
☐
Iarrtar go gcomhlíonfaidh údarás ábhartha/inniúil Ballstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta seo a leanas (aon cheart/rabhadh/foláireamh is gá a chur in iúl don duine san áireamh):
2.
Cuir tic leis agus líon isteach, más infheidhme
☐
Iarrtar go mbeidh oifigeach amháin nó roinnt oifigeach de chuid an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, i láthair le linn fhorghníomhú na hiarrata chun tacú le húdaráis inniúla an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í.
Ainm, post agus sonraí teagmhála na n-oifigeach:
Teangacha a fhéadfar a úsáid le haghaidh cumarsáide, murab ionann iad agus an teanga a luaitear i roinn J:
Nádúr an chúnaimh atá le soláthar ag oifigeach/oifigigh an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthaigh í, agus/nó aon sonraí ábhartha breise:
3.
Tarchuir slán faisnéise agus/nó fianaise
Sonraigh bealach tarchuir leictreonaigh slán, má ghlactar le tarchur leictreonach:
Mura nglactar le tarchur leictreonach nó mura mbeadh sé iomchuí sa chás seo, cuir in iúl an modh tarchuir a iarrtar:………………………………………….
|
|
ROINN J: Sonraí an údaráis a d’eisigh an iarraidh
1.
Ainm an údaráis a d’eisigh an iarraidh:
Ainm an ionadaí/an phointe teagmhála:
Seoladh:
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
Ríomhphost:
2.
Murab ionann é agus a bhfuil luaite thuas, ainm an údaráis a bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh aige:
Ainm agus teideal an oifigigh a bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh aige:
Seoladh:
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
Ríomhphost:
3.
Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás iarrthach:
4.
Murab ionann iad agus a bhfuil thuas, sonraí teagmhála an duine/na ndaoine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun tuilleadh faisnéise a fháil nó socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir le haistriú fianaise:
Ainm/Teideal/Eagraíocht:
Seoladh:
Ríomhphost:
Uimhir theagmhála:
|
|
ROINN K: Síniú
Tríd an bhfoirm seo a shíniú, deimhním:
–
go bhfuil ábhar na hiarrata a leagtar amach san fhoirm seo cruinn agus ceart,
–
gur údarás inniúil a d’eisigh an iarraidh seo,
–
go bhfuil eisiúint na hiarrata seo riachtanach chun críoch na n-imeachtaí, agus
–
go bhféadfaí na bearta imscrúdaitheacha a iarrtar a ordú faoi na coinníollacha céanna i gcás intíre comhchosúil, agus i gcás inarb infheidhme go bhfuarthas an t-údarú is gá.
Síniú an údaráis iarrthaigh agus/nó a ionadaí:
Ainm:
Post:
Dáta:
Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil):
Liosta iatán (más infheidhme):
|
________________
IARSCRÍBHINN 16
FOIRM MAIDIR LE CALCADH AGUS COIGISTIÚ
Calcadh / Bearta Sealadacha
Foirm Iarratais
|
ROINN A
|
|
An Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
An Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í:
|
|
ROINN B: Práinn
|
|
Na forais phráinne agus/nó dáta iarrtha maidir le forghníomhú:
|
|
Leagtar amach teorainneacha ama maidir leis an iarraidh ar chalcadh a fhorghníomhú in Airteagal 169 (An oibleagáid bearta sealadacha a dhéanamh) den Chomhaontú. Má tá teorainn ama níos giorra nó níos sainiúla de dhíth, áfach, tabhair an dáta agus mínigh an chúis atá leis sin:
|
|
ROINN C: Daoine ábhartha
|
|
Sonraigh an fhaisnéis ar fad, a mhéid agus is eol sin, maidir le céannacht (1) an duine nádúrtha/na ndaoine nádúrtha nó (2) an duine dhlítheanaigh/na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann san iarraidh ar chalcadh nó maidir le céannacht an duine/na ndaoine ar leis nó leo an mhaoin a chumhdaítear leis an iarraidh ar chalcadh (má tá níos mó ná duine amháin i gceist, déan an fhaisnéis maidir le gach aon duine a sholáthar):
|
|
1.
Duine nádúrtha:
|
|
Ainm:
|
|
Céadainm(neacha):
|
|
Ainm nó ainmneacha ábhartha eile, más infheidhme:
|
|
Ailiasanna, más infheidhme:
|
|
Inscne:
|
|
Náisiúntacht:
|
|
Uimhir aitheantais nó uimhir slándála sóisialaí:
|
|
Cineál agus uimhir an doiciméid/na ndoiciméad aitheantais (cárta aitheantais, pas), má tá sé/siad ar fáil:
|
|
Dáta breithe:
|
|
Áit bhreithe:
|
|
Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas; mura bhfuil an seoladh ar eolas, sonraigh an seoladh deiridh atá ar eolas:
|
|
Teanga nó teangacha a thuigeann an duine:
|
|
Sonraigh, le do thoil, an bhfuil an iarraidh ar chalcadh dírithe ina choinne nó ina coinne nó an leis an duine sin an mhaoin a chumhdaítear leis an iarraidh ar chalcadh:
|
|
2.
Duine dlítheanach:
|
|
Ainm:
|
|
Foirm an duine dhlítheanaigh:
|
|
Ainm giorraithe, ainm a úsáidtear go coitianta nó ainm trádála, más infheidhme:
|
|
Oifig chláraithe:
|
|
Cláruimhir:
|
|
Seoladh an duine dhlítheanaigh:
|
|
Ainm ionadaí an duine dhlítheanaigh:
|
|
Sonraigh, le do thoil, an bhfuil an iarraidh ar chalcadh dírithe ina choinne nó ar leis an duine dlítheanach sin an mhaoin a chumhdaítear leis an iarraidh ar chalcadh:
|
|
I gcás ina bhfuil sé éagsúil ón seoladh thuas, tabhair an suíomh ina bhfuil an beart calctha le déanamh, le do thoil:
|
|
3.
Tríú páirtithe:
|
|
(i)
Tríú páirtithe a ndéantar dochar díreach leis an iarraidh (céannacht agus forais) dá gcearta i ndáil leis an maoin a chumhdaítear leis an iarraidh ar chalcadh, más infheidhme:
|
|
(ii)
I gcás ina raibh an deis ag tríú páirtithe cearta a éileamh, cuir doiciméid i gceangal lena léirítear gurb amhlaidh a bhí.
|
|
4.
Déan aon fhaisnéis eile a sholáthar a chuideoidh le forghníomhú na hiarrata ar chalcadh:
|
|
ROINN D: Maoin Ábhartha
|
|
Sonraigh an fhaisnéis ar fad, a mhéid agus is eol sin, maidir leis na sócmhainní atá faoi réir na hiarrata ar chalcadh. Tabhair sonraí na maoine uile agus na nithe aonair uile, i gcás inarb infheidhme:
|
|
1.
Má bhaineann sé le suim airgid:
|
|
(i)
Na forais atá ann le creidiúint go bhfuil maoin/ioncam ag an duine sin i gcríoch an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í
|
|
(ii)
Tuairisc agus suíomh mhaoin/fhoinse ioncaim an duine sin
|
|
(iii)
Suíomh beacht mhaoin/fhoinse ioncaim an duine sin
|
|
(iv)
Sonraí cuntais bainc an duine sin (más eol sin)
|
|
2.
Má bhaineann an iarraidh ar chalcadh le mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine (nó maoin ar luach coibhéiseach leis an maoin sin):
|
|
(i)
Na forais atá ann le creidiúint go bhfuil mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine suite i gcríoch an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í
|
|
(ii)
Tuairisc ar an mír shonrach mhaoine nó ar na míreanna sonracha maoine agus suíomh na míre sin
|
|
(iii)
Faisnéis ábhartha eile
|
|
3.
An méid iomlán a iarradh ar chalcadh nó forghníomhú sa Bhallstát iarrtha nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í (i bhfigiúirí agus i bhfocail, sonraigh an t-airgeadra):
|
|
ROINN E: Foras maidir le hiarraidh nó ordú calctha a eisiúint (más infheidhme)
|
|
Achoimre ar na fíorais:
|
|
1.
Leag amach na cúiseanna atá leis an iarraidh ar chalcadh nó an fáth ar eisíodh an tordú, lena n-áirítear achoimre ar na fíorais bhunúsacha agus ar an bhforas atá leis an gcalcadh, cur síos ar an gcion coiriúil/na cionta coiriúla a cúisíodh, atá á n-imscrúdú nó faoi réir imeachtaí, an chéim atá sroichte ag an imscrúdú nó ag na himeachtaí, na cúiseanna atá le haon toisc riosca agus aon fhaisnéis ábhartha eile.
|
|
2.
Cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona choiriúil/na gcionta coiriúla lena mbaineann an iarraidh ar chalcadh nó eisiúint an ordaithe agus an fhoráil dlí/na forálacha dlí is infheidhme.
|
|
3.
Níl feidhm ag an méid seo a leanas ach amháin sa chás/sna cásanna ina bhfuil fógraí déanta faoi Airteagal 176(2): Forais leis an gComhaontú a dhiúltú i ndáil leis an mBallstát iarrthach agus iarrtha, nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í: más iomchuí, cuir tic le ceann amháin nó níos mó de na cionta seo a leanas, de réir mar atá siad sainmhínithe i ndlí an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, mar atá siad inphionóis sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad. I gcás ina mbaineann an iarraidh calctha nó an t-ordú calctha le roinnt cionta coiriúla, sonraigh, le do thoil, uimhreacha i liosta na gcionta coiriúla thíos (a chomhfhreagraíonn do na cionta coiriúla a ndéantar cur síos orthu faoi phointe 1 agus faoi phointe 2 thuas):
|
|
☐
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil
|
|
☐
sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn [X]
|
|
☐
an gháinneáil ar dhaoine
|
|
☐
an teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus an phornagrafaíocht leanaí
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin
|
|
☐
éilliú, lena n-áirítear breabaireacht
|
|
☐
calaois, lena n-áirítear calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, Ballstáit nó an Aontais
|
|
☐
sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht
|
|
☐
airgeadra a ghóchumadh
|
|
☐
coireacht atá bainteach le ríomhaireacht
|
|
☐
an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear an gháinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt
|
|
☐
teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú
|
|
☐
dúnmharú
|
|
☐
an mhórdhíobháil choirp
|
|
☐
trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna
|
|
☐
fuadach, srianadh agus tógáil giall go neamhdhleathach
|
|
☐
ciníochas agus seineafóibe
|
|
☐
robáil eagraithe nó armtha
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne
|
|
☐
caimiléireacht
|
|
☐
cambheartaíocht agus sracaireacht
|
|
☐
an góchumadh agus an phíoráideacht táirgí
|
|
☐
brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu
|
|
☐
cóir íocaíochta a bhrionnú
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha
|
|
☐
an gháinneáil ar fheithiclí goidte
|
|
☐
an t-éigniú
|
|
☐
an coirloscadh
|
|
☐
coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta
|
|
☐
urghabháil neamhdhleathach aerárthaí, long nó spásárthaí
|
|
☐
sabaitéireacht
|
|
4.
Aon fhaisnéis ábhartha eile (e.g. an gaol idir an mhaoin agus an cion coiriúil):
|
|
ROINN F: Rúndacht
|
|
☐
An gá atá leis an bhfaisnéis atá san iarraidh a choimeád faoi rún tar éis forghníomhú:
|
|
☐
An gá atá le foirmiúlachtaí sonracha tráth an fhorghníomhaithe:
|
|
ROINN G: Iarratais chuig níos mó ná Ballstát amháin nó, i gcás inar Ballstát é an gníomhaí iarrthach, chuig an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus chuig Ballstát amháin nó níos mó
|
|
I gcás ina ndearnadh iarraidh ar chalcadh a tharchur chuig níos mó ná Ballstát amháin nó, i gcás inar Ballstát é an gníomhaí iarrthach, chuig an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus chuig Ballstát amháin nó níos mó, cuir an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:
|
|
1.
Rinneadh iarraidh ar chalcadh a tharchur freisin chuig na Ballstáit seo a leanas (Ballstát agus údarás):
|
|
2.
Sonraigh, le do thoil, na cúiseanna ar tarchuireadh iarrataí ar chalcadh chuig an iliomad Ballstát nó, i gcás inar Ballstát é an gníomhaí iarrthach, chuig an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus chuig Ballstát amháin nó níos mó:
|
|
3.
Luach na sócmhainní, más eol sin, i ngach Ballstát iarrtha:
|
|
4.
Sonraigh, le do thoil, aon riachtanas ar leith:
|
|
ROINN H: An gaol le hiarrataí ar chalcadh nó orduithe calctha a rinneadh roimhe seo
|
|
Más infheidhme, tabhair faisnéis atá ábhartha chun iarrataí ar chalcadh a rinneadh roimhe sin nó iarrataí gaolmhara a shainaithint:
|
|
1.
Dáta iarrata nó eisiúna agus tarchurtha an ordaithe:
|
|
2.
An t-údarás chuig ar tarchuireadh é:
|
|
3.
An tagairt a thug na húdaráis eisiúna agus na húdaráis fhorghníomhaitheacha:
|
|
ROINN I: Coigistiú
|
|
Tá ordú coigistíochta a eisíodh sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í ,ag gabháil leis an iarraidh seo ar chalcadh (uimhir thagartha an ordaithe coigistíochta):
|
|
☐
Tá, uimhir thagartha:
|
|
☐
Níl
|
|
Fanfaidh an mhaoin chalctha sa Bhallstát iarrtha nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, go dtí go dtarchuirfear agus go bhforghníomhófar an t-ordú coigistíochta (dáta measta maidir leis an ordú coigistíochta a chur isteach, más féidir):
|
|
ROINN J: Leigheasanna dlí (más infheidhme)
|
|
Sonraigh an féidir leigheas dlí a lorg sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, i gcoinne iarraidh ar chalcadh/ordú calctha a eisiúint, agus más féidir, tabhair tuilleadh sonraí (cur síos ar an leigheas dlí, lena n-áirítear na bearta is gá a dhéanamh agus spriocdhátaí):
|
|
ROINN K: An Údarás Eisiúna
|
|
I gcás ina bhfuil ordú calctha sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, ar a bhfuil an iarraidh seo ar chalcadh bunaithe, tabhair na mionsonraí seo a leanas:
|
|
1.
An cineál údaráis eisiúna:
|
|
☐
breitheamh, cúirt, ionchúisitheoir poiblí
|
|
☐
Údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát iarrthach nó ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í
|
|
2.
Sonraí teagmhála:
|
|
Ainm oifigiúil an údaráis eisiúna:
|
|
Ainm an ionadaí:
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
Uimhir an chomhaid:
|
|
Seoladh:
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Uimh. Facs: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Ríomhphost:
|
|
Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás eisiúna:
|
|
Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí ag deimhniú go bhfuil; inneachar na Foirme Iarratais ar Chalcadh/ar Bearta Sealadacha cruinn agus ceart:
|
|
Ainm:
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
Dáta:
|
|
Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil):
|
|
ROINN L: An tÚdarás Bailíochtaithe
|
|
Sonraigh, le do thoil, an cineál údaráis a bhailíochtaigh an Fhoirm Iarratais ar Chalcadh/ar Bhearta Sealadacha, más infheidhme:
|
|
☐
breitheamh, cúirt, ionchúisitheoir poiblí
|
|
☐
údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát iarrthach nó ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í
|
|
Ainm oifigiúil an údaráis bailíochtaithe:
|
|
Ainm an ionadaí:
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
Uimhir an chomhaid:
|
|
Seoladh:
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Uimh. Facs: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Ríomhphost:
|
|
Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás inniúil:
|
|
ROINN M: Údarás Lárnach
|
|
Sonraigh an t-údarás lárnach atá freagrach as tarchur agus glacadh riarthach iarrataí ar chalcadh sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
Ainm oifigiúil an údaráis lárnaigh:
|
|
Ainm an ionadaí:
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
Uimhir an chomhaid:
|
|
Seoladh:
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Uimh. Facs: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Ríomhphost:
|
|
Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás inniúil:
|
|
ROINN N: Tuilleadh eolais
|
|
1.
Sonraigh cé acu seo a leanas ba cheart a bheith mar phríomhphointe teagmhála sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
☐
an t-údarás eisiúna
|
|
☐
an t-údaráis inniúil
|
|
☐
an t-údarás lárnach
|
|
2.
Murab ionann iad agus thuas, tabhair sonraí teagmhála an duine/na ndaoine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin iarraidh seo ar chaladh:
|
|
Ainm/Teideal/Eagraíocht:
|
|
Seoladh:
|
|
R-phost/Uimhir Theileafóin i gcomhair Teagmhála:
|
|
Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí ag deimhniú go bhfuil; inneachar na Foirme Iarratais ar Chalcadh/ar Bearta Sealadacha cruinn agus ceart:
|
|
Ainm:
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
Dáta:
|
|
Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil):
|
|
ROINN O: Iarscríbhinní
|
|
Ní mór an chóip bhunaidh den ordú calctha nó cóip atá fíordheimhnithe go cuí a sholáthar leis an bhFoirm Iarratais ar Chalcadh/ar Bhearta Sealadacha más rud é gur eisíodh ordú calctha sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í.
|
Foirm Iarratais ar Choigistiú
|
ROINN A
|
|
An Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
An Ballstát iarrtha nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í:
|
|
ROINN B: Ordú coigistíochta
|
|
Dáta eisiúna:
|
|
An dáta a rinneadh ordú críochnaitheach den ordú:
|
|
Uimhir thagartha:
|
|
Méid iomlán an oird i bhfigiúirí agus i bhfocail, sonraigh an t-airgeadra
|
|
An méid a iarradh le haghaidh forghníomhú sa Bhallstát iarrtha nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, nó an cineál sonrach maoine nó na cineálacha sonracha maoine atá i gceist, tuairisc ar an maoin agus suíomh na maoine
|
|
Tabhair sonraí na gcinntí ón gcúirt maidir leis an ordú coigistíochta:
|
|
☐
gur fáltais ó chion atá sa mhaoin, nó gurb ionann í agus luach iomlán nó cuid de luach fáltas den sórt sin
|
|
☐
gur ionstraimeachtaí ciona atá sa mhaoin
|
|
☐
go bhfuil an mhaoin faoi dhliteanas maidir le coigistiú leathnaithe
|
|
☐
go bhfuil an mhaoin faoi réir coigistíochta faoi aon fhoráil eile a bhaineann le cumhachtaí coigistíochta, lena n-áirítear coigistiú gan ciontú deiridh, faoi dhlí an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, tar éis imeachtaí i ndáil le cion coiriúil
|
|
ROINN C: Na daoine dá ndéantar difear
|
|
Luaigh an fhaisnéis uile, a mhéid is eol sin, maidir le céannacht (1) an duine nádúrtha/na ndaoine nádúrtha nó (2) an duine dlítheanaigh/na ndaoine dlítheanacha dá ndéanann an iarraidh coigistíochta difear (má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis faoi gach duine le do thoil):
|
|
1.
Duine nádúrtha:
|
|
Ainm:
|
|
Céadainm(neacha):
|
|
Ainm nó ainmneacha ábhartha eile, más infheidhme:
|
|
Ailiasanna, más infheidhme:
|
|
Inscne:
|
|
Náisiúntacht:
|
|
Uimhir aitheantais nó uimhir slándála sóisialaí:
|
|
Cineál agus uimhir an doiciméid/na ndoiciméad aitheantais (cárta aitheantais, pas), má tá sé/siad ar fáil:
|
|
Dáta breithe:
|
|
Áit bhreithe:
|
|
Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas; mura bhfuil an seoladh ar eolas, sonraigh an seoladh deiridh atá ar eolas:
|
|
Teanga nó teangacha a thuigeann an duine:
|
|
Sonraigh, le do thoil, an bhfuil an iarraidh ar chalcadh dírithe ina choinne nó ina coinne nó an leis an duine sin an mhaoin a chumhdaítear leis an iarraidh ar chalcadh:
|
|
2.
Duine dlítheanach:
|
|
Ainm:
|
|
Foirm an duine dhlítheanaigh:
|
|
Ainm giorraithe, ainm a úsáidtear go coitianta nó ainm trádála, más infheidhme:
|
|
Oifig chláraithe:
|
|
Cláruimhir:
|
|
Seoladh an duine dhlítheanaigh:
|
|
Ainm ionadaí an duine dhlítheanaigh:
|
|
I gcás ina bhfuil sé éagsúil leis an seoladh thuas, tabhair an suíomh ina bhfuil an t-iarratas coigistíochta le déanamh:
|
|
3.
Tríú páirtithe:
|
|
(i)
Tríú páirtithe a ndéantar dochar díreach leis an iarraidh (céannacht agus forais) dá gcearta i ndáil leis an maoin a chumhdaítear leis an iarraidh ar choigistiú, más eol/infheidhme:
|
|
(ii)
I gcás ina raibh an deis ag tríú páirtithe cearta a éileamh, cuir doiciméid i gceangal lena léirítear gurb amhlaidh a bhí.
|
|
4.
Déan aon fhaisnéis eile a sholáthar a chuideoidh le forghníomhú na hiarrata ar choigistiú:
|
|
ROINN D: Maoin dá ndéantar difear
|
|
Luaigh an fhaisnéis uile, a mhéid agus is eol sin, maidir leis na sócmhainní atá faoi réir an choigistithe. Tabhair sonraí na maoine uile agus na nithe aonair uile, i gcás inarb infheidhme:
|
|
1.
Má bhaineann sé le suim airgid:
|
|
(i)
Na forais atá ann le creidiúint go bhfuil maoin/ioncam ag an duine sin i gcríoch an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
(ii)
Tuairisc agus suíomh mhaoin/fhoinse ioncaim an duine sin:
|
|
2.
Má bhaineann an iarraidh le mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine:
|
|
(i)
Na forais atá ann le creidiúint go bhfuil mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine suite i gcríoch an Bhallstáit iarrtha nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
(ii)
Tuairisc ar an mír shonrach mhaoine nó ar na míreanna sonracha maoine agus suíomh na míre sin:
|
|
3.
Luach na maoine:
|
|
(i)
Méid iomlán an iarratais (an neasmhéid):
|
|
(ii)
An méid iomlán a iarradh lena fhorghníomhú sa Bhallstát iarrtha nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, is faighteoir iarrtha (neasmhéid):
|
|
(iii)
Má tá cineál sonrach maoine nó cineálacha sonracha maoine, tuairisc agus suíomh na maoine:
|
|
ROINN E: Forais le coigistiú
|
|
Achoimre ar na fíorais:
|
|
1.
Leag amach na cúiseanna ar eisíodh ordú coigistíochta, lena n-áirítear achoimre ar na fíorais bhunúsacha agus ar an bhforas atá leis an gcoigistiú, cur síos ar na cionta, na cúiseanna atá le haon fhachtóir riosca agus aon fhaisnéis ábhartha eile (amhail dáta, áit agus imthosca an chiona):
|
|
2.
Cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona/na gcionta ar eisíodh an t-ordú coigistíochta ina leith agus an fhoráil/na forálacha dlí is infheidhme:
|
|
3.
Níl feidhm ag an méid seo a leanas ach amháin sa chás ina bhfuil fógraí déanta faoi Airteagal 176(2): Forais leis an gComhaontú a dhiúltú i ndáil leis an mBallstát iarrthach agus iarrtha, nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í: más iomchuí, cuir tic le ceann amháin nó níos mó de na cionta seo a leanas, de réir mar atá siad sainmhínithe i ndlí an Bhallstáit iarrthaigh nó na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, mar atá siad inphionóis sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad. I gcás ina mbaineann an t-ordú coigistíochta le roinnt cionta coiriúla, sonraigh, le do thoil, uimhreacha i liosta na gcionta coiriúla thíos (a chomhfhreagraíonn do na cionta coiriúla a ndéantar cur síos orthu faoi phointe 1 agus faoi phointe 2 thuas):
|
|
☐
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil
|
|
☐
sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn [X]
|
|
☐
an gháinneáil ar dhaoine
|
|
☐
an teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus an phornagrafaíocht leanaí
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin
|
|
☐
éilliú, lena n-áirítear breabaireacht
|
|
☐
calaois, lena n-áirítear calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, Ballstáit nó an Aontais
|
|
☐
sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht
|
|
☐
airgeadra a ghóchumadh
|
|
☐
coireacht atá bainteach le ríomhaireacht
|
|
☐
an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear an gháinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt
|
|
☐
teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú
|
|
☐
dúnmharú
|
|
☐
an mhórdhíobháil choirp
|
|
☐
trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna
|
|
☐
fuadach, srianadh agus tógáil giall go neamhdhleathach
|
|
☐
ciníochas agus seineafóibe
|
|
☐
robáil eagraithe nó armtha
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne
|
|
☐
caimiléireacht
|
|
☐
cambheartaíocht agus sracaireacht
|
|
☐
an góchumadh agus an phíoráideacht táirgí
|
|
☐
brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu
|
|
☐
cóir íocaíochta a bhrionnú
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile
|
|
☐
an gháinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha
|
|
☐
an gháinneáil ar fheithiclí goidte
|
|
☐
an t-éigniú
|
|
☐
an coirloscadh
|
|
☐
coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta
|
|
☐
urghabháil neamhdhleathach aerárthaí, long nó spásárthaí
|
|
☐
sabaitéireacht
|
|
4.
Aon fhaisnéis ábhartha eile (e.g. an gaol idir an mhaoin agus an cion coiriúil):
|
|
ROINN F: Rúndacht
|
|
☐
An gá atá leis an bhfaisnéis atá san iarraidh, nó cuid den fhaisnéis sin, a choimeád faoi rún
|
|
Sonraigh aon fhaisnéis ábhartha, le do thoil:
|
|
ROINN G: Iarratais chuig níos mó ná Ballstát amháin nó, chuig an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus chuig Ballstát amháin nó níos mó
|
|
I gcás ina ndearnadh iarraidh ar choigistiú a tharchur chuig níos mó ná Ballstát amháin nó, i gcás inar Ballstát é an gníomhaí iarrthach, chuig an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus chuig Ballstát amháin nó níos mó, cuir an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:
|
|
1.
Rinneadh iarraidh ar choigistiú a tharchur freisin chuig na Ballstáit seo a leanas (Stát agus údarás):
|
|
2.
Na cúiseanna le hiarratas ar choigistiú a tharchur chuig Ballstáit éagsúla nó chuig an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus chuig Ballstát amháin nó níos mó (roghnaigh cúiseanna iomchuí):
|
|
(i)
Má bhaineann an iarraidh le mír shonrach mhaoine:
|
|
☐
Creidtear go bhfuil míreanna éagsúla maoine a chumhdaítear leis an iarraidh suite i mBallstát éagsúla nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus i mBallstát amháin nó níos mó
|
|
☐
Baineann an iarraidh ar choigistiú le mír shonrach mhaoine agus teastaíonn gníomhaíocht i níos mó ná Ballstát amháin nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus i mBallstát amháin nó níos mó
|
|
(ii)
Má bhaineann an iarraidh ar choigistiú le suim airgid:
|
|
☐
Is dócha nach leor luach measta na maoine a d’fhéadfaí a choigistiú sa pháirtí iarrthach agus in aon Bhallstát iarrtha amháin nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar chun an méid iomlán a leagtar amach san ordú a chumhdach
|
|
☐
Riachtanais shonracha eile:
|
|
3.
Luach na sócmhainní, más eol sin, i ngach Ballstát iarrtha, nó, i gcás inar Ballstát é an gníomhaí iarrthach, sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus i ngach Ballstát iarrtha:
|
|
4.
Má tá gníomhaíocht ag teastáil i níos mó ná Ballstát amháin nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus i mBallstát amháin nó níos mó, chun mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine a choigistiú, déan cur síos ar an ngníomhaíocht atá le déanamh sa Bhallstát iarrtha nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar:
|
|
ROINN H: Tiontú agus aistriú maoine
|
|
1.
Má bhaineann an iarraidh ar choigistiú le mír shonrach mhaoine, deimhnigh an gceadaíonn an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, an coigistiú a dhéanfar sa Bhallstát iarrtha nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrtha í, a bheith i bhfoirm cheanglais go n-íocfar suim airgid atá comhfhreagrach le luach na maoine:
|
|
☐
Ceadaíonn
|
|
☐
Ní cheadaíonn
|
|
2.
Má bhaineann an coigistiú le suim airgid, sonraigh an féidir maoin, seachas airgead a fuarthas ó fhorghníomhú an iarratais ar choigistiú, a aistriú chuig an mBallstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
☐
Is féidir
|
|
☐
Ní féidir
|
|
ROINN I: Príosúnú i gcás mainneachtana nó bearta eile a chuirfeadh srian ar shaoirse duine
|
|
Sonraigh má cheadaíonn an Ballstát iarrthach nó an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, don Bhallstát iarrthach nó don Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, príosúnacht a chur i bhfeidhm de mhainneachtain nó bearta eile a chuireann srian ar shaoirse an duine i gcás nach féidir an iarraidh ar choigistiú a fhorghníomhú, go hiomlán nó go páirteach:
|
|
☐
Ceadaíonn
|
|
☐
Ní cheadaíonn
|
|
ROINN J: Aiseag nó cúiteamh d’íospartaigh
|
|
1.
Sonraigh, le do thoil, i gcás inarb ábhartha:
|
|
☐
Tá cinneadh eisithe ag údarás eisiúna nó ag údarás inniúil eile sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, an t-íospartach a chúiteamh nó a aiseag leis an tsuim airgid seo a leanas:
|
|
☐
Tá cinneadh eisithe ag údarás eisiúna nó ag údarás inniúil eile sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í, an mhaoin seo a leanas seachas airgead a aiseag leis an íospartach:
|
|
2.
Sonraí an chinnidh chun maoin a aiseag leis an íospartach, nó chun an t-íospartach a chúiteamh:
|
|
An t-údarás eisiúna (ainm oifigiúil):
|
|
Dáta an chinnidh:
|
|
Uimhir thagartha an chinnidh (má tá sí ar fáil):
|
|
Cur síos ar an maoin atá le haiseag nó an tsuim a dámhadh mar chúiteamh:
|
|
Ainm an íospartaigh:
|
|
Seoladh an íospartaigh:
|
|
ROINN K: Leigheasanna dlí
|
|
Léirigh, le do thoil, an bhfuil leigheas dlí lorgtha cheana féin in aghaidh ordú coigistíochta a eisiúint, agus má tá, tabhair sonraí breise (cur síos ar an leigheas dlí, lena n-áirítear na céimeanna is gá a ghlacadh agus na spriocdhátaí):
|
|
ROINN L: An Údarás Eisiúna
|
|
Tabhair sonraí faoin údarás a d’eisigh an iarraidh ar choigistiú sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
1.
An cineál údaráis eisiúna:
|
|
☐
breitheamh, cúirt, ionchúisitheoir poiblí
|
|
☐
údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát iarrthach nó ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í
|
|
2.
Sonraí teagmhála:
|
|
Ainm oifigiúil an údaráis eisiúna:
|
|
Ainm an ionadaí:
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
Uimhir an chomhaid:
|
|
Seoladh:
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Uimh. Facs: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Ríomhphost:
|
|
Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás eisiúna:
|
|
Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí ag deimhniú go bhfuil inneachar na Foirme Iarratais ar Choigistiú cruinn agus ceart:
|
|
Ainm:
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
Dáta:
|
|
Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil):
|
|
ROINN M: An tÚdarás Bailíochtaithe
|
|
Sonraigh, le do thoil, an cineál údaráis a bhailíochtaigh an Fhoirm Iarratais ar Choigistiú, más infheidhme:
|
|
☐
breitheamh, cúirt, ionchúisitheoir poiblí
|
|
☐
údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát eisiúna nó ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í
|
|
Ainm oifigiúil an údaráis bailíochtaithe:
|
|
Ainm an ionadaí:
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
Uimhir an chomhaid:
|
|
Seoladh:
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Uimh. Facs: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Ríomhphost:
|
|
Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás inniúil:
|
|
ROINN N: Údarás Lárnach
|
|
Sonraigh an t-údarás lárnach atá freagrach as an bhFoirm Iarratais ar Choigistiú a tharchur agus a fháil sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
Ainm oifigiúil an údaráis lárnaigh:
|
|
Ainm an ionadaí:
|
|
Post an ionadaí (teideal/grád):
|
|
Uimhir an chomhaid:
|
|
Seoladh:
|
|
Uimhir Ghutháin: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Uimh. Facs: (cód na tíre) (cód ceantair/cathrach)
|
|
Ríomhphost:
|
|
Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás inniúil:
|
|
ROINN O: Tuilleadh faisnéise
|
|
1.
Sonraigh cé acu seo a leanas ba cheart a bheith mar phríomhphointe teagmhála sa Bhallstát iarrthach nó sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, más í an gníomhaí iarrthach í:
|
|
☐
an t-údarás eisiúna
|
|
☐
an t-údaráis inniúil
|
|
☐
an t-údarás lárnach
|
|
2.
Murab ionann iad agus thuas, tabhair sonraí teagmhála an duine/na ndaoine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an bhFoirm Iarratais seo ar Choigistiú:
|
|
Ainm / Teideal / Eagraíocht:
|
|
Seoladh:
|
|
R-phost/Uimhir Theileafóin i gcomhair Teagmhála:
|
|
ROINN P: Iarscríbhinní
|
|
Ní mór an chóip bhunaidh den ordú coigistíochta nó cóip atá fíordheimhnithe go cuí a sholáthar leis an bhFoirm Iarratais ar Choigistiú.
|
________________
IARSCRÍBHINN 17
FRITHSCIÚRADH AIRGID
AGUS MAOINIÚ FRITHSCEIMHLITHEOIREACHTA
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 198 DEN CHOMHAONTÚ
1.
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018, Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019, Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 agus Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024.
2.
Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.
3.
Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849.
4.
Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
5.
Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849.
________________
IARSCRÍBHINN 18
RIALACHA SUBSTAINTEACHA MAIDIR LE STÁTCHABHAIR
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 201 DEN CHOMHAONTÚ
Beidh feidhm ag Airteagal 19 maidir leis na gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn seo, faoi réir na míreanna seo a leanas.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, áireofar le ‘gníomhartha de chuid an Aontais’ freisin na treoirlínte, na fógraí agus na teachtaireachtaí uile a liostaítear san Iarscríbhinn seo.
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo de bhun Airteagal 201(1).
Tugann na Páirtithe faoi deara go bhfuil gníomhartha de chuid an Aontais san Iarscríbhinn seo maidir le státchabhair arna deonú ag na Ballstáit mar a fhorfheidhmíonn an Coimisiún Eorpach í. Maidir le státchabhair arna deonú ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi raon feidhme Airteagal 201(1), beidh feidhm mutatis mutandis ag gníomhartha den sórt sin de chuid an Aontais, lena n-áirítear maidir leis an measúnú substainteach ar státchabhair, chomh maith le nósanna imeachta forfheidhmithe a húdaráis nó a comhlachta neamhspleách.
Déanfar na treoirlínte, na fógraí agus na teachtaireachtaí ábhartha a liostaítear san Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme i nGiobráltar ar an gcaoi chéanna agus a chuirtear chun feidhme iad san Aontas, agus déanfaidh údarás nó comhlacht neamhspleách na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, iad a chur i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna agus a chuireann an Coimisiún Eorpach iad i bhfeidhm.
Aithníonn na Páirtithe, i ngeall ar shrianta oibiachtúla a eascraíonn as sainiúlachtaí geografacha Ghiobráltar, go bhféadfadh sé nach mbeadh gníomhartha áirithe de chuid an Aontais san Iarscríbhinn seo ábhartha láithreach don Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, cuir i gcás toisc go bhféadfadh sé nach bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe aige faoi láthair ar a chríoch, go bhfuil sé dodhéanta ar shlí eile na gníomhartha sin de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm, nó go rialaítear leis na gníomhartha sin de chuid an Aontais bearta státchabhrach a bhraitheann ar fhorálacha dlí an Aontais nach bhfuil feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar. Tugann na Páirtithe faoi deara nach gceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na gníomhartha sin de chuid an Aontais a ionchorprú ina córas dlí náisiúnta go dtí go mbeidh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a rialaítear leis na gníomhartha sin de chuid an Aontais aici ina críoch nó mura rud é go bhfuil sé ar intinn aici cabhair a dheonú, ar cabhair í a d’fhéadfadh teacht faoi na gníomhartha sin de chuid an Aontais. In aon chás, ní mór dá húdarás nó dá comhlacht neamhspleách aird chuí a thabhairt gan mhoill ar ghníomhartha ábhartha an Aontais san Iarscríbhinn seo má iarrtar air measúnú a dhéanamh ar státchabhair.
|
1.
Rialacha maidir leis an státchabhair sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(‘CFAE’)
|
|
Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE
|
|
Airteagal 106 CFAE, a mhéid a bhaineann sé le státchabhair
|
|
Airteagal 93 CFAE
|
|
2.
Gníomhartha a thagraíonn do choincheap na cabhrach
|
|
Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) CFAE (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1).
|
|
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta a sholáthar (IO C 8, 11.1.2012, lch. 4).
|
|
Fógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 de Chonradh CE
maidir le státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí (IO C 155, 20.6.2008, lch. 10).
|
|
3.
Rialacháin bhlocdhíolúine
|
|
3.1
Rialachán Cumasúcháin
Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chatagóirí áirithe státchabhrach cothrománaí (IO L 248, 24.9.2015, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2018/1911 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2018 (IO L 311, 7.12.2018, lch. 8).
|
|
3.2
An Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine
Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1), arna leasú le:
Rialachán (AE) 2017/1084 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2017 (IO L 156, 20.6.2017, lch. 1);
Rialachán (AE) 2020/972 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2020 (IO L 215, 7.7.2020, lch. 3);
Rialachán (AE) 2021/452 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 (IO L 89, 16.3.2021, lch. 1);
Rialachán (AE) 2021/1237 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2021 (IO L 270, 29.7.2021, lch. 39); agus
Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 (IO L 167, 30.6.2023, lch. 1).
|
|
3.3
Rialacháin bhlocdhíolúine earnálaí
–
Rialachán (AE) 2022/2472 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE (IO L 327, 21.12.2022, lch. 1) arna leasú le Rialachán (AE) 2023/2607 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2023 (IO L, 23.11.2023).
–
Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) 1191/69 agus 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 (IO L 345, 2312.2016).
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte léirmhínitheacha a bhaineann le Rialachán (CE) 1370/2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar (IO C 92, 29.3.2014, lch. 1).
–
Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n‑iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).
|
|
3.4
Rialacháin maidir le cabhair de minimis
–
Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023); agus
–
Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023).
|
|
4.
Rialacha nós imeachta
|
|
–
Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9);
–
Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 93 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1), arna leasú le:
Rialachán (CE) Uimh. 1627/2006 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2006 (IO L 302, 1.11.2006, lch. 10);
Rialachán (CE) Uimh. 1935/2006 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2006 (IO L 407, 15.2.2007, lch. 1);
Rialachán (CE) Uimh. 271/2008 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2008 (IO L 82, 25.3.2008, lch. 1);
Rialachán (CE) Uimh. 1147/2008 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2008 (IO L 313, 22.11.2008, lch. 1);
Rialachán (CE) Uimh. 257/2009 ón gCoimisiún an 24 Márta 2009 (IO L 81, 27.3.2009, lch. 15);
Rialachán (CE) Uimh. 1125/2009 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2009 (IO L 308, 24.11.2009, lch. 5);
Rialachán (AE) Uimh. 372/2014 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2014 (IO L 109, 12.4.2014, lch. 14);
Rialachán (AE) 2015/2282 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2015 (IO L 325, 10.12.2015, lch. 1);
|
|
Rialachán (AE) 2016/246 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2016 (IO L 51, 26.2.2016, lch. 1);
Rialachán (AE) 2016/2105 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2016 (IO L 327, 2.12.2016, lch. 19);
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/905 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2025 (IO L 2025/905, 13.6.2025, lch. 1);
Fógra ón gCoimisiún maidir le gnóthú státchabhrach atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach - C/2019/5396 (IO C 247, 23.7.2019, lch. 1);
Fógra ón gCoimisiún maidir le cinneadh na rialacha is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar státchabhair neamhdhleathach (IO C 119, 22.5.2002, lch. 22);
Fógra ón gCoimisiún maidir le forfheidhmiú na rialacha maidir leis an státchabhair ag cúirteanna náisiúnta (IO C 305, 30.7.2021, lch. 1);
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar an modh chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6);
Teachtaireacht ón gCoimisiún - An Cód Dea-Chleachtas maidir le seoladh nósanna imeachta maidir le rialú státchabhrach (IO C, C/2025/2810, 13.6.2025, lch. 1); agus
Teachtaireacht C(2003) 4582 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2003 maidir le rúndacht ghairmiúil i gcinntí státchabhrach (IO C 297, 9.12.2003, lch. 6).
|
|
5.
Rialacha comhoiriúnachta
|
|
5.1
Tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá an státchabhair chun cur i gcrích tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn (IO C 528, 30.12.2021, lch. 10).
|
|
5.2
Cabhair thalmhaíochta
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún - Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (IO C 485, 21.12.2022, lch. 1).
|
|
5.3
Cabhair réigiúnach
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún - Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach (IO C 153, 29.4.2021, lch. 1).
|
|
5.4
Cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat do Státchabhair le haghaidh Taighde agus Forbartha agus Nuálaíochta (IO C 414, 28.10.2022, lch. 1).
|
|
5.5
Cabhair le haghaidh caipiteal riosca
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn (IO C 508, 16.12.2021, lch. 1).
|
|
5.6
Cabhair le haghaidh tarrthála agus athstruchtúrúcháin
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1), arna fadú leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún lena leasaítear na Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu, a mhéid a bhaineann leis an tréimhse cur i bhfeidhm (IO C, C/2023/1212, 29.11.2023).
|
|
5.7
Cabhair oiliúna
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Critéir chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht státchabhrach le haghaidh oiliúint faoi réir fógra aonair (IO C 188, 11.8.2009, lch. 1).
|
|
5.8
Cabhair fostaíochta
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Critéir chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht státchabhrach le haghaidh fostú oibrithe faoi bhuntáiste agus oibrithe faoi mhíchumas faoi réir fógra aonair (IO C 188, 11.8.2009, lch. 6).
|
|
5.9
Rialacha sealadacha chun freagairt don ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Institiúidí airgeadais a athchaipitliú le linn na géarchéime airgeadais reatha: cabhair a theorannú don íosmhéid is gá agus coimircí in aghaidh saobhadh míchuí ar an iomaíocht, (IO C 10, 15.1.2009, lch. 2);
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le láimhseáil sócmhainní lagaithe in earnáil baincéireachta an Chomhphobail (IO C 72, 26.3.2009, lch. 1);
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le filleadh ar inmharthanacht agus measúnú ar bhearta athstruchtúraithe san earnáil airgeadais sa ghéarchéim atá ann faoi láthair faoi na rialacha maidir le státchabhair (IO C 195, 19.8.2009, lch. 9);
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2011, rialacha maidir le státchabhair chun tacú leis na bearta i bhfabhar na mbanc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais (IO C 329, 7.12.2010, lch. 7);
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2012, rialacha maidir le státchabhair chun tacú leis na bearta i bhfabhar na mbanc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais (IO C 356, 6.12.2011, lch. 7); agus
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Lúnasa 2013, rialacha státchabhrach chun tacú le bearta i bhfabhar banc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais (IO C 216, 30.7.2013, lch. 1).
|
|
5.10
Árachas don chreidmheas onnmhairiúcháin
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach (IO C 497, 10.12.2021, lch. 5).
|
|
5.11
Fuinneamh agus an comhshaol
5.11.1
An Comhshaol agus Fuinneamh
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (IO C 80, 18.2.2022, lch. 1);
–
Treoirlínte maidir le bearta áirithe státchabhrach i gcomhthéacs an chórais i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa tar éis 2021 (IO C 317, 25.9.2020, lch. 5).
5.11.2
Leictreachas (costais thréigthe)
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an modheolaíocht chun anailís a dhéanamh ar státchabhair atá nasctha le costais thréigthe (litir SG (2001) D/290869 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2001).
5.11.3
An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún: Creat le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (Creat Státchabhrach i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan) (IO C, C/2025/3602, 4.7.2025).
|
|
5.12
Buntionscail agus monaraíocht (cruach)
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gnéithe áirithe den chaoi a ndéileáiltear le cásanna iomaíochta de thoradh Chonradh CEGC a dhul in éag (IO C 152, 26.6.2002, lch. 5).
|
|
5.13
Seirbhísí poist
–
Fógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta ar earnáil an phoist agus maidir le measúnú ar bhearta áirithe Stáit a bhaineann leis na seirbhísí poist (IO C 39, 6.2.1998, lch. 2).
|
|
5.14
Iompar agus bonneagar
–
Treoirlínte ón gComhphobal maidir le státchabhair d’iompar muirí (IO C 13, 17.1.2004, lch. 3);
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte Comhphobail maidir le státchabhair do ghnóthais iarnróid (IO C 184, 22.7.2008, lch. 13);
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún lena soláthraítear treoir maidir le státchabhair a chomhlánaíonn cistiú an Chomhphobail chun mótarbhealaí na farraige a sheoladh (IO C 317, 12.12.2008, lch. 10);
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún lena soláthraítear treoraíocht maidir le státchabhair do chuideachtaí bainistíochta long (IO C 132, 11.6.2009, lch. 6);
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte (IO C 99, 4.4.2014, lch. 3).
|
|
5.15 Seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne
–
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Creat an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí (IO C 8, 11.1.2012, lch. 15).
|
|
6.
Trédhearcacht an chaidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí
|
|
–
Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht an chaidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí mar aon le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (IO L 318, 17.11.2006, lch. 17) arna leasú le Treoir 2025/1442 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2025 (IO L, 2025/1442, 21.7.2025).
|
|
7.
Sainmhíniú ar FBM
–
Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
|
________________
IARSCRÍBHINN 19
MÓDÚLACHTAÍ A BHAINEANN LEIS AN gCRUTHÚNAS GO gCOMHLÍONANN NA hEARRAÍ
COINNÍOLLACHA AIRTEAGAIL 242 AGUS 248
AGUS AIRTEAGAL 247(3) Á CHUR I bhFEIDHM
AIRTEAGAL 1
Earraí a aistrítear ón Aontas go Giobráltar
1.
Earraí a sheoltar chuig Giobráltar agus atá i saorchúrsaíocht laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 242 den Chomhaontú seo tráth a dtíolactha do phost custaim ainmnithe, aistreofar iad ar tír nó ar muir trí úsáid a bhaint as an gCóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais agus an cód T2GI á chur i bhfeidhm. Déanfar sonraí faoi idirthuras na n-earraí chomh maith leis an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 2 a dhearbhú sa Chóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais ag an bpost custaim ainmnithe, ag gníomhú dó mar oifig imeachta, agus aistreofar na hearraí, tar éis an phróisis idirthurais, chuig údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, ag gníomhú dóibh mar oifig cinn scríbe.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar trealamh gairmiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn B2 a ghabhann le Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le Cead Isteach Sealadach a aistriú ar tír gan an Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais a úsáid.
2.
Chun críoch rialaithe, coinneoidh an post custaim ainmnithe clár ina mbeidh mionsonraí na n-onnmhairí uile atá ag triall ar Ghiobráltar, lena n-áirítear tagairt do na cóid tráchtearraí, na cainníochtaí agus luach na n-earraí bunaithe ar shonrasc arna sholáthar ag sealbhóir an nós imeachta idirthurais, an dáta a ghlactar leis an dearbhú maidir le hidirthuras, na míreanna muirir, an mháistir-uimhir thagartha (T2GI XXX), agus aon sonraí eile is gá chun an cháin idirbhirt agus an dleacht mháil a ríomh i gcás inarb infheidhme. Tarchuirfear an fhaisnéis sin ar leibhéal na míreanna chuig údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun ríomh a dhéanamh ar mhéid na cánach idirbhirt agus na dleachta máil a bheidh dlite tráth a thíolacfar na hearraí i nGiobráltar d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tríd an nós imeachta idirthurais speisialta a shainítear i mír 1.
3.
Is iad údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar,a bheidh freagrach as céim dheireanach an nós imeachta idirthurais speisialta.
Tabharfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, agus úsáid á baint acu as teachtaireacht ‘comhairle teachta’, fógra don phost custaim ainmnithe a ghníomhaigh mar oifig imeachta maidir le teacht isteach na n-earraí an lá a tíolacadh na hearraí i nGiobráltar ag an oifig cinn scríbe agus cuirfidh siad teachtaireacht ‘torthaí an rialaithe’ ar aghaidh chuig an oifig imeachta tráth nach déanaí ná 3 lá oibre tar éis do na hearraí a bheith tíolactha ag an oifig cinn scríbe mar aon le cruthúnas gur toibhíodh an cháin idirbhirt agus na dleachtanna máil, i gcás inarb ábhartha, ar na hearraí i nGiobráltar, mura gcumhdaítear na hearraí leis an maolú dá dtagraítear i mír 5. I gcásanna ina mbeidh feidhm ag maolú den sórt sin, cuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, teachtaireacht ar aghaidh chuig an oifig imeachta ina léireofar gur áiríodh na hearraí i nós imeachta speisialta chun críoch cánach (stórasú, próiseáil isteach nó cead isteach sealadach) in ionad an chruthúnais gur toibhíodh an cháin idirbhirt agus na dleachtanna máil, i gcás inarb ábhartha, i nGiobráltar.
4.
I gcás nach dtíolacfar na teachtaireachtaí nó na cruthúnais ar cháin idirbhirt agus ar mháil a toibhíodh, i gcás inarb ábhartha, nó i gcás nárbh fhéidir an t-aistriú idirthurais a urscaoileadh, déanfaidh an post custaim ainmnithe iontráil sa chlár dá dtagraítear i mír 2. Sa chás sin, caithfidh an post custaim ainmnithe ábhartha leis an aistriú mar iontráil neamhrialta agus toibheoidh sé an CBL agus na dleachtanna máil is infheidhme i mBallstát an phoist custaim ainmnithe. Beidh sealbhóir an nós imeachta idirthurais faoi dhliteanas i leith an mhéid ábhartha. Beidh an cur i bhfeidhm sin gan dochar d’aon cheartúchán a bhféadfadh gá a bheith leis, mar shampla, i bhfianaise imscrúduithe a dhéantar i gcomhthéacs na socruithe idirthurais nó mar thoradh ar ghníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh mar a leagtar síos sna Prótacail maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim agus maidir le comhar riaracháin agus comhrac na calaoise i réimse na cánach breisluacha agus na dleachta máil agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil.
5.
De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 4, maidir le hearraí de chuid an Aontais a bhfuil gá gnó cuí-réasúnaithe ann ina leith chun tobhach cánach idirbhirt agus dleachtanna máil a chur ar fionraí, i gcás inarb infheidhme, féadfaidh siad tairbhe a bhaint as an eisceacht seo a leanas. Féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na hearraí sin a scaoileadh chun críoch cánach le haghaidh nós imeachta stórasaithe i stóras custaim údaraithe i nGiobráltar, i gcás stóras custaim chun críoch cánach le haghaidh soláthairtí long gan íostréimhse stórála, seachas sin ar feadh tréimhse idir mí amháin agus 9 mí nó le haghaidh nós imeachta próiseála isteach nó le haghaidh nós imeachta um chead isteach sealadach ar feadh tréimhse suas le 3 mhí, ar tréimhse í a thiocfaidh i bhfeidhm an tráth céanna le deireadh a chur le nós imeachta idirthurais T2GI. I gcásanna den sórt sin, soláthróidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faisnéis ar bhonn cás ar chás don phost custaim ainmnithe a ghníomhaigh mar oifig imeachta le haghaidh nós imeachta idirthurais T2GI maidir le hearraí a baineadh den nós imeachta speisialta chun críoch cánach lena gcur ar an margadh i nGiobráltar, earraí a tógadh amach as Giobráltar faoin nós imeachta ath-onnmhairiúcháin, nó earraí a scriosadh gan aon dramhaíl a bheith fágtha.
6.
Ina theannta sin, i gcás ina n-urscaoilfear na nósanna imeachta speisialta chun críoch cánach trí na hearraí a chur ar an margadh i nGiobráltar, soláthróidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, don phost custaim ainmnithe, a ghníomhaigh mar oifig imeachta le haghaidh nós imeachta idirthurais T2GI, ar bhonn míosúil, cruthúnas gur thoibhigh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cáin idirbhirt agus, más infheidhme, dleachtanna máil, le haghaidh earraí a cuireadh ar an margadh i nGiobráltar.
I gcás ina n-urscaoilfear na nósanna imeachta speisialta chun críoch cánach trí na hearraí a thabhairt amach as Giobráltar nó iad a scriosadh gan aon dramhaíl a bheith fágtha, soláthróidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, don phost custaim ainmnithe, a ghníomhaigh mar oifig imeachta le haghaidh nós imeachta idirthurais T2GI, ar bhonn cás ar chás, cruthúnas ar a n-imeacht ó Ghiobráltar nó cruthúnas ar an scriosadh sin.
Féadfar tréimhse níos faide ná 3 mhí a údarú don urscaoileadh i gcás nós imeachta próiseála isteach nó nós imeachta um chead isteach sealadach, tráth a dhéantar an t-iarratas, nó trí shíneadh ama a chur leis an tréimhse i gcás go bhfuil imthosca a bhfuil údar cuí leo ann lena nglacann an post custaim ainmnithe a ghníomhaigh mar oifig imeachta do nós imeachta idirthurais T2GI.
I gcás nach dtíolacfar na teachtaireachtaí nó na cruthúnais ar urscaoileadh nó i gcás nárbh fhéidir na nósanna imeachta speisialta a urscaoileadh laistigh den tréimhse 9 mí (nó laistigh de thréimhse níos faide arna húdarú i gcás nós imeachta próiseála isteach nó nós imeachta um chead isteach sealadach faoi imthosca a bhfuil údar cuí leo), déanfaidh an post custaim ainmnithe iontráil sa chlár dá dtagraítear i mír 2. Sa chás sin, aistreoidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, méid an CBL agus na ndleachtanna máil is infheidhme tráth urscaoileadh an aistrithe idirthurais sa Bhallstát sin chuig Ballstát na hoifige imeachta.
7.
Is iad na poist chustaim ainmnithe a liostaítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn 21 a bheidh ina n-oifig custaim imeachta le haghaidh onnmhairí uile na n-earraí ón Aontas go Giobráltar.
Earraí a bheadh incháilithe d’fhaoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí de réir rialacha an Aontais maidir le cead isteach sealadach, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoiseamh iomlán ó cháin indíreach a dheonú ina leith, de bhun údarú le haghaidh cead isteach sealadach arna dheonú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.
Maidir le trealamh gairmiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn B2 a ghabhann le Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le Cead Isteach Sealadach, féadfar é a chur sa nós imeachta um chead isteach sealadach freisin trí bhíthin a theacht isteach i nGiobráltar.
8.
Sna socruithe riaracháin idir na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo.
AIRTEAGAL 2
Earraí a aistrítear ó Ghiobráltar chuig an Aontas
1.
I gcás ina dtíolacfar earraí atá i saorchúrsaíocht i nGiobráltar (nó earraí atá i nós imeachta stórasaithe custaim, nós imeachta próiseála isteach nó nós imeachta um chead isteach sealadach chun críoch cánach) d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, d’fhonn iad a aistriú chuig an Aontas, úsáidfear an Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais agus an cód T2GI á chur i bhfeidhm. Dearbhófar sonraí faoi idirthuras na n-earraí sa Chóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais agus aistreofar na hearraí, tar éis an phróisis idirthurais, go dtí an post custaim ainmnithe san Aontas atá ag gníomhú dó mar oifig cinn scríbe, chun fianaise a thabhairt go bhfuil na hearraí atá i gceist i saorchúrsaíocht i nGiobráltar.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar trealamh gairmiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn B2 a ghabhann le Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le Cead Isteach Sealadach a aistriú ar tír gan an Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais a úsáid.
2.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag nós imeachta Airteagal 1(3) den Iarscríbhinn seo. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis is gá faighte ag an oifig imeachta i nGiobráltar chun a chruthú gur shroich na hearraí post custaim ainmnithe, baileoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na dleachtanna ábhartha CBL agus máil is infheidhme i mBallstát an phoist custaim ainmnithe agus aistreoidh sí na cánacha arna dtobhach chuig údaráis inniúla an Bhallstáit sin. Mar sin féin, i gcás inar féidir le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fianaise dhochloíte a sholáthar gur fhan na hearraí faoi idirthuras i nGiobráltar ar deireadh, toibheofar cáin idirbheart agus, más infheidhme, dleachtanna máil Ghiobráltar ina ionad sin.
3.
Sna socruithe riaracháin idir na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla maidir le cur chun feidhme mhír 2.
AIRTEAGAL 3
Dlí an Aontais is infheidhme
1.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo:
(a)
beidh feidhm ag rialacha nós imeachta idirthurais an Aontais, lena n-áirítear rialacha arna leasú nó arna n-ionadú amach anseo chomh maith le haon ghníomh de chuid an Aontais lena gcuirtear chun feidhme nó lena bhforlíontar na rialacha sin de chuid an Aontais;
(b)
déanfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, rialacha nós imeachta stórasaithe custaim an Aontais, nósanna imeachta próiseála isteach agus nósanna imeachta um chead isteach sealadach, údaruithe agus maoirseacht a liostaítear thíos a chur i bhfeidhm mutatis mutandis gan dochar do na forálacha speisialta a leagtar síos san Iarscríbhinn seo, ar choinníoll nach gcumhdaítear leis an údarú earraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 21. Beidh feidhm ag Airteagal 19 den Chomhaontú seo.
2.
Beidh an focal ‘Giobráltar’ ar dhoiciméid ráthaíochta agus ar dheimhnithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Iarscríbhinn seo.
3.
Chun críocha mhír 1(b), cumhdófar na gníomhartha seo a leanas le dlí an Aontais atá le cur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar:
(a)
Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, arna leasú le
(i)
Rialachán (AE) 2016/2339 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016
(ii)
Rialachán (AE) 2019/474 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019
(iii)
Rialachán (AE) 2019/632 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019
(iv)
Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022
Arna cheartú le:
Ceartúchán, IO L 287, 29.10.2013, lch. 90 (952/2013)
Ceartúchán, IO L 267, 30.9.2016, lch. 2 (952/2013)
Sainmhíniú ar chinneadh: Airteagal 5(39)
Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis chustaim: Airteagal 15
Cinntí a bhaineann leis na Cinntí Custaim a chur i bhfeidhm: Airteagail 22 go 32
Achomhairc: Airteagail 43 go 45
Coinneáil doiciméad agus faisnéise eile: Airteagal 51
Fiach custaim a thabhú: Airteagail 77 go 88
Ráthaíocht i dtaca le fiach poitéinsiúil custaim nó le fiach custaim atá ann cheana: Airteagail 88 go 100
Aisghabháil, íocaíocht, aisíocaíocht agus loghadh: Airteagail 101 go 126
Forálacha is infheidhme maidir le gach dearbhú custaim: Airteagail 170 go 176
Fíorú agus scaoileadh earraí: Airteagail 188 go 194
Diúscairt earraí: Airteagail 197 go 200
Nósanna Imeachta Speisialta – Forálacha ginearálta: Airteagail 210 go 224
Stórasú custaim: Airteagail 237 go 242
Cead isteach sealadach: Airteagail 250 go 253
Próiseáil isteach: Airteagail 255 go 258
(b)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe i dtaca le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais, arna leasú le:
(i)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015
(ii)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/651 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2016
(iii)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1063 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2018
(iv)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1118 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2018
(v)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/841 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019
(vi)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1143 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019
(vii)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/877 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2020
(viii)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2191 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020
(ix)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/234 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020
(x)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1934 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021
(xi)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/398 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022
Arna cheartú le:
Ceartúchán, IO L 087, 2.4.2016, lch. 35 (2015/2446)
Ceartúchán, IO L 096, 5.4.2019, lch. 55 (2016/341)
Sainmhínithe: Airteagail 1 (2), (3), (4), (12), (17), (23), (29), (30), (32), (33), (36), (41), (42)
Cinntí a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm: Airteagail 7a go 18
Fiach custaim a thabhú: Airteagail 72, 74, 76, 79
Ráthaíocht i dtaca le fiach poitéinsiúil custaim nó le fiach custaim atá ann cheana: Airteagail 81 go 84
Fógra maidir leis an bhfiach custaim agus éilimh ar íocaíocht ó chomhlachas ráthaíochta: Airteagail 87 agus 88
An fiach custaim a íoc: Airteagail 89 go 91
Fiach custaim a aisíoc agus a loghadh: Airteagail 92 go 97
Fiach custaim a mhúchadh: Airteagal 103
Forálacha is infheidhme maidir le gach dearbhú custaim: Airteagal 148
Earraí arna dtabhairt ar ais: Airteagal 158
Nósanna imeachta speisialta – Iarratas ar údarú: Airteagail 161, 162, 164, 165, 166 go 175, 177, 178 go 180 agus 182
Stórasú custaim: Airteagail 201 go 203
Cead isteach sealadach: Airteagail 204 go 238
Próiseáil isteach: Airteagail 240, 241
Faisnéis atá le soláthar sa bhille urscaoilte: Iarscríbhinn 71-06
(c)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, arna leasú le:
(i)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/989 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017
(ii)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/604 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2018
(iii)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1394 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2019
(iv)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/893 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2020
(v)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1727 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2020
(vi)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2038 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2020
(vii)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/235 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2021
(viii)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2334 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2022
Arna cheartú le:
Ceartúchán, IO L 087, 2.4.2016, lch. 35 (2015/2447)
Cinntí arna nglacadh ag na húdaráis chustaim: Airteagail 8 go 15
Fiach custaim agus ráthaíochtaí: Airteagail 148 go 158
Fiach custaim a aisghabháil, a aisíoc agus a loghadh: Airteagail 165, 166, 170, 171, 172 go 181
Earraí a chur faoi nós imeachta custaim: Airteagal 221
Fíorú agus scaoileadh earraí: Airteagail 238 go 247
Diúscairt earraí: Airteagail 248 go 250
Nósanna imeachta speisialta agus forálacha ginearálta maidir le hiarratas a dhéanamh agus cinntí maidir le húdarú: Airteagail 258 go 271
Cead isteach sealadach: Airteagail 322 agus 232
Próiseáil isteach: Airteagail 324 agus 325
AIRTEAGAL 4
Earraí de chuid an Aontais a thagann isteach i nGiobráltar ar muir
Agus Airteagal 247 den Chomhaontú seo á chur i bhfeidhm, féadfar earraí de chuid an Aontais a imréitíodh sa phost custaim ainmnithe in Algeciras chun imeacht as an Aontas a iompar ar muir go díreach ón bpost custaim ainmnithe sin go Giobráltar ar an mbealach is giorra, agus sroichfidh siad Giobráltar laistigh de 2 uair an chloig ón gcalafort a fhágáil faoi chumhdach nós imeachta idirthurais T2GI, dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) go 1(7) den Iarscríbhinn seo. Déanfar an long a dhíluchtú go hiomlán i nGiobráltar.
AIRTEAGAL 5
Earraí de chuid an Aontais a fhágann Giobráltar
Earraí de chuid an Aontais atá le honnmhairiú ó Ghiobráltar mar sholáthairtí loinge, féadfaidh siad críoch Ghiobráltar a fhágáil tríd an gcalafort nó tríd an aerfort, ar choinníoll go gcomhlíonann siad forálacha custaim agus cánachais indírigh an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta inchomparáide san Aontas. Tá feidhm ag Airteagal 8(1) d’Iarscríbhinn 21, cé is moite de thíolacadh na n-earraí ag post custaim ainmnithe.
________________
IARSCRÍBHINN 20
NA FORÁLACHA I nDLÍ AN AONTAIS
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 247(1)
1.
Déanfar gníomhartha de chuid an Aontais agus reachtaíocht choibhéiseach eile a chur i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar is gá chun saobhadh sa réigiún comharsanachta a sheachaint i ndáil le hAirteagal 247(1). Is iad seo a leanas na réimsí a chumhdaítear:
(a)
reachtaíocht chustaim mar a shainmhínítear i gCód Custaim an Aontais, cé is moite de na taraif-chuótaí uile, agus de na taraifí atá socraithe ar leibhéal níos ísle ná na taraifí sin atá i sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais maidir le trádáil in earraí, atá ionchorpraithe sa Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (1994) ar bhonn comhaontuithe trádála idirnáisiúnta, nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena ndeonaítear fabhair tharaife aontaobhacha;
(b)
Gníomhartha de chuid an Aontais lena rialaítear toirmisc agus srianta ar allmhairiú agus onnmhairiú ar mhaithe, inter alia, leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí; sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint; cosaint an chomhshaoil; seoda náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint; maoin thionsclaíoch nó tráchtála a chosaint, lena n-áirítear rialuithe ar réamhtheachtaithe drugaí, ar earraí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla áirithe agus ar airgead tirim; mar aon le gníomhartha de chuid an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme beart caomhnaithe agus bainistithe iascaigh agus le cur chun feidhme beart beartais tráchtála, beart sábháilteachta agus slándála nó beart a bhaineann le haon fhoirmiúlacht agus nós imeachta teorann atá le rialú agus le cur i bhfeidhm ag na húdaráis chustaim;
(c)
aon ghníomh eile de chuid an Aontais a dtagann a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach faoi dhlínse údaráis chustaim na mBallstát;
(d)
Reachtaíocht an Aontais maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart, arna leasú go deireanach ag Rialachán (AE) 2015/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(e)
Gníomhartha de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha, ceanglais agus caighdeáin táirgí is infheidhme i Margadh Aonair an Aontais, lena n-áirítear maidir le tobac agus táirgí gaolmhara, ceimiceáin, dramhaíl agus bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta;
(f)
an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus gníomhartha ábhartha de chuid an Aontais, a bhfuil an Conradh sin mar bhunús dlí acu;
(g)
Gníomhartha de chuid an Aontais lena rialaítear staidreamh trádála, gnéithe ginearálta a bhaineann le trádáil, ionstraimí cosanta trádála agus coimircí déthaobhacha;
(h)
Reachtaíocht an Aontais lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha; agus
(i)
Reachtaíocht an Aontais maidir le CBL, mál agus comhar riaracháin agus cúnamh aisghabhála.
Is iad na forálacha dá dtagraítear sa mhír seo na forálacha sin is infheidhme an tráth sin san Aontas.
2.
Déanfaidh an Chomhairle Comhair na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh ar bhealach níos mionsonraithe.
3.
Measfar gur cuid de chosaint leasanna airgeadais an Aontais é bailiú cuí dleachtanna custaim i nGiobráltar.
________________
IARSCRÍBHINN 21
AN NÓS IMEACHTA LE hAGHAIDH EARRAÍ
A THAGANN ISTEACH I nGIOBRÁLTAR AGUS A ONNMHAIRÍTEAR UAIDH
Ó THÍORTHA AGUS CRÍOCHA
LASMUIGH DEN AONTAS CUSTAIM AGUS CHUCU
I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 247(3)
AIRTEAGAL 1
Allmhairí ó thíortha agus ó chríocha lasmuigh den aontas custaim isteach i nGiobráltar
1.
Údaraítear don Aontas na foirmiúlachtaí imréitigh custaim is gá a dhéanamh, thar ceann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun earraí nach earraí de chuid an Aontais iad a thíolactar ag post custaim ainmnithe a scaoileadh i saorchúrsaíocht, nó chun na hearraí sin a chur faoi nós imeachta stórasaithe custaim, nós imeachta próiseála isteach nó nós imeachta um chead isteach sealadach mar a shainmhínítear i reachtaíocht chustaim an Aontais. Tá an tAontas freagrach freisin as an nós imeachta um údarú, as maoirseacht agus as na gnéithe eile de na nósanna imeachta sin i gcomhréir le reachtaíocht chustaim an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina gcumhdaíonn an t-údarú earraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 19 freisin. Is post custaim ainmnithe a dhéanfaidh na foirmiúlachtaí imréitigh agus údaraithe custaim sin, seachas foirmiúlachtaí imréitigh custaim a bhaineann le sláintíocht agus fíteashláintíocht a dhéanfar ag an gcéad phointe iontrála den Aontas nuair a cheanglaítear sin le reachtaíocht an Aontais. Tá an méid sin gan dochar do na ceadúnais trádála agus do na húdaruithe trádála a bhféadfadh sé gur ghá d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a dheonú d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl i nGiobráltar.
2.
Déanfar na foirmiúlachtaí imréitigh custaim i gcomhréir leis na forálacha sin de dhlí an Aontais a mbeadh feidhm acu dá ndéanfaí imréiteach custaim i leith na n-earraí sin san Aontas. Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag na taraif-chuótaí uile ná ag na taraifí atá socraithe ar leibhéal níos ísle ná na taraifí sin atá i sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais maidir le trádáil in earraí, atá ionchorpraithe sa Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (1994) ar bhonn comhaontuithe trádála idirnáisiúnta, nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena ndeonaítear fabhair tharaife aontaobhacha, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo agus faoi na coinníollacha a bhunaítear sa chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha.
3.
I gcás ina mbeidh dleachtanna ar allmhairí iníoctha ar earraí de bhun mhír 1, déanfar na dleachtanna sin a thobhach sa phost custaim ainmnithe ábhartha thar ceann na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar. Ní aisíocfaidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na suimeanna sin go díreach ná go hindíreach.
4.
Iontrálfar na dleachtanna ar allmhairí sna cuntais chustaim laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos le reachtaíocht ábhartha an Aontais.
Chun críoch rialaithe, déanfar dleachtanna a iontrálfar sna cuntais a thaifeadadh sa chlár freisin, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Iarscríbhinn seo, ina mbeidh sonraí na n-allmhairí uile atá ag triall ar Ghiobráltar, lena n-áirítear tagairt do na hearraí a allmhairítear, an dáta ar glacadh leis an dearbhú allmhairiúcháin, na míreanna muirir, an méid dleachta lena mbaineann agus an mháistir-uimhir thagartha.
5.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag rialacha nós imeachta idirthurais an Aontais, lena n-áirítear rialacha arna leasú nó arna n-ionadú amach anseo chomh maith le haon ghníomh de chuid an Aontais lena gcuirtear chun feidhme nó lena bhforlíontar na rialacha sin de chuid an Aontais, gan dochar do na forálacha speisialta a leagtar síos san Iarscríbhinn seo.
AIRTEAGAL 2
Gluaiseachtaí earraí go Giobráltar ó phoist chustaim ainmnithe an Aontais
1.
I gcás ina ndéantar earraí a shonraítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo agus atá ag triall ar Ghiobráltar a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó maidir le nósanna imeachta stórasaithe custaim, nós imeachta próiseála isteach nó nós imeachta um chead isteach sealadach ag ceann de na poist chustaim ainmnithe, úsáidfear an Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais ina dhiaidh agus an cód T1GI á chur i bhfeidhm. Déanfar sonraí faoi idirthuras na n-earraí chomh maith leis an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 6 den Iarscríbhinn seo a dhearbhú sa Chóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais ag an bpost custaim ainmnithe, ag gníomhú dó mar oifig imeachta, agus aistreofar na hearraí, tar éis an phróisis idirthurais, chuig údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, ag gníomhú dóibh mar oifig custaim chinn scríbe.
2.
Tabharfaidh an oifig custaim chinn scríbe i nGiobráltar, agus úsáid á baint aici as teachtaireacht ‘comhairle teachta’, fógra don phost custaim ainmnithe a ghníomhaigh mar oifig imeachta le haghaidh theacht isteach na n-earraí an lá a tíolacadh na hearraí i nGiobráltar ag an oifig cinn scríbe agus cuirfidh sí teachtaireacht ‘torthaí na rialaithe’ ar aghaidh chuig an oifig imeachta ar a dhéanaí an tríú lá oibre tar éis an lae a thíolactar na hearraí ag an oifig cinn scríbe, mar aon le cruthúnas gur toibhíodh an cháin idirbhirt agus na dleachtanna máil, i gcás inarb ábhartha, ar na hearraí i nGiobráltar, mura gcumhdaítear na hearraí leis an eisceacht dá dtagraítear in Airteagal 6(3) den Iarscríbhinn seo nó le nós imeachta speisialta faoi mhír 1 den Airteagal seo.
AIRTEAGAL 3
Dleacht ar allmhairí a bhailiú agus a iontráil sna cuntais ábhartha
1.
Maidir le dleacht ar allmhairí a bhailítear ar earraí atá ceaptha do Ghiobráltar a bhunú, faireachán a dhéanamh uirthi agus í a chur ar fáil, beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014. Go háirithe, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(a)
Na Ballstáit a bhfuil poist chustaim ainmnithe acu, coinneoidh siad cuntais ar leithligh maidir le Giobráltar le haghaidh dleacht ar allmhairí a bhailítear ar earraí atá ceaptha do Ghiobráltar, arb ionann iad agus na cinn dá bhforáiltear a mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse an Aontais faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014; agus
(b)
Bunóidh na poist chustaim ainmnithe na dleachtanna ar allmhairí a bhaineann le doiciméad T1GI i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus iontrálfar iad sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a).
2.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 maidir le táirgí agus earraí próiseáilte a aistrítear isteach i gcríoch Ghiobráltar a bhfuil fiach custaim tagtha chun cinn ina leith.
3.
De bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 6(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, cuirfidh na Ballstáit ráiteas ar a gcuntais dá dtagraítear i mír 1(a) chuig an gCoimisiún Eorpach. Bunófar an ráiteas ar an mbealach céanna leis na ráitis arna mbunú le haghaidh acmhainní dílse agus seolfar chuig an gCoimisiún Eorpach é in éineacht leis na ráitis a bhaineann le hacmhainní dílse. Léireofar sna ráitis freisin, áfach, méid iomlán na ndleachtanna ar allmhairí a bailíodh ag gach post custaim ainmnithe agus soláthrófar miondealú ar leibhéal an idirbhirt don Choimisiún Eorpach arna iarraidh sin dó.
4.
Coinneofar na doiciméid tacaíochta i gcomhréir leis an gcéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 3 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014. Déanfar na doiciméid sin agus na doiciméid eile a bhaineann le hacmhainní dílse a chomhdú ar leithligh.
5.
Ceartúcháin ar theidlíochtaí bunaithe nó ar chuntais a dhéanfar tar éis an 31 Nollaig den tríú bliain tar éis bhliain an bhunaithe tosaigh, ní dhéanfar iad a chur isteach sna cuntais, ach amháin ar phointí arna gcur in iúl roimh an dáta sin ag an gCoimisiún Eorpach nó ag Ballstát den Aontas nó ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar.
6.
Beidh feidhm ag Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle. Beidh feidhm ag na bearta cigireachta atá i gceist freisin maidir leis na doiciméid sin de réir bhrí phointe (c) d’Airteagal 2(3) den Rialachán sin lena gcruthaítear gur shroich na hearraí Giobráltar.
7.
Déanfaidh na Ballstáit na teidlíochtaí a iontráladh sna cuntais a chreidiúnú do chuntas an Choimisiúin Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear in Airteagal 10(1) den Rialachán sin, i gcomhréir le mír 1(a). Coinneoidh na Ballstáit, mar chostais bhailiúcháin, céatadán de na dleachtanna ar allmhairí a bhailítear thar ceann na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir leis an ráta coinneála is infheidhme san Aontas.
8.
Ní scaoilfear na Ballstáit ón oibleagáid na méideanna a chomhfhreagraíonn do na dleachtanna arna dtaifeadadh le haghaidh na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a chur ar fáil don Choimisiún Eorpach ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.
9.
Aistreoidh an Coimisiún Eorpach na méideanna a creidiúnaíodh chuig cuntas a d’oscail an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra ó Bhallstát gur creidiúnaíodh méid áirithe. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, sonraí an chuntais atá le creidiúnú in iúl don Choimisiún Eorpach agus íocfaidh sí aon mhuirir ar an gcuntas sin.
10.
Agus míreanna 1(a) agus 1(b) á gcur chun feidhme, beidh feidhm ag Airteagail 4 go 7 den Iarscríbhinn seo.
AIRTEAGAL 4
Nósanna imeachta cuntasaíochta ag poist chustaim ainmnithe a chur i gcrích
1.
Iontrálfar an dleacht ar allmhairí i ‘cuntais na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar’ (trí nós imeachta atá ar aon dul leis an nós imeachta a shonraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014) i gcomhréir le forálacha an Airteagail sin. Féadfaidh údaráis na mBallstát a bhfuil poist chustaim ainmnithe acu a chinneadh, áfach, gan iontráil a dhéanamh i ‘cuntais na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar’ más rud é go ndearnadh agóid i gcoinne na ndleachtanna bunaithe ar soláthraíodh urrús ina leith agus go bhféadfaí, ar na díospóidí a bheith réitithe, na dleachtanna sin a athrú. Sa chás sin, go dtí go bhfaighfear toradh ar na nósanna imeachta náisiúnta riaracháin nó dlíthiúla ina dhiaidh sin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla, déanfar méid na ndleachtanna ar allmhairí a thaifeadadh i gcuntais ar leithligh ‘an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar’ (trí nós imeachta atá ar aon dul leis an nós imeachta a shonraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014).
2.
Chun críocha mhír 1, measfar gur ‘údaráis inniúla’ iad seo a leanas:
(a)
maidir le haon cheist a bhaineann le cur chun feidhme na ndlíthe, na rialachán nó na bhforálacha riaracháin is infheidhme maidir le hábhair custaim, údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha an Bhallstáit a rinne an t‑imréiteach custaim nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha an Aontais;
(b)
maidir le haon cheist a bhaineann le forálacha nós imeachta, údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha an Bhallstáit a rinne an t-imréiteach custaim; agus
(c)
maidir le haon cheist a bhaineann le cur chun feidhme a bhaineann le haisghabháil éigeantach fiach, údaráis bhreithiúnacha na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i nGiobráltar nó na húdaráis inniúla laistigh den Aontas ina gcríoch.
AIRTEAGAL 5
An nós imeachta idirthurais speisialta a urscaoileadh
1.
Urscaoilfidh an oifig custaim imeachta an nós imeachta idirthurais speisialta nuair is féidir a shuí, ar bhonn comparáide idir na sonraí atá ar fáil don oifig custaim imeachta agus na sonraí atá ar fáil don oifig custaim chinn scríbe, go bhfuil críoch mar is ceart leis an nós imeachta.
2.
I gcás nach féidir an nós imeachta idirthurais speisialta a urscaoileadh agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis scaoileadh na n-earraí le haghaidh idirthurais, déanfar iontráil sa chlár dá dtagraítear thuas in Airteagal 1(4) den Iarscríbhinn seo agus déanfar ceartúchán ar an iontráil tosaigh i gcuntais na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar. Sa chás sin, bunófar na dleachtanna ar allmhairí mar acmhainní dílse an Aontais agus iontrálfar iad sna cuntais a shonraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 nó, i gcás inarb iomchuí, sna cuntais ar leithligh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(3) den Rialachán sin. Beidh an cur i bhfeidhm sin gan dochar d’aon cheartúchán a bhféadfadh gá a bheith leis, mar shampla, i bhfianaise imscrúduithe a dhéantar i gcomhthéacs na socruithe idirthurais nó mar thoradh ar ghníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh mar a leagtar síos sna Prótacail maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim agus maidir le comhar riaracháin agus comhrac na calaoise i réimse na cánach breisluacha agus na dleachta máil agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil.
AIRTEAGAL 6
Cáin idirbhirt agus dleachtanna máil
1.
Chun críoch rialaithe, coinneoidh an post custaim ainmnithe clár freisin ina mbeidh sonraí na n-allmhairí uile atá ag triall ar Ghiobráltar, lena n-áirítear na sonraí a leanas:
(a)
tagairt do na dualgais a iontráladh sna cuntais;
(b)
na cóid tráchtearraí;
(c)
cainníochtaí agus luach na n-earraí;
(d)
dáta glactha an dearbhaithe;
(e)
na míreanna muirir;
(f)
méid na dleachta atá i gceist;
(g)
an mháistir-uimhir thagartha (T1GIXXX); agus
(h)
aon sonraí eile is gá chun an cháin idirbhirt agus, i gcás inarb infheidhme, an dleacht mháil a ríomh.
Tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun méid na cánach idirbhirt agus na dleachta máil a ríomh, i gcás inarb infheidhme, arb é an méid atá dlite tráth a thíolacfar na hearraí i nGiobráltar d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar.
2.
I gcás nach dtíolacfar na teachtaireachtaí nó na cruthúnais maidir le cáin idirbhirt agus dleachtanna máil, i gcás inarb ábhartha, nó i gcás nárbh fhéidir an t-aistriú idirthurais a urscaoileadh, déanfar iontráil sa chlár dá dtagraítear i mír 1. Sa chás sin, caithfidh an post custaim ainmnithe ábhartha leis an aistriú mar iontráil neamhrialta agus toibheoidh sé an CBL agus na dleachtanna máil is infheidhme i mBallstát an phoist custaim ainmnithe. Beidh sealbhóir an nós imeachta idirthurais faoi dhliteanas i leith an mhéid ábhartha. Beidh cur i bhfeidhm seo an CBL agus na dleachta máil gan dochar d’aon cheartúchán a bhféadfadh gá a bheith leis i bhfianaise imscrúdú a dhéanfar nó mar thoradh ar ghníomhaíocht a dhéanfar i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh mar a leagtar síos sna Prótacail maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim agus maidir le comhar riaracháin agus comhrac calaoise i réimse na cánach breisluacha agus na dleachta máil agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil.
3.
De mhaolú ar mhír 2, earraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht i ndáil le dleachtanna ar allmhairí, a bhfuil gá gnó cuí-réasúnaithe ann tobhach cánach idirbhirt agus dleachtanna máil a chur ar fionraí ina leith, féadfaidh siad tairbhiú de na heisceachtaí a bhunaítear in Airteagal 1(5) d’Iarscríbhinn 19, agus beidh feidhm mutatis mutandis ag na coinníollacha agus ag an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 5 go 9 d’Airteagal 1 d’Iarscríbhinn 19.
AIRTEAGAL 7
Cur i gcrích na bhfoirmiúlachtaí teorann
le haghaidh earraí a chuirtear faoi nós imeachta speisialta seachas nós imeachta idirthurais
1.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 maidir le táirgí agus earraí próiseáilte a aistrítear isteach i gcríoch Ghiobráltar a bhfuil fiach custaim tagtha chun cinn ina leith.
2.
Déanfar an dearbhú custaim maidir le hurscaoileadh na nósanna imeachta próiseála isteach nó na nósanna imeachta um chead isteach sealadach a chur faoi bhráid an phoist custaim ainmnithe inar tíolacadh an dearbhú maidir leis na hearraí a chur faoin nós imeachta sin. Táirgí próiseáilte a fhaightear ó na hearraí a cuireadh faoin nós imeachta próiseála isteach, nó ó na hearraí a cuireadh faoi nós imeachta próiseála isteach nó faoi nós imeachta um chead isteach sealadach i nGiobráltar, ní mór iad a thíolacadh go fisiciúil sa phost custaim ainmnithe sin nuair a chuirtear isteach an dearbhú custaim um urscaoileadh.
3.
In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh earraí nó táirgí próiseáilte a fhaightear ó na hearraí a chuirtear faoi nós imeachta próiseála isteach nó earraí a chuirtear faoi nós imeachta um chead isteach sealadach Giobráltar a fhágáil ar muir lena n-onnmhairiú go tíortha agus críocha lasmuigh den aontas custaim ón gcalafort i nGiobráltar gan iad a bheith taispeánta go fisiciúil sa phost custaim ainmnithe. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe dearbhú ath-onnmhairiúcháin faoi bhráid an phoist custaim ainmnithe a dheonaigh an t-údarú próiseála isteach le haghaidh na n-earraí i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Iarscríbhinn seo, ar a laghad 48 uair an chloig sula ndéanfar aistriú éifeachtach na n-earraí ó chalafort Ghiobráltar. Ní mór na hearraí a bheith i láthair go fisiciúil i gcalafort Ghiobráltar tráth a chuirtear an dearbhú ath-onnmhairiúcháin faoi bhráid an phoist custaim ainmnithe. Urscaoilfidh an post custaim ainmnithe sin an nós imeachta próiseála isteach a luaithe a sholáthróidh sealbhóir an údaraithe cruthúnas gur fhág na hearraí an t-aontas custaim.
4.
In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, féadfar earraí a thagann ar muir chuig an gcalafort i nGiobráltar ó thíortha agus ó chríocha lasmuigh den aontas custaim a chur faoi nós imeachta próiseála isteach nó faoi nós imeachta um chead isteach sealadach. Ina theannta sin, maidir le breosla le haghaidh soithí tráchtála muirghabhála atá le cur faoin nós imeachta stórasaithe custaim lena úsáid ina dhiaidh sin i gcomhthéacs soláthairtí long, féadfaidh sé teacht ar muir chuig calafort Ghiobráltar. Seolfar an dearbhú custaim chuig post custaim ainmnithe agus ní aistreofar na hearraí ón gcalafort go dtí go scaoilfidh an post custaim ainmnithe na hearraí le haghaidh na nósanna imeachta speisialta ábhartha.
AIRTEAGAL 8
Onnmhairiú chuig tíortha agus críocha lasmuigh den aontas custaim ó Ghiobráltar
1.
Is ag aon phost custaim ainmnithe a dhéanfar oibríochtaí imréitigh custaim a bhaineann le honnmhairí ó Ghiobráltar chuig tíortha agus críocha lasmuigh den aontas custaim.
Is iad na poist chustaim ainmnithe a dhéanfaidh na hoibríochtaí imréitigh custaim a bhaineann le honnmhairí dá dtagraítear thuas i gcomhréir leis na forálacha sin de dhlí an Aontais a mbeadh feidhm acu dá n-onnmhaireofaí na hearraí ón Aontas.
2.
I gcás ina dtíolacfar na hearraí d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun críche mhír 1, eiseoidh na húdaráis sin doiciméad T1GI nó T2GI a chuirfear faoi bhráid post custaim ainmnithe, a ghníomhóidh mar oifig custaim chinn scríbe. I gcás ina dtíolacfar earraí i nGiobráltar d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, d’fhonn iad a aistriú chuig an Aontas, úsáidfear an Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais agus an cód T1GI nó T2GI á chur i bhfeidhm, de réir mar a bheidh (ath-onnmhairiú ó stóras custaim nó tar éis próiseáil isteach nó cead isteach sealadach). Dearbhófar sonraí idirthurais na n-earraí sa Chóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais agus aistreofar na hearraí tar éis an phróisis idirthurais chuig an bpost custaim ainmnithe atá ag gníomhú dó mar oifig cinn scríbe.
3.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag nós imeachta Airteagal 5 den Iarscríbhinn seo. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis is gá faighte ag an oifig custaim imeachta i nGiobráltar chun a chruthú gur shroich na hearraí post custaim ainmnithe, baileoidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás chód T2GI, na dleachtanna ábhartha CBL agus máil is infheidhme i mBallstát an phoist custaim ainmnithe agus aistreoidh sí na cánacha arna dtobhach chuig údaráis inniúla an Bhallstáit sin. Mar sin féin, i gcás inar féidir le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fianaise dhochloíte a sholáthar gur fhan na hearraí faoi idirthuras i nGiobráltar ar deireadh, toibheofar cáin idirbheart agus, i gcás inarb infheidhme, dleachtanna máil Ghiobráltar ina ionad sin.
I gcás T1GI, cuirfidh an oifig custaim imeachta an post custaim ainmnithe atá ag gníomhú dó mar oifig cinn scríbe san Aontas ar an eolas, agus bunóidh an post custaim sin na dleachtanna custaim, an CBL agus na dleachtanna máil, i gcás inarb infheidhme.
4.
Sna socruithe riaracháin idir na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla maidir le cur chun feidhme mhír 3.
5.
Ní fhéadfaidh soláthairtí loinge críoch Ghiobráltar a fhágáil tríd an gcalafort nó tríd an aerfort ach amháin i gcomhréir le forálacha custaim agus cánachais indírigh an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta inchomparáide san Aontas. Tá feidhm ag mír 1, cé is moite de thíolacadh na n-earraí ag post custaim ainmnithe.
Foscríbhinn 1
POIST CHUSTAIM AINMNITHE
1.
Áirítear san Fhoscríbhinn seo liosta de na poist chustaim arna n-ainmniú ag an Aontas chun críocha an Chomhaontaithe seo (‘poist chustaim ainmnithe’), post a mbeidh trí cinn acu ar a laghad ann agus a bheidh lonnaithe sa Spáinn, mar a leanas:
(a)
La Línea de la Concepción;
(b)
Algeciras; agus
(c)
Sagunto
2.
Mar sin féin, ainmneofar fophoist chustaim ainmnithe sa [Phortaingéil] le bheith inrochtana chun críocha an Chomhaontaithe seo agus chun feidhmiú go heisiach i gcás nach mbeidh rochtain ar aon cheann de na poist chustaim ainmnithe sa Spáinn ar feadh níos mó ná 24 uair an chloig mar gheall ar imthosca nárbh fhéidir a thuar nó ar chúiseanna force majeure. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún in iúl gan mhoill don [Phortaingéil] an gá atá le feidhmeanna na bhfophost custaim ainmnithe a chuirfidh na Nósanna Imeachta Leanúnachais Gnó i bhfeidhm faoi fhorálacha custaim an Aontais a ghníomhachtú.
Foscríbhinn 2
I gcás ina mbeadh na hearraí incháilithe do chóireáil fhabhrach taraife a leagtar amach sa chomhaontú thíos, cuirfear na taraif-chuótaí agus na taraifí sin agus, de réir mar a bheidh, nósanna imeachta fíorúcháin agus comhair riaracháin i bhfeidhm:
An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.
________________
IARSCRÍBHINN 22
MÓDÚLACHTAÍ PRAITICIÚLA MAIDIR LE hAIRTEAGAL 265 A CHUR I bhFEIDHM
AIRTEAGAL 1
Cuairteanna comhpháirteacha ar Ghiobráltar
1.
Cuirfidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas fógra faoi bhráid údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun cuairt chomhpháirteach a thabhairt ar údaráis inniúla an Aontais agus údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun cigireacht a dhéanamh ar na haerárthaí, na longa, na bonneagair agus na saoráidí ábhartha i nGiobráltar i gcás inar sainaithníodh riosca do Mhargadh Aonair an Aontais le haghaidh earraí.
2.
Cuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, iad féin ar fáil ionas gur féidir an chuairt a dhéanamh i gcomhpháirt le húdaráis inniúla an Aontais.
3.
Leagfar síos módúlachtaí praiticiúla na gcuairteanna a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo i socruithe riaracháin idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne.
AIRTEAGAL 2
Gníomhaíochtaí agus bearta
1.
Gan dochar d’Airteagail 260 go 264 den Chomhaontú seo, áireofar an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí agus sna bearta is féidir a dhéanamh le linn na gcuairteanna comhpháirteacha:
(a)
fíorú ar an bhfaisnéis ar líne, lena n-áirítear doiciméid chustaim, atá le soláthar i bhfíor-am ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le longa agus aerárthaí a thagann isteach sa chalafort agus san aerfort agus a imíonn astu, go háirithe chun críoch measúnaithe riosca;
(b)
cigireachtaí ar longa agus ar aerárthaí ag an gcalafort nó ag an aerfort, chun a fhíorú nach luchtaítear ná nach ndíluchtaítear earraí ó na longa agus ó na haerárthaí sin ach amháin i gcomhréir leis an Teideal seo;
(c)
rialuithe roghnaitheacha ar earraí a iompraítear i longa agus in aerárthaí ag an gcalafort nó ag an aerfort bunaithe ar mheasúnú riosca;
(d)
cigireacht randamach rioscabhunaithe ar earraí a thugann paisinéirí long agus aerárthaí leo, chun a fhíorú nach n-iompraíonn na paisinéirí sin earraí toirmiscthe, nó earraí i gcainníochtaí is mó ná na cainníochtaí a cheadaítear ar bhonn an Chomhaontaithe seo gan dochar d’Iarscríbhinn 23; agus
(e)
bearta cigireachta dá bhforáiltear in Airteagal 3(6) d’Iarscríbhinn 21.
Déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na gníomhaíochtaí agus na bearta go gasta.
2.
Gan dochar d’Airteagail 260 go 264 den Chomhaontú seo, beidh rochtain leanúnach fíor-ama ar líne ag na húdaráis inniúla laistigh den Aontas ar an bhfaisnéis seo a leanas:
(a)
sceideal ama na long agus na n-aerárthaí uile isteach agus amach ag an gcalafort agus ag an aerfort;
(b)
fógraí teachta agus imeachta gach loinge, báid agus aerárthaigh;
(c)
aon doiciméid chustaim atá ar fáil maidir leis na longa agus na haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a); agus
(d)
líon agus saintréithe na seiceálacha uile arna ndéanamh roimhe seo ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar chriú agus ar phaisinéirí na long agus na n-aerárthaí uile dá dtagraítear i bhfomhír (a) agus iad ag teacht isteach sa chalafort agus san aerfort nó ag imeacht astu.
AIRTEAGAL 3
Forfheidhmiú agus obair leantach ar chuairteanna comhpháirteacha
1.
Gan dochar d’Airteagal 252, mura gcomhlíonfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a n-oibleagáidí faoi Airteagal 1(2), cuirfear gluaiseacht earraí tráchtála isteach sa chalafort nó amach as, agus i gcás ina gceadaítear sin, earraí isteach nó amach as an aerfort i nGiobráltar, ar fionraí tar éis do na húdaráis inniúla laistigh den Aontas fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach. Tiocfaidh deireadh le haon fhionraí den sórt sin ag an bpointe a chomhlíonfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a n-oibleagáidí faoi Airteagal 1(2).
2.
Cuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na húdaráis inniúla laistigh den Aontas ar an eolas faoi na bearta a rinneadh agus na smachtbhannaí a glacadh tar éis torthaí cuairte comhpháirtí.
AIRTEAGAL 4
Cosaint sonraí
Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas faisnéis dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a úsáid ach amháin chun a gcearta faoin gComhaontú a fheidhmiú. Áiritheoidh an tAontas nach nochtfaidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas faisnéis ach amháin d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, mura mbeidh siad údaraithe amhlaidh ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar. Ní fhéadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, diúltú nochtadh den sórt sin a údarú ach amháin ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo.
AIRTEAGAL 5
Faisnéis ó phoist chustaim ainmnithe
Beidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i dteideal faisnéis i scríbhinn a iarraidh maidir leis an gcaoi a bhfuil an trádáil atá ceaptha do Ghiobráltar á riar. Cuirfidh an post custaim ainmnithe an fhaisnéis sin ar fáil a luaithe is féidir.
________________
IARSCRÍBHINN 23
FORÁLACHA MAIDIR LE hEARRAÍ, PEATAÍ AGUS AIRGEAD TIRIM ATÁ Á n-IOMPAR AG TAISTEALAITHE
I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAIL 247(3) AGUS 267
ROINN 1
RIALÚ AR AIRGEAD TIRIM
AIRTEAGAL 1
Sainmhínithe
1.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘ionstraimí soshannta iompróra’ ionstraimí seachas airgeadra agus a thugann teideal dá sealbhóirí suim airgeadais a éileamh ar na ionstraimí a thíolacadh, gan a bheith de dhualgas ar an sealbhóir aitheantas ná teideal chun na suime a chruthú. Is iad na hionstraimí sin:
(i)
seiceanna taistil; agus
(ii)
seiceanna, nótaí gealltanais nó orduithe airgid atá i bhfoirm iompróra, atá sínithe ach le hainm an íocaí fágtha ar lár, atá formhuinithe gan srian, atá déanta amach d’íocaí samhailteach, nó i bhfoirm eile a fhágann go n-aistrítear an teideal nuair a sheachadtar an t-airgead.
(b)
ciallaíonn ‘airgead tirim’ airgeadra, ionstraimí soshannta iompróra, tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha, agus cártaí réamhíoctha, de réir Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(c)
ciallaíonn ‘tráchtearra a úsáidtear mar stór luacha fíorleachtach’ earra, mar a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1672 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as, a bhfuil cóimheas ard luacha le toirt luaite leis agus is féidir a thiontú go héasca ina airgeadra trí mhargaí trádála inrochtana gan ach costais bheaga idirbhirt a thabhú;
(d)
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis chustaim na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne – ag brath ar an gceann scríbe; agus
(e)
ciallaíonn ‘airgeadra’ nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe, nó a bhí i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe agus is féidir a mhalartú fós trí institiúidí airgeadais nó bainc cheannais le haghaidh nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe.
2.
Beidh feidhm ag Airteagal 19 den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 2
Oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú
1.
Iompróirí a bhfuil airgead tirim dar luach EUR 10 000 nó níos mó ar iompar acu, déanfaidh siad an t-airgead tirim sin a dhearbhú do na húdaráis inniúla san aerfort mar riail ghinearálta agus iad ag teacht isteach i nGiobráltar nó ag dul amach as agus cuirfidh siad an t-airgead tirim ar fáil dóibh lena rialú. Ní mheasfar go mbeidh an oibleagáid airgead tirim a dhearbhú comhlíonta má sholáthraítear faisnéis mhícheart nó neamhiomlán nó mura gcuirtear an t-airgead tirim ar fáil lena rialú.
2.
Sa dearbhú dá dtagraítear i mír 1, soláthrófar sonraí maidir leo seo a leanas:
(a)
an t-iompróir, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais;
(b)
úinéir an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais i gcás gur duine nádúrtha an t-úinéir, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL i gcás gur duine dlítheanach an t-úinéir;
(c)
i gcás ina mbeidh fáil air, faighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais, i gcás gur duine nádúrtha an faighteoir atá beartaithe, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL, i gcás i gcás gur duine dlítheanach an faighteoir atá beartaithe;
(d)
cineál agus méid nó luach an airgid thirim;
(e)
foinse eacnamaíoch an airgid thirim;
(f)
an úsáid atá beartaithe a bhaint as an airgead tirim;
(g)
an bealach iompair; agus
(h)
an modh iompair.
3.
Soláthrófar na sonraí a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo i scríbhinn nó go leictreonach agus úsáid á baint as an dearbhú dá dtagraítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Seachadfar cóip fhormhuinithe den dearbhú chuig an dearbhóir arna iarraidh sin.
AIRTEAGAL 3
Cumhachtaí na n-údarás inniúil
1.
Chun a fhíorú go bhfuil an oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú a leagtar síos in Airteagal 2 á comhlíonadh, beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla rialuithe a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha, a mbagáiste agus a gcóir iompair, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear sa Chomhaontú seo agus a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Déanfar na rialuithe sin ar áitreabh an aerfoirt mar riail ghinearálta, lena n-áirítear maidir le paisinéirí a thagann isteach tríd an gcalafort nó a fhágann tríd.
2.
Mura gcomhlíonfar an oibleagáid airgead tionlactha a dhearbhú faoi Airteagal 2, déanfaidh na húdaráis inniúla dearbhú ex officio a chumadh i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach ina mbeidh a mhéid is féidir na sonraí a liostaítear in Airteagal 2(2).
3.
Chun críocha Airteagal 4, déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin Airteagal seo a fheidhmiú freisin.
AIRTEAGAL 4
Suimeanna atá faoi bhun na tairsí agus a bhfuil amhras ina dtaobh go bhfuil siad bainteach le gníomhaíocht choiriúil
I gcás ina mbraitheann na húdaráis inniúla iompróir agus suim airgid thirim aige atá faoi bhun na tairsí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus go bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead le gníomhaíocht choiriúil, déanfaidh siad an fhaisnéis sin agus na mionsonraí a liostaítear in Airteagal 2(2) a thaifeadadh.
AIRTEAGAL 5
Coinneáil sealadach airgid thirim ag údaráis inniúla
1.
Féadfaidh na húdaráis inniúla airgead tirim a choinneáil ar bhonn sealadach trí chinneadh riaracháin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo agus sa dlí náisiúnta sna cásanna seo a leanas:
(a)
níor comhlíonadh an oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú faoi Airteagal 2; nó
(b)
tá tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim, gan beann ar an méid, le gníomhaíocht choiriúil.
2.
Beidh an cinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 1 faoi réir leigheas éifeachtach i gcomhréir le nósanna imeachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. Maidir leis an ráiteas ar chúiseanna leis an gcinneadh riaracháin, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra ina leith:
(a)
don duine ar a gceanglaítear an dearbhú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2; nó
(b)
don duine ar a gceanglaítear an fhaisnéis a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 4.
3.
Ní rachaidh an tréimhse coinneála sealadaí thar a bhfuil de dhíth ar na húdaráis inniúla, faoin dlí náisiúnta, chun a chinneadh an éilíonn imthosca an cháis go gcoimeádfaí an t-airgead faoi choinneáil ar feadh tréimhse níos faide. Is 30 lá ar a mhéad a bheidh sa tréimhse coinneála sealadaí. Tar éis do na húdaráis inniúla measúnú críochnúil a dhéanamh ar a riachtanaí agus a chomhréirí a bheadh tuilleadh coinneála sealadaí, féadfaidh siad a chinneadh an tréimhse coinneála sealadaí a fhadú suas le huastréimhse 90 lá. I gcás nach ndéantar cinneadh laistigh den tréimhse sin maidir leis an airgead tirim a choimeád faoi choinneáil a thuilleadh nó má chinntear nach n-éilíonn imthosca an cháis go gcomeádfaí faoi choinneáil é ar feadh tréimhse níos faide, scaoilfear an t-airgead láithreach chuig an duine:
(a)
a ndearnadh an t-airgead a choinneáil go sealadach uaidh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 2; nó
(b)
a ndearnadh an t-airgead a choinneáil go sealadach uaidh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 4.
AIRTEAGAL 6
Faisnéis a sholáthar don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA)
Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis a fhaightear sna dearbhuithe airgid thirim agus le linn a rialuithe a tharchur chuig an Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) atá inniúil don Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar.
AIRTEAGAL 7
Pionóis
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar pionóis a thabhairt isteach a mbeidh feidhm acu i gcás nach gcomhlíonfar an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 2 maidir le hairgead tirim tionlactha a dhearbhú. Beidh na pionóis sin éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.
ROINN 2
LIÚNTAIS na dTAISTEALAITHE
AIRTEAGAL 8
Ní dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, ar bhonn tairseacha airgeadaíochta nó teorainneacha cainníochtúla nach mó ná na cinn dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, earraí arna n-allmhairiú i mbagáiste pearsanta taistealaithe a dhíolmhú ó dhleachtanna custaim agus ó chánachas indíreach, ach amháin ar choinníoll gur de chineál neamhthráchtála na hallmhairí.
AIRTEAGAL 9
Chun críocha chur i bhfeidhm na ndíolúintí, measfar gurb é atá i gceist le bagáiste pearsanta iomlán an bhagáiste atá taistealaí in ann a thíolacadh do na húdaráis chustaim ar theacht isteach dó, mar aon le bagáiste a thíolacann sé níos déanaí do na húdaráis chéanna, faoi réir cruthúnas gur cláraíodh an bagáiste sin mar bhagáiste tionlactha, tráth a imeachta, leis an gcuideachta a bhí freagrach as é a iompar. Ní mheasfar gur bagáiste pearsanta é breosla seachas an breosla dá dtagraítear in Airteagal 15.
AIRTEAGAL 10
1.
Chun críocha chur i bhfeidhm na ndíolúintí agus gan dochar d’Airteagail 11 go 17 den Iarscríbhinn seo, measfar gur de chineál neamhthráchtála allmhairí más rud é nach bhfuil iontu ach earraí le haghaidh úsáid phearsanta nó úsáid teaghlaigh taistealaithe, nó earraí atá beartaithe mar bhronntanais. Níor cheart an mhinicíocht lena n-allmhairíonn taistealaithe na hearraí, ná cineál ná cainníocht na n-earraí a thabhairt le fios go bhfuil siad á n-allmhairiú ar chúiseanna tráchtála.
2.
Earraí a allmhairítear i mbagáiste pearsanta taistealaithe a sháraíonn na tairseacha airgeadaíochta nó na teorainneacha cainníochtúla dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, ach a mheastar a bheith neamhthráchtála fós i gcomhréir le mír 1, beidh siad faoi réir na ndearbhuithe, na rialuithe agus na seiceálacha a bhunaítear in Airteagal 22(2) den Iarscríbhinn seo.
AIRTEAGAL 11
1.
Díolmhóidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar allmhairí earraí neamhthráchtála i gcás taistealaithe aeir agus farraige ó dhleachtanna custaim agus ó chánachas indíreach, seachas na hearraí sin dá dtagraítear in Airteagail 12, 13 agus 15 den Iarscríbhinn seo, mura sáraíonn luach iomlán na n-allmhairí méid atá coibhéiseach le EUR 430 in aghaidh an duine.
Díolmhóidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, mar aon leis an Aontas, allmhairí earraí neamhthráchtála ó dhleachtanna custaim agus ó chánachas indíreach i gcás taistealaithe ar thalamh seachas na hearraí sin dá dtagraítear in Airteagail 12, 13 agus 15 den Iarscríbhinn seo, mura sáraíonn luach iomlán na n-allmhairí méid atá coibhéiseach le EUR 300 in aghaidh an duine.
2.
I gcás taistealaithe faoi bhun 15 bliana d’aois, gan beann ar an modh iompair a úsáideann siad, EUR 175 a bheidh sna tairseacha airgeadaíochta dá dtagraítear i bhfomhír 1.
3.
Chun críocha na tairseacha airgeadaíochta a chur i bhfeidhm, ní fhéadfar luach ítime aonair a roinnt.
4.
Ní chuirfear san áireamh luach bagáiste phearsanta taistealaí, a allmhairítear go sealadach nó a athallmhairítear tar éis a onnmhairithe shealadaigh, ná luach na dtáirgí íocshláinte is gá chun freastal ar riachtanais phearsanta taistealaí chun críocha chur i bhfeidhm na ndíolúintí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
AIRTEAGAL 12
1.
Díolmhóidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar allmhairí ar aer agus ar muir de na cineálacha táirgí tobac a leanas ó dhleachtanna custaim agus ó chánachas indíreach:
(a)
200 toitín nó 80 toitín i gcás baill de chriú modha iompair a úsáidtear chun teorainneacha a thrasnú;
(b)
100 todóigín;
(c)
50 todóg; agus
(d)
250 g de thobac eile chun a chaite ina dheatach.
2.
Díolmhóidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, mar aon leis an Aontas, allmhairí de thalamh de na cineálacha táirgí tobac a leanas ó dhleachtanna custaim agus ó chánachas indíreach:
(a)
200 toitín nó 80 toitín i gcás cónaitheoirí nó oibrithe ag an réigiún teorann;
(b)
100 todóigín;
(c)
50 todóg; agus
(d)
250 g de thobac eile chun a chaite ina dheatach.
3.
Chun críocha mhír 4, is éard a bheidh i ngach méid a shonraítear i bpointí (a) go (d) 100 % den lamháltas iomlán le haghaidh táirgí tobac. Ní fhéadfaidh todóigíní dul thar uasmheáchan 3 ghram an ceann.
4.
I gcás aon taistealaí amháin, féadfar an díolúine a chur i bhfeidhm maidir le haon teaglaim de tháirgí tobac, ar choinníoll nach mó ná 100 % comhiomlán na gcéatadán a úsáidtear as na liúntais aonair.
AIRTEAGAL 13
1.
Díolmhóidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar alcól agus deochanna alcólacha, seachas fíon socair agus beoir, ó dhleachtanna custaim agus ó chánachas indíreach, faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla seo a leanas:
(a)
1 lítear ar an iomlán d’alcóil agus deochanna alcólacha ar mó a neart alcóil ná 22 % de réir toirte, nó alcól eitile gan dínádúrú 80 % de réir toirte agus os a chionn; agus
(b)
2 lítear ar an iomlán d’alcóil agus deochanna alcólacha nach mó a neart alcóil ná 22 % de réir toirte.
Chun críocha mhír 2, is éard a bheidh i ngach ceann de na méideanna a shonraítear i bpointí (a) agus (b) 100 % den lamháltas iomlán le haghaidh alcóil agus deochanna alcólacha.
2.
I gcás aon taistealaí amháin, féadfar an díolúine a chur i bhfeidhm maidir le haon teaglaim de na cineálacha alcóil agus dí alcólacha dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll nach mó ná 100 % comhiomlán na gcéatadán a úsáidtear suas ó na liúntais aonair.
3.
Díolmhóidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar 4 lítear d’fhíon socair agus 16 lítear de bheoir san iomlán ó chánachas indíreach.
AIRTEAGAL 14
Ní bheidh feidhm ag díolúintí faoi Airteagail 12 nó 13 i gcás taistealaithe faoi bhun 17 mbliana d’aois.
AIRTEAGAL 15
Díolmhóidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, i gcás aon mhodh iompair mótair amháin, an breosla atá san umar caighdeánach agus cainníocht breosla nach mó ná 10 lítear atá i gcoimeádán iniompartha ó dhleachtanna custaim agus ó chánachas indíreach.
AIRTEAGAL 16
Ní chuirfear luach na n-earraí dá dtagraítear in Airteagail 12, 13 nó 15 san áireamh chun an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 11 a chur i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 17
Earraí de chineál neamhthráchtála a thugann taistealaithe isteach i gcomhréir le hAirteagail 8 go 16 den Iarscríbhinn seo agus iad ag gluaiseacht idir an tAontas agus Giobráltar, ní bheidh siad faoi réir aisíocaíocht cánacha indíreacha ar imeacht dóibh as críoch Páirtí agus ar theacht isteach dóibh i gcríoch an Pháirtí eile.
AIRTEAGAL 18
Ag deireadh na hidirthréimhse mar a leagtar síos in Airteagal 2 d’Iarscríbhinn 6 nó mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 248 agus d’ainneoin Airteagal 247(5) den Chomhaontú seo:
(a)
déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun a áirithiú go gcaithfear le hearraí neamhthráchtála i mbagáiste taistealaithe a thagann ó Ghiobráltar ar talamh nó trí aerfort nó calafort Ghiobráltar mar idirbhearta de thionscnamh na Spáinne a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil comhchuibhithe agus CBL, ar choinníoll gur cuireadh córas i bhfeidhm i nGiobráltar lena gcuirtear dleachtanna máil agus cáin idirbhirt i bhfeidhm, lena n-áirítear rátaí agus díolúintí dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo;
(b)
déanfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar na bearta is gá chun a áirithiú go gcaithfear le hearraí neamhthráchtála i mbagáiste taistealaithe a thagann go Giobráltar ar talamh nó ó aerfort nó ó chalafort laistigh den Aontas mar idirbhearta de thionscnamh Ghiobráltar a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil comhchuibhithe agus cáin idirbhirt chomhchuibhithe, ar choinníoll gur cuireadh córas i bhfeidhm i nGiobráltar lena gcuirtear dleachtanna máil agus cáin idirbhirt i bhfeidhm, lena n-áirítear rátaí agus díolúintí dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo; agus
(c)
i gcás ina mbeidh saobhadh faoi Airteagal 248(4)(b) suite ag an gcomhlacht comhairleach neamhspleách agus nach mbeidh a hoibleagáid faoi Airteagal 248(5) comhlíonta ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, féadfaidh na Páirtithe liúntais a thabhairt isteach arís le haghaidh earraí neamhthráchtála i mbagáiste taistealaithe. Ní fhéadfaidh na Páirtithe lamháltais den sórt sin a thabhairt isteach arís i gcás inar agair an tAontas an nós imeachta coimirce faoi Airteagal 249.
ROINN 3
BIA, PLANDAÍ, TÁIRGÍ PLANDAÍ AGUS PEATAÍ
AIRTEAGAL 19
1.
Maidir leis an mbagáiste pearsanta agus na peataí atá ag taisteal in éineacht le taistealaithe agus iad ag teacht isteach sa chalafort agus san aerfort i nGiobráltar, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas de dhlí an Aontais sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar:
(a)
Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) – Cuid VI (Airteagail 244-256);
(b)
Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí atá le glacadh ar bhonn Airteagail 3(5), 245(3), 246(3), 249(3), 252(1) agus 254 den Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe [i bhfeidhm ón 22 Aibreán 2026];
(c)
Rialacháin Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún‘lena nglactar liostaí de thríú tíortha nó críocha a chomhlíonann coinníollacha áirithe maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí’, ‘lena mbunaítear múnla de dhoiciméid aitheantais agus dearbhuithe maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí’ agus ‘lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair maidir le hinmhíolú le Echinococcus multilocularis agus lena gceartaítear Iarscríbhinn VIII’, atá le glacadh ar bhonn Airteagail 36(4), 245(4), 253(1) agus 255 den Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe [a bheidh i bhfeidhm ón 22 Aibreán 2026];
(d)
Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle;
(e)
Airteagail 7, 8, 9, 11 agus 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe sonracha maidir le bagáiste pearsanta paisinéirí agus maidir le coinsíneachtaí beaga earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha, earraí nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún;
(f)
Airteagail 164 agus 165 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach; agus
(g)
Airteagal 3(s) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
[Reachtaíocht a bheidh i bhfeidhm go dtí an 21 Aibreán 2026:]
(h)
Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (a bheidh i bhfeidhm go dtí an 21 Aibreán 2026);
(i)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2013 maidir leis an múnla de dhoiciméid aitheantais le haghaidh gluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad, maidir le liostaí críoch agus tríú tíortha a bhunú agus maidir le formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe lena bhfianaítear comhlíonadh coinníollacha áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bheidh i bhfeidhm go dtí an 21 Aibreán 2026);
(j)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/772 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta coisctheacha sláinte chun ionfhabhtú Echinococcus multilocularis i madraí a rialú, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1152/2011 (a bheidh i bhfeidhm go dtí an 21 Aibreán 2026);
(k)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/878 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2018 lena nglactar liosta na mBallstát, nó codanna de chríoch na mBallstát, a chomhlíonann na rialacha maidir le catagóiriú a leagtar síos in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/772 maidir le bearta coisctheacha sláinte a chur i bhfeidhm chun ionfhabhtú Echinococcus multilocularis i madraí a rialú (a bheidh i bhfeidhm go dtí an 21 Aibreán 2026);
(l)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír (a bheidh i bhfeidhm go dtí an 21 Aibreán 2026); agus
(m)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2021 lena mbunaítear an múnla de dhoiciméad aitheantais maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE (a bheidh i bhfeidhm go dtí an 21 Aibreán 2026).
2.
Na nósanna imeachta agus na rialuithe a bhunaítear sa reachtaíocht a liostaítear i mír 1, ní bheidh feidhm acu maidir le bagáiste pearsanta ná maidir leis na peataí a thugann taistealaithe leo agus iad ag gluaiseacht idir an tAontas agus Giobráltar tríd an teorainn talún.
3.
Beidh feidhm ag Airteagal 19 den Chomhaontú seo.
ROINN 4
FORÁLACHA COITEANNA DEIRIDH
AIRTEAGAL 20
1.
Táirgí a thugann taistealaithe ar talamh isteach san Aontas díreach tar éis teacht isteach dóibh tríd an gcalafort agus tríd an aerfort, tá siad díolmhaithe ó na nósanna imeachta is infheidhme maidir le hearraí, peataí agus airgead tirim a bhunaítear san Iarscríbhinn seo.
2.
Chun mír 1 a chur i bhfeidhm, áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar earraí i mbagáiste paisinéirí a bheidh ag teacht tríd an gcalafort a aistriú láithreach chuig an aerfort, mar riail ghinearálta, chun na seiceálacha is gá a dhéanamh, ag an am céanna agus faoi na coinníollacha céanna leis na seiceálacha a dhéanfar ar na paisinéirí féin mar a fhoráiltear in Airteagal 29(3) den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 21
Reachtaíocht ábhartha an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
toirmisc agus srianta, lena n-áirítear go háirithe na rialacha maidir le hairm, dé-úsáid, earraí cultúrtha agus CITES; agus
(b)
beidh feidhm ag an oibleagáid smachtbhannaí a fhorchur
maidir le hearraí san Iarscríbhinn seo atá ag teacht isteach i nGiobráltar agus ag imeacht as mar a shonraíonn an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil.
AIRTEAGAL 22
1.
Bunófar socruithe riaracháin idir an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar agus Ríocht na Spáinne chun faisnéis a mhalartú maidir le dearbhuithe agus faisnéis a fhaightear faoin Iarscríbhinn seo agus i ndáil le cur i bhfeidhm nósanna imeachta, rialuithe agus seiceálacha ar earraí, ar airgead tirim agus ar pheataí arna n-iompar ag paisinéirí a thagann isteach i nGiobráltar nó san Aontas ar talamh, agus i ndáil le reachtaíocht an Aontais a liostaítear in Airteagal 21 den Iarscríbhinn seo.
2.
Bunóidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas cuntar san aerfort a fheidhmeoidh mar oifig brainse de phost custaim ainmnithe, chun críche dearbhuithe, rialuithe agus seiceálacha agus chun na críche sin amháin:
(a)
maidir le hearraí a thugann taistealaithe isteach i nGiobráltar ó lasmuigh den aontas custaim nó maidir le hearraí a thugann taistealaithe ó Ghiobráltar isteach san Aontas; agus
(b)
maidir le hairgead tirim atá le teacht isteach san Aontas
ar talamh, ar muir nó san aer.
3.
Gan dochar do mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar rialuithe agus seiceálacha a chur chun feidhme maidir leis na hearraí sin atá á n-iompar ag taistealaithe idir an tAontas agus Giobráltar tráth ar bith agus ag aon phointe ar a gcríoch chustaim, lena n-áirítear an teorainn talún, nuair a mheastar gur gá sin.
Foscríbhinn 1
FOIRM DHEARBHÚCHÁIN AIRGID THIRIM
________________
IARSCRÍBHINN 24
CÁNACHAS INDÍREACH I nGIOBRÁLTAR
AGUS AIRTEAGAIL 247(3) AGUS 248 Á gCUR I bhFEIDHM
ROINN 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Raon feidhme agus inmhuirearacht na cánach idirbhirt agus na dleachta máil
1.
Déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar an cháin idirbhirt, agus an dleacht mháil, i gcás inarb infheidhme, a mhuirearú agus a bhailiú:
(a)
i gcás ina n-aistreofar na hearraí a bhí i saorchúrsaíocht san Aontas go Giobráltar, ar thíolacadh na n-earraí d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, ar earraí iad a iompraítear faoin gcóras idirthurais speisialta do Ghiobráltar i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 19;
(b)
i gcás ina n-allmhaireofar na hearraí ó thíortha agus ó chríocha lasmuigh den aontas custaim isteach i nGiobráltar, ar thíolacadh na n-earraí d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, ar earraí iad a iompraítear faoin gcóras idirthurais speisialta do Ghiobráltar i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 21;
(c)
más rud é, laistigh de na nósanna imeachta speisialta a bhunaítear in Iarscríbhinní 19 agus 21 (nósanna imeachta fioscacha nó custaim), go gcuirfear earraí de chuid an Aontais ar an margadh i nGiobráltar nó gur tháinig fiach custaim chun cinn i leith earraí nach earraí de chuid an Aontais iad;
(d)
nuair a fhágann earraí a tháirgtear i nGiobráltar an láithreán táirgthe;
(e)
nuair a fhaightear amach gur tháinig earraí isteach go neamhrialta i nGiobráltar; nó
(f)
nuair a thugann taistealaithe earraí isteach i nGiobráltar atá os cionn na dtairseach cainníochtúil dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 23 ach nach meastar fós gur de chineál tráchtála iad tar éis seiceálacha a dhearbhú nó a thabhairt i gcrích.
2.
Chun críocha phointe (d) de mhír 1, meastar gur fhág earraí an láithreán táirgthe:
(a)
nuair a dhéanann an táirgeoir na hearraí a sheoladh nó a iompar go fisiciúil amach as an tsaoráid táirgeachta nó nuair a dhéantar sin thar a cheann, gan beann ar cheann scríbe ná ar chuspóir na gluaiseachta sin;
(b)
an tráth a aistrítear an ceart chun earraí a dhiúscairt mar úinéir chuig páirtí eile, trí dhíolachán, trí mhalartú nó trí aon mhodh dlíthiúil eile, fiú má fhanann na hearraí ag an tsaoráid táirgeachta.
AIRTEAGAL 2
An méid inchánach agus ráta na cánach idirbhirt
1.
Cinnfear an méid inchánach le haghaidh earraí a allmhairítear isteach i nGiobráltar de réir an luacha chun críoch custaim. Beidh an méid seo a leanas san áireamh ann, sa mhéid nár áiríodh na heilimintí sin sa luach custaim cheana féin:
(a)
cánacha, dleachtanna, tobhaigh agus muirir eile (lena n-áirítear dleachtanna máil) atá dlite i ngeall ar allmhairiú, gan an cháin idirbhirt atá le tobhach a chur san áireamh; agus
(b)
speansais theagmhasacha, amhail costais choimisiúin, phacála, iompair agus árachais.
2.
Is é an méid inchánach le haghaidh earraí a tháirgtear i nGiobráltar an luach margaidh oscailte tráth a fhágann na hearraí an láithreán táirgthe.
Ciallóidh ‘luach margaidh oscailte’ an méid iomlán a mbeadh ar chustaiméir ag an gcéim mhargaíochta chéanna a íoc le soláthróir ar neamhthuilleamaí i nGiobráltar chun na hearraí atá i gceist a fháil an tráth sin, faoi choinníollacha iomaíochta córa.
I gcás nach féidir soláthar inchomparáide earraí a fhionnadh, ciallóidh ‘luach margaidh oscailte’ méid nach lú ná praghas ceannaigh na n-earraí nó na n-earraí comhchosúla nó, in éagmais praghas ceannaigh, an costasphraghas, arna chinneadh tráth a fhágann na hearraí an láithreán táirgthe.
3.
Socrófar ráta na cánach idirbhirt mar a leanas:
(a)
socrófar an ráta caighdeánach ag ráta nach lú ná an ráta caighdeánach CBL is ísle a chuireann Ballstát i bhfeidhm, ar ráta é atá comhionann le 17 % tráth sínithe an Chomhaontaithe seo.
De mhaolú ar an méid thuas, féadfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar a ráta caighdeánach a mhéadú de réir a chéile thar thréimhse 3 bliana chun an ráta caighdeánach CBL is ísle a chuireann Ballstát i bhfeidhm a bhaint amach, ar ráta é atá comhionann le 17 % tráth sínithe an Chomhaontaithe seo, i gcomhréir leis an tábla thíos tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
Bliain 1
|
Bliain 2
|
Bliain 3
|
|
15 %
|
16 %
|
17 % (nó cibé ráta a d’fhéadfadh a bheith ar an ráta is ísle a chuireann aon Bhallstát i bhfeidhm an tráth sin)
|
I gcomhthéacs an mheasúnaithe leanúnaigh arna dhéanamh ag an gcomhlacht comhairleach neamhspleách faoi Airteagal 248(4)(a), féadfaidh an comhlacht sin, chun saobhadh iarbhír suntasach i nGiobráltar nó in Campo de Gibraltar a sheachaint, a mholadh, tráth ar bith le linn na tréimhse 3 bliana dá dtagraítear thuas nó ina diaidh, gur cheart feidhm a bheith ag ráta caighdeánach níos airde nó níos ísle maidir le rogha earraí nó catagóirí earraí. I gcásanna den sórt sin:
(i)
is é an ráta is airde a d’fhéadfaí a mholadh cibé ráta a mheasfaidh an comhlacht comhairleach neamhspleách a bheith iomchuí chun deireadh a chur leis an saobhadh a bhaineann leis na difríochtaí i rátaí na cánach idirbhirt a ghearrann an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar ar na hearraí nó ar na catagóirí earraí sin i gcomparáid leis na rátaí CBL a ghearrann Ríocht na Spáinne ar na hearraí céanna nó ar an gcatagóir chéanna earraí;
(ii)
ní bheadh an ráta níos ísle a d’fhéadfadh an comhlacht comhairleach neamhspleách a mholadh riamh níos ísle ná 2 phointe céatadáin faoi bhun an ráta chaighdeánaigh CBL is ísle a chuireann aon Bhallstát i bhfeidhm.
Tar éis na tréimhse 3 bliana, mura leor na moltaí chun rátaí a chur i bhfeidhm atá éagsúil (níos airde nó níos ísle) ón ráta caighdeánach maidir le rogha earraí nó catagóirí earraí chun saobhadh suntasach iarbhír a sheachaint i nGiobráltar nó in Campo de Gibraltar a bhaineann leis na difríochtaí i rátaí na cánach idirbhirt a ghearrann an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar i gcomparáid leis na rátaí CBL a ghearrann Ríocht na Spáinne, féadfaidh an comhlacht comhairleach neamhspleách a mholadh, i gcomhthéacs a mheasúnaithe bhliantúil faoi Airteagal 248(4)(b), go ndéanfar an ráta caighdeánach a choigeartú suas nó síos le haghaidh na n-earraí uile atá faoi réir an ráta sin.
(b)
an ráta laghdaithe is infheidhme maidir le hearraí a chinnfear i gcomhréir le mír 5, ní bheidh sé níos lú ná 5 %.
Aon choigeartú ar an ráta laghdaithe ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, tar éis moladh a fháil ón gcomhlacht comhairleach neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 248(4), féadfaidh baint a bheith aige leis na hearraí uile nó le hearra sonrach nó le catagóir earraí, agus d’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist leis earra nó catagóir earraí a athrú ó ráta laghdaithe go ráta caighdeánach nó go ráta forlaghdaithe.
4.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar ráta forlaghdaithe is lú ná 5 % a chur i bhfeidhm maidir leis na hearraí a liostaítear in Airteagal 2 d’Fhoscríbhinn 1.
Aon choigeartú ar an ráta forlaghdaithe ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, tar éis moladh a fháil ón gcomhlacht comhairleach neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 248(4), féadfaidh baint a bheith aige leis na hearraí uile nó le hearra sonrach nó le catagóir earraí, agus d’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist leis earra nó catagóir earraí a athrú ó ráta forlaghdaithe go ráta laghdaithe nó go ráta caighdeánach.
5.
Áirítear i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo liosta na n-earraí a bhfuil feidhm ag ráta cánach laghdaithe nó forlaghdaithe maidir leo chomh maith leis an ráta iarbhír atá le cur i bhfeidhm. Ní áireofar ar liosta na n-earraí a bhfuil feidhm ag ráta laghdaithe nó ráta forlaghdaithe maidir leo ach earraí a bhféadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le CBL, ráta laghdaithe nó ráta forlaghdaithe a chur i bhfeidhm maidir leo.
6.
Má dhéanann an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar modhnú ar liosta na n-earraí dá dtagraítear i mír 5, ní dhéanfaidh sí amhlaidh ach amháin i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le CBL agus tabharfaidh sí fógra don Aontas sula dtiocfaidh na modhnuithe i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 3
An duine atá faoi dhliteanas an cháin idirbhirt agus dleacht mháil Ghiobráltar a íoc
1.
An duine a dhearbhóidh na hearraí nó a ndearbhófar thar a cheann go dtiocfaidh siad isteach i nGiobráltar agus, i gcás teacht isteach neamhrialta, aon duine eile a bhfuil baint aige le hiontráil neamhrialta na n-earraí, beidh sé faoi dhliteanas an cháin idirbhirt agus dleacht mháil Ghiobráltar a íoc i gcás inarb infheidhme.
2.
An duine a tháirgeann na hearraí i nGiobráltar, beidh sé faoi dhliteanas an cháin idirbhirt agus, i gcás inarb infheidhme, dleacht mháil Ghiobráltar a íoc.
I gcás táirgeadh neamhrialta, beidh aon duine a bhfuil baint aige leis an táirgeadh faoi dhliteanas dleacht mháil a íoc.
3.
I gcás ina mbeidh roinnt daoine faoi dhliteanas dleacht mháil Ghiobráltar a íoc, beidh siad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith an fhéich sin.
AIRTEAGAL 4
Díolúintí
1.
Beidh earraí díolmhaithe ón gcáin idirbhirt más rud é, dá ndéanfaí na hearraí sin a allmhairiú, a sholáthar nó a fháil san Aontas, go mbainfidís tairbhe as díolúine éigeantach ó CBL. Beidh earraí díolmhaithe ó dhleacht mháil i gcásanna ina mbainfidís tairbhe as díolúine éigeantach ó dhleacht mháil chomhchuibhithe, dá mba rud é gur scaoileadh na hearraí sin lena dtomhailt san Aontas.
I gcás ina bhféachfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar le leas a bhaint as díolúine lánroghnach ó CBL nó ó dhleacht mháil chomhchuibhithe a mhéid a bhaineann le haon earra, tabharfaidh sí fógra ar dtús don Choiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil agus ansin déanfaidh an Coiste measúnú i dtaobh an bhféadfar an díolúine a chur chun feidhme. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe cur chun feidhme na ndíolúintí sin a fhormheas nó a dhiúltú ar bhonn fianaise oibiachtúil agus cúiseanna oibiachtúla.
2.
Ina theannta sin, beidh Gás Nádúrtha Leachtaithe a allmhairítear agus a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh chomh maith le leictreachas a tháirgtear i nGiobráltar díolmhaithe ó cháin idirbhirt agus ó dhleacht mháil.
AIRTEAGAL 5
Aisíocaíocht na cánach idirbhirt agus na dleachta máil
i gcás ina n-onnmhairítear earraí ó Ghiobráltar
Aisíocfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, i gcás inarb infheidhme, an cháin idirbhirt agus an dleacht mháil a mhuirearófar ar earra tráth a onnmhairithe chuig an Aontas ar choinníoll gur féidir leis an onnmhaireoir a chruthú gur íocadh CBL nó, i gcás inarb infheidhme, CBL agus dleacht mháil san Aontas.
Aisíocfaidh an Ríocht Aontaithe freisin i ndáil le Giobráltar an cháin idirbhirt agus an dleacht mháil, i gcás inarb infheidhme, i gcás ina n-onnmhairítear earraí chuig tír lasmuigh den aontas custaim trí phost custaim ainmnithe. Tabharfaidh an post custaim ainmnithe fógra faoi sin d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar.
Ní bheidh earraí a thomhlaítear i nGiobráltar incháilithe chun aisíocaíocht a fháil ar an gcáin idirbhirt ná ar na dleachtanna máil i gcás inarb infheidhme.
ROINN 2
DLEACHT MHÁIL
AIRTEAGAL 6
Raon feidhme agus inmhuirearacht dleachtanna máil
1.
Cuirfear dleachtanna máil i bhfeidhm i nGiobráltar go comhsheasmhach le reachtaíocht mháil an Aontais is infheidhme tráth ar bith.
Beidh feidhm ag aon dleacht mháil nua de chuid an Aontais i nGiobráltar freisin mura molann an comhlacht comhairleach neamhspleách, i gcomhréir le hAirteagal 248(4) den Chomhaontú seo, fionraí sealadach suas le bliain amháin.
2.
Leagtar síos i bhFoscríbhinn 2 earraí atá faoi réir dleachtanna máil san Aontas, a mbonn inchánach agus a n-íosdálaí dleachta. Beidh feidhm ag leibhéil na ndleachtanna máil mar a leanas:
(a)
Beidh feidhm ag íosrátaí máil an Aontais ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;
(b)
beidh feidhm ag spriocrátaí máil nach n-imíonn níos mó ná 6 phointe céatadáin ó na rátaí máil a chuirtear i bhfeidhm i Ríocht na Spáinne, nó arb ionann iad agus 94 % de na rátaí máil sin, laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
3.
Ní bheidh feidhm ag mír 2(a) maidir le hearraí breosla. Is iad na hearraí sin na hearraí dá dtagraítear i dtábla A de Roinn 2(3) i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
4.
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil, ar mholadh ón gcomhlacht comhairleach neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 248(4), i gcás riosca a bhaineann le soláthar breosla d’fheithiclí i stáisiúin pheitril i nGiobráltar, a cheadú don Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar dleachtanna máil a chur i bhfeidhm atá faoi bhun dhleachtanna máil íosta an Aontais.
5.
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, beidh táirgí tobac monaraithe faoi réir na bhforálacha a leagtar síos i Roinn 3 d’Fhoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
6.
Gan dochar do mhíreanna 3 go 5, ó 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus i gcomhthéacs an mheasúnaithe leanúnaigh arna dhéanamh ag an gcomhlacht comhairleach neamhspleách faoi Airteagal 248(4)(a), féadfaidh an comhlacht, ar mhaithe le saobhadh iarbhír suntasach i nGiobráltar nó in Campo de Gibraltar a sheachaint, a mholadh gur cheart feidhm a bheith ag rátaí máil atá níos airde nó níos ísle ná na rátaí sin dá dtagraítear i mír 2(b).
Sna cásanna sin:
(a)
is é an ráta is airde a fhéadfar a mholadh cibé ráta a mheasfaidh an comhlacht comhairleach neamhspleách a bheith iomchuí chun deireadh a chur leis an saobhadh a bhaineann leis na difríochtaí i leibhéil na dleachta máil a ghearrann an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar ar na hearraí sin nó ar an gcatagóir earraí sin, i gcomparáid leis na rátaí dleachta máil a ghearrann Ríocht na Spáinne ar na hearraí céanna nó ar an gcatagóir chéanna earraí;
(b)
ní bheadh an ráta níos ísle a d’fhéadfadh an comhlacht comhairleach neamhspleách a mholadh riamh níos ísle ná íosrátaí máil an Aontais.
AIRTEAGAL 7
Oibreoirí dleachta máil a chlárú
Aon duine atá freagrach as iontráil, táirgeadh, coinneáil, stóráil, gluaiseacht nó imeacht earraí máil chun críoch tráchtála i nGiobráltar, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)
beidh sé cláraithe ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar;
(b)
coimeádfaidh sé cuntais ar stoc agus ar ghluaiseachtaí earraí máil agus cuirfidh sé na cuntais sin faoi bhráid údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar go tréimhsiúil; agus
(c)
toileoidh sé le gach faireachán agus gach seiceáil stoic.
AIRTEAGAL 8
Dleacht mháil a aisíoc i gcás díothú iomlán nó caillteanas dho-aisghafa
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar dleachtanna máil ar earraí máil a aisíoc i gcás ina ndéanfar na hearraí sin a dhíothú go hiomlán nó i gcás caillteanas do-aisghafa iomlán nó páirteach, de dheasca imthosca nárbh fhéidir a thuar nó force majeure, nó de dheasca údarú ó na húdaráis inniúla na hearraí a scriosadh.
ROINN 3
FORÁLACHA EILE
AIRTEAGAL 9
Cúinsí eisceachtúla
1.
Mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla agus faoi réir coinníollacha áirithe a leagtar síos san Airteagal seo, féadfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar ceann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(a)
ráta laghdaithe sealadach den cháin idirbhirt a chur i bhfeidhm ar earraí sonracha a mheastar a bheith riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla; nó
(b)
earraí sonracha a mheastar a bheith fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla a dhíolmhú go sealadach ón gcáin idirbhirt agus ó dhleachtanna máil, i gcás inarb infheidhme.
2.
Na hearraí sonracha atá incháilithe do ráta laghdaithe sealadach nó do dhíolúine shealadach, mar aon le fad an bhirt seo, beidh siad faoi réir a bhformheasa laistigh de sheachtain amháin ar a mhéad tar éis don Choiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil fógra a thabhairt ina leith, agus cineál na n-imthosca eisceachtúla agus an gá atá le mearfhreagairt á gcur san áireamh.
3.
Áiritheofar nach mbeidh aon tionchar diúltach ag na bearta sealadacha sin ar mhargadh inmheánach an Aontais i bhfoirm rioscaí calaoise fioscaí ná aon saobhadh ar an iomaíocht.
AIRTEAGAL 10
Faisnéis staitistiúil
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar staitisticí a thiomsú agus a sholáthar don Choiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil maidir leis an gcáin idirbhirt agus an dleacht mháil a íoctar i nGiobráltar ar bhonn ráithiúil.
Foscríbhinn 1
CÁNACHAS INDÍREACH I nGIOBRÁLTAR: LIOSTA EARRAÍ
ATÁ INCHÁILITHE LE hAGHAIDH RÁTAÍ LAGHDAITHE CÁNACH IDIRBHIRT
AIRTEAGAL 1
Cuirfidh Giobráltar ráta laghdaithe cánach idirbhirt 5 % i bhfeidhm maidir le hearraí a thagann faoi na catagóirí táirgí seo a leanas:
–
Earraí de chineál a bheartaítear de ghnáth lena n-úsáid i dtáirgeadh talmhaíochta seachas earraí caipitiúla amhail innealra nó foirgnimh; agus, go dtí an 1 Eanáir 2032, soláthar lotnaidicídí ceimiceacha agus leasachán ceimiceach (11).
–
Eachaithe beo (11a).
–
Plandaí beo agus táirgí bláthanna eile, lena n-áirítear bleibíní, cadás, fréamhacha agus a leithéidí, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach (23).
–
Éadaí agus coisbheart leanaí; suíocháin cairr do leanaí (24).
–
Rothair, lena n-áirítear rothair leictreacha (25);
–
Saothair ealaíne, earraí inbhailithe agus seandachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IX, Codanna A, B agus C de Threoir CBL an Aontais (26).
–
Uirlisí agus trealamh eile de chineál a bheartaítear de ghnáth lena n-úsáid i seirbhísí tarrthála nó i seirbhísí garchabhrach nuair a sholáthraítear iad do chomhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha atá gníomhach i gcosaint shibhialta nó pobail (28).
AIRTEAGAL 2
Cuirfidh Giobráltar ráta forlaghdaithe cánach idirbhirt 0 % i bhfeidhm maidir le hearraí a thagann faoi na catagóirí táirgí seo a leanas:
–
Bia-ábhair (lena n-áirítear deochanna seachas deochanna alcólacha) lena gcaitheamh ag an duine nó ag ainmhithe; ainmhithe beo, síolta, plandaí agus comhábhair a bheartaítear de ghnáth lena n‑úsáid in ullmhú bia-ábhar; táirgí a úsáidtear de ghnáth chun bia-ábhair a fhorlíonadh nó in ionad earraí bia (1).
–
Soláthar uisce (2).
–
Táirgí cógaisíochta a úsáidtear chun críoch míochaine agus tréidliachta, lena n-áirítear táirgí a úsáidtear le haghaidh frithghiniúna agus táirgí cosanta sláintíochta do mhná, agus táirgí sláinteachais ionsúiteacha (3).
–
Trealamh leighis, fearais, feistí, ítimí, áiseanna agus fearas cosanta sláinte, lena n-áirítear maisc cosanta sláinte, atá ceaptha de ghnáth lena n-úsáid i gcúram sláinte nó lena n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas, earraí atá riachtanach chun míchumas a chúiteamh agus a shárú (4).
–
Leabhair, nuachtáin agus tréimhseacháin a sholáthar, lena n-áirítear ar iasacht ó leabharlanna, bíodh siad ar mhodhanna tacaíochta fisiceacha nó curtha ar fáil go leictreonach nó an dá rud (lena n-áirítear bróisiúir, bileoga agus ábhar clóite comhchosúil, leabhair pictiúr, líníochtaí nó dathúcháin do leanaí, ceol clóite nó i bhfoirm lámhscríbhinne, léarscáileanna agus cairteacha hidreagrafacha nó cairteacha comhchosúla), seachas foilseacháin atá dírithe go hiomlán nó den chuid is mó ar fhógraíocht agus seachas foilseacháin arb é atá iontu go hiomlán nó den chuid is mó ábhar físe nó ceol inchloiste; foilseacháin de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a tháirgeadh (6).
–
Soláthar painéal gréine atá le suiteáil ar theaghaisí príobháideacha, ar thithíocht agus ar fhoirgnimh phoiblí agus foirgnimh eile a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí ar mhaithe le leas an phobail (10c), agus ar fhoirgnimh atá cóngarach dóibh.
Foscríbhinn 2
CÁNACHAS INDÍREACH I nGIOBRÁLTAR: EARRAÍ ATÁ FAOI RÉIR
DLEACHT MHÁIL AGUS ÍOSRÁTAÍ DLEACHTA AN AONTAIS
AR THEACHT I bhFEIDHM AN CHOMHAONTAITHE SEO
ROINN 1
ALCÓL EITILE AGUS DEOCHANNA ALCÓLACHA
Beidh alcól eitile agus deochanna alcólacha faoi réir dleacht mháil. Is éard atá i gceist le halcól eitile agus deochanna alcólacha na nithe seo a leanas:
(a)
Beoir, lena gcumhdaítear aon táirge a thagann faoi chuimsiú chód AC 2203 nó aon táirge ina bhfuil meascán de bheoir agus deochanna neamhalcólacha a thagann faoi chuimsiú chód AC 2206, ar mó ná 0.5 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte i gceachtar den dá chás.
(b)
Fíon socair, lena gcumhdaítear na táirgí uile a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2204 agus 2205, seachas fíon súilíneach mar a shainmhínítear in Uimh. 3 é, ar mó ná 1.2 % ach nach mó ná 15 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte, ar choinníoll gur de thionscnamh coipthe amháin an t-alcól atá sa táirge críochnaithe, nó ar mó ná 15 % ach nach mó ná 18 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte, ar choinníoll gur táirgeadh iad gan aon saibhriú agus gur de thionscnamh coipthe amháin an t-alcól atá sa táirge críochnaithe.
(c)
Fíon súilíneach, lena gcumhdaítear na táirgí uile a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2204 10, 2204 21 06, 2204 21 07, 2204 21 08, 2204 21 09, 2204 29 10 agus 2205 atá i mbuidéil a bhfuil ‘stopalláin mhuisiriúnacha’ iontu a choinnítear ina n-ionad le téada nó le ceangail, nó a bhfuil brú barrachais de thrí bhar nó níos mó acu de bharr dé-ocsaíd charbóin a bheith ar tuaslagadh iontu, agus ar mó ná 1.2 % ach nach mó ná 15 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte, ar choinníoll gur de thionscnamh coipthe amháin an t-alcól atá sa táirge críochnaithe.
(d)
Deochanna coipthe socra eile, gan dochar d’Uimh. 6, lena gcumhdaítear na táirgí uile a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2204 agus 2205, ach nach luaitear in Uimh. 2 ná Uimh. 3, agus táirgí a thagann faoi chód AC 2206, seachas deochanna coipthe súilíneacha eile mar a shainmhínítear in Uimh. 5 agus aon táirge a chumhdaítear le Uimh. 1:
(i)
ar mó ná 1.2 % ach nach mó ná 10 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte;
(ii)
ar mó ná 10 % ach nach mó ná 15 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte, ar choinníoll gur de thionscnamh coipthe amháin an t-alcól atá sa táirge.
(e)
Deochanna coipthe súilíneacha eile, gan dochar d’Uimh. 6, lena gcumhdaítear na táirgí uile a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2206 00 31 agus 2206 00 39 chomh maith le táirgí a thagann faoi chóid AC 2204 10, 2204 21 06, 2204 21 07, 2204 21 08, 2204 21 09, 2204 29 10 agus 2205 nach luaitear in Uimh. 2 ná Uimh. 3, ar táirgí iad:
(i)
atá i mbuidéil a bhfuil ‘stopalláin mhuisiriúnacha’ iontu a choinnítear ina n-ionad le téada nó le ceangail, nó a bhfuil brú barrachais de thrí bhar nó níos mó acu de bharr dé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh iontu;
(ii)
ar mó ná 1.2 % ach nach mó ná 13 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte;
(iii)
ar mó ná 13 % ach nach mó ná 15 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte, ar choinníoll gur de thionscnamh coipthe amháin an t-alcól atá sa táirge.
(f)
Táirgí idirmheánacha, lena gcumhdaítear na táirgí uile ar mó ná 1.2 % ach nach mó ná 22 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte agus a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2204, 2205 agus 2206 ach nach gcumhdaítear leis na huimhreacha roimhe seo.
(g)
Alcól eitile, lena gcumhdaítear:
(i)
gach táirge ar mó ná 1.2 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte agus a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2207 agus 2208, fiú nuair is cuid de tháirge a thagann faoi chaibidil eile de AC iad na táirgí sin;
(ii)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2204, 2205 agus 2206 agus ar mó ná 22 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte;
(iii)
biotáillí inólta ina bhfuil táirgí, bídís i dtuaslagán nó ná bídís.
Is iad seo a leanas na híosrátaí dleachta máil le haghaidh alcól eitile agus deochanna alcólacha:
(a)
I gcás beorach EUR 1,87 in aghaidh an heictilítir/na céime alcóil den táirge críochnaithe; agus measúnú á dhéanamh ar an muirear i leith dleachta ar bheoir, féadfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar neamhaird a thabhairt ar chodáin de chéim nirt alcóil iarbhír de réir toirte,
(b)
I gcás fíona EUR 0 in aghaidh an heictilítir den táirge críochnaithe,
(c)
I gcás deochanna coipthe seachas fíon agus beoir EUR 0 in aghaidh an heictilítir den táirge críochnaithe,
(d)
I gcás táirgí idirmheánacha EUR 45 in aghaidh an heictilítir den táirge críochnaithe,
(e)
I gcás alcól eitile EUR 1000 in aghaidh an heictilítir d’alcól íon ag 20 °C, arna ríomh de réir líon na heictilítear d’alcól íon.
ROINN 2
LEICTREACHAS AGUS TÁIRGÍ FUINNIMH
1.
Beidh táirgí fuinnimh agus leictreachas faoi réir dleacht mháil. Is éard atá i gceist le táirgí fuinnimh agus leictreachas:
(a)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chóid AC 1507 go 1518, más táirgí iad atá beartaithe a úsáid mar bhreosla téimh nó breosla mótair;
(b)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2701, 2702 agus 2704 go 2715;
(c)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2901 agus 2902;
(d)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chód AC 2905 11 00, ar táirgí nach de thionscnamh sintéiseach iad, má tá sé beartaithe iad a úsáid mar bhreosla teasa nó breosla mótair;
(e)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chód AC 3403;
(f)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chód AC 3811;
(g)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chód AC 3817;
(h)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chóid CN 3824 99 86, 3824 99 92 (seachas ullmhúcháin frithmheirge ina bhfuil aimíní mar chomhábhair ghníomhacha agus tuaslagóirí neamhorgánacha ilchodacha agus tanaitheoirí le haghaidh vearnaisí agus táirgí comhchosúla), 3824 99 93, 3824 99 96 (seachas ullmhúcháin frithmheirge ina bhfuil aimíní mar chomhábhair ghníomhacha agus tuaslagóirí neamhorgánacha ilchodacha agus tanaitheoirí le haghaidh vearnaisí agus táirgí comhchosúla) 3826 00 10 agus 3826 00 90, más táirgí iad atá beartaithe a úsáid mar bhreosla téimh nó breosla mótair;
(i)
táirgí a thagann faoi chuimsiú chód AC 2716.
2.
Nuair a bheartaítear iad a úsáid, a thairiscint lena ndíol nó a úsáid mar bhreosla mótair nó mar bhreosla téimh, déanfar cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh seachas na táirgí sin ar ina leith a shonraítear leibhéal cánachais san Iarscríbhinn seo de réir a n-úsáide, de réir an ráta don bhreosla téimh coibhéiseach nó don bhreosla mótair coibhéiseach.
Sa bhreis ar na táirgí inchánacha a liostaítear i mír 1, déanfar cáin a ghearradh ar aon táirge a bheartaítear a úsáid, a thairiscint lena dhíol nó a úsáid mar bhreosla mótair, nó mar bhreiseán nó mar mhéadaitheoir i mbreoslaí mótair, de réir an ráta don bhreosla mótair coibhéiseach.
Sa bhreis ar na táirgí inchánacha a liostaítear i mír 1, déanfar cáin a ghearradh ar aon hidreacarbón eile, seachas móin, a bheartaítear a úsáid, a thairiscint lena dhíol nó a úsáid chun críoch téite, de réir an ráta don táirge fuinnimh coibhéiseach.
3.
Is iad seo a leanas na híosleibhéil chánachais:
Tábla A. – Na híosleibhéil chánachais is infheidhme maidir le breoslaí mótair
|
Táirgí faoi réir dleacht mháil
|
Cainníocht
|
|
Peitreal luaidhe
Cóid AC 2710 12 31, 2710 12 51 agus 2710 12 59
|
in euro in aghaidh 1 000 l
|
|
Peitreal gan luaidhe
Cóid AC 2710 12 31, 2710 12 41, 2710 12 45 agus 2710 12 49
|
in euro in aghaidh 1 000 l
|
|
Gás-ola
Cóid AC 2710 19 43 go 2710 19 48 agus 2710 20 11 go 2710 20 19
|
in euro in aghaidh 1 000 l
|
|
Ceirisín
Cóid AC 2710 19 21 agus 2710 19 25
|
in euro in aghaidh 1 000 l
|
|
GPL
Cóid AC 2711 12 11 go 2711 19 00
|
in euro in aghaidh 1 000 kg
|
|
Gás nádúrtha
Cóid AC 2711 11 00 agus 2711 21 00
|
in euro in aghaidh an ghigigiúil d’oll-luach calrach
|
Tábla B. – Na híosleibhéil chánachais is infheidhme maidir le breoslaí mótair
a úsáidtear le haghaidh na gcríoch tionsclaíoch agus tráchtála seo a leanas:
(a)
oibreacha talmhaíochta, gairneoireachta nó feirmeoireachta éisc, agus i bhforaoiseacht;
(b)
mótair sheasta;
(c)
gléasra agus innealra arna n-úsáid san earnáil tógála, san innealtóireacht shibhialta agus in oibreacha poiblí;
(d)
feithiclí atá beartaithe a úsáid lasmuigh den bhóthar poiblí nó nár tugadh údarú chun iad a úsáid ar an mbóthar poiblí go príomha.
|
Earraí
|
Cainníocht
|
Cáin íosta
|
|
Gás-ola
Cóid AC 2710 19 43 go 2710 19 48 agus 2710 20 11 go 2710 20 19
|
in euro in aghaidh 1 000 l
|
21
|
|
Ceirisín
Cóid AC 2710 19 21 agus 2710 19 25
|
in euro in aghaidh 1 000 l
|
21
|
|
GPL
Cóid AC 2711 12 11 go 2711 19 00
|
in euro in aghaidh 1 000 kg
|
41
|
|
Gás nádúrtha
Cóid AC 2711 11 00 agus 2711 21 00
|
in euro in aghaidh an ghigigiúil d’oll-luach calrach
|
0,3
|
Tábla C. – Na híosleibhéil chánachais is infheidhme maidir le breoslaí teasa agus leictreachais
|
Earraí
|
Cainníocht
|
Cáin íosta
|
|
|
|
Úsáid ghnó
|
Úsáid nach mbaineann le gnó
|
|
Gás-ola
Cóid AC 2710 19 43 go 2710 19 48 agus 2710 20 11 go 2710 20 19
|
in euro in aghaidh
1 000 1
|
21
|
21
|
|
Ola bhreosla throm
Cóid AC 2710 19 62 go 2710 19 68 agus 2710 20 31 go 2710 20 39
|
in euro in aghaidh
1 000 kg
|
15
|
15
|
|
Ceirisín
Cóid AC 2710 19 21 agus 2710 19 25
|
in euro in aghaidh
1 000 1
|
0
|
0
|
|
GPL
Cóid AC 2711 12 11 go 2711 19 00
|
in euro in aghaidh
1 000 kg
|
0
|
0
|
|
Gás nádúrtha
Cóid AC 2711 11 00 agus 2711 21 00
|
in euro in aghaidh an ghigigiúil d’oll-luach calrach
|
0,15
|
0,3
|
|
Gual agus cóc
Cóid AC 2701, 2702 agus 2704
|
in euro in aghaidh an ghigigiúil d’oll-luach calrach
|
0,15
|
0,3
|
|
Leictreachas
Cód AC 2716
|
in euro in aghaidh MWh
|
0,5
|
1,0
|
I gcás táirgí fuinnimh a shonraítear sna táblaí, agus na leibhéil chánachais bunaithe ar mhéideanna, déanfar an toirt a thomhas ag teocht 15 °C.
4.
Ciallaíonn ‘úsáid ghnó’ an úsáid ag eintiteas gnó, arna shainaithint i gcomhréir le mír 2, a dhéanann earraí agus seirbhísí a sholáthar go neamhspleách in aon áit, is cuma cad é cuspóir nó torthaí na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin.
Cuimsíonn na gníomhaíochtaí eacnamaíocha gníomhaíochtaí uile táirgeoirí, trádálaithe agus daoine a sholáthraíonn seirbhísí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí mianadóireachta agus talmhaíochta agus gníomhaíochtaí de chuid na ngairmeacha.
Ní mheasfar Stáit, údaráis réigiúnacha ná údaráis rialtais áitiúla ná comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí a bheith ina n-eintitis ghnó i ndáil le gníomhaíochtaí nó idirbhearta a mbíonn siad ag gabháil dóibh mar údaráis phoiblí. Nuair a bhíonn siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí nó d’idirbhearta den sórt sin, áfach, measfar gur gnó iad i ndáil leis na gníomhaíochtaí nó na hidirbhearta sin i gcás ina mbeadh saobhadh suntasach ar an iomaíocht mar thoradh ar a láimhseáil mar neamhghnó.
5.
Ní féidir an t-eintiteas gnó a mheas a bheith níos lú ná cuid d’fhiontar nó de chomhlacht dlíthiúil ar gnó neamhspleách é ó thaobh eagrúcháin de, is é sin le rá, eintiteas atá in ann feidhmiú ar a acmhainní féin.
6.
I gcás ina dtarlóidh úsáid mheasctha, beidh feidhm ag cánachas i gcomhréir le gach cineál úsáide, ach i gcás ina mbeidh an úsáid ghnó nó an úsáid neamhghnó neamhshuntasach, féadfar é a láimhseáil mar nialas.
7.
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar teorainn a chur le raon feidhme an leibhéil laghdaithe cánachais le haghaidh úsáid ghnó.
ROINN 3
TOBAC MONARAITHE
1.
Beidh tobac monaraithe faoi réir dleachtanna máil. Is éard is tobac monaraithe ann:
(a)
toitíní;
(b)
todóga agus todóigíní;
(c)
tobac chun a chaite ina dheatach:
(i)
tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh;
(ii)
tobac eile chun a chaite ina dheatach.
2.
Is mar thoitíní, todóga, todóigíní agus tobac chun a chaite ina dheatach a chaithfear le táirgí arb é atá iontu go hiomlán nó go páirteach substaintí seachas tobac ach a chomhlíonann ar bhealach eile na critéir maidir le toitíní, todóga, todóigíní agus tobac chun a chaite ina dheatach.
3.
Beidh toitíní faoi réir dleacht mháil ad valorem arna ríomh ar an uasphraghas miondíola, lena n-áirítear dleachtanna custaim, agus beidh siad faoi réir dleacht mháil shonrach freisin (idir 7.5 % agus 76.5 % den mhuirear cánach iomlán) arna ríomh in aghaidh aonad an táirge.
Ní bheidh an dleacht mháil fhoriomlán (dleacht shonrach agus dleacht ad valorem seachas CBL) níos lú ná EUR 115 in aghaidh an 1000 toitín. Ní rachaidh an difríocht sa phraghas a eascraíonn as an dleacht mháil fhoriomlán is infheidhme thar EUR 0,80 nó 15 % in aghaidh an phaicéid toitíní, cibé ceann lena bhfaightear an difreálach praghsanna níos ísle.
Ní mór ráta na dleachta máil ad valorem agus méid na dleachta máil sonraí a bheith mar an gcéanna le haghaidh na dtoitíní go léir.
4.
Is é seo a leanas an dleacht mháil íosta le haghaidh tobac monaraithe seachas toitíní:
(a)
dleacht ad valorem a ríomhtar ar bhonn uasphraghas miondíola gach táirge; nó
(b)
dleacht shonrach arna sloinneadh mar mhéid in aghaidh an chileagram; nó de rogha air sin i gcás todóg agus todóigíní, le haghaidh líon ítimí ar leith; nó
(c)
meascán den dá rud, lena gcomhcheanglaítear eilimint ad valorem agus eilimint shonrach.
5.
Maidir leis an dleacht mháil fhoriomlán (dleacht shonrach agus dleacht ad valorem seachas cáin idirbhirt), arna sloinneadh mar chéatadán, mar mhéid in aghaidh an chileagraim nó le haghaidh líon ítimí ar leith, beidh sí ar a laghad coibhéiseach leis na rátaí nó na híosmhéideanna a leagtar síos le haghaidh na nithe seo a leanas:
(a)
todóga nó todóigíní: 15 % den phraghas miondíola lena n-áirítear gach cáin nó EUR 12 in aghaidh 1000 ítim nó in aghaidh an chileagraim;
(b)
tobac mínghearrtha chun a chaite ina dheatach atá beartaithe chun toitíní a rolladh: 50 % den mheánphraghas miondíola ualaithe ar thobac mínghearrtha chun a chaite ina dheatach atá beartaithe chun toitíní a rolladh a scaoiltear lena dtomhailt, nó EUR 60 in aghaidh an chileagraim;
(c)
tobac eile chun a chaite ina dheatach: 20 % den phraghas miondíola lena n-áirítear gach cáin, nó EUR 22 in aghaidh an chileagraim.
6.
Chun críocha mhíreanna 3 agus 5, déanfar meánphraghas miondíola ualaithe toitíní agus tobac mínghearrtha chun a chaite ina dheatach atá beartaithe chun toitíní a rolladh a ríomh de réir luach iomlán na dtoitíní uile agus an tobac mhínghearrtha uile chun a chaite ina dheatach atá beartaithe chun toitíní a rolladh a scaoiltear lena dtomhailt, bunaithe ar an bpraghas miondíola lena n-áirítear gach cáin, arna roinnt ar chainníocht iomlán na dtoitíní agus an tobac mhínghearrtha chun a chaite ina dheatach atá beartaithe chun toitíní a rolladh a scaoiltear lena dtomhailt. Cinnfear é faoin 1 Márta ar a dhéanaí gach bliain ar bhonn sonraí a bhaineann le gach scaoileadh den sórt sin lena dtomhailt a rinneadh sa bhliain féilire roimhe sin.
7.
Beidh éifeacht leis na rátaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 i gcás gach táirge a bhaineann leis an ngrúpa lena mbaineann de thobac monaraithe, gan idirdhealú laistigh de gach grúpa maidir le cáilíocht, cur i láthair, tionscnamh na dtáirgí, na hábhair a úsáideadh, saintréithe na ngnólachtaí atá i gceist ná aon chritéar eile.
8.
Soláthróidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar sonraí staidrimh maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe. Níl feidhm ag Airteagal 6 den Chomhaontú seo.
_______________
IARSCRÍBHINN 25
AN EITLÍOCHT
Liosta de dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 273 den Chomhaontú seo:
–
Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1),
Arna leasú le: Rialachán (CE) Uimh. 793/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 (IO L 138, 30.4.2004, lch. 50),
–
Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhseáil ar talamh ag aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36),
Arna leasú le: Cinneadh (AE) 2024/1254 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoracha 2009/12/CE, 2009/33/CE agus (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/67/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta (IO L, 2024/1254, 30.4.2024),
–
Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le táillí aerfoirt (IO L 70, 14.3.2009, lch. 11),
Arna leasú le: Cinneadh (AE) 2024/1254 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoracha 2009/12/CE, 2009/33/CE agus (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/67/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta (IO L, 2024/1254, 30.4.2024),
–
Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine ag a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1).
________________
IARSCRÍBHINN 26
LIOSTA NA mBUNAÍOCHTAÍ
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 276 DEN CHOMHAONTÚ
LIOSTA NA SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ SLÁINTE:
1.
‘Cidat’, La Linea de la Concepcion.
2.
‘Hospital Quironsalud Campo de Gibraltar’, Palmones.
3.
‘Scanner Sur’, Algeciras.
4.
‘Ospidéal Punta de Europa’, Algeciras.
5.
‘Vithas Xanit International Hospital’, Benalmadena.
6.
‘Vithas Hospital Parque San Antonio’, Málaga.
7.
‘HLA Hospital Jerez Puerta del Sur’, Jerez.
________________
IARSCRÍBHINN 27
IOMPAR EARRAÍ DE BHÓTHAR
CUID A
CEANGLAIS AR OIBREOIRÍ TARLAITHE DE BHÓTHAR:
LIGEAN ISTEACH I nGAIRM AN OIBREORA TARLAITHE DE BHÓTHAR AGUS CLEACHTADH NA GAIRME SIN
AIRTEAGAL 1
Raon feidhme
Rialaítear leis an gCuid A seo ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar agus saothrú na gairme sin agus beidh feidhm aici maidir le gach oibreoir tarlaithe de bhóthar de Pháirtí atá ag gabháil d’iompar earraí laistigh de raon feidhme Airteagail 276 agus 277 den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha Chuid A seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘údarú gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar a shaothrú’ cinneadh riaracháin lena n-údaraítear do dhuine nádúrtha nó dlítheanach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar a shaothrú;
(b)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i bPáirtí a fhíoraíonn, chun cleachtadh ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar a údarú, an gcomhlíonann duine nádúrtha nó dlítheanach na coinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo, agus a dtugtar de chumhacht dó údarú gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar a shaothrú a dheonú, a fhionraí nó a tharraingt siar; agus
(c)
ciallaíonn ‘gnáthchónaí’ an áit ar ann is iondúil a bhíonn duine ag cur faoi, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá gach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta lena léirítear go bhfuil dlúthnasc ag an duine sin leis an áit ina bhfuil an duine sin ag cur faoi.
AIRTEAGAL 3
Ceanglais maidir le gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar
Beidh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bheidh ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar:
(a)
bunú éifeachtach agus cobhsaí i bPáirtí a bheith acu mar a leagtar síos in Airteagal 5 den Chuid seo;
(b)
dea-cháil a bheith orthu mar a leagtar síos in Airteagal 6 den Chuid seo;
(c)
seasamh airgeadais iomchuí a bheith acu mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Chuid seo; agus
(d)
an inniúlacht ghairmiúil is gá a bheith acu mar a leagtar síos in Airteagal 8 den Chuid seo.
AIRTEAGAL 4
Bainisteoir iompair
1.
Ainmneoidh oibreoir tarlaithe de bhóthar duine nádúrtha amháin ar a laghad, le bheith ina bhainisteoir iompair, ar duine é a bhainisteoidh a ghníomhaíochtaí iompair go héifeachtach agus go leanúnach a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos i bpointí (b) agus (d) de Airteagal 3 agus ar duine é:
(a)
a mbeidh nasc dílis aige leis an oibreoir tarlaithe de bhóthar, amhail a bheith ina fhostaí aige, ina stiúrthóir air, ina úinéir air nó ina scairshealbhóir ann, nó a bheith á riar, nó is eisean an duine sin; agus
(b)
a bheidh ina chónaitheoir den Pháirtí sa chríoch ina bhfuil an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar bunaithe.
2.
Mura gcomhlíonfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil, féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt dó gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar gan bainisteoir iompair a bheidh ainmnithe i gcomhréir le mír 1, ar choinníoll:
(a)
go ndéanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach duine nádúrtha a ainmniú a bheidh a bhfuil cónaí orthu i bPáirtí bunaíochta an oibreora tarlaithe de bhóthar, ar duine é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointí (b) agus (d) d’Airteagal 3 agus atá i dteideal faoi chonradh cúraimí bainisteora iompair a fheidhmiú thar ceann an ghnóthais;
(b)
go ndéanfaidh an conradh a nascfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach leis an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a bheidh le déanamh ar bhonn éifeachtach, leanúnach ag an duine sin a shonrú, agus go léireoidh sé freagrachtaí an duine sin mar bhainisteoir iompair. Is iad na cúraimí a bheidh le sonrú go háirithe cúraimí a bhaineann le cothabháil feithiclí a bhainistiú, conarthaí agus doiciméid iompair a fhíorú, cuntasaíocht bhunúsach, ualaí nó seirbhísí a shannadh do thiománaithe agus d’fheithiclí, agus nósanna imeachta maidir le sábháilteacht a fhíorú;
(c)
go bhféadfaidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a), ina cháil mar bhainisteoir iompair, gníomhaíochtaí iompair suas le ceithre oibreoir tarlaithe de bhóthar éagsúla, ar a mhéid, a bhainistiú, agus flít iomlán nach mó ná 50 feithicil eatarthu acu; agus
(d)
go bhfeidhmeoidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a shonraítear ar mhaithe leis an duine nádúrtha agus dlítheanach amháin agus go bhfeidhmeoidh sé freagrachtaí an duine sin go neamhspleách ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a gcuirfeadh sé oibríochtaí iompair i gcrích dó.
3.
Féadfaidh Páirtí a chinneadh nach bhféadfar bainisteoir iompair a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 a ainmniú i gcomhréir le mír 2, freisin, nó nach n-ainmneofar é ach i leith líon teoranta daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó i leith flít feithiclí is lú ná iad sin dá dtagraítear i pointe (c) de mhír 2.
4.
Tabharfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach fógra don údarás inniúil faoin mbainisteoir iompair nó faoi na bainisteoirí iompair a ainmneofar.
AIRTEAGAL 5
Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta
Chun an ceanglas maidir le bunú éifeachtach cobhsaí sa Pháirtí bunaíochta a chomhlíonadh, maidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach:
(a)
beidh áitreabh aige, ag a mbeidh rochtain aige ar chóipeanna bunaidh a phríomhdhoiciméad gnó, bídís i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm eile, go háirithe a chonarthaí iompair, a dhoiciméid a bhaineann leis na feithiclí a bheidh ar fáil don duine nádúrtha nó dlítheanach, a dhoiciméid chuntasaíochta, a dhoiciméid uile maidir le bainistíocht foirne, a chonarthaí fostaíochta, a dhoiciméid slándála sóisialta, a dhoiciméid ina bhfuil sonraí maidir le turais, am tiomána agus tréimhsí scíthe agus aon doiciméad eile a gcaithfidh rochtain a bheith ag an údarás inniúil air d’fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chuid seo a fhíorú;
(b)
beidh sé cláraithe ar chlár na gcuideachtaí tráchtála sa Pháirtí sin nó ar chlár atá comhchosúil leis nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta;
(c)
beidh sé faoi réir cáin ar ioncaim agus, nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta, beidh uimhir aitheantais CBL aige;
(d)
a luaithe a dheonófar údarú dó, beidh feithicil amháin nó níos mó ná feithicil amháin ar fáil dó a bheidh cláraithe nó a chuirfear i gcúrsaíocht agus a bheidh údaraithe lena n-úsáid i gcomhréir le reachtaíocht an Pháirtí sin, is cuma cé acu atá de na feithiclí sin faoi lánúinéireacht nó, mar shampla, faoi chonradh fruilcheannaigh, faoi chonradh fruilithe nó faoi chonradh léasúcháin;
(e)
déanfaidh sé a ghníomhaíochtaí riaracháin agus tráchtála ar mhodh éifeachtach, leanúnach leis an trealamh agus na saoráidí iomchuí, dá dtagraítear i bpointe (a), ag áitreabh atá suite laistigh den Pháirtí sin, agus déanfaidh sé bainistiú éifeachtach leanúnach ar a oibríochtaí iompair leis na feithiclí dá dtagraítear i bpointe (f) leis an trealamh riaracháin iomchuí, sa Pháirtí sin; agus
(f)
beidh líon feithiclí ar fáil dó, ar bhonn leanúnach, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (d) agus tiománaithe a bhíonn bunaithe de ghnáth ag ionad oibríochtúil sa Pháirtí sin, i gcomhréir le líon na n-oibríochtaí iompair a dhéanann an gnóthas.
AIRTEAGAL 6
Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil
1.
Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, cinnfidh Páirtithe na coinníollacha a chaithfidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus bainisteoirí iompair a chomhlíonadh chun an ceanglas maidir le dea-cháil a chomhlíonadh.
Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil an ceanglas sin comhlíonta ag duine nádúrtha nó dlítheanach, cuirfidh na Páirtithe iompraíocht an duine nádúrtha nó dlítheanaigh, a mbainisteoirí iompair, stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile san áireamh, de réir mar a fhéadfaidh an Páirtí a chinneadh. Aon tagairt atá san Airteagal seo do chiontuithe, do phionóis nó do sháruithe, cuimseoidh sí ciontuithe, pionóis nó sáruithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh féin, a bhainisteoirí iompair, stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile de réir mar a fhéadfaidh an Páirtí a chinneadh.
Beidh ar a laghad an méid seo a leanas sna coinníollacha dá dtagraítear sa mhír seo:
(a)
ní bheidh aon chúis láidir ann amhras a bheith ann maidir le dea-cháil an bhainisteora iompair nó le dea-cháil an oibreora tarlaithe, amhail ciontuithe nó pionóis mar gheall ar shárú tromchúiseach ar na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm sna réimsí seo a leanas:
(i)
an dlí tráchtála;
(ii)
dlí na dócmhainneachta;
(iii)
coinníollacha pá agus fostaíochta na gairme;
(iv)
trácht ar bhóithre;
(v)
dliteanas gairmiúil;
(vi)
gáinneáil ar dhaoine nó ar dhrugaí;
(vii)
an dlí cánach; agus
(b)
ní dhearnadh an bainisteoir iompair ná an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar i bPáirtí amháin ná sa dá Pháirtí a chiontú i gcion coiriúil tromchúiseach ná níor thabhaigh siad pionós maidir le sárú tromchúiseach ar rialacha Airteagail 278 go 282 den Chomhaontú seo nó ar rialacha náisiúnta a bhaineann, go háirithe, leis na nithe seo a leanas:
(i)
am tiomána agus tréimhsí sosa na dtiománaithe, am oibre agus suiteáil agus úsáid trealaimh taifeadta;
(ii)
meáchain uasta agus toisí uasta feithiclí tráchtála a úsáidtear sa trácht idirnáisiúnta;
(iii)
buncháilíocht agus oiliúint leanúnach na dtiománaithe;
(iv)
ródacmhainneacht feithiclí tráchtála, lena n-áirítear an chigireacht theicniúil bhliantúil éigeantach ar mhótarfheithiclí;
(v)
rochtain ar mhargadh an tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar;
(vi)
sábháilteacht maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar;
(vii)
suiteáil agus úsáid feistí teorannaithe luais i gcatagóirí áirithe feithiclí;
(viii)
na ceadúnais tiomána;
(ix)
ligean isteach sa ghairm;
(x)
iompar ainmhithe;
(xi)
oibrithe a phostú san iompar de bhóthar;
(xii)
an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha; agus
(xiii)
turais a bhfuil a bpointí luchtaithe agus díluchtaithe lonnaithe sa Pháirtí eile.
2.
Chun críocha phointe (b) den tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, i gcás inar ciontaíodh an bainisteoir iompair nó an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar i gcion coiriúil tromchúiseach nó i gcás inar thabhaigh an bainisteoir iompair nó an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar pionós mar gheall ar cheann de na sáruithe is tromchúisí mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn X-A-1-1, i bPáirtí amháin nó sa dá Pháirtí, tabharfaidh údarás inniúil de chuid an Pháirtí bunaíochta faoi nós imeachta riaracháin a dhéanamh agus a chur i gcrích ar bhealach atá iomchuí agus tráthúil, lena n-áireofar, más iomchuí, seiceáil a dhéanamh ar áitreabh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann.
Le linn an nós imeachta riaracháin, déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an freagairt dhíréireach a bheadh ann, de bharr imthosca sonracha, dea-cháil a chailliúint sa chás sin ar leith. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an t-údarás inniúil san áireamh líon na sáruithe tromchúiseacha ar rialacha dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, mar aon le líon na sáruithe is tromchúisí mar a leagtar amach i bhFhoscríbhinn X-A-1-1, a ndearnadh an bainisteoir iompair nó an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar iompair a chiontú i gcion nó ar gearradh pionóis orthu ina leith. Beidh réasúnú cuí ag aon chinneadh den sórt sin agus bonn cirt leis.
I gcás ina gcinnfeadh an t-údarás inniúil go mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, cinnfidh sé go leanfaidh dea-cháil de bheith ar an duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann. Má mheasann an t-údarás inniúil nach mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, caillfear dea-cháil de thoradh an chiontaithe nó an phionóis.
3.
De bhreis ar liosta na sáruithe is tromchúisí a leagtar amach i bhFoscríbhinn X-A-1-1, d’fhéadfaí dea-cháil a chailleadh mar thoradh ar na sáruithe tromchúiseacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn X-A-1-1bis.
4.
Ní chomhlíonfar an ceanglas maidir le dea-cháil go dtí go ndéanfar beart athshlánúcháin nó aon bheart comhéifeachta eile, de bhun fhorálacha ábhartha dhlí náisiúnta na bPáirtithe.
AIRTEAGAL 7
Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le seasamh airgeadais
1.
Chun an ceanglas a leagtar síos maidir le seasamh airgeadais a chomhlíonadh, beidh duine, nádúrtha nó dlítheanach in ann a chuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh ar bhonn buan i rith na bliana cuntasaíochta bliantúla. Taispeánfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe mar is iomchuí, go bhfuil aige gach bliain caipiteal agus cúlchistí caipitil:
(a)
arb é EUR 9 000 / GBP 8 000 ar a laghad a móriomlán nuair nach n-úsáidtear ach aon fheithicil amháin, EUR 5 000 / GBP 4 500 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 3.5 tonna agus EUR 900 / GBP 800 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 2.5 tonna ach nach mó ná 3.5 tonna í;
(b)
taispeánfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónasc feithiclí ar mó ná 2.5 tonna a mais ualaithe incheadaithe ach nach mó ná 3.5 tonna í, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí, go bhfuil caipiteal agus cúlchistí caipitil aige a bhfuil a móriomlán cothrom le EUR 1 800 / GBP 1 600 ar a laghad nuair nach n-úsáidtear ach aon fheithicil amháin agus EUR 900 / GBP 800 gach bliain do gach feithicil bhreise a úsáidfear.
2.
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a aontú nó a éileamh go léireoidh gnóthas a sheasamh airgeadais trí mheán deimhnithe arna chinneadh ag an údarás inniúil, amhail ráthaíocht bhainc nó árachas, lena n-áirítear árachas dliteanais ghairmiúil ó bhanc amháin nó níos mó ná banc amháin nó ó institiúid airgeadais eile amháin nó níos mó ná institiúid airgeadais eile amháin, lena n-áirítear cuideachtaí árachais nó doiciméad eile atá ceangailteach, lena gcuirtear ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach ar fáil don ghnóthas maidir leis na méideanna a shonraítear i bpointe (a) de mhír 1.
3.
De mhaolú ar mhír 1, in éagmais cuntais bhliantúla dheimhnithe do bhliain cláraithe an ghnóthais, aontóidh an t-údarás inniúil go bhfuil gnóthas lena sheasamh airgeadais a léiriú trí mheán deimhnithe amhail ráthaíocht bhainc, doiciméad arna eisiúint ag institiúid airgeadais lena mbunaítear rochtain ar chreidmheas in ainm an ghnóthais, nó doiciméad eile atá ceangailteach arna chinneadh ag an údarás inniúil lena gcruthaítear go bhfuil na méideanna a shonraítear i bpointe (a) de mhír 1 ar fáil ag an ngnóthas.
4.
Maidir leis na cuntais bhliantúla dá dtagraítear i mír 1, agus maidir leis an ráthaíocht dá dtagraítear i mír 2, agus a chaithfear a fhíorú, is cuntais iad nó is ráthaíocht í de chuid an eintitis eacnamaíoch a bunaíodh sa Pháirtí inar iarradh údarú agus ní cuntais ná ráthaíocht iad de chuid aon eintiteas eile a bunaíodh sa Pháirtí eile.
AIRTEAGAL 8
Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil
1.
Chun an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh, beidh eolas ag an duine nó ag na daoine lena mbaineann a fhreagróidh don leibhéal dá bhforáiltear i gCuid I d’Fhoscríbhinn X‑A‑1‑2 sna hábhair a liostaítear inti. Is trí scrúdú scríofa éigeantach a thaispeánfar an t-eolas sin agus féadfar an scrúdú scríofa a fhorlíonadh le scrúdú béil, má chinneann Páirtí amhlaidh. Eagrófar na scrúduithe sin i gcomhréir le Cuid II d’Fhoscríbhinn X‑A‑1‑2. Chuige sin, féadfaidh Páirtí a chinneadh tréimhse oiliúna a fhorchur roimh an scrúdú.
2.
Déanfaidh na daoine lena mbaineann an scrúdú sa Pháirtí ina bhfuil gnáthchónaí orthu.
3.
Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí atá údaraithe go cuí chuige sin ag Páirtí i gcomhréir le critéir a shainmhíneoidh sé féin, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh na scrúduithe scríofa agus na scrúduithe béil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a eagrú agus a dheimhniú. Fíoróidh na Páirtithe go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha faoina n-eagraíonn na húdaráis nó na comhlachtaí sin na scrúduithe i gcomhréir le Foscríbhinn X-A-1-2.
4.
Féadfaidh Páirtí díolúine a thabhairt do dhaoine a bhfuil cáilíochtaí áirithe ardoideachais nó cáilíochtaí oideachais theicniúil acu, a eisíodh sa Pháirtí sin, agus a ceapadh go sonrach chun na críche sin agus a chuimsíonn eolas i leith na n-ábhar uile a liostaítear i bhFoscríbhinn X-A-1-2 as an scrúdú sna hábhair a chumhdaítear leis na cáilíochtaí sin. Ní bheidh feidhm ag an díolúine sin ach maidir leis na Ranna sin de Chuid I d’Fhoscríbhinn X-A-1-2 a gcuimsíonn an cháilíocht na hábhair uile a liostaítear faoi cheannteideal gach Roinne ina leith.
Féadfaidh Páirtí díolúine a thabhairt i leith codanna sonraithe de na scrúduithe do dhaoine a bhfuil deimhnithe inniúlachta gairmiúla acu atá bailí d’oibríochtaí iompair náisiúnta sa Pháirtí sin.
AIRTEAGAL 9
Díolúine ó scrúdú
Chun ceadúnas a dheonú d’oibreoir tarlaithe de bhóthar nach n-úsáideann ach mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe incheadaithe, féadfaidh Páirtí a chinneadh daoine a chuireann fianaise ar fáil gur bhainistigh siad duine nádúrtha nó dlítheanach den chineál céanna, go comhleanúnach, don tréimhse 10 mbliana roimh an 20 Lúnasa 2020, a dhíolmhú ó na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1).
AIRTEAGAL 10
An nós imeachta maidir le húdaruithe a fhionraí agus a tharraingt siar
1.
Má chinneann an t-údarás inniúil go bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra faoi sin don duine nádúrtha nó dlítheanach. Má chinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na ceanglais sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, féadfaidh sé ceann de na teorannacha ama seo a leanas a shocrú don duine nádúrtha nó dlítheanach chun an staid a chur ina ceart:
(a)
teorainn ama nach faide ná 6 mhí a bhféadfar síneadh 3 mhí a chur léi i gcás bhás nó éagumas fisiceach an bhainisteora iompair, chun duine a earcú in ionad an bhainisteora iompair i gcás nach gcomhlíonfaidh an bainisteoir iompair an coinníoll maidir le dea-cháil nó le hinniúlacht ghairmiúil a thuilleadh;
(b)
teorainn ama nach faide ná 6 mhí a gcaithfidh an duine nádúrtha nó dlítheanach a staid a chur ina ceart trína léiriú go bhfuil bunaíocht éifeachtach chobhsaí ag an duine nádúrtha nó dlítheanach sin; nó
(c)
teorainn ama nach faide ná 6 mhí i gcás nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le seasamh airgeadais, chun a thaispeáint go gcomhlíonfar an ceanglas sin arís ar bhonn buan.
2.
Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar fionraíodh nó ar tarraingíodh siar a údarú a áirithiú gur éirigh lena bhainisteoirí iompair sna scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) sula ndéanfar aon bheart athshlánúcháin.
3.
Má chinneann an t-údarás inniúil nach gcomhlíonann duine nádúrtha nó dlítheanach a thuilleadh ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3, fionróidh sé nó tarraingeoidh sé siar an t-údarú chun gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
AIRTEAGAL 11
Dearbhú faoi mhí-oiriúnacht an bhainisteora iompair
1.
