Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC05109

Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

PUB/2025/981

IO C, C/2025/5109, 18.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5109/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5109/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5109

18.9.2025

Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)

(C/2025/5109)

An liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.

Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta le fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.

AN LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE A EISÍONN NA BALLSTÁIT

POBLACHT NA SEICE

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C, C/2025/2330, 25.4.2025

1)   Formáid aonfhoirmeach (Cárta aitheantais)

Eisítear ceadanna cónaithe i bhfoirm cárta aitheantais atá déanta as cárta polacarbónáite agus a bhfuil gnéithe bithmhéadracha aige de réir samhail aonfhoirmeach. Braitheann an tréimhse bhailíochta ar an gcineál fanachta, i gcomhréir le Gníomh Uimh. 326/1999 Bail., maidir le Cónaí Náisiúnach Eachtrach i gCríoch Phoblacht na Seice agus maidir le Leasuithe ar Ghníomhartha Áirithe, chomh maith le Gníomh Uimh. 325/1999 Bail., an Gníomh Tearmainn, mar a leasaíodh é.

A)   Cead cónaithe/ Povolení k pobytu

Is iad na daoine ar féidir leo an doiciméad seo a fháil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe fadtéarmach nó cead buanchónaithe acu i bPoblacht na Seice, baill teaghlaigh le saoránach den Aontas, den Iorua, den Íoslainn nó de Lichtinstéin nach gcomhlíonann na coinníollacha a bhaineann le heisiúint ‘Cárta buanchónaithe’/‘Karty trvalého pobytu’ ‘Cárta cónaithe’/‘Pobytové karty’ , agus daoine ar deonaíodh tearmann nó cosaint choimhdeach dóibh.

Ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann, eisítear an doiciméad do shaoránaigh den Ríocht Aontaithe agus dá mbaill teaghlaigh a chumhdaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

Sa roinn ‘Ráitis’/‘Poznámky’ , tá cód dhá dhigit lena sonraítear cuspóir an fhanachta (féach an tábla thíos). I gcás ceadanna a eisítear ar chúiseanna seachas cúiseanna fostaíochta, cuirtear isteach an nóta ‘saor-rochtain ar an margadh saothair - IS EA/NÍ hEA’ / ‘Volný přístup na trh práce – ANO/NE’ . Ní sholáthraítear an seoladh cónaithe ach amháin le haghaidh údaruithe den chineál ‘FANACHT BUAN’/‘TRVALÝ POBYT’, ‘TEARMANN’/‘AZYL’ , agus ‘COSAINT CHOIMHDEACH’/‘DOPLŇKOVÁ OCHRANA’.

CÓD AINIMHNITHE CHRÍOCH AN FHANACHTA A ROGHNAÍODH

00

Cúram leighis

49

Tearmann

01

Gnólacht

52

Fostaíocht shéasúrach

02

Gníomhaíochtaí cultúrtha

54

Cosaint choimhdeach

03

Cuairt ar bhall teaghlaigh nó ar chara

55

Athaontú teaghlaigh

04

Cuireadh

56

Áit chónaithe cónaitheora i mBallstát den Aontas

05

Oifigiúil (Polaitiúil)

57

Ball teaghlaigh le cónaitheoir i mBallstát den Aontas

06

Fiontraíocht (féinfhostaithe)

58

Ball teaghlaigh le taighdeoir

07

Gníomhaíochtaí spóirt

59

Ball teaghlaigh le sealbhóir Cárta Ghoirm

08

Staidéir (Oiliúint, Intéirneacht)

60

Fanacht chun críche comhchónaithe eachtrannach

09

Eile (Turasóireacht, Idirthuras, Gnó, Comhdhálacha, etc.)

67

Rinneadh an cead cónaithe roimhe a chúlghairm

10

Turasóireacht

68

Cead tar éis 5 bliana de fhanacht leanúnach

17-20

Teaghlach

69

Cead tar éis 5 bliana san Aontas

21-24

Staidéir

70

Athaontú teaghlaigh le saoránach de Phoblacht na Seice — Is céile é an t-iarratasóir

25

Taighdeoir

71

Athaontú teaghlaigh le saoránach de Phoblacht na Seice – Is páiste a rugadh i bPoblacht na Seice é an t-iarratasóir

28

Fostaíocht – Cárta Gorm

72

Athaontú teaghlaigh le saoránach de Phoblacht na Seice – Is páiste a rugadh lasmuigh de Phoblacht na Seice é an t-iarratasóir

