Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026DC0370

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AccelerateEU - Aontas Fuinnimh Fuinneamh slán inacmhainne trí ghníomhaíocht a bhfuil dlús curtha léi

COM/2026/370 final

An Bhruiséil,22.4.2026

COM(2026) 370 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

AccelerateEU - Aontas Fuinnimh




























Fuinneamh slán inacmhainne trí ghníomhaíocht a bhfuil dlús curtha léi































1Réamhrá

Den dara huair le níos lú ná cúig bliana anuas, is léire go mór cad iad na contúirtí a bhaineann le spleáchas na hEorpa ar allmhairí breosla iontaise. Is breoslaí iontaise allmhairithe iad breis agus leath (57 % 1 ) den fhuinneamh a ídítear san Eoraip. Cruthaíonn sé sin leochaileacht a bhfuil iarmhairt ag baint léi. In 2025, d’allmhairigh an tAontas thart ar EUR 340 billiún de bhreoslaí iontaise 2 . Ó thús na coinbhleachta sa Mheánoirthear i mí an Mhárta 2026 agus ó dhúnadh Chaolas Hormuz, tá EUR 24 bhilliún breise caite againn ar allmhairí breoslaí iontaise 3 . Thairis sin, is suntasach na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar an bhfás olltáirgeachta intíre agus ar an mboilsciú 4 . Tá an staid sa Mheánoirthear luaineach i gcónaí agus ní léir cá fhad a mhairfidh sí ach tá rud amháin cinnte: leanfar de bheith ag brath éifeachtaí na staide sin go ceann roinnt míonna ar a laghad agus ní in earnáil an fhuinnimh amháin a bhraithfear iad, agus tionchair eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta acu.

Is é an t‑ardú ar phraghsanna iarmhairt láithreach na coinbhleachta. Níl aon bhagairt láithreach ann do shlándáil an tsoláthair, cé go bhfuil stoic roinnt breoslaí gann. Tá sciar na mbreoslaí iontaise a bhíonn i dtáirgeadh leictreachais á laghdú ag an Aontas, ach tá an gás agus an ola fós chun tosaigh i dtaca leis an téamh, le cúrsaí tionscail agus leis an iompar agus is ionchur lárnach iad i slabhraí luacha tionsclaíocha (e.g. ceimiceáin, plaistigh agus leasacháin). Fágann sé sin go bhfuil teaghlaigh agus gnólachtaí san Eoraip, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus tionscail dianfhuinnimh, agus a gcuid oibrithe, neamhchosanta ar mhéaduithe tobanna ar phraghsanna domhanda. Mar gheall ar an staid reatha, tá gá le bearta tráthúla, spriocdhírithe agus sealadacha chun na tomhaltóirí is leochailí a chosaint, chun dlús a chur lenár mbogadh chuig an aistriú chuig fuinneamh glan agus chuig an leictriú agus chun iomaíochas thionscal na hEorpa a chosaint.

Le blianta beaga anuas, tá dlús ollmhór curtha ag an Aontas leis an aistriú fuinnimh i dtreo córas atá fuinneamhéifeachtúil, solúbtha agus idirnasctha agus atá bunaithe ar fhoinsí fuinnimh dúchasacha, glana agus flúirseacha. Tá go leor Ballstát ag baint tairbhe cheana féin as dul chun cinn tapa maidir leis an aistriú fuinnimh, rud a léiríonn gur sprioc é sin is féidir a bhaint amach, agus go bhfuil tairbhí soiléire ag baint léi do dhaoine agus do ghnólachtaí. Mar shampla, na Ballstáit a bhfuil sciar ard fuinnimh ghlain (i.e. foinsí in-athnuaite fuinnimh agus fuinneamh núicléach) acu ina meascán leictreachais, mar aon le córas leictreachais solúbtha ina bhfuil acmhainneacht agus stóráil leordhóthanach eangaí, is iondúil go mbíonn praghsanna leictreachais faoi bhun mheán an Aontais ag na Ballstáit sin, agus is lú an tionchar atá ag an ngéarchéim fuinnimh leanúnach orthu faoi láthair.

Is meabhrúchán láidir é sin ar an ngá atá le dlús a chur leis an leictriú, le táirgeadh breise fuinnimh ghlain intíre a chur i bhfeidhm agus leis an aistriú fuinnimh. Is leis na roghanna a dhéanaimid inniu a chinntear cé acu leochaileach nó láidir a bheimid agus sinn ag tabhairt aghaidh ar an gcéad ghéarchéim eile. Ní hé nach raibh i gceist san aistriú chuig córas fuinnimh atá glan, flúirseach, dúchasach, slán, athléimneach ó thaobh uisce de agus inacmhainne ach riachtanas aeráide agus comhshaoil agus é sin amháin – is riachtanas socheacnamaíoch, iomaíochais agus slándála é freisin. Treisíonn agus comhlánaíonn na spriocanna beartais sin a chéile go frithpháirteach agus is féidir iad a bhaint amach trí úsáid iomlán a bhaint as na teicneolaíochtaí glana uile atá ar fáil agus an neodracht theicneolaíoch á háirithiú an tráth céanna. Sin é an fáth nach folair do bhearta faoisimh gearrthéarmacha gan baint de na spriocanna fadtéarmacha – ach a mhalairt ar fad, dlús a chur le hiarrachtaí ina leith – arb éard iad táirgeadh fuinnimh ghlain intíre a mhéadú, córas fuinnimh dícharbónaithe athléimneach AE a bhaint amach agus acmhainneacht mhonaraíochta na hEorpa a neartú chun nach gcruthófar spleáchais straiéiseacha nua.

Chun na spriocanna sin a bhaint amach, beidh gá le tiomantas láidir, comhordú treisithe agus infheistíocht mhéadaithe, ach is léir gur mó na tairbhí a bhaineann le dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan ná na costais a bhaineann leis. Tá an baol ann gur mó a bheidh an tsochaí thíos le gach infheistíocht mhoillithe san aistriú fuinnimh.

Tá gné láidir dhomhanda ag baint leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair. Chun tionchar an teannais ar mhargaí domhanda a mhaolú, is féidir leis an Aontas leas a bhaint as a thábhacht mhór mar cheannaitheoir agus as luach a mhargaidh aonair, rud is foinse nirt agus dlúthpháirtíochta ann go háirithe le linn géarchéime.

Cuid amháin is ea an plean sin de fhreagairt dhinimiciúil an Choimisiúin, freagairt a thiocfaidh chun cinn de réir mar a thiocfaidh forbairt ar chúrsaí. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú grinn ar na bearta sin agus breithneoidh sé bearta breise má théann an staid in olcas. Cúig phríomhréimse gníomhaíochta atá inti arb é is aidhm dóibh tacú leis na Ballstáit faoiseamh gearrthéarmach a sholáthar do thomhaltóirí agus a dhíriú orthu, go háirithe iad siúd is mó a ndéantar difear dóibh láithreach. Leagtar amach ann freisin bealaí chun bogadh níos tapúla i dtreo córas fuinnimh níos athléimní a bhaint amach sa mheántéarma agus san fhadtéarma:

-comhordú níos fearr idir na Ballstáit agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta;

-tacú leis na Ballstáit chun tomhaltóirí, lena n‑áirítear earnáil na tionsclaíochta, a chosaint ar shuaitheadh praghsanna, agus cuidiú leo san aistriú fuinnimh an tráth céanna;

-dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan dúchasach agus chuig an leictriú;

-dlús a chur lenár gcóras fuinnimh; agus

-borradh a chur faoin infheistíocht trí chistiú poiblí agus príobháideach araon a shlógadh don aistriú fuinnimh.

2Gníomhaíocht láithreach chun tairbhí a bhaint amach go tapa

2.1Na buntáistí a bhaineann le comhordú níos fearr san Aontas

Léiríodh buntáistí soiléire a bheith ag baint le comhordú feabhsaithe ar leibhéal an Aontais. Bhí ról lárnach ag gníomhaíochtaí comhpháirteacha faoin bPlean REPowerEU tar éis an fhogha ar an Úcráin maidir lena chur ar chumas an Aontais a éileamh ar ghás a laghdú faoi 18 % (idir mí Lúnasa 2022 agus mí an Mhárta 2023) 5 , brúnna láithreacha a mhaolú agus tacú le cobhsaíocht níos fadtéarmaí. Trí Ardán Fuinnimh an Aontais 6 cuidíodh le 90 billiún méadar ciúbach d’éileamh gáis na hEorpa a chomhiomlánú. Nasc sé ceannaitheoirí tionsclaíocha de chuid an Aontais le soláthróirí idirnáisiúnta – agus rinneadh 77 mbilliún méadar ciúbach a mheaitseáil.

Áirítear ar na chéad réimsí le haghaidh comhordú neartaithe ar leibhéal an Aontais líonadh stórála gáis agus úsáid solúbthachtaí maidir le rialacha líonta, scaoiltí stoc ola, bearta éigeandála náisiúnta agus infhaighteacht scaird-bhreosla agus díosail a áirithiú, lena n‑áirítear trí acmhainneachtaí táirgeachta scaglainne ola a bharrfheabhsú.

D’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag ganntanais scaird-bhreosla ar aeriompar, amhail cealuithe eitiltí, go háirithe i bhfianaise shéasúr gnóthach eitlíochta an tsamhraidh. Ós rud é go n‑oibríonn an t‑aeriompar thar theorainneacha náisiúnta, bíonn gá le comhordú Eorpach chun feidhmiú éifeachtach an mhargaidh aonair a chaomhnú agus chun soláthar leanúnach a chinntiú ar fud an Aontais. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar sholáthairtí malartacha agus cineálacha breosla allmhairithe 7 a fhiosrú.

Mar gheall ar mhéadú ar phraghsanna díosail agus ar chostais bhreosla umair tá rátaí lasta á gcur suas agus tá brú mór á chur ar oibreoirí iompair de bhóthar, ar earnálacha na loingseoireachta gearrthurais agus intíre, agus ar an iascach agus an talmhaíocht freisin.

Ní mór infhaighteacht agus acmhainneacht oibríochtúil earnáil scagtha ola na hEorpa a uasmhéadú chun an t‑éileamh atá ann faoi láthair a shásamh, an t‑éileamh ar scaird-bhreosla go háirithe, ós rud é go n‑allmhairítear thart ar 40 % den scaird-bhreosla a ídítear san Eoraip agus go dtéann thart ar leath de na honnmhairí uile trí Chaolas Hormuz 8 . Is i roinnt réigiún san Aontas atá acmhainneachtaí scagtha comhchruinnithe go geografach 9 agus tá teorainn le soláthairtí malartacha táirgí ola scagtha, rud a fhágann go bhfuil faireachán comhordaithe agus gníomhaíocht chomhchoiteann fhéideartha riachtanach chun an t‑aschur scaglainne Eorpach atá ann cheana a uasmhéadú, lena n‑áirítear trí stoic éigeandála a scaoileadh ar bhealach comhordaithe tráthúil.

Tá sé ríthábhachtach freisin gníomhaíochtaí a chomhordú chun bonneagar breosla míleata a neartú, go háirithe chun soláthairtí scaird-bhreosla a allmhairiú, a phróiseáil, a stóráil agus a dháileadh.

Ar deireadh, le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú ar fud an domhain 10 , is féidir cur a thuilleadh le laghdú a dhéanamh ar leochaileacht an Aontais i leith suaití praghsanna fuinnimh, slándáil fuinnimh agus athléimneacht an Aontais a chothú agus iomaíochas teicneolaíochta glaine na hEorpa a chur chun cinn. Tacóidh comhordú agus comhar le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh go háirithe le hathléimneacht ár margaí fuinnimh idirnasctha 11 .

