Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC05538

Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

PUB/2025/844

IO C, C/2025/5538, 16.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5538/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5538/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5538

16.10.2025

Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

(C/2025/5538)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT DE THIONSCNAMH BALLSTÁIT A CHUR IN IÚL

‘Toscano’

Uimh. AE: PGI-IT-1512-AM01 - 17.7.2025

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm an táirge

‘Toscano’

2.   Ballstát ar leis an limistéar geografach

an Iodáil

3.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

MASAF [An Aireacht Talmhaíochta, Bhiafhlaithis agus Foraoiseachta]

4.   Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta

Míniú ar an bhfáth a dtagann an leasú (nó na leasuithe) faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143

Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe toisc nach mbaineann siad le hathrú ar an ainm ná ar úsáid an ainm, nach bhfuil baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc ar neamhní nó nach bhfuil srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leo.

1.   Baineann an leasú seo le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.2 den doiciméad aonair a bhaineann leis an tuairisc ar an táirge

Cuireadh an tsaintréith dhea-bholaidh isteach

Laghdaíodh an aigéadacht iomlán uasta

Athshainíodh na luachanna le haghaidh aigéid phailmíteacha, oiléacha, líonóiléineacha agus líonoiléacha

Cuireadh an luach sin le haghaidh bithfheanól in ionad an luacha le haghaidh polaifeanól

Scriosadh an luach Kreis

Scriosadh an tagairt do chomhlíonadh na reachtaíochta

Scriosadh tagairtí do cheanglais áirithe i leith táirgeoirí

Léitear an t-airteagal leasaithe mar a leanas:

‘1)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Toscano” nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: idir glas agus órbhuí, ag brath ar aois na hola;

dea-bholadh: torthaíoch, idir éadrom agus dian, lena ngabhann rian amháin nó níos mó díobh seo a leanas: ológ ghlas nó aibí, almóinn, torthaí aibí eile, bliosán, duilleog ghlas;

blas: searbhas;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

an líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg;

comhéifeacht athraonta ag 25 °C: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

aigéad pailmíteach: 9 - 16 %;

aigéad pailmíteoiléach: 0,5 - 1,5 %;

aigéad stéarach: 1,1 - 3 %;

aigéad oiléach: 70 - 83 %;

aigéad líonoiléach: < 10 %;

aigéad líonóiléineach: < 1,0 %;

aigéad araicise: < 0,6 %;

aigéad iciseanóch: ≥ 60 mg/kg;

bithfheanóil: ≥ 200 mg/kg;

tócaifearóil: ≥ 150 mg/kg.

(2)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as Seggiano ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Toscano” nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: órga;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: searbhas;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

an líon sárocsaídí: ≤ 10 mEq O2/kg;

K232: ≤ 2,0;

K270: ≤ 0,20.

(3)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Colline Lucchesi ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Toscano” nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: órbhuí lena mbaineann toin ghlasa;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: séimh;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: níos lú ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

an líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg;

comhéifeacht athraonta: de réir caighdeán;

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %;

aigéad pailmíteoiléach: 0,4 - 1,2 %;

aigéad stéarach: 0,5 - 3 %;

aigéad oiléach: 70 - 80 %;

aigéad líonoiléach: < 8 %;

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %;

aigéad araicise: < 0,5 %;

aigéad iciseanóch: < 0,4 %.

(4)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Lunigiana ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Toscano” nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: órbhuí lena mbaineann toin ghlasa;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: séimh;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: níos lú ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

an líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg;

comhéifeacht athraonta: de réir caighdeán;

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %;

aigéad pailmíteoiléach: 0,4 - 1,2 %;

aigéad stéarach: 0,5 - 3 %;

aigéad oiléach: 70 - 80 %;

aigéad líonoiléach: < 9 %;

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %;

aigéad araicise: < 0,5 %;

aigéad iciseanóch:< 0,4 %.

(5)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Colline di Arezzo ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Toscano” nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: idir glas dian agus buí lena mbaineann toin ghlasa shoiléire;

dea-bholadh: torthaíoch idir measartha agus dian;

blas: mionbhlasanna searbha idir éadrom agus measartha;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: níos lú ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

an líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg;

comhéifeacht athraonta: de réir caighdeán;

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %;

aigéad pailmíteoiléach: < 1,5 %;

aigéad stéarach: 1,2 - 2,5 %;

aigéad oiléach: 70 - 81 %;

aigéad líonoiléach: < 9 %;

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %.

(6)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Colline Senesi ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Toscano” nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: glas de dhéine éagsúil lena mbaineann imireacha a dtagann dath buíghlas orthu de ghnáth agus toin éadroime bhuí;

dea-bholadh: torthaíoch idir measartha agus dian;

blas: searbhas idir éadrom agus measartha;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: níos lú ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

an líon sárocsaídí: ≤ 12 mEq O2/kg;

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %;

aigéad pailmíteoiléach: ≤ 1,3 %;

aigéad stéarach: ≤ 3 %;

aigéad oiléach: 70 - 80 %;

aigéad líonoiléach: < 9 %;

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %;

aigéad araicise: < 0,5 %;

aigéad iciseanóch < 0,4 %.

