Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026AE0017

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún – Straitéis maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí (C(2025) 8950 final)

EESC 2026/00017

IO C, C/2026/3230, 2.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3230/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3230/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3230

2.7.2026

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Teachtaireacht ón gCoimisiún – Straitéis maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí

(C(2025) 8950 final)

(C/2026/3230)

Rapóirtéir:

Jason DEGUARA (MT-II)

Comhrapóirtéir:

Marco MENSINK (NL-1)

Comhairleoirí

HÜRTGEN Stefanie (comhairleoir don rapóirtéir, Grúpa II)

KAPANTAIDAKIS George (comhairleoir don chomhrapóirtéir, Catagóir 1)

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 24.2.2026

C(2025) 8950 final

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

22.10.2025

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

10.3.2026

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

18.3.2026

Seisiún iomlánach Uimh.

604

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

196/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn CESE leis na hiarrachtaí chun an cás gnó maidir le táirgeadh ceallraí na hEorpa a fheabhsú agus slabhra luacha ceallraí atá déanta go hiomlán san Eoraip a thógáil. I dtaca leis sin de, is ag tráth cinniúnach atá an Straitéis maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí á foilsiú. Creideann CESE go bhfuil gá le plean maoinithe níos inchreidte agus níos fadtéarmaí, tosaíocht níos soiléire, fócas níos láidre ar chineálacha ceallraí lasmuigh d’fheithiclí leictreacha, uirlisí cur chun feidhme níos láidre agus cur chuige níos iomlánaí.

1.2.

Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór ‘Déanta san Eoraip’ a bheith comhchiallach le táirgí ardcháilíochta, agus le caighdeáin láidre shóisialta agus chomhshaoil. Chun an méid sin a chur chun feidhme in earnáil na gceallraí, ní foláir bearta sonracha a fhorbairt i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta.

1.3.

Cé gur díol sásaimh do CESE an bhéim láidir atá ar thacaíocht airgeadais a shlógadh chun éiceachóras monaraíochta ceallraí na hEorpa a threisiú, cuireann sé i bhfios go láidir nach mór maoiniú ón Aontas atá níos láidre agus níos spriocdhírithe a bheith mar thaca leis an Straitéis chun fíoréifeachtaí ‘treisithe’ a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún cur le cistiú na Straitéise maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí, lena n-áiritear sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

1.4.

Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór cistiú tráthúil, coinníollachtaí comhréireacha agus praiticiúla, cóir chomhionann agus bearta comhionanna forfheidhmithe a chomhcheangal sa Straitéis do tháirgí agus comhpháirteanna ar de chuid an Aontais iad agus dóibh siúd ar de chuid tríú tír iad a chuirtear ar an margadh san Aontas. Trí mhaoiniú, uirlisí ceadaithe agus rochtana ar an margadh, agus cur chun feidhme a ailíniú, cuideofar le tionscadail a thiontú ina n-aschur iomaíoch gigeascála, neartófar neamhspleáchas straitéiseach agus cothófar poist thionsclaíocha ardcháilíochta.

1.5.

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide, le soláthróirí agus le hoibreoirí athchúrsála, chomh maith le saoráidí táirgthe ar mhórscála, iad féin a chomhtháthú níos mó in éiceachóras ceallraí an Aontais. Le cur chuige cuimsitheach den sórt sin, is féidir éiceachórais thionsclaíocha a neartú, nuálaíocht a chothú agus deiseanna fostaíochta a leathnú.

1.6.

Creideann CESE go bhféadfaí fostaíocht shuntasach ar fud an tslabhra luacha ceallraí, lena n-áirítear monaraíocht, taighde, athchúrsáil agus seirbhísí gaolmhara, a chruthú leis an Straitéis. Cé acu a éiríodh nó nach n-éireoidh leis an Straitéis, braitheann sé sin ar chumas na hEorpa nuálaíocht a aistriú go himscaradh tionsclaíoch atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de, atá freagrach go sóisialta agus atá sábháilte d’oibrithe. Ní mór an tacaíocht airgeadais phoiblí uile a bheith coinníollach ar fhostaíocht ardcháilíochta, ar chomhlíonadh iomlán chaighdeáin an Aontais agus ar ailíniú le cuspóirí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

1.7.

