Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC06765

Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

PUB/2025/1497

IO C, C/2025/6765, 23.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6765/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6765/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6765

23.12.2025

Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)

(C/2025/6765)

An liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.

Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta le fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.

AN LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE A EISÍONN NA BALLSTÁIT

POBLACHT NA SEICE

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C, C/2025/5109, 18.9.2025.

1)   Formáid aonfhoirmeach (Cárta aitheantais)

Eisítear ceadanna cónaithe i bhfoirm cárta aitheantais atá déanta as cárta polacarbónáite agus a bhfuil gnéithe bithmhéadracha aige de réir samhail aonfhoirmeach. Braitheann an tréimhse bhailíochta ar an gcineál fanachta, i gcomhréir le Gníomh Uimh. 326/1999 Bail., maidir le Cónaí Náisiúnach Eachtrach i gCríoch Phoblacht na Seice agus maidir le Leasuithe ar Ghníomhartha Áirithe, chomh maith le Gníomh Uimh. 325/1999 Bail., an Gníomh Tearmainn, mar a leasaíodh é.

A)   Cead cónaithe/ Povolení k pobytu

Is iad na daoine ar féidir leo an doiciméad seo a fháil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe fadtéarmach nó cead buanchónaithe acu i bPoblacht na Seice, baill teaghlaigh le saoránach den Aontas, den Iorua, den Íoslainn nó de Lichtinstéin nach gcomhlíonann na coinníollacha a bhaineann le heisiúint ‘Cárta buanchónaithe’/‘Karty trvalého pobytu’ ‘Cárta cónaithe’/‘Pobytové karty’ , agus daoine ar deonaíodh tearmann nó cosaint choimhdeach dóibh.

Ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann, eisítear an doiciméad do shaoránaigh den Ríocht Aontaithe agus dá mbaill teaghlaigh a chumhdaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

Sa roinn ‘Ráitis’/‘Poznámky’ , tá cód dhá dhigit lena sonraítear cuspóir an fhanachta (féach an tábla thíos). I gcás ceadanna a eisítear ar chúiseanna seachas cúiseanna fostaíochta, cuirtear isteach an nóta ‘saor-rochtain ar an margadh saothair - IS EA/NÍ hEA’ / ‘Volný přístup na trh práce – ANO/NE’ . Ní sholáthraítear an seoladh cónaithe ach amháin le haghaidh údaruithe den chineál ‘FANACHT BUAN’/‘TRVALÝ POBYT’, ‘TEARMANN’/‘AZYL’ , agus ‘COSAINT CHOIMHDEACH’/‘DOPLŇKOVÁ OCHRANA’.

CÓD AINIMHNITHE CHRÍOCH AN FHANACHTA A ROGHNAÍODH

00

Cúram leighis

49

Tearmann

01

Gnólacht

52

Fostaíocht shéasúrach

02

Gníomhaíochtaí cultúrtha

54

Cosaint choimhdeach

03

Cuairt ar bhall teaghlaigh nó ar chara

55

Athaontú teaghlaigh

04

Cuireadh

56

Áit chónaithe cónaitheora i mBallstát den Aontas

05

Oifigiúil (Polaitiúil)

57

Ball teaghlaigh le cónaitheoir i mBallstát den Aontas

06

Fiontraíocht (féinfhostaithe)

58

Ball teaghlaigh le taighdeoir

07

Gníomhaíochtaí spóirt

59

Ball teaghlaigh le sealbhóir Cárta Ghoirm

08

Staidéir (Oiliúint, Intéirneacht)

60

Fanacht chun críche comhchónaithe eachtrannach

09

Eile (Turasóireacht, Idirthuras, Gnó, Comhdhálacha, etc.)

67

Rinneadh an cead cónaithe roimhe a chúlghairm

10

Turasóireacht

68

Cead tar éis 5 bliana de fhanacht leanúnach

17-20

Teaghlach

69

Cead tar éis 5 bliana san Aontas

21-24

Staidéir

70

Athaontú teaghlaigh le saoránach de Phoblacht na Seice — Is céile é an t-iarratasóir

25

Taighdeoir

71

Athaontú teaghlaigh le saoránach de Phoblacht na Seice – Is páiste a rugadh i bPoblacht na Seice é an t-iarratasóir

28

Fostaíocht – Cárta Gorm

72

Athaontú teaghlaigh le saoránach de Phoblacht na Seice – Is páiste a rugadh lasmuigh de Phoblacht na Seice é an t-iarratasóir

29

Víosa Oibre Urghnách

73

Athaontú teaghlaigh le saoránach de Phoblacht na Seice – Is ball teaghlaigh eile é an t-iarratasóir

30-35

Saoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh

74-77

Athaontú teaghlaigh le saoránach den Aontas

36

Bainisteoir feidhmiúcháin — Rannpháirtíocht in eintiteas dlíthiúil

78

Cónaí fadtéarmach chun críche infheistíochta

37

Saoire Oibre (WH)

79

Cárta Aistrithe Fostaithe Inchuideachta (ICT)

41

Fanacht ar chúiseanna daonnúla

80

Cárta Aistrithe Fostaithe Inchuideachta ó Bhallstát eile (ICT móibíleach)

42

Fanacht ar chúiseanna eile ar fiú iad a bhreithniú

83

Nós imeachta cosanta idirnáisiúnta

43

Fanacht ar mhaithe le Poblacht na Seice

86

Cosaint Shealadach (Iarratasóir)

47

Fanacht i ndiaidh Tearmainn

87

Cosaint Shealadach (Deonaithe)

48

Cónaí náisiúnaigh eachtraigh faoi 18 mbliana d’aois (Cúram ionadaíoch)

99

Críocha eile

(i)

Ceadanna Cónaithe a eisíodh ón 4 Iúil 2011 go dtí an 26 Meitheamh 2020 i bhfoirm cártaí aitheantais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008 ón gComhairle an 18 Aibreán 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Beidh na ceadanna sin bailí go dtí mí an Mheithimh 2030.