I bhfianaise an tionchair a bheidh ag na gníomhaíochtaí a mholtar sa Teachtaireacht seo ar chaidreamh seachtrach an Aontais, déanfar iad i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, laistigh d’fheidhmiú a feidhmeanna.

Gníomhaíocht láithreach ón gCoimisiún chun dlús a chur leis an gcomhordú ar leibhéal an Aontais:

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh] Éascóidh an Coimisiún comhordú na gníomhaíochta náisiúnta maidir le líonadh stórála gáis (e.g. trí dhlúthfhaireachán agus trí chomhordú a dhéanamh leis na Ballstáit ar uainiú na gceannachán a dhéanann gníomhaithe margaidh chun arduithe tobanna ar phraghsanna mar gheall ar cheannach comhuaineach méadaithe a sheachaint) agus maidir le scaoileadh stoc ola a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n‑áirítear scaird-bhreosla agus díosal (a soláthróidh an Coimisiún cásanailísí ina leith agus dá gcomhordóidh sé an t‑uainiú agus na toirteanna in aghaidh an réigiúin agus don Aontas). Déanfar é sin sa Ghrúpa Comhordaithe Gáis agus sa Ghrúpa Comhordaithe Ola, faoi seach.

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh] Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as solúbthacht i líonadh stórála gáis (suas le 10 %). Tá an Coimisiún réidh chun measúnú a dhéanamh ar mhéadú breise ar an tairseach diallais cheadaithe (suas le 5 % breise) faoi Rialachán nuashonraithe an Aontais maidir le Stóráil Gáis.

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh] Éascóidh an Coimisiún for-rochtain chomhordaithe ón Aontas chuig soláthróirí ola agus gáis agus chuig tíortha comhpháirtíochta a bhfuil próifílí allmhairiúcháin fuinnimh comhchosúla acu chun feabhas a chur ar fheidhmiú agus ar thrédhearcacht na margaí fuinnimh domhanda, lena n‑áirítear trí Ardán Fuinnimh agus Amhábhar an Aontais a shlógadh go hiomlán 12 chun dul i dteagmháil le hearnáil na tionsclaíochta. Féachfaidh an Coimisiún le dlús a chur leis an gcomhar idirnáisiúnta chun an soláthar ó thríú tíortha a mhéadú agus trí líonra comhaontuithe trádála an Aontais.

-[Bealtaine 2026] Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainneachtaí scagtha atá ann cheana san Eoraip a mhapáil, déanfaidh sé measúnú ar riachtanais agus oibreoidh sé ar bhearta chun a áirithiú go mbainfear úsáid iomlán as acmhainneacht scagtha intíre leordhóthanach chun soláthairtí athléimneacha de speictream iomlán na dtáirgí ola a áirithiú le linn na géarchéime seo, chomh maith le táirgeadh intíre bithbhreoslaí ardfhorbartha inbhuanaithe san Aontas a mhéadú.

-[Ó Bhealtaine 2026 ar aghaidh] Cruthóidh an Coimisiún Faireachlann Bhreosla, lena mapálfar soláthar na mbreoslaí iompair ábhartha (arna dtáirgeadh san Aontas, arna n‑allmhairiú agus arna n‑onnmhairiú) agus na stoc atá ar fáil san Aontas lena n‑áirítear, a mhéid atá faisnéis ar fáil don Choimisiún, stoic bhreosla mhíleata agus acmhainneachtaí scagtha. Mar thosaíocht tosaigh, déanfaidh an Coimisiún comhordú leis na Ballstáit, le soláthróirí breosla agus leis an earnáil eitlíochta (aerfoirt agus aerlínte) maidir le foinsiú soláthair scaird-bhreosla mhalartaigh agus molfaidh sé bearta chun a dháileadh i measc na mBallstát a bharrfheabhsú chun infhaighteacht a áirithiú ar fud na réigiún agus na n‑aerfort uile. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le stoic straitéiseacha chun ceanglais shonracha maidir le scairdbhreosla a chur san áireamh.

-[Ó Bhealtaine 2026 ar aghaidh] Eiseoidh an Coimisiún treoraíocht lena soiléireofar solúbthachtaí atá ann cheana i gcreat reachtach an Aontais maidir le heitlíocht, go háirithe i ndáil le rialacha maidir le sliotáin aerfoirt, fritancáil, oibleagáidí seirbhíse poiblí agus úsáid breoslaí allmhairithe eile, chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ganntanas breosla a d’fhéadfadh a bheith ann ar oibríochtaí aeriompair, lena n‑áiritheofar go gcaomhnófar feidhmiú cuí an mhargaidh aonair agus go ndaingneofar nascacht aeir riachtanach. Má théann an staid in olcas agus nach leor a thuilleadh na solúbthachtaí atá ann cheana, molfaidh an Coimisiún athruithe sealadacha ar chreat reachtach infheidhme an Aontais, i gcás ina bhfuil údar cuí leis.

-[2026] Cuirfidh an Coimisiún tús leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Stoic Ola chun aghaidh a thabhairt ar laigí a sainaithníodh sa ghéarchéim atá ann faoi láthair agus chun a mheas, i measc nithe eile, an bhfuil gá le ceanglais shonracha stoic le haghaidh táirgí ola éagsúla.

2.2Tomhaltóirí agus earnáil na tionsclaíochta a chosaint ar shuaitheadh praghsanna

Tá tomhaltóirí agus lucht tionscail ag coinne le bearta ó na Ballstáit agus ón Aontas chun iad a chosaint ar arduithe móra praghsanna gan choinne. Tá buiséid teaghlaigh ag éirí níos doichte de réir mar a laghdaíonn costais fuinnimh atá ag ardú glanioncam daoine. Tá sé sin le feiceáil cheana féin sa lá atá inniu ann nuair a chuireann daoine breosla ina gcarranna 13 . Thairis sin, ós rud é go n‑úsáidtear thart ar dhá thrian den ghás nádúrtha a thomhlaítear san Aontas i bhfoirgnimh agus sa tionsclaíocht, beidh dúshláin ann do go leor tomhaltóirí freisin mar thoradh ar mhéaduithe tobanna ar phraghsanna gáis a luaithe a léireofar na méaduithe sin ar phraghsanna ina mbillí fuinnimh agus, faoi dheireadh, i gcodanna eile den gheilleagar amhail praghsanna bia. Faoi láthair, d’fhéadfadh go leor teaghlach tairbhe a bhaint fós as na coinníollacha a leagtar síos sna conarthaí gáis agus leictreachais a thug siad i gcrích roimh thús na coinbhleachta sa Mheánoirthear. D’fhéadfadh sé sin athrú nuair a théann a gconarthaí soláthair aonair in éag. Tá na tomhaltóirí uile atá i staid leochaileach neamhchosanta go háirithe ar an riosca sin.

Agus an brú leanúnach athfhillteach atá ar allmhairí breosla iontaise agus ar phraghsanna fuinnimh fós luaineach, tá gá le tacaíocht láithreach, ach ní mór di a bheith spriocdhírithe, tráthúil agus sealadach, agus ceangailte le réitigh fhadtéarmacha (féach na samplaí in Iarscríbhinn II). Leis an tacaíocht sin, ba cheart dreasachtaí a chaomhnú chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus ba cheart í a bheith comhsheasmhach le gealltanais na mBallstát faoi chreat fioscach an Aontais.

Le creat reachtach an Aontais agus le tionscnaimh bheartais an Choimisiúin, lena n‑áirítear Pacáiste Fuinnimh na Saoránach 14 , cuirtear raon beart ar fáil cheana féin do na Ballstáit a d’fhéadfaidís a chur san áireamh, rud a thabharfadh faoiseamh láithreach do thomhaltóirí. Áirítear orthu sin, mar shampla, scéimeanna tacaíochta ioncaim spriocdhírithe; dearbháin fuinnimh amhail cinn chun coirí gáis a ionadú; taraifí sóisialta; dleachtanna máil ar leictreachas a laghdú do theaghlaigh leochaileacha agus do thionscail dianfhuinnimh; laghduithe CBL maidir le suiteáil teaschaidéal, grianfhuinnimh fhótavoltaigh agus ceallraí gaolmhara ar mhionscála; dreasachtaí cánach a thacaíonn leis an aistriú chuig feithiclí leictreacha; rannpháirtíocht tomhaltóirí a dhreasú agus a éascú i bpobail fuinnimh agus i bhféintáirgeadh fuinnimh; agus tomhaltóirí a spreagadh chun a gcuid soláthróirí nó conarthaí fuinnimh a chur i gcomparáid le chéile agus a athrú. Ina theannta sin, chun tacú le tomhaltóirí leochaileacha, féadfaidh na Ballstáit toirmisc shealadacha nó iomlána ar dhíscor ón soláthar fuinnimh a thabhairt isteach cheana féin, faoi chreat reachtach an Aontais atá ann cheana. Is tosaíocht é freisin an bhochtaineacht fuinnimh agus iompair a chomhrac sa Straitéis i gcoinne na Bochtaineachta atá ar na bacáin.

Is féidir le dreasachtaí airgeadais spriocdhírithe amhail creidmheasanna cánach spriocdhírithe, dímheas luathaithe 15 nó scéimeanna léasaithe shóisialta tacú freisin le hinfheistíocht agus ráta úsáide teicneolaíochtaí glana a mhéadú agus cur le huas-scálú acmhainneacht mhonaraíochta na hEorpa an tráth céanna. Áirítear leis sin earnálacha amhail feithiclí leictreacha, teaschaidéil chónaithe nó thionsclaíocha, painéil ghréine nó córais stórála ceallraí.

Tá sé cruthaithe go bhfuil sé éifeachtúil fuinneamh a shábháil agus fuinneamh glan dúchasach a chur in ionad tomhaltas ola agus gáis chun dul i ngleic le praghsanna arda fuinnimh agus chun spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú 16 . Sa ghearrthéarma, is féidir leis na Ballstáit tairbhí móra a bhaint amach in iliomad earnálacha trí ghníomhaíochtaí a chomhcheangal maidir le leictriú, feabhsuithe éifeachtúlachta agus cur in úsáid luathaithe teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, lena n‑áirítear, mar shampla, réitigh nuálacha inbhuanaithe bhithbhunaithe (féach na samplaí in Iarscríbhinn II). Bhí Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) ina phríomhuirlis freisin chun céim níos airde slándála agus neamhspleáchais fuinnimh a bhaint amach, ós rud é go n‑ídeodh an Eoraip 100 bcm níos mó gáis in éagmais CTA, rud a d’fhágfadh go mbeimis níos leochailí.

I dteaghlaigh agus i bhfoirgnimh, trí thacú le hoiriúnuithe a mbíonn tionchar tapa acu, amhail insliú a fheabhsú, fuinneoga a ionadú nó fearais neamhéifeachtúla a ionadú, is féidir coigilteas fuinnimh agus faoiseamh costais láithreach agus fadtéarmach a bhaint amach. Trí theaschaidéil a chur in ionad coirí gáis agus ola, d’fhéadfaí an t‑ídiú fuinnimh deiridh i bhfoirgnimh a laghdú faoina leath agus billí fuinnimh a laghdú le himeacht ama 17 . Le méadú bliantúil ar an ráta ar dá réir a chuirtear teaschaidéil in úsáid ó thart ar 2,4 milliún aonad sa lá atá inniu ann go dtí thart ar 4 mhilliún aonad faoi 2030, ní hamháin go dtabharfaí faoisimh do thomhaltóirí ach thacófaí freisin leis na Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh chun laghdú 16 % ar a laghad a dhéanamh ar mheánúsáid fuinnimh phríomhúil an stoic foirgneamh cónaithe faoi 2030 18 . Molann an Coimisiún do na Ballstáit úsáid a bhaint as Saoráid Tús-ualúcháin CTA2 an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta chun dlús a chur le cur in úsáid beart dícharbónaithe in earnálacha na tithíochta agus na soghluaisteachta, rud a rachaidh chun tairbhe go háirithe do theaghlaigh agus do FBManna atá ar ioncam íseal agus ar mheánioncam.

