Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC05380

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún

PUB/2025/860

IO C, C/2025/5380, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5380/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5380/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5380

3.10.2025

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2025/5380)

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Verdicchio di Matelica’

PDO-IT-A0481-AM04 — 14.7.2025

1.   Ainm an táirge

‘Verdicchio di Matelica’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (ATFC)

Tásc Geografach faoi Chosaint (TGFC)

Tásc Geografach (TG)

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   Tír ar léi an limistéar geografach

An Iodáil

5.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

Istituto Marchigiano di Tutela Vini [Institiúid Cosanta Fíona Réigiún Marche]

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Deimhnítear go gcomhlíonann formheas agus cur in iúl an leasaithe chaighdeánaigh sin na coinníollacha maidir le formheas ar leasú caighdeánach faoi Rialachán (AE) 2024/1143 agus na forálacha arna nglacadh dá bhun. Thairis sin, comhlíonann an leasú sin an sainmhíniú ar leasú caighdeánach in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, ós rud é nach bhfuil i gceist leis aon cheann de na cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) den Rialachán sin.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

1.   Leathnú ar raon na leibhéal méid siúcra i gcás fíon súilíneach

Leathnaíodh raon na leibhéal méid siúcra i gcás ‘Verdicchio di Matelica’ súilíneach chun brut nature go tirim a chumhdach.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus leis an roinn ‘Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)’ den doiciméad aonair.

2.   Lipéadú agus cur i láthair

An rogha a thabhairt isteach go n-áireofaí ar an lipéad an t-ainm geografach is leithne ‘Marche’ ina bhfuil limistéar táirgeachta fíona ar leith a bhfuil ATFC aige suite.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 7 den tsonraíocht táirge agus leis an roinn ‘Coinníollacha breise’ den doiciméad aonair.

3.   Tásca geografacha agus topagrafacha breise a scriosadh

Tásca geografacha agus topagrafacha breise a scriosadh.

Baineann an leasú leis an tsonraíocht táirge in Airteagal 7 agus le hIarscríbhinn 1 a scriosadh.

4.   Toirmeasc ar úsáid córas dúnta áirithe

Tá toirmeasc ar chaipíní agus ar chaipíní luasctha ar a bhfuil stopalláin a úsáid toisc go bhfuil na dúntáin sin míbhuntáisteach ó thaobh na tráchtála de.

5.   Mionsonraí an chomhlachta rialúcháin a thabhairt cothrom le dáta

Tar éis na leasuithe a rinneadh ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, ní áirítear a thuilleadh san fhaisnéis shainordaitheach atá le bheith sa tsonraíocht táirge ainm agus seoladh na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge, agus a gcúraimí sonracha.

Ina theannta sin, de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) 2024/1143, ní mór do na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil, na gcomhlachtaí tarmligthe agus na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 39(3) den Rialachán sin a chur ar fáil don phobal i gcás gach táirge arna ainmniú le tásc geografach agus ní mór dóibh an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta.

Dá bhrí sin, leasaíodh an t-airteagal ina bhfuil tagairtí don chomhlacht rialúcháin, agus cuireadh tagairt d’fhoilsiú ar shuíomh gréasáin oifigiúil údarás inniúil an Bhallstáit in ionad na faisnéise atá ann.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 10 den tsonraíocht táirge; ní bhaineann sé leis an doiciméad aonair.

6.   Ceartúcháin eagarthóireachta

Rinneadh leasuithe de chineál eagarthóireachta, agus ar fhoclaíocht, ar airteagail uile na sonraíochta táirge.

