Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC05421

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún

PUB/2025/872

IO C, C/2025/5421, 7.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5421/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5421/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5421

7.10.2025

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2025/5421)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Terre Siciliane’

PGI-IT-A0810-AM04

Dáta na teachtaireachta: 11.7.2025

1.   Ainm an táirge

‘Terre Siciliane’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (ATFC)

Tásc Geografach faoi Chosaint (TGFC)

Tásc Geografach (TG)

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   Tír ar léi an limistéar geografach

an Iodáil

5.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

An Aireacht Talmhaíochta, Bhiafhlaithis agus Foraoiseachta

An Roinn Biafhlaithis agus Spóirt Eachaíochta

An Ard-Stiúrthóireacht um Cháilíocht Agraibhia a Chur Chun Cinn – PQA I

Seoladh: Via XX Settembre 20, 00187 an Róimh

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Deimhnítear go gcomhlíonann formheas agus teachtaireacht an leasaithe chaighdeánaigh sin na coinníollacha maidir le formheas ar leasú caighdéanach faoi Rialachán (AE) 2024/1143 agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;

Thairis sin, tagann an leasú sin faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, ós rud é nach ceann de na cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) den Rialachán sin é.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

1.   Cineálacha nua fíonchaor a thabhairt isteach

Cuireadh na hocht gcineál seo a leanas leis, ag tagairt d’fhíonchaora is féidir a úsáid i dtáirgeadh fíonta ag a bhfuil an TGFC ‘Terre Siciliane’:

Merlese N

Marselan N

Inzolia Nera N

Lucignola N

Orisi N

Recunu B

Usirioto N

Vitrarolo N

Baineann an leasú thuas le hIarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tsonraíocht táirge, lena n-áirítear liosta de chineálacha fíniúna atá oiriúnach lena saothrú i réigiún na Sicile, dá dtagraítear freisin in Airteagal 2 den tsonraíocht táirge a bhaineann leis na cineálacha fíniúna a fhástar. Is éard atá i gceist leis leasú ar phointe 7 den doiciméad aonair, dar teideal ‘Cineálacha fíonchaor’.

2.   Sonraí teagmhála an chomhlachta cigireachta

Tar éis na leasuithe a rinneadh ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, ní áirítear a thuilleadh san fhaisnéis shainordaitheach atá le bheith sa tsonraíocht táirge ainm agus seoladh na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge, agus a gcúraimí sonracha.

Ina theannta sin, de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) 2024/1143, ní mór do na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil, na gcomhlachtaí tarmligthe agus na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 39(3) den Rialachán sin a fhoilsiú le haghaidh gach táirge arna ainmniú le tásc geografach agus ní mór dóibh an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta.

Dá bhrí sin, leasaíodh an t-airteagal ina bhfuil tagairtí don chomhlacht rialúcháin, agus cuireadh tagairt d’fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil údarás inniúil an Bhallstáit in ionad na faisnéise atá ann.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 9 den tsonraíocht táirge agus níl aon athrú ar an doiciméad aonair i gceist leis.

3.   Ceartúchán — Tuairisc ar na fíonta — Earráidí cléireachais a cheartú agus leasuithe eagarthóireachta ar an doiciméad aonair

Chun neamhréireachtaí áirithe idir an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge a bhaint, ceartaíodh earráidí cléireachais agus rinneadh leasuithe de chineál eagarthóireachta amháin ar phointe 4 den doiciméad aonair, ‘Tuairisc ar na fíonta’, mar a leanas:

‘Terre Siciliane’ geal, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha leathshúilíneacha agus licéir (pointe 4.1): sa tuairisc ar an mblas, cuireadh na focail ‘leath-thirim’ in ionad na bhfocal ‘go milis’. Ina theannta sin, rinneadh an neart alcóil iomlán íosta de réir toirte a dhifreáil de réir catagóire: 9,00 % i gcás na catagóire ‘Fíon leathshúilíneach’, 10,50 % i gcás na catagóire ‘Fíon’ agus 15,00 % i gcás na catagóire ‘Fíon licéir’;

‘Terre Siciliane’ geal a bhuantar amach sa séasúr agus passito geal, bíodh an cineál fíniúna luaite nó ná bíodh: tá an tuairisc ar na fíonta roinnte ina dhá phointe ar leith anois sa doiciméad aonair (4.2 agus 4.3), chun an tsonraíocht táirge a léiriú. Ceartaíodh an t-aonad tomhais don aigéadacht iomlán íosta: tá sé anois i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach, seachas i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir. Ina theannta sin, maidir leis an gcineál geal a bhuantar amach sa séasúr, cuireadh an tuairisceoir blais ‘gnáthbhlas’, atá sa tsonraíocht táirge cheana féin, leis;

‘Terre Siciliane’ dearg, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha leathshúilíneacha, ‘Novello’ [úr] agus licéir (pointe 4.4): sa tuairisc ar an mblas, cuireadh na focail ‘leath-thirim’ in ionad na bhfocal ‘milis’. Ina theannta sin, rinneadh an neart alcóil iomlán íosta de réir toirte a dhifreáil de réir catagóire: 9,00 % i gcás na catagóire ‘Fíon leathshúilíneach’, 11,00 % i gcás na catagóire ‘Fíon’ agus 15,00 % i gcás na catagóire ‘Fíon licéir’;

‘Terre Siciliane’ dearg a bhuantar amach sa séasúr agus passito dearg, bíodh an cineál fíniúna luaite nó ná bíodh: tá an tuairisc ar na fíonta roinnte ina dhá phointe ar leith anois sa doiciméad aonair (4.5 agus 4.6), chun an tsonraíocht táirge a léiriú;

‘Terre Siciliane’ rosé, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear an cineál leathshúilíneach (pointe 4.7): sa tuairisc ar an mblas, cuireadh na focail ‘leath-thirim’ in ionad na bhfocal ‘milis’. Ina theannta sin, rinneadh an neart alcóil iomlán íosta de réir toirte a dhifreáil de réir catagóire: 9,00 % i gcás na catagóire ‘Fíon leathshúilíneach’, 10,50 % i gcás na catagóire ‘Fíon’;

‘Terre Siciliane’ geal súilíneach agus rosé súilíneach: tá an tuairisc ar na fíonta súilíneacha roinnte ina dhá phointe ar leith anois sa doiciméad aonair (4.8 agus 4.9), chun an tsonraíocht táirge a léiriú. Ina theannta sin, sonraíodh go dtagraíonn an dá thuairisc freisin do na cineálacha súilíneacha ina luaitear an cineál fíniúna, dá bhforáiltear cheana sa tsonraíocht táirge;

Ar deireadh, maidir le gach cineál fíona, sonraíodh go gcomhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla ábhartha na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Ní bhaineann an leasú sin leis an tsonraíocht táirge, agus níl i gceist leis ach athrú ar an doiciméad aonair ag pointe 4 ‘Tuairisc ar na fíonta’.

4.   Ceartúchán — Uastáirgeachtaí — Leasuithe eagarthóireachta ar an doiciméad aonair

I gcomhréir leis an tsonraíocht táirge, leagadh amach na huastáirgeachtaí a luaitear i bpointe 5.2 den doiciméad aonair mar a leanas, gan leasú mór a dhéanamh ar an ábhar:

‘Terre Siciliane’ geal, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha passito, a bhuantar amach sa séasúr, leathshúilíneacha, súilíneacha agus licéir: 18 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir;

‘Terre Siciliane’ dearg, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha passito, a bhuantar amach sa séasúr, ‘Novello’, leathshúilíneacha agus licéir: 16 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir;

‘Terre Siciliane’ rosé, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha passito, leathshúilíneacha agus súilíneacha: 16 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir;

Ní bhaineann an leasú sin leis an tsonraíocht táirge, agus níl i gceist leis ach athrú ar an doiciméad aonair ag pointe 5.2 ‘Uastáirgeachtaí’.

5.   Ceartúchán — Leasuithe eagarthóireachta ar an tsonraíocht táirge

Rinneadh roinnt leasuithe de chineál eagarthóireachta amháin ar an tsonraíocht táirge, amhail na ceannteidil a thabhairt cothrom le dáta, tagairtí d’fhorálacha dlíthiúla nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh a scriosadh agus earráidí cló a cheartú.

Ní bhaineann an leasú sin ach leis an tsonraíocht táirge agus níl aon athrú ar an doiciméad aonair i gceist leis.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Terre Siciliane

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC – Tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

4.

Fíon súilíneach

8.

Fíon leathshúilíneach

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

• 22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 — Fíon ó fhíonchaora úra lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.    ‘Terre Siciliane’ geal, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha leathshúilíneacha agus licéir

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Dath: buí ar dhath na tuí lena mbaineann déine éagsúil.

Dea-bholadh: fíneálta, galánta.

Blas: idir tirim agus leath-thirim, cothrom, sainiúil.

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 9,00 % (catagóir ‘Fíon leathshúilíneach’); 10,50 % (catagóir ‘Fíon’); 15,00 % (catagóir ‘Fíon licéir’).

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

2.

‘Terre Siciliane’ geal a bhuantar amach sa séasúr, bíodh an cineál fíniúna luaite nó ná bíodh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Dath: idir buí ar dhath na tuí agus órga.

Dea-bholadh: dea-bholadh sainiúil, éadrom, marthanach;

Blas: idir tirim agus milis, gnáthbhlas, comhchuí.

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 13,00 %

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 10.

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

3.    ‘Terre Siciliane’ passito geal, bíodh an cineál fíniúna luaite nó ná bíodh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Dath: buí a dtagann dath ómra air de ghnáth, ag brath ar aosú.

Dea-bholadh: dea-bholadh dian, torthaíoch;

Blas: milis, sainiúil.

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 16 %, agus siúcra iarmharach íosta 50,0 g/l.

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 24,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

4.    ‘Terre Siciliane’ dearg, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha leathshúilíneacha, ‘Novello’ agus licéir

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Dath: dath dearg an rúibín de dhéine éagsúil.

Dea-bholadh: deas, fíneálta.

Blas: idir tirim agus leath-thirim, comhchuí.

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 9,00 % (catagóir ‘Fíon leathshúilíneach’); 11,00 % (catagóir ‘Fíon’); 15,00 % (catagóir ‘Fíon licéir’).

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 17,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

5.    ‘Terre Siciliane’ dearg a bhuantar amach sa séasúr, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Dath: dath dearg an rúibín, a dtagann dath an ghairnéid air de ghnáth le himeacht ama.

Dea-bholadh: dea-bholadh sainiúil, éadrom, marthanach;

Blas: idir tirim agus milis, gnáthbhlas, comhchuí.

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 13,00 %

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 24,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 10.

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

6.    ‘Terre Siciliane’ passito dearg, bíodh an cineál fíniúna luaite nó ná bíodh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Dath: dath dearg de dhéine éagsúla, a dtagann dath an ghairnéid air de ghnáth le himeacht ama.

Dea-bholadh: sainiúil agus dian.

Blas: milis, comhchuí agus mín.

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 16,00 %, agus siúcra iarmharach íosta 50,0 g/l.

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 24,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

7.    ‘Terre Siciliane’ rosé, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear an cineál leathshúilíneach

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Dath: bándearg de dhéine éagsúil.

Dea-bholadh: fíneálta, galánta.

Blas: idir tirim agus leath-thirim, comhchuí, cothrom.

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 9,00 % (catagóir ‘Fíon leathshúilíneach’); 10,50 % (catagóir ‘Fíon’).

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 14,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

8.    ‘Terre Siciliane’ súilíneach geal, bíodh an cineál fíniúna luaite nó ná bíodh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cúr: mín, marthanach;

Dath: buí ar dhath na tuí lena mbaineann déine éagsúil.

Dea-bholadh: sainiúil, mín.

Blas: idir extra brut agus milis, úr, comhchuí.

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 10,50 %

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 12,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

9.    ‘Terre Siciliane’ súilíneach rosé, bíodh an cineál fíniúna luaite nó ná bíodh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cúr: mín, marthanach;

Dath: bándearg de dhéine éagsúil.

Dea-bholadh: saintréitheach, éadrom.

Blas: idir extra brut agus milis, úr, comhchuí.

Neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte: 10,50 %

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 12,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 3,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

5.2.   Uastáirgeacht

1.

‘Terre Siciliane’ geal, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha passito, a bhuantar amach sa séasúr, leathshúilíneacha, súilíneacha agus licéir

18 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

2.

‘Terre Siciliane’ dearg, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha passito, a bhuantar amach sa séasúr, ‘Novello’, leathshúilíneacha agus licéir

 

16 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

3.

‘Terre Siciliane’rosé, bíodh tagairt don chineál fíniúna ann nó ná bíodh, lena n-áirítear na cineálacha passito, leathshúilíneacha agus súilíneacha

 

16 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Cuimsíonn an limistéar táirgeachta limistéar riaracháin iomlán Réigiún na Sicile.

7.   Cineálacha fíonchaor

Aglianico N — Ellenica

Albanello B

Alicante N — Gamay

Alicante Bouchet N

Ancellotta N – Lancellotta

Ansonica B — Inzolia

Barbera N

Cabernet Franc N — Cabernet

Cabernet Sauvignon N — Cabernet

Calabrese N — Nero d’Avola N

Carignano N

Carricante B

Catanese Nero N — Catanese

Catarratto Bianco Comune B — Catarratto

Catarratto Bianco Lucido B — Catarratto

CHARDONNAY B

Chenin B

Ciliegiolo N — Morettone

Corinto Nero N

Damaschino B

Fiano B

Frappato N — Frappato d’Italia

Glera B — Serprino

Grecanico Dorato B — Grecanico

Grillo B

Inzolia Nera N

Lucignola N

Malbech N

Malvasia Bianca B — Iuvarella

Malvasia di Lipari B — Malvasia

Manzoni Bianco B — Incrocio Manzoni 6.0.13 B.

Marselan N

Merlese N

Merlot N

Minnella Bianca B

Mondeuse N

Montepulciano N

Montonico Bianco B — Montonico

Moscato Bianco B — Moscato Reale

Moscato Giallo B – Muskateller

Moscato Rosa Rs — Rosen Muskateller

Müller Thurgau B – Riesling x Sylvaner

Nerello Cappuccio N — Nerello Mantellato

Nerello Mascalese N

Nocera N

Orisi N

Perricone N — Pignatello

Petit Manseng B

Petit Verdot N

Pinot Bianco B — Pinot

Pinot Grigio — Pinot

Pinot Nero N – Pinot

Recunu B

Riesling Italico B — Riesling

Sangiovese N — Sangioveto

Sauvignon B — Sauvignon Blanc

Semillon B

Syrah N — Shiraz

Tannat N

Tempranillo N

Traminer Aromatico Rs — Gewürztraminer

Trebbiano Toscano B — Procanico

Usirioto N

Vermentino B — Pigato B

Vernaccia di San Gimignano B — Vernaccia

Viogner B

Vitrarolo N

Zibibbo B — Moscatellone

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

Terre Siciliane

Tagann an tír-raon cnocach den chuid is mó, aeráid na Meánmhara agus rogha na limistéar táirgeachta atá fabhrach do thalamh a bhfuil nochtadh maith aige le chéile ar bhealach cinntitheach le saothrú fíniúna, agus cuidíonn siad le saintréithe uathúla fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha na bhfíonta ar a bhfuil an TGFC ‘Terre Siciliane’ a áirithiú.

Is fianaise í stair na fíonóireachta le míle bliain anuas i Réigiún na Sicile ar an dlúthnasc agus ar an idirghníomhaíocht idir tosca daonna (teicnící traidisiúnta chun fíonchaora a shaothrú agus cleachtais fíonóireachta a thabhairt ar aghaidh) agus cáilíocht agus saintréithe uathúla na bhfíonta atá i gceist.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

I gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán (CE) Uimh. 607/2009, ní fhéadfar na cineálacha fíniúna ‘Grillo’ nó ‘Calabrese’ ná a chomhchiallach ‘Nero d’Avola’ a ainmniú in Airteagal 7 den tsonraíocht táirge, fiú i gcás fíonta a táirgeadh agus úsáid á baint as na cineálacha sin.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.masaf.gov.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/23264


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5421/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top