Cuireann CESE i bhfáth nach mór don Aontas creataí ábhartha a fhorbairt — lena n-áirítear aistriú teicneolaíochta agus coinníollacha ábhair áitiúil a cheangal le Státchabhair, soláthar agus fóirdheontais — chun aistrithe den sórt sin a ráthú agus chun saineolas áitiúil a fhorbairt.

1.8.

Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór a chur san áireamh, agus treise á cur leis an tionscal ceallraí, an gá atá le cur chuige iomlánaíoch lena n-aithnítear freisin an géarghá atá le cumais fheabhsaithe díchóimeála agus athchúrsála chun sreafaí dramhaíola amach anseo a láimhseáil agus chun ábhair thánaisteacha ardcháilíochta a tháirgeadh. Chuige sin, tá gá le hinfheistíocht chun bonneagar athchúrsála a mhéadú le cistiú spriocdhírithe i dteicneolaíochtaí athchúrsála den chéad ghlúin eile, córais bhailithe a neartú agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear comhchuibhiú ar fud na mBallstát, agus bearta chun athchúrsáil a dhéanamh tarraingteach go heacnamaíoch.

1.9.

Le clársceidealú T&N (Batt4EU, an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh, Fís Eorpach), ba cheart tosaíocht a thabhairt do línte píolótacha/ceannródaíocha le haghaidh ceimiceáin atá criticiúil do cheallraí (sintéis/bratú réamhtheachtach, táirgeadh/aisghabháil leictrilíte, ceimic athchúrsála) agus innealra déanta san Aontas. Ba cheart ceallraí sóidiam a áireamh i gColún V freisin, agus ba cheart cistiú um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí a leathnú chun ceimicí neamh-litiam a áireamh.

1.10.

Molann CESE sruthanna oibre tiomnaithe maidir le sábháilteacht ábhar ceallraí, amhail tástálacha ar fhorleathadh teirmeach ar leibhéal an phacáiste agus ar inadhainteacht leictrilíte, chun caighdeáin shoiléire soláthair agus chomhréireachta a leagan síos. Dá n-oibreofaí i gcomhar leis an tionscal, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, agus dá n-ailíneofaí le rialacha an Aontais agus le rialacha idirnáisiúnta, chuirfí feabhas ar shábháilteacht, laghdófaí ilroinnt an mhargaidh agus thacófaí le monaraíocht éifeachtúil.

1.11.

Creideann CESE go méadaítear an gá atá le córais láidre bainistíochta sláinte agus sábháilteachta mar gheall ar an mborradh atá beartaithe a chur go tapa faoi tháirgeadh ceallraí sa Straitéis. Ní mór soláthar foirne, oiliúint agus infheistíocht leordhóthanach i mbearta coisctheacha a bheith ag gabháil le leathnú na hacmhainneachta táirgeachta. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar oibrithe imirceacha agus oibrithe taistil. Tá sé thar a bheith tábhachtach lámhleabhair agus faisnéis leordhóthanach a bheith ann faoi ábhair chontúirteacha chun eolas a mhéadú agus tionóiscí a chosc, i dteannta cigireachtaí saothair leormhaithe lena ndéantar comhlíontacht a áirithiú.

1.12.

Cuireann CESE i bhfios go láidir an ról ríthábhachtach atá ag oibrithe agus ag a n-ionadaithe maidir le rioscaí ceirde a chosc. Tá an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht na n-oibrithe ríthábhachtach chun guaiseacha a shainaithint, go háirithe nuair a thugtar isteach teicneolaíochtaí, ábhair agus modhanna táirgthe nua.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Is é cuspóir na Straitéise maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí (‘an Straitéis’) arna cur le chéile ag an gCoimisiún Eorpach, agus arna cur i láthair sa Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Mótarfheithiclí, iomaíochas, athléimneacht agus inbhuanaitheacht shlabhra luacha ceallraí na hEorpa a fheabhsú mar phríomhghné d’uathriail straitéiseach na hEorpa agus de tháirgeadh ‘Déanta san Eoraip’. Tá an Straitéis bunaithe ar shé cholún idirnasctha lena gcruthaítear creat cuimsitheach chun éiceachóras ceallraí na hEorpa a fheabhsú trí infheistíocht, athléimneacht an tslabhra soláthair, nuálaíocht agus cruthú éilimh a nascadh chun tacú le forbairt thionsclaíoch inbhuanaithe.

2.2.