Ós rud é gur in earnáil an iompair is mó a ídítear ola, ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú agus a dhíriú ar shreafaí lasta agus nascacht do phaisinéirí a choinneáil ar bun, agus an t‑aistriú chuig an leictrea-shoghluaisteacht agus chuig réitigh soghluaisteachta glaine eile ar fud na modhanna uile á gcur chun cinn an tráth céanna mar chonair struchtúrach chun ár spleáchas ar ola san iompar a laghdú. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin dreasachtaí do thomhaltóirí feithiclí leictreacha a fháil (e.g. flíteanna corparáideacha a ionadú le flíteanna a údáideann réitigh iompair ghlain 19 , amhail feithiclí tromshaothair leictreacha nó báid farantóireachta paisinéirí leictreacha), nó soláthar cumhachta ar tír a sholáthar ag calafoirt. I gcás gnólachtaí – go háirithe gnólachtaí beaga, meánmhéide agus dianfhuinnimh – féadfar scéimeanna maoiniúcháin, dearbháin nó samhlacha léasaithe a áireamh i sásraí tacaíochta spriocdhírithe chun an infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh agus i dteicneolaíochtaí glana a spreagadh.

Is féidir leis na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar a leithdháiltí ón gCiste Aeráide Sóisialta a úsáid chun bearta den sórt sin a mhaoiniú do ghrúpaí leochaileacha, lena n‑áirítear in earnáil an iompair agus in earnáil na bhfoirgneamh araon.

Maidir le haeriompar agus iompar d’uisce agus iascach, ba cheart dlús a chur leis an aistriú tionscanta chuig breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus chuig breoslaí muirí inbhuanaithe 20 , agus tacú leis sin trí dhreasachtaí a chur chun feidhme go tapa chun iad a tháirgeadh agus a úsáid san Aontas 21 . I gcás earnálacha eile, amhail an talmhaíocht, an t‑iascach agus an lóistíocht soghluaisteachta, le rochtain mhéadaithe ar bhithbhreoslaí inbhuanaithe d’fheithiclí innill dócháin atá ann cheana, is féidir a áirithiú go gcuirfidh siad leis an slabhra soláthair gan bhriseadh, go háirithe i gcás bia.

Gníomhaíocht láithreach ón gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit tomhaltóirí agus earnáil na tionsclaíochta a chosaint:

-[Bealtaine 2026] Cuirfidh an Coimisiún i láthair, ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh ag Airí Fuinnimh an Aontais sa Chipir an 13 Bealtaine 2026, catalóg de bhearta inmhacasamhlaithe chun coigilteas fuinnimh agus gnóthachain éifeachtúlachta córais a thabhairt ar aird, chomh maith le bearta chun fuinneamh glan dúchasach a chur in ionad breoslaí iontaise, ar féidir leis na Ballstáit iad a chur in úsáid go tapa chun tomhaltas ola agus gáis a laghdú sa ghearrthéarma. Beidh an chatalóg bunaithe ar mheasúnú ar na bearta is éifeachtúla a rinneadh ó bhí 2022 ann agus áireofar inti samplaí de ghníomhaíocht nithiúil a cuireadh chun feidhme go rathúil ar an láthair lena mbaineann acmhainneacht macasamhlaithe ar mhórscála ar fud an Aontais, agus a dtionchair.

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh] Bunóidh an Coimisiún stór digiteach chun faisnéis neamhrúnda faoi bhearta éigeandála náisiúnta na mBallstát a thiomsú agus a chomhroinnt, chun cuidiú leis an gcomhordú idir Ballstáit chomharsanachta agus chun comhroinnt agus cur chun cinn dea-chleachtas a éascú.

-[Aibreán 2026] Glacfaidh an Coimisiún creat sealadach maidir le Státchabhair ina leagfar amach forálacha do na Ballstáit chun bearta éigeandála sealadacha spriocdhírithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacú le cuid de na hearnálacha eacnamaíocha is mó atá neamhchosanta ar arduithe tobanna ar phraghsanna.

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh] Cuirfidh an Coimisiún cúnamh leanúnach ar fáil do na Ballstáit maidir le bearta spriocdhírithe, tráthúla agus sealadacha a cheapadh (lena n‑áirítear idirghabháil praghsanna, scéimeanna tacaíochta ioncaim agus dreasachtaí cánach), arb é is aidhm dóibh tacú go háirithe le FBManna, le tionscail dianfhuinnimh agus le teaghlaigh agus an dreasacht á caomhnú an tráth céanna chun fuinneamh a shábháil agus laghdú breoslaí iontaise a spreagadh. Ba cheart do na Ballstáit measúnú a sholáthar ar na tionchair ionchasacha éagsúla, lena n‑áirítear a gcostas fioscach agus ilroinnt an mhargaidh aonair a sheachaint. Cuirfidh an Coimisiún treoirphrionsabail ar fáil agus éascóidh sé forbairt teimpléad i ndáil leis sin. Is féidir leis na Ballstáit bearta a dhéanamh freisin maidir le cánachas ar bhrabúis amhantair chun cothroime shóisialta a áirithiú; urramóidh an Coimisiún cinntí na mBallstát agus tabharfaidh sé cúnamh agus cuirfidh sé dea-chleachtais ar fáil i ndáil le bearta náisiúnta chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn acu ar an margadh aonair. Tá an Coimisiún réidh chun tacú le haon Bhallstát ar gá dóibh, sa ghearrthéarma, rátaí cánach fuinnimh a chur i bhfeidhm faoi bhun íosleibhéil reatha an Aontais, agus an tráth céanna méadú ar an éileamh ar bhreoslaí iontaise a sheachaint agus géarú ar mhíchothromaíochtaí soláthair agus éilimh.

-[Aibreán 2026] Leanfaidh an Coimisiún d’eascaiocht a dhéanamh ar chumhachtú agus cosaint tomhaltóirí a chur chun feidhme ar fud na mBallstát trí threoraíocht maidir le custaiméirí leochaileacha a chosaint ar dhícheangal, trí dhlús a chur le hathrú soláthróirí fuinnimh agus conarthaí fuinnimh agus iad sin a shimpliú, trí rannpháirtíocht i bpobail fuinnimh agus féintomhaltas, trí bhainistiú riosca soláthróirí a fheabhsú agus trí thomhaltóirí a chosaint le linn an aistrithe fuinnimh.

-[Ó Bhealtaine 2026 ar aghaidh] Déanfaidh an Coimisiún scéimeanna léasaithe shóisialta le haghaidh teicneolaíochtaí glana agus éifeachtúla a chur chun cinn agus cuideoidh sé lena bhforbairt, lena n‑áirítear trí Chomhairle Infheistíochta an Aistrithe Fuinnimh agus tríd an gComhghuaillíocht um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh, ar scéimeanna iad a mholtar do na Ballstáit a úsáid chun tacú le glacadh tapa ríomhfheithiclí, teaschaidéal cónaithe agus ceallraí ar mhionscála, mar shampla 22 . Tá an Coimisiún réidh chun cabhrú leis na Ballstáit dreasachtaí airgeadais a bhunú, amhail creidmheasanna cánach spriocdhírithe, chun teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a chur in úsáid go tapa amhail feithiclí leictreacha, teaschaidéil thionsclaíocha agus chónaithe, ceallraí taobh thiar den mhéadar agus teirmeastóráil thionsclaíoch, agus comhlíonadh gealltanas faoi rialacha fioscacha á áirithiú an tráth céanna.

-[Aibreán 2026] Rinne an Coimisiún gníomhachtú ar an sásra tacaíochta géarchéime dá bhforáiltear faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 23 lena gceadaítear do na Ballstáit oibreoirí san earnáil iascaigh, dobharshaothraithe agus próiseála a chúiteamh as costais oibriúcháin mhéadaithe agus as ioncam ligthe thar ceal a eascraíonn go díreach as an staid sa Mheánoirthear.

3gníomhaíocht láithreach chun tairbhí marthanacha a bhaint amach

3.1Dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan dúchasach agus chuig an leictriú

Trí ghníomhaíocht a dhéanamh láithreach chun torthaí láidre a ghiniúint sa mheántéarma, is féidir leis na Ballstáit méideanna suntasacha ola agus gáis a ionadú trí dhlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan, dúchasach agus flúirseach, lena n‑áirítear trí leictriú, trí ghrianfhuinneamh teirmeach agus fuinneamh geoiteirmeach a chur in úsáid chomh maith le fuinneamh in-athnuaite eile, fuinneamh núicléach, bithmheatán, bithbhreoslaí inbhuanaithe agus hidrigin.

Mar shampla, ba cheart acmhainneacht an leictreachais in-athnuaite a chuirtear in úsáid in aghaidh na bliana a mhéadú go 100 GW in aghaidh na bliana 24 , lena n‑áirítear trí thionscadail nua fuinnimh in-athnuaite ar mhórscála agus trí chur in úsáid luathaithe gréine 25 , ar nithe iad trínar féidir torthaí a bhaint amach go tapa 26 . Chun beart a dhéanamh ar luas, tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, córais náisiúnta ceadaithe a chuíchóiriú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais 27 . Sa bhreis ar iarrachtaí trasuite, is féidir torthaí nithiúla a bhaint amach trí thús áite a thabhairt don chur chun feidhme. Faoi dheireadh 2026, ba cheart go dtiocfadh laghdú ar fhad na nósanna imeachta ceadaithe ar fud na hEorpa go dtí 2 bhliain ar a mhéad 28 agus ba cheart do gach Ballstát leas a bhaint as acmhainneacht limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite trí limistéar amháin den chineál sin ar a laghad a bhunú.

Príomhluamhán eile is ea na sócmhainní fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a uasmhéadú. Le hathchumhachtú agus uasghrádú tapa feirmeacha gaoithe lena n‑áirítear feirmeacha gaoithe amach ón gcósta, le tacaíocht ó chórais cheadaithe chuíchóirithe thiomnaithe maidir le hathchumhachtú, agus nuachóiriú gléasraí in-athnuaite eile amhail gléasraí hidreachumhachta, is féidir faoiseamh breise a bhfuil géarghá leis a sholáthar go tapa tríd an acmhainneacht ghiniúna atá ar fáil a mhéadú.

Is cuid thábhachtach é an fuinneamh núicléach maidir le dícharbónú, iomaíochas tionsclaíoch agus straitéisí maidir le slándáil an tsoláthair. Tá fuinneamh núicléach ina gcuid meascán náisiúnta fuinnimh ag beagnach leath de na Ballstáit. Léirítear sna Pleananna Nuashonraithe Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide 29 go meastar go dtiocfaidh méadú ar an toilleadh núicléach suiteáilte. Soláthraíonn gléasraí cumhachta núicléiche cumhacht ghlan, atá oiriúnach chun comhtháthú córais a fheabhsú agus solúbthacht a sholáthar lena n‑éascaítear leathadh amach breise teicneolaíochtaí glana eile. Fabhraíonn na tairbhí sin do chóras fuinnimh an Aontais ina iomláine. Trí imoibreoirí modúlacha beaga nua 30 nó trí gan an acmhainneacht núicléach atá ann cheana a chur ar scor roimh am 31 is féidir cuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le húsáid breoslaí iontaise, lena n‑áirítear i dtéamh ceantair agus i bpróisis thionsclaíocha. Mar a measadh i Straitéis PINC, tá buntáiste fós le baint freisin as acmhainneacht maidir le gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana 32 . 

