This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026IP0005
P10_TA(2026)0005 – Humanitarian aid in a time of polycrisis – reaffirming our principles for a more effective and ambitious response to humanitarian crises – European Parliament resolution of 20 January 2026 on humanitarian aid in a time of polycrisis – reaffirming our principles for a more effective and ambitious response to humanitarian crises (2025/2085(INI))
P10_TA(2026)0005 — Cabhair dhaonnúil tráth il-ghéarchéime – ag athdhearbhú ár bprionsabal chun freagairt níos éifeachtaí agus níos uaillmhianaí a thabhairt ar ghéarchéimeanna daonnúla — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2026 maidir le cabhair dhaonnúil tráth il-ghéarchéime – ag athdhearbhú ár bprionsabal chun freagairt níos éifeachtaí agus níos uaillmhianaí a thabhairt ar ghéarchéimeanna daonnúla (2025/2085(INI))
P10_TA(2026)0005 — Cabhair dhaonnúil tráth il-ghéarchéime – ag athdhearbhú ár bprionsabal chun freagairt níos éifeachtaí agus níos uaillmhianaí a thabhairt ar ghéarchéimeanna daonnúla — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2026 maidir le cabhair dhaonnúil tráth il-ghéarchéime – ag athdhearbhú ár bprionsabal chun freagairt níos éifeachtaí agus níos uaillmhianaí a thabhairt ar ghéarchéimeanna daonnúla (2025/2085(INI))
IO C, C/2026/3684, 5.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3684/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3684 |
5.8.2026 |
P10_TA(2026)0005
Cabhair dhaonnúil tráth il-ghéarchéime – ag athdhearbhú ár bprionsabal chun freagairt níos éifeachtaí agus níos uaillmhianaí a thabhairt ar ghéarchéimeanna daonnúla
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2026 maidir le cabhair dhaonnúil tráth il-ghéarchéime – ag athdhearbhú ár bprionsabal chun freagairt níos éifeachtaí agus níos uaillmhianaí a thabhairt ar ghéarchéimeanna daonnúla (2025/2085(INI))
(C/2026/3684)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 208 agus 214 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 3(5) agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), |
|
— |
ag féachaint do Choinbhinsiúin na Ginéive 1949 agus dá bPrótacail Bhreise, |
|
— |
ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, arna dhaingniú ag AE agus ag a Bhallstáit uile, |
|
— |
ag féachaint do Rún 2730 (2024) an 24 Bealtaine 2024 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint pearsanra dhaonnúil agus pearsanra de chuid na Náisiún Aontaithe agus pearsanra chomhlachaithe le linn coinbhleacht armtha, |
|
— |
ag féachaint do Rún 1325 (2000) an 31 Deireadh Fómhair 2000 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil, agus do na naoi rún ghaolmhara ina dhiaidh sin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena leagtar amach an clár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, |
|
— |
ag féachaint do Chomhdháil Idirnáisiúnta 1994 maidir le Daonra agus Forbairt a tionóladh i gCaireo, dá Clár Gníomhaíochta agus do thorthaí a comhdhálacha athbhreithnithe, |
|
— |
ag féachaint d’Ardán Bhéising le haghaidh Gníomhaíochta agus do thorthaí a chomhdhálacha athbhreithnithe, |
|
— |
ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil (1), |
|
— |
ag féachaint do chomhaontú an Mhargaidh Mhóir a síníodh an 23 Bealtaine 2016, do na tuarascálacha neamhspleácha bliantúla maidir leis, go háirithe tuarascáil 2021, agus do chreat Mhargadh Mór 2.0 agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis a tíolacadh ag cruinniú bliantúil an Mhargaidh Mhóir idir an 15 agus an 17 Meitheamh 2021, agus do ghealltanais athnuaite a rinneadh ag cruinniú bliantúil an Mhargaidh Mhóir idir an 19 agus an 20 Meitheamh 2023, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an 23 Lúnasa 2016 ar thoradh an Chruinnithe Mullaigh Dhomhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla agus na gealltanais a thug na rannpháirtithe ag an gcruinniú mullaigh sin, |
|
— |
ag féachaint don ‘athshocrú daonnúil’ a mhol Fo-Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Daonnúla agus Comhordaitheoir na Fóirithinte Éigeandálaí Tom Fletcher i dteachtaireacht chuig Buanchoiste Idirghníomhaireachta na Náisiún Aontaithe an 10 Márta 2025 (2), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht an 10 Márta 2021 ón gCoimisiún maidir le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna (COM(2021)0110), |
|
— |
ag féachaint do Threochlár an Aontais um Chearta na mBan ón gCoimisiún, |
|
— |
ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an gComhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan i nGníomhaíocht Sheachtrach (GAP III), |
|
— |
ag féachaint do threoirlínte nuashonraithe an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn (3), |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 10 Nollaig 2018 maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus do Chur Chuige Straitéiseach an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS), |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais, an 22 Bealtaine 2023 maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbearna cistiúcháin daonnúil, an 7 Bealtaine 2024 maidir le cosaint i suíomhanna daonnúla, agus an 24 Meitheamh 2024 i ndáil leis an nuashonrú ar Threoirlínte an Aontais maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha, |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Nollaig 2024 maidir le dlús a chur le tacaíocht Fhoireann na hEorpa don tslándáil bia agus don chothú ar fud an domhain, |
|
— |
ag féachaint d’Ionchas Domhanda 2025 um an gClár Domhanda Bia, |
|
— |
ag féachaint d’Fhorléargas Daonnúil Domhanda 2025 ó Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil 2025 ó Mhná na Náisiún Aontaithe ‘At a breaking point: The impact of foreign aid cuts on women’s organizations in humanitarian crises worldwide’ [Ag pointe briste: Tionchar na gciorruithe cabhrach eachtraí ar eagraíochtaí ban i ngéarchéimeanna daonnúla ar fud an domhain]. |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil 2024 ó Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge maidir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus na dúshláin a bhaineann le coinbhleachtaí armtha comhaimseartha, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil 2025 maidir le Stáit Leochaileachta ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil speisialta 15/2025 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 18 Meitheamh 2025 maidir le cabhair dhaonnúil an Aontais faoi chianbhainistíocht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ó Equal Measures 2030 dar teideal ‘Findings from the 2024 SDG Gender Index – A gender equal future in crisis?’ [Torthaí ó Innéacs Inscne SFI 2024 – Comhionannas Inscne sa Todhchaí i mbaol?], |
|
— |
ag féachaint do ráiteas ó airí gnóthaí eachtracha G7 an 13 Bealtaine 2022 maidir le réamhghníomhaíocht sa chúnamh daonnúil a neartú, |
|
— |
ag féachaint do dhoiciméad toraidh an Cheathrú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú na Forbraíochta, dá ngairtear ‘Gealltanas Sevilla’ (Compromiso de Sevilla) freisin, |
|
— |
ag féachaint do nóta treorach 2023 ón Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil (AS ECHO) dar teideal ‘Promoting Equitable Partnerships with Local Responders in Humanitarian Settings’ [Comhpháirtíochtaí Cothroma le Freagróirí a chur chun cinn i Suíomhanna Daonnúla], |
|
— |
ag féachaint do Dhearbhú na nDeontóirí Daonnúla maidir leis an aeráid agus an comhshaol ó mhí an Mhárta 2022, |
|
— |
ag féachaint do na gealltanais maidir le ‘comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta (DDI) a neartú trína chur chun cinn, a scaipeadh agus a chur chun feidhme’ agus maidir le ‘pearsanra daonnúil agus leighis a chosaint’ a ghlac AE agus a Bhallstáit agus a gCumainn Náisiúnta ag an 34ú Comhdháil Idirnáisiúnta de Ghluaiseacht na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg, |
|
— |
ag féachaint don ghealltanas maidir le ‘díbhlocáil agus rochtain dhaonnúil a éascú: níos mó rannpháirtíocht pholaitiúil agus taidhleoireachta agus níos mó tacaíochta don lucht daonnúil’, a ghlac an tAontas agus a Bhallstáit ag an 34ú Comhdháil Idirnáisiúnta de Ghluaiseacht na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg, |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú (4), |
|
— |
ag féachaint dá rún an 24 Meitheamh 2021 ar staid na sláinte agus na gceart gnéis agus atáirgthe san Aontas, faoi chuimsiú shláinte na mban (5), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 29 Samhain 2018 maidir le staid na mban faoi mhíchumas (6), |
