AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.1.2026
COM(2026) 23 final
2026/0014(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hathnuachan na teidlíochta comhléirithe mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 1 Deireadh Fómhair 2015 ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile.
Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha, atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (‘an Prótacal’), bunaítear in Airteagal 1 an creat ar laistigh de a bhfuil na Páirtithe le hoibriú i gcomhar chun malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena n‑áirítear malartuithe san earnáil closamhairc.
De bhun Airteagal 5(8)(b) den Phrótacal, tar éis thréimhse thosaigh 3 bliana, déanfar an teidlíocht a athnuachan go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, mura gcuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt ar a laghad 3 mhí sula rachaidh an tréimhse thosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag.
I gcomhréir leis an bhforáil sin, rinneadh an teidlíocht a athnuachan ceithre huaire cheana le haghaidh tréimhse 3 bliana eile. Mhair an chéad tréimhse athnuachana go dtí an 30 Meitheamh 2017, mhair an dara tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2020, mhair an tríú tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2023, agus mairfidh an ceathrú tréimhse go dí an 30 Meitheamh 2026 ós rud é nár chuir aon Pháirtí deireadh leis an teidlíocht.
Ós rud é go bhfuil an Chóiré i bhfabhar na hathnuachana agus i bhfianaise aiseolas dearfach na bpáirtithe leasmhara ar an mórgóir, tá sé beartaithe anois go n‑aontóidh an Chomhairle go leanfar den teidlíocht go ceann 3 bliana eile. D’fhéadfadh comhléirithe idir an tAontas agus an Chóiré dul chun tairbhe don dá thaobh ar bhonn eacnamaíoch agus cultúrtha araon. I gcomhthéacs margadh dinimiciúil Cóiréach, is féidir leis an teidlíocht chlosamhairc deiseanna breise a chruthú do na Ballstáit uile, lena n‑áirítear na Ballstáit nach raibh in ann comhléirithe a fhorbairt ar bhonn déthaobhach go dtí seo.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Le fo-chlár MEDIA Eoraip na Cruthaitheacha tugtar tacaíocht do na tíortha Eorpacha rannpháirteacha saothair chlosamhairc Eorpacha a fhorbairt agus a dháileadh. Féadfaidh tairbhithe ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach i scéimeanna ar leith má chomhlíontar coinníollacha áirithe.
Le scéimeanna áirithe cuidítear le timpeallacht a chothú atá fabhrach do chomhléirithe, go háirithe Margaí agus líonrú ach chomh maith leis sin na scéimeanna Forbartha Scileanna agus Tallainne lena gcistítear margaí, cruinnithe líonraithe agus ceardlanna, lena n‑áirítear leis an gCóiré.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Thug an tAontas Eorpach agus an Chóiré an Prótacal maidir le Comhar Cultúrtha i gcrích in 2015 mar chuid den Chomhaontú Saorthrádála. Go sonrach, measadh gur ionstraim é lena gcuirfí chun cinn Coinbhinsiún na bliana 2005 de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir le hÉagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn.
Leis an teidlíocht atá ann faoi láthair déantar foráil maidir le comhléirithe dá dtabharfar tacaíocht trí ghrúpálacha scéimeanna náisiúnta agus cistí le haghaidh comhléirithe closamhairc. Mar gheall ar an teidlíocht, féadfaidh na saothair a chomhléirítear cáiliú freisin mar shaothair Eorpacha faoi shainmhíniú na saothar Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 1 (n)(iii) de Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•An bunús dlí
Tar éis bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 1 Márta 2022 i gCás C-275/20 - An Coimisiún v an Chomhairle (Accord avec la République de Corée), ba cheart Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (AE) 2022/2335 ón gComhairle, a bheith ina bhunús dlí maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tríd an teidlíocht a athnuachan, beidh deis ann do thionscal closamhairc na hEorpa a láithreacht i margadh na Cóiré a choinneáil ar bun, láithreacht atá ag fás go tapa, agus scaireanna breise, taithí agus eolas maidir leis an margadh sin a ghnóthú a thuilleadh.