(7)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Colline di Firenze ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Toscano” nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: idir glas agus órbhuí, ag brath ar aois na hola;

dea-bholadh: torthaíocht idir measartha agus dian;

blas: searbhas measartha dian;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

an líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg;

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %;

aigéad pailmíteoiléach: 0,45 - 1,5 %;

aigéad stéarach: 1,1 - 2,5 %;

aigéad oiléach: 70 - 82 %;

aigéad líonoiléach: < 9 %;

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %;

bithfheanóil: ≥ 200 mg/kg;

tócaifearóil: ≥ 150 mg/kg.

(8)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as Montalbano ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Toscano” nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: idir glas agus órbhuí, ag brath ar aois na hola;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: searbhas idir éadrom agus measartha;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

an líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg;

comhéifeacht athraonta ag 25 °C: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %;

aigéad pailmíteoiléach: 0,5 - 1,5 %;

aigéad stéarach: 1,5 - 3 %;

aigéad oiléach: 70 - 83 %;

aigéad líonoiléach: < 9 %;

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %;

aigéad araicise:< 0,5 %;

aigéad iciseanóch:< 0,4 %;

bithfheanóil: ≥ 200 mg/kg;

tócaifearóil: ≥ 150 mg/kg.

(9)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Monti Pisani ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Toscano” nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: órbhuí lena mbaineann toin ghlasa;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: searbhas idir éadrom agus measartha agus/nó braistint shéimh;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

an líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg;

comhéifeacht athraonta ag 25 °C: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla;

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %;

aigéad pailmíteoiléach: 0,4 - 1,2 %;

aigéad stéarach: 0,5 - 3 %;

aigéad oiléach: 70 - 80 %;

aigéad líonoiléach: < 9 %;

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %;

aigéad araicise: < 0,5 %;

aigéad iciseanóch < 0,4 %.’

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

2.   Baineann an leasú seo le hAirteagal 3 den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair a bhaineann leis an limistéar geografach

Ní bhaineann an leasú leis an sainmhíniú ar an limistéar geografach atá fós mar an gcéanna, ach rinneadh na tagairtí geografacha breise a athshainiú.

Tugtar an t-airteagal thíos:

(1)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, áirítear limistéir garrán ológ laistigh de chríoch riaracháin Réigiún na Tuscáine atá in ann na saintréithe cáilíochta dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

(2)

Cuimsíonn an limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as Seggiano ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, i gcúige Grosseto, críoch riaracháin iomlán bhardais Arcidosso, Castel del Piano, Seggiano, Cinigiano, Santa Fiora agus Roccalbegna.

(3)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa chun ola olóige úríon as limistéar Colline Lucchesi ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, áirítear limistéir garrán ológ laistigh de chríoch riaracháin chúige Lucca atá in ann na saintréithe cáilíochta dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

(4)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa chun ola olóige úríon as limistéar Colline della Lunigiana ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, áirítear limistéir garrán ológ laistigh de chríoch riaracháin chúige Massa Carrara atá in ann na saintréithe cáilíochta dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh agus atá suite go hiomlán nó go pointe áirithe laistigh de na bardais seo a leanas: Fosdinovo, Aulla, Fivizzano, Casola Lunigiana, Licciana Nardi, Villafranca Lunigiana, Podenzana, Tresana, Mulazzo, Bagnone, Filattiera, Pontremoli, Comano, Zeri agus an talamh ó thuaidh den mhórbhealach náisiúnta Aurelia (SS 1) a bhaineann le bardais Montignoso, Massa agus Carrara.

(5)

Cuimsíonn an limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as limistéar Colline di Arezzo ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, laistigh de chríoch riaracháin chúige Arezzo, limistéir garrán ológ laistigh de chúige Arezzo atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

(6)

Cuimsíonn an limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as limistéar Colline Senesi ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, laistigh de chríoch riaracháin chúige Siena, limistéir garrán ológ laistigh de chúige Siena atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

(7)

Cuimsíonn an limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as limistéar Colline di Firenze ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, laistigh de chríoch riaracháin chúigí Firenze agus Prato, limistéir garrán ológ atá suite sna bardais seo a leanas: Bagno in Ripoli, Barberino di Mugello, Barberino Val d’Elsa, Borgo San Lorenzo, Calenzano, Campi Bisenzio, Cantagallo, Castelfiorentino, Certaldo, Dicomano, Empoli, Fiesole, Figline Val d’Arno, Firenze, Firenzuola, Fucecchio, Gambasso Terme, Greve in Chianti, Impruneta, Incista Val d’Arno, Lastra a Signa, Londa, Marradi, Montaione, Montelupo, Montemurlo, Montespertoli, Palazzuolo sul Senio, Pelago, Pontassieve, Prato, Reggello, Rignano sull’Arno, Rufina, San Casciano Val di Pesa, San Godenzo, San Piero a Sieve, Scandicci, Scarperia, Sesto Fiorentino, Signa, Tavarnelle Val di Pesa, Vaglia, Vaiano, Vernio agus Vicchio atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

(8)

Cuimsíonn an limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as Montalbano ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, laistigh de chríoch riaracháin chúige Pistoia, Firenze agus Prato, limistéir na ngarrán ológ atá suite laistigh de theorainneacha riaracháin na mbardas seo a leanas: Capraia e Limite, Carmignano, Cerreto Guidi, Fucecchio, Lampoechio, Larciano, Monsummano Terme, Poggio a Caiano, Pistoia, Quarrata, Serravalle Pistoiese agus Vinci atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

(9)

Cuimsíonn an limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as limistéar Monti Pisani ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, laistigh de chríoch riaracháin chúige Pisa, limistéir garrán ológ atá suite laistigh de theorainneacha riaracháin bhardais Buti, Calci, San Giuliano Terme, Vicopisano agus Vecchiano atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

3.   Baineann an leasú seo le hAirteagal 9 den tsonraíocht táirge a bhaineann leis an gcruthúnas tionscnamh

Cuireadh airteagal nua maidir le cruthúnas tionscnaimh leis an tsonraíocht táirge.