I gcás ina gcaillfidh bainisteoir iompair dea-cháil i gcomhréir le hAirteagal 6, dearbhóidh an t-údarás inniúil go bhfuil an bainisteoir iompair de bhóthar mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí oibreora tarlaithe de bhóthar a bhainistiú.
Ní athshlánóidh an t-údarás inniúil an bainisteoir iompair tráth is luaithe ná bliain amháin ón dáta a gcailltear an dea-cháil agus sula dtaispeánfaidh an bainisteoir iompair gur lean an oiliúint iomchuí ar feadh tréimhse 3 mhí ar a laghad nó sula ndéanfaidh sé scrúdú ar na hábhair a liostaítear i gCuid I d'Fhoscríbhinn X-A-1-2.
2.
Nuair a chaillfidh bainisteoir iompair dea-cháil i gcomhréir le hAirteagal 6, féadfar iarratas ar athshlánúchán a dhéanamh tar éis bliain ar a laghad ón dáta a chailltear dea-cháil.
AIRTEAGAL 12
Scrúdú agus clárú a dhéanamh ar iarratais
1.
Déanfaidh na húdarás inniúla i ngach Páirtí na sonraí a bhaineann leis na gnóthais a údaróidh sé agus dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a thaifeadadh sna cláir leictreonacha náisiúnta.
2.
Agus dea-cháil gnóthais á meas acu, fíoróidh na húdaráis inniúla, an mbeidh sé dearbhaithe tráth an iarratais, i gceann de na Páirtithe, go bhfuil an bainisteoir iompair nó na bainisteoirí iompair a ainmníodh mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú de bhun Airteagal 11.
3.
Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán go tráthrialta lena sheiceáil go leanfaidh na gnóthais a údaraíonn siad chun gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar de bheith ag comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 3. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair ag áitreabh an ghnóthais lena mbaineann, lena ndíreofar ar na gnóthais sin a aicmítear mar ghnóthais a bhfuil riosca breise ag baint leo.
AIRTEAGAL 13
Cláir leictreonacha náisiúnta
1.
Coimeádfaidh na húdaráis inniúla clár leictreonach náisiúnta de na gnóthais iompair de bhóthar atá údaraithe gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar.
2.
Leagtar amach na sonraí atá i gcláir náisiúnta na ngnóthas iompair de bhóthar agus na coinníollacha maidir le rochtain ar na sonraí sin i bhFoscríbhinn X-A-1-5.
AIRTEAGAL 14
Comhar riaracháin idir na húdaráis inniúla
1.
Déanfaidh na húdaráis inniúla pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú i ngach Páirtí a bheidh freagrach as malartú faisnéise leis na húdaráis inniúla sa Pháirtí eile i dtaca le cur i bhfeidhm na Coda seo.
2.
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí i ndlúthchomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach agus aon fhaisnéis ábhartha eile dá chéile gan mhoill chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú na Coda seo a éascú.
3.
Déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí seiceálacha aonair a chur i gcrích d’fhonn a fhíorú an gcomhlíonann an gnóthas na coinníollacha maidir le gnóthais a ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar aon uair a iarrfaidh údarás inniúil sa Pháirtí air déanamh amhlaidh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Cuirfidh sé an t-údarás inniúil sa Pháirtí eile ar an eolas faoi thorthaí na seiceálacha sin agus faoi thorthaí na mbeart a rinneadh má chinntear nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Chuid seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an ngnóthas.
4.
Déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí faisnéis a mhalartú faoi chiontuithe agus pionóis maidir le sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2).
5.
Leagtar amach na rialacha mionsonraithe maidir le módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 i bhFoscríbhinn XXXXXX.
Foscríbhinn X-A-1-1
NA SÁRUITHE IS TROMCHÚISÍ
CHUN CRÍOCH AIRTEAGAL 6(2) DE CHUID A d’IARSCRÍBHINN X
1.
Dul thar na huasteorainneacha ama mar seo a leanas:
(a)
dul 25 % nó níos mó thar na huasteorainneacha ama tiomána do thréimhsí 6 lá nó coicíse;
(b)
dul 50 % nó níos mó thar an uasteorainn tiomána laethúil le linn tréimhse laethúla oibre.
2.
Gan tacagraf agus/nó sriantóir luais a bheith feistithe nó gaireas calaoiseach lena ndéantar taifid an trealaimh taifeadta agus/nó an tsriantóra luais a mhodhnú a bheith san fheithicil agus/nó úsáid a bhaint as, nó bileoga taifeadta nó sonraí a íoslódáiltear ón tacagraf agus/nó an cárta tiomána a fhalsú.
3.
Tiomáint gan deimhniú bailí ródacmhainneachta agus/nó ag tiomáint, inter alia, le córas coscánaithe, nó nascáil stiúrtha, rothaí/bonn, crochadh nó fonnadh atá an-easnamhach agus a chruthódh a oiread sin de bhaol láithreach do shábháilteacht ar bhóithre go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh.
4.
Earraí contúirteacha a iompar a bhfuil toirmeasc ar a n-iompar nó iompar earraí den sórt sin i ngabhdán a bhfuil toirmeasc air nó nach bhfuil formheasta nó iad a iompar gan taispeáint ar an bhfeithicil gur earraí contúirteacha iad, sa treo gur a oiread sin de chúis contúirte a bheadh iontu don bheatha nó don chomhshaol go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh.
5.
Earraí a iompar gan ceadúnas tiomána bailí nó iompar ag gnóthas nach sealbhóir ceadúnais bhailí oibreora é dá dtagraítear in Airteagal 278 den Chomhaontú seo.
6.
Úsáid a bhaint ag tiománaí as cárta falsaithe tiománaí, nó as cárta nárbh eisean a shealbhóir, nó a fuarthas ar bhonn dearbhuithe bréagacha agus/nó ar bhonn doiciméad brionnaithe.
7.
Earraí a iompar lena sáraítear an t–uasmhais ualaithe atá incheadaithe de bhreis is 20 % nó níos mó ná 20 % i gcás feithiclí ar mó ná 12 thonna é a n-uasmheáchan ualaithe atá incheadaithe, agus de bhreis is 25 % nó níos mó ná 25 % i gcás feithiclí nach mó ná 12 thonna a n-uasmheáchan ualaithe incheadaithe.
Foscríbhinn X-A-1-1bis
LIOSTA SÁRUITHE TROMCHÚISEACHA
CHUN CRÍOCH AIRTEAGAL 6(2) DE CHUID A d’IARSCRÍBHINN X
Sna táblaí seo a leanas tá catagóirí agus cineálacha sáruithe tromchúiseacha ar Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, arna roinnt ina dtrí chatagóir thromchúise de réir mar a d’fhéadfadh na sáruithe sin a bheith ina gcúis le riosca báis nó gortuithe tromchúiseacha agus/nó leis an iomaíocht sa mhargadh iompair de bhóthar a shaobhadh: MSI = an sárú is tromchúisí, VSI = sárú an-tromchúiseach agus SI = sárú tromchúiseach.
(1)
Grúpaí sáruithe ar Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, mura sonraítear a mhalairt
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
Tréimhsí tiomána
|
|
1.
|
Airteagal 4(1) agus Foscríbhinn 31-A-1-1
|
Téitear thar an am tiomána laethúil 9u mura gceadaítear é a shíneadh go 10u
|
10u ≤ … < 11u
|
|
|
X
|
|
2.
|
|
|
11u ≤ …
|
|
X
|
|
|
3.
|
|
Téitear thar an am tiomána laethúil 9u 50 % nó níos mó
|
13u30 ≤ …
|
X
|
|
|
|
4.
|
|
Téitear thar an am tiomána laethúil 10u má cheadaítear síneadh ama
|
11u ≤ … < 12u
|
|
|
X
|
|
5.
|
|
|
12u ≤ …
|
|
X
|
|
|
6.
|
|
Téitear thar an am tiomána laethúil 10u 50 % nó níos mó
|
15u ≤ …
|
X
|
|
|
|
7.
|
Airteagal 4(2) agus Foscríbhinn 31-A-1-1
|
Téitear thar an am tiomána seachtainiúil
|
60u ≤ … < 65u
|
|
|
X
|
|
8.
|
|
|
65u ≤ … < 70u
|
|
X
|
|
|
9.
|
|
Téitear thar an am tiomána seachtainiúil 25 % nó níos mó
|
70u ≤ …
|
X
|
|
|
|
10.
|
Airteagal 4(3) agus Foscríbhinn 31-A-1-1
|
Téitear thar an am tiomána iomlán uasta i rith 2 seachtaine as a chéile
|
100u ≤ … < 105u
|
|
|
X
|
|
11.
|
|
|
105u ≤ … < 112u30
|
|
X
|
|
|
12.
|
|
Téitear thar an am tiomána iomlán uasta i rith 2 seachtaine as a chéile 25 % nó níos mó
|
112u30 ≤ …
|
X
|
|
|
|
Sosanna
|
|
13.
|
Airteagal 5
|
Téitear thar an am tiomána 4,5 uair an chloig gan bhriseadh sula dtógtar sos
|
5u ≤ … < 6u
|
|
|
X
|
|
14.
|
|
|
6u ≤ …
|
|
X
|
|
|
Tréimhsí Scíthe
|
|
15.
|
Airteagal 6(2)
|
Tréimhse scíthe laethúil neamhleor níos lú ná 11u mura gceadaítear tréimhse scíthe laethúil laghdaithe
|
8u30 ≤ … < 10u
|
|
|
X
|
|
16.
|
|
|
… < 8u30
|
|
X
|
|
|
17.
|
|
Tréimhse scíthe laethúil laghdaithe neamhleor níos lú ná 9u má cheadaítear laghdú
|
7u ≤ … < 8u
|
|
|
X
|
|
18.
|
|
|
… < 7u
|
|
X
|
|
|
19.
|
|
Tréimhse scíthe laethúil scoilte neamhleor níos lú ná 3u + 9u
|
3u + [7u ≤ …< 8u]
|
|
|
X
|
|
20.
|
|
|
3u + [… < 7u]
|
|
X
|
|
|
21.
|
Airteagal 6(5)
|
Tréimhse scíthe laethúil neamhleor níos lú ná 9u le haghaidh sealaíocht tiomána
|
7u ≤ … < 8u
|
|
|
X
|
|
22.
|
|
|
… < 7u
|
|
X
|
|
|
23.
|
Airteagal 6(6)
|
Tréimhse scíthe sheachtainiúil laghdaithe neamhleor níos lú ná 24u
|
20u ≤ … < 22u
|
|
|
X
|
|
24.
|
|
|
… < 20u
|
|
X
|
|
|
25.
|
|
Tréimhse scíthe sheachtainiúil neamhleor níos lú ná 45u mura gceadaítear tréimhse scíthe sheachtainiúil laghdaithe
|
36u ≤ … < 42u
|
|
|
X
|
|
26.
|
|
|
… < 36u
|
|
X
|
|
|
27.
|
|
Téitear thar shé thréimhse 24 uair an chloig as a chéile i ndiaidh na tréimhse scíthe seachtainiúla roimhe sin
|
3u ≤ … < 12u
|
|
|
X
|
|
28.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
12u ≤ …
|
|
X
|
|
|
29.
|
Airteagal 6(7)
|
Níl aon scíth chúitimh i leith dhá thréimhse scíthe sheachtainiúla laghdaithe as a chéile
|
|
|
X
|
|
|
30.
|
Airteagal 6(9)
|
Tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó aon tréimhse scíthe sheachtainiúil os cionn 45 uair an chloig a ghlactar i bhfeithicil
|
|
|
X
|
|
|
31.
|
|
Ní chlúdaíonn an fostóir costais cóiríochta lasmuigh den fheithicil
|
|
|
|
X
|
|
Eagrú na hoibre
|
|
32.
|
Airteagal 6(10)
|
Ní eagraíonn an gnóthas iompair obair na dtiománaithe sa chaoi gur féidir leis na tiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra, nó filleadh ar áit chónaithe na dtiománaithe
|
|
X
|
|
|
33.
|
Airteagal 7(1)
|
An nasc idir pá/íocaíocht agus an t-achar taistil, an luas seachadta agus/nó méid na n-earraí arna n-iompar
|
|
X
|
|
|
34.
|
Airteagal 7(2)
|
Ní eagraítear obair an tiománaí nó eagraítear go míchuí í, ní thugtar aon treoir don tiománaí ionas gur féidir leis an dlí a chomhlíonadh nó tugtar treoracha míchuí dó
|
|
X
|
|
(2)
Grúpaí sáruithe ar Roinn 4 de Chuid B agus ar Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
Tacagraf a shuiteáil
|
|
1.
|
Airteagail 3 agus 5 de Roinn 2 de Chuid C agus Foscríbhinn 31-A-1-1
|
Níl an tacagraf cineálcheadaithe suiteáilte agus ní úsáidtear é
|
X
|
|
|
|
Tacagraf, cárta tiománaí nó leathán taifid a úsáid
|
|
2.
|
Airteagal 6(1) de Roinn 2 de Chuid C
|
Úsáidtear tacagraf nach ndéanann ceardlann cheadaithe cigireacht air
|
|
X
|
|
|
3.
|
Airteagal 3 de Roinn 4 de Chuid B agus Foscríbhinn 31-A-1-1
|
Níos mó ná cárta tiománaí amháin a bheith ina sheilbh ag tiománaí agus/nó á úsáid aige
|
|
X
|
|
|
4.
|
|
Tiomáintear le cárta tiománaí falsaithe (a mheastar go bhfuil an tiománaí ag tiomáint gan cárta tiománaí)
|
X
|
|
|
|
5.
|
|
Tiomáintear le cárta tiománaí nach sealbhóir an chárta sin é an tiománaí (a mheastar go bhfuil an tiománaí ag tiomáint gan cárta tiománaí)
|
X
|
|
|
|
6.
|
|
Tiomáintear le cárta tiománaí a fuarthas ar bhonn dearbhuithe bréagacha agus/nó ar bhonn doiciméid bhrionnaithe (a mheastar go bhfuil an tiománaí ag tiomáint gan cárta tiománaí)
|
X
|
|
|
|
7.
|
Airteagal 7(1) de Roinn 4 de Chuid B agus Airteagal 15(1) de Roinn 2 de Chuid C
|
Níl an tacagraf ag feidhmiú i gceart (e.g.: ní dhéantar cigireacht cheart air, níl sé calabraithe ná séalaithe mar is ceart)
|
|
X
|
|
|
8.
|
|
Ní úsáidtear an tacagraf mar is ceart (e.g.: baintear mí-úsáid as d’aon ghnó, nó baintear mí-úsáid dheonach as nó forchuirtear an mhí-úsáid as an tacagraf, tá easpa treoracha ann maidir le húsáid cheart, etc.)
|
|
X
|
|
|
9.
|
Airteagal 7(2) de Roinn 4 de Chuid B agus Foscríbhinn 31-A-1-1
|
Tá gaireas calaoiseach san fheithicil nó baintear úsáid as gaireas calaoiseach, ar gaireas é atá in ann taifid an tacagraif a mhodhnú
|
X
|
|
|
|
10.
|
|
Déantar sonraí arna dtaifeadadh ar na leatháin taifid nó arna stóráil agus arna n-íoslódáil ón tacagraf agus/nó ón gcárta tiománaí a fhalsú, a cheilt, a shochtadh nó a scriosadh
|
X
|
|
|
|
11.
|
Airteagal 15(2) de Roinn 2 de Chuid C
|
Ní choinníonn an gnóthas leatháin taifid, asphriontaí ná sonraí a íoslódáladh
|
|
X
|
|
|
12.
|
|
Níl sonraí arna dtaifeadadh agus arna stóráil ar fáil ar feadh bliana ar a laghad
|
|
X
|
|
|
13.
|
Airteagal 6(1) de Roinn 4 de Chuid B
|
Baintear úsáid mhícheart as na leatháin taifid/as an gcárta tiománaí
|
|
X
|
|
|
14.
|
|
Déantar na leatháin taifid nó an cárta tiománaí a tharraingt siar gan údarás, rud a bhfuil tionchar aige ar thaifeadadh na sonraí ábhartha
|
|
X
|
|
|
15.
|
|
Baintear úsáid as leathán taifid nó cárta tiománaí chun tréimhse níos faide ná an tréimhse dá bhfuil sé beartaithe a chumhdach agus cailltear sonraí
|
|
X
|
|
|
16.
|
Airteagal 6(2) de Roinn 4 de Chuid B
|
Baintear úsáid as leatháin taifid nó cárta tiománaí atá salach nó a bhfuil damáiste déanta dóibh agus níl na sonraí inléite
|
|
X
|
|
|
17.
|
Airteagal 6(3) de Roinn 4 de Chuid B
|
Ní bhaintear úsáid as ionchur de láimh nuair is gá sin a dhéanamh
|
|
X
|
|
|
18.
|
Airteagal 6(4) de Roinn 4 de Chuid B
|
Ní bhaintear úsáid as an leathán taifid ceart nó níl an cárta tiománaí sa sliotán ceart (sealaíocht tiomána)
|
|
|
X
|
|
19.
|
Airteagal 6(5) de Roinn 4 de Chuid B
|
Baintear úsáid mhícheart as an meicníocht laisce
|
|
X
|
|
|
Faisnéis a thabhairt ar aird
|
|
20.
|
Airteagal 6(5), pointe (b)(v) de Roinn 4 de Chuid B
|
Baintear úsáid mhícheart as an gcomhartha báid farantóireachta/traenach nó ní bhaintear úsáid as
|
|
|
X
|
|
21.
|
Airteagal 6(6) de Roinn 4 de Chuid B
|
Ní chuirtear an fhaisnéis is gá ar an leathán taifid
|
|
X
|
|
|
22.
|
Airteagal 6(7) de Roinn 4 de Chuid B
|
Sna taifid ní thaispeántar siombailí na dtíortha ar thrasnaigh an tiománaí a dteorainneacha le linn na tréimhse oibre laethúla
|
|
|
X
|
|
23.
|
Airteagal 6(7) de Roinn 4 de Chuid B
|
Sna taifid ní thaispeántar siombailí na dtíortha ar cuireadh tús agus deireadh le tréimhse oibre laethúil an tiománaí iontu
|
|
|
X
|
|
24.
|
Airteagal 10 de Roinn 4 de Chuid B
|
Diúltú seiceáil a bheith déanta
|
|
X
|
|
|
25.
|
|
Gan bheith in ann taifid de láimh agus asphriontaí arna ndéanamh le linn an lae sin agus na 56 lá roimhe sin a sholáthar
|
|
X
|
|
|
26.
|
|
Gan bheith in ann cárta tiománaí a thabhairt ar aird, má tá cárta tiománaí i seilbh an tiománaí
|
|
X
|
|
|
Mífheidhmiú
|
|
27.
|
Airteagal 16(1) agus Airteagal 5(1) de Roinn 2 de Chuid C
|
Níl an tacagraf deisithe ag feisteoir ceadaithe ná ceardlann cheadaithe
|
|
X
|
|
|
28.
|
Airteagal 11 de Roinn 4 de Chuid B
|
Ní dhéanann an tiománaí an fhaisnéis go léir is gá a mharcáil le haghaidh na dtréimhsí ama, ar faisnéis í nach bhfuiltear á taifeadadh a thuilleadh agus an tacagraf neamhfhóinteach nó fad a bhíonn mífheidhm leis
|
|
X
|
|
(3)
Grúpaí sáruithe ar Roinn 3 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
An t-uas-am oibre seachtainiúil
|
|
1.
|
Airteagal 3
|
Téitear thar an am oibre seachtainiúil uasta 48u má tá na féidearthachtaí é a shíneadh go 60u ídithe cheana
|
56h ≤ … 60h
|
|
|
X
|
|
2.
|
|
|
60h ≤ …
|
|
X
|
|
|
3.
|
|
Téitear thar an am oibre seachtainiúil uasta 60u mura ndeonaítear aon mhaolú faoi Airteagal 7
|
65 ≤ … < 70u
|
|
|
X
|
|
4.
|
|
|
70u ≤ …
|
|
X
|
|
|
Sosanna
|
|
5.
|
Airteagal 4
|
Ní leor an sos éigeantach a ghlactar nuair a mhaireann an t-am oibre idir 6 uair agus 9 n-uair an chloig
|
10 < … ≤ 20 nóim
|
|
|
X
|
|
6.
|
|
|
… ≤ 10 nóim
|
|
X
|
|
|
7.
|
|
Ní leor an sos éigeantach a ghlactar nuair a mhaireann an t-am oibre níos faide ná 9 n-uair an chloig
|
20 ≤ … < 30 nóim
|
|
|
X
|
|
8.
|
|
|
… ≤ 20 nóim
|
|
X
|
|
|
Obair oíche
|
|
9.
|
Airteagal 6
|
Am oibre laethúil gach 24u nuair a dhéantar obair oíche mura ndeonaítear aon mhaolú faoi Airteagal 7
|
11u ≤ … < 13u
|
|
|
X
|
|
10.
|
|
|
13u ≤ …
|
|
X
|
|
|
Taifid
|
|
11.
|
Airteagal 8
|
Falsaíonn fostóirí taifid ama oibre nó diúltaíonn siad taifid a sholáthar don oifigeach cigireachta
|
|
X
|
|
|
12.
|
|
Falsaíonn tiománaithe fostaithe/féinfhostaithe taifid ama oibre nó diúltaíonn siad taifid a sholáthar don oifigeach cigireachta
|
|
X
|
|
(4)
Grúpaí sáruithe ar Roinn 1 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
Meáchain
|
|
1.
|
Airteagal 1 agus Foscríbhinn 31‑A‑1‑1
|
Sáraítear an meáchain uasta is incheadaithe d’fheithiclí N3
|
5 % ≤ … < 10 %
|
|
|
X
|
|
2.
|
|
|
10 % ≤ … < 20 %
|
|
X
|
|
|
3.
|
|
|
20 % ≤ …
|
X
|
|
|
|
4.
|
|
Sáraítear an meáchan uasta is incheadaithe d’fheithiclí N2
|
5 % ≤ … < 15 %
|
|
|
X
|
|
5.
|
|
|
15 % ≤ … < 25 %
|
|
X
|
|
|
6.
|
|
|
25 % ≤ …
|
X
|
|
|
|
Faid
|
|
7.
|
Airteagal 1
|
Sáraítear an t-uasfhad is incheadaithe
|
2 % < … < 20 %
|
|
|
X
|
|
8.
|
|
|
20 % ≤ …
|
|
X
|
|
|
Leithead
|
|
9.
|
Airteagal 1
|
Sáraítear an t-uasleithead is incheadaithe
|
2,65 ≤ … < 3,10 méadar
|
|
|
X
|
|
10.
|
|
|
3,10 méadar ≤ …
|
|
X
|
|
(5)
Grúpaí sáruithe ar rialacha maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
Ródacmhainneacht
|
|
1.
|
Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(iv) agus Foscríbhinn 31‑A‑1‑1
|
Tiomáint gan cruthúnas bailí ar thástálacha ródacmhainneachta ar éirigh an fheithicil iontu, mar a cheanglaítear le dlí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe
|
X
|
|
|
|
2.
|
|
Gan bail ródacmhainneach shábháilte a choinneáil ar fheithicil, rud a d’fhágfadh go mbeadh easnamh an-tromchúiseach sa chóras coscánaithe, sna nascáil stiúrtha, sna rothaí/boinn, sa chrochadh nó san fhonnadh nó i dtrealamh eile a chruthódh a oiread sin de bhaol láithreach do shábháilteacht ar bhóithre go gcinnfí bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh
|
X
|
|
|
(6)
Grúpaí sáruithe ar rialacha maidir le teorantóirí luais
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
1.
|
Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(vii)
|
Níl an teorantóir luais feistithe
|
X
|
|
|
|
2.
|
|
Ní chomhlíonann an teorantóir luais na ceanglais theicniúla is infheidhme
|
|
X
|
|
|
3.
|
|
Níl an teorantóir luais feistithe ag ceardlann cheadaithe
|
|
|
X
|
|
4.
|
|
Tá gaireas calaoiseach san fheithicil agus/nó baintear úsáid as gaireas calaoiseach lena bhféadfar sonraí an teorantóra luais a fhalsú nó tá teorantóir luais calaoiseach san fheithicil agus/nó baintear úsáid as
|
X
|
|
|
(7)
Grúpaí sáruithe ar Roinn 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
Oiliúint agus Ceadúnas
|
|
1.
|
Airteagal 3
|
Iompraítear earraí gan cáilíocht tosaigh éigeantach agus/nó oiliúint thréimhsiúil éigeantach
|
|
X
|
|
|
2.
|
Airteagal 9 agus Foscríbhinn 31-B-1-2
|
Níl an tiománaí in ann an cárta cáilíochta bailí nó an ceadúnas tiomána a bhfuil an mharcáil air a thaispeáint, mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta (e.g.: caillte, ligthe i ndearmad, damáistithe, doléite)
|
|
|
X
|
(8)
Grúpaí sáruithe ar cheanglais maidir le ceadúnais tiomána
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
1.
|
Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(viii) agus Foscríbhinn 31-A-1-1
|
Iompraítear earraí gan ceadúnas tiomána bailí
|
X
|
|
|
|
2.
|
|
Úsáidtear ceadúnas tiomána atá damáistithe nó doléite nó nach bhfuil i gcomhréir leis an múnla coiteann
|
|
|
X
|
(9)
Grúpaí sáruithe ar rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
1.
|
Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(vi) agus Foscríbhinn 31‑A-1-1
|
Earraí contúirteacha a iompar a bhfuil toirmeasc ar a n-iompar
|
X
|
|
|
|
2.
|
|
Earraí contúirteacha a iompar i gcineál gabhdáin toirmiscthe nó nach bhfuil formheasta, sa chaoi gur a oiread sin de chúis chontúirte a bheadh iontu don bheatha nó don chomhshaol go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh
|
X
|
|
|
|
3.
|
|
Earraí contúirteacha a iompar gan taispeáint ar an bhfeithicil gur earraí contúirteacha iad, sa chaoi gur a oiread sin de chúis chontúirte a bheadh iontu don bheatha nó don chomhshaol go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh
|
X
|
|
|
|
4.
|
|
Sceitheadh substaintí contúirteacha
|
|
X
|
|
|
5.
|
|
Iompar i mbulc i gcoimeádán nach bhfuil feidhmiúil ó thaobh struchtúir de
|
|
X
|
|
|
6.
|
|
Iompar i bhfeithicil gan deimhniú formheasa iomchuí
|
|
X
|
|
|
7.
|
|
Ní chomhlíonann an fheithicil na caighdeáin formheasa a thuilleadh agus is baol láithreach í
|
|
X
|
|
|
8.
|
|
Níor comhlíonadh na rialacha lena rialaítear daingniú agus stuáil an ualaigh
|
|
X
|
|
|
9.
|
|
Níor comhlíonadh na rialacha lena rialaítear luchtú measctha pacáistí
|
|
X
|
|
|
10.
|
|
Níor comhlíonadh na forálacha lena dteorannaítear na cainníochtaí a iompraítear in aon aonad iompair amháin, lena n-áirítear céimeanna ceadaithe maidir le líonadh umar nó pacáistí;
|
|
X
|
|
|
11.
|
|
An fhaisnéis a bhaineann leis an tsubstaint atá á hiompar, agus lena gcumasaítear leibhéal tromchúise an chiona a chinneadh, tá sí ar iarraidh (e.g. uimhir NA, ainm ceart loingseoireachta, grúpa pacála)
|
|
X
|
|
|
12.
|
|
Níl deimhniú gairmoiliúna bailí ag an tiománaí
|
|
X
|
|
|
13.
|
|
Tá tine nó solas neamhchosanta á úsáid
|
|
X
|
|
|
14.
|
|
Níl an cosc ar chaitheamh tobac á chomhlíonadh.
|
|
X
|
|
|
15.
|
|
Níl maoirseacht cheart á déanamh ar an bhfeithicil nó níl sí páirceáilte i gceart
|
|
|
X
|
|
16.
|
|
Tá níos mó ná leantóir/leathleantóir amháin san aonad iompair
|
|
|
X
|
|
17.
|
|
Ní chomhlíonann an fheithicil na caighdeáin formheasa a thuilleadh ach ní baol láithreach í
|
|
|
X
|
|
18.
|
|
Níl múchtóirí dóiteáin atá ag obair á n-iompar ar an bhfeithicil de réir mar is gá
|
|
|
X
|
|
19.
|
|
Níl an trealamh is gá de réir ADR nó na dtreoracha i scríbhinn á iompar ar an bhfeithicil
|
|
|
X
|
|
20.
|
|
Iompraítear pacáistí a bhfuil pacáistíocht dhamáistithe orthu, lena ngabhann IBCanna damáistithe nó mórphacáistíocht dhamáistithe nó pacáistíocht dhamáistithe fholamh nár glanadh
|
|
|
X
|
|
21.
|
|
Iompar earraí pacáistithe i gcoimeádán nach bhfuil feidhmiúil ó thaobh struchtúir de
|
|
|
X
|
|
22.
|
|
Ní dhearnadh umair/coimeádáin umair (lena n-áirítear cinn atá folamh agus nár glanadh) a dhúnadh i gceart
|
|
|
X
|
|
23.
|
|
Lipéadú, marcáil nó póstaeir mhíchearta ar an bhfeithicil agus/nó ar an gcoimeádán
|
|
|
X
|
|
24.
|
|
Níl aon treoir i scríbhinn atá ag cloí le ADR, nó níl na treoracha i scríbhinn ábhartha maidir leis na hearraí a iompraítear
|
|
|
X
|
(10)
Grúpaí sáruithe ar Theideal I de Cheannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair, mura sonraítear a mhalairt
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
Ceadúnas
|
|
1.
|
Airteagal 463(1) agus Foscríbhinn 31-A-1-1
|
Iompraítear earraí gan ceadúnas bailí (i.e.: níl ceadúnas ann, tá an ceadúnas falsaithe, tarraingthe siar, imithe in éag, etc.)
|
X
|
|
|
|
2.
|
Airteagal 463(3)
|
Ní féidir leis an ngnóthas tarlaithe ná leis an tiománaí ceadúnas bailí nó cóip dhílis dheimhnithe bhailí den cheadúnas a thaispeáint don oifigeach cigireachta (i.e.: ceadúnas nó cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas caillte, ligthe i ndearmad, damáistithe, etc.)
|
|
X
|
|
|
Fianú tiománaí
|
|
3.
|
Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(v)
|
Tiománaithe a iompraíonn earraí gan fianú bailí tiománaí (i.e. ní ann d’fhianú tiománaí, fianú an tiománaí atá falsaithe; tarraingthe siar, imithe in éag, etc.)
|
|
X
|
|
|
4.
|
Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(v)
|
Ní féidir leis an tiománaí ná leis an ngnóthas tarlaithe fianú tiománaí bailí nó cóip dhílis dheimhnithe bhailí d’fhianú an tiománaí a thaispeáint don oifigeach cigireachta (i.e. fianú tiománaí nó cóip dhílis dheimhnithe d’fhianú an tiománaí, atá caillte, dearmadta, damáistithe etc.)
|
|
|
X
|
|
Oibríochtaí iompair sonracha a cheadaítear faoin gComhaontú Trádála agus Comhair
|
|
5.
|
Míreanna 3 go 7 d’Airteagal 462
|
Cabatáiste nó oibríochtaí iompair eile a dhéanamh nach gcomhlíonann na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin, lena n-áirítear teorainneacha ar líon na dturas, atá i bhfeidhm sa Pháirtí óstach.
|
|
X
|
|
(11)
Grúpaí sáruithe ar rialacha maidir le hiompar ainmhithe
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
1.
|
Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(x)
|
Níl na spiaraí láidir go leor chun meáchan na n-ainmhithe a sheasamh
|
|
X
|
|
|
2.
|
|
Úsáidtear rampaí luchtaithe nó díluchtaithe a bhfuil dromchlaí sleamhain orthu, nach bhfuil cosaintí cliathánacha acu nó atá róghéar
|
|
|
X
|
|
3.
|
|
Úsáidtear ardáin ardaithe nó urláir uachtaracha nach bhfuil bacainní sábháilteachta acu lena gcuirtear cosc ar ainmhithe titim nó éalú le linn oibríochtaí luchtaithe agus díluchtaithe
|
|
|
X
|
|
4.
|
|
Modhanna iompair nach bhfuil formheasta le haghaidh turais fhada, nó nach bhfuil formheasta don chineál ainmhí atá á iompar.
|
|
|
X
|
|
5.
|
|
Iompar gan doiciméadacht bhailí riachtanach, loga turais bailí nó údarú iompróra nó deimhniú inniúlachta bailí
|
|
|
X
|
(12)
Grúpaí sáruithe ar na dlíthe is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
1.
|
Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(xii)
|
An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a shárú
|
|
X
|
|
(13)
Grúpaí sáruithe ar Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair
|
|
BUNÚS DLÍ
|
AN CINEÁL SÁRAITHE
|
LEIBHÉAL TROMCHÚISE
|
|
|
|
|
MSI
|
VSI
|
SI
|
|
1.
|
Airteagal 6(1), pointe (a)
|
Faisnéis neamhiomlán ar an dearbhú maidir le postú
|
|
|
X
|
|
2.
|
|
Gan dearbhú maidir le postú a chur isteach chuig an tír a ndéantar an tiománaí a phostú chuici tráth nach déanaí ná tús an phostaithe
|
|
X
|
|
|
3.
|
Airteagal 6(1), pointe (b)
|
Dearbhú falsaithe maidir le postú le haghaidh tiománaithe
|
|
X
|
|
|
4.
|
|
Ní fhéadann an tiománaí dearbhú bailí maidir le postú a thaispeáint
|
|
X
|
|
|
5.
|
|
Gan dearbhú bailí maidir le postú a chur ar fáil don tiománaí
|
|
X
|
|
|
6.
|
Airteagal 6(1), an dara fomhír
|
Gan na doiciméid a iarradh a chur faoi bhráid na tíre óstaí1 laistigh de 8 seachtaine ó dháta na hiarrata. Sonraítear in Airteagal 6(1), pointe (c), na cineálacha doiciméad nach mór a sholáthar
|
|
X
|
|
|
7.
|
Airteagal 6(4)
|
Ní choinníonn an t-oibreoir na dearbhuithe maidir le postú cothrom le dáta sa chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI
|
|
|
X
|
Leibhéil tromchúise na sáruithe tromchúiseacha
(1)
Is iad seo a leanas leibhéil tromchúise na sáruithe: tromchúiseach (‘SI’), an-tromchúiseach (‘VSI’) agus is tromchúisí (‘MSI’).
(2)
Maidir le sáruithe tromchúiseacha agus an-tromchúiseach, nuair a dhéanann an t-oibreoir céanna iad arís agus arís eile, measfaidh an t-údarás inniúil sa Pháirtí bunaíochta gur sáruithe níos tromchúisí iad. Agus minicíocht na sáruithe a dhéantar arís agus arís eile á ríomh, cuirfidh na húdaráis inniúla sa Pháirtí na tosca seo a leanas san áireamh:
Tromchúis na sáruithe (SI nó VSI);
–
An t-am (atráth bliana amháin ar a laghad ó dháta rialaithe);
–
An líon feithiclí arna n-úsáid le haghaidh na ngníomhaíochtaí iompair arna mbainistiú ag an mbainisteoir iompair (meán in aghaidh na bliana).
(3)
Agus é á chur san áireamh go bhféadfadh riosca a bheith ann don tsábháilteacht ar bhóithre, déanfar minicíocht uasta na sáruithe tromchúiseacha, arb ina ndiaidh sin ba cheart a mheas gur sáruithe níos tromchúisí atá iontu, a leagan síos mar a leanas:
–
3 SI in aghaidh na feithicle agus in aghaidh na bliana = 1 VSI;
–
3 VSI in aghaidh na feithicle agus in aghaidh na bliana = nós imeachta náisiúnta maidir le dea-cháil a sheoladh.
(4)
Is éard atá sa líon sáruithe in aghaidh na feithicle in aghaidh na bliana meánfhigiúr arna ríomh trí líon iomlán na sáruithe go léir ar an leibhéal céanna tromchúise (SI nó VSI) a roinnt ar mheánlíon na bhfeithiclí a úsáideadh le linn na bliana. Foráiltear leis an bhfoirmle mhinicíochta maidir le tairseach uasta le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a bheith á ndéanamh agus i gcás ina rachfaí thar na tairseacha sin, measfar gur sáruithe níos tromchúisí iad. Féadfaidh údaráis inniúla sna Páirtithe tairseacha níos déine a bhunú más é sin atá beartaithe ina nós imeachta riaracháin náisiúnta chun dea-cháil a mheasúnú.
Foscríbhinn X-A-1-2
CUID I
LIOSTA ÁBHAR
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8 DE CHUID A d’IARSCRÍBHINN X
Ní mór ar a laghad na hábhair a liostaítear thíos a bheith cumhdaithe san eolas atá le cur san áireamh chun go dtabharfadh na Páirtithe aitheantas oifigiúil d’inniúlacht ghairmiúil. I ndáil leis na hábhair sin, caithfidh an leibhéal eolais agus an cumas praiticiúil is gá chun bainistiú a dhéanamh ar ghnóthas iompair a bheith ag iarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe de bhóthar.
Ní mór an leibhéal íosta eolais, faoi mar a shonraítear thíos é, a bheith freagartha ar a laghad a fuarthas le linn oideachais éigeantaigh a bhaintear amach le linn oideachais éigeantaigh a fhorlíontar le hoiliúint ghairmiúil agus le hoiliúint theicniúil bhreise, nó le hoiliúint theicniúil mheánscoile nó le hoiliúint theicniúil eile.
A.
An dlí sibhialta
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a)
cur amach a bheith aige ar na príomhchineálacha conarthaí a úsáidtear san iompar de bhóthar agus ar na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu;
(b)
a bheith in ann conradh iompair a bheidh bailí ó thaobh an dlí de a chaibidil, go háirithe ó thaobh coinníollacha iompair de;
(c)
a bheith in ann éileamh ó phríomhaí an iarrthóra a mheas maidir le cúiteamh as caillteanas earraí nó as damáiste d’earraí le linn a n-iompair nó as seachadadh déanach, agus tuiscint a bheith aige ar an difear a dhéanfadh éileamh den sórt sin do dhliteanas conarthach an iarrthóra; agus
(d)
cur amach a bheith aige ar na rialacha agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún CMR ar an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, a rinneadh sa Ghinéiv an 19 Bealtaine, 1956.
B.
An dlí tráchtála
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a)
cur amach a bheith aige ar na coinníollacha agus ar na foirmiúlachtaí a leagtar síos maidir le cleachtadh na gairme, ar na hoibleagáidí ginearálta atá ar thrádálaithe (clárú, cuntais a choimeád, etc.) agus ar iarmhairtí na féimheachta; agus
(b)
eolas iomchuí a bheith aige ar na cineálacha éagsúla cuideachtaí tráchtála agus ar na rialacha lena rialaítear a mbunú agus a n-oibriú.
C.
An dlí sóisialta
Ní mór don iarrthóir a bheith ar an eolas i dtaobh na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
ról agus feidhm na n-institiúidí sóisialta éagsúla a bhfuil baint acu le hearnáil an iompair de bhóthar (ceardchumainn, comhairlí oibreacha, maoir cheardchumann, cigirí saothair, etc.);
(b)
na hoibleagáidí a bhíonn ar fhostóirí maidir le slándáil shóisialta;
(c)
na rialacha lena rialaítear conarthaí oibre do na catagóirí éagsúla oibrithe a fhostaíonn gnóthais iompair de bhóthar (foirm na gconarthaí, oibleagáidí na bpáirtithe, coinníollacha oibre agus uaireanta oibre, saoire le pá, luach saothair, sárú conartha, etc.);
(d)
na rialacha is infheidhme maidir le hamanna tiomána, le tréimhsí sosa agus le hamanna oibre agus na bearta praiticiúla chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm; agus
(e)
na rialacha is infheidhme maidir le buncháilíochtaí agus le hoiliúint leanúnach na dtiománaithe a leagtar síos i roinn 1 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.
D.
An dlí fioscach
Ní mór don iarrthóir a bheith ar an eolas i dtaobh na rialacha lena rialaítear na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
an cháin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair;
(b)
an cháin ar mhótarfheithiclí;
(c)
na cánacha ar fheithiclí áirithe tarlaithe de bhóthar mar aon leis na dolaí agus na muirir le haghaidh lucht úsáidte bonneagair; agus
(d)
an cháin ioncaim.
E.
Bainistiú gnó agus airgeadais
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a)
cur amach a bheith aige ar na dlíthe agus ar na cleachtais a bhaineann le húsáid seiceanna, billí malairte, nótaí gealltanais, cártaí creidmheasa agus bealaí nó modhanna eile íocaíochta;
(b)
cur amach a bheith aige ar na foirmeacha éagsúla creidmheasa (creidmheas bainc, creidmheas doiciméadach, taiscí ráthaíochta, morgáistí, léasú, tógáil ar cíos, fachtóireacht, etc.) agus ar na muirir agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn astu;
(c)
fios a bheith aige cad is clár comhardaithe ann, conas a leagtar amach é agus conas é a léiriú;
(d)
a bheith in ann cuntas sochair agus dochair a léamh agus a léiriú;
(e)
a bheith in ann brabúsacht agus staid airgeadais an ghnóthais a mheas, go háirithe ar bhonn cóimheas airgeadais;
(f)
a bheith in ann buiséad a ullmhú;
(g)
cur amach a bheith aige ar ghnéithe costais an ghnóthais (costais sheasta, costais athraitheacha, caipiteal oibre, dímheas, etc.), agus a bheith in ann na costais a ríomh in aghaidh na feithicle, in aghaidh an chiliméadair nó in aghaidh an tonna;
(h)
a bheith in ann cairt eagraíochta a tharraingt suas d'fhoireann an ghnóthais ina hiomláine agus pleananna oibre etc. a eagrú.;
(i)
cur amach a bheith aige ar phrionsabail na margaíochta, na poiblíochta agus an chaidrimh phoiblí lena n-áirítear seirbhísí iompair, tionscnamh díolacháin agus comhaid chustaiméirí a ullmhú, etc.;
(j)
cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla árachais a bhaineann le hiompar de bhóthar (árachas dliteanais, árachas um ghortú tionóisceach/árachas saoil, árachas neamhshaoil agus árachas bagáiste) mar aon leis na ráthaíochtaí agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu;
(k)
cur amach a bheith aige ar an gcaoi a mbaintear feidhm as tarchur leictreonach sonraí i réimse an iompair de bhóthar;
(l)
a bheith in ann na rialacha lena rialaítear sonrascadh seirbhísí tarlaithe de bhóthar a chur i bhfeidhm agus an bhrí agus na himpleachtaí atá ag Incoterms a bheith ar eolas aige; agus
(m)
cur amach a bheith aige ar na catagóirí éagsúla cúntóirí iompair, a ról, a bhfeidhmeanna agus, i gcás inarb iomchuí, a stádas.
F.
Rochtain ar an margadh
Ní mór don iarrthóir a bheith ar an eolas i dtaobh na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
na rialacháin ghairme lena rialaítear iompar de bhóthar, nó cíos agus fochonraitheoireacht feithiclí tionsclaíocha, agus go háirithe na rialacha lena rialaítear eagrú oifigiúil na gairme, ligean isteach sa ghairm, údaruithe le haghaidh oibríochtaí iompair de bhóthar, cigireachtaí agus pionóis;
(b)
na rialacha a bhaineann le gnóthas iompair de bhóthar a chur ar bun;
(c)
na doiciméid éagsúla is gá chun seirbhísí iompair de bhóthar a oibriú, agus na nósanna imeachta seiceála a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar na doiciméid fhormheasta a bhaineann le gach oibríocht iompair, go háirithe na doiciméid a bhaineann leis an bhfeithicil, leis an tiománaí, leis na hearraí nó leis an mbagáiste, a choimeád san fheithicil agus in áitreabh an ghnóthais;
(d)
na rialacha a bhaineann le heagrú an mhargaidh i seirbhísí iompair earraí, chomh maith leis na rialacha a bhaineann le láimhseáil lasta agus le lóistíocht; agus
(e)
na foirmiúlachtaí ag teorainneacha, ról agus raon feidhme dhoiciméid T agus Carthamus TIR agus maidir leis na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a eascraíonn as a n-úsáid.
G.
Caighdeáin theicniúla agus gnéithe teicniúla oibriúcháin
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a)
cur amach a bheith aige ar na rialacha a bhaineann le meáchain agus le toisí feithiclí sna Páirtithe agus ar na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás ualaí neamhghnácha ar eisceacht iad ó na rialacha sin;
(b)
a bheith in ann feithiclí agus a gcomhpháirteanna (fonnadh, inneall, córas tarchurtha, córas coscánaithe, etc.) a roghnú i gcomhréir le riachtanais an ghnóthais;
(c)
cur amach a bheith aige ar na nósanna imeachta a bhaineann le cineálcheadú, le clárú agus le hiniúchadh teicniúil na bhfeithiclí sin;
(d)
tuiscint a bheith aige ar na bearta a chaithfear a dhéanamh d’fhonn torann a laghdú agus truailliú aeir trí astaíochtaí sceite mótarfheithiclí a chomhrac;
(e)
a bheith in ann pleananna tréimhsiúla cothabhála a tharraingt suas d’fheithiclí agus dá dtrealamh;
(f)
cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla gaireas maidir le láimhseáil agus lódáil lasta (cúlchláir, coimeádáin, pailléid, etc.) agus a bheith in ann nósanna imeachta a thabhairt isteach agus treoracha a eisiúint maidir le hearraí a luchtú agus a dhíluchtú (dáileadh lasta, cruachadh, stuáil, blocáil, daingniú, etc.);
(g)
cur amach a bheith aige ar theicníochtaí éagsúla an ‘mhuiniompair’ agus an iompair chomhcheangailte rolladh ann-rolladh as;
(h)
a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha agus le hiompar dramhaíola;
(i)
a bheith in ann na nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí meatacha a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a eascraíonn as an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Bia Meatacha agus maidir leis an Trealamh Speisialta atá le húsáid i ndáil leis an Iompar sin (ATP); agus
(j)
a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar ainmhithe beo a chomhlíonadh.
H.
Sábháilteacht ar bhóithre
Ní mór maidir leis an iarrthóir, go háirithe:
(a)
fios a bheith aige cad iad na cáilíochtaí a cheanglaítear a bheith ag tiománaithe (ceadúnas tiomána, deimhnithe dochtúra, deimhnithe infheidhmeachta, etc.);
(b)
a bheith in ann na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh tiománaithe na rialacha tráchta, na toirmisc agus na srianta atá i bhfeidhm sna Páirtithe (luasteorainneacha, tosaíochtaí, srianta feithimh agus páirceála, úsáid soilse, comharthaí bóthair, etc.);
(c)
a bheith in ann treoracha do thiománaithe a tharraingt suas chun comhlíonadh na gceanglas sábháilteachta ag tiománaithe a sheiceáil i dtaca le staid na bhfeithiclí, a dtrealaimh agus a lasta, agus i dtaca leis na bearta coisctheacha a bheidh le glacadh;
(d)
a bheith in ann na coinníollacha a leagan síos a bheidh le leanúint i gcás timpiste agus nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme chun atarlú timpistí nó cionta tromchúiseacha tráchta a sheachaint; agus
(e)
a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun earraí a dhaingniú i gceart agus a bheith ar an eolas maidir leis na teicníochtaí comhfhreagracha.
CUID II
EAGRÚ AN SCRÚDAITHE
1.
Eagróidh na Páirtithe scrúdú scríofa éigeantach a fhéadfaidh siad a fhorlíonadh le scrúdú roghnach béil chun a chinntiú go bhfuil an leibhéal eolais is gá ag na hiarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe sna hábhair a liostaítear i gCuid I agus go háirithe a gcumas na hionstraimí agus na teicníochtaí a ghabhann leis na hábhair sin a úsáid agus na dualgais fheidhmiúcháin agus chomhordaitheacha a chomhfhreagraíonn dóibh a chomhlíonadh.
(a)
Beidh dhá thástáil i gceist leis an scrúdú scríofa, eadhon:
(i)
ceisteanna scríofa ar ceisteanna ilroghnacha iad (ceithre fhreagra a d’fhéadfadh a bheith ar gach ceist), ceisteanna a éilíonn freagraí díreacha, nó meascán den dá chóras; agus
(ii)
cleachtaí scríofa/cás-staidéir.
Dhá uair an chloig ar a laghad a mhairfidh gach tástáil.
(b)
I gcás ina n-eagrófar scrúdú béil, féadfaidh na Páirtithe a ordú go mbeidh rannpháirtíocht ann ag brath ar cibé a éiríonn leis na hiarratasóirí sa scrúdú scríofa.
2.
I gcás ina n-eagróidh na Páirtithe scrúdú béil freisin, ní mór dóibh, i leith gach ceann de na trí thástáil, foráil a dhéanamh maidir le hualú marcanna, ar 25 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 40 % ar a mhéid. I gcás nach n-eagróidh na Páirtithe ach scrúdú scríofa, ní mór dóibh, maidir le gach ceann de na tástálacha, foráil a dhéanamh maidir le hualú marcanna, ar 40 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 60 % ar a mhéid.
3.
Maidir leis na tástálacha go léir, ní mór d’iarratasóirí 60 % ar a laghad a ghnóthú mar mheán de líon iomlán na marcanna a bheidh le bronnadh, ach gan níos lú ná 50 % de líon iomlán na marcanna a d’fhéadfaí a bhaint amach a ghnóthú in aon tástáil faoi leith. Féadfaidh Páirtí an marc sin a ísliú ó 50 % go dtí 40 % in aon tástáil amháin.
Foscríbhinn X-A-1-3
CUID A
SAMHAIL DE CHEADÚNAS DON AONTAS
AN COMHPHOBAL EORPACH
(a)
(Dath Pantone bánghorm 290, nó chomh gar agus is féidir don dath sin,
formáid DIN A4; páipéar ceallalóis, 100 g/m2 nó níos mó)
(An chéad leathanach den cheadúnas)
(An téacs i dteanga oifigiúil (nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla) an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)
|
Comhartha sainiúil
an Ballstát(1) a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige
|
|
Ainm an údaráis údaraithe nó an chomhlachta údaraithe
|
CEADÚNAS Uimh. … nó
CÓIP DHÍLIS DHEIMHNITHE Uimh. ...
le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht
|
Leis an gceadúnas seo tugtar teideal do(2)
|
…………………………………………………………………
|
|
……………………………………………………………………………………………….…
|
|
………………………………………………………………………………………………….
|
gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thuras a dhéantar ar fruiliú nó ar luaíocht laistigh de chríoch an Chomhphobail, mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 (IO EU L 300, 14.11.2009, lch. 72) maidir le comhrialacha le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar agus i gcomhréir le forálacha ginearálta an cheadúnais seo.
|
Nótaí ar leith: .............................................................................................................................
|
|
..............................................................................................................................................................
|
|
Tá an ceadúnas seo bailí ó .....................................
|
go dtí ........................................................................
|
|
Arna eisiúint i/in ..............................................................,
|
an .......................................................................
|
|
...............................................................................(3)
|
______________
(1)
Is iad seo a leanas comharthaí aitheantais na mBallstát: (B) an Bheilg, (BG) an Bhulgáir, (CZ) Poblacht na Seice, (DK) an Danmhairg, (D) an Ghearmáin, (EST) an Eastóin, (IRL) Éire, (GR) an Ghréig, (E) an Spáinn, (F) an Fhrainc, (HR) an Chróit, (I) an Iodáil, (CY) an Chipir, (LV) an Laitvia, (LT) an Liotuáin, (L) Lucsamburg, (H) an Ungáir, (MT) Málta, (NL) an Ísiltír, (A) an Ostair, (PL) an Pholainn, (P) an Phortaingéil, (RO) an Rómáin, (SLO) an tSlóivéin, (SK) an tSlóvaic, (FIN) an Fhionlainn, (S) an tSualainn.
(2)
Ainm nó ainm an ghnólachta agus seoladh iomlán an tarlaitheor.
(3)
Síniú agus stampa an údaráis eisiúna inniúil nó an chomhlachta.
(b)
(An dara leathanach den cheadúnas)
(An téacs i dteanga oifigiúil (nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla) an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Eisítear an ceadúnas seo faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.
Tugann sé an ceart don sealbhóir gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thurais a dhéantar laistigh de chríoch an Chomhphobail, agus i gcás inarb iomchuí, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos anseo:
—
i gcás ina bhfuil an pointe tosaigh agus an pointe is ceann scríbe suite in dhá Bhallstát éagsúla, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát amháin nó níos mó nó trí thríú tír amháin nó níos mó,
—
ó Bhallstát chuig tríú tír ná vice versa le hidirthuras nó gan idirthuras trí cheann nó níos mó de Bhallstáit nó de thríú tíortha,
—
idir tríú tíortha le hidirthuras trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó, agus turais neamhualaithe i ndáil le hiompar dá leithéid.
I gcás iompair ó Bhallstát chuig tríú tír nó vice versa, beidh feidhm ag an gceadúnas seo i leith na coda sin den turas a dhéanfar ar chríoch an Chomhphobail. Ní bheidh bailíocht leis i mBallstát an luchtaithe nó an díluchtaithe ach amháin nuair atá an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír atá i gceist curtha i gcrích de réir Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.
Is ceadúnas pearsanta an tsealbhóra é agus níl sé inaistrithe.
Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát a eisiúna é a tharraingt siar go háirithe sna cásanna seo a leanas:
—
murar chomhlíon an sealbhóir leis na coinníollacha a bhaineann le húsáid an cheadúnais,
—
má thug an sealbhóir faisnéis mhícheart maidir leis na sonraí a theastaíonn le haghaidh eisiúint an cheadúnais nó chun síneadh a chur leis.
Ní mór don ghnóthas tarlaithe bunchóip an cheadúnais a choimeád.
Ní mór cóip dheimhnithe den cheadúnas a choimeád san fheithicil(1). I gcás cónasc feithiclí cúpláilte ní mór go mbeidh sé ag gabháil leis an mótarfheithicil. Cumhdaíonn sé an cónasc feithiclí cúpláilte fiú mura bhfuil an leantóir nó an leathleantóir cláraithe ná údaraithe chun na bóithre a úsáid in ainm shealbhóir an cheadúnais nó má tá sé cláraithe nó údaraithe chun na bóithre i Stát eile a úsáid.
Ní mór an cheadúnas a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta a bheidh údaraithe chuige sin.
Laistigh de chríoch gach Ballstát ní mór don sealbhóir cloí leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát sin, go háirithe maidir le hiompar agus le trácht.
__________________
(1)
Ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil arna clárú sa Bhallstát nó cónasc feithiclí cúpláilte, a bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe i mBallstát, agus a mbaintear úsáid aisti go heisiach le haghaidh iompair earraí.
CUID B
SAMHAIL DE CHEADÚNAS DON RÍOCHT AONTAITHE I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
Ceadúnas de chuid na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar don Chomhphobal
(a)
(Dath Pantone bánghorm, formáid DIN A4; páipéar ceallalóis, 100 g/m2 nó níos mó)
(An chéad leathanach den cheadúnas)
(Téacs i mBéarla nó i mBreatnais)
|
An Ríocht Aontaithe
|
|
AINM ÚDARÁS INNIÚIL NA RÍOCHTA AONTAITHE I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
(1)
|
CEADÚNAS Uimh.:
Nó
CÓIP DHÍLIS DHEIMHNITHE Uimh.:
le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht
|
Leis an gceadúnas seo tugtar teideal do(2)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
chun gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thuras a dhéantar ar fruiliú nó ar luaíocht laistigh de chríoch an Chomhphobail, mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009(3).
|
|
Nótaí ar leith: …………………………………………………………………………………
|
|
………………………………………………………………………………………………………
|
|
Tá an ceadúnas seo bailí ó ………………………
|
go dtí …………………………………………
|
|
Arna eisiúint i/in …………………………………………
|
an …………………………………………
|
|
|
|
____________________
(1)
Údarás inniúil an réigiúin ábhartha a bhfuil deimhniú eisithe ina leith.
(2)
Ainm nó ainm an ghnólachta agus seoladh iomlán an tarlaitheor.
(3)
Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 mar a coimeádadh i ndlí na Ríochta Aontaithe le Roinn 3 d’Acht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018 agus mar a leasaíodh le rialacháin a rinneadh faoi Roinn 8 den Acht sin.
(b)
(An dara leathanach den cheadúnas)
(Téacs i mBéarla nó i mBreatnais)
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Eisítear an ceadúnas seo faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009(1).
Tugann sé an ceart don sealbhóir gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thurais a dhéantar laistigh de chríoch an Chomhphobail a cheadófar le haon comhaontú idirnáisiúnta idir an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar agus an tAontas Eorpach nó Ballstát.
Is ceadúnas pearsanta an tsealbhóra é agus níl sé inaistrithe.
Féadfaidh an Roinn um Cheadúnú Tiománaithe agus Feithiclí (Aireacht Rialtais Ghiobráltar um Iompar, Trácht agus Seirbhís Theicniúil) é a tharraingt siar, mar shampla, sna cásanna seo a leanas:
—
murar chomhlíon an sealbhóir leis na coinníollacha a bhaineann le húsáid an cheadúnais,
—
má thug an sealbhóir faisnéis mhícheart maidir leis na sonraí a theastaíonn le haghaidh eisiúint an cheadúnais nó chun síneadh a chur leis.
Ní mór don ghnóthas tarlaithe bunchóip an cheadúnais a choimeád.
Ní mór cóip dheimhnithe den cheadúnas a choimeád san fheithicil(2). I gcás cónasc feithiclí cúpláilte ní mór go mbeidh sé ag gabháil leis an mótarfheithicil. Cumhdaíonn sé an cónasc feithiclí cúpláilte fiú mura bhfuil an leantóir nó an leathleantóir cláraithe ná údaraithe chun na bóithre a úsáid in ainm shealbhóir an cheadúnais nó má tá sé cláraithe nó údaraithe chun na bóithre i Stát eile a úsáid.
Ní mór an cheadúnas a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta a bheidh údaraithe chuige sin.
Laistigh de chríoch Ghiobráltar nó de chríoch gach Ballstát ní mór don sealbhóir cloí leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát sin, go háirithe maidir le hiompar agus le trácht.
_______________________
(1)
Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 mar a coimeádadh i ndlí na Ríochta Aontaithe le Roinn 3 d’Acht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar) 2018 agus mar a leasaíodh le rialacháin a rinneadh faoi Roinn 8 den Acht sin.
(2)
Ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil arna clárú i nGiobráltar, nó i mBallstát, nó cónasc mótarfheithiclí cúpláilte, a bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe i nGiobráltar nó i mBallstát, agus a mbaintear úsáid aisti go heisiach le haghaidh iompair earraí.
Foscríbhinn X-A-1-4
GNÉITHE SLÁNDÁLA AN CHEADÚNAIS
Ní mór ar a laghad dhá ghné de na gnéithe slándála seo a leanas a bheith ag an gceadúnas:
–
holagram;
–
snáithíní speisialta sa pháipéar a thagann chun sofheictheachta faoi sholas ultraivialait;
–
líne mhicreaphrionta amháin ar a laghad (nach mbeidh a chló sofheicthe ach le gloine formhéadúcháin agus nach bhféadfar a atáirgeadh le meaisíní fótachóipeála);
–
carachtair, siombailí nó patrúin atá tadhlach;
–
uimhriú dúbailte: sraithuimhir an cheadúnais, cóip dheimhnithe den cheadúnas sin nó den fhianú tiomána mar aon leis an uimhir eisiúna i ngach cás;
–
cúlra deartha slándála a bhfuil patrúin mhíne guilloche air agus priontáil bogha ceatha.
Foscríbhinn X-A-1-5
Cuid 1
Sonraí atá sna cláir leictreonacha náisiúnta um ghnóthas iompair de bhóthar
agus coinníollacha rochtana ar na sonraí sin
1.
Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad sna cláir leictreonacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair:
(a)
ainm agus foirm dhlíthiúil an ghnóthais iompair de bhóthar;
(b)
seoladh a bhunaíochta;
(c)
ainmneacha na mbainisteoirí iompair a ainmneofar mar bhainisteoirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a mhéid a bhaineann le dea-cháil agus inniúlacht ghairmiúil nó, de réir mar is iomchuí, ainm ionadaí dhlíthiúil;
(d)
an cineál údaraithe, an líon feithiclí a chumhdaítear leis agus, i gcás inarb iomchuí, sraithuimhir an cheadúnais dá dtagraítear in Airteagal 463(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus na gcóipeanna dílse deimhnithe;
(e)
líon, catagóir agus cineál na sáruithe tromchúiseacha, dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, ar tháinig ciontú nó pionós dá dtoradh le 2 bhliain anuas;
(f)
ainm aon duine a dhearbhaítear a bheith mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú, fad nach mbeidh dea-cháil an duine sin athbhunaithe de bhun Airteagal 6(4) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, agus na bearta athshlánúcháin is infheidhme;
(g)
cláruimhreacha na bhfeithiclí atá ar fáil do na gnóthais de bhun Airteagal 5(f) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair; agus
(h)
banda rátála riosca an ghnóthais de bhun an dlí agus/nó na nósanna imeachta is infheidhme i ngach Páirtí.
2.
Beidh rochtain ag an bpobal ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 1, i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí maidir le cosaint sonraí pearsanta is infheidhme i ngach Páirtí.
Féadfaidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí a roghnú na sonraí dá dtagraítear i bpointí (e) go (h) de mhír 1 a choinneáil i gcláir ar leithligh. I gcásanna den sórt sin, cuirfear ar fáil na sonraí dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) de mhír 1 arna n-iarraidh sin nó beidh siad inrochtana go díreach ag údaráis inniúla uile an Pháirtí i gceist. Cuirfear an fhaisnéis a iarrfar ar fáil laistigh de 5 lá oibre ón iarraidh a fháil.
Cuirfear na sonraí dá dtagraítear i bpointí (g) agus (h) de mhír 1 ar fáil do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair.
Ní bheidh rochtain ag údaráis seachas na húdaráis inniúla ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (e) go (h) de mhír 1 ach i gcás ina mbeidh cumhachtaí bronnta go cuí ar na húdaráis sin a bhaineann le maoirseacht agus le forchur pionós in earnáil an iompair de bhóthar agus má tá a gcuid oifigeach faoi mhionn rúndachta nó faoi oibleagáid fhoirmiúil rúndachta.
3.
Sonraí i ndáil le gnóthas a bhfuil a údarú curtha ar fionraí nó a bhfuil a údarú tarraingthe siar, fanfaidh siad ar an gclár leictreonach náisiúnta ar feadh 2 bhliain ón lá a ndeachaigh an fhionraí as feidhm nó ón lá ar tarraingíodh siar an ceadúnas, agus bainfear den chlár iad láithreach ina dhiaidh sin.
Sonraí a bhaineann le haon duine a dhearbhaítear a bheith mí-oiriúnach do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar, fanfaidh siad sa chlár leictreonach náisiúnta fad nach mbeidh dea-cháil an duine sin athbhunaithe de bhun Airteagal 6(4) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. I gcás ina ndéanfar beart athshlánúcháin den sórt sin nó aon bheart eile a mbeidh éifeacht choibhéiseach aige, bainfear na sonraí den chlár láithreach.
Sonrófar sna sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír na cúiseanna is bun leis an údarú nó leis an dearbhú mí-oiriúnachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, agus an ré a fhreagraíonn do gach ceann acu.
4.
Déanfaidh na Páirtithe na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcoimeádfar na sonraí go léir sa chlár náisiúnta leictreonach cothrom le dáta agus cruinn
Cuid 2
Na híoscheanglais maidir leis na sonraí atá le hiontráil
sa chlár leictreonach náisiúnta um ghnóthas iompair de bhóthar
1.
Na híoscheanglais maidir leis na sonraí atá le hiontráil sna cláir leictreonacha náisiúnta arna mbunú ag údaráis inniúla i ngach Páirtí i gcomhréir le hAirteagal 13 de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, beidh siad mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/992/AE ón gCoimisiún agus in Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2164 ón gCoimisiún, arna oiriúnú leis na míreanna seo a leanas.
2.
Chun críoch an Chinnidh seo, tá feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/992/AE:
(a)
Cuirtear ‘Tír’ in ionad na tagartha do ‘Ballstát’.
(b)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dtagairtí do ‘ceadúnas Comhphobail’, gach áit a bhfuil siad: ‘ceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 463(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’.
(c)
I gcás na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar níl gá leis na réimsí seo a leanas: ‘An líon daoine atá fostaithe’, agus ‘Rátáil riosca’.
(d)
Le haghaidh ‘Airteagal 16(2), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009’ cuir isteach ‘pointe (c) de Chuid 1 d’Fhoscríbhinn X-A-1-5 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le Giobráltar’.
3.
Chun críoch an Chinnidh seo, socrófar an mhír sonraí ‘An Tír ina bhfuil an Fheithicil Cláraithe’ dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2164 ón gCoimisiún, i gcás na Ríochta Aontaithe, go ‘RA’ mar réamhshocrú.
Cuid 3
Módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear
1.
Úsáidfidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar agus Ballstáit an Aontais an Clár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU), arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/480, chun faisnéis a mhalartú dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 14 de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
2.
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar a clár leictreonach náisiúnta a idirnascadh le ERRU i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na ceanglais theicniúla a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/480 arna oiriúnú le hAirteagal 5 den Chinneadh seo.
3.
Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs an Chinnidh seo chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh Theideal I de Cheannteideal a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, agus chun na críche sin amháin.
4.
Ainmneoidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar agus gach Ballstát den Aontas pointe teagmhála ERRU a bheidh freagrach as malartú faisnéise an Pháirtí eile maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo.
Cuid 4
Oiriúnuithe ar shonraíochtaí teicniúla ERRU
Chun críoch an Chinnidh seo, tá feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas ar Rialachán (AE) 2016/480:
1.
Tagairtí do ‘Ballstát’, gach áit a bhfuil siad, tuigfear iad mar thagairtí do ‘Tír’ agus tuigfear mar thagairtí do ‘Tíortha’ iad tagairtí do ‘Ballstáit’, gach áit a bhfuil siad.
2.
Tagairtí do ‘an Rialachán seo’, gach áit a bhfuil siad, do ‘Iarscríbhinní I go VII a ghabhann leis an Rialachán seo’ agus do ‘Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo’ tuigfear iad mar thagairtí do ‘Foscríbhinn X-A-1-5 de [ainm an Chomhaontaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le Giobráltar]’.
3.
Tagairtí do ‘ceadúnas Comhphobail’, gach áit a bhfuil siad, tuigfear iad mar thagairtí do ‘cheadúnas dá dtagraítear in Airteagal 463(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’.
4.
In Airteagail 1 go 3, le haghaidh ‘Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009’ agus ‘Airteagal 16(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009’ cuir isteach ‘Foscríbhinn X-A-1-5 de [ainm an Chomhaontaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le Giobráltar]’.
5.
In Airteagal 2, le haghaidh ‘Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009’ cuir isteach ‘Airteagal 2 de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’.
6.
In Airteagal 2, pointe (e), le haghaidh ‘Airteagal 8(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009’ cuir isteach ‘Airteagal 465(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’.
7.
Ní bheidh Airteagail 6 agus 7 infheidhme chun críoch an Chinnidh seo.
8.
I bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn II,
(a)
Le haghaidh ‘rátáil riosca agus banda rátála riosca’ cuir isteach ‘banda rátála riosca’.
(b)
Bainfear an tagairt do ‘an líon fostaithe’.
9.
San Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn III,
(a)
Ní bheidh na réimsí seo a leanas i dteachtaireacht maidir le Freagairt ar Iarraidh ar Shonraí Gnóthais Iompair a Sheiceáil: ‘An Líon Daoine atá Fostaithe’, ‘Rátáil Riosca’;
(b)
Le haghaidh ‘Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/403 ón gCoimisiún’ cuir isteach ‘Foscríbhinn 31-A-1-1 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann den pháirt eile’
10.
I Roinn 1 d’Iarscríbhinn VIII, le haghaidh ‘Airteagal 11(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009’, cuir isteach ‘Airteagal 12(2) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’.
11.
I Roinn 2.1 d’Iarscríbhinn VIII, le haghaidh ‘Treoir 2006/22/CE nó i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009’ cuir isteach ‘Foscríbhinn 31-A-1-1 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile*
Cuid 5
Nasc na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar le ERUU a chur ar fionraí
Féadfaidh an tAontas rochtain na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar ar ERRU a chur ar fionraí más rud é nach gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar na coinníollacha a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo a thuilleadh.
CUID B
CEANGLAIS AR THIOMÁNAITHE A bhFUIL BAINT ACU LE hIOMPAR EARRAÍ
I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 280 DEN CHOMHAONTÚ SEO
ROINN 1
DEIMHNIÚ AR INNIÚLACHT GHAIRMIÚIL
AIRTEAGAL 1
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le gníomhaíocht an tiomána a dhéanann aon duine atá fostaithe nó a úsáideann oibreoir tarlaithe de bhóthar Páirtí a thugann faoi thurais dá dtagraítear in Airteagail 276 nó 277 den Chomhaontú seo, agus a úsáideann feithiclí a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir C1, C1 + E, C nó C + E, nó ceadúnas tiomána a aithníonn an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil a bheith coibhéiseach leis, ina leith.
AIRTEAGAL 2
Díolúintí
Ní cheanglaítear ar thiománaithe feithiclí teastas inniúlachta gairmiúla (CPC) a bheith acu sna cásanna seo as leanas:
(a)
nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 45 km/h;
(b)
atá in úsáid, nó faoi rialú, ag na fórsaí armtha, ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag an tseirbhís dóiteáin, ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád, agus seirbhísí otharchairr éigeandála, i gcás ina dtugtar faoin iompar mar gheall ar na cúraimí a shanntar do na seirbhísí sin;
(c)
atá i mbun tástálacha bóthair maidir le forbairt theicniúil, chun críocha deisithe nó cothabhála, nó tiománaithe feithiclí nua nó atógtha nár cuireadh i seirbhís go fóill;
(d)
a úsáidtear i stáit éigeandála nó a shanntar do mhisin tarrthála;
(e)
lena n-iompraítear ábhar, trealamh nó innealra lena úsáid ag na tiománaithe ina gcuid oibre, ar choinníoll nach í tiomáint na bhfeithiclí príomhghníomhaíocht na dtiománaithe; nó
(f)
atá in úsáid, nó ar fruiliú gan tiománaí, ag gnóthais talmhaíochta, ghairneoireachta, foraoiseachta, feirmeoireachta nó iascaigh chun earraí a iompar mar chuid dá ngníomhaíocht fiontraíochta féin, seachas má tá an tiomáint mar chuid de phríomhghníomhaíocht an tiománaí nó má sháraíonn an tiomáint achar arna shocrú sa dlí náisiúnta ó bhunáit an ghnóthais ar leis an fheithicil, a fhruilíonn nó a léasaíonn an fheithicil.
AIRTEAGAL 3
Cáilíocht agus oiliúint
1.
Beidh gníomhaíocht na tiomána mar a shainmhínítear in Airteagal 1 faoi réir cáilíocht tosaigh éigeantach agus oiliúint thréimhsiúil éigeantach. Chuige sin, déanfaidh na Páirtithe foráil maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
córas cáiliúcháin tosaigh a fhreagraíonn do cheann amháin den dá rogha seo a leanas:
(i)
rogha lena gcomhcheanglaítear freastal ar chúrsa agus tástáil
I gcomhréir le roinn 2(2.1) d’Fhoscríbhinn X-B-1-1, is éard atá i gceist leis an gcáilíocht tosaigh ná freastal éigeantach ar chúrsa ar feadh tréimhse shonrach. Beidh tástáil ag deireadh an chúrsa. Tar éis an tástáil a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear i bpointe (a) Airteagal 6(1);
(ii)
rogha nach mbeadh ach tástálacha i gceist leis
I gcomhréir le Roinn 2(2.2) d’Fhoscríbhinn X-B-1-1,- is éard atá i gceist leis an gcáilíocht tosaigh seo tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla amháin, seachas freastal éigeantach ar chúrsa. Tar éis na tástálacha a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1).
Mar sin féin, féadfaidh Páirtí tiománaí a údarú tiomáint ina chríoch sula bhfaighidh sé CPC, le linn don tiománaí tabhairt faoi chúrsa gairmoiliúna náisiúnta a mhaireann sé mhí ar a laghad, ar feadh uastréimhse trí bliana. I gcomhthéacs an chúrsa gairmoiliúna sin, is féidir ná tástálacha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) den phointe seo a chur i gcrích i gcéimeanna;
(b)
córas oiliúna tréimhsiúla
I gcomhréir le Roinn 4 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1, is éard atá i gceist le hoiliúint thréimhsiúil freastal éigeantach ar chúrsa. Beidh sé deimhnithe ag CPC, mar a fhoráiltear in Airteagal 8(1).
2.
Féadfaidh Páirtí foráil a dhéanamh freisin maidir le cáilíocht tosaigh luathaithe ionas go mbeidh tiománaí in ann tiomáint sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(ii) agus (b) d'Airteagal 5(2).
I gcomhréir le Roinn 3 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1, is éard a bheidh i gceist leis an gcáilíocht tosaigh luathaithe ná freastal éigeantach ar chúrsa. Beidh tástáil ag deireadh an chúrsa. Tar éis an tástáil a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6(2).
3.
Féadfaidh Páirtí tiománaithe a bhfuil deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil dá bhforáiltear i gCuid A acu a dhíolmhú ó na tástálacha dá dtagraítear i pointí (a)(i) agus (ii) de mhír 1 agus i mír 2 den Airteagal maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an tástáil dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin agus, i gcás inarb iomchuí, iad a dhíolmhú ó fhreastal ar an gcuid comhfhreagrach den chúrsa.
AIRTEAGAL 4
Cearta faighte
Tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána C1, C1+E, C nó C+E ina seilbh acu, nó ceadúnas a aithníonn an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil a bheith coibhéiseach leis, arna eisiúint tráth nach déanaí ná an 10 Meán Fómhair 2009, beidh siad díolmhaithe ón ngá cáilíocht tosaigh a fháil.
AIRTEAGAL 5
Cáilíocht tosaigh
1.
Ní bheidh gá ceadúnas tiomána comhfhreagrach a bheith ag tiománaí roimh ré chun an cháilíocht tosaigh a fháil.
2.
Is féidir le tiománaithe feithicil atá ceaptha lena húsáid chun earraí a iompar a thiomáint:
(a)
tiomáint ó 18 mbliana d’aois ar aghaidh:
(i)
feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána C agus C+E a thiomáint, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) acu; agus
(ii)
feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána C1 agus C1+E a thiomáint, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu;
(b)
feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána C agus C+E a thiomáint ó 21 bliain d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu.
3.
Gan dochar do na teorainneacha aoise a shonraítear i mír 2, na tiománaithe a bhfuil earraí á n-iompar acu agus a bhfuil CPC acu mar a fhoráiltear in Airteagal 6 le haghaidh ceann amháin de na catagóirí dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, beidh siad díolmhaithe ó CPC a fháil d’aon chatagóir eile feithiclí dá dtagraítear sa mhír sin.
4.
Na tiománaithe sin a bhfuil earraí á n-iompar acu agus a leathnaíonn nó a athraíonn a ngníomhaíochtaí chun paisinéirí a iompar, nó vice versa, agus a bhfuil CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6 acu, ní bheidh orthu ach na codanna a bhaineann go sonrach leis an gcáilíocht nua a dhéanamh, seachas na codanna comhchoiteanna den tástáil a dhéanamh arís.
AIRTEAGAL 6
An cháilíocht tosaigh á deimhniú ag CPC
1.
Cáilíocht tosaigh á deimhniú ag CPC
(a)
CPC arna dhámhachtain ar bhonn freastal ar chúrsa agus tástáil
I gcomhréir le pointí (a)(i) d’Airteagal 3(1), cuirfidh na Páirtithe de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint freastal ar chúrsaí in ionad oiliúna arna bhformheas ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Roinn 5 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1, dá ngairfear ‘ionad oiliúna formheasta’ anseo feasta. Cumhdóidh na cúrsaí sin na hábhair uile dá dtagraítear in Roinn 1 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1.
Tiocfaidh deireadh leis an oiliúint sin nuair a chuirfear an tástáil dá bhforáiltear i Roinn 2(2.1) d’Fhoscríbhinn X-B-1-1 i gcrích go rathúil. Eagróidh údaráis inniúla na bPáirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu an tástáil sin agus seiceálfaidh sé go mbeidh an leibhéal eolais a leagtar síos i Roinn 1 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1, maidir leis na hábhair thuasluaite, ag an tiománaí faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.
(b)
CPC arna dhámhachtain ar bhonn tástálacha
I gcomhréir le pointe (a)(ii) d’Airteagal 3(1), cuirfidh na Páirtithe de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint pas a fháil sna tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla dá dtagraítear i Roinn 2(2.2) d’Fhoscríbhinn X-B-1-1. Eagróidh údaráis inniúla an Pháirtí nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu na tástálacha sin agus seiceálfaidh sé go mbeidh an leibhéal eolais a leagtar síos i Roinn 1 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1, maidir leis na hábhair thuasluaite uile, ag an tiománaí faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar na tástálacha agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.
2.
Cáilíocht tosaigh luathaithe á deimhniú ag CPC
I gcomhréir le hAirteagal 3(2), cuirfidh na Páirtithe de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint freastal ar chúrsaí in ionad oiliúna formheasta. Cumhdóidh na cúrsaí sin na hábhair uile dá dtagraítear in Roinn 1 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1.
Tiocfaidh deireadh leis an oiliúint sin nuair a chuirfear an tástáil dá bhforáiltear i Roinn 3 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1 i gcrích. Eagróidh údaráis inniúla na bPáirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu an tástáil sin agus seiceálfaidh sé go mbeidh an leibhéal eolais a leagtar síos i Roinn 1 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1, maidir leis na hábhair thuasluaite, ag an tiománaí faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh luathaithe do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.
AIRTEAGAL 7
Oiliúint thréimhsiúil
Cuimseoidh oiliúint thréimhsiúil oiliúint lena gcuirfear ar chumas daoine ag a bhfuil CPC an t-eolas atá fíor-riachtanach dá gcuid oibre a choinneáil cothrom le dáta, agus béim ar leith á leagan ar shábháilteacht ar bhóithre, ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus ar an laghdú ar an tionchar comhshaoil a bhaineann leis an tiomáint.
Eagróidh an t-ionad oiliúna formheasta sin an oiliúint sin, i gcomhréir le Roinn 5 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1. Is éard a bheidh i gceist leis an oiliúint teagasc sa seomra ranga, oiliúint phraiticiúil agus, má tá fáil uirthi, oiliúint trí bhíthin uirlisí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) nó ar ionsamhlóirí den chéad scoth. Má aistríonn an tiománaí go gnóthas eile, ní mór an oiliúint thréimhsiúil atá déanta cheana a chur san áireamh.
Dearfar oiliúint thréimhsiúil a dhearadh chun cur le roinnt de na hábhair dá dtagraítear i Roinn 1 d’Fhoscríbhinn X-B-1-1 agus chun iad a leasú. Cumhdófar réimse ábhar inti agus ábhar amháin a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre ar a laghad. Cuirfear san áireamh sna hábhair oiliúna forbairtí sa reachtaíocht ábhartha agus sa teicneolaíocht ábhartha, agus cuirfear san áireamh, a mhéid is féidir, riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí.
AIRTEAGAL 8
Oiliúint thréimhsiúil á deimhniú ag CPC
1.
Nuair a bheidh an oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 7, curtha i gcrích ag tiománaí eiseoidh na húdaráis inniúla sna Páirtithe nó an t-ionad oiliúna formheasta CPC lena ndeimhnítear oiliúint thréimhsiúil.
2.
Rachaidh na tiománaithe seo a leanas faoin gcéad chúrsa den oiliúint thréimhsiúil:
(a)
daoine ag a bhfuil CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6, laistigh de chúig bliana ó eisíodh an CPC sin; agus
(b)
na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 4, laistigh de chúig bliana ó 10 Meán Fómhair 2009.
Féadfaidh Páirtí na tréimhsí ama dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) a laghdú nó a fhadú de dhá bhliain ar a mhéid.
3.
Tiománaí a bhfuil an chéad chúrsa d’oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo curtha i gcrích aige, rachaidh sé faoi oiliúint thréimhsiúil gach cúig bliana, roimh dheireadh thréimhse bhailíochta an CPC lena ndeimhnítear oiliúint thréimhsiúil.
4.
Daoine a bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6 nó CPC dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo acu agus na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 4 nach bhfuil ag cleachtadh na gairme a thuilleadh agus nach gcomhlíonann ceanglais mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, rachaidh siad faoi chúrsa d’oiliúint thréimhsiúil sula dtosóidh siad arís ar chleachtadh na gairme.
5.
Na tiománaithe sin a bhfuil earraí nó paisinéirí á n-iompar acu ar bhóithre agus a bhfuil cúrsaí d’oiliúint thréimhsiúil le haghaidh ceann amháin de na catagóirí ceadúnais tiomána dá dtagraítear in Airteagal 5(2) curtha i gcrích acu, beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid tabhairt faoi tuilleadh oiliúint thréimhsiúil sna gcatagóirí eile dá bhforáiltear sa mhír sin.
AIRTEAGAL 9
Forfheidhmiú
Greamóidh na húdaráis inniúla i bPáirtí go díreach ar chead tiomána (ceadúnas) an tiománaí, taobh leis na catagóirí comhfhreagracha ceadúnais, comhartha sainiúil lena bhfianófar seilbh CPC agus lena sonrófar an dáta a rachaidh sé in éag, nó tabharfaidh siad isteach cárta cáilíochta tiománaí speisialta ba cheart a tharraingt suas i gcomhréir leis an samhail atá atáirgthe i bhFoscríbhinn X-B-1-2. Féadfaidh aon mhúnla eile a bheith inghlactha ar choinníoll go n-aithneoidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil é a bheith coibhéiseach. Aithneoidh an Páirtí eile an cárta cáilíochta tiománaí nó aon doiciméad coibhéiseach mar a shonraítear thuas arna eisiúint ag na húdaráis inniúla i bPáirtí chun críocha na Roinne seo.
Ní mór do thiománaithe a bheith in ann, arna iarraidh sin air ag aon oifigeach cigireachta údaraithe, cead tiomána (ceadúnas) nó cárta cáilíochta tiománaí ar leith nó doiciméad coibhéiseach a thabhairt ar a bhfuil an comhartha sainiúil lena ndeimhnítear seilbh CPC.
Foscríbhinn X-B-1-1
Chun a áirithiú go bhfuil na rialacha lena rialaítear iompar earraí de bhóthar a chumhdaítear le hAirteagail 276 agus 277 den Chomhaontú seo chomh comhchuibhithe agus is féidir, tá na híoscheanglais maidir le cáiliú agus oiliúint tiománaithe mar aon le formheas na n-ionad oiliúna leagtha amach i Ranna 1 go 5 den Fhoscríbhinn seo. Féadfaidh aon ábhar le haghaidh na cáilíochta nó oiliúna sin a bheith inghlactha ar choinníoll go n-aithneoidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil é a bheith coibhéiseach.
ROINN 1
LIOSTA ÁBHAR
Maidir leis an eolas atá le cur san áireamh ag na Páirtithe agus cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil an tiománaí á suí, ní mór ar a laghad na hábhair ar an liosta seo a áireamh. Ní mór do thiománaithe faoi oiliúint an leibhéal eolais agus an inniúlacht phraiticiúil is gá a bhaint amach chun tiomáint i bhfeithiclí sábháilteachta uile na catagóire ceadúnais tiomána ábhartha. Ní fhéadfaidh an leibhéal íosta eolais a bheith níos lú ná an leibhéal a bhaintear amach le linn an oideachais éigeantaigh, arna fhorlíonadh le hoiliúint ghairmiúil.
1.
Ardoiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta
1.1.
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar shaintréithe an chórais tarchurtha chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as:
cuair a bhaineann le casmhóimint, cumhacht, agus ídiú sonrach innill, an t-achar is gá chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as áiritheoir casaidh, léaráidí cóimheasa bosca giarála.
1.2.
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar shaintréithe teicniúla agus oibriú teicniúil na rialuithe sábháilteachta chun an fheithicil a rialú, caitheamh agus cuimilt a íoslaghdú agus mífheidhmiú a chosc:
teorainneacha le húsáid na gcoscán agus an choscáin innill, úsáid chomhcheangailte na gcoscán agus an choscáin innill, úsáid níos fearr a bhaint as luas agus as an gcóimheas bosca giarála, úsáid a bhaint as táimhe feithicle, úsáid a bhaint as bealaí chun moilliú agus coscánú ar stráicí le fána, bearta i gcás cliseadh, úsáid a bhaint as feistí leictreonacha agus meicniúla amhail Clár Cobhsaíochta Leictreonach (ESP), Ardchórais Coscánaithe Éigeandála (AEBS), Córas Coscánaithe Frithghlasála (ABS), córais rialaithe tarraingthe (TCS) agus córais faireacháin infheithicle (IVMS) agus as feistí cúnaimh tiománaí nó feistí uathoibrithe eile atá formheasta lena n-úsáid.
1.3.
Cuspóir: an cumas an t-ídiú breosla a bharrfheabhsú:
an t-ídiú breosla a bharrfheabhsú trí fhios gnó a chur i bhfeidhm i dtaca le pointe 1.1 agus pointe 1.2, an tábhacht a bhaineann leis an sruth tráchta a réamh-mheas, leis an bhfad cuí a choinneáil ó fheithiclí eile agus le móiminteam na feithicle a úsáid, le luas seasta, le stíl shocair tiomána agus le brú cuí bonn, agus eolas ar chórais iompair chliste a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht tiomána agus a chabhróidh le pleanáil bhealaigh.
1.4.
Cuspóir: an cumas chun rioscaí sa trácht a réamh-mheas agus a mheasúnú, agus chun oiriúnú dóibh:
a bheith eolach ar dhálaí éagsúla bóthair, tráchta agus aimsire, agus oiriúnú dóibh, agus a bheith ag súil le himeachtaí atá le teacht; a thuiscint conas turas a ullmhú agus a phleanáil le linn dálaí aimsire neamhghnácha; a bheith eolach ar threalamh sábháilteachta gaolmhar a úsáid agus a thuiscint cathain is gá turas a chur siar nó a chur ar ceal mar gheall ar dhálaí adhaimsire; oiriúnú do na rioscaí tráchta, lena n-áirítear iompar contúirteach sa trácht nó tiomáint agus seachrán ar dhuine (de bharr gléasanna leictreonacha, ó bheith ag ithe, ó bheith ag ól, etc.); cásanna contúirteacha a aithint agus oiriúnú dóibh agus a bheith ábalta déileáil leis an strus a eascraíonn astu, go háirithe cásanna a bhaineann le méid agus meáchan na bhfeithiclí agus le húsáideoirí leochaileacha bóithre amhail coisithe, rothaithe agus dé-rothaigh chumhachtaithe;
cásanna a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a shainaithint agus tuiscint cheart a ghnóthú ar conas a d'fhéadfadh na cásanna sin iompú ina gcásanna nach mbeifí in ann tuairteanna a sheachaint a thuilleadh agus bearta a roghnú agus a chur chun feidhme lena méadófaí an lamháil sábháilteachta an oiread is go bhféadfaí tuairt a sheachaint fós i gcás ina dtarlódh na guaiseacha féideartha.
1.5.
Cuspóir: an cumas chun an fheithicil a luchtú, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar úsáid chuí feithicle:
fórsaí a imríonn tionchar ar fheithiclí agus iad ag gluaiseacht, cóimheasa bosca giarála a úsáid de réir lasta na feithicle agus phróifíl an bhóthair, córais thras-seolta uathoibríoch a úsáid, pálasta na feithicle nó na cóimeála a ríomh, an toirt iomlán a ríomh, dáileadh an lasta, na hiarmhairtí a bhaineann leis an acastóir a rólódáil, cobhsaíocht agus meáchanlár na feithicle, cineálacha pacáistíochta agus pailléad;
na príomhchatagóirí earraí nach mór a dhaingniú, teicnící clampála agus daingnithe, strapaí daingnithe a úsáid, feistí daingnithe a sheiceáil, trealamh láimhseála a úsáid, tarpóil a leagan agus a bhaint.
2.
Cur i bhfeidhm rialachán
2.1.
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht shóisialta an iompair de bhóthar agus na rialacha lena rialaítear í:
tréimhsí uasta oibre atá sonrach don tionscal iompair; prionsabail, cur i bhfeidhm agus iarmhairtí na rialacha a bhaineann le tréimhsí tiomána agus tréimhsí scíthe agus na rialacha sin a bhaineann leis an tacagraf; pionóis as gan an tacagraf a úsáid, as é a úsáid go míchuí agus as crioscaíl a dhéanamh leis; eolas ar thimpeallacht shóisialta an iompair de bhóthar: na cearta atá ag tiománaithe agus na dualgais atá orthu i dtaca le cáilíocht tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil.
2.2.
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar na rialacháin lena rialaítear iompar earraí:
ceadúnais oibríochta iompair, doiciméid le hiompar san fheithicil, coisc ar bhóithre áirithe a úsáid, táillí ar úsáid bóithre, oibleagáidí faoi chonarthaí caighdeánacha maidir le hiompar earraí, doiciméid a dhréachtú lena gcruthófar an conradh iompair, ceadanna iompair idirnáisiúnta, oibleagáidí faoi Choinbhinsiún CMR ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, arna dhéanamh sa Ghinéiv an 19 Bealtaine 1956, an nóta coinsíneachta idirnáisiúnta a dhréachtú, teorainneacha a thrasnú, seoltóirí lasta, doiciméid speisialta a ghabhann le hearraí.
3.
Sláinte, sábháilteacht ar bhóithre agus sábháilteacht comhshaoil, seirbhís, lóistíocht
3.1.