Faoin gceannteideal Cineál ceada, sonraítear an cineál ábhartha fanachta: ‘Cónaí fadtéarmach’/, ‘Dlouhodobý pobyt’ , ‘cárta fostaithe’/‘Zaměstnanecká karta’ , ‘Cárta Gorm AE’ /‘Modrá karta EU’ (Treoir 2009/50/CE ón gComhairle), ‘ICT’ (Cárta aistrithe inchuideachta faoi Threoir 2014/66/AE), ‘ICT MÓIBÍLEACH’ (Cárta aistrithe inchuideachta ó Bhallstát eile faoi Threoir 2014/66/AE), nó ‘ Buan’/‘Trvalý’.

(ii)

Ceadanna Cónaithe a eisítear ó bhí an 27 Meitheamh 2020 ann i bhfoirm cártaí aitheantais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír.

B)   Cárta cónaithe/Pobytová karta

Cárta Cónaithe a eisítear ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann i bhfoirm cárta aitheantais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Is ionann cúl an chárta agus an cead cónaithe (féach roinn A thuas chun tuilleadh sonraí a fháil). Ní eisítear é ach do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas nach saoránaigh den Aontas iad féin.

C)   Cárta buanchónaithe/Karta trvalého pobytu

Cárta Buanchónaithe a eisítear ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann i bhfoirm cárta aitheantais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Is ionann cúl an chárta agus an cead cónaithe (féach roinn A thuas chun tuilleadh sonraí a fháil). Ní eisítear é ach do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas nach saoránaigh den Aontas iad féin.

2)   Gach doiciméad eile a eisítear do náisiúnaigh tríú tír atá comhionann le cead cónaithe

A)   Cárta cónaithe baill teaghlaigh le Saoránach den Aontas Eorpach/ Pobytová karta rodinného příslušníka občana Evropské unie

Doiciméad gorm dorcha i bhfoirm leabhráin. Doiciméad a eisíodh ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 1 Lúnasa 2021 do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas ar deonaíodh cónaí sealadach dóibh i bPoblacht na Seice. Bhí an cárta bailí go dtí an 3 Lúnasa 2023 , agus ina dhiaidh sin cuireadh doiciméad ina bhfuil sonraí bithmhéadracha ina ionad go hiomlán (féach roinn 1 — formáid aonfhoirmeach le haghaidh tuilleadh sonraí).

B)   Cárta buanchónaithe/Průkaz o povolení k trvalému pobytu

(i)

Is doiciméad glas dorcha i bhfoirm leabhráin é an Cárta buanchónaithe. Ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann, níor eisíodh an cárta sin ach do shaoránaigh den Aontas, den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin.

Roimhe seo, eisíodh an cárta buanchónaithe seo do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas, den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin. Ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann, áfach, faigheann na baill teaghlaigh sin doiciméid ina bhfuil sonraí bithmhéadracha (féach roinn 1 — formáid aonfhoirmeach le haghaidh tuilleadh sonraí). Tá feidhm aige sin freisin maidir le saoránaigh den Ríocht Aontaithe agus baill dá dteaghlaigh atá cumhdaithe ag an gComhaontú um Tharraingt Siar. Leanfaidh doiciméid a eisíodh roimh an 2 Lúnasa 2021 de bheith bailí go dtí an dáta éaga a ghabhann leo.

(ii)

An Cárta buanchónaithe atá ag saoránach den Aontas Eorpach, tá sé dearg agus i bhfoirm leabhráin. Eisíodh an cineál sin doiciméid do shaoránaigh den Aontas go dtí mí Lúnasa 2017. Is féidir leis fanacht i gcúrsaíocht go dtí 2027.

C)   Cárta Ceada Cónaithe d’Eachtrannaigh/Průkaz o povolení k pobytu pro cizince

Doiciméad glas éadrom i bhfoirm leabhráin a bhfuil cló dearg ar a éadan. Go dtí an 14 Lúnasa 2017, eisíodh é do shaoránaigh den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin a bhfuil buanchónaí orthu i bPoblacht na Seice, agus dá mbaill teaghlaigh a bhfuil ceadanna cónaithe sealadacha acu. Ó bhí an 15 Lúnasa 2017 ann, is ar bhaill teaghlaigh le saoránaigh de na stáit sin amháin atá sé dírithe le haghaidh cónaí sealadach. Chuaigh an doiciméad in éag an 3 Lúnasa 2023 , agus ina dhiaidh sin cuireadh doiciméid ina bhfuil sonraí bithmhéadracha ina ionad go hiomlán (féach roinn 1 thuas — formáid aonfhoirmeach).

D)   Cárta aitheantais/ Identifikační průkaz

(i)

Cárta aitheantais – atá á eisiúint ó bhí an 15 Lúnasa 2017 ann.