Téacs an Airteagail:

‘Déantar faireachán ar gach céim den phróiseas táirgthe, agus déantar gach ionchur agus aschur a thaifeadadh. Áirithítear inrianaitheacht an táirge trí na saothraithe ológ (gabháltais talmhaíochta), muilleoirí agus pacáisteoirí a chur isteach i gcláir speisialta arna mbainistiú ag an gcomhlacht cigireachta. Tá gach duine nádúrtha agus dlítheanach a iontráiltear sna cláir ábhartha faoi réir seiceálacha ag an gcomhlacht rialúcháin i gcomhréir le téarmaí na sonraíochta táirge agus an phlean rialaithe chomhfhreagraigh.’

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

4.   Baineann an leasú seo le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.3 den doiciméad aonair a bhaineann leis an amhábhar

Cuireadh dhá chineál nua leis:

Leagan nua:

‘Airteagal 2 – Cineálacha

1)   Ní mór an tásc geografach faoi chosaint “Toscano”, gan aon tásc geografach breise, a fháil ó na cineálacha ológ seo a leanas atá, ina n-aonar nó in éineacht le chéile, sna garráin ológ: American, Arancino, Ciliegino, Frantoio, Grappolo, Gremignolo, Grossolana, Larcianese, Lazzero, Leccino, Leccio del Corno, Leccione, Madonna dell’Impruneta, Marzio, Maurino, Melaiolo, Mignolo, Moraiolo, Morchiaio, Olivastra Seggianese, Olivella, Pendolino, Pesciatino, Piangente, Punteruolo, Razzaio, Razzo, Rossellino, Rossello, San Francesco, Santa Caterina, Scarlinese, Tondello agus cineálacha eile atá cláraithe san eolaire réigiúnach ar gheirmphlasma áitiúil (Repertorio Regionale del Germoplasma Autoctono Toscano) a bunaíodh faoi Dhlí Réigiúnach Uimh. 64 an 16 Samhain 2004. Thairis sin, sna garráin ológ atá cláraithe cheana féin sa chóras rialaithe tráth a thagann an tsonraíocht seo i bhfeidhm, féadfar cineálacha eile a úsáid suas le 5 % ar a mhéad.’

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

5.   Baineann an leasú seo le hAirteagal 4(1) den tsonraíocht táirge a bhaineann leis an modh táirgthe

Athscríobhadh an roinn maidir le treorú agus prúnáil.

Leagan nua:

‘Na dálaí comhshaoil agus fáis a fhaightear sna garráin ológ a tháirgeann an ola olóige úríon ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint “Toscano” agus tagairtí geografacha breise, ní mór iad a bheith ina ndálaí traidisiúnta ar saintréith de chuid an limistéir iad. In aon chás, ní mór do na dálaí a bheith in ann na gnéithe cáilíochta sonracha a thabhairt do na hológa agus don ola olóige a dhéantar astu.

Ní mór an scaradh plandaí, na córais treoraithe agus phrúnála a bheith réasúnach i dtéarmaí agranamaíocha ach níor cheart dóibh saintréithe an chrainn olóige agus na hola a tháirgtear a athrú.’

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

6.   Baineann an leasú seo le hAirteagal 4(3) agus (4) den tsonraíocht táirge a bhaineann le hoibleagáidí áirithe atá ar tháirgeoirí

Scriosadh roinnt pointí

Scriosadh na pointí seo a leanas:

‘3)

Gach bliain, agus réamhfhógra á thabhairt acu maidir le táirgeadh uasta de bhun Airteagal 7(4), nó faoin 30 Meán Fómhair de bhliain na buainte, ní mór do tháirgeoirí a dhearbhú go bhfuil siad toilteanach na tagairtí geografacha breise uile nó cuid díobh a úsáid i gcomhréir leis an tsonraíocht seo.

4)

Agus fógra á thabhairt maidir le táirgeadh ológ dá dtagraítear in Airteagal 4(8) faoin 30 Eanáir ar a dhéanaí de bhliain an táirgthe ola chéanna, ní mór do tháirgeoirí táirgeadh na hola ar mian leo an tásc geografach breise nó na tásca geografacha breise a úsáid ina leith a dhearbhú.’

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

7.   Baineann an leasú seo le hAirteagal 4(5b) agus (5c) den tsonraíocht táirge a bhaineann le cosaint sláinte plandaí

Scriosadh an abairt a nascann cosaint fíteashláintíochta le cláir rialaithe lotnaidí bhainistithe.