Cúis is ea ghéarchéim atá ann faoi láthair lena iarraidh go gcuirfí dlús leis an leictriú 33 chun deireadh a chur leis an neamhchosaint ar shuaitheadh praghsanna breoslaí iontaise agus ar spleáchais ar allmhairí. In 2024, tháinig 71 % den leictreachas a gineadh san Aontas ó fhoinsí fuinnimh ghlain 34 , rud a thug fuinneamh saor isteach sa chóras. Mar sin féin, is sciar níos lú ná an ceathrú cuid den ídiú fuinnimh deiridh atá sa leictreachas 35 . Chun inacmhainneacht fuinnimh agus iomaíochas tionsclaíoch a áirithiú trí thairbhí an fhuinnimh ghlain agus na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh a thabhairt do thomhaltóirí agus éifeachtúlacht an chórais a fheabhsú, ní mór níos mó den éileamh ar fhuinneamh (an t‑iompar, foirgnimh, an tionsclaíocht, etc.) a athrú ó bhreoslaí iontaise go dtí an leictreachas.    

Fíor 1. An comhghaol idir meascáin fuinnimh ghlain agus inacmhainneacht leictreachais (mórdhíol 2025 – ar chlé; miondíol tionsclaíoch S1 2025 – ar dheis) [Foinse: AS ENER]

Cuirfidh an leictriú borradh faoi mhonarú intíre teicneolaíochtaí glana san Aontas freisin, e.g. teaschaidéil chónaithe agus thionsclaíocha. Léiríonn meastacháin ó earnáil na tionsclaíochta gur san Eoraip a tháirgtear níos mó ná dhá thrian de na teaschaidéil atá suiteáilte san Eoraip 36 . Le soiléireacht maidir leis an éileamh a d’fhéadfadh a bheith ann, beidh dreasacht níos mó ag monaróirí borradh a chur faoin acmhainneacht san Aontas agus infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt scileanna.

Dá ndéanfaí acmhainneacht shuiteáilte na dteaschaidéal tráchtála agus cónaithe a dhúbailt, laghdófaí an t‑ídiú breosla iontaise faoi 200 TWh 37 . Ina theannta sin, is spreagthaí éifeachtúla iad córais téamh agus fuaraithe ceantair chun dlús a chur leis an leictriú. Tá sé d’acmhainn acu an tsolúbthacht ar thaobh an éilimh a sholáthar a bhfuil gá níos mó ná riamh léi sa chóras leictreachais, trí theaschaidéil mhóra, coirí leictreacha agus teirmeastóráil agus éascaíonn siad an aisghabháil dramhtheasa. Dá ndéanfaí leathnú uaillmhianach ar an ngréasán teasa, d’fhéadfaí coigilteas mór gáis nádúrtha a bhaint amach 38 .

Réimse eile atá fíor-riachtanach chun leictriú an gheilleagair a mhéadú is ea an t‑iompar. Chomh maith le dreasachtaí chun fás díolacháin feithiclí leictreacha a chur chun cinn, tá bonneagar athluchtaithe leordhóthanach fíor-riachtanach chun go nglacfar iad. Cé gur tháinig fás i bhfad níos tapúla le 5 bliana anuas ar bhonneagar athluchtaithe le haghaidh gluaisteán agus veaineanna ná an flít gluaisteán leictreach, tá an bonneagar athluchtaithe le haghaidh trucailí easnamhach 39 . 

Trí sciar an ghrianfhuinnimh theirmigh a mhéadú, ní hamháin i bhfoirgnimh ach i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair freisin, trí shuiteálacha teirmeacha gréine atá ann cheana a athchumhachtú agus trí thionscadail nua a thosú, lena n‑áirítear le haghaidh teirmeastórála, d’fhéadfaí coigilteas suntasach fuinnimh a bhaint amach. Tá sé sin ábhartha go háirithe don tionscal, go háirithe in earnáil an bhia agus na dí, in earnáil na gceimiceán (go háirithe i gcás riachtanais teasa próisis suas le thart ar 400 °C) agus sa talmhaíocht, le haghaidh tithe gloine mar shampla.

Is féidir leis an bhfuinneamh geoiteirmeach teacht in ionad gás nádúrtha freisin i líonraí téimh agus fuaraithe ceantair agus, i gcásanna áirithe, cur le giniúint leictreachais 40 . Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, tacú le tionscadail gheoiteirmeacha nua a chur in úsáid go tapa agus féachaint an bhféadfaí suiteálacha atá ann cheana a athchumhachtú. Is féidir le teaschaidéil thionsclaíocha teas próisis a sholáthar suas le thart ar 200 °C de ghnáth nó teas ísealteochta a uasghrádú, rud a chumasaíonn aisghabháil mhéadaithe dramhtheasa sa tionscal agus i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair.

Is féidir ról níos straitéisí a bheith ag bithghás agus bithmheatán freisin maidir le breoslaí iontaise allmhairithe a ionadú, go háirithe in earnálacha ina bhfuil an leictriú níos deacra. D’fhéadfaí an táirgeadh bithmheatáin i ngléasraí atá ann cheana a mhéadú thart ar 10 % go 30 %. Is féidir le tionscadail bhithmheatáin ar an bhfeirm agus le tionscadail chomhoibritheacha bhithmheatáin spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus, an tráth céanna, ioncam breise a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus luach áitiúil a chruthú, go háirithe i gceantair thuaithe, trí dhramhaíl, iarmhair agus aoileach a thiontú go fuinneamh agus leasacháin. Ar deireadh, is féidir le réitigh chiorclacha le haghaidh bithgháis, bithmheatáin agus cothaithigh athchúrsáilte an athléimneacht a neartú, cuidiú leis an iomaíochas agus an neamhchosaint ar shuaitheadh praghsanna domhanda a laghdú.

Ar deireadh, ós rud é go bhfuil an borradh faoin hidrigin fós mall, ba cheart don Aontas tacú le dlús a chur le haistriú an tionscail chuig breoslaí dícharbónaithe, agus cothrom iomaíochta á áirithiú do gach úsáideoir leictreachais agus costas an leictreachais á íoslaghdú an tráth céanna.

Gníomhaíocht láithreach ón gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit:

-[R2 2026] Gníomhóidh an Coimisiún maidir le leictriú, téamh agus fuarú agus maidir le fuinneamh geoiteirmeach. Socróidh an Coimisiún, inter alia, sprioc leictriúcháin, molfaidh sé gníomhaíocht chun an cóimheas praghsanna breoslaí leictreachais-iontaise a ísliú agus bearta chun dlús a chur le glacadh réiteach leictriúcháin, amhail trí ionstraim mhargadhbhunaithe maidir le teaschaidéil, agus tabharfaidh sé aghaidh ar bhacainní sna hearnálacha tionsclaíocha, iompair 41 agus tógála chomh maith le bacainní trasearnála ar leictriú an gheilleagair. Áirítear leis sin deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise, a bhaineann an bonn d’iomaíochas coibhneasta an leictreachais vis-à-vis iompróirí fuinnimh eile.

-[Ó Bhealtaine 2026 ar aghaidh] Maidir le fuinneamh geoiteirmeach, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara sonraí geolaíocha mionsonraithe a bhailiú agus cruthóidh sé bunachar sonraí ar leibhéal an Aontais. Féachfaidh an Coimisiún freisin ar thacaíocht a thabhairt do scéimeanna dírioscaithe fuinnimh gheoiteirmigh agus scéimeanna árachais a bhunú in éineacht le hairgeadaithe poiblí, lena n‑áirítear bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh, chun an infheistíocht a dhírioscú agus chun caipiteal príobháideach a shlógadh a thuilleadh. Faoin tionscnamh Global Gateway, tá an Coimisiún tiomanta, inter alia, don chomhar idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le tionscadail fuinnimh gheoiteirmigh i gcásanna inarb ábhartha.

-[Ó Bhealtaine 2026 ar aghaidh] Maidir le grianfhuinneamh teirmeach, in éineacht leis an gComhghuaillíocht um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh, cuideoidh an Coimisiún le scéimeanna tacaíochta poiblí a fhorbairt chun tionscadail ghrianfhuinnimh theirmigh ar mhórscála a ghlacadh.

-[Ó 2026 ar aghaidh] Maidir le bithmheatán, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh chun táirgeadh móilíní gásacha de thionscnamh neamh-iontaise a chur chun cinn, lena n‑áirítear bithghás agus bithmheatán inbhuanaithe i gcomhréir le REPowerEU 42 lena n‑áirítear tionscadail bhithgháis agus bhithmheatáin ar an bhfeirm agus chomhoibritheacha agus aird chúramach á tabhairt ar uas-scálú na ngléasraí atá ann cheana, ar scrogaill cheadaithe a laghdú agus ar iompar bunábhair inbhuanaithe ar fud na réigiún a fheabhsú.

-[R2 2026] Tar éis measúnú a dhéanamh agus i bhfianaise an mhéadaithe níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis ar an margadh hidrigine, molfaidh an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe ar na critéir tháirgthe le haghaidh hidrigin in-athnuaite, agus na hinfheistíochtaí atá ann cheana á gcosaint an tráth céanna. Tacóidh sé sin leis an dícharbónú tionsclaíoch agus cuirfidh sé dlús le forbairt leictreabhreoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe hidrigin-bhunaithe (eSAF) agus leictreabhreoslaí Muirí Inbhuanaithe (eSMF). Déanfaidh an Coimisiún soiléiriú breise ar na modheolaíochtaí is infheidhme maidir le próisis a bhraitheann ar hidrigin in-athnuaite agus ar bhithmhais araon mar bhunábhar d’fhonn táirgeadh eSAF a éascú agus, an tráth céanna, cothrom iomaíochta á chosaint agus critéir uaillmhianacha inbhuanaitheachta á gcoinneáil ar bun, lena n‑áirítear breisíocht, comhaireamh dúbailte a sheachaint agus cuntasaíocht chruinn astaíochtaí saolré. Faoin 30 Meitheamh 2026, seolfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le dréacht-mhodheolaíocht ina leagfar amach critéir maidir leis an bhféidearthacht cineálacha cur chuige malartacha a thabhairt isteach chun aitheantas a thabhairt do leictreachas ísealcharbóin ó ghléasraí cumhachta núicléiche. 

-[Faoi shamhradh 2026] Déanfaidh an Coimisiún mapáil ar acmhainneachtaí Eorpacha chun ola agus gás a chomhlánú mar bhunábhair le haghaidh ceimiceán, earraí ceirmeacha, gloine, plaisteach agus leasachán le hábhair chiorclacha agus bhithbhunaithe agus oibreoidh sé leis an tionscal chun bacainní ar a n‑úsáid sa ghearrthéarma a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin. 

3.2Dlús a chur lenár gcóras fuinnimh

Mar a léiríonn an ghéarchéim seo, ní ábhar uaillmhéine a thuilleadh é ár gcóras fuinnimh a uasghrádú agus a athrú ó bhonn, ach is dearbhriachtanas é don athléimneacht. Chun leas iomlán a bhaint as na tairbhí, tá sé fíor-riachtanach do na Ballstáit acquis fuinnimh an Aontais a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán agus do chomhreachtóirí dlús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le pacáiste eangacha an Aontais. Leis sin, tabharfar chun cinn an seachadadh tionscadal, lena n‑áirítear tionscadail leasa choitinn agus tionscadail leasa fhrithpháirtigh, agus an tráth céanna saineofar cur chuige solúbtha maidir le hioncam ó phlódú intíre a eascraíonn as criosanna tairisceana inmheánacha lena gcuirtear imthosca náisiúnta san áireamh. Tá gá le heangacha ionas go ligfear don chumhacht sreabhadh ar an bpraghas is ísle ón áit a dtáirgtear í go dtí an áit a n‑ídítear í. Is gá dlús a chur le himscaradh bonneagair leictreachais trasteorann chun sprioc tháscach an Aontais a bhaint amach maidir le hidirnascadh leictreachais 15 % ar a laghad a bheith ann faoi 2030, agus ar an gcaoi sin fíor-Aontas Fuinnimh a áirithiú.