Ó bhí an 15 Lúnasa 2017 ann, eisítear cárta aitheantais ar a bhfuil an inscríbhinn seo i ndath dubh ar a éadan ‘Cárta aitheantais agus cead cónaithe fadtéarmach’/‘Identifikační průkaz a povolení k pobytu’.

Tá an doiciméad seo i bhfoirm cárta páipéir le séalaithe i scragaill agus a bhfuil tóisí 105 × 74 mm aige. Ar a éadan, tá grianghraf den sealbhóir chomh maith le sonraí amhail a ainm, náisiúntacht, dáta breithe, inscne, feidhm, seoladh agus dáta bailíochta an chárta. Ar a chúl, sonraítear go bhfeidhmíonn an cárta aitheantais seo mar dhoiciméad oifigiúil agus mar chruthúnas aitheantais, chomh maith le cruthúnas ar chónaí fadtéarmach i bPoblacht na Seice.

(ii) agus iii)

Cárta Aitheantais a eisítear do shaoránaigh de Bhallstát den Aontas nó do shaoránaigh de thríú tír - atá á eisiúint ó bhí an 1 Nollaig 2025 ann.

Ó bhí an 1 Nollaig 2025 ann, tá cártaí aitheantais á n-eisiúint ar a bhfuil an inscríbhinn seo i ndath dubh ar a éadan ‘Cárta aitheantais/‘Identifikační průkaz’ le haghaidh saoránaigh de Bhallstát den Aontas agus an inscríbhinn seo i ndath dubh ‘Cárta aitheantais agus cead cónaithe fadtéarmach’/‘Identifikační průkaz a povolení k pobytu’ le haghaidh saoránaigh de thríú tír.

Ar a éadan, tá grianghraf den sealbhóir chomh maith le sonraí amhail a ainm, náisiúntacht, dáta breithe, inscne, feidhm, seoladh agus dáta bailíochta an chárta. Ar a chúl, sonraítear go bhfuil sealbhóir an chárta aitheantais sin i dteideal cónaí i bPoblacht na Seice. Is ionann cúl an doiciméid i gcás saoránaigh de Bhallstát den Aontas agus saoránaigh de thríú tír araon.

Tá na cártaí aitheantais a eisíodh ó bhí an 15 Lúnasa 2017 ann fós bailí in ainneoin go bhfuil cártaí aitheantais nua á n-eisiúint ó bhí an 1 Nollaig 2025 ann.

Eisíonn an Aireacht Gnóthaí Eachtracha na cártaí aitheantais leis an ainmniúchán seo a leanas:

NÓTA

MÍNITHE

D

Baill de chuid misean taidhleoireachta – foireann taidhleoireachta

K

Comhaltaí consalachta — oifigigh chonsalacha

MO/D

Baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil pribhléidí agus díolúintí taidhleoireachta acu

ATP

Baill riaracháin agus theicniúla de chuid misean taidhleoireachta

KZ

Comhaltaí consalachta – fostaithe consalacha

МО/ATP

Baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a theachtann na pribhléidí agus na díolúintí céanna le foireann riaracháin agus theicniúil de chuid misean taidhleoireachta

MO

Baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a theachtann pribhléidí agus díolúintí de réir comhaontú ábhartha

SP/, SP/K

Baill d’fhoireann seirbhíse de chuid misean taidhleoireachta nó consalachtaí

SSO, SSO/K

Oibrithe tí ball de chuid misean taidhleoireachta nó consalachtaí

HK

Comhaltaí consalachta oinigh

E)   Doiciméid chónaithe a eisítear do Thairbhithe Cosanta Sealadaí agus do Náisiúnaigh Eachtracha dár Deonaíodh Víosaí Fadtéarmacha le haghaidh Fanacht is mó ná 90 Lá Chun Críche Cuairte Fulaingthe mar gheall ar an gCoinbhleacht Armtha san Úcráin

Faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1), agus § 7b d’Acht Uimh. 24/2025 Coll., lena leasaítear Gníomh Uimh. 65/2022 Coll., maidir le bearta áirithe i ndáil leis an gcoinbhleacht armtha ar chríoch na hÚcráine arb é ionradh fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ba chúis leis, tá feidhm ag an gcóras doiciméad cónaithe seo a leanas le haghaidh daoine easáitithe ón Úcráin i bPoblacht na Seice.

Is éard atá i ndoiciméid chónaithe le haghaidh cosaint shealadach i bPoblacht na Seice greamán víosa le haghaidh údarú cónaithe (a dhéantar a ghreamú sa phas nó ar thuarascáil trasnaithe teorann stáit) nó deimhniú PDF ar shíneadh na cosanta sealadaí. In éineacht le doiciméad taistil, tá daoine easáitithe i dteideal teorainn sheachtrach limistéar Schengen a thrasnú gan víosa. Is ionann doiciméid cosanta sealadaí (greamán víosa nó deimhniú PDF) agus cead cónaithe i gcomhréir le hAirteagal 2(16) de Chód Teorainneacha Schengen.

1.   Greamáin víosa le haghaidh Údarú Cónaithe (Cosaint Shealadach)

Tairbhithe cosanta sealadaí a fuair víosa fhadtéarmach in 2025 chun críche cosanta sealadaí, tá greamán víosa greamaithe ina bpas acu nó ar thuarascáil trasnaithe teorann stáit a bhfuil bailíocht aige go dtí an 31 Márta 2026. Féadfaidh bailíocht na ngreamán víosa sin a bheith níos faide ná 365 lá. Ní chláraíonn na tairbhithe sin le haghaidh síneadh leictreonach agus ní fhaigheann siad deimhniú PDF; is é an greamán víosa an t-aon doiciméad cónaithe agus taistil lánfheidhme atá acu laistigh de Schengen.