Léitear an abairt scriosta mar a leanas:

‘Ní mór cosaint fíteashláintíochta garrán ológ a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis na cláir rialaithe threoraithe’

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

8.   Baineann an leasú seo le hAirteagal 4(6) agus (7) den tsonraíocht táirge a bhaineann leis an táirgeadh uasta atá ceadaithe agus le tréimhse na buainte

Socraíodh an dáta buainte is déanaí

Socraíodh an táirgeadh uasta ológ

Leagan nua:

4)

Is é an 15 Nollaig an dáta buainte is déanaí a socraíodh le haghaidh táirgeadh ola olóige úríon ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’.

5)

Ní fhéadfaidh táirgeacht uasta ológ ó gharráin ológ atá tiomnaithe do tháirgeadh ola olóige úríon an TGFC ‘Toscano’ a bheith níos mó ná 9 000 kg in aghaidh an heicteáir i gcás garráin a cuireadh go speisialta, agus i ngarráin mheasctha ní fhéadfaidh an mheántáirgeacht in aghaidh an chrainn a bheith níos mó ná 50 kg.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

9.   Baineann an leasú le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge a bhaineann le hoibleagáidí áirithe atá ar tháirgeoirí

Baineadh na ceanglais a áiríodh go mícheart sa tsonraíocht táirge

Scriosadh na pointí seo a leanas:

‘8)

Nuair atá an fógra faoi tháirgeadh ológ agus an t-iarratas ar dheimhniú comhlíontachta an táirge á gcur isteach ag an iarratasóir, ní mór dó an deimhniú arna eisiúint ag na comhlachais táirgthe ológ lena gcruthaítear gur táirgeadh agus gur próiseáladh na hológa sa limistéar a shainítear leis an tsonraíocht táirge a chur i gceangal leis.

9)

I gcás táirgeoirí nach táirgeoir de chomhlachas iad, ní mór do chomhlachtaí arna n-ainmniú ag Réigiún na Tuscáine an deimhniú dá dtagraítear sa phointe roimhe seo a eisiúint tar éis do na táirgeoirí doiciméadacht arna heisiúint ag na muilleoirí dá dtagraítear in Airteagal 7(5) thíos a chur isteach, lena ndeimhnítear gur próiseáladh na hológa sa limistéar a shainítear leis an tsonraíocht táirge.’

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

10.   Baineann an leasú sin le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.6 den doiciméad aonair maidir le lipéadú an táirge

Athscríobhadh an téacs: scriosadh tagairtí don Chuibhreannas maidir le lipéid a fhormheas agus cuireadh tásc sonrach maidir le méid ainm Toscano isteach in éineacht le tásca eile.

Leagan nua mar a leanas:

Toirmisctear aon tuairisc a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nach bhforáiltear di go sainráite sa tsonraíocht táirge, lena n-áirítear na haidiachtaí seo a leanas: ‘fine’ (mín), ‘scelto’ (den chéad rogha), ‘selezionato’ (roghnaithe) nó ‘superiore’ (den scoth). Ceadaítear tagairtí fírinneacha infhíoraithe lena dtugtar tuairisc ar mhodhanna táirgeoirí aonair, amhail: ‘aonchineálach’, ‘buainte de láimh’, etc.

Féadfar ainmneacha, ainmneacha gnólachtaí, ainmneacha brandaí etc. a úsáid go dílis ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leo agus nach dócha go gcuirfidís an tomhaltóir amú.

Ní fhéadfar ainmneacha gabháltas, eastát agus feirmeacha agus a suíomh geografach a úsáid ach amháin má táirgeadh an táirge go heisiach ó ológa a buanadh ó gharráin ológ ar leis an ngabháltas iad, agus ceadaítear tagairt do phacáistiú ag an ngabháltas táirgthe ológ más rud é go ndearnadh an táirge a phacáistiú ar an ngabháltas féin.

Má úsáidtear aon ainm geografach eile lena gcuirtear in iúl na bardais, na ceantair, na heastáit nó na feirmeacha as a dtagann an ola i ndáiríre, ní mór iad a bheith i litreacha nach mó ná leath mhéid na litreacha a úsáidtear le haghaidh an TGFC ‘Toscano’.

Ní mór ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Toscano’ a bheith ar an lipéad i litreoireacht leithleacha dhoscriosta ionas gur féidir é a idirdhealú ón bhfaisnéis eile uile a sholáthraítear.

Ní mór na tagairtí geografacha breise a údaraítear in Airteagal 1 den tsonraíocht seo a bheith ar an lipéad i litreacha nach mó ná leath mhéid na litreacha a úsáidtear le haghaidh an TGFC ‘Toscano’.

Féadfar léiriú grafach (léarscáil shiombalach/léarscáil gheografach) de chríoch riaracháin an ainmniúcháin faoi chosaint a chur leis. Féadfar logainm an limistéir iarbhír ina dtáirgtear na hológa a aibhsiú laistigh den léiriú grafach thuas.

Ní mór bliain táirgthe na n-ológ as a ndearnadh an ola a lua ar an lipéad mar a leanas: Séasúr táirgthe na n-ológ: bbbb/bbbb, nó Buaint, Táirgeadh, Bliain, Bliain na buainte nó comhchiallaigh eile: bbbb.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

11.   Baineann an leasú seo le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.5 den doiciméad aonair a bhaineann le pacáistíocht

Baineann an leasú le toilleadh na gcoimeádán.

Leagan nua:

9.