|
— |
ag féachaint do rúin uaithi maidir le cabhair dhaonnúil, go háirithe rúin an 15 Nollaig 2021 maidir le treoshuíomhanna nua do ghníomhaíocht dhaonnúil an Aontais (7), agus an 6 Iúil 2022 maidir le haghaidh a thabhairt ar shlándáil bia i dtíortha i mbéal forbartha (8), agus an 23 Samhain 2023 maidir leis an gcaoi chun straitéis nuálach maidir le cabhair dhaonnúil a fhorbairt: aird a tharraingt ar ghéarchéimeanna reatha agus ar ghéarchéimeanna atá ligthe i ndearmad (9), |
|
— |
ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A10-0257/2025), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo roimh an gcóras daonnúil iltaobhach mar gheall ar líon ard daoine a dteastaíonn cúnamh daonnúil práinneach uathu agus líon méadaitheach comhthéacsanna leochaileacha, lena n-áirítear líon méadaitheach coinbhleachtaí armtha i gcomparáid le 2023; de bhrí, in 2025, go mbeidh thart ar 305 mhilliún duine ar fud an domhain a dteastóidh cúnamh daonnúil práinneach agus cosaint phráinneach uathu (10); de bhrí go dtagraíonn il-ghéarchéim do shraith géarchéimeanna casta agus idirnasctha a tharlaíonn ag an am céanna (11); |
|
B. |
de bhrí go meastar go bhfuil os cionn 319 milliún duine ag dul i ngleic le géar-neamhshlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain, agus thart ar 70 % díobh ina gcónaí i suíomhanna leochaileacha nó i suíomhanna ina bhfuil coinbhleacht (12), áit a bhfuil ocras ar thart ar dhuine as gach cúigear; de bhrí go bhfuil comhar idirnáisiúnta, go háirithe le comhpháirtithe atá in ann cabhair shuntasach a chur ar fáil, lena n-áirítear comhar trasatlantach, ríthábhachtach i gcónaí chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, go háirithe i réimse na slándála bia; |
|
C. |
de bhrí go dtiocfar ar os cionn 90 % den bhochtaineacht dhomhanda san Afraic faoi 2030; de bhrí go bhfuil tairbhí an chothaithe, na sláinte agus an oideachais ríthábhachtach chun go dtiocfadh an daonra sin slán as sáinn na bochtaineachta; de bhrí, in 2025, go meastar go mbeidh na riachtanais dhaonnúla is airde in Oirthear agus i nDeisceart na hAfraice, áit a bhfuil cabhair dhaonnúil de dhíth ar 85 mhilliún duine; de bhrí gurb ionann an ghéarchéim sa tSúdáin amháin agus 35 % de na riachtanais sin; |
|
D. |
de bhrí go bhfuil an staid san Afganastáin ag cur brú níos mó fós ar acmhainní daonnúla atá faoi bhrú cheana féin agus ag déanamh cruachás na milliún níos measa, lena n-áirítear mná agus cailíní, atá ag streachailt chun teacht slán; |
|
E. |
de bhrí go bhfuil os cionn 122 mhilliún duine easáitithe go héigeantach ar fud an domhain, mar atá doiciméadaithe ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), agus beagnach 60 % díobh ina gcónaí i suíomhanna leochaileacha nó i suíomhanna ina bhfuil coinbhleacht, agus gur ó na suíomhanna sin a thagann os cionn 70 % d’iarrthóirí tearmainn a thagann isteach san Aontas (13); |
|
F. |
de bhrí go bhfuil géarchéim ollmhór chistiúcháin os comhair an chórais dhaonnúil; de bhrí nár comhlíonadh ach 43 % den achainí USD 50 billiún ó na Náisiúin Aontaithe ar chabhair dhaonnúil in 2024; de bhrí gur measa fós an staid agus gur tháinig meath, ar ábhar imní é, ar chistiú domhanda do thionscnaimh dhaonnúla, sláinte, comhionnanais inscne agus aeráide mar thoradh ar dhíchóimeáil chláir Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) agus ar an laghdú ar chabhair eachtrach ó phríomhdheontóirí eile, lena n-áirítear roinnt Ballstát AE; de bhrí nár sroicheadh ach 13 % (14) den chistiú is gá d’achainí 2025 na Náisiún Aontaithe ar chabhair dhaonnúil chun cabhrú le 188 milliún duine in 72 thír faoi mhí Iúil 2025; de bhrí, mar gheall ar chiorruithe USAID, go bhfuil níos mó ná 14 mhilliún duine i mbaol báis faoi 2030; de bhrí go ndéanann sé sin difear freisin do níos mó ná 4,5 milliún leanbh faoi bhun cúig bliana d’aois (15); de bhrí go bhfuil na ciorruithe ar chistiú ag cur leis an ngéarchéim ocrais nuair a bhíonn neamhshlándáil ghéar an tsoláthair bia níos airde ná riamh; de bhrí, go bhfuil tionchar díréireach ag na ciorruithe sin ar mhná, ar chailíní, ar dhaoine faoi mhíchumas, agus orthu siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta, rud a chuireann leis na neamhionannais atá ann cheana (16); de bhrí go bhfuil eagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta faoi stiúir na mban agus eagraíochtaí um chearta na mban i measc na n-eagraíochtaí is mó atá buailte; de bhrí go gcuirtear sábháilteacht agus folláine daoine easáitithe ina dtír féin, dídeanaithe agus grúpaí leochaileacha i mbaol tuilleadh de bharr na gciorruithe sin; de bhrí go bhfuil tionchar tubaisteach ag na ciorruithe sin ar an tsláinte dhomhanda — rud a mhéadaíonn tuilleadh an bhásmhaireacht, an ghalracht agus an míchumas foriomlán mar gheall ar rochtain mhíchothrom ar chóireáil agus cosc galar, ar sheirbhísí agus earraí bunúsacha, agus ar an riosca ráigeanna galar tógálach, agus paindéimí — agus ar an tslándáil bia; |
|
G. |
de bhrí go bhfuil míchothromaíochtaí suntasacha ann sa chistiú idir achainíocha daonnúla, rud a léiríonn go bhfuil níos mó géarchéimeanna á ligean i ndearmad; de bhrí go sainmhínítear géarchéimeanna atá ligthe i ndearmad mar ghéarchéimeanna daonnúla tromchúiseacha fadtréimhseacha i gcás nach bhfuil cabhair idirnáisiúnta ar bith á fáil ag pobail atá buailte nó nach bhfuil cabhair idirnáisiúnta leordhóthanach á fáil acu agus i gcás nach bhfuil aon tiomantas polaitiúil ann an ghéarchéim a réiteach, mar gheall, i bpáirt, ar easpa spéise sna meáin; |
|
H. |
de bhrí nach leor an chabhair dhaonnúil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair, rud a fhágann go mbaintear gnáthúsáid as an gCúlchiste um Chabhair Éigeandála; de bhrí nach mór do AE a iarraidh ar ghníomhaithe eile dlús a chur lena n-iarrachtaí maidir le cabhair dhaonnúil; de bhrí nach amháin gur cheart don chabhair dhaonnúil tacú le pobail áitiúla, ach gur cheart di iad a shlógadh freisin agus páirt a thabhairt dóibh in iarrachtaí fóirithinte; |
|
I. |
de bhrí go bhfuil ról an naisc idir an chabhair dhaonnúil, an fhorbairt agus an tsíocháin ríthábhachtach i suíomhanna daonnúla toisc go gcothaíonn sé comhordú, comhar agus comhsheasmhacht i measc na n-earnálacha chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna géarchéimeanna fada chomh maith le fóirithint láithreach a chur ar fáil; de bhrí go rannchuidíonn AE agus a Bhallstáit go comhpháirteach 42 % den chabhair dhomhanda um fhorbairt; de bhrí go dtuarann ECFE go dtiocfaidh laghdú 9 go 17 % ar chúnamh oifigiúil forbraíochta (COF) in 2025 (17); de bhrí, faoi 2027, go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún suas le EUR 300 billiún a shlógadh tríd an tionscnamh Global Gateway in infheistíochtaí inbhuanaithe agus cuimsitheacha; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige agus straitéis speisialta AE i gcomhthéacsanna leochaileacha; |
|
J. |
de bhrí go bhfuil an choinbhleacht, an t-athrú aeráide agus tosca eacnamaíocha ar na trí phríomhchúis atá leis an méadú ar riachtanais dhaonnúla, agus gur gníomhaíochtaí an duine is cúis leo agus gur féidir iad a aisiompú le hiarrachtaí comhbheartaithe agus comhpháirteacha; de bhrí gur shroich líon na gcoinbhleachtaí armtha a taifeadadh buaicphointe in 2023; de bhrí go bhfuil na hiarmhairtí a bhaineann leis an athrú aeráide agus an díghrádú ar an gcomhshaol mar chúis le héagobhsaíocht agus coinbhleachtaí méadaithe, guaiseacha a bhaineann leis an aeráid, tubaistí nádúrtha, ganntanas acmhainní lena n-áirítear neamhshlándáil uisce agus bia, easáitiú inmheánach agus imirce neamhrialta, lena ndéantar difear díréireach do mhná agus do ghrúpaí leochaileacha; |
|
K. |
de bhrí go bhfuil méadú scanrúil tagtha ar dhiúltú rochtana daonnúla sábháilte gan bhac do dhaoine atá i ngátar in go leor comhthéacsanna, lena n-áirítear le linn coinbhleachtaí, tubaistí nádúrtha agus ráigeanna galar, ag fórsaí rialtais agus i limistéir atá á rialú ag gníomhaithe armtha neamhstáit araon, rud atá níos measa fós mar gheall ar an méadú atá tagtha ar threochtaí contúirteacha agus creimneacha i léirmhíniú agus i gcur i bhfeidhm an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta agus phrionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamhspleáchais; de bhrí gur sárú ar oibleagáidí faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta é rochtain dhaonnúil a dhiúltú d’aon ghnó agus í a úsáid mar uirlis troda chun cláir oibre pholaitiúla agus mhíleata a chur chun cinn; |