Díríonn an tionscnamh Mórbhealaí Fuinnimh ar ocht gconair tosaíochta, lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais bonneagair fuinnimh is práinní a bhfuil tacaíocht agus tiomantas tapa breise ag teastáil ina leith, ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar scrogaill a chuireann bac ar dhul chun cinn. Ní mór dlús a chur leo sin. I gcás inar gá, féadfar machnamh a dhéanamh ar Mhórbhealaí Fuinnimh breise amach anseo. Le gníomhaíocht chun úsáid níos éifeachtúla agus níos solúbtha a bhaint as eangacha, lena n‑áirítear trí dhigitiú agus chun táirgiúlacht eangaí a fheabhsú, laghdófar costais go mór freisin agus cuideofar le méadú faoi dhó ar an bpróiseas chun earnálacha éagsúla a leictriú, lena n‑áirítear téamh agus fuarú.

Is réamhriachtanais iad freisin do go leor soláthraithe seirbhíse an idirnascacht, eangacha cliste, rochtain ar eangacha agus táirgiúlacht eangaí, in éineacht le méadair chliste, a chuidíonn le tomhaltóirí a mbillí fuinnimh a ísliú nó freagairt do chomharthaí praghais tríd an éileamh a choigeartú. Tá cur in úsáid forleathan méadar cliste fíor-riachtanach chun an fhreagairt don éileamh a scaoileadh ar scála agus chun é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí páirt a ghlacadh i margaí solúbthachta, rud a laghdóidh an buaicéileamh agus luaineacht praghsanna. Tacaítear leis sin le sócmhainní amhail ceallraí, feithiclí leictreacha agus teaschaidéil, chomh maith le próisis amhail córais bhainistíochta agus réitigh ó fheithicil go heangach agus uathoibriú faoi thiomáint IS. Chun solúbthacht an chórais a mhéadú agus chun cuidiú le praghsanna fuinnimh réigiúnacha agus intíre a ísliú, ba cheart do gach Ballstát méadair chliste a chur in úsáid chun 50 % ar a laghad dá dtomhaltóirí deiridh a chumhdach faoi 2031. Tá sé sin fite fuaite le struchtúir praghsanna a spreagann úsáid seirbhísí solúbthachta agus stórála chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú agus tairbhe a bhaint as ar bhealach níos fearr.

Chun córas fuinnimh athléimneach a thógáil a chothaítear le foinsí fuinnimh dúchasacha glana, tá infhaighteacht leictreachais agus acmhainneachtaí teirmeastórála chomh maith le solúbthacht, lena n‑áirítear ceallraí agus hidreafhuinneamh pumpála, ríthábhachtach. Toilleadh stórála 55 GW atá ag an Aontas faoi láthair agus ní mór dó an toilleadh sin a leathnú go mór chun 200 GW a bhaint amach faoi 2030, agus tá ról tábhachtach ag ceallraí san fhás sin. Chuige sin, tá tacaíocht pholaitiúil ríthábhachtach do na tionscadail sin atá ag céim na pleanála cheana féin.

Gníomhaíocht láithreach:

-[Faoi Iúil 2026] Iarrann an Coimisiún ar na comhreachtóirí agus tacóidh sé leo chun a gcaibidlíocht maidir leis an bpacáiste eangacha a thabhairt chun críche faoin samhradh. Ní féidir déanamh dá uireasa sin chun dlús a chur le leathadh amach na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite agus na stórála fuinnimh in-athnuaite a bhfuil géarghá leo, lena n‑áirítear ceallraí mórscála, agus chun bonneagar eangaí a uasghrádú, rud a chuideoidh le praghsanna fuinnimh agus spleáchais ar allmhairí a laghdú.

-[R2-R3 2026] Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit chun dlús a chur le cur chun feidhme an tionscnaimh Mórbhealaí Fuinnimh. Ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin ar Oileán Fuinnimh Bornholm, déanfaidh an Coimisiún an rannpháirtíocht pholaitiúil a threisiú, acmhainní a thiomnú agus na huirlisí uile atá ar fáil a shlógadh chun creataí infheistíochta a neartú agus bacainní a shárú, lena n‑áirítear trí aghaidh a thabhairt ar na scrogaill atá fós ann a chuireann bac ar leathadh amach tapa na dtionscadal sin.

-[Ó Bhealtaine 2026 ar aghaidh]: Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara (mar shampla sa Tascfhórsa um an Aontas Fuinnimh agus sna Grúpaí Ardleibhéil réigiúnacha) gléasraí giniúna leictreachais a shainaithint, lena n‑áirítear feirmeacha gaoithe, atá gar do dheireadh a saolré agus suiteálacha a d’fhéadfaí a athchumhachtú chun cuidiú le dlús a chur leis an méadú ar an soláthar leictreachais sna míonna amach romhainn. Déanfaidh siad measúnú freisin ar conas cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite a uas-scálú a thuilleadh.

-[Bealtaine 2026] Cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit, trí thacaíocht a sholáthar tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil trí Acadamh Rialála Fuinnimh, chun athchóirithe tábhachtacha a chur chun feidhme in earnáil an leictreachais.

-[Bealtaine 2026] Glacfaidh an Coimisiún togra dlíthiúil maidir le muirir ghréasáin agus cánachas. Is é an aidhm a bheidh ann an t‑aistriú chuig córas fuinnimh níos leictrithe, níos éifeachtúla agus níos athléimní a éascú lenar féidir billí leictreachais a laghdú do na tomhaltóirí uile. Cuirfear dreasachtaí ar fáil leis an togra chun an úsáid is fearr agus is costéifeachtaí a bhaint as an mbonneagar eangaí, tomhaltas atá fabhrach don chóras a dhreasú, an creat a shoiléiriú chun go mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta in ann laghduithe spriocdhírithe a dhéanamh ar mhuirir ghréasáin, lena n‑áirítear do thionscail dianfhuinnimh agus chun go mbeidh na Ballstáit in ann deireadh a chur le srianta ar chánacha fuinnimh a laghdú d’úsáideoirí sonracha, amhail tionscail dianfhuinnimh agus teaghlaigh leochaileacha, agus a áirithiú an tráth céanna go ngearrfar cáin níos lú ar leictreachas ná ar ghás.

-[2026-2027] Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar dianfhaireachán ar chur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais trí úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil, lena n‑áirítear sáruithe, mar shampla maidir le ceadú, stóráil, solúbthacht agus uasmhéadú acmhainneachta traslimistéir, chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh ghlain. Chun an dul chun cinn a luathú, cuirfidh sé dlús leis an measúnú ar phríomhfhorálacha, cuirfidh sé treoir phragmatach ar fáil maidir le cur chun feidhme, lena n‑áirítear trí mholtaí ón gCoimisiún, agus tacóidh sé leis na Ballstáit chun comhchuibhiú agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú ar fud an Aontais.

3.3Borradh a chur faoin infheistíocht

Tá freagairt an Aontais ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair ag brath ar bhorradh a chur faoin infheistíocht. Ní mór dúinn cistí poiblí a shlógadh – ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta – chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh agus a mhéadú. Má dhéantar soláthar le haghaidh infheistíocht amach anseo san aistriú fuinnimh agus i réitigh chiorclacha inniu agus má chuirtear dlús leo beifear in ann deireadh a chur leis an spleáchas timthriallach ar bhreoslaí iontaise faoi dheireadh is faoi dheoidh.

Tá acmhainní móra á gcur in úsáid ar leibhéal an Aontais le haghaidh an aistrithe fuinnimh, lena n‑áirítear le linn na tréimhse deiridh den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 219 mbilliún). Sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta tá go leor athchóirithe agus infheistíochtaí curtha san áireamh cheana féin atá ag cuidiú leis na Ballstáit a gcórais fuinnimh a uasghrádú. Tá siad sin le bheith curtha i gcrích faoin 31 Lúnasa 2026 i gcomhréir leis na sprioc-amanna a leagtar síos ina struchtúr dlíthiúil 43 . Ó bhí 2021 ann, tá os cionn EUR 2 bhilliún geallta faoi Shaoráid Bonneagair Breoslaí Malartacha SCE le haghaidh tionscadail lena gcuirtear in úsáid bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe ábhartha le haghaidh breoslaí malartacha i gcomhair na modhanna iompair uile. Le linn na tréimhse 2021 – 2027 tabharfaidh SCE Fuinneamh tacaíocht 5,84 billiún do thionscadail bonneagair fuinnimh trasteorann agus do thionscadail fuinnimh in-athnuaite trasteorann.

Cuireann an beartas comhtháthaithe tacaíocht nach beag ar fáil freisin don aistriú fuinnimh. Mar thoradh ar an athbhreithniú meántéarma a rinneadh le déanaí ar Chistí an Bheartais Comhtháthaithe, rinneadh thart ar EUR 1,2 billiún a ath-leithdháileadh ar thosaíochtaí fuinnimh, ar suim í atá in ann a bheith ina rannchuidiú anois le freagairt don ghéarchéim atá ann faoi láthair.

Mar thoradh ar an tacaíocht chomhsheasmhach a thug an tAontas do thaighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, rinneadh cistiú poiblí agus príobháideach araon a shlógadh le haghaidh an aistrithe, lena n‑áirítear maidir le teicneolaíochtaí nuálacha a mhéadú, agus ar an gcaoi sin cuireadh réitigh ar fáil atá tástáilte, iontaofa agus curtha in úsáid ar an margadh cheana féin. Dóibh siúd atá i mbun scála a bhaint amach, tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe leanúnach agus tacaíocht ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun ilroinnt an chistithe phoiblí a sheachaint agus chun dlús a chur leis an gcur in úsáid.

Mar sin féin, ní trí airgead poiblí amháin a bheifear in ann na riachtanais mhóra infheistíochta a chumhdach (a mheastar a bheith EUR 660 billiún in aghaidh na bliana go dtí 2030) atá ag teastáil don aistriú fuinnimh. Chun infheistíocht phríobháideach a shlógadh 44  - lena n‑áirítear infheistíocht ó infheisteoirí institiúideacha amhail cuideachtaí árachais agus cistí pinsin a bhainistíonn os cionn EUR 12 thrilliún san Aontas, agus an fhéidearthacht tuilleadh infheistíochtaí a dhíriú ar mhaithe le tionscadail chriticiúla aistrithe fuinnimh – ghlac an Coimisiún Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan i mí an Mhárta 2026.

Ina theannta sin cuirfidh an creat Státchabhrach ar a gcumas do na Ballstáit tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha i mbonneagar fuinnimh agus i dteicneolaíochtaí glana agus cothrom iomaíochta laistigh den mhargadh inmheánach á chaomhnú an tráth céanna 45 .

Gníomhaíocht láithreach:

-[R2 – R3 2026] Eagróidh an Coimisiún Cruinniú Mullaigh maidir le hInfheistíocht um Fhuinneamh Glan ina dtabharfar le chéile tionscal na seirbhísí airgeadais, lena n‑áirítear mórinfheisteoirí institiúideacha, ceannairí tionsclaíocha, forbróirí tionscadail agus airgeadaithe poiblí chun dlús a chur leis an maoiniú príobháideach. Le linn an Chruinnithe Mullaigh beifear ag díriú ar réitigh láithreacha ardtionchair a aimsiú amhail stóráil lena n‑áirítear ceallraí, bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha, leictriú, nó breoslaí eitlíochta agus muirí inbhuanaithe.

