This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XG00322
Notice for the attention of the persons subject to the restrictive measures provided for in Council Decision (CFSP) 2017/2074, as amended by Council Decision (CFSP) 2025/43, and in Regulation (EU) 2017/2063, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2025/42, concerning restrictive measures in view of the situation in Venezuela
Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/43 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2017/2063, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/42 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala

ST/15414/2024/INIT
IO C, C/2025/322, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/322/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/322 |
10.1.2025 |
Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/43 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2017/2063, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/42 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala
(C/2025/322)
Dírítear aird na ndaoine a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/43 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/42 ón gComhairle (4) a bhaineann le sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine ainmnithe, tá cinneadh déanta aici gur cheart leanúint de na daoine a ndéantar trácht orthu sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/2074 agus i Rialachán (AE) 2017/2063 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala. Luaitear sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin na forais ar a ndearnadh na daoine lena mbaineann a liostú.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 9 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 22 Lúnasa 2025 , ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Chinneadh (CBES) 2017/2074 agus le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2017/2063.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d'Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d'Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 295, 14.11.2017, lch. 60.
(2) IO L, 2025/43, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/43/oj.
(3) IO L 295, 14.11.2017, lch. 21.
(4) IO L, 2025/42, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/42/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/322/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)