Cuspóir: tiománaithe a chur ar an eolas faoi rioscaí ar bhóithre agus timpistí a tharlaíonn ag an obair:
na cineálacha timpistí a tharlaíonn ag an obair san earnáil iompair, staidrimh faoi thimpistí ar bhóithre, timpistí a bhfuil baint ag leoraithe/cóistí leo, na hiarmhairtí daonna, ábhartha agus airgeadais.
3.2.
Cuspóir: an cumas an choiriúlacht agus gáinneáil ar imircigh neamhdhleathacha a chosc:
faisnéis ghinearálta, impleachtaí le haghaidh tiománaithe, bearta coisctheacha, seicliosta, reachtaíocht maidir le dliteanas oibreoirí iompair.
3.3.
Cuspóir: an cumas rioscaí fisiceacha a chosc:
prionsabail eirgeanamaíochta; gluaiseachtaí agus iompair an choirp a mbaineann baol leo, folláine fhisiceach, cleachtaí láimhseála, cosaint phearsanta.
3.4.
Cuspóir: feasacht maidir leis an tábhacht a bhaineann le cumas fisiceach agus cumas intinne:
na prionsabail a bhaineann le haiste bia fholláin chothrom, éifeachtaí alcóil nó drugaí nó substaint ar bith eile a d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar iompar pearsanta, siomptóim, cúiseanna, éifeachtaí tuirse agus struis, ról bunúsach an timthrialla oibre/sosa.
3.5.
Cuspóir: an cumas measúnú a dhéanamh ar staideanna éigeandála:
iompar i gcás éigeandála: measúnú a dhéanamh ar an staid, aimhréidheanna timpiste a sheachaint, cúnamh a lorg, cúnamh a thabhairt do thaismigh agus cóireáil gharchabhrach a thabhairt do dhaoine, freagairt i gcás tine, taistealaithe i leoraí a aslonnú, freagairt i gcás gníomh ionsaithe; bunphrionsabail maidir le tuarascáil ar thionóiscí a dhréachtú.
3.6.
Cuspóir: an cumas gníomhú ar bhealach a chuireann le híomhá na cuideachta:
iompar an tiománaí agus íomhá na cuideachta: a thábhachtaí is atá caighdeán seirbhíse an tiománaí don chuideachta, róil an tiománaí, na daoine lena mbeidh an tiománaí ag déileáil, cothabháil feithiclí, eagrúchán oibre, na héifeachtaí tráchtála agus airgeadais a bhaineann le díospóid.
3.7.
Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht eacnamaíoch tarlaithe bóthair agus ar chomheagrú an mhargaidh:
iompar de bhóthar i dtaca le modhanna eile iompair (iomaíocht, seoladóirí), gníomhaíochtaí difriúla iompair de bhóthar (iompar ar fruiliú nó ar airgead, iompar ar a chuntas féin, gníomhaíochtaí iompair tánaisteacha), eagrú na bpríomhchineálacha cuideachtaí iompair agus na bpríomhchineálacha gníomhaíochtaí iompair tánaisteacha, speisialtóireachtaí difriúla iompair (tancaer, teocht rialaithe, earraí contúirteacha, iompar ainmhithe, etc.), athruithe sa tionscal (éagsúlú na seirbhísí arna gcur ar fáil, iarnród, fochonraitheoireacht, etc.).
ROINN 2
CÁILÍOCHT TOSAIGH ÉIGEANTACH
DÁ bhFORÁILTEAR I bPOINTE (a) d’AIRTEAGAL 3(1)
DE ROINN 1 DE CHUID B
Féadfaidh Páirtí oiliúint shonrach eile a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar a cheanglaítear faoina reachtaíocht a áireamh mar chuid den oiliúint faoin Roinn seo agus faoi Roinn 3 den Fhoscríbhinn seo.
2.1.
Rogha lena gcomhcheanglaítear freastal ar chúrsa agus tástáil
Ní mór teagasc na n-ábhar go léir atá sa liosta faoi Roinn 1 den Fhoscríbhinn seo a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh sin a bheith cothrom le 280 uair.
Ní mór do gach tiománaí faoi oiliúint tiomáint ina aonar ar feadh 20 uair an chloig ar a laghad i bhfeithicil den chatagóir lena mbaineann a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála ar a laghad.
Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh gach tiománaí ocht n-uaire ar a mhéad den 20 uair den tiomáint aonair a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, agus go háirithe i dtaca le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn siad de réir dálaí difriúla atmaisféir agus de réir an ama sa lá nó san oíche agus ar an gcumas chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.
Féadfaidh Páirtí agus, i gcás an Aontais, Ballstát a cheadú go soláthróidh an t-ionad oiliúna formheasta cuid den oiliúint trí úsáid a bhaint as uirlisí TFC, amhail an ríomhfhoghlaim, agus a áirithiú go bhfuil agus ardcháilíocht agus éifeachtúlacht na hoiliúna á gcoimeád san am céanna, agus trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Beidh gá le sainaithint úsáideoirí iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí i gcás den sórt sin.
I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) de Roinn 1 de Chuid B, ní mór fad na cáilíochta tosaigh a bheith cothrom le 70 uair, lena n-áirítear cúig huaire de thiomáint ina n-aonar.
Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla sna Páirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi Roinn 1 den Fhoscríbhinn seo a bheith ar áireamh sa tástáil.
2.2.
Rogha lena mbaineann tástáil
Eagróidh údarás inniúla na bPáirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu na tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla thuasluaite chun a sheiceáil an bhfuil an leibhéal eolais is gá i Roinn 1 den Fhoscríbhinn seo maidir leis na hábhair agus na cuspóirí atá liostáilte ann ag an tiománaí faoi oiliúint.
(a)
Beidh dhá chuid ar a laghad sa thástáil teoiriciúil:
(i)
ceisteanna lena n-áirítear ceisteanna ilrogha, ceisteanna a éilíonn freagraí díreacha, nó meascán den dá cheann; agus
(ii)
cás-staidéir.
Ní mór go mairfidh an tástáil teoiriciúil ceithre uair an chloig ar a laghad.
(b)
Beidh dhá chuid sa thástáil praiticiúil:
(i)
tástáil tiomána atá dírithe ar oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta a mheasúnú. Ní mór go ndéanfar an tástáil seo, nuair is féidir, ar shráideanna lasmuigh de cheantar uirbeach, ar shráideanna ardluais, ar mhótarbhealaí (nó a leithéidí), agus ar gach cineál mórbhealach uirbeach ar a mbeadh na cineálacha deacrachtaí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag tiománaí. Bheadh sé inmhianaithe go ndéanfaí an tástáil sin i ndálaí éagsúla dlúis tráchta. Ní mór an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an am tiomána ar bhóithre chun measúnú a dhéanamh ar an iarratasóir i ngach limistéar tráchta a bhíonn le sárú. Ní mór go mairfidh an tástáil sin 90 nóiméad ar a laghad;
(ii)
tástáil phraiticiúil lena gcumhdófar pointí 1.5, 3.2, 3.3 agus 3.5 de Chuid 1 den Fhoscríbhinn seo ar a laghad.
Ní mór go mairfidh an tástáil sin 30 nóiméad ar a laghad.
Ní mór na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála ar a laghad a bheith comhlíonta ag an bhfeithicil a úsáidtear don tástáil phraiticiúil.
Féadfar cur leis an tástáil phraiticiúil trí tríú tástáil a dhéanamh ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, agus go háirithe i dtaca le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an mbealach a n-athraíonn siad de réir dálaí difriúla atmaisféir agus de réir an ama sa lá nó san oíche.
Níl fad ama faoi leith ag baint leis an tástáil roghnach sin. Más rud é go dtéann tiománaí faoin tástáil seo, féadfar an fad ama a bhaint ó na 90 nóiméad a mhaireann an tástáil tiomána dá dtagraítear faoi phointe (i), ach ní fhéadfar an t-am a mbainfear dul thar 30 nóiméad.
Maidir leis na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) de Roinn 1 de Chuid B, ní mór an tástáil theoiriciúil a bheith teoranta do na hábhair, dá dtagraítear i Roinn 1 den Fhoscríbhinn seo, atá ábhartha do na feithiclí lena mbaineann an cáilíocht tosaigh nua. Mar sin féin, ní mór do na tiománaithe sin an tástáil phraiticiúil iomlán a dhéanamh.
ROINN 3
CÁILÍOCHT TOSAIGH LUATHAITHE
DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 3(2)
DE ROINN 1 DE CHUID B D’IARSCRÍBHINN X
Ní mór teagasc na n-ábhar go léir sa liosta i Roinn 1 den Fhoscríbhinn seo a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh luathaithe. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh luathaithe sin a bheith cothrom le 140 uair.
Ní mór do gach tiománaí faoi oiliúint tiomáint ina aonar ar feadh 10 uair an chloig ar a laghad i bhfeithicil den chatagóir lena mbaineann a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála ar a laghad.
Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh an tiománaí faoi oiliúint ceithre huaire de na 10 n-uaire den tiomáint aonair ar a mhéad a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, go háirithe maidir le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn na dálaí bóthair sin de réir dálaí difriúla atmaisféir, de réir an ama sa lá nó san oíche agus de réir an chumais chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.
Beidh feidhm ag forálacha an cheathrú mír de phointe 2.1 de Chuid 2 den Fhoscríbhinn seo maidir leis an gcáilíocht tosaigh luathaithe freisin.
I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) de Roinn 1 de Chuid B, ní mór fad cáilíochta tosaigh luathaithe a bheith cothrom le 35 huaire, lena n-áirítear dhá uair go leith de thiomáint ina n-aonar.
Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla sna Páirtithe nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi Roinn 1 den Fhoscríbhinn seo a bheith ar áireamh sa tástáil.
Féadfaidh Páirtí oiliúint shonrach eile a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar a cheanglaítear faoina reachtaíocht a áireamh mar chuid den oiliúint faoin Roinn seo.
ROINN 4
OILIÚINT THRÉIMHSIÚIL ÉIGEANTACH
DÁ bhFORÁILTEAR I bPOINTE (b) d’AIRTEAGAL 3(1)
DE ROINN 1 DE CHUID B D’IARSCRÍBHINN X
Ní mór cúrsaí oiliúna tréimhsiúla éigeantacha a eagrú ag ionad oiliúna formheasta. Ní mór fad na gcúrsaí a bheith cothrom le 35 huaire gach cúig bliana agus ní mór iad a thabhairt i dtréimhsí nach lú ná seacht n-uaire ar fad agus féadfar tréimhse amháin a roinnt thar dhá lá. Gach uair a úsáidfear an ríomhfhoghlaim, déanfaidh an t-ionad oiliúna formheasta a áirithiú go ndéanfaí caighdeán na hoiliúna a chothabháil, lena n-áirítear trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Éileoidh na Páirtithe, go háirithe, aitheantas úsáideora iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí. Ní bheidh níos mó ná 12 uair i gceist le huasfhad na hoiliúna ríomhfhoghlama. Clúdófar ábhar a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gceann amháin de na tréimhsí cúrsa oiliúna ar a laghad. Tabharfar aird in ábhar na hoiliúna ar na riachtanais oiliúna a bhaineann go sonrach leis na hoibríochtaí iompair a dhéanann an tiománaí agus ar fhorbairtí sa reachtaíocht agus teicneolaíocht ábhartha agus ba cheart go dtabharfaí aird ar riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí, a mhéid is féidir. Ba cheart réimse ábhar éagsúil a chumhdach thar an tréimhse 35 huaire, lena n-áirítear athoiliúint i gcás ina léirítear go dteastaíonn oiliúint feabhais shonrach ón tiománaí.
Féadfaidh Páirtí agus, i gcás an Aontais, Ballstát oiliúint shonrach eile a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar a cheanglaítear faoina reachtaíocht a áireamh mar chuid den oiliúint faoin Roinn seo.
ROINN 5
AN CHÁILÍOCHT TOSAIGH AGUS AN OILIÚINT THRÉIMHSIÚIL A CHEADÚ
5.1.
Ní mór na hionaid oiliúna ina n-eagrófar an cháilíocht tosaigh agus an oiliúint thréimhsiúil a bheith formheasta ag údaráis inniúla na bPáirtithe. Ní féidir ceadú a thabhairt ach amháin mar fhreagra ar iarratas i scríbhinn. Ní mór go mbeadh doiciméid ag gabháil leis an iarratas lena n-áirítear:
5.1.1.
cúrsa oiriúnach cáilíochta agus oiliúna lena sonraítear na hábhair a mhúintear agus lena leagtar amach an plean cur chun feidhme agus na modhanna teagaisc beartaithe;
5.1.2.
cáilíochtaí agus réimsí gníomhaíochta na dteagascóirí;
5.1.3.
faisnéis maidir leis na háitreabh ina mbeidh na cúrsaí ar siúl, na hábhair theagaisc, na hacmhainní a bheidh ar fáil don obair phraiticiúil, agus an flít feithiclí a úsáidfear;
5.1.4.
na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh sna cúrsaí (líon na rannpháirtithe).
5.2.
Ní mór don údarás inniúil ceadú a thabhairt i scríbhinn faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
5.2.1.
ní mór an oiliúint a chur ar fáil i gcomhréir leis na doiciméid atá ag gabháil leis an iarratas;
5.2.2.
ní mór go mbeidh an t-údarás inniúil i dteideal daoine údaraithe a chur chuig na hionaid fhormheasta chun cabhair a thabhairt maidir leis na cúrsaí oiliúna, agus ní mór go mbeidh siad i dteideal faireachán a dhéanamh ar na hionaid sin, maidir leis na hacmhainní a úsáidtear agus feidhmiú ceart na n-ionad oiliúna agus na scrúduithe;
5.2.3.
féadfar an ceadú a tharraingt siar nó é a chur ar fionraí más rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le ceadú a thuilleadh.
Ní mór don ionad formheasta a ráthú go mbeidh eolas maith ag na teagascóirí ar na rialacháin agus na ceanglais oiliúna is déanaí. Mar chuid de phróiseas roghnúcháin ar leith, ní mór do na teagascóirí deimhniú a chur ar fáil a léiríonn eolas faoin ábhar agus faoi na modhanna teagaisc. Maidir leis an gcuid phraiticiúil den oiliúint, ní mór do theagascóirí deimhniú a chur ar fáil maidir leis an taithí atá acu mar thiománaí proifisiúnta nó taithí tiomána dá samhail, amhail teagascóirí tiomána le haghaidh feithiclí troma.
Ní mór an clár oiliúna a bheith i gcomhréir leis an gceadú agus ní mór dó na hábhair atá liostáilte i Roinn 1 a chumhdach.
Foscríbhinn X-B-1-2
SAMHAIL DE CHÁRTA CÁILÍOCHTA TIOMÁNAÍ
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 9 DE ROINN 1 DE CHUID B DEN IARSCRÍBHINN SEO
ROINN 2
AMANNA TIOMÁNA, SOSANNA AGUS TRÉIMHSÍ SCÍTHE
AIRTEAGAL 1
Raon feidhme
1.
Leagtar síos sa Roinn seo na rialacha maidir le ham tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe do thiománaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 280 den Chomhaontú seo a dhéanann turais dá dtagraítear in Airteagail 276 agus 277 den Chomhaontú seo.
2.
I gcás ina ndéanann tiománaí turas dá dtagraítear in Airteagail 276 nó 277 den Chomhaontú seo, beidh feidhm ag na rialacha sa Roinn seo maidir le haon oibríocht iompair de bhóthar déanta ag an tiománaí sin.
3.
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir leis na rudaí seo a leanas:
(a)
i gcás inar mó mais uasta incheadaithe na feithicle, lena n-áirítear aon leantóir, nó leathleantóir, ná 3,5 tona; nó
(b)
ón 1 Iúil 2026, i gcás inar mó mais uasta incheadaithe na feithicle, lena n-áirítear aon leantóir, nó leathleantóir, ná 2,5 tona.
4.
Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le hiompar a dhéanfaidh:
(a)
feithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 7,5 tona a n-uasmhais incheadaithe, a úsáidtear:
(i)
le hábhair, trealamh nó innealra a iompar, a bhféadfaidh an tiománaí úsáid a bhaint astu le linn oibre an tiománaí, nó
(ii)
le haghaidh seachadadh earraí a táirgeadh ar bhonn ceirde,
laistigh de raon 100 km ó bhunáit an ghnóthais amháin agus ar choinníoll nach í tiomáint na feithicle príomhghníomhaíocht an tiománaí agus nach ndéantar an t-iompar ar fuiliú nó ar luaíocht;
(b)
feithiclí ag a bhfuil uasluas údaraithe nach mó ná 40 km/h;
(c)
feithiclí atá faoi úinéireacht nó ar fruiliú ach gan tiománaí ag na seirbhísí armtha, seirbhísí cosanta sibhialta, seirbhísí dóiteáin, agus fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád nuair a dhéantar an t-iompar mar gheall ar na cúraimí a shanntar do na seirbhísí sin agus atá faoi rialú acu;
(d)
feithiclí a úsáidtear in oibríochtaí éigeandála nó tarrthála;
(e)
feithiclí speisialaithe a úsáidtear chun críoch leighis;
(f)
feithiclí speisialaithe le haghaidh cliseadh meicniúil a oibríonn laistigh de limistéir 100 km óna mbunáit;
(g)
feithiclí atá faoi thástálacha bóthair chun críocha forbairt theicniúil, deisithe nó cothabhála, agus feithiclí nua nó atógtha nár cuireadh chun seirbhíse go fóill;
(h)
feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar agus a bhfuil uasmhais incheadaithe a bhfuil níos mó ná 2,5 tona agus nach mó ná 3,5 tona air, lena n-áirítear aon leantóir nó leathleantóir, i gcás nach ndéantar an t-iompar ar fruiliú nó ar luaíocht, ach ar chuntas féin na cuideachta nó an tiománaí, agus i gcás nach í tiomáint príomhghníomhaíocht an duine a bhfuil an fheithicil á tiomáint aige;
(i)
feithiclí tráchtála, a bhfuil stádas stairiúil acu dar le reachtaíocht an Bhallstáit ina dtiomáintear iad agus iad á n-úsáid le haghaidh iompar neamhthráchtála earraí.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘iompar de bhóthar’ aon turas a dhéantar go hiomlán nó i bpáirt ar bhóithre atá oscailte don phobal ag feithicil, cibé acu ualaithe nó gan a bheith;
(b)
ciallaíonn ‘sos’ tréimhse nach ceadmhach do thiománaí aon tiomáint ná obair eile a dhéanamh lena linn, tréimhse a thugann deis dó a scíth a ligean, tréimhse nach n-úsáidtear ach chun na críche sin amháin;
(c)
ciallaíonn ‘obair eile’, gach gníomhaíocht seachas an ‘tiomáint’ faoi mar atá sainmhínithe i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Roinn 3 de Chuid B, lena n-áirítear aon obair don fhostóir céanna nó d'fhostóir eile laistigh d’earnáil an iompair nó lasmuigh di;
(d)
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe’ tréimhse gan bhriseadh ina bhféadfaidh tiománaí a chuid ama a chaitheamh ar a chomhairle féin;
(e)
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe laethúil’ an tréimhse laethúil inar féidir le tiománaí a chuid ama a chaitheamh ar a chomhairle féin, rud a chumhdaíonn ‘tréimhse scíthe laethúil rialta’ mar aon le ‘tréimhse scíthe laethúil laghdaithe’:
(i)
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe laethúil rialta’ aon tréimhse scíthe laethúil 11 uair an chloig ar a laghad, tréimhse ar féidir í thógáil ina dhá tréimhse. Ní mór tréimhse 3 uair an chloig ar a laghad gan bhriseadh a bheith sa chéad cheann, agus tréimhse 9 uair an chloig ar a laghad gan bhriseadh a bheith sa dara ceann; agus
(ii)
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe laethúil laghdaithe’ aon tréimhse scíthe ar a laghad 9 uair an chloig ach is lú ná 11 uair an chloig;
(f)
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe sheachtainiúil’ an tréimhse sheachtainiúil ar féidir le tiománaí a chuid ama a chaitheamh ar a chomhairle féin, rud a chumhdaíonn ‘tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta’ agus ‘tréimhse scíthe sheachtainiúil laghdaithe’:
(i)
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta’ aon tréimhse scíthe 45 uair an chloig ar a laghad; agus
(ii)
ciallaíonn ‘tréimhse scíthe sheachtainiúil laghdaithe’ aon tréimhse scíthe níos lú ná 45 uair an chloig, a d'fhéadfaí a ghiorrú go híostréimhse 24 uair an chloig as a chéile faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(6) agus 6(7);
(g)
ciallaíonn ‘seachtain’ tréimhse ama idir 00.00 ar an Luan agus 24.00 ar an Domhnach;
(h)
ciallaíonn ‘am tiomána’ fad na gníomhaíochta tiomána a thaifeadtar:
(i)
go huathoibríoch nó go leath-uathoibríoch leis an tacagraf mar a shainmhínítear i bpointí (e), (f), (g) agus (h) d’Airteagal 2 de Roinn 4 de Chuid B den Iarscríbhinn seo; nó
(ii)
de láimh mar a cheanglaítear le hAirteagal 9(2) agus Airteagal 11 de Roinn 4 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;
(i)
ciallaíonn ‘am tiomána laethúil’ an t-am tiomána carntha ina iomláine idir deireadh tréimhse scíthe laethúla agus tús na chéad tréimhse scíthe laethúla eile ina diaidh sin nó idir tréimhse scíthe laethúil agus tréimhse scíthe sheachtainiúil;
(j)
ciallaíonn ‘am tiomána seachtainiúil’ an t-am tiomána carntha iomlán le linn seachtaine;
(k)
ciallaíonn ‘an uasmhais incheadaithe’ an uasmhais oibríochta atá ceadaithe le haghaidh feithicil nuair atá sí luchtaithe go hiomlán;
(l)
ciallaíonn ‘tiomáint foirne’ aon chás ina bhfuil ar a laghad beirt tiománaithe i bhfeithicil chun an tiomáint a dhéanamh le linn gach tréimhse tiomána idir dhá thréimhse scíthe laethúla i ndiaidh a chéile, nó idir tréimhse scíthe laethúil agus tréimhse scíthe sheachtainiúil; an chéad uair an chloig den tiomáint foirne, is é rogha an tiománaí nó na dtiománaithe eile a bheith i láthair, ach le linn na coda eile den tréimhse, is rud éigeantach é;
(m)
ciallaíonn ‘tréimhse tiomána’ an t-am tiomána carntha ó thosaíonn tiománaí ag tiomáint tar éis tréimhse scíthe nó tar éis sosa go dtí go ligeann sé scíth nó go dtógann sé sos; féadfaidh an tréimhse tiomána a bheith leanúnach nó briste.
AIRTEAGAL 3
Ceanglas le haghaidh cúntóirí tiománaithe
Ní mór do na cúntóirí tiomána a bheith ar a laghad 18 mbliana d’aois. Mar sin féin, féadfaidh gach Páirtí agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, Ballstát an aois íosta le haghaidh cúntóirí tiománaithe a laghdú go 16 bliana, ar choinníoll gur chun críoch gairmoiliúna a dhéanfar an laghdú agus go gcomhlíonfar na teorainneacha arna bhforchur ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus, i gcás an Aontais, rialacha náisiúnta an Bhallstáit maidir le cúrsaí fostaíochta.
AIRTEAGAL 4
Amanna tiomána
1.
Ní rachaidh an t-am tiomána laethúil thar naoi uair an chloig.
Mar sin féin, is féidir an t-am tiomána laethúil a shíneadh go 10 uair an chloig suas le dhá lá le linn na seachtaine.
2.
Ní rachaidh an t-am tiomána seachtainiúil thar 56 uair an chloig agus ní bheidh sé ina chúis le sárú an t-uas-am oibre seachtainiúil mar atá 60 uair an chloig.
3.
Ní rachaidh an t-am tiomána carntha le linn aon tréimhse dhá sheachtain i ndiaidh a chéile thar 90 uair an chloig ina iomláine.
4.
Áireofar an t-am tiomána ar fad ar chríoch na bPáirtithe le hamanna laethúla agus seachtainiúla.
5.
Taifeadfaidh tiománaí mar obair eile aon am a chaitear atá de réir na tuairisce i bpointe (c) d’Airteagal 2 den Roinn seo mar aon le haon am a chaitear ag tiomáint feithicil a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí tráchtála nach bhfuil faoi raon feidhme na roinne seo, agus taifeadfaidh sé aon tréimhse infhaighteachta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Roinn 3 de Chuid B, i gcomhréir le pointe (b)(iii) d’Airteagal 6(5) de Roinn 4 de Chuid B. Iontrálfar an taifead sin de láimh ar leathanach taifid nó ar asphrionta nó le saoráidí ionchuir láimhe ar threalamh taifeadta.
AIRTEAGAL 5
Sosanna
Tar éis tréimhse tiomána ceithre huaire go leith tógfaidh tiománaí sos leanúnach go ceann 45 nóiméad ar a laghad, mura dtógann an tiománaí tréimhse scíthe.
Ní mór sos 15 nóiméad ar a laghad a chur in ionad an tsosa sin, agus sos 30 nóiméad ar a ghiorra ina dhiaidh sin a roinnfear le linn na tréimhse ar bhealach lena gcomhlíontar forálacha na chéad fhomhíre.
Féadfaidh tiománaí atá páirteach i sealaíocht sos 45 nóiméad a ghlacadh i bhfeithicil atá á tiomáint ag tiománaí eile ar choinníoll nach bhfuil an tiománaí atá ag glacadh an tsosa páirteach sa chúnamh don tiománaí atá ag tiomáint na feithicle.
AIRTEAGAL 6
Tréimhsí scíthe
1.
Tógfaidh tiománaí tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla.
2.
Laistigh de gach tréimhse 24 uair an chloig tar éis dheireadh na tréimhse scíthe laethúla nó seachtainiúla roimhe sin beidh tréimhse scíthe laethúil ag tiománaí arís.
An chuid den tréimhse scíthe laethúil a thagann i gceist laistigh den tréimhse 24 uair an chloig sin, má bhíonn sé ar a laghad naoi uair an chloig ach gan dul thar 11 uair an chloig, sa chás sin measfar gur tréimhse de scíth laethúil laghdaithe a bheidh sa tréimhse scíthe laethúil atá i gceist.
3.
Féadfar síneadh a chur le tréimhse de scíth laethúil chun tréimhse den scíth sheachtainiúil rialta nó tréimhse den scíth sheachtainiúil laghdaithe a dhéanamh di.
4.
Idir dhá thréimhse den scíth sheachtainiúil, is trí thréimhse den scíth laethúil laghdaithe a bhíonn ceadaithe do thiománaí.
5.
Trí bhíthin maolú ó mhír 2, laistigh de 30 uair an chloig ó dheireadh tréimhse scíthe laethúla nó seachtainiúla, ní mór don tiománaí atá i mbun tiomáint i bhfoireann tréimhse scíth laethúil eile nach lú ná naoi uair an chloig a bheith tógtha aige.
6.
Le linn aon dá sheachtain i ndiaidh a chéile, glacfaidh an tiománaí, ar a laghad:
(a)
dhá thréimhse scíthe seachtainiúla rialta; nó
(b)
tréimhse scíthe seachtainiúla rialta amháin agus tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe amháin de 24 uair an chloig ar a laghad.
Cuirfear tús le tréimhse scíthe seachtainiúla tráth nach déanaí ná an uair a thagann deireadh le sé thréimhse de 24 uair an chloig ó dheireadh na tréimhse scíthe seachtainiúla deiridh.
7.
De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh tiománaí atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe a ghlacadh, laistigh de Pháirtí an oibreora tarlaithe de bhóthar nó, le haghaidh tiománaithe oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais, laistigh de chríoch Bhallstát an oibreora tarlaithe de bhóthar, ar choinníoll go nglacann an tiománaí ceithre thréimhse scíthe seachtainiúla ar a laghad, in aon tréimhse de cheithre seachtaine as a chéile, agus gur tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta iad dhá cheann díobh sin ar a laghad.
Chun críoch na míre seo, measfar go bhfuil tiománaí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta i gcás ina dtosaíonn an tiománaí ar an dá thréimhse scíthe laghdaithe as a chéile laistigh de chríoch Pháirtí an oibreora tarlaithe de bhóthar agus áit chónaithe nó, le haghaidh an Aontais, laistigh de chríoch Bhallstát an oibreora tarlaithe de bhóthar agus thír áit chónaithe an tiománaí.
Cúiteofar aon laghdú ar an tréimhse scíthe seachtainiúla le tréimhse choibhéiseach scíthe a ghlacfar en bloc roimh dheireadh an tríú seachtain tar éis na seachtaine i gceist.
I gcás go dtógtar dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile i gcomhréir leis an tríú fomhír, glacfar tréimhse scíthe roimh an gcéad tréimhse scíthe seachtainiúla eile mar chúiteamh ar an dá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe sin.
8.
Aon scíth a ligtear, beidh sí ina cúiteamh ar thréimhse den scíth sheachtainiúil laghdaithe a bhí ag gabháil le tréimhse scíthe eile nach raibh faoi bhun naoi uair an chloig.
9.
Na tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta agus aon tréimhse scíthe seachtainiúla os cionn 45 uair an chloig a ghlacfar mar chúiteamh as tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe a bhí ann roimhe sin, ní ghlacfar iad i bhfeithicil. Glacfar iad i gcóiríocht oiriúnach atá oiriúnach do gach inscne, ina mbeidh saoráidí leordhóthanacha codlata agus sláintíochta.
Aon chostas ar chóiríocht lasmuigh den fheithicil, is ar an bhfostóir a chuirfear iad.
10.
Eagróidh gnóthais iompair obair na dtiománaithe sa chaoi gur féidir le tiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra ina bhfuil an tiománaí bunaithe de ghnáth agus ina dtosaíonn tréimhse scíthe seachtainiúla an tiománaí, i nGiobráltar, nó i gcás an Aontais, i mBallstát bunaíochta an fhostóra, nó filleadh ar áit chónaithe an tiománaí laistigh de gach tréimhse de cheithre sheachtaine as a chéile, d’fhonn tréimhse scíthe seachtainiúla rialta nó tréimhse scíthe seachtainiúla ar faide ná 45 uair an chloig í a chaitheamh mar chúiteamh as tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe.
Mar sin féin, i gcás ina mbeidh dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile tógtha ag an tiománaí i gcomhréir le mír 7, eagróidh an gnóthas iompair obair an tiománaí sa chaoi go mbeidh an tiománaí in ann filleadh roimh thús na tréimhse scíthe seachtainiúla rialta de níos mó ná 45 uair an chloig a ghlacfar mar chúiteamh.
Déanfaidh an gnóthas an chaoi a gcomhlíontar an oibleagáid sin a dhoiciméadú agus coimeádfaidh sé an doiciméadacht sin ag a áitreabh ionas gur féidir í a thabhairt do na húdaráis rialaithe arna iarraidh sin dóibh.
11.
Tréimhse den scíth sheachtainiúil a tharlaíonn in dhá sheachtain éagsúla, féadfar a n-áireamh in aon cheann de na seachtaine sin, ach ní sa dá sheachtain.
12.
De mhaolú air sin, i gcás ina mbíonn tiománaí ag tionlacan feithicil atá á hiompar ag bád farantóireachta nó ag traein agus ina nglacann sé tréimhse scíthe laethúla rialta nó tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe, ní fhéadfar an tréimhse sin a bhriseadh ach dhá uair ar a mhéad le haghaidh gníomhaíochtaí eile nach mairfidh níos mó ná aon uair an chloig san iomlán. Le linn na tréimhse scíthe laethúla rialta nó na tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe sin, beidh fáil ag an tiománaí ar chábán codlata, ar bhunc nó ar leaba shuíocháin.
Maidir le tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta, ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach amháin maidir le turais ar bhád farantóireachta nó le turais traenach sna cásanna seo a leanas:
(a)
go mbeidh an turas sceidealta ar feadh 8 uair an chloig nó os a chionn; agus
(b)
go mbeidh rochtain ag an tiománaí ar chábán codlata sa bhád farantóireachta nó ar an traein.
13.
An t-am a chaitear ag taisteal chuig suíomh chun teacht i gceannas ar fheithicil a thagann faoi réim feidhme na Roinne seo, nó chun teacht ar ais ón suíomh sin, nuair nach bhfuil an fheithicil ag áit chónaithe an tiománaí ná ag ionad oibríochtúil an fhostaí mar a mbíonn an tiománaí bunaithe de ghnáth, ní áireofar mar scíth nó sos é sin mura bhfuil an tiománaí ar bhád farantóireachta nó traein agus rochtain aige ar chábán codlata, ar bhunc nó ar leaba shuíocháin.
14.
Aon am a chaitheann tiománaí ag tiomáint feithicle nach bhfuil faoi réim feidhme an Roinn seo, tiomáint chun dul chuig an áit ina rachaidh sé i gceannas ar fheithicil atá faoi réim feidhme an Roinn seo, nó ag teacht ar ais ón áit sin dó, más rud é nach é áit chónaithe an tiománaí nó an áit ina bhfuil an fostóir a n-oibríonn an tiománaí dó bunaithe de ghnáth, measfar gur obair eile atá san am sin.
AIRTEAGAL 7
Dliteanas oibreoirí tarlaithe de bhóthar
1.
Ní dhéanfaidh oibreoir tarlaithe de bhóthar de chuid Páirtí aon íocaíocht a thabhairt do thiománaithe atá fostaithe aige ná a cuireadh ar fáil dó, fiú íocaíocht i bhfoirm bónais nó forlíonadh pá, sa chás ina mbaineann an íocaíocht sin le hachair taistil, leis an luas seachadta agus/nó le méid na n-earraí arna n-iompar, i gcás gur íocaíocht í de chineál a chuirfeadh sábháilteacht ar bhóithre i mbaol agus/nó a spreagfadh sárú ar an Roinn sin.
2.
Eagróidh oibreoir tarlaithe de bhóthar Páirtí oibríochtaí iompair de bhóthar agus déanfaidh sé comhaltaí foirne a theagasc go cuí ionas go mbeidh siad in ann forálacha na Roinne seo a chomhlíonadh.
3.
Beidh oibreoir tarlaithe de bhóthar Páirtí faoi dhliteanas i leith sáruithe arna ndéanamh ag tiománaithe an oibreora, fiú má rinneadh an sárú ar chríoch an Pháirtí eile.
Gan dochar do cheart na bPáirtithe oibreoirí tarlaithe de bhóthar a chur faoi dhliteanas iomlán, féadfaidh na Páirtithe an dliteanas sin a chur de choinníoll ar shárú a dhéanfadh an t-oibreoir ar mhíreanna 1 agus 2. Féadfaidh na Páirtithe aon fhianaise a chur san áireamh nach féidir go réasúnach freagracht a chur ar an oibreoir tarlaithe de bhóthar as an sárú a rinneadh.
4.
Áiritheoidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar, coinsíneoirí, seoltóirí lasta, príomhchonraitheoirí, fochonraitheoirí agus gníomhaireachtaí fostaíochta tiománaithe go gcomhlíonfaidh na sceidil ama iompair arna gcomhaontú go conarthach an Roinn seo.
5.
Maidir le hoibreoir tarlaithe de bhóthar a úsáideann feithiclí ar a mbeidh an trealamh taifeadta i gcomhréir le pointe (f), (g) nó (h) d’Airteagal 2 de Roinn 4 de Chuid B agus a thagann faoi raon feidhme na Roinne seo, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:
(i)
áiritheoidh sé go n-íoslódálfar na sonraí uile ón aonad feithicle agus ón gcárta tiománaí chomh rialta agus a shonraíonn an Páirtí é, agus áiritheoidh sé go ndéanfar na sonraí ábhartha a íoslódáil níos minice chun a áirithiú go n-íoslódáiltear na sonraí uile a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar nó gníomhaíochtaí a ndéantar ar a shon iad; agus
(ii)
áiritheoidh sé go gcoimeádfar na sonraí eile a íoslódáiltear ón aonad feithicle agus ón gcárta tiománaí araon go ceann 12 mhí ar a laghad tar éis taifeadta agus, i gcás ina n-iarrann oifigeach cigireachta amhlaidh, áiritheoidh sé go mbeidh rochtain ar na sonraí sin, go díreach nó i gcéin, ó áitreabh an oibreora tarlaithe de bhóthar.
Chun críocha na míre seo déanfar ‘íoslódaithe’ a léiriú i gcomhréir le sainmhíniú a leagtar síos i bpointe (h) d’Airteagal 2(2) de Roinn 2 de Chuid C.
Is é 90 lá an t-uastréimhse ina ndéanfar na sonraí ábhartha a íoslódáil faoi phointe (i) den mhír seo le haghaidh sonraí ón aonad feithicle agus 28 lá le haghaidh sonraí ón gcárta tiománaí.
AIRTEAGAL 8
Eisceachtaí
1.
Ar choinneáil nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá dheasca, agus chun go bhféadfaidh an fheithicil áit stadta oiriúnach a bhaint amach, féadfaidh an tiománaí, a mhéid is gá le sábháilteacht na ndaoine, na feithicle agus ualach na feithicle sin a áirithiú, gan Airteagail 4, 5 agus 6 a chomhlíonadh. Breacfaidh an tiománaí síos de láimh cúis an neamh-chomhlíonta sin ar bhileog thaifid an trealaimh taifeadta nó ar asphrionta ón trealamh taifeadta nó san uainchlár dualgas, ar theacht dó don áit oiriúnach le stad ar a dhéanaí.
2.
Ar choinníoll nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá dheasca, i gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh an tiománaí imeacht ó Airteagail 4(1) agus (2) agus ó Airteagal 6(2) i gcás ina dtéann sé suas go dtí aon uair an chloig thar an teorainn ama tiomána laethúil agus sheachtainiúil chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí a shroicheadh chun tréimhse scíthe seachtainiúla a ghlacadh.
Faoi na coinníollacha céanna, féadfaidh an tiománaí dul suas le dhá uair an chloig thar an tréimhse tiomána laethúil agus sheachtainiúil, ar choinníoll gur glacadh sos gan bhriseadh 30 nóiméad díreach roimh an tiomáint bhreise chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí a shroicheadh chun tréimhse scíthe sheachtainiúla rialta a ghlacadh.
Breacfaidh an tiománaí de láimh cúis na himeachta sin ar leathanach taifid an trealaimh taifeadta, nó ar asphrionta ón trealamh taifeadta nó san uainchlár dualgas, ar theacht go ceann scríbe nó go dtí an áit stadta oiriúnach, ar a dhéanaí.
Cúiteofar aon tréimhse fhadaithe le tréimhse choibhéiseach scíthe, a thógfar en bloc, faoi dheireadh an tríú seachtain tar éis na seachtaine i gceist.
3.
Ar choinníoll nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá bharr sin, féadfaidh gach Páirtí agus, i gcás an Aontais, féadfaidh Ballstát eisceachtaí a dheonú ó Airteagal 3 go 6 agus na heisceachtaí sin a chur faoi réir coinníollacha aonair ar a chríoch féin nó, le comhaontú an Pháirtí eile, ar chríoch an Pháirtí eile, a bheidh infheidhme maidir le hiompar díobh seo a leanas:
(a)
feithiclí atá faoi úinéireacht údarás poiblí, nó á bhfruiliú acu, gan tiománaí, chun gabháil d’iompar de bhóthar agus nach bhfuil in iomaíocht le hoibreoirí tarlaithe príobháideacha;
(b)
feithiclí atá á n-úsáid nó á bhfruiliú ag gnóthais talmhaíochta, ghairneoireachta, foraoiseachta, feirmeoireachta nó iascaigh chun earraí a iompar mar chuid dá ngníomhaíocht fiontraíochta féin laistigh de limistéir 100 km ó bhunáit an ghnóthais;
(c)
tarracóirí talmhaíochta agus tarracóirí foraoiseachta a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta nó foraoiseachta faoi suas go dtí 100 km ó bhunáit an ghnóthais a bhfuil an fheithicil faoi úinéireacht aige, á fruiliú nó á léasú aige;
(d)
feithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 7,5 tona a n-uasmhais incheadaithe a úsáideann soláthraithe seirbhíse uilechoitinne chun ítimí a sheachadadh mar chuid den tseirbhís uilíoch. Ní úsáidfear na feithiclí sin ach amháin faoi suas go dtí 100 km ó bhunáit an ghnóthais agus ar choinníoll nach é tiomáint na feithicle príomhghníomhaíocht an tiománaí;
(e)
feithiclí a fheidhmíonn go heisiach ar oileáin nach mó ná 2 300 ciliméadar cearnach ó thaobh achair de agus nach bhfuil nasctha leis an gcuid eile den chríoch náisiúnta le droichead, áth nó tollán atá ar oscailt lena úsáid ag mótarfheithiclí;
(f)
feithiclí a úsáidtear le hearraí a iompar faoi suas go dtí 100 km ó bhunáit an ghnóthais agus tiomáinte de bhíthin gás nádúrtha nó gás leachtaithe nó leictreachais, nach mó a mhais incheadaithe uasta, lena n-áirítear mais an leantóra nó an leath-leantóra, ná 7,5 thonna;
(g)
feithiclí a úsáidtear maidir le séarachas, cosaint ar thuillte, uisce, gás agus seirbhísí cothabhála leictreachais, cothabháil agus rialú bóithre, bailiú bruscair ó dhoras go doras agus a dhiúscairt, seirbhísí teileagraif agus teileafóin, craolachán raidió agus teilifíse, agus brath tarchuradóirí nó glacadóirí raidió nó teilifíse;
(h)
feithiclí speisialaithe lena n-iompraíonn trealamh sorcais agus aonaigh shiamsaíochta;
(i)
feithiclí tionscadail atá feistithe go speisialta, arb éard is príomhfheidhm dóibh iad a úsáid mar shaoráid oideachais nuair a bhíonn siad ina stad;
(j)
feithiclí a úsáidtear le bainne a bhailiú ó fheirmeacha agus/nó soithí bainne nó táirgí bainne atá beartaithe do bhia ainmhithe a thabhairt ar ais d’fheirmeacha;
(k)
feithiclí speisialaithe lena n-iompraítear airgead agus/nó earraí luachmhara;
(l)
feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar fuílleach ainmhithe nó conablach nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;
(m)
feithiclí a úsáidtear go heisiach ar bhóithre laistigh de shaoráidí moil amhail calafoirt, idirphoirt agus críochfoirt iarnróid;
(n)
feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar ainmhithe beo ó fheirmeacha go dtí na margaí áitiúla agus a mhalairt nó ó mhargaí go dtí seamlais áitiúla faoi suas go dtí 100 km;
(o)
feithiclí nó cónaisc feithiclí a iompraíonn innealra tógála do ghnóthas tógála suas le raon 100 km ó bhunáit an ghnóthais, ar choinníoll nach í tiomáint na feithicle príomhghníomhaíocht an tiománaí; agus
(p)
feithiclí a úsáidtear le coincréit réamh-mheasctha a sheachadadh.
4.
Ar choinníoll nach gcuirfear dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá bharr sin agus go gcomhlíonfar na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Roinn 3 de Chuid B, féadfaidh Páirtí, agus i gcás an Aontais Eorpaigh, féadfaidh Ballstát, eisceachtaí sealadacha a dheonú ó Airteagail 4, 5 agus 6 den Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí iompair a dhéantar in imthosca eisceachtúla, i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme sa Pháirtí.
Beidh réasúnú cuí ag na heisceachtaí sealadacha agus tabharfar fógra ina leith láithreach don Pháirtí eile. Sonróidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil módúlachtaí an fhógra sin. Foilseoidh gach Páirtí an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin poiblí láithreach bonn agus áiritheoidh go gcuirfear san áireamh sna gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin eisceacht arna deonú ag an bPáirtí eile.
ROINN 3
AM OIBRE NA nOIBRITHE TAISTIL
AIRTEAGAL 1
Raon feidhme
1.
Beidh feidhm ag an roinn seo maidir le hoibrithe taistil atá fostaithe ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid na bPáirtithe, a dhéanann turais dá dtagraítear in Airteagail 276 agus 277 den Chomhaontú seo.
Beidh feidhm ag an Roinn seo freisin maidir le tiománaithe féinfhostaithe.
2.
Forlíonfaidh an Roinn seo forálacha Roinn 2 de Chuid B a mbeidh tosaíocht acu ar fhorálacha na Roinne seo.
3.
Féadfaidh Páirtí gan an Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir le hoibrithe taistil agus tiománaithe féinfhostaithe.
4.
I gcas a dhéanann Páirtí gan an Roinn seo faoi mhír 3 a chur i bhfeidhm, cuirfidh an Páirtí seo an Páirtí eile ar an eolas.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘am oibre’:
(a)
i gcás oibritheoirí soghluaiste: an t-am ó thús go deireadh na hoibre, a mbeidh an t-oibrí taistil ina stáisiún oibre lena linn, a bheidh ar fáil don fhostóir agus a fheidhmeanna nó a ghníomhaíochtaí á bhfeidhmiú aige, is é sin le rá:
–
an t-am a chaitear le gach gníomhaíocht iompair de bhóthar, go háirithe an méid seo a leanas:
(i)
tiomáint;
(ii)
luchtú agus díluchtú;
(iii)
cuidiú le paisinéirí dul ar bord agus tuirlingt den fheithicil;
(iv)
glantachán agus cothabháil theicniúil; agus
(v)
gach obair eile a bhfuil sé d’aidhm aici sábháilteacht na feithicle agus a lasta a áirithiú nó na hoibleagáidí dlíthiúla nó rialaitheacha a bhaineann go díreach leis an oibríocht shonrach iompair atá ar siúl a chomhlíonadh, lena n-áirítear faireachán ar luchtú agus díluchtú, foirmiúlachtaí riaracháin leis na póilíní, custaim, oifigigh inimirce etc.,
–
na tráthanna nach féidir leis a chuid ama a chaitheamh ar a chomhairle féin agus a cheanglaítear air a bheith ag a stáisiún oibre, a bheidh réidh le dul i mbun gnáthoibre, agus tascanna áirithe a bhaineann le bheith ar dualgas, go háirithe le linn tréimhsí a bhfuiltear fanacht le luchtú nó díluchtú, i gcás nach eol a ré intuartha roimh ré, is é sin le rá roimh imeacht dó nó díreach roimh thús iarbhír na tréimhse a bheidh i gceist, nó faoi na coinníollacha ginearálta a caibidlíodh idir na comhpháirtithe sóisialta agus/nó faoi théarmaí reachtaíocht na bPáirtithe;
(b)
i gcás tiománaithe féinfhostaithe, beidh feidhm ag an míniú céanna maidir leis an am ó thús go deireadh na hoibre, a mbeidh an tiománaí féinfhostaithe ag a stáisiún oibre lena linn agus a bheidh ar fáil don chliant agus a fheidhmeoidh a fheidhmeanna nó a ghníomhaíochtaí seachas obair riaracháin ghinearálta nach bhfuil baint dhíreach aici leis an oibríocht shonrach iompair atá ar siúl.
Na tréimhsí sosa dá dtagraítear in Airteagal 4, na tréimhsí scíthe dá dtagraítear in Airteagal 5 agus, gan dochar do reachtaíocht na bPáirtithe nó do na comhaontuithe idir na comhpháirtithe sóisialta ar choinníoll gur cheart na tréimhsí sin a chúiteamh nó a theorannú, eisiafar ó am oibre na tréimhsí infhaighteachta dá dtagraítear i bpointe (2) den Airteagal seo;
(2)
ciallaíonn ‘tréimhsí infhaighteachta’:
–
tréimhsí seachas iad siúd a bhaineann le tréimhsí sosa agus tréimhsí scíthe nach gceanglaítear ar an oibrí taistil fanacht ag a stáisiún oibre lena linn, ach nach mór dó a bheith le fáil chun aon ghlao a fhreagairt chun tosú ar an tiomáint nó chun filleadh ar an tiomáint nó chun aon obair eile a dhéanamh. Áireofar go háirithe leis na tréimhsí infhaighteachta sin tréimhsí a mbeidh an t-oibrí taistil i dteannta feithicle atá á hiompar ar bhád farantóireachta nó ar thraein mar aon le tréimhsí feithimh ag teorainneacha agus tréimhsí a eascraíonn as toirmisc tráchta.
–
Cuirfear an t-oibrí taistil ar an eolas maidir leis na tréimhsí sin agus fad intuartha na dtréimhsí sin roimh ré, is é sin le rá roimh imeacht nó díreach roimh thús iarbhír na tréimhse i dtrácht, nó faoi na coinníollacha ginearálta arna gcaibidil idir na comhpháirtithe sóisialta agus/nó faoi théarmaí reachtaíocht na bPáirtithe,
–
le haghaidh oibrithe taistil atá ag tiomáint mar chuid d’fhoireann, an t-am a chaitear ina suí in aice leis an tiománaí nó ar an leaba shuíochán agus an fheithicil ag gluaiseacht;
(3)
ciallaíonn ‘stáisiún oibre’:
–
suíomh phríomháit ghnó an oibreora tarlaithe de bhóthar dá seolann an duine atá ag comhlíonadh gníomhaíochtaí taistil iompair de bhóthar dualgais, mar aon lena fho-áiteanna gnó éagsúla, is cuma an bhfuil siad san áit chéanna ina bhfuil a cheannoifig nó a phríomháit ghnó,
–
an fheithicil a úsáideann an duine a bheidh ag déanamh gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar le linn don duine sin dualgais a dhéanamh; agus
–
aon áit eile ina ndéantar gníomhaíochtaí a bhaineann le hiompar;
(4)
ciallaíonn ‘oibrí taistil’, chun críoch na Roinne seo, aon oibrí is cuid den fhoireann taistil, lena n-áirítear oiliúnaithe agus printísigh, atá i seirbhís gnóthais a oibríonn seirbhísí iompair le haghaidh paisinéirí nó earraí de bhóthar ar chríoch an Pháirtí eile;
(5)
ciallaíonn ‘tiománaí féinfhostaithe’ aon duine arb í a phríomhghairm earraí a iompar de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht, ar duine é atá i dteideal oibriú dó féin agus nach bhfuil ceangailte le fostóir le conradh fostaíochta nó le caidreamh ordlathach de chineál ar bith eile, atá saor chun na gníomhaíochtaí oibre ábhartha a eagrú, a bhfuil a ioncam ag brath go díreach ar na brabúis a dhéantar agus a bhfuil an tsaoirse aige caidreamh tráchtála a bheith aige le roinnt custaiméirí, go leithleach nó trí chomhar idir tiománaithe féinfhostaithe.
Chun críocha na Roinne sin, beidh na tiománaithe sin nach gcomhlíonann na critéir sin faoi réir na n-oibleagáidí céanna agus tairbheoidh siad de na cearta céanna a thugtar d’oibrithe taistil leis an Roinn seo;
(6)
ciallaíonn ‘duine i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar’ aon oibrí taistil nó tiománaí féinfhostaithe i mbun gníomhaíochtaí den sórt sin;
(7)
ciallaíonn ‘seachtain’ an tréimhse idir 00.00 ar an Luan agus 24.00 ar an Domhnach;
(8)
ciallaíonn ‘oíche’ tréimhse 4 uair ar a laghad, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, idir 00.00 uair agus 07.00 uair; agus
(9)
ciallaíonn ‘obair oíche’ aon obair a dhéantar san oíche.
AIRTEAGAL 3
An t-uas-am oibre seachtainiúil
1.
Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh an meán am oibre seachtainiúil níos faide ná 48 uair an chloig. Féadfar síneadh a chur leis an uas-am oibre seachtainiúil suas go dtí 60 uair an chloig, más rud é, os cionn ceithre mhí, nach dtéann an meán thar 48 uair an chloig sa tseachtain, agus sa chás sin amháin.
2.
Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun a áirithiú gurb é am oibre na bhfostóirí éagsúla suim na n-uaireanta oibre. Iarrfaidh an fostóir i scríbhinn ar an oibrí taistil lena mbaineann cuntas ar am a oibríodh d’fhostóir eile. Cuirfidh an t-oibrí taistil an fhaisnéis sin ar fáil i scríbhinn.
AIRTEAGAL 4
Sosanna
Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun a áirithiú, gan dochar d’fhorálacha Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo, nach n-oibreoidh daoine atá i mbun gníomhaíochtaí taistil iompair de bhóthar, in imthosca ar bith, tréimhse is faide ná sé uair an chloig as a chéile gan sos. Brisfear am oibre le sos 30 nóiméad ar a laghad, más idir sé uair agus naoi uair an chloig na uaireanta oibre san iomlán, agus ar a laghad sos 45 nóiméad, más faide ná naoi uair an chloig na huaireanta oibre.
Féadfar sosanna a fhoroinnt i dtréimhsí ar a laghad 15 nóiméad an ceann.
AIRTEAGAL 5
Tréimhsí scíthe
Chun críocha na Roinne seo, cumhdófar printísigh agus oiliúnaithe atá i seirbhís gnóthais a oibríonn seirbhísí iompair d’earraí ar thurais de bhóthar ar chríoch an Pháirtí eile leis na forálacha céanna maidir le ham scíthe le hoibrithe taistil eile de bhun Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.
AIRTEAGAL 6
Obair oíche
Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun na nithe seo a leanas a áirithiú:
(a)
má dhéantar obair oíche, nach faide ná 10 n-uair an chloig an t-am oibre laethúil i ngach tréimhse 24 uair an chloig, agus
(b)
tugtar cúiteamh as obair oíche i gcomhréir le bearta reachtacha náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna, le comhaontuithe idir an dá thaobh den tionscal agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, ar choinníoll nach dócha go gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá bharr.
AIRTEAGAL 7
Maoluithe
1.
Féadfar maoluithe ar Airteagail 3 agus 6 a ghlacadh, ar chúiseanna oibiachtúla nó teicniúla nó ar chúiseanna a bhaineann le heagrú na hoibre, trí chomhaontuithe comhchoiteanna, trí chomhaontuithe idir na comhpháirtithe sóisialta, nó mura féidir é sin a dhéanamh, le dlíthe, le rialacháin nó le forálacha riaracháin ar choinníoll go rachfar i gcomhairle le hionadaithe na bhfostóirí agus na n-oibrithe lena mbaineann agus go ndéanfar iarrachtaí chun gach cineál ábhartha idirphlé sóisialta a spreagadh.
2.
Ní fhéadfaidh an rogha maolú ar Airteagal 3 a bheith ina cúis le tréimhse thagartha a bhunú atá níos faide ná sé mhí, chun meán-am uasta oibre seachtainiúil ocht uair an chloig is daichead a ríomh.
3.
Cuirfear an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil ar an eolas maidir le maoluithe arna gcur i bhfeidhm ag Páirtí i gcomhréir le mír 1.
AIRTEAGAL 8
Faisnéis agus taifid
Áiritheoidh gach Páirtí:
(a)
go gcuirfear oibrithe taistil ar an eolas faoi na ceanglais náisiúnta ábhartha, rialacha inmheánacha an oibreora tarlaithe de bhóthar agus comhaontuithe idir an dá thaobh den tionscal, go háirithe comhaontuithe comhchoiteanna agus aon chomhaontú cuideachta, a dhéanfar ar bhonn na Roinne seo; agus
(b)
go dtaifeadfar am oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar. Coinneofar taifid ar feadh dhá bhliain ar a laghad tar éis dheireadh na tréimhse a chumhdaítear. Beidh fostóirí freagrach as am oibre na n-oibrithe taistil a thaifeadadh. Arna iarraidh sin, cuirfidh fostóirí cóipeanna de thaifid uaireanta a oibríodh ar fáil d’oibrithe taistil.
AIRTEAGAL 9
Forálacha níos fabhraí
Ní dhéanfaidh an Roinn seo difear do cheart gach Páirtí dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach atá níos fabhraí do chosaint sláinte agus sábháilteachta daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar, ná dá gceart chun feidhmiú comhaontuithe comhchoiteanna nó comhaontuithe eile arna dtabhairt i gcrích idir an dá thaobh den tionscal agus atá níos fabhraí do chosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe taistil a éascú nó a cheadú. Cuirfear na rialacha sin i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.
ROINN 4
TACAGRAIF A ÚSÁID AG TIOMÁNAITHE
AIRTEAGAL 1
Ábhar agus prionsabail
Leagtar síos sa Roinn seo na ceanglais do thiománaithe a thagann faoi raon feidhme Roinn 2 de Chuid B maidir le húsáid tacagraf dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 280 den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
1.
Chun críocha na roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Roinn 2 de Chuid B.
2.
I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, chun críocha na Roinne seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘tacagraf’ nó ‘trealamh taifeadta’ an trealamh a bheartaítear a shuiteáil i bhfeithiclí bóthair chun sonraí maidir le gluaiseacht na bhfeithiclí sin, lena n-áirítear luas, agus sonraí tréimhsí gníomhaíochta áirithe a gcuid tiománaithe a thaispeáint, a thaifeadadh, a phriontáil, a stóráil agus a aschur go huathoibríoch nó go leath-uathoibríoch;
(b)
ciallaíonn ‘leathán taifid’ leathán atá ceaptha chun sonraí taifeadta a ghlacadh agus a choinneáil, lena gcur i dtacagraf analógach, agus ar a scríobhfar le feistí marcála an tacagraif analógaigh go leanúnach an fhaisnéis atá le taifeadadh;
(c)
ciallaíonn ‘cárta tacagraif’ cárta cliste atá beartaithe lena úsáid leis an tacagraf lena gcuirtear ar chumas an tacagraif ról shealbhóir an chárta a aithint agus sonraí a aistriú agus a stóráil;
(d)
ciallaíonn ‘cárta tiománaí’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis inniúla i bPáirtí do thiománaí ar leith ar a sainaithnítear an tiománaí agus lena bhféadfar sonraí maidir le gníomhaíochtaí an tiománaí a stóráil;
(e)
ciallaíonn ‘tacagraf analógach’ tacagraf atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna n-oiriúnú le Foscríbhinn X-B-4-1;
(f)
ciallaíonn ‘tacagraf digiteach’ tacagraf atá i gcomhréir le ceann amháin de na sonraíochtaí seo a leanas, arna oiriúnú le Foscríbhinn X-B-4-2:
–
Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle ab infheidhme go dtí an 30 Meán Fómhair 2011;
–
Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 is infheidhme ón 1 Deireadh Fómhair 2011; nó
–
Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 is infheidhme ón 1 Deireadh Fómhair 2012;
(g)
ciallaíonn ‘tacagraf cliste 1’ tacagraf atá i gcomhréir le hIarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún, is infheidhme ón 15 Meitheamh 2019 agus go dtí an 20 Lúnasa 2023, arna oiriúnú le Foscríbhinn X-B-4-3;
(h)
ciallaíonn ‘tacagraf cliste 2’ tacagraf atá i gcomhréir le hIarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún, arna oiriúnú le Foscríbhinn X-B-4-4.
(i)
ciallaíonn ‘imeacht’ oibríocht mhínormálta a bhraitheann an tacagraf digiteach a d’fhéadfadh teacht ó iarracht chalaoise;
(j)
ciallaíonn ‘cárta neamhbhailí’ cárta a bhraitear a bheith lochtach, nó ar theip ar an mbailíochtú tosaigh nó nach bhfuil tús a dháta bailíochta tagtha fós, nó a bhfuil a dháta éagtha istigh.
AIRTEAGAL 3
Cártaí tiománaí a úsáid
1.
Cárta pearsanta is ea an cárta tiománaí.
2.
Ní fhéadfaidh níos mó ná cárta tiománaí bailí amháin a bheith ina sheilbh ag tiománaí, agus ní bheidh údarás ag an tiománaí ach a chárta tiománaí pearsantaithe féin amháin a úsáid. Ní bhainfidh tiománaí úsáid as cárta atá lochtach nó atá imithe in éag.
AIRTEAGAL 4
Cártaí tiománaí a eisiúint
1.
Iarrfar cártaí tiománaí ar an údarás inniúil sa Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe ag an tiománaí.
2.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘gnátháit chónaithe’ an áit a gcónaíonn duine go hiondúil, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme, nó i gcás duine nach bhfuil aon cheangal ghairme aige, mar gheall ar cheangail phearsanta a thaispeánann nasc láidir idir an duine sin agus an áit ina bhfuil cónaí air.
Mar sin féin, maidir le gnáthchónaí duine nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta agus atá ina chónaí, dá bhrí sin, idir áiteanna éagsúla atá suite sa dá Pháirtí, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta é, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go rialta. Ní gá an coinníoll deireanach sin a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an duine ina chónaí i bPáirtí chun tasc téarma shocraithe a dhéanamh.
3.
Tabharfaidh tiománaithe cruthúnas ar a ngnátháit chónaithe trí aon mhodh cuí, amhail trína gcárta aitheantais nó trí aon doiciméad bailí eile.
AIRTEAGAL 5
Cártaí tiománaí a athnuachan
I gcás inar mian le tiománaí a chárta tiománaí a athnuachan, cuirfidh sé iarratas chuig údaráis inniúla an Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige tráth nach déanaí ná 15 lá oibre roimh dháta éagtha an chárta.
AIRTEAGAL 6
Úsáid cártaí tiománaí agus leathán taifid
1.
Úsáidfidh na tiománaithe na leathanaigh taifid nó na cártaí tiománaí gach lá a mbeidh siad ag tiomáint, ón nóiméad a nglacfaidh siad stiúir ar an bhfeithicil. Ní tharraingeofar an leathanach taifid nó an cárta tiománaí siar roimh dheireadh na tréimhse oibre laethúla mura n-údarófar é a tharraingt siar ar shlí eile nó i gcás inar gá chun siombail na tíre a chur isteach tar éis teorainn a thrasnú. Ní fhéadfar aon leathanach taifid nó aon chárta tiománaí a úsáid chun tréimhse is faide ná an tréimhse dá bhfuil sé beartaithe a chumhdach.
2.
Déanfaidh tiománaithe na leatháin taifid agus na cártaí tiománaí a chosaint go leordhóthanach, agus ní bhainfidh siad úsáid as leatháin taifid nó as cártaí tiománaí a bheidh salach nó dá ndearnadh damáiste. Agus fad na tréimhse seirbhíse á cur san áireamh, áiritheoidh an tiománaí go bhféadfar na sonraí a phriontáil i gceart ón tacagraf arna iarraidh sin don oifigeach rialaithe, i gcás cigireachta.
3.
Más rud é, de bharr tiománaí a bheith ar shiúl ón bhfeithicil, nach féidir leis an tiománaí tacagraf atá feistithe ar an bhfeithicil a úsáid, déanfar an méid seo a leanas i dtaobh na dtréimhsí ama dá dtagraítear i bpointe (b)(ii), i bpointe (b)(iii) agus i bpointe (b)(iv) de mhír 5 beidh an méid seo a leanas le déanamh:
(a)
más rud é go bhfuil tacagraf analógach feistithe ar an bhfeithicil, déanfar iad a chur isteach ar an leathán taifid, de láimh nó trí thaifeadadh uathoibríoch nó ar shlí eile, go soléite agus gan an leathán taifid a shalú; nó
(b)
más rud é go bhfuil tacagraf digiteach, tacagraf cliste 1 nó tacagraf cliste 2 feistithe ar an bhfeithicil, déanfar iad a chur isteach ar an gcárta tiománaí trí úsáid a bhaint as an tsaoráid iontrála láimhe dá bhforáiltear sa tacagraf.
Ní fhorchuirfidh gach Páirtí ar thiománaithe ceanglas foirmeacha a chur isteach chun a gcuid gníomhaíochtaí fad is a bhí siad ar shiúl ón bhfeithicil a fhianú.
4.
I gcás ina mbeidh níos mó ná tiománaí amháin ar bord na feithicle ar a mbeidh tacagraf digiteach, tacagraf cliste 1 nó tacagraf cliste 2 feistithe, áiritheoidh gach tiománaí go gcuirfear a chárta tiománaí féin isteach sa sliotán ceart sa tacagraf.
Má bhíonn níos mó ná tiománaí amháin ar bord feithicle ar a bhfuil tacagraf analógach feistithe, leasóidh tiománaithe na leatháin taifid de réir mar is gá chun go mbeidh an fhaisnéis chuí taifeadta ar leathán taifid an tiománaí a bheidh ag tiomáint go hiarbhír.
5.
Déanfaidh tiománaithe:
(a)
a áirithiú go mbeidh an t-am a thaifeadfar ar an leathán taifid ag teacht leis an am oifigiúil i dtír chlárúcháin na feithicle;
(b)
na sásraí laisc a oibriú chun go bhféadfar na tréimhsí ama seo a leanas a thaifeadadh ar leithligh agus go soiléir:
(i)
faoin gcomhartha
: am tiomána,
(ii)
faoin gcomhartha
: ‘obair eile’, a chiallaíonn aon ghníomhaíocht seachas tiomáint mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Roinn 3 de Chuid B, agus chomh maith leis sin aon obair don fhostóir céanna nó d’fhostóir eile laistigh nó lasmuigh d’earnáil an iompair,
(iii)
faoin gcomhartha
: ‘infhaighteacht’, mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Roinn 3 de Chuid B,
(iv)
faoin gcomhartha
: sosanna, scíth, saoire bhliantúil nó saoire bhreoiteachta, agus
(v)
faoin gcomhartha le haghaidh ‘bád farantóireachta/traein’: Sa bhreis ar an gcomhartha
: an tréimhse scíthe a chaitear ar bhád farantóireachta nó ar thraein mar a cheanglaítear i mír 12 d’Airteagal 6 de Roinn 2 de Chuid B.
6.
Cuirfidh gach tiománaí feithicle ar a bhfuil tacagraf analógach feistithe an fhaisnéis seo a leanas isteach ar a leathán taifid:
(a)
nuair a thosóidh sé ag baint úsáide as an leathán taifid – sloinne agus céadainm an tiománaí;
(b)
an dáta agus an áit a dtosaíonn sé ag baint úsáide as an leathán taifid, agus an dáta agus an áit a gcríochnaíonn an úsáid sin;
(c)
uimhir chlárúcháin gach feithicle dá bhfuil an tiománaí sannta, ag tús an chéad turais arna thaifeadadh ar an leathán taifid agus ansin i gcás an fheithicil a athrú, le linn úsáid an leatháin taifid;
(d)
léamh an odaiméadair:
(i)
ag tús an chéad turais arna thaifeadadh ar an leathán taifid,
(ii)
ag deireadh an turais deiridh arna thaifeadadh ar an leathán taifid,
(iii)
i gcás feithicil a athrú le linn lá oibre, an léamh ar an gcéad fheithicil a sannadh don tiománaí agus an léamh ar an gcéad fheithicil eile;
(e)
an t-am a dhéantar an fheithicil a athrú; agus
(f)
siombailí na dtíortha inar cuireadh tús agus deireadh leis an tréimhse oibre laethúil. Cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre ina dtéann an tiománaí isteach tar éis dó teorainn Ballstáit den Aontas agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a thrasnú ag tús an chéad stad ag an tiománaí sa Bhallstát sin nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Is ag an áit stadta is gaire is féidir don teorainn, nó an taobh thall den teorann, a dhéanfar an chéad stop sin. I gcás ina dtrasnaítear an teorainn i mbád farantóireachta nó i dtraein, cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre ag an gcalafort nó ag an stáisiún ceann scríbe.
7.
Cuirfidh an tiománaí isteach sa tacagraf digiteach siombail na dtíortha inar cuireadh tús agus deireadh leis an tréimhse oibre laethúil.
Cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre ina dtéann an tiománaí isteach tar éis dó teorainn Páirtí, nó i gcás an Aontais, Ballstáit den Aontas a thrasnú ag tús an chéad stad ag an tiománaí sa Pháirtí sin, nó i gcás an Aontais, sa Bhallstát sin. Is ag an áit stadta is gaire is féidir don teorainn, nó an taobh thall den teorann, a dhéanfar an chéad stop sin. I gcás ina dtrasnaítear an teorainn i mbád farantóireachta nó i dtraein, cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre ag an gcalafort nó ag an stáisiún ceann scríbe.
Féadfaidh Páirtí nó, i gcás an Aontais, Ballstát a cheangal ar thiománaithe feithiclí a bheidh ag gabháil d’oibríochtaí iompair laistigh dá chríoch sonraíochtaí geografacha níos mionsonraithe a chur le siombail na tíre, ar choinníoll go dtabharfaidh gach Páirtí fógra roimh ré don Pháirtí eile faoi na sonraíochtaí geografacha mionsonraithe sin.
Ní gá do thiománaithe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt den chéad fhomhír a chur isteach i gcás ina ndéanann an tacagraf na sonraí suímh sin a thaifeadadh go huathoibríoch.
AIRTEAGAL 7
Ceart úsáid tacagraf
1.
Áiritheoidh gnóthais iompair agus tiománaithe go bhfeidhmeoidh an tacagraf digiteach agus an cárta tiomána i gceart agus go n-úsáidfear go cuí iad. I gcás ina n-úsáidfidh gnóthais iompair agus tiománaithe tacagraif analógacha, áiritheoidh siad go bhfeidhmeoidh siad i gceart agus go n-úsáidfear leatháin taifid go cuí.
2.
Aon sonraí a thaifeadtar ar an leathán taifid nó a stórálfar sa tacagraf nó ar an gcárta tiománaí nó aon asphrionta ón tacagraf, toirmiscfear iad a fhalsú, a cheilt nó a dhíothú. Ina theannta sin, toirmiscfear aon chúbláil ar an tacagraf, ar an leathán taifid nó ar an gcárta tiománaí lena bhféadfar sonraí agus/nó faisnéis phriontáilte a fhalsú, a cheilt nó a dhíothú. Ní bheidh aon fhearas a d’fhéadfaí a úsáid chun na críche sin le fáil san fheithicil.
AIRTEAGAL 8
Cártaí tiománaí goidte, caillte nó lochtacha
1.
Coinneoidh údaráis eisiúna na bPáirtithe taifid de chártaí tiománaí a eiseofar, a ghoidfear, a chaillfear nó a éireoidh lochtach ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad lena dtréimhse bhailíochta.
2.
Má dhéantar damáiste do chárta tiománaí nó má bhíonn mífheidhm leis, tabharfaidh an tiománaí é ar ais d’údarás inniúil na tíre ina bhfuil a gnátháit chónaithe aige. Má ghoidtear an cárta tiománaí, déanfar é sin a dhearbhú go foirmiúil d’údaráis inniúla an Stáit inar goideadh é.
3.
Déanfar aon chaillteanas an chárta tiománaí a thuairisciú i ndearbhú foirmiúil d’údaráis inniúla an Pháirtí a d’eisigh é agus chuig údaráis inniúla an Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe ag an tiománaí, murab ionann iad.
4.
I gcás ina ndéanfar damáiste do chárta tiománaí, i gcás ina mbeidh mífheidhm leis nó i gcás ina ngoidfear nó ina gcaillfear é, cuirfidh an tiománaí iarratas ar chárta athsholáthair chuig údaráis inniúla an Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige laistigh de seacht lá.
5.
Sna cásanna a leagtar amach i mír 4, féadfaidh an tiománaí leanúint de bheith ag tiomáint gan cárta tiománaí ar feadh uastréimhse de 15 lá nó ar feadh tréimhse níos faide más gá é sin chun an fheithicil a thabhairt ar ais chuig an áitreabh ina bhfuil sé bunaithe, ar choinníoll go mbeidh an tiománaí in ann a chruthú nach féidir an cárta a thabhairt ar aird ná a úsáid ar feadh na tréimhse sin.
AIRTEAGAL 9
Cártaí tiománaí agus leatháin taifid arna ndamáistiú
1.
I gcás ina ndéantar damáiste do leathán taifid ar a bhfuil taifeadtaí nó do chárta tiománaí, coinneoidh tiománaithe an leathán taifid nó an cárta tiománaí a bhfuil damáiste déanta dó in éineacht le haon leathán taifid breise a úsáidtear lena athsholáthar.
2.
I gcás ina ndéantar damáiste do chárta tiománaí nó má bhíonn mífheidhm leis nó má chailltear nó má ghoidtear é, déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
(a)
ag tús a thurais nó a turais, déanfaidh sé nó sí sonraí na feithicle atá sé nó sí a thiomáint a phriontáil amach agus cuirfidh sé nó sí isteach ar an asphrionta sin:
(i)
sonraí lena bhféadfar an tiománaí a aithint (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiomána), lena n-áirítear a shíniú; agus
(ii)
na tréimhsí dá dtagraítear i bpointe (b)(ii), i bpointe (b)(iii) agus i bpointe (b)(iv) d’Airteagal 6(5);
(b)
ag deireadh an turais, déanfaidh sé an fhaisnéis a phriontáil amach maidir le tréimhsí ama atá taifeadta leis an tacagraf, agus déanfaidh sé aon tréimhsí oibre eile a thaifeadadh, aon tréimhsí a raibh an tiománaí ar fáil a thaifeadadh agus aon tréimhsí scíthe a tógadh ó chur amach an asphrionta ag tús an turais a thaifeadadh, i gcás nach dtaifeadfar an fhaisnéis sin leis an tacagraf, agus déanfaidh sé sonraí a mharcáil ar an doiciméad sin lena bhféadfar an tiománaí a aithint (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiomána), lena n-áireofar síniú an tiománaí.
AIRTEAGAL 10
Taifid le hiompar ag an tiománaí
1.
I gcás ina dtiomáineann an tiománaí feithicil ar a mbeidh tacagraf analógach feistithe, beidh air na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird aon uair a iarrfaidh oifigeach rialaithe údaraithe amhlaidh:
(i)
leathanaigh taifid an lae sin agus na 28 lá roimhe sin;
(ii)
an cárta tiománaí, má bhíonn ceann ina sheilbh aige; agus
(iii)
aon taifid de láimh agus aon asphrionta arna ndéanamh le linn an lá sin agus na 28 lá roimhe sin.
2.
I gcás ina dtiomáineann an tiománaí feithicil ar a mbeidh tacagraf digiteach, tacagraf cliste 1 nó tacagraf cliste 2 feistithe, beidh ar an tiománaí na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird aon uair a iarrfaidh oifigeach rialaithe údaraithe amhlaidh:
(i)
cárta tiomána an tiománaí;
(ii)
aon taifid de láimh agus aon asphrionta arna ndéanamh le linn an lá sin agus na 28 lá roimhe sin; agus
(iii)
na leatháin taifid a chomhfhreagraíonn don tréimhse chéanna leis an tréimhse sin dá dtagraítear i bpointe (ii) nuair a thiomáin sé feithicil ar a raibh tacagraf analógach feistithe.
Ón 31 Nollaig 2024, cuirfear 56 lá in ionad na tréimhse 28 lá dá dtagraítear i bpointí (i) agus (iii) de mhír 1 agus i bpointe (ii) de mhír 2.
3.
Féadfaidh oifigeach rialaithe údaraithe a sheiceáil go bhfuil Roinn 2 de Chuid B á comhlíonadh trí anailís a dhéanamh ar na leatháin taifid, ar na sonraí a taifeadadh leis an tacagraf, nó leis an gcárta tiománaí, bíodh na sonraí sin ar taispeáint, priontáilte nó íoslódáilte nó, in éagmais sin, aon doiciméad tacaíochta eile lena léirítear údar a bheith le neamhchomhlíonadh forála.
AIRTEAGAL 11
Nósanna imeachta le haghaidh tiománaithe i gcás mífheidhm a bheith le trealamh
Fad is a bheidh an tacagraf neamhfhóinteach nó fad is a bheidh mífheidhm leis, déanfaidh an tiománaí na sonraí lena bhféadfar é a shainaithint a mharcáil, (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiomána), lena n-áirítear síniú, mar aon le gach faisnéis faoi thréimhsí éagsúla ama nach bhfuil taifeadta a thuilleadh nó priontáilte amach i gceart leis an tacagraf:
(a)
ar an leathán nó ar na leatháin taifid; nó
(b)
ar leathán sealadach a cheanglófar leis an leathán taifid nó a choinneofar in éineacht leis an gcárta tiománaí.
AIRTEAGAL 12
Bearta forfheidhmiúcháin
1.
Glacfaidh gach Páirtí gach beart is cuí chun a áirithiú go n-urramófar forálacha Ranna 2, 3 agus 4 de Chuid B, go háirithe trí leibhéal leordhóthanach seiceálacha agus seiceálacha cois bóthair a áirithiú gach bliain a dhéanfar in áitreabh gnóthas lena gclúdaítear sampla mór ionadaíoch d’oibrithe soghluaiste, tiománaithe, gnóthais agus feithiclí na gcatagóir iompair uile a thagann faoi raon feidhme na ranna sin.
Eagróidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí na seiceálacha chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)
le linn gach bliana féilire, déanfar seiceáil ar 3 % ar a laghad de na laethanta a oibreoidh tiománaithe feithiclí a thagann faoi raon feidhme Roinn 2 de Chuid B; agus
(ii)
déanfar 30 % acu ar a laghad cois bóthair agus déanfar 50 % acu ar a laghad ag áitreabh na ngnóthas.
Áireofar sna seiceálacha cois bóthair an méid seo a leanas:
(i)
Tréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, bristeacha agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla;
(ii)
leatháin taifid na laethanta roimhe sin, a bheidh ar bord na feithicle, agus/nó na sonraí a stóráiltear maidir leis an tréimhse chéanna ar an gcárta tiománaí agus/nó i gcuimhne an tacagraif agus/nó ar na hasphriontaí, nuair is gá; agus
(iii)
feidhmiú ceart an tacagraif.
Déanfar na seiceálacha sin gan idirdhealú a dhéanamh idir feithiclí, gnóthais agus tiománaithe, bíodh a ngnátháit chónaithe sa Pháirtí sin nó ná bíodh, agus gan beann ar áit tionscnaimh nó ar cheann scríbe an turais ná ar an gcineál tacagraif.
Áireofar ar eilimintí na seiceálacha ar áitreabh na ngnóthas, sa bhreis ar na heilimintí atá faoi réir seiceálacha cois bóthair:
(i)
tréimhsí scíthe seachtainiúla agus tréimhsí tiomána idir na tréimhsí sin;
(ii)
teorainneacha tiomána le haghaidh tréimhsí coicíse;
(iii)
cúiteamh as tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(6) agus (7) de Roinn 2 de Chuid B; agus
(iv)
úsáid leathán taifid agus/nó aonad feithicle agus sonraí cárta tiománaí agus asphriontaí agus/nó eagrú am oibre na dtiománaithe.
2.
Más rud é, de bharr thorthaí na seiceála cois bóthair ar thiománaí feithicle atá cláraithe i gcríoch an Pháirtí eile, go bhfuil forais ann lena chreidiúint go ndearnadh sáruithe nach féidir a bhrath le linn na seiceála de deasca easpa sonraí riachtanacha, tabharfaidh na húdaráis inniúla i ngach Páirtí cúnamh dá chéile chun an staid a shoiléiriú. I gcásanna ina ndéanann údaráis inniúla Páirtí seiceáil ag áitreabh an ghnóthais chun na críche sin, cuirfear torthaí na seiceála sin in iúl d’údaráis inniúla an Pháirtí eile.
3.
Oibreoidh na húdaráis inniúla sna Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le heagrú na seiceálacha cois bóthair comhbheartaithe.
4.
Tabharfaidh gach Páirtí isteach córas rátála riosca maidir le gnóthais, córas a bheidh bunaithe ar an líon coibhneasta sáruithe agus ar dhéine choibhneasta aon sárú mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn X-A-1-1 agus ar an líon coibhneasta sáruithe agus ar dhéine choibhneasta aon sárú a áirítear sa liosta a leagtar amach i bhFoscríbhinn X-A-1-1bis.
5.
Déanfar gnóthais a bhfuil rátáil riosca ard ina leith a sheiceáil ar bhealach níos dlúithe agus níos minice.
6.
Déanfaidh gach Páirtí, agus i gcás an Aontais, gach Ballstát, a chur ar chumas a n-údaráis inniúla chun pionós a chur ar oibreora tarlaithe de bhóthar agus/nó tiománaí le haghaidh sárú na forálacha infheidhme maidir le ham tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe tiománaithe a bhraitear ar a chríocha, sárú nach ndearnadh pionós a fhorchur ina leith go fóill, fiú i gcás ina ndéantar an sárú sin ar chríocha an Pháirtí eile nó, i gcás an Aontais, ar críocha Ballstáit nó tríú tír.
Foscríbhinn X-B-4-1
OIRIÚNUITHE AR SHONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA
AN TACAGRAIF ANALÓGAIGH
Déantar Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
(a)
I Roinn III (Ceanglais chun trealamh taifeadta a dhéanamh), i mír 4.1 d’fhoroinn (c) (Uirlisí taifeadta), le haghaidh ‘i bpointe (ii), i bpointe (iii) agus i bpointe (iv) d’Airteagal 34(5)(b) den Rialachán seo’ cuir isteach ‘i bpointí (ii), (iii) agus (iv) de phointe (b) d’Airteagal 6(5) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
(b)
I Roinn III (Ceanglais chun trealamh taifeadta a dhéanamh), i mír 4.2 d’fhoroinn (c) (Uirlisí taifeadta), le haghaidh ‘Airteagal 34 den Rialachán seo’ cuir isteach ‘Airteagal 6(5) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
(c)
I Roinn IV (Na leatháin taifid), sa tríú fomhír de mhír 1 d’fhoroinn (a) (Pointí ginearálta), le haghaidh ‘Airteagal 34 den Rialachán seo’ cuir isteach ‘Airteagal 6(6) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
(d)
I Roinn V (An trealamh taifeadta a shuiteáil), sa chéad fhomhír de mhír 5, le haghaidh ‘an Rialacháin seo’ cuir isteach ‘Roinn 4 de Chuid B agus Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
(e)
I Roinn V (An trealamh taifeadta a shuiteáil), sa tríú fomhír de mhír 5, le haghaidh ‘i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’ cuir isteach ‘sa Rún Comhdhlúite maidir le Feithiclí a Chóimeáil (R.E.3)’ agus le haghaidh ‘leis an Rialachán seo’ cuir isteach ‘le Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
(f)
I Roinn VI (Seiceálacha agus cigireachtaí), sa téacs roimh mhír 1, tar éis ‘Ballstáit’ cuirtear isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar’;
(g)
I Roinn VI (Seiceálacha agus cigireachtaí), sa dara fomhír de mhír 1 (Ionstraimí nua nó deisithe a dheimhniú), tar éis ‘Ballstáit’ cuirtear isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar’, le haghaidh ‘an Rialacháin seo’ cuirtear isteach ‘Roinn 4 de Chuid B agus Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
(h)
I Roinn VI (Seiceálacha agus cigireachtaí), i bhfomhír (b) de mhír 3 (Cigireachtaí tréimhsiúla), tar éis ‘Ballstát’ cuirtear isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar’.
Foscríbhinn X-B-4-2
OIRIÚNUITHE AR SHONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA
AN TACAGRAIF DHIGITIGH
Déantar Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85, lena n-áirítear na Foscríbhinní arna dtabhairt isteach le Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
1.
I gcás na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cuirtear isteach ‘Páirtí’ in ionad tagairtí do ‘Ballstát’, ach amháin le haghaidh na dtagairtí i bhforoinn IV (Ceanglais tógála agus feidhmíochta le haghaidh cártaí tacagraif), mír 174 agus foroinn VII (Cártaí a eisiúint ), mír 268a;
2.
Le haghaidh ‘Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle’ agus ‘Rialachán (CE) Uimh. 561/2006’ cuirtear isteach ‘Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn X den Chomhaontú seo’;
Déantar Roinn I (Sainmhínithe) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
3.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (u):
‘(u)
ciallaíonn ‘imlíne éifeachtach na rothaí’ meán na n-achar a dhéanann gach roth a ghluaiseann an fheithicil (rotha tiomána) le linn imrothlú iomlán amháin. Déanfar na hachair sin a thomhas faoi choinníollacha tástála caighdeánacha mar a shainítear faoi cheanglas 414 agus sloinntear iad san fhoirm ‘l = … mm’. Féadfaidh monaróirí feithiclí ríomh teoiriciúil a chur in ionad thomhas na n-achar sin, lena gcuirtear san áireamh dáileadh an mheáchain ar na hacastóirí, feithicil gan ualach agus é ag feidhmiú mar is gnáth, is é sin le leacht fuartháin, bealaí, breosla, uirlisí, roth breise agus an tiománaí. Tá na modhanna le haghaidh ríomh teoiriciúil den sórt sin faoi réir a bhformheasa ón údarás inniúil i bPáirtí agus is féidir iad a dhéanamh sula ngníomhachtófar an tacagraf agus an tráth sin amháin;’
4.
I bpointe (bb), cuirtear ‘an dlí is infheidhme i ngach Páirtí’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/6/CEE ón gComhairle’.
5.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe (ii):
‘ciallaíonn ‘deimhniú slándála’: próiseas chun a dheimhniú, a dhéanann Comhlacht Deimhniúcháin critéar coiteanna, go gcomhlíonann an trealamh taifeadta (nó comhpháirt ann) nó an cárta tacagraif faoi imscrúdú na ceanglais slándála a shainítear i bhFoscríbhinn 10 (Spriocanna slándála cineálacha);’
6.
I bpointe (mm), cuirtear ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 54’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/23/CEE’.
7.
I bpointe (nn), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 17:
‘ciallaíonn ‘Uimhir Aitheantais Feithicle’ meascán seasta de charachtair atá sannta do gach feithicil ag an monaróir, ar meascán é a bhfuil dhá chuid ann: an chéad chuid, nach bhfuil níos mó ná sé charachtar ann (litreacha nó figiúirí), lena sainaithnítear tréithe ginearálta na feithicle, an cineál agus an múnla, go sonrach; an dara cuid, a bhfuil ocht gcarachtar ann a bhféadfadh na chéad cheithre cinn acu a bheith ina litreacha nó ina bhfigiúirí agus a gcaithfidh na ceithre cinn eile a bheith ina bhfigiúirí, lena léirítear, in éineacht leis an gcéad chuid, sainaitheantas cruinn feithicle ar leith.’
8.
I bpointe (rr), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
‘–
a shuiteáiltear agus a úsáidtear i bhfeithiclí de chineál M1 agus N1 amháin, mar a shainmhínítear iad sa Rún Comhdhlúite maidir le Déanmhas Feithiclí (R.E.3)’,
Déantar Roinn II (Tréithe ginearálta agus feidhmeanna an trealaimh taifeadta) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
9.
I mír 004, scriostar an fhomhír dheireanach.
Déantar Roinn III (Ceanglais tógála agus feidhmíochta maidir le trealamh taifeadta) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
10.
I mír 065, cuirtear ‘Rún Comhdhlúite maidir le Déanmhas feithiclí (R.E.3)’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 2007/46/CE.’
11.
I bpointe 162, cuirtear ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 10’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 95/54/CE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 1995 arna oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil Treoir 72/245/CEE ón gComhairle’.
Déantar Roinn IV (Ceanglais tógála agus feidhmíochta le haghaidh cártaí tacagraif) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
12.
I mír 174, in ionad na tagartha do ‘RA: An Ríocht Aontaithe’ cuirtear isteach ‘I dtaca leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, is é RA an sainchomhartha a bheidh ann.’
13.
I mír 185, in ionad na tagartha do ‘Críoch an Chomhphobail’ cuirtear isteach ‘críoch an Aontais agus Ghiobráltar’.
14.
I mír 188, cuirtear ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 10’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 95/54/CE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 1995’.
15.
I mír 189, scriostar an fhomhír dheireanach.
Déantar Roinn V (Trealamh taifeadta a shuiteáil) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
16.
I mír 250a, cuirtear ‘Foscríbhinn 12 den Iarscríbhinn seo’ in ionad na tagartha do ‘Rialachán (CE) Uimh. 68/2009.’
17.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh :
‘Is i gCaibidil V(3) den Iarscríbhinn seo a shainítear na ceanglais maidir leis na himthosca inar féidir séalaí a bhaint, dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Roinn 2 de Chuid C den Iarscríbhinn X seo.’
18.
Faoi fhoroinn 1 (Formheas feisteoirí nó ceardlann), in ionad na tagartha do ‘Airteagal 12(1) den Rialachán seo’ cuirtear ‘Airteagal 5(1) agus Airteagal 8 de Roinn 2 de Chuid C den Iarscríbhinn seo’.
Déantar Roinn VII (Cártaí a eisiúint) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
19.
I mír 268a, tar éis ‘Ballstáit’, áit ar bith a mbíonn sé ann, cuirtear isteach ‘agus na Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar’.
Déantar Roinn VIII (Cineálcheadú trealaimh taifeadta agus cártaí tacagraif) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
20.
I mír 271, bain amach ‘i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo’.
Déantar Foscríbhinn 1 (Foclóir sonraí) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
21.
I bpointe 2.111, in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/23 (CEE) 31.3.1992, IO L 129, lch. 95’ cuirtear isteach ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 54’.
Déantar Foscríbhinn 9 (Cineálcheadú Liosta de thástálacha íosta ceangailte) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
21.
I bhfophointe 5.1 de Roinn 2 (Tástálacha feidhmiúla aonaid feithicle), cuirtear ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 10’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 95/54/CE’.
22.
I bhfophointe 5.1 de Roinn 3 (Tástálacha feidhmiúla braiteora gluaisne), cuirtear ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 10’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 95/54/CE’.
Déantar Foscríbhinn 12 (Cuibheoir le haghaidh feithiclí de chatagóir M1 agus N1) d’Iarscríbhinn IB de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a oiriúnú chun críoch na roinne seo mar a leanas:
23.
I Roinn 4 (Ceanglais maidir le tógáil agus feidhmíocht le haghaidh an cuibheora) i mír 4.5 (saintréithe feidhmiúcháin) in ADA_023, in ionad ‘Treoir 2006/28/CE ón gCoimisiún arna oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil Treoir 72/245/CEE ón gComhairle’ cuir isteach ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 10’.
24.
I bpointe 5.1 den tábla i bhforoinn 7.2 (Deimhniúchán feidhmíochta), cuirtear ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 10’ in ionad ‘Treoir 2006/28/CE’.
Foscríbhinn X-B-4-3
OIRIÚNUITHE AR SHONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA
THACAGRAF CLISTE 1
Déantar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún, lena n-áirítear na hIarscríbhinní agus na Foscríbhinní a ghabhann leis, sa leagan de go dtí 20 Lúnasa 2023, a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
1.
I gcás na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, in ionad na tagartha do ‘Bhallstát’ cuirtear isteach ‘Páirtí’, ach amháin i gcás na dtagairtí i bpointe (229) d’fhoroinn 4.1 agus i bpointe (424) de Roinn 7;
2.