29

Víosa Oibre Urghnách

73

Athaontú teaghlaigh le saoránach de Phoblacht na Seice – Is ball teaghlaigh eile é an t-iarratasóir

30-35

Saoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh

74-77

Athaontú teaghlaigh le saoránach den Aontas

36

Bainisteoir feidhmiúcháin — Rannpháirtíocht in eintiteas dlíthiúil

78

Cónaí fadtéarmach chun críche infheistíochta

37

Saoire Oibre (WH)

79

Cárta Aistrithe Fostaithe Inchuideachta (ICT)

41

Fanacht ar chúiseanna daonnúla

80

Cárta Aistrithe Fostaithe Inchuideachta ó Bhallstát eile (ICT móibíleach)

42

Fanacht ar chúiseanna eile ar fiú iad a bhreithniú

83

Nós imeachta cosanta idirnáisiúnta

43

Fanacht ar mhaithe le Poblacht na Seice

86

Cosaint Shealadach (Iarratasóir)

47

Fanacht i ndiaidh Tearmainn

87

Cosaint Shealadach (Deonaithe)

48

Cónaí náisiúnaigh eachtraigh faoi 18 mbliana d’aois (Cúram ionadaíoch)

99

Críocha eile

i)

Ceadanna Cónaithe a eisíodh ón 4 Iúil 2011 go dtí an 26 Meitheamh 2020 i bhfoirm cártaí aitheantais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008 ón gComhairle an 18 Aibreán 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Beidh na ceadanna sin bailí go dtí mí an Mheithimh 2030.

Faoin gceannteideal Cineál ceada, sonraítear an cineál ábhartha fanachta: ‘Cónaí fadtéarmach’/, ‘Dlouhodobý pobyt’ , ‘cárta fostaithe’/‘Zaměstnanecká karta’ , ‘Cárta Gorm AE’ /Modrá karta EU (Treoir 2009/50/CE ón gComhairle), ‘ICT’ (Cárta aistrithe inchuideachta faoi Threoir 2014/66/AE), ‘ICT MÓIBÍLEACH’ (Cárta aistrithe inchuideachta ó Bhallstát eile faoi Threoir 2014/66/AE), nó ‘ Buan’/‘Trvalý’.

ii)

Ceadanna Cónaithe a eisítear ó bhí an 27 Meitheamh 2020 ann i bhfoirm cártaí aitheantais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír.

B)   Cárta cónaithe/Pobytová karta

Cárta Cónaithe a eisítear ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann i bhfoirm cárta aitheantais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Is ionann cúl an chárta agus an cead cónaithe (féach roinn A thuas chun tuilleadh sonraí a fháil). Ní eisítear é ach do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas nach saoránaigh den Aontas iad féin.

C)   Cárta buanchónaithe/Karta trvalého pobytu

Cárta Buanchónaithe a eisítear ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann i bhfoirm cárta aitheantais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Is ionann cúl an chárta agus an cead cónaithe (féach roinn A thuas chun tuilleadh sonraí a fháil). Ní eisítear é ach do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas nach saoránaigh den Aontas iad féin.

2)   Gach doiciméad eile a eisítear do náisiúnaigh tríú tír atá comhionann le cead cónaithe

A)   Cárta cónaithe baill teaghlaigh le Saoránach den Aontas Eorpach/ Pobytová karta rodinného příslušníka občana Evropské unie

Doiciméad gorm dorcha i bhfoirm leabhráin. Doiciméad a eisíodh ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 1 Lúnasa 2021 do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas ar deonaíodh cónaí sealadach dóibh i bPoblacht na Seice. Bhí an cárta bailí go dtí an 3 Lúnasa 2023 , agus ina dhiaidh sin cuireadh doiciméad ina bhfuil sonraí bithmhéadracha ina ionad go hiomlán (féach roinn 1 — formáid aonfhoirmeach le haghaidh tuilleadh sonraí).

B)   Cárta buanchónaithe/Průkaz o povolení k trvalému pobytu

i.

Is doiciméad glas dorcha i bhfoirm leabhráin é an Cárta buanchónaithe. Ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann, níor eisíodh an cárta sin ach do shaoránaigh den Aontas, den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin.