Ní mór ola olóige úríon ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’, bíodh ceann de na tagairtí geografacha breise dá dtagraítear in Airteagal 1 ag gabháil léi nó ná bíodh, a scaoileadh lena tomhailt i gcoimeádáin oiriúnacha, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Baineadh pointe 11.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Toscano’

Uimh. AE: PGI-IT-1512-AM01 - 17.7.2025

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha (an ATFC nó an TGFC)

‘Toscano’

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

• 15 - SAILLTE AGUS OLAÍ AINMHÍOCHA, PLANDÚLA NÓ MIOCRÓBACHA AGUS A dTÁIRGÍ SCOILTE; SAILLTE INITE ULLMHAITHE; CÉARACHA PLANDÚLA NÓ AINMHÍOCHA

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

An tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’, lena ngabhann, i gcás inarb iomchuí, ceann amháin de na tagairtí geografacha breise seo a leanas: forchoimeádtar ‘Seggiano’, Colline Lucchesi’, ‘Colline della Lunigiana’, ‘Colline di Arezzo’, ‘Colline Senesi’, ‘Colline di Firenze’, ‘Montalbano’ agus ‘Monti Pisani’ le haghaidh ola olóige úríon a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(1)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: idir glas agus órbhuí, ag brath ar aois na hola;

dea-bholadh: torthaíoch, idir éadrom agus dian, lena ngabhann rian amháin nó níos mó d’ológa glasa nó aibí, almóinn, torthaí aibí eile, bliosán, duilleog ghlas;

blas: searbhas;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg

comhéifeacht athraonta ag 25 °C: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

aigéad pailmíteach: 9 - 16 %

aigéad pailmíteoiléach: 0,5 - 1,5 %

aigéad stéarach: 1,1 - 3 %

aigéad oiléach:70 - 83 %

aigéad líonoiléach: < 10 %.

aigéad líonóiléineach: < 1,0 %

aigéad araicise: < 0,6 %

aigéad iciseanóch: ≥ 60 mg/kg

bithfheanóil: ≥ 200 mg/kg

tócaifearóil: ≥ 150 mg/kg

(2)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as Seggiano ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: órga;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: searbhas;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

líon sárocsaídí: ≤ 10 mEq O2/kg.

K232: ≤ 2,0

K270: ≤ 0,20

(3)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Colline Lucchesi ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: órbhuí lena mbaineann toin ghlasa;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: séimh;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: níos lú ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg

comhéifeacht athraonta: de réir caighdeán

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %

aigéad pailmíteoiléach: 0,4 - 1,2 %

aigéad stéarach: 0,5 - 3 %

aigéad oiléach: 70 - 80 %

aigéad líonoiléach: < 8 %

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %

aigéad araicise: < 0,5 %

aigéad iciseanóch:< 0,4 %

(4)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Lunigiana ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: órbhuí lena mbaineann toin ghlasa;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: séimh;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: níos lú ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg

comhéifeacht athraonta: de réir caighdeán

K 232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %

aigéad pailmíteoiléach: 0,4 - 1,2 %

aigéad stéarach: 0,5 - 3 %

aigéad oiléach: 70 - 80 %

aigéad líonoiléach: < 9 %

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %

aigéad araicise: < 0,5 %

aigéad iciseanóch:< 0,4 %

(5)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Colline di Arezzo ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: idir glas dian agus buí lena mbaineann toin ghlasa shoiléire;

dea-bholadh: torthaíoch idir measartha agus dian;

blas: mionbhlasanna searbha idir éadrom agus measartha;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: níos lú ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg

comhéifeacht athraonta: de réir caighdeán

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %

aigéad pailmíteoiléach: < 1,5 %

aigéad stéarach: 1,2 - 2,5 %

aigéad oiléach: 70 - 81 %

aigéad líonoiléach: < 9 %

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %

(6)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Colline Senesi ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: glas de dhéine éagsúil lena mbaineann imireacha a dtagann dath buíghlas orthu de ghnáth agus toin éadroime bhuí;

dea-bholadh: torthaíoch idir measartha agus dian;

blas: searbhas idir éadrom agus measartha;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: níos lú ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

líon sárocsaídí: ≤ 12 mEq O2/kg

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %

aigéad pailmíteoiléach: ≤ 1,3 %

aigéad stéarach: ≤ 3 %

aigéad oiléach: 70 - 80 %

aigéad líonoiléach: < 9 %

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %

aigéad araicise: < 0,5 %

aigéad iciseanóch: < 0,4 %

(7)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Colline di Firenze ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: idir glas agus órbhuí, ag brath ar aois na hola;

dea-bholadh: torthaíocht idir measartha agus dian;

blas: searbhas measartha dian;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %

aigéad pailmíteoiléach: 0,45 - 1,5 %

aigéad stéarach: 1,1 - 2,5 %

aigéad oiléach: 70 - 82 %

aigéad líonoiléach: < 9 %

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %

bithfheanóil: ≥ 200 mg/kg

tócaifearóil: ≥ 150 mg/kg

(8)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as Montalbano ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: idir glas agus órbhuí, ag brath ar aois na hola;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: searbhas idir éadrom agus measartha;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg

comhéifeacht athraonta ag 25 °C: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %

aigéad pailmíteoiléach: 0,5 - 1,5 %

aigéad stéarach: 1,5 - 3 %

aigéad oiléach: 70 - 83 %

aigéad líonoiléach: < 9 %

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %

aigéad araicise:< 0,5 %

aigéad iciseanóch:< 0,4 %

bithfheanóil: ≥ 200 mg/kg

tócaifearóil: ≥ 150 mg/kg

(9)