Freagraíonn an Straitéis don iomaíocht dhomhanda atá ag dul i ndéine, do chostais táirgthe atá ag dul i méid agus do spleáchais straitéiseacha leanúnacha, agus ag an am céanna tacaíonn sí leis an aistriú chuig soghluaisteacht ghlan agus le haeráidneodracht a bhaint amach. Tá saoráid thiomnaithe um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí beartaithe ina leithdháilfear EUR 1.5 billiún ón gCiste don Nuálaíocht chun tacú le táirgeoirí ceall ceallraí na hEorpa le linn na céime borrtha criticiúla, arna forlíonadh le EUR 300 milliún chun táirgeadh amhábhar criticiúil a mhéadú chun treisiú leis an slabhra soláthair.

2.3.

Cé go dtacaíonn CESE leis an rún atá ag an gCoimisiún luachshlabhra ceallraí an Aontais a neartú, tá sé ag iarraidh go mbeadh plean maoinithe ní b’inchreidte agus ní b’fhadtéarmaí ann, go mbeadh na tosaíochtaí ní ba shoiléire agus go mbeadh uirlisí cur chun feidhme ní ba láidre ann mar aon le cur chuige ní b’iomlánaíche. Tá an t-éileamh ar chóras stórála fuinnimh i gceallraí suite ag dul i méid go han-tapa. Is deighleog é sin atá tábhachtach ón taobh straitéiseach de don earnáil fuinnimh agus do chobhsaíocht na heangaí agus méadú ag teacht ar acmhainneacht na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh. Is dá bharr sin ba cheart í a ionchorprú sa Straitéis.

2.4.

Is ag tráth cinniúnach atá an Straitéis á foilsiú. Tá ról lárnach ag tionscal ceallraí na hEorpa in iarrachtaí an Aontais a spriocanna tionsclaíocha agus aeráide a bhaint amach agus treisiú lena athléimneacht eacnamaíoch, lena shlándáil fuinnimh agus lena ullmhacht. Sa lá atá inniu ann, agus brú nach beag á chur ar ord domhanda na rialacha geopholaitiúla agus eacnamaíocha nó an t-ord sin á úsáid mar uirlis troda mó sa mhó, ní mór don Aontas a chuid spleáchais sheachtracha a laghdú agus treisiú lena chuid acmhainneachtaí táirgeachta féin.

2.5.

Agus an tAontas ag obair i dtreo uathriail straitéiseach níos mó a bhaint amach i réimse an táirgthe ceallraí, ní hamháin go bhfeabhsóidh slándáil fhoriomlán an Aontais, ach tá coinne leis freisin go mbeidh tairbhí eacnamaíocha ann mar thoradh ar infheistíochtaí úrnua breise a d’fhéadfadh poist ardcháilíochta a ghiniúint, gan imeacht ó na dianchaighdeáin chomhshaoil a gcloítear leo i gcéim an táirgthe.

3.   Tacaíocht Airgeadais, Poist Ghlasa agus Infheistíocht

3.1.

Leagtar béim láidir leis an Straitéis ar thacaíocht airgeadais a shlógadh chun éiceachóras monaraíochta ceallraí na hEorpa a fheabhsú. Creideann CESE nach mór maoiniú ón Aontas atá i bhfad níos láidre agus níos spriocdhírithe a bheith mar thaca leis chun fíoréifeachtaí ‘treisithe’ a bhaint amach.

3.2.

An pacáiste reatha EUR 1.5 billiún — a sholáthraítear go príomha mar iasachtaí saor ó ús — is pacáiste sách measartha é fós i gcomparáid leis an infheistíocht tosaigh mhórscála is gá chun dlús a chur le cur in úsáid gigeamhonarchan, chun an t-am go dtí an margadh a ghiorrú agus chun bearnaí costais le hiomaitheoirí domhanda a dhúnadh. Chun go mbeidh pacáiste ann a threiseoidh i ndáiríre leis an tionscal ceallraí, tá gá le cláir de chuid an Aontais atá in ann tacú le mór-infheistíochtaí tionsclaíocha go tapa agus go hintuartha, rud a chruthaíonn comharthaí éilimh iontaofa ar fud an tslabhra luacha ceallraí ina iomláine, lena n-áirítear amhábhair, comhpháirteanna ceimiceacha, cealla agus athchúrsáil. Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún cistiú na Straitéise maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí a fheabhsú, lena n-áirítear sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

3.3.