|
L. |
de bhrí go bhfuil sáruithe leanúnacha agus forleathana ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine mar thoradh ar easpa measa ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, le hionsaithe d’aon ghnó ar shibhialtaigh, scriosadh bonneagair fhíor-riachtanaigh, amhail scoileanna agus ospidéil, spriocdhíriú ar oibrithe daonnúla, foréigean gnéasach forleathan agus earcú leanaí mar chomhraiceoirí; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon agus ar thionchar na ngníomhaithe armtha neamhstáit i gcoinbhleachtaí domhanda agus go ndearna na grúpaí armtha neamhstáit sin cuid de na hionsaithe is marfaí ar shibhialtaigh; de bhrí go bhfuil líon gan fasach ionsaithe ar oibrithe daonnúla agus ar phobail shibhialtacha agus ar bhonneagar sibhialtach ag eascairt as na coinbhleachtaí in Gaza agus sa tSúdáin den chuid is mó (18); |
|
M. |
de bhrí, de réir na Náisiún Aontaithe, in 2023 go raibh níos mó ná 600 milliún bean agus cailín ina gcónaí laistigh de 50 ciliméadar de limistéar coinbhleachta, atá níos mó ná 50 % níos airde le hais deich mbliana ó shin; |
|
N. |
de bhrí go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar an bhforéigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht ar an iomlán, agus 3 688 gcás fíoraithe d’fhoréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht á dtaifeadadh ag na Náisiúin Aontaithe in 2023, a bhí 50 % níos airde ná an bhliain roimhe sin, agus gurbh ionann mná agus cailíní agus 95 % de na cásanna fíoraithe, agus gur leanaí iad 32 % de na híospartaigh (19); |
|
O. |
de bhrí, in aimsir coinbhleachta agus géarchéime, gur minic a dhéantar neamhionannais inscne atá ann cheana a ghéarú, rud a fhágann go ndéantar difear díréireach do mhná agus do chailíní, amhail ón easáitiú agus ón bhforéigean inscnebhunaithe, chun eisiamh ó sheirbhísí tarrthála agus ó phróisis chinnteoireachta; de bhrí gur minic a bhíonn leochaileachtaí breise agus trasnacha nach mór a chur san áireamh ag mná, cailíní sna déaga de bhlianta d’aois, daoine faoi mhíchumas, daoine dúchasacha, daoine LADTIA+ agus daoine scothaosta; de bhrí go bhfuil sciar na cabhrach déthaobhaí le cuspóirí comhionannais inscne san earnáil dhaonnúil íseal go stairiúil, agus go bhfuil laghdú breise tagtha air le blianta beaga anuas, marbhánta ag 17 % (20) in 2021-22; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag mná i suíomhanna daonnúla mar chéadfhreagróirí; de bhrí go sábhálann infheistíocht i gcomhionannas inscne beathaí i suíomhanna daonnúla; de bhrí go bhfuil fianaise ann go dtugann clársceidealú daonnúil inscne-fhreagrúil torthaí arda, eadhon USD 8 in aghaidh gach USD 1 a infheistítear (21), agus dúshláin fós ann maidir le tosaíocht a thabhairt; |
|
P. |
de bhrí gur sárú ar chearta an duine é foréigean in aghaidh na mban d’aon chineál (foréigean fisiciúil, gnéasach, síceolaíoch, eacnamaíoch nó cibearfhoréigean), gur cineál tromchúiseach idirdhealaithe in aghaidh na mban é agus go bhfuil sé ar cheann de na príomhchonstaicí ar chomhionannas inscne a bhaint amach; |
|
Q. |
de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an ionstraimiú atá á dhéanamh ag gluaiseachtaí frith-inscne ar ghéarchéimeanna daonnúla chun cur i gcoinne an chomhionannais inscne agus chun eagraíochtaí na mban a dhídhlisteanú, lena n-áirítear i dtíortha comhpháirtíochta AE; |
|
R. |
de bhrí gurb ionann leanaí agus leath den daonra atá buailte ag géarchéimeanna agus go bhfuil sárú ar a gcearta ag tarlú ar leibhéil scanrúla, rud atá níos measa fós mar gheall ar laghdú ollmhór ar chistiú do thionscnaimh agus do chláir atá leanbhlárnach; de bhrí go bhfuil os cionn 473 mhilliún leanbh — níos mó ná leanbh amháin as gach seisear leanaí ar fud an domhain — ina gcónaí anois i gceantair atá buailte ag coinbhleacht; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar earcú saighdiúirí linbh; de bhrí gur dóchúla go marófar nó go gciorrófar leanaí ná daoine fásta, go n-earcóidh grúpaí armtha iad agus go sárófar go gnéasach iad; de bhrí go meastar go bhfuil níos mó ná 52 mhilliún leanbh i dtíortha ina bhfuil coinbhleacht lasmuigh den scoil (22); |
|
S. |
de bhrí go gcuireann eaglaisí agus eagraíochtaí reiligiúnacha, a bhuí leis an muinín atá acu laistigh de phobail, a gcumas oibrithe deonacha a shlógadh agus iad a bheith i láthair go minic i limistéir ar deacair teacht orthu, breisluach uathúil ar fáil don fhreagairt ar ghéarchéimeanna; de bhrí go bhfuil a dtiomantas fadtéarmach agus a gcur chuige iomlánaíoch maidir le tacaíocht (cúnamh ábhartha agus síceasóisialta a chomhcheangal) ríthábhachtach chun athléimneacht agus síocháin mharthanach a chothú; |
Urraim do DDI a áirithiú agus an gá atá le straitéis taidhleoireachta daonnúla de chuid an Aontais
|
1. |
á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin do chistiú daonnúil, agus an tAontas agus a Bhallstáit fós ar an deontóir is mó ar domhan maidir le cúnamh daonnúil riachtanaisbhunaithe; á áitiú go bhfuil oibleagáid agus freagracht ar gach stát agus ar gach páirtí i gcoinbhleacht DDI agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine a urramú agus a áirithiú, gur gá tosaíocht a thabhairt do chosaint sibhialtach (PoC) agus go leanfaidh siad sin de bheith ina gcuspóir bunriachtanach de ghníomhaíocht sheachtrach AE, lena n-áirítear a chabhair dhaonnúil; á iarraidh ar AE leanúint de lárnacht phrionsabail dhaonnúla dhoshannta na daonnachta, na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamhspleáchais a threisiú — ar mó ná riamh an brú orthu — agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn trí chur chuige daonnúil atá bunaithe ar phrionsabail agus ar riachtanais a chur i bhfeidhm, ag staonadh ó chomhpháirtíochtaí a bhainfeadh an bonn de na prionsabail sin; á mheabhrú, de réir Airteagal 3(5) CAE, go ndéanfaidh an tAontas cosaint chearta an duine a chur chun cinn agus go rannchuideoidh sé leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n-áirítear urraim do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, agus go seasfaidh sé leis an gcomhionannas inscne mar cheann dá chroíphrionsabail, i gcomhréir le hAirteagal 2 CAE, i bhfianaise na díthosaíochta atá á déanamh faoi láthair ar chabhair dhaonnúil, go háirithe do mhná agus do chailíní; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain uilíoch ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe a chur chun cinn mar chuid de ghníomhaíocht dhaonnúil an Aontais agus a thábhachtaí atá tiomantas an Aontais rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte atáirgthe agus máithreacha a áirithiú; |
|
2. |
á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú atá tagtha ar sháruithe DDI le blianta beaga anuas — ar tuairiscíodh cuid acu mar mhodhanna straitéiseacha cogaíochta; á chur in iúl gur saoth léi an laghdú ar an spás daonnúil agus ídiú na hurraime do DDI agus do na prionsabail dhaonnúla, ar bacainní suntasacha iad ar sholáthar cúnaimh tarrthála i roinnt suíomhanna atá buailte ag coinbhleacht; ag cáineadh go láidir an mhéadaithe scanrúil atá tagtha ar ionsaithe ar phobail shibhialtacha agus ar an mbonneagar atá riachtanach chun go dtiocfaidh siad slán, sáruithe tromchúiseacha in aghaidh leanaí, agus ionsaithe in aghaidh oibrithe cabhrach daonnúla; ag cáineadh na neamhairde follasaí ar chosaint saoráidí liachta le hionsaithe i gcoinne ospidéal i mbeagnach gach coinbhleacht, de shárú ar Rún 2286 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 3 Bealtaine 2016 maidir le cosaint an lucht créachtaithe agus an lucht breoite, pearsanra liachta agus pearsanra dhaonnúil le linn coinbhleacht armtha, á iarraidh go dtabharfaí déantóirí na n-ionsaithe córasacha sin chun cuntais, agus á iarraidh ar AE breithniú a dhéanamh ar smachtbhannaí i gcoinne gníomhaithe stáit nó neamhstáit a chuireann bac d’aon ghnó ar rochtain dhaonnúil; |
|
3. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíochtaí a neartú chun sáruithe ar DDI a chosc agus chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí san fhaireachán a dhéantar ar sháruithe ar DDI trí shonraí a bhailiú ar bhealach neamhchlaonta agus neamhspleách agus trí abhcóideacht atá níos éifeachtaí agus bunaithe ar fhianaise chun déantóirí coire a thabhairt chun cuntais; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le sásraí chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhúshláin maidir le rochtain dhaonnúil i suíomhanna ina bhfuil coinbhleacht; |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Rún 2730 (2024) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, maidir le cosaint pearsanra dhaonnúil agus pearsanra de chuid na Náisiún Aontaithe agus pearsanra chomhlachaithe le linn coinbhleacht armtha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil oibleagáid ann faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta pearsanra daonnúil a urramú agus a chosaint, chomh maith lena thábhachtaí atá sé tacú le gníomhaíocht dhaonnúil neamhspleách, neodrach agus neamhchlaonta tríd an spás daonnúil a chaomhnú ar ionsaithe díreacha, ar thionchair neamhbheartaithe na mbeartas frithsceimhlitheoireachta agus na gcóras smachtbhannaí, ar pholaitiú chomh maith le hinsintí míthreoracha; |
|
5. |
á iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla chun cur chun feidhme éifeachtach na gcosaintí sábháilteachta agus slándála d’oibrithe daonnúla a áirithiú, i gcomhréir le Rún 2730 (2024) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear imscrúduithe, trédhearcacht agus fiosrúcháin neamhchlaonta a bhunú maidir le sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá leochaileacht níos mó na foirne áitiúla a chur san áireamh, a bhfuil rioscaí méadaithe dá sábháilteacht agus dá slándáil os a gcomhair, agus a gcosaint shonrach a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le bearta sábháilteachta agus slándála chun oibrithe daonnúla a chosaint, agus cuntasacht a éileamh as ionsaithe orthu; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sásraí mearfhreagartha lena gcuirtear cúnamh airgeadais, dlíthiúil agus síceasóisialta ar fáil láithreach d’oibrithe daonnúla a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar ghabháil, imeaglú nó teagmhais slándála eile, agus leas á bhaint as samhlacha amhail an tionscnamh ‘Protect Aid Workers’; |
|
6. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil méadú ag teacht ar bhagairtí, ciapadh agus coiriúlú chosantóirí chearta an duine agus oibrithe daonnúla deonacha i suíomhanna coinbhleachta agus géarchéime; á iarraidh ar AE a gcosaint a áireamh mar thosaíocht ina rannpháirtíocht dhaonnúil; á chur in iúl gur saoth léi na hiarrachtaí méadaitheacha chun cabhair dhaonnúil a choiriúlú gan forais dhlisteanacha imní, go háirithe idirghabhálacha tarrthála do dhaoine atá ag teitheadh ó choinbhleacht, ó fhoréigean, ó ghéarleanúint nó ó bhochtaineacht; á iarraidh go nglacfaí creat dlíthiúil cosantach chun aghaidh a thabhairt ar choiriúlú cabhrach, chun saoirse ó phionós a chomhrac, agus chun díolúintí daonnúla a áireamh i gcórais smachtbhannaí, chomh maith le bearta chun coiriúlú oibrithe daonnúla a chosc trí dhlíthe frithsceimhlitheoireachta; |
|
7. |
á dhearbhú go dtacaíonn sí leis an iltaobhachas a bhfuil na Náisiúin Aontaithe ina chroílár; á chur i bhfios go láidir nach mór oibríochtaí an Aontais a chomhordú agus a bheith comhsheasmhach le comhlachtaí idirnáisiúnta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá thacaíocht chriticiúil d’eintitis éagsúla na Náisiún Aontaithe sa réimse daonnúil, agus é mar aidhm aige na prionsabail dhaonnúla agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta a choinneáil; ag athdhearbhú na hoibleagáide sainorduithe eintitis na Náisiún Aontaithe a urramú agus a éascú, agus ag cáineadh go láidir aon iarracht bac, srian nó an bonn a bhaint de chumas ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe a ndualgais dhaonnúla a chomhlíonadh go héifeachtach; |
|
8. |
á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt go práinneach ar na géarchéimeanna daonnúla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo sa tSúdáin agus i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), agus iad i measc na ngéarchéimeanna is tromchúisí ar domhan sa lá atá inniu ann, agus cabhair dhaonnúil de dhíth ar aon trian den daonra sa tSúdáin agus leibhéil scanrúla neamhshlándála bia agus dálaí gorta deimhnithe in go leor áiteanna sa tír, ar an gcaoi chéanna i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, áit a bhfuil cabhair dhaonnúil de dhíth ar 21 mhilliún duine; á iarraidh ar na páirtithe uile sa choinbhleacht rochtain dhaonnúil shábháilte gan bhac a áirithiú i gcomhréir leis na prionsabail dhaonnúla agus pearsanra daonnúil a urramú agus a chosaint; á iarraidh, thairis sin, ar AE agus ar a Bhallstáit cabhair dhaonnúil a mhéadú don tSúdáin agus do Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, agus dá dtíortha comharsanachta, agus go háirithe tacaíocht a chistiú do mharthanóirí foréigin ghnéasaigh a bhaineann le coinbhleacht, do chláir áitiúla athléimneachta agus cosanta, agus do chláir lena gcuirtear cearta na mban agus na leanaí agus comhionannas inscne chun cinn; |
|
9. |
á chur i bhfáth nár cheart riamh an chabhair dhaonnúil, agus, dá bhrí sin, an t-ocras, a pholaitiú ná a úsáid mar uirlis troda agus gur cheart go sroichfeadh sí sibhialtaigh atá i ngátar gan bhac ná ionramháil, i gcomhréir iomlán leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta; á athdhearbhú nach mór láithreáin dáileacháin, sibhialtaigh, oibrithe daonnúla agus foireann leighis a chosaint agus nár cheart go ndéanfaí gníomhaíocht mhíleata orthu; á chur in iúl gur cúis uafáis di marú 508 n-oibrí dhaonnúla in Gaza, chomh maith leis na hionsaithe leanúnacha ar ospidéil agus ar chonbhuanna daonnúla; ag cur go láidir i gcoinne aon chóras dáileacháin cabhrach in Gaza nach bhfuil ag teacht leis na prionsabail dhaonnúla; á chur in iúl gur saoth léi gur maraíodh níos mó ná míle Palaistíneach a bhí ag lorg cabhrach mar thoradh ar an scéim dáileacháin sin; á iarraidh go dtabharfaí freagairt agus imscrúdú idirnáisiúnta chun cuntasacht a áirithiú as sáruithe féideartha ar an dlí idirnáisiúnta a tharla ag suíomhanna atá á mbainistiú ag Fondúireacht Dhaonnúil Gaza; |
|
10. |
á éileamh go gcuirfí cabhair dhaonnúil ar fáil gan bhac agus ar mhórscála, faoi chomhordú na Náisiún Aontaithe agus i gcomhréir leis na prionsabail dhaonnúla; á iarraidh go n-osclófaí gach trasnú teorann ábhartha, ag meabhrú gur pionós comhchoiteann é rochtain ar chabhair dhaonnúil tarrthála a dhiúltú, ar coir chogaidh é; á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé go mbeadh rochtain iomlán, thapa, shábháilte agus gan bhac ag gach comhlacht daonnúil idirnáisiúnta, agus go háirithe acu siúd atá mar chuid de líonra na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 214 CFAE, ar Stráice Gaza ina iomláine agus ar fud Stráice Gaza ina iomláine; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA) maidir le cabhair dhaonnúil a chur ar fáil do dhídeanaithe Palaistíneacha agus á chur in iúl gur saoth léi na hiarrachtaí chun í a dhídhlisteanú; á iarraidh go ndéanfaí sainordú agus cistiú UNRWA a athbhunú ina n-iomláine, le maoirseacht agus cuntasacht láidir, trí chistiú fadtéarmach, inbhuanaithe, ilbhliantúil agus intuartha a áirithiú do UNRWA athchóirithe chun seirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil do dhídeanaithe Palaistíneacha, agus chun tuilleadh géarchéimeanna daonnúla a chosc; |
|
11. |
á iarraidh freisin go gcoinneofaí cúnamh daonnúil AE don phobal sibhialtach atá thíos le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go gcuirfí dlús leis, agus béim ar leith á leagan ar riachtanais daoine easáitithe ina dtír féin, dídeanaithe, daoine scothaosta agus leanaí, lena n-áirítear íospartaigh díbeartha éigeantais chuig Cónaidhm na Rúise agus chuig críocha faoi fhorghabháil; |
|
12. |
á thabhairt chun suntais, go háirithe, an staid san Afganastáin, a bhfuil géarchéim dhaonnúil thromchúiseach agus chasta ag bagairt uirthi, agus cúnamh de dhíth ar níos mó ná 23,7 milliún duine; ag tabhairt dá haire gur dócha go dtiocfaidh meath breise ar an staid mar gheall ar dhíbirt dídeanaithe ón bPacastáin agus ón Iaráin agus mar gheall ar éagobhsaíocht réigiúnach leanúnach; á chur in iúl gur geal léi gealltanas tacaíochta EUR 266 mhilliún AE, agus á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí áitiúla spriocdhírithe chun cabhrú le mná agus cailíní; |
|
13. |
ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún straitéis taidhleoireachta daonnúla de chuid an Aontais a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), agus le hIonadaithe Speisialta an Aontais (ISAEnna), i gcomhairle le gníomhaithe daonnúla, chun borradh a chur faoi iarrachtaí agus chun cur chuige níos córasaí agus níos comhordaithe i leith na taidhleoireachta daonnúla a áirithiú, agus ag an am céanna oiriúnú do chúinsí a bhíonn ag síorathrú, agus úsáid á baint as na huirlisí uile atá ar fáil trí neart polaitiúil agus eacnamaíoch an Aontais a ghiaráil trí idirphlé polaitiúil, agus trí chaidreamh trádála agus cabhrach, chun rochtain dhaonnúil a áirithiú, oibrithe daonnúla a chosaint agus spás daonnúil a choimirciú le linn coinbhleachtaí armtha, lena n-áirítear caibidlíocht a dhéanamh maidir le sos comhraic, sosanna daonnúla, agus pasáistí sábháilte do shibhialtaigh agus earraí fóirithinte le linn coinbhleachtaí gníomhacha; ag spreagadh an Choimisiúin, in éineacht leis na Ballstáit, SEGS agus ISAEnna chun a áirithiú go mbeidh taidhleoireacht dhaonnúil ardleibhéil bunaithe go córasach ar thaithí oibríochtúil na ngníomhaithe daonnúla, ar cheart dul i gcomhairle leo ar bhonn rialta; |
|
14. |
á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí a neartú chun sáruithe ar DDI a chosc agus chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí san fhaireachán a dhéantar ar sháruithe ar DDI trí shonraí a bhailiú agus trí abhcóideacht atá níos éifeachtaí agus bunaithe ar fhianaise; |
|
15. |
á chur i bhfáth go bhfuil gá le rochtain dhaonnúil neamhspleách ar gach saoráid a bhaineann leis an imirce, lena n-áirítear ionaid choinneála, teophointí, agus criosanna teorann neamhfhoirmiúla, ina bhfuil rioscaí méadaithe foréigin, dúshaothraithe agus diúltaithe seirbhísí bunriachtanacha, lena n-áirítear cúram sláinte gnéis agus atáirgthe, roimh mhná agus daoine LADTIA+; á iarraidh go mbeadh sásraí trédhearcacha faireacháin agus cuntasachta ann sna suíomhanna sin; |
Cistiú le haghaidh cabhair dhaonnúil:
|
16. |
á chur in iúl gur geal léi an méadú atá molta ar chistiú daonnúil go EUR 25 bhilliún d’Ionstraim um an Eoraip Dhomhanda, agus á iarraidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar leibhéal an chistithe dhaonnúil sa chéad CAI eile agus go n-áiritheofar cistiú atá leormhaith, intuartha agus marthanach, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna gur cheart solúbthacht don chabhair dhaonnúil a imfhálú, go háirithe i bhfianaise na bearna atá ag dul i méid idir riachtanais dhaonnúla agus cistiú, ach freisin chun leas an Aontais a chothú maidir leis an tsíocháin dhomhanda, an chobhsaíocht dhomhanda agus a inchreidteacht idirnáisiúnta a chur chun cinn mar ghníomhaí daonnúil prionsabálta agus mar dheontóir iontaofa; á mholadh go láidir go n-oibreodh institiúidí uile AE agus na Ballstáit chun comhar idirnáisiúnta a chothú chun dul i ngleic go comhpháirteach le dúshláin dhaonnúla dhomhanda, go háirithe neamhshlándáil dhomhanda an tsoláthair bia; |
|
17. |
á iarraidh ar an gCoimisiún línte buiséid agus ionstraimí ar leithligh le haghaidh cabhair dhaonnúil a choinneáil chun prionsabail na neodrachta, an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta a urramú; ag cur i gcoinne chumasc molta Ionstraim AE um Chabhair Dhaonnúil leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda sa chéad CAI eile, agus á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh sé d’acmhainn ag an gcúlchiste um chabhair éigeandála freagairt nuair is gá, do riachtanais inmheánacha agus sheachtracha AE araon; |
|
18. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, go n-oibreoidh solúbthacht mhéadaithe sa chéad CAI eile chun tairbhe gníomhaíochta daonnúla AE, le trédhearcacht mhéadaithe, agus nach rachaidh sí chun dochair dá neodracht, dá tionchar, dá hinchreidteacht ná dá hintuarthacht; á mheabhrú go bhfuil trédhearcacht ríthábhachtach chun a áirithiú go gcosnófar an chéad CAI eile ar mhí-úsáid, ar chalaois agus ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta agus ar luachanna an Aontais, agus chun a áirithiú go sroichfidh an chabhair dhaonnúil agus forbraíochta arna maoiniú ag an Aontas pobail shibhialtacha atá i ngátar; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena shásraí faireacháin, agus foráil a dhéanamh maidir le dianroghnú comhpháirtithe áitiúla, dianfhaireachán ar úsáid cistí, agus comhar feabhsaithe leis na Ballstáit agus le gníomhaithe idirnáisiúnta, d’fhonn an baol a bhaineann le hatreorú nó mí-úsáid a chosc; á iarraidh go mbeadh sásraí níos láidre formhaoirseachta daonlathaí ann maidir le leithdháileadh agus úsáid chistiú daonnúil an Aontais, agus moltaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta á gcur san áireamh maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí daonnúla arna gcistiú ag an Aontas; |
|
19. |
á athdhearbhú go bhfuil inchreidteacht AE mar ghníomhaí daonnúil domhanda ag brath ar a rannpháirtíocht thiomanta, phrionsabálta, mharthanach agus chuimsitheach a choinneáil i réigiúin atá thíos le géarchéimeanna daonnúla, lena n-áirítear i suíomhanna leochaileacha agus i ngéarchéimeanna atá ligthe i ndearmad; á athdhearbhú nár cheart cabhair dhaonnúil a bheith faoi réir cuspóirí geopholaitiúla, rialaithe imirce nó slándála, agus ag tabhairt rabhadh i gcoinne gníomhaíocht dhaonnúil a ionstraimiú chun freastal ar spriocanna beartais sheachtraigh an Aontais nó a Bhallstát; |
|
20. |
á athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún cur chuige níos comhchuibhithe a fhorbairt i leith géarchéimeanna atá ligthe i ndearmad agus tuairisciú a dhéanamh ar a ghealltanas 15 % dá bhuiséad daonnúil bliantúil tosaigh a leithdháileadh ar ghéarchéimeanna atá ligthe i ndearmad agus cosc a chur ar acmhainní a aistriú ó ghéarchéimeanna atá tearcmhaoinithe cheana féin; á iarraidh ar an gComhairle comhordú níos fearr a dhéanamh ar aird na mBallstát ar na géarchéimeanna sin agus ar an tacaíocht a thugann siad dóibh; |
|
21. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil dúshláin speisialta os comhair leanaí agus daoine faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh maidir le rochtain a fháil ar chabhair dhaonnúil; á chur i bhfios go láidir nach ndíríonn ach codán de ODA (12 %) ar leanaí faoi láthair i gcomparáid lena n-ionadaíocht shuntasach i ndaonra na dtíortha is faighteoirí ODA, cé go gcothaíonn infheistíocht i leanaí — agus ní tosaíochtaí earnála aonair amháin — feabhsuithe marthanacha ar a gcaighdeáin mhaireachtála, mar aon lena bpobail ina n-iomláine; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé tosaíocht a thabhairt do riachtanais a bhaineann go sonrach le leanaí, go háirithe oideachas agus cosaint leanaí, i ngach céim den fhreagairt dhaonnúil, lena n-áirítear ullmhacht, fóirithint éigeandála, agus téarnamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach cearta agus folláine leanaí a choimirciú ar mhaithe le hathléimneacht fhadtéarmach agus forbairt inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí tiomnaithe cistiúcháin, clársceidealaithe agus comhordaithe a áirithiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha leanaí i suíomhanna daonnúla; |
|
22. |
á chur i bhfáth gur gá go leanfadh cistiú poiblí de bheith ina phríomhacmhainn don chabhair dhaonnúil, i bhfianaise na freagrachta atá ar stáit cistiú leormhaith agus marthanach a áirithiú, agus á aithint ag an am céanna nach leor cistiú poiblí amháin chun an bhearna sa chistiú daonnúil a dhúnadh agus á chur i bhfios go láidir nach mór foinsí nua maoinithe, lena n-áirítear ón earnáil phríobháideach, a chur san áireamh; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát, dá bhrí sin, an bonn acmhainní a leathnú trí thacú le cuir chuige agus comhpháirtíochtaí nuálacha a fhorbairt chun an bhearna sa chistiú daonnúil a líonadh i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, le bainc forbartha iltaobhacha, leis an earnáil phríobháideach — ar choinníoll go gcomhlíonann aon rannpháirtíocht phríobháideach na prionsabail dhaonnúla agus trédhearcacht iomlán — agus leis an bpobal eolaíochta, chun cúnamh daonnúil poiblí idirnáisiúnta a chomhlánú agus chun an bhearna dhomhanda sa chistiú daonnúil a dhúnadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar shásraí maoiniúcháin forásacha agus inbhuanaithe don chabhair dhaonnúil; ag cur béim ar an ngá atá le comhar le tíortha bronntacha atá ag teacht chun cinn d’fhonn a rannchuidiú le cabhair dhaonnúil a mhéadú; |
|
23. |
