Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0063

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena n údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, glacadh le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí

COM/2026/63 final

An Bhruiséil,9.2.2026

COM(2026) 63 final

2026/0041(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, glacadh le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm do Choinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (dá ngairtear: ‘Coinbhinsiún 1980’), a dhaingnigh 103 thír go dtí seo, lena n‑áirítear Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh, an status quo a thabhairt ar ais trí leanaí a aistríodh nó a coinníodh go héagórach a thabhairt ar ais go pras trí chóras comhair i measc na n‑údarás lárnach a cheapfaidh a bPáirtithe Conarthacha.

Ós rud é gur cuid riachtanach de bheartas an Aontais Eorpaigh é fuadach leanaí a chosc chun cearta an linbh a chur chun cinn, tá an tAontas Eorpach gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta chun cur i bhfeidhm Choinbhinsiúin 1980 a fheabhsú agus molann sé do thríú Stáit aontú leis.

Thaisc Cabo Verde an ionstraim maidir le haontachas le Coinbhinsiún na Háige 1980 an 4 Deireadh Fómhair 2022. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm in Cabo Verde an 1 Eanáir 2023.

Sonraítear in Airteagal 38(4) de Choinbhinsiún 1980 go mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún idir an tír aontach agus na Stáit Chonarthacha sin a mbeidh sé dearbhaithe acu go nglacann siad leis an aontachas.

I dTuairim 1/13 1(1), chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go gcuimsítear le hinniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh glacadh le haontachas tríú stáit le Coinbhinsiún na Háige 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí.

D'áitigh an Chomhairle go raibh gá le haonfhoirmeacht ar an ábhar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, chun go seachnófar geoiméadracht athraitheach i measc na mBallstát.

Ós rud é go dtagann an tsaincheist maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí faoi inniúlacht eisiach sheachtrach an Aontais Eorpaigh, ní mór an cinneadh cibé acu a ghlacfar nó nach nglacfar le haontachas Cabo Verde a dhéanamh ar leibhéal an Aontais trí bhíthin Cinneadh ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh an dearbhú glactha maidir le haontachas Cabo Verde a thaisceadh chun leas an Aontais Eorpaigh.

I gcás ina nglacfadh Ballstáit an Aontais Eorpaigh leis, bheadh Coinbhinsiún na Háige 1980 infheidhme idir Cabo Verde agus Ballstáit uile an Aontais seachas an Danmhairg.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

A mhéid a bhaineann le fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir, is é Coinbhinsiún na Háige 1980 contrapháirt idirnáisiúnta de Rialachán Uimh. 2019/1111 ón gComhairle (ar a dtugtar Rialachán IIb na Bruiséile) 2(2)arb é is bunchloch de chomhar breithiúnach an Aontais é in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheora. 

Is ceann de phríomhchuspóirí an Rialacháin é fuadach leanaí a dhíspreagadh idir na Ballstáit trí nósanna imeachta a bhunú chun a áirithiú go dtabharfar an leanbh ar ais go pras go dtí an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí air. Chuige sin, ionchorpraítear i Rialachán IIb na Bruiséile i gCaibidil III an nós imeachta a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Háige 1980 agus comhlánaítear é trí roinnt de na gnéithe atá ann a shoiléiriú, go háirithe gnéithe a bhaineann le héisteacht an linbh, leis an tréimhse ama chun cinneadh a dhéanamh tar éis iarratas ar an leanbh a thabhairt ar ais a bheith taiscthe agus leis an bhforas gan an leanbh a thabhairt ar ais.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tacaíonn an tAontas Eorpach le haontachas tríú Stáit le Coinbhinsiún na Háige 1980 ionas go mbeidh a Bhallstáit in ann brath ar chreat coiteann dlíthiúil chun dul i ngleic le fuadaigh idirnáisiúnta leanaí.

Glacadh 22 Chinneadh ón gComhairle cheana idir Meitheamh 2015 agus Nollaig 2022 chun glacadh 30 tríú tíortha le haontachas le Coinbhinsiún na Háige 1980 maidir le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (Maracó, Singeapór, Cónaidhm na Rúise, an Albáin, Andóra, na Séiséil, an Airméin, Poblacht na Cóiré, an Chasacstáin, Peiriú, an tSeoirsia, an Afraic Theas, an tSile, an Íoslainn, na Bahámaí, Panama, Uragua, an Cholóim, an tSalvadóir agus San Mairíne, an Phoblacht Dhoiminiceach, an Bhealarúis, an Úisbéiceastáin, Hondúras, Eacuadór, an Úcráin, an Iamáice, an Bholaiv, na hOileáin Fhilipíneacha agus an Túinéis 3(3).