Chun neamhspleáchais straitéiseach a bhaint amach agus breisluach a chruthú san Eoraip, ba cheart don Aontas tosaíocht a thabhairt do stádas tionscadail straitéisigh an Ghnímh Eorpaigh um Amhábhair Chriticiúla agus do mhaoiniú RESourceEU le haghaidh gléasraí scagtha ceimiceán agus gléasraí réamhtheachtacha atá ábhartha d’ábhair ceallraí (litiam, nicil, cóbalt, mangainéis, graifít). Leis an Sásra Amhábhar, ba cheart an t-éileamh a chomhiomlánú agus riosca a bhaineann le ceannach a laghdú, ní hamháin i gcás ionchuir mhianadóireachta ach i gcás idirmheánacha ceimiceacha freisin. I gcomhthráth leis sin, dá bhfoilseofaí treoraíocht chuntasaíochta mhaischothromaíochta le haghaidh ábhair ceallraí faoin dara ráithe de 2026, bhainfí leas as ceimic chiorclach atá tarraingteach d’infheisteoirí (lena n-áirítear aisghabháil tuaslagóirí, athghiniúint salainn agus athúsáid réamhtheachtaithe) agus dhéanfaí cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Ceallraí Inbhuanaithe a ailíniú leis an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach atá ar na bacáin. Leis na gníomhaíochtaí sin, cuirfear dlús le méadú inbhuanaithe ar fud an Aontais agus áiritheofar ag an am céanna go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go comhréireach iad maidir le táirgí agus comhpháirteanna allmhairithe.

3.4.

Chun iomaíochas i gceimiceáin atá criticiúil ó thaobh ceallraí de a athbhunú agus comhleanúnachas ar fud na slabhraí luacha a áirithiú, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt mar ábhar práinne ar na costais fuinnimh an-ard atá ag cur isteach ar an tionsclaíocht san Aontas, NACE 20.14 (.i. ainmníocht staidrimh do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach) agus, i gcás inarb ábhartha, NACE 20.16 a áireamh arís in incháilitheacht cúitimh costais indírigh an chórais trádála astaíochtaí (CTA) agus feabhas a chur ar an rochtain ar chomhaontuithe ceannaigh cumhachta (CCCanna) nó conarthaí difríochta le haghaidh gléasraí ceimiceacha dianfhuinnimh. Ba cheart tacaíocht spriocdhírithe agus chomhréireach — i gcomhréir le hiomaíocht chóir agus ceanglais choibhéiseacha maidir le hallmhairí tríú tíortha — a chur ar fáil freisin do ghníomhaíochtaí réamhtheachtacha a tharlaíonn i slabhra ceimiceach na gceallraí, amhail i gcás ceimic réamhtheachtach ábhair ghníomhaigh catóide (CAM)/ábhair ghníomhaigh anóide, leictrilítí, aisghabháil tuaslagóirí, ceanglóirí, deighilteoirí, salainn agus scagadh maise duibhe.

3.5.

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá creat beartais lena gcinntítear go mbeidh buntáistí ann ar an leibhéal áitiúil agus lena gcuirtear le saineolas na hEorpa, ceann lena leagtar ceanglas síos go gcaithfidh aon infheistíocht choigríche a dhéantar i monarú straitéiseach ceallraí — lena n-áirítear saoráidí ceimiceacha — cloí le bearta maidir le rialachas, comhroinnt teicneolaíochta, scileanna an lucht saothair agus comhtháthú an tslabhra soláthair. Ba cheart don Choimisiún an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha agus ionstraimí gaolmhara a neartú chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh, lena n-áiritheofar iomaíocht chóir ar fud an mhargaidh aonair agus cóir choibhéiseach d’oibreoirí an Aontais agus d’oibreoirí tríú tíortha. Ba cheart leas a bhaint as uirlisí cistiúcháin tiomnaithe de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste don Nuálaíocht, chun an riosca a bhaineann le hinfheistiú i monaraíocht ceall ceallraí agus comhpháirteanna a laghdú.

3.6.