Cé gur éirigh le roinnt Ballstát tabhairt faoi chomhléirithe closamhairc ar bhonn déthaobhach, níor éirigh le go leor Ballstát eile go fóill agus dá bhrí sin, leis an teidlíocht ar leibhéal an Aontais d’fhéadfaí deis a thabhairt do líon níos mó tíortha a bheith rannpháirteach.
•Comhréireacht
Léiríodh sna staidéir agus sna sonraí ón bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc gur mó an lucht féachana a bhíonn ann de thoradh comhléirithe. 13 % de na scannáin a bhí ar taispeáint sa Chóiré in 2024 ba scannáin AE27 iad ach ní dheachaigh ach 0,60 % de lucht freastail na bpictiúrlann ag amharc orthu. Léirítear sa bhearna idir na scannáin nua agus lucht freastail na bpictiúrlann go bhfuil acmhainneacht mhór neamhshaothraithe ann agus dá mbeifí ag obair níos fearr i gcomhar le chéile, d’fhéadfaí leas a bhaint as an acmhainneacht sin. Mar gheall ar theidlíocht na gcomhléirithe, d'fhéadfaí níos mó deiseanna a chruthú don tionscal closamhairc Eorpach i dtéarmaí an onnmhairithe agus an chur chun cinn sa Chóiré agus i dtéarmaí bealach isteach ar mhargadh na hÁise. Dá bhrí sin, dá gcuirfí an teidlíocht comhléirithe chun feidhme, bheadh sin ina chuidiú le cur leis an sciar den mhargadh i gceann de na margaí is fearr as na 10 margadh is fearr in 2023 ó thaobh na hoifige ticéad de (USD 966 mhilliún, lucht freastail de 125 mhilliún). I gcomparáid leis sin, is teoranta go leor é an líon scannán Cóiréach a thaispeántar san Aontas. In 2024, scannáin Chóiréacha ab ea 0,59 % de na scannáin a bhí ar taispeáint agus ba chuig scannáin Chóiréacha a chuaigh 0,12 % de lucht freastail na bpictiúrlann san Aontas.
Easpa leanúnach faisnéis nithiúil faoi na dreasachtaí atá ar fáil do chomhléirithe ar an leibhéal náisiúnta is cúis, de réir dealraimh, leis an bprótacal gan bheith á chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart bearta spriocdhírithe a dhéanamh anois (lena gcumhdaítear rochtain ar an gcistiú, oiliúint agus tógáil líonraí), ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach roinnt bearta tionlacain a thabhairt isteach i gclár oibre Eoraip na Cruthaitheachta, 2027.
•An rogha ionstraime
I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle, cinneadh ón gComhairle is ea an ionstraim iomchuí chun comhaontú le hathnuachan na teidlíochta.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Foráiltear leis an bPrótacal go mbunóidh gach Páirtí Grúpa Comhairleach Baile, ar a mbeidh ionadaithe cultúrtha agus closamhairc atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an bPrótacal seo. Bhí cruinniú ag an nGrúpa Comhairleach Baile i mí na Samhna 2025 chun meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí ar chur chun feidhme na teidlíochta i dtéarmaí fheabhsú na héagsúlachta cultúrtha agus an chomhair chomhthairbhigh maidir le saothair chomhléirithe. Chuathas i gcomhairle freisin le páirtithe leasmhara eile nach bhfuil sa Ghrúpa Comhairleach Baile go foirmiúil agus thug siad a dtuairimí i scríbhinn.
Ar an iomlán, aiseolas dearfach a fuarthas tríd is tríd, agus leag roinnt páirtithe leasmhara béim ar an ngá atá le bearta tionlacain chun an teidlíocht a chur chun cinn ar bhealach níos fearr chun comhléirithe nithiúla a ghiniúint.
Chuir páirtithe leasmhara ó na hearnálacha neamh-chlosamhairc in iúl go dtacaíonn siad go forleathan le comhar leanúnach agus ba dhíol mór sásaimh dóibh gurb ann don teidlíocht agus go ndearnadh í a athnuachan, go háirithe sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair.