Roimhe seo, eisíodh an cárta buanchónaithe seo do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas, den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin. Ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann, áfach, faigheann na baill teaghlaigh sin doiciméid ina bhfuil sonraí bithmhéadracha (féach roinn 1 — formáid aonfhoirmeach le haghaidh tuilleadh sonraí). Tá feidhm aige sin freisin maidir le saoránaigh den Ríocht Aontaithe agus baill dá dteaghlaigh atá cumhdaithe ag an gComhaontú um Tharraingt Siar. Leanfaidh doiciméid a eisíodh roimh an 2 Lúnasa 2021 de bheith bailí go dtí an dáta éaga a ghabhann leo.

ii.

An Cárta buanchónaithe atá ag saoránach den Aontas Eorpach, tá sé dearg agus i bhfoirm leabhráin. Eisíodh an cineál sin doiciméid do shaoránaigh den Aontas go dtí mí Lúnasa 2017. Is féidir leis fanacht i gcúrsaíocht go dtí 2027.

C)   Cárta Ceada Cónaithe d’Eachtrannaigh/Průkaz o povolení k pobytu pro cizince

Doiciméad glas éadrom i bhfoirm leabhráin a bhfuil cló dearg ar a éadan. Go dtí an 14 Lúnasa 2017, eisíodh é do shaoránaigh den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin a bhfuil buanchónaí orthu i bPoblacht na Seice, agus dá mbaill teaghlaigh a bhfuil ceadanna cónaithe sealadacha acu. Ó bhí an 15 Lúnasa 2017 ann, is ar bhaill teaghlaigh le saoránaigh de na stáit sin amháin atá sé dírithe le haghaidh cónaí sealadach. Chuaigh an doiciméad in éag an 3 Lúnasa 2023 , agus ina dhiaidh sin cuireadh doiciméid ina bhfuil sonraí bithmhéadracha ina ionad go hiomlán (féach roinn 1 thuas — formáid aonfhoirmeach).

D)   Cárta aitheantais/ Identifikační průkaz

Ó bhí an 15 Lúnasa 2017 ann, eisítear cárta aitheantais ar a bhfuil na focail seo i ndath dubh ar a éadan ‘Cárta aitheantais agus cead cónaithe fadtéarmach’/‘Identifikační průkaz a povolení k pobytu’.

Tá an doiciméad seo i bhfoirm cárta páipéir le séalaithe i scragaill agus a bhfuil tóisí 105 × 74 mm aige. Ar a éadan, tá grianghraf den sealbhóir chomh maith le sonraí amhail a ainm, náisiúntacht, dáta breithe, inscne, feidhm, seoladh agus dáta bailíochta an chárta. Ar a chúl, sonraítear go bhfeidhmíonn an cárta aitheantais seo mar dhoiciméad oifigiúil agus mar chruthúnas aitheantais, chomh maith le cruthúnas ar chónaí fadtéarmach i bPoblacht na Seice.

Eisíonn an Aireacht Gnóthaí Eachtracha an cárta aitheantais leis an ainmniúchán seo a leanas:

NÓTA

MÍNITHE

D

Baill de chuid misean taidhleoireachta – foireann taidhleoireachta

K

Comhaltaí consalachta — oifigigh chonsalacha

MO/D

Comhaltaí d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil pribhléidí agus díolúintí taidhleoireachta acu

ATP

Baill riaracháin agus theicniúla de chuid misean taidhleoireachta

KZ

Comhaltaí consalachta – fostaithe consalacha

МО/ATP

Comhaltaí d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a theachtann na pribhléidí agus na díolúintí céanna atá ag foireann riaracháin agus theicniúil de chuid misean taidhleoireachta

MO

Comhaltaí d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a theachtann pribhléidí agus díolúintí de réir comhaontú iomchuí

SP/, SP/K

Baill d’fhoireann seirbhíse de chuid misean taidhleoireachta nó consalachtaí

SSO, SSO/K

Oibrithe tí ball de chuid misean taidhleoireachta nó consalachtaí

E)   Doiciméid chónaithe a eisítear do Thairbhithe Cosanta Sealadaí agus do Náisiúnaigh Eachtracha dár Deonaíodh Víosaí Fadtéarmacha le haghaidh Fanacht is mó ná 90 Lá Chun Críche Cuairte Fulaingthe mar gheall ar an gCoinbhleacht Armtha san Úcráin

Faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1), agus § 7b d’Acht Uimh. 24/2025 Coll., lena leasaítear Gníomh Uimh. 65/2022 Coll., maidir le bearta áirithe i ndáil leis an gcoinbhleacht armtha ar chríoch na hÚcráine arb é ionradh fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ba chúis leis, tá feidhm ag an gcóras doiciméad cónaithe seo a leanas le haghaidh daoine easáitithe ón Úcráin i bPoblacht na Seice.