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh] Déanfaidh an Coimisiún cleachtadh AE a chomhordú (caibidil infheistíochta AccelerateEU ) chun na Ballstáit a chumhachtú agus chun cuidiú leo, lena n‑áirítear trí ghrúpaí saineolaithe na mBallstát, an úsáid is mó a bhaint as an gcistiú ón Aontas atá ar fáil(e.g. ó chistí an bheartais chomhtháthaithe) agus cistí an Aontais a ath-leithdháileadh nuair is féidir agus i gcomhréir le roghanan tosaíochta na mBallstát agus na réigiún ar infheistíochtaí a bhaineann le fuinnimh trínar féidir tionchar a imirt ar bhealach tapa agus na héifeachtaí a bhaineann le praghsanna fuinnimh atá ag dul in airde a mhaolú, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh mar shampla:

A) Bearta atá ann cheana a mhéadú chun ídiú fuinnimh a laghdú, fuinneamh glan a leathadh amach (e.g. teaschaidéil, fótavoltachas gréine, insliú, gaoth nó ceallraí), réitigh chiorclacha agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar criticiúil fuinnimh atá níos láidre agus níos sábháilte, chomh maith le cur i bhfeidhm an bhonneagair athluchtaithe agus táirgeadh breoslaí eitlíochta agus muirí inbhuanaithe a chur chun cinn.

B) Forlíontáin a thabhairt isteach le bearta atá ann cheana nó raon feidhme na mbeart sin a leathnú, e.g. bearta chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, mar fhorlíontán le bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ann cheana; leathnú a dhéanamh ar raon feidhme an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh go hagra-fótavoltachas; leathnú a dhéanamh ar raon feidhme próiseas ceadúcháin atá brostaithe agus shimplithe.

C) Dlús a chur le seachadadh beart ábhartha sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, trí úsáid mhaith a bhaint as na táscairí a chuirtear ar fáil sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘NextGenerationEU - an bóthar go 2026’, lena n‑áirítear an fhéidearthacht caipiteal a instealladh i mbainc agus in institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh. 

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh]: Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta chun rialacha a shimpliú ionas go gcuirfear dlús le húsáid chistí an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh san aistriú fuinnimh.

-[Faoi mhí Iúil 2026] Glacfaidh an Coimisiún togra reachtach chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a nuashonrú agus a nuachóiriú. Is gearr go rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an nuashonrú ar thagarmharcanna CTA. Beidh sé sin ina chomhlánú ar na hathruithe atá beartaithe cheana féin ar Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh chun borradh a chur faoina chumhacht mhaoinithe. Mar chuid den athbhreithniú, méadóidh an Coimisiún freisin an tacaíocht airgeadais atá ar fáil do earnáil na tionsclaíochta dá haistriú chuig fuinneamh glan tríd an mBanc um Dhícharbónú Tionsclaíoch, lena slógfar cistiú EUR 100 billiún. Chun cur in úsáid luath a áirithiú, áireofar leis sin Treiseoir Infheistíochta a mhaoineofar trí lamháltais CTA AE dar luach EUR 400 milliún lena n‑éascófar luas agus dlúthpháirtíocht, arb é is aidhm dó cinnteacht infheistíochta a fheabhsú chun dlús a chur le hinfheistíocht dícharbónaithe ó thionscail dianfhuinnimh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, chun dlúthpháirtíocht a áirithiú, beidh ag na Ballstáit ar ioncam íseal rochtain ráthaithe ar thacaíocht ón Treiseoir Infheistíochta CTA. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh ar thacaíocht SAF CTA le haghaidh na heitlíochta a leathnú, ó thaobh mhéid agus ré na tacaíochta, agus féachfaidh sé ar shásra den chineál céanna le haghaidh SMF a tháirgtear san Aontas.  

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh]: Cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit ar mian leo féachaint an bhféadfaí ioncaim ó CTA AE a úsáid le haghaidh bearta spriocdhírithe lena slógfaí agus lena gcuirfí dlús le hinfheistíochtaí sa leictriú – amhail in earnáil an iompair nó in earnáil an téimh–, i ndícharbónú tionsclaíoch, i bhfeidhmeanna iartheachtacha ciorclacha agus infheistíochtaí a chuidíonn le praghsanna leictreachais a laghdú lena n‑áirítear trí acmhainneacht mhéadaithe leictreachais in-athnuaite, ar choinníoll go rannchuidíonn na hinfheistíochtaí le leictriú teaghlach agus le dícharbónú tionsclaíoch 46 . Leanann an Coimisiún de na Ballstáit a spreagadh chun féachaint ar leithdháiltí ioncaim CTA den sórt sin a dhéanamh.

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh]: Oibreoidh an Coimisiún leis an gComhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Fuinnimh chun táirgí airgeadais caighdeánaithe a fhorbairt le haghaidh téamh agus athchóiriú glan agus chun samhlacha nua gnó le haghaidh seirbhísí fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun cinn lena gcuirfear tacaíocht dhíreach ar fáil do FBManna chun réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus leictrithe a chur i bhfeidhm. 

-[Ó Aibreán 2026 ar aghaidh]: Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit atá i gComhghuaillíocht na gCeannródaithe eSAF chun an ceant déthaobhach EUR 2 bhilliún maidir le eSAF a fógraíodh a eagrú, agus spreagfaidh sé tuilleadh rannpháirtíochta ó na Ballstáit.

(1)

  Eurostat , 2024.

(2)

  Eurostat .

(3)

An chéad 52 lá. Comparáid leis an tréimhse roimh thús ghéarchéim an Mheánoirthir ag glacadh leis go n‑allmhairíonn an tAontas na méideanna céanna fós. Roimh an ngéarchéim, bheadh an tAontas tar éis thart ar EUR 51 bhilliún a íoc thar an tréimhse ama chéanna seachas EUR 75 mbilliún. Ríomh de chuid an Choimisiúin bunaithe ar shonraí ó Bloomberg, Kpler, LSEG/Refinitiv.

(4)

Is é an fuinneamh is mó a spreagann luaineacht sa bhoilsciú ceannlíne, agus gníomhaíonn sé trí thionchair dhíreacha (an breosla, an leictreachas) agus trí éifeachtaí indíreacha (costais táirgthe agus iompair).

(5)

  Eurostat , i gcomparád leis na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim.

(6)

Trí shásra AggregateEU a bunaíodh idir 2023-2025.

(7)

Amhail Jet-A.

(8)

Ríomh de chuid an Choimisiúin bunaithe ar shonraí ó Kpler agus ó Eurostat.

(9)

Ceithre phríomh-mhol réigiúnacha: Iarthuaisceart na hEorpa, Baltach Nordach, an Mheánmhuir agus Lár agus Oirthear na hEorpa.

(10)

Lena n‑áirítear, e.g. trí chur chun feidhme na straitéise Global Gateway, an tionscnaimh um Chomhar Tras-Mheánmhuirí i leith Fuinnimh agus Teicneolaíocht Ghlan.

(11)

Féadfaidh an Comhphobal Fuinnimh páirt a ghlacadh freisin i gcruinnithe an Ghrúpa Comhordaithe Ola agus an Ghrúpa Comhordaithe Gáis trína Rúnaíocht agus, i gcás inarb ábhartha faoi réir na bpléphointí sonracha, trí Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh. Tá Ardán Fuinnimh agus Amhábhar an Aontais fós ar oscailt do chuideachtaí ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh.

(12)

  https://energy.ec.europa.eu/topics/energy-security/eu-energy-and-raw-materials-platform_en?prefLang=ga .

(13)

 Ar an meán, íocann muintir na hEorpa thart ar EUR 1,8-2,2 in aghaidh an lítir le haghaidh peitril agus EUR 2,0- 2,4 le haghaidh díosail faoi láthair, seachas EUR 1,5-1,6 ar an meán in aghaidh an lítir le haghaidh peitril in 2025 agus EUR 1,6-1,8 in aghaidh an lítir le haghaidh díosail in 2025, foinse: Feasachán Ola Seachtainiúil an Choimisiúin Eorpaigh.

(14)

  Pacáiste Fuinnimh na Saoránach (COM/2026/115).

(15)

I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2025 maidir le dreasachtaí cánach chun tacú le teicneolaíochtaí glana agus leis an tionsclaíocht.

(16)

Léiríonn na sonraí is déanaí atá ar fáil go bhfuil athléimneacht fuinnimh an Aontais á neartú cheana féin ag infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh arna gcistiú ag an Aontas. Faoi dheireadh 2023, 81,9 TWh ba ea an coigilteas fuinnimh bliantúil a baineadh amach trí chistí an Aontais; foinse COM(2026) 118 final , leathanach 17. Féách tionscadal ODYSEE freisin chun tuilleadh eolais a fháil.

(17)

Ríomhanna de chuid an Choimisiúin.

(18)

I gcomparáid le 2020. Treoir (AE) 2024/1275 maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (‘an Treoir maidir le FFF’)

(19)

Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le feithiclí corparáideacha glana (COM(2025) 994 final)

(20)

Na Rialacháin  ReFuelEU Aviation agus FuelEU Maritime .

(21)

  An Plean Infheistíochta um Iompar Inbhuanaithe

(22)

Samhlacha dreasachta eile a chomhlánú amhail deontais, ráthaíochtaí, iasachtaí nó samhlacha fuinnimh mar sheirbhís, a úsáidtear níos minice le haghaidh teicneolaíochtaí amhail ceallraí ar mhionscála agus teaschaidéil.

(23)

Cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena suitear go bhfuil ar tharla sa Mheánoirthir ón 28 Feabhra 2026 i leith ina theagmhas eisceachtúil a bhfuil suaitheadh mór sna margaí mar thoradh air

(24)

I gcomhréir leis an g Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (COM(2025) 85 final). Is d’acmhainneacht srutha dhírigh a thagraíonn an ráta cur in úsáid toillte in-athnuaite sin, atá coibhéiseach le thart ar 85 GW i dtoilleadh srutha ailtéarnaigh a úsáidtear i gcleachtas tuairiscithe staidrimh caighdeánach.

(25)

Tá an ghiniúint gréine ar cheann de na foinsí giniúna leictreachais is inacmhainne agus tá acmhainneacht cur in úsáid an-mhór aici, amhail i bhfoirgnimh chónaithe lena n‑áirítear i mbalcóiní, i mbóithre agus i bhfoirgnimh tráchtála ar mhórscála,

(26)

Ó bhí 2021 ann, tá thart ar 260 GW de thoilleadh in-athnuaite suiteáilte ag an Aontas (204 GW d’fhótavoltachas gréine agus 57 GW d’fhuinneamh gaoithe), rud a d’fhág go raibh coigilteas gáis don ghiniúint ann a bhí coibhéiseach le thart ar 15 bcm in 2025 (nó thart ar 5 % d’allmhairí bliantúla an Aontais).

(27)

Ba cheart do na Ballstáit uile na ceanglais cheadaithe uile maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus bonneagar gaolmhar a bheith trasuite agus curtha chur chun feidhme cheana féin faoi reachtaíocht fuinnimh an Aontais, agus go háirithe an Treoir maidir le Fuinneamh In-Athnuaite (lena n‑áirítear Limistéir Luasghéaraithe Fuinnimh In-Athnuaite, leas poiblí sáraitheach i bhfabhar tionscadail in-athnuaite, agus sprioc-amanna ceadaithe níos giorra chun na cinn atá ann cheana a athchumhachtú). Tráth foilsithe na Teachtaireachta seo, tá na Ballstáit fós i mbun bearta náisiúnta trasuite a ghlacadh agus fógra fúthu a thabhairt don Choimisiún.

(28)

I gcomhréir leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-Athnuaite, lena n‑áirítear sprioc-amanna níos giorra le haghaidh limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, fad is go bhféadfadh agaí tionscanta le haghaidh tionscadail an-chasta a bheith níos faide amhail i gcás roinnt tionscadal amach ón gcósta.