Le haghaidh ‘Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85’ agus ‘Rialachán (CE) Uimh. 561/2006’ cuirtear isteach ‘Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
3.
Le haghaidh ‘Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuirtear isteach ‘Roinn 4 de Chuid B agus Roinn 2 de Cuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo, ach amháin le haghaidh na dtagairtí i bpointe (402) d’fhoroinn 5.3 agus i bpointe (424) de Roinn 7’;
4.
Le haghaidh ‘Treoir (AE) 2015/719’ agus ‘Treoir 96/53/CE ón gComhairle’ cuirtear isteach ‘Roinn 1 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’.
Déantar Roinn 1 (Sainmhínithe) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
5.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (u):
‘(u)
ciallaíonn ‘imlíne éifeachtach na rothaí’:
meán na n-achar a thaistealaíonn gach roth lena ngluaistear an fheithicil (rotha tiomána) le linn imrothlú iomlán amháin. Déanfar na hachair sin a thomhas faoi choinníollacha tástála caighdeánacha mar a shainítear faoi cheanglas 414 agus sloinntear iad san fhoirm ‘l = … mm’. Féadfaidh monaróirí feithiclí ríomh teoiriciúil a chur in ionad thomhas na n-achar sin, lena gcuirtear san áireamh dáileadh an mheáchain ar na hacastóirí, feithicil gan ualach agus é ag feidhmiú mar is gnáth, is é sin le leacht fuartháin, bealaí, breosla, uirlisí, roth breise agus an tiománaí. Tá na modhanna le haghaidh ríomh teoiriciúil den sórt sin faoi réir a bhformheasa ón údarás inniúil i bPáirtí agus is féidir iad a dhéanamh sula ngníomhachtófar an tacagraf agus an tráth sin amháin;’;
6.
I bpointe (hh), cuirtear ‘an dlí is infheidhme i ngach Páirtí’ in ionad na tagartha do ‘Treoir 92/6/CEE ón gComhairle’;
7.
I bpointe (uu), cuirtear ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 54’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/23/CEE’;
8.
I bpointe (vv), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 9:
‘ciallaíonn ‘Uimhir Aitheantais Feithicle’ meascán seasta de charachtair atá sannta do gach feithicil ag an monaróir, ar meascán é a bhfuil dhá chuid ann: an chéad chuid, nach bhfuil níos mó ná sé charachtar ann (litreacha nó figiúirí), lena sainaithnítear tréithe ginearálta na feithicle, an cineál agus an múnla, go sonrach; an dara cuid, a bhfuil ocht gcarachtar ann a bhféadfadh na chéad cheithre cinn acu a bheith ina litreacha nó ina bhfigiúirí agus a gcaithfidh na ceithre cinn eile a bheith ina bhfigiúirí, lena léirítear, in éineacht leis an gcéad chuid, sainaitheantas cruinn feithicle ar leith.’;
9.
I bpointe (yy), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
‘–
a shuiteáiltear agus a úsáidtear i bhfeithiclí de chineál M1 agus N1 amháin, mar a shainmhínítear iad sa Rún Comhdhlúite maidir le Déanmhas Feithiclí (R.E.3);’;
10.
Scriostar pointe (aaa);
11.
I bpointe (ccc), cuirtear ‘15 Meitheamh 2019’ in ionad na chéad mhíre.
Déantar Roinn 2 (Tréithe ginearálta agus feidhmeanna an trealaimh taifeadta) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
12.
Scriostar an fomhír deiridh de mhír (7) d'fhoroinn 2.1.
Déantar Roinn 3 (Ceanglais tógála agus feidhmíochta maidir le trealamh taifeadta) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
13.
I bpointe (200) d'fhoroinn 3.20, scriostar an dara habairt den tríú fomhír.
14.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (201) de fhomhír 3.20:
‘Le nasc tiomnaithe sraithe iomchuí a úsáid, neamhspleách ar nasc bus roghnach CAN (ISO 11898 Feithiclí bóthair – Idirmhalartú faisnéise digití – Líonra Achair Rialaitheora (CAN) le haghaidh cumarsáide ardluais), féadfaidh an t-aonad feithicle na sonraí seo a leanas a aschur freisin ionas gur féidir le haonaid leictreonacha eile atá suiteáilte san fheithicil iad a phróiseáil:
–
dáta agus am reatha AUL (Am Uilíoch Lárnach),
–
luas na feithicle,
–
an t-achar iomlán a thaistealaíonn an fheithicil (odaiméadar),
–
gníomhaíocht tiománaí agus comhthiománaí atá roghnaithe faoi láthair,
–
faisnéis maidir le haon chárta tacagraif a bheith curtha isteach faoi láthair i sliotán an tiománaí agus i sliotán an chomhthiománaí (más infheidhme) agus faisnéis faoi aitheantas comhfhreagrach an chárta (uimhir an chárta agus an tír eisiúna).
Féadfaidh sé sonraí eile a aschur chomh maith leis an liosta íosta sin.
Craolfar na sonraí sin go buan nuair a bhíonn adhaint na feithicle AIR. Nuair a bhíonn adhaint na feithicle AS, ginfear aschur sonraí comhfhreagrach le haon athrú ar ghníomhaíocht an tiománaí nó ar ghníomhaíocht an chomhthiománaí agus/nó cárta tacagraif a chuirtear isteach nó a tharraingítear amach ar a laghad. I gcás ina gcoinnítear siar aschur sonraí fad is a bhíonn adhaint na feithicle AS, cuirfear na sonraí sin ar fáil a luaithe a bheidh adhaint na feithicle AIR an athuair.
Éileofar toiliú an tiománaí i gcás ina dtarchuirfear sonraí pearsanta.’
Déantar Roinn 4 (Ceanglais tógála agus feidhmíochta le haghaidh cártaí tacagraif) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
I bpointe (229) d’fhoroinn 4.1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘I gcás na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, is é RA an sainchomhartha a bheidh ann.’;
15.
I bpointe (229) d’fhoroinn 4.1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
16.
I bpointe (237) le haghaidh ‘Airteagal 26.4 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuirtear isteach ‘Airteagal 9(2) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
17.
I bpointe (241) d'fhoroinn 4.4 de Chaibidil 4 den Iarscríbhinn seo, in ionad na bhfocal ‘críoch an Chomhphobail’ cuirtear isteach ‘críoch an Aontais agus Ghiobráltar’;
18.
Scriostar pointe (246) d’fhomhír 4.5.
Déantar Roinn 5 (Trealamh taifeadta a shuiteáil) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
19.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe (397) i bhforoinn 5.2:
‘(397)
Maidir le feithiclí M1 agus N1 amháin, a bhfuil cuibheoir feistithe orthu i gcomhréir le Foscríbhinn 16 den Iarscríbhinn seo agus i gcás nach féidir an fhaisnéis uile is gá a áireamh, mar a thuairiscítear i gCeanglas 396, féadfar plaic bhreise, an dara ceann, a úsáid. I gcásanna den sórt sin, beidh na ceithre fhleasc dheireanacha ar a laghad a thuairiscítear i gCeanglas 396 ag an bplaic bhreise sin.’;
20.
I bpointe (402) d’fhoroinn 5.3, le haghaidh ‘Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuirtear isteach ‘Airteagal 5(3) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo.’.
Déantar Roinn 6 (Seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar seo a leanas:
21.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh :
‘Is i gCaibidil 5.3 den Iarscríbhinn seo a shainítear na ceanglais maidir leis na himthosca inar féidir séalaí a bhaint.’;
Déantar Roinn 7 (Cártaí a eisiúint) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
22.
I bpointe (424) tar éis na tagartha do ‘Ballstáit’ cuirtear isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar’, agus in ionad na tagartha do ‘Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuirtear isteach ‘Airteagal 13 de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’.
Déantar Foscríbhinn 1 (Foclóir sonraí) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
23.
I bpointe 2.163, in ionad ‘Treoir 92/23/CEE’ cuirtear isteach ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 54’.
Déantar Foscríbhinn 11 (Sásraí slándála comhchoiteanna) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
24.
I bpointe 9.1.4 (Leibhéal Trealaimh: Aonaid Feithicle), sa chéad nóta faoi CSM_78, le haghaidh ‘Rialachán (AE) Uimh. 581/2010’ cuirtear isteach ‘Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’.
25.
I bpointe 9.1.5 (Leibhéal Trealaimh: Cártaí Tacagraif), sa nóta faoi CSM_89, le haghaidh ‘Rialachán (AE) Uimh. 581/2010’ cuirtear isteach ‘Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’.
Déantar Foscríbhinn 12 (Seirbhís suite bunaithe ar an gCóras Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS)) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
26.
Scriostar an dara fomhír de Roinn 1 (Réamhrá).
27.
I Roinn 2 (Sonraíocht an ghlacadóra GNSS), in ionad na tagartha do ‘chomhoiriúnacht na seirbhísí arna gcur ar fáil ag na cláir Galileo agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’, cuirtear isteach ‘comhoiriúnacht le Córas Méadúcháin Bunaithe ar Shatailítí (SBAS)’.
Déantar Foscríbhinn 16 (Cuibheoir le haghaidh feithiclí de catagóirí M1 agus N1) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
28.
I bpointe 5.1 sa tábla faoi Roinn (7) (Cineálcheadú de threalamh taifeadta i gcás ina mbaintear úsáid as cuibheoir), in ionad na tagartha do ‘Treoir 2006/28/CE’ cuirtear isteach ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 10’.
Foscríbhinn X-B-4-4
OIRIÚNUITHE AR SHONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA
THACAGRAF CLISTE 2
Déantar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/799 ón gCoimisiún, lena n-áirítear na hIarscríbhinní agus na Foscríbhinní a ghabhann leis, a oiriúnú chun críoch na Roinne seo mar a leanas:
Tá feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas tríd síos Iarscríbhinn I C, lena n-áirítear Foscríbhinní 1 go 17 a ghabhann léi:
(a)
i gcás na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cuirtear isteach ‘Páirtí’ in ionad tagairtí do ‘Ballstát’ nó ‘Ballstáit’, áit ar bith a bhfuil siad, ach amháin le haghaidh na dtagairtí i bpointe (229) d’fhoroinn 4.1 agus i bpointe (424) de Roinn 7;
(b)
le haghaidh ‘Rialachán (CE) Uimh. 561/2006’ nó ‘Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’ cuirtear isteach ‘Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
(c)
le haghaidh ‘Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuirtear isteach ‘Roinn 4 de Chuid B agus Roinn 2 de Cuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’, ach amháin le haghaidh na dtagairtí i bpointí (226d), (237), (402), (424), ITS_01, MIG_025, agus, i bhFoscríbhinn 14, sa chéad mhír de roinn 1, sa dara mír de roinn 2, i roinn 3 agus i bpointe DSC_26;
(d)
le haghaidh ‘Treoir (AE) 2015/719’ agus ‘Treoir 96/53/CE ón gComhairle’ cuirtear isteach ‘Roinn 1 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
(e)
le haghaidh ‘Iarscríbhinn I B a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85’, cuirtear isteach ‘Iarscríbhinn I B a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 arna hoiriúnú le Foscríbhinn X-B-4-2 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
1.
Déantar Roinn (Sainmhínithe) d’Iarscríbhinn I C de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(f)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (u):
‘(u)
ciallaíonn ‘imlíne éifeachtach na rothaí’: meán na n-achar a thaistealaíonn gach roth lena ngluaistear an fheithicil (rotha tiomána) le linn imrothlú iomlán amháin. Déanfar na hachair sin a thomhas faoi choinníollacha tástála caighdeánacha mar a shainítear faoi cheanglas 414 agus sloinntear iad san fhoirm ‘l = … mm’. Féadfaidh monaróirí feithiclí ríomh teoiriciúil a chur in ionad thomhas na n-achar sin, lena gcuirtear san áireamh dáileadh an mheáchain ar na hacastóirí, feithicil gan ualach agus é ag feidhmiú mar is gnáth, is é sin le leacht fuartháin, bealaí, breosla, uirlisí, roth breise agus an tiománaí. Tá na modhanna le haghaidh ríomh teoiriciúil den sórt sin faoi réir a bhformheasa ón údarás inniúil i bPáirtí agus is féidir iad a dhéanamh sula ngníomhachtófar an tacagraf agus an tráth sin amháin;’;
(g)
i bpointe (hh), cuirtear ‘an dlí is infheidhme i ngach Páirtí’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/6/CEE ón gComhairle’;
(h)
i bpointe (uu), cuirtear ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 54’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 92/23/CEE’;
(i)
i bpointe (vv), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhonóta:
‘ciallaíonn ‘Uimhir Aitheantais Feithicle’ meascán seasta de charachtair atá sannta do gach feithicil ag an monaróir, ar meascán é a bhfuil dhá chuid ann: an chéad chuid, nach bhfuil níos mó ná sé charachtar ann (litreacha nó figiúirí), lena sainaithnítear tréithe ginearálta na feithicle, an cineál agus an múnla, go sonrach; an dara cuid, a bhfuil ocht gcarachtar ann a bhféadfadh na chéad cheithre cinn acu a bheith ina litreacha nó ina bhfigiúirí agus a gcaithfidh na ceithre cinn eile a bheith ina bhfigiúirí, lena léirítear, in éineacht leis an gcéad chuid, sainaitheantas cruinn feithicle ar leith.’;
(j)
i bpointe (yy), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
‘–
a shuiteáiltear agus a úsáidtear i bhfeithiclí de chineál M1 agus N1 amháin, mar a shainmhínítear iad sa Rún Comhdhlúite maidir le Déanmhas Feithiclí (R.E.3);’;
(k)
Scriostar pointe (aaa);
(l)
i bpointe (ccc), cuirtear ‘21 Feabhra 2024’ in ionad an tsainmhínithe ar ‘an dáta a thugtar isteach é’;
2.
Déantar Roinn 2 (Tréithe ginearálta agus feidhmeanna an trealaimh taifeadta) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(m)
cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír (7) d’fhoroinn 2.1:
‘Déantar é sin i gcomhréir le hAirteagal 4 de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo.’;
3.
Déantar Roinn 3 (Ceanglais tógála agus feidhmíochta maidir le trealamh taifeadta) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh seo mar a leanas:
(n)
cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad phointe (201) d’fhoroinn 3.20:
‘Le nasc tiomnaithe sraithe iomchuí a úsáid, neamhspleách ar nasc bus roghnach CAN (ISO 11898 Feithiclí bóthair – Idirmhalartú faisnéise digití – Líonra Achair Rialaitheora (CAN) le haghaidh cumarsáide ardluais), féadfaidh an t-aonad feithicle na sonraí seo a leanas a aschur freisin ionas gur féidir le haonaid leictreonacha eile atá suiteáilte san fheithicil iad a phróiseáil:
–
dáta agus am reatha AUL (Am Uilíoch Lárnach),
–
luas na feithicle,
–
an t-achar iomlán a thaistealaíonn an fheithicil (odaiméadar),
–
gníomhaíocht tiománaí agus comhthiománaí atá roghnaithe faoi láthair,
–
faisnéis maidir le haon chárta tacagraif a bheith curtha isteach faoi láthair i sliotán an tiománaí agus i sliotán an chomhthiománaí agus (más infheidhme) faisnéis faoi aitheantas comhfhreagrach an chárta (uimhir an chárta agus an tír eisiúna).
Féadfaidh sé sonraí eile a aschur chomh maith leis an liosta íosta sin.
Craolfar na sonraí sin go buan nuair a bhíonn adhaint na feithicle AIR. Nuair a bhíonn adhaint na feithicle AS, ginfear aschur sonraí comhfhreagrach le haon athrú ar ghníomhaíocht an tiománaí nó ar ghníomhaíocht an chomhthiománaí agus/nó cárta tacagraif a chuirtear isteach nó a tharraingítear amach ar a laghad. I gcás ina gcoinnítear siar aschur sonraí fad is a bhíonn adhaint na feithicle AS, cuirfear na sonraí sin ar fáil a luaithe a bheidh adhaint na feithicle AIR an athuair.
Éileofar toiliú an tiománaí i gcás ina dtarchuirfear sonraí pearsanta.’;
(o)
i bpointe (226d) de roinn 3.28, scriostar ‘, i gcomhréir le hAirteagal 12(5) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’;
4.
Déantar Roinn 4 (Ceanglais tógála agus feidhmíochta le haghaidh cártaí tacagraif) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(p)
I bpointe (229) d’fhoroinn 4.1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘I gcás na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, is é GIB an sainchomhartha a bheidh ann’;
(q)
I bpointe (237) in ionad ‘Airteagal 26.4 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’ cuirtear isteach ‘Airteagal 9(2) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile’;
(r)
I bpointe (241) d’fhoroinn 4.4, in ionad na bhfocal ‘críoch an Chomhphobail’ cuirtear isteach ‘críoch an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar’;
5.
Déantar Roinn 5 (Trealamh taifeadta a shuiteáil) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(s)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe (397) d’fhoroinn 5.2:
‘(397)
Maidir le feithiclí M1 agus N1 amháin, a bhfuil cuibheoir feistithe orthu i gcomhréir le Foscríbhinn 16 den Iarscríbhinn seo agus i gcás nach féidir an fhaisnéis uile is gá a áireamh, mar a thuairiscítear i gCeanglas 396, féadfar plaic bhreise, an dara ceann, a úsáid. I gcásanna den sórt sin, beidh na ceithre fhleasc dheireanacha ar a laghad a thuairiscítear i gCeanglas 396 ag an bplaic bhreise sin.’;
(t)
I bpointe (402) d’fhoroinn 5.3, in ionad ‘Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’, cuirtear isteach ‘Airteagal 5(3) de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo.’;
6.
Déantar Roinn 6 (Seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(u)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh: ‘Is i gCaibidil 5.3 den Iarscríbhinn seo a shainítear na ceanglais maidir leis na himthosca inar féidir séalaí a bhaint.’;
7.
Déantar Roinn 7 (Cártaí a eisiúint) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(v)
i bpointe (424), tar éis na tagartha do ‘Ballstáit’ cuirtear isteach ‘agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar’, agus in ionad na tagartha do ‘Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’, cuirtear isteach ‘Airteagal 13 de Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
8.
Déantar Foscríbhinn 1 (Foclóir sonraí) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(w)
i bpointe 2.163, in ionad ‘Treoir 92/23 (CEE) 31/03/92 IO L 129, lch. 95’ cuirtear isteach ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 54’;
9.
Déantar Foscríbhinn 11 (Sásraí slándála coiteanna) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(x)
i bpointe 9.1.4 (Leibhéal Trealaimh: Aonaid Feithicle), sa chéad nóta faoi CSM_78, le haghaidh ‘Rialachán (AE) Uimh. 581/2010’ cuirtear isteach ‘Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
(y)
i bpointe 9.1.5 (Leibhéal Trealaimh: Cártaí Tacagraif), sa nóta faoi CSM_89, le haghaidh ‘Rialachán (AE) Uimh. 581/2010’ cuirtear isteach ‘Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’;
10.
Déantar Foscríbhinn 12 (Seirbhís suite bunaithe ar an gCóras Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS)) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(z)
i Roinn 2 (Buntréithe an ghlacadóra GNSS), in ionad na tagartha do ‘comhoiriúnacht na seirbhísí arna gcur ar fáil ag na cláir Galileo agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’, cuirtear isteach ‘comhoiriúnacht le Córas Méadúcháin Bunaithe ar Shatailítí (SBAS)’;
11.
Déantar Foscríbhinn 13 (Comhéadan ITS) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(aa)
i gceanglas ITS_01, scriostar na téarmaí ‘, a iarrtar in Airteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’;
12.
Déantar Foscríbhinn 14 (Feidhm na Cianchumarsáide) d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
–
Sa mhír thosaigh de Roinn 1, baintear amach ‘mar a cheanglaítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’;
–
Sa dara mír de roinn 2, baintear amach ‘mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’;
–
I bpointe DSC_26, baintear amach ‘i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014.
13.
Déantar Foscríbhinn 15 (Imirce: Cómhaireachtáil glúnta agus leaganacha de threalamh a bhainistiú) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(bb)
i bhforoinn 2.2, cuirtear isteach ‘Iarscríbhinn I C a ghabhann leis an Rialachán seo arna hoiriúnú le Foscríbhinn X-B-4-4 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’ in ionad ‘Iarscríbhinn I C a ghabhann leis an Rialachán seo.’
(cc)
i gceanglas MIG_025 i bhforoinn 5, cuirtear isteach ‘Airteagal 6(7) de Roinn 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo’ in ionad ‘Airteagal 34(7) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014’;
14.
Déantar Foscríbhinn 16 (Cuibheoir le haghaidh feithiclí de catagóirí M1 agus N1) d’Iarscríbhinn I C a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a oiriúnú a thuilleadh mar a leanas:
(dd)
i bpointe 5.1 sa tábla faoi Roinn (7) (Cineálcheadú de threalamh taifeadta i gcás ina mbaintear úsáid as cuibheoir), cuirtear isteach ‘Rialachán CEE-NA Uimh. 10’ in ionad na tagartha ‘Treoir 2006/28/CE’.
CUID C
CEANGLAIS LE hAGHAIDH FEITHICLÍ A ÚSÁIDTEAR CHUN EARRAÍ A IOMPAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 281 DEN CHOMHAONTÚ SEO
ROINN 1
MEÁCHAIN AGUS TOISÍ
AIRTEAGAL 1
Ábhar agus prionsabail
Is i bhFoscríbhinn X-C-1-1 a leagtar amach na meáchain uasta agus toisí uasta feithiclí tráchtála a fhéadfar a úsáid le haghaidh turas dá dtagraítear in Airteagal 276(1) agus Airteagal 277 den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘mótarfheithicil’ aon fheithicil chumhacht-thiomáinte a ghluaiseann as a lúth féin ar an mbóthar;
(b)
ciallaíonn ‘leantóir’ aon fheithicil a bheartaítear a chúpláil le mótarfheithicil, cé is moite de leathleantóirí, arna thógáil agus atá feistithe chun earraí a iompar;
(c)
ciallaíonn ‘leathleantóir’ aon fheithicil a bheartaítear a chúpláil le mótarfheithicil sa chaoi go mbeidh cuid di leagtha ar an mótarfheithicil agus cuid mhór dá mheáchan agus de mheáchan a ualaigh ar an mótarfheithicil, arna thógáil agus atá feistithe chun earraí a iompar;
(d)
ciallaíonn ‘cónasc feithiclí’:
–
traein bhóthair arb í mótarfheithicil a bhfuil leantóir cúpláilte uirthi; nó
–
feithicil altach arb í mótarfheithicil a bhfuil leathleantóir cúpláilte uirthi;
(e)
ciallaíonn ‘feithicil chóirithe’ aon fheithicil a bhfuil a forstruchtúir daingnithe nó sochorraithe feistithe go speisialta chun earraí a iompar ag teochtaí rialaithe agus a bhfuil a taobh-bhallaí, insliú san áireamh, 45 mm ar tiús ar a laghad;
(f)
ciallaíonn ‘toisí údaraithe uasta’ toisí uasta feithicle a úsáidtear;
(g)
ciallaíonn ‘meáchan údaraithe uasta’ an meáchan uasta feithicle ualaithe a úsáidtear;
(h)
ciallaíonn ‘meáchan acastóra údaraithe uasta’ meáchan uasta acastóra údaraithe ag acastóra ualaithe nó grúpa acastóirí;
(i)
ciallaíonn ‘tona’ meáchan maise tona agus beidh sé comhfhreagrach do 9,8 ciliniútan (kN);
(j)
ciallaíonn ‘ualach doroinnte’ ualach nach féidir, chun críche iompair de bhóthar, a roinnt ina dhá ualach nó níos mó gan speansas míchuí ná baol damáiste agus nach féidir, mar gheall ar a thoisí nó a mhais, a iompar le mótarfheithicil, leantóir, traein bhóthair nó feithicil altach lena gcomhlíontar an Roinn seo ar gach bealach;
(k)
ciallaíonn ‘breoslaí ionadúla’ breoslaí nó foinsí cumhachta is féidir a úsáid, i bpáirt ar a laghad, in ionad foinsí breosla iontaise sa soláthar fuinnimh le haghaidh iompair, agus a bhfuil poitéinseal iontu cur le dícharbónú an iompair agus feabhas a chur ar fheidhmíocht na hearnála iompair ó thaobh an chomhshaoil de, is iad sin a leanas:
(i)
leictreachas arna thomhailt i ngach cineál feithiclí leictreacha;
(ii)
hidrigin;
(iii)
gás nádúrtha, lena n-áirítear bithmheatán, i bhfoirm ghásach (Gás Nádúrtha Comhbhrúite) agus i bhfoirm leachtaithe (Gás Nádúrtha Leachtaithe – GNL);
(iv)
Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL);
(v)
fuinneamh meicniúil ón stóráil ar bord/ó fhoinsí ar bord, lena n-áirítear fuíollteas,
(l)
ciallaíonn ‘feithicil breosla ionadúil’ mótarfheithicil a chumhachtaítear go hiomlán nó go páirteach le breosla ionadúil;
(m)
ciallaíonn ‘feithicil astaíochtaí nialasacha’ feithicil earraí troma gan inneall dócháin inmheánaigh, nó a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aici a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh; agus
(n)
ciallaíonn ‘oibríocht iompair idirmhódúil’ iompar coimeádáin amháin nó níos mó nó iompar cabhlach babhtála amháin nó níos mó, nach faide ná 45 throigh ar fad, i gcás ina dtaistealaíonn an leoraí, an leantóir, an leathleantóir (ag a bhfuil aonad tarracóra nó gan é), an chabhail babhtála nó an coimeádán, ar bhóthar ar an gcéim thosaigh agus/nó an chéim dheiridh den turas agus, ar an gcéim eile, ar iarnróid nó ar uiscebhealach intíre nó ar sheirbhísí muirí.
AIRTEAGAL 3
Ceadúnais speisialta
Ní cheadaítear d’fheithicil nó do chónasc feithiclí a sháraíonn na meáchain uasta nó na toisí uasta a leagtar amach i bhFoscríbhinn X-C-1-1 a bheith i gcúrsaíocht ach amháin ar bhonn cead speisialta arna eisiúint gan idirdhealú ag na húdaráis inniúla, nó ar bhonn socruithe neamh-idirdhealaitheacha comhchosúla arna gcomhaontú ar bhonn cás ar chás leis na húdaráis sin, i gcás ina n-iompraíonn na feithiclí nó na cónaisc sin ualaí doroinnte nó ina bhfuil siad ceaptha ualaí doroinnte a iompar.
AIRTEAGAL 4
Srianta áitiúla
Ní choiscfidh an Roinn seo cur i bhfeidhm neamh-idirdhealaitheach na bhforálacha um thrácht ar bhóithre a bheidh i bhfeidhm i ngach Páirtí lena gceadófar meáchan agus/nó toisí feithiclí ar bhóithre áirithe nó ar dhéanmhais innealtóireachta sibhialta áirithe a theorannú.
Áirítear leis sin an fhéidearthacht srianta áitiúla a fhorchur maidir le toisí údaraithe uasta agus/nó meáchain údaraithe uasta feithiclí a fhéadfar a úsáid i limistéir shonraithe nó ar bhóithre sonraithe, i gcás nach bhfuil an bonneagar oiriúnach d’fheithiclí fada agus troma, amhail i lár cathracha, i sráidbhailte beaga nó in áiteanna speisialta ó thaobh an nádúir de.
AIRTEAGAL 5
Gairis aeraidinimiciúla atá i gceangal le cúl feithiclí nó cúl cónaisc feithiclí
1.
Maidir le feithiclí nó cónaisc feithiclí ar a bhfuil gairis aeraidinimiciúla feisithe, féadfaidh siad a bheith níos faide ná na faid uasta dá bhforáiltear i bpointe 1.1 d’Fhoscríbhinn X-C-1-1 chun gur féidir gairis den sórt sin a chur ar chúl feithiclí nó cónaisc feithiclí. Comhlíonfaidh feithiclí nó cónaisc feithiclí a bhfuil na gairis sin feistithe orthu pointe 1.5 d’Fhoscríbhinn X-C-1-1, agus ní thiocfaidh méadú ar fhad lódála na bhfeithiclí sin ná ar fhad lódála na gcónasc feithiclí sin mar thoradh ar aon cheann atá níos faide ná na faid uasta.
2.
Comhlíonfaidh na gairis aeraidinimiciúla dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha oibríochtúla seo a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil sábháilteacht úsáideoirí eile bóithre nó sábháilteacht an tiománaí i mbaol, déanfaidh an tiománaí iad a fhilleadh, a tharraingt siar nó a bhaint;
(b)
i gcás ina mbeidh gairis agus trealamh aeraidinimiciúla níos faide ná 500 mm i staid úsáide, beidh siad intarraingthe nó infhillte;
(c)
cuirfear san áireamh, agus iad á n-úsáid ar bhonneagair bóithre uirbeacha agus idir uirbeacha, tréithe speisialta limistéar ina bhfuil an teorainn luais níos lú ná, nó cothrom le, 50 km/h agus i gcás inar dóchúla go mbeidh úsáideoirí soghonta bóithre ann; agus
(d)
nuair a bheidh siad tarraingthe/fillte, ní bheidh siad níos mó ná 20 cm níos faide ná an fad údaraithe uasta.
AIRTEAGAL 6
Cábáin aeraidinimiciúla
Féadfaidh feithiclí nó cónaisc feithiclí a bheith níos faide ná na faid uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Fhoscríbhinn X-C-1-1 ar choinníoll go mbeidh feidhmíocht aeraidinimiciúil, éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht sábháilteachta na gcábán acu feabhsaithe. Comhlíonfaidh feithiclí nó cónaisc feithiclí a bhfuil na cábáin sin feistithe orthu pointe 1.5 d’Fhoscríbhinn X-C-1-1 agus ní thiocfaidh méadú ar acmhainn lódála na bhfeithiclí sin ná ar acmhainn lódála na gcónasc feithiclí sin mar thoradh ar aon cheann atá níos faide ná na faid uasta.
AIRTEAGAL 7
Oibríochtaí iompair idirmhódúla
1.
I gcás feithiclí nó cónaisc feithiclí atá ag gabháil d’iompar coimeádán 45 throigh ar fad nó d’iompar cabhlacha babhtála atá 45 throigh ar fad, agus iad folamh nó luchtaithe, féadfar na feithiclí sin nó na cónaisc feithiclí sin a bheith 15 cm níos faide ná na faid uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Fhoscríbhinn X-C-1-1, faoi réir Airteagal 6, i gcás inarb infheidhme, agus an fad uasta a leagtar síos i bpointe 1.6 d’Fhoscríbhinn X-C-1-1 ar choinníoll gur cuid d’oibríocht iompair idirmhódúil é iompar de bhóthar an choimeádáin nó na cabhlach babhtála atá i gceist, a chuirfear i gcrích de réir na gcoinníollacha a leagtar síos ag gach Páirtí.
2.
Maidir le hoibríochtaí iompair idirmhódúla, féadfaidh meáchan údaraithe uasta feithiclí altacha, ag a bhfuil cúig nó sé acastóir, a bheith dhá thona níos troime sa chónasc a leagtar amach i bpointe 2.2.2(a) d’Fhoscríbhinn X-C-1-1 agus a bheith ceithre thona níos troime sa chónasc a leagtar amach i bpointe 2.2.2(b) d’Fhoscríbhinn X-C-1-1. Ní rachaidh meáchan údaraithe uasta na bhfeithiclí sin thar 44 thona.
AIRTEAGAL 8
Cruthúnas ar chomhlíontacht
1.
Mar chruthúnas ar chomhlíonadh na roinne seo, beidh ag feithiclí lena mbaineann ceann de na cruthúnais seo a leanas:
(a)
cónasc den dá phláta seo a leanas:
–
pláta reachtúil an mhonaróra, ar pláta nó lipéad é, arna ghreamú ag an monaróir ar fheithicil lena dtugtar na príomhthréithe teicniúla is gá chun an fheithicil a shainaithint agus lena dtugtar an fhaisnéis ábhartha do na húdaráis inniúla maidir leis na maiseanna ualaithe ceadaithe uasta; agus
–
pláta a bhaineann le toisí, a mhéid is féidir, greamaithe in aice le pláta reachtúil an mhonaróra agus ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
(i)
ainm an mhonaróra;
(ii)
uimhir aitheantais na feithicle;
(iii)
fad na mótarfheithicle, an leantóra nó an leathleantóra (L);
(iv)
leithead na mótarfheithicle, an leantóra nó an leathleantóra (W); agus
(v)
sonraí chun fad na gcónasc feithiclí a thomhas:
–
an t-achar (a) idir tosach na mótarfheithicle agus lár an ghairis cúplála (an crúca cúplála nó an cúigiú roth); i gcás cúigiú roth ag a bhfuil roinnt pointí cúplála, ní mór na luachanna íosta agus uasta a thabhairt (aíosta agus auasta);
–
an t-achar (b) idir lár ghairis cúplála an leantóra (fáinne an chúigiú roth) nó an leathleantóra (pionna ceann aise) agus cúl an leantóra nó an leathleantóra; i gcás gaireas ag a bhfuil roinnt pointí cúplála, ní mór na luachanna íosta agus uasta a thabhairt (bíosta agus buasta);
Is é fad na gcónasc feithiclí fad na mótarfheithicle agus an leantóra nó an leathleantóra a chuirtear i líne dhíreach taobh thiar dá chéile.
(b)
pláta amháin ina mbeidh an fhaisnéis ar an dá phláta dá dtagraítear i bpointe (a); nó
(c)
doiciméad amháin arna eisiúint ag údaráis inniúla Páirtí nó, i gcás an Aontais, ag an mBallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht agus ina mbeidh an fhaisnéis chéanna leis na plátaí dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar í a choinneáil in áit a mbeidh rochtain éasca uirthi chun iniúchadh a dhéanamh uirthi agus déanfar í a chosaint go leordhóthanach.
2.
Mura mbeidh saintréithe na feithicle ag freagairt a thuilleadh dóibh siúd a léirítear ar an gcruthúnas comhréireachta, déanfaidh an Páirtí nó, i gcás an Aontais, an Ballstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht, na bearta is gá chun a áirithiú go n-athrófar an cruthúnas ar chomhlíonadh.
3.
Aithneoidh na Páirtithe na plátaí agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 mar chruthúnas ar chomhlíonadh na feithicle dá bhforáiltear sa Roinn seo.
AIRTEAGAL 9
Forfheidhmiú
1.
Déanfaidh gach Páirtí bearta sonracha lena sainaithneofar feithiclí nó cónaisc feithiclí atá i gcúrsaíocht ar dócha iad a bheith os cionn an mheáchain údaraithe uasta agus a dhéanfaidh údaráis inniúla na bPáirtithe iad a sheiceáil dá bhrí sin d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfar ceanglais na Roinne seo. Féadfar sin a dhéanamh le cabhair ó chórais uathoibríocha a chuirtear ar bun ar an mbonneagar bóthair, nó trí threalamh meáite ar bord a shuiteáiltear i bhfeithiclí. Beidh trealamh meáite den sórt sin ar bord cruinn iontaofa, idir-inoibritheach go hiomlán agus comhoiriúnach do gach cineál feithicle.
2.
Ní éileoidh Páirtí trealamh meáite ar bord a shuiteáil ar fheithiclí nó ar chónaisc feithiclí atá cláraithe sa Pháirtí eile.
3.
I gcás ina n-úsáidtear córais uathoibríocha chun sáruithe ar an Roinn seo a shuíomh agus chun pionóis a ghearradh, deimhneofar na córais uathoibríocha sin. I gcás nach n-úsáidtear córais uathoibríocha ach chun críocha aitheantais, ní gá iad a dheimhniú.
4.
Áiritheoidh na Páirtithe, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Chuid A, go malartóidh a n-údaráis inniúla faisnéis faoi sháruithe agus faoi phionóis a bhaineann leis an Airteagal seo.
Foscríbhinn X-C-1-1
MEÁCHAIN AGUS TOISÍ UASTA
AGUS SAINTRÉITHE GAOLMHARA FEITHICLÍ
1.
Toisí údaraithe uasta feithiclí (i méadair; ‘m’)
1.1
Fad uasta:
–
mótarfheithicil
12,00 m
–
an leantóra
12,00 m
–
feithicil altach
16,50 m
–
traein bhóthair
18,75 m
1.2
An leithead uasta:
(a)
gach feithicil seachas na feithiclí dá dtagraítear i pointe (b)
2,55 m
(b)
forstruchtúir feithiclí cóirithe nó coimeádán
cóirithe nó cabhlacha babhtála arna n-iompar ag feithiclí
2,60 m
1.3.
Airde uasta (aon fheithicil)
4,00 m
1.4.
Tá forstruchtúir inbhainte agus earraí lastais caighdeánaithe amhail coimeádáin ar áireamh sna toisí a shonraítear i bpointí 1.1, 1.2, 1.3, 1.6, 1.7, 1.8 agus 4.4
1.5.
Ní mór d’aon mhótarfheithicil nó cónasc feithicle atá ag gluaiseacht a bheith in ann casadh laistigh d’achar scuabtha dar ga seachtrach 12,50 m agus dar ga istigh 5,30 m
1.6.
An fad uasta idir ais phionna ceann aise an chúigiú roth
agus cúl an leathleantóra
12,00 m
1.7.
Achair uasta tomhaiste comhthreomhar le far-ais na traenach bóthair ó phointe seachtrach tosaigh na láithreach luchtaithe taobh thiar den chábán go dtí an pointe is faide siar seachtrach de leantóir an chónaisc, lúide an t-achar idir cúl na feithicle tarraingthe agus tosach an leantóra
15,65 m
1.8.
Achair uasta tomhaiste comhthreomhar le fad-ais na traenach bóthair ó phointe seachtrach tosaigh na láithreach luchtaithe taobh thiar den chábán go dtí an pointe is faide siar seachtrach de leantóir an chónaisc
16,40 m2
2.
Meáchan údaraithe uasta feithiclí (i dtonaí)
2.1
Feithiclí is cuid de chónasc feithicle
2.1.1
Leantóir dhá acastóir
18 dtona
2.1.2
Leantóir trí acastóir
24 thona
2.2
Cónaisc feithiclí
Maidir le cónaisc feithiclí, lena n-áirítear feithiclí breosla ionadúil nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear sa Roinn seo le meáchan breise an bhreosla ionadúil nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha agus is é 1 thona agus 2 thona an t-uasmhéid ina leith.
2.2.1
Traenacha bóthair le 5 nó 6 acastóir
(a)
mótarfheithicil 2 acastóir ag a bhfuil leantóir 3 acastóir
40 tona
(b)
mótarfheithicil 3 acastóir ag a bhfuil leantóir dhá acastóir nó trí acastóir
40 tona
2.2.2
Feithiclí altacha le 5 nó 6 acastóir
(a)
mótarfheithicil dhá acastóir ag a bhfuil leathleantóir trí acastóir
40 tona
(b)
mótarfheithicil trí acastóir ag a bhfuil leathleantóir dhá acastóir nó trí acastóir
40 tona
2.2.3.
Traenacha bóthair le ceithre acastóir arb é atá iontu mótarfheithicil
dhá acastóir agus leantóir dhá acastóir
36 thona
2.2.4.
Feithiclí altacha, ag a bhfuil ceithre acastóir, arb é atá iontu mótarfheithicil dhá acastóir agus leathleantóir dhá acastóir, más rud é, maidir leis an achar idir acastóirí an leathleantóra:
–
go bhfuil sé 1,3 m nó níos mó ach nach bhfuil níos mó ná 1,8 m
36 thona
–
go bhfuil sé níos mó ná 1.8 m
36 thona
(+ 2 thona corrlach nuair a chloítear le meáchan údaraithe uasta (MÚU) na mótarfheithicle (18 dtona) agus MÚU an leathleantóra (20 tona) agus nuair atá feistithe ar acastóir tiomána boinn chúplacha agus aerchrochadh nó crochadh coibhéiseach)
2.3
Mótarfheithiclí
Maidir le mótarfheithicil breosla ionadúil nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear i bhforoinn 2.3.1 agus i bhforoinn 2.3.2 le meáchan breise an bhreosla ionadúil nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha agus is é 1 thona agus 2 thona an t-uasmhéid ina leith.
2.3.1.
Mótarfheithiclí dhá acastóir 18 dtona
2.3.2.
Mótarfheithiclí trí acastóir 25 thona (26 thona i gcás ina mbeidh boinn chúplacha agus aerchrochadh nó crochadh coibhéiseach feistithe ar an acastóir tiomána, nó i gcás ina mbeidh boinn chúplacha feistithe ar gach acastóir tiomána agus nach mó ná 9,5 tona meáchan uasta gach acastóra ar leith)
2.3.3.
Mótarfheithiclí ceithre acastóir a bhfuil dhá acastóirstiúrtha acu 32 thona i gcás ina mbeidh boinn chúplacha agus aerchrochadh nó crochadh coibhéiseach feistithe ar an acastóir tiomána, nó i gcás ina mbeidh boinn chúplacha feistithe ar gach acastóir tiomána agus nach mó ná 9,5 tona meáchan uasta gach acastóra ar leith
3.
Meáchan údaraithe uasta acastóirí na bhfeithiclí (i dtonaí)
3.1.
Acastóirí aonair
Acastóir aonair neamhthiomána 10 dtona
3.2.
Acastóirí tandaim leantóirí agus leathleantóirí.
Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach tandam thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (d) idir na hacastóirí:
–
is lú ná 1 m (d < 1,0)
11 thona
–
idir 1,0 m agus níos lú ná 1,3 m (1,0 ≤ d < 1,3)
16 thona
–
idir 1,3 m agus níos lú ná 1,8 m (1,3 ≤ d < 1,8)
18 dtona
–
1,8 m nó níos mó (1,8 ≤ d)
20 tona
3.3.
Trí-acastóirí leantóirí agus leathleantóirí
Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach tandam thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (d) idir na hacastóirí:
1,3 m nó níos lú (d ≤ 1,3)
21 thona
is mó ná 1,3 m agus nach mó ná 1,4 m(1,3 <d ≤ 1,4)
24 thona
3.4.
Acastóir tiomána
Acastóir tiomána na bhfeithiclí dá dtagraítear i bpointe 2.2 agus i bpointe 2.3
11,5 tona
3.5.
Acastóirí tandaim mótarfheithiclí
Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach tandam thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (d) idir na hacastóirí:
–
is lú ná 1 m (d < 1,0)
11,5 tona
–
1,0 m nó níos mó ach níos lú ná 1,3 m (1,0 ≤ d < 1,3)
16 thona
–
1,3 m nó níos mó ach níos lú ná 1,8 m (1,3 ≤ d < 1,8)
18 dtona (19 dtona i gcás
ina bhfuil an t-acastóir tiomána feistithe le
boinn chúplacha agus aerchrochadh
nó aerchrochadh coibhéiseach, nó
i gcás ina bhfuil gach acastóir tiomána
feistithe le boinn chúplacha agus
nach bhfuil meáchan uasta
gach acastóra ar leith níos mó ná
9,5 tona)
4.
Saintréithe eile na bhfeithiclí
4.1
Gach mótarfheithicil
Ní mór an meáchan atá á iompar ag an acastóir tiomána nó ag acastóirí tiomána d’fheithicil nó de chónasc feithiclí gan a bheith níos lú ná 25 % de mheáchan ualaithe iomlán na feithicle nó an chónaisc feithicle.
4.2.
Traenacha bóthair
Ní mór nach lú ná 3,00 m an fad idir acastóir cúil mótarfheithicle agus acastóir tosaigh leantóra.
4.3.
An meáchan údaraithe uasta de réir rothfhaid
Ní rachaidh meáchan údaraithe uasta i dtonaí mótarfheithicil ceithre acastóirí thar cúig oiread an fhaid i méadair idir na hacastóirí tosaigh agus acastóirí is sia siar den fheithicil.
4.4.
Leathleantóirí
Ní rachaidh an fad a thomhaistear go cothrománach idir ais phionna rí an cúigiú roth agus aon phointe ag tosach an leathleantóra thar 2,04 m.
ROINN 2
CEANGLAIS MAIDIR LE
CÁRTAÍ TIOMÁNAITHE AGUS CÁRTAÍ CEARDLAINNE
AIRTEAGAL 1
Ábhar agus prionsabail
Leagtar síos sa Roinn seo na ceanglais maidir le feithiclí a thagann faoi raon feidhme Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo maidir le suiteáil, tástáil agus rialú tacagraf, dá dtagraítear in Airteagal 281(2) den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
1.
Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Roinn 2 agus in Airteagal 2 de Roinn 4 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.
2.
I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, chun críocha na Roinne seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘aonad feithicle’ an tacagraf cé is moite den bhraiteoir gluaisne agus na cáblaí lena nasctar an braiteoir gluaisne. D’fhéadfadh an t-aonad feithicle a bheith ina aonad aonair amháin nó ina aonaid éagsúla san fheithicil, ar choinníoll go gcomhlíonfadh sé ceanglais slándála na Roinne seo; áirítear san aonad feithicle, i measc nithe eile, aonad próiseála, cuimhne sonraí, feidhm tomhais ama, dhá ghaireas um chomhéadan cártaí cliste don tiománaí agus don chomhthiománaí, printéir, scáileán taispeána, nascóirí agus áiseanna chun ionchuir an úsáideora a iontráil;
(b)
ciallaíonn ‘braiteoir gluaisne’ cuid den tacagraf trína dtugtar comhartha de luas na feithicle agus/nó an fad a taistealaíodh;
(c)
ciallaíonn ‘cárta rialaithe’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Páirtí d’údarás rialaithe náisiúnta inniúil ar a sainaithnítear an comhlacht rialaithe agus, go roghnach, an t-oifigeach rialaithe agus lena bhféadfar na sonraí arna stóráil sa chuimhne sonraí nó sna cártaí tiománaí agus, go roghnach, sna cártaí ceardlainne a rochtain lena léamh, lena bpriontáil agus/nó lena n-íoslódáil;
(d)
ciallaíonn ‘cárta ceardlainne’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Pháirtí d’fhoireann ainmnithe de chuid monaróra tacagraf, feisteora, monaróra feithiclí nó ceardlainne, atá ceadaithe ag an bPáirtí sin agus lena sainaithnítear sealbhóir an chárta agus lena bhféadfar tacagraif a thástáil, a chalabrú, a ghníomhachtú agus/nó íoslódáil uathu;
(e)
ciallaíonn ‘gníomhachtú’ an tréimhse ina mbeidh an tacagraf oibríochtúil go hiomlán agus ina gcuirfidh sé na feidhmeanna uile chun feidhme, lena n-áirítear feidhmeanna slándála, trí leas a bhaint as cárta ceardlainne;
(f)
ciallaíonn ‘calabrú’, i ndáil leis an tacagraf digiteach, paraiméadair feithicle a thabhairt cothrom le dáta nó a dheimhniú, lena n-áirítear sainaithint feithicle agus saintréithe feithicle, atá le coinneáil sa chuimhne sonraí trí leas a bhaint as cárta ceardlainne;
(g)
ciallaíonn ‘íoslódáil’ ó thacagraf digiteach nó tacagraf cliste cuid de na comhaid sonraí a taifeadadh i gcuimhne sonraí an aonaid feithicle nó i gcuimhne an chárta tacagraif, nó sraith iomlán de na comhaid sin, in éineacht leis an síniú digiteach, a chóipeáil, ar choinníoll nach n-athraíonn an próiseas sin na sonraí a stóráladh nó nach scriostar na sonraí sin;
(h)
ciallaíonn ‘locht’ oibríocht mhínormálta a bhraitheann an tacagraf digiteach a d’fhéadfadh teacht ó mhífheidhm trealaimh nó ó mhainneachtain trealaimh;
(i)
ciallaíonn ‘suiteáil’ tacagraf a fheistiú i bhfeithicil;
(j)
ciallaíonn ‘cigireacht thréimhsiúil’ sraith oibríochtaí a dhéantar chun a sheiceáil go n-oibríonn an tacagraf go cuí, go gcomhfhreagraíonn a shocruithe le paraiméadair na feithicle agus nach bhfuil aon fheiste cúblála nasctha leis an tacagraf;
(k)
ciallaíonn ‘deisiú’ aon deisiú ar bhraiteoir gluaisne nó ar aonad feithicle a n-éilítear a sholáthar cumhachta a dhícheangal, nó a dhícheangal ó chomhpháirteanna eile an tacagraif, nó an braiteoir gluaisne nó an t-aonad feithicle a oscailt;
(l)
ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ cumas na gcóras agus na bpróiseas bunúsach gnó sonraí a mhalartú agus faisnéis a roinnt;
(m)
ciallaíonn ‘comhéadan’ saoráid idir córais a sholáthraíonn na meáin trína bhféadfaidh na córais sin nascadh agus idirghníomhú;
(n)
ciallaíonn ‘tomhas ama’ taifead buan digiteach den dáta agus den am uilíoch lárnach (AUL); agus
(o)
ciallaíonn ‘córas teachtaireachtaí TACHONET (líonra teileamaitice um malartú faisnéise maidir le heisiúint cártaí tacagraif)’ an córas teachtaireachtaí a chomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinní I go VII de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún.
AIRTEAGAL 3
Suiteáil
1.
Déanfar tacagraif a shuiteáil i bhfeithiclí, dá dtagraítear i mír 2:
(a)
i gcás inar mó mais uasta incheadaithe na feithicle, lena n-áirítear aon leantóir, nó leathleantóir, ná 3,5 tona; nó
(b)
ón 1 Iúil 2026, i gcás inar mó ná 2,5 tona mais uasta incheadaithe na feithicle, lena n-áirítear aon leantóir, nó leathleantóir.
2.
Is iad seo a leanas na tacagraif:
(a)
i gcás feithiclí a cuireadh i seirbhís den chéad uair roimh 1 Bealtaine 2006, tacagraf analógach;
(b)
i gcás feithiclí a cuireadh i seirbhís den chéad uair idir 1 Bealtaine 2006 agus 30 Meán Fómhair 2011, an chéad leagan den tacagraf digiteach;
(c)
i gcás feithiclí a cuireadh i seirbhís den chéad uair idir 1 Deireadh Fómhair 2011 agus 30 Meán Fómhair 2012, an dara leagan den tacagraf digiteach;
(d)
i gcás feithiclí a cuireadh i seirbhís den chéad uair idir 1 Deireadh Fómhair 2012 agus 14 Meitheamh 2019, an tríú leagan den tacagraf digiteach;
(e)
i gcás feithiclí a cláraíodh den chéad uair ó 15 Meitheamh 2019 agus go dtí 2 bhliain tar éis teacht i bhfeidhm na sonraíochtaí mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(g) de Roinn 4 Cuid B, tacagraf cliste 1; agus
(f)
i gcás feithiclí a cláraíodh den chéad uair níos mó ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(h) de Roinn 4 Cuid B, tacagraf cliste 2
3.
Féadfaidh gach Páirtí na feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Roinne seo.
4.
Féadfaidh gach Páirtí feithiclí a úsáidfear le haghaidh oibríochtaí iompair ar tugadh eisceacht dóibh i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Roinn 2 Chuid B den Iarscríbhinn seo a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Roinne seo. Tabharfaidh gach Páirtí fógra dá chéile láithreach nuair a bheidh leas á bhaint aige as an mír seo.
5.
Tráth nach déanaí ná 3 bliana ó dheireadh bhliain theacht i bhfeidhm shonraíochtaí teicniúla mionsonraithe maidir le tacagraf cliste 2, déanfar feithiclí atá luaite i bpointe (a) de mhír 1 agus a fheistítear le tacagraf analógach nó le tacagraf digiteach a fheistiú le tacagraf cliste 2 agus iad ag oibriú ar chríoch Páirtí seachas an Páirtí ina mbeidh siad cláraithe.
6.
Tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm shonraíochtaí teicniúla mionsonraithe maidir le tacagraf cliste 2, déanfar feithiclí atá luaite i bpointe (a) de mhír 1 agus a fheistítear le tacagraf cliste 1, a fheistiú le tacagraf cliste 2 agus iad ag oibriú ar chríoch Páirtí seachas an Páirtí ina bhfuil siad cláraithe.
7.
Ón 1 Iúil 2026, déanfar feithiclí a luaitear i bpointe (b) de mhír 1 a fheistiú le tacagraf cliste 2 agus iad ag oibriú ar chríoch Páirtí seachas an Páirtí ina mbeidh siad cláraithe.
8.
Ní dhéanfaidh aon ní sa Roinn seo difear do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais ar chríoch an Aontais maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar i dtaca le hoibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais.
AIRTEAGAL 4
Cosaint sonraí
1.
Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na Roinne seo chun a fhíorú go gcomhlíontar an Roinn seo agus chun na críche sin amháin.
2.
Áiritheoidh gach Páirtí, go háirithe, go gcosnófar sonraí pearsanta ar úsáidí eile seachas na húsáidí dá dtagraítear go docht i mír 1 i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a)
córas um loingseoireacht satailíte dhomhanda (GNSS) a úsáid chun sonraí suímh a thaifeadadh dá dtagraítear sa tsonraíocht theicniúil maidir le tacagraif cliste 1 agus tacagraif cliste 2;
(b)
malartú leictreonach na faisnéise ar chártaí tiománaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13, agus go háirithe malartú trasteorann na sonraí sin le tríú Páirtithe; agus
(c)
coimeád taifead ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar dá dtagraítear in Airteagal 15.
3.
Déanfar tacagraif dhigiteacha a dhearadh ar bhealach ina n-áirithítear príobháideachas. Ní dhéanfar próiseáil ach ar na sonraí atá riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1.
4.
Comhlíonfaidh úinéirí feithiclí, oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus aon eintiteas eile lena mbaineann na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta.
AIRTEAGAL 5
Suiteáil agus deisiú
1.
Ní bheidh cead tacagraif a shuiteáil nó a dheisiú ach ag feisteoirí nó ag ceardlanna nó ag monaróirí feithiclí arna bhformheas chun na críche sin ag údaráis inniúla i bPáirtí i gcomhréir le hAirteagal 7.
2.
Déanfaidh feisteoirí, ceardlanna nó monaróirí feithiclí formheasta an tacagraf a shéalú tar éis dóibh a fhíorú go bhfuil sé ag feidhmiú i gceart, agus go háirithe, ar bhealach lena n-áiritheofar nach bhféadfaidh aon ghaireas cúblála baint de na sonraí taifeadta ná iad a athrú.
3.
Cuirfidh an feisteoir formheasta, an cheardlann fhormheasta nó an monaróir feithiclí formheasta marc speisialta ar na séalaí a ghreamóidh siad agus, chomh maith leis sin, maidir leis na tacagraif dhigiteacha cliste 1 agus tacagraif dhigiteacha cliste 2, cuirfidh siad isteach na sonraí slándála leictreonacha maidir leis na seiceálacha fíoraithe a dhéanamh. Coimeádfaidh agus foilseoidh gach Páirtí clár de na marcanna agus de na sonraí slándála leictreonacha a úsáidtear agus den fhaisnéis is gá a bhaineann leis na sonraí slándála leictreonacha a úsáidtear.
4.
Chun a dheimhniú go ndearnadh an tacagraf a shuiteáil i gcomhréir le ceanglais na Roinne seo, úsáidfear plaic shuiteála arna greamú sa chaoi go bhfeicfear go soiléir í agus go mbeidh rochtain éasca uirthi.
5.
Déanfar comhpháirteanna tacagraif a shéalú. Aon nasc leis an tacagraf a d’fhéadfadh an baol a bheith ann go gcuirfí isteach air, lena n-áirítear an nasc idir an braiteoir gluaisne agus an giarbhosca, agus an phlaic shuiteála más ábhartha, déanfar é a shéalú.
Ní dhéanfar séala a bhaint ná a bhriseadh ach amháin ar na bealaí seo a leanas:
–
más feisteoirí nó ceardlanna a dhéanfaidh é, iad ceadaithe ag na húdaráis faoi Airteagal 7 chun críche deisithe, cothabhála nó athchalabraithe an tacagraif nó más oifigigh rialaithe a dhéanfaidh é, iad oilte mar is cuí agus, i gcás ina n-údaraítear é, chun críche rialaithe; nó
–
chun feithiclí a dheisiú nó a mhodhnú, rud a mbeidh tionchar aige ar an séala. Sna cásanna sin, is ar bord na feithicle a choimeádfar ráiteas i scríbhinn ar a léireofar an dáta agus an t-am a briseadh an séala agus ar a mbeidh na fáthanna le baint an tséala.
Cuirfidh feisteoir ceadaithe nó ceardlann cheadaithe séalaí nua isteach in ionad séalaí a baineadh nó a briseadh gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de sheacht lá ó baineadh nó briseadh iad. I gcás inar baineadh nó inar briseadh na séalaí chun críoch rialaithe, féadfaidh an t-oifigeach rialaithe ag a bhfuil trealamh séalaithe agus marc speisialta ar leith, cinn nua a chur ina n-ionad, gan moill mhíchuí.
I gcás ina mbainfidh oifigeach rialaithe séala, cuirfear an cárta rialaithe isteach sa tacagraf tráth a bhainfear an séala agus coinneofar ann é go dtí go mbeidh an t-iniúchadh déanta, lena n-áirítear sa chás ina gcuirfear séala nua air. Eiseoidh an t-oifigeach ráiteas i scríbhinn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
–
uimhir aitheantais na feithicle;
–
ainm an oifigigh;
–
údarás rialaithe agus tír rialaithe;
–
uimhir an chárta rialaithe;
–
uimhir an tséala a baineadh;
–
an dáta agus an t-am a baineadh an séala; agus
–
uimhir an tséala nua, i gcás inar chuir an t-oifigeach rialaithe séala nua isteach.
Sula gcuirfear séalaí nua isteach, déanfaidh ceardlann cheadaithe an tacagraf a sheiceáil agus a chalabrú, ach amháin i gcás inar baineadh an séala nó inar briseadh é chun críoch rialaithe agus inar chuir oifigeach rialaithe séala nua isteach ina ionad.
AIRTEAGAL 6
Cigireachtaí ar thacagraif
1.
Beidh tacagraif faoi réir cigireachtaí rialta ag ceardlanna faofa. Déanfar cigireachtaí rialta gach dhá bhliain ar a laghad.
2.
Áireofar sna cigireachtaí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad a sheiceáil:
–
go bhfuil an tacagraf suiteáilte i gceart agus go n-oireann sé don fheithicil;
–
go bhfuil an tacagraf ag oibriú i gceart;
–
go bhfuil an marc cineálcheadaithe ar an tacagraf;
–
go bhfuil an phlaic shuiteála greamaithe;
–
gur slán do na séalaí go léir agus go bhfuil siad éifeachtach;
–
nach bhfuil aon fheiste cúblála nasctha leis an tacagraf ná nach bhfuil rian ar bith ann gur úsáideadh feistí den sórt sin, agus
–
méid an bhoinn rotha agus imlíne iarbhír na mbonn.
3.
Déanfaidh ceardlanna tuairisc chigireachta a tharraingt suas i gcásanna inar gá mírialtachtaí i bhfeidhmiú an tacagraif a leigheas, cibé acu an mar thoradh ar chigireacht thréimhsiúil an leigheas sin nó an ndearnadh an chigireacht ar iarraidh shonrach ón údarás inniúil náisiúnta. Coinneoidh siad liosta de gach tuairisc chigireachta arna tarraingt suas.
4.
Coinneoidh an cheardlann na tuairiscí cigireachta ar feadh íostréimhse dhá bhliain ón am a dhéantar an tuairisc. Déanfaidh na Páirtithe cinneadh an gcoinneofar tuairiscí cigireachta nó an seolfar iad chuig an údarás inniúil i rith na tréimhse sin. I gcásanna ina gcoinníonn an cheardlann na tuarascálacha cigireachta, agus arna iarraidh sin don údarás inniúil, cuirfidh an cheardlann na tuarascálacha i ndáil leis na cigireachtaí agus leis an gcalabrúchán a rinneadh le linn na tréimhse sin ar fáil.
AIRTEAGAL 7
Feisteoirí, ceardlanna agus monaróirí feithiclí a cheadú
1.
Déanfaidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát, na feisteoirí, na ceardlanna agus na monaróirí feithiclí a fhéadfaidh suiteálacha, seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin na dtacagraf a dhéanamh a cheadú, déanfaidh siad rialú rialta orthu agus deimhneoidh siad iad.
2.
Áiritheoidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, gach Ballstát, go mbeidh feisteoirí, ceardlanna agus monaróirí feithiclí inniúil agus iontaofa. Chun na críche sin, déanfaidh siad sraith nósanna imeachta náisiúnta soiléire a bhunú agus a fhoilsiú agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na híoschritéir seo a leanas:
(a)
tá an fhoireann oilte go cuí;
(b)
tá an trealamh is gá chun na tástálacha agus na cúraimí ábhartha a dhéanamh ar fáil; agus
(c)
tá dea-cháil ar na feisteoirí, ar na ceardlanna agus ar na monaróirí feithiclí.
3.
Déanfar iniúchadh ar fheisteoirí nó ar cheardlanna ceadaithe mar a leanas:
(a)
beidh feisteoirí ceadaithe nó ceardlanna ceadaithe faoi réir, gach dhá bhliain ar a laghad, iniúchadh ar na nósanna imeachta a chuireann siad i bhfeidhm agus tacagraif á láimhseáil acu. Beidh an t-iniúchadh dírithe go háirithe ar na bearta slándála a dhéantar agus ar láimhseáil cártaí ceardlainne. Féadfaidh páirtithe nó, i gcás an Aontais, na Ballstáit na hiniúchtaí sin a dhéanamh gan cuairt ar an láthair a dhéanamh; agus
(b)
déanfar iniúchadh teicniúil neamhfhógartha ar fheisteoirí nó ar cheardlanna ceadaithe freisin chun seiceáil a dhéanamh ar na calabrúcháin, ar na cigireachtaí agus ar na suiteálacha a dhéantar. Cuimseoidh na hiniúchtaí sin 10 % ar a laghad de na feisteoirí agus de na ceardlanna ceadaithe in aghaidh na bliana.
4.
Déanfaidh gach Páirtí agus a n-údaráis inniúla bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a chosc idir feisteoirí nó ceardlanna agus oibreoirí tarlaithe de bhóthar. Go háirithe, i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann go mbeadh coinbhleachtaí leasa ann, glacfar bearta sonracha forlíontacha d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an feisteoir nó an cheardlann an Roinn seo.
5.
Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit ceadú a tharraingt siar, ar bhonn sealadach nó go buan, ó fheisteoirí, ó cheardlanna agus ó mhonaróirí feithiclí nach n-éireoidh leo a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Roinn seo.
AIRTEAGAL 8
Cártaí ceardlainne
1.
Ní rachaidh tréimhse bhailíochta na gcártaí ceardlainne thar aon bhliain amháin. Nuair a bheidh an cárta ceardlainne á athnuachan ag an údarás inniúil, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an feisteoir, an cheardlann nó an monaróir feithiclí na critéir a liostaítear in Airteagal 7(2).
2.
Déanfaidh an t-údarás inniúil cárta ceardlainne a athnuachan laistigh de 15 lá oibre tar éis dó iarraidh bhailí ar athnuachan a fháil agus tar éis na doiciméid uile is gá a fháil. Má dhéantar damáiste do chárta ceardlainne, má bhíonn mífheidhm leis, nó má chailltear nó má ghoidtear é, cuirfidh an t-údarás inniúil cárta athsholáthair ar fáil laistigh de chúig lá oibre ón uair a gheobhaidh sé iarraidh mhionsonraithe chun na críche sin. Coinneoidh údaráis inniúla clár de chártaí caillte, goidte nó lochtacha.
3.
Má dhéanann Páirtí nó, i gcás an Aontais, Ballstát ceadú feisteora, ceardlainne nó monaróra feithiclí a tharraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 7, déanfaidh sé na cártaí ceardlainne arna n-eisiúint chucu a tharraingt siar freisin.
4.
Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cosc a chur ar fhalsú na gcártaí a dháilfear ar fheisteoirí, ar cheardlanna agus ar mhonaróirí feithicle ceadaithe.
AIRTEAGAL 9
Cártaí tiománaí a eisiúint
1.
Eiseoidh údarás inniúil an Pháirtí, ina bhfuil a ghnátháit chónaithe ag an tiománaí, an cárta tiománaí arna iarraidh don tiománaí. Má bhíonn amhras ar údaráis inniúla an Pháirtí a eisíonn an cárta tiománaí faoi bhailíocht ráitis maidir le gnátháit cónaithe, nó chun críche rialuithe sonracha áirithe, féadfaidh siad aon fhaisnéis bhreise nó aon fhianaise bhreise a iarraidh ón tiománaí.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘gnátháit chónaithe’ an áit ina gcónaíonn duine go hiondúil, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme, nó i gcás duine nach bhfuil aon cheangal ghairme aige, mar gheall ar cheangail phearsanta a thaispeánann nasc láidir idir an duine sin agus an áit ina bhfuil cónaí air.
Mar sin féin, maidir le gnáthchónaí duine nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta agus atá ina chónaí, dá bhrí sin, idir áiteanna éagsúla atá suite sa dá Pháirtí, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta é, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go rialta. Ní gá an coinníoll deireanach sin a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an duine ina chónaí i bPáirtí chun tasc téarma shocraithe a dhéanamh.
2.
I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh gach Páirtí nó, i gcás an Aontais, Ballstát, cárta tiománaí sealadach agus neamh-inathnuaite a eisiúint ar feadh tréimhse nach faide ná 185 lá chuig tiománaí nach bhfuil a ghnátháit chónaithe i bPáirtí, ar choinníoll go bhfuil caidreamh dlí saothair idir an tiománaí agus an gnóthas atá bunaithe sa Pháirtí eisiúna agus, go dtí seo, go dtíolacfaidh sé fianú tiománaí nuair is gá sin.
3.
Glacfaidh na húdaráis inniúla sa Pháirtí eisiúna na bearta iomchuí chun a áirithiú nach bhfuil cárta tiománaí bailí ina sheilbh ag an iarratasóir cheana féin agus déanfaidh siad pearsantú ar an gcárta tiománaí, lena n-áiritheofar go bhfuil a shonraí infheicthe agus slán.
4.
Ní bheidh an cárta tiománaí bailí ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana.
5.
Ní dhéanfar cárta tiománaí bailí a tharraingt siar ná a chur ar fionraí mura rud é go gcinnfidh údaráis inniúla Páirtí go bhfuil sé falsaithe, nó go bhfuil an tiománaí ag úsáid cárta nach é an sealbhóir air é, nó go bhfuarthas an cárta atá ina sheilbh ar bhonn dearbhuithe falsaithe agus/nó ar bhonn doiciméad brionnaithe. Más Páirtí nó, i gcás an Aontais, Ballstát seachas an Páirtí eisiúna nó, i gcás an Bhallstáit eisiúna, seachas an Ballstát eisiúna, a dhéanfaidh bearta fionraithe nó tarraingthe siar den sórt sin a ghlacadh, cuirfidh an Ballstát sin an cárta ar ais chuig údaráis an Pháirtí nó, i gcás an Aontais, chuig údaráis an Bhallstáit a d’eisigh é, a luaithe is féidir, agus cuirfidh siad na cúiseanna a bhí leis na bearta fionraithe nó tarraingthe siar chuig údaráis an Pháirtí nó chuig údaráis an Bhallstáit a d’eisigh an cárta. Má tá coinne leis go dtógfaidh sé níos mó ná coicís an cárta a chur ar ais, déanfaidh an Páirtí a chuir ar fionraí é nó an Páirtí a tharraing siar é nó, i gcás an Aontais, an Ballstát a chuir ar fionraí é nó an Ballstát a tharraing siar é, an Páirtí eisiúna a chur ar an eolas nó, i gcás an Aontais, an Ballstát eisiúna a chur ar an eolas laistigh den choicís sin faoi na cúiseanna a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar é.
6.
Féadfaidh údarás inniúil an Pháirtí eisiúna ceanglas a chur ar thiománaí cárta nua tiománaí a chur in ionad an tseanchárta más gá é sin a dhéanamh le sonraíochtaí teicniúla ábhartha a chomhlíonadh.
7.
Déanfaidh gach Páirtí gach beart is gá chun cosc a chur ar chártaí tiománaí a fhalsú.
8.
Leis an Airteagal seo ní choiscfear ar Pháirtí ná, i gcás an Aontais, ar Bhallstát cárta tiománaí a eisiúint chuig tiománaí a bhfuil gnáthchónaí air i gcuid de chríoch an Pháirtí sin, nach bhfuil feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir léi, ar choinníoll go gcuirfear forálacha ábhartha na Roinne seo i bhfeidhm i gcásanna den sórt sin.
AIRTEAGAL 10
Cártaí tiománaí a athnuachan
1.
Más rud é, i gcásanna athnuachaintí, go bhfuil an Páirtí ina bhfuil gnátháit chónaithe an tiománaí éagsúil leis an gceann a d’eisigh a chárta reatha agus i gcás ina n-iarrfar ar údaráis an chéad Pháirtí an cárta tiománaí a athnuachan, cuirfidh siad in iúl do na húdaráis a d’eisigh an cárta roimhe sin na cúiseanna lena athnuachan.
2.
I gcás ina n-iarrfar cárta a athnuachan atá ar tí dul in éag, cuirfidh an t-údarás inniúil cárta nua ar fáil roimh an dáta éaga, ar choinníoll gur seoladh an iarraidh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5 de Roinn 4 Chuid B.
AIRTEAGAL 11
Cártaí tiománaí goidte, caillte nó lochtacha
1.
Coinneoidh údaráis eisiúna taifid de chártaí tiománaí a eiseofar, a ghoidfear, a chaillfear nó a éireoidh lochtach ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad lena dtréimhse bhailíochta.
2.
Má dhéantar damáiste don chárta tiománaí, má bhíonn mífheidhm leis nó má chailltear nó má ghoidtear é, cuirfidh na húdaráis inniúla sa Pháirtí ina bhfuil a ghnátháit chónaithe cárta athsholáthair ar fáil laistigh d’ocht lá oibre tar éis dóibh iarraidh mhionsonraithe chuige sin a fháil.
AIRTEAGAL 12
Glacadh frithpháirteach cártaí tiománaí
1.
Glacfaidh gach Páirtí leis na cártaí tiománaí arna n-eisiúint ag an bPáirtí eile.
2.
I gcás ina mbeidh a ghnátháit chónaithe sa Pháirtí eile bunaithe ag sealbhóir cárta tiománaí bailí arna eisiúint ag Páirtí agus gur iarr sé go malartófaí a chárta ar a chomhionann de chárta tiománaí, is é an Páirtí nó, i gcás an Aontais, an Ballstát a dhéanfaidh an malartú, a bheidh freagrach as a fhíorú an bhfuil an cárta a thabharfar ar aird bailí fós.
3.
Cuirfidh Páirtithe nó, i gcás an Aontais, Ballstáit a bheidh i mbun malartaithe, an seanchárta ar ais chuig údaráis an Pháirtí eisiúna nó, i gcás an Aontais, chuig údaráis an Bhallstáit eisiúna, agus cuirfidh siad na cúiseanna leis sin in iúl.
4.
I gcás ina ndéanfaidh Páirtí nó, i gcás an Aontais, Ballstát, cárta tiománaí a ionadú nó a mhalartú, déanfar an t-athsholáthar nó an malartú, agus aon athsholáthar nó aon mhalartú ina dhiaidh sin, a chlárú sa Pháirtí sin nó, i gcás an Aontais, sa Bhallstát sin.
AIRTEAGAL 13
Faisnéis ar chártaí tiománaí a mhalartú go leictreonach
1.
Chun a áirithiú nach bhfuil cárta tiománaí bailí ina sheilbh ag iarratasóir cheana féin, coinneoidh na Páirtithe, nó i gcás an Aontais, na Ballstáit, cláir leictreonacha náisiúnta ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le cártaí tiománaí ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad le tréimhse bhailíochta na gcártaí sin:
–
sloinne agus céadainm an tiománaí;
–
dáta breithe agus, má tá sí ar fáil, áit bhreithe an tiománaí;
–
uimhir bhailí an cheadúnais tiomána agus tír eisiúna an cheadúnais tiomána (más infheidhme);
–
stádas an chárta tiománaí, agus
–
uimhir chárta an tiománaí.
2.
Beidh cláir leictreonacha na bPáirtithe nó, i gcás an Aontais, na mBallstát idirnasctha agus inrochtana ar fud chríoch na bPáirtithe, agus úsáidfear córas curtha teachtaireachtaí TACHOnet nó córas comhoiriúnach. Sa chás ina n-úsáidfear córas comhoiriúnach, déanfar sonraí leictreonacha a mhalartú leis an bPáirtí eile trí chóras curtha teachtaireachtaí TACHOnet.
3.
Nuair a bheidh cárta tiománaí á eisiúint, á athsholáthar agus, i gcás inar gá, á athnuachan, déanfaidh Páirtithe nó, i gcás an Aontais, na Ballstáit, a fhíorú trí mhalartú leictreonach sonraí nach bhfuil cárta tiománaí bailí eile ag an tiománaí cheana féin. Ní mhalartófar ach na sonraí a bheidh riachtanach le haghaidh an fhíoraithe sin.
4.
Féadfaidh oifigigh rialaithe an clár leictreonach a rochtain chun stádas an chárta tiománaí a sheiceáil.
AIRTEAGAL 14
Socruithe tacagraf
1.
Ní shocrófar tacagraif dhigiteacha ar bhealach go n-athróidh siad go huathoibríoch chuig catagóir shonrach gníomhaíochta nuair a mhúchtar an adhaint nó an t-inneall, mura mbeidh an tiománaí in ann catagóir iomchuí na gníomhaíochta a roghnú de láimh i gcónaí.
2.
Ní fheisteofar níos mó ná tacagraf amháin ar fheithiclí, ach amháin chun críche tástálacha allamuigh.
3.
Toirmiscfidh gach Páirtí táirgeadh, dáileadh, fógraíocht agus/nó díolachán fearas a monaraíodh agus/nó a ceapadh chun tacagraif a chúbláil.
AIRTEAGAL 15
Freagracht oibreoirí tarlaithe de bhóthar
1.
Beidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar freagrach as a áirithiú go dtabharfar na treoracha cuí dá gcuid tiománaithe agus go gcuirfear an oiliúint cheart orthu chun go bhfeidhmeoidh na tacagraif i gceart, cibé an tacagraif dhigiteacha nó analógacha iad, déanfaidh siad seiceálacha go rialta chun a áirithiú go n-úsáidfidh a gcuid tiománaithe an tacagraf go cuí agus ní thabharfaidh siad dreasachtaí díreacha ná neamhdhíreacha ar bith dá thiománaithe lena bhféadfaí mí-úsáid na dtacagraf a spreagadh.
Eiseoidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar líon leordhóthanach leatháin taifid chuig tiománaithe feithiclí ar a mbeidh tacagraf analógach feistithe, ag cur san áireamh gur faisnéis phearsanta atá sna leatháin taifid sin, fad tréimhse na seirbhíse agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann leatháin taifid a athsholáthar in áit leatháin a mbeadh damáiste déanta dóibh nó a atá tógtha ag oifigeach rialaithe údaraithe. Ní eiseoidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar chuig tiománaithe ach leatháin a bheidh de réir samhail arna ceadú le húsáid sa trealamh a dhéanfar a shuiteáil san fheithicil.
Agus fad na tréimhse seirbhíse á cur san áireamh, áiritheoidh an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar go bhféadfar na sonraí a phriontáil i gceart ón tacagraf arna iarraidh sin don oifigeach rialaithe, i gcás cigireachta.
2.
Coinneoidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar leatháin taifid agus asphriontaí, aon uair a bheidh asphriontaí déanta chun Airteagal 9 de Roinn 4 Chuid B den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh, in ord croineolaíoch agus i bhfoirm inléite, ar feadh bliana ar a laghad tar éis a n-úsáide agus tabharfaidh siad cóipeanna do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin. Tabharfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar cóipeanna de shonraí arna n-íoslódáil ó na cártaí tiománaí do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin dóibh, agus leaganacha páipéir priontáilte de na cóipeanna sin. Soláthrófar na leatháin taifid, na hasphriontaí agus na sonraí arna n-íoslódáil nó tabharfar ar láimh iad arna iarraidh sin d’aon oifigeach rialaithe údaraithe.
3.
Beidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an Roinn seo agus ar Roinn 4 de Chuid B den Iarscríbhinn seo arna ndéanamh ag a dtiománaithe nó ag tiománaithe atá faoina réir. Mar sin féin, féadfaidh gach Páirtí an dliteanas sin a chur de choinníoll ar shárú an oibreora tarlaithe de bhóthar ar an gcéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus ar an Airteagal seo agus ar Airteagal 7(1) agus (2) de Roinn 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.
AIRTEAGAL 16
Nósanna imeachta le haghaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar i gcás mífheidhm a bheith le trealamh
1.
I gcás ina gclisfear ar an tacagraf nó ina mbeidh mífheidhm leis, tabharfaidh an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar é d’fheisteoir ceadaithe nó do cheardlann cheadaithe lena dheisiú chomh luath agus is féidir sin.
2.
I gcás nach mbeidh an fheithicil in ann filleadh ar áitreabh oibreora tarlaithe de bhóthar laistigh de sheachtain arna ríomh ón lá a chlisfear uirthi nó ón lá a fuarthas amach go raibh mífheidhm leis, déanfar an deisiúchán ar an mbealach.
3.
Tabharfaidh gach Páirtí, nó i gcás an Aontais, na Ballstáit, an chumhacht do na húdaráis inniúla cosc a chur le húsáid feithicle sna cásanna nach ndéanfar cliseadh nó oibriú lochtach a leigheas faoi mar a fhoráiltear i míreanna 1 agus 2 a mhéid is a bheidh an méid sin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sa Pháirtí lena mbaineann.
AIRTEAGAL 17
Nós imeachta maidir le cártaí tacagraif a eisiúint
Cuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an t-ábhar cripteagrafach chun cártaí tacagraif a eisiúint do thiománaithe, do cheardlanna agus d’údaráis rialaithe, i gcomhréir le beartas deimhnithe an Údaráis Eorpaigh um Dheimhniúchán Fréamhach (ERCA) agus le beartas deimhniúcháin na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
________________
IARSCRÍBHINN 28
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA
DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 295
(a)
tréimhsí oibre uasta agus tréimhsí sosa íosta;
(b)
saoire bhliantúil íoctha a íosta;
(c)
luach saothair, lena n-áirítear rátaí ragoibre; níl feidhm ag an bpointe seo maidir le scéimeanna pinsin ceirde fhorlíontacha;
(d)
na coinníollacha a bhaineann le hoibrithe a fhruiliú, go háirithe an soláthar oibrithe ó ghnóthais fostaíochta sealadaí;
(e)
sláinte, sábháilteacht agus sláinteachas ag an obair;
(f)
bearta cosanta i ndáil le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta do mhná torracha nó do mná a shaolaigh páiste le gairid, do leanaí agus do dhaoine óga;
(g)
cóir chomhionann idir fir agus mná agus forálacha eile maidir le neamh-idirdhealú;
(h)
coinníollacha cóiríochta na n‑oibrithe, i gcás ina gcuireann na fostóirí ar fáil í d’oibrithe atá i bhfad óna ngnátháit oibre;
(i)
liúntais nó aisíocaíocht ar chaiteachas chun speansais taistil, béilí agus lóistín a chumhdach d’oibrithe atá as baile i ngeall ar chúinsí gairmiúla.
Níl feidhm ag pointe (i) ach amháin maidir le caiteachas taistil, béilí agus lóistín arna dtabhú ag oibrithe ar postú nuair a bhíonn orthu a bheith ag teacht agus ag imeacht ón ngnátháit oibre ar chríoch ar ann atá na hoibrithe sin ar postú, nó i gcás ina seolann a bhfostóir na hoibrithe ar bhonn sealadach ón ngnátháit oibre sin go háit oibre eile.
________________
IARSCRÍBHINN 29
RIALACHA NÓS IMEACHTA MAIDIR LE DÍOSPÓIDÍ A RÉITEACH
I.
Sainmhínithe
1.
Chun críocha Chuid a Sé (Réiteach díospóidí) den Chomhaontú seo agus na Rialacha Nós Imeachta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘foireann riaracháin’, i leith eadránaí, pearsana aonair faoi stiúradh agus rialú eadránaí, seachas cúntóirí;
(b)
ciallaíonn ‘comhairleoir’ duine atá fostaithe ag Páirtí chun comhairle a chur ar an bPáirtí sin nó cúnamh a thabhairt dó i dtaca leis na himeachtaí eadrána;
(c)
ciallaíonn ‘binse eadrána binse arna bhunú faoi Airteagal DS.7 (Binse eadrána a bhunú) de Chuid a Sé (Réiteach díospóidí);
(d)
ciallaíonn ‘eadránaí’ comhalta den bhinse eadrána;
(e)
ciallaíonn ‘cúntóir’ duine aonair a dhéanann, faoi théarmaí ceapacháin agus faoi stiúradh agus rialú eadránaí, taighde nó a thugann cúnamh don eadránaí sin;
(f)
ciallaíonn ‘an Páirtí is déantóir gearáin’ aon Pháirtí a iarrfaidh binse eadrána a bhunú faoi Airteagal 306 (Binse eadrána a bhunú);
(g)
ciallaíonn ‘clárlann’ comhlacht seachtrach ag a bhfuil saineolas iomchuí arna cheapadh ag na Páirtithe chun tacaíocht riaracháin a soláthar do na himeachtaí;
(h)
ciallaíonn ‘an Páirtí is freagróir’ an Páirtí a líomhnaítear ina leith go bhfuil na forálacha a chumhdaítear á sárú aige; agus
(i)
ciallaíonn ‘ionadaí Páirtí’ fostaí nó aon duine aonair arna cheapadh ag roinn rialtais, gníomhaireacht rialtais nó aon eintiteas poiblí eile de chuid Páirtí a dhéanann ionadaíocht don Pháirtí chun críocha díospóide faoin gComhaontú seo nó faoi aon chomhaontú forlíontach.
II.
Fógraí a thabhairt
2.
Aon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile (dá ngairtear ‘fógra’ anseo feasta):
(a)
de chuid an bhinse eadrána, cuirfear chuig an dá Pháirtí é an tráth céanna;
(b)
de chuid Páirtí agus a mbeidh an binse eadrána ina sheolaí aige, déanfar é a chóipeáil chuig an bPáirtí eile an tráth céanna; agus
(c)
de chuid Páirtí a mbeidh an Páirtí eile ina sheolaí aige, déanfar é a chóipeáil chuig an mbinse eadrána an tráth céanna, de réir mar is iomchuí.
3.
Déanfar aon fhógra a sheoladh le ríomhphost nó, i gcás inarb iomchuí, trí aon mheán teileachumarsáide eile lena soláthraítear taifead gur seoladh é. Mura gcruthófar a mhalairt, measfar gur seachadadh an fógra sin ar an dáta seolta.
4.
Seolfar gach fógra chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh agus chuig Comhairleoir Dlí Oifig Gnóthaí Eachtracha, Comhlathais agus Forbartha na Ríochta Aontaithe, faoi seach.
5.
Mionearráidí de chineál cléireachais in aon iarraidh, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile a bhaineann le himeachtaí an bhinse eadrána, féadfar iad a cheartú trí dhoiciméad nua a sheachadadh, ar doiciméad é ina léireofar go soiléir na hathruithe.
6.
Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó rialtas na Ríochta Aontaithe nó rialtas Ghiobráltar an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin.
III.
Na headránaithe a cheapadh
7.
Má roghnaítear eadránaí trí chrannchur, de bhun Airteagal 306 (Binse eadrána a bhunú) de Chuid a Sé (Réiteach Díospóidí), cuirfidh comhchathaoirleach Chomhairle Comhair an Pháirtí is déantóir gearáin dáta, am agus ionad an chrannchuir in iúl go pras do chomhchathaoirleach an Pháirtí is freagróir. Féadfaidh an Páirtí is freagróir, má roghnaíonn sé amhlaidh, a bheith i láthair le linn an chrannchuir. In aon chás, déanfar an crannchur leis an bPáirtí nó na Páirtithe a bheidh i láthair.
8.
Tabharfaidh comhchathaoirleach an Pháirtí is déantóir gearáin fógra i scríbhinn faoina roghnúchán do gach duine aonair a roghnófar chun feidhmiú mar eadránaí. Dearbhóidh gach duine aonair don dá Pháirtí go bhfuil sé ar fáil, agus déanfaidh sé sin laistigh de chúig lá tar éis dháta seachadta an fhógra.
9.
Chun críocha Airteagal 306 (Binse eadrána a bhunú), roghnóidh comhchathaoirleach Chomhairle Comhair an Pháirtí is déantóir gearáin an méid seo a leanas trí chrannchur:
(a)
eadránaí as measc na ndaoine aonair a mhol Páirtí go foirmiúil mar eadránaithe le haghaidh a fholiosta de bhun pointí (a) nó (b) d’Airteagal 319 (An liosta eadránaithe), de réir mar is infheidhme, nó, ina n-éagmais sin, eadránaí ó na daoine aonair a mhol an Páirtí eile go foirmiúil le haghaidh fholiosta an Pháirtí sin; agus
(b)
cathaoirleach as measc na ndaoine aonair a mhol Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil le haghaidh fholiosta na gcathaoirleach de bhun phointe (c) d’Airteagal 319 (An liosta eadránaithe).
10.
Féadfaidh na Páirtithe clárlann a cheapadh chun cúnamh a thabhairt imeachtaí sonracha um réiteach díospóidí a eagrú agus a sheoladh ar bhonn socruithe ad hoc nó ar bhonn socruithe arna nglacadh ag an gComhairle Comhair de bhun Airteagal 326 (Iarscríbhinní).
11.
Glacfaidh na headránaithe lena gceapachán trí na conarthaí ceapacháin a shíniú. Féachfaidh na Páirtithe lena áirithiú, ar a dhéanaí faoin am a dheimhneoidh na headránaithe roghnaithe go bhfuil siad ar fáil, go bhfuil siad tagtha ar chomhaontú maidir le luach saothair agus aisíocaíocht speansais na n-eadránaithe agus na gcúntóirí, agus go bhfuil na conarthaí ceapacháin a bhfuil gá leo ullmhaithe acu, d’fhonn iad a bheith sínte go pras. Beidh luach saothair agus speansais na n-eadránaithe bunaithe ar chaighdeáin EDT. An luach saothair agus na speansais a íocfar le cúntóir nó cúntóirí de chuid eadránaí, ní mó ná 50 % de luach saothair an eadránaí sin a bheidh i gceist leo.
IV.
Cruinniú eagrúcháin
12.
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, buailfidh siad leis an mbinse eadrána laistigh de 7 lá tar éis a bhunaithe chun na hábhair is iomchuí, dar leis na Páirtithe nó an binse eadrána, a chinneadh, lena n-áirítear tráthchlár an nós imeachta eadrána. Féadfaidh eadránaithe agus ionadaithe na bPáirtithe a bheith rannpháirteach sa chruinniú seo ar bhealach ar bith, lena n-áirítear ar an teileafón nó i bhfíschomhdháil.
V.
Aighneachtaí i scríbhinn
13.
Cuirfidh an Páirtí is déantóir gearáin a aighneacht i scríbhinn isteach 30 lá ar a dhéanaí tar éis dháta bunaithe an bhinse eadrána. Cuirfidh an Páirtí is freagróir a aighneacht i scríbhinn isteach 30 lá ar a dhéanaí tar éis dháta seachadta aighneachta i scríbhinn an Pháirtí is déantóir gearáin.
VI.
Oibriú an bhinse eadrána
14.
Is é cathaoirleach an bhinse eadrána a bheidh i gceannas ar na cruinnithe ar fad. Féadfaidh an binse eadrána an t‐údarás cinntí riaracháin agus nós imeachta a dhéanamh a tharmligean chuig an gcathaoirleach.
15.
Mura bhforáiltear a mhalairt i gCuid a Sé (Réiteach Díospóidí) nó sna Rialacha Nós Imeachta seo, féadfaidh an binse eadrána a ghníomhaíochtaí a dhéanamh trí aon mheán, lena n-áirítear teileafón, físchomhdháil‑ nó aon mheán leictreonach chumarsáide eile.
16.
Is iad na headránaithe amháin a fhéadfaidh a bheith rannpháirteach i bpléití an bhinse eadrána, ach féadfaidh an binse eadrána cead a thabhairt do chúntóirí na gcomhaltaí a bheith i láthair ag na pléití.
17.
Leanfaidh dréachtú aon chinnidh nó tuarascála de bheith faoi fhreagracht eisiach an bhinse eadrána agus ní dhéanfar é a tharmligean.
18.
I gcás ina dtiocfaidh ceist nós imeachta chun cinn nach gcumhdaítear le Cuid a Sé (Réiteach Díospóidí) agus na hIarscríbhinní a ghabhann léi, féadfaidh an binse eadrána, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nós imeachta iomchuí a ghlacadh atá ag teacht leis na forálacha sin.
19.
Nuair a mheasfaidh an binse eadrána gur gá aon cheann de na tréimhsí le haghaidh na n-imeachtaí a mhodhnú seachas na tréimhsí sin a leagtar amach i gCuid a Sé (Réiteach Díospóidí) nó chun aon choigeartú a dhéanamh ar nós imeachta nó ar chúrsaí riaracháin, cuirfidh sé na Páirtithe ar an eolas i scríbhinn agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe, maidir leis na cúiseanna a bheidh leis an athrú nó leis an gcoigeartú, agus an tréimhse nó an coigeartú is gá.
VII.
Ionadú
20.
Má mheasann Páirtí nach gcomhlíonann eadránaí ceanglais Iarscríbhinn 30 (an Cód Iompair le haghaidh Eadránaithe) agus gur cheart, ar an gcúis sin, eadránaí eile a chur ina ionad, tabharfaidh an Páirtí sin fógra don Pháirtí eile laistigh de 15 lá tar éis an dáta a fuair sé fianaise leormhaith maidir le neamh-chomhlíontacht líomhainte an eadránaí.
21.
Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh de 15 lá ó fuair siad an fógra dá dtagraítear i Riail 20. Cuirfidh siad an t-eadránaí ar an eolas faoin neamhchomhlíonadh líomhnaithe agus féadfaidh siad a iarraidh ar an eadránaí céimeanna a ghlacadh chun é a leigheas. Féadfaidh siad freisin, má chomhaontaíonn siad amhlaidh, an t-eadránaí a chur as oifig agus eadránaí nua a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 306 (Binse eadrána a bhunú).
22.
Mura n-éireoidh leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá eadránaí a ionadú, cé is moite de chathaoirleach an bhinse eadrána, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar sin a chur faoi bhráid chathaoirleach an bhinse eadrána agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadh.
Má chinneann cathaoirleach an bhinse eadrána nach gcomhlíonann an t-eadránaí ceanglais Iarscríbhinn 30 (Cód Iompair na nEadránaithe), roghnófar an t-eadránaí nua i gcomhréir le hAirteagal 306 (Binse eadrána a bhunú).
23.
Más rud é nach féidir leis na Páirtithe a chomhaontú gur gá an cathaoirleach a ionadú, féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh go gcuirfear an cheist sin faoi bhráid duine de na daoine eile ar fholiosta na gcathaoirleach a leagadh síos de bhun Airteagal 319 (An liosta eadránaithe). Comhchathaoirleach na Comhairle Comhpháirtíochta ón bPáirtí iarrthach, nó toscaire an chathaoirligh, a tharraingeoidh ainm an duine trí chrannchur. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an duine roghnaithe maidir leis an ngá an cathaoirleach a ionadú.
Má chinneann an duine sin nach gcomhlíonann an cathaoirleach ceanglais Iarscríbhinn 30 (Cód Iompair na nEadránaithe), roghnófar an cathaoirleach nua i gcomhréir le hAirteagal 306 (Binse eadrána a bhunú).
VIII.
Éisteachtaí
24.
Ar bhonn na féilire a leagfar amach i gcomhréir le Riail 12 agus tar éis do chathaoirleach an bhinse eadrána dul i gcomhairle leis na Páirtithe agus leis na headránaithe eile, tabharfaidh an cathaoirleach fógra do na Páirtithe faoi dháta, am agus láthair na héisteachta. Cuirfidh an Páirtí sin ina mbeidh an éisteacht ar siúl an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, ach amháin i gcás ina mbíonn an éisteacht dúnta don phobal.
25.
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is i Londain a bheidh an éisteacht más í an Ríocht Aontaithe an Páirtí is déantóir gearáin agus sa Bhruiséil más é an tAontas Eorpach an Páirtí is déantóir gearáin. Beidh an Páirtí is freagróir i gceannas ar riarachán lóistíochta na héisteachta agus is é a sheasfaidh na costais a eascróidh as sin.
26.
Féadfaidh an binse eadrána éisteachtaí breise a chomóradh má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.
27.
Beidh comhaltaí uile an bhinse eadrána i láthair le linn na héisteachta ina hiomláine.
28.
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, féadfaidh na daoine seo a leanas freastal ar an éisteacht, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil an éisteacht ar oscailt don phobal:
(a)
ionadaithe Páirtí;
(b)
comhairleoirí;
(c)
cúntóirí agus foireann riaracháin;
(d)
ateangairí, aistritheoirí agus tuairisceoirí cúirte an bhinse eadrána; agus
(e)
saineolaithe, arna gcinneadh ag an mbinse eadrána de bhun Airteagal DS.19 (Faisnéis a fháil).
29.
Tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta éisteachta, seolfaidh gach Páirtí chuig an mbinse eadrána agus chuig an bPáirtí eile liosta ainmneacha na ndaoine a dhéanfaidh argóint nó cur i láthair ó bhéal ag an éisteacht thar ceann an Pháirtí sin agus ainmneacha ionadaithe agus comhairleoirí eile a bheidh ag freastal ar an éisteacht.
30.
Déanfaidh an binse eadrána an éisteacht mar seo a leanas, agus áiritheoidh sé go dtabharfar am comhionann don dá Pháirtí ó thaobh argóinte agus frisnéise araon:
(a)
An argóint
(i)
argóint an Pháirtí is déantóir gearáin; agus
(ii)
argóint an Pháirtí is freagróir.
(b)
An Argóint Frisnéise
(i)
freagra an Pháirtí is déantóir gearáin; agus
(ii)
frithfhreagra an Pháirtí is freagróir.
31.
Féadfaidh an binse eadrána ceisteanna a dhíriú ar cheachtar den dá Pháirtí aon tráth le linn na héisteachta.
32.
Déanfaidh an binse eadrána socrú ionas go ndéanfar taifeadadh na héisteachta a sheachadadh chuig na Páirtithe a luaithe is féidir tar éis na héisteachta.
33.
Féadfaidh gach Páirtí aighneacht fhorlíontach i scríbhinn a sheachadadh maidir le haon ábhar a tháinig chun cinn le linn na héisteachta laistigh de 10 lá tar éis dháta na héisteachta.
IX.
Ceisteanna i scríbhinn
34.
Féadfaidh an binse eadrána, aon tráth le linn na n-imeachtaí, ceisteanna i scríbhinn a chur faoi bhráid Páirtí amháin nó an dá Pháirtí. Aon cheist a chuirfear faoi bhráid Páirtí amháin, déanfar í a chóipeáil chuig an bPáirtí eile.
35.
Tabharfaidh gach páirtí cóip dá fhreagra ar cheisteanna arna gcur isteach ag an mbinse eadrána don pháirtí eile. Beidh deis ag an bPáirtí eile barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil maidir leis an bhfreagra sin laistigh de chúig lá tar éis an chóip sin a sheachadadh.
X.
Rúndacht
36.
Déileálfaidh gach Páirtí agus an binse eadrána mar fhaisnéis rúnda le haon fhaisnéis a chuirfidh an Páirtí eile faoi bhráid an bhinse eadrána agus a bheidh ainmnithe faoi rún ag an bPáirtí eile. Nuair a dhéanfaidh Páirtí aighneacht i scríbhinn ina bhfuil faisnéis rúnda a chur faoi bhráid an bhinse eadrána, déanfaidh sé, laistigh de 15 lá, aighneacht a chur isteach gan an fhaisnéis rúnda a bheith inti, aighneacht a nochtfar don phobal.
37.
Ní chuirfidh na Rialacha Nós Imeachta sin aon bhac ar Pháirtí a bharúlacha féin a nochtadh don phobal ar choinníoll nach nochtfaidh sé faisnéis a fuair sé ón bPáirtí eile ar ainmnigh an Páirtí sin gur faisnéis rúnda í nuair a bheidh sé ag tagairt d’fhaisnéis a fuair sé ón bPáirtí sin.
38.
Is go príobháideach a thionólfaidh an binse eadrána codanna áirithe den seisiún má bhíonn faisnéis rúnda sna haighneachtaí agus sna hargóintí ó Pháirtí. Coinneoidh na Páirtithe éisteachtaí an bhinse eadrána faoi rún nuair a thiocfaidh siad le chéile i seisiún dúnta.
XI.
Teagmhálacha ex parte
39
Ní thiocfaidh an binse eadrána le chéile nó ní dhéanfaidh sé cumarsáid le Páirtí in éagmais an Pháirtí eile.
40.
Ní phléifidh eadránaí aon ghné d’ábhar na n-imeachtaí le Páirtí amháin ná leis an dá Pháirtí gan na headránaithe eile a bheith i láthair.
41.
Ní bheidh aon teagmháil ag Páirtí le headránaí. Aon teagmháil idir Páirtí agus duine atá á bhreithniú lena roghnú mar eadránaí, beidh sí teoranta do shaincheisteanna a bhaineann leis an duine sin a bheith ar fáil agus leis an gconradh ceapacháin.
XII.
Aighneachtaí amicus curiae
42.
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de 5 lá ó dháta bunaithe an bhinse eadrána, féadfaidh an binse eadrána aighneachtaí i scríbhinn gan iarraidh a fháil ó dhaoine nádúrtha de chuid Páirtí nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i gcríoch Páirtí atá neamhspleách ar rialtais na bPáirtithe, (dá ngairtear ‘aighneachtaí amicus curiae’ anseo feasta), ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
(a)
go bhfaighidh an binse eadrána na haighneachtaí laistigh de 10 lá ó dháta bunaithe an bhinse eadrána;
(b)
go bhfuil na haighneachtaí gonta agus nach mbeidh siad níos faide ná 15 leathanach in aon chás, lena n-áirítear aon Iarscríbhinn, agus iad clóscríofa ar spás dúbailte;
(c)
go bhfuil na haighneachtaí ábhartha go díreach maidir le saincheist fhíorasach nó saincheist dhlíthiúil atá á breithniú ag an mbinse eadrána;
(d)
go bhfuil tuairisc sna haighneachtaí ar an duine a dhéanfaidh an aighneacht, lena n-áirítear i gcás duine nádúrtha a náisiúntacht agus i gcás duine dlítheanach áit a bhunaithe, cineál a ghníomhaíochtaí, a stádas dlíthiúil, a chuspóirí ginearálta, a fhoinse maoinithe agus aon eintiteas rialaithe;
(f)
go sonrófar cineál an leasa atá ag an duine sna himeachtaí eadrána; agus
(g)
go ndéanfar iad a dhréachtú sa teanga oibre a chinnfear i gcomhréir le Rialacha 46 agus 47 de na Rialacha Nós Imeachta.
43.
Tabharfar fógra faoi na haighneachtaí amicus curiae chuig na Páirtithe ionas gur féidir leo barúlacha a thabhairt fúthu. Féadfaidh na Páirtithe barúlacha a chur faoi bhráid an bhinse eadrána laistigh de 10 lá tar éis an dáta a sheachadtar iad chuig na Páirtithe.
44.
Liostóidh an binse eadrána ina thuarascáil na haighneachtaí amicus curiae go léir a fuair sé de bhun Riail 42. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an mbinse eadrána aghaidh a thabhairt ina thuarascáil ar na hargóintí a rinneadh sna haighneachtaí sin. Má thugann an binse eadrána aghaidh ar na hargóintí a rinneadh sna haighneachtaí sin, cuirfidh sé san áireamh freisin aon bharúil arna déanamh ag na Páirtithe de bhun Riail 43.
XIII.
Cásanna práinneacha
45.
I gcásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 310 (Imeachtaí práinneacha), déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe, coigeartú ar na tréimhsí ama a leagtar amach sna Rialacha Nós Imeachta seo, de réir mar is iomchuí. Tabharfaidh an binse eadrána fógra do na Páirtithe go ndearnadh na coigeartuithe sin.
XIV.
Teanga oibre agus aistriúcháin
46.
Is é an Béarla teanga na n-imeachtaí a thabharfar os comhair an bhinse eadrána.
47.
Eiseofar tuarascálacha agus cinntí an bhinse eadrána i mBéarla.
48.
Má chuireann Páirtí doiciméad isteach i dteanga nach í an Béarla í, cuirfidh sé aistriúchán air isteach an tráth céanna ar a chostas féin.
XV.
Nósanna imeachta eile
49.
Déanfar na tréimhsí ama a leagtar síos sna Rialacha Nós Imeachta seo a choigeartú i gcomhréir leis na tréimhsí ama speisialta dá bhforáiltear maidir le seachadadh rialaithe, tuarascála nó cinnidh ag an mbinse eadrána de bhun Airteagal 314 (Tréimhse réasúnta ama), Airteagal 315 (Athbhreithniú ar chomhlíontacht), Airteagal 316 (Leigheasanna sealadacha) agus Airteagal 317 (Athbhreithniú ar aon bheart a dhéanfar chun comhlíonadh a dhéanamh tar éis leigheasanna sealadacha a ghlacadh) de Chuid a Sé (Réiteach díospóidí).
_________________
IARSCRÍBHINN 30
AN CÓD IOMPAIR d’EADRÁNAITHE
I.
Sainmhínithe
1.
Sa Chód Iompair seo:
(a)
ciallaíonn ‘eadránaí’ comhalta den bhinse eadrána;
(b)
beidh feidhm ag an sainmhíniú ar ‘cúntóir’ a leagtar amach sna Rialacha Nós Imeachta (Iarscríbhinn 29); agus
(c)
ciallaíonn ‘iarrthóir’ duine aonair atá á bhreithniú lena roghnú mar eadránaí de bhun Airteagal 306 (Binse eadrána a bhunú) nó Airteagal 319 (Liosta eadránaithe) de Chuid a Sé (Réiteach Díospóidí).
II.
Prionsabail rialaithe
2.
Chun ionracas agus neamhchlaontacht an tsásra um réiteach díospóidí a chaomhnú, beidh an méid seo fíor faoi iarrthóirí agus eadránaithe:
(a)
cuirfidh siad eolas ar an gCód Iompair seo;
(b)
beidh siad neamhspleách agus neodrach;
(c)
seachnóidh siad gach coinbhleacht leasa, idir dhíreach agus neamhdhíreach;
(d)
mí-iompar nó claonadh agus dealramh mí-iompair nó claonta a sheachaint;
(e)
cloífidh siad le hardchaighdeáin iompraíochta;
(f)
ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon eagraíocht nó rialtas maidir le réiteach díospóidí faoin gComhaontú seo nó faoi aon chomhaontú forlíontach; agus
(g)
ní bheidh siad faoi thionchar an leasa phearsanta, brúnna seachtracha, ceisteanna polaitíochta, agóidí poiblí, dílseacht do Pháirtí ná eagla a gcáinte.
3.
Ní rachaidh eadránaithe faoi aon oibleagáid ná ní ghlacfaidh siad go díreach ná go hindíreach le sochar ar bith a chuirfeadh isteach ar aon bhealach ar chomhlíonadh cuí a ndualgas, nó a mbainfeadh an chosúlacht leis go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh na ndualgas sin.
4.
Ní úsáidfidh eadránaithe a stádas mar chomhalta den bhinse eadrána chun aon leas pearsanta nó príobháideach a chur chun cinn. Seachnóidh eadránaithe aon ghníomhaíocht a spreagfadh barúil go bhfuil cumas ar leith ag daoine eile tionchar a imirt air.
5.
Áiritheoidh eadránaithe nach mbeidh tionchar ar a n-iompar ná ar a mbreithiúnas ag caidreamh ná dualgais a bhí nó atá acu faoi láthair, de chineál airgeadais, tráchtála, gairmiúil, teaghlaigh ná sóisialta.
6.
Seachnóidh eadránaithe aon chaidreamh a dhéanamh, nó aon leas airgeadais a fháil ar dhócha go ndéanfadh sé dochar dá neamhchlaontacht, nó d’fhéadfadh cur le dealramh réasúnta go mbeadh mí-iompar nó claonadh i gceist.
III.
Oibleagáidí maidir le nochtadh
7.
Sula nglacfar lena gceapachán mar eadránaithe de bhun Airteagal 306 (Binse eadrána a bhunú) de Chuid a Sé den Chomhaontú seo (Réiteach Díospóidí), gheobhaidh iarrthóirí a n-iarrfar orthu fónamh mar eadránaithe cóip den Chód Iompair seo agus nochtfaidh siad aon leas, caidreamh nó ábhar san am a chuaigh thart nó san am i láthair ar dócha go ndéanfadh sé difear dá neamhspleáchas nó dá neamhchlaontacht nó a d’fhéadfadh cur le dealramh réasúnta go mbeadh iompar míchuí nó claonadh i gceist leis na Páirtithe i scríbhinn. Chuige sin, déanfaidh na hiarrthóirí gach iarracht réasúnta chun a bheith ar an eolas faoi leas, caidreamh nó ábhar den sórt sin.
8.
Is oibleagáid leanúnach í an oibleagáid maidir le nochtadh lena gceanglaítear ar eadránaithe iarrachtaí réasúnta a dhéanamh i gcónaí chun a bheith ar an eolas faoi aon leas, caidreamh nó ábhar dá dtagraítear i mír 7 a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn aon chéim de na himeachtaí, agus é a nochtadh do na Páirtithe i scríbhinn a luaithe a thiocfaidh siad ar an eolas faoi.
9.
Cuirfidh iarrthóirí agus eadránaithe aon ábhar a bhaineann le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an gCód Iompair seo in iúl do na Páirtithe lena mbreithniú.
IV.
Dualgais na n-eadránaithe
10.
Tar éis dóibh glacadh lena gceapachán, beidh eadránaithe ar fáil chun a ndualgais a dhéanamh agus cuirfidh siad i gcrích iad go críochnúil, go gasta agus le cothroime agus le dúthracht ó thús deireadh na n-imeachtaí.
11.
Ní bhreithneoidh eadránaithe ach amháin na saincheisteanna a ardaítear sna himeachtaí agus atá riachtanach le haghaidh cinnidh nó tuarascála. Ní dhéanfaidh siad an dualgas sin a tharmligean chuig aon duine eile.
12.
Comhlíonfaidh cúntóirí na hoibleagáidí a leagtar amach d’eadránaithe i gCuid II (Prionsabail rialaithe), i gCuid III (Oibleagáidí maidir le nochtadh) agus i gCuid VII (Rúndacht), mutatis mutandis. Déanfaidh eadránaithe gach beart iomchuí chun a áirithiú go bhfuil a gcúntóirí ar an eolas faoi na hoibleagáidí sin agus go gcomhlíonann siad iad.
V.
Dualgais na n‑iarrthóirí féideartha
13.
Na daoine a áirítear ar an liosta arna bhunú de bhun Airteagal 306 (Binse eadrána a bhunú) nó Airteagal 319 (Liosta eadránaithe) de Chuid a Sé (Réiteach Díospóidí) cloífidh siad le hardchaighdeáin iompair agus seachnóidh siad iompar míchuí nó dealramh an iompair sin. Daoine aonair a áirítear ar an liosta sin, nó a mheastar a bheith san áireamh, cuirfidh siad in iúl do na Páirtithe gan mhoill aon ábhar a bhféadfadh gá a bheith lena bhreithniú ina leith sin.
VI.
Oibleagáidí na n-iar-eadránaithe
14.
Seachnóidh iar-eadránaithe gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go raibh siad claonta agus iad ag comhlíonadh a ndualgas nó gur bhain siad buntáiste as aon chinneadh nó as aon rialú ón mbinse eadrána.
15.
Comhlíonfaidh iar-eadránaithe na hoibleagáidí i gCuid VII (Rúndacht) den Chód Iompair seo.
VII.
Rúndacht
16.
Ní dhéanfaidh eadránaithe aon fhaisnéis neamhphoiblí a bhaineann leis na himeachtaí nó a fuarthas le linn na n-imeachtaí ar ceapadh iad ina leith a nochtadh ná a úsáid tráth ar bith, ach amháin chun críocha na n-imeachtaí sin. Go háirithe, ní dhéanfaidh siad aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh ná a úsáid chun buntáiste pearsanta nó buntáiste do dhaoine eile a fháil, nó chun dochar a dhéanamh do leas daoine eile.
17.
Ní nochtfaidh eadránaithe cinneadh nó tuarascáil de chuid an bhinse eadrána ná codanna den chinneadh nó den tuarascáil sula bhfoilseofar é/í i gcomhréir le hAirteagal 321 (Cinntí agus rialuithe an bhinse eadrána) de Chuid a Sé (Réiteach Díospóidí).
18.
Ní dhéanfaidh eadránaí, aon tráth, pléití binse eadrána, ná aon tuairim ó eadránaí, a nochtadh ná ní dhéanfaidh sé aon ráiteas ar na himeachtaí ar ceapadh é ina leith ná ar na saincheisteanna atá faoi dhíospóid sna himeachtaí.
VIII.
Speansais
19.
Coimeádfaidh eadránaithe taifead agus tabharfaidh siad cuntas críochnaitheach ar an am a caitheadh ar na himeachtaí agus ar a speansais, chomh maith leis an am agus na speansais a bhaineann le cúntóir, más infheidhme.
________________
IARSCRÍBHINN 31
PRÓTACAL
MAIDIR LE COMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL SSC.1
Sainmhínithe
Chun críocha an Phrótacail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.
ciallaíonn ‘gníomhaíocht mar dhuine fostaithe’ aon ghníomhaíocht nó staid choibhéiseach a ndéileáiltear leis amhlaidh chun críocha reachtaíocht slándála sóisialta Ríocht na Spáinne i gcás inarb ann don ghníomhaíocht nó don staid choibhéiseach sin i Ríocht na Spáinne nó chun críocha reachtaíocht slándála sóisialta na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás inarb ann don ghníomhaíocht nó don staid choibhéiseach sin i nGiobráltar;
2.
ciallaíonn ‘gníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe’ aon ghníomhaíocht nó staid choibhéiseach a ndéileáiltear leis amhlaidh chun críocha reachtaíocht slándála sóisialta Ríocht na Spáinne i gcás inarb ann don ghníomhaíocht nó don staid choibhéiseach sin i Ríocht na Spáinne nó chun críocha reachtaíocht slándála sóisialta na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás inarb ann don ghníomhaíocht nó don staid choibhéiseach sin i nGiobráltar;
3.
ciallaíonn ‘seirbhísí atáirgthe cuidithe’ aon seirbhís liachta, máinliachta nó cnáimhseach a chuirtear ar fáil chun cabhrú le duine leanbh a iompar;
4.
ciallaíonn ‘sochair chomhchineáil’:
(i)
chun críocha Chaibidil 1 de Theideal III, na sochair chomhchineáil dá bhforáiltear faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus atá beartaithe chun costas cúraim liachta agus táirgí agus seirbhísí a ghabhann leis an gcúram sin a sholáthar, a chur ar fáil, a íoc go díreach nó a aisíoc;
(ii)
chun críocha Chaibidil 2 de Theideal III, na sochair chomhchineáil uile a bhaineann le timpistí ag an obair agus galair cheirde mar a shainmhínítear iad i bpointe (i) agus dá bhforáiltear faoi scéimeanna Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le timpistí ag an obair agus galair cheirde;
5.
tagraíonn ‘tréimhse tógála leanaí’ d’aon tréimhse a dtugtar creidiúint ina leith faoi reachtaíocht pinsin Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó lena bhforlíontar pinsean go sainráiteach mar go bhfuil leanbh tógtha ag duine, gan beann ar an modh a úsáideadh chun na tréimhsí sin a ríomh agus más rud é gur fabhraíodh iad nuair a bhí an leanbh á thógáil nó má tugadh aitheantas aisghníomhach dóibh;
6.
ciallaíonn ‘státseirbhíseach’ duine a mheastar a bheith amhlaidh nó a ndéileáiltear leis amhlaidh ag Ríocht na Spáinne, ina bhfuil an riarachán a fhostaíonn an duine sin faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina bhfuil an riarachán a fhostaíonn an duine sin faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
7.
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ i ndáil le Ríocht na Spáinne nó leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an tAire, na hAirí nó údarás coibhéiseach eile atá freagrach as scéimeanna slándála sóisialta ar fud Ríocht na Spáinne nó Giobráltar nó in aon chuid díobh;
8.
ciallaíonn ‘institiúid inniúil’:
(i)
an institiúid lena bhfuil an duine i gceist árachaithe tráth an iarratais ar shochar; nó
(ii)
an institiúid a bhfuil nó a mbeadh an duine i gceist i dteideal sochar uaithi dá mbeadh cónaí ar an duine sin nó ball nó baill dá theaghlach i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an institiúid suite i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil an institiúid suite i nGiobráltar; nó
(iii)
an institiúid ar thug údarás inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu lena mbaineann, fógra di; nó
(iv)
i gcás scéime a bhaineann le hoibleagáidí fostóra i ndáil leis na sochair a leagtar amach in Airteagal SSC.4(1), an fostóir nó an t-árachóir atá i gceist nó, cheal na scéime sin, an comhlacht nó an t‑údarás a fhaigheann fógra ó údarás inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu lena mbaineann;
9.
ciallaíonn ‘deontas báis’ aon íocaíocht aonuaire i gcás báis gan na sochair chnapshuime dá dtagraítear i mír (20) a áireamh;
10.
Ciallaíonn ‘oibrí imeallchríche’ aon duine a chumhdaítear leis an sainmhíniú i gCuid a Ceathair, Teideal I, Airteagal 291(2) agus (3);
11.
ciallaíonn ‘bunáit’ an áit as a dtosaíonn agus óna gcríochnaíonn an ball foirne tréimhse dualgais nó sraith tréimhsí dualgais de ghnáth, agus i gcás nach bhfuil an t-oibreoir/an aerlíne freagrach, faoi ghnáthchoinníollacha, as cóiríocht a chur ar fáil don bhall foirne lena mbaineann;
12.
ciallaíonn ‘institiúid’, i ndáil le Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an comhlacht nó an t‑údarás atá freagrach as an reachtaíocht go léir nó cuid di a chur i bhfeidhm;
13.
ciallaíonn ‘institiúid na háite cónaithe’ agus ‘institiúid na háite fanachta’ faoi seach an institiúid atá inniúil chun sochair a chur ar fáil san áit ina bhfuil cónaí ag an duine i gceist agus an institiúid atá inniúil chun sochair a chur ar fáil san áit ina bhfuil an duine i gceist ag fanacht, i gcomhréir leis an reachtaíocht arna riar ag an institiúid sin nó, i gcás nach ann d’institiúid den sórt sin, ag institiúid atá sainithe ag an údarás inniúil ábhartha;
14.
ciallaíonn ‘duine árachaithe’, i ndáil leis na brainsí slándála sóisialta a chumhdaítear le Caibidlí 1 agus 3 de Theideal III, aon duine a chomhlíonann na coinníollacha a cheanglaítear faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu atá inniúil faoi Theideal II d’fhonn an ceart chun sochar a bheith aige, agus forálacha an Phrótacail seo á gcur san áireamh;
15.
ciallaíonn ‘reachtaíocht’, i ndáil le Ríocht na Spáinne nó leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, dlíthe, rialacháin agus forálacha reachtúla eile agus gach beart cur chun feidhme eile a bhaineann leis na brainsí slándála sóisialta a chumhdaítear le hAirteagal SSC.4(1), ach ní fholaíonn sé forálacha conarthacha seachas na forálacha sin a fhónann chun oibleagáid árachais a chur chun feidhme a eascraíonn as na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear san fhomhír seo nó a bhí faoi réir cinneadh ó na húdaráis phoiblí a fhágann go bhfuil siad éigeantach nó a leathnaíonn a raon feidhme, ar choinníoll go ndéanfaidh Ríocht na Spáinne nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu lena mbaineann, dearbhú chuige sin a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine. Foilseoidh an tAontas Eorpach dearbhú den sórt sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
16.
ciallaíonn ‘sochar cúraim fhadtéarmaigh’ sochar comhchineáil nó in airgead tirim arb é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar riachtanais chúraim duine a bhfuil cúnamh suntasach ag teastáil uaidh nó uaithi mar gheall ar lagú, lena n-áirítear cúnamh ó dhuine eile nó ó dhaoine eile, ach gan a bheith teoranta do chúnamh den sórt sin, chun tabhairt faoi ghnáthghníomhaíochtaí riachtanacha ar feadh tréimhse fhada ama chun tacú lena neamhspleáchas pearsanta; áirítear leis sin sochair a dheonaítear chun na críche céanna do dhuine a sholáthraíonn an cúnamh sin;
17.
ciallaíonn ‘ball den teaghlach’:
(i)
(A)
aon duine atá sainithe nó aitheanta mar bhall den teaghlach nó a ainmnítear mar bhall den teaghlach leis an reachtaíocht a gcuirtear sochair ar fáil fúithi;
(B)
maidir le sochair chomhchineáil de bhun Chaibidil 1 de Theideal III, aon duine a shainítear nó a aithnítear mar dhuine den teaghlach nó atá ainmnithe mar dhuine den teaghlach de réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil cónaí ar an duine sin i Ríocht na Spáinne, nó de réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil cónaí ar an duine sin i nGiobráltar;
(ii)
mura ndéantar idirdhealú i reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu is infheidhme faoi phointe (i) idir na baill den teaghlach agus daoine eile lena bhfuil sé infheidhme, déanfar an céile, na leanaí mionaoiseacha, agus na leanaí cleithiúnacha ar leanaí lán-aoise iad a mheas mar bhaill den teaghlach;
(iii)
más amhlaidh, faoin reachtaíocht is infheidhme faoi phointí (i) agus (ii), nach meastar duine mar bhall den teaghlach nó ball clainne, ach má bhíonn cónaí ar an duine sin sa teaghlach céanna leis an duine árachaithe nó an pinsinéir, measfar go bhfuil an coinníoll sin comhlíonta má bhíonn an duine i gceist ag brath go príomha ar an duine árachaithe nó ar an bpinsinéir;
18.
ciallaíonn ‘tréimhse fostaíochta’ tréimhsí atá sainithe nó aitheanta sa reachtaíocht faoinar tugadh chun críche iad, agus gach tréimhse a ndéileáiltear amhlaidh léi, i gcás ina meastar iad sa reachtaíocht sin mar choibhéis le tréimhsí fostaíochta nó féinfhostaíochta;
19.
ciallaíonn ‘tréimhse árachais’ tréimhsí ranníocaíochta, fostaíochta nó féinfhostaíochta atá sainithe nó aitheanta mar thréimhsí árachais ag an reachtaíocht faoina tugadh chun críche iad nó faoinar measadh iad a bheith tugtha chun críche, agus gach tréimhse a ndéileáiltear leo amhlaidh, i gcás ina meastar iad faoin reachtaíocht sin mar choibhéiseach le tréimhsí árachais;
20.
cumhdaíonn ‘pinsean’ ní hamháin pinsin ach sochair chnapshuime is féidir a chur ina n-ionad agus íocaíochtaí i bhfoirm aisíoc ranníocaíochtaí agus, faoi réir fhorálacha Theideal III, méaduithe ar athluacháil nó liúntais fhorlíontacha;
21.
ciallaíonn ‘sochar réamhscoir’ gach sochar airgid, seachas sochar dífhostaíochta nó sochar seanaoise luath, a chuirtear ar fáil ó aois shonraithe d’oibrithe a laghdaigh, a d’éirigh as a gcuid gníomhaíochtaí sochracha, nó a chuir ar fionraí iad go dtí an aois ag a gcáilíonn siad do phinsean seanaoise nó do phinsean luathscoir, nach bhfuil a fháil ag brath ar an duine i gceist a bheith ar fáil do sheirbhísí fostaíochta Ríocht na Spáinne nó Ghiobráltar, cibé acu atá inniúil;
22.
ciallaíonn ‘sochar seanaoise luath’ sochar a chuirtear ar fáil sula mbaintear amach an ghnáthaois um theidlíocht pinsin agus a leantar ar aghaidh á chur ar fáil nuair a bhaintear amach an aois luaite nó nuair a chuirtear sochar seanaoise eile ina ionad;
23.
ciallaíonn ‘oifig chláraithe nó áit ghnó’ an oifig chláraithe nó an áit ghnó ina ndéantar cinntí fíor-riachtanacha an ghnóthais agus ina gcuirtear feidhmeanna a riaracháin lárnaigh i gcrích;
24.
ciallaíonn ‘áit chónaithe’ an áit ina mbíonn cónaí ar an duine go dleathach;
25.
ciallaíonn ‘sochair airgid speisialta neamhranníocacha’ na sochair airgid neamhranníocacha sin lena mbaineann an méid a leanas:
(i)
atá ceaptha chun an méid seo a leanas a chur ar fáil:
(A)
cumhdach forlíontach, ionadach nó coimhdeach in aghaidh na rioscaí a chumhdaítear le brainsí na slándála sóisialta dá dtagraítear in Airteagal SSC.4(1), agus lena ráthaítear íosioncam cothaithe do na daoine lena mbaineann ag féachaint don staid eacnamaíoch agus shóisialta i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, cibé acu lena mbaineann; nó
(B)
cosaint shonrach do dhaoine faoi mhíchumas amháin, agus é nasctha go dlúth le timpeallacht shóisialta an duine i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, cibé acu lena mbaineann, agus
(ii)
i gcás ina ndíorthaíonn an maoiniú go heisiach ón gcánachas éigeantach atá ceaptha chun caiteachas poiblí ginearálta a chumhdach agus nach mbraitheann na coinníollacha chun na sochair a chur ar fáil agus a ríomh ar aon ranníocaíocht i dtaobh an tairbhí. Mar sin féin ní mheasfar sochair a chuirtear ar fáil chun sochar ranníocach a fhorlíonadh mar shochair ranníocacha ar an gcúis sin amháin;
26.
ciallaíonn ‘scéim speisialta do státseirbhísigh’ aon scéim slándála sóisialta atá difriúil leis an scéim slándála sóisialta ghinearálta is infheidhme do dhaoine fostaithe i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, cibé acu lena mbaineann, agus a bhfuil gach catagóir, nó catagóirí áirithe, státseirbhísigh díreach faoina réir
27.
ciallaíonn ‘fanacht’ cónaí sealadach;
28.
ciallaíonn ‘pinsinéir’ duine a fhaigheann sochar seanaoise, easláine nó marthanóra reachtúil thar ceann Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe tar éis gabháil do ghníomhaíocht fhostaithe nó fhéinfhostaithe i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar;
29.
ciallaíonn ‘sochar teaghlaigh’ gach sochar comhchineáil nó gach sochar in airgead tirim atá beartaithe chun costais teaghlaigh a íoc; seachas airleacain le haghaidh íocaíochtaí cothabhála agus liúntais speisialta breithe agus uchtála a luaitear in Iarscríbhinn.SSC-1.
AIRTEAGAL SSC.2
Cumarsáid agus fógraí
An nós imeachta dá ndéantar foráil i míreanna (2) agus (3) d’Airteagal 6 den Chomhaontú i ndáil le Giobráltar idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, ní bheidh feidhm aige maidir le cumarsáid fhoirmiúil agus cinntí atá le cur in iúl, arna ndéanamh ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó arna ndíriú orthu, de bhun an Phrótacail seo.
AIRTEAGAL SSC.3
Daoine atá cumhdaithe
Tá feidhm ag an bPrótacal seo maidir le:
1)
Saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu i Ríocht na Spáinne, atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tar éis gabháil do ghníomhaíocht mar oibrí imeallchríche mar a shainmhínítear in Airteagal SSC.1(10) i nGiobráltar, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí a bhfuil cónaí orthu i Ríocht na Spáinne;
2)
Náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu i nGiobráltar, atá nó a raibh faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne tar éis gabháil do ghníomhaíocht mar oibrí imeallchríche mar a shainmhínítear in Airteagal SSC.1(10) i Ríocht na Spáinne, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar;
3)
Daoine dá dtagraítear in Airteagal 295 den Chomhaontú, i ndáil le Giobráltar, idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhaoine fostaithe, thar ceann fostóra a ghabhann dá chuid gníomhaíochtaí i Ríocht na Spáinne agus Giobráltar faoi seach de ghnáth agus atá postáilte ag an bhfostóir sin ar feadh tréimhse ama teoranta i nGiobráltar agus Ríocht na Spáinne, faoi seach, chun seirbhísí a sholáthar a tháirgtear go háitiúil agus a thomhlaítear sa chrios teorann tadhlach thar ceann an fhostóra sin agus a fhilleann ar Ríocht na Spáinne nó ar Ghiobráltar, uair amháin sa tseachtain ar a laghad, faoi seach.
AIRTEAGAL SSC.4
Ábhair a chumhdaítear
1.
Tá feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis na brainsí slándála sóisialta seo a leanas:
(a)
sochair bhreoiteachta;
(b)
sochair mháithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta;
(c)
sochair easláine;
(d)
sochair sheanaoise;
(e)
sochair mharthanóra;
(f)
sochair i leith timpistí ag an obair agus galair cheirde;
(g)
deontais bháis;
(h)
sochair dhífhostaíochta;
(i)
sochair réamhscoir; agus
(j)
sochair theaghlaigh.
2.
Mura bhforáiltear dá mhalairt in Iarscríbhinn SSC-4, tá feidhm ag an bPrótacal seo maidir le scéimeanna slándála sóisialta ginearálta agus speisialta, bídís ranníocach nó neamhranníocach, agus le scéimeanna a bhaineann le hoibleagáidí fostóra nó úinéara loinge.
3.
Ní dhéanfaidh forálacha Theideal III difear, áfach, d’fhorálacha reachtacha Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le hoibleagáidí úinéirí long.
4.
Níl feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
sochair airgid speisialta neamhranníocacha;
(b)
sochair cúraim fhadtéarmaigh;
(c)
cúnamh sóisialta agus liachta;
(d)
maidir leis na sochair sin, gabhann Ríocht na Spáinne uirthi féin nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar uirthi féin, an dliteanas i leith damáistí do dhaoine ina leith agus déanann siad socrú le haghaidh cúitimh, amhail cúiteamh d’íospartaigh cogaidh agus gníomhaíochta míleata nó a n-iarmhairtí; d’íospartaigh na coireachta, an fheallmharaithe nó gníomhartha sceimhlitheoireachta; íospartaigh de dhamáiste a rinne gníomhairí Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le linn a ndualgas; nó d’íospartaigh ar bhain míbhuntáiste dóibh ar chúiseanna polaitiúla nó creidimh nó ar chúiseanna oidhreachta; nó
(e)
seirbhísí atáirgthe cuidithe.
AIRTEAGAL SSC.5
Cóir chomhionann
Mura bhforáiltear a mhalairt leis an bPrótacal seo, maidir leis na brainsí den tslándáil shóisialta a thagann faoi réim Airteagal SSC.4(1), beidh na sochair chéanna ag daoine lena mbaineann an Prótacal seo agus beidh siad faoi réir na n‑oibleagáidí céanna faoi reachtaíocht is infheidhme Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le náisiúnaigh na n‑áiteanna sin.
AIRTEAGAL SSC.6
Cóir chomhionann maidir le sochair, ioncam, fíorais nó imeachtaí
Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt leis an bPrótacal seo, áiritheoidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne i ndáil le sochair, ioncam, fíorais nó imeachtaí ar an gcaoi seo a leanas:
(a)
i gcás, faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbaineann éifeachtaí dlíthiúla áirithe le sochair slándála sóisialta agus ioncaim eile a fháil, beidh feidhm ag forálacha ábhartha na reachtaíochta sin freisin maidir le sochair choibhéiseacha a fháil a fhaightear faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil nó maidir le hioncam a fhaightear i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil;
(b)
i gcás, faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, ina bhfuil an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar inniúil, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, ina gcuirtear éifeachtaí dlíthiúla i leith tarlú fíoras nó imeachtaí áirithe, déanfaidh Ríocht na Spáinne nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fíorais nó imeachtaí cosúla a tharla i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar inniúil nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, a thógáil san áireamh amhail is gur tharla siad laistigh de shainchúram na hinstitiúide inniúla.
AIRTEAGAL SSC.7
Comhiomlánú tréimhsí
Ach amháin má dhéantar foráil dá mhalairt leis an bPrótacal seo, cuirfidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, san áireamh, a mhéid is gá, tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta arna gcur isteach faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar nó Ríocht na Spáinne, de réir mar a bheidh, dá mba thréimhsí iad a cuireadh isteach faoin reachtaíocht lena mbaineann, i gcás ina gcuireann a reachtaíocht mar choinníoll é tréimhsí árachais, fostaíochta, nó féinfhostaíochta a chur i gcrích, maidir leo seo a leanas:
(a)
fáil, coinneáil, fad nó aisghabháil an chirt chun sochar;
(b)
an cumhdach leis an reachtaíocht; nó
(c)
an rochtain ar árachas éigeantach nó díolmhú uaidh, roghnach, leantach nó saorálach.
AIRTEAGAL SSC.8
Rialacha cónaithe a tharscaoileadh
Ach amháin má dhéantar foráil dá mhalairt leis an bPrótacal seo, ní bheidh sochair airgid thirim a bheidh iníoctha faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó faoin bPrótacal seo faoi réir aon laghdú, leasú, cur ar fionraí, tarraingt siar ná coigistiú de bhrí go bhfuil cónaí ar an tairbhí nó baill dá theaghlach i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an institiúid atá freagrach as sochair a chur ar fáil suite i nGiobráltar, nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil an institiúid atá freagrach as sochair a chur ar fáil suite i Ríocht na Spáinne.
AIRTEAGAL SSC.9
Forluí sochar a chosc
Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt, ní bhronnfar ná ní choimeádfar leis an bPrótacal seo an ceart chun an iliomad sochar den chineál céanna a fháil le haghaidh na tréimhse árachais éigeantaigh céanna.
TEIDEAL II
AN REACHTAÍOCHT IS INFHEIDHME A CHINNEADH
Airteagal SSC.10
Rialacha ginearálta
1.
Beidh daoine a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leo faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Déanfar an reachtaíocht sin a chinneadh i gcomhréir leis an Teideal seo.
2.
Chun críocha an Teidil seo, maidir le daoine a fhaigheann sochair airgid thirim mar gheall ar a ngníomhaíocht mar dhaoine fostaithe nó féinfhostaithe nó mar thoradh uirthi sin, measfar go bhfuil siad ag gabháil don ghníomhaíocht sin. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le pinsin easláine, seanaoise ná marthanóirí ná pinsin i dtaobh timpistí ag an obair ná galair cheirde ná sochair bhreoiteachta in airgead tirim a chumhdaíonn cóireáil ar feadh tréimhse neamhtheoranta.
3.
Faoi réir Airteagail SSC.11, SSC.13 agus SSC.14:
(a)
beidh duine a ghabhann do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i Ríocht na Spáinne faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne; beidh duine a ghabhann do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i nGiobráltar, faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
(b)
beidh státseirbhíseach faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne, ina bhfuil an riarachán a fhostaíonn an duine sin faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina bhfuil an riarachán a fhostaíonn an duine sin faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
(c)
beidh duine a fhaigheann sochair dhífhostaíochta faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne; beidh duine a fhaigheann sochair dhífhostaíochta faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
(d)
pinsinéir atá ina chónaí i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil cónaí ar an duine sin i Ríocht na Spáinne, nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil cónaí ar an duine sin i nGiobráltar, gan dochar d’fhorálacha eile an Phrótacail seo lena ráthaítear dóibh sochair faoin reachtaíocht eile.
4.
Chun críocha an Teidil seo, maidir le duine a ghabhann do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe arna déanamh de ghnáth ar bord soithigh ar muir a bhfuil bratach Ríocht na Spáinne ar foluain aige, measfar go mbeidh sé ag gabháil don ghníomhaíocht sin i Ríocht na Spáinne; maidir le duine a ghabhann do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe arna déanamh ar bord soithigh ar muir a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar ar foluain aige, measfar go mbeidh sé ag gabháil don ghníomhaíocht sin i nGiobráltar. Maidir le duine atá fostaithe ar bord soithigh a bhfuil bratach Ríocht na Spáinne ar foluain aige, áfach, agus a íoctar as gníomhaíocht den sórt sin ag gnóthas nó duine a bhfuil a oifig chláraithe nó a áit ghnó i nGiobráltar, beidh an duine sin faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má tá cónaí ar an duine sin i nGiobráltar; maidir le duine atá fostaithe ar bord soithigh a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe ar foluain aige, i ndáil le Giobráltar, agus a íoctar as gníomhaíocht den sórt sin ag gnóthas nó duine a bhfuil a oifig chláraithe nó a áit ghnó i Ríocht na Spáinne, beidh an duine sin faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne má tá cónaí ar an duine sin i Ríocht na Spáinne. Measfar an gnóthas nó an duine a íocann an luach saothair mar an fostóir chun críocha na reachtaíochta sin.
5.
Chun críocha an Teidil seo, maidir le duine a ghabhann do ghníomhaíocht mar bhall d’fhoireann eitilte nó d’fhoireann cábáin a sholáthraíonn seirbhísí aerphaisinéirí nó aerlastais, measfar go bhfuil sé ag gabháil don ghníomhaíocht sin i Ríocht na Spáinne i gcás ina bhfuil an bhunáit suite i Ríocht na Spáinne, nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil an bhunáit suite i nGiobráltar.
Airteagal SSC.11
Oibrithe imeallchríche scoite
1.
Beidh saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis, atá ag gabháil do ghníomhaíocht mar oibrí imeallchríche fostaithe, mar a shainmhínítear in Airteagal SSC.1(10) i nGiobráltar, thar ceann fostóra a ghabhann dá chuid gníomhaíochtaí san áit sin de ghnáth, agus a phostaíonn an fostóir sin chuig Ríocht na Spáinne é chun obair a dhéanamh thar ceann an fhostóra sin, beidh an duine sin fós faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar choinníoll
(a)
nach faide ná 24 mhí ré réamh-mheasta na hoibre sin; agus
(b)
nach gcuirfear an duine sin in ionad oibrí scoite eile.
2.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 maidir le saoránach na Ríochta Aontaithe a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis, atá ag gabháil do ghníomhaíocht mar oibrí imeallchríche fostaithe i Ríocht na Spáinne, thar ceann fostóra a ghabhann dá chuid gníomhaíochtaí de ghnáth san áit sin agus a phostaíonn an fostóir sin chuig Giobráltar é chun obair a dhéanamh thar ceann an fhostóra sin.
3.
Beidh saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis, a ghabhann do ghníomhaíocht mar oibrí imeallchríche féinfhostaithe i nGiobráltar, a théann chun gabháil do ghníomhaíocht chomhchosúil i Ríocht na Spáinne, fós faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar choinníoll nach sáróidh fad measta na gníomhaíochta sin 24 mhí.
4.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 3 maidir le saoránach na Ríochta Aontaithe a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis, a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar oibrí imeallchríche féinfhostaithe i Ríocht na Spáinne, a théann chun gabháil do ghníomhaíocht chosúil i nGiobráltar.
Airteagal SSC.12
Oibrithe postaithe
1.
Maidir le duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar thar ceann fostóra a ghabhann dá chuid gníomhaíochtaí ansin de ghnáth agus a phostaíonn an fostóir sin chuig Giobráltar é, i gcás ina ngabhann an fostóir dá chuid gníomhaíochtaí i Ríocht na Spáinne de ghnáth, nó chuig Ríocht na Spáinne, i gcás ina ngabhann an fostóir dá chuid gníomhaíochtaí i nGiobráltar de ghnáth, chun obair a dhéanamh thar ceann an fhostóra sin, beidh an duine sin fós faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne, má ghabhann an fostóir dá chuid gníomhaíochtaí i Ríocht na Spáinne de ghnáth nó faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má ghabhann an fostóir dá chuid gníomhaíochtaí i nGiobráltar de ghnáth, ar choinníoll:
(a)
nach faide ná 24 mhí ré na hoibre sin;
(b)
nach gcuirfear an duine sin in ionad duine eile; agus
(c)
go bhfuil cónaí ar an duine sin i Ríocht na Spáinne agus go bhfilleann sé/sí ar Ríocht na Spáinne uair sa tseachtain ar a laghad má chuirtear ar postú é/í i nGiobráltar, nó go bhfuil cónaí ar an duine i nGiobráltar agus go bhfilleann sé/sí ar Ghiobráltar uair sa tseachtain ar a laghad má chuirtear ar postú é/í i Ríocht na Spáinne.
Airteagal SSC.13
Gabháil do ghníomhaíochtaí i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar
1.
I ndáil leis na daoine a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leo, sa bhreis ar a ngníomhaíocht mar oibrithe imeallchríche mar a shainmhínítear in Airteagal SSC.1(10), a shaothraíonn gníomhaíocht ina n-áit chónaithe, beidh feidhm ag na míreanna seo a leanas.
2.
Beidh duine a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar faoi réir:
(a)
reachtaíocht na háite cónaithe má shaothraíonn an duine sin cuid shubstaintiúil dá ghníomhaíocht san áit chónaithe sin; nó
(b)
mura mbíonn an duine sin ag gabháil do chuid mhór dá chuid gníomhaíochta san áit chónaithe:
(i)
reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó reachtaíocht Ríocht na Spáinne, ag brath ar an áit ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an fhostóra suite má tá an duine sin fostaithe ag aon ghnóthas amháin nó aon fhostóir amháin; nó
(ii)
reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne ag brath ar an áit ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an fhostóra suite má tá sé/sí fostaithe ag dhá ghnóthas nó ag dhá fhostóir nó níos mó ná sin, a bhfuil a n‑oifigí cláraithe nó a n‑áiteanna gnó suite i Ríocht na Spáinne amháin nó i nGiobráltar amháin; nó
(iii)
reachtaíocht Ríocht na Spáinne má tá cónaí ar an duine i nGiobráltar, nó reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má tá cónaí ar an duine i Ríocht na Spáinne, má tá an duine sin fostaithe ag dhá ghnóthas nó ag dhá fhostóir nó níos mó ná sin, a bhfuil a n-oifigí cláraithe nó a n‑áiteanna gnó suite i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar; nó
(iv)
reachtaíocht na háite cónaithe ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an fhostóra suite má tá an duine sin fostaithe ag gnóthas amháin nó fostóir amháin nó níos mó a bhfuil a n‑oifig chláraithe nó a n‑áit ghnó díreach ag ceann amháin acu ar a laghad lasmuigh de Ríocht na Spáinne agus Giobráltar.
3.
Beidh duine a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar faoi réir:
(a)
reachtaíocht na háite cónaithe má shaothraíonn an duine sin cuid shubstaintiúil dá ghníomhaíocht san áit chónaithe sin; nó
(b)
reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ag brath ar an áit ina bhfuil lárionad leasa a chuid gníomhaíochtaí, mura mbíonn an duine sin ag gabháil do chuid mhór dá chuid gníomhaíochta ina áit chónaithe.
4.
Aon duine a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe agus do ghníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar, beidh sé faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ag brath ar an áit ina saothraíonn an duine sin gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó, má shaothraíonn an duine sin gníomhaíocht den sórt sin i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar, faoi réir na reachtaíochta a chinnfear de réir mhír 2.
5.
Beidh duine atá fostaithe mar státseirbhíseach i Ríocht na Spáinne agus a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó do ghníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe i nGiobráltar nó vice versa faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne i gcás ina mbeidh an riarachán a fhostaíonn iad faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina bhfuil an riarachán a fhostaíonn an duine sin faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
6.
Déileálfar le daoine dá dtagraítear i míreanna 2 go 5, chun críocha na reachtaíochta arna sainiú i gcomhréir leis na forálacha seo, amhail is dá mbeidís ag gabháil dá gcuid gníomhaíochtaí go léir mar dhaoine fostaithe nó féinfhostaithe agus dá mbeidís ag fáil a n‑ioncaim go léir sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó i Ríocht na Spáinne, cibé acu atá i gceist.
AIRTEAGAL SCC. 14
Árachas saorálach nó árachas leantach roghnach
1.
Níl feidhm ag Airteagail SSC.10, SSC.11 ná SSC.13 maidir le hárachas saorálach nó árachas leanúnach roghnach mura rud é, i leith ceann amháin de na brainsí dá dtagraítear in Airteagal SSC.4, nach bhfuil ach scéim shaorálach árachais ann i Ríocht na Spáinne nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
2.
I gcás, de bhua reachtaíocht Ríocht na Spáinne, ina bhfuil an duine lena mbaineann faoi réir árachas éigeantach i Ríocht na Spáinne, ní fhéadfaidh sé bheith faoi réir scéim árachais shaorálaigh ná scéim árachais leantaigh roghnach sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. I gcás, de bhua reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina bhfuil an duine lena mbaineann faoi réir árachas éigeantach sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ní fhéadfaidh sé bheith faoi réir scéim árachais dshaorálaigh ná scéim árachais leantaigh roghnach i Ríocht na Spáinne. I ngach cás eile, i dtaca le brainse áirithe, tá rogha ann idir roinnt scéimeanna árachais shaorálaigh nó scéimeanna árachais leantaigh roghnacha, rachaidh an duine i gceist ina rogha scéime féin agus ansin amháin.
3.
I dtaobh sochar easláine, seanaoise agus marthanóra, féadfaidh an duine lena mbaineann dul le scéim árachais shaorálaigh nó scéim árachais leantaigh roghnach Ríocht na Spáinne, fiú má tá sé faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar choinníoll go raibh sé, uair éigin ina ghairm, faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne mar gheall nó mar thoradh ar ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe agus má tá an forluí sin ceadaithe go sainráite nó go hintuigthe faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne. Ar an gcaoi chéanna, i dtaobh sochar easláine, seanaoise agus marthanóra, féadfaidh an duine lena mbaineann dul le scéim árachais shaorálaigh nó scéim árachais leantaigh roghnach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fiú má tá sé faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne, ar choinníoll go raibh sé, uair éigin ina ghairm, faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, mar gheall nó mar thoradh ar ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe agus má tá an forluí sin ceadaithe go sainráite nó go hintuigthe faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
4.
I gcás ina gcuireann reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne de choinníoll ar chead isteach ar árachas saorálach nó ar árachas leanúnach roghnach cónaí sa Stát sin nó gníomhaíocht roimhe sin mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, ní bheidh feidhm ag fomhír (b) d’Airteagal SSC.6 ach amháin maidir le daoine a bhí, tráth níos luaithe, faoi réir na reachtaíochta lena mbaineann, ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe.
Airteagal SSC.15
Oibleagáidí an fhostóra
1.
Maidir le fostóir oibrí imeallchríche atá faoi réir reachtaíocht:
(a)
na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó
(b)
ríocht na Spáinne
comhlíonfaidh sé na hoibleagáidí uile a leagtar síos leis an reachtaíocht is infheidhme maidir lena fhostaithe, go háirithe an oibleagáid na ranníocaíochtaí dá ndéantar foráil leis an reachtaíocht sin a íoc, amhail is dá mba i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar a bhí a oifig chláraithe nó a áit ghnó aige, faoi seach.
2.
Maidir le fostóir oibrí imeallchríche atá faoi réir reachtaíocht:
(a)
Ríocht na Spáinne, i gcás nach bhfuil áit ghnó ag an bhfostóir i Ríocht na Spáinne; nó
(b)
na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás nach bhfuil áit ghnó ag an bhfostóir i nGiobráltar
féadfaidh fostóir comhaontú leis an oibrí imeallchríche go gcomhlíonfaidh an t-oibrí oibleagáidí an fhostóra thar a cheann a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí a íoc, gan dochar do bhunoibleagáidí an fhostóra agus cuirfidh an fostóir fógra faoin socrú sin chuig institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi seach.
TEIDEAL III
FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LEIS NA CATAGÓIRÍ ÉAGSÚLA SOCHAR
CAIBIDIL 1
SOCHAIR BHREOITEACHTA, SOCHAIR MHÁITHREACHAIS AGUS SOCHAIR ATHARTHACHTA CHOIBHÉISEACHA
ROINN 1
DAOINE ÁRACHAITHE AGUS BAILL DÁ dTEAGHLAIGH
SEACHAS PINSINÉIRÍ AGUS BAILL DÁ dTEAGHLAIGH
Airteagal SSC.16
Áit chónaithe i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe,
i ndáil le Giobráltar inniúil, nó i nGiobráltar,
i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil
Maidir le hoibrithe imeallchríche agus oibrithe imeallchríche scoite atá faoi réir na reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar nó i Ríocht na Spáinne, chomh maith le baill dá dteaghlach, tá siad i dteideal sochar comhchineáil san áit chónaithe sin, a sholáthraíonn institiúid na háite cónaithe, thar ceann na hinstitiúde inniúla, i gcomhréir le reachtaíocht na háite cónaithe, amhail is dá mbeadh sé árachaithe faoin reachtaíocht sin.
Airteagal SSC.17
Fanacht san áit fhostaithe nó san áit fhéinfhostaíochta
1.
Beidh oibrithe imeallchríche, oibrithe imeallchríche scoite agus oibrithe postaithe i dteideal sochar comhchineáil fad a bheidh siad ag fanacht san áit oibre nó san áit féinfhostaíochta. I gcás na n-oibrithe imeallchríche agus na n-oibrithe imeallchríche scoite, ní mór don institiúid inniúil na sochair chomhchineáil sin a sholáthar agus a gcostas a chlúdach, i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is go mbeadh cónaí ar na daoine lena mbaineann ann.
2.
I gcás oibrithe postaithe, is iad na sochair chomhchineáil seo na sochair a bheidh riachtanach ar fhorais liachta le linn a bhfanachta, agus cineál na sochar agus fad measta na tréimhse fanachta á gcur san áireamh. Cuirfidh institiúid na háite fanachta na sochair chomhchineáil sin ar fáil, thar ceann na hinstitiúide inniúla, i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is dá mbeadh sé árachaithe faoin reachtaíocht sin.
3.
Ní bheidh feidhm ag mír 2 i gcás inar thaistil an duine lena mbaineann go Ríocht na Spáinne nó go Giobráltar, de réir mar a bheidh, chun na sochair chomhchineáil a fháil.
Airteagal SSC.18
Sochair airgid thirim
1.
Beidh oibrithe imeallchríche agus oibrithe postaithe agus baill dá dteaghlach i dteideal sochair airgid thirim a chuirfear ar fáil ag an institiúid inniúil i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm. Trí chomhaontú idir an institiúid inniúil agus institiúid na háite cónaithe nó fanachta, áfach, féadfaidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta, na sochair sin a chur ar fáil ar chostas na hinstitiúide inniúla i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann an institiúid inniúil i bhfeidhm.
2.
I gcás ina bhforáiltear le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbeidh ríomh sochar airgid thirim bunaithe ar mheánioncam nó ar mheán‑ranníocaíochtaí, cinnfidh an institiúid inniúil an bonn meánioncaim nó meán‑ranníocaíochta sin go heisiach trí thagairtí do na hioncaim atá dearbhaithe mar bheith íoctha, nó do na boinn ranníocaíochta arna gcur i bhfeidhm, le linn na dtréimhsí a chuirtear isteach faoin reachtaíocht sin.
3.
I gcás ina bhforáiltear le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbeidh ríomh sochar airgid thirim bunaithe ar ioncam caighdeánach, cuirfidh an institiúid inniúil an t‑ioncam caighdeánach san áireamh go heisiach nó, i gcás inarb iomchuí, meánmhéid na n‑ioncam caighdeánach le haghaidh na dtréimhsí a chuirtear isteach faoin reachtaíocht sin.
4.
Tá feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2 agus 3 maidir le cásanna ina leagtar síos leis an reachtaíocht a chuirtear i bhfeidhm ag an institiúid inniúil tréimhse shonrach tagartha a chomhfhreagraíonn go hiomlán nó i bpáirt sa chás i gceist atá curtha isteach ag an duine lena mbaineann faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
Airteagal SSC.19
Éilitheoirí pinsin
1.
Maidir le duine árachaithe a scorann de bheith i dteideal sochar comhchineáil faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tar éis dó éileamh a dhéanamh ar phinsean, nó le linn imscrúdaithe ar an éileamh sin, leanfaidh sé de bheith i dteideal sochar comhchineáil san áit chónaithe, ar choinníoll go bhfuil cónaí ar an duine sin i nGiobráltar nó i Ríocht na Spáinne, de réir mar a bheidh, agus ar choinníoll go sásaíonn an t‑éilitheoir pinsin coinníollacha árachais reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, dá dtagraítear i mír 2. Beidh feidhm freisin ag an gceart chun sochar comhchineáil san áit chónaithe maidir le baill teaghlaigh an éilitheora pinsin.
2.
Beidh na sochair chomhchineáil inmhuirearaithe ar institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a thiocfadh, i gcás pinsean a dhámhachtain, chun bheith inniúil faoi Airteagail SSC.20 agus SSC.21.
ROINN 2
FORÁLACHA SPEISIALTA DO PHINSINÉIRÍ AGUS DO BHAILL DÁ dTEAGHLACH
Airteagal SSC.20
Cearta chun sochar comhchineáil faoi reachtaíocht na háite cónaithe
Maidir le duine a fhaigheann pinsean nó pinsin faoin reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne agus sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus atá i dteideal sochar comhchineáil san áit chónaithe sin, gheobhaidh sé, in éineacht le baill dá theaghlach, na sochair chomhchineáil ó institiúid na háite cónaithe agus ar a costas, amhail is gur pinsinéir é a mbeadh a phinsean iníoctha faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi seach.
Airteagal SSC.21
Gan cheart chun sochar comhchineáil a fháil faoi reachtaíocht na háite cónaithe
1.
Duine:
(a)
atá ina chónaí i Ríocht na Spáinne;
(b)
a fhaigheann pinsean nó pinsin faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus i Ríocht na Spáinne; agus
(c)
gan cheart chun sochar comhchineáil a fháil faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne;
gheobhaidh sé, mar sin féin, na sochair sin dó féin agus do na baill dá dteaghlach, a mhéid a bheadh an pinsinéir ina dteideal faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, dá mbeadh cónaí ar an duine sin i nGiobráltar. Soláthróidh institiúid na háite cónaithe na sochair chomhchineáil ar chostas institiúid Ghiobráltar, amhail is dá mbeadh an duine i gceist i dteidil pinsin agus i dteideal sochar comhchineáil faoi reachtaíocht na háite cónaithe.
2.
Duine:
(a)
atá ina chónaí i nGiobráltar;
(b)
a fhaigheann pinsean nó pinsin faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar; agus
(c)
gan a bheith i dteideal sochar comhchineáil faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
gheobhaidh siad, mar sin féin, na sochair sin dóibh féin agus do na baill dá dteaghlaigh, a mhéid a bheadh an pinsinéir ina dteideal faoi reachtaíocht an Stáit atá inniúil i leith a bpinsean nó faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, dá mbeadh cónaí ar an duine sin i Ríocht na Spáinne. Soláthróidh institiúid na háite cónaithe na sochair chomhchineáil ar chostas na hinstitiúide de Ríocht na Spáinne, amhail is dá mbeadh an duine i gceist i dteidil pinsin agus sochar comhchineáil faoi reachtaíocht na háite cónaithe.
Airteagal SSC.22
Leanúint ar aghaidh leis an gcóireáil
Maidir le hoibrí imeallchríche a bheidh imithe ar scor mar gheall ar sheanaois nó ar easláine, má bhaineann breoiteacht dó beidh sé i dteideal leanúint de shochair chomhchineáil a fháil i nGiobráltar más arb ann is déanaí a bhí sé ag gabháil dá ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe nó i Ríocht na Spáinne más arb ann is déanaí a bhí sé ag gabháil dá ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, sa mhéid gur cóireáil leantach a bheidh ann a tosaíodh i nGiobráltar nó i Ríocht na Spáinne faoi seach. Ciallaíonn ‘leanúint ar aghaidh leis an gcóireáil’ imscrúdú, diagnóis agus cóireáil leanúnach a dhéanamh ar thinneas dá fhad iomlán.
Airteagal SSC.23
Sochair airgid thirim do phinsinéirí
1.
Maidir le hinstitiúid inniúil na háite ina bhfuil an institiúid inniúil suite atá freagrach as costas na sochar comhchineáil a chuirfear ar fáil don phinsinéir ina áit chónaithe, íocfaidh sí sochair airgid thirim le duine a fhaigheann pinsean nó pinsin faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu is infheidhme. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal SSC.18.
2.
Tá feidhm ag mír 1 freisin maidir le baill teaghlaigh pinsinéara.
Airteagal SSC.24
Ranníocaíochtaí
Aon institiúid de chuid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, atá freagrach faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm aici as asbhaintí a dhéanamh i leith ranníocaíochtaí as sochair bhreoiteachta, sochair mháithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta, féadfaidh sí asbhaintí den sórt sin a iarraidh agus a aisghabháil, arna ríomh de réir na reachtaíochta a chuireann sí i bhfeidhm, ach amháin a mhéid atá costas na sochar de bhun Airteagail SSC.20 go SSC.21 le hiompar ag institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
ROINN 3
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal SSC.25
Forálacha ginearálta
Níl feidhm ag Airteagail SSC.21 go SSC.24 maidir le pinsinéir ná maidir le baill teaghlaigh pinsinéara atá i dteideal sochar faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe.
Airteagal SSC.26
Tosaíocht maidir leis an gceart chun shochar comhchineáil - riail speisialta
maidir le ceart na mball teaghlaigh chun sochar san áit chónaithe
1.
Mura bhforáiltear a mhalairt le míreanna 2 agus 3, i gcás ina bhfuil ceart neamhspleách chun sochar comhchineáil ag ball den teaghlach bunaithe ar reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó ar an gCaibidil seo, beidh tosaíocht ag an gceart sin ar cheart díorthach chun sochar comhchineáil do dhaoine den teaghlach.
2.
Mura bhforáiltear a mhalairt le mír 3, i gcás inarb ann don cheart neamhspleách san áit chónaithe go díreach agus ar bhonn áit chónaithe an duine lena mbaineann san áit sin amháin, tabharfar tosaíocht do cheart díorthach chun sochar comhchineáil thar an gceart neamhspleách.
3.
D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, cuirfear sochair chomhchineáil ar fáil do bhaill de theaghlach duine árachaithe ar chostas na hinstitiúide inniúla san áit ina bhfuil cónaí orthu, más rud é:
(a)
go bhfuil cónaí ar na baill sin den teaghlach i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar agus i gcás, faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi seach, nach bhfuil an ceart chun sochar comhchineáil faoi réir coinníollacha árachais nó gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe; agus
(b)
go mbeidh an céile nó an duine atá ag tabhairt aire do leanaí an duine árachaithe ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, nó go bhfaigheann sé nó sí pinsean ó Ríocht na Spáinne nó ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi seach, ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe.
Airteagal SSC.27
Aisíocaíochtaí idir institiúidí
1.
Na sochair chomhchineáil a sholáthróidh institiúid Ríocht na Spáinne thar ceann institiúid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó institiúid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, thar ceann institiúid Ríocht na Spáinne faoin gCaibidil seo, beidh siad ina n‑aisíocaíocht iomlán.
2.
Déanfar na haisíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh agus a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Socrú Riaracháin a comhaontaíodh idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne.
3.
Féadfaidh Ríocht na Spáinne nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus a gcuid údarás inniúil, foráil a dhéanamh maidir le modhanna eile aisíoctha nó an t-aisíoc go léir eatarthu a tharscaoileadh.
CAIBIDIL 2
SOCHAIR I dTAOBH TIMPISTÍ SAN ÁIT OIBRE
AGUS GALAIR CHEIRDE
Airteagal SSC.28
Ceart chun sochar comhchineáil agus in airgead tirim
1.
Gan dochar d’aon fhoráil níos fabhraí i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, beidh feidhm freisin ag Airteagail SSC.16 agus SSC.17 i leith na sochar a bhaineann le timpistí ag an obair nó le galair cheirde.
2.
Maidir le duine ar tharla timpiste dó ag an obair nó a tholg galar ceirde agus a bhfuil cónaí air nó a bhfuil sé ag fanacht i Ríocht na Spáinne, nuair atá an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, nó i nGiobráltar, nuair atá Ríocht na Spáinne inniúil, beidh sé i dteideal na sochar comhchineáil speisialta a bhaineann leis an scéim lena gcumhdaítear timpistí ag an obair agus galair cheirde arna soláthar, thar ceann na hinstitiúide inniúla, ag institiúid na háite cónaithe nó fanachta i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is dá mbeadh an duine sin árachaithe faoin reachtaíocht sin.
3.
Baineann Airteagal SSC.18 freisin le sochair a thagann faoi réim na Caibidle seo.
Airteagal SSC.29
Costais iompair
1.
Maidir le hinstitiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ag brath ar an reachtaíocht lena bhforáiltear costais duine a iompar ar tharla timpiste dó ag an obair nó a bhfuil galar ceirde air, chuig a háit chónaithe nó chuig ospidéal, déanfaidh sí na costais sin a chumhdach chuig an áit chomhfhreagrach ina bhfuil cónaí ar an duine sin.
2.
Maidir le hinstitiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ag brath ar an reachtaíocht lena bhforáiltear cumhdach na gcostas as iompar corp duine a maraíodh i dtimpiste ag an obair chuig an áit adhlactha, i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, cumhdóidh sí na costais sin chuig an áit chomhfhreagrach ina raibh cónaí ar an duine aimsir na timpiste.
Airteagal SSC.30
Sochair i gcomhair galar ceirde i gcás ina raibh an duine a d’fhulaing an galar sin
nochta don riosca céanna i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar
I gcás inar ghabh duine a tholg galar ceirde, faoin reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, do ghníomhaíocht ar dóchúil go mbeadh sé ina cúis leis an ngalar sin mar gheall ar a chineál, cuirfear na sochair a fhéadann sé nó a gcuid marthanóirí a éileamh a chur ar fáil go heisiach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cé acu ba dheireanaí i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha den sórt sin.
Airteagal SSC.31
Géarú galair ceirde
I gcás go ndéantar galar ceirde a ghéarú agus go bhfuair an duine a bhfuil an galar sin air sochair, nó go bhfuil sé ag fáil sochar, faoin reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a)
murar ghabh an duine lena mbaineann, agus sochair á bhfáil aige, faoin reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe ar dóchúil go mbeadh sí ina cúis leis an ngalar atá i gceist nó go ndéanfadh sí níos measa é, íocfaidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu is túisce i gcás ina bhfuil sochair faighte ag an duine, costas na sochar faoi fhorálacha na reachtaíochta a chuireann sé i bhfeidhm, agus é á chur san áireamh go ndearnadh an galar a ghéarú;
(b)
má bhí an duine lena mbaineann, agus sochair á bhfáil aige, ag gabháil de ghníomhaíocht den sórt sin faoin reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, íocfaidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu is túisce i gcás ina bhfuil sochair faighte ag an duine, costas na sochar faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm gan a chur san áireamh go ndearnadh an galar a ghéarú. Déanfaidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu nach túisce i gcás ina bhfuil sochair faighte ag an duine, forlíonadh a dheonú don duine i gceist, agus beidh a mhéid comhionann leis an difríocht idir méid na sochar dlite tar éis ghéarú an ghalair agus an méid a bheadh dlite roimh ghéarú an ghalair faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm, dá dtarlódh an galar i gceist faoin reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm;
(c)
ní agrófar na rialacha maidir le laghdú, cur ar fionraí nó aistarraingt a leagtar síos leis an reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, in aghaidh daoine a fhaigheann sochair a chuireann institiúid na tíre eile ar fáil i gcomhréir le fomhír (b).
Airteagal SSC.32
Rialacha chun gnéithe speisialta den reachtaíocht lena mbaineann a chur san áireamh
1.
Mura bhfuil aon árachas in aghaidh timpistí ag an obair ná galair cheirde san áit ina bhfuil an duine i gceist ina chónaí nó ag fanacht, nó más ann don árachas sin ach nach bhfuil aon institiúid freagrach as sochair chomhchineáil a chur ar fáil, cuirfidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta atá freagrach as sochair chomhchineáil a chur ar fáil i gcás breoiteachta, na sochair sin ar fáil.
2.
Mura bhfuil aon árachas in aghaidh timpistí ag an obair ná galar ceirde i Ríocht na Spáinne, nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu atá inniúil, cuirfear i bhfeidhm d’ainneoin sin forálacha na Caibidle seo maidir le sochair chomhchineáil a chur i bhfeidhm ar dhuine atá i dteideal na sochar sin i gcás breoiteachta, máithreachais nó atharthachta faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, má tharlaíonn timpiste ag an obair don duine sin nó má fhulaingíonn sé galar ceirde le linn cónaithe i nGiobráltar, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar, má tharlaíonn timpiste ag an obair don duine sin nó má fhulaingíonn sé galar ceirde le linn cónaithe i Ríocht na Spáinne. Is í an institiúid atá inniúil i gcomhair na sochar comhchineáil faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu atá inniúil, a íocfaidh na costais.
3.
Tá feidhm ag Airteagal SSC.6 maidir le hinstitiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i ndáil le coibhéis timpistí ag an obair agus galar ceirde a tharla nó a deimhníodh ina dhiaidh sin faoin reachtaíocht is infheidhme sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne, faoi seach, agus measúnú á dhéanamh ar ghrád an éagumais, ar an gceart chun sochar nó ar an méid, ar choinníoll:
(a)
nach bhfuil aon chúiteamh dlite i dtaobh timpiste ag an obair ná galar ceirde a tharla nó a dearbhaíodh roimhe sin faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm; agus
(b)
nach bhfuil aon chúiteamh dlite i dtaobh timpiste ag an obair ná galar ceirde a tharla nó a dearbhaíodh roimhe sin, faoin reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ag brath ar an áit inar tharla nó inar dearbhaíodh an timpiste ag an obair nó an galar ceirde.
Airteagal SSC.33
Aisíocaíochtaí idir institiúidí
1.
Tá feidhm ag Airteagal SSC.28 maidir le sochair a thagann faoin gCaibidil seo freisin, agus déanfar aisíocaíocht ar bhonn costas iarbhír.
2.
Féadfaidh Ríocht na Spáinne nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó a gcuid údarás inniúil, foráil a dhéanamh maidir le modhanna eile aisíoctha nó an aisíoc go léir eatarthu a tharscaoileadh.
CAIBIDIL 3
DEONTAIS BHÁIS
Airteagal SSC.34
Ceart chun deontas a dheonú i gcás ina dtarlaíonn bás, má bhíonn cónaí ar an duine atá ina theideal
i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe,
i ndáil le Giobráltar, inniúil,
nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil
1.
Nuair a fhaigheann duine árachaithe nó ball dá theaghlach bás i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, measfar gur tharla an bás san áit ina bhfuil an institiúid inniúil suite.
2.
Beidh ceangal ar an institiúid inniúil deontais bháis a chur ar fáil atá iníoctha faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm, fiú má bhíonn cónaí ar an duine atá ina theideal i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil.
3.
Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 freisin i gcás ina dtarlaíonn an bás mar thoradh ar thimpiste ag an obair nó galar ceirde.
Airteagal SSC.35
Sochair a sholáthar i gcás bás pinsinéara
1.
I gcás bás pinsinéara a bhí i dteideal pinsean amháin nó mó pinsin faoin reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne agus sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nuair a bhí cónaí ar an bpinsinéir sin i Ríocht na Spáinne, nuair a bhí an institiúid a bhí freagrach as costas na sochar comhchineáil i nGiobráltar agus nuair a bhí cónaí ar an bpinsinéir sin i nGiobráltar, nuair a bhí an institiúid a bhí freagrach as costas na sochar comhchineáil i Ríocht na Spáinne, soláthrófar na deontais báis atá iníoctha faoin reachtaíocht arna riar ag an institiúid sin ar a costas féin amhail agus go raibh an pinsinéir ina chónaí tráth a bháis san áit ina bhfuil an institiúid sin.
2.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 maidir le baill teaghlaigh pinsinéara.
CAIBIDIL 4
SOCHAIR EASLÁINE
AIRTEAGAL SCC. 36
Daoine atá faoi réir reachtaíocht chineál A amháin
1.
Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘reachtaíocht chineál A’ reachtaíocht faoina bhfuil méid na sochar míchumais neamhspleách ar fhad na dtréimhsí árachais, agus ciallaíonn ‘reachtaíocht chineál B’ aon reachtaíocht eile.
2.
Maidir le duine a bhfuil tréimhsí árachais curtha isteach aige go heisiach faoi reachtaíocht chineál A, beidh sé i dteideal sochar ó institiúid na háite amháin a raibh a reachtaíocht infheidhme an tráth a tharla an t-éagumas chun oibre a bhfuil easláine mar thoradh air, agus cuirfear san áireamh i gcás inarb iomchuí Airteagal SSC.37 agus gheobhaidh sé na sochair sin i gcomhréir leis an reachtaíocht sin.
3.
Má chuimsíonn an reachtaíocht dá dtagraítear i mír 2 rialacha maidir le laghdú, cur ar fionraí nó aistarraingt sochar easláine i gcás forluí le hioncam nó le sochair de chineál difriúil de réir bhrí Airteagal SSC.46(2), beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 46(3) agus 48(3).
Airteagal SSC.37
Forálacha speisialta maidir le comhiomlánú tréimhsí
Institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a gcuireann a reachtaíocht de choinníoll le ceart chun sochar a fháil, a choinneáil nó a aisghabháil gur cuireadh tréimhsí árachais nó cónaithe isteach, cuirfidh sí, i gcás inar gá, Airteagal SSC.44(1) i bhfeidhm.
Airteagal SSC.38
Daoine faoi réir reachtaíocht chineál B amháin nó faoi réir reachtaíocht chineál A agus chineál B
1.
Maidir le duine a bheidh faoi réir reachtaíocht chineál A agus chineál B i ndiaidh a chéile nó ar bhonn idirmhalartach, beidh sé i dteideal sochar faoi Chaibidil 5, lena mbeidh feidhm mutatis mutandis agus mír 3 á cur san áireamh.
2.
Má bhí an duine i gceist faoi réir reachtaíocht chineál B roimhe sin agus má bhíonn éagumas chun oibre air agus easláine mar thoradh air sin agus é faoi réir reachtaíocht chineál A, gheobhaidh an duine sin sochair i gcomhréir le hAirteagal SSC.36, faoi reachtaíocht chineál A, ar choinníoll:
–
go gcomhlíonann sé coinníollacha na reachtaíochta sin go heisiach nó coinníollacha den chineál céanna agus Airteagal SSC 37 á chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, ach gan dul i muinín thréimhsí árachais nó cónaithe a chur isteach faoi reachtaíocht chineál B agus
–
nach ndearbhaíonn sé aon éileamh ar shochair sheanaoise, agus Airteagal SSC.43 á chur san áireamh.
3.
Beidh cinneadh arna ghlacadh ag institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le grád easláine éilitheora, ina cheangal ar institiúid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne, faoi seach.
AIRTEAGAL SCC. 39
Forthromú easláine
1.
I gcás forthromú easláine a bhfuil duine ag fáil sochar ina leith faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, agus an forthromú á chur san áireamh:
(a)
soláthrófar na sochair i gcomhréir le Caibidil 5, arna gcur i bhfeidhm mutatis mutandis;
(b)
i gcás ina raibh an duine i gceist faoi réir reachtaíocht chineál A, áfach, agus nach raibh sé faoi réir reachtaíocht chineál B, ó fuair sé an sochar, soláthrófar an sochar i gcomhréir le hAirteagal SSC.36(2).
2.
Má bhíonn méid iomlán an tsochair nó na sochar atá iníoctha faoi mhír 1 níos ísle ná méid an tsochair a bhí an duine i gceist ag fáil ar chostas na hinstitiúide a bhí inniúil i gcomhair íocaíochta roimhe sin, íocfaidh an institiúid sin forlíonadh leis atá comhionann leis an difríocht idir an dá mhéid.
3.
Mura bhfuil an duine lena mbaineann i dteideal sochar ar chostas institiúid de chuid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, soláthróidh institiúid inniúil a bhí inniúil roimhe sin na sochair i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus é á chur san áireamh go ndearnadh forthromú agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal SSC.37.
Airteagal SSC.40
Sochair easláine a thiontú ina sochair sheanaoise
1.
Déanfar sochair easláine a thiontú ina sochair seanaoise, i gcás inarb iomchuí, faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an reachtaíocht faoina gcuirtear ar fáil iad agus i gcomhréir le Caibidil 5.
2.
I gcás ina bhféadfaidh duine a fhaigheann sochair easláine éileamh ar shochair seanaoise a shuí faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, araon, de réir Airteagal SSC.47, leanfaidh aon institiúid atá freagrach as sochair easláine a sholáthar faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de na sochair easláine a bhfuil an duine sin ina theideal faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm a chur ar fáil go dtí go dtiocfaidh mír 1 i bhfeidhm maidir leis an institiúid sin, nó thairis sin fad a chomhlíonann an duine lena mbaineann na coinníollacha le haghaidh na sochar sin.
3.
I gcás ina dtiontaítear sochair easláine dá bhforáiltear faoin reachtaíocht is infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal SSC.36, ina sochair sheanaoise agus i gcás nach gcomhlíonann an duine lena mbaineann na coinníollacha a leagtar síos le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar maidir leis na sochair sin a fháil, gheobhaidh an duine lena mbaineann, ó Ríocht na Spáinne agus/nó ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, sochair easláine ó dháta an chomhshó.
Soláthrófar na sochair easláine sin i gcomhréir le Caibidil 5 amhail is dá mbeadh an Chaibidil sin infheidhme ón uair a tharlaíonn an t-éagumas chun oibre a bhfuil easláine mar thoradh air, go dtí go sásaíonn an duine lena mbaineann na coinníollacha cáilitheacha le haghaidh sochar seanaoise a leagtar síos le reachtaíocht náisiúnta na mBallstát atá i gceist nó, i gcás nach bhforáiltear maidir leis an tiontú sin, chomh fada is atá an duine sin i dteideal sochar easláine faoin reachtaíocht deireanach.
4.
Na sochair easláine a sholáthraítear faoi Airteagal SSC.36, déanfar iad a athríomh i gcomhréir le Caibidil 5 chomh luath is a shásaíonn an tairbhí na coinníollacha cáilitheacha um shochair easláine a leagtar síos le reachtaíocht de chineál B, nó chomh luath agus a fhaigheann an duine sin sochair sheanaoise.
Airteagal SSC.41
Forálacha speisialta do státseirbhísigh
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail SSC.7, SSC.36, SSC.38, SSC.39, SSC.40 agus SSC.53(2) agus (3) maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta do státseirbhísigh.
CAIBIDIL 5
PINSIN SEANAOISE AGUS MARTHANÓRA
Airteagal SSC.42
Tréimhsí tógála leanaí a chur san áireamh
1.
I gcás, faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, gurb í Ríocht na Spáinne an institiúid atá inniúil faoi Theideal II, nó i gcás, faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, gurb í an Ríocht Aontaithe an institiúid atá inniúil faoi Theideal II, nach gcuirtear tréimhse tógála leanaí ar bith san áireamh, agus i gcás institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a raibh a reachtaíocht infheidhme, de réir Theideal II, maidir leis an duine lena mbaineann ar an bhforas go raibh an duine ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe ar an dáta ar cuireadh tús leis an tréimhse tógála leanaí a chur san áireamh, faoin reachtaíocht sin, i ndáil leis an leanbh lena mbaineann, leanfaidh an institiúid sin de bheith freagrach as an tréimhse sin a chur san áireamh mar thréimhse tógála leanaí faoina reachtaíocht féin, amhail is gurbh ar a críoch féin a rinneadh an tógáil leanaí sin.
2.
Ní bheidh feidhm ag mír 1 má tá an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó má thagann sé chun bheith amhlaidh, de bharr é a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht fhostaithe nó fhéinfhostaithe.
Airteagal SSC.43
Forálacha ginearálta
1.
Saineoidh na hinstitiúidí inniúla teidlíocht chun sochar a fháil, faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht na Spáinne, nuair a tíolacadh iarratas ar dhámhachtain, nó faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó faoin dá reachtaíocht sin nuair a tíolacadh iarraidh ar dhámhachtain; ach amháin má iarrann an duine lena mbaineann go soiléir go gcuirfear siar dámhachtain sochar seanaoise faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó an dá rud.
2.
Mura gcomhlíonann an duine lena mbaineann, tráth áirithe, na coinníollacha a leagtar síos le reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina raibh an duine sin faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina raibh an duine sin faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó mura gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh na coinníollacha sin, ní chuirfidh na hinstitiúidí a chuireann reachtaíocht i bhfeidhm a bhfuil a coinníollacha comhlíonta, nuair a bheidh an ríomh á chomhlíonadh i gcomhréir le fomhír (a) nó (b) d’Airteagal SSC.45(1), na tréimhsí a cuireadh isteach faoin reachtaíocht nach bhfuil a gcoinníollacha comhlíonta, nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh, san áireamh i gcás ina bhfaightear méid níos ísle sochair uaidh sin.
3.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 i gcás ina n-iarrfaidh an duine i gceist go sainráite go gcuirfear siar dámhachtain na sochar seanaoise.
4.
Déanfar ríomhaireacht nua go huathfheidhmeach chomh luath agus a shásaítear na coinníollacha atá le bheith sásaithe faoin reachtaíocht eile nó nuair a iarrann duine go gcuirfear siar dámhachtain sochair seanaoise i gcomhréir le mír 1, ach amháin má bhíonn tréimhsí atá curtha isteach faoin reachtaíocht eile de bhua mhír 2 nó mhír 3 curtha san áireamh cheana.
Airteagal SSC.44
Forálacha speisialta maidir le comhiomlánú tréimhsí
1.
I gcás ina gcuirtear de choinníoll le deonú sochar áirithe, faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach mór na tréimhsí árachais a bheith curtha isteach i ngníomhaíocht shonrach amháin mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe nó i ngairm atá faoi réir scéim speisialta do dhaoine fostaithe nó féinfhostaithe, cuirfidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, tréimhsí a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne san áireamh nó, má cuireadh isteach iad faoi scéim chomhfhreagrach, nó murach sin, sa ghairm chéanna, i gcás inarb iomchuí, sa ghníomhaíocht chéanna mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe. Mura sásaíonn an duine na coinníollacha maidir leis na sochair i scéim speisialta a fháil, tar éis na tréimhsí a cuireadh isteach mar sin a chur san áireamh, ní mór na tréimhsí sin a chur san áireamh chun críoch sochair na scéime ginearálta a sholáthar nó, murach sin sochar na scéime is infheidhme d’oibrithe láimhe nó cléireachais, de réir mar is cuí, ar choinníoll go raibh an duine i gceist cleamhnaithe le ceann amháin de na scéimeanna sin nó an ceann eile.
2.
Cuirfear na tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi scéim speisialta Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, san áireamh chun críoch sochair na scéime ginearálta a sholáthar nó, murach sin, sochair na scéime is infheidhme maidir le hoibrithe láimhe nó cléireachais, de réir mar a bheidh, de chuid Ríocht na Spáinne, i gcás scéim na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás scéim Ríocht na Spáinne, ar choinníoll go raibh an duine lena mbaineann cleamhnaithe le ceann amháin de na scéimeanna sin nó an ceann eile, fiú má cuireadh na tréimhsí sin san áireamh cheana féin i Ríocht na Spáinne, i gcás scéim na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó i nGiobráltar, i gcás scéim Ríocht na Spáinne, faoin scéim speisialta.
3.
I gcás ina ndéanfar le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar nó le scéim shonrach Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, coinníoll a chur le fáil, le coinneáil nó le haisghabháil cirt chun sochar, go mbeadh an duine lena mbaineann árachaithe ar theacht ann don riosca, measfar gur comhlíonadh an coinníoll sin má bhí an duine sin árachaithe roimhe sin faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó faoi scéim shonrach Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus, ar theacht ann don riosca, go bhfuil sé nó sí árachaithe faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, má bhí sé/sí árachaithe roimhe sin faoi reachtaíocht nó scéim shonrach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó árachaithe faoi reachtaíocht nó scéim shonrach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má bhí sé/sí árachaithe faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i leith an riosca chéanna nó, ina éagmais sin, i gcás sochar a bheith dlite faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, nach bhfuil dlite faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás sochar nach bhfuil dlite faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i leith an riosca chéanna. Measfar an coinníoll deireanach sin a bheith comhlíonta, áfach, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal SSC.50.
Airteagal SSC.45
Dámhachtain sochar
1.
Ní mór don institiúid inniúil méid an tsochair a ríomh a bheadh dlite:
(a)
faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, díreach i gcás inar sásaíodh na coinníollacha um theidlíocht i gcomhair sochar go heisiach faoin dlí náisiúnta (sochar neamhspleách);
(b)
trí mhéid teoiriciúil a ríomh, mar aon le méid iarbhír ina dhiaidh sin (sochar pro rata) mar a leanas:
(i)
tá méid teoiriciúil an tsochair comhionann leis an sochar a d’fhéadfadh an duine lena mbaineann a éileamh dá mbeadh na tréimhsí árachais go léir a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, curtha isteach faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm ar an dáta ar a dhámhann sé an sochar. Más amhlaidh, faoin reachtaíocht sin, nach mbraitheann an méid ar fhad na dtréimhsí a chuirtear isteach, ní mór an méid sin a mheas mar an méid teoiriciúil;
(ii)
ríomhfaidh an institiúid inniúil méid iarbhír an tsochair pro rata ansin tríd an gcóimheas a chur i bhfeidhm ar an méid teoiriciúil idir fad na dtréimhsí a chuirtear isteach roimh tharlú an riosca faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus fad iomlán na dtréimhsí a chuirtear isteach roimh tharlú an riosca faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
2.
I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an institiúid inniúil i bhfeidhm, maidir leis an méid arna ríomh i gcomhréir le fomhíreanna (a) agus (b) de mhír 1, na rialacha go léir a bhaineann le laghdú, le fionraí nó le tarraingt siar, faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagail SSC.46 go SSC.48.
3.
Beidh an duine lena mbaineann i dteideal an ceann is airde de na méideanna arna ríomh i gcomhréir le fomhíreanna (a) agus (b) de mhír 1 a fháil ó institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
4.
I gcás ina mbeidh sé de thoradh i gcónaí ar an ríomh de bhun fhomhír (a) de mhír 1 i Ríocht na Spáinne nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbeidh an sochar neamhspleách comhionann leis an sochar pro rata arna ríomh i gcomhréir le fomhír (b) de mhír 1, nó go mbeidh sé níos mó ná é, tarscaoilfidh an institiúid inniúil an ríomh pro rata, ar an gcoinníoll:
(a)
go bhfuil cás den sórt sin leagtha amach in Iarscríbhinn SSC-2.
(b)
ní bheidh feidhm ag aon reachtaíocht ina bhfuil rialacha in aghaidh forluí, dá dtagraítear in Airteagail SSC.47 agus SSC.48, mura gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal SSC.48(2); agus
(c)
Níl Airteagal SSC.50 infheidhme i ngeall ar dhálaí sonracha an cháis maidir le tréimhsí a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil.
5.
D’ainneoin na bhforálacha de mhíreanna 1, 2 agus 3, ní bheidh feidhm ag an ríomh pro rata maidir le scéimeanna a sholáthraíonn sochair nach mbeidh baint ar bith ag tréimhsí ama leo maidir leis an ríomh, faoi réir na scéimeanna sin a bheith liostaithe in Iarscríbhinn SSC-2. Sna cásanna sin, beidh an duine lena mbaineann i dteideal an tsochair a ríomhfar i gcomhréir le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
Airteagal SSC.46
Rialacha chun forluí a chosc
1.
Maidir le haon fhorluí sochar seanaoise agus sochar marthanóra arna ríomh nó arna soláthar ar bhonn tréimhsí árachais arna gcur isteach ag an duine céanna, measfar gur forluí sochar den chineál céanna atá i gceist.
2.
Déanfar forluí sochar nach féidir a mheas mar shochair den chineál céanna laistigh de bhrí mhír 1 a mheas mar fhorluí sochar de chineál difriúil.
3.
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha rialacha le forluí a chosc a leagtar síos le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás forluí idir sochar i dtaobh easláine, seanaoise nó marthanóra agus sochar den chineál céanna nó sochar de chineál difriúil nó ioncam eile:
(a)
ní chuirfidh an institiúid inniúil sochair ná ioncaim a fhaightear i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, san áireamh ach amháin i gcás ina bhforáiltear leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm maidir le sochair nó ioncam a fhaightear lasmuigh dá críoch a chur san áireamh;
(b)
cuirfidh an institiúid inniúil san áireamh méid na sochar atá le híoc ag Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar inniúil, nó ag an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, roimh asbhaint cánach, ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus tobhaigh nó asbhaintí aonair eile, ach amháin má fhoráiltear leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm maidir le cur i bhfeidhm na rialacha chun forluí a chosc tar éis na n‑asbhaintí sin, faoi na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos san Iarscríbhinn;
(c)
ní chuirfidh an institiúid inniúil san áireamh méid na sochar a fhaightear faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, nó reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, ar bhonn árachas saorálach nó árachas leantach roghnach;
(d)
má chuireann Ríocht na Spáinne nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, rialacha i bhfeidhm chun forluí a chosc mar go bhfaigheann an duine lena mbaineann sochair den chineál céanna nó de chineál difriúil faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó ioncam arna fháil i nGiobráltar nó i Ríocht na Spáinne, féadfar an sochar dlite a laghdú díreach de réir mhéid na sochar nó an ioncaim sin.
Airteagal SSC.47
Forluí sochar den chineál céanna
1.
I gcás ina bhforluíonn sochair den chineál céanna atá dlite faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ní bheidh na rialacha chun forluí a chosc arna leagan síos le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, infheidhme maidir le sochar pro rata.
2.
Ní bheidh feidhm ag na rialacha chun forluí a chosc maidir le sochar neamhspleách ach más amhlaidh maidir leis an sochar i gceist:
(a)
gur sochar é nach mbraitheann a mhéid ar fhad thréimhsí árachais; nó
(b)
gur sochar é a sainítear a mhéid ar bhonn tréimhse creidiúnaithe a measadh a bheith curtha isteach idir an dáta ar a tharla an riosca agus dáta níos deireanaí, agus forluí idir é agus:
(i)
sochar den chineál céanna, ach amháin i gcás inar cuireadh comhaontú i gcrích idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ionas nach gcuirfí an tréimhse chreidiúnaithe chéanna san áireamh níos mó ná uair amháin; nó
(ii)
sochar dá dtagraítear i bhfomhír (a).
Tá na sochair agus na comhaontuithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) agus (b) liostaithe in Iarscríbhinn SSC-3.
Airteagal SSC.48
Forluí sochar de chineál difriúil
1.
Na rialacha chun forluí a chosc dá ndéantar foráil le reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, má éilítear, chun go bhfaighfear sochair de chineál difriúil nó ioncam eile, na rialacha sin a chur i bhfeidhm maidir le:
(a)
dhá shochar neamhspleách nó níos mó, déanfaidh na hinstitiúidí inniúla méideanna an tsochair nó na sochar nó ioncaim eile, mar a cuireadh san áireamh iad, a roinnt ar líon na sochar atá faoi réir na rialacha sin; mar sin féin, ní féidir le cur i bhfeidhm na fomhíre seo a stádas mar phinsinéir a bhaint den duine lena mbaineann chun críocha na gcaibidlí eile den Teideal seo faoi na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta;
(b)
sochar pro rata amháin nó níos mó, cuirfidh na hinstitiúidí inniúla san áireamh an sochar nó na sochair nó an t‑ioncam eile agus na gnéithe uile a shonraítear chun na rialacha a chur i bhfeidhm chun forluí mar fheidhm den chóimheas idir na tréimhsí árachais arna mbunú don ríomh dá dtagraítear i bhfomhír (b) pointe (ii) d’Airteagal SSC.45(1) a chosc;
(c)
sochar neamhspleách amháin nó níos mó agus sochar pro rata amháin nó níos mó, cuirfidh na hinstitiúidí inniúla fomhír (a) i bhfeidhm mutatis mutandis maidir le sochair neamhspleácha agus fomhír (b) i bhfeidhmmutatis mutandis maidir le sochair pro rata.
2.
Ní chuirfidh an institiúid inniúil an deighilt a shonraítear maidir le sochair neamhspleácha i bhfeidhm, má fhoráiltear leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm go gcuirfear san áireamh sochair de chineál éagsúil nó ioncam eile agus gach eilimint eile chun cuid dá méid a ríomh a chinntear mar fheidhm den chóimheas idir tréimhsí árachais dá dtagraítear i bhfomhír (b) pointe (ii) d’Airteagal SSC.45(1).
3.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 agus 2 i gcás ina bhforáiltear le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach féidir an ceart chun sochair a fháil i gcás ina bhfuil an duine i gceist ag fáil sochair de chineál difriúil, atá iníoctha faoi seach faoi reachtaíocht Stáit na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne, nó i gcás ina bhfuil sé ag fáil ioncaim eile.
Airteagal SSC.49
Forálacha breise chun sochar a ríomh
1.
Chun na méideanna teoiriciúla agus pro rata dá dtagraítear i bhfomhír (b) d’Airteagal SSC.45(1) a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil fad iomlán na dtréimhsí árachais a cuireadh isteach sular tháinig an riosca chun cinn faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gceist níos mó ná an uastréimhse atá ina ceangal faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun sochar iomlán a fháil, déanfaidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, an uastréimhse sin a chur san áireamh seachas fad iomlán na tréimhse a cuireadh isteach; ní bheidh sé mar thoradh ar an modh ríomhaireachta sin costas sochair a fhorchur ar an institiúid sin a bheadh níos mó ná an sochar iomlán dá bhforáiltear leis an reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin maidir le sochair nach mbraitheann a méid ar fhad an árachais;
(b)
leagtar síos an nós imeachta maidir le tréimhsí forluite a chur san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta;
(c)
má fhoráiltear le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach mór sochair a ríomh ar bhonn ioncam, ranníocaíochtaí, méaduithe, tuillimh, méideanna eile nó meascán de níos mó ná ceann amháin acu (meánmhéid, comhréireach, seasta nó creidiúnaithe), déanfaidh an institiúid inniúil an méid seo:
(i)
an bonn le ríomh na sochar a shocrú i gcomhréir leis na tréimhsí árachais a chuirtear isteach faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm agus i gcomhréir leis na tréimhsí sin amháin;
(ii)
úsáid a bhaint, chun an méid atá le ríomh a chinneadh i gcomhréir leis na tréimhsí árachais a chuirtear isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, nó reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, as na gnéithe céanna a shocraítear nó a thaifeadtar le haghaidh na dtréimhsí árachais a chuirtear isteach faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm; nuair is gá, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn SSC-4 maidir le Ríocht na Spáinne nó maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
(d)
i gcás nach mbeidh fomhír (c) infheidhme toisc go bhforáiltear i reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go mbeidh an sochar le ríomh ar bhonn eilimintí seachas tréimhsí árachais nach bhfuil nasctha le ham, cuirfidh an institiúid inniúil san áireamh, i leith gach tréimhse árachais a chuirtear isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, méid an chaipitil a fhabhraíonn, an caipiteal a mheastar a bheith fabhraithe nó aon eilimint eile maidir leis an ríomh faoin reachtaíocht a bheidh á feidhmiú aici roinnte ar na haonaid chomhfhreagracha tréimhsí atá sa scéim pinsean lena mbaineann.
2.
Beidh feidhm ag forálacha reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le luach nua a shocrú le haghaidh na ngnéithe a chuirtear san áireamh chun sochair a ríomh, mar is iomchuí, i ndáil leis na gnéithe atá le cur san áireamh ag institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir le mír 1, i dtaobh na dtréimhsí árachais nó cónaithe a chuirtear isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil.
Airteagal SSC.50
Tréimhsí árachais de níos lú ná 1 bhliain amháin
1.
D’ainneoin fhomhír (b) d’Airteagal SSC.45(1), ní bheidh ceangal ar institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, sochair a chur ar fáil i dtaobh tréimhsí a cuireadh isteach faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm a chuirtear san áireamh nuair a tharlaíonn an riosca, más amhlaidh:
(a)
go bhfuil fad na dtréimhsí sin níos lú ná 1 bhliain amháin, agus
(b)
nach bhfaightear aon cheart chun sochair faoin reachtaíocht sin agus na tréimhsí sin amháin á gcur san áireamh. Chun críocha an Airteagail seo, is í an bhrí a bheidh le ‘tréimhsí’ gach tréimhse árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a cháilíonn don sochar lena mbaineann nó a mhéadaíonn go díreach é.
2.
Chun críocha fhomhír (b) pointe (i) d’Airteagal SSC.45(1), cuirfidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, araon na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1 san áireamh.
3.
Más é a bheadh d’éifeacht le mír 1 a chur i bhfeidhm faoiseamh a thabhairt d’institiúidí uile Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, óna n‑oibleagáidí, cuirfear sochair ar fáil go heisiach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás inarb iad na coinníollacha faoina reachtaíocht na cinn is déanaí a comhlíonadh, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás inarb iad na coinníollacha faoina reachtaíocht na cinn is déanaí a comhlíonadh, amhail is dá mbeadh na tréimhsí árachais go léir a cuireadh isteach agus a cuireadh san áireamh de réir Airteagail SSC.7 agus SSC.44(1) agus (2) curtha isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
4.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le scéimeanna a liostaítear in Iarscríbhinn SSC-2.
Airteagal SSC.51
Fordheontas a dhámhachtain
1.
Maidir le faighteoir sochar a bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo ina leith, i Ríocht na Spáinne, i gcás inarb í Ríocht na Spáinne an áit chónaithe agus a bhfuil sochar iníoctha leis an bhfaighteoir sin faoina reachtaíocht, nó i nGiobráltar, i gcás inarb é Giobráltar an áit chónaithe agus a bhfuil sochar iníoctha leis an bhfaighteoir sin faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ní fhéadfar sochar a sholáthar dó atá níos lú ná an sochar íosta arna shocrú leis an reachtaíocht sin le haghaidh tréimhse árachais atá comhionann leis na tréimhsí uile a chuirtear san áireamh maidir leis an íocaíocht i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
2.
Íocfaidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, iad sin i gcaitheamh a dtréimhse cónaithe i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, faoi seach, forlíonadh is ionann agus an difríocht idir iomlán na sochar atá dlite faoin gCaibidil seo agus méid an tsochair íosta.
Airteagal SSC.52
Sochair a athríomh agus a athluacháil
1.
Má dhéantar an modh chun sochair a chinneadh nó na rialacha maidir le sochair a ríomh a athrú faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó má dhéantar athrú ábhartha ar staid phearsanta an duine lena mbaineann agus, faoin reachtaíocht sin, go ndéanfaí coigeartú ar mhéid an tsochair mar thoradh air sin, déanfar athríomh i gcomhréir le hAirteagal SSC.45.
2.
Ar an taobh eile den scéal, más amhlaidh, mar gheall ar mhéadú ar an gcostas maireachtála nó athruithe ar an leibhéal ioncaim nó cúiseanna eile le hathrú, go n-athraítear sochair Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ag céatadán nó méid seasta, cuirfear an céatadán nó an méid sin i bhfeidhm go díreach ar na sochair a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal SSC.45, gan gá le hathríomh.
Airteagal SSC.53
Forálacha speisialta do státseirbhísigh
1.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail SSC.7, SSC.43, SSC.44(3) agus SSC.45 go SSC.52 maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta do státseirbhísigh.
2.
Má bhíonn fáil, leachtú, coinneáil nó aisghabháil an chirt chun sochar faoi scéim speisialta do státseirbhísigh, de réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi réir an choinníll go mbeadh gach tréimhse árachais curtha isteach faoi scéim speisialta amháin nó níos mó le haghaidh státseirbhíseach i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, nó go mbreathnófaí orthu faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, mar chomhionann leis na tréimhsí sin, ní chuirfidh institiúid inniúil an Stáit sin san áireamh ach na tréimhsí ar féidir a aithint faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm. Mura sásaíonn an duine na coinníollacha maidir leis na sochar sin a fháil, tar éis na tréimhsí a chuirtear isteach ar an gcaoi sin a chur san áireamh, cuirfear na tréimhsí sin san áireamh chun sochair a dhámhachtain faoin scéim ghinearálta nó, murach sin an scéim is infheidhme d’oibrithe láimhe nó cléireachais, de réir mar is cuí.
3.
I gcás, faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina ríomhtar sochair faoi scéim speisialta le haghaidh státseirbhíseach ar bhonn an tuarastail nó na dtuarastal is deireanaí a fuarthas le linn tréimhse tagartha, cuirfidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun críocha na ríomhaireachta, na tuarastail sin san áireamh, agus iad athluacháilte mar is cuí, a fuarthas le linn na tréimhse nó na dtréimhsí a raibh an duine i gceist faoi réir na reachtaíochta lena n‑aghaidh.
CAIBIDIL 6
SOCHAIR DHÍFHOSTAÍOCHTA
Airteagal SSC.54
Forálacha speisialta maidir le comhiomlánú tréimhsí árachais,
fostaíocht nó féinfhostaíocht
1.
Institiúid inniúil Ríocht na Spáinne i gcás ina gcuireann reachtaíocht Ríocht na Spáinne de choinníoll le fáil, coinneáil, aisghabháil nó fad an chirt chun sochar nach mór tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a bheith curtha isteach nó institiúid inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina gcuireann reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de choinníoll le fáil, coinneáil, aisghabháil nó fad an chirt chun sochar nach mór tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a bheith curtha isteach, déanfaidh an institiúid sin, a oiread is gá, tréimhsí árachais, nó fostaíochta nó féinfhostaíochta a chuirtear isteach faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne faoi seach a chur san áireamh amhail is gur cuireadh isteach iad faoin reachtaíocht a chuireann sé i bhfeidhm.
I gcás ina gcuireann an reachtaíocht is infheidhme de choinníoll leis an gceart chun sochar go mbeadh tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta curtha isteach, ní chuirfear san áireamh tréimhsí den sórt sin a chuirtear isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, mura measfaí gur tréimhsí árachais iad na tréimhsí sin amhail is dá gcuirfí isteach iad i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.
2.
Beidh cur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal de réir an choinníll gur chuir an duine lena mbaineann na tréimhsí seo a leanas isteach le déanaí, i gcomhréir leis an reachtaíocht faoina n-éilítear na sochair:
(a)
tréimhsí árachais, má bhíonn tréimhsí árachais, ina gceangal faoin reachtaíocht sin;
(b)
tréimhsí fostaíochta, má bhíonn tréimhsí fostaíochta ina gceangal faoin reachtaíocht sin;
(c)
tréimhsí féinfhostaíochta, má bhíonn tréimhsí féinfhostaíochta ina gceangal faoin reachtaíocht sin.
Airteagal SSC.55
Sochair dhífhostaíochta a ríomh
1.
I gcás ina mbeidh ríomh na sochar dífhostaíochta bunaithe ar mhéid an tuarastail roimhe sin nó an ioncaim ghairmiúil roimhe sin a bhí ag an duine lena mbaineann, cuirfidh Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, san áireamh an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a fuair an duine lena mbaineann bunaithe go heisiach ar a ghníomhaíocht dheireanach mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, atá inniúil.
2.
I gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil agus ina ndéantar foráil sa reachtaíocht a chuireann Ríocht na Spáinne i bhfeidhm maidir le tréimhse thagartha shonrach chun an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a úsáideadh chun an méid sochair a ríomh a chinneadh, agus go raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, don tréimhse thagartha sin ar fad nó do chuid di, ní chuirfidh Ríocht na Spáinne san áireamh ach an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a fuarthas le linn a ghníomhaíochta deiridh mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe faoin reachtaíocht sin. I gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil agus ina ndéantar foráil sa reachtaíocht a chuireann an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i bhfeidhm maidir le tréimhse thagartha shonrach chun an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a úsáideadh chun an méid sochair a ríomh a chinneadh, agus go raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i ndáil le Giobráltar, ní chuirfidh an Ríocht Aontaithe san áireamh ach an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a fuarthas le linn a ghníomhaíochta deiridh mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe faoin reachtaíocht sin.
Airteagal SSC.56
Daoine dífhostaithe a raibh cónaí orthu i Ríocht na Spáinne,
i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil,
nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil
1.
Maidir le daoine a thagann chun bheith dífhostaithe go hiomlán, go páirteach nó go treallach agus le linn a ngníomhaíochta deiridh mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i nGiobráltar, a raibh cónaí orthu i Ríocht na Spáinne agus a leanann de bheith ina gcónaí i Ríocht na Spáinne, cuirfidh siad iad féin ar fáil do na seirbhísí fostaíochta i nGiobráltar. Gheobhaidh siad sochair i gcomhréir le reachtaíocht Ghiobráltar amhail is dá mbeadh cónaí orthu ann. Soláthróidh institiúid Ghiobráltar na sochair sin.
Maidir le daoine a thagann chun bheith dífhostaithe go hiomlán, go páirteach nó go treallach agus le linn a ngníomhaíochta deiridh mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i Ríocht na Spáinne, a raibh cónaí orthu i nGiobráltar agus a leanann de bheith ina gcónaí i nGiobráltar, cuirfidh siad iad féin ar fáil do na seirbhísí fostaíochta i Ríocht na Spáinne. Gheobhaidh siad sochair i gcomhréir le reachtaíocht Ríocht na Spáinne amhail is dá mbeadh cónaí orthu inti. Soláthróidh institiúid Ríocht na Spáinne na sochair sin.
D’fhéadfadh sochair dhífhostaíochta a bheith iníoctha i gcnapshuim.
2.
Féadfaidh daoine atá dífhostaithe go hiomlán, mar chéim chomhlántach iad féin a chur ar fáil do sheirbhísí fostaíochta inniúla Ríocht na Spáinne má tá siad ina gcónaí i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar má tá siad ina gcónaí i nGiobráltar.
Maidir le daoine atá dífhostaithe go hiomlán a shaothraigh a ghníomhaíocht dheireanach mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i nGiobráltar agus a bhfuil cónaí orthu i Ríocht na Spáinne, nó a shaothraigh a ghníomhaíocht dheireanach mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i Ríocht na Spáinne agus a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar, féadfaidh siad cur isteach ar aon sochar dífhostaíochta forlíontach ina theannta sin a d’fhéadfadh a bheith ar fáil faoi reachtaíocht na Spáinne, amhail is go raibh siad faoi réir na reachtaíochta sin le linn a dtréimhse gníomhaíochta is déanaí nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, amhail is go raibh siad faoi réir na reachtaíochta sin le linn a dtréimhse gníomhaíochta is déanaí.
3.
Maidir le daoine dá dtagraítear i mír 2 atá cláraithe mar dhaoine atá ar lorg oibre le seirbhísí fostaíochta inniúla Ríocht na Spáinne i gcás ina bhfuil cónaí orthu i Ríocht na Spáinne nó seirbhísí fostaíochta inniúla Ghiobráltar i gcás ina bhfuil cónraí orthu i nGiobráltar, beidh siad faoi réir an nós imeachta a eagraítear i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, de réir mar a bheidh, agus cloífidh siad leis na coinníollacha a leagtar síos faoin reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne i gcás ina bhfuil cónaí orthu i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar i gcás ina bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar. A mhéid a bheidh an duine sin cláraithe fós mar dhuine atá ag lorg oibre in áit a ngníomhaíochta is deireanaí, comhlíonfaidh an duine sin na hoibleagáidí is infheidhme.
4.
Glacfaidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na socruithe is gá chun an Airteagal seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir le híocaíochtaí cnapshuime i gcás inarb infheidhme, chomh maith leis na socruithe i dtaca le malartú faisnéise, comhar agus cúnamh frithpháirteach idir institiúidí agus seirbhísí Ríocht na Spáinne, agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
Maidir le malartú faisnéise, an doiciméadacht faoi na tréimhsí árachais agus sochair, éascófar iad sin ag institiúid inniúil na háite fostaíochta go héifeachtach agus gan moill mhíchuí, ionas nach ndéanfar difear maidir leis na sochair a aithint, a chothú, a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a atosú.
CAIBIDIL 7
SOCHAIR RÉAMHSCOIR
Airteagal SSC.57
Sochair
Nuair a chuireann an reachtaíocht is infheidhme de choinníoll leis an gceart chun sochar réamhscoir go mbeadh tréimhsí árachais nó fostaíochta curtha isteach, ní bheidh feidhm ag Airteagal SSC.7.
CAIBIDIL 8
SOCHAIR THEAGHLAIGH
Airteagal SSC.58
Baill den teaghlach a bhfuil cónaí orthu i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar
1.
Beidh duine a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis, i dteideal sochar teaghlaigh i gcomhréir le reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, lena n‑áirítear maidir le baill dá dteaghlach a bhfuil cónaí orthu i nGiobráltar amhail is dá mbeadh cónaí orthu i Ríocht na Spáinne.
2.
Beidh duine a bhfuil feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis, i dteideal sochar teaghlaigh i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, lena n‑áirítear maidir le baill dá dteaghlach a bhfuil cónaí orthu i Ríocht na Spáinne amhail is dá mbeadh cónaí orthu i nGiobráltar.
3.
Maidir le pinsinéirí a bhfuil cónaí orthu i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, beidh siad i dteideal sochar teaghlaigh, do bhaill dá dteaghlaigh a bhfuil cónaí orthu faoi seach i nGiobráltar nó i Ríocht na Spáinne, i gcomhréir leis an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid atá inniúil dá bpinsean.
Airteagal SSC.59
Rialacha tosaíochta i gcás forluí
1.
I gcás, le linn na tréimhse céanna agus do na baill den teaghlach céanna, ina soláthraítear sochair faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, beidh feidhm ag na rialacha tosaíochta a leanas:
(a)
i gcás sochar atá iníoctha ag Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, araon ar bhonn difriúil, beidh an t‑ord tosaíochta mar a leanas: ar an gcéad dul síos, cearta atá ar fáil ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, ar an dara dul síos, cearta atá ar fáil ar bhonn pinsean a fháil agus sa deireadh, cearta a fhaightear ar bhonn cónaithe;
(b)
i gcás sochar atá iníoctha ag Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, araon, ar an mbonn céanna, bunófar an t‑ord tosaíochta trí thagairt a dhéanamh do na fochritéir a leanas:
(i)
i gcás cearta a bheith ar fáil ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, déantar foráil maidir le háit chónaithe na leanaí, ar choinníoll go bhfuil gníomhaíocht den sórt sin i gceist, agus ina theannta sin, i gcás inarb iomchuí, an méid sochar is mó, leis na reachtaíochtaí atá ar neamhréir. Sa chás deiridh sin, roinnfear costas na sochar i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta;
(ii)
i gcás cearta a bheith ar fáil ar bhonn pinsin a fháil: áit chónaithe na leanaí, ar choinníoll go bhfuil pinsean iníoctha faoina reachtaíocht, agus ina theannta sin, i gcás inarb iomchuí, an tréimhse árachais nó cónaithe is faide faoi na sraitheanna reachtaíochta atá ar neamhréir.
2.
I gcás teidlíochtaí forluiteacha, cuirfear sochair theaghlaigh ar fáil i gcomhréir leis an reachtaíocht a n‑aithnítear tosaíocht a bheith aici i gcomhréir le mír 1. I dtaca le teidlíochtaí chun sochar teaghlaigh de bhua na reachtaíochta eile atá ar neamhréir, cuirfear ar fionraí na teidlíochtaí sin suas go dtí an méid dá bhforáiltear sa chéad reachtaíocht, agus cuirfear ar fáil forlíonadh difreálach, más gá, i dtaca leis an tsuim is mó ná an méid sin. Mar sin féin, ní gá forlíonadh difreálach den sórt sin a sholáthar i gcás ina bhfuil an teidlíocht ar shochair atá i gceist bunaithe ar áit chónaithe amháin.
3.
Má chuirtear, faoi Airteagal SSC.57, iarratas ar shochair theaghlaigh faoi bhráid na hinstitiúide inniúla i Ríocht na Spáinne, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, ach nach de réir tosaíochta é i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo:
(a)
cuirfidh an institiúid an t‑iarratas ar aghaidh chuig an institiúid inniúil i Ríocht na Spáinne, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme de réir tosaíochta, nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme de réir tosaíochta, agus cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas agus, gan dochar d’fhorálacha na hIarscríbhinne a bhaineann le dámhachtain sealadach sochar, soláthróidh sí, más gá, an forlíonadh difreálach a luaitear i mír 2;
(b)
déanfaidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme de réir tosaíochta, nó institiúid inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme de réir tosaíochta, plé leis an iarratas sin amhail is dá mba go díreach chuici féin a cuireadh isteach é, agus glacfar leis an dáta ar cuireadh an t-iarratas sin faoi bhráid na chéad institiúide mar dháta a éilimh leis an institiúid tosaíochta.
Airteagal SSC.60
Soláthar sochar
I gcás nach n‑úsáidfidh an duine ar cheart sochair theaghlaigh a sholáthar dó nó di na sochair sin chun na baill den teaghlach a chothabháil, comhlíonfaidh an institiúid inniúil a hoibleagáidí dlíthiúla trí na sochair sin a sholáthar don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach a mbeidh na daoine den teaghlach á gcothabháil aige nó aici dáiríre, arna iarraidh sin d’institiúid na háite cónaithe i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, nó tríd an institiúid sin, nó arna iarraidh sin don institiúid nó don chomhlacht ainmnithe arna ceapadh nó arna cheapadh chun na críche sin ag údarás inniúil na háite cónaithe, nó tríd an institiúid sin nó tríd an gcomhlacht sin i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar.
Airteagal SSC.61
Forálacha breise
1.
Más amhlaidh, faoin reachtaíocht arna hainmniú de bhua Airteagail SSC.57 agus SSC.58, nach bhfaightear aon cheart go n‑íocfar sochair teaghlaigh bhreise nó speisialta do dhílleachtaí, íocfar sochair den sórt sin trí réamhshocrú, agus sa bhreis ar shochair theaghlaigh eile i gcomhréir leis an reachtaíocht thuasluaite, faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás ina raibh an t‑oibrí éagtha faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne ar feadh na dtréimhsí ab fhaide, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina raibh an t‑oibrí éagtha faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar feadh na dtréimhsí ab fhaide, a mhéid a fuarthas an ceart faoin reachtaíocht sin. Mura bhfuarthas aon cheart faoin reachtaíocht sin, déanfar na coinníollacha chun ceart den sórt sin a fháil faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás nach bhfuarthas aon cheart faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás nach bhfuarthas aon cheart faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, a scrúdú agus sochair a sholáthar in ord íslitheach fhad na dtréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i gcás nach bhfuarthas aon cheart faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás nach bhfuarthas aon cheart faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne.
2.
Déanfar sochair a íoctar i bhfoirm pinsean nó forlíontaí a chur ar fáil agus a ríomh i gcomhréir le Caibidil 5.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA
Airteagal SSC.62
Comhar
1.
Tabharfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine maidir le haon athrú ar a reachtaíocht maidir leis na brainsí den tslándáil shóisialta a chumhdaítear le hAirteagal SSC.4 atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dó.
2.
Mura gceanglaítear leis an bPrótacal seo faisnéis den sórt sin a chur in iúl don Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine, cuirfidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, in iúl dá chéile bearta a ghlactar chun an Prótacal seo a chur chun feidhme nach dtugtar fógra ina leith faoi mhír 1 agus atá ábhartha do chur chun feidhme an Phrótacail seo.
3.
Chun críocha an Phrótacail seo, tabharfaidh údaráis agus institiúidí Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cúnamh dá chéile agus gníomhóidh siad amhail is dá mbeidís ag cur chun feidhme a gcuid reachtaíochta féin. An cúnamh riaracháin a thabharfaidh na húdaráis agus na hinstitiúidí sin, beidh sé saor in aisce, de ghnáth. Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine cineál na gcaiteachas inaisíoctha agus na teorainneacha a bhfuil a n-aisíoc dlite os a gcionn a shuí áfach.
4.
Féadfaidh údaráis agus institiúidí Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun críocha an Teidil seo, cumarsáid a dhéanamh go díreach le chéile agus leis na daoine atá i gceist nó lena n‑ionadaithe.
5.
Beidh dualgas faisnéise frithpháirtí agus comhair fhrithpháirtigh ar na hinstitiúidí agus na daoine a chumhdaítear leis an bPrótacal seo lena áirithiú go gcuirfear an Prótacal seo chun feidhme i gceart. Cinnfear le Socrú Riaracháin idir na húdaráis lena mbaineann go díreach, de chuid Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na hacmhainní agus nósanna imeachta chun dualgas comhar a dhéanamh maidir le doiciméadacht a eisiúint, malartú faisnéise, coinbhleachtaí a réiteach, agus éilimh a chur isteach agus a shocrú.
Déanfaidh na hinstitiúidí, i gcomhréir le prionsabal an dea-riaracháin, gach ceist a fhreagairt laistigh de thréimhse réasúnta ama agus i ndáil leis sin cuirfidh siad aon fhaisnéis ar fáil do na daoine lena mbaineann atá riachtanach chun na cearta arna mbronnadh orthu leis an bPrótacal seo a fheidhmiú.
Cuirfidh na daoine lena mbaineann institiúidí inniúla Ríocht na Spáinne, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus institiúidí na háite cónaithe, ar an eolas chomh luath is féidir faoi aon athrú ar a staid phearsanta nó teaghlaigh a mbíonn éifeacht aige ar a gceart chun sochair a fháil faoin bPrótacal seo.
6.
Mura gcloífear le hoibleagáid na faisnéise dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 5, féadfar bearta comhréireacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. D’ainneoin sin, beidh na bearta sin comhionann leis na bearta is infheidhme i gcásanna comhchosúla faoin dlí náisiúnta agus ní bheidh sé dodhéanta nó thar a bheith deacair do na héilithe na cearta a mbronntar orthu leis an bPrótacal seo, a fheidhmiú go praiticiúil mar thoradh orthu.
7.
I gcás deacrachtaí maidir leis an bPrótacal seo a léiriú nó a chur i bhfeidhm a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chearta duine a chumhdaítear leis, déanfaidh an institiúid inniúil nó institiúid na háite cónaithe dul i dteagmháil leis an institiúid nó leis na hinstitiúidí de chuid Ríocht na Spáinne, i gcás a bhaineann le Ríocht na Spáinne, nó i dteagmháil leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar. Mura féidir teacht ar réiteach laistigh de thréimhse réasúnta, féadfaidh Páirtí a iarraidh comhairliúcháin a reáchtáil faoi chuimsiú an Choiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine.
8.
Ní fhéadfaidh údaráis, institiúidí ná binsí Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, iarratais ná doiciméid eile a chuirtear faoina mbráid a dhiúltú ar an bhforas go bhfuil siad scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais, lena n‑áirítear i mBéarla.
Airteagal SSC.63
Próiseáil sonraí
1.
Úsáidfidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, teicneolaíochtaí nua de réir a chéile chun na sonraí is gá chun an Prótacal seo a chur i bhfeidhm a mhalartú, a rochtain agus a phróiseáil.
2.
Beidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, freagrach as a gcuid féin de na seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú.
3.
Maidir le doiciméad leictreonach arna sheoladh nó arna eisiúint ag institiúid i gcomhréir leis an bPrótacal seo, leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus leis an gComhshocraíocht Riaracháin, ní fhéadfaidh aon údarás ná institiúid de chuid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an doiciméad sin a dhiúltú ar an bhforas go bhfuarthas é trí mheán leictreonach, chomh fada is a dhearbhaigh an institiúid ghlactha go bhféadfaidh sí doiciméid leictreonacha a fháil. Measfar maidir le cóipeáil agus taifeadadh na ndoiciméad sin gur cóip cheart agus chruinn í den doiciméad bunaidh nó gur léiriú ceart agus cruinn é ar an bhfaisnéis lena mbaineann sé, ach amháin más ann do chruthúnas dá mhalairt.
4.
Measfar doiciméad leictreonach a bheith bailí má bhíonn na cosaintí is gá chun aon athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe ar an taifeadadh a chosc, ar an gcóras ríomhaire ar a bhfuil an doiciméad taifeadta. Beifear in ann uair ar bith an doiciméad taifeadta a chóipeáil i bhfoirm a bheadh inléite láithreach.
Airteagal SSC.64
Díolúintí
1.
Déanfar aon díolúine ó chánacha, ó dhleacht stampa, ó tháillí nótaire nó clárúcháin dá bhforáiltear faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i leith deimhnithe nó doiciméad a cheanglaítear a thabhairt ar aird le linn reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoi seach, a leathnú chuig deimhnithe nó doiciméid dá samhail is gá a thabhairt ar aird le linn reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhforáiltear an díolúine faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, nó an Phrótacail seo a chur i bhfeidhm.
2.
Gach ráiteas, doiciméad agus deimhniú de chineál ar bith a cheanglaítear a thabhairt ar aird chun an Prótacal seo a chur i bhfeidhm, díolmhófar é ó fhíorú ag údaráis taidhleoireachta nó consalachta.
Airteagal SSC.65
Éilimh, dearbhuithe nó achomhairc
Aon éileamh, dearbhú nó achomharc ar cheart a bheith curtha faoi bhráid údaráis, institiúide nó binse de chuid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, laistigh de thréimhse shonraithe, i bhfeidhmiú reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, beidh sé inghlactha má chuirtear faoi bhráid údaráis, institiúide nó binse chomhréire de chuid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, laistigh den tréimhse chéanna. Sa chás sin déanfaidh an t‑údarás, institiúid nó binse a fhaigheann an t‑éileamh, an dearbhú nó an t-achomharc é a chur ar aghaidh gan mhoill chuig údarás inniúil, institiúid nó binse Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go díreach nó trí na húdaráis inniúla lena mbaineann. Déanfar an dáta ar ar cuireadh na héilimh, na dearbhuithe nó na hachomhairc sin faoi bhráid údarás, institiúid nó binse Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a mheas mar an dáta ar cuireadh faoi bhráid an údaráis inniúil, na hinstitiúide nó an bhinse iad.
Airteagal SSC.66
Scrúduithe leighis
1.
Institiúid áit fanachta nó chónaithe an duine atá i dteideal sochar, faoi na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, féadfaidh sí scrúduithe leighis dá ndéantar foráil le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a dhéanamh ar chríoch Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, ar iarratas na hinstitiúide inniúla.
2.
Maidir leis na scrúduithe leighis a dhéanfar faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1, measfar gur cuireadh i gcrích iad ar chríoch Ríocht na Spáinne nó ar chríoch Ghiobráltar.
Airteagal SSC.67
Ranníocaíochtaí a bhailiú agus sochair a aisghabháil
1.
Féadfar bailiú ranníocaíochtaí atá dlite d’institiúid de chuid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus aisghabháil sochar arna gcur ar fáil ag institiúid de chuid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ach nach bhfuil dlite a chur i gcrích i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na ráthaíochtaí agus na pribhléidí is infheidhme maidir le bailiú ranníocaíochtaí atá dlite d’institiúid chomhfhreagrach an dara Stát agus aisghabháil sochar arna gcur ar fáil aige nach bhfuil dlite.
2.
Cinntí infhorfheidhmithe na n‑údarás breithiúnach agus riaracháin maidir le bailiú ranníocaíochtaí, úis agus aon mhuirear eile nó aisghabháil sochar arna gcur ar fáil faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ach nach bhfuil dlite fúithi, déanfar iad a aithint agus a fhorfheidhmiú ar iarratas na hinstitiúide inniúla i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, laistigh de theorainneacha na nósanna imeachta a leagtar síos leis an reachtaíocht agus i gcomhréir leo agus i gcomhréir le haon nós imeachta eile is infheidhme maidir le cinntí comhchosúla an dara Stát. Dearbhófar na cinntí sin mar infhorfheidhmithe i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, a mhéid a cheanglaítear sin faoin reachtaíocht agus aon nós imeachta eile de chuid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
3.
Maidir le héilimh ag institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás imeachtaí forfheidhmithe, féimheachta nó socraíochta i Ríocht na Spáinne, i gcás éileamh ó institiúid de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó i nGiobráltar, i gcás éileamh ó institiúid de chuid Ríocht na Spáinne, beidh na pribhléidí céanna ag gabháil leo is a thugtar le reachtaíocht an dara Stát d’éilimh den chineál céanna.
4.
Déanfar an nós imeachta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, lena n‑áirítear aisíoc costas, a rialú leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhordú na Slándála Sóisialta nó, i gcás inar gá agus mar bheart comhlántach, trí bhíthin socruithe riaracháin idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
Airteagal SSC.68
Cearta institiúidí
1.
Má fhaigheann duine sochair faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, i dtaobh díobhála de thoradh imeachtaí a tharla i nGiobráltar, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i dtaobh díobhála de thoradh imeachtaí a tharla i Ríocht na Spáinne, i dtaca le haon cheart a bhíonn ag an institiúid atá freagrach as sochair a sholáthar i gcoinne tríú páirtí atá dlite chun cúiteamh a dhéanamh ar an díobháil, rialófar an ceart sin faoi na rialacha seo a leanas:
(a)
i gcás ina seachaítear an Institiúid atá freagrach as na sochair a chur ar fáil, faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, sna cearta atá ag an tairbhí i gcoinne an tríú páirtí, aithneoidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an tseachaíocht sin;
(b)
i gcás ina bhfuil ceart díreach ag an institiúid atá freagrach as sochair a chur ar fáil i gcoinne an tríú páirtí, aithneoidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na cearta sin.
2.
Má fhaigheann duine sochair faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne i dtaobh díobhála de thoradh imeachtaí a tharla i nGiobráltar, nó faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i dtaobh díobhála de thoradh imeachtaí a tharla i Ríocht na Spáinne, beidh feidhm ag forálacha na reachtaíochta sin lena sainítear na cásanna ina bhfuil dliteanas sibhialta fostóirí nó a bhfostaithe le heisiamh maidir leis an duine sin nó an institiúid inniúil.
Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le haon cheart atá ag an institiúid atá freagrach as sochair a chur ar fáil in aghaidh fostóirí nó a gcuid fostaithe i gcásanna nach bhfuil a ndliteanas eisiata.
3.
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagail SSC.27(3) agus SSC.33(2), go bhfuil Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó a n‑údaráis inniúla tar éis comhaontú a thabhairt i gcrích chun aisíoc eatarthu a tharscaoileadh, nó, i gcás nach mbraitheann an aisíoc ar mhéid na sochar a chuirtear ar fáil iarbhír, beidh aon cheart a eascraíonn i gcoinne tríú páirtí faoi dhliteanas faoi rialú ag na rialacha seo a leanas:
(a)
i gcás ina ndeonaíonn institiúid Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an áit chónaithe nó fanachta i Ríocht na Spáinne, nó institiúid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil an áit chónaithe nó fanachta i nGiobráltar, sochair do dhuine i dtaobh díobhála a tharla ina críoch, feidhmeoidh an institiúid sin, i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta a chuireann sí i bhfeidhm, an ceart chun seachaíochta nó gníomh díreach i gcoinne an tríú páirtí atá dlite chun cúiteamh a sholáthar le haghaidh na díobhála;
(b)
chun fomhír (a) a chur i bhfeidhm:
(i)
déanfar an duine a gheobhaidh sochair a mheas mar bheith árachaithe le hinstitiúid na háite cónaithe nó fanachta, agus
(ii)
déanfar an institiúid a mheas mar an institiúid atá freagrach as sochair a sholáthar;
(c)
beidh feidhm ag mír 1 agus 2 fós maidir le haon sochar nach bhfuil cumhdaithe leis an gcomhaontú tarscaoilte nó aisíocaíocht nach mbraitheann ar mhéid na sochar ar chuirtear ar fáil i ndáiríre.
Airteagal SSC.69
Reachtaíocht a chur chun feidhme
Tagraítear in Iarscríbhinn SSC-4 d’fhorálacha speisialta chun an reachtaíocht is infheidhme i Ríocht na Spáinne agus sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a chur chun feidhme.
TEIDEAL V
FORÁLA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal SSC.70
Cearta daoine aonair a chosaint
1.
Cinnteoidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe i comhréir lena ndlíchóras náisiúnta go mbeidh feidhm dlí ag forálacha an Phrótacail maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta, go díreach nó trí reachtaíocht náisiúnta trína dtabharfar éifeacht do na forálacha sin, ionas gur féidir le daoine dlítheanacha nó nádúrtha na forálacha sin arna lua a agairt os comhair cúirteanna, binsí agus údaráis riaracháin náisiúnta.
2.
Áiritheoidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na modhanna do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha chun a gcearta a chosaint go héifeachtach faoin bPrótacal seo, amhail an fhéidearthacht chun gearáin a chur faoi bhráid comhlachtaí riaracháin nó caingean dlí a thabhairt os comhair cúirt nó binse inniúil i nós imeachta breithiúnach iomchuí, d’fhonn leigheas leordhóthanach tráthúil a lorg.
Airteagal SSC.71
Foráil idirthréimhseach
1.
Ní bhfaighfear aon cheart de bhun an Phrótacail seo in aghaidh na tréimhse roimh dháta chur i bhfeidhm na tréimhse.
2.
Déanfar aon tréimhse árachais agus, más iomchuí, aon tréimhse fostaíochta nó féinfhostaíochta a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, roimh dháta chur i bhfeidhm an Phrótacail seo, a chur san áireamh chun cearta a fuarthas faoin bPrótacal seo a chinneadh.
3.
Faoi réir mhír 1, gheofar ceart faoin bPrótacal seo fiú má bhaineann sé le teagmhas a d'éirigh roimh dháta a chur i bhfeidhm.
4.
Aon sochar nár dámhadh nó a cuireadh ar fionraí mar gheall ar náisiúntacht nó áit chónaithe an duine lena mbaineann, déanfar é, arna iarraidh sin don duine sin, a sholáthar nó a atosú le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an Phrótacail seo, ar choinníoll nach raibh íocaíocht chnapshuime mar thoradh ar na cearta ar soláthraíodh sochair ina leith roimhe sin.
5.
Féadfar cearta duine dá soláthraíodh pinsean roimh dháta chur i bhfeidhm an Phrótacail seo i Ríocht na Spáinne nó sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a athbhreithniú, arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, agus an Prótacal seo á chur san áireamh.
6.
Má chuirtear iarraidh isteach dá dtagraítear i mír 4 nó i mír 5 laistigh de 2 bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Phrótacail seo, beidh éifeacht ag na cearta a fuarthas i gcomhréir leis an bPrótacal seo ón dáta sin, agus ní fhéadfar reachtaíocht Ríocht na Spáinne, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh, maidir le forghéilleadh nó teorannú cearta, a agairt i gcoinne na ndaoine lena mbaineann.
7.
Má thíolacfar iarraidh dá dtagraítear i mír 4 nó i mír 5 tar éis dheireadh na tréimhse 2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Phrótacail seo, beidh éifeacht ag cearta nach bhfuil forghéillte nó nach bhfuil cosc ama orthu ón dáta a tíolacadh an iarraidh, faoi réir aon fhorála níos fabhraí faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne, nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de réir mar a bheidh.
Airteagal SSC.72
Leasuithe
Féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal seo a leasú.
________________
IARSCRÍBHINN 32
AIRLEACAIN ÍOCAÍOCHTAÍ COTHABHÁLA
AGUS LIÚNTAIS SPEISIALTA BREITHE AGUS UCHTÁLA
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL SCC.1(29)
I.
Airleacain íocaíochtaí cothabhála
RÍOCHT NA SPÁINNE
Airleacain íocaíochtaí cothabhála faoi Fhoraithne Ríoga 1618/2007 an 7 Nollaig 2007.
AN RÍOCHT AONTAITHE, I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
Neamhbhainteach.
II.
Liúntais speisialta breithe agus uchtála
RÍOCHT NA SPÁINNE
Neamhbhainteach.
AN RÍOCHT AONTAITHE, I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
Deontas máithreachais faoi Alt 11 de Ghníomh Slándála Sóisialta Ghiobráltar (Árachas) 1955.
________________
IARSCRÍBHINN 33
CÁSANNA INA nDÉANFAR AN RÍOMH PRO RATA
A THARSCAOILEADH NÓ NACH mBEIDH FEIDHM LEIS
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL SSC.45
Cuid 1
Cásanna ina ndéanfar an ríomh pro rata a tharscaoileadh
de bhun Airteagal 45(4) den Phrótacal
RÍOCHT NA SPÁINNE
Neamhbhainteach.
AN RÍOCHT AONTAITHE, I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
Neamhbhainteach.
Cuid 2
Cásanna ina bhfuil feidhm ag SSC.45(5) den Phrótacal
RÍOCHT NA SPÁINNE
Neamhbhainteach.
AN RÍOCHT AONTAITHE, I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
Neamhbhainteach.
________________
IARSCRÍBHINN 34
SOCHAIR AGUS COMHAONTUITHE
LENA gCEADAÍTEAR AIRTEAGAL SSC.47 A CHUR I bhFEIDHM
I.
Sochair dá dtagraítear in Airteagal 47(2)(a) den Phrótacal seo, a bhfuil a méid neamhspleách ar fhad na dtréimhsí árachais nó cónaithe a cuireadh isteach.
RÍOCHT NA SPÁINNE
Pinsin mharthanóra arna ndeonú faoi na scéimeanna ginearálta agus speisialta, ach amháin an Scéim Speisialta do Státseirbhísigh.
AN RÍOCHT AONTAITHE, I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
Liúntas méala marthanóra, liúntas tuismitheora baintrí agus pinsean marthanóra faoin Ghníomh Slándála Sóisialta Ghiobráltar (Scéim Sochar Fadtéarmach Oscailte) 1997 agus faoi Ghníomh Slándála Sóisialta Ghiobráltar (Sochair agus Scéim Fhadtéarmacha Dúnta) 1996.
Pinsean míthreorach agus sochar báis faoi Ghníomh Slándála Sóisialta Ghiobráltar (Árachas Díobhálacha Fostaíochta) 1952.
II.
Sochair dá dtagraítear in Airteagal 47(2)(b) den Phrótacal, a sainítear a méid ar bhonn tréimhse creidiúnaithe a measadh a bheith curtha isteach idir an dáta ar a tharla an riosca agus dáta níos deireanaí.
RÍOCHT NA SPÁINNE
Neamhbhainteach.
AN RÍOCHT AONTAITHE, I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
Neamhbhainteach.
III.
Comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 47(2)(b)(i) den Phrótacal chun cosc a chur leis an tréimhse chreidiúnaithe chéanna a chur san áireamh dhá uair nó níos mó:
Níl aon chomhaontú den sórt sin tugtha i gcrích.
_________________
IARSCRÍBHINN 35
FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM
REACHTAÍOCHT NA RÍOCHTA AONTAITHE,
I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR, NÓ NA SPÁINNE
(Airteagail SSC.44(3), SSC.49(1) agus SSC.69)
(Coibhéis Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán 883/2004)
RÍOCHT NA SPÁINNE
1.
Chun Airteagal SSC.45(1)(b)(i) den Phrótacal seo a chur chun feidhme, ní dhéanfar na blianta atá in easnamh ar an oibrí le haghaidh aois an phinsin nó aois scoir éigeantaigh a bhaint amach, mar a leagtar síos faoi Airteagal 31(4) den leagan comhdhlúite den Ley de Clases Pasivas del Estado (An Dlí maidir le Pinsinéirí Stáit), a chur san áireamh mar bhlianta seirbhíse iarbhír ach amháin más rud é go raibh an tairbhí, an tráth ar tharla an teagmhas a bhfuil pinsin éagumais nó pinsin bháis dlite ina leith, cumhdaithe le scéim speisialta Ríocht na Spáinne do státseirbhísigh nó go raibh gníomhaíocht á feidhmiú aige lena gceanglófaí go mbeadh an duine lena mbaineann áirithe faoi scéim speisialta an Stáit do státseirbhísigh, do na fórsaí armtha nó don bhreithiúnacht, dá mba rud é gur i Ríocht na Spáinne a bhíothas ag gabháil don ghníomhaíocht.
2.
(a)
Faoi Airteagal SSC.49(1)(c) den Phrótacal seo, déanfar ríomh Shochar teoiriciúil na Spáinne ar bhonn ranníocaíochtaí iarbhír an duine le linn na mblianta díreach roimh íoc na ranníocaíochta deireanaí le slándáil shóisialta na Spáinne. Más rud é, le linn bunmhéid an phinsin a ríomh, nach mór tréimhsí árachais agus/nó cónaithe faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a chur san áireamh, is é an bonn ranníocaíochta i Ríocht na Spáinne is gaire ó thaobh ama de do na tréimhsí tagartha a úsáidfear do na tréimhsí réamhluaite sin, agus forbairt an innéacs praghsanna do thomhaltóirí á cur san áireamh.
(b)
Méadófar méid an phinsin a fuarthas de réir méid na méaduithe agus na n-athluachálacha a ríomhfar do gach bliain ina dhiaidh sin do phinsin den chineál céanna.
3.
Tréimhsí a cuireadh isteach i nGiobráltar nach mór a ríomh sa scéim speisialta do státseirbhísigh, do na fórsaí armtha agus don riarachán breithiúnach, déileálfar leo, chun críocha Airteagal SSC.49 den Phrótacal seo, ar an gcaoi chéanna a dhéileálfar leis na tréimhsí is gaire ó thaobh ama de a raibh cumhdach ann mar státseirbhíseach sa Spáinn.
4.
Na méideanna breise bunaithe ar aois dá dtagraítear sa Dara Foráil Idirthréimhseach den Dlí Ghinearálta maidir le Slándáil Shóisialta, beidh siad infheidhme maidir le tairbhithe uile an Phrótacail a raibh ranníocaíochtaí faoina n-ainmneacha acu faoi reachtaíocht na Spáinne roimh an 1 Eanáir 1967; ní fhéadfar, trí Airteagal SSC.6 den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm, chun na gcríoch seo agus chuige sin amháin, déileáil le tréimhsí árachais a creidiúnaíodh i nGiobráltar roimh an dáta réamhluaite amhail ranníocaíochtaí arna n‑íoc i Ríocht na Spáinne. Is é an dáta a fhreagróidh don 1 Eanáir 1967 ná an 1 Lúnasa 1970 le haghaidh na Scéime Speisialta do Mharaithe agus an 1 Aibreán 1969 le haghaidh na Scéime Slándála Sóisialta Speisialta do Ghualmhianadóireacht.
AN RÍOCHT AONTAITHE, I nDÁIL LE GIOBRÁLTAR
Níl aon fhoráil speisialta ann atá ábhartha, chun críocha na hIarscríbhinne seo, maidir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe a chur i bhfeidhm, i ndáil le Giobráltar.
_________________
IARSCRÍBHINN 36
IARSCRÍBHINN CUR CHUN FEIDHME
PRÓTACAL MAIDIR LE COMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL I
SAINMHÍNITHE
AIRTEAGAL SSCI.1
Sainmhínithe
1.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal SSC.1.
2.
De bhreis ar na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1,
(a)
ciallaíonn ‘pointe rochtana’ eintiteas a sholáthraíonn:
(i)
pointe teagmhála leictreonach;
(ii)
ródú uathoibríoch a bheidh bunaithe ar an seoladh; agus
(iii)
ródú cliste a bheidh bunaithe ar bhogearraí lena gcumasaítear seiceáil agus ródú uathoibríoch (mar shampla feidhm intleachta saorga) agus/nó idirghabháil an duine;
(b)
ciallaíonn ‘doiciméad’ tacar sonraí, is cuma cén meán a úsáidtear, atá struchtúraithe ar bhealach gurbh fhéidir é a mhalartú go leictreonach agus nach foláir a chur i bhfios chun go bhféadfaidh an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus an Iarscríbhinn seo feidhmiú;
(c)
ciallaíonn ‘comhlacht idirchaidrimh’ aon chomhlacht arna ainmniú ag údarás inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le haghaidh ceann amháin nó níos mó de bhrainsí na slándála sóisialta dá dtagraítear in Airteagal SSC.4 chun freagairt d’iarrataí ar fhaisnéis agus ar chúnamh chun críocha chur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus na hIarscríbhinne seo agus nach mór dó na cúraimí a shanntar dó faoi Theideal IV den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh;
(d)
ciallaíonn ‘Doiciméad Leictreonach Struchtúraithe’ aon doiciméad struchtúraithe i bhformáid arna dearadh le haghaidh malartú leictreonach faisnéise idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar;
(e)
ciallaíonn ‘tarchur trí mheán leictreonach’ tarchur sonraí dá mbaintear úsáid as trealamh leictreonach próiseála sonraí (lena n-áirítear comhbhrú digiteach) agus as sreanga, tarchur raidió, teicneolaíochtaí optúla nó aon mheán leictreamaighnéadach eile.
CAIBIDIL II
FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR AGUS MALARTUITHE SONRAÍ
AIRTEAGAL SSCI.2
Raon feidhme na malartuithe idir institiúidí agus rialacha do na malartuithe sin
1.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh na malairtí idir údaráis agus institiúidí Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus daoine a chuimsítear sa Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta bunaithe ar phrionsabail na seirbhíse poiblí, na héifeachtúlachta, an chúnaimh ghníomhaigh, an tseachadta mhear agus na hinrochtaineachta, lena n‑áirítear inrochtaineacht dhigiteach, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta.
2.
Soláthróidh nó malartóidh na hinstitiúidí, gan mhoill, na sonraí uile is gá chun cearta agus oibleagáidí na ndaoine a bhfuil feidhm ag an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta maidir leo a shuí agus a chinneadh. Déanfaidh na hinstitiúidí na sonraí a aistriú idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go díreach iad féin nó go hindíreach trí na comhlachtaí idirchaidrimh.
3.
I gcás ina ndéanfaidh duine, trí bhotún, faisnéis, doiciméid nó éilimh a chur faoi bhráid institiúide trasna na teorann i gcríoch Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ach nach í an institiúid ainmnithe i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, déanfaidh an chéad institiúid an fhaisnéis, na doiciméid nó na héilimh a chur athuair faoi bhráid na hinstitiúide atá ainmnithe i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, gan mhoill, ag sonrú di an dáta ar cuireadh faoina bráid i dtosach iad. Beidh an dáta sin ceangailteach ar an institiúid dheireanach a luadh. Ní féidir dliteanas a chur ar institiúidí Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ná ní mheasfar go ndearna siad cinneadh de bhua neamhghnímh áfach, mar gheall ar mhoill a bhí ar institiúidí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus institiúidí Ríocht na Spáinne, faoi seach, faisnéis, doiciméid nó éilimh a tharchur.
4.
I gcás ina ndéanfar na sonraí a aistriú go hindíreach trí chomhlacht idirchaidrimh an chinn scríbe, is ón dáta a fuair an comhlacht idirchaidrimh sin an t‑éileamh a thosóidh na teorainneacha ama maidir le freagairt a thabhairt ar éilimh, amhail is dá mba rud é gurbh í institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a fuair é.
AIRTEAGAL SSCI.3
Raon feidhme malartuithe idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitiúidí, agus na rialacha ina leith
1.
Áiritheoidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go gcuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil do na daoine lena mbaineann d’fhonn iad a chur ar an eolas faoi na hathruithe a thugtar isteach leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus leis an Iarscríbhinn seo chun a chumasú dóibh a gcearta a dhearbhú. Déanfaidh siad foráil freisin maidir le seirbhísí so-úsáidte a chur ar fáil.
2.
I ndáil leis na daoine a mbeidh feidhm ag an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta maidir leo, ceanglófar orthu an fhaisnéis, na doiciméid nó an fhianaise thacaíochta is gá a chur faoi bhráid na hinstitiúide ábhartha lena staid féin nó staid a dteaghlaigh a shuí, lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a shuí nó a choimeád ar bun agus leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis na hoibleagáidí atá orthu fúithi a chinneadh.
3.
A mhéid is gá chun an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus an Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, cuirfidh na hinstitiúidí ábhartha an fhaisnéis ar aghaidh chuig na hinstitiúidí ábhartha agus eiseoidh siad na doiciméid chuig na daoine lena mbaineann gan mhoill agus in aon chás laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, in ndáil le Giobráltar, cibé acu atá i gceist.
Tabharfaidh institiúid ábhartha Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, fógra faoina cinneadh don éilitheoir a bhfuil cónaí air nó atá ag fanacht i nGiobráltar nó i Ríocht na Spáinne, faoi seach, go díreach nó trí chomhlacht idirchaidrimh na háite cónaithe nó fanachta. Nuair a bheidh na sochair á ndiúltú, léireoidh sí freisin na cúiseanna a bhí leis an diúltú, na réitigh agus na tréimhsí a cheadaítear le haghaidh achomhairc. Seolfar cóip den chinneadh sin chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann.
AIRTEAGAL SSCI.4
Foirmeacha, doiciméid agus modhanna malartaithe sonraí
1.
Faoi réir mhír 2, comhaontóidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, struchtúr, inneachar agus formáid na bhfoirmeacha agus na ndoiciméad arna n‑eisiúint thar ceann Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun na hIarscríbhinne seo a chur chun feidhme.
2.
Ar feadh tréimhse eatramhach, a ndéanfaidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a dáta deiridh a chomhaontú, i ndáil le gach foirm agus gach doiciméad arna n‑eisiúint ag na hinstitiúidí inniúla san fhormáid a úsáidfear díreach sula dtiocfaidh an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta i bhfeidhm, beidh na foirmeacha agus doiciméid sin bailí chun críocha an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, leanfar dá n‑úsáid chun faisnéis a mhalartú idir institiúidí inniúla. Beidh gach foirm agus doiciméad den sórt sin a eisíodh roimh an tréimhse eatramhach sin agus lena linn bailí go dtí go rachaidh siad in éag nó go gcealófar iad. Áirítear leis na foirmeacha agus na doiciméid atá bailí i gcomhréir leis an mír seo doiciméid inaistrithe lena ndeimhnítear staid slándála sóisialta duine de réir mar is gá chun éifeacht a thabhairt don Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta.
3.
Féadfar tarchur sonraí idir na hinstitiúidí nó na comhlachtaí idirchaidrimh a dhéanamh trí Mhalartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta. Sa mhéid go malartófar na foirmeacha agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 trí mhalartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta, urramóidh siad na rialacha is infheidhme maidir leis an gcóras sin.
4.
I gcás ina ndéantar an tarchur sonraí idir institiúidí nó idir na comhlachtaí idirchaidrimh trí Mhalartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta, is ar Ríocht na Spáinne agus ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bheidh na costais lena mbaineann.
5.
I gcás nach ndéantar an tarchur sonraí idir institiúidí nó idir na comhlachtaí idirchaidrimh trí mhalartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta, bainfidh na hinstitiúidí ábhartha agus na comhlachtaí idirchaidrimh úsáid as na socruithe is iomchuí do gach cás, agus tabharfaidh siad tús áite, a mhéid is féidir, d’úsáid meán leictreonach.
6.
Ina gcumarsáid leis na daoine lena mbaineann, úsáidfidh na hinstitiúidí ábhartha na socruithe is iomchuí do gach cás agus tabharfaidh siad tús áite, a oiread agus is féidir, d’úsáid meán leictreonach.
AIRTEAGAL SSCI.5
Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta
a eisítear i Ríocht na Spáinne agus sa Ríocht Aontaithe
i ndáil le Giobráltar
1.
Doiciméid a eisíonn institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ina dtaispeántar staid an duine ó thaobh chur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus na hIarscríbhinne seo, agus fianaise thacaíochta ar eisíodh na doiciméid ar a bonn, glacfaidh institiúidí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne, faoi seach, leo fad is nach ndearna Ríocht na Spáinne nó an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu ar eisigh iad, na doiciméid sin a tharraingt siar ná a dhearbhú go bhfuil siad neamhbhailí.
2.
I gcás ina mbeidh amhras faoi bhailíocht doiciméid nó faoi chruinneas na bhfíoras a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, iarrfaidh an institiúid ábhartha a fuair an doiciméad an soiléiriú is gá ar an institiúid eisiúna agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sí go dtarraingeofaí siar an doiciméad. Déanfaidh an institiúid eisiúna athbhreithniú ar na forais chun an doiciméad a eisiúint agus, más gá, é a tharraingt siar.
3.
De bhun mhír 2, i gcás ina mbeidh amhras faoin bhfaisnéis a sholáthair na daoine lena mbaineann, faoi bhailíocht doiciméid nó faoin bhfianaise thacaíochta, nó faoi chruinneas na bhfíoras a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, déanfaidh institiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe, a mhéid is féidir, arna iarraidh sin don institiúid inniúil, an fíorú is gá ar an bhfaisnéis sin nó ar an doiciméad sin.
AIRTEAGAL SSCI.6
Reachtaíocht a chur i bhfeidhm go sealadach agus deonú sealadach sochar
1.
Mura bhforáiltear a mhalairt san Iarscríbhinn seo, i gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó údaráis Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le cinneadh ar an reachtaíocht is infheidhme, déanfar an duine lena mbaineann a chur go sealadach faoi réir reachtaíochta ceann díobh, agus an t‑ord tosaíochta á chinneadh mar a leanas:
(a)
reachtaíocht na háite ina bhfuil an duine ag gabháil dá chuid fostaíochta nó dá chuid féinfhostaíochta iarbhír, más in áit amháin atáthar ag gabháil don fhostaíocht nó don fhéinfhostaíocht;
(b)
reachtaíocht na háite cónaithe má tá an duine lena mbaineann ag gabháil dá chuid fostaíochta nó dá chuid féinfhostaíochta, i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar araon;
(c)
i ngach cás eile, reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu ar iarradh í a chur i bhfeidhm i dtús báire má tá an duine ag saothrú gníomhaíochta nó gníomhaíochtaí i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar.
2.
I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, maidir le cibé institiúid is ceart na sochair comhchineáil nó na sochair airgid a sholáthar, beidh an duine lena mbaineann a d’fhéadfadh sochair a éileamh mura raibh aon díospóid ann i dteideal, ar bhonn sealadach, na sochar dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann institiúid a áite cónaithe i bhfeidhm.
3.
I gcás ina suífear nach í reachtaíocht áit na ballraíochta sealadaí an reachtaíocht is infheidhme nó nárbh í an institiúid a dheonaigh na sochair ar bhonn sealadach an institiúid inniúil, measfar go mbeidh an institiúid a aithníodh mar institiúid inniúil amhlaidh go haisghníomhach amhail is nach raibh an éagsúlacht dearcaí seo ann, ar a dheireanaí, ó dháta na ballraíochta sealadaí nó ó dháta chéad dheonú sealadach na sochar lena mbaineann.
4.
Más gá, déanfaidh an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil agus an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach nó a fuair ranníocaíochtaí go sealadach staid airgeadais an duine lena mbaineann a shocrú maidir le ranníocaíochtaí agus sochair airgid a íocadh go sealadach, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Teideal IV den Iarscríbhinn seo.
Na sochair chomhchineáil a dheonaigh institiúid go sealadach i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid inniúil iad a aisíoc i gcomhréir le Teideal IV den Iarscríbhinn seo.
AIRTEAGAL SSCI.7
Sochair agus ranníocaíochtaí a ríomh go sealadach
1.
Mura ndéantar foráil dá mhalairt san Iarscríbhinn seo, i gcás ina mbeidh duine i dteideal sochar nó i gcás ina ndlífidh duine ranníocaíochtaí a íoc i gcomhréir leis an bPrótacal, agus nach bhfuil an fhaisnéis go léir is gá ag an institiúid inniúil maidir leis an staid i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil, nó i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil, chun méid an tsochair sin nó na ranníocaíochta sin a ríomh go críochnaitheach, dámhfaidh an institiúid an sochar sin nó ríomhfaidh sí an ranníocaíocht sin ar bhonn sealadach, arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, más féidir an ríomh sin a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil ag an institiúid sin.
2.
Déanfar an sochar nó an ranníocaíocht lena mbaineann a athríomh a luaithe a dhéanfar an fhianaise thacaíochta nó na doiciméid tacaíochta uile is gá a sholáthar don institiúid lena mbaineann.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA GINEARÁLTA EILE MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM
AN PHRÓTACAIL MAIDIR LE COMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA
AIRTEAGAL SSCI.8
Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidí
Féadfaidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó a n‑údaráis inniúla, comhaontú ar nósanna imeachta eile seachas na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an Iarscríbhinn seo, ar chuntar nach rachaidh na nósanna imeachta sin chun dochair do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann.
AIRTEAGAL SSCI.9
Forluí sochar a chosc
D’ainneoin forálacha eile sa Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, nuair a dhéanfar sochair atá dlite faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a laghdú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar go frithpháirteach, aon suim nach n-íocfaí i gcás chur i bhfeidhm dian na rialacha a bhaineann le laghdú, le fionraí nó le tarraingt siar arna leagan síos le reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu lena mbaineann, déanfar iad a roinnt ar líon na sochar a chuirtear faoi réir laghdú, fionraí nó tarraingt siar.
Airteagal SSCI.10
Comhiomlánú tréimhsí
1.
Chun críocha Airteagal SSC.7 a chur i bhfeidhm, rachaidh an institiúid inniúil i dteagmháil leis an institiúid a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta roimhe sin d’fhonn na tréimhsí go léir a cuireadh isteach faoina reachtaíocht a chinneadh.
2.
Déanfar na tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta faoi seach a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a chur leis na tréimhsí a comhlánaíodh faoi reachtaíocht aon Stáit eile, a mhéad is gá chun Airteagal SSC.7 a chur i bhfeidhm, ar chuntar nach bhforluífidh na tréimhsí sin.
3.
I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais a cuireadh isteach i gcomhréir le hárachas éigeantach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le tréimhse árachais a cuireadh isteach ar bhonn árachais shaorálaigh nó árachais leanúnaigh roghnaigh faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse a cuireadh isteach ar bhonn árachais éigeantaigh.
4.
I gcás ina dtagann tréimhse árachais seachas tréimhse choibhéiseach arna cur isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhthráth le tréimhse choibhéiseach ar bhonn reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse nach tréimhse choibhéiseach í.
5.
Aon tréimhse a mheastar a bheith coibhéiseach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, is í institiúid an Stáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta go héigeantach roimh an tréimhse sin, agus an institiúid sin amháin, a chuirfidh san áireamh í. I gcás nach raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, go héigeantach roimh an tréimhse sin, déanfaidh an institiúid a chuireann an reachtaíocht i bhfeidhm a raibh an duine lena mbaineann faoina réir go héigeantach den chéad uair tar éis na tréimhse sin, an tréimhse sin a chur san áireamh.
6.
I gcás nach bhféadfar an tráth inar cuireadh tréimhsí áirithe árachais isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a chinneadh go beacht, toimhdeofar nach bhforluíonn na tréimhsí sin le tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne, faoi seach, agus cuirfear san áireamh iad a mhéid is féidir aird a thabhairt orthu go réasúnta i gcás ina mbeidh buntáiste le breith as sin don duine lena mbaineann.
Airteagal SSCI.11
Rialacha maidir le tiontú tréimhsí
1.
I gcás ina ndéanfar tréimhsí a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a shloinneadh in aonaid atá difriúil ó na haonaid dá ndéantar foráil le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne, déanfar an tiontú is gá chun críche an chomhiomlánaithe faoi Airteagal SSC.7 a chur i gcrích faoi na rialacha seo a leanas:
(a)
is í an tréimhse a bheidh le húsáid mar bhonn don tiontú, an tréimhse arna cur i bhfios ag institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar faoina reachtaíocht a cuireadh isteach an tréimhse;
(b)
i gcás scéimeanna ina sloinntear na tréimhsí i laethanta, is i gcomhréir leis an tábla seo a leanas a ríomhfar an tiontú ó laethanta go haonaid eile agus vice versa, chomh maith le hathrú idir scéimeanna éagsúla bunaithe ar laethanta:
|
Scéim bunaithe ar
|
Is ionann 1 lá agus
|
Is ionann 1 seachtain agus
|
Is ionann 1 mhí agus
|
Is ionann 1 ráithe agus
|
Uasmhéid laethanta in 1 bhliain féilire amháin
|
|
5 lá
|
9 n-uaire an chloig
|
5 lá
|
22 lá
|
66 lá
|
264 lá
|
|
6 lá
|
8 n-uaire an chloig
|
6 lá
|
26 lá
|
78 lá
|
312 lá
|
|
7 lá
|
6 huaire an chloig
|
7 lá
|
30 lá
|
90 lá
|
360 lá
|
(c)
i gcás scéimeanna ina sloinntear na tréimhsí ina n-aonaid eile seachas ina laethanta,
(i)
beidh 3 mhí nó 13 seachtaine coibhéiseach le ráithe amháin, agus vice versa;
(ii)
beidh 1 bhliain amháin coibhéiseach le ceithre ráithe, 12 mhí nó 52 seachtain, agus vice versa;
(iii)
chun seachtainí a thiontú go míonna agus vice versa, déanfar seachtainí agus míonna a thiontú go laethanta i gcomhréir leis na rialacha maidir le tiontú na scéimeanna atá bunaithe ar 6 lá sa tábla i bhfomhír (b);
(d)
i gcás tréimhsí a shloinntear ina gcodáin, déanfar na figiúirí sin a thiontú go dtí an chéad slánuimhir eile is lú, agus na rialacha a leagtar síos i bhfomhíreanna (b) agus (c) á gcur i bhfeidhm. Maidir le codáin de bhlianta, déanfar iad a thiontú ina míonna, mura scéim atá bunaithe ar ráithí í an scéim lena mbaineann;
(e)
más codán d’aonad an toradh a bhíonn ar an tiontú faoin mír seo, glacfar an chéad slánuimhir eile is airde mar thoradh ar an tiontú faoin mír seo.
2.
Ní bheidh sé mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1 go mbeidh an líon iomlán, do mhéid iomlán na dtréimhsí a cuireadh isteach in 1 bhliain féilire amháin, is mó ná líon na laethanta a léirítear sa cholún deireanach atá sa tábla i mír 1(b), 52 seachtain, 12 mhí nó ceithre ráithe. Más ionann na tréimhsí a bheidh le tiontú agus uaslíon iomlán bliantúil na dtréimhsí faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inar cuireadh isteach iad, ní bheidh tréimhsí, laistigh de 1 bhliain féilire amháin, ar giorra iad ná uaslíon féideartha bliantúil na dtréimhsí dá bhforáiltear faoin reachtaíocht lena mbaineann, de thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1.
3.
Déanfar an tiontú mar oibríocht aonair amháin lena gcumhdófar na tréimhsí uile sin a cuireadh i bhfios mar chomhiomlán, nó déanfar le haghaidh gach bliana é, más ar bhonn bliain-ar-bhliain a cuireadh na tréimhsí i bhfios.
4.
I gcás ina gcuireann institiúid tréimhsí in iúl agus iad á sloinneadh i laethanta, léireoidh sí an tráth céanna más bunaithe ar 5 lá, 6 lá nó 7 lá atá an scéim atá á riar aici.
TEIDEAL II
AN REACHTAÍOCHT IS INFHEIDHME A CHINNEADH
Airteagal SSCI.12
Sonraí a bhaineann le hAirteagail SSC.11, SSC.12 agus SSC.13
1.
Chun críocha chur i bhfeidhm phointe (a) d’Airteagal SSC.11(1) agus (2), agus Airteagal SSC.12, tagraíonn na focail ‘gurb ann is iondúil a dhéanann sé a ghníomhaíochtaí’, d’fhostóir ar gnách dó gabháil do ghníomhaíochtaí substaintiúla, seachas do ghníomhaíochtaí nach bhfuil iontu ach gníomhaíochtaí inmheánacha bainistíochta, i gcríoch Ghiobráltar nó Ríocht na Spáinne ina bhfuil sé nó sí bunaithe, ag cur san áireamh na critéir go léir arb iad saintréithe na ngníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas lena mbaineann sé. Ní mór na critéir ábhartha a bheith oiriúnach do shaintréithe sonracha gach fostóra agus d’fhíorchineál na ngníomhaíochtaí a dhéantar.
2.
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.11(3) agus (4), tagraíonn na focail ‘gur mar dhuine féinfhostaithe is iondúil a ghabhann sé de ghníomhaíocht’, do dhuine ar gnách dó gníomhaíochtaí substaintiúla a dhéanamh i gcríoch Ghiobráltar nó Ríocht na Spáinne ina bhfuil an duine sin bunaithe. Go háirithe, ní mór don duine sin a bheith ag gabháil don ghníomhaíocht sin ar feadh tréimhse roimh an dáta ar mian leis buntáiste a bhaint as forálacha an Airteagail sin agus, le linn aon tréimhse gníomhaíochta sealadaí i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar faoi seach, ní mór dó leanúint de na ceanglais maidir le gabháil dá ghníomhaíocht a chomhlíonadh i nGiobráltar nó i Ríocht na Spáinne ina bhfuil sé bunaithe, ionas go mbeidh sé in ann í a shaothrú ar fhilleadh dó.
3.
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.11(3) agus (4), is é cineál iarbhír na gníomhaíochta an critéar lena gcinnfear an bhfuil an ghníomhaíocht a dtéann an duine féinfhostaithe ag gabháil de i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar ‘comhchosúil’ leis an ngníomhaíocht fhostaithe a dhéantar de ghnáth, seachas an t-ainmniú mar ghníomhaíocht fhostaithe nó fhéinfhostaithe a fhéadfaidh Ríocht na Spáinne nó Giobráltar, faoi seach, a thabhairt ar an ngníomhaíocht sin.
4.
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.13(2), déanfaidh duine ‘a shaothraíonn de ghnáth gníomhaíocht mar dhuine fostaithe i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar’, tagairt do dhuine a fheidhmíonn gníomhaíocht leithleach amháin nó níos mó go comhuaineach, nó go malartach, thar ceann an ghnóthais nó an fhostóra chéanna nó do ghnóthais nó fostóirí éagsúla i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar.
5.
Chun críocha chur i bhfeidhm Theideal II den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, tagróidh ‘oifig chláraithe nó áit ghnó’ don oifig chláraithe nó áit ghnó ina ndéantar cinntí bunriachtanacha an ghnóthais agus ina gcuirtear feidhmeanna a riaracháin lárnaigh i gcrích.
6.
Chun críocha Airteagal SSC.13(2) agus, maidir le ball fostaithe den fhoireann eitilte nó den fhoireann cábáin a ghabhann de ghnáth do sheirbhísí aerphaisinéirí nó aerlastais i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar, beidh sé faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ag brath ar an áit ina bhfuil an bhunáit suite.
7.
Tabharfar neamhaird ar ghníomhaíochtaí imeallacha chun críocha an reachtaíocht is infheidhme faoi Airteagal SSC.13 a chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal SSCI.15 le gach cás faoin Airteagal seo.
8.
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.13(3), déanfaidh duine ‘a shaothraíonn de ghnáth gníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar’ tagairt go háirithe do dhuine a shaothraíonn gníomhaíocht leithleach fhéinfhostaithe amháin nó níos mó, go comhuaineach nó go malartach, gan beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin, i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar.
9.
Chun idirdhealú a dhéanamh idir na gníomhaíochtaí faoi mhír 1 agus faoi mhír 4 agus na staideanna a shainítear in Airteagal SSC.11, gné chinntitheach a bheidh i ré na gníomhaíochta (bíodh sí de chineál buan, ad hoc nó sealadach) san áit chónaithe. Chun na gcríoch seo, déanfar measúnú foriomlán ar na fíorais ábhartha uile, lena n-áirítear go háirithe, i ndáil le duine fostaithe, an ait oibre mar a shainmhínítear sa chonradh oibre í.
10.
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.11, ciallóidh ‘cuid shubstaintiúil de ghníomhaíocht fhostaithe nó fhéinfhostaithe’ a shaothraítear i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar cuid shubstaintiúil ó thaobh cainníochta de ghníomhaíochtaí uile an duine fhostaithe nó fhéinfhostaithe a bhí á saothrú ann, ach ní gá gurb é sin an chuid is mó de na gníomhaíochtaí sin.
Chun go gcinnfear an i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar atá cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí á saothrú, cuirfear na critéir tháscacha seo a leanas san áireamh:
(a)
i gcás gníomhaíocht fhostaithe, an t‑am oibre agus/nó an luach saothair; agus
(b)
i gcás gníomhaíocht fhéinfhostaithe, an láimhdeachas, an t-am oibre, líon na seirbhísí a rinneadh agus/nó an luach saothair.
Faoi chuimsiú measúnú foriomlán, léireoidh cion níos lú ná 25 % de na critéir a luaitear thuas go bhfuil cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí nach bhfuil á saothrú i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar.
11.
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.13(3)(b), déanfar ‘lárionad leasa’ ghníomhaíochtaí duine fhéinfhostaithe a chinneadh trí gach gné de ghníomhaíochtaí ceirde an duine sin a chur san áireamh, ach go háirithe an áit a bhfuil áit sheasta bhuan ghnó an duine lonnaithe, cineál gnáthach nó ré na ngníomhaíochtaí arna saothrú, líon na seirbhísí a rinneadh, agus a bhfuil ar intinn ag an duine, mar is follas ó na himthosca go léir.
12.
Chun an reachtaíocht is infheidhme faoi mhíreanna 6 agus 7 a chinneadh, cuirfidh na hinstitiúidí lena mbaineann san áireamh an staid a thoimhdeofar a bheith ann sna 12 mhí féilire ina dhiaidh sin.
13.
Má shaothraíonn duine a ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar, thar ceann fostóra atá bunaithe lasmuigh de chríoch Ríocht na Spáinne agus Ghiobráltar, agus má tá cónaí ar an duine sin i nGiobráltar nó i Ríocht na Spáinne, faoi seach, gan gníomhaíocht shubstaintiúil a shaothrú ann, beidh sé faoi réir reachtaíocht na háite cónaithe.
Airteagal SSCI.13
Nósanna imeachta chun Airteagal SSC.10(3)(b), Airteagal SSC.10(4),
Airteagal SSC.11 agus Airteagal SSC.12 a chur i bhfeidhm
1.
Mura bhforáiltear a mhalairt le hAirteagal SSCI.14, i gcás ina saothraíonn duine a ghníomhaíocht i Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, inniúil faoi Theideal II den Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, nó i nGiobráltar, i gcás ina bhfuil Ríocht na Spáinne inniúil faoi Theideal II den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, déanfaidh an fostóir, nó i gcás duine nach saothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe, an duine lena mbaineann, institiúid inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó institiúid inniúil Ríocht na Spáinne, arb í a reachtaíocht is infheidhme a chur ar an eolas faoi sin, roimh ré aon uair is féidir é. Eiseoidh an institiúid sin an fianú dá dtagraítear in Airteagal SSCI.15(2) don duine lena mbaineann agus cuirfidh sí faisnéis ar fáil gan mhoill i ndáil leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine sin, de bhun Airteagal SSC.10(3)(b), Airteagal SSC.11, nó Airteagal SSC.12, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ina bhfuil an ghníomhaíocht á saothrú.
2.
Fostóir de réir bhrí Airteagal SSC.10(4) a bhfuil a oifig chláraithe nó a áit ghnó i nGiobráltar agus a bhfuil fostaí aige ar bord soithigh a bhfuil bratach Ríocht na Spáinne ar foluain aige, nó a bhfuil a oifig chláraithe nó a áit ghnó i Ríocht na Spáinne agus a bhfuil fostaí aige ar bord soithigh a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar foluain aige, cuirfidh sé institiúid inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó institiúid inniúil Ríocht na Spáinne, faoi seach, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, ar an eolas maidir leis an méid sin roimh ré aon uair is féidir. Cuirfidh an institiúid sin faisnéis ar fáil, gan mhoill, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, arb é a bhratach atá ar foluain ar an soitheach ar a ndéanfaidh an fostaí an ghníomhaíocht, maidir leis an reachtaíocht is infheidhme i ndáil leis an duine lena mbaineann de bhun Airteagal SSC.10(4).
Airteagal SSCI.14
Nós imeachta chun Airteagal SSC.13 a chur i bhfeidhm
1.
Duine a shaothraíonn gníomhaíochtaí i Ríocht na Spáinne agus i nGiobráltar, cuirfidh sé institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil na háite cónaithe ar an eolas faoin méid sin.
2.
Cinnfidh institiúid ainmnithe na háite cónaithe, gan mhoill, an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, ag féachaint d’Airteagal SSC.13 agus d’Airteagal SSCI.12. Cinneadh sealadach a bheidh sa chinneadh tosaigh sin. Cuirfidh an institiúid a cinneadh sealadach in iúl d’institiúid arna hainmniú ag an áit eile ina bhfuil gníomhaíocht á saothrú.
3.
Cinneadh sealadach na reachtaíochta is infheidhme, mar a fhoráiltear dó i mír 2, is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann laistigh de 2 mhí ón dáta a gcuirfear an institiúid arna hainmniú ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu lena mbaineann, ar an eolas maidir leis, i gcomhréir le mír 2, mura rud é gur cinneadh an reachtaíocht go críochnaitheach roimhe sin ar bhonn mhír 4, nó mura dtabharfaidh ar a laghad ceann amháin de na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don institiúid arna hainmniú ag institiúid inniúil na háite cónaithe faoi dheireadh na tréimhse 2‑mhí seo nach féidir léi glacadh fós leis an gcinneadh, nó nach é an tuairim chéanna atá aici ina thaobh.
4.
I gcás inar gá teagmháil idir institiúidí nó údaráis Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, de bharr éiginnteachta maidir le cinneadh na reachtaíochta is infheidhme, arna iarraidh sin d’institiúid amháin nó níos mó arna hainmniú ag údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó de chuid na n‑údarás inniúil iad féin, déanfar an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann a chinneadh trí chomhaontú i gcoiteann, ag féachaint d’Airteagal SSC.13 agus d’fhorálacha ábhartha Airteagal SSCI.12.
I gcás ina mbeidh easaontas ann idir na hinstitiúidí nó na húdaráis inniúla lena mbaineann, lorgóidh na comhlachtaí sin comhaontú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach thuas agus beidh feidhm ag Airteagal SSCI.6 den Iarscríbhinn seo.
5.
Institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a gcinnfear a reachtaíocht a bheith infheidhme go sealadach nó go críochnaitheach, cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill.
6.
Mura soláthraíonn an duine lena mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm ar thionscnamh na hinstitiúide arna hainmniú ag údarás inniúil na háite cónaithe a luaithe a chuirfear staid an duine sin in iúl di, rud a d’fhéadfadh institiúid eile lena mbaineann a dhéanamh.
Airteagal SSCI.15
Faisnéis a sholáthar do na daoine lena mbaineann agus d’fhostóirí
1.
Institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme de bhun Theideal II den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, cuirfidh sí an duine lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, an fostóir nó na fostóirí ar an eolas faoi na hoibleagáidí a leagtar síos sa reachtaíocht sin. Cuirfidh sí ar fáil dóibh an chabhair is gá chun na foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh.
2.
Arna iarraidh sin don duine lena mbaineann nó don fhostóir, déanfaidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme de bhun Theideal II den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta fianú a chur ar fáil á rá go bhfuil an reachtaíocht sin infheidhme agus sonróidh sí, i gcás inarb iomchuí, dáta deireanach agus coinníollacha na hinfheidhmeachta.
Airteagal SSCI.16
Comhar idir institiúidí
1.
Cuirfidh na hinstitiúidí ábhartha in iúl d’institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme maidir le duine de bhun Theideal II den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, an fhaisnéis is gá chun an dáta a shuí a dtiocfaidh an reachtaíocht sin chun bheith infheidhme agus chun na ranníocaíochtaí a dhlífidh an duine sin agus a fhostóir nó a fhostaithe a íoc faoin reachtaíocht sin a shuí.
2.
Institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme maidir le duine de bhun Theideal II den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, cuirfidh sí an fhaisnéis lena sonraítear an dáta a ngabhfaidh éifeacht le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin ar fáil don institiúid arna hainmniú ag an údarás inniúil a chuireann an reachtaíocht i bhfeidhm a raibh an duine sin faoina réir go deireanach.
TEIDEAL III
FORÁLACHA SPEISIALTA
MAIDIR LEIS NA CATAGÓIRÍ ÉAGSÚLA SOCHAR
CAIBIDIL I
SOCHAIR BHREOITEACHTA, SOCHAIR MHÁITHREACHAIS AGUS SOCHAIR ATHARTHACHTA CHOIBHÉISEACHA
Airteagal SSCI.17
Forálacha ginearálta cur chun feidhme
1.
Áiritheoidh na húdaráis inniúla nó na hinstitiúidí inniúla go ndéanfar aon fhaisnéis is gá a chur ar fáil do dhaoine árachaithe faoi na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha maidir le deonú sochar comhchineáil i gcás ina bhfaightear na sochair sin san áit chónaithe.
2.
D’ainneoin Airteagal SSC.6(a), féadfaidh Ríocht na Spáinne ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, teacht chun bheith freagrach as costas sochar i gcomhréir le hAirteagal SSC.19 más rud é, go bhfuil éileamh ar phinsean déanta ag an duine árachaithe faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó i gcomhréir le hAirteagail SSC.20 go SCC.24 más rud é, go bhfaigheann an duine pinsean faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
Airteagal SSCI.18
An córas a bheidh infheidhme má tá níos mó ná córas amháin
san áit chónaithe nó san áit oibre
Má chuimsíonn reachtaíocht na háite cónaithe nó na háite oibre níos mó ná an t‑aon scéim árachais bhreoiteachta, máithreachais agus atharthachta amháin le haghaidh níos mó ná catagóir amháin de dhaoine árachaithe, is iad na forálacha a bheidh infheidhme faoi Airteagail SSC.16, SSC.19 agus SSC.21 forálacha na reachtaíochta maidir leis an scéim ghinearálta le haghaidh daoine fostaithe.
Airteagal SSCI.19
Cónaí i Ríocht na Spáinne nuair atá an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar,
inniúil nó i nGiobráltar nuair atá Ríocht na Spáinne inniúil
1.
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.16, beidh d’oibleagáid ar an oibrí imeallchríche agus/nó baill dá theaghlach clárú le hinstitiúid na háite cónaithe. Deimhneofar a gceart chun sochar comhchineáil san áit chónaithe le doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil, arna iarraidh sin don duine árachaithe nó arna iarraidh sin d’institiúid na háite cónaithe.
2.
Leanfaidh an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 de bheith bailí go dtí go dtabharfaidh an institiúid inniúil fógra d’institiúid na háite cónaithe maidir lena chur ar ceal.
Cuirfidh institiúid na háite cónaithe an institiúid inniúil ar an eolas maidir le haon chlárú faoi mhír 1 agus maidir le haon athrú ar an gclárú sin nó maidir lena chur ar ceal.
3.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagail SSC.20 agus 21.
Airteagal SSCI.20
Cur i bhfeidhm Airteagal SSC.17(2)
1.
Chun críocha Airteagal SSC.17(2), ní mór don duine lena mbaineann doiciméad a chur faoi bhráid an tsoláthraí cúraim sláinte i Ríocht na Spáinne nó i nGiobráltar, de réir mar a bheidh, ar doiciméad é arna eisiúint ag institiúid inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcás ina bhfuil an fanacht i Ríocht na Spáinne, nó ag institiúid inniúil Ríocht na Spáinne, i gcás ina bhfuil an fanacht i nGiobráltar, ina léirítear a theidlíocht ar shochair chomhchineáil faoin bhforáil sin. Mura bhfuil doiciméad den sórt sin ag an duine, rachaidh na hinstitiúidí inniúla i dteagmháil le chéile, arna iarraidh sin nó más gá ina mhalairt de chás, chun a fhíorú go bhfuil an duine i dteideal sochar comhchineáil faoin bhforáil seo.
2.
Na sochair chomhchineáil a sholáthróidh institiúid na háite fanachta thar ceann na hinstitiúide inniúla faoi Airteagal SSC.17(2), beidh siad ina n-aisíocaíocht iomlán.
Airteagal SSCI.21
Cur i bhfeidhm Airteagal SSC.22
Mura bhfuil an t‑iaroibrí imeallchríche cumhdaithe a thuilleadh le reachtaíocht na háite inar saothraíodh a ghníomhaíocht dheireanach, agus má thaistealaíonn an t‑iaroibrí imeallchríche nó ball dá theaghlach ansin chun sochair chomhchineáil a fháil de bhun Airteagal SSC.22, cuirfidh siad doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil faoi bhráid institiúid na háite fanachta.
Airteagal SSCI.22
Ranníocaíochtaí ó phinsinéirí
Má fhaigheann duine pinsean ó Ríocht na Spáinne agus ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ní rachaidh méid na ranníocaíochtaí a asbhaintear ó na pinsin uile a íocfar, in imthosca ar bith, thar an méid a asbhaintear de dhuine a bhfuil an méid céanna pinsin á fháil aige ó Ríocht na Spáinne nó ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
CAIBIDIL II
SOCHAIR I dTAOBH TIMPISTÍ SAN ÁIT OIBRE
AGUS GALAIR CHEIRDE
Airteagal SSCI.23
Ceart chun sochar comhchineáil agus chun sochar airgid thirim san áit chónaithe
1.
Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal SSC.28, beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail SSCI.25 go 26.
2.
Nuair a bheidh sochair speisialta chomhchineáil a bhaineann le timpistí ag an obair agus le galair cheirde faoi reachtaíocht na háite cónaithe á soláthar ag institiúid na háite cónaithe sin, cuirfidh sí an institiúid inniúil ar an eolas gan mhoill.