Is éard atá i ndoiciméid chónaithe le haghaidh cosaint shealadach i bPoblacht na Seice greamán víosa le haghaidh údarú cónaithe (a dhéantar a ghreamú sa phas nó ar thuarascáil trasnaithe teorann stáit) nó deimhniú PDF ar shíneadh na cosanta sealadaí. In éineacht le doiciméad taistil, tá daoine easáitithe i dteideal teorainn sheachtrach limistéar Schengen a thrasnú gan víosa. Is ionann doiciméid cosanta sealadaí (greamán víosa nó deimhniú PDF) agus cead cónaithe i gcomhréir le hAirteagal 2(16) de Chód Teorainneacha Schengen.

1.   Greamáin víosa le haghaidh Údarú Cónaithe (Cosaint Shealadach)

Tairbhithe cosanta sealadaí a fuair víosa fhadtéarmach in 2025 chun críche cosanta sealadaí, tá greamán víosa greamaithe ina bpas acu nó ar thuarascáil trasnaithe teorann stáit a bhfuil bailíocht aige go dtí an 31 Márta 2026. Féadfaidh bailíocht na ngreamán víosa sin a bheith níos faide ná 365 lá. Ní chláraíonn na tairbhithe sin le haghaidh síneadh leictreonach agus ní fhaigheann siad deimhniú PDF; is é an greamán víosa an t-aon doiciméad cónaithe agus taistil lánfheidhme atá acu laistigh de Schengen.

Tairbhithe cosanta sealadaí a raibh víosa bhailí acu in 2024 go dtí an 31 Márta 2025, chláraigh siad go leictreonach le haghaidh síneadh in 2025. Mura bhfuil greamán víosa nua a bheidh bailí go dtí an 31 Márta 2026 greamaithe go fóill acu, tá greamán víosa acu a bheidh bailí go dtí an 31 Márta 2025 mar aon leis an deimhniú PDF ar chlárú leictreonach chun síneadh a chur leis an gcosaint shealadach. Is doiciméad cónaithe bailí é an deimhniú seo go dtí an 30 Meán Fómhair 2025.

Tairbhithe cosanta sealadaí ar éirigh leo an síneadh a chur i gcrích cheana féin, beidh greamán víosa nua a bheidh bailí go dtí an 31 Márta 2026 greamaithe ina bpas acu nó ar thuarascáil trasnaithe teorann stáit. Ní gá a chruthú gur ann do dheimhniú PDF; is doiciméad lánfheidhme é an greamán víosa.

2.   Deimhniú maidir le clárú leictreonach chun síneadh a chur leis an gCosaint Shealadach

De bhun § 7b d’Acht Uimh. 24/2025 Coll., lena leasaítear Acht Uimh. 65/2022 Coll., bhíothas in ann síneadh a chur go huathoibríoch le bailíocht na n-údaruithe le haghaidh cosaint shealadach gan gá a bheith le hiarratas nua trí chlárú leictreonach. Le ‘Deimhniú ar Chlárú Leictreonach chun síneadh a chur leis an gCosaint Shealadach’ arna eisiúint faoin 15 Márta 2025, tá an sealbhóir i dteideal cónaí i gcríoch Phoblacht na Seice agus gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de limistéar Schengen go dtí an 30 Meán Fómhair 2025. Is féidir bailíocht an deimhnithe sin a fhíorú le cód QR nó trí shuíomh gréasáin Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Seice: https://ipc.gov.cz/docasna-ochrana/overeni-potvrzeni/.

AN PHOLAINN

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C 304, 9.8.2022, lch. 5.

I.

An liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16)(a) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

1.

Ceadanna cónaithe a eisítear i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír.