DOICIMÉAD AONAIR

—1.   Ainm (nó ainmneacha)

Verdicchio di Matelica

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC — Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 — Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

ATFC Verdicchio di Matelica

Dath: buí éadrom na tuí;

Dea-bholadh: fíneáilte, suaithinseach;

Blas: tirim, comhchuí, lena mbaineann iarbhlas, deas searbh;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 16,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 4,50 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

ATFC Verdicchio di Matelica passito

Dath: idir buí na tuí agus ómra;

Dea-bholadh: saintréitheach, casta, dian;

Blas: idir meánmhilis agus milis; comhchuí, mín lena mbaineann iarbhlas searbh saintréitheach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 15,00 %, ag a mbíonn neart alcóil iarbhír 12,00 % ar a laghad;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 19,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 4,00 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 25

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

ATFC Verdicchio di Matelica spumante (súilíneach)

Boilgeoga: boilgeoga míne agus marthanacha;

Dath: buí na tuí de dhéine éagsúil, ina mbíonn imireacha scothghlasa;

Dea-bholadh: saintréitheach, éadrom, mín, leathan agus ilsrathach;

Blas: idir brut nature agus tirim; blasta, úr, mín agus comhchuí;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,50 %

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 4,50 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Verdicchio di Matelica

13 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

2.

Verdicchio di Matelica passito

13 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

3.

Verdicchio di Matelica spumante

13 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

I limistéar saothrúcháin na bhfíonchaor a úsáidtear chun fíonta ag a bhfuil an ATFC sin a dhéanamh, tá cuid de chríoch bhardais Matelica, Esanatoglia, Gagliole, Castelraimondo, Camerino agus Pioraco i gcúige Macerata agus cuid de chríoch bhardais Cerreto d’Esi agus Fabriano i gcúige Ancona.

7.   Cineálacha fíonchaor

Verdicchio Bianco B. – Verdicchio

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

Verdicchio di Matelica

Bhí ról ríthábhachtach ag tosca daonna ó thaobh na dteicnící saothraithe agus fíonóireachta i gcás fíonta ATFC Verdicchio di Matelica a fhorbairt. Traidisiún sa limistéar is ea fíonta súilíneacha agus fíonta passito a tháirgeadh agus a thomhailt, agus is fíonta iad a théann siar na céadta blianta agus atá doiciméadaithe go dóthanach. Leis an idirghníomhú idir na tosca daonna agus tosca nádúrtha uathúla an limistéir saothrúcháin, amhail an aeráid agus cineál na n-ithreacha, tugadh d’fhíonta ATFC Verdicchio di Matelica a saintréithe anailíseacha, aramatacha agus orgánaileipteacha uathúla nach bhfuil fáil orthu in aon áit eile, saintréithe a bhfuil dlúthcheangal acu leis an gcineál áitiúil a úsáidtear mar an phríomhfhíonchaor.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Sonrú ar an mbliain fíona

Creat dlíthiúil:

I reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór an bhliain fíona a shonrú ar lipéad fhíonta ATFC Verdicchio di Matelica, ach amháin i gcás fíonta súilíneacha nach bhfuil lipéadaithe mar fhíonta sárbhliana.

Tagairt don ainm geografach is leithne

Creat dlíthiúil:

I reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

An rogha a thabhairt isteach go n-áireofaí ar an lipéad an téarma ‘Vigna’ [fíonghort] agus an t-ainm geografach is leithne ‘Marche’ ina bhfuil limistéar táirgeachta fíona ar leith a bhfuil ATFC aige suite.

Pacáistíocht agus coimeádáin

Creat dlíthiúil:

I reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Cé is moite den stíl passito, is féidir fíonta ag a bhfuil an ATFC ‘Verdicchio di Matelica’ a phacáistiú i gcoimeádáin ag a bhfuil an toilleadh a leagtar síos sa reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Chun fíon ‘Verdicchio di Matelica’ nach bhfuil aon sonraíocht bhreise aige a phacáistiú, is féidir pacáistíocht nach de dhéantús gloine í a úsáid freisin, arb é atá inti mála plaisteach ilsrathach poileitiléine nó poileistir atá iata i mbosca atá déanta as cairtchlár nó as aon ábhar docht eile, mar a leagtar síos sa reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Ní mór fíon passito ag a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh go heisiach i mbuidéil ghloine nach mó ná 1,50 lítear a dtoilleadh.

Is iad na dúntáin buidéal na cinn a cheadaítear sa reachtaíocht atá i bhfeidhm, cé is moite de chaipíní agus caipíní luasctha ar a bhfuil stopalláin.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.masaf.gov.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/23152


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5380/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top