Ós cuid shuntasach den earnáil fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus iad ag feidhmiú go príomha mar sholáthraithe criticiúla innealra, róbataice, comhpháirteanna agus réiteach athchúrsála, ní mór tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil dóibh chun cuidiú leo iad féin a chomhtháthú níos mó in éiceachóras ceallraí an Aontais. Ar an gcaoi sin, d’áiritheofaí athléimneacht ar fud an tslabhra luacha seachas i gcás monaraíocht ceall ar mhórscála amháin. Le cur chuige cuimsitheach den sórt sin, is féidir éiceachórais thionsclaíocha a neartú, nuálaíocht a chothú agus deiseanna fostaíochta a leathnú.

3.7.

Cé go dtacaíonn CESE le hiarrachtaí an Choimisiúin an cás gnó maidir le táirgeadh ceallraí san Eoraip a threisiú agus slabhra luacha ceallraí a thógáil san Aontas, cuireann sé i bhfios go láidir nach mór an táirgeadh ‘Déanta san Eoraip’ a bheith comhchiallach le táirgí ardcháilíochta, agus le caighdeáin láidre shóisialta agus chomhshaoil. Chun an táirgeadh ‘Déanta san Eoraip’ a chur chun feidhme in earnáil na gceallraí, ní foláir plean a chur le chéile i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta. Níor cheart go mbeadh iarrachtaí chun costais táirgthe agus ualaí riaracháin a laghdú ina gcúis le haon lagú ar chaighdeáin saothair, shóisialta nó sábháilteachta agus ní mór sásraí láidre forfheidhmithe agus faireacháin a bheith ag gabháil le haon bhearta simplithe.

3.8.

D’fhéadfaí fostaíocht shuntasach ar fud an tslabhra luacha ceallraí, lena n-áirítear monaraíocht, taighde, athchúrsáil agus seirbhísí gaolmhara, a chruthú leis an Straitéis. Ní mór an tacaíocht airgeadais phoiblí uile a bheith coinníollach ar fhostaíocht ardcháilíochta, ar chomhlíonadh iomlán chaighdeáin an Aontais agus ar ailíniú le cuspóirí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí faireachán trédhearcach ar thionchair shóisialta agus fostaíochta na mbeart tacaíochta airgeadais, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn acu ar cháilíocht poist, ar riachtanais scileanna agus ar dhálaí oibre.

3.9.

Cuirtear deiseanna ar fáil freisin leis an Straitéis chun tacú le poist ghlasa a bhaineann le hathchúrsáil, feidhmeanna dara saol agus réitigh an gheilleagair chiorclaigh. Is gníomhaíochtaí iad sin lena gcumasaítear spleáchais straitéiseacha a laghdú agus lena gcruthaítear fostaíocht oilte i ndeighleoga iartheachtacha den slabhra luacha.

3.10.

Ba cheart don infheistíocht phoiblí rannchuidiú freisin le ceannaireacht thionsclaíoch na hEorpa a chosaint agus le forbairt thionsclaíoch inbhuanaithe agus comhtháthú réigiúnach a áirithiú. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí na tionscadail a fhaigheann tacaíocht a dháileadh go cothrom ar bhonn geografach chun a áirithiú go roinnfear na tairbhí ar fud na mBallstát agus na réigiún agus go neartófar na héiceachórais thionsclaíocha atá ann cheana, faoi chuimsiú beartas tionsclaíoch cuimsitheach Eorpach.

4.   Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

4.1.

Aithníonn CESE go bhfuil an nuálaíocht ina bunchloch den Straitéis agus ina príomhspreagadh don iomaíochas in earnáil ceallraí na hEorpa. Tá dul chun cinn teicneolaíoch leanúnach fíor-riachtanach chun feidhmíocht, inbhuanaitheacht agus costéifeachtúlacht ceallraí a fheabhsú.

4.2.

Le clársceidealú T&N (Batt4EU, an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh, Fís Eorpach), ba cheart tosaíocht a thabhairt do línte píolótacha/ceannródaíocha le haghaidh ceimiceáin atá criticiúil do cheallraí (sintéis/bratú réamhtheachtach, táirgeadh/aisghabháil leictrilíte, ceimic athchúrsála) agus innealra déanta san Aontas. Le T&N ar leibhéal na n-ábhar maidir le sábháilteacht agus inbhuanaitheacht (mar shampla, polaiméirí agus foirmlithe leictrilíte a sholáthraíonn ardfheidhmíocht dóiteáin agus in-athchúrsáilteacht), le tacaíocht ó chaighdeánú agus ó threoraíocht phraiticiúil agus ó oiliúint chomhréireach sábháilteachta próisis trí Acadaimh um an Tionscal Glan-nialasachta, beifear in ann uas-scálú sábháilte éifeachtúil a dhéanamh ar fud na hEorpa.