Karta pobytu (Cárta cónaithe)

Cártaí cónaithe arna n-eisiúint d’eachtrannaigh a bhfuil na nithe seo a leanas faighte acu:

zezwolenie na pobyt czasowy (POBYT CZASOWY) - cead cónaithe sealadach;

zezwolenie na pobyt stały (POBYT STAŁY) - cead cónaithe buan;

zezwolenie na osiedlenie się (OSIEDLENIE SIĘ) – cead chun lonnú, arna eisiúint roimh an 1 Bealtaine 2014;

zezwolenie na pobyt rezydenta długoterminowego WE/UE (POBYT REZYDENTA DŁUGOTERMINOWEGO WE/UE) - cónaithe fadtéarmach cónaitheora de chuid CE (arna eisiúint tar éis an 1 Deireadh Fómhair 2005). Le héifeacht ón 12 Meitheamh 2012, cuireadh an téarma ‘AE’ in ionad an téarma ‘CE’;

zgoda na pobyt ze względów humanitarnych (POBYT ZE WZGLĘDÓW HUMANITARNYCH)

toiliú maidir le fanacht ar chúiseanna daonnúla;

status uchodźcy (STATUS UCHODŹCY) - stádas dídeanaí;

ochrona uzupełniająca (OCHRONA UZUPEŁNIAJĄCA) - cosaint choimhdeach;

Doiciméid arna n-eisiúint do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe agus dá mbaill teaghlaigh - tairbhithe an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar sa Pholainn, tar éis dheireadh na hidirthréimhse:

Zaświadczenie o zarejestrowaniu pobytu (Deimhniú um chlárú fanachta – le haghaidh náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil ceart cónaithe acu)

Dokument potwierdzający prawo stałego pobytu Doiciméad lena ndeimhnítear buanchónaí – le haghaidh náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil ceart buanchónaithe acu),

Karta pobytowa (Cárta cónaithe - le haghaidh ball teaghlaigh nach den Ríocht Aontaithe é a bhfuil ceart cónaithe aige),

Karta stałego pobytu (Cárta buanchónaithe - le haghaidh ball teaghlaigh nach den Ríocht Aontaithe é a bhfuil ceart buanchónaithe aige).

Beidh na nithe seo a leanas ar na doiciméid thuasluaite uile: ‘Airteagal 50 CAE’ sa réimse: ‘cineál an cheada’ agus ‘Airteagal 18 ust. 4 Umowy Wystąpienia’ sa réimse: ‘barúlacha’.

2.

Cártaí cónaithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE.

Karta pobytu członka rodziny obywatela Unii Europejskiej (Cárta cónaithe do bhall teaghlaigh is saoránach den Aontas é);

Karta stałego pobytu członka rodziny obywatela Unii Europejskiej (Cárta buanchónaithe do bhall teaghlaigh is saoránach den Aontas é).

II.

Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16)(b) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

1.

Cárta Aitheantais arna eisiúint ag an Aireacht Gnóthaí Eachtracha:

legitymacja dyplomatyczna (Cárta Aitheantais Taidhleoireachta);

legitymacja służbowa Cárta Aitheantais Oifigiúil);

legitymacja konsularna (Cárta Aitheantais Consalach);

legitymacja konsularna konsula honorowego (Cárta Aitheantais Chonsalach le haghaidh Consal Oinigh);

legitymacja specjalna (Cárta Aitheantais Speisialta).

2.

Lista podróżujących dla wycieczek w Unii Europejskiej (decyzja Rady 94/795/WSiSW z dnia 30 listopada 1994 r. w sprawie wspólnych działań przyjętych przez Radę na podstawie art. K.3 ust. 2 lit. b Traktatu o Unii Europejskiej w sprawie ułatwień podróży dla uczniów pochodzących z państw trzecich przebywających w Państwach Członkowskich) (Liosta na dtaistealaithe le haghaidh turais laistigh den Aontas Eorpach (Cinneadh 94/795/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 1994 maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach, cinneadh a ghlac an Chomhairle de bhun Airteagal K.3.2.b den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le saoráidí taistil do dhaltaí scoile ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát)).

3.

Doiciméid arna n-eisiúint do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe agus dá mbaill teaghlaigh roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar faoi Threoir 2004/38/CE a fhéadfaidh siad a úsáid tar éis dheireadh na hidirthréimhse (beidh na doiciméid fós bailí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2021):

Dokument potwierdzający prawo stałego pobytu (Doiciméad lena ndeimhnítear ceart buanchónaithe),

Karta pobytu członka rodziny obywatela UE (Cárta cónaithe baill teaghlaigh is saoránach den Aontas é),

Karta stałego pobytu członka rodziny obywatela UE (Cárta buanchónaithe baill teaghlaigh is saoránach den Aontas é).