á chur in iúl gur geal léi an tAthshocrú Daonnúil a sheol na Náisiúin Aontaithe, agus á chur i bhfáth nach mór é sin a bheith ina dheis chun na prionsabail dhaonnúla agus córas atá bunaithe ar riachtanais agus atá dírithe ar dhaoine a neartú, agus ní hamháin go mbeidh sé bunaithe ar chiorrú costas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna chun níos mó éifeachtúlachta agus éifeachtachta a bhaint amach cuntasacht a áirithiú maidir le seachadadh, agus go bhfuil earnálacha criticiúla, amhail na sainorduithe cosanta agus bearta foréigin inscnebhunaithe, fós i gcroílár na hearnála tarrthála; |
|
24. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí suntasacha an Choimisiúin slabhraí soláthair daonnúla a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, ós rud é gurb ionann iad agus beagnach 70 % de na costais dhaonnúla, rud a fhágann gur príomhréimse fócais é agus aghaidh á tabhairt ar an mbearna chistiúcháin atá ag dul i méid; ag spreagadh an Choimisiúin leanúint de chur chuige straitéiseach maidir le slabhraí soláthair a fhorbairt agus tacú leis; |
|
25. |
á iarraidh ar na Ballstáit a ngealltanas comhchoiteann a chomhlíonadh maidir le 0,7 % ar a laghad den ollioncam náisiúnta (OIN) a chur ar fáil mar chúnamh oifigiúil forbraíochta (COF), sprioc COF 0,2 % ar a laghad den ollioncam náisiúnta do na Tíortha is Lú Forbairt a bhaint amach faoi 2030, agus 10 % dá COF a dhíriú ar ghníomhaíocht dhaonnúil; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar aghaidh go leormhaith leis an gcabhair dhaonnúil ar riachtanais na mban agus na gcailíní mar infheistíocht straitéiseach a mbeidh tionchair dhearfacha fhadtéarmacha aici do chách, agus á chur in iúl gur oth léi go bhfuil eagraíochtaí um chearta na mban fós tearcmhaoinithe go córasach, agus níos lú ná 1 % de ODA domhanda á fháil acu (23); |
|
26. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an laghdú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar thoscaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear i dtríú tíortha ina bhfuil cúnamh daonnúil suntasach á chur ar fáil; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach, os a choinne sin, na struchtúir sin a neartú sna tíortha is criticiúla; |
Cur chuige comhtháite a fhorbairt i leith comhthéacsanna leochaileacha
|
27. |
á thabhairt chun suntais, de bharr na héagsúlachta de chomhthéacsanna leochaileacha, go bhfuil gá le cineálacha cur chuige saincheaptha agus le hionstraimí sonracha airgeadais lena gcothaítear gníomhaíocht chomhbheartaithe i measc gníomhaithe daonnúla, forbartha agus síochána, agus sainordú ar leith maidir le gníomhaíocht dhaonnúil phrionsabálta, agus béim ar leith á leagan ar dhul i dteagmháil le gníomhaithe áitiúla agus ar chumhacht a thabhairt dóibh ó thaobh phróisis na cinnteoireachta agus ó thaobh chur chun feidhme na gclár araon, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht a choinneáil agus a threisiú i suíomhanna leochaileacha agus i suíomhanna ina bhfuil coinbhleacht; |
|
28. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an teachtaireacht maidir le cabhair dhaonnúil a ghlacadh mar a bheartaítear ina Chlár Oibre do 2026 ón gCoimisiún ina ndíreofar ar chur chuige uaillmhianach, duinelárnach agus comhtháite i leith na leochaileachta, agus ar na sásraí chun í a chur chun feidhme, agus dul i gcomhairle leis an bParlaimint maidir leis an straitéis sin a ullmhú agus a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé curtha in iúl ag an gCoimisiún go bhfuil sé ar intinn aige straitéis chomhtháite a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar leochaileacht agus ar choinbhleacht; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé straitéis den sórt sin a fhorbairt le cistiú atá oiriúnaithe go hiomchuí agus a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin idirnasctha na síochána, na forbartha, an ghníomhaithe ar son na haeráide, agus na riachtanas daonnúil, lena n-áirítear trí dhul i dteagmháil níos mó leis an earnáil phríobháideach áitiúil, agus lánurraim á tabhairt do na prionsabail dhaonnúla; i bhfianaise na straitéise sin, á iarraidh ar an gCoimisiún gné na hinscne a chur san áireamh; |
|
29. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbeidh tíortha gafa i dtimthriallta gan deireadh na cabhrach daonnúla ach gur féidir leo bogadh i dtreo na forbartha inbhuanaithe, chun pobail áitiúla a neartú agus spleáchas ar sholáthairtí seachtracha a chosc, trí sheirbhísí bunriachtanacha amhail oideachas, sláinte agus príomhbhonneagar a chistiú, lena n-áirítear agus lasmuigh de Global Gateway, a d’fhéadfadh a bheith in ann raon SFInna idirnasctha a chur chun cinn, trí fhoinsí iomadúla cistiúcháin a ghiaráil, lena n-áirítear infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach, agus caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a urramú a bhféadfadh fás luathaithe, cruthú post cuibhiúil, laghdú na bochtaineachta agus neamhionannas ioncaim a bheith mar thoradh orthu, lena n-áiritheofar forbairt níos athléimní agus níos cuimsithí nach bhfágfar aon duine ar lár inti; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as ionstraimí comhair AE le haghaidh pleananna forbartha áitiúla trí thionscadail shonracha spriocdhírithe a ndearna na Ballstáit iad a thriail agus a thástáil cheana féin; |
|
30. |
á mheabhrú go bhfuil an t-athrú aeráide ar cheann de na príomhchúiseanna le coinbhleacht, triomach, gorta agus imirce; á chur i bhfáth go bhféadfadh ardú ar leibhéal na mara a bheith ina bhagairt eiseach ar Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha, atá i measc na dtíortha is leochailí ar domhan i leith an athraithe aeráide; |
Freagairtí daonnúla éifeachtacha a chur chun cinn tríd an nasc idir an Chabhair Dhaonnúil, an Fhorbairt agus an tSíocháin (HDP) a chur chun feidhme, cabhair a logánú agus réamhghníomhaíocht a dhéanamh
|
31. |
á iarraidh ar AE dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an naisc thriaraigh chun aghaidh a thabhairt ar phríomhchúiseanna na ngéarchéimeanna agus chun tacú le forbairt athléimneachta, go háirithe i suíomhanna leochaileacha agus i suíomhanna ina bhfuil coinbhleacht trí thacú le heagraíochtaí áitiúla, lena n-áirítear eagraíochtaí óige agus eagraíochtaí faoi stiúir na mban, eagraíochtaí creideamhbhunaithe, a bhfuil ról lárnach acu maidir le freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla, agus a rannpháirtíocht iomlán, chomhionann agus fhóinteach i dtimthriall an chláir dhaonnúil agus i spásanna cinnteoireachta ar gach leibhéal a áirithiú; |
|
32. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a ghealltanas a chomhlíonadh maidir le 25 % ar a laghad dá chistiú daonnúil a dhíriú ar ghníomhaithe áitiúla faoi 2027, lena n-áirítear trí chistí comhthiomsaithe tírbhunaithe agus sásraí cistiúcháin eile a úsáid lena dtugtar tús áite do ghníomhaithe áitiúla, chomh maith le féachaint ar conas deontais a chur ar fáil go díreach d’eagraíochtaí áitiúla, agus cabhrú lena n-acmhainneachtaí a neartú chun ceanglais rialála, trédhearcachta agus chuntasachta a chomhlíonadh; á iarraidh ar AE tosaíocht a thabhairt do chistiú d’eagraíochtaí áitiúla a thugann cúnamh don óige, do mhná, do dhaoine faoi mhíchumas, do phobail LADTIA+ agus do ghrúpaí leochaileacha eile; |
|
33. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt sa chéad CAI eile do chistiú ilbhliantúil do chosc coinbhleachtaí agus do chothú na síochána chun naisc a fhorfheidhmiú idir sásraí daonnúla agus sásraí freagartha ar ghéarchéimeanna agus clársceidealú fadtéarmach cothaithe síochána agus forbartha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sásraí comhordúcháin a neartú ar an leibhéal allamuigh ar fud ghníomhaíochtaí daonnúla, forbartha agus cothaithe síochána an Aontais chun torthaí comhordaithe agus comhleanúnacha a áirithiú, lena n-áirítear trí chur chuige Fhoireann na hEorpa; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht idir AE agus na Náisiúin Aontaithe chun an nasc daonnúil, forbartha agus síochána a neartú, agus aird ar leith á tabhairt ar chailíní agus ar mhná óga, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar leanaí agus ar dhaoine scothaosta atá i staideanna leochaileacha agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cistiú AE do chóras na Náisiún Aontaithe; á mheas go bhfuil tionchar fós ag neamhionannais struchtúracha ar dhinimic chumhachta na n-idirghabhálacha daonnúla, ar rochtain ar chistiú, agus ar rannpháirtíocht sa chinnteoireacht; á iarraidh go mbeadh cur chuige níos cuimsithí, níos cothroime agus bunaithe ar chearta ann maidir le beartas daonnúil AE, le ceannaireacht níos fearr ó ghníomhaithe áitiúla agus ó ghníomhaithe atá imeallaithe go stairiúil; |