Tairbhithe cosanta sealadaí a raibh víosa bhailí acu in 2024 go dtí an 31 Márta 2025, chláraigh siad go leictreonach le haghaidh síneadh in 2025. Mura bhfuil greamán víosa nua a bheidh bailí go dtí an 31 Márta 2026 greamaithe go fóill acu, tá greamán víosa acu a bheidh bailí go dtí an 31 Márta 2025 mar aon leis an deimhniú PDF ar chlárú leictreonach chun síneadh a chur leis an gcosaint shealadach. Is doiciméad cónaithe bailí é an deimhniú seo go dtí an 30 Meán Fómhair 2025.

Tairbhithe cosanta sealadaí ar éirigh leo an síneadh a chur i gcrích cheana féin, beidh greamán víosa nua a bheidh bailí go dtí an 31 Márta 2026 greamaithe ina bpas acu nó ar thuarascáil trasnaithe teorann stáit. Ní gá a chruthú gur ann do dheimhniú PDF; is doiciméad lánfheidhme é an greamán víosa.

2.   Deimhniú maidir le clárú leictreonach chun síneadh a chur leis an gCosaint Shealadach

De bhun § 7b d’Acht Uimh. 24/2025 Coll., lena leasaítear Acht Uimh. 65/2022 Coll., bhíothas in ann síneadh a chur go huathoibríoch le bailíocht na n-údaruithe le haghaidh cosaint shealadach gan gá a bheith le hiarratas nua trí chlárú leictreonach. Le ‘Deimhniú ar Chlárú Leictreonach chun síneadh a chur leis an gCosaint Shealadach’ arna eisiúint faoin 15 Márta 2025, tá an sealbhóir i dteideal cónaí i gcríoch Phoblacht na Seice agus gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de limistéar Schengen go dtí an 30 Meán Fómhair 2025. Is féidir bailíocht an deimhnithe sin a fhíorú le cód QR nó trí shuíomh gréasáin Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Seice: https://ipc.gov.cz/docasna-ochrana/overeni-potvrzeni/.

AN GHEARMÁIN

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C, C/2025/1859, 25.3.2025.

1.

Ceadanna cónaithe a eisítear de réir na formáide aonfhoirmí

Aufenthaltserlaubnis

(cead cónaithe)

Blaue Karte EU

(Cárta Gorm AE – arna eisiúint ón 1 Lúnasa 2012)

ICT-Karte

(Cárta aistrí ionchorparáidigh (ICT))

Mobiler-ICT-Karte

(Cárta ICT móibíleach)

Niederlassungserlaubnis

(cead buanchónaithe)

Erlaubnis zum Daueraufenthalt-EG (auch ‘Daueraufenhalt-EU’)

(cead cónaithe fhadtéarmaigh CE)

Aufenthaltsberechtigung

(cead cónaithe gan srian)

NB:

Eisíodh an ‘Aufenthaltsberechtigung (cead cónaithe gan srian)’ san fhormáid aonfhoirmeach roimh an 1 Eanáir 2005 agus níl teorainn lena bhailíocht.

Aufenthaltskarte für Familienangehörige eines Unionsbürgers oder eines Staatsangehörigen eines EWR-Staates

(Cárta cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránach den Aontas Eorpach nó náisiúnach de Bhallstát LEE)

NB:

Táthar á eisiúint ó bhí an 28 Lúnasa 2007 ann; arna chur in ionad an cheada cónaithe fhadtéarmaigh AE

Daueraufenthaltskarte für Familienangehörige eines Unionsbürgers oder eines Staatsangehörigen eines EWR-Staates

(Cárta buanchónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas Eorpach nó náisiúnaigh de Bhallstát LEE)

Aufenthaltserlaubnis-CH

Die Aufenthaltserlaubnis für Staatsangehörige der Schweizerischen Eidgenossenschaft und ihre Familienangehörigen, die nicht Staatsangehörige der Schweizerischen Eidgenossenschaft sind

(Cead cónaithe-CH)

(Cead cónaithe le haghaidh náisiúnaigh den Eilvéis agus a mbaill teaghlaigh nach náisiúnaigh den Eilvéis iad)

Aufenthaltsdokument-GB für Inhaber des Aufenthaltsrechts im Sinne des Artikels 18 Absatz 4 des Austrittsabkommens des Vereinigten Königreichs Großbritannien und Nordirland aus der Europäischen Union und der Europäischen Atomgemeinschaft

(Doiciméad cónaithe na Ríochta Aontaithe (‘Aufenthaltsdokument-GB’) le haghaidh shealbhóirí an chearta cónaithe faoi Airteagal 18(4) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.)

Aufenthaltsdokument für Grenzgänger-GB nach Artikel 26 des Austrittsabkommens des Vereinigten Königreichs Großbritannien und Nordirland aus der Europäischen Union und der Europäischen Atomgemeinschaft für Inhaber eines Rechts als Grenzgänger nach Artikel 24 Absatz 2, auch in Verbindung mit Artikel 25 Absatz 2, des Abkommens.

(Doiciméad cónaithe na Ríochta Aontaithe le haghaidh oibrithe teorann (‘Aufenthaltsdokument-GB Grenzgänger’) faoi Airteagal 26 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh sealbhóirí an chirt oibrithe teorann faoi Airteagal 24(2), agus i gcomhar le hAirteagal 25(2) den Chomhaontú freisin.)