4.3.

Tá béim leagtha ag CESE ar na buntáistí a bhaineann le hearnáil monaraíochta ceallraí sóidiam a fhorbairt mar chomhlánú straitéiseach ar cheallraí litiam (1). Ba cheart ceallraí sóidiam a áireamh i gColún V, agus ba cheart cistiú um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí a leathnú chun ceimic neamh-litiam a chur san áireamh.

4.4.

Leis an digitiú agus le hardteicneolaíochtaí monaraíochta, cuirtear deiseanna suntasacha ar fáil chun éifeachtúlacht agus cáilíocht táirgthe a bharrfheabhsú. Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór oiliúint iomchuí agus coigeartuithe iomchuí ar eagrú na hoibre a bheith ag gabháil lena dtabhairt isteach.

4.5.

Is príomhchumasóir nuálaíochta í forbairt scileanna. Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil gá le hoiliúint agus athsciliú leanúnach chun freastal ar riachtanais theicneolaíocha atá ag teacht chun cinn agus chun oibriú sábháilte próiseas agus trealaimh nua a áirithiú.

4.6.

Ba cheart comhar idir an tionscal, institiúidí taighde agus soláthraithe oiliúna a chur chun cinn trí bheartais nuálaíochta, agus aistriú eolais á chothú agus dlús á chur le húsáid teicneolaíochtaí nua ar scála tionsclaíoch.

4.7.

Trí chritéir inbhuanaitheachta agus feidhmíochta a chaighdeánú agus a chomhchuibhiú, is féidir tuilleadh tacaíochta a thabhairt don nuálaíocht mar go gcruthódh sé sin dálaí intuartha margaidh agus mar go spreagfadh sé infheistíochtaí a dhéanamh i dteicneolaíochtaí ardcháilíochta. Molann CESE sruthanna oibre tiomnaithe maidir le sábháilteacht ábhar ceallraí, amhail tástálacha ar fhorleathadh teirmeach ar leibhéal an phacáiste agus ar inadhainteacht leictrilíte, chun caighdeáin shoiléire soláthair agus chomhréireachta a leagan síos. Le comhar leis an earnáil thionsclaíoch, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, agus ailíniú le rialacha an Aontais agus le rialacha idirnáisiúnta, chuirfí feabhas ar shábháilteacht, laghdófaí ilroinnt an mhargaidh agus thacófaí le monaraíocht éifeachtúil.

4.8.

Tugann CESE dá aire nach bhfuil rialacha ná ceanglais ag an Aontas faoi láthair maidir le haistriú teicneolaíochta, ábhar áitiúil, agus forbairt scileanna i gcomhfhiontair nó in infheistíochtaí coigríche. Ní hé an dála céanna é sa tSín agus sna Stáit Aontaithe, tíortha a bhfuil coinníollacha dochta i bhfeidhm acu maidir le haistriú maoine intleachtúla, taighde agus forbairt áitiúil, agus forbairt an lucht saothair. Ní mór don Aontas creataí ábhartha a fhorbairt, lena n-áirítear aistriú teicneolaíochta agus coinníollacha ábhair áitiúil le haghaidh Státchabhrach, soláthair agus fóirdheontas, chun aistrithe den sórt sin a ráthú agus chun saineolas áitiúil a fhorbairt, ionas nach mbeidh an baol ann go mbeidh sé ina mhol cóimeála seachas ina cheannaire teicneolaíochta ceallraí.

4.9.

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá an nuálaíocht lena bhfeabhsaítear torthaí inbhuanaitheachta agus sábháilteachta gan ualach breise riaracháin a chruthú. Ní mór an nuálaíocht a ailíniú le cuspóirí tionsclaíocha agus sóisialta níos leithne lena n-áiritheofar go gcuirfidh an dul chun cinn teicneolaíoch le hobair chuibhiúil, le cosaint an chomhshaoil agus leis an iomaíochas fadtéarmach. Cuireann sé i bhfios go láidir gur cheart do chistiú nuálaíochta tacú le tionscadail lena gcomhtháthaítear saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta ceirde, lena n-áirítear dearadh eirgeanamaíoch san ionad oibre agus nochtadh laghdaithe d’ábhair ghuaiseacha.

4.10.

Tá an athchúrsáil ríthábhachtach do chuspóirí comhshaoil na hEorpa agus dá huathriail straitéiseach. Tugann CESE dá aire nach bhfuil saoráidí leormhaithe ná an teicneolaíocht riachtanach ag an Aontas chun ceallraí a athchúrsáil, go háirithe maidir leis líon na gceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a mheastar a bheidh ann faoi 2030. Tá rabhadh tugtha ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa freisin nach ‘spreagann formhór spriocanna athchúrsála an Aontais athchúrsáil ábhar aonair’ ná nach ‘spreagann siad glacadh ó thaobh oiread úsáid níos mó a bhaint as ábhar athchúrsáilte’. Leag sí béim freisin ar na scrogaill a chuireann bac ar iomaíochas thionscal athchúrsála an Aontais (2). Iarrann CESE go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ann chun treisiú leis an tionscal ceallraí, agus aitheantas á thabhairt freisin don ghéarghá atá le ceanglais maidir le scálú chun sreafaí dramhaíola amach anseo a láimhseáil agus chun ábhair thánaisteacha ardcháilíochta a tháirgeadh.

4.11.

Cuireann CESE i bhfios go láidir nach fiú ceallraí litiam-ian dramhaíola agus an mhais dhubh a aicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach faoi mhí na Nollag 2026, ná toirmeasc a chur ar onnmhairí go tíortha nach bhfuil ina mbaill den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíocht (ECFE) iad, mura rud é go gcinnteoidh an tAontas go ndéanfar na sreafaí sin a bhogadh go héifeachtúil laistigh den mhargadh aonair. Seachas sin, tá an baol ann go gcruthóidh an tAontas scrogaill inmheánacha amhail stoc-charnadh, moileanna cóireála agus dreasachtaí saobha, lena n-áirítear sreafaí neamhdhleathacha, ainneoin an toirmisc ar onnmhairiú.

4.12.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh bearta ann lena n-éascaítear loingsiú laistigh den Aontas chuig saoráidí ceadaithe, lena gclúdaítear an slabhra iomlán ó bhailiú agus gluaiseacht ceallraí dramhaíola go láithreáin réamhchóireála (díchóimeáil, diagnóisic agus stóráil shábháilte) agus mais dhubh a bhogadh ar aghaidh go gléasraí scagtha agus aisghabhála.

4.13.

I ndeireadh na dála, measann CESE go mbraitheann rath na Straitéise ar chumas na hEorpa an nuálaíocht a aistriú ina himscaradh tionsclaíoch atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de, freagrach go sóisialta agus sábháilte d’oibrithe.

5.   Sláinte agus Sábháilteacht

5.1.

Ní mór sláinte agus sábháilteacht agus sláinte ceirde (OSH) a bheith mar cholún bunúsach den Straitéis agus d’fhorbairt shlabhra luacha ceallraí na hEorpa. Cé go bhfuil gníomhaíochtaí a bhaineann le ceallraí, lena n-áirítear monarú, cóimeáil, athchúrsáil agus próiseáil amhábhar, faoi réir reachtaíocht sheanbhunaithe maidir le sábháilteacht ceirde, tugann CESE dá aire go bhfuil rioscaí suntasacha ceirde ann (3), tionóiscí san áireamh, mar thoradh ar scálú tapa gigeamhonarchana ceallraí i roinnt Ballstát. Cuireann sé i bhfios go láidir go méadaítear an gá atá le córais láidre bainistíochta sláinte agus sábháilteachta mar gheall ar an mborradh atá beartaithe a chur faoi tháirgeadh ceallraí sa Straitéis maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí. Ní mór, mar sin, soláthar foirne, oiliúint agus infheistíocht leordhóthanach i mbearta coisctheacha a bheith ag gabháil le leathnú na hacmhainneachta táirgeachta, á gcur san áireamh go háirithe oibrithe taistil agus oibrithe imirceacha agus lámhleabhair agus faisnéis leordhóthanach maidir le hábhair chontúirteacha á n-áirithiú chun eolas a mhéadú agus tionóiscí a chosc.

5.2.