|
34. |
ag tabhairt dá haire gur bealach éifeachtúil í réamhghníomhaíocht i suíomhanna ina bhféadfadh géarchéimeanna a bheith ann go héasca sula dtarlaíonn géarchéimeanna daonnúla chun riachtanais dhaonnúla amach anseo a chosc nó a mhaolú, mar aon le tacú le pobail suaitheadh a sheasamh, iad féin a chur in oiriúint do na suaitheadh agus a n-athléimneacht a chothú; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát a áirithiú go gcaomhnófar infheistíochtaí i gcosc, réamhghníomhaíocht agus ullmhacht i gcomhair tubaistí chun tionchar géarchéimeanna ar dhaonraí agus ar chórais a mhaolú; |
|
35. |
á áitiú go bhfuil gá le cur chuige fianaisebhunaithe i leith réamhghníomhaíochta, go háirithe i suíomhanna leochaileacha agus i suíomhanna atá leochaileach ó thaobh na haeráide de chun méadú a chur ar an infhaighteacht de shonraí ardcháilíochta agus d’anailís riosca d’fhonn feabhas a chur ar chórais luathrabhaidh agus chun réamhaisnéis riosca a chomhtháthú sa phleanáil dhaonnúil; |
|
36. |
ag spreagadh na mBallstát dlús suntasach a chur lena n-infheistíocht i réamhghníomhaíocht chomhtháite faoi stiúir áitiúil, amhail infheistíochtaí i gcórais luathrabhaidh, anailís riosca agus athléimneacht an phobail, agus méadú ar sciar na gcistí aeráide atá tiomnaithe d’athléimneacht agus oiriúnú a fheabhsú sna tíortha agus sna réigiúin is mó atá i mbaol tubaistí, lena gcuirtear i bhfáth a thábhachtaí atá sé páirt a thabhairt do ghrúpa éagsúil gníomhaithe, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus líonraí ar an leibhéal áitiúil, i réamhghníomhaíochtaí, lena n-áirítear maoiniú réamhaisnéisbhunaithe, agus ullmhacht i gcomhair tubaistí agus bainistiú riosca, go háirithe i suíomhanna leochaileacha agus i suíomhanna atá leochaileach ó thaobh na haeráide de; |
25 bliain de Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: i dtreo cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de i leith na cabhrach daonnúla
|
37. |
á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus chlár oibre na mBan, na Síochána agus na Slándála, ar uirlis bhunriachtanach í chun a áirithiú go ndéanfar cearta na mban agus na gcailíní a urramú i gcónaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearnaí ollmhóra cur chun feidhme fós ann 25 bliana tar éis a ghlactha, agus go bhfuil mná fós imeallaithe i bpróisis síochána agus go bhfuil tionchar díréireach ag coinbhleacht agus géarchéim orthu, lena n-áirítear trí fhoréigean forleathan inscnebhunaithe, lena n-éilítear tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais mhéadaithe don chlár oibre ón Aontas, mar chatalaíoch don tsíocháin agus don fhorbairt fhadtéarmach agus inbhuanaithe agus mar infheistíocht iontu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS leanúint de thosaíocht a dhéanamh de chur chun cinn an chomhionannais inscne agus chearta agus chumhachtú na mban, lena n-áirítear cur chun feidhme SFI 5, ar fud ghníomhaíocht sheachtrach uile an Aontais; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme an chláir oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil; |
|
38. |
á iarraidh ar na páirtithe uile i gcoinbhleachtaí armtha bearta a dhéanamh chun sláinte ghnéis agus atáirgthe agus cearta na mban agus na gcailíní a chur chun cinn agus iad a chosaint ar gach cineál foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe a bhaineann le coinbhleacht, go háirithe éigniú, ag aithint gur minic a ghéaraíonn an foréigean sin le linn coinbhleachtaí agus go bhféadfaí é a úsáid go córasach mar arm cogaidh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil nasc domhain idir coinbhleachtaí armtha agus géarchéimeanna daonnúla agus aeráide, an méadú ar an imirce neamhrialta agus ar an ngáinneáil ar dhaoine, agus baol an dúshaothraithe, a dhéanann difear díréireach do mhná agus do chailíní; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ghníomhach, iomlán, chomhionann agus fhóinteach na mban i ngach céim de phróiseas síochána, lena n-áirítear i gcaibidlíocht maidir le sos comhraic, in iarrachtaí idirghabhála, i gcoinbhleachtaí armtha a chosc agus a réiteach, i gcothú na síochána, agus in atógáil iarchoinbhleachta; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar na hiarrachtaí chun riachtanais agus rannchuidiú sonrach na mban agus na gcailíní a chur san áireamh i straitéisí maidir le coinbhleachtaí a chosc, idirghabháil agus cothú na síochána; |
|
39. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart mná i gcomhthéacsanna daonnúla a aithint ní hamháin mar íospartaigh, ach mar ghníomhairí don athrú a spreagann claochlú dearfach go gníomhach agus a mhúnlaíonn a gcinniúintí féin; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag mná mar fhreagróirí túslíne agus mar cheannairí pobail agus ag eagraíochtaí faoi stiúir na mban i suíomhanna daonnúla, in iarrachtaí ullmhachta, freagartha agus téarnaimh, lena gcuirtear seirbhísí tarrthála ar fáil, amhail dídean, seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, seirbhísí foréigin inscnebhunaithe, cúnamh airgid, cosaint iontaofa phobalbhunaithe, agus a thugann faoi thacaíocht do chearta agus do riachtanais na mban, na gcailíní agus na bpobal imeallaithe, chomh maith le cothú na síochána agus obair forbartha a spreagadh ina bpobail, agus gan ach 0.3 % de chabhair dhéthaobhach á fháil acu i stáit leochaileacha; |
|
40. |
á chur in iúl gur oth léi go bhfuil eagraíochtaí áitiúla faoi stiúir na mban i measc na n-eagraíochtaí is mó atá buailte ag na ciorruithe a rinneadh le déanaí ar chabhair eachtrach, agus leath díobh i mbaol a ndúnta agus ag spreagadh rannpháirtíochta níos fearr leo i gclársceidealú daonnúil (24); á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú sonrach, inbhuanaithe, solúbtha agus ilbhliantúil a leithdháileadh, comhpháirtíochtaí atá ann cheana a choinneáil, rochtain ar chistí a shimpliú agus a thacaíocht d’eagraíochtaí áitiúla faoi stiúir na mban i suíomhanna daonnúla a leathnú, chun córas níos éifeachtaí, níos cuimsithí agus níos cuntasaí a áirithiú, chun é sin a bhaint amach trína chistiú d’eagraíochtaí áitiúla faoi stiúir na mban a mhéadú, rianú agus cuntasacht as cistiú daonnúil a neartú d’eagraíochtaí áitiúla atá faoi stiúir na mban, sásraí agus próisis chistiúcháin atá ann cheana a oiriúnú chun go n-oirfidh siad níos fearr dá riachtanais agus dá n-acmhainneachtaí, chomh maith le leibhéil an chistithe dhírigh ilbhliantúil a chuirtear ar fáil dóibh a mhéadú; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, go bhfuiltear ag dréim leis go ndúnfar beagnach leath (47 %) de na heagraíochtaí faoi stiúir na mban agus na n-eagraíochtaí ban a ndearnadh suirbhé orthu laistigh de 6 mhí má tá na leibhéil chistiúcháin reatha fós ann, agus go bhfuil níos mó ná aon trian (35 %) fós sáinnithe in éiginnteacht, nach bhfuil siad in ann a gcuid oibre a phleanáil ná a choinneáil ar bun, agus nach dtuairiscíonn ach 18 % díobh go bhfuil siad ag súil go mbeidh siad in ann leanúint de bheith oibríochtúil ar feadh níos mó ná bliain amháin (25); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit 5 % dá gcabhair i gcomhthéacsanna leochaileacha a chur ar fáil d’eagraíochtaí faoi stiúir na mban agus d’eagraíochtaí um chearta na mban trí chistiú solúbtha agus fadtéarmach, lena n-áirítear trí 5 % ar a laghad dá gcistiú ODA a ghealladh chun tacú leis na heagraíochtaí sin laistigh den chéad CAI eile; |
|
41. |
ag spreagadh an Choimisiúin, SEGS agus na mBallstát cineálacha cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de a chur chun cinn in idirghabhálacha daonnúla agus a dtacaíocht do rannpháirtíocht na mban i bpróisis chinnteoireachta dhaonnúla a mhéadú, tacaíocht a thabhairt go gcruthófaí na dálaí atá ag teastáil chun go nglacfadh mná róil cheannaireachta i suíomhanna géarchéime, agus lena n-áiritheofar go dtabharfar tosaíocht dá bpeirspictíochtaí agus dá riachtanais i ndearadh agus i seachadadh na cabhrach, i gcomhréir le cuspóirí Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach, trasnach agus inscne-fhreagrúil a chur i bhfeidhm i ngach pleanáil dhaonnúil, agus riachtanais agus cearta sonracha na mban, na gcailíní, na ndaoine faoi mhíchumas, daoine LADTIA+ agus grúpaí imeallaithe eile á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht fhóinteach na ngrúpaí sin a áirithiú i ndearadh, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na gclár um chabhair dhaonnúil; á mheas gur gá tosaíocht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas i gcabhair dhaonnúil arna cistiú ag an Aontas, agus aghaidh á tabhairt go háirithe ar riachtanais agus ar thosaíochtaí na mban agus na leanaí atá ina gcónaí faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí chistiú a chur ar fáil d’eagraíochtaí áitiúla agus do líonraí na mban agus na gcailíní faoi mhíchumas, ar minic gurb iad is fearr atá in ann freagairt do riachtanais, ach is mó a mbíonn tionchar ag ciorruithe cistiúcháin orthu; |