(29)

  Measúnú uile-Aontais ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheacha , COM(2025) 274 final.

(30)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis chun Imoibreoirí Modúlacha Beaga a fhorbairt agus a chur in úsáid san Eoraip, COM/2026/117 final.

(31)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gClár Léiriúcháin Núicléach a chuirtear i láthair faoi Airteagal 40 de Chonradh Euratom – Final (tar éis tuairim a fháil ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa), COM/2026/120 final.

(32)

De réir pleananna náisiúnta, dá gcuirfeadh na Ballstáit síneadh le saolré na n‑imoibreoirí atá ann cheana go 70 nó fiú 80 bliain, agus dá gcuirfí gach tionscadal tógála nua i gcrích in am, d’fhéadfadh an toilleadh suiteáilte 144 GWe a bhaint amach in 2050.

(33)

Ráta leictriúcháin 23.4 % in 2024. Leis an g Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus leis an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne , tugadh isteach príomhtháscaire feidhmíochta maidir le sciar an leictreachais san ídiú fuinnimh deiridh, agus socraíodh 32 % faoi 2030 mar thagairt.

(34)

  https://ec.europa.eu/eurostat/web/interactive-publications/energy-2026?etrans=ga .

(35)

Eurostat

(36)

 Comhlachas Teaschaidéal na hEorpa, Teaschaidéil a dhéantar san Eoraip . 

(37)

Bheadh an coigilteas sin cothrom le thart ar 8 % den ídiú fuinnimh reatha le haghaidh téamh spáis i bhfoirgnimh.

(38)

 Mathiesen et al. (2023), Heat matters: The missing link in REPowerEU

(39)

Ina theannta sin, is dúshlán suntasach infheistíochta fós é do go leor cathracha agus oibreoirí an tiontú iosta le haghaidh flíteanna bus astaíochtaí nialasacha iomlána agus flíteanna trucailí.

(40)

Measann Ember go bhféadfadh teicneolaíochtaí geoiteirmeacha den chéad ghlúin eile suas le 301 TWh a sholáthar in aghaidh na bliana san Aontas, méid atá coibhéiseach le thart ar 42 % den ghiniúint reatha guail agus gáis. Fuinneamh geoiteirmeach san Eoraip , Feabhra 2026, Ember

(41)

Lena n‑áirítear feithiclí tromshaothair.

(42)

  Treochlár i dtreo deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh , COM(2025) 440 final

(43)

Mar ionstraim a bhí ceaptha chun dul i ngleic le hiarmhairtí díobhálacha ghéarchéim COVID-19 san Aontas, ceann dar tugadh tacaíocht trí mhodhanna breise urghnácha agus sealadacha, cruthaíodh STA le teorainneacha ama an-docht nach féidir maolú a fháil ina leith, ó tharla go bhfuil siad leagtha síos i Rialachán EURI, i Rialachán STA agus sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

(44)

Déantar bainc agus gnólachtaí árachais a dhreasú lena gcuid infheistíochtaí a mhéadú faoi chreataí na gclár reachtach a éascaíonn infheistíocht chothromais a dhéanamh i réimsí lena mbaineann ríthabhacht i ndáil le hiomaíochas agus slándáil eacnamaíoch na hEorpa i bhfad na haimsire, lena n‑áirítear san earnáil fuinnimh.

(45)

Glacadh 18 gcinneadh faoi CSCCTG lena dtacaítear leis an teicneolaíocht ghlan agus leis an mbuiséad faoin 14 Aibreán 2026, lena bhformheastar 19 mbeart Státchabhrach le haghaidh buiséad iomlán EUR 32,76 billiún. De na bearta sin, formheasadh 4 cinn díobh, lena ngabhann buiséad dar luach EUR 20,22 billiún san iomlán, faoi roinn 4.1 maidir le fuinneamh in-athnuaite. Formheasadh beart amháin (buiséad EUR 608,5 milliún) faoi roinn 5 maidir le dícharbónú tionsclaíoch. Ar deireadh, formheasadh 14 bheart faoi roinn 6.1 maidir le hacmhainneacht mhonaraíochta i dteicneolaíochtaí glana (buiséad de thart ar EUR 11,93 billiún). Ina theannta sin, le linn na tréimhse céanna, d’fhormheas an Coimisiún 7 mbeart cabhrach le haghaidh dícharbónú tionsclaíoch faoi na Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na hAeráide, Chosaint an Chomhshaoil agus an Fhuinnimh (CEEAG), ar bearta iad lena ngabhann buiséad dar luach EUR 6,8 billiún san iomlán.

(46)

Ní féidir an tacaíocht d’infheistíochtaí tionsclaíocha a dhearadh i gcomhréir le Roinn 4.5 de Chreat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CSCCTG) ach amháin ar choinníoll go n‑úsáidtear 100 % d’ioncam CTA le haghaidh infheistíochtaí sa dícharbónú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(3) de Threoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal.

Top

An Bhruiséil,22.4.2026

COM(2026) 370 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

AccelerateEU – Aontas Fuinnimh


Fuinneamh slán inacmhainne trí ghníomhaíocht a bhfuil dlús curtha léi


IARSCRÍBHINN I

Samplaí de dhea-chleachtais náisiúnta a ghlacadh

Borradh a chur faoi ghlacadh teicneolaíochtaí glana 

Fóirdheontais mhórscála le haghaidh teaschaidéal, fuinneamh geoiteirmeach agus grianfhuinnimh, mar aon le ‘Ciste Teasa’ EUR 500 milliún le haghaidh earnáil na tionsclaíochta chun imeacht ó bhreoslaí iontaise go bithmhais, fuinneamh gaoithe agus grianfhuinneamh. Spreagadh a thabhairt do ghlacadh teaschaidéal i bhfoirgnimh nua faoi 2027. Scéimeanna léasaithe shóisialta a leathadh amach le haghaidh feithiclí leictreacha.

CBL a laghdú go ráta 6 % le haghaidh teaschaidéal, fótavoltachas gréine agus coirí gréine. 

Fóirdheontas suas le 100 % a chur ar fáil do theaghlaigh leochaileacha chun coirí iontaise a ionadú. 

Oibleagáid a chur ar chuideachtaí gach beart éifeachtúlachta fuinnimh a bhfuil tréimhse aisíoca níos lú ná 5 bliana acu a chur chun feidhme. Scéim fóirdheontais le haghaidh feithiclí tráchtála astaíochtaí nialasacha le haghaidh cuideachtaí.

Praghsanna leictreachais níos ísle le haghaidh teaschaidéal mar mhalairt ar sholúbthacht an chórais.

Ceantanna déthaobhacha a eagrú agus páirt a ghlacadh iontu le haghaidh táirgeadh eSAF faoi Chomhghuaillíocht na gCeannródaithe eSAF

Dreasachtaí cánach nó dreasachtaí airgeadais eile le haghaidh flíteanna corparáideacha feithiclí leictreacha

Bearta san earnáil tógála 

Fóirdheontais suas le 50 % agus iasachtaí saor ó ús a sholáthar (suas le EUR 50 000) le haghaidh athchóirithe foirgneamh, lena n‑áirítear insliú. 

Plean comhtháite lena gcomhcheanglaítear bearta iompraíochta, infheistíochtaí aisíoca tapa agus athchóiriú fadtéarmach, lena ndírítear ar choigilteas fuinnimh 20 % thar thréimhse 2 bhliain. 

Feachtas múscailte feasachta chun laghdú 1 °C a dhéanamh ar theochtaí téimh agus méadú 1 °C a dhéanamh ar theochtaí fuaraithe i bhfoirgnimh phoiblí. 

Reachtanna coigilte fuinnimh lena ndírítear ar an earnáil phoiblí, ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh, ar reachtanna iad ag a bhfuil rialacha maidir le téamh, soilsiú agus úsáid fuinnimh, chun laghdú thart ar 20 TWh in aghaidh na bliana a dhéanamh ar ídiú gáis. 

Dreasachtaí le haghaidh iompar poiblí agus aistriú módach 

Pas iompair aonair náisiúnta, lena gcumhdaítear taisteal neamhtheoranta ar gach bus idir-réigiúnach státoibrithe, agus seirbhísí roghnaithe. Seirbhísí iompair a fhreagraíonn ar an éileamh i gceantair thuaithe.

Praghsanna ticéad iarnróid a reo trí chúiteamh poiblí. 

Feachtas ar fud na tíre lena gcuirtear coigilteas fuinnimh chun cinn, lena n‑áirítear athruithe iompraíochta a bhaineann le hiompar. Clár cistiúcháin rothar lasta. Síntiús míosúil aonair ar ráta comhréidh a bheidh bailí ar gach modh iompair phoiblí áitiúil agus réigiúnach.

Pas bliantúil fóirdheonaithe ar ráta comhréidh agus lena spreagtar úsáid laethúil an iompair phoiblí uirbigh

Infheistíochtaí i mbonneagar rothaíochta agus i scéimeanna comhroinnte lena ndírítear ar réigiúin ina bhfuil leibhéil níos airde maidir le bochtaineacht iompair

Plean náisiúnta roinnte gluaisteáin

Sochair chánach is infheidhme maidir le gluaisteáin chuideachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil nó úinéireacht feithiclí den sórt sin, lena n‑áirítear laghduithe nó díolúintí ó cháin chomhchineáil

Dreasachtaí ceannaigh le haghaidh feithiclí ceallra-leictreacha agus tacaíocht chun pointí luchtaithe a shuiteáil ag foirgnimh chónaithe nó ag áitribh ghnó

Bearta cothrománacha 

Uirlisí digiteacha a fhorbairt chun ídiú solúbtha leictreachais agus aistriú éilimh a chur chun cinn. 

Feachtas iompraíochta ar fud na tíre ‘Down a degree to ensure energy for all households’ [Ísliú aon chéime chun fuinneamh do chách a chinntiú], rud a d’fhág gur ghlac 86 % de shaoránaigh bearta coigilte fuinnimh. 



IARSCRÍBHINN II

Cineálacha beart chun faoiseamh láithreach a sholáthar

Cad is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh chun tionchar láithreach a imirt?

Cé na huirlisí atá le húsáid agus conas iad a úsáid?

Teaghlaigh agus foirgnimh

1.Teaghlaigh leochaileacha a chosaint

·Dearbháin fuinnimh spriocdhírithe a eisiúint le haghaidh teaghlaigh leochaileacha.

·Breithniú a dhéanamh, más gá, ar phraghsanna rialáilte sealadacha spriocdhírithe a thabhairt isteach le haghaidh teaghlaigh leochaileacha agus teaghlaigh fhuinneamhbhochta (taraifí sóisialta).

·Laghduithe spriocdhírithe iomlána nó páirteacha a thabhairt isteach ar dhleachtanna máil ar leictreachas le haghaidh teaghlaigh fhuinneamhbhochta agus teaghlaigh leochaileacha.

2.Úsáid éifeachtúil téimh agus aerchóirithe

·Coigeartú a dhéanamh ar réamhshocruithe maidir le coirí comhdhlúthúcháin agus córais aerchóiriúcháin láraithe i bhfoirgnimh phoiblí chun éifeachtúlacht a mhéadú agus chun úsáid fuinnimh le haghaidh téimh, fuaraithe agus téamh uisce a laghdú.

·A cheangal ar áititheoirí foirgneamh tráchtála na réamhshocruithe ar choirí comhdhlúthúcháin agus ar chórais aerchóiriúcháin láraithe a choigeartú chun éifeachtúlacht a mhéadú.

·Áititheoirí foirgneamh cónaithe príobháideach a spreagadh chun teochtaí coirí comhdhlúthúcháin a choinneáil faoi bhun 50 céim.

3.Tacú le leathadh amach tapa teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar fhuinneamh sa bhaile, éifeachtúlacht fuinnimh agus téamh uisce san áireamh

·Dreasachtaí fioscacha spriocdhírithe agus/nó tacaíocht airgeadais a thabhairt isteach, lena n‑áirítear léasú sóisialta le haghaidh teaghlaigh leochaileacha, chun teicneolaíochtaí glana éifeachtúla atá éasca le suiteáil a leathadh amach go tapa, amhail ceallraí inluchtaithe, painéil fhótavoltacha, teaschaidéil agus fuinneoga ardfheidhmíochta.

·Taraifí sóisialta beogachta agus deontais bhónais a úsáid chun coirí atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise a ionadú go tapa.

·Deireadh a chur le bacainní dlíthiúla ar chun in úsáid sábháilte teicneolaíochtaí inluchtaithe ‘taobh thiar den mhéadar’ chun costais chórais a mhaolú agus idir-inoibritheacht agus solúbthacht a spreagadh.

·Dreasachtaí fioscacha agus/nó fóirdheontais a thabhairt isteach i gcomhair tomhaltóirí chun fearais leictreacha a chur in ionad fearais chócaireachta atá bunaithe ar ghás, seanfhearais chócaireachta nó fearais chócaireachta neamhéifeachtúla.

4.Dícheangal fuinnimh a chosc

·Toirmeasc sealadach a chur i bhfeidhm ar dhícheangal fuinnimh.

·Tacú le cobhsaíocht airgeadais soláthróirí trí bhainistíocht riosca soláthróra fhónta a dhéanamh agus trí scéimeanna éifeachtacha soláthróra na dála deiridh.

·A áirithiú go dtugann soláthróirí fuinnimh comhairle ‘na taraife is fearr’ do chustaiméirí bunaithe ar úsáid agus go dtugann siad ‘luathrabhaidh’ nuair a thagann méadú tobann ar ídiú nó nuair a thagann rioscaí chun cinn maidir le neamhíocaíocht.

5.Malartú agus solúbthacht éilimh a chumasú

·A chinntiú gur féidir le tomhaltóirí aistriú go héasca chuig conarthaí níos saoire agus uirlisí comparáide praghsanna a rochtain atá neodrach agus trédhearcach chun na taraifí agus na conarthaí is fearr a roghnú.

·Deireadh a chur le bacainní ar chuideachtaí a chúitíonn custaiméirí as a n‑úsáid leictreachais a aistriú ó bhuaicuaireanta go dtí an tráth a bhíonn sé níos saoire.

6.An t‑uath-ídiú leictreachais agus pobail fuinnimh a chur chun cinn

·Na Moltaí ón gCoimisiún maidir leis an uath-ídiú leictreachais agus pobail fuinnimh a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

·Tacú leis an uath-ídiú leictreachais agus le pobail féintomhaltais, agus iad a chumasú a thuilleadh, trí dhreasachtaí fioscacha agus/nó fóirdheontais a eisiúint, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as ráthaíochtaí agus cistí an Aontais chun tacú le pobail fuinnimh.

7.Feasacht a mhúscailt

·Comhairle atá saor in aisce agus deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a sholáthar mar aon le moltaí maidir le bearta coigilte fuinnimh.

·Tacú le feachtais faisnéise chun an pobal agus FBManna a spreagadh chun fuinneamh a shábháil.

Earnáil na tionsclaíochta, gnólachtaí agus FBManna

8.Cleachtais nuálacha mhaoinithe agus Cuideachtaí Seirbhísí Fuinnimh

·Tacú le forbairt agus leathadh amach tapa scéimeanna maoinithe nuálacha agus táirgí airgeadais a thacaíonn le glacadh tapa fuinnimh in-athnuaite, stórála, beart éifeachtúlachta fuinnimh agus Cuideachtaí Seirbhísí Fuinnimh.

9.Iniúchtaí fuinnimh agus caillteanas teasa a laghdú

·Dreasú a dhéanamh ar iniúchtaí fuinnimh agus ar ghlacadh na moltaí is mó tionchar agus is costéifeachtaí chun dul i ngleic le caillteanas teasa ó phróisis ardteochta.

·Cuideachtaí a spreagadh chun na bearta arna sainaithint ag na hiniúchtaí fuinnimh a chur chun feidhme le tréimhse aisíoca áirithe (e.g. 3 bliana).

·Spotseiceálacha agus cothabháil ar chórais téimh theirmigh a sholáthar chun dramhaíl a laghdú.

10.Mótair leictreacha neamhéifeachtúla a ionadú agus an t‑aistriú chuig foinsí in-athnuaite fuinnimh ar an láthair a chur chun cinn

·Dreasachtaí fioscacha spriocdhírithe agus/nó fóirdheontais a thabhairt isteach chun dlús a chur le hionadú córas mótair leictrigh neamhéifeachtúil in earnáil na tionsclaíochta.

·Dreasachtaí fioscacha agus/nó fóirdheontais a thabhairt isteach chun dlús a chur le córais atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus atá níos costéifeachtaí a chur in ionad córais atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise.

11.Feirmeoirí

·Tacaíocht leanúnach le haghaidh táirgeadh bithgháis agus bithmheatáin.

·Suiteálacha fuinnimh ghlain agus éifeachtúil a spreagadh ar leibhéal na feirme.

·Úsáid cothaitheach athchúrsáilte a éascú.

Iompar

12.Iompar poiblí agus iompar d’iarnród a chur chun cinn

·Praghas an iompair phoiblí a laghdú agus/nó é a dhéanamh saor in aisce i gcás catagóirí áirithe daoine (e.g. na daoine is leochailí).

·Úsáid iarnróid a chur chun cinn le haghaidh taisteal gnó agus lasta.

13.Roghanna malartacha ar iompar gluaisteáin a chur chun cinn i gceantair uirbeacha agus pheirea-uirbeacha

·Tacaíocht phoiblí a thabhairt isteach le haghaidh comhroinnt rothar agus réitigh mhicrea-shoghluaisteachta eile agus dreasachtaí a thabhairt isteach (e.g. fóirdheontais nó dreasachtaí fioscacha) chun rothair a cheannach.

·Bonneagar rothaíochta agus siúil a fhorbairt a thuilleadh agus rothair ar iompar poiblí a éascú.

·Seachadadh an mhíle deiridh le rothair lasta nó feithiclí seachadta leictreacha níos lú a dhreasú.

14.Roinnt gluaisteáin a chur chun cinn

·Lánaí tráchta tiomnaithe agus áiteanna páirceála tiomnaithe a chruthú le haghaidh feithiclí ina mbíonn líon níos airde paisinéirí.

15.Tacú le glacadh gluaisteán, veaineanna, trucailí agus busanna leictreacha agus gluaisteán, veaineanna, trucailí agus busanna atá níos éifeachtúla

·Tacaíocht phoiblí a thabhairt isteach, leanúint de thacaíocht phoiblí nó síneadh a chur le tacaíocht phoiblí do cheannach feithiclí astaíochtaí nialasacha, lena n‑áirítear i bhflíteanna corparáideacha.

·Feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a dhíolmhú ó dholaí i gcomhréir leis an Treoir Eoraifínéid.

·Dlús a chur le leathadh amach bonneagair luchtaithe atá inrochtana don phobal, go háirithe le haghaidh bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair.

·Tacú le bonneagar luchtaithe phríobháidigh a shuiteáil trí dhreasachtaí fioscacha spriocdhírithe nó fóirdheontais a chur ar fáil.

·A áirithiú go gcuirfidh earnáil na soghluaisteachta riachtanais nasctha eangaí feithiclí tromshaothair in iúl go soiléir agus go tráthúil, agus réamh-mheastacháin thuairimeacha maidir le riachtanais á seachaint, d’oibreoirí córais dáileacháin leictreachais agus d’údaráis phoiblí, agus go ndéanfar iad sin a chomhtháthú sna cleachtaí pleanála éagsúla agus sa phleanáil forbartha gréasáin chun infheistíochtaí eangaí réamh-mheasta agus naisc eangaí níos tapúla a áirithiú. Trédhearcacht a áirithiú maidir le hacmhainneacht óstála eangaí agus pleanáil réamh-mheasta eangaí ar leibhéal OCD maidir leis na riachtanais infheistíochta a bhfuil coinne leo chun an earnáil iompair a leictriú agus chun dlús a chur le córais cheadaithe le haghaidh na dtionscadal eangaí agus bonneagair luchtaithe éagsúil.

·Glacadh feithiclí leictreacha san iompar poiblí a mhéadú.

16.Cleachtais tiomána níos éifeachtúla agus feidhmiú feithiclí lasta níos éifeachtúla agus seachadadh earraí níos éifeachtúla a chur chun cinn

·Athruithe iompraíochta a chur chun cinn, feasacht a mhúscailt agus cúrsaí oiliúna maidir le tiomáint éiceolaíoch a thairiscint.

·Úsáid clásal innéacsaithe breosla i gconarthaí iompair de bhóthar a éascú.

·Luchtú barrfheabhsaithe feithiclí tromshaothair a áirithiú trí phleanáil agus comhroinnt sonraí níos fearr.

·Barr feabhais a chur ar réitigh seachadta ilmhódaigh, lena n‑áirítear trí réitigh an mhíle deiridh atá saor ó astaíochtaí agus stáisiúin bhailithe.

·Dlús a chur le leathadh amach seirbhísí córais chliste iompair.

Gás nádúrtha

17.Gléasraí cumhachta atá ann cheana a bharrfheabhsú chun acmhainneacht ghiniúna leordhóthanach a áirithiú, rud a laghdóidh an t‑éileamh ar ghás le haghaidh gléasraí faoi thiomáint gáis

·Infhaighteacht gléasraí cumhachta núicléiche agus hidreachumhachta a bharrfheabhsú, lena n‑áirítear, nuair is féidir agus nuair is inmholta, moill a chur ar ghníomhaíochtaí cothabhála agus pleananna cúltaca a shocrú i gcás sealanna tirime fada.

·Scor roimh am sócmhainní giniúna a sheachaint, amhail saoráidí núicléacha atá ann cheana ar féidir leo leanúint de leictreachas iontaofa, ísealchostais agus íseal-astaíochta a sholáthar.

Córas fuinnimh trasghearrtha

18.Faoiseamh agus tacaíocht ó thaobh praghsanna de a chur ar fáil i gcomhréir leis an sprioc fhadtéarmach aistriú chuig fuinneamh glan

·Taraifí gréasáin atá fabhrach don chóras a dhearadh chun costais an chórais a laghdú agus leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na bhfoinsí in-athnuaite.

·Praghsanna miondíola forchéimnitheacha a thabhairt isteach agus a áirithiú go gcothóidh idirghabháil i socruithe praghsanna miondíola coigilteas agus an t‑aistriú ó ghás go leictreachas, agus go gcúiteoidh sí solúbthacht maidir le freagairt ar an éileamh.

·Deireadh a chur le cóir fhabhrach do bhreoslaí iontaise.

·Bearta tacaíochta praghais náisiúnta a thabhairt isteach, i gcás inarb ábhartha, le haghaidh teaghlaigh leochaileacha agus gnólachtaí leochaileacha, ar bearta iad atá spriocdhírithe, a bhfuil teorainn ama leo agus nach méadaíonn an t‑éileamh.

·Feachtais faisnéise atá spriocdhírithe ar theaghlaigh agus gnólachtaí beaga, mar shampla chun tomhaltóirí a spreagadh chun teochtaí téimh agus coire a laghdú, úsáid fuinnimh buaicuaire a sheachaint, soilse a mhúchadh, doirse a dhúnadh, níos lú seomraí a théamh, séadeáin a chosc agus úsáid fuinnimh i siopaí a laghdú.

Top