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is léir go bhfuil nasc idir an togra seo agus an cuspóir ginearálta a chumhdaítear in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach chun cearta an linbh a chosaint. Ceapadh córas Choinbhinsiún na Háige 1980 chun an leanbh a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le fuadach arna dhéanamh ag tuismitheoir agus chun a áirithiú go mbeidh an leanbh in ann teagmháil a choinneáil leis an mbeirt tuismitheoirí, cur i gcás trí fheidhmiú éifeachtach na gceart rochtana a áirithiú. Is fiú a lua freisin an nasc le húsáid na hidirghabhála a chur chun cinn i dtaca le díospóidí teaghlaigh trasteorann a réiteach.

Maidir leis an Treoir i ndáil le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus ábhair thráchtála 4(4) tá feidhm aici freisin maidir leis an dlí teaghlaigh laistigh den chomhlimistéar breithiúnach Eorpach. Le Coinbhinsiún na Háige 1980, moltar réiteach cairdiúil ar dhíospóidí teaghlaigh. Ar na Treoirleabhair maidir le Dea-Chleachtas faoi Choinbhinsiún na Háige 1980 a d'fhoilsigh Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach, tá treoirleabhar amháin dírithe ar leas a bhaint as an idirghabháil chun díospóidí teaghlaigh idirnáisiúnta a bhaineann le leanaí a réiteach, ar díospóidí iad a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin. Ar thionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh, aistríodh an Treoirleabhar seo go teangacha uile an Aontais seachas an Béarla agus an Fhraincis, agus go hAraibis freisin chun tacú leis an idirphlé leis na Stáit nár dhaingnigh an Coinbhinsiún nó nár aontaigh leis an gCoinbhinsiún go fóill agus chun bealaí nithiúla a aimsiú chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le fuadaigh idirnáisiúnta leanaí 5(5).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

I gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún na Háige 1980, is comhpháirt é an dearbhú glactha maidir le haontachas de chomhaontú idirnáisiúnta a thabharfar i gcrích leis an mBallstát aontach. 

Braitheann an bunús dlí substainteach le haghaidh cinnidh faoi Airteagal 218(6) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an Chomhaontaithe atá le tabhairt i gcrích. I bhfianaise gurb é príomhchuspóir agus príomhábhar Choinbhinsiún na Háige 1980 fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir a dhíspreagadh, agus dá bhrí sin gurb é an dlí teaghlaigh an t‑ábhar, is é Airteagal 81(3) CFAE an bunús dlí substainteach. Foráiltear le hAirteagal 81(3) CFAE go mbunóidh an Chomhairle na bearta a bhaineann le dlí teaghlaigh a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, ag gníomhú i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

I bhfianaise gurb é Airteagal 81 CFAE an bunús dlí substainteach. tá an Chomhairle chun an cinneadh a ghlacadh, lena n‑údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais, glacadh le haontachas tríú stáit le Coinbhinsiún 1980 tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 218(6), pointe (b), CFAE.

De bhun Airteagal 218(8), an dara fomhír, CFAE, gníomhaíonn an Chomhairle d'aon toil nuair a chumhdaítear réimse leis an gcomhaontú ina bhfuil gá le haontoilíocht chun gníomh de chuid an Aontais a ghlacadh.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b), agus Airteagal 218(8), an dara fomhír, CFAE, is bunús dlí nós imeachta don Chinneadh atá beartaithe.

Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2019/1111 (Rialachán IIb na Bruiséile) agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach

•Comhréireacht

Dréachtaítear an togra seo ar aon dul le Cinntí ón gComhairle a glacadh cheana maidir leis an ábhar céanna agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá aige a bhaint amach, is é sin gníomhaíocht chomhleanúnach de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaineann le fuadach idirnáisiúnta leanaí trína áirithiú go nglacfaidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980 laistigh de thréimhse ama áirithe.

•An rogha ionstraime

Tíolactar an togra seo le haghaidh cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, lena mbeartaítear go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena dtabharfar i gcrích an comhaontú. Níl aon ionstraim dlí eile ann a d'fhéadfaí a úsáid chun an cuspóir a shaothraítear sa togra seo a bhaint amach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Thug Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh, a ndeachaigh an Coimisiún i gcomhairle leo faoi chuimsiú Mheitheal na Comhairle um Ábhair Dlí Shibhialta maidir lena dtoilteanas glacadh le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980, tuairim fhabhrach ina leith.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Bhailigh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ó Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach, ó Thoscaireacht an Aontais in Cabo Verde, agus ó Oifig an Ard‑Ionchúisitheora, ón Lár‑Roinn um Chomhoibriú agus Dlí Comparáideach a ainmníodh mar an tÚdarás Lárnach faoi Choinbhinsiún na Háige 1980.