4.

Diia.pl (nó Diia.pl service) – doiciméad céannachta digiteach arna eisiúint do thairbhithe cosanta sealadaí faoi Ghníomh an 12 Márta 2022 maidir le cúnamh do shaoránaigh na hÚcráine i ndáil leis an gcoinbhleacht armtha ar chríoch na hÚcráine (Iris Dlíthe 2022, ítim 583) i ndáil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gur ann do mhórphlódú isteach de dhaoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil sé d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

Is seirbhís í Diia.pl a chuireann an tAire ar fáil, atá freagrach as ríomhairiú, dá dtagraítear in Airteagal 19e.2(2) den Acht um Ríomhaireacht i ndáil le hAirteagal 10.1 den Acht maidir le cúnamh do shaoránaigh na hÚcráine, atá ar fáil san Fheidhmchlár ar ghléas móibíleach an Úsáideora, lenar féidir sonraí pearsanta Úsáideora ar saoránach den Úcráin é nó ar céile de shaoránach na hÚcráine é ach nach bhfuil saoránacht Úcránach aige fad is nach saoránach den Pholainn ná de Bhallstát eile de chuid an Aontais é agus gur tháinig sé i bPoblacht na Polainne ón Úcráin sa tréimhse dar tús an 24 Feabhra 2022, agus is feidhmchlár é atá le híoslódáil ón gClár, agus atá le stóráil i bhfoirm chriptithe ar an ghléas móibíleach an Úsáideora agus atá le cur faoi bhráid daoine eile chun aitheantais an Úsáideora a dheimhniú.

Féadfaidh dídeanaithe Úcránacha ar tairbhithe cosanta sealadaí iad Diia.pl a úsáid, ar dídeanaithe iad a fhanann go dleathach i gcríoch na Polainne bunaithe ar Airt. 2.1 den Acht maidir le cúnamh do shaoránaigh na hÚcráine agus a fuair Uimhir Aitheantais Náisiúnta (PESEL).

Ar bhonn Airteagal 2.1 den Acht maidir le cúnamh do shaoránaigh na hÚcráine ‘Má tháinig saoránach den Úcráin de réir bhrí Airteagal 1.1 go dleathach chuig críoch Phoblacht na Polainne sa tréimhse tar éis an 24 Feabhra 2022 go dtí an lá a shonraítear i bhforálacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 2.4 (níl an dáta cinnte go fóill) agus má dhearbhaíonn sé go bhfuil sé ar intinn aige fanacht ar chríoch Phoblacht na Polainne, meastar go bhfuil a fhanacht dleathach laistigh den tréimhse 18 mí ón 24 Feabhra 2022 (...) Maidir le fanacht linbh a rugadh ar chríoch Phoblacht na Polainne ag máthair ar duine í a luaitear sa chéad abairt, meastar freisin go bhfuil an fanacht sin dleathach ar feadh na tréimhse céanna le fanacht na máthar’.

Eisítear Diia.pl ar bhonn

Airteagal 10 den Acht maidir le cúnamh do shaoránaigh na hÚcráine.

Feidhmíonn Diia.pl mar dheimhniúchán ar chéannacht an Úsáideora agus is fianaise é atá coibhéiseach le doiciméad i gcomhréir le

Airteagal 8.1 de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar

agus ba cheart a mheas gur cead cónaithe é de réir bhrí

Airteagal 2(g) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle.

Is féidir le duine ar bith atá in aois dhlíthiúil an doiciméad Diia.pl a úsáid.

5.

Zaświadczenie o korzystaniu z ochrony czasowej (Deimhniú maidir le Tairbhiú Cosanta Sealadaí) arna eisiúint d’eachtrannach a bhfuil cosaint shealadach aige de bhun Airteagal 106 d'Acht an 13 Meitheamh 2003 maidir le cosaint a dheonú d’eachtrannaigh laistigh de chríoch Phoblacht na Polainne (Iris na nDlíthe, 2021, ítim 1108 , arna leasú) i ndáil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gur ann do mhórphlódú isteach de dhaoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil sé d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1). I gcás ina gcuirtear síneadh le tréimhse cosanta sealadaí le dlí an Aontais Eorpaigh, cuirfear síneadh dá réir le bailíocht an deimhnithe.

I gcomhréir le hAirteagal 8.1 de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar, ba cheart an Deimhniú a mