Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026IP0012

P10_TA(2026)0012 — Cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2025 — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2026 ar chur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2025 (2025/2164(INI))

IO C, C/2026/3688, 5.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3688/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3688/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3688

5.8.2026

P10_TA(2026)0012

Cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2025

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2026 ar chur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2025 (2025/2164(INI))

(C/2026/3688)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 14, 16, 21, 24, 36 agus 41 de,

ag féachaint do thuarascáil ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Meitheamh 2025 dar teideal [Tuarascáil maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála – Ár dtosaíochtaí in 2025],

ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 18 Nollaig 2025,

ag féachaint do rún uaithi an 8 Bealtaine 2025 maidir le filleadh leanaí na hÚcráine arna n-aistriú agus arna ndíbirt go héigeantach ag an Rúis (1),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Iúil 2025 maidir le costas daonna chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an géarghá atá le deireadh a chur le fogha na Rúise: staid na sibhialtach agus na bpríosúnach cogaidh atá á gcoinneáil go neamhdhleathach, agus buamáil leanúnach na sibhialtach (2),

ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2022 maidir le haitheantas a thabhairt do Chónaidhm na Rúise mar urraitheoir stáit ar an sceimhlitheoireacht (3),

ag féachaint do ráitis Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 22 Meán Fómhair 2025 chuig an gComhthionól Ginearálta ag comóradh 80 bliain na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint d’aitheasc ar Staid an Aontais an 10 Meán Fómhair 2025 ó Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen,

ag féachaint dá rún an 8 Deireadh Fómhair 2025 maidir le straitéis pholaitiúil AE i ndáil le Meiriceá Laidineach (4),

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an gComhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan sa Chaidreamh Seachtrach, 2021-2025 (GAP III),

ag féachaint don Dearbhú ón tríú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a glacadh an 18 Iúil 2023,

ag féachaint don dearbhú comhpháirteach ón gceathrú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh an 9 Samhain 2025,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

ag féachaint do Choincheap Straitéiseach 2022 ECAT, a glacadh an 29 Meitheamh 2022,

ag féachaint do Dhearbhú Chruinniú Mullaigh ECAT sa Háig an 25 Meitheamh 2025,

ag féachaint do Threoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, a glacadh in 2004, a nuashonraíodh in 2008 agus a sonraíodh tuilleadh in 2020 le nóta treorach maidir lena gcur chun feidhme,

ag féachaint do Rún uaithi an 23 Eanáir 2025 maidir le bréagaisnéis agus falsú stairiúil na Rúise chun údar a thabhairt lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine (5),

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, an 26 Meitheamh 1945,

ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an 17 Iúil 1998,

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 2002 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta (6),

ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, arna nglacadh i gcomhréir le Riail 150 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Safer Together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness’ [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú, chomh maith lena Réidhpháirtíocht],

ag féachaint dá rún an 17 Eanáir 2024 ar impleachtaí slándála agus cosanta thionchar na Síne ar bhonneagar criticiúil san Aontas Eorpach (7),

ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2024 maidir le míthuiscint ag Daon-Phoblacht na Síne ar rún 2758 ó na Náisiúin Aontaithe agus maidir lena briogadh míleata leanúnach i gcoinne na Téaváine (8),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meán Fómhair 2025 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (9),

ag féachaint do rún uaithi an 28 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2023 (10),

ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Cheannairí AE-na Ríochta Aontaithe an 19 Bealtaine 2025,

ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach tar éis an chéad chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir an 4 Aibreán 2025,

ag féachaint do Dhearbhú Kiruna an 15 Bealtaine 2013,

ag féachaint do Straitéis Slándála Náisiúnta na Stát Aontaithe, a foilsíodh i mí na Nollag 2025,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/2600 ón gComhairle an 12 Nollaig 2025 maidir le bearta éigeandála lena dtugtar aghaidh ar na deacrachtaí eacnamaíocha tromchúiseacha arb iad gníomhaíochtaí na Rúise i gcomhthéacs an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin is cúis leo (11),

ag féachaint do Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil,

ag féachaint do rún uaithi an 27 Samhain 2025 maidir le seasamh an Aontais ar an bplean beartaithe agus rannpháirtíocht an Aontais i dtreo síocháin chóir mharthanach don Úcráin (12),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Meán Fómhair 2025 maidir le Gaza ag an mbrisphointe: Gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic leis an ngorta, an géarghá atá le gialla a scaoileadh saor agus dul i dtreo réiteach dhá stát (13),

ag féachaint do Rún 2803 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe inar cuireadh in iúl gur díol sásaimh di an plean cuimsitheach chun deireadh a chur leis an gcoinbhleacht in Gaza,

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0253/2025),

A.

de bhrí gur cheart do chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) AE an tsíocháin a chaomhnú, an tslándáil idirnáisiúnta a threisiú agus an comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin fónamh do leasanna straitéiseacha na hEorpa mar a leagtar amach in Airteagal 21 CAE trí shlándáil an Aontais agus leasanna na mBallstát uile a choimirciú, lena n-áirítear trí dhíspreagadh inchreidte; de bhrí nach mór na cuspóirí sin a shaothrú agus an daonlathas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine á gcothú ag an am céanna, lena n-áirítear cearta na mban agus cearta mionlach;

B.

de bhrí, le bliain anuas, go raibh tionchar ag cogaí agus coinbhleachtaí armtha, lena n-áirítear coimhlintí díreacha agus teannas atá ag dul i méid chomh maith le hionsaithe hibrideacha, ar bheagnach gach mór-roinn; de bhrí gur toisc í an choimhlint gheopholaitiúil agus eacnamaíoch atá ag dul i ndéine a chuidíonn le hathghéarú coinbhleachtaí calctha agus le tús a chur le coinbhleachtaí nua; de bhrí go raibh dúshláin roimh na heagraíochtaí idirnáisiúnta a bunaíodh chun cosc a chur ar theannas den sórt sin teacht chun cinn ina n-iarrachtaí a sainorduithe a chomhlíonadh, rud a fhágann go bhfuil a n-athchóiriú práinneach agus fíor-riachtanach agus go n-éilítear rannpháirtíocht chomhchoiteann níos mó i measc daonlathais chun cosaint a neartú;

C.

de bhrí go bhfuil géarghá le leanúint den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus dá institiúidí, noirm, luachanna agus prionsabail uilíocha Chairt na Náisiún Aontaithe amhail cearta an duine agus ceartas idirnáisiúnta, iltaobhachas, agus Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí a chosaint agus a neartú, go háirithe maidir le neamhshárú teorainneacha idirnáisiúnta agus toirmeasc ar fhorneart a úsáid; de bhrí gur tionscnóir é AE, de réir a nádúir, d’idirspleáchas iltaobhach na ngníomhaithe institiúideacha éagsúla;

D.

de bhrí go léiríonn cumhachtaí stairiúla áirithe agus cumhachtaí áirithe eile atá ag teacht chun cinn iompraíochtaí casta ó dhlúthchomhar go coimhlint earnála agus comhéigean; de bhrí go bhfuil príomhról ag an Rúis, atá i mbun cogadh foghach neamhdhleathach gan chúis i gcoinne na hÚcráine, maidir leis an mbonn a bhaint den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; de bhrí go bhfuil an Rúis ag cur síneadh d’aon ghnó lena cogadh foghach neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine agus é mar aidhm aici an Úcráin a ídiú agus AE agus ECAT a dhíchobhsú; de bhrí go bhfuil cosaint thaobh thoir iomlán AE bunriachtanach do chobhsaíocht, do shlándáil agus d’athléimneacht AE ina iomláine; de bhrí go gcuireann an timpeallacht gheopholaitiúil ilroinnte atá ann faoi láthair iallach ar AE a leasanna agus leasanna a Bhallstát a oiriúnú agus a chosaint ar bhealach níos fearr;

E.

de bhrí go mbíonn AE i dteagmháil le comhpháirtithe trasatlantacha agus le tíortha atá ar aon intinn leis chun a shlándáil eacnamaíoch a neartú;

F.

de bhrí gur cuireadh deireadh leis an gcogadh tubaisteach sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin 30 bliain ó shin le Comhaontú Dayton-Páras; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a phrionsabail a chur chun feidhme go hiomlán;

G.

de bhrí go nglacann AE agus an Ríocht Aontaithe orthu féin, ina Ráiteas Comhpháirteach an 19 Bealtaine 2025, tiomantas comhroinnte do chobhsaíocht na mBalcán Thiar; de bhrí gur cheart do AE agus don Ríocht Aontaithe réimsí nithiúla comhair a shainiú sa réigiún, go háirithe chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal comhroinnte cumhachta Chomhaontú Síochána Dayton-Páras;

H.

de bhrí go bhfuil gníomhaithe idirnáisiúnta áirithe, go háirithe stáit fhorlámhacha, ag cur slándáil agus cobhsaíocht na hEorpa i mbaol trí shraith ollmhór oirbhearta hibrideacha a úsáid, go háirithe sabaitéireacht ar bhonneagar criticiúil agus cur isteach ar fheidhmiú daonlathach ár sochaithe chomh maith le bagairtí slándála lánfheidhme amhail ionraí drón agus ionsaithe ar ghréasáin iarnróid; de bhrí gur cuid de CBES an Aontais é aghaidh a thabhairt ar bhagairtí den sórt sin, rud a éilíonn córas faisnéise inchreidte ar an láthair maidir le bagairtí seachtracha a chuireann le cumas an Aontais freagairt go tapa agus go héifeachtach, chomh maith lena leasanna thar lear a choimirciú;

I.

de bhrí gurb ionann an méadú agus infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin fhadtéarmach, sa daonlathas, sa chobhsaíocht, sa tslándáil, i gcosaint na haeráide agus sa rathúnas ar fud na mór-roinne, go háirithe i bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go n-éilítear athchóirithe inmheánacha ar an Aontas chun ullmhú don mhéadú agus de bhrí gur cheart don Aontas an próiseas um méadú a reáchtáil i gcomhthráth leis na hathchóirithe institiúideacha agus cinnteoireachta is gá chun acmhainneacht lánpháirtithe an Aontais a chosaint; de bhrí go neartaíonn beartas inchreidte um méadú tionchar geopholaitiúil agus athléimneacht an Aontais; de bhrí gur réamhriachtanas d’aontachas le AE é prionsabail bhunúsacha an Aontais a chomhlíonadh agus an dlí idirnáisiúnta a urramú;

J.

de bhrí go leanann AE dá thaidhleoireacht Eorpach uathrialach féin a chur chun cinn i ngach réimse, lena n-áirítear taidhleoireacht phoiblí, chultúrtha, eacnamaíoch, aeráide, intleachta saorga, dhigiteach agus cibearthaidhleoireacht; de bhrí gur céim bhunriachtanach i ndáil leis sin é seirbhís taidhleoireachta AE a bhaint amach arna múnlú ag cultúr coiteann taidhleoireachta arna chothú ó pheirspictíocht AE den chuid is mó; de bhrí go rannchuidíonn an tAcadamh Eorpach Taidhleoireachta leis an gcuspóir sin;

K.

de bhrí go dtugann AE tús áite do chomhpháirtíochtaí le daonlathais atá ar aon intinn leis; de bhrí go bhfuil tabhairt i gcrích comhpháirtíochtaí domhanda nua bunaithe ar dhícheall cuí polaitiúil chun spleáchais a sheachaint lena nochtar AE do chomhéigean agus chun a ráthú nach mbainfidh an comhar an bonn de chearta an duine, den fhorbairt inbhuanaithe ná de dhlúthpháirtíocht AE; de bhrí nach mór gan comhar earnála a shaothrú chun dochair do bhunluachanna AE; de bhrí go bhfágann deighiltí laistigh de AE nó den chomhghuaillíocht thrasatlantach, chomh maith lenár gcomhpháirtithe straitéiseacha, go bhfuilimid uile níos laige, agus go dtéann siad chun tairbhe dár gcéilí comhraic agus dár n-iomaitheoirí;

L.

de bhrí, i gcomparáid le leagan 2021, go léirítear le Straitéis Slándála Náisiúnta (NSS) na Stát Aontaithe an 4 Nollaig 2025 athrú radacach ar an mbéim atá sa straitéis sin, ós rud é nach ndéantar measúnú substainteach ar na dúshláin a bhaineann le gníomhaithe amhail an Rúis agus an tSín, agus go n-áirítear inti tagairtí criticiúla d’easnaimh dhaonlathacha líomhnaithe i mBallstáit áirithe de chuid an Aontais; de bhrí go leagtar amach in NSS forbairtí domhanda den chuid is mó ó thaobh leasanna eacnamaíocha agus straitéiseacha de, rud a nochtann cur chuige níos idirbheartaí i leith comhghuaillithe traidisiúnta agus, ar an gcaoi sin, a dhéanann na prionsabail a cheistiú atá mar bhonn agus mar thaca ag beartas eachtrach na Stát Aontaithe leis na blianta; de bhrí gur chuir urlabhraí na Creimile fáilte phoiblí roimh NSS agus gur léiríodh imní ina leith i roinnt príomhchathracha AE, rud a tharraing ceisteanna anuas faoina thionchar ar an aontacht thrasatlantach agus faoi inchreidteacht an díspreagtha chomhchoitinn;

M.

de bhrí go bhfuil dlúthnaisc bhunreachtúla, stairiúla agus chultúrtha leis na Ballstáit ag na Tíortha agus Críocha Thar Lear (TCTLanna) atá comhlachaithe le AE; de bhrí go gcuireann siad láithreacht dhomhanda uathúil agus buntáistí geostraitéiseacha ar fáil do AE, go háirithe san Aigéan Atlantach, san Aigéan Indiach agus san Aigéan Ciúin, agus san Artach agus san Antartaice; de bhrí gur cheart do CBES an comhar struchtúrtha le TCTLanna a neartú i réimsí amhail an tslándáil, bealaí tráchtála straitéiseacha, athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide, an tslándáil mhuirí agus amhábhair chriticiúla, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go ndéanfar TCTLanna a chomhtháthú níos dlúithe i dtosaíochtaí gníomhaíochta seachtraí an Aontais;

N.

de bhrí go bhfuil an spás don tsochaí shibhialta ag laghdú ar fud an domhain agus go bhfuil cosantóirí chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i mbaol méadaitheach go ndéanfaidh gníomhaithe stáit agus neamhstáit ionsaithe agus bagairtí orthu;

O.

de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag sochaithe sibhialta bríomhara ar fud an domhain maidir le cearta an duine, an daonlathas agus an t-iolrachas a chur chun cinn, chomh maith le dea-rialachas agus dul chun cinn sóisialta a chur chun cinn;

P.

de bhrí gur chuir an Pharlaimint a seasamh dobhréagnaithe in iúl le déanaí maidir le sáruithe ar chearta an duine i gCúba agus maidir leleis an staid i Veiniséala; de bhrí gur cháin sí arís agus arís eile réimeas Daniel Ortega agus Rosario Murillo i Nicearagua;

Q.

de bhrí, an 10 Eanáir 2025, gur mhaígh Nicolás Maduro go raibh téarma nua in oifig buaite aige agus gur choinnigh sé a ghreim ar chumhacht go neamhdhleathach in ainneoin calaois toghcháin fhorleathan; de bhrí gur aithin sí Edmundo González Urrutia mar Uachtarán dlisteanach Veiniséala a toghadh go daonlathach agus María Corina Machado mar cheannaire ar an bhfreasúra daonlathach trí Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 a bhronnadh orthu; de bhrí gur tugadh onóir bhreise do María Corina Machado mar bhuaiteoir Dhuais Síochána Nobel do 2025; de bhrí go léirítear tráth ríthábhachtach in aistriú daonlathach Veiniséala, leis na forbairtí polaitiúla a tharla le déanaí, lena n-áirítear Nicolás Maduro a bhaint den chumhacht agus tús a chur le scaoileadh saor príosúnach polaitiúil; de bhrí, ag an am céanna, go bhfuil an staid fós éagobhsaí, agus príomhstruchtúir chumhachta an iar-réimis fós i bhfeidhm agus go bhfuil dúshláin shuntasacha fós ann maidir le comhdhlúthú daonlathach;

R.

de bhrí go bhfuil dúshlán á chur roimh phrionsabail na Náisiún Aontaithe ar mhéid nach bhfacthas riamh roimhe seo; de bhrí gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile ar an gcomhphobal idirnáisiúnta na Náisiúin Aontaithe a chosaint agus a neartú;

S.

de bhrí nach bhfuil an t-ord domhanda iltaobhach curtha in oiriúint go leormhaith do na réaltachtaí geopholaitiúla atá ann faoi láthair; de bhrí gur cuid fhíor-riachtanach d’athchóiriú na Náisiún Aontaithe é Tionscnamh NA80 a sheol Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus go dtabharfaí le tuiscint leis go gcuirfí deireadh leis an gcóras crosta i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; de bhrí gur cúis mhór imní í staid uafásach airgeadais na Náisiún Aontaithe; de bhrí go bhfuil ar na Náisiúin Aontaithe dul i ngleic le giorrú buiséid USD 500 milliún agus le caillteanas 20 % dá bhfoireann; de bhrí go bhfuil ciorruithe móra breise á ndéanamh ag na Náisiúin Aontaithe ar a ghníomhaireachtaí síochánaíochta, daonnúla agus sláinte tar éis tharraingt siar thacaíocht airgeadais na Stát Aontaithe; de bhrí go n-éilíonn próiseas athchóirithe na Náisiún Aontaithe acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus tacaíocht pholaitiúil chun an t-iltaobhachas a chothú mar bhonn don rialachas domhanda;

T.

de bhrí gur bagairt thromchúiseach ar shlándáil AE í an choireacht eagraithe, go háirithe gáinneáil ar dhrugaí; de bhrí go bhfuil an tAontas ar an margadh cócaoin is mó ar domhan ó 2020 i leith; de bhrí gur ó Mheiriceá Laidineach den chuid is mó a thagann an cócaon sin agus go dtagann sé isteach in AE go príomha trína chalafoirt Atlantacha;

U.

de bhrí go gcuireann réimis fhorlámhacha, líonraí coiriúla agus grúpaí sceimhlitheoireachta sláinte agus sábháilteacht mhuintir na hEorpa i mbaol trí gháinneáil aindleathach ar dhrugaí agus ar dhaoine, rud a chuireann leis an éagobhsaíocht réigiúnach agus, i gcásanna áirithe, gurb ionann é agus an imirce a úsáid mar arm;

V.

de bhrí go bhfuil cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tar éis an bonn a bhaint go mór de shlándáil na hEorpa agus den tslándáil dhomhanda, rud is cúis le héiginnteacht eacnamaíoch, neamhshlándáil an tsoláthair bia agus praghsanna arda fuinnimh agus Comharsanacht an Oirthir de chuid an Aontais á díchobhsú ag an am céanna; de bhrí go bhfuil an fogha sin mar chuid de straitéis níos leithne lena saothraítear clár oibre impiriúil agus forleathnaitheach, a thosaigh leis an gcogadh sa tSeoirsia in 2008; de bhrí nár chuir Meabhrán Bhúdaipeist 1994 maidir le Dearbhú Slándála, faoinar bhain an Úcráin na hairm núicléacha uile óna críoch mar mhalairt ar ráthaíochtaí slándála, lena n-áirítear ón Rúis, cosc ar chogadh foghach na Rúise;

W.

de bhrí go leanann an Rúis d’oidhreacht náisiúnta na hÚcráine a chreachadh; de bhrí go bhfuil cogadh foghach na Rúise ina chúis le damáiste tromchúiseach agus fadtéarmach don chomhshaol san Úcráin; de bhrí go bhfuil ionsaithe diana agus d’aon ghnó á ndéanamh ag Cónaidhm na Rúise i gcoinne bhonneagar fuinnimh na hÚcráine;

X.

de bhrí gur eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántais ghabhála i gcoinne Vladimir Putin agus Maria Lvova-Belova, Coimisinéir na Rúise um Chearta Leanaí, as coir chogaidh an díbeartha agus an aistrithe neamhdhleathaigh leanaí de chuid an hÚcraine;

Y.

de bhrí gur céim shuntasach chun cinn é rialú an 9 Iúil 2025 ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine sa chás Úcráin agus an Ísiltír v an Rúis chun an Rúis a thabhairt chun cuntais as a cogadh foghach agus as na hainghníomhartha atá déanta aici san Úcráin;

Z.

de bhrí go bhféadfadh míleatú géaraithe na Síne chomh maith lena comhpháirtíochtaí straitéiseacha leis an Rúis, leis an gCóiré Thuaidh agus leis an Iaráin, an chobhsaíocht a chur i mbaol, ní hamháin sna tíortha Ind-Chiúin-Aigéanacha, ach cobhsaíocht an chomhphobail idirnáisiúnta ina iomláine i mbaol freisin; de bhrí, le blianta beaga anuas agus de shárú soiléir ar rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, gur sheol an Chóiré Thuaidh diúracáin bhalaistíocha arís agus arís eile ar minicíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin, agus a cumais núicléacha á neartú ag an am céanna ó thaobh cáilíochta agus cainníochta de; de bhrí go bhfuil brú teanntásach míleata, polaitiúil agus eacnamaíoch na gcumhachtaí forlámhacha agus deachtóireachta sin, mar aon lena n-ionsaithe leanúnacha agus ilghnéitheacha ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, ar chuid de na bagairtí slándála is tromchúisí ar Bhallstáit AE ó bunaíodh iad;

AA.

de bhrí, ag cruinniú mullaigh ECAT 2024 in Washington DC, gur tagraíodh don tSín mar chumasóir cinniúnach d’fhogha na Rúise; de bhrí nár cháin an tSín go foirmiúil riamh ionsaí neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ionradh na Rúise ar an Úcráin; de bhrí gur chuir an Rúis síos ar a caidreamh straitéiseach leis an tSín mar chaidreamh ar leibhéal nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; de bhrí gurb í Daon-Phoblacht na Síne is mó a thugann tacaíocht don Rúis ina cogadh foghach, agus gurb í is mó a sholáthraíonn na hearraí dé-úsáide di a fheidhmíonn mar ionchuir d’earnáil cosanta na Rúise, chomh maith le tacaíocht taidhleoireachta, pholaitiúil agus eacnamaíoch, agus, ar an gcaoi sin, a chuireann fad leis an gcogadh agus é a chumasú; de bhrí go bhféachann an Rúis leis an mbonn a bhaint den chobhsaíocht réigiúnach agus d’uaillmhianta Eorpacha trí ghníomhaíochtaí comhéigneacha agus míleata, agus go n-úsáideann an tSín giaráil eacnamaíoch agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha níos mó agus níos mó chun tionchar a imirt ar fhorbairtí i gcomharsanachtaí AE in éineacht le gníomhaithe eile a rannchuidíonn leis an díchobhsú sin; de bhrí, trí mheascán d’infheistíocht stát-stiúrtha, éadáil straitéiseach bonneagair, aistriú teicneolaíochta, agus oibríochtaí tionchair, go bhféachann an tSín lena lorg a leathnú laistigh den Aontas;

AB.

de bhrí gur éirigh staid chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha san Asarbaiseáin níos measa le bliain anuas; de bhrí gur cheart gach ordú arna eisiúint ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir leis an Nagarna-Carabaic a chur chun feidhme, lena n-áirítear ordú an 17 Samhain 2023 lena léirítear bearta sealadacha maidir le filleadh sábháilte, gan bhac agus gasta daoine a theith ón réigiún;

AC.

de bhrí go bhfuil gníomhaíocht sheachtrach AE ceangailte go neamh-inchúlghairthe leis na luachanna agus na prionsabail a chumhdaítear in Airteagail 2, 3(5) agus 21 CAE, lena n-áirítear ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na mBallstát uile, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe; de bhrí go bhfuil feidhm chomhionann ag na prionsabail sin maidir leis an gCipir; de bhrí go bhfuil beartas eachtrach na Tuirce fós ag teacht salach ar bheartas eachtrach AE; de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht chuiditheach na Tuirce féin ríthábhachtach chun cainteanna socraíochta na Cipire a atosú agus chun dul chun cinn a dhéanamh laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe;

AD.

de bhrí go bhfuil forghabháil mhíleata na Tuirce ar chríoch AE sa Chipir fós ar siúl, mar aon leis an mbagairt fornirt i gcoinne Ballstáit;

AE.

de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar sháruithe na Tuirce ar aerspás na Gréige agus ar rialacháin aerthráchta laistigh de Réigiún Faisnéise Eitilte na hAithne; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht freisin ar sháruithe ar uiscí teorann na Gréige, agus go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha á ndéanamh go córasacha ag soithí na Tuirce laistigh d’uiscí teorann na Gréige; de bhrí go bhfuil díospóidí fós ann maidir le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, chomh maith le freagrachtaí a bhaineann le NAVTEX;

AF.

de bhrí gurb é réiteach cóir, cuimsitheach agus inbhuanaithe an t-aon réiteach inmharthana ar shaincheist na gCoirdíneach sa Tuirc;

AG.

de bhrí gur colún ábhartha í an Éigipt don chobhsaíocht sa Mheánmhuir Thoir, rud ar cuireadh béim air le cinneadh AE EUR 4 bhilliún i gcúnamh macrairgeadais a dheonú don Éigipt don tréimhse 2024-2027;

AH.

de bhrí gur shínigh an tAontas agus Poblacht na Cirgise Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe in 2024; de bhrí gur cuid bhunriachtanach den chomhaontú iad cearta an duine; de bhrí go léiríonn staid chearta an duine sa tír, ar cúis imní í, cúlú tromchúiseach i ndáil leis sin, a bhfuil méadú tagtha air i gcomhthéacs na dtoghchán tobann, mar a léiríodh, inter alia, le coinneáil Temirlan Sultanbekov le déanaí agus leis an togra chun pionós an bháis a thabhairt isteach arís sa tír; de bhrí nach mór do Rialtas na Cirgise bearta nithiúla a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní phráinneacha a leag an Pharlaimint amach i rún uaithi an 9 Meán Fómhair 2025; de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil brú faoi chois déanta go leibhéil éagsúla ag na húdaráis i ngach ceann de chúig thír na hÁise Láir ar easaontú agus go bhfuil rialuithe níos doichte déanta acu ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus go bhfuil imeaglú, ciapadh agus ionchúiseamh gníomhaithe criticiúla, iriseoirí agus daoine den phobal LGBTIQ+ ag dul in olcas;

AI.

de bhrí go raibh an chéad chruinniú mullaigh riamh idir an tAontas agus an Áise Láir ón 3 go dtí an 4 Aibreán 2025 suntasach toisc gur chor cinniúnach straitéiseach é sa chaidreamh idir an dá réigiún agus gur cuireadh tús lena linn le hidirphlé struchtúrtha lena n-aithnítear go hiomlán ról lárnach réigiún na hÁise Láir mar chrosbhóthar idir an Eoraip agus an Áise;

AJ.

de bhrí, ina chaidreamh leis an India, gur cheart do AE rannpháirtíocht straitéiseach leanúnach na tíre leis an Rúis a aithint, lena n-áirítear a rannpháirtíocht in fhreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha Zapad-2025 leis an Rúis agus leis an mBealarúis, agus dúshláin gheopholaitiúla á gcur san áireamh ar bhealach a neartaíonn leasanna comhroinnte AE leis an India, a fheabhsaíonn an tslándáil agus a sheasann leis an dlí idirnáisiúnta;

AK.

de bhrí gur dhíol sásaimh di na hiarrachtaí a rinne stáit Arabacha áirithe agus Iosrael an caidreamh taidhleoireachta a normalú faoi Chomhaontuithe Abraham; de bhrí go dtacaíonn sí le tionscnaimh atá dírithe ar thacaíocht leathan réigiúnach agus idirnáisiúnta a thógáil do thodhchaí níos fearr sa chaidreamh Arabach-Iosraelach;

AL.

de bhrí go bhfuil deis stairiúil ag AE a chomhghuaillíocht le Meiriceá Laidineach a dhoimhniú; de bhrí go n-éilíonn colún polaitiúil agus comhair Chomhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur formheas na Parlaiminte, na Comhairle agus pharlaimintí náisiúnta na mBallstát; de bhrí nach n-éilíonn an colún trádála ach formheas ón bParlaimint agus ón gComhairle; de bhrí go mbeadh an formheas sin ina chloch mhíle gheopholaitiúil lena dtreiseofaí láithreacht dhomhanda an Aontais agus lena neartófaí an t-ord iltaobhach riailbhunaithe; de bhrí go mbunófar leis an gcomhaontú creat institiúideach chun comhar a chothú i réimsí amhail cearta an duine, forbairt inbhuanaithe, an geilleagar digiteach agus an choireacht eagraithe a chomhrac; de bhrí, dá ndéanfaí an comhaontú a ghlacadh agus cur chun feidhme, gur cheart go bhfeabhsófaí naisc idir-réigiúnacha, go n-aibeofaí díbhinní geopholaitiúla agus go gcuirfí leasanna straitéiseacha AE chun cinn; de bhrí go bhfuil síniú agus daingniú tapa an Chomhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur agus an Chomhaontaithe Dhomhanda AE-Meicsiceo mar bhonn agus mar thaca ag rannpháirtíocht níos doimhne agus naisc pholaitiúla neartaithe AE le Meiriceá Laidineach;

AM.

de bhrí gur cheart do bheartas Artach AE forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh, tacú le pobail dhúchasacha a dteanga agus a gcultúr a chaomhnú, cosaint éiceachóras an Artaigh a áirithiú i bhfianaise na géarchéime aeráide agus athléimneacht a chur chun cinn i bhfianaise na ndúshlán geopholaitiúil a bhaineann le tíortha nach bhfuil san Aontas; de bhrí go gcuirfí san áireamh sa bheartas sin na hábhair imní a bhfuil údar leo maidir le comhar méadaithe idir an tSín agus an Rúis sa réigiún Artach; de bhrí gur gá don bheartas sin moltaí Dhearbhú Kiruna a chomhtháthú go hiomlán, tacú le cistiú méadaithe don fhuinneamh in-athnuaite agus do bhainistiú inbhuanaithe dramhaíola i bpobail Artacha, agus acmhainneacht a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta;

AN.

de bhrí go bhfuil sáruithe leanúnacha na Rúise ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na stát comharsanachta, mar aon leis an mbac a chuireann sí ar loingseoireacht i Muir Mheoid, sa Mhuir Dhubh agus i Muir Bhailt, ina gcúis amhras thromchúisigh faoi na hionchais go ndéanfaí cómhaireachtáil shíochánta a chothú san Artach; de bhrí go bhfuil feabhas suntasach á chur ag an Rúis ar a bonneagar Artach agus ar a cabhlach bristeoirí oighir, agus a huaillmhianta straitéiseacha sa réigiún á gcur chun cinn aici ag an am céanna; de bhrí go bhfuil straitéis á saothrú ag Cónaidhm na Rúise chun rialú cónaidhme ar acmhainní nádúrtha a chomhdhlúthú, éilimh chríochacha a threisiú agus infheistíocht a mhealladh trí dhreasachtaí speisialta maidir le criosanna eacnamaíocha;

AO.

de bhrí gur cheart go mbeadh sé mar phríomhchuspóir ag CBES don réigiún Artach stádas breathnóra iomláin nó, i gcás inar féidir, stádas rannpháirtí a lorg go gníomhach do AE i ngach comhlacht ábhartha rialachais Artaigh a bhfuil sé fós gan ionadaíocht ann; de bhrí go n-éilíonn sé sin freisin idir-inoibritheacht neartaithe idir an tAontas, a Bhallstáit agus a chomhghuaillithe trasatlantacha sa tslándáil Artach, san fhaireachas muirí, in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus i gcosaint an bhonneagair chriticiúil;

AP.

de bhrí gur cheart cosaint na saoirse reiligiúnaí a chomhtháthú go comhsheasmhach i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais; de bhrí gur cheart do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) agus don Choimisiún tuairisciú go rialta ar shaoirse reiligiúnach agus ar ghéarleanúint mionlach reiligiúnach ar fud an domhain; de bhrí gur féidir le pobail chreidimh agus eagraíochtaí creideamhbhunaithe ról lárnach a imirt maidir leis an tsíocháin, idirphlé idir-reiligiúnach, réiteach coinbhleachta, cúnamh daonnúil agus cosaint chearta an duine a chur chun cinn;

AQ.

de bhrí, mar gheall an ngéarleanúint ar mhionlaigh reiligiúnacha ar fud an domhain, atá bunaithe ar chreideamh agus atá ag dul i méid, lena n-áirítear géarleanúint ar Chríostaithe ar fud an domhain, ach gan a bheith teoranta di, mar a chonacthas le déanaí sa tSiria, sa Nigéir, i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus i Nicearagua, go bhfuil béim á leagan ar an ngá atá le haird níos mó a thabhairt ar an ngéarleanúint ar mhionlaigh reiligiúnacha; de bhrí gur cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) oibriú leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun an treocht scanrúil i dtreo géarleanúint reiligiúnach mhéadaithe a aisiompú;

AR.

de bhrí go gcothaíonn tionscnamh Global Gateway dlúth-chomhpháirtíochtaí le tíortha atá ar aon intinn le AE bunaithe ar shochair fhrithpháirteacha, ar fhorbairt eacnamaíoch agus ar shlabhraí soláthair athléimneacha; de bhrí gurb í úsáid éifeachtach acmhainní an phríomhthosaíocht, agus iad á ndíriú ar líon teoranta tionscnamh straitéiseach, go háirithe bonneagar a neartú, chomh maith le cur i gcoinne tionscnaimh chomhthráthacha ag tíortha nach bhfuil san Aontas; de bhrí gur cheart go mbeadh luachanna bunúsacha AE, lena n-áirítear urraim do chearta an duine, dea-rialachas, daonlathas, trédhearcacht agus inbhuanaitheacht chomhshaoil, mar threoir i gcónaí do thionscadail Global Gateway; de bhrí nach mór don tsochaí shibhialta agus do phobail áitiúla a bheith rannpháirteach go córasach sna tionscadail sin ag gach céim de dhearadh, de chur chun feidhme agus de mheastóireacht an tionscadail chun a áirithiú go mbeidh siad freagrúil do riachtanais áitiúla, go mbeidh siad íogair ó thaobh inscne de agus go nginfidh siad torthaí fónta forbartha;

AS.

de bhrí go bhfuil an buiséad EUR 300 billiún a leithdháiltear ar an tionscnamh sin níos lú ná aon trian de scála na dtionscadal atá ar siúl cheana faoi Thionscnamh inchomparáide Creasa agus Bóthair na Síne atá dírithe ar nascacht agus ar bhonneagar; de bhrí nach leor an cistiú atá ann faoi láthair do SEGS agus do thoscaireachtaí AE chun freastal ar a riachtanais i bhfianaise scála dhúshláin an lae inniu; de bhrí go méadaíonn ciorruithe ar chroíghníomhaíochtaí taidhleoireachta an baol go ndúnfaí misin, rud a chuirfeadh teorainn le cumas AE gníomhú mar ghníomhaí domhanda;

AT.

de bhrí gur uirlis réamhghníomhach beartais sheachtraigh í an taidhleoireacht choisctheach chun coinbhleacht idir páirtithe a sheachaint agus chun idirghabháil a dhéanamh eatarthu agus chun tacú leo teacht ar réitigh shíochánta, lena n-áirítear idirghabháil síochána agus idirphlé; de bhrí gur laghdaíodh tionchar AE ar fud an domhain mar gheall ar iarrachtaí gníomhaithe urchóideacha nach cuid den Aontas iad; de bhrí gur cheart don Leas-Uachtarán/Ardionadaí, in éineacht le SEGS, anailís a dhéanamh ar iarrachtaí taidhleoireachta Eorpacha a rinneadh roimhe seo agus ar thorthaí na n-iarrachtaí sin; de bhrí go n-éilíonn anailís den sórt sin tuiscint shoiléir ar chomhthéacsanna áitiúla, stairiúla, cultúrtha agus reiligiúnacha, i measc nithe eile; de bhrí go bhféadfadh sé go mbeadh gá le cur chuige nua maidir le taidhleoireacht choisctheach chun a áirithiú go mbreathnófaí ar AE mar chomhpháirtí iontaofa ar gach leibhéal; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag misean breathnóireachta AE um thoghcháin maidir le tacú leis an daonlathas ar fud an domhain; de bhrí gur príomhuirlisí iad taidhleoireacht pharlaiminteach agus caidreamh idirpharlaiminteach chun spriocanna beartais eachtraigh AE a bhaint amach i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus chun naisc a chruthú thar leibhéal an rialtais amháin; de bhrí, faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, gur cheart an leithdháileadh buiséid le haghaidh tacaíocht daonlathais agus breathnóireacht toghcháin a mhéadú, go háirithe d’fhonn misin den sórt sin a imscaradh chuig tíortha is iarrthóirí;

AU.

de bhrí go bhfeidhmíonn an t-athrú aeráide níos mó agus níos mó mar ‘iolraitheoir bagartha’, as a n-eascraíonn tuilleadh díchobhsaithe ar thíortha agus ar réigiúin leochaileacha, géarchéimeanna daonnúla inchoiscthe agus brúnna imirce breise;

AV.

de bhrí go n-iarrtar le comóradh 25 bliana Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS) go gcoinneofaí comhionannas inscne agus clár oibre WPS mar chroíphrionsabail CBES AE; de bhrí gur cheart do SEGS agus don Choimisiún ról ceannasach AE a choinneáil maidir le cearta na mban a chur chun cinn ar fud an domhain trí Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne a chur chun feidhme go críochnúil agus go huaillmhianach; de bhrí go n-éilíonn an colún ‘Ceannaireacht le dea-shampla’ faoi Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i bpoist cheannaireachta laistigh de SEGS;

AW.

de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil rialtais fhorlámhacha agus dhiansmachtúla, amhail sa Rúis, ag cur crua ar noirm inscne thraidisiúnta, mar mhodh dlisteanaithe stáit agus rialaithe sochpholaitiúil; de bhrí go gcuireann líonraí reiligiúnacha trasnáisiúnta agus gluaiseachtaí polaitiúla atá i bhfad amach ar an eite dheis beartais frith-LADTIA+ chun cinn; de bhrí go ndéanann na treochtaí sin cearta bunúsacha a chreimeadh agus gur dúshlán díreach iad do na luachanna a chumhdaítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena gcuimsítear comhionannas inscne agus atá mar bhonn do bheartas eachtrach an Aontais;

1.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil a rúin maidir le cur chun feidhme CBES ina gcuid lárnach dá rannchuidiú le ceapadh bheartas eachtrach an Aontais; á chur i bhfios go láidir go léiríonn na rúin sin impleachtaí praiticiúla an chirt neartaithe grinnscrúdaithe i réimse an bheartais eachtraigh a thugtar don Pharlaimint le Conradh Liospóin; á mheabhrú gurb é rún 2025 uaithi an dara rún den chineál sin sa téarma parlaiminteach seo agus go bhfuil sé mar aidhm leis fónamh mar threoir d’fheidhmeannas an Aontais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh á leagan síos don téarma seo; á thabhairt chun suntais, i dtimpeallacht idirnáisiúnta shíor-luaineach, nach mór don Aontas dul i ngleic go comhuaineach leis an iliomad dúshlán beartais eachtraigh a dhéanann difear dó go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, coinbhleachtaí sa Mheánoirthear, an iomaíocht mhór chumhachta atá ag dul i méid, iarrachtaí leanúnacha chun an bonn a bhaint ón ord idirnáisiúnta iltaobhach riailbhunaithe agus nasc atá ag dul i méid idir géarchéimeanna eachtracha agus inmheánacha; á chreidiúint go láidir, chun leanúint de bheith ábhartha ar an leibhéal idirnáisiúnta, nach mór don Aontas beartas eachtrach diongbháilte, araíonachta agus teanntásach a shaothrú a chomhlíonfaidh cuspóirí straitéiseacha féin an Aontais agus a leanfaidh dá leasanna a shainiú, a dhearbhú agus a chosaint ar fud an domhain; á mheabhrú gur cheart gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a bheith bunaithe ar na luachanna agus na prionsabail a chumhdaítear in Airteagail 2, 3(5) agus 21 CAE, a spreag cruthú, forbairt agus méadú an Aontais féin, lena n-áirítear i réimsí an daonlathais, an smachta reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, agus prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart do CBES cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a áirithiú;

2.

á chur in iúl go n-aontaíonn sí go hiomlán leis na hábhair imní a cuireadh in iúl sa tuarascáil ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus gur cúis mhór imní di luas tapa na héagobhsaíochta geopholaitiúla arna spreagadh ag brúnna teanntásacha míleata, polaitiúla agus eacnamaíocha na gcumhachtaí forlámhacha agus na ngníomhaithe aontaobhacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil stua éagobhsaíochta déanta ar fud na hEorpa ón Úcráin go Cugas, ón Meánoirthear go dtí an tSaiheil, ón Artach agus níos faide i gcéin, rud a léiríonn timpealleacht na héiginnteachta radacaí ina bhfuil an tAontas ag feidhmiú; á chur i bhfáth go bhfuil dlús á chur le creimeadh na norm daonlathach sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil eagraíochtaí iltaobhacha lagaithe go mór agus go bhfuil an bonn á bhaint go mór den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, rud a fhágann go bhfuil timpeallacht ann ina bhfuil iomaíocht agus caomhnaitheacht ag teacht in ionad an chomhair agus na saorthrádála, agus ina bhfuil infheistíocht, faisnéis agus sreabha imirce á n-ionstraimiú níos mó agus níos mó; ag tabhairt rabhaidh go gcuireann an ilroinnt sin ár leasanna straitéiseacha, ár slándáil, ár rathúnas agus ár n-aontacht i mbaol; á mheabhrú nach bhfuil sé d’acmhainn ag AE iompú isteach agus nach mór dó fanacht oscailte agus rannpháirteach sa domhan chun a luachanna daonlathacha agus a leasanna a chosaint, rud a éilíonn, dá réir sin, ár gcomhpháirtíochtaí agus ár gcomhghuaillíochtaí réigiúnacha agus domhanda a shlógadh;

3.

á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí CBES réamhbhreathnaitheach agus níos comhleanúnaí a fhorbairt tuilleadh lena ndéanfar an méid seo a leanas:

(a)

an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint

(b)

comhar a chothú maidir le leasanna comhroinnte;

(c)

ag urramú neodracht Ballstát áirithe agus á áirithiú go ndéantar gníomhaíocht taidhleoireachta ar bhealach atá comhsheasmhach le Cairt na Náisiún Aontaithe;

(d)

teorainneacha soiléire agus suíomhanna doshannta a bhunú; agus

(e)

infheictheacht agus tionchar ghníomhaíocht an Aontais thar lear a mheadú;

agus á saothrú, ar an gcaoi sin, na cuspóirí uaillmhianacha agus ag tabhairt aghaidh go soiléir ar na príomhdhúshláin gheopholaitiúla a leagtar amach sna míreanna seo a leanas;

Ag múnlú an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosnaímid

4.

á mheabhrú go ndéanann an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe ceannasacht stáit agus iomláine chríochach a choimirciú, luachanna uilíocha chearta an duine a chosaint, réiteach síochánta díospóidí a chumasú agus go n-áirithíonn sé go bhfuil an chumhacht faoi réir an dlí seachas an fhórsa; á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe faoi bhrú gan fasach ó mheascán de chreimeadh inmheánach agus d’ionsaí seachtrach; á thabhairt rabhaidh go mbíonn éagobhsaíocht agus coimhlintí ar fud an domhain ann mar thoradh ar a íosghrádú, rud a lagaíonn ár slándáil agus ár rathúnas féin;

5.

á chur i bhfios go láidir gur sárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Chairt na Náisiún Aontaithe é cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le hionsaí gan fasach ar ord síochána na hEorpa ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann; á mheabhrú gur cuireadh tús le foghanna na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2014; á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir nach mór go dteipfeadh ar fhogha na Rúise ar deireadh agus nach mór don Úcráin forlámhas a bheith aici, rud lena n-áiritheofar síocháin trí neart, agus ar an gcaoi sin á chur in iúl nach mbeidh forlámhas riamh ag an bhforneart ar an dlí chun daoine eile a dhíspreagadh ó iarracht a dhéanamh dúshlán a thabhairt do theorainneacha trí mhodhanna míleata; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le cur chuige fadtéarmach agus straitéiseach i leith Mhoscó agus a chomhghuaillithe;

6.

ag tabhairt urraim do mhisneach agus d’athléimneacht mhuintir na hÚcráine, a bhfuil a gceannasacht agus a n-iomláine chríochach á gcosaint acu, ach a bhfuil luachanna bunúsacha Eorpacha á gcosaint acu freisin; á éileamh go mbeadh sos cogaidh láithreach agus neamhchoinníollach ann, go dtarraingeodh an Rúis siar ó chríoch iomlán na hÚcráine a d’aithneofaí go hidirnáisiúnta agus go bhfillfeadh príosúnaigh chogaidh uile na hÚcráine, gach sibhialtach a fuadaíodh agus a coinníodh, agus gach leanbh a thóg an Rúis agus réimeas Lukashenka go neamhdhleathach; á iarraidh, thairis sin, go bhfillfí coirp shaighdiúirí uile de chuid na hÚcráine a maraíodh; ag tathant ar AE a thacaíocht don Úcráin a choinneáil ar bun agus a neartú, lena n-áirítear trí chúnamh polaitiúil, eacnamaíoch, airgeadais agus míleata, chun an Úcráin a chumhachtú; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2025 pacáiste cúnaimh airgeadais EUR 90 billiún a chur ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach raibh an Chomhairle in ann teacht ar chomhaontú maidir le struchtúr maoinithe níos uaillmhianaí ar bhonn shócmhainní reoite na Rúise, rud a laghdódh ualach fiachais na hÚcráine atá ag dul i méid; á mheabhrú, áfach, go n-achtaítear le Rialachán (AE) 2025/2600 ón gComhairle an 12 Nollaig 2025 bac gluaiseachta éiginnte ar shócmhainní ceannasacha na Rúise; á chur i bhfáth go bhfuil infheistíochtaí i gcosaint chríochach na hÚcráine agus ina bonn tionsclaíoch cosanta riachtanach agus chun tairbhe an dá thaobh don Eoraip, ach nach ráthaíochtaí slándála iad iontu féin; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, tionscnamh ECAT maidir le Liosta Riachtanas Tosaíochta i leith na hÚcráine (PURL) agus ag tathant ar Bhallstáit AE leanúint d’airm agus d’armlón a sheachadadh chuig an Úcráin, go háirithe córais aerchosanta agus cumais domhain-ionsaithe, agus ag an am céanna tacú le réiteach taidhleoireachta ar an gcogadh, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus é mar aidhm leis síocháin chóir agus mharthanach a bhaint amach;

7.

ag athdhearbhú a hiarrata creat dlíthiúil AE a fhorbairt chun stáit a ainmniú mar urraitheoirí sceimhlitheoireachta; á iarraidh ar an gComhairle Cónaidhm na Rúise a chur le liosta AE den sórt sin d’urraitheoirí stáit na sceimhlitheoireachta;

8.

ag cáineadh go láidir réimeas neamhdhlisteanach Lukashenka as cead a thabhairt críoch na Bealarúise a úsáid mar bhonn d’oibríochtaí míleata na Rúise, rud a bhaineann an bonn de cheannasacht na tíre agus atá ina bhagairt dhíreach ar shlándáil agus ar chobhsaíocht an Aontais agus a Bhallstát, agus í ag leanúint dá daonra féin a chur faoi chois ag an am céanna; ag athdhearbhú an éilimh go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll gach príosúnach polaitiúil agus ag tathant go neartófaí bearta sriantacha; ag cáineadh ionsaithe hibrideacha eagraithe na Bealarúise i gcoinne Bhallstáit AE, mar shampla an Liotuáin, trí bhíthin aerárthaí gan foireann agus ionraí balún, comhéigean eacnamaíoch, oibríochtaí smuigleála, briogadh míleata, cibirionsaithe agus bréagaisnéis státurraithe; á chur i bhfáth, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil na réimis sa Rúis agus sa Bhealarúis ag ionstraimiú na himirce mar chuid de straitéis níos leithne chun an bonn a bhaint ón Aontas, ó rialtais na mBallstát agus ó ECAT; ag tathant ar AE agus ar a Bhallstáit tacaíocht pholaitiúil, airgeadais agus theicniúil a mhéadú do na meáin neamhspleácha, do chosantóirí chearta an duine agus do thionscnaimh na sochaí sibhialta atá ag feidhmiú laistigh den Bhealarúis agus lasmuigh di;

9.

á chur in iúl gur geal léi conclúidí an chruinnithe a bhí ag ‘Comhghuaillíocht na dTíortha Toilteanacha’ a tionóladh i bPáras an 6 Eanáir 2026, lena n-áirítear na gealltanais atá ceangailteach ó thaobh na polaitíochta agus an dlí de lena sainítear cur chuige coiteann chun tacú leis an Úcráin, a cumais mhíleata fhadtéarmacha a chothú, agus an tsíocháin agus an tslándáil a athbhunú i gcás ionsaí armtha a dhéanfaidh an Rúis amach anseo; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an togra le haghaidh fórsa ilnáisiúnta a bhunú don Úcráin agus a mholadh do Bhallstáit uile an Aontais aird chuí a thabhairt ar an gcaoi is fearr is féidir leo tacú leis an bhfórsa sin; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an plé maidir le sásra faireacháin agus fíoraithe sosa cogaidh faoi stiúir na Stát Aontaithe; á chur i bhfáth nach mór ráthaíochtaí slándála láidre agus inchreidte don Úcráin a bheith san áireamh in aon chomhaontú síochána, go ndéanfadh ceannaireacht thofa na hÚcráine caibidlíocht air agus go mbeadh tacaíocht mhuintir na hÚcráine aige; ag tabhairt rabhaidh i gcoinne mholtaí mí-ionraice na Rúise atá dírithe ar an gcogadh a fhadú, agus á thabhairt rabhaidh go ndéanfadh aon socrú a fhorchuirfeadh an Rúis nó a ndéanfadh a fogha an bonn a bhaint de shlándáil na hEorpa; á mheabhrú go bhfuil dlúthchomhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ríthábhachtach go fóill chun síocháin chóir agus mharthanach a bhaint amach agus a áirithiú san Úcráin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach do shlándáil mhór-roinn na hEorpa, in éineacht le hiarrachtaí an Aontais níos mó freagrachta a ghlacadh as a shlándáil féin;

10.

á chur i bhfáth, i bhfianaise na timpeallachta slándála atá ag forbairt agus na bagartha méadaithí ó Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear ionraí arís agus arís eile a sháraíonn aerspás na hEorpa, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh Ballstáit AE a sásraí cosanta sibhialta a fheabhsú go práinneach, rud a éilíonn freagairt chomhordaithe agus athléimneach ar fud an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, go ndéanfaidh siad ullmhacht shibhialta a neartú agus córais luathrabhaidh a nuachóiriú; á mheas go bhfuil na gníomhartha ionsaitheacha agus meargánta sin mífhreagrach agus gur géarú tromchúiseach iad ag an Rúis a chuireann slándáil shaoránaigh AE, cobhsaíocht réigiúnach agus síocháin idirnáisiúnta i mbaol; á iarraidh ar an gCoimisiún réitigh a fhiosrú, i ndlúthchomhar le ECAT, ionas go ndíspreagfar sáruithe den sórt sin amach anseo; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin gur fhógair an Coimisiún, ‘An Síocháin a Chaomhnú – Treochlár 2030’ de chuid an Aontais, lena n-áirítear an ‘Tionscnamh Eorpach um Chosaint Drón’; á mholadh, thairis sin, go mbunaí sásraí comhair idir institiúidí AE agus contrapháirtithe ábhartha na hÚcráine chun dea-chleachtais a mhalartú maidir le cogaíocht hibrideach agus oibríochtaí faisnéise na Rúise a chomhrac, agus ar an gcaoi sin athléimneacht fhrithpháirteach a neartú i bhfianaise na mbagairtí sin atá ag teacht chun cinn;

11.

ag cáineadh fhogha na Rúise as Comharsanacht an Oirthir a dhíchobhsú go mór, as bac a chur ar bhealaí chun na síochána agus an rathúnais agus as éifeachtaí iarmharta a spreagadh sna Balcáin Thiar a d’fhéadfadh moill a chur ar athchóirithe agus insintí frith-Eorpacha a spreagadh; á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur chuir na meáin atá nasctha leis an gCreimil agus atá ag feidhmiú sna Balcáin Thiar dlús lena ngníomhaíochtaí tar éis thús chogadh foghach na Rúise, lena n-áirítear cur isteach ionsaitheach ar phróisis toghcháin agus ar an spás faisnéise, agus é mar aidhm acu meonta ar son na Rúise a chur chun cinn agus reitric fhrith-Eorpach a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún freagairt ar bhealach níos comhsheasmhaí d’úsáid na reitrice frith-Eorpaí sna Balcáin Thiar, go háirithe sa tSeirbia, trí dhul i rannpháirtíocht go gníomhach leis na stáit sa réigiún agus trí ghníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun athléimneacht shochaíoch a fhorbairt i gcoinne bagairtí hibrideacha; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach tionchar díchobhsaitheach na Rúise a chomhrac chun ról an Aontais mar ráthóir cobhsaíochta, daonlathais agus rathúnais a threisiú;

12.

ag tathant ar an gCoimisiún tacú go gníomhach le sásraí ceartais idirnáisiúnta agus cuntasacht a áirithiú i gcás coireanna cogaidh agus coireanna fogha; á mholadh don Aontais agus dá Bhallstát tacú le binse speisialta a bhunú chun coir fhoghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a ionchúiseamh; á mheabhrú gur eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántais ghabhála i gcoinne Vladimir Putin agus Choimisinéir na Rúise um Chearta Leanaí, Maria Lvova-Belova, as a rannpháirtíocht i bhfuadach leanaí de chuid an hÚcraine agus as a n-aistriú chuig an Rúis; á chur in iúl go dtacaíonn sí le gníomhaíochtaí uile na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir leis na coireanna a rinneadh ar chríoch na hÚcráine a ionchúiseamh; ag tacú le réitigh nuálacha chun iarrachtaí cosanta na hÚcráine a mhaoiniú chomh maith lena dímhianú agus lena hatógáil trí úsáid a bhaint as sócmhainní eachtracha blocáilte de chuid na Rúise, lena n-áirítear sócmhainní stát na Rúise, údaráis áitiúla na Rúise, cuideachtaí faoi úinéireacht stáit na Rúise, agus daoine aonair atá ar liosta smachtbhannaí an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra breise atá fónta ó thaobh an dlí agus an airgeadais de a mholadh, agus ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir leis, i bhfoirm iasachta cúitimh, lena gcumasófar úsáid na sócmhainní blocáilte sin, agus ar an gcaoi sin infheictheacht níos fadtéarmaí a chur ar fáil don Úcráin agus a áirithiú go bhfaighidh sí cúiteamh cogaidh, nó méid coibhéiseach, ón Rúis ar deireadh, mar a fhoráiltear leis an dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfáth nach mór don Rúis, seachas cáiníocóirí an Aontais, costas fhogha na Rúise a sheasamh; ag dréim leis go neartóidh na Ballstáit a smachtbhannaí i gcoinne na Rúise chomh fada agus is gá chun síocháin chóir agus mharthanach a áirithiú agus go dtí go mbainfear cuntasacht amach; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an plé leanúnach idir an tAontas agus G7 chun féachaint ar thoirmeasc ar sheirbhísí muirí d’onnmhairí ola uile de chuid na Rúise mar rogha mhalartach ar an gcaidhp phraghais ar ola; á iarraidh, idir an dá linn, ar an Aontas agus ar a Bhallstáit éifeachtacht agus tionchar a bpacáistí smachtbhannaí a glacadh go dtí seo a threisiú agus cinn nua a chomhaontú a luaithe is gá; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur le lúba ar lár airgeadais a úsáideann an Rúis chun smachtbhannaí a sheachaint, agus bearta sriantacha breise a fhorchur ar thíortha nach bhfuil san Aontas a chuimsíonn cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bíodh sin trí sheachaint smachtbhannaí a éascú nó trí chúnamh míleata díreach a sholáthar; á chreidiúint gur cheart pionóis a fhorchur freisin ar chuideachtaí Eorpacha a leanann de bheith i mbun gnó toirmiscthe le Cónaidhm na Rúise; á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar SEGS straitéis uile-Aontais maidir leis an Rúis a thíolacadh lena nascfar díspreagadh, srianadh, cuntasacht agus tacaíocht do roghanna malartacha daonlathacha;

13.

á athdhearbhú gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit uile dea-shampla a thabhairt maidir le tosaíocht an dlí idirnáisiúnta a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil a inchreidteacht agus a chumas a shaoránaigh agus a leasanna ríthábhachtacha a chosaint ag brath ar a thiomantas dá phrionsabail bhunaidh, amhail an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine in éagmais caighdeáin dhúbailte nó comhlíonadh roghnaitheach; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí sásra an smachta reachta a chur i bhfeidhm go docht i gcás ina ndéantar neamhaird ar na prionsabail sin;

14.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, ina gcaidreamh seachtrach agus ina mbeartais sheachtracha, an dlí idirnáisiúnta a chaomhnú agus a chur chun cinn go comhsheasmhach, agus gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramóidh gach stát é go hiomlán, gan idirdhealú bunaithe ar chumhacht eacnamaíoch nó mhíleata;

15.

á chur i bhfáth gur gá saoirse ó phionós a chomhrac agus iarrachtaí cuntasachta a neartú ar fud an domhain, lena n-áirítear tríd an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC); á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di smachtbhannaí na Stát Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, a hionchúisitheoirí agus a breithiúna agus a foirne, arb ionann iad agus ionsaí tromchúiseach ar chóras an cheartais idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún an reacht blocála a ghníomhachtú go práinneach chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chosaint agus a choimirciú mar bhunchloch fhíor-riachtanach chóras an cheartais idirnáisiúnta;

16.

á chur in iúl gur geal léi an tiomantas a tugadh le déanaí deireadh a chur leis an gcogadh i nGaza agus ag tabhairt dá haire an plean síochána 20 pointe a mhol rialtas na Stát Aontaithe agus a formhuiníodh le rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, nach mór a chur chun feidhme go hiomlán agus a chosaint anois ar aon iarrachtaí ó ghníomhaithe réigiúnacha an bonn a bhaint uaidh; á chur in iúl gur geal léi scaoileadh saor na ngiall Iosraelach uile atá á gcoinneáil ag Hamas agus atosú dháileadh na cabhrach daonnúla i nGaza; á chur i bhfios go láidir, cé gur céad chéim ríthábhachtach é an plean i dtreo deireadh a chur leis an gcoimhlint, go bhfuil roinnt dúshlán fós ann, go háirithe maidir le forfheidhmiú, rialachas, cuntasacht agus muinín a choinneáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dí-armáil iomlán Hamas, a eisiamh ó aon chineál rialachais i nGaza, athchóiriú agus cumhachtú Údarás na Palaistíne agus tarraingt siar fhórsaí Iosrael fós ina spriocanna lárnacha d’aon chéimeanna breise; á iarraidh ar AE ról gníomhach a bheith aige maidir leis an bpróiseas síochána agus atógála a mhúnlú i ndlúthchomhar leis na príomhghníomhaithe réigiúnacha; ag tacú leis na hiarrachtaí cobhsaíochta leanúnacha in Gaza agus á chur in iúl gur geal léi atreisiú mhisin shibhialtacha Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais Eorpaigh, EUBAM Rafah agus EUPOL COPPS; á athdhearbhú gur cheart don chuspóir leanúint de bheith ina réiteach dhá stát caibidlithe, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, mar an t-aon bhealach inmharthana chun síocháin chóir agus mharthanach a bhaint amach sa Mheánoirthear, agus muintir Iosrael agus na Palaistíne ag maireachtáil taobh le taobh faoi shíocháin agus faoi shlándáil;

17.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór bhuartha di, go bhfuil Gaza i staid dhaonnúil thromchúiseach, leanúnach, lena n-áirítear neamhshlándáil fhorleathan an tsoláthair bia agus gorta; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil bacainní leanúnacha ar rochtain dhaonnúil agus gur thug an Leas-Uachtarán/Ardionadaí rabhadh maidir le cinntí ceadúnúcháin le déanaí lena sriantar eagraíochtaí daonnúla a fheidhmíonn in Gaza; á iarraidh ar na páirtithe uile seachadadh tapa na cabhrach daonnúla a cheadú; á chur i bhfios go láidir gur baolach go gcuirfidh bearta lena gcuirtear srian míchuí ar ghníomhaithe daonnúla deireadh le cúnamh daonnúil bunriachtanach tráth atá géarghá leis; á chur in iúl gur cúis bhuartha comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta agus rún ábhartha ó na Náisiúin Aontaithe ag na páirtithe uile, agus marthanacht na dtimthriallta foréigin agus ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéantar arís agus arís eile ar fud an Mheánoirthir; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na páirtithe uile an dlí idirnáisiúnta agus rúin ábhartha ó na Náisiúin Aontaithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear sibhialtaigh, pearsanra daonnúil agus iriseoirí a chosaint;

18.

ag cur béim ar an bhfíoras go ndéanann an choinbhleacht in Gaza Comharsanacht Dheisceart an Aontais a dhíchobhsú agus go bhfuil an baol ann go spreagfaí éifeachtaí iarmharta níos leithne ar fud an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh, lena n-áirítear radacú, easáitiú éigeantach, agus teannas réigiúnach méadaithe; á chur i bhfios go láidir go mbíonn tionchar díreach ag na dinimicí sin ar shlándáil na hEorpa agus ar bhainistiú imirce;

19.

á chur in iúl nach n-aontaíonn sí leis an aitheantas a thug Rialtas Iosrael Chríoch Shomáile mar stát neamhspleách; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé aontacht, ceannasacht agus iomláine chríochach Phoblacht Chónaidhme na Somáile a urramú i gcomhréir lena bunreacht, le Cairt Eagraíocht na hAontachta san Afraic agus le Cairt na Náisiún Aontaithe, mar rud atá ríthábhachtach don tsíocháin agus do chobhsaíocht réigiún Chorn na hAfraice ina iomláine;

20.

á mheas gur iarmhairt dho-ghlactha é an frithsheimíteachas atá ag dul i méid ar fud an domhain ar ionsaithe sceimhlitheoireachta brúidiúla agus neamh-idirdhealaitheacha Hamas ar fud Iosrael agus ar an bhfreagairt mhíleata dhíréireach ar mórscála a rinne Iosrael sa Phalaistín;

21.

ag cáineadh go neamhbhalbh agus go láidir ionsaí sceimhlitheoireachta an 7 Deireadh Fómhair 2023 a rinne an eagraíocht sceimhlitheoireachta Hamas i gcoinne Iosrael;

22.

ag athdhearbhú thiomantas an Aontais do Stát Iosrael a bheith ann, dá shlándáil agus dá cheart dlisteanach féinchosanta chomh maith le slándáil agus dínit na bPalaistíneach; á mheabhrú go bhfuil ceart Iosrael chun féinchosanta cumhdaithe sa dlí idirnáisiúnta agus srianta leis agus nach mór é a fheidhmiú agus lánurraim á tabhairt do chúirteanna idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh iarmhairtí daonnúla tubaisteacha ag an gcogadh in Gaza don phobal sibhialtach agus as ar eascair fulaingt dho-ghlactha dóibh, atá imithe in olcas go háirithe mar gheall ar Hamas trí mhí-úsáid d’aon ghnó a bhaint as bonneagar sibhialtach agus tríd an úsáid a bhaineann sé as pobal sibhialtach Gaza mar sciatha daonna, lena n-áirítear na gialla Iosraelacha atá fós ann; á chur in iúl gur cúis faoisimh di scaoileadh saor na ngiall beo uile agus á iarraidh ar Hamas corpán an ghéill deiridh éagtha ar choimeád Hamas seilbh air a sheachadadh chun a theaghlaigh; ag athdhearbhú a seasaimh lena n-éilítear sos comhraic buan, rochtain dhaonnúil phráinneach chomh maith le conairí fóirithinte; á chur in iúl gur oth léi go mór leochaileacht an tsosa comhraic in Gaza, imthoisc a chuir an iomarca sibhialtach i mbaol;

23.

á mheabhrú gur gné ríthábhachtach den chomhpháirtíocht é Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais idir AE (14) agus Iosrael a chomhlíonadh agus á iarraidh go leanfaidh rialtas Iosrael d’fhaireachán agus de mheasúnú a dhéanamh ar a chur chun feidhme; á mheabhrú, i gcomhthéacs na staide daonnúla in Gaza, gur fhógair Uachtarán an Choimisiúin an 10 Meán Fómhair 2025 tograí chun forálacha trádála áirithe den Chomhaontú Comhlachais a chur ar fionraí, agus tacaíocht do bhearta spriocdhírithe i gcoinne airí sonracha Iosrael; á thabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántais ghabhála an 21 Samhain 2024; á chur i bhfios go láidir gur cheart aon bhearta den sórt sin a mheas go cúramach agus a dhéanamh ar bhealach lena gcaomhnaítear cumas an Aontais gníomhú mar chomhpháirtí inchreidte agus na hionchais maidir le réiteach caibidlithe dhá stát a chur chun cinn; á chreidiúint go bhfuil an Chomhairle Comhlachais idir AE agus Iosrael fós ina fóram bunriachtanach don idirphlé macánta; á athdhearbhú gurb iad rannpháirtíocht chuiditheach agus idirphlé marthanach na hionstraimí is éifeachtaí i gcónaí chun an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht mharthanach a chur chun cinn sa réigiún; á áitiú nach mór an treochlár nithiúil chun an réiteach dhá stát a chur chun feidhme a bheith mar phríomhfhócas i straitéis an Choimisiúin don Mheánoirthear, atá beartaithe do 2026; á chur in iúl gur oth léi na hiarmhairtí d’íomhá dhomhanda AE mar gheall ar easpa freagairt aontaithe ar an staid thubaisteach i Stráice Gaza;

24.

á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn síocháin inbhuanaithe próiseas polaitiúil inchreidte atá dírithe ar réiteach dhá stát a bhaint amach bunaithe ar theorainneacha 1967, le dhá stát cheannasacha, dhaonlathacha mar chomharsana síochánta agus le hIarúsailéim mar phríomhchathair chomhroinnte; á iarraidh ar na páirtithe uile iarrachtaí a athnuachan chun deireadh a chur leis na bacainní ar an réiteach sin; ag cáineadh leathnú lonnaíochtaí Iosraelacha sa Bhruach Thiar, agus ag meabhrú sheasamh seanbhunaithe an Aontais Eorpaigh go bhfuil siad sin fós neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta agus gur beart aontaobhach é a bhaineann an bonn ó mhuinín agus ó na hionchais do réiteach caibidlithe; á chur in iúl gur geal léi na smachtbhannaí a glacadh i gcoinne lonnaitheoirí antoisceacha Iosraelacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag Údarás na Palaistíne mar phríomh-idirghabhálaí AE sa Phalaistín agus á athdhearbhú nach mór d’aon rialachas amach anseo in Gaza rannpháirtíocht eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a eisiamh agus nach mór dó dímhíleatú Gaza a áirithiú; á athdhearbhú go bhfuil sí i gcoinne aon phlean ionghabhála do Gaza nó d’aon chríoch Phalaistíneach eile agus i gcoinne ollaistrithe le forneart;

25.

á áitiú nach mór don Choimisiún a ráthú nach leithdháilfear cistí an Aontais ná nach mbeidh siad nasctha le haon chineál sceimhlitheoireachta agus/nó radacú reiligiúnach agus polaitiúil; ag athdhearbhú a seasaimh nach mór do gach leabhar scoile agus gach ábhar scoile a fhaigheann tacaíocht ó chistí an Aontais a bheith i gcomhréir le caighdeáin UNESCO maidir le síocháin, caoinfhulaingt, cómhaireachtáil agus neamhfhoréigean; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an frithsheimíteachas, an fhuathchaint, cur chun cinn an jiohád agus an gríosú chun foréigin a mhúintear i dtéacsleabhair scoile Phalaistíneacha arna gcistiú ag an Aontas;

26.

ag spreagadh na Náisiún Aontaithe, Léig na nArabach, na gcomhpháirtithe réigiúnacha agus AE tacaíocht deontóirí a chomhordú, maoirseacht láidir a chur i gceangal le cistiú agus a áirithiú go dtacóidh cúnamh atógála le hinstitiúidí sibhialta agus le rialachas éifeachtach; á chur in iúl, sa chomhthéacs sin, gur cúis mhór bhuartha di an mhí-úsáid a bhaineann grúpaí sceimhlitheoireachta as cabhair dhaonnúil atá dírithe ar chríocha Palaistíneacha; á iarraidh go neartófaí na sásraí rialaithe chun cistí AE a dháileadh;

27.

ag aithint na n-iarrachtaí a rinne stáit Arabacha áirithe agus Iosrael an caidreamh taidhleoireachta a normalú faoi Chomhaontuithe Abrahám; á iarraidh go dtacódh AE le tionscnaimh atá dírithe ar thacaíocht leathan réigiúnach agus idirnáisiúnta a thógáil do thodhchaí níos fearr sa chaidreamh Arabach-Iosraelach;

28.

ag tabhairt dá haire go mbeadh dóchas ann don tsíocháin agus go leanfaí den normalú réigiúnach de mheon Chomhaontuithe Abrahám dá ndéanfaí lagú suntasach ar an Iaráin agus ar a comhghuaillithe – lena n-áirítear titim réimeas Assad agus treascairt ionadaithe Tehran amhail Hezbollah, Hamas, na Houthi agus mílístí eile; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tacaíocht shuntasach Hezbollah d’oibríochtaí míleata na Rúise san Úcráin agus a comhordú le mílístí eile a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin;

29.

á chur in iúl gur geal léi na hathruithe dearfacha sa Liobáin ó thús 2025 i leith, a léirítear sna conclúidí ón naoú comhairle comhlachais idir AE agus an Liobáin, go háirithe an toilteanas tacaíocht bhreise a thabhairt d’earnáil slándála na Liobáine trí leas iomlán a bhaint as uirlisí AE, lena n-áirítear an tSaoráid Eorpach Síochána agus cláir faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, agus féachaint ar rannpháirtíocht an chomhbheartais slándála agus cosanta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí tionchar na mílístí armtha agus na n-eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, agus á chur in iúl gur oth léi, go háirithe, an easpa dul chun cinn maidir le dí-armáil gheallta Hezbollah agus grúpaí armtha eile, ar réamhriachtanas don chobhsaíocht réigiúnach í; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá ‘Comhshocrú don Mheánmhuir’ uaillmhianach agus a chur chun feidhme éifeachtach, le tacaíocht theicniúil agus airgeadais leordhóthanach don Liobáin, ag díriú ar fhothú acmhainneachta, ar bhonneagar fuinnimh agus ar thacaíocht shóisialta; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar an gCoimisiún tacú le Rialtas na Liobáine ina chlár oibre um athchóiriú agus ina phlean monaplacht ar airm a athbhunú; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le ceannasacht, údarás stáit, iomláine chríochach, neamhspleáchas polaitiúil agus cobhsaíocht na Liobáine, i gcomhréir le Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

30.

ag seasamh le sochaí na Siria ina bhfuil éagsúlacht chreidimh agus eitneachta, a d’fhulaing le breis agus 10 mbliana faoi réimeas Assad, le tacaíochta ón Iaráin agus ón Rúis, agus faoi thionchar grúpaí sceimhlitheoireachta; ag tacú le próiseas polaitiúil cuimsitheach faoi stiúir agus faoi úinéireacht na Siria lena n-ionchorpraítear iomláine chríochach, ceartas idirthréimhseach agus athmhuintearas; ag tathant ar údaráis na Siria dlús a chur leis na hiarrachtaí chun gach cuid de shochaí na Siria a áireamh sa chinnteoireacht, dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe le Fórsaí Daonlathacha na Siria san Oirthuaisceart agus leanúint d’imscrúduithe gasta, trédhearcacha agus neamhspleácha a éascú ar ghníomhartha atá dírithe ar phobail reiligiúnacha agus eitneacha, chomh maith leis na gníomhaíochtaí uile is gá a dhéanamh chun foréigean seicteach a bhualadh agus chun saoirse ó phionós a chomhrac; á chur in iúl gur oth léi, sa chomhthéacs sin, an ghéarleanúint leanúnach agus an t-easáitiú éigeantach ar phobail reiligiúnacha, amhail Críostaithe, agus an t-idirdhealú agus na hionsaithe ina gcoinne, agus á athdhearbhú gur gá do AE féiniúlacht shaibhir ilchultúrtha na Siria a chosaint; ag aithint na mbearnaí ollmhóra sna hacmhainní airgeadais agus daonna chun an tír a atógáil agus ag tacú le cinneadh an Aontais deireadh a chur le smachtbhannaí earnála, i gcomhréir leis na Stáit Aontaithe agus leis an Ríocht Aontaithe, agus cúnamh suntasach forbartha a chur ar fáil, sa bhreis ar chabhair dhaonnúil, mar a fógraíodh sa chéad chéim de Chomhdháil na Bruiséile maidir leis an tSiria, 2025; á chur in iúl gur geal léi an chuairt a thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, ar an tSiria an 8 Eanáir 2026, arbh é is aidhm di naisc pholaitiúla agus rannpháirtíocht eacnamaíoch a neartú; ag tabhairt suntas go dearfach sa chomhaontú idir an tSiria agus Iosrael an 6 Eanáir 2026 lena mbunaítear cill chumarsáide thiomnaithe chun díghéarú míleata a chomhordú;

31.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an troid atá ar siúl faoi láthair i limistéir amhail Aleppo agus Oirthuaisceart na Siria, rud a fhágann go dtarlaíonn tuilleadh easáitithe agus go mbíonn líon mór taismeach ann i measc an phobail shibhialta agus a chruthaíonn riosca tromchúiseach ó thaobh na slándála de, go háirithe mar gheall ar éalú throdaithe Daesh a bhí á gcoinneáil in oirthuaisceart na Siria; á iarraidh ar an gcomhghuaillíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, na bearta riachtanacha láithreacha ar fad a dhéanamh chun an riosca slándála sin a mhaolú gan mhoill;

32.

á dhearbhú go bhfuil ról lárnach ag eagraíochtaí iltaobhacha, go háirithe na Náisiúin Aontaithe, in éineacht le hEagraíocht Dhomhanda Trádála fheidhmiúil, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus fóraim réigiúnacha, mar ardáin fhíor-riachtanacha chun coinbhleachtaí a réiteach agus don rialachas domhanda; ag tabhairt rabhadh go bhfuil baol ann go ndéanfaidh formáidí ‘miontaobhacha’ noirm dhomhanda a ilroinnt níos mó agus níos mó, agus go n-éilíonn siad ar an Aontas tús áite a thabhairt do choincheap leathan agus cuimsitheach den iltaobhachas i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe atá ar aon intinn leis; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí ceannaireacht dhomhanda tionscnamh iltaobhach a stiúradh; á dhearbhú go bhfuil sí tiomanta d’athchóirithe cuimsitheacha a chur chun cinn chun ról, éifeachtúlacht agus ionadaíocht dhaonlathach na Náisiún Aontaithe a neartú;

33.

á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí athmheastóireacht a dhéanamh ar chur chuige AE i leith ghrúpa BRICS agus a chomhpháirtithe agus beartas AE ar leith a fhorbairt i leith BRICS+; á chur i bhfáth go dtugann BRICS+ bealach don Rúis bearta a sheachaint arb é atá i gceist leo an tír a leithlisiú go polaitiúil agus go gcuireann sé ar chumas na Síne a tionchar a shíneadh trína modus operandi ina ndéanann sí tionscadail bhonneagair a mhaoiniú;

34.

á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí gníomhú go comhsheasmhach agus insint dhaonlathach éifeachtach agus láidir a chur chun cinn, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, chun cur i gcoinne brúnna uathlathacha a bhfuil sé beartaithe leo an bonn a bhaint de sheiceálacha ar mhí-úsáid cumhachta, spás sibhialta a laghdú agus cearta an duine a chreimeadh; á iarraidh go gcruthófaí measúnú ar an daonlathas Eorpach lena bhféadfar comharthaí treochtaí forlámhacha a bhrath go luath, chomh maith le bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta atá dírithe ar thacaíocht don daonlathas agus ar chur i gcoinne insintí forlámhacha, go háirithe i bhfianaise dhúnadh aiféala Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID); ag spreagadh, sa chomhthéacs sin, infheistíocht níos mó sa chumarsáid straitéiseach agus sa chomhrac i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI); á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go gcuirfeadh iarrachtaí AE chun dul i ngleic leis an mbagairt sin leis an saineolas atá ann cheana a forbraíodh laistigh de SEGS agus á iarraidh go mbeadh comhleanúnachas níos fearr ann idir rialacháin agus iarrachtaí AE atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun bosca uirlisí FIMI arna fhorbairt ag SEGS a oibríochtú go hiomlán; á chreidiúint gur cheart don Aontas an réimse digiteach a shainaithint go soiléir mar réimse gníomhaíochta agus an taidhleoireacht dhigiteach a aithint mar leas straitéiseach;

35.

ag cáineadh go láidir na smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne reachtóirí atá freagrach as an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (15) agus as rialacháin dhigiteacha eile, go háirithe i gcoinne iarchoimisinéara;

36.

ag spreagadh athbhreithnithe straitéiseacha bliantúla ar bhagairtí ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, arna gcomhordú ag SEGS agus a leanann bearta gníomhacha chun cosc a chur ar chreimeadh breise ar noirm iltaobhacha iad;

Ag cothú comhair bunaithe ar ár leasanna comhroinnte

37.

á athdhearbhú go n-éilíonn gníomhaíocht sheachtrach an Aontais rannpháirtíocht inchreidte luachbhunaithe; á áitiú, áfach, nach leor a bheith ag brath ar chumhacht agus prionsabail normatacha amháin; ag spreagadh saothrú níos teanntásaí ar chuspóirí straitéiseacha an Aontais, agus comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí bunaithe ar leasanna comhroinnte á ngiaráil; á chur i bhfios go láidir nach mór giaráil rathúil comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí, lena n-áirítear san fhadtéarma, a bheith bunaithe ar mhachaire comhréidh i measc comhpháirtithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh tacaíocht AE ag brath ar urraim do bhunphrionsabail dhaonlathacha agus don smacht reachta; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, nach ábhar caibidlíochta le tíortha nach bhfuil san Aontas í reachtaíocht an Aontais;

38.

ag spreagadh an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí, sa chomhthéacs sin, beartais shaincheaptha a lorg lena dtugtar aghaidh ar ionchais na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta agus lena mbaintear comhaontuithe polaitiúla amach go tapa, agus ar an gcaoi sin an tAontas a bhunú mar ancaire straitéiseach iontaofa, go háirithe tráth a bhfuil coinbhleachtaí ag dul i méid agus ina bhfuil úsáid fornirt á normalú níos mó agus níos mó mar mhodh chun cuspóirí polaitiúla a shaothrú;

39.

á chur i bhfáth gur croílár ollstruchtúr slándála na hEorpa í comhpháirtíocht thrasatlantach láidir leis na Stáit Aontaithe agus Ceanada laistigh de ECAT; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, sa chomhthéacs sin, nach leor gnéithe áirithe de Straitéis Slándála Náisiúnta nua na Stát Aontaithe chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an mbagairt ón Rúis, go háirithe do shlándáil na hEorpa agus, dá bhrí sin, do shlándáil Mheiriceá freisin; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, measúnú lochtach na Straitéise Slándála Náisiúnta ar AE mar chóras polaitiúil, lena n-áirítear tuairiscí neamhleora ar na cásanna polaitiúla intíre i mBallstáit AE; ag athdhearbhú thacaíocht sheanbhunaithe na Parlaiminte do bhunluachanna an Aontais maidir leis an daonlathas agus cearta an duine; á mheas go dtreisíonn an Straitéis Slándála Náisiúnta tuilleadh an riachtanas atá ann go ndéanfaidh an Eoraip neamhspleáchas straitéiseach a chur chun cinn, spleáchais a laghdú, agus comhpháirtíochtaí a éagsúlú;

40.

á chur in iúl gur oth léi cinneadh Uachtarán na Stát Aontaithe an 7 Eanáir 2026 tarraingt siar ó líon suntasach eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear go leor comhlachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, rannpháirtíocht i líon suntasach eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis an rannpháirtíocht leo; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go mbainfeadh an beart sin an bonn ó inbhuanaitheacht airgeadais chóras na Náisiún Aontaithe, go lagódh sé an comhar iltaobhach tráth is mó atá gá leis agus go gcuirfeadh sé borradh faoi ghníomhaithe forlámhacha agus athbhreithnitheacha, a rinne iarrachtaí roimhe seo leas a bhaint as aon tarraingt siar nó díscor ag cumhachtaí an Iarthair ó eagraíochtaí idirnáisiúnta; á mholadh do rialtas na Stát Aontaithe machnamh a dhéanamh ar a gcinneadh agus a thiomantas do na Náisiúin Aontaithe agus don chomhar iltaobhach a athdhearbhú;

41.

ag diúltú go láidir d’aon iarracht an bonn a bhaint ó cheannasacht agus ó iomláine chríochach Ríocht na Danmhairge, lena n-áirítear an Ghraonlainn; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur cuid fhéinrialaitheach de Ríocht na Danmhairge í an Ghraonlainn agus go bhfuil sé d’údarás aici cinneadh a dhéanamh maidir lena forbairt eacnamaíoch, lena comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus lena beartas amhábhar; á athdhearbhú nach féidir ach le muintir na Graonlainne cinneadh a dhéanamh maidir lena dtodhchaí; ag tabhairt rabhaidh, ag an am céanna, nár cheart do ghníomhaithe seachtracha na próisis pholaitiúla sin a ionstraimiú ná tionchar a imirt orthu; á thabhairt chun suntais go háirithe go bhfuil leas straitéiseach ag an tSín san Artach agus go mbaineann sí úsáid as giaráil eacnamaíoch chun tionchar polaitiúil a fháil; a thabhairt dá haire go bhfuil spéis na Stát Aontaithe á spreagadh as ábhair imní slándála a bhaineann leis an timpeallacht straitéiseach atá ag teacht chun cinn san Artach ach á chreidiúint go gcuireann comhaontú cosanta 1951 idir Ríocht na Danmhairge agus na Stáit Aontaithe neart deiseanna ar fáil do láithreacht mhéadaithe na Stát Aontaithe sa Ghraonlainn; á mheabhrú go bhfuil an Danmhairg, lena n-áirítear an Ghraonlainn, ina comhalta de ECAT agus, dá bhrí sin, go gcumhdaítear go hiomlán í le ráthaíochtaí comhchoiteanna slándála na Comhghuaillíochta; á chur in iúl gur geal léi ráiteas ó sheachtar ceannairí Eorpacha an 6 Eanáir 2026 agus á chur i bhfios go láidir nach féidir slándáil san Artach a bhaint amach ach amháin i dteannta a chéile, i gcomhar le ECAT; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an gComhairle Eorpach tacaíocht nithiúil don Ghraonlainn agus don Danmhairg a shainiú i gcomhréir le prionsabail AE, leis an dlí idirnáisiúnta, agus le Cairt ECAT;

42.

á chur in iúl gur oth léi go leanann Stáit Aontaithe Mheiriceá cur chuige níos idirbheartaí anois maidir leis an mbeartas eachtrach, agus tiomantas laghdaithe ann don iltaobhachas agus do shlándáil na hEorpa; ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé don Aontas ceachtanna a fhoghlaim ó leochaileachtaí an Aontais agus na bearta iomchuí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ionas nach mbeidh sé i staid ina bhféadfaí é a chomhéigniú amach anseo; á mheas go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh leanúint de bheith i dteagmháil le contrapháirtithe na Stát Aontaithe ar leibhéal na cónaidhme agus ar leibhéal an stáit, lena n-áiritheofar comhordú leanúnach ar fud réimsí amhail an tslándáil, an teicneolaíocht agus an athléimneacht eacnamaíoch, agus aontacht agus tiomantas do chomhsheasamh AE á léiriú; ag tacú go hiomlán le doimhniú an chomhair faoi chuimsiú Idirphlé Reachtóir Trasatlantach AE-SAM agus le tionól cruinnithe mullaigh AE-SAM ar bhonn rialta chun spreagadh ardleibhéil a thabhairt don chomhar amach anseo; á iarraidh go ndéanfaí an tIdirphlé idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le Slándáil agus Cosaint a dhoimhniú, arb idirphlé é nach bhfuil leas bainte as a acmhainneacht fós; á mheabhrú, chun bheith ina comhpháirtí láidir trasatlantach, nach mór don Eoraip a cosaint agus a slándáil féin a áirithiú; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit coincheap na huathrialach straitéisí agus na hullmhachta cosanta a chur i bhfeidhm go hiomlán láithreach agus, chuige sin, infheistíochtaí comhchoiteanna agus dea-chomhordaithe a dhéanamh sna cumais chosanta is gá; ag cur i bhfáth a phráinní atá sé go mbeadh AE agus a Bhallstáit níos iontaofa agus níos neamhthuilleamaíche i réimsí na slándála, na cosanta agus na teicneolaíochta, agus é mar chuspóir acu an colún Eorpach a neartú laistigh de ECAT;

43.

ag dearbhú a dlúthpháirtíochta iomláine agus diongbháilte leis an nGraonlainn, mar chuid de Ríocht na Danmhairge; ag cáineadh go láidir na húsáide a bhaintear as bagairtí aontaobhacha trádála agus imeaglú eacnamaíoch i gcoinne na Danmhairge agus Ballstáit eile de chuid an Aontais mar chineál comhéigin nach bhfuil ag luí leis an dlí idirnáisiúnta ná le croíphrionsabail an chomhair idir comhghuaillíochtaí ECAT; ag tabhairt rabhaidh i gcoinne iarrachtaí chun ábhair imní slándála san Artach a ionstraimiú chun brú críochach nó polaitiúil a chur i bhfeidhm, ag tacú go hiomlán le seasamh Ríocht na Danmhairge, lena n-áirítear an Ghraonlainn, nach bhfuil an Ghraonlainn ar díol; á chur i bhfáth nár cheart an Ghraonlainn a úsáid mar uirlis chun an tAontas Eorpach a scoilteadh; á iarraidh ar an Aontas freagairt go daingean, i gcomhpháirt le chéile agus go deimhneach agus seasamh in aghaidh aon ghníomhaíochtaí den sórt sin;

44.

á chur in iúl gur geal léi an Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta idir an tAontas agus Ceanada, a síníodh ag Cruinniú Mullaigh 2025 idir an tAontas agus Ceanada, mar an chéad chomhaontú den sórt sin le comhpháirtí i gCríocha Mheiriceá; á iarraidh go ndéanfaí í a oibríochtú go pras, lena n-áirítear rannpháirtíocht Cheanada i misin agus in oibríochtaí an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC); ag tacú le treoir a chaibidliú lena gcuirfear ar chumas eintitis Cheanada páirt a ghlacadh i soláthar comhpháirteach an Aontais faoin Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE);

45.

ag moladh an chomhpháirtíocht láidir agus chuiditheach leis an Ríocht Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi an ráiteas comhpháirteach ó cheannairí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais an 19 Bealtaine 2025 tar éis Chruinniú Mullaigh 2025 idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, go háirithe bunú na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta atá cuimsitheach; á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go pras agus go hiomlán í, lena n-áirítear trí (i) idirphlé straitéiseach débhliantúil rialta maidir le gnóthaí eachtracha agus slándáil ar leibhéal na n-airí idir Rúnaithe Eachtracha agus Cosanta na Ríochta Aontaithe agus an Leas-Uachtarán/Ardionadaí chun freagairtí ar ghéarchéimeanna a chomhordú agus tosaíochtaí straitéiseacha a ailíniú, (ii) rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i misin shibhialtacha agus mhíleata bainistithe géarchéime CBSC an Aontais, i gcás inar féidir ó thaobh an dlí de, (iii) comhar feabhsaithe maidir le cibear-athléimneacht, bagairtí hibrideacha a chomhrac, bonneagar criticiúil a chosaint, agus dul i ngleic le maoiniú aindleathach, (iv) comhordú neartaithe maidir le forfheidhmiú smachtbhannaí agus (v) gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun scáthchabhlach na Rúise a chomhrac, agus á chur in iúl gur geal léi an gealltanas comhpháirteach chun feabhas a chur ar an gcomhar sna Balcáin Thiar, go háirithe chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal comhroinnte cumhachta Chomhaontú Síochána Dayton-Páras; ag cur sonrú sa chomhaontú polaitiúil maidir le príomhghnéithe an chomhaontaithe a bheidh ann amach anseo idir AE agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar, a d’fhógair na páirtithe an 11 Meitheamh 2025; ag fanacht le foilsiú an téacs dhlíthiúil iomláin lena scrúdú;

46.

ag moladh an dlúthchaidrimh le tíortha in Iarthar na hEorpa nach tíortha den Aontas iad, mar aon lena gcomhar láidir leis an Aontas i dtaobh gníomhaíocht sheachtrach de; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, tabhairt i gcrích na caibidlíochta maidir le pacáiste leathan beart don chaidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis amach anseo agus cur i bhfeidhm sealadach earnálach an phacáiste sin, ar cloch míle suntasach é chun an dlúthchaidreamh atá ann cheana a thabhairt chun cinn agus a neartú; á mholadh go ndaingneofaí go pras é; ag cur béim ar a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht chosanta agus slándála leis an Iorua agus ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá sé caidreamh níos láidre leis an Iorua a chur chun cinn i bhfianaise ról ríthábhachtach na tíre do shlándáil fuinnimh AE; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann maidir le hathléimneacht fuinnimh agus éagsúlú soláthair mar phríomhionstraimí chun uathriail straitéiseach an Aontais a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an méadú atá ag teacht ar thacaíocht an phobail d’aontachas leis an Aontas san Íoslainn agus an rún atá curtha in iúl ag údaráis na hÍoslainne reifreann a reáchtáil maidir le tús a chur an athuair le caibidlíocht aontachais leis an Aontas faoi 2027; á iarraidh, idir an dá linn, go mbeadh rannpháirtíocht réamhghníomhach ann le Rialtas na hÍoslainne chun an comhar cosanta agus slándála a dhoimhniú agus chun na tairbhí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a chur chun cinn; á iarraidh go ndaingneofar go pras comhaontuithe comhlachais AE le hAndóra agus San Mairíne;

47.

ag cur béim ar thábhacht straitéiseach na mBalcán Thiar agus ag tacú le comhar polaitiúil agus slándála inchreidte ar a gconair bunaithe ar fhiúntas i dtreo lánpháirtiú san Aontas; á chreidiúint gur laistigh den Aontas atá todhchaí na mBalcán Thiar, na hÚcráine agus na Moldóive, i gcomhréir le mianta a muintire; ag cáineadh chur isteach na Rúise ar phróisis dhaonlathacha na dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, go háirithe an Mholdóiv; ag cur sonrú i dtoradh na dtoghchán parlaiminteach a reáchtáladh sa Chosaiv an 28 Nollaig 2025; á iarraidh go mbunófaí tionól agus rialtas nua sa Chosaiv go pras, chun aghaidh a thabhairt ar athchóirithe a bhaineann leis an Aontas, a bhfuil géarghá leo, go háirithe maidir leis an bPlean Fáis do na Balcáin Thiar, agus chun aghaidh a thabhairt ar oibleagáidí maidir le normalú an chaidrimh idir an Chosaiv agus an tSeirbia; á chur in iúl gur geal léi deireadh páirteach a cuireadh le bearta AE maidir leis an gCosaiv; á athdhearbhú nár cheart dul chun cinn a dhéanamh i gcaibidlíocht aontachais leis an Aontas leis an tSeirbia ach amháin ar bhonn dul chun cinn intomhaiste agus inbhuanaithe i gcnuasach na mbunphrionsabal, lena n-áirítear ailíniú iomlán le CBES AE, go háirithe na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise; á chur in iúl gur geal léi atosú rathúil idirphlé CBES idir AE agus a chomhpháirtithe sna Balcáin Thiar agus ag cur i bhfios a thábhachtaí atá na comhpháirtíochtaí sin don tsíocháin agus don tslándáil; á mheabhrú gur infheistíocht gheostraitéiseach sa tslándáil agus sa chobhsaíocht réigiúnach é méadú AE, lena n-éilítear tiomantas ón Aontas agus ó na tíortha is iarrthóirí araon agus á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar AE próiseas an mhéadaithe a dhéanamh níos intuartha agus níos infheicthe go polaitiúil do shaoránaigh an réigiúin; á chreidiúint, chun na críche sin, nach mór don Aontas móiminteam an mhéadaithe a choinneáil agus cúnamh teicniúil agus airgeadais leordhóthanach agus tacaíocht pholaitiúil chomhsheasmhach a chur ar fáil do thíortha is iarrthóirí agus iad ag iarraidh ballraíocht iomlán a bhaint amach; á chur i bhfáth, áfach, gur gá coinníollacht an smachta reachta a fheabhsú tuilleadh agus a áirithiú go mbeidh cistiú uile an Aontais do na tíortha aontachais i gcomhréir go hiomlán le spriocanna agus leasanna straitéiseacha an Aontais féin; á chur i bhfáth, ag an am céanna, go bhfuil an dul chun cinn ar a gconair aontachais leis an Aontas bunaithe ar fhiúntas agus coinníollach ar lánurraim a thabhairt don dlí idirnáisiúnta agus do acquis an Aontais, chomh maith lena n-ailíniú le CBES, lena n-áirítear cloí le smachtbhannaí agus le beartas víosaí an Aontais; á mheabhrú gur cheart go leanfadh próiseas an mhéadaithe ar aghaidh i gcomhthráth le hathchóirithe institiúideacha agus cinnteoireachta atá dírithe ar acmhainneacht lánpháirtithe an Aontais a chosaint; ag tathant ar thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas tacú go gníomhach le binsí agus sásraí ceartais idirnáisiúnta agus comhoibriú leo chun a áirithiú gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh go cuí, agus cuntasacht a ionchúiseamh agus a áirithiú as coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, cinedhíothú agus coireanna foghacha a dhéantar ar fud an domhain ar fad;

48.

á chur i bhfios go láidir nach mór tacaíocht láidir dá gceannasacht agus dá n-iomláine chríochach laistigh de theorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí CBES agus CBSC i ndáil le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; á iarraidh ar Chónaidhm na Rúise a trúpaí go léir a tharraingt siar ó réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive, ó réigiúin na hAbcáise agus Tskhinvali/na hOiséite Theas sa tSeoirsia, agus ó na codanna den Úcráin atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta agus do Chairt na Náisiún Aontaithe;

49.

ag athdhearbhú a tacaíochta don Chomhphobal Polaitiúil Eorpach mar ardán don phlé, don idirphlé agus don chomhar le comhpháirtithe Eorpacha maidir leis na dúshláin a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus leis an tslándáil atá os ár gcomhair, agus é mar aidhm leis sin slándáil agus cobhsaíocht san Eoraip a neartú agus comhar polaitiúil agus slándála atá bunaithe ar leasanna comhroinnte a shaothrú; á iarraidh go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach go dlúth i soiléiriú raon feidhme agus obair an chomhphobail sin amach anseo; á chur i bhfios go láidir, ar mhaithe le rath agus comhleanúnachas na formáide sin amach anseo, go bhfuil leibhéal áirithe ailínithe maidir le luachanna agus prionsabail dhaonlathacha bunriachtanach; á athdhearbhú nach féidir leis an gComhphobal Polaitiúil Eorpach, in imthosca ar bith, a bheith ina chúinse le moilleanna ar aontachas thíortha an mhéadaithe leis an Aontais;

50.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról straitéiseach na Tuirce mar chomhalta de chuid ECAT agus a comhar le AE, go háirithe trí rannchuidiú le misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime AE, tábhachtach do chobhsaíocht agus do shlándáil na hEorpa; ag creidiúint a thábhachtaí atá sé caidreamh comhoibritheach agus comhthairbheach a fhorbairt leis an Tuirc ar bhealach céimnithe, comhréireach agus in-aisiompaithe, le coinníollacht dhocht maidir le hurraim don smacht reachta, do chearta bunúsacha, don dlí idirnáisiúnta agus don dea-chaidreamh comharsanachta; á chur in iúl gur oth léi, sa chomhthéacs sin, go leanann an Tuirc de cheannasacht Ballstáit de chuid an Aontais a dhíospóid agus á chur i bhfáth go bhfuil iarracht neamhleor á déanamh ag an Tuirc maidir le hailíniú le CBES an Aontais; ag athdhearbhú a tuairime go sáraíonn an meabhrán tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le teorannú limistéar dlínse muirí na Meánmhara cearta ceannasacha tríú stáit, nach gcomhlíonann sé Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus nach féidir aon iarmhairtí dlíthiúla a bheith aige do thríú stáit; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur síníodh agus gur tugadh chun cuimhne na meabhráin tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le comhar cuimsitheach slándála agus míleata agus maidir le teorannú limistéar muirí; á chur in iúl gur saoth léi, ina theannta sin, diúltú na Tuirce Hamas a ainmniú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil neamh-chomhoiriúnacht idir iarrthóireacht na Tuirce do BRICS+ agus CBES an Aontais; á iarraidh ar an Tuirc í féin a ailíniú go hiomlán le smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise; á chur in iúl, thairis sin, gur cúis bhuartha di staid na saoirsí bunúsacha agus an cúlú daonlathach sa Tuirc; ag tathant go scaoilfí saor láithreach ceannaire an fhreasúra Ekrem İmamoğlu, Selahattin Demirtaș, Osman Kavala, agus gach cime polaitiúil eile, agus á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an spriocdhíriú leanúnach agus leis an gciapadh breithiúnach i gcoinne an fhreasúra pholaitiúil, chomhaltaí an phreasa agus ionadaithe na sochaí sibhialta; ag tacú le normalú an chaidrimh idir an Airméin agus an Tuirc ar mhaithe le hathmhuintearas, dea-chaidreamh comharsanachta, cobhsaíocht agus slándáil réigiúnach agus forbairt shocheacnamaíoch, agus á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta go dtí seo;

51.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go leanann an Tuirc de bhagairt casus belli i gcoinne na Gréige a choinneáil agus ag cáineadh forghabháil neamhdhleathach cuid de chríoch Phoblacht na Cipire ag fórsaí míleata na Tuirce; á chur in iúl gur oth léi gur mhainnigh an Tuirc na hoibleagáidí a glacadh i leith an Aontais a chur chun feidhme de réir Chreat Caibidlíochta mhí Dheireadh Fómhair 2005; á mheabhrú gur cuid riachtanach den phróiseas aontachais é critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh go hiomlán agus an caidreamh le Ballstáit uile AE a normalú, lena n-áirítear Poblacht na Cipire; á chreidiúint, mar thoradh ar an méid thuas, nach féidir próiseas aontachais na Tuirce leis an Aontas a atosú faoi na himthosca reatha;

52.

á iarraidh go gcuirfí tús arís go pras leis na cainteanna maidir le réiteach sa Chipir laistigh de chreat arna chomhaontú ag na Náisiúin Aontaithe, agus ag tathant i gcoinne aon ghníomhaíochtaí aontaobhacha nach bhfuil i gcomhréir le réiteach síochánta; á iarraidh go n-urramófaí stádas an chreasa mhaolánaigh agus sainordú fhórsa coimeádta síochána na Náisiún Aontaithe sa Chipir; ag tarraingt aird ar an gCoimisiún d’ainmniú Johannes Hahn mar Thoscaire Speisialta don Chipir, ina leagtar béim ar thiomantas an Aontais do réiteach cuimsitheach ar an mbonn comhaontaithe agus ar a ullmhacht chun rannchuidiú leis an bpróiseas réitigh laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe;

53.

ag tabhairt dá haire go bhfuil Comhpháirtíocht an Oirthir (EaP) tar éis dul isteach i gcéim gheopholaitiúil nua, le comhpháirtithe ar chonair aontachais, comhpháirtithe eile a bhfuil comhar saincheaptha á shaothrú acu, agus ionsaí na Rúise lena mbaintear an chothromaíocht réigiúnach a bhí ann roimhe sin; de bhrí nach mór do AE, dá bhrí sin, cuspóir straitéiseach Chomhpháirtíocht an Oirthir a athshainiú, agus é a dhaingniú san athléimneacht, sa chlaochlú daonlathach agus sa tslándáil; ag aithint gurb é Tionól Parlaiminteach Euronest an ghné pharlaiminteach de Chomhpháirtíocht an Oirthir; á iarraidh ar an gComhairle, ar SEGS agus ar an gCoimisiún plé Thionól Parlaiminteach Euronest a chomhtháthú i bpleanáil beartais;

54.

á chur in iúl gur geal léi cur chuige straitéiseach fadtéarmach AE i leith na Mara Duibhe agus a Chlár Oibre Nascachta mar bhunchloch don rathúnas réigiúnach, lena nasctar an Eoraip le Cugas Theas agus leis an Áise Láir; á iarraidh go ndéanfaí an straitéis a chur chun feidhme go pras agus go héifeachtach i ndlúthchomhar le tíortha comhpháirtíochta, agus é á chur san áireamh nach mór cur chun cinn chearta an duine agus an smachta reachta a bheith lárnach i gcónaí i rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún; á chur i bhfios go láidir go mbaineann tábhacht straitéiseach le príomhthionscadail bhonneagair a thabhairt chun críche i gcomhréir leis na Gréasáin Thras-Eorpacha leathnaithe; ag cur béim ar ról Thionól Parlaiminteach Euronest sa chomhthéacs sin;

55.

Ag cur béim ar thábhacht straitéiseach Chugas Theas agus ag tathant ar AE fís fhadtéarmach a fhorbairt dá rannpháirtíocht leis an réigiún;

56.

ag cáineadh chlaontaí forlámhacha an pháirtí Aisling na Seoirsia agus a dtiontú i dtreo leasanna na Rúise, in ainneoin fhorghabháil fhadtréimhseach na hAbcáise agus Réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas ag an Rúis; ag diúltú d’aon aitheantas do na toghcháin pharlaiminteacha agus á mheas gur stát í an tSeoirsia atá gafa ag réimeas neamhdhlisteanach Aisling na Seoirsia; ag tathant ar Pharlaimint na Seoirsia na dlíthe maidir le ‘tionchar eachtrach’ agus ‘luachanna teaghlaigh’ a aisghairm; á iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach le géarleanúint ar an bhfreasúra polaitiúil, ar an tsochaí shibhialta agus ar na meáin neamhspleácha ar chúiseanna polaitiúla agus go scaoilfí saor gan choinníoll gach príosúnach polaitiúil; ag tathant ar AE freagairt go leormhaith agus go cinntitheach ar deireadh don ghéarchéim dhaonlathach sin i dtír is iarrthóir trí gach modh atá ar fáil a ghiaráil agus á iarraidh an athuair ar AE agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí spriocdhírithe a fhorchur i gcoinne cheannairí Aisling na Seoirsia agus i gcoinne oifigigh atá freagrach as cúlú daonlathach agus as bagairtí ar iolrachas polaitiúil agus i gcoinne pearsantachtaí a chuireann insintí a fhaigheann tacaíocht ón Rúis agus próisis pholaitiúla láidre armála chun cinn; á iarraidh ar an tSeoirsia filleadh ar an gconair Eorpach i gcomhréir le rogha shoiléir a muintire; á mheabhrú, ag an am céanna, gur cheart don tSeoirsia ailíniú le CBES, lena n-áirítear comhlíonadh smachtbhannaí i gcoinne na Rúise;

57.

ag tacú le comhaontú síochána mhí Lúnasa 2025 idir an Airméin agus an Asarbaiseáin agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme é de mheon macánta, agus iomláine chríochach na hAirméine á hurramú go hiomlán, agus go ndéanfaí an conradh síochána a ghabhann leis a chur ar bhonn foirmiúil agus a dhaingniú, ag tosú le tarraingt siar na hAsarbaiseáine ón gcríoch atá faoi fhorghabháil aici san Airméin; á iarraidh ar AE leanúint de bheith rannpháirteach ar bhealach cuiditheach i normalú breise an chaidrimh dhéthaobhaigh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin; ag athdhearbhú a hiarrata ar údaráis na hAsarbaiseáine gach ceann de na 23 ghiall Airméanacha a coinníodh tar éis an ionsaithe ar réigiún na Nagarna-Carabaice a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll; á iarraidh an athuair go ndéanfaí imscrúduithe neamhspleácha ar na mí-úsáidí a rinne fórsaí na hAsarbaiseáine sa Nagarna-Carabaic agus á iarraidh ar údaráis na hAsarbaiseáine cead a thabhairt do dhaonra na hAirméine filleadh go sábháilte ar an Nagarna-Carabaic, dul i mbun idirphlé cuimsitheach agus trédhearcach leo i ndáiríre, agus ráthaíochtaí láidre a chur ar fáil chun a gcearta a chosaint; á éileamh go n-urramófar iomláine chríochach na hAirméine agus ag spreagadh an cheartais idirthréimhsigh, chomh maith le próisis inbhuanaithe um fhilleadh; á chur in iúl gur oth léi an meath breise ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha san Asarbaiseáin;

58.

á chur in iúl gur geal léi an fuinneamh dearfach sa chaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Airméin, a dtacaíonn na húdaráis in Eireaván go mór leis; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú go gníomhach le mian na hAirméine comhar méadaithe a bheith aici le AE; á chur in iúl go dtacaíonn sí go láidir le gníomhaíochtaí Mhisean an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach aige; á iarraidh ar EUMA leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid slándála atá ag teacht chun cinn ar an láthair, tuairisciú trédhearcach a chur ar fáil don Pharlaimint agus rannchuidiú go gníomhach le hiarrachtaí chun coinbhleachtaí a réiteach; ag moladh an tsínidh a cuireadh le sainordú EUMA agus an mhéadaithe ar a mhéid; á iarraidh ar an gComhairle, ar SEGS agus ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí eile chun tacú leis an Airméin, go háirithe, ach ní go heisiach, i réimse na hathléimneachta daonlathaí;

59.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di brú na Rúise agus na Síne a cuireadh i bhfeidhm san Áise Láir agus á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le láithreacht pholaitiúil agus eacnamaíoch AE sa réigiún a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi torthaí an chéad Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir i mí Aibreáin 2025, d’fhonn feabhas a chur ar staid chearta an duine sa réigiún freisin; á thabhairt chun suntais go bhfuil leisce ar stáit na hÁise Láir tacaíocht a thabhairt do chogadh foghach na Rúise i bhfianaise éifeacht an chogaidh ar an réigiún; á iarraidh ar údaráis stáit na hÁise Láir, go háirithe an Chasacstáin, an Chirgeastáin agus an Úisbéiceastáin, comhoibriú go dlúth leis an Aontas Eorpach, go háirithe lena Thoscaire Smachtbhannaí; á chur i bhfios go láidir gur chun leasa AE é caidreamh eacnamaíoch a mhéadú, naisc pholaitiúla a threisiú agus comhar maidir le bonneagar fuinnimh le tíortha na hÁise Láir a fheabhsú, i bpáirt chun aghaidh a thabhairt ar dhul timpeall ar smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint d’athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, agus an smacht reachta, an daonlathas, an dea-rialachas agus urraim do chearta an duine a neartú;

60.

á chur i bhfáth gur gá straitéis an Aontais don Mhurascaill a chur chun feidhme go héifeachtach trí chomhpháirtíochtaí iltaobhacha saincheaptha le Comhairle Comhair na Murascaille (CCM) agus le gach tír sa réigiún; á chur i bhfios go láidir gur cheart, leis an gcomhar feabhsaithe, tús áite a thabhairt don imirce, don chlaochlú digiteach, don taighde agus an nuálaíocht, don aistriú glas, don fhuinneamh, don tslándáil agus don fhrithsceimhlitheoireacht; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh an chéad Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus CCM chun críche go rathúil mar thráth ríthábhachtach chun comhpháirtíocht chuimsitheach a chur chun cinn don tslándáil agus don rathúnas domhanda agus réigiúnach; á chur in iúl gur geal léi ról méadaitheach taidhleoireachta thíortha na Murascaille maidir le rannchuidiú leis an gcobhsaíocht idirnáisiúnta agus le hidirghabháil coinbhleachta;

61.

á chur in iúl gur oth léi, 30 bliain tar éis Phróiseas Barcelona, mar a thugtar air, nár baineadh amach spás comhroinnte rathúnais, cobhsaíochta agus saoirse le tíortha na Meánmhara; ag aithint na tábhachta straitéisí a bhaineann le hidirphlé feabhsaithe le tíortha i réigiún na Meánmhara d’fhonn cearta an duine agus caighdeáin dhaonlathacha a fheabhsú, ach freisin i bhfianaise an róil atá acu maidir le soláthairtí fuinnimh an Aontais a éagsúlú agus maidir le sreabha imirce ó thíortha tionscnaimh nó idirthurais a bhainistiú; ag formhuiniú an Chomhshocraithe nua don Mheánmhuir mar chreat cuimsitheach chun réigiún na Meánmhara a chur chun cinn mar réigiún níos sláine, níos cobhsaí agus níos rathúla; ag spreagadh rannpháirtíocht leanúnach, infheistíochtaí spriocdhírithe agus cúnamh teicniúil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte amhail an imirce, an t-athrú aeráide agus bagairtí slándála; ag cur béim, thairis sin, ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an Aontas don Réigiún Meánmhuirí mar fhóram chun cláir chomhair idir tíortha Eorpacha agus iad siúd ar chósta na Meánmhara a threisiú;

62.

ag cáineadh ról díchobhsaitheach na hIaráine sa Mheánoirthear, go háirithe a tacaíocht mhíleata do ghníomhaithe éagsúla neamhstáit, amhail Hamas agus Hezbollah, chomh maith leis na Houthi, a bhaineann an bonn den tslándáil réigiúnach; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí a ainmniú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta agus smachtbhannaí de chuid an Aontais a leathnú chuig a chomhaltaí uile, chomh maith leo siúd go léir atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin; á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht bhuanseasmhach le muintir na hIaráine agus cearta agus saoirsí bunúsacha á saothrú acu go leanúnach; ag cáineadh úsáid chórasach agus dhíréireach an fhornirt ag fórsaí slándála na hIaráine i gcoinne léirsitheoirí síochánta, as ar eascair bás agus gortuithe tromchúiseacha; ag cáineadh iarrachtaí réimeas na hIaráine cinsireacht a dhéanamh ar na hagóidí trí rochtain ar an idirlíon agus líonraí teileafóin a ghearradh ar fud na tíre; á iarraidh ar údaráis na hIaráine deireadh a chur láithreach le húsáid an fhoréigin i gcoinne tionóil shíochánta, agus na cearta chun saoirse tuairimí a nochtadh agus chun saoirse comhthionóil shíochánta a urramú go hiomlán; ag cur go láidir i gcoinne thaidhleoireacht ghiall na hIaráine agus á éileamh go scaoilfí saor gach náisiúnach Eorpach atá á choinneáil san Iaráin agus go mbeadh cead acu an tír a fhágáil; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di dul chun cinn chlár núicléach na hIaráine thar gach bonn cirt sibhialtach inchreidte; á chur i bhfios gur léir gur dhiúltaigh an réimeas in Tehran d’athbheochan an Phlean Chuimsithigh Chomhpháirtigh Gníomhaíochta (PCCG) agus gur dhiúltaigh sé comhoibriú ina dhíospóid leanúnach leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon straitéis i bhfeidhm faoi láthair chun a chur ina luí ar an Iaráin staonadh ó acmhainneacht mhíleata núicléach a fhorbairt, ná nach ann do phlean gníomhaíochta i gcás go dtrasnódh an Iaráin an tairseach núicléach; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí straitéis athbhreithnithe a chur ar aghaidh i leith na hIaráine lena n-ullmhófar do gach imeacht; ag tacú le hath-fhorchur smachtbhannaí agus shrianta uile na Náisiún Aontaithe agus an Aontais a bhaineann le cúrsaí núicléacha a baineadh roimhe seo i gcoinne na hIaráine toisc nár chomhlíon sí a gealltanais faoi PCCG agus ag éileamh gníomhaíocht láithreach chinntitheach i bhfianaise an chos ar bolg dhaingnithe, chórasach agus bhrúidiúil atá á dhéanamh ag an réimeas ar mhuintir na hIaráine, lena n-áirítear trí ollchoinneáil threallach, céasadh, agus cur chun báis easaontóirí polaitiúla. ag cáineadh go láidir feachtas athnuaite agus méadaithe an réimis d’fhoréigean i gcoinne agóideoirí, as ar eascair marú na mílte agóideoirí, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint d’aon ghnó as armlón beo agus básuithe le cead an stáit, gníomhartha arb ionann iad agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna faoin dlí idirnáisiúnta, cé go leanann an réimeas de shaoirsí bunúsacha a dhiúltú do dhaonra a éilíonn dínit, saoirse, agus an ceart chun cónaí i dtír shaor agus dhaonlathach go leanúnach;

63.

ag cáineadh go láidir ionsaithe díchobhsaitheacha na Houthi i gcoinne soithí tráchtála chomh maith le soithí míleata ar idirthuras sa Mhuir Rua; á chur i bhfáth gur chuir siad sin isteach go mór ar an trádáil dhomhanda, ós rud é go gcuirtear iallach ar chuideachtaí loingseoireachta cuid mhór de thrácht na Mara Rua timpeall ar bharr theas na hAfraice a athródú; á iarraidh go mbeadh gníomhaíocht chomhchoiteann ann agus go spreagfaí rannpháirtíocht fheabhsaithe AE agus comhar idirnáisiúnta; ag tathant go láidir go ndéanfaí gníomhaíocht leanúnach chun saoirse loingseoireachta a áirithiú i gceann de na huiscebhealaí is criticiúla ar domhan; á iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach leis na hionsaithe neamhdhleathacha sin;

64.

ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá tacaíocht leanúnach agus mhéadaithe AE do mhuintir na hAfganastáine, go háirithe mná agus cailíní, agus dóibh siúd go léir a bhfuil a gcearta á sárú go leanúnach ag an Talaban; á áitiú go gcoinneofaí rannpháirtíocht iomlán coinníollach leis an Talaban bunaithe ar na cúig thagarmharc atá leagtha síos ag an gComhairle agus ar mholtaí Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe;

65.

á athdhearbhú go bhfuil réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach síochánta, cobhsaí agus riailbhunaithe ríthábhachtach do leas na hEorpa, ní hamháin don tslándáil réigiúnach, ach freisin chun bealaí trádála domhanda a choimirciú, saoirse loingseoireachta a chosaint agus athléimneacht i gcoinne comhéigean eacnamaíoch a áirithiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil iomaíocht mhór chumhachta atá ag dul i ndéine sa réigiún, go háirithe idir na Stáit Aontaithe agus an tSín, ag cur srianta níos mó agus níos mó ar chumas AE a chlár oibre féin a shaothrú maidir le hiltaobhachas agus réitigh chomhoibritheacha a chur chun cinn sa réigiún; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an Cruinniú idir an Áise agus an Eoraip fós faoi shrian mar gheall ar an teannas geopholaitiúil leis an Rúis; ag spreagadh, chun na críche sin, comhordú níos dlúithe maidir leis an mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta le comhpháirtithe atá ar aon intinn, go háirithe an Astráil, an Nua-Shéalainn, an Chóiré Theas, an tSeapáin, an Téaváin agus Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN); á athdhearbhú gur uiscí idirnáisiúnta atá i gceist le Caolas na Téaváine, agus ag tacú leis an gceart chun saoirse loingseoireachta atá ag daonlathais na hEorpa agus ag a gcomhpháirtithe atá ar aon intinn leo, lena gcuirtear i bhfios go láidir go bhfuil an tsíocháin agus an chobhsaíocht i gCaolas na Téaváine bunriachtanach don tslándáil agus don rathúnas domhanda;

66.

á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, an chomhpháirtíocht straitéiseach atá ag Aontas leis an tSeapáin, ar cheart an chomhpháirtíocht sin a bheith ina heiseamláir do chaidreamh déthaobhach tairbheach lena gcumasaítear múnlú éifeachtach beartais i bhfóraim iltaobhacha; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Straitéisí (SPA) idir an tAontas agus an tSeapáin an 1 Eanáir 2025, in éineacht leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche atá ann cheana, agus ag spreagadh chur chun feidhme fhorálacha SPA maidir le comhar feabhsaithe sa tslándáil agus sa chosaint, lena n-áirítear Idirphlé rialta Slándála agus Cosanta idir an tSeapáin agus an tAontas a sheoladh, comhar maidir le cúrsaí cosanta a bhaineann leis an tionscal, iniúchadh a dhéanamh ar rannpháirtíocht fhrithpháirteach i dtionscnaimh chosanta agus obair leanúnach ar chomhaontú maidir le slándáil faisnéise; á chur in iúl gur geal léi an dlús atá curtha leis an gcomhar i réimsí amhail an tslándáil mhuirí, an chibearshlándáil, an spás agus an neamhleathadh, chomh maith le gníomhaíocht chomhpháirteach nithiúil faoin gComhpháirtíocht Dhigiteach agus faoin Idirphlé Fuinnimh;

67.

ag aithint thábhacht straitéiseach na Cóiré Theas mar phríomh-chomhpháirtí daonlathach san Áise Thoir, lena bhfuil comhpháirtíocht chuimsitheach bunaithe ag an Aontas lena gcuimsítear idirphlé polaitiúil, trádáil agus comhar slándála; á mheabhrú go bhfuil an Comhaontú Saorthrádála idir AE agus an Chóiré Theas, arb é an chéad cheann dá leithéid le comhpháirtí de chuid na hÁise é, tar éis an comhtháthú eacnamaíoch a dhoimhniú go suntasach, agus go mbaineann an comhar leanúnach le neamhleathadh, cibearshlándáil, frithsceimhlitheoireacht agus bainistiú géarchéime; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag an gCóiré Theas sa chobhsaíocht réigiúnach, go háirithe maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála ar Leithinis na Cóiré, agus á iarraidh go ndéanfaí comhordú neartaithe i bhfóraim iltaobhacha chun an tsíocháin a chaomhnú, briogadh a dhíspreagadh agus dí-armáil núicléach a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, bunú na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta; á thabhairt chun suntais go gcuireann an Chomhpháirtíocht creat struchtúrtha ar fáil don idirphlé agus don chomhar ar fud réimse iomlán na saincheisteanna slándála agus cosanta, lena n-áirítear Idirphlé Straitéiseach bliantúil ar leibhéal na n-airí; ag tacú leis an uaillmhian comhar praiticiúil a dhoimhniú i réimsí amhail an tslándáil mhuirí, ag tógáil ar oibríochtaí comhpháirteacha, lena n-áirítear Atalanta, agus ag féachaint ar rannpháirtíochtaí nua faoi thionscnamh an Aontais maidir le Láithreachtaí Muirí Comhordaithe; á chur i bhfios go láidir, ar deireadh, go gcomhdhlúthaíonn institiúidiú na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta sin seasamh na Cóiré Theas mar cheann de na comhpháirtithe is suntasaí de chuid an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus go gcuireann sé bonn láidir ar fáil do ghníomhaíocht chomhpháirteach fhadtéarmach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin gheopholaitiúla choiteanna;

68.

ag cur i bhfáth a luachmhaire atá sé naisc leis an Nua-Shéalainn a dhoimhniú, ar comhpháirtí seanbhunaithe í a chomhroinneann cleamhnachtaí láidre polaitiúla, cultúrtha agus normatacha le AE; á chur i bhfios go bhfuil ceannaireacht chomhsheasmhach léirithe ag an Nua-Shéalainn sa taidhleoireacht iltaobhach, sa dí-armáil núicléach agus sa ghníomhú ar son na haeráide, rud a fhágann gur comhghuaillí fíor-riachtanach í maidir le comhchuspóirí domhanda a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn mar gharsprioc chun an comhar eacnamaíoch a neartú, agus á aithint ag an am céanna go bhféadfaí an obair chomhpháirteach sa tslándáil agus sa nascacht a leathnú;

69.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé an comhar straitéiseach leis an Astráil a neartú, ar comhpháirtí í atá ar aon intinn le tiomantas AE don daonlathas, do chearta an duine, don dlí idirnáisiúnta agus d’ord domhanda riailbhunaithe; á chur i bhfios go láidir go bhfágann suíomh geografach agus ról gníomhach na hAstráile sa tslándáil réigiúnach gur gníomhaí lárnach í maidir le cobhsaíocht a chosaint sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an fógra a rinne Uachtarán na Comhairle Eorpaí António Costa, Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen, agus Príomh-Aire na hAstráile Anthony Albanese ag Cruinniú Mullaigh Cheannairí G7 in Alberta chun tús a chur le caibidlíocht maidir le Comhpháirtíocht Slándála agus Chosanta; á chur i bhfáth go léirítear leis an tionscnamh sin go bhfuil méadú ag teacht ar an aitheantas a thugtar d’idirnascthacht shlándáil na hEorpa agus an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh, agus go gcuirtear deis ar fáil leis gníomhaíocht chomhpháirteach a leathnú maidir le dúshláin slándála dhomhanda; á thabhairt chun suntais go léiríonn an chaibidlíocht sin, in éineacht le rannpháirtíocht athnuaite chun comhaontú saorthrádála idir an Astráil agus an tAontas a thabhairt i gcrích, móiminteam láidir sa chaidreamh déthaobhach, lena dtreisítear ní hamháin naisc eacnamaíocha agus theicneolaíocha ach athléimneacht chomhchoiteann agus muinín straitéiseach freisin;

70.

á chur i bhfios go bhfuil tábhacht pholaitiúil agus gheostraitéiseach mhéadaithe ag tíortha san Aigéine, chomh maith le heagraíochtaí amhail Fóram Oileán an Aigéin Chiúin; á mheabhrú, cé go bhfuil ról ceannasach ag náisiúin an Aigéin Chiúin, i measc na dtíortha is mó atá neamhchosanta ar dhúshláin dhomhanda agus ar bhrúnna geopholaitiúla, maidir leis an iltaobhachas a chur chun cinn agus go bhfuil siad fós ina bpríomh-chomhpháirtithe san ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a rannpháirtíocht taidhleoireachta sa réigiún a mhéadú, i gcás inar féidir i ndlúthchomhar leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn;

71.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeidh an caidreamh idir AE agus an tSín ina thoisc chinntitheach dár rathúnas eacnamaíoch agus dár slándáil idirnáisiúnta amach anseo; á mheas, sa chomhthéacs sin, gur príomhdhúshlán geopholaitiúil de chuid an 21ú haois é míleatú luasghéaraithe na Síne, a láithreacht mhíleata mhéadaitheach agus a hiompar ionsaitheach i Muir na Síne Theas agus a briogadh míleata gan údar i gcoinne a comharsana, chomh maith lena comhpháirtíochtaí míleata agus polaitiúla leis an Rúis, leis an gCóiré Thuaidh agus leis an Iaráin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-athrú a d’fhéadfadh teacht ar bheartas eachtrach na Síne ó bheartas atá teanntásach go láidir go beartas atá ionsaitheach go hoscailte;

72.

á chur in iúl gur saoth léi an chomhpháirtíocht ‘gan teorainneacha’ idir an Rúis agus an tSín, go háirithe an tiomantas athnuaite chun a naisc mhíleata a neartú agus, ar an gcaoi sin, leanúint de thacaíocht a thabhairt do mheaisín cogaidh na Rúise, lena n-áirítear trí ábhair dé-úsáide a onnmhairiú;

73.

á mheabhrú go bhfuil an tAontas tiomanta dá bheartas ‘an t-aon Sín amháin’ mar cheann de phrionsabail an chaidrimh idir an tAontas agus an tSín; ag cáineadh imeaglú agus bagairtí na Síne ar an tsíocháin agus ar an gcobhsaíocht i gCaolas na Téaváine agus sna huiscí idirnáisiúnta máguaird, lena n-áirítear ainlithe aeir agus mara ar mhórscála amhail cleachtaí ‘Justice Mission 2025’ agus ‘Strait Thunder-2025A’ i mí Aibreáin 2025 a chuireann cobhsaíocht sa réigiún i mbaol; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a áirithiú, trí chomharthaíocht shoiléir agus chomhsheasmhach, nach mbeidh glacadh le hiarrachtaí leanúnacha an status quo i gCaolas na Téaváine a athrú go haontaobhach, go háirithe trí bhíthin fornirt nó comhéigin, agus go mbeidh costais arda ag baint léi; á chur i bhfios go láidir gur príomh-chomhpháirtí daonlathach í an Téaváin do AE sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus ag tathant ar AE agus ar a Bhallstáit dul i mbun comhar níos dlúithe leis an Téaváin chun borradh breise a chur faoi naisc eacnamaíocha, trádála agus infheistíochta; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh malartuithe rialta ann idir AE agus a chontrapháirtithe sa Téaváin maidir le saincheisteanna slándála ábhartha; á iarraidh go dtacódh an tAontas agus a Bhallstáit le rannpháirtíocht fhóinteach na Téaváine in eagraíochtaí iltaobhacha amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide; á mheabhrú go gcuirtear in iúl sa Pháipéar Bán maidir le Cosaint na hEorpa — Ullmhacht 2030 gur cúis bhuartha di comhéigean na Síne i gcoinne na Téaváine trí bhearta polaitiúla, eacnamaíocha, míleata, cibearshlándála agus cognaíocha a ghéarú; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil aon bhunús ag éilimh chríochacha na Síne ar an Téaváin sa dlí idirnáisiúnta, nach bhfuil ceachtar den dá thaobh faoi réir an chinn eile agus nach féidir ach le rialtas na Téaváine a toghadh go daonlathach ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na Téaváine; ag cur i gcoinne shaobhadh leanúnach Dhaon-Phoblacht na Síne ar Rún 2758 ó na Náisiúin Aontaithe agus a hiarrachtaí bac a chur ar rannpháirtíocht na Téaváine in eagraíochtaí iltaobhacha;

74.

ag cáineadh go láidir an chórais um shaothar éigeantais atá faoi stiúir an rialtais agus na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine, go háirithe an cur faoi chois córasach ar Uigiúraigh i gCúige Xinjiang; ag tabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, an dianchniogbheartaíocht ar mhionlaigh eitneacha sa Tibéid, i Hong Cong agus in Macao agus an cur faoi chois trasnáisiúnta atá á dhéanamh ar easaontaigh na Síne; á iarraidh ar an tSín coinbhinsiúin éigeantacha uile na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a chomhlíonadh;

75.

á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir sárú na Síne ar a gealltanais idirnáisiúnta agus ar a sáruithe ar na Dearbhuithe Comhpháirteacha idir an tSín agus an Bhreatain agus idir an tSín agus an Phortaingéil, ar an bprionsabal ‘tír amháin, dhá chóras’ agus ar Dhlí Bunúsach Hong Cong; á iarraidh ar an tSín neamhspleáchas Hong Cong a urramú agus a ráthú agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla a dhaingniú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar stádas Oifig Eacnamaíoch agus Trádála Hong Cong sa Bhruiséil, chomh maith le stádas uathrialach Hong Cong agus Macao, i bhfianaise an Dlí Slándála Náisiúnta agus shárú Dhaon-Phoblacht na Síne ar a gealltanais idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ról Hong Cong maidir le cúnamh a thabhairt don Rúis dul timpeall ar na smachtbhannaí atá i bhfeidhm agus comhpháirteanna criticiúla a sholáthar chun airm a tháirgeadh; á chur in iúl gur saoth léi, ina theannta sin, an chniogbheartaíocht ar neamhspleáchas agus ar phearsana freasúra an réigiúin riaracháin speisialta, lena n-áirítear baill den tsochaí shibhialta agus a mbaill teaghlaigh; á iarraidh ar SEGS dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thrialacha na bpríosúnach polaitiúil i Hong Cong agus a iarraidh go scaoilfí saor gach príosúnach polaitiúil;

76.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an sciar de gheilleagar an Aontais atá ag cuideachtaí Síneacha, go háirithe in earnálacha straitéiseacha, amhail monarú cadhnraí; á chur i bhfáth go bhfuil gá práinneach le leanúint leis an mbeartas dí-rioscaithe trí leanúint de spleáchas eacnamaíoch a laghdú in earnálacha ríthábhachtacha, i gcomhréir le straitéis slándála eacnamaíche an Aontais; á chur i bhfios go láidir go gcuireann spleáchais den sórt sin srian ar acmhainneacht bheartas eachtrach an Aontais agus go méadaíonn siad a leochaileacht i leith comhéigean polaitiúil agus eacnamaíoch; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh bearta éifeachtacha dí-rioscaithe ann, go ndéanfaí slabhraí soláthair a éagsúlú agus go mbunófaí comhpháirtíochtaí nua;

77.

á chur i bhfáth gur gá do AE idirphlé prionsabálta agus comhar comhthairbheach leis an tSín a chothú chun aghaidh a thabhairt ar roinnt dúshlán domhanda, ón iltaobhachas agus an t-athrú aeráide go dtí an tsláinte dhomhanda agus an fhorbairt idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir, i gcomhthéacs an mhéid thuas, nach mór don Aontas straitéis ilghnéitheach a ghlacadh a chomhcheanglaíonn taidhleoireacht ar bhonn prionsabail atá dírithe ar an dlí idirnáisiúnta a chaomhnú le rannpháirtíocht eacnamaíoch lena gcosnaítear cothroime iomaíochta agus, dá bhrí sin, lena ndaingnítear leasanna an Aontais, agus lena n-éileofar dí-rioscú vis-à-vis an tSín; á dheimhniú gur creat anailíseach úsáideach é i gcónaí féachaint ar an tSín mar chomhpháirtí, mar iomaitheoir eacnamaíoch agus mar iomaitheoir sistéamach ag an am céanna, ach á chur i bhfáth nach leor an méid sin mar threoshuíomh straitéiseach fadtéarmach; á iarraidh go mbeadh díospóireacht struchtúrtha ann i measc na mBallstát maidir lena bhfuil i ndán do chaidreamh AE leis an tSín chun cuspóirí straitéiseacha an Aontais a shainiú; á chur i bhfios go láidir nach féidir leis an Aontas beartas a dhearadh atá comhsheasmhach, inchreidte agus éifeachtach ach amháin trí fhís fhadtéarmach a leagan amach don chaidreamh idir AE agus an tSín, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tograí a thíolacadh chuige sin;

78.

á thabhairt dá haire gur neartaigh dúshláin gheopholaitiúla leasanna comhroinnte an Aontais agus na hIndia; á chur in iúl go dtacaíonn sí le cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an India chun clár oibre straitéiseach nua a sheoladh; á chur in iúl gur geal léi an tIdirphlé Straitéiseach ar Bheartas Eachtrach agus Slándála ar cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2025 agus á mholadh go gcruthófaí Comhpháirtíocht Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus an India, lena n-áirítear cleachtaí cabhlaigh comhpháirteacha rialta san Aigéan Indiach agus comhar oibríochtúil idir Cabhlach na hIndia agus misin chabhlaigh an Aontais; á chur i bhfios go láidir gurb é an cuspóir atá ann Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise a thabhairt i gcrích leis an India faoi 2026; á chur i bhfáth go bhfuil deis straitéiseach ann spleáchas na hIndia ar allmhairí arm na Rúise a laghdú trí thacú le comhar an tionscail cosanta agus le haistriú teicneolaíochta le comhpháirtithe Eorpacha, agus á iarraidh ar an India seasamh soiléir a ghlacadh i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus feabhas a chur ar bhearta éifeachtacha chun cosc a chur ar dhul timpeall ar smachtbhannaí AE; á chur in iúl gur geal léi an Chonair Eacnamaíoch idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip agus á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh an tionscadal sin dlús a chur leis an trádáil idir an Eoraip agus an India; ag spreagadh an Aontais agus na hIndia infheistíochtaí a mhéadú faoi Global Gateway, ag tógáil ar phunann reatha Fhoireann na hEorpa dar luach EUR 15 bhilliún, le tionscadail tosaíochta maidir le fuinneamh in-athnuaite, iompar inbhuanaithe, bonneagar digiteach agus slándáil sláinte; á iarraidh go mbunófaí Fóram Gnó idir AE agus an India chun comhar san earnáil phríobháideach a neartú agus chun glacadh tionscnamh sa mhargadh a áirithiú; ag tacú le Moil Nuálaíochta agus Comhpháirtíochtaí Gnólachtaí Nuathionscanta idir an tAontas agus an India a chruthú chun comhar i leathsheoltóirí, san intleacht shaorga agus sa hidrigin ghlas a chur chun cinn, lena n-áirítear taighde comhpháirteach faoin gclár Fís Eorpach; á athdhearbhú a thábhachtaí atá idirphlé rialta aireachta agus rannpháirtíocht pharlaiminteach chun maoirseacht a chur ar fáil agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar gealltanais chomhpháirteacha; á iarraidh ar Rialtas na hIndia cosaint na mban agus chearta na mionlach a fheabhsú;

79.

á chur in iúl gur geal léi an 10ú hIdirphlé Polaitiúil idir AE agus an Phacastáin a tionóladh sa Bhruiséil an 17 Iúil 2025, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an Plean Rannpháirtíochta Straitéisí a chur chun feidhme go hiomlán mar chreat chun comhar a neartú i gcúrsaí polaitiúla, eacnamaíocha, slándála agus forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí cur leis an dul chun cinn a rinneadh faoi chreat Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Plus (GSP+) agus faoin Idirphlé cuimsitheach maidir leis an Imirce agus an tSoghluaisteacht; ag spreagadh comhar leanúnach maidir leis an imirce, an fhrithsceimhlitheoireacht agus an fhrith-thámhshuanach;

80.

á chur in iúl go dtacaíonn sí le gluaiseachtaí ar son an daonlathais san Áise Theas agus go ndéanann sí comhbhrón leo, go háirithe sa Bhanglaidéis, i Srí Lanca agus i Neipeal, agus á chur i bhfios go láidir nach mór freastal ar uaillmhianta daonlathacha sin an phobail le hathchóirithe nithiúla agus le dul chun cinn ón gceannaireacht pholaitiúil; ag meabhrú thacaíocht fhadtéarmach AE don daonlathas agus don tsochaí shibhialta san Áise Theas agus á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE comhpháirtíocht níos dlúithe a lorg le gach tír sa réigiún chun samhail mhalartach rannpháirtíochta a chur ar fáil don tSín, atá ag cur lena láithreacht sa réigiún;

81.

ag cáineadh go láidir na n-olltoghchán bréige a rinne an giunta míleata i Maenmar an 28 Nollaig 2025, nach bhfuil aon dlisteanacht dhaonlathach acu agus a reáchtáladh i dtimpeallacht imeaglaithe shistéamaigh, foréigin agus comhéigin; á thabhairt chun suntais go gcuireann díscaoileadh éigeantach pháirtithe an fhreasúra agus coinneáil leanúnach ceannairí polaitiúla an próiseas toghcháin i Maenmar ar neamhní; ag diúltú d’aon iarracht a rinne an giunta na pobalbhreitheanna calaoiseacha seo a úsáid chun aitheantas idirnáisiúnta a lorg; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus na Ballstáit brú a mhéadú ar an réimeas míleata trí smachtbhannaí spriocdhírithe agus leanúint de thacaíocht a thabhairt do mhianta daonlathacha mhuintir Mhaenmar,agus a n-iarrachtaí i dtreo fíoraistriú cuimsitheach chuig rialú sibhilteach;

82.

ag tathant ar an Leas-Uachtarán / Ardionadaí agus ar na Ballstáit díriú ar chomhpháirtíochtaí déthaobhacha níos láidre a fhorbairt le daonlathais atá ar aon intinn san Afraic, bunaithe ar chomhionannas, ar urraim agus ar leas frithpháirteach mar aon leis an bprionsabal ‘tuilleann breis tuilleadh’, agus luachanna uilíocha chearta an duine agus an daonlathais á n-urramú ag an am céanna; á chur i bhfáth go bhfuil na dúshláin dhomhanda chéanna os comhair AE agus na hAfraice araon; á chur i bhfios go láidir gur gá an caidreamh idir ilchríocha a neartú agus á chur in iúl gur geal léi an Dearbhú Comhpháirteach ón seachtú Cruinniú Mullaigh idir AE agus an tAontas Afracach (AA) (16); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an ghné pharlaiminteach de chruinnithe mullaigh AE-AA a bheidh ann amach anseo a institiúidiú mar chuid lárnach dá gcreat, chun ionadaíocht na saoránach, maoirseacht phoiblí agus rannchuidiú daonlathach le plé agus torthaí na comhpháirtíochta a áirithiú; ag athdhearbhú an bhreisluacha is féidir le hEagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OACP) a thabhairt isteach agus á chur in iúl gur geal léi comhar méadaithe le tíortha OACP trí Chomhaontú Shamó (17); á iarraidh go gcruthófaí comhshocrú tiomnaithe tionsclaíochta idir AE agus an Afraic faoi choimirce chomhpháirteach AA, AE agus na mbanc forbartha réigiúnaí, chun caipiteal poiblí agus príobháideach a shlógadh, lena n-áiritheofaí nach amháin gur foinse amhábhar í an Afraic, ach gur mol í don phróiseáil, don mhonaraíocht agus don nuálaíocht;

83.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí an foréigean leanúnach agus na géarchéimeanna daonnúla i roinnt áiteanna san Afraic; á chur in iúl gur cúis mhór imní di go háirithe an foréigean agus an neamhshláine leanúnach in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, go príomha i gCúige Kivu Thuaidh agus Ituri; á iarraidh ar AE ról gníomhach agus comhordaithe a bheith aige chun tacú le cur chun feidhme an phróisis síochána, lena ndírítear ar chuimsitheacht agus rannpháirtíocht na mban, rochtain dhaonnúil agus cosaint sibhialtach a fheabhsú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an meabhrán tuisceana idir AE agus Ruanda maidir le slabhraí luacha amhábhar inbhuanaithe a chur ar fionraí láithreach go dtí go gcuirfidh Ruanda deireadh lena chur isteach;

84.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an choinbhleacht thubaisteach sa tSúdáin as ar eascair líon ollmhór taismeach sibhialtach, easáitiú agus sáruithe forleathana ar chearta an duine; ag cáineadh go láidir gach coir chogaidh agus gach sárú ar chearta an duine, agus á iarraidh go mbeadh rochtain dhaonnúil gan bhac, cuntasacht iomlán, forfheidhmiú gach trádbhaic arm, agus smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne gach duine aonair a dhéanann na hainghníomhartha sin;

85.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na dúshláin toghcháin a bhí ann le déanaí in áiteanna ar mhór-roinn na hAfraice, lena n-áirítear sa Tansáin, i gCamarún agus sa Chósta Eabhair, agus ag aithint na rannpháirtíochta agus na léirsithe poiblí a bhí ann ina dhiaidh sin; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú trédhearcach agus críochnúil ar aon ábhair imní toghcháin a tuairiscíodh agus á iarraidh ar na húdaráis faoi seach toil nochtaithe na ndaoine a choimirciú agus cearta na ngníomhaithe polaitiúla uile a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú gur féidir rannpháirtíocht pholaitiúil agus gníomhaíochtaí freasúra a dhéanamh gan bhac agus gan srianta míchuí;

86.

á chur in iúl gur oth léi an cúlú daonlathach agus an méadú ar coups míleata, go háirithe sa tSaiheil, amhail sa Nígir, i mBuircíne Fasó agus i Mailí, ar nithe iad uile a chuireann an chobhsaíocht réigiúnach i mbaol; ag cáineadh na n-iarrachtaí méadaitheacha atá á ndéanamh ag gníomhaithe seachtracha chun an bonn a bhaint de cheannasacht stáit agus chun insintí frith-Eorpacha a spreagadh trí ghrúpaí amhais agus feachtais bhréagaisnéise spriocdhírithe a úsáid, rud atá níos measa mar gheall ar an ról atá ag an Rúis agus ag an tSín sa réigiún; á mheabhrú go bhfuil iarmhairtí díreacha aige sin ar shlándáil agus ar rathúnas na hEorpa agus, dá bhrí sin, á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le rannchuidiú dearfach AE leis an tsíocháin, leis an tslándáil agus leis an bhforbairt a neartú; á chur i bhfios go láidir gur gá tionscnamh Global Gateway a úsáid mar phríomhuirlis chun comhpháirtíochtaí dearfacha a thairiscint i réimsí amhail bonneagar, sláinte agus claochlú digiteach, agus ar an gcaoi sin cuidiú le feabhas a chur ar shaol na bpobal áitiúil agus cur i gcoinne láithreacht mhéadaitheach cumhachtaí forlámhacha ar an mór-roinn; á iarraidh go ndéanfadh AE infheistíocht leanúnach i ndea-rialachas, i bhfothú acmhainneachta agus i gcomhpháirtíocht atá dírithe ar chliseadh stáit, iarmhairtí imirce agus gáinneáil aindleathach a chosc, agus ar an sceimhlitheoireacht a chomhrac;

87.

ag meabhrú bhagairt na sceimhlitheoireachta Ioslamaí san Afraic, go háirithe do phobail reiligiúnacha, lena n-áirítear Críostaithe agus ag cur sonrú sa chomhar frithsceimhlitheoireachta feabhsaithe idir na Stáit Aontaithe agus an Nigéir, lena n-áirítear gníomhaíochtaí le déanaí i gcoinne grúpaí atá cleamhnaithe leis an Stát Ioslamach; ag tabhairt rabhaidh i gcoinne na n-iarmhairtí neamhbheartaithe a ghabhann le gníomhaíochtaí míleata seachtracha, lena n-áirítear an riosca go spreagfaí insintí antoisceacha, braistintí idirghabhála eachtraigh agus casaoidí áitiúil a d’fheadfadh an bonn a bhaint ó chobhsaíocht agus ó réiteach coinbhleachtaí; á chur i bhfios go mba cheart do AE agus do na Stáit Aontaithe iarrachtaí comhpháirteacha a threisiú chun tacaíocht a thabhairt do rialachas agus acmhainneachtaí slándála, cosc a chur ar radacú, sceimhlitheoireacht a chomhrac agus pobail reiligiúnacha a chosaint;

88.

á chur i bhfáth go bhfuil tíortha an Aontais, agus tíortha i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib ar aon intinn agus go bhfuil luachanna, teangacha, stair, cultúr agus creidimh chomhchoiteanna acu, a d’fhágfadh go mbeidís ina gcomhpháirtithe i gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu; á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún le blianta beaga anuas, rud a chruthaigh folús do thionchar na Síne agus na Rúise, atá ag fás; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán / Ardionadaí a áirithiú go ndéanfadh an chomhpháirtíocht le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib beart de réir briathair trí threochlár a chur ar fáil lena neartófar cumas an dá réigiún gníomhú in ord domhanda atá faoi chonspóid; á chur in iúl gur geal léi an Dearbhú Comhpháirteach (18) a glacadh ag Cruinniú Mullaigh Santa Marta i mí na Samhna 2025; á chur i bhfáth nach mór don chlár oibre athnuaite sin freagairt d’ardmhianta na saoránach tríd an bhfás cuimsitheach a chur chun cinn, bearnaí neamhionannais a dhúnadh agus tacú leis an lánpháirtiú réigiúnach, mar shampla trína áirithiú go nginfidh an Global Gateway tairbhí nithiúla do phobail áitiúla trí infheistíocht thrédhearcach; á mheabhrú go mbraitheann inchreidteacht AE mar chomhpháirtí ar shamhail chomhair a thairiscint atá i gcodarsnacht go soiléir le cineálacha cur chuige dúshaothraithe gníomhaithe domhanda eile agus corparáidí ilnáisiúnta arna spreagadh ag cleachtais ghnó neamh-inbhuanaithe; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán / Ardionadaí, de mheon tionchar geopholaitiúil AE sa réigiún a fheabhsú, caidreamh a neartú agus dlús a chur le gníomhaíocht taidhleoireachta idirnáisiúnta mar fhreagairt ar theacht chun cinn réimeas forlámhach; á chur in iúl gur geal léi an cruinniú mullaigh a bhí ann le déanaí idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh i ndáil leis sin; ag athdhearbhú a hiarrata go dtiocfaidh méadú suntasach ar an gcomhar déthaobhach sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, go háirithe i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí;

89.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na teaicticí atá in úsáid ag réimis fhorlámhacha i gCúba agus i Nicearagua, go háirithe an chniogbheartaíocht ar phearsana freasúra, na srianta ar na meáin neamhspleácha agus an laghdú ar spásanna sibhialta; á thabhairt chun suntais, go háirithe, an chniogbheartaíocht ar an Eaglais Chaitliceach i Nicearagua; á iarraidh ar thíortha uile Mheiriceá Laidinigh agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta coinbhleachtaí a sheachaint agus comhoibriú chun brú taidhleoireachta a chur ar na réimis sin; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán / Ardionadaí agus ar an gCoimisiún na hionstraimí uile is gá atá ar fáil a úsáid, gan aon cheann a eisiamh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar clásail dhaonlathacha agus clásail chearta an duine sna comhaontuithe comhair leis na tíortha sin, lena bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh orthu, go háirithe maidir le Cúba, ar dlúthpháirtí é chomh maith de na réimis i Moscó agus i Mionsc, lena dtugtar tacaíocht pholaitiúil dóibh agus lena gcuirtear go diúltach le slándáil na hEorpa, inter alia trí rannpháirtíocht na gcéadta amhas Chúba a éascú in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl go soiléir nach féidir leis na réimis sin leanúint de thairbhe a bhaint as comhar pribhléideach leis an Aontas Eorpach amhail Idirphlé Polaitiúil agus Comhaontuithe Comhair (PDCA); á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di creimeadh na bprionsabal daonlathach agus an teacht timpeall d’aon ghnó ar choimircí bunreachtúla sa tSalvadóir, go háirithe maidir le heaspa neamhspleáchais na mbreithiúna agus easpa trédhearcachta i ngníomhaíochtaí rialtais, úsáid iomarcach fornirt, míleatú míchuí, agus na srianta méadaitheacha ar shaoirsí comhthionóil agus preasa;

90.

á iarraidh go dtabharfaí aird do sheasaimh a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimhe seo maidir leis an ngéarchéim pholaitiúil i Veiniséala; á mheabhrú go bhfuil sé ráite go comhsheasmhach ag an Aontas nach raibh an dlisteanacht uachtarán a toghadh go daonlathach ag Nicolás Maduro agus dá bhrí sin nár aithníodh amhlaidh; ag dréim go gcruthófar, mar gheall ar na forbairtí is déanaí, deiseanna do dhul chun cinn daonlathach do mhuintir Veiniséala agus don tsochaí sibhialta; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil an bealach ina dtarlaíonn athrú polaitiúil ríthábhachtach agus ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go n-ardaítear, mar gheall ar ghníomhaíocht mhíleata na Stát Aontaithe a rinneadh lasmuigh de chreataí iltaobhacha dleathacha, ceisteanna suntasacha faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil an riosca ann go mbainfear an bonn ó dhlisteanacht agus ó inbhuanaitheacht fíoraistrithe dhaonlathaigh atá cuimsitheach agus síochánta; ag cur béim ar an bhfíoras, i ngach imthoisc, nach mór seasamh le prionsabail dlí idirnáisiúnta agus Cairt na Náisiún Aontaithe – lena n-áirítear, urraim do cheannasacht, an iomláine chríochach agus an toirmeasc ar úsáid fornirt – ag tabhairt dá haire go bhfuil freagracht ag na comhaltaí buana ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go háirithe ina leith sin; ag tacú le haistriú chuig an daonlathas atá tapa, síochánta agus faoi stiúir Veiniséala, chun an tír a chobhsú agus chun ligean don daonra atá ar deoraíocht filleadh; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh tús le scaoileadh saor na bpríosúnach polaitiúil mar chomhartha dearfach; á mheabhrú gur coinníodh go héagórach iad faoi dhálaí mídhaonna agus cruálacha; á éileamh go ndéanfar gach príosúnach polaitiúil agus daoine eile atá a choinneáil go treallach a scaoileadh saor gan choinníoll; á chur i bhfios go bhfuil sé mar thosaíocht ag an Aontas freisin an choireacht eagraithe thrasnáisiúnta agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac, ar bagairtí suntasacha slándála iad, ach á chur i bhfáth nach mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí chomhar marthanach, agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go mba cheart don ola agus acmhainní nádúrtha Veiniséala a úsáid ar bhealach dea-riartha ag rialtas nua, a toghadh go daonlathach, Veiniséalach ar bhealach a rachaidh chun tairbhe do mhuintir Veiniséala agus a thugann siad slán as an mbochtaineacht agus a chothaíonn forbairt inbhuanaithe na tíre;

91.

á chur i bhfios nach mór do mhuintir Veiniséala a dtodhchaí féin a chinneadh trí shaorthoghcháin chóra;

92.

á chur in iúl gur geal léi na glaonna dearfacha teileafóin idir an tUachtarán Trump agus an tUachtarán Petro, agus an tUachtarán Trump agus an tUachtarán Sheinbaum, mar bhealach chun comhar cuiditheach agus taidhleoireachta a bhaint amach;

93.

á chur i bhfios go láidir an tábhacht gheostraitéiseach mhéadaithe atá ag an Artach agus ag athdhearbhú an gá atá le beartas AE comhtháite agus cothrom le dáta maidir leis an Artach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di méadú míleata na Rúise san Artach agus na srianta neamhdhleathacha ar shaoirse loingseoireachta i mBealach na Mara Thuaidh; ag tabhairt dá haire, agus méadú ag teacht ar an míshástacht, go bhfuil spéis mhéadaithe ag an tSín san Artach agus á chur i bhfios go láidir nach mór do AE freagairt iomchuí a lorg ina leith sin; á chur i bhfáth nach mór don Artach leanúint de bheith ina limistéar síochána, cobhsaíochta agus comhair chuidithigh; á chur i bhfios go láidir gur gá an t-idirphlé agus an comhordú réigiúnach lenár gcomhpháirtithe Artacha a neartú, lena n-áirítear an Iorua, na Stáit Aontaithe agus Ceanada, chun slándáil, forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus athléimneacht i leith dúshláin gheopholaitiúla agus aeráide a áirithiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé réamh-mheastacháin an Artaigh maidir leis an athrú aeráide a chomhtháthú i bpleanáil eachtrach, slándála agus cosanta sibhialta an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí sainordú agus acmhainní Thoscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chúrsaí Artacha a threisiú chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar bheartas, chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí agus chun dul i dteagmháil le comhpháirtithe Artacha; á iarraidh go rannchuideoidh gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát san Artach le folláine agus cearta na bPobal dúchasach, agus nach ndéanfaidh siad dochar dóibh, de réir Dhearbhú Ottawa 1996; á chur in iúl gur geal léi aon tionscnamh a d’fhéadfadh Rialtas na Graonlainne a dhéanamh chun a naisc pholaitiúla, institiúideacha agus eacnamaíocha le AE a neartú; á iarraidh go gcuirfí an Meabhrán Tuisceana idir AE agus an Ghraonlainn, a síníodh i 2023 chun feidhme, agus é mar aidhm comhpháirtíocht chomhionann agus comhar comhthairbheach a neartú tuilleadh á chur i bhfáth go mba chóir don chomhar seo mar bhonn taca le infheistíochtaí shuntasach AE i dtionscadail bhonneagair inbhuanaithe ar fud slabhra luacha na n-amhábhar, agus i réimsí eile chomh maith chomh maith amhail oideachas, ag cruthú fiúntais fadtéarmach don Aontas agus an Ghraonlainn, agus é ag tacú le tosaíochtaí agus forbairt eacnamaíochta na Graonlainne agus dea-bhail a muintir;

94.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS rannpháirtíocht struchtúrtha le heagraíochtaí réigiúnacha a dhianú — lena n-áirítear ASEAN, an tAontas Afracach, CELAC agus GCC — chun ollstruchtúir slándála réigiúnacha chuimsitheacha a fhorbairt agus freagairtí beartais iltaobhacha a chomhordú amhail:

(a)

comhpháirtíochtaí trasearnálacha maidir le slándáil sláinte;

(b)

éagsúlú comhpháirteach agus slabhraí luacha athléimneacha le comhpháirtithe iontaofa;

(c)

comhar feabhsaithe maidir le bainistiú imirce, urraim do chearta agus dínit an duine, agus cosaint an chirt chun tearmainn;

(d)

comhar feabhsaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar impleachtaí an athraithe aeráide don tsíocháin agus don tslándáil; á thabhairt chun suntais go bhfuil an t-athrú aeráide ar cheann de na dúshláin shuntasacha atá roimh CBES AE; á iarraidh ar AE caitheamh le cosaint aeráide agus taidhleoireacht aeráide mar chuid shuntasach dá bheartas eachtrach;

(e)

iarrachtaí domhanda a athbheochan go tapa chun na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2030;

(f)

cearta na mban a chosaint ar fud an domhain de réir mar a fheicimid frithfhreagairt dhomhanda i gcoinne an chomhionannais inscne;

(g)

tacaíocht chomhchoiteann a chur ar fáil do na Náisiúin Aontaithe, go háirithe don Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus do gach eagraíocht idirnáisiúnta eile atá ríthábhachtach chun seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;

Seasaimh dhoshannta a mheasaimid mar sheasaimh dhosháraithe a bhunú

95.

á athdhearbhú go bhfuil na luachanna agus na prionsabail a chumhdaítear in Airteagail 2, 3(5) agus 21 CAE mar threoir ag AE ina ghníomhaíocht sheachtrach, a spreag féinchruthú, féinfhorbairt agus féinmhéadú AE;

96.

á mheabhrú go mbraitheann inchreidteacht an Aontais ar a chumas gníomhú go comhleanúnach, go háirithe maidir lena ionadaíocht sheachtrach, chomh maith lena chumas gníomhú go cinntitheach agus a shaoránaigh á gcosaint aige agus a chuid leasanna á gcoimirciú aige; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an tairseach le haghaidh gníomhaíocht chinntitheach a chur in iúl go comhsheasmhach agus nach mór a áireamh inti freagairtí gan débhrí ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, cur faoi chois córasach, lena n-áirítear i gcoinne parlaiminteoirí agus an fhreasúra pholaitiúil, agus éilliú tromchúiseach, chomh maith le creachlathas; á chur in iúl go dtacaíonn sí le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (amhail an córas a luaitear i nDlí Magnitsky) a leathnú chun go gcumhdófar cos ar bolg sistéamach agus éilliú; á chur i bhfios go láidir go bhfágann éilliú a bheith á dhéanamh gur féidir sáruithe a dhéanamh ar chearta an duine agus an bonn a bhaint ó phrionsabail dhaonlathacha agus ón smacht reachta agus gur measa iad dís mar gheall ar éilliú a bheith á dhéanamh; á iarraidh ar AE reachtaíocht a fhorbairt atá coibhéiseach le hAcht na Stát Aontaithe um Chleachtais Éillitheacha Eachtracha;

97.

ag spreagadh comhordú níos doimhne le G7 agus le comhpháirtithe daonlathacha eile, lena n-áirítear laistigh de G20, chun freagairtí ar sháruithe ar noirm dhomhanda a ailíniú;

98.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh CBES AE á threorú ag prionsabail a thacaíonn le comhionannas inscne agus le clár oibre maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil; ag tathant go gcoinneofaí iad sin mar chroíphrionsabail CBES AE; ag tathant ar SEGS agus ar an gCoimisiún ról ceannasach AE a choinneáil maidir le cearta na mban a chur chun cinn ar fud an domhain trí Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne a chur chun feidhme go críochnúil agus go huaillmhianach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an fhrithfhreagairt atá ag dul i méid i gcoinne chearta LADTIA+ in áiteanna éagsúla ar fud an domhain;

99.

á iarraidh go mbeadh cur chuige atá íogair do leanaí i mbeartas eachtrach agus slándála AE agus á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhordú neartaithe idir an tAontas Afracach, an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe chun leanaí agus déagóirí atá thíos le cogadh, easáitiú agus/nó géarchéimeanna daonnúla a chosaint;

100.

á thathant go dtabharfaí aird níos mó ar ghéarleanúint na mionlach uile, lena n-áirítear mionlaigh reiligiúnacha amhail Críostaithe; ag cáineadh go láidir an fhoréigin uile i gcoinne mionlach reiligiúnach agus á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht leis na híospartaigh agus lena dteaghlaigh; á athdhearbhú go bhfuil saoirse reiligiúin nó creidimh doscartha ó chearta bunúsacha eile agus gur cheart í a chur chun cinn ar bhealach comhlántach; á iarraidh go ndéanfaí cosaint na saoirse, na smaointeoireachta, an choinsiasa agus an reiligiúin, agus na héagsúlachta a chomhtháthú i ngníomhaíocht sheachtrach AE; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún post an Toscaire Speisialta um chur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas Eorpach a athcheapadh;

101.

á chur i bhfáth gur gá tacú le cosaint na saoirse chun tuairimí a nochtadh ar fud an domhain, lena n-áirítear ar líne, chomh maith le hiolrachas na meán agus iriseoireacht atá bunaithe ar luachanna, go háirithe iriseoireacht iniúchach;

102.

á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún tagarmharcanna soiléire agus trédhearcacha a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar foriomlán smachtbhannaí an Aontais agus an Pharlaimint a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ina leith sin; á chur i bhfáth gur gá forfheidhmiú smachtbhannaí a neartú agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé cuspóir agus éifeachtaí na smachtbhannaí a chur in iúl do shaoránaigh AE agus do thíortha comhpháirtíochta araon chun muinín an phobail agus inchreidteacht idirnáisiúnta a choinneáil; á mheabhrú go bhfuil cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus aonfhoirmeach na mbeart sriantach sna Ballstáit uile riachtanach le haghaidh éifeachtacht agus inchreidteacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais;

103.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá freagairtí tráthúla agus comhordaithe i ngéarchéimeanna, agus béim á leagan ar an bhfíoras go mbraitheann bainistiú éifeachtach géarchéime ar chinnteoireacht mhear, ar imscaradh tapa acmhainní agus ar an gcumas oiriúnú do chásanna atá ag teacht chun cinn, seachas ar phleanáil nó ar insintí amháin;

104.

á aithint go gcuireann an ceanglas maidir le haontoilíocht iallach ar na Ballstáit oibriú gan stad gan staonadh chun comhréiteach agus aontacht a bhaint amach, ar príomhfhoinse é de ghiaráil pholaitiúil an Aontais ar an leibhéal domhanda; á chur i bhfios, áfach, gur cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar an gcomhbhabhtáil idir idéal na haontachta agus costais shuntasacha na haontoilíochta;

105.

á chur in iúl gur oth léi, sa chleachtas, gur bhain Ballstáit aonair úsáid uaireanta as a gceart crosta chun comhaontuithe a chaolú, moill a chur ar chinnteoireacht nó bac a chur ar chomhbheartais; á chur in iúl gur oth léi nár baineadh leas fós as an acmhainneacht maidir le gníomhaíocht eachtrach, slándála agus cosanta atá tapa, éifeachtúil agus éifeachtach, dá bhforáiltear, inter alia, le clásail passerelle CAE;

106.

ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle aistriú de réir a chéile chuig vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí i réimsí CBES nach bhfuil impleachtaí míleata ná cosanta acu, go háirithe i gcomhthéacs ár gcórais smachtbhannaí; ag aithint na n-ábhar imní atá ag roinnt Ballstát maidir le laghdú a mheastar a thiocfaidh ar an tionchar atá acu ar an mbeartas eachtrach agus slándála ar leibhéal an Aontais; á mheabhrú go bhfuil sé de chúram ar an Leas-Uachtarán / Ardionadaí, mar a leagtar amach ina litir mhisin, úsáid a bhaint as forálacha an Chonartha lena gcumasaítear vótáil trí thromlach cáilithe do CBES agus, dá réir sin, ag dréim leis go rachaidh an Leas-Uachtarán / Ardionadaí i mbun idirphlé cuiditheach leis na Ballstáit chuige sin; á mholadh go mbainfí leas iomlán as na féidearthachtaí uile atá ann faoi láthair chun cinntitheacht a fheabhsú i ndáil leis sin agus á iarraidh ar na Ballstáit úsáid níos mó agus níos trédhearcaí a bhaint as staonadh inchiallaithe i gcomhréir le hAirteagal 31(1) CAE i gcásanna nach féidir leo cinneadh a fhormhuiniú ach nach mian leo bac a chur ar ghníomhaíocht chomhchoiteann an Aontais; á chur i bhfáth go neartaíonn an cur chuige sin cumas an Aontais freagairt go tapa agus go comhleanúnach do ghéarchéimeanna idirnáisiúnta, agus ceannasacht náisiúnta á hurramú ag an am céanna, agus go léiríonn sé go bhfuil éifeachtacht níos fearr in CBES indéanta cheana féin gan athrú ar an gConradh; á aithint nach féidir dul chun cinn a dhéanamh i dtreo vótáil trí thromlach cáilithe a chur i bhfeidhm ach de réir a chéile, ag tógáil ar chultúr straitéiseach Eorpach a bhunú;

Tionchar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a sholáthraímid a mhéadú

107.

á chur in iúl gur oth léi gur minic nach mbíonn infheictheacht dhomhanda agus tionchar polaitiúil an Aontais ar aon chéim lena lorg eacnamaíoch, airgeadais agus taidhleoireachta; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an easpa infheictheachta sin mar thoradh ar easpa soiléireachta in ionadaíocht sheachtrach AE uaireanta; á chur i bhfáth gur gá inniúlachtaí an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí, Uachtarán an Choimisiúin agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí a shainiú go soiléir maidir le gníomhaíocht sheachtrach agus ionadaíocht an Aontais ionas go bhfuil tuairim an Aontais comhleanúnach agus go measann a chomhpháirtithe amhlaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún a comhordú le SEGS a neartú i ngníomhaíocht sheachtrach, lena n-áirítear trína áirithiú go gcomhlíontar Airteagail 3(2) agus 9 de Chinneadh SEGS go hiomlán (19), a bhféadfaidh gur gá é a nuashonrú;

108.

á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún labhairt d’aon ghuth; ag tabhairt dá haire gur féidir roinnt dul chun cinn a dhéanamh maidir le CBES trí úsáid a bhaint as na forálacha sna Conarthaí atá ann cheana, amhail an ‘clásal passerelle’; á chur i bhfáth gur cheart foráil a dhéanamh go sonrach sna Conarthaí maidir leis an bhféidearthacht Aontas Eorpach um Chosaint a bhunú, agus gur cheart tacú leis an Leas-Uachtarán / Ardionadaí ina hiarrachtaí a bheith mar phríomhionadaí seachtrach an Aontais i bhfóraim idirnáisiúnta;

109.

ag moladh iarrachtaí an Acadaimh Eorpaigh Taidhleoireachta rannchuidiú le cór taidhleoireachta agus cultúr AE; á iarraidh go n-áireofaí san Acadamh saoránaigh Eorpacha nach taidhleoirí Ballstát iad; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear acmhainní daonna, a leithdháileadh ar an Acadamh;

110.

á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tograí a chur le chéile go pras maidir le struchtúr oibríochtúil ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais amach anseo agus chuige sin moladh ón bParlaimint an 15 Márta 2023, ina ndéantar breithniú ar fheidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú (20);

111.

á iarraidh ar an Leas-Uachtarán / Ardionadaí straitéis cumarsáide chomhleanúnach agus straitéiseach a mholadh lena leagtar béim ar na tairbhí a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus atá mar bhonn agus mar thaca ag cuspóirí an Aontais agus cur i gcoinne feachtais bhréagaisnéise arna n-eagrú ag tíortha nach bhfuil san Aontas ag an am céanna; ag spreagadh SEGS chun láithreacht pholaitiúil AE inár dtíortha comhpháirtíochta a neartú agus ár ngníomhaíocht sheachtrach a dhéanamh níos inrochtana do lucht éisteachta sna tíortha sin, lena n-áirítear trí fheachtais ilteangacha, trí thaidhleoireacht chultúrtha agus trí rannpháirtíocht le geallsealbhóirí áitiúla agus leis na meáin áitiúla; ag tacú le cumarsáid a áireamh mar chritéar feidhmíochta i gclársceidealú SEGS; á chur i bhfáth gur cheart don straitéis sin infheictheacht na dtionscadal arna gcistiú ag an Aontas a neartú freisin le comharthaíocht shoiléir lena n-áirítear na focail ‘an tAontas Eorpach’ agus bratach an Aontais, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí, chun cur i gcoinne aon iarrachtaí an bonn a bhaint de thionscnaimh an Aontais;

112.

á mholadh go mbeadh láithreacht níos feiceálaí ag AE ag cruinnithe mullaigh domhanda, ag fóraim réigiúnacha agus ag ardáin idirghabhála coinbhleachta, ní hamháin trí na Ballstáit ach faoi bhratach infheicthe AE freisin;

113.

á iarraidh go mbeadh cóineasú feabhsaithe ann idir seirbhísí taidhleoireachta an Aontais agus na mBallstát chun sineirgí idir brandáil náisiúnta agus teachtaireachtaí ón Aontas a fheabhsú, i gcomhréir le cur chuige ‘Foireann na hEorpa’;

114.

á chur i bhfios go láidir gur bac mór iad srianta buiséadacha ar infheictheacht agus tionchar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a mhéadú; á chur i bhfáth, gan tosaíocht gheografach agus théamach shoiléir a thabhairt, go bhfuil an baol ann go scaipfear acmhainní teoranta go róthearc chun go mbeadh tionchar straitéiseach acu; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS fíorchleachtas tosaíochta a dhéanamh chun a shainaithint cá háit ar féidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais an toradh polaitiúil agus straitéiseach is mó a thabhairt; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, nach mór don Choimisiún a bheith in ann a áirithiú go rachaidh cistí chun tairbhe don fhaighteoir beartaithe i ndáiríre agus nach mbainfear mí-úsáid astu;

115.

á iarraidh go ndéanfaí SEGS – a cheanncheathrú agus Toscaireachtaí an Aontais araon – a neartú trí na hacmhainní iomchuí airgeadais agus daonna a sholáthar ionas gur féidir leis an Aontas a bheith níos ullmhaithe do dhúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn; á iarraidh go mbeadh SEGS in ann a fhoireann bhuan taidhleoireachta AE a roghnú agus a earcú, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann céim amach ón Acadamh Eorpach Taidhleoireachta, agus cothromaíocht inscne agus gheografach níos cothroime a áirithiú i measc na mBallstát ar gach leibhéal laistigh de SEGS;

116.

á thabhairt chun suntais acmhainneacht straitéiseach thionscnamh Global Gateway feidhmiú ní hamháin mar ardán infheistíochta, ach freisin mar uirlis chun láithreacht agus infheictheacht an Aontais a neartú ar fud an domhain; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tosaíocht tugtha ag an gCoimisiún do chur chun feidhme thionscadail Global Gateway; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí go bhfuil roinnt tionscadal Global Gateway á gcur chun feidhme ag cuideachtaí Síneacha de shárú díreach ar chuspóirí an tionscnaimh rogha mhalartach ar Thionscnamh Creasa agus Bóthair na Síne a chur i láthair agus fíorluach náisiúnta a chruthú i dtíortha comhpháirtíochta; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí faoi imscrúdú láithreach ar na cuideachtaí Síneacha uile atá rannpháirteach in Global Gateway; á athdhearbhú gur cheart do Global Gateway rannchuidiú leis an gcobhsaíocht agus leis an tslándáil dhomhanda, agus athléimneacht na hEorpa á neartú ag an am céanna; á chur i bhfáth, thairis sin, chun tiomantas polaitiúil agus uaillmhianta geopholaitiúla a ailíniú, go bhfuil gá le tiomantas athnuaite do sheachadadh tráthúil, úinéireacht áitiúil níos láidre maidir le tionscadail a shainaithint, agus rannpháirtíocht dhea-shainithe na hearnála príobháidí; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le cur i gcrích tionscadal agus líon na dtionscadal suaitheanta a chuíchóiriú d’fhonn tionchar an tionscnaimh a uasmhéadú; á chreidiúint, ina theannta sin, go n-éilíonn tionscadail Global Gateway cumarsáid phoiblí níos fearr, go háirithe i gcás bainistíocht indíreach le comhpháirtithe cur chun feidhme, amhail oibríochtaí maoinithe cumaiscthe faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus ina bhfuil geallsealbhóirí éagsúla rannpháirteach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar SEGS cumarsáid maidir le gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas a neartú go córasach, lena n-áiritheofar teachtaireachtaí comhleanúnacha, sannadh soiléir agus infheictheacht éifeachtach cheannaireacht agus bhreisluach an Aontais; á chur i bhfios go bhfuil an buiséad EUR 300 billiún a leithdháiltear ar an tionscnamh sin níos lú ná aon trian de scála na dtionscadal atá ar siúl cheana faoi Thionscnamh inchomparáide Creasa agus Bóthair na Síne atá dírithe ar nascacht agus ar bhonneagar; á mholadh go neartófaí ról maoirseachta na Parlaiminte chun cuntasacht agus trédhearcacht níos fearr a áirithiú sa phróiseas cistiúcháin do thionscadail Global Gateway, lena n-áirítear tuairisciú rialta ón gCoimisiún agus ó SEGS, grinnscrúdú parlaiminteach feabhsaithe ar roghnú agus cur chun feidhme tionscadal, agus meastóireacht chórasach ar thorthaí agus ar thionchar;

117.

ag athdhearbhú ról ionadaithe speisialta an Aontais, a chuireann beartais agus leasanna an Aontais chun cinn i réigiúin agus i dtíortha sonracha agus a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le CBES níos láidre agus níos éifeachtaí a fhorbairt trí láithreacht ghníomhach pholaitiúil a chur ar fáil don Aontas i bpríomhthíortha agus i bpríomhréigiúin, ag gníomhú dóibh mar ‘guth’ agus ‘aghaidh’ don Aontas; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh sainordú leathan solúbtha ag ISAEnna, a bheadh in ann dul in oiriúint do chúinsí geopholaitiúla atá ag athrú chun beartais agus leasanna an Aontais a chur chun cinn i réigiúin agus i dtíortha sonracha; á áitiú nár cheart go ndéanfaí ionadaithe speisialta nua an Aontais a cheapadh ach amháin tar éis éisteacht sa Pharlaimint;

118.

á iarraidh go mbeadh cur chuige athnuaite ann maidir le taidhleoireacht choisctheach mar uirlis réamhghníomhach beartais sheachtraigh chun teacht roimh choimhlint idir páirtithe, chun idirghabháil a dhéanamh ina leith agus í a réiteach go síochánta; á iarraidh ar SEGS uirlisí taidhleoireachta coisctheacha an Aontais a chomhtháthú laistigh de shásraí agus i ngníomhaíochtaí coisctheacha struchtúracha, amhail, comhaontuithe polaitiúla i measc gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le coinbhleachtaí, idirphlé náisiúnta le haghaidh an athmhuintearais, cothú na síochána agus an cheartais idirthréimhsigh, chomh maith le coimisiúin um fhírinne agus um athmhuintearais;

119.

á mheabhrú go bhfuil dlúthbhaint idir feidhmiú a feidhme buiséadaí ag an bParlaimint agus an fheidhm atá aici maidir le grinnscrúdú agus comhairliúchán daonlathach; á chur i bhfios go láidir, in CBES, ina bhfuil CBSC, go bhfeidhmíonn an Pharlaimint a feidhm bhuiséadach i gcomhpháirt leis an gComhairle; á mheabhrú go bhfeidhmíonn an Pharlaimint feidhm an rialaithe pholaitiúil agus an chomhairliúcháin pholaitiúil maidir leis na beartais sin dá dtagraítear in Airteagal 36 CAE;

120.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hainmníocht bhuiséadach níos mionsonraithe i mbuiséad CBES, chomh maith leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais araon, lena lamháiltear don údarás buiséadach tosaíochtaí beartais agus geografacha a leagan síos faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil;

121.

ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfí chun cinn bunú córais sreafa uathoibríoch agus leanúnaigh faisnéise ó na Ballstáit chuig SEGS maidir le saincheisteanna eachtracha agus slándála a tharlaíonn lasmuigh den Aontas; á iarraidh, i ndáil leis sin, go neartófaí Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh, Lárionad Freagartha Géarchéime SEGS agus Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh trína bhfoirne agus a n-acmhainní airgeadais a fheabhsú, mar aon lena gcumais; ag tathant go gcuirfí feabhas ar phrótacail slándála na seirbhísí a oibríonn ar fhaisnéis agus/nó le faisnéis íogair;

122.

á mheabhrú go bhfuil ról ar leith le himirt ag an bParlaimint maidir le infheictheacht agus tionchar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chomhlánú, agus ar an gcaoi sin iarrachtaí sheirbhísí taidhleoireachta an Aontais agus na mBallstát a chomhlánú;

123.

á chreidiúint go bhfuil gá le formhaoirseacht pharlaiminteach níos láidre ar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear rochtain rialta agus thráthúil, ach slán, ar fhaisnéis rúnda agus idirphlé struchtúrtha i gcomhréir le hAirteagal 36 CAE; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le níos mó aiseolais ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ó SEGS faoi na bearta a rinneadh agus na héifeachtaí a baineadh amach, chun moltaí na Parlaiminte, arna leagan amach sna rúin ar chúrsaí a bhaineann le gnóthaí eachtracha, a chomhlíonadh; á chur i bhfáth nach féidir le maoirseacht dhaonlathach a bheith éifeachtach gan fíor-rochtain ar fhaisnéis agus measúnuithe rúnaicmithe, agus ag tathant go ndéanfaí feabhsuithe ar Chomhaontú Idirinstitiúideach 2002 chun é a chur in oiriúint do na réaltachtaí slándála atá ann faoi láthair;

124.

á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn gach iarraidh a ardaítear thuas freagairt iomchuí i scríbhinn ón Leas-Uachtarán / Ardionadaí; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí freagairt d’iarrataí agus d’ábhair imní na Parlaiminte go pras agus i scríbhinn; á mheas nach féidir le ráitis ó bhéal sa choiste nó sa suí iomlánach a bheith ina bhfreagairt leordhóthanach ach amháin i gcásanna eisceachtúla nó práinneacha; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs dúshlánach geopholaitiúil atá ann faoi láthair, go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le dlúthchomhar agus comhpháirtíocht idir an Pharlaimint agus an Leas-Uachtarán / Ardionadaí; á chur i bhfios go láidir gur roghanna bunúsacha i gcónaí iad cinntí CBES nó CBSC lena mbaineann caiteachas do na beartais sin agus nach mór go mbeidís faoi réir formhaoirseacht pharlaiminteach; ag dréim le malartuithe níos córasaí sula nglacfar sainorduithe agus straitéisí CBES, agus le sreabhadh faisnéise feabhsaithe maidir le caibidlíocht agus le cur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta, chomh maith le meabhráin tuisceana;

°

° °

125.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.


(1)  Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0096.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0160.

(3)   IO C 167, 11.5.2023, lch. 18.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0221.

(5)   IO C, C/2025/2147, 23.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2147/oj.

(6)   IO C 298, 30.11.2002, lch. 1.

(7)   IO C, C/2024/5719, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5719/oj.

(8)   IO C, C/2025/487, 29.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/487/oj.

(9)  Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0170.

(10)   IO C, C/2024/6739, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6739/oj.

(11)   IO L, 2025/2600, 13.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2600/oj.

(12)  Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0312.

(13)  Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0199.

(14)  An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile, (IO L 147, 21.6.2000, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2000/384/oj).

(15)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).

(16)  Dearbhú Comhpháirteach – 7ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach (AA) agus an tAontas Eorpach (AE), an 25 Samhain 2025.

(17)  Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (IO L, 2023/2862, 28.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2862/oj).

(18)   Dearbhú Comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh 2025 idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh, Santa Marta, an Cholóim, an 9 Samhain 2025.

(19)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj).

(20)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2023 chuig an gComhairle agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina ndéantar breithniú ar fheidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú, (IO C, C/2023/410, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/410/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3688/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top