CAIBIDIL III
DEONTAIS BHÁIS
Airteagal SSCI.24
Éileamh ar dheontais bháis
Chun críocha Airteagail SSC.34 agus 35, seolfar an t‑éileamh ar dheontais bháis chuig an institiúid inniúil nó chuig institiúid áit chónaithe an éilitheora, a sheolfaidh chuig an institiúid inniúil é.
Beidh san éileamh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil.
CAIBIDIL IV
SOCHAIR EASLÁINE, PINSIN SEANAOISE AGUS PINSIN MHARTHANÓIRÍ
Airteagal SSCI.25
Forálacha breise chun sochar a ríomh
1.
Chun méid teoiriciúil agus méid iarbhír an tsochair a ríomh i gcomhréir le hAirteagal SSC.45(1)(b), beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal SSCI.10(3), (4), (5) agus (6).
2.
I gcás nach ndearnadh tréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh a chur san áireamh faoi Airteagal SSC.10(3), déanfaidh institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar cuireadh na tréimhsí sin isteach faoina reachtaíocht, an méid a chomhfhreagraíonn do na tréimhsí sin a ríomh faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm. Déanfar méid iarbhír an tsochair, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal SSC.45(1)(b), a mhéadú faoin méid a chomhfhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh.
3.
Ríomhfaidh institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, an méid atá dlite a chomhfhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh nach mbeidh, faoi Airteagal SSC.46(3)(c), faoi réir rialacha na Ríochta Aontaithe i ndáil le Giobráltar ná rialacha na Spáinne maidir le tarraingt siar, laghdú nó fionraí.
I gcás nach gceadaítear leis an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil an méid sin a chinneadh go díreach, ar an bhforas go leithdháiltear leis an reachtaíocht luachanna difriúla i leith tréimhsí árachais, féadfar méid barúlach a shuí. Leagfaidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na socruithe mionsonraithe síos chun an méid barúlach sin a chinneadh.
Airteagal SSCI.26
Tréimhsí tógála leanaí a chur san áireamh
1.
Chun críocha an Airteagail, tagraíonn ‘tréimhse tógála leanaí’ d’aon tréimhse a dtugtar creidiúint ina leith faoi reachtaíocht pinsin Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó lena bhforlíontar pinsean go sainráiteach mar go bhfuil leanbh tógtha ag duine, gan beann ar an modh a úsáideadh chun na tréimhsí sin a ríomh nó ar an dóigh ar fabhraíodh iad; is é sin gur fabhraíodh iad nuair a bhí an leanbh á thógáil nó gur aithníodh go cúlghabhálach iad.
2.
I gcás, faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, cibé acu atá inniúil faoi Theideal II den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, nach gcuirtear tréimhse tógála leanaí ar bith san áireamh, maidir le hinstitiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a raibh a reachtaíocht infheidhme, de réir Theideal II den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, i ndáil leis an duine lena mbaineann ar an dáta nuair a tosaíodh ar an tréimhse tógála leanaí a chur san áireamh, faoin reachtaíocht sin, leanfaidh sí de bheith freagrach as an tréimhse sin a chur san áireamh mar thréimhse tógála leanaí faoina reachtaíocht féin, amhail is gurbh ar a chríoch féin a rinneadh an tógáil leanaí sin.
3.
Ní bheidh feidhm ag mír 2 má tá an duine lena mbaineann, nó má thagann sé chun bheith, faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó Ríocht na Spáinne faoi seach mar gheall ar ghníomhaíocht fhostaithe nó fhéinfhostaithe a shaothrú ansin.
CAIBIDIL V
SOCHAIR DHÍFHOSTAÍOCHTA
Airteagal SSCI.27
Comhiomlánú tréimhsí agus ríomh na sochar
1.
Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal SSCI.10 den Iarscríbhinn seo maidir le hAirteagal SSC.54 den Phrótacal seo. Gan dochar do bhunoibleagáidí na n-institiúidí lena mbaineann, féadfaidh an duine lena mbaineann doiciméad a chur faoi bhráid na hinstitiúide inniúla, doiciméad arna eisiúint ag institiúid na háite cónaithe a raibh sé faoi réir a reachtaíochta maidir leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí aige mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe agus ina sonraítear na tréimhsí a cuireadh isteach faoin reachtaíocht sin.
2.
Chun críocha Airteagal SSC.55 den Phrótacal a chur i bhfeidhm, cuirfidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a bhforáiltear lena reachtaíocht go n-athraíonn ríomh na sochar de réir líon na mball teaghlaigh, cuirfidh sí san áireamh freisin líon ball teaghlaigh an duine lena mbaineann a bhfuil cónaí orthu sa teaghlach céanna amhail is dá mbeadh cónaí orthu in áit na hinstitiúide inniúla. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás ina mbeidh duine eile i dteideal sochair dífhostaíochta, arna ríomh ar bhonn líon na mball teaghlaigh, san áit ina bhfuil cónaí ar na baill teaghlaigh.
Airteagal SSCI.28
Daoine dífhostaithe a raibh cónaí orthu lasmuigh den áit inniúlachta
1.
Cuirfidh institiúid inniúil na háite fostaíochta deiridh daoine atá go hiomlán dífhostaithe ar an eolas faoina gcearta agus faoina n‑oibleagáidí agus cuirfidh sí doiciméid ar fáil dóibh ina mbeidh an fhaisnéis uile is gá a bhaineann le sochair dhífhostaíochta a fháil i gcomhréir lena reachtaíocht san áit chónaithe.
2.
Déanfaidh institiúidí ábhartha Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an fhaisnéis is gá a sholáthar dá chéile chun tacú le gníomhaíochtaí cuardaithe poist daoine dífhostaithe agus chun iad a chur ar an eolas faoi na nósanna imeachta agus na coinníollacha rialaithe is infheidhme, agus faoin tseirbhís fostaíochta a gcuirfidh siad iad féin ar fáil di. Cuirfidh institiúid na háite cónaithe, arna iarraidh sin don institiúid inniúil, an institiúid inniúil ar an eolas láithreach faoi aon imthoisc is eol di agus ar dóigh di difear a dhéanamh don teidlíocht ar shochair, go háirithe, má chuaigh na daoine atá go hiomlán dífhostaithe i mbun fostaíochta nó má tháinig siad chun bheith féinfhostaithe san áit chónaithe.
3.
I gcás ina gcinnfidh duine dífhostaithe, i gcomhréir le hAirteagal SSC.56, é féin a chur ar fáil freisin do sheirbhísí fostaíochta na háite cónaithe, trína chlárú ann mar dhuine atá ag lorg oibre, cuirfidh sé an institiúid inniúil agus na seirbhísí fostaíochta ar an eolas faoi na sochair a sholáthar.
4.
Arna iarraidh sin do na seirbhísí fostaíochta san áit chónaithe, seolfaidh na seirbhísí fostaíochta inniúla an fhaisnéis ábhartha maidir le clárú an duine dhífhostaithe agus a chuardach fostaíochta. Cuirfidh seirbhísí fostaíochta na háite cónaithe, arna iarraidh sin don institiúid inniúil, an institiúid inniúil ar an eolas láithreach faoi aon imthoisc a bhfuil sí ar an eolas fúithi agus ar dócha go ndéanfaidh sí difear don teidlíocht chun sochar, go háirithe, má chuaigh na daoine atá go hiomlán dífhostaithe i mbun fostaíochta nó má tháinig siad chun bheith féinfhostaithe san áit chónaithe.
Airteagal SSCI.29
Bearta feabhsaithe tacaíochta agus comhair do dhaoine dífhostaithe
a raibh cónaí orthu lasmuigh den áit inniúlachta
Comhoibreoidh údaráis inniúla nó institiúidí inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus féadfaidh siad nósanna imeachta sonracha agus teorainneacha ama sonracha a chomhaontú eatarthu féin maidir le staid leantach an duine dhífhostaithe chomh maith le bearta eile chun gníomhaíochtaí cuardaithe poist na ndaoine dífhostaithe lena mbaineann a éascú.
CAIBIDIL VI
SOCHAIR THEAGHLAIGH
Airteagal SSCI.30
Rialacha tosaíochta i gcás forluí
Chun críocha Airteagal SSC.59(1)(b)(i) agus (ii) a chur i bhfeidhm, i gcás nach féidir an t‑ord tosaíochta a bhunú ar bhonn áit chónaithe na leanaí, déanfaidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, méid na sochar a ríomh lena n‑áirítear na leanaí nach bhfuil cónaí orthu laistigh dá críoch dílse. I gcás ina gcuirfear Airteagal SSC.59(1)(b)(i) i bhfeidhm, íocfaidh an institiúid a chuireann an reachtaíocht i bhfeidhm lena ndéantar foráil maidir leis an leibhéal is airde sochar méid iomlán na sochar sin agus aisíocfaidh an institiúid eile leath na suime sin léi suas go dtí teorainn an mhéid dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm.
Airteagal SSCI.31
Na rialacha is infheidhme i gcás ina n‑athraíonn an reachtaíocht is infheidhme
agus/nó an inniúlacht chun sochair theaghlaigh a dheonú
1.
I gcás ina dtiocfaidh athrú ar an reachtaíocht is infheidhme agus/nó ar an inniúlacht chun sochair teaghlaigh a dheonú idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le linn mí féilire, gan beann ar dhátaí íocaíochta na sochar teaghlaigh faoi reachtaíocht Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, leanfaidh an institiúid a d’íoc na sochair theaghlaigh de bhua na reachtaíochta faoinar deonaíodh na sochair ag tús na míosa sin de bheith ag déanamh amhlaidh go dtí deireadh na míosa atá idir lámha.
2.
Cuirfidh sí an institiúid eile ar an eolas faoin dáta a scoirfidh sí de na sochair theaghlaigh atá i gceist a íoc. Beidh éifeacht ag íocaíocht sochar ó Ríocht na Spáinne nó ón Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ón dáta sin.
Airteagal SSCI.32
Nós imeachta chun Airteagail SSC.58 agus 59 a chur i bhfeidhm
1.
Díreofar an t‑iarratas ar shochair theaghlaigh chuig an institiúid inniúil. Chun críocha Airteagail SSC.58 agus 59 a chur i bhfeidhm, cuirfear staid an teaghlaigh ar fad san áireamh amhail is dá mbeadh na daoine go léir lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ina gcónaí ann, go háirithe maidir le teidlíocht duine sochair den sórt sin a éileamh. I gcás nach bhfeidhmeoidh duine atá i dteideal na sochair a éileamh a cheart, cuirfidh institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, san áireamh iarratas ar shochair theaghlaigh arna chur isteach ag an tuismitheoir eile, ag duine a gcaitear leis mar thuismitheoir, nó ag duine nó institiúid atá ag gníomhú mar chaomhnóir an linbh nó na leanaí, agus a bhfuil a reachtaíocht infheidhme.
2.
Scrúdóidh an institiúid a ndéantar iarratas chuici i gcomhréir le mír 1 an t‑iarratas ar bhonn na faisnéise mionsonraithe a chuirfidh an t‑iarratasóir ar fáil, agus staid fhoriomlán fhíorasach agus dhlíthiúil theaghlach an iarratasóra á cur san áireamh. Má chinneann an institiúid sin go bhfuil a reachtaíocht infheidhme trí cheart tosaíochta i gcomhréir le hAirteagail SSC.58 agus 59, soláthróidh sí na sochair theaghlaigh de réir na reachtaíochta a chuireann sí i bhfeidhm.
Más dealraitheach don institiúid sin go bhféadfaidh teidlíocht a bheith ann ar fhorlíonadh difreálach de bhua reachtaíocht Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir le hAirteagal SSC.59(2), cuirfidh an institiúid sin an t‑iarratas ar aghaidh, gan mhoill, chuig institiúid inniúil Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas; thairis sin, cuirfidh sí an institiúid eile ar an eolas faoina cinneadh maidir leis an iarratas agus faoi mhéid na sochar teaghlaigh a íocadh.
3.
I gcás ina gcinnfidh an institiúid a ndéanfar an t‑iarratas chuici go bhfuil a reachtaíocht infheidhme, ach nach trí cheart tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal SSC.59(1) agus (2), déanfaidh sí cinneadh sealadach, gan mhoill, maidir leis na rialacha tosaíochta a bheidh le cur i bhfeidhm agus cuirfidh sí an t‑iarratas ar aghaidh, i gcomhréir le hAirteagal SSC.59(3), chuig institiúid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i leith le Giobráltar, agus cuirfidh sí an t‑iarratasóir ar an eolas faoi sin freisin. Glacfaidh an institiúid sin seasamh maidir leis an gcinneadh sealadach laistigh de 2 mhí.
Mura nglacfaidh an institiúid ar cuireadh an t‑iarratas ar aghaidh chuici seasamh laistigh de 2 mhí ón iarratas a fháil, beidh feidhm ag an gcinneadh sealadach dá dtagraítear thuas agus íocfaidh an institiúid na sochair dá bhforáiltear faoina reachtaíocht agus cuirfidh sí an institiúid a ndearnadh an t‑iarratas chuici ar an eolas faoi mhéid na sochar a íocadh.
4.
I gcás ina mbeidh difríocht tuairimí ag na hinstitiúidí lena mbaineann maidir leis an reachtaíocht is infheidhme de réir ceart tosaíochta, beidh feidhm ag Airteagal SSCI.6(2) go (4). Chun na críche sin, is í institiúid áit chónaithe an linbh nó na leanaí a bheidh in institiúid na háite cónaithe dá dtagraítear in Airteagal SSCI.6(2).
5.
Má d’íoc an institiúid a sholáthair sochair ar bhonn sealadach níos mó ná an méid a bhfuil sí freagrach as ar deireadh, féadfaidh sí aisíocaíocht an bharrachais a éileamh ar an institiúid ar a bhfuil an phríomhfhreagracht i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Socrú Riaracháin.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA AIRGEADAIS
CAIBIDIL I
AISÍOCAÍOCHT I LEITH CHOSTAS NA SOCHAR
AGUS AIRTEAGAIL SSC.17, SSC.27 agus SSC.33 Á gCUR I bhFEIDHM
Airteagal SSCI.33
Prionsabail
Chun críocha Airteagail SSC.17, SSC.27 agus SSC.33 a chur i bhfeidhm, glacfaidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na socruithe is gá chun a áirithiú go n‑aisíocfaidh an institiúid inniúil go hiomlán na sochair arna soláthar do dhaoine a chumhdaítear leis an bPrótacal maidir le comhordú slándála sóisialta leis an institiúid a sholáthraíonn na sochair sin.
Airteagal SSCI.34
Nós imeachta maidir le haisíoc idir institiúidí
Déanfaidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na haisíocaíochtaí idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a luaithe is féidir. Beidh sé d’oibleagáid ar gach institiúid lena mbaineann na héilimh a aisíoc a luaithe a bheidh sí in ann é sin a dhéanamh. Díospóid a bhaineann le héileamh ar leith, ní bheidh sí ina bac ar aisíoc éilimh nó éileamh eile.
CAIBIDIL II
AISGHABHÁIL NA SOCHAR A ÍOCADH ACH NACH RAIBH DLITE,
AISGHABHÁIL ÍOCAÍOCHTAÍ AGUS RANNÍOCAÍOCHTAÍ SEALADACHA,
FRITHCHÚITEAMH AGUS CÚNAMH LE hAISGHABHÁIL
Airteagal SSCI.35
Forálacha coiteanna
Chun críocha Airteagal SSC.67 a chur i bhfeidhm agus laistigh den chreatlach atá sainithe ann, glacfaidh Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, na socruithe is gá chun a áirithiú, aon uair is féidir, go ndéanfar frithchúiteamh idir institiúidí Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, lena mbaineann, nó go ndéanfar aisghabháil vis‑à‑vis an duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann.
TEIDEAL V
FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal SSCI.36
Scrúdú leighis agus seiceálacha riaracháin
1.
Gan dochar d’fhorálacha eile, is í institiúid áit chónaithe an tairbhí a dhéanfaidh an scrúdú leighis, arna iarraidh sin don institiúid inniúil, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis an reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm.
Cuirfidh an institiúid is féichiúnaí institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir le haon cheanglas speisialta a bheidh le leanúint, más gá, agus maidir le pointí a bheidh le cumhdach sa scrúdú leighis.
2.
Cuirfidh institiúid na háite cónaithe tuarascáil chuig an institiúid is féichiúnaí a d’iarr an scrúdú leighis. Beidh an institiúid sin faoi cheangal ag cinntí institiúid na háite cónaithe.
Coimeádfaidh an institiúid is féichiúnaí an ceart chun an tairbhí a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin. Mar sin féin, ní fhéadfar a iarraidh ar an tairbhí filleadh ar an áit ina bhfuil an institiúid fhiachach bunaithe ach amháin má tá siad in ann an turas a dhéanamh gan dochar dá sláinte agus má íocann an institiúid fhéichiúnaí as costas an taistil agus an lóistín.
3.
Is í institiúid áit chónaithe an tairbhí a dhéanfaidh an tseiceáil riaracháin, arna iarraidh sin don institiúid is féichiúnaí.
Beidh feidhm ag mír 2 freisin sa chás seo.
4.
Féadfaidh údaráis inniúla nó institiúidí inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, forálacha agus nósanna imeachta sonracha a chomhaontú chun feabhas iomlán nó páirteach a chur ar ullmhacht éilitheoirí agus faighteoirí sa mhargadh saothair agus ar a rannpháirtíocht in aon scéim nó clár atá ar fáil san áit chónaithe chun na críche sin.
5.
Mar eisceacht ar phrionsabal an chomhair riaracháin fhrithpháirtigh shaor in aisce atá in Airteagal SSC 62(3), déanfaidh an institiúid is féichiúnaí, a d’iarr ar an institiúid na seiceálacha dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 a dhéanamh, glanmhéid an chaiteachais a bhí i gceist leis na seiceálacha sin a aisíoc leis an institiúid ar iarradh uirthi iad a dhéanamh.
Airteagal SSCI.37
Faisnéis
Ullmhóidh údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, an fhaisnéis is gá chun a áirithiú go mbeidh na daoine lena mbaineann ar an eolas faoina gcearta agus faoi na foirmiúlachtaí riaracháin is gá chun iad a dhearbhú. Déanfar an fhaisnéis sin, i gcás inar féidir, a scaipeadh go leictreonach trína foilsiú ar líne ar láithreáin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. Áiritheoidh siad go ndéanfar an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus go ndéanfar faireachán ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear do chustaiméirí.
Airteagal SSCI.38
Comhshó airgeadra
1.
Chun críocha an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus an Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, is é an ráta tagartha a fhoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach an ráta malairte idir na hairgeadraí a chuirtear i bhfeidhm faoi seach i Ríocht na Spáinne agus sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar.
2.
Chun críocha an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus an Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, tuigfear gur ráta comhshó laethúil arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach é an ráta comhshó.
3.
Mura bhfuil a mhalairt luaite san Airteagal seo, is é an ráta comhshó an ráta a fhoilseofar le linn na hoibríochta.
4.
Institiúid de Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nach mór di méid a chomhshó chun críche teidlíocht a bhunú agus chun críche an sochar a ríomh den chéad uair, úsáidfidh sí:
(a)
nuair a chuireann institiúid san áireamh, de réir na reachtaíochta náisiúnta nó an Phrótacail maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, méideanna, amhail tuilleamh nó sochair, le linn tréimhse áirithe roimh an dáta a ríomhtar an sochar ina leith, an ráta comhshó a foilsíodh ar an lá deireanach den tréimhse sin;
(b)
nuair a chuireann institiúid méid amháin san áireamh, de réir na reachtaíochta náisiúnta nó an Phrótacail maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, chun críoch an sochar a ríomh, an ráta comhshó a foilsíodh ar an gcéad lá den mhí díreach roimh an mí nach mór an fhoráil a chur i bhfeidhm.
5.
Beidh feidhm ag mír 4 mutatis mutandis nuair nach mór d’institiúid de chuid Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, méid a chomhshó chun an sochar a athríomh de bharr athruithe ar staid fhíorasach nó dhlíthiúil an duine lena mbaineann.
6.
Institiúid de Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a íocann sochar atá innéacsaithe go tráthrialta i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, agus i gcás ina bhfuil tionchar ag na méideanna in airgeadra eile ar an sochar sin, úsáidfidh sí, le linn di an sochar sin a athríomh, an ráta comhshó a foilsíodh ar an gcéad lá den mhí roimh an mí ina bhfuil an t-innéacsú dlite, mura bhforáiltear a mhalairt sa reachtaíocht náisiúnta.
7.
Chun críocha an Airteagail seo, is é seo a leanas an dáta atá le cur san áireamh chun an ráta malairte is infheidhme idir airgeadraí Ríocht na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a chinneadh :
(a)
i gcás iarraidh ar fhritháireamh ó riaráistí/íocaíochtaí leanúnacha, an lá oibre díreach roimh an lá a sheol an páirtí is iarratasóir an iarraidh chríochnaitheach ar fhritháireamh ó riaráistí/íocaíochtaí leanúnacha; nó
(b)
i gcás iarraidh ar aisghabháil, an lá oibre díreach roimh an lá a sheol an páirtí is iarratasóir an chéad iarraidh ar aisghabháil.
Chun críocha na míre seo, tagróidh lá oibre do lá oibre den Bhanc Ceannais Eorpach ar a bhfoilseoidh sé ráta tagartha laethúil le haghaidh malartú airgeadra.
AIRTEAGAL SSCI.39
Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le pinsin
1.
I gcás ina dtiocfaidh an teagmhas chun cinn roimh dháta theacht i bhfeidhm na hIarscríbhinne seo i gcríoch Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, lena mbaineann agus nár dámhadh an t‑éileamh ar phinsean roimh an dáta sin, beidh dámhachtain dhúbailte mar thoradh ar an éileamh sin, a mhéid nach mór sochair a dheonú, de bhun teagmhas den sórt sin, ar feadh tréimhse roimh an dáta sin:
(a)
le haghaidh na tréimhse roimh dháta theacht i bhfeidhm na hIarscríbhinne seo i gcríoch Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, le comhaontuithe i bhfeidhm idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar;
(b)
le haghaidh na tréimhse dar tús dáta theacht i bhfeidhm na hIarscríbhinne seo i gcríoch Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta.
Mar sin féin, más mó an méid arna ríomh de bhun na bhforálacha dá dtagraítear faoi fhomhír (a) ná an méid arna ríomh de bhun na bhforálacha dá dtagraítear faoi fhomhír (b), leanfaidh an duine lena mbaineann de bheith i dteideal an mhéid arna ríomh de bhun na bhforálacha dá dtagraítear faoi fhomhír (a).
2.
Maidir le héileamh ar shochair easláine, seanaoise nó marthanóra arna chur faoi bhráid institiúid de Ríocht na Spáinne nó de Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ó dháta theacht i bhfeidhm na hIarscríbhinne seo i gcríoch Ríocht na Spáinne nó na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, lena mbaineann, éileoidh sé go huathoibríoch go ndéanfaidh institiúid nó institiúidí na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar nó Ríocht na Spáinne, de réir mar is iomchuí i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, athmheasúnú ar na sochair a dámhadh don teagmhas céanna roimh an dáta sin; ní fhéadfaidh aon laghdú ar mhéid an tsochair a dhámhfar teacht as an athmheasúnú sin.
________________
IARSCRÍBHINN 37
PRÓTACAL
MAIDIR LE CÚNAMH RIARACHÁIN FRITHPHÁIRTEACH IN ÁBHAIR CHUSTAIM
AIRTEAGAL PCUST.1
Sainmhínithe
Chun críocha an Phrótacail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘údarás is iarratasóir’ údarás riaracháin a iarrann cúnamh riaracháin faoin bPrótacal seo agus ar thug Páirtí fógra ina leith go bhfuil sé inniúil chun na críche sin;
(b)
ciallaíonn ‘reachtaíocht chustaim’ aon dlí nó rialachán is infheidhme i gcríoch ceachtar Páirtí, a rialaíonn allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras earraí agus iad a chur faoi aon chóras nó nós imeachta custaim eile, lena n‑áirítear bearta toirmisc, srianta agus rialaithe;
(c)
ciallaíonn ‘faisnéis’ aon sonraí, aon doiciméad, aon íomhá, aon tuarascáil, aon chumarsáid nó aon chóip bharántúil, i bhformáid ar bith, lena n‑áirítear formáid leictreonach, bíodh siad próiseáilte nó anailísithe nó ná bíodh;
(d)
Ciallaíonn ‘oibríocht a sháraíonn an reachtaíocht chustaim’ aon sárú nó aon iarracht ar an reachtaíocht chustaim a shárú;
(e)
ciallaíonn ‘údarás iarrtha’ údarás riaracháin a fhaigheann iarraidh ar chúnamh faoin bPrótacal seo agus ar thug Páirtí fógra ina leith go bhfuil sé inniúil chun na críche sin;
(f)
ciallaíonn ‘duine’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach; agus
(g)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta.
AIRTEAGAL PCUST.2
Raon feidhme
1.
Tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile maidir le réimsí a thagann faoi réim a n-inniúlachta, ar an modh atá leagtha síos sa Phrótacal seo agus faoi na coinníollacha sa Phrótacal seo, chun cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta custaim a áirithiú, go háirithe trí oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht sin a chosc, a imscrúdú agus a chomhrac.
2.
Tá feidhm ag na forálacha maidir le cúnamh in ábhair chustaim sa Phrótacal seo, maidir le haon údarás de chuid ceachtar Páirtí atá inniúil chun an Prótacal seo a chur i bhfeidhm. Ní dhéanfaidh an cúnamh sin dochar do na forálacha lena rialaítear cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla ná ní chumhdófar leis faisnéis a fhaightear faoi chumhachtaí a feidhmíodh ar iarraidh údaráis bhreithiúnaigh, ach amháin i gcás ina n-údaraíonn an t-údarás sin an fhaisnéis sin a chur in iúl.
3.
Cuimsítear aisghabháil dleachtanna, cánacha nó fíneálacha leis an bPrótacal maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na Cánach Breisluacha agus ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú.
AIRTEAGAL PCUST.3
Cúnamh ar é a iarraidh
1.
Arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, soláthróidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis ábhartha ar fad don údarás is iarratasóir lena bhféadfar cur ar chumas an údaráis is iarratasóir a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm an reachtaíocht chustaim i gceart, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí a tugadh faoi deara nó a bheartaítear agus ar oibríochtaí iad a sháraíonn an reachtaíocht chustaim nó a d’fhéadfadh an reachtaíocht chustaim a shárú.
2.
Arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, cuirfidh an t-údarás iarrtha é ar an eolas faoin méid seo a leanas go háirithe:
(a)
earraí a onnmhairíodh go cuí ó chríoch ceann de na Páirtithe isteach i gcríoch an Pháirtí eile, lena sonraítear, i gcás inarb iomchuí, an nós imeachta custam a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hearraí; nó
(b)
earraí a allmhairíodh go cuí isteach i gcríoch ceann de na Páirtithe ó chríoch an Pháirtí eile, lena sonraítear, i gcás inarb iomchuí, an nós imeachta custam a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hearraí.
3.
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha na bearta is gá i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme chun faireachas speisialta a áirithiú agus chun faisnéis a sholáthar don údarás is iarratasóir maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
daoine a bhfuil foras réasúnach ann ina leith le creidiúint go bhfuil nó go raibh siad bainteach le hoibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim;
(b)
earraí atá á n-iompar nó ar féidir iad a iompar ar bhealach ina bhfuil foras réasúnach ann le creidiúint gur baineadh úsáid astu nó ina bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint astu in oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim;
(c)
áiteanna inar stóráladh nó inar cóimeáladh earraí nó inar féidir na hearraí sin a stóráil nó a chóimeáil ar bhealach ina bhfuil foras réasúnach ann le creidiúint gur baineadh úsáid as na hearraí sin nó ina bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint astu in oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim;
(d)
modh iompair a mbaintear úsáid as nó ar féidir úsáid a bhaint as ar bhealach ina bhfuil foras réasúnach ann le creidiúint go bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint as an modh iompair sin in oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht custaim; agus
(e)
áitribh faoina bhfuil an t-údarás is iarratasóir in amhras go bhfuil úsáid á baint astu chun sáruithe ar an reachtaíocht chustaim a dhéanamh.
AIRTEAGAL PCUST.4
Cúnamh Spontáineach
Tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile ar a dtionscnamh féin, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí atá tugtha i gcrích, gníomhaíochtaí atá beartaithe nó gníomhaíochtaí leanúnacha ar oibríochtaí iad nó ar cosúil gurb ea a sháraíonn an reachtaíocht chustaim agus a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise don Pháirtí eile. Díreoidh an fhaisnéis go háirithe ar an méid seo a leanas:
(a)
earraí arb eol go bhfuil siad faoi réir oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht custaim;
(b)
daoine a bhfuil foras réasúnach ann ina leith le creidiúint go bhfuil nó go raibh siad bainteach le hoibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim;
(c)
modh iompair a bhfuil foras réasúnach ann ina leith le creidiúint gur baineadh, go mbaintear nó go bhféadfar úsáid a bhaint as in oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht custaim; agus
(d)
bealaí nó modhanna nua a úsáidfear chun oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim a chur i gcrích.
AIRTEAGAL PCUST.5
Foirm agus substaint na n‑iarrataí ar chúnamh
1.
Déanfar iarrataí de bhun an Phrótacail seo i scríbhinn i bhformáid chlóite nó i bhformáid leictreonach. Beidh na doiciméid is gá ag gabháil leo chun gur féidir an iarraidh a chomhlíonadh. I gcás práinne, nó de réir mar a chomhaontóidh an t‑údarás is iarratasóir agus an t‑údarás iarrtha ina mhalairt de chás, féadfaidh an t‑údarás iarrtha glacadh le hiarrataí ó bhéal ach deimhneoidh an t‑údarás is iarratasóir na hiarrataí ó bhéal sin i scríbhinn go pras.
2.
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas in iarrataí a dhéantar de bhun mhír 1:
(a)
an t-údarás is iarratasóir agus an t-oifigeach iarrthach;
(b)
an fhaisnéis nó an cineál cúnaimh a iarradh;
(c)
cuspóir na hiarrata agus an chúis atá léi;
(d)
na dlíthe agus na rialacháin agus gnéithe dlíthiúla eile atá i gceist;
(e)
sonraí chomh cruinn cuimsitheach agus is féidir ar na hearraí nó ar na daoine is ábhar do na himscrúduithe;
(f)
achoimre ar na fíorais ábhartha agus ar na fiosrúcháin a rinneadh cheana féin; agus
(g)
aon sonraí breise atá ar fáil chun go mbeidh an t-údarás iarrtha in ann cloí leis an iarraidh.
3.
Cuirfear iarrataí isteach i dteanga oifigiúil de chuid an údaráis iarrtha nó i dteanga atá inghlactha ag an údarás sin, is teanga inghlactha i gcónaí é an Béarla. Níl feidhm ag an gceanglas seo maidir le haon doiciméad a ghabhann leis an iarraidh faoi mhír 1, a mhéid is gá.
4.
Mura gcomhlíonann iarraidh na ceanglais fhoirmiúla a leagtar amach san Airteagal seo, féadfaidh an t‑údarás iarrtha ceartú nó comhlánú na hiarrata a éileamh. Fad agus atáthar ag fanacht ar an gceartú nó ar an gcomhlíonadh sin, d’fhéadfaí bearta réamhchúraim a ordú.
AIRTEAGAL PCUST.6
Forghníomhú iarrataí
1.
Rachaidh an t-údarás iarrtha ar aghaidh go pras, laistigh de theorainneacha a inniúlachta, chun an iarraidh ar chúnamh a chomhlíonadh, amhail is dá mbeadh sé ag gníomhú ar a chuntas nó arna iarraidh sin d’údarás eile sa Pháirtí céanna, trí fhaisnéis atá ina sheilbh cheana a chur ar fáil, trí fhiosrúcháin iomchuí a dhéanamh nó trí na fiosrúcháin sin a shocrú atá le déanamh. Beidh feidhm ag an bhforáil seo freisin maidir le haon údarás eile ar chuir an t-údarás iarrtha an iarraidh chuige nuair nach féidir leis an údarás sin gníomhú as a stuaim féin. Agus aon chúnamh den sórt sin á sholáthar ag an údarás iarrtha, cuirfidh sé a phráinne atá an iarraidh san áireamh go hiomchuí.
2.
Forghníomhófar iarrataí ar chúnamh i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí iarrtha.
AIRTEAGAL PCUST.7
An fhoirm ina bhfuil an fhaisnéis le cur in iúl
1.
Cuirfidh an t-údarás is iarratasóir torthaí na bhfiosrúchán a rinneadh de bhun iarraidh a rinneadh faoin bPrótacal seo in iúl i scríbhinn don údarás is iarratasóir mar aon le doiciméid ábhartha, cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid nó nithe eile. Féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáid leictreonach. Féadfaidh údarás iarrtha torthaí ar fhiosrúcháin a chur in iúl ó bhéal, ach déanfar obair leantach air sin i scríbhinn.
2.
Tarchuirfear bundoiciméid de réir shrianta dlíthiúla gach Páirtí, arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir agus ar an gcúis sin amháin, i gcásanna ina mbeadh cóipeanna deimhnithe neamhleor. Cuirfidh an t-údarás is iarratasóir na bunchóipeanna sin ar ais a luaithe is féidir.
3.
Tabharfaidh an t-údarás iarrtha, faoi na forálacha dá dtagraítear i mír 2, aon fhaisnéis a bhaineann le barántúlacht na ndoiciméad arna n-eisiúint nó arna ndeimhniú ag gníomhaireachtaí oifigiúla laistigh dá chríoch don údarás is iarratasóir mar thacaíocht le dearbhú earraí.
AIRTEAGAL PCUST.8
Oifigigh de chuid Páirtí amháin a bheith i láthair i gcríoch Páirtí eile
1.
Féadfaidh oifigigh chuí-údaraithe de chuid Páirtí amháin, i gcomhaontú leis an bPáirtí eile agus faoi réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha síos ag an bPáirtí eile, a bheith i láthair in oifigí an údaráis iarrtha nó aon údaráis eile lena mbaineann dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal PCUST.6 chun faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí ar oibríochtaí iad nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim a fháil, faisnéis a theastaíonn ón údarás is iarratasóir chun críocha an Phrótacail seo.
2.
Le comhaontú an Pháirtí iarrtha agus faoi réir na gcoinníollacha a shonróidh sé, féadfaidh oifigigh chuí-údaraithe de chuid an Pháirtí eile a bheith i láthair ag fiosrúcháin arna ndéanamh ar chríoch an Pháirtí iarrtha.
AIRTEAGAL PCUST.9
Soláthar agus fógra
1.
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha, i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme, na bearta uile is gá chun aon doiciméid a sheachadadh nó chun fógra a thabhairt faoi aon chinntí de chuid an údaráis is iarratasóir agus atá faoi raon feidhme an Phrótacail seo, do sheolaí atá ina chónaí nó atá bunaithe i gcríoch an údaráis iarrtha.
2.
Is i scríbhinn i dteanga oifigiúil de chuid an údaráis iarrtha nó i dteanga atá inghlactha ag an údarás sin a dhéanfar iarrataí den sórt sin ar dhoiciméid a sheachadadh nó ar fhógra a thabhairt faoi chinntí, is teanga inghlactha i gcónaí é an Béarla.
AIRTEAGAL PCUST.10
Uathmhalartú faisnéise
1.
Féadfaidh na Páirtithe, trí shocrú frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal PCUST.15 den Phrótacal seo:
(a)
aon fhaisnéis a chumhdaítear leis an bPrótacal seo a mhalartú ar bhonn uathoibríoch; agus
(b)
faisnéis shonrach a mhalartú sula dtiocfaidh coinsíneachtaí i gcríoch an Pháirtí eile.
2.
Féadfaidh na Páirtithe socruithe a bhunú maidir leis an gcineál faisnéise is mian leo a mhalartú, formáid agus minicíocht tarchuir na faisnéise sin, chun na malartuithe faoi fhomhíreanna (a) agus (b) de mhír 1 a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL PCUST.11
Eisceachtaí ón oibleagáid cúnamh a sholáthar
1.
Féadfar cúnamh faoin bPrótacal seo a dhiúltú nó féadfaidh sé a bheith faoi réir coinníollacha nó ceanglais áirithe a chomhlíonadh i gcásanna ina mbeidh Páirtí den tuairim maidir leis an gcúnamh sin:
(a)
gur dócha go ndéanfaí dochar do cheannasacht na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó do cheannasacht Ballstáit ar iarradh air cúnamh a thabhairt faoin bPrótacal seo; nó
(b)
gur dócha go ndéanfaí dochar do bheartas poiblí, don tslándáil nó do leasanna fíor‑riachtanacha eile, go háirithe sna cásanna dá dtagraítear i mír 5 d’Airteagal PCUST.12 den Phrótacal seo; nó
(c)
go sárófaí rún tionscail, rún tráchtála nó gairmiúil leis.
2.
Féadfaidh an t-údarás iarrtha an cúnamh a chur ar atráth ar an bhforas go gcuirfidh an cúnamh sin isteach ar imscrúduithe, ionchúisimh nó imeachtaí leanúnacha. I gcás den sórt sin, rachaidh an t-údarás iarrtha i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir chun a chinneadh an féidir cúnamh a thabhairt faoi réir cibé téarmaí nó coinníollacha a éileoidh an t-údarás iarrtha.
3.
I gcás ina lorgaíonn an t-údarás is iarratasóir cúnamh nach mbeadh sé féin in ann a sholáthar má iarrtar sin air, tarraingeoidh sé aird ar an méid sin ina iarraidh. Is ar an údarás iarrtha a bheidh sé ansin cinneadh a dhéanamh conas freagra a thabhairt ar iarraidh den sórt sin.
4.
I gcásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an t-údarás iarrtha a chinneadh agus na cúiseanna atá leis in iúl don údarás is iarratasóir i scríbhinn gan mhoill.
AIRTEAGAL PCUST.12
Malartú faisnéise agus rúndacht
1.
Bainfear úsáid as an bhfaisnéis a fhaightear faoin bPrótacal seo chun críocha a bhunaítear sa Phrótacal seo amháin.
2.
Meastar gur chun críocha an Phrótacail seo atá úsáid na faisnéise a fhaightear faoin bPrótacal seo in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a thionscnófar i ndáil le hoibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim. Dá bhrí sin, féadfaidh na Páirtithe úsáid a bhaint as faisnéis a fhaightear agus as doiciméid a ndeachthas i gcomhairle leo i gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo mar fhianaise ina dtaifid ar fhianaise, i dtuarascálacha agus i bhfianaise, agus in imeachtaí agus i gcúisí a thionscnaítear os comhair na gcúirteanna nó na mbinsí. Féadfaidh an t-údarás iarrtha soláthar faisnéise nó rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a chur faoi réir an choinníll go dtabharfar fógra dó maidir leis an úsáid sin.
3.
I gcás inar mian le ceann de na Páirtithe úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin chun críoch eile, gheobhaidh sé toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás a sholáthair an fhaisnéis. Maidir le haon úsáid den chineál sin, beidh sé faoi réir aon sriain a leagann an t‑údarás sin síos.
4.
Measfar aon fhaisnéis a chuirfear in iúl i bhfoirm ar bith de bhun an Phrótacail seo a bheith rúnda nó srianta, i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialachán is infheidhme maidir le críoch gach Páirtí. Cumhdófar an fhaisnéis sin le hoibleagáid rúndachta gairmiúla agus téachtfaidh sí an chosaint a dheonaítear d’fhaisnéis den tsamhail chéanna faoi dhlíthe agus rialacháin ábhartha an Pháirtí ghlactha, mura rud é go dtabharfaidh an Páirtí a sholáthair an fhaisnéis a thoiliú roimh ré an fhaisnéis sin a nochtadh. Cuirfidh na Páirtithe faisnéis maidir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme atá acu in iúl dá chéile.
5.
Ní fhéadfar sonraí pearsanta a aistriú ach amháin i gcomhréir le rialacha um chosaint sonraí an Pháirtí a sholáthraíonn na sonraí. Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas faoi na rialacha ábhartha um chosaint sonraí agus, más gá, déanfaidh siad a ndícheall le teacht ar chomhaontú maidir le cosaintí breise.
AIRTEAGAL PCUST.13
Saineolaithe agus finnéithe
Féadfaidh an t-údarás iarrtha a údarú dá oifigigh a bheith i láthair, laistigh de theorainneacha an údaraithe a tugadh, mar shaineolaithe nó mar fhinnéithe in imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin maidir leis na hábhair a thagann faoi réim an Phrótacail seo, agus pé nithe, doiciméid nó cóipeanna dílse rúnda nó deimhnithe de na doiciméid sin a bheadh ag teastáil le haghaidh na n-imeachtaí, a chur i láthair. Sonrófar go sonrach san iarraidh ar láithriú an t‑údarás breithiúnach nó riaracháin a mbeidh ar an oifigeach teacht i láthair os a chomhair, na hábhair ar a gceisteofar é, agus an teideal nó an cháilíocht ar dá mbua a cheisteofar é.
AIRTEAGAL PCUST.14
Speansais maidir le cúnamh
1.
Faoi réir mhíreanna 2 agus 3, tarscaoilfidh na Páirtithe aon éilimh ar a chéile ar aisíocaíochtaí caiteachas arna dtabhú i bhforghníomhú an Phrótacail seo.
2.
Is é an Páirtí iarrthach a thabhóidh speansais agus liúntais a íocfar le saineolaithe, finnéithe, ateangairí agus aistritheoirí, seachas fostaithe seirbhíse poiblí de réir mar is iomchuí.
3.
I gcás ina bhfuil nó ina mbeidh gá le caiteachais de chineál substaintiúil nó urghnách chun an iarraidh a fhorghníomhú, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle chun na téarmaí agus na coinníollacha a chinneadh faoina ndéanfar an iarraidh a fhorghníomhú, mar aon leis an modh ina n-íocfar na costais.
AIRTEAGAL PCUST.15
Cur chun feidhme
1.
Cuirfear cur chun feidhme an Phrótacail seo de chúram, ar thaobh amháin, ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus ar an taobh eile, ar sheirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus ar údaráis chustaim na mBallstát, de réir mar is iomchuí. Déanfaidh siad cinneadh maidir leis na bearta agus na socruithe praiticiúla go léir is gá chun an Prótacal seo a chur chun feidhme, agus aird á tabhairt acu ar na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme faoi seach go háirithe chun sonraí pearsanta a chosaint.
2.
Coimeádfaidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas faoi na bearta mionsonraithe cur chun feidhme a ghlacfaidh sé i gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo, go háirithe maidir leis na seirbhísí cuí-údaraithe agus na hoifigigh a ainmneofar mar oifigigh atá inniúil ar chumarsáidí dá bhforáiltear sa Phrótacal seo a chur agus a fháil.
3.
Ní dhéanfaidh forálacha an Phrótacail seo difear, san Aontas, do chur in iúl aon fhaisnéise a fuarthas faoin bPrótacal seo idir seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus údaráis chustaim na mBallstát.
AIRTEAGAL PCUST.16
Comhaontuithe eile
Beidh tosaíocht ag forálacha an Phrótacail seo ar fhorálacha aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim a tugadh i gcrích nó a fhéadfar a thabhairt i gcrích idir Ballstáit aonair agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a mhéid nach luíonn forálacha na gcomhaontuithe déthaobhacha sin le forálacha an Phrótacail seo.
AIRTEAGAL PCUST.17
Comhairliúcháin
Maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Phrótacail seo, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile chun an t‑ábhar a réiteach faoi chuimsiú an Choiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil.
AIRTEAGAL PCUST.18
Forbairtí sa todhchaí
D’fhonn na leibhéil cúnaimh fhrithpháirtigh dá bhforáiltear sa Phrótacal seo a fhorlíonadh, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um an nGeilleagar agus um Thrádáil cinneadh a ghlacadh chun an Prótacal seo a leathnú trí shocruithe a bhunú maidir le hearnálacha nó ábhair shonracha i gcomhréir le reachtaíocht chustaim na bPáirtithe faoi seach.
_________________
IARSCRÍBHINN 38
PRÓTACAL
MAIDIR LE COMHAR RIARACHÁIN AGUS CALAOIS A CHOMHRAC
I RÉIMSE NA CÁNACH BREISLUACHA AGUS NA DLEACHTA MÁIL
AGUS MAIDIR LE CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH CHUN ÉILIMH A AISGHABHÁIL
A BHAINEANN LE CÁNACHA AGUS DLEACHTANNA
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL PVAT.1
Cuspóir
Is é is cuspóir don Phrótacal seo creat a bhunú le haghaidh comhar riaracháin idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar; dá ngairtear na Páirtithe anseo feasta, chun a chur ar a gcumas dá n‑údaráis cúnamh a thabhairt dá chéile chun a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht maidir le CBL, dleacht mháil agus cáin ar idirbhearta, de réir mar is infheidhme, agus chun an t‑ioncam cánach sin a chosaint agus chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil.
AIRTEAGAL PVAT.2
Raon feidhme
Leis an bPrótacal seo, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh comhair:
(a)
chun aon fhaisnéis a mhalartú a d’fhéadfadh cuidiú le measúnú ceart a dhéanamh ar CBL, dleacht mháil agus cáin ar idirbhearta, de réir mar is infheidhme, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na gcánacha sin agus calaois a bhaineann leis na cánacha sin a chomhrac;
(b)
chun an méid seo a leanas a aisghabháil:
(i)
éilimh a bhaineann le CBL, cáin ar idirbhearta, dleachtanna custaim agus dleachtanna máil, arna dtobhach ag Páirtí nó thar a cheann nó a fhoranna críochacha nó riaracháin, seachas na húdaráis áitiúla;
(ii)
pionóis riaracháin, fíneálacha, táillí agus formhuirir a bhaineann leis na héilimh dá dtagraítear i bpointe (i) arna bhforchur ag na húdaráis riaracháin atá inniúil na cánacha nó na dleachtanna lena mbaineann a thobhach nó fiosrúcháin riaracháin a dhéanamh ina leith, nó arna ndearbhú ag comhlachtaí riaracháin nó breithiúnacha arna iarraidh sin do na húdaráis riaracháin sin; agus ús agus costais a bhaineann le héilimh den sórt sin.
AIRTEAGAL PVAT.3
Sainmhínithe
Chun críoch an Phrótacail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn ‘fiosrúchán riaracháin’ na rialuithe, na seiceálacha agus an ghníomhaíocht eile uile a dhéanann aon cheann de na Páirtithe agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu d’fhonn cur i bhfeidhm cuí na reachtaíochta maidir le CBL, cáin ar idirbhearta nó dleacht mháil a áirithiú;
(b)
ciallaíonn ‘údarás is iarratasóir’ an t‑údarás inniúil a iarrann cúnamh le haghaidh aisghabhála;
(c)
ciallaíonn ‘trí mheán leictreonach’ úsáid a bhaint as trealamh leictreonach le haghaidh próiseáil sonraí (lena n-áirítear comhbhrú digiteach) agus stóráil sonraí, agus úsáid a bhaint as sreanga, tarchur raidió, teicneolaíochtaí optúla nó aon mheán leictreamaighnéadach eile;
(d)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t‑údarás ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal PVAT.4(1);
(e)
ciallaíonn ‘dleachtanna custaim’ an dleacht is iníoctha ar earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim gach Páirtí nó a chuirtear amach aisti i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach ina reachtaíocht chustaim;
(f)
ciallaíonn ‘dleachtanna máil’ na dleachtanna agus na muirir sin a shainmhínítear amhlaidh faoi reachtaíocht intíre an Pháirtí ina bhfuil an t‑údarás iarrthach suite;
(g)
ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach, aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a aithnítear i bPáirtí go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh agus aon socrú dlíthiúil eile de chineál agus d’fhoirm ar bith, gan beann ar phearsantacht dhlítheanach a bheith aige;
(h)
ciallaíonn ‘údarás iarrtha’ an t‑údarás inniúil a fhaigheann iarraidh ar chúnamh;
(i)
ciallaíonn ‘údarás iarrthach’ an t‑údarás inniúil a iarrann cúnamh le haghaidh CBL, cáin ar idirbhearta nó dleachtanna máil;
(j)
ciallaíonn ‘malartú gan choinne’ cumarsáid neamhchórasach, ag aon tráth agus gan iarraidh roimh ré, na faisnéise chuig an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, nó aon cheann de Bhallstáit an Aontais;
(k)
ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nach Ballstát an Aontais ná an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, í;
(l)
ciallaíonn ‘cáin ar idirbhearta’ an cháin de bhun [tagairt don ghníomh reachtach le cur isteach] Ghiobráltar; agus
(m)
ciallaíonn ‘CBL’ cáin bhreisluacha de bhun Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha don Aontas.
AIRTEAGAL PVAT.4
Eagraíocht
1.
Ainmneoidh gach Páirtí údarás inniúil a bheidh freagrach as an bPrótacal seo a chur i bhfeidhm, agus cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi sin.
2.
Fógróidh gach Páirtí an méid a leanas:
(a)
údarás aonair chun feidhmiú mar údarás iarrthach nó iarrtha don chomhar riaracháin maidir le CBL agus cáin ar idirbhearta, de réir mar is infheidhme, faoi Theideal II den Phrótacal seo;
(b)
údarás aonair chun feidhmiú mar iarratasóir nó údarás iarrtha don chomhar riaracháin maidir le dleachtanna máil faoi Theideal II-III den Phrótacal seo;
(c)
údarás aonair chun feidhmiú mar iarratasóir nó údarás iarrtha don chomhar riaracháin faoi Theideal IV den Phrótacal seo.
3.
Cuirfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi ainmniú údaráis na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a ceapadh i gcomhréir le mír 2, agus faoi aon nuashonrú ar na hainmniúcháin sin. Tabharfaidh an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis sin do na Ballstáit.
4.
Cuirfidh údarás inniúil na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi ainmniú na n‑údarás atá ceaptha acu i gcomhréir le mír 2, agus faoi aon nuashonrú ar na hainmniúcháin sin. Tabharfaidh an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis sin d’údarás inniúil na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, dá dtagraítear i mír 1.
5.
Beidh na sonraí teagmhála uile san fhaisnéis a bhaineann leis na húdaráis aonair dá dtagraítear i mír 2, lena n‑áirítear uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist le haghaidh cumarsáid leictreonach.
AIRTEAGAL PVAT.5
Teangacha atá le húsáid
Cuirfear iarrataí isteach i dteanga oifigiúil de chuid an údaráis iarrtha nó i dteanga atá inghlactha ag an údarás sin, is teanga inghlactha i gcónaí é an Béarla. Níl feidhm ag an gceanglas seo maidir le haon doiciméad a ghabhann leis an iarraidh.
AIRTEAGAL PVAT.6
Rúndacht
1.
Caithfear le haon fhaisnéis a fhaigheann Páirtí faoin bPrótacal seo mar fhaisnéis rúnda, agus ní úsáidfear í ach amháin chun críche an Phrótacail seo.
2.
Aon fhaisnéis a fhaightear faoin bPrótacal seo, beidh sí faoin gcosaint a thugtar d’fhaisnéis chomhchosúil de réir dhlíthe agus rialachán ábhartha an údaráis ghlactha.
3.
Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a nochtadh ach amháin do dhaoine nó d’údaráis (lena n-áirítear cúirteanna agus comhlachtaí riaracháin) a bhfuil baint acu le reachtaíocht maidir le CBL, dleacht mháil, cáin idirbhirt nó dleachtanna custaim a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta aisghabhála nó réamhchúraim i ndáil le héilimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal PVAT.2.
4.
Maidir le haon úsáid bhreise, beidh gá le toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás a sholáthraíonn an fhaisnéis.
5.
Maidir le tuarascálacha, ráitis agus aon doiciméad eile, nó fíorchóipeanna deimhnithe nó sleachta díobh, a gheobhaidh Páirtí faoin gcúnamh a sholáthraítear leis an bPrótacal seo, féadfar sin a agairt mar fhianaise sa Pháirtí sin ar an mbonn céanna le doiciméid dá samhail arna soláthar ag údarás eile de chuid an Pháirtí sin.
TEIDEAL II
COMHAR RIARACHÁIN AGUS CALAOIS CBL,
DLEACHTA MÁIL AGUS CALAOIS SA CHÁIN AR IDIRBHEARTA A CHOMHRAC
CAIBIDIL 1
MALARTÚ FAISNÉISE ARNA IARRAIDH SIN
AIRTEAGAL PVAT.7
Malartú faisnéise agus fiosrúcháin riaracháin
1.
Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, cuirfidh an t‑údarás iarrtha gach faisnéis ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2 in iúl, lena n‑áirítear aon fhaisnéis a bhaineann le cás sonrach nó le cásanna sonracha.
2.
Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh, socróidh an t-údarás iarrtha go ndéanfar aon fhiosrúcháin riaracháin is gá chun an fhaisnéis sin a fháil.
3.
Féadfaidh an t‑údarás iarrtha dul i gcomhairle leis an údarás iarrthach maidir leis an ngá le fiosrúcháin ar leith, agus cuirfidh sé an fhaisnéis a fhaightear in iúl, lena n‑áirítear tuairiscí, cóipeanna deimhnithe agus aon doiciméad eile.
AIRTEAGAL PVAT.8
Cúnamh ar iarrataí ar dhleacht mháil
Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, déanfaidh an t-údarás iarrtha na bearta is gá i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme chun faireachas speisialta a áirithiú agus chun faisnéis a sholáthar don údarás iarrthach maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
daoine a bhfuil foras réasúnach ann ina leith le creidiúint go bhfuil nó go raibh siad bainteach le hoibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht dleachta máil;
(b)
earraí atá á n-iompar nó ar féidir iad a iompar ar bhealach ina bhfuil foras réasúnach ann le creidiúint gur baineadh úsáid astu nó ina bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint astu in oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht dleachta máil;
(c)
áiteanna inar stóráladh nó inar cóimeáladh earraí nó inar féidir na hearraí sin a stóráil nó a chóimeáil ar bhealach ina bhfuil foras réasúnach ann le creidiúint gur baineadh úsáid as na hearraí sin nó ina bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint astu in oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht dleachta máil;
(d)
modh iompair a mbaintear úsáid as nó ar féidir úsáid a bhaint as ar bhealach ina bhfuil foras réasúnach ann le creidiúint go bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint as an modh iompair sin in oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht dleachta máil;
(e)
áitreabh a bhfuil an t‑údarás iarrthach in amhras gur úsáideadh iad le sáruithe ar reachtaíocht dleachta máil a dhéanamh;
(f)
gluaiseacht earraí; agus
(g)
aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le hoibreoir eacnamaíoch nó trádstóras cánacha a fhéadann a bheith páirteach in oibríochtaí de shárú ar reachtaíocht dleachtanna máil.
AIRTEAGAL PVAT.9
Teorainn ama d’fhaisnéis a sholáthar
1.
Soláthróidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal PVAT.6 chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an dáta a gheofar an iarraidh. Mar sin féin, más rud go bhfuil an fhaisnéis sin ag an údarás iarrtha cheana féin, laghdófar an teorainn ama go huastréimhse 30 lá.
2.
Nuair nach féidir leis an údarás iarrtha na teorainneacha ama sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé an t‑údarás iarrthach ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna leis, agus tabharfaidh le fios an uair a bheifí ag dúil le freagairt.
CAIBIDIL 2
FAISNÉIS A MHALARTÚ GAN RÉAMHIARRAIDH
AIRTEAGAL PVAT.10
Malartú faisnéise gan choinne
Féadfaidh údarás inniúil Páirtí, gan iarraidh roimh ré, aon fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig údarás inniúil an Pháirtí eile atá ábhartha do chur chun feidhme ceart CBL, dleachtanna máil nó cánach ar idirbhearta, go háirithe i gcás ina:
(a)
meastar go dtarlaíonn an cánachas sa Pháirtí eile;
(b)
tá sárú ar CBL, dleacht mháil nó reachtaíocht maidir le cáin ar idirbhearta déanta sa Pháirtí eile nó is dócha go raibh sé déanta; nó
(c)
i gcás ina mbeidh riosca caillteanais cánach sa Pháirtí eile.
CAIBIDIL 3
CINEÁLACHA EILE COMHAIR
AIRTEAGAL PVAT.11
Fógra riaracháin
1.
Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, déanfaidh an t‑údarás iarrtha bearta chun doiciméid nó cinntí a sheachadadh, nó chun fógra a thabhairt fúthu, a thagann faoi raon feidhme an Phrótacail seo chuig a sheolaithe laistigh dá chríoch. Déanfar iarrataí i scríbhinn, agus glacfar leis an mBéarla i gcónaí.
2.
Áireofar le hiarrataí ainm, sloinne agus seoladh an tseolaí, ábhar an chinnidh nó na hionstraime agus aon fhaisnéis ábhartha eile
3.
Cuirfidh an t-údarás iarrtha in iúl don údarás iarrthach maidir lena fhreagra ar an iarraidh ar fhógra agus tabharfaidh sé fógra dó, go háirithe, faoi dháta fógra an chinnidh nó na hionstraime don seolaí.
AIRTEAGAL PVAT.12
Láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin
1.
Trí chomhaontú idir an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha, féadfaidh an t‑údarás iarrtha ceadú d’oifigigh an údaráis iarrthaigh a bheith i láthair ina chuid oifigí, nó aon áit eile ina gcuireann na húdaráis sin i gcrích a gcuid dualgas nó le linn fiosruithe riaracháin a dhéantar ar a chríoch, d’fhonn: an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2 a mhalartú. Is iad oifigigh an údaráis iarrtha amháin a dhéanfaidh na fiosrúcháin riaracháin sin. Ní fheidhmeoidh oifigigh an údaráis iarrthaigh na cumhachtaí cigireachta arna dtabhairt d’oifigigh an údaráis iarrtha.
2.
Trí chomhaontú idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha agus i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos ag an údarás iarrtha, féadfaidh oifigigh arna n-údarú ag an údarás iarrthach páirt a ghlacadh sna fiosrúchán riaracháin a dhéantar i gcríoch an Pháirtí iarrtha, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2 a mhalartú. Déanfaidh oifigigh na n-údarás iarrthach agus iarrtha na fiosrúcháin riaracháin sin i gcomhpháirtíocht le chéile agus déanfar iad faoi threoir agus de réir reachtaíocht an Pháirtí iarrtha.
CAIBIDIL 4
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL PVAT.13
Coinníollacha lena rialaítear malartú na faisnéise
1.
Cuirfidh an t‑údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal PVAT.2 ar fáil don údarás iarrthach nó déanfaidh sé fógra riaracháin dá dtagraítear in Airteagal PVAT.11 ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
(a)
ní fhorchuireann líon ná cineál na n-iarrataí ar fhaisnéis nó ar fhógra riaracháin arna ndéanamh ag an údarás iarrthach ualach riaracháin díréireach; agus
(b)
tá na gnáthfhoinsí faisnéise atá ar fáil ídithe ag an údarás iarrthach.
2.
Ní fhorchuirfear leis an bPrótacal seo aon oibleagáid fiosrúcháin a dhéanamh ná faisnéis a sholáthar maidir le cás ar leith mura n-údaraítear le dlíthe nó cleachtais riaracháin an Pháirtí don Pháirtí sin, a gceanglófaí air an fhaisnéis a sholáthar, leis na fiosrúcháin sin a dhéanamh nó an fhaisnéis sin a bhailiú nó a úsáid chun a chríoch féin.
3.
Féadfaidh údarás iarrtha diúltú faisnéis a sholáthar i gcás nach bhfuil an t-údarás iarrthach in ann, ar chúiseanna dlí, faisnéis chomhchosúil a sholáthar.
4.
D’fhéadfaí soláthar faisnéise a dhiúltú i gcás ina nochtfaí, dá bharr sin, rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála, nó faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí.
5.
Ní léireofar in aon chás míreanna 2, 3 agus 4 mar údarú don pháirtí iarrtha diúltú d’fhaisnéis a sholáthar ar an bhforas go bhfuil an fhaisnéis sin i seilbh ag banc, institiúid airgeadais eile, ainmnitheach nó duine atá ag gníomhú mar ghníomhaireacht nó i gcáil muiníneach, nó toisc go mbaineann sí le leasanna úinéireachta duine, agus ar an bhforas sin amháin.
6.
Cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás iarrthach ar an eolas faoin bhforas a bheidh le haon diúltú d’iarraidh ar chúnamh.
AIRTEAGAL PVAT.14
Modhanna cumarsáide
1.
Déanfar iarrataí de bhun an Phrótacail seo i scríbhinn, lena n‑áirítear i bhfoirm leictreonach. Áirítear le hiarrataí, a mhéid agus is féidir:
(a)
an t‑údarás iarrthach agus an t‑oifigeach iarrthach;
(b)
an cineál cúnaimh a iarrtar;
(c)
cuspóir na hiarrata agus an chúis atá léi;
(d)
na míreanna dlíthiúla lena mbaineann;
(e)
sonraí chomh cruinn cuimsitheach agus is féidir ar na hearraí, na daoine nó na hidirbhearta is ábhar do na himscrúduithe;
(f)
achoimre ar na fíorais ábhartha agus ar na fiosrúcháin a rinneadh cheana féin; agus
(g)
aon sonra breise atá ar fáil chun go mbeidh an t‑údarás iarrtha in ann an iarraidh a chomhlíonadh.
2.
Mura gcomhlíonann iarraidh na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo, féadfaidh an t‑údarás iarrtha ceartú nó comhlánú na hiarrata a éileamh. Ar feitheamh ceartú nó cur i gcrích den sórt sin, féadfar bearta réamhchúraim a ordú mar sin féin i gcás inarb iomchuí.
TEIDEAL III
CÚNAMH MAIDIR LE hAISGHABHÁIL
CAIBIDIL 1
MALARTÚ FAISNÉISE
AIRTEAGAL PVAT.15
Iarraidh ar fhaisnéis
1.
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, cuirfidh an t‑údarás iarrtha aon fhaisnéis ar fáil chun féichiúnaithe nó sócmhainní atá suite ar a chríoch a shainaithint, agus ar gá í chun na héilimh dá dtagraítear sa Phrótacal seo a aisghabháil.
2.
Féadfaidh an t‑údarás iarrtha tabhairt faoi na fiosrúcháin riachtanacha riaracháin nó iad a eagrú, amhail is dá mbeadh sé ag gníomhú ina chuid cásanna aisghabhála féin.
3.
Ní fhéadfar diúltú don chúnamh ach amháin i gcás:
(a)
níorbh fhéidir leis an údarás iarrtha an fhaisnéis chéanna a fháil chun a chríoch féin;
(b)
sceithfí rún gairmiúil nó tráchtála leis an nochtadh; nó
(c)
bheadh nochtadh in aghaidh an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.
4.
Ní fhéadtar diúltú d’fhaisnéis ar an bhforas amháin go bhfuil sí i seilbh institiúide airgeadais nó ionadaí ag feidhmiú thar ceann duine eile.
5.
I gcás ina ndiúltaítear don chúnamh, cuirfidh an t‑údarás iarrtha an t‑údarás is iarratasóir ar an eolas i scríbhinn agus tabharfar na fáthanna.
AIRTEAGAL PVAT.16
Láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin
1.
Le comhaontú ón údarás iarrtha, féadfaidh oifigigh ag a bhfuil údarú ón údarás is iarratasóir a bheith i láthair in oifigí an údaráis iarrtha nó páirt a ghlacadh i bhfiosrúcháin riaracháin a bhaineann le cásanna aisghabhála.
2.
Le linn gníomhaíochtaí den sórt sin, feidhmeoidh na hoifigigh ar cuairt faoi mhaoirseacht agus i gcomhréir le nósanna imeachta an údaráis iarrtha. Ní fheidhmeoidh siad aon chumhachtaí forfheidhmithe ina n‑aonar.
3.
Nuair is ceadmhach de réir an dlí náisiúnta, féadfaidh an t‑údarás iarrtha ceadú do na hoifigigh ar cuairt na comhaid ábhartha a cheadú, daoine lena mbaineann a chur faoi agallamh nó cúnamh a tabhairt in éisteachtaí nó imeachtaí cúirte.
4.
Coinneoidh oifigigh ar cuairt údarú i scríbhinn ina seilbh, ina ndeimhnítear a n‑aitheantas agus a gcáil oifigiúil, agus urramóidh siad na hoibleagáidí céanna maidir le rúndacht agus a urramóidh oifigigh an údaráis iarrtha.
CAIBIDIL 2
CÚNAMH MAIDIR LE FÓGRA A THABHAIRT I LEITH DOICIMÉAD
AIRTEAGAL PVAT.17
Iarraidh ar fhógra a thabhairt faoi dhoiciméid áirithe a bhaineann le héilimh
1.
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, tabharfaidh an t‑údarás iarrtha fógra don seolaí faoi aon ionstraim, cinneadh nó doiciméad a thagann faoi raon feidhme an Phrótacail seo, lena n‑áirítear iad siúd de chineál breithiúnach, i ndáil le CBL, dleacht mháil, cáin ar idirbhearta, dleachtanna custaim nó lena n‑aisghabháil.
Áireofar leis na hiarrataí ar fhógra:
(a)
an t‑údarás is iarratasóir agus sonraí teagmhála na hoifige atá freagrach;
(b)
ainm, seoladh, agus aon sonraí eile atá ábhartha do shainaithint an tseolaí; a mhéid agus is infhaighte;
(c)
cineál agus ábhar an doiciméid atá le fógairt; agus
(d)
tuairisc ghairid a thabhairt ar an éileamh lena mbaineann, lena n‑áirítear an méid más infheidhme.
2.
Déanfar iarrataí i scríbhinn, lena n‑áirítear go leictreonach.
3.
Tabharfaidh an t‑údarás iarrtha fógra faoin doiciméad i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. A luaithe a bheidh fógra curtha i bhfeidhm, cuirfidh an t‑údarás iarrtha an t‑údarás is iarratasóir ar an eolas faoi dháta agus bealach an fhógra.
4.
Mura féidir fógra a chur i gcrích, cuirfidh an t‑údarás iarrtha an t‑údarás is iarratasóir ar an eolas faoi, agus cuirfear na fáthanna in iúl.
CAIBIDIL 3
BEARTA TÉARNAIMH NÓ RÉAMHCHÚRAIM
AIRTEAGAL PVAT.18
Iarraidh ar aisghabháil
1.
Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, aisghabhfaidh an t-údarás iarrtha éilimh atá faoi réir ionstraim lena gceadaítear forghníomhú i gcríoch Pháirtí an údaráis is iarratasóir.
2.
A luaithe a bheidh fhaisnéis ag an údarás is iarratasóir maidir le haon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an ábhar ba chúis leis an iarraidh ar aisghabháil, cuirfidh sé an t-údarás iarrtha ar an eolas faoi.
AIRTEAGAL PVAT.19
Coinníollacha lena rialaítear iarraidh ar aisghabháil
1.
Ní fhéadfaidh an t‑údarás is iarratasóir iarraidh ar aisghabháil a dhéanamh má dhéantar díospóid agus fad a bheidh díospóid á déanamh i gcoinne an éilimh agus/nó na hionstraime lena gceadaítear a fhorghníomhú i gcríoch an údaráis is iarratasóir.
2.
Sula ndéanfar iarraidh ar aisghabháil, cuirfidh an t‑údarás is iarratasóir nósanna imeachta aisghabhála iomchuí i bhfeidhm ar dtús atá ar fáil ina chríoch féin, seachas sna cásanna a leanas:
(a)
i gcás inar follas nach ann d’aon sócmhainn le haisghabháil i gcríoch an Pháirtí sin nó nach ndéanfar íocaíocht de mhéid substaintiúil de thoradh na nósanna imeachta sin, agus go bhfuil faisnéis shonrach ag an údarás is iarratasóir lena dtugtar le fios go bhfuil sócmhainní ag an duine lena mbaineann i gcríoch Pháirtí an údaráis iarrtha; nó
(b)
i gcás ina dtiocfadh deacracht dhíréireach as dul i muinín na nósanna imeachta sin i gcríoch Pháirtí an údaráis is iarratasóir.
AIRTEAGAL PVAT.20
Forghníomhú na hiarrata ar aisghabháil
1.
Aisghabhfaidh an t‑údarás iarrtha an t‑éileamh amhail is dá mba éileamh é ar a chríoch féin, agus úsáid á baint as na cumhachtaí agus nósanna imeachta a chuirtear ar fáil faoi dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin na críche sin.
2.
Coinneoidh an t‑údarás iarrtha an t‑údarás is iarratasóir ar an eolas faoi na céimeanna aisghabhála a glacadh agus faoi na méideanna a aisghabhadh.
3.
Féadfaidh an t‑údarás iarrtha saoráidí íoctha nó tráthchodanna a dheonú i gcomhréir lena dhlí, agus féadfaidh sé ús nó costais aisghabhála a ghearradh, agus féadfaidh sé an t‑ús nó na costais aisghabhála sin a choinneáil.
4.
Aistreofar na méideanna arna n‑aisghabháil chuig an údarás is iarratasóir go pras tar éis aon chostas nó muirear a asbhaint nárbh fhéidir leis an údarás iarrtha a aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal PVAT.26(2).
AIRTEAGAL PVAT.21
Éilimh a bhfuil díospóid fúthu agus bearta forfheidhmiúcháin
1.
Aon díospóid maidir le bailíocht nó méid an éilimh, déanfaidh údaráis an Pháirtí is iarratasóir cinneadh fúithi. Déanfaidh comhlachtaí inniúla an Pháirtí iarrtha cinneadh faoi dhíospóidí faoi bhearta aisghabhála a dhéantar ann.
2.
Má dhéantar conspóid ar an éileamh nó ionstraim forfheidhmithe, cuirfidh an t‑údarás iarrtha ar fionraí aisghabháil don chuid atá faoi dhíospóid go dtí go mbeidh an cinneadh críochnaitheach, ach féadfaidh an t‑údarás is iarratasóir a iarraidh go leantar le bearta aisghabhála a leanúint nó go ndéantar bearta réamhchúraim leis an bhfiachas a shlánú.
3.
Nuair a leanann aisghabháil ar aghaidh le haghaidh éileamh faoi dhíospóid arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, agus go ndéantar an t-éileamh a neamhniú nó a laghdú ina dhiaidh sin, aisíocfaidh an t‑údarás is iarratasóir méideanna a aisghabhadh go míchuí agus aon chostas nó cúiteamh gaolmhar.
4.
I gcás inar gá chun neamh-aisghabháil de bharr calaoise, imeacht sócmhainní nó sócmhainneachta a chosc, féadfaidh an t‑údarás iarrtha bearta réamhchúraim a ghlacadh atá ceadaithe de réir a dhlí náisiúnta, sula bhfaightear iarraidh ón údarás is iarratasóir faoi mhír 2.
AIRTEAGAL PVAT.22
Leasú nó tarraingt siar na hiarrata ar chúnamh maidir le haisghabháil
Cuirfidh an t-údarás is iarratasóir an t-údarás iarrtha ar an eolas faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar a iarraidh ar aisghabháil nó faoi tharraingt siar a iarrata, agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an leasú nó an tarraingt siar.
AIRTEAGAL PVAT.23
Iarraidh ar bhearta réamhchúraim
1.
Ar iarraidh réasúnaithe a fháil dó ón údarás is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha bearta réamhchúraim, más ceadmhach sin faoina dhlí náisiúnta agus má bhíonn sé i gcomhréir lena chleachtas riaracháin, chun aisghabháil a áirithiú i gcás ina ndéanfar agóid, tráth an iarraidh a dhéanamh, i gcoinne éileamh nó ionstraim lena gceadaítear haisghabháil i gcríoch an údaráis is iarratasóir, nó i gcás nach bhfuil an t-éileamh faoi réir ionstraim lena gceadaítear aisghabháil i gcríoch an údaráis is iarratasóir, a mhéid atá bearta réamhchúraim indéanta, i gcás comhchosúil, faoi dhlí náisiúnta chríoch an údaráis is iarratasóir agus de réir chleachtais riaracháin na críche sin.
Más ann dó, maidir leis an doiciméad a tarraingíodh suas lena gceadaítear bearta réamhchúraim i gcríoch an údaráis is iarratasóir agus a bhaineann leis an éileamh a bhfuil cúnamh frithpháirteach á iarraidh ina leith, beidh sé ag gabháil leis an iarraidh ar bhearta réamhchúraim i gcríoch an údaráis iarrtha. Ní bheidh an doiciméad sin faoi réir aon ghnímh arb é is aidhm dó an doiciméad sin a aithint, a fhorlíonadh ná a athsholáthar i gcríoch an údaráis iarrtha.
2.
Féadfaidh doiciméid eile a bhaineann leis an éileamh a bheith ag gabháil leis an iarraidh ar bhearta réamhchúraim.
AIRTEAGAL PVAT.24
Teorainneacha le hoibleagáid an údaráis iarrtha
1.
Féadfaidh an t‑údarás iarrtha diúltú do chúnamh nó é a theorannú i gcás inarb amhlaidh:
(a)
bheadh an aisghabháil ina cúis le cruatan tromchúiseach eacnamaíoch nó sóisialta ar a chríoch;
(b)
is léir go mbeadh an iarracht nó costas riaracháin díréireach leis an méid atá le haisghabháil; nó
(c)
tá an t‑éileamh os cionn 5 bliana d’aois, óna dháta dlite sa Pháirtí is iarratasóir.
2.
I gcásanna eisceachtúla, féadfar cúnamh a chur ar fáil fós suas le 10 mbliana tar éis an dáta dhlite, má tá an aisghabháil fós indéanta ar bhonn dlíthiúil sa Pháirtí is iarratasóir.
3.
Ní iarrfar aon chúnamh i leith aon éileamh faoi bhun luach GBP 5 000.
4.
Nuair a dhiúltaítear don chúnamh nó nuair a bhíonn sé teoranta, cuirfidh an t‑údarás iarrtha an t‑údarás is iarratasóir ar an eolas i scríbhinn agus míneofar na fáthanna.
AIRTEAGAL PVAT.25
Ceisteanna maidir le teorannú
1.
Teorainneacha ama chun éilimh a chur ar bun agus a aisghabháil, déanfar iad a chinneadh le dlí an Pháirtí is iarratasóir.
2.
Is é a bheidh mar thoradh ar aon iarraidh ar aisghabháil ná bearta réamhchúraim de bhun an Phrótacail seo an tréimhse teorannaithe a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an iarraidh curtha i gcrích ag an údarás iarrtha.
AIRTEAGAL PVAT.26
Costais
1.
Íocfaidh gach Páirtí na costais a thabhaíonn sé sa chúnamh aisghabhála, agus ní fhéachfaidh sé le haisíocaíocht a fháil ón bPáirtí eile.
2.
Féadfaidh an t‑údarás iarrtha a chuid costas a aisghabháil go díreach ón bhféichiúnaí i gcomhréir leis an dlí seo. Aisíocfaidh an t‑údarás is iarratasóir costais nó caillteanais de thoradh iarrataí gan foras leis an údarás iarrtha.
3.
I gcásanna eisceachtúla lena mbaineann costais atá níos airde ná mar is gnách, féadfaidh na húdaráis aontú ar shocruithe sonracha aisíocaíochta.
______________
IARSCRÍBHINN 39
PRÓTACAL
MAIDIR LE hINRIANAITHEACHT,
COMHAR CHUN SMUGLÁIL TOBAC A CHOMHRAC
AGUS BEARTA BREISE A BHAINEANN LE TÁIRGÍ TOBAC
AIRTEAGAL PTOB.1
Comhroinnt faisnéise
1.
Gan dochar don chomhlíontacht le hoibleagáidí eile lenar féidir iad a cheangal, malartóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faisnéis go tráthrialta maidir leis na méideanna táirgí tobac arna n‑allmhairiú, arna ndíol nó arna n‑onnmhairiú. Áireofar ar an bhfaisnéis sin sonraí maidir le gach ceann de na nithe a leanas:
(a)
an méid tobac neamhshaothraithe nó neamh-mhonaraithe agus táirgí tobac atá allmhairithe isteach, díolta nó onnmhairithe ó Ghiobráltar;
(b)
i gcás tobac neamhshaothraithe nó neamh-mhonaraithe: mionsonraí ar allmhairí, ina sonraítear éagsúlacht, tionscnamh, allmhaireoir, sprioc, onnmhaireoirí, agus meáchan i gcileagraim;
(c)
i gcás táirgí tobac,
(i)
idirdhealú idir na cineálacha difriúla táirgí tobac, amhail: toitíní, todóga, todóigíní, tobac inrollta, tobac píopa, tobac uiscephíopa, tobac ó bhéal, tobac sróine, tobac coganta agus táirgí núíosacha tobac, lena n‑áirítear táirgí tobac téite;
(ii)
na méideanna de chineálacha difriúla táirgí tobac in aghaidh an bhranda agus an oibreora eacnamaíoch;
(iii)
an treocht ar phraghsanna miondíola le haghaidh gach cineáil táirgí tosca, lena dtugtar an méid a leanas le fios: an meánphraghas ualaithe don mhéid a dhíoltar, praghas íosta agus praghas uasta;
(iv)
a mhéid a bhaineann le mórdhíol nó miondíol, i gcás gach cineáil táirge tobac, idirdhealú idir díolacháin dhíreacha mórdhíola agus díolacháin saor ó dhleacht i leith turas mara fóillíochta agus córacha eile iompair.
2.
Ina theannta sin, comhroinnfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, faisnéis shonrach lena dtagraítear do na hiarrachtaí atá déanta chun calaois agus smugláil i nGiobráltar a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear an reachtaíocht a ghlactar chun na críche sin, na bearta riaracháin agus breithiúnacha a chuirtear i bhfeidhm, na hacmhainní daonna agus ábhartha a úsáidtear chun calaois agus smugláil a chosc agus a chomhrac, agus cainníocht agus luach na n‑urghabhálacha a dhéantar. Féadfar an fhaisnéis sin a shíneadh freisin chuig na hiarrachtaí, i dtéarmaí trádáil aindleathach agus calaois a chomhrac, nó an t‑inneachar agus na rialacha maidir le hinrianaitheacht a chur i bhfeidhm.
3.
Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil ar bhonn ráithiúil, agus malartófar é laistigh den chéad 2 mhí den ráithe tar éis na ráithe arna tuairisciú.
AIRTEAGAL PTOB.2
Comhar agus forfheidhmiú
1.
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus den Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun daoine a shainaithint a chónaíonn ina gcríocha faoi seach, ar féidir iad a fháil freagrach in imeachtaí a dhéantar i ndáil le smugláil táirgí de thionscnamh Ghiobráltar nó arb é Giobráltar a gceann scríbe, go díreach nó go hindíreach as na gníomhartha den sórt sin. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla in imscrúduithe freisin chun na fíorais a chinneadh agus freagracht a dháileadh.
2.
Beidh an comhar sin cómhalartach agus áireofar na nithe a leanas leis:
(a)
cúnamh le seirbheáil na ndoiciméad a thugann an húdaráis iarrthacha le fios, arna n‑eisiúint ag na húdaráis iarrthacha, chuig na seolaithe uile díobh sin;
(b)
gach faisnéis aonair a chur ar fáil, arna iarraidh sin ag na húdaráis iarrthacha, a bhaineann le sócmhainní atá ábhartha don chánachas, chun na críche fiachas atá dlite do na húdaráis a bhailiú;
(c)
fiachas a bhailiú, arna iarraidh sin ag na húdaráis iarrthacha, atá dlite do na húdaráis, arna ndoiciméadú in ionstraim lena gcumasaítear forfheidhmiú agus lena n‑údaraítear gníomhartha bailiúcháin;
(d)
arna iarraidh sin ag na húdaráis, bunaithe ar an ionstraim dá dtagraítear i bpointe (c), bearta iomchuí a ghlacadh chun bailiú na bhfiachas atá dlite do na húdaráis a chinntiú.
3.
Féadfar aon cheann de na nithe a leanas a áireamh leis na bearta iomchuí a leagtar amach i mír 2, pointe (d):
(a)
aon íocaíocht a choinneáil siar atá dlite ag an údarás iarrtha a íoc leis an bhféichiúnaí líomhnaithe;
(b)
bearta trína ndéantar foráil do reo sócmhainní ag féichiúnaí líomhnaithe;
(c)
sásraí nó bearta eile lena dtoirmeasctar diúscairt, bac á chur nó úsáid a bhaint as sócmhainní nó teachtadh cearta lena mbaineann luach airgeadúil;
(d)
aon bheart eile dá ndéantar foráil sa dlí.
4.
D’ainneoin chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa Phrótacal seo, dá dtiocfadh fianaise chun cinn go bhfuil táirgí tobac á smugláil isteach i nGiobráltar nó sa cheantar mórthimpeall ó chuid ar bith den Spáinn i gcainníochtaí suntasacha, déanfaidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus den Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, beart éifeachtach chun gníomhaíocht aindleathach den sórt sin a chosc.
5.
Is sna socruithe riaracháin idir na húdaráis inniúla laistigh den Aontas agus de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, a leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla do chur i bhfeidhm an Phrótacail seo.
AIRTEAGAL PTOB.3
Inrianaitheacht tobac
1.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, córas inrianaitheachta tobac i bhfeidhm atá coibhéiseach le córas an Aontais, agus clúdaítear leis:
(a)
toitíní agus tobac inrollta ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo,
(b)
gach táirge tobac eile laistigh de thréimhse 24 mhí ó dháta teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Chun críocha an chórais inrianaitheachta tobac, ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge tobac nó a chuireann táirge tobac á dhearadh nó á mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc.
2.
Cuirfidh na húdaráis inniúla laistigh den Aontas, a mhéid a bhaineann le margadh na Spáinne, agus de chuid na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar fáil dá chéile, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis a bhailítear ag a gcórais faoi seach. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil sa neas-fhíoram, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ó fháil na hiarrata. In imthosca eisceachtúla, féadfar an tréimhse sin a shíneadh le comhaontú an dá Pháirtí.
AIRTEAGAL PTOB.4
Difreálach praghsanna
Leagtar síos an difreálach praghsanna in Iarscríbhinn 6.
AIRTEAGAL PTOB.5
Bearta breise
1.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, ar bun na ceanglais i ndáil le rabhaidh pictiúr a bheidh le húsáid ar tháirgí tobac atá coibhéiseach leo siúd is infheidhme ar mhargadh an Aontais.
2.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, toirmeasc ar mhargú an tobac don tógáil ó bhéal.
3.
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, toirmeasc ar chiandíolacháin trasteorann na dtáirgí tobac le tomhaltóirí.
4.
Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh córas i bhfeidhm ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, lena n‑áirithítear scriosadh na dtáirgí tobac arna gcoigistiú in oibríochtaí in aghaidh trádáil mhídhleathach agus smugláil ar tháirgí tobac agus scriosadh na dtáirgí tobac nach gcomhlíonann ceanglais phointe (a) d’Airteagal 258 den Chomhaontú seo. Is sna socruithe riaracháin idir an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, agus Ríocht na Spáinne a fhéadfar na módúlachtaí praiticiúla don chomhar faoin mír seo a leagan amach.
________________
IARSCRÍBHINN 40
COMHDHEARBHÚ
MAIDIR LE LÉIRMHÍNIÚ AR AN gCATAGÓIR DAOINE
ATÁ AG TAISTEAL CHUN CRÍCHE GNÍOMHAÍOCHT A DHÉANAMH AR ÍOCAÍOCHT
DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 41(2) DEN CHOMHAONTÚ SEO
De ghrá léirmhíniú comhchoiteann a áirithiú, aontaíonn an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar, chun críocha an Chomhaontaithe seo, go gclúdaítear le catagóir na ndaoine a dhéanann gníomhaíocht ar íocaíocht daoine a théann isteach i gcrích an Pháirtí Chonarthaigh eile mar fhostaí nó mar sholáthraí seirbhíse chun gairm bheatha nó gníomhaíocht ar luach saothair a dhéanamh.
Níor cheart an méid a leanas a chlúdach leis an gcatagóir sin:
(a)
daoine gnó, i.e. daoine a thaistealaíonn chun críche idirphléití gnó (gan a bheith fostaithe san Aontas ná sa Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar);
(b)
daoine a imríonn spóirt nó ealaíontóirí a thaibhíonn gníomhaíocht ar bhonn ad hoc;
(c)
iriseoirí arna seoladh ag meáin a dtíre cónaithe; agus
(d)
oiliúnaithe ionchorparáideacha.
Déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Shaorghluaiseacht Daoine faireachán ar chur chun feidhme an Dearbhaithe seo, a fhéadfaidh athruithe a mholadh, ar bhonn na taithí ag na Páirtithe, a mheasann sé a bheith riachtanach.
________________
IARSCRÍBHINN 41
COMHDHEARBHÚ POLAITIÚIL
MAIDIR LE CUR I gCOINNE CÓRAIS CÁNACH DHOCHRACHA
Tugann an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Giobráltar (na ‘Rannpháirtithe’) formhuiniú don Chomhdhearbhú Polaitiúil a leanas maidir le Cur i gCoinne Córais Cánach Dhochracha.
Dearbhaíonn na Rannpháirtithe, agus iad ag tabhairt aird ar na Prionsabail Dhomhanda maidir le hiomaíochas cothrom cánach, a dtiomantas do chur i gcoinne córais cánach dhochracha, go háirithe na córais a d’fhéadfadh creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis a éascú i gcomhréir le Gníomh 5 de Phlean Gníomhaíochta ECFE um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS). Sa chomhthéacs sin, dearbhaíonn na Rannpháirtithe a dtiomantas do na prionsabail maidir le cur i gcoinne córais cánach dhochracha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil seo.
Clúdaítear le córais cánach dhochracha córais don chánachas gnó a dhéanann difear, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, ar bhealach suntasach do shuíomh na gníomhaíochta gnó, lena n‑áirítear suíomh grúpaí cuideachtaí, laistigh de na Rannpháirtithe. Áirítear le córais chánach idir dhlíthe nó rialacháin agus chleachtais riaracháin.
Má chomhlíonann córas cánach critéar na tairsí maidir le leibhéal éifeachtach cánachais atá i bhfad níos ísle, ná na leibhéil sin a bhfuil feidhm acu go ginearálta sna Rannpháirtithe, lena n‑áirítear cánachas nialasach, ba cheart a mheas go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh dó. Féadfaidh leibhéal cánachais den sórt sin feidhmiú de bhua an ráta cánach ainmniúil, an bhoinn cánach nó aon tosca ábhartha eile.
Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise an chur chuige a leagtar amach ar an leibhéal domhanda, agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá córas cánachais gnó dochrach nó nach bhfuil, ba cheart é a thabhairt san áireamh cé acu atá feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na príomhthosca a leanas:
(a)
cé acu atá nó nach bhfuil buntáistí imfhálaithe ón ngeilleagar intíre ionas nach ndéanfaidh siad difear don bhonn cánach náisiúnta nó nach dtugtar ach do neamhchónaitheoirí iad;
(b)
cé acu a theipeann nó nach dteipeann ar an gcóras trína ndeonaítear na buntáistí aon ghníomhaíocht eacnamaíoch shubstaintiúil agus láithreacht eacnamaíoch shubstaintiúil a éileamh laistigh den Rannpháirtí ina dtairgtear buntáistí cánach den sórt sin;
(c)
cé acu a imíonn nó nach n‑imíonn na rialacha chun brabús a chinneadh i ndáil le gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa ilnáisiúnta cuideachtaí ó phrionsabail a nglactar leo go hidirnáisiúnta, go háirithe na rialacha arna gcomhaontú laistigh de ECFE;
(d)
cé acu atá nó nach bhfuil easpa trédhearcachta sa chóras cánach, lena n‑áirítear i gcásanna ina scaoiltear forálacha dlí ar leibhéal riaracháin ar bhealach neamh-thrédhearcach nó i gcás nach bhfuil aon mhalartú éifeachtach ar fhaisnéis a mhéid a bhaineann leis an gcóras.
Féadann na Rannpháirtithe idirphlé bliantúil a reáchtáil chun plé a dhéanamh ar fhadhbanna i ndáil le cur i bhfeidhm na bprionsabal sin.
________________
IARSCRÍBHINN 42
TÉACS MOLTA AN CHOIMISIÚIN DO DHEARBHÚ
MAIDIR LE NASCACHT IOMPAIR AR BÓTHAR DE CHUID GHIOBRÁLTAR A FHORLÍONADH
‘Aithníonn na Páirtithe na sochair don réigiún {atá le sonrú} ó nascacht trasteorann don iompar ar bóthar, agus an luach a bhaineann le Giobráltar a áireamh i rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa Phrótacal a bhaineann le Comhdháil Eorpach na nAirí Iompair (CEAI), Cuóta iltaobhach CEAI, agus Comhaontú Interbus. Tacóidh an tAontas Eorpach le síneadh Chomhaontú Interbus chuig Giobráltar, a luaithe a chomhlíontar na coinníollacha don síneadh sin. Tugann an Ríocht Aontaithe dá haire an litir ón gCoimisiún Eorpach ina dtagraítear do Dhearbhú na mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh atá ina bPáirtithe sa Phrótacal a mhéid a bhaineann le CEAI, a rinneadh ar mhiontuairiscí Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ina maíonn na Stáit sin a rún chun tacú le háireamh Ghiobráltar i rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa Phrótacal a bhaineann le CEAI agus Cuóta iltaobhach CEAI.’
__________________
IARSCRÍBHINN 43
DEARBHÚ NA RÍOCHTA AONTAITHE
MAIDIR LE COMHAONTÚ SCÁTHÁNACH
IDIR TÍORTHA COMHLACHA SCHENGEN
AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE
Tugann na Páirtithe Conarthacha dá n-aire an dlúthghaolmhaireacht idir an tAontas Eorpach, an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin, go háirithe de bhua Chomhaontuithe an 18 Bealtaine 1999 agus an 26 Deireadh Fómhair 2004 a mhéid a bhaineann le comhlachas na dtíortha sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen.
I gcásanna den sórt sin, is iomchuí go ndéanann údaráis na hIorua, na hÍoslainne, na hEilvéise agus Lichtinstéin, ar lámh amháin, agus údaráis na Ríochta Aontaithe ar an lámh eile, gan mhoill, comhaontuithe déthaobhacha ar chúrsaí a bhaineann le saorghluaiseacht daoine a chlúdaítear le Cuid a Dó den Chomhaontú, a dhéanann difear d’fheidhmiú an limistéir gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.
________________