2.

Gach doiciméad eile a eisítear do náisiúnaigh tríú tír atá comhionann le cead cónaithe

Aufenthaltserlaubnis mit der Anmerkung ‘24’ (auch mit den Zusätzen ‘ABS. 1’ und ‘AUFENTHG’), die am 1. Februar 2024, 1. Februar 2025 oder am 1. Februar 2026 gültig ist

Cead cónaithe ar a bhfuil an lua ‘24’ (ar a bhfuil na luanna breise ‘ABS. 1’ agus ‘AUFENTHG’ freisin) atá bailí an 1 Feabhra 2024, an 1 Feabhra 2025 nó an 1 Feabhra 2026.

NB:

Maidir leis na ceadanna cónaithe de bhun Roinn 24(1) den Acht Cónaithe (Cur Chun Feidhme Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001) atá bailí an 1 Feabhra 2024, an 1 Feabhra 2025 nó an 1 Feabhra 2026, lena n-áirítear na coinníollacha agus na forálacha coimhdeacha a ghabhann leo, cuireadh síneadh leo go ginearálta trí bhíthin Reachta agus leanann siad d’fheidhm a bheith acu go dtí an 4 Márta 2027 gan cárta nua a eisiúint le haghaidh an cheada cónaithe.

Aufenthaltserlaubnis-EU

(cead cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach nó de Bhallstát LEE nach náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas nó de Bhallstát LEE iad)

NB:

Eisíodh iad go dtí an 28.8.2007 agus iad bailí suas le 5 bliana (nó gan teorainn), da bhí sin tá siad i gcúrsaíocht go fóill

Aufenthaltskarte für Familienangehörige eines Unionsbürgers oder eines Staatsangehörigen eines EWR-Staates

(cárta cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránach den Aontas Eorpach nó náisiúnach de Bhallstát LEE (doiciméad páipéir))

NB:

Eisíodh é seo mar dhoiciméad páipéir ón 28 Lúnasa 2007, arna chur in ionad an cheada cónaithe fhadtéarmaigh AE (‘Aufenthaltserlaubnis-EU’). Ní eiseofar é a thuilleadh tar éis dheireadh 2020. Beidh doiciméid a eisíodh roimh dheireadh 2020 bailí go dtí an dáta éaga a léirítear ar an doiciméad.

Daueraufenthaltskarte für Familienangehörige eines Unionsbürgers oder eines Staatsangehörigen eines EWR-Staates (Papierdokument)

(Cárta buanchónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránach den Aontas Eorpach nó náisiúnach de Bhallstát LEE (doiciméad páipéir))

NB:

Eisíodh é seo mar dhoiciméad páipéir. Ní eiseofar é a thuilleadh tar éis dheireadh 2020. Beidh doiciméid a eisíodh roimh dheireadh 2020 bailí go dtí an dáta éaga a léirítear ar an doiciméad.

Aufenthaltserlaubnis für Staatsangehörige der Schweizerischen Eidgenossenschaft und ihre Familienangehörigen, die nicht Staatsangehörige der Schweizerischen Eidgenossenschaft sind

(cead cónaithe le haghaidh náisiúnaigh de Chónaidhm na hEilvéise agus a mbaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Chónaidhm na hEilvéise iad)

NB:

Cead cónaithe le haghaidh náisiúnaigh den Eilvéis agus a mbaill teaghlaigh nach náisiúnaigh den Eilvéis iad. Beidh doiciméid a eisíodh roimh dheireadh 2020 bailí go dtí an dáta éaga a léirítear ar an doiciméad.

Aufenthaltserlaubnis für Angehörige eines Mitgliedstaates der EWG (doiciméad páipéir)

(cead cónaithe le haghaidh náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas)

NB:

De réir roinn 15 den Acht um shaoirse gluaiseachta ghinearálta saoránach den Aontas Eorpach ‘Aufenthaltserlaubnis-EU für Familienangehörige von Staatsangehörigen eines Mitgliedstaates der Europäischen Union oder eines EWR Staates, die nicht Staatsangehörige eines Mitgliedstaates der EU oder des EWR sind’

NB:

Cead cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas Eorpach nó náisiúnaigh de Bhallstát LEE nach saoránaigh den Aontas ná náisiúnaigh de Bhallstát LEE iad féin a eisíodh roimh 28.8.2007, tá sé bailí mar chárta cónaithe go fóill.

NB:

Tugann an cead thuasluaite cead don sealbhóir dul isteach gan víosa má eisítear é i bpas nó ar leithligh i gcomhar le pas, agus sna cásanna sin amháin, ach ní thugann má eisítear é mar ghreamán greamaithe le doiciméad aitheantais ionaid (‘Ausweisersatz’) agus é bailí sa Ghearmáin amháin.

NB:

Tá na ceadanna seo bailí in ionad víosa, le haghaidh dul isteach gan víosa, má eisítear iad i bpas nó ar leithligh i gcomhar le pas, agus sna cásanna sin amháin; níl siad bailí in ionad víosa má eisítear iad mar dhoiciméad inmheánach in ionad cárta aitheantais.

Níl ‘Aussetzung der Abschiebung (Duldung)’ (cur siar na díbeartha (cead eisceachtúil chun fanacht) ná ‘Aufenthaltsgestattung für Asylbewerber’ (cead cónaithe sealadach le haghaidh iarrthóirí tearmainn) bailí le haghaidh iontráil gan víosa.