|
42. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leanfaidh comhionannas inscne de bheith ina thosaíocht agus an córas daonnúil á athchóiriú agus á athstruchtúrú mar chuid den Athshocrú Daonnúil faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, cistiú agus sásraí criticiúla a choimirciú, amhail braisle thiomnaithe a choinneáil laistigh den chóras daonnúil lena n-áirítear gníomhaíocht speisialaithe maidir le foréigean inscnebhunaithe, comhionannas inscne, agus cosaint ar theacht i dtír gnéasach agus ar mhí-úsáid ghnéasach, mar sheirbhísí criticiúla tarrthála; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar diananailís inscne, bailiú sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, buiséadú inscne-fhreagrúil agus measúnuithe tionchair inscne a chur chun feidhme go córasach, chomh maith le saineolas tiomnaithe inscne a fhorbairt sa Choimisiún, chun tacú leis na róil sin in eagraíochtaí comhpháirtíochta, agus leanúint d’úsáid Marcóir Inscne-Aoise AE a neartú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú ag teacht ar an líon lártheagmhálaithe inscne agus go bhfuil siad á gcur ar bhonn foirmiúil, agus go bhfuil lártheagmhálaithe inscne ag 99 % de thoscaireachtaí an Aontais agus ag 87 % de sheirbhísí ceanncheathrún anois; |
|
43. |
á athdhearbhú gur gá tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe iomchuí agus tráthúla agus iad a chur ar fáil i ngach freagairt dhaonnúil, lena n-áirítear tríd an bPacáiste um Sheirbhís Tosaigh Íosta a chur chun feidhme maidir le sláinte atáirgthe i gcásanna éigeandála agus aistriú chuig seirbhísí cuimsitheacha de réir mar is féidir; |
|
44. |
ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfadh AE agus a Bhallstáit Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus a rúin ina dhiaidh sin a chur chun feidhme go hiomlán; i ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh di an dul chun cinn a rinneadh maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus GAP III, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go dtíolacfaidh an Coimisiún GAP IV agus an gá atá le hacmhainní leormhaithe chun é a chur chun feidhme; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil comhionannas inscne mar phríomhchuspóir ach ag 3,8 % de na gníomhaíochtaí inscne-fhreagrúla/spriocdhírithe uile ó seoladh GAP III; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeadh an inscne ina cuspóir suntasach nó ina príomhchuspóir de 85 % de na gníomhaíochtaí seachtracha nua uile agus go ndéanfaí 20 % de COF i ngach tír a leithdháileadh ar chláir a mbeadh an comhionannas inscne ar cheann de na príomhchuspóirí iontu; |
|
45. |
á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an tionchar méadaitheach atá ag gluaiseachtaí bunúsacha sárchoimeádacha, frithinscne agus reiligiúnacha — laistigh agus lasmuigh de AE araon — a bhfuil sé d’aidhm acu an bonn a bhaint de chearta bunúsacha na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear i suíomhanna daonnúla; á chur i bhfáth gur minic a scaipeann gluaiseachtaí den sórt sin bréagaisnéis, go ndéanann siad stiogmatú ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, agus go lagaíonn siad cosaint na mban ar fhoréigean inscnebhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit a áirithiú go leanfaidh cláir dhaonnúla arna gcistiú ag an Aontas de bheith bunaithe go daingean ar chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus ar chomhionannas inscne, agus tacú go gníomhach le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil gníomhaithe frithcheart dírithe orthu; |
|
46. |
ag tabhairt rabhadh i gcoinne foréigean institiúideach agus faillí ag gníomhaithe daonnúla, lena n-áirítear clársceidealú dall ar inscne, timpeallachtaí neamhshábháilte do mhná agus do dhaoine LADTIA+, agus easpa cuntasachta i leith mí-úsáidí; á iarraidh go mbeadh caighdeáin cheangailteacha ann maidir le híogaireacht inscne, córais tuairiscithe chuimsitheacha agus beartais neamhfhulaingthe ar fud na n-oibríochtaí daonnúla uile arna gcistiú ag AE; ° ° ° |
|
47. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. |
(1) IO L 163, 2.7.1996, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/1257/oj.
(2) Teachtaireacht ó Chomhordaitheoir na Fóirithinte Éigeandálaí Tom Fletcher chuig an bpobal daonnúil, an 10 Márta 2025.
(3) IO C 303, 15.12.2009, lch. 12.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090.
(5) IO C 81, 18.2.2022, lch. 43.
(6) IO C 363, 28.10.2020, lch. 164.
(7) IO C 251, 30.6.2022, lch. 80.
(8) IO C 47, 7.2.2023, lch. 149.
(9) IO C, C/2024/4223, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4223/oj.
(10) OCHA, Forléargas Daonnúil Domhanda 2025.
(11) An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Unraveling the poly crisis with foresight and innovation [An ilghéarchéim a nochtadh le fadbhreathnaitheacht agus nuálaíocht], an 26 Márta 2025.
(12) Ionchas Domhanda 2025 um an gClár Domhanda Bia.
(13) UNHCR, Treochtaí Lár na Bliana, an 9 Deireadh Fómhair 2024.
(14) An Teach Bán, ‘Reevaluating and Realigning United States Foreign Aid’ [Cúnamh Eachtrach na Stát Aontaithe a Athluacháil agus a Athailíniú], an 20 Eanáir 2025.
(15) The Lancet, ‘Evaluating the impact of two decades of USAID interventions and projecting the effects of defunding on mortality up to 2030: a retrospective impact evaluation and forecasting analysis’ [Meastóireacht a dhéanamh ar thionchar fiche bliain d’idirghabhálacha USAID agus éifeachtaí an díchistithe ar mhortlaíocht a réamh-mheas suas go dtí 2030: meastóireacht chúlghabhálach tionchair agus anailís réamhaisnéise].
(16) Save the Children, ‘Girls Pay the Price As Aid Cuts Hit Countries with Deepest Gender Inequality’ [Íocann Cailíní go Daor as na Ciorruithe Cabhrach sna Tíortha is mó a bhfuil an Neamhionannas Inscne ag Baint leo], an 11 Deireadh Fómhair 2025.
(17) ECFE, Ciorruithe ar chúnamh oifigiúil forbraíochta, an 26 Meitheamh 2025.
(18) OCHA, Lá Daonnúil Domhanda: An líon is mó riamh d’ionsaithe ar oibrithe cabhrach, gníomhaíocht phráinneach á iarraidh ag an lucht daonnúil, an 19 Lúnasa 2025.
(19) Oifig Ionadaí Speisialta an Ard-Rúnaí maidir le Foréigean Gnéasach i gCoinbhleacht,an 15ú Tuarascáil ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Foréigean Gnéasach a bhaineann le Coinbhleacht, an 4 Aibreán 2024.
(20) ECFE, ‘Development Finance for Gender Equality 2024’, [Maoiniú Forbraíochta don Chomhionannas Inscne 2024], Foilsitheoireacht ECFE, Páras, 2024.
(21) Mná na Náisiún Aontaithe, ‘ Facts and figures: Humanitarian action ’, [Fíricí agus figiúirí: Gníomhaíocht dhaonnúil], an 15 Aibreán 2025.
(22) UNICEF, ‘Not the new normal’ – 2024 'one of the worst years in UNICEF’s history' for children in conflict , [Ní hí sin an normáltacht nua — 2024 ‘ceann de na blianta is measa i stair UNICEF i gcás leanaí i gcoinbhleacht], an 28 Nollaig 2024.
(23) Achoimre beartais ODI, ‘Where next for feminist foreign policy on funding feminist movements?’ [Cad é an chéad chéim eile maidir le beartas eachtrach feimineach ar ghluaiseachtaí feimineacha a mhaoiniú?] - https://media.odi.org/documents/ODI-ET-FundingMovements-PB-EN-May24-Final.pdf, mí na Bealtaine 2024.
(24) Mná na Náisiún Aontaithe, ‘ Humanitarian funding cuts threaten women’s rights:What’s at stake and how to help’ [Cearta na mban i mbaol de bharr ciorruithe ar chistiú daonnúil: Cad atá i gceist agus conas cabhrú], 13 Bealtaine 2025,
(25) Mná na Náisiún Aontaithe, ‘ At a breaking point: The impact of foreign aid cuts on women’s organizations in humanitarian crises worldwide ’, [Ag pointe briste: Tionchar na gciorruithe cabhrach eachtraí ar eagraíochtaí ban i ngéarchéimeanna daonnúla ar fud an domhain], mí Aibreáin 2025.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3684/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)