•Measúnú tionchair

Maidir leis na 22 Chinneadh ón gComhairle a glacadh cheana idir 2015 agus 2022 i ndáil le glacadh le haontachas roinnt tríú Stáit le Coinbhinsiún na Háige 1980, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair sonrach.

Mar sin féin, rinneadh scrúdú ar leibhéal chur chun feidhme an Choinbhinsiúin trí na freagraí a thug Cabo Verde ar cheistneoir an Aontais agus comhlánú an cheistneora le haghaidh tíortha aontacha nua arna fhorbairt ag Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.

Le linn an phlé ag an Meitheal um Ábhair Dlí Shibhialta, tháinig sé chun cinn go raibh taithí dhearfach ag roinnt Ballstát (cuir i gcás an Phortaingéil) ar chóras dlí Cabo Verde. Go deimhin, measann na húdaráis in Cabo Verde go bhfuil sé an‑tábhachtach go mbeifí ag brath ar chaidrimh Conartha le Ballstáit an Aontais Eorpaigh. Chuideodh creat coiteann dlíthiúil le Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh, arna ionadú ag Coinbhinsiún na Háige 1980, le láimhseáil agus réiteach cásanna trasteorann.

Tá gníomhaíochtaí traenála beartaithe i gcomhar le tíortha labhartha na Portaingéilise, na Páirtithe leis an gCoinbhinsiún (an Phortaingéil agus an Bhrasaíl). Beidh Ciste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí rannpháirteach i gcur chun feidhme Choinbhinsiún na Háige maidir le leanaí.

D'aontaigh Cabo Verde freisin le déanaí le Coinbhinsiún maidir le Cosaint Leanaí 1996 agus Coinbhinsiúin maidir le Taca do Leanaí 2007 agus rinneadh scrúdú ar a gcóras dlí, urraim don smacht reachta agus cearta bunúsacha i gcomhthéacs nósanna imeachta neamhagóide a bhaineann leis na haontachais leis na Coinbhinsiúin sin. Ba é ba chonclúid an mheasúnaithe nár cheart agóid a dhéanamh in aghaidh aontachas Cabo Verde leis na Coinbhinsiúin maidir le Cosaint Leanaí 1996 agus maidir le Taca do Leanaí 2007.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

•Cearta bunúsacha

Tagann fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir salach go díreach ar chearta leanaí, go háirithe an ceart chun cosaint a fháil agus an ceart chun teagmháil a choinneáil leis an mbeirt tuismitheoirí.  Trí chreat dlíthiúil a bhunú a bhfuil sé d'aidhm aige fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir a dhíspreagadh agus a thugann an deis don leanbh éisteacht a fháil, le Coinbhinsiún 1980 seastar le cearta leanaí, ar cearta daonna bunúsacha iad a aithnítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CRC). Is é is aidhm don togra seo creat dlíthiúil a bhunú idir Cabo Verde agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an gCinneadh ón gComhairle atá beartaithe.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Neamhbhainteach

2026/0041 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, glacadh le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(3), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b), agus le hAirteagal 218(8), an dara fomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 6(1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá sé socraithe ag an Aontas gur ceann dá chuspóirí é cosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn, mar a luaitear in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is cuid riachtanach den bheartas sin iad bearta chun leanaí a chosaint ar aistriú éagórach nó ar choinneáil éagórach.

(2)Tá sé d'aidhm ag Rialachán (AE) 2019/1111 7 (2) leanaí a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha de dheasca aistrithe éagóracha nó coinneáil éagórach agus nósanna imeachta a bhunú chun a áirithiú go dtabharfar ar ais iad go pras go dtí an Stát ina bhfuil gnáthchónaí orthu, agus chun cosaint na gceart rochtana agus na gceart coimeádta a áirithiú chomh maith.

(3) Le Rialachán (AE) 2019/1111, comhlánaítear agus treisítear Coinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (‘Coinbhinsiún na Háige 1980’) lena mbunaítear, ar an leibhéal idirnáisiúnta, córas oibleagáidí agus comhair idir Stáit Chonarthacha agus idir údaráis lárnacha agus go bhfuil sé d'aidhm aige a áirithiú go ndéanfar leanaí a aistríodh nó a coinníodh go héagórach a thabhairt ar ais go pras.

(4)Is páirtithe iad na Ballstáit uile i gCoinbhinsiún na Háige 1980.

(5)Molann an tAontas do thríú stáit aontú le Coinbhinsiún na Háige 1980 agus tacaíonn sé le cur chun feidhme ceart Choinbhinsiún na Háige 1980 trí pháirt a ghlacadh, in éineacht leis na Ballstáit, inter alia, sna coimisiúin speisialta arna n‑eagrú ar bhonn rialta ag Comhdháil na Háige um an Dlí Príobháideach Idirnáisiúnta.

(6)D'fhéadfadh sé gurb é creat comhchoiteann dlíthiúil infheidhme idir na Ballstáit agus tríú stáit an réiteach is fearr ar chásanna íogaire a bhaineann le fuadach idirnáisiúnta leanaí.

(7)Sonraítear i gCoinbhinsiún na Háige 1980 go mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún idir an Stát aontach agus na Stáit Chonarthacha sin a mbeidh sé dearbhaithe acu go nglacann siad leis an aontachas.

(8)Le Coinbhinsiún na Háige 1980, ní cheadaítear d'eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch, amhail an tAontas, a bheith ina bpáirtithe ann. Dá bhrí sin, ní féidir leis an Aontas aontú le Coinbhinsiún na Háige 1980, ná ní féidir leis dearbhú glactha a thaisceadh i ndáil le Stát aontach ach oiread.

(9)De réir Thuairim 1/13 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 8 (3), is faoi inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais a thagann dearbhuithe glactha faoi Choinbhinsiún na Háige 1980.

(10)An 4 Deireadh Fómhair 2022, thaisc Cabo Verde a ionstraim aontachais le Coinbhinsiún na Háige 1980. Tháinig Coinbhinsiún na Háige 1980 i bhfeidhm do Cabo Verde an 1 Eanáir 2023.

(11)Ba é ba chonclúid do mheasúnú ar an staid in Cabo Verde go bhfuil na Ballstáit in ann, chun leas an Aontais, glacadh le haontachas Cabo Verde faoi théarmaí Choinbhinsiún na Háige 1980.

(12)Ba cheart, dá bhrí sin, údarú a thabhairt do na Ballstáit a ndearbhú glactha le haontachas Cabo Verde a thaisceadh, chun leas an Aontais i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach sa Chinneadh seo.

(13)Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2019/1111 agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

(14)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Údaraítear leis seo do na Ballstáit glacadh le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980 chun leas an Aontais.

2. Taiscfidh na Ballstáit, tráth nach déanaí ná an … [12 mhí tar éis dháta glactha an Chinnidh seo] dearbhú glactha maidir le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980 chun leas an Aontais, agus an fhoclaíocht seo a leanas ann: Dearbhaíonn ‘[Ainm iomlán an Bhallstáit] go nglacann sé le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí, i gcomhréir le Cinneadh (AE) ón gComhairle...

3.Cuirfidh na Ballstáit an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas maidir le taisceadh a ndearbhuithe glactha le haontachas Cabo Verde agus cuirfidh na Ballstáit téacs na ndearbhuithe sin in iúl don Choimisiún laistigh de 2 mhí tar éis a dtaiscthe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

   [...]



RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

(1)LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, glacadh le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí

Réimsí beartais lena mbaineann

Ceartas

Cuspóirí

Cuspóirí ginearálta

Is é is aidhm don togra seo údarú a thabhairt do na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, glacadh le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach idirnáisiúnta Leanaí, i gcomhréir le Tuairim 1/13 ó Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht ar an leibhéal idirnáisiúnta agus Eorpach a áirithiú.

Cuspóirí sonracha

lena n‑údaraítear do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh glacadh le haontachas Cabo Verde le Coinbhinsiún na Háige 1980 maidir le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí.

An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe / grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Beidh Coinbhinsiún na Háige 1980 maidir le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí infheidhme idir na Ballstáit uile (cé is moite den Danmhairg) agus Cabo Verde.

Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Ní bhaineann le hábhar

Baineann an togra/tionscnamh le:

☑    beart nua

☐    beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 9(1)

☐    síneadh ar bheart atá ann cheana

☐    beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

Foras an togra/tionscnaimh

Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Ní bhaineann le hábhar

Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn 'breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais' an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Comhlíonann an t‑údarú don Bhallstát le tionscnaimh a bhí ann roimhe sin den chineál céanna, i ndiaidh Thuairim 1/13 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tagann sé faoi raon inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais faoi Airteagal 3(2) CFAE. Féadfaidh an Chomhairle amháin an t‑údarú a thabhairt do thogra ón gCoimisiún agus, dá bhrí sin, is inniúlacht eisiach dá cineál í nach bhfuil faoi réir phrionsabal na coimhdeachta. 

Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex post)

Áirithítear urraim do Chonarthaí an Aontais Eorpaigh agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is é seo an 23ú togra den chineál céanna.

Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo.

Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo.

Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

☐    tréimhse theoranta

☐    i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

☐    tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

☐    tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 10(2)

☐    Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

☐    ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

☐    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

☐    Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

☐    Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

☐    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

☐    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

☐    an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☐    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

☐    comhlachtaí dlí poiblí;

☐    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh;

☐    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha;

☐    comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

☐    comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáil sonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d'uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Nótaí

[...]

BEARTA BAINISTÍOCHTA

Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Ní bhaineann le hábhar

Córais bainistíochta agus rialaithe

An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Ní bhaineann le hábhar

Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Ní bhaineann le hábhar

Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)

Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

[...]

(1) (1)    Tuairim 1/13 (Aontachas tríú Stáit le Coinbhinsiún na Háige 1980) an 14 Deireadh Fómhair 2014, ECLI:EU:C:2014:2303.
(2) (2)    Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus in hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (athmhúnlú), IO L 178, 2.7.2019, lgh. 1-115.
(3) (3)    Glacadh 22 Chinneadh ón gComhairle cheana, lena n‑údaraítear do na Ballstáit glacadh le haontachas Andóra le Coinbhinsiún na Háige 1980 (Cinneadh 2015/1023 ón gComhairle arna ghlacadh an 15 Meitheamh 2015); Na Séiséil (Cinneadh 2015/2354 ón gComhairle arna ghlacadh an 10 Nollaig 2015); An Rúis (Cinneadh 2015/2355 ón gComhairle arna ghlacadh an 10 Nollaig 2015); An Albáin (Cinneadh 2015/2356 ón gComhairle arna ghlacadh an 10 Nollaig 2015); Singeapór (Cinneadh 2015/1024 ón gComhairle arna ghlacadh an 15 Meitheamh 2015); Maracó (Cinneadh 2015/2357 ón gComhairle arna ghlacadh an 10 Nollaig 2015); An Airméin (Cinneadh 2015/2358 ón gComhairle arna ghlacadh an 10 Nollaig 2015); Poblacht an Cóiré (Cinneadh 2016/2313 ón gComhairle arna ghlacadh an 8 Nollaig 2016), an Chasacstáin (Cinneadh 2016/2311 ón gComhairle arna ghlacadh an 8 Nollaig 2016), Peiriú (Cinneadh 2016/2312 ón gComhairle arna ghlacadh an 8 Nollaig 2016); An tSeoirsia agus An Afraic Theas (Cinneadh (AE) 2017/2462 ón gComhairle an 18 Nollaig 2017); An tSile, an Íoslainn agus na Bahámaí (Cinneadh (AE) 2017/2424 ón gComhairle an 18 Nollaig 2017); Panama, Uragua, an Cholóim agus an tSalvadóir (Cinneadh (AE) 2017/2464 ón gComhairle an 18 Nollaig 2017); San Mairíne (Cinneadh (AE) 2017/2463 ón gComhairle an 18 Nollaig 2017); An Phoblacht Dhoiminiceach (Cinneadh (AE) 2019/305 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019); Eacuadór agus an Úcráin (Cinneadh (AE) 2019/306 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019); Poblacht Hondúras (Cinneadh (AE) 2019/307 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019); An Bhealarúis agus an Úisbéiceastáin (Cinneadh (AE) 2019/308 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019); An Iamáice (Cinneadh (AE) 2021/2206 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021); An Bholaiv(Cinneadh (AE) 2021/2207 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021); Na hOileáin Fhilipíneacha(Cinneadh (AE) 2022/2439 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022; An Túinéis (Cinneadh (AE) 2022/2450 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022.
(4) (4)    Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 136, an 24 Bealtaine 2008, lch. 3).
(5) (5)    https://www.hcch.net/en/publications‑and‑studies/details4/?pid=6561&dtid=3
(6) (1)    IO C[…], […], lch. […]
(7) (2)    Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus in hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (athmhúnlú) IO L 178, 2.7.2019, lgh. 1-15, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1111/oj
(8) (3)    Tuairim 1/13 ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2014, ECLI:EU:C:2014:2303.
(9) (1)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(10) (2)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget‑implementation/Pages/implementation‑methods.aspx.
Top