Fiktionsbescheinigung

(Doiciméad cónaithe shealadaigh)

Má tá tic sa tríú bosca ar leathanach 3 agus sa chás sin amháin – tá an cead cónaithe bailí fós. Ní cheadaítear iontráil ach i dtaca le cead cónaithe atá imithe in éag, víosa, pas bailí de bhun Airteagal 10 de Threoir 2004/38/CE, nó cárta buanchónaithe Gearmánach de bhun Airteagal 20 de Threoir 2004/38/CE.

Má tá tic sa chéad nó sa dara bosca, ní bhaineann an ceart dul isteach gan víosa leis an ‘Fiktionsbescheinigung’.

Foráil maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

Mar a fhoráiltear sna forálacha a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach, le héifeacht ó dheireadh na hidirthréimhse faoin gComhaontú sin, i gcás náisiúnaigh Bhriotanacha agus a mbaill teaghlaigh a bhfuil cearta acu sa Ghearmáin faoi Chuid a Dó, Teideal II, Caibidil 1 nó faoi Airteagal 24(2), agus i gcomhar le hAirteagal 25(2) den Chomhaontú freisin, tá cead acu dul isteach fiú mura bhfuil cead cónaithe atá imithe in éag nó víosa acu chomh maith lena bpas agus ‘Fiktionsbescheinigung’ (doiciméad cónaithe shealadaigh) ina bhfuil tic sa cheathrú bosca ar leathanach a trí, lena léirítear (sa Ghearmáinis) go bhfuil ‘iarratas déanta ag an sealbhóir ar dhoiciméadacht le haghaidh ceart cónaithe faoin Acht um Shaoirse Gluaiseachta/AE nó faoin gComhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis, a dhéantar a dheimhniú go sealadach leis seo’, fiú mura bhfuil cead cónaithe atá imithe in éag agus víosa acu chomh maith lena bpas. Is sa Ghearmáinis atá an léiriú sin sa doiciméad agus seo a leanas é: ‘Der Inhaber / die Inhaberin hat die Dokumentation eines Aufenthaltsrechts nach dem FreizügG/EU oder dem Abkommen EU-Schweiz beantragt, das hiermit vorläufig bescheinigt wird.’

Bíonn tic sa bhosca céanna má tá iarratas déanta ag an sealbhóir cheana féin ar dhoiciméadacht le haghaidh ceart cónaithe faoin Acht um Shaoirse Gluaiseachta/AE nó faoin gComhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis, ach nach bhfuil aon doiciméad atá i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach arna sainiú le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle réidh le heisiúint. Sa chás sin, deimhnítear an ceart cónaithe leis an doiciméad cónaithe shealadaigh. Sna cásanna sin, tá cead ag sealbhóirí Fiktionsbescheinigung dul isteach má tá tic sa cheathrú bosca ar leathanach a trí den doiciméad, lena léirítear go bhfuil ‘iarratas déanta ag an sealbhóir ar dhoiciméadacht le haghaidh ceart cónaithe faoin Acht um Shaoirse Gluaiseachta/AE nó faoin gComhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis, a dhéantar a dheimhniú go sealadach leis seo’, fiú mura bhfuil cead cónaithe atá imithe in éag nó víosa acu chomh maith lena bpas.

Pasanna le haghaidh baill de mhisin taidhleoireachta:

NB:

Ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann, tá cineál nua pas á eisiúint le haghaidh baill de mhisin taidhleoireachta agus le haghaidh baill de phoist chonsalachta de chineál gairme. Na cineálacha sin pasanna a bunaíodh roimh an 1 Lúnasa 2003, níl siad bailí a thuilleadh.

Taispeántar na pribhléidí ábhartha ar chúl gach pas.

Pasanna a eisítear do thaidhleoirí agus dá mbaill teaghlaigh:

‘D’ marcáilte ar an gcúl:

Pasanna taidhleoireachta le haghaidh taidhleoirí eachtracha:

Protokollausweis für Diplomaten

(Pas prótacail le haghaidh taidhleoirí, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna taidhleoireachta le haghaidh baill teaghlaigh atá ag gabháil d’fhostaíocht phríobháideach shocrach:

Protokollausweis für Diplomaten ‘A’

(Pas prótacail ‘A’ le haghaidh taidhleoirí, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna prótacail le haghaidh taidhleoirí ar náisiúnaigh den Ghearmáin iad nó a bhfuil buanchónaí orthu sa Ghearmáin

Protokollausweis für Diplomaten Art. 38 I WÜD

(Pas prótacail le haghaidh taidhleoirí faoi Airteagal 38(1) de Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne riaracháin nó teicniúla agus dá mbaill teaghlaigh:

‘VB’ marcáilte ar an gcúl:

Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin nó teicniúla eachtracha:

Protokollausweis für Verwaltungspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pas prótacail le haghaidh baill teaghlaigh le baill foirne riaracháin nó teicniúla má tá na baill teaghlaigh sin ag gabháil d’fhostaíocht phríobháideach shocrach:

Protokollausweis für Verwaltungspersonal ‘A’

(Pas prótacail ‘A’ le haghaidh baill foirne riaracháin, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin nó teicniúla ar náisiúnaigh den Ghearmáin iad nó a bhfuil buanchónaí orthu sa Ghearmáin:

Protokollausweis für Mitglieder VB Art. 38 2 WÜD

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin faoi Airteagal 38(2) de Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne seirbhíse agus dá mbaill teaghlaigh:

‘DP’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für dienstliches Hauspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne seirbhíse, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne áitiúla agus dá mbaill teaghlaigh:

‘OK’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für Ortskräfte

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne áitiúla, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne príobháidí tí:

‘PP’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für privates Hauspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne príobháidí tí, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna le haghaidh baill de phoist chonsalachta:

Taispeántar na pribhléidí ábhartha ar chúl gach pas.

Pasanna a eisítear d’oifigigh chonsalacha:

‘K’ marcáilte ar an gcúl:

Pasanna le haghaidh oifigigh chonsalacha eachtracha:

Protokollausweis für Konsularbeamte

(Pas prótacail le haghaidh oifigigh chonsalacha, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna le haghaidh oifigigh chonsalacha ar náisiúnaigh den Ghearmáin iad nó a bhfuil buanchónaí orthu sa Ghearmáin:

Protokollausweis für Konsularbeamte ‘Art. 71 I WÜK’

(Pas prótacail le haghaidh oifigigh chonsalacha faoi Airteagal 71(1) de Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta) (ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne riaracháin nó teicniúla consalachta de chineál gairme:

‘VK’ marcáilte ar an gcúl:

Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin nó teicniúla eachtracha:

Protokollausweis für Verwaltungspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin nó teicniúla ar náisiúnaigh den Ghearmáin iad nó a bhfuil buanchónaí orthu sa Ghearmáin:

Protokollausweis für Mitglieder VK Art. 71 II WÜK

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin faoi Airteagal 71(2) de Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne seirbhíse consalachta de chineál gairme:

‘DH’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für dienstliches Hauspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne seirbhíse, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill teaghlaigh le hoifigigh chonsalacha nó le baill foirne riaracháin, teicniúla nó seirbhíse:

‘KF’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis f. Familienangehörige (Konsulat)

(Pas prótacail le haghaidh baill teaghlaigh (consalacha), ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne áitiúla consalachta de chineál gairme:

‘OK’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für Ortskräfte

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne áitiúla) (ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne príobháidí tí consalachta de chineál gairme:

‘PP’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für privates Hauspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne príobháidí tí, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna speisialta:

Pasanna a eisítear do bhaill eagraíochtaí idirnáisiúnta agus dá mbaill teaghlaigh:

‘IO’ marcáilte ar an gcúl:

Sonderausweis ‘IO’

(Pas speisialta ‘IO’, ó bhí 1999 ann)

Sonderausweis für Mitglieder internationaler Organisationen

(Pas speisialta le haghaidh baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta)

Sonderausweis für Familienangehörige von Mitgliedern internationaler Organisationen

(Pas speisialta le haghaidh baill teaghlaigh le baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta)

NB:

eisítear pas ar a bhfuil ‘D’ do cheannairí eagraíochtaí idirnáisiúnta agus dá mbaill teaghlaigh; eisítear pas ar a bhfuil ‘PP’ do bhaill foirne príobháideacha tí atá fostaithe ag baill foirne eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Pasanna a eisítear do bhaill de líon tí faoi roinn 27(1)(5) den Reacht lena Rialaítear Cónaí (Aufenthaltsverordnung):

‘S’ marcáilte ar an gcúl:

Sonderausweis ‘S’

(Pas speisialta ‘S’, ó bhí an 1 Eanáir 2005 ann)

Liosta na bpaisinéirí le haghaidh turais scoile laistigh den Aontas Eorpach

Liosta na ndaoine a ghlacann páirt i dturas scoile a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(b) i gcomhar leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh ón gComhairle dar dáta an 30 Samhain 1994 maidir leis na bearta coiteanna arna nglacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal K.3 (2)(b) den Conradh ar an Aontas Eorpach chun taisteal a éascú do dhaltaí ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát.

AN ÍOSLAINN

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C 509, 17.12.2021, lch. 10.

1.

Ceadanna cónaithe a eisítear de réir na formáide aonfhoirmí

Tímabundið dvalarleyfi (Cead cónaithe sealadach)

Námsmaður (Mac léinn)

Fjölskyldusameining (Athaontú teaghlaigh)

Vistráðning (Au-pair)

Dvalar og atvinnuleyfi (Áit chónaithe bunaithe ar chead oibre)

Alþjóðleg vernd (Cosaint idirnáisiúnta)

Sérstök tengsl (Naisc speisialta leis an Íoslainn)

Sjálfboðaliði (Saorálaithe)

Lögmætur tilgangur (Críoch dhlisteanach agus speisialta)

Mannúðarleyfi (Oibrí daonnúil)

Trúboði (Misinéirí)

Samningar v. önnur ríki (Comhaontuithe idir an Íoslainn agus stáit eile)

Ótímabundið dvalarleyfi (Cead buanchónaithe)

Tímabundinn dvalarréttur vegna Brexit (Stádas cónaithe sealadach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) den Chomhaontú Idirscartha idir an Ríocht Aontaithe agus Stáit CSTE LEE)

Ótímabundinn dvalarréttur vegna Brexit (Stádas buanchónaithe i gcomhréir le hAirteagal 17(4) den Chomhaontú Idirscartha idir an Ríocht Aontaithe agus Stáit CSTE LEE)

Tímabundið dvalarskírteini aðstandanda EES/EFTA ríkisborgara (Réttur til dvalar) - (Cárta cónaithe sealadach –ball teaghlaigh CSTE/LEE)

Ótímabundið dvalarskírteini aðstandanda EES/EFTA ríkisborgara (Réttur til dvalar) - (Cárta buanchónaithe –ball teaghlaigh CSTE/LEE)

Diplómataskilríki útgefin af utanríkisráðuneytinu (Cártaí aitheantais taidhleoireachta arna n-eisiúint ag an Aireacht Gnóthaí Eachtracha)

Cártaí aitheantais dearga (thaidhleoireachta) a eisítear do chinn Mhisin agus do bhaill den fhoireann taidhleoireachta agus dá mbaill teaghlaigh a bhfuil pas taidhleoireachta acu.

Cártaí aitheantais gorma a eisítear do bhaill foirne riaracháin, teicniúla agus seirbhíse agus dá mbaill teaghlaigh, chomh maith le baill foirne seirbhíse baile, a bhfuil pas seirbhíse, pas oifigiúla nó gnáthphas acu.

Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo

IO C 247, 13.10.2006, lch. 1.

IO C 77, 5.4.2007, lch. 11.

IO C 153, 6.7.2007, lch. 1.

IO C 164, 18.7.2007, lch. 45

IO C 192, 18.8.2007, lch. 11.

IO C 271, 14.11.2007, lch. 14.

IO C 57, 1.3.2008, lch. 31.

IO C 134, 31.5.2008, lch. 14.

IO C 207, 14.8.2008, lch. 12.

IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.

IO C 3, 8.1.2009, lch. 5.

IO C 64, 19.3.2009, lch. 15.

IO C 198, 22.8.2009, lch. 9.

IO C 239, 6.10.2009, lch. 2.

IO C 298, 8.12.2009, lch. 15.

IO C 308, 18.12.2009, lch. 20.

IO C 35, 12.2.2010, lch. 5.

IO C 82, 30.3.2010, lch. 26.

IO C 103, 22.4.2010, lch. 8.

IO C 108, 7.4.2011, lch. 7.

IO C 157, 27.5.2011, lch. 5.

IO C 201, 8.7.2011, lch. 1.

IO C 216, 22.7.2011, lch. 26.

IO C 283, 27.9.2011, lch. 7.

IO C 199, 7.7.2012, lch. 5.

IO C 214, 20.7.2012, lch. 7.

IO C 298, 4.10.2012, lch. 4.

IO C 51, 22.2.2013, lch. 6.

IO C 75, 14.3.2013, lch. 8.

IO C 77, 15.3.2014, lch. 4.

IO C 118, 17.4.2014, lch. 9.

IO C 200, 28.6.2014, lch. 59.

IO C 304, 9.9.2014, lch. 3.

IO C 390, 5.11.2014, lch. 12.

IO C 210, 26.6.2015, lch. 5.

IO C 286, 29.8.2015, lch. 3.

IO C 151, 28.4.2016, lch. 4.

IO C 16, 18.1.2017, lch. 5.

IO C 69, 4.3.2017, lch. 6.

IO C 94, 25.3.2017, lch. 3.

IO C 297, 8.9.2017, lch. 3.

IO C 343, 13.10.2017, lch. 12.

IO C 100, 16.3.2018, lch. 25.

IO C 144, 25.4.2018, lch. 8.

IO C 173, 22.5.2018, lch. 6.

IO C 222, 26.6.2018, lch. 12.

IO C 248, 16.7.2018, lch. 4.

IO C 269, 31.7.2018, lch. 27.

IO C 345, 27.9.2018, lch. 5.

IO C 27, 22.1.2019, lch. 8.

IO C 31, 25.1. 2019, lch. 5

IO C 34, 28.1.2019, lch. 4.

IO C 46, 5.2.2019, lch. 5.

IO C 330, 6.10.2020, lch. 5.

IO C 126, 12.4.2021, lch. 1.

IO C 140, 21.4.2021, lch. 2.

IO C 150, 28.4.2021, lch. 5.

IO C 365, 10.9.2021, lch. 3.

IO C 491, 7.12.2021, lch. 5.

IO C 509, 17.12.2021, lch. 10.

IO C 63, 7.2.2022, lch. 6.

IO C 272, 15.7.2022, lch. 4

IO C 304, 9.8.2022, lch. 5.

IO C 393, 13.10.2022, lch. 10.

IO C 72, 28.2.2023, lch. 44.

IO C 274, 3.8.2023, lch. 6.

IO C, C/2023/260, 19.10.2023.

IO C, C/2023/1408, 5.12.2023.

IO C, C/2023/1609, 22.12.2023.

IO C, C/2024/1212, 31.1.2024.

IO C, C/2024/1950, 6.3.2024.

IO C, C/2024/4488, 11.7.2024.

IO C, C/2024/5580, 19.9.2024.

IO C, C/2024/7513, 19.12.2024.

IO C, C/2024/7514, 19.12.2024.

IO C, C/2025/995, 11.2.2025.

IO C, C/2025/1504, 5.3.2025.

IO C, C/2025/1859, 25.3.2025.

IO C, C/2025/2330, 25.4.2025.

IO C, C/2025/3595, 1.7.2025.

IO C, C/2025/4339, 1.8.2025.

IO C, C/2025/5109, 18.9.2025.

IO C, C/2025/5255, 29.9.2025.

IO C, C/2025/6217, 17.11.2025.


(1)  Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.

(2)   IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6765/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top