Leagann an Coiste béim ar an ngá atá le rialacháin AE maidir le OSH a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé ceanglais a dhéanamh soiléir agus cóir chothrom a áirithiú do gach táirge agus oibreoir, lena n-áirítear ceallraí agus comhpháirteanna allmhairithe a dhíoltar san Aontas, go háirithe chun a chinntiú go gcomhlíonann siad caighdeáin an Aontais. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do threoirlínte praiticiúla agus d’aitheantas frithpháirteach caighdeán coibhéiseach le linn an chur chun feidhme chun ilroinnt an mhargaidh a chosc agus cothroime a chur chun cinn.

5.3.

Is bunchloch den chosc é measúnú riosca, lena n-áirítear maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn. Tacaíonn CESE le cleachtais measúnaithe riosca lena léirítear dul chun cinn teicneolaíoch agus ábhair atá ag teacht chun cinn, agus nósanna imeachta dúblála á seachaint ag an am céanna. Leis an treoir, ba cheart doiciméadacht éifeachtúil agus aitheantas ar chineálacha cur chuige coibhéiseacha a chur chun cinn, lena n-áiritheofar deimhneacht chomhlíontachta agus iomaíochas do mhonaróirí an Aontais, agus na hionchais chéanna ann do tháirgeoirí tríú tíortha a allmhairíonn a gcuid earraí isteach sa mhargadh aonair.

5.4.

Is laistigh de reachtaíocht sheanbhunaithe an Aontais a thabharfar aghaidh go fóill ar shábháilteacht cheimiceach (e.g. Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán/Rialachán maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú substaintí agus meascán agus rialacha maidir le cosaint oibrithe). Ba cheart leanúint den chur chun feidhme rioscabhunaithe agus comhréireach i gcónaí, ag díriú ar chleachtais stórála agus faireacháin a láimhseáil go sábháilte — go háirithe ceimiceáin ghuaiseacha — agus ar ionadú a spreagadh, i gcás inarb indéanta go teicniúil agus inarb iomchuí ó thaobh feidhmíochta de. Molann CESE cistiú nuálaíochta a nascadh le tionscadail lena n-áirítear dearadh eirgeanamaíoch agus nochtadh laghdaithe d’ábhair ghuaiseacha, chomh maith le húsáid uirlisí digiteacha a fhorbairt chun faireachán fíor-ama a dhéanamh ar rioscaí agus córais sábháilteachta tuarthacha.

5.5.

Leagann CESE béim ar fhorfheidhmiú comhionann do gach rannpháirtí sa mhargadh, lena n-áirítear ceallraí agus comhpháirteanna allmhairithe, chun saobhadh iomaíoch a chosc agus chun ardchaighdeáin a choinneáil gan ualaí sonracha breise a fhorchur ar an Aontas.

5.6.

Cuireann CESE i bhfios go láidir an ról ríthábhachtach atá ag oibrithe agus ag a n-ionadaithe maidir le rioscaí ceirde a chosc. Is rud ríthábhachtach é an t-idirphlé sóisialta, lena n-áirítear an chómhargáil, agus rannpháirtíocht na n-oibrithe chun guaiseacha a shainaithint, go háirithe nuair a thugtar teicneolaíochtaí, ábhair agus modhanna táirgthe nua isteach. Ní mór oiliúint tosaigh agus leanúnach iomchuí a chur ar oibrithe atá saincheaptha dá gcúraimí sonracha.

5.7.

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá an forfheidhmiú, le cigireachtaí saothair agus údaráis inniúla a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun comhlíonadh reachtaíocht OSH a chinntiú, go háirithe in earnálacha tionsclaíocha nua atá ag leathnú go tapa.

An Bhruiséil, an 18 Márta 2026.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Séamus BOLAND


(1)  Tuairim ó CESE, Uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú agus geilleagar níos glaise agus níos goirme a fhorbairt: na féidearthachtaí a ghabhann leis an tionscal monaraíochta ceallraí sóidiam (IO C, C/2026/2542, 22.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2542/oj).

(2)  Tuarascáil speisialta 04/2026: Amhábhair chriticiúla le haghaidh an aistrithe fuinnimh – Níl an beartas chomh buan le carraig.

(3)  Mar shampla, nochtadh ceimiceach (e.g. 1-meitil-2-pioróladón), deannach, múch, guaiseacha leictreacha, rioscaí dóiteáin agus tascanna atá dian ar an gcorp.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3230/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top