As measc páirtithe leasmhara closamhairc, chuir roinnt acu measúnuithe dearfacha nó neodracha ar fáil. Thacaigh ionadaí ó earnáil na beochana leis an teidlíocht a choinneáil ar bun agus leag sé béim ar a hábharthacht mhéadaitheach i bhfianaise neart an tionscail inneachair sa Chóiré. Thug siad dá n‑aire freisin deiseanna nithiúla chun comhair, lena n‑áirítear tionscnaimh oiliúna le Korea Creative Content Agency agus rannpháirtíocht rialta na Cóiré in imeachtaí Cartoon. Tharraing roinnt léiritheoirí neamhspleácha aird ar fheasacht íseal ar an teidlíocht i measc léiritheoirí Eorpacha - toisc amháin atá ag cur teorainn lena húsáid - agus leag siad béim ar chastacht na struchtúr maoinithe sa Chóiré. Dá ndéanfaí an teidlíocht a athnuachan, chuir siad i bhfios go láidir go mbeadh infheictheacht mhéadaithe agus treoir phraiticiúil bunriachtanach, agus thairg siad a dtacaíocht. Chuir eagraíochtaí atá gníomhach san Áise a dtacaíocht in iúl freisin, agus thug siad dá n‑aire go bhfuil méadú tagtha ar chostais léiriúcháin sa Chóiré mar gheall ar ‘éifeacht Netflix’ agus mhol siad do léiritheoirí comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a lorg. Ar an gcaoi chéanna, chuir páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu leis an gcomhar cultúrtha idir an Eoraip agus an Áise in iúl gur cheart an teidlíocht a athnuachan, ar choinníoll go bhfuil bearta nithiúla ag gabháil léi - amhail múscailt feasachta, treoraíocht, dreasachtaí, deiseanna líonraithe, agus faireachán - chun a áirithiú go dtacaíonn sí go héifeachtach le comhléirithe idir an tAontas agus an Chóiré agus go dtreisíonn sí na naisc éagsúla idir na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha.
Chuir eagraíochtaí closamhairc eile, lena n‑áirítear léiritheoirí neamhspleácha áirithe, tuairimí diúltacha in iúl agus chuir siad i gcoinne na hathnuachana. Cheistigh siad éifeachtacht na teidlíochta agus d’áitigh siad go dtagann comhaontuithe comhléirithe faoi inniúlacht na mBallstát. Leag siad béim freisin ar an easpa cómhalartacht rialála, go háirithe easpa cuótaí ‘Físeán ar Éileamh’ sa Chóiré agus cheistigh siad cé acu atá nó nach bhfuil sé iomchuí stádas oibre Eorpach a dheonú do chomhléirithe idir an tAontas agus an Chóiré.
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfadh athnuachan na teidlíochta deis a thabhairt í a chur chun cinn a thuilleadh agus tá sé ag coinne le bearta tionlacain.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Léiríodh sna staidéir agus sna sonraí ón bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc gur mó an lucht féachana idirnáisiúnta a bhíonn ann de thoradh comhléirithe. 13 % de na scannáin a bhí ar taispeáint sa Chóiré in 2024 ba scannáin AE27 iad ach ní dheachaigh ach 0,60 % de lucht freastail na bpictiúrlann ag amharc orthu. Léirítear sa bhearna idir na scannáin nua agus lucht freastail na bpictiúrlann go bhfuil acmhainneacht mhór neamhshaothraithe ann agus dá mbeifí ag obair níos fearr i gcomhar le chéile, d’fhéadfaí leas a bhaint as an acmhainneacht sin. Rinne an Coiste um Chomhar Cultúrtha a bunaíodh leis an bPrótacal athbhreithniú ar thosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme na teidlíochta closamhairc, an easpa feasachta maidir le deiseanna agus ceanglais le haghaidh comhléirithe.
•Measúnú tionchair
Neamhbhainteach
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Neamhbhainteach
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na teidlíochta comhléirithe closamhairc, ag tarraingt ar shonraí ón bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc agus ón tionscal, go háirithe i ndáil le hearnáil na beochana.
Tagann Coiste um Chomhar Cultúrtha, a bunaíodh leis an bPrótacal, le chéile uair sa bhliain chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta agus chun dúshláin agus deiseanna a phlé.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 athnuaitear fad na teidlíochta closamhairc ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2029 agus le linn na tréimhse sin ceadaítear do chomhléirithe idir an tAontas agus an Chóiré tairbhe a bhaint as scéimeanna na bpáirtithe éagsúla.
Foráiltear le hAirteagal 2 go dtiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é. Tá gá leis sin mar gheall ar shrianta ama a bhaineann leis an oibleagáid atá ar an Aontas fógra a thabhairt do Phoblacht na Cóiré 3 mhí roimh ré má tá sé beartaithe ag an Aontas gan an teidlíocht a athnuachan agus an oibleagáid atá ar an gComhairle a chomhaontú 4 mhí roimh dheireadh na tréimhse teidlíochta (an 30 Meitheamh 2026) leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht.
2026/0014 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hathnuachan na teidlíochta comhléirithe mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, arna leasú le Cinneadh (AE) 2022/2335[1] ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile.
(2)Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha, atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (‘an Prótacal’), bunaítear in Airteagal 1 an creat ar laistigh de a bhfuil na Páirtithe le comhoibriú chun malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena n‑áirítear malartuithe san earnáil closamhairc.
(3)Áirítear sa Phrótacal forálacha maidir le scéimeanna éagsúla na bPáirtithe do dhul chun tairbhe don teidlíocht comhléirithe closamhairc
(4)De bhun Airteagal 5(8), pointe (b), den Phrótacal, tar éis thréimhse tosaigh 3 bliana tá athnuachan le déanamh ar an teidlíocht go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, mura gcuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt 3 mhí ar a laghad sula rachaidh an tréimhse tosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag. I gcomhréir leis an bhforáil sin, rinneadh athnuachan go deireanach ar an teidlíocht go dtí an 30 Meitheamh 2026, ós rud é nár chuir aon Pháirtí deireadh léi.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Phoblacht na Cóiré má bhíonn sé beartaithe ag an Aontas gan fad a chur le tréimhse na teidlíochta comhléirithe de bhun Airteagal 5 den Phrótacal de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(8) den Phrótacal sin, ach amháin má aontaíonn an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, 4 mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta sin, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht. Má aontaíonn an Chomhairle leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht sin, beidh an nós imeachta sin infheidhme arís ag deireadh thréimhse athnuaite na teidlíochta.
(6)An 12 Nollaig rinne an Coiste um Chomhar Cultúrtha measúnú ar na torthaí ar chur chun feidhme na teidlíochta i dtéarmaí fheabhsú na héagsúlachta cultúrtha agus an chomhair chomhthairbhigh maidir le saothair chomhléirithe dá bhforáiltear in Airteagal 5(8), pointe (a) den Phrótacal.
(7)Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Baile dá bhforáiltear in Airteagal 3(5) den Phrótacal maidir le hathnuachan a dhéanamh ar thréimhse na teidlíochta, dá bhforáiltear in Airteagal 5(8) den Phrótacal.
(8)Aontaíonn an Chomhairle athnuachan a dhéanamh ar an teidlíocht ó tharla go bhféadfadh comhléirithe idir an tAontas agus an Chóiré dul chun tairbhe don dá thaobh ar bhonn eacnamaíoch agus cultúrtha araon. Is féidir leis an teidlíocht chlosamhairc deiseanna breise a chruthú do na Ballstáit uile, lena n‑áirítear na Ballstáit nach raibh in ann comhléirithe a fhorbairt ar bhonn déthaobhach go dtí seo.
(9)Leis an gCinneadh seo níor cheart difear a dhéanamh d’inniúlachtaí éagsúla an Aontais ná na mBallstát.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir le tréimhse na teidlíochta ar lena linn a bhainfidh comhléirithe closamhairc tairbhe as scéimeanna na bPáirtithe éagsúla chun ábhar cultúrtha áitiúil/réigiúnach a chur chun cinn, de réir mar a fhoráiltear i míreanna 4 go 7 d’Airteagal 5 den Phrótacal, cuirfear fad léi le haghaidh ré 3 bliana, ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2029.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán