This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026M12282
Prior notification of a concentration (Case M.12282 – TOTALENERGIES / REPSOL / HITECVISION / NEO NEXT JV) – Candidate case for simplified procedure
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M. 12282 – TOTALENERGIES / REPSOL / HITECVISION / NEO NEXT JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M. 12282 – TOTALENERGIES / REPSOL / HITECVISION / NEO NEXT JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
PUB/2026/93
IO C, C/2026/846, 6.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/846/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/846 |
6.2.2026 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M. 12282 – TOTALENERGIES / REPSOL / HITECVISION / NEO NEXT JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2026/846)
1.
An 29 Eanáir 2026, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
TotalEnergies S.E. (‘TotalEnergies’, an Fhrainc), |
|
— |
Talisman Colombia Holdco Limited (‘Repsol UK’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú Repsol S.A. (an Spáinn), |
|
— |
NEO Energy Holding Limited (‘Neo Energy’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú HitecVision A.S. (an Iorua), |
|
— |
NEO NEXT Energy Limited (‘Neo Next JV’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú Repsol UK agus Neo Energy faoi láthair, |
Aistreoidh TotalEnergies a ghnó réamhtheachtach ola agus gáis i Scairbh ilchríochach na Ríochta Aontaithe chuig Neo Next JV, agus gheobhaidh sé rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Neo Next JV in éineacht lena mháthairchuideachtaí, Repsol UK agus Neo Energy.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta fuinnimh chomhtháite dhomhanda é TotalEnergies a tháirgeann agus a mhargaíonn fuinneamh, lena n-áirítear ola agus bithbhreoslaí, gás nádúrtha, bithghás agus hidrigin ísealcharbóin, foinsí in-athnuaite fuinnimh agus leictreachas. |
|
— |
Is cuideachta fuinnimh chomhtháite dhomhanda é Repsol atá gníomhach i dtionscal na hola, an gháis agus an leictreachais. Cuimsítear i ngnó Repsol freisin rannóg maidir le fuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite. |
|
— |
Is príomhsholáthraí caipitil institiúidigh é HitecVision do thionscal fuinnimh na hEorpa, rud a chuidíonn le cuideachtaí rathúla a fhorbairt in earnáil an táirgthe fuinnimh agus an bhonneagair agus i ngnólachtaí gaolmhara. |
|
— |
Tá Neo Next JV gníomhach sa ghnó réamhtheachtach ola agus gáis i Scairbh Ilchríochach na Ríochta Aontaithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M. 12282 – TOTALENERGIES / REPSOL / HITECVISION / NEO NEXT JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/846/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)