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith in ola olóige úríon as limistéar Monti Pisani ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nuair a scaoiltear lena tomhailt í:

dath: órbhuí lena mbaineann toin ghlasa;

dea-bholadh: torthaíoch idir éadrom agus measartha;

blas: searbhas idir éadrom agus measartha agus/nó braistint shéimh;

braistintí tadhlacha: bíonn spíosraitheacht le brath;

measúnú painéil: leibhéil cheadaithe faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair;

aigéadacht uasta iomlán arna sloinneadh mar aigéad oiléach: nach mó ná 0,45 g in aghaidh 100 g d’ola;

líon sárocsaídí: ≤ 14 mEq O2/kg

comhéifeacht athraonta ag 25 °C: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K232: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

K270: laistigh de theorainneacha dlíthiúla

aigéad pailmíteach: 9 - 15,5 %

aigéad pailmíteoiléach: 0,4 - 1,2 %

aigéad stéarach: 0,5 - 3 %

aigéad oiléach: 70 - 80 %

aigéad líonoiléach: < 9 %

aigéad líonóiléineach: < 0,9 %

aigéad araicise: < 0,5 %

aigéad iciseanóch: < 0,4 %

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

Ní mór an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a fháil ó na cineálacha ológ seo a leanas atá, ina n-aonar nó in éineacht le chéile, sna garráin ológ: American, Arancino, Ciliegino, Frantoio, Grappolo, Gremignolo, Grossolana, Larcianese, Lazzero, Leccino, Leccio del Corno, Leccione, Madonna dell’Impruneta, Marzio, Maurino, Melaiolo, Mignolo, Moraiolo, Morchiaio, Olivastra Seggianese, Olivella, Pendolino, Pesciatino, Piangente, Punteruolo, Razzaio, Razzo, Rossellino, Rossello, San Francesco, Santa Caterina, Scarlinese, Tondello agus cineálacha eile atá cláraithe san eolaire réigiúnach ar gheirmphlasma áitiúil (Repertorio Regionale del Germoplasma Autoctono Toscano) a bunaíodh faoi Dhlí Réigiúnach Uimh. 64 an 16 Samhain 2004. Anuas ar na garráin ológ atá cláraithe cheana féin sa chóras rialaithe tráth a thiocfaidh an tsonraíocht seo i bhfeidhm, féadfar suas le 5 % ar a mhéad de chineálacha eile a úsáid.

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Na céimeanna uile a bhaineann leis an bpróiseas táirgeachta, is iad sin saothrú, buaint agus úscadh ola, ní mór iad a dhéanamh laistigh den limistéar geografach sainithe.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór ola olóige úríon ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a phacáistiú laistigh den limistéar geografach agus a scaoileadh lena tomhailt i gcoimeádáin oiriúnacha, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Fiú sular aithníodh é mar TGFC, bhí cáil láidir idirnáisiúnta ar an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ mar gheall ar a cáilíocht shaintréitheach. Ní féidir cáilíochtaí sonracha an táirge a ráthú do thomhaltóirí agus stop a chur go tapa le haon chalaois tráchtála, mar a léirítear leis an gcomhar torthúil le blianta beaga anuas idir an Cuibhreannas ionadaíoch agus na comhlachtaí ábhartha go dtí leibhéal Interpol, mura ndéantar seiceálacha diana sula scaoiltear lena thomhailt é, lena n-áirítear na céimeanna iartheachtacha táirgthe amhail pacáistíocht.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Toirmisctear aon tuairisc a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ nach bhforáiltear di go sainráite sa tsonraíocht táirge, lena n-áirítear na haidiachtaí seo a leanas: ‘fine’ (mín), ‘scelto’ (den chéad rogha), ‘selezionato’ (roghnaithe) nó ‘superiore’ (den scoth). Ceadaítear tagairtí fírinneacha infhíoraithe lena dtugtar tuairisc ar mhodhanna táirgeoirí aonair, amhail: ‘aonchineálach’, ‘buainte de láimh’, etc.

Féadfar ainmneacha, ainmneacha gnólachtaí, ainmneacha brandaí etc. a úsáid go dílis ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leo agus nach dócha go gcuirfidís an tomhaltóir amú.

Ní fhéadfar ainmneacha gabháltas, eastát agus feirmeacha agus a suíomh geografach a úsáid ach amháin má táirgeadh an táirge go heisiach ó ológa a buanadh ó gharráin ológ ar leis an ngabháltas iad, agus ceadaítear tagairt do phacáistiú ag an ngabháltas táirgthe ológ más rud é go ndearnadh an táirge a phacáistiú ar an ngabháltas féin.

Má úsáidtear aon ainm geografach eile lena gcuirtear in iúl na bardais, na ceantair, na heastáit nó na feirmeacha as a dtagann an ola i ndáiríre, ní mór iad a bheith i litreacha nach mó ná leath mhéid na litreacha a úsáidtear le haghaidh an TGFC ‘Toscano’.

Ní mór ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Toscano’ a bheith ar an lipéad i litreoireacht leithleacha dhoscriosta ionas gur féidir é a idirdhealú ón bhfaisnéis eile uile a sholáthraítear.

Ní mór na tagairtí geografacha breise a údaraítear in Airteagal 1 den tsonraíocht seo a bheith ar an lipéad i litreacha nach mó ná leath mhéid na litreacha a úsáidtear le haghaidh an TGFC ‘Toscano’.

Féadfar léiriú grafach (léarscáil shiombalach/léarscáil gheografach) de chríoch riaracháin an ainmniúcháin faoi chosaint a chur leis. Féadfar logainm an limistéir iarbhír ina dtáirgtear na hológa a aibhsiú laistigh den léiriú grafach thuas.

Ní mór bliain táirgthe na n-ológ as a ndearnadh an ola a lua ar an lipéad mar a leanas: Séasúr táirgthe na n-ológ: bbbb/bbbb, nó Buaint, Táirgeadh, Bliain, Bliain na buainte nó comhchiallaigh eile: bbbb.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

1)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, áirítear limistéir garrán ológ laistigh de chríoch riaracháin Réigiún na Tuscáine atá in ann na saintréithe cáilíochta dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

2)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as Seggiano ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, cuimsítear, i gcúige Grosseto, críoch riaracháin iomlán bhardais Arcidosso, Castel del Piano, Seggiano, Cinigiano, Santa Fiora agus Roccalbegna.

3)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa chun ola olóige úríon as limistéar Colline Lucchesi ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, áirítear limistéir garrán ológ laistigh de chríoch riaracháin chúige Lucca atá in ann na saintréithe cáilíochta dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

4)

Áirítear sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa chun ola olóige úríon as limistéar Colline della Lunigiana ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, limistéir garrán ológ laistigh de chríoch riaracháin chúige Massa Carrara atá in ann na saintréithe cáilíochta dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh agus atá suite go hiomlán nó go pointe áirithe laistigh de na bardais seo a leanas:Fosdinovo, Aulla, Fivizzano, Casola Lunigiana, Licciana Nardi, Villafranca Lunigiana, Podenzana, Tresana, Mulazzo, Bagnone, Filattiera, Pontremoli, Comano, Zeri agus an talamh ó thuaidh den mhórbhealach náisiúnta Aurelia (SS 1) a bhaineann le bardais Montignoso, Massa agus Carrara.

5)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as limistéar Colline di Arezzo ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, cuimsítear, laistigh de chríoch riaracháin chúige Arezzo, limistéir garrán ológ laistigh de chúige Arezzo atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

6)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as limistéar Colline Senesi ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, cuimsítear, laistigh de chríoch riaracháin chúige Siena, limistéir garrán ológ laistigh de chúige Siena atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

7)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as limistéar Colline di Firenze ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, cuimsítear, laistigh de chríoch riaracháin chúigí Firenze agus Prato, limistéir garrán ológ atá suite sna bardais seo a leanas:Bagno in Ripoli, Barberino di Mugello, Barberino Tavarnelle, Borgo San Lorenzo, Calenzano, Campi Bisenzio, Cantagallo, Castelfiorentino, Certaldo, Dicomano, Empoli, Fiesole, Figline e Incisa Valdarno, Firenze, Firenzuola, Fucecchio, Gambassi Terme, Greve in Chianti, Impruneta, Lastra a Signa, Londa, Marradi, Montaione, Montelupo, Montemurlo, Montespertoli, Palazzuolo sul Senio, Pelago, Pontassieve, Prato, Reggello, Rignano sull’Arno, Rufina, San Casciano Val di Pesa, San Godenzo, San Piero a Sieve, Scandicci, Scarperia, Sesto Fiorentino, Signa, Vaglia, Vaiano, Vernio agus Vicchio atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

8)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as Montalbano ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, cuimsítear, laistigh de chríoch riaracháin chúige Pistoia, Firenze agus Prato, na limistéir garrán ológ atá suite laistigh de theorainneacha riaracháin na mbardas seo a leanas: Capraia e Limite, Carmignano, Cerreto Guidi, Fucecchio, Lampoechio, Larciano, Monsummano Terme, Poggio a Caiano, Pistoia, Quarrata, Serravalle Pistoiese agus Vinci atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

9)

Sa limistéar táirgeachta le haghaidh ológa atá beartaithe chun ola olóige úríon as limistéar Monti Pisani ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Toscano’ a tháirgeadh, cuimsítear, laistigh de chríoch riaracháin chúige Pisa, limistéir garrán ológ atá suite laistigh de theorainneacha riaracháin bhardais Buti, Calci, San Giuliano Terme, Vicopisano agus Vecchiano atá in ann na saintréithe cáilíochta a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo a tháirgeadh.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Braitheadh go raibh gá táirgeadh ola olóige agus cur ar an margadh ola olóige a rialáil sa Tuscáin i bhfad siar. Téann an chéad doiciméad reachtach, ‘Reacht na Miondíoltóirí Ola’, siar go dtí 1318; tá 86 airteagal ann a dhéileálann go cuimsitheach le cleachtas na trádála. Ba é cuspóir an doiciméid sin táirgeadh ola olóige a shainaithint agus a chosaint agus oibreoirí i ‘ceantar’ Fhlórans a údarú, a chumhdaigh cuid mhór den chríoch réigiúnach an tráth sin. Chun bheith in ann a ngníomhaíocht a dhéanamh, b’éigean miondíoltóirí ola a chlárú i gclár speisialta. Sna blianta deireanacha den 16ú haois, a bhuí le beartas mhuintir Medici, lean saothrú ológ de bheith ag forbairt. Sa 17ú haois, roinneadh maoine móra ina n-aonaid mhéiteagáiste, agus tháinig forbairt bhreise ar shaothrú ológ, a raibh ról ceannasach aige sa gheilleagar san ochtú haois déag. Le cúpla céad bliain anuas, tháinig saothrú ológ chun bheith fíorthábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta agus an chomhshaoil de sa Tuscáin agus mhúnlaigh sé tírdhreach na Tuscáine ar bhealach suntasach freisin. Scaip an gradam a bhaineann le cáilíocht an táirgthe ola olóige sa Tuscáin ar fud an domhain. A bhuí leis an Consorzio Regionale dell’Olio Toscano (CROEVOTT), an cuibhreannas a thugann táirgeoirí na Tuscáine le chéile ó bhí 1982 ann, tá dianobair déanta ar eolas, staidéar, feabhsú agus cur chun cinn an táirge as ar eascair aitheantas an Táisc Gheografaigh faoi Chosaint in 1997.

Is iad tosca nádúrtha agus daonna araon a chinneann saintréithe, cáilíocht agus tipiciúlacht ola olóige úríon ‘Toscano’.

Tá an Tuscáin ag teorainn thuaidh an limistéir saothraithe ológ; mar thoradh air sin, táirgtear ológa i gcainníochtaí beaga in aghaidh an aonaid limistéir agus ní aibíonn na torthaí go hiomlán, trína dtagann saintréith ar leith chun cinn san ola a tháirgtear (‘torthaíoch’ go suntasach, ina mbíonn leibhéil arda de mhion-chomhpháirteanna ceimiceacha áirithe, etc.).

I measc na dtosca nádúrtha, ba cheart an dlúthnasc idir saothrú ológ sa Tuscáin agus na cnoic a chur i dtábhacht (tá os cionn 90 % de gharráin ológ na Tuscáine suite i limistéir chnocacha agus shléibhtiúla). Tá láithreacht crann ológ ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí óna sainaithnítear an tírdhreach, ar gnáth-thírdhreach é de chuid chnoic na Tuscáine. Is cinnte go bhfuil tionchar ag an timpeallacht chnocach agus ag saintréithe an tír-raoin ar tháirgeadh agus ar fheidhmíocht cháilíochta shaothrú na n-ológ réigiúnach, agus idirdhealú á dhéanamh idir é agus limistéir eile ina bhfuil dálaí fáis atá an-difriúil.

Tosca eile a bhfuil ról cinntitheach acu chun ola olóige úríon Toscano a shainaithint is ea na tosca daonna, atá mar thoradh ar thraidisiúin atá ann leis na céadta blianta: fástar crainn ológ, fiú ar thír-raon na gcnoc a bhfuil fána ann, agus úsáidtear modhanna fairsinge de ghnáth agus baintear úsáid an-teoranta as leasacháin agus as táirgí cosanta plandaí. Go ginearálta, ní fadhbanna tromchúiseacha iad fadhbanna fíteapaiteolaíocha, a bhuí le dálaí fabhracha comhshaoil, agus de ghnáth bíonn ionsaithe cuile torthaí olóige teoranta. Buantar na hológa go luath, agus cuirtear an próiseas i gcrích de ghnáth laistigh de 1 mhí nó 1 mhí go leith. De ghnáth déantar an bhuaint trí na torthaí a bhaint go díreach den phlanda agus ní bhaintear na hológa riamh den talamh; ní cheadaítear an cleachtas sin, in aon chás, leis an tsonraíocht táirge.

A luaithe a bhuantar iad, téann ológa díreach isteach sa phróiseas eastósctha, arna éascú ag an líon mór muilte ola sa Tuscáin (thart ar 400) agus a ndáileadh ar fud an limistéir, rud a fhágann gur féidir coinsíneachtaí beaga ológ a phróiseáil go tráthúil, rud a fhágann gur féidir nas leibhéil cháilíochta is airde a bhaint amach, a bhuí freisin le próiseas leanúnach chun na saoráidí a athstruchtúrú agus a nuachóiriú, lena gcuirtear na teicneolaíochtaí eastóscacha is nua-aimseartha chun feidhme.

Feabhsaítear an ceangal láidir atá ag táirgeoirí níos lú le táirgeadh trí chead a thabhairt an ola olóige úríon a lipéadú trí úsáid a bhaint as ainmneacha geografacha in éineacht le príomh-TGFC Toscano. Is limistéir dhea-shainithe iad sin ina dtugann na dálaí ithreach agus miocraeráide in éineacht leis na cineálacha a úsáidtear saintréithe cáilíochta sonracha don táirge, a chomhlíonann freisin riachtanais na dtomhaltóirí is éilithí agus na saineolaithe a bhfuil cur amach acu ar chríocha na Tuscáine agus ar a táirge a bhfuil meas mór air.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.masaf.gov.it/flex/cm/pages/ServeAttachment.php/L/IT/D/1%252Fa%252Fb%252FD.53cf66bbcb55d47ab1b7/P/BLOB%3AID%3D3342/E/pdf?mode=download


(1)   IO L 179, 19.6.2014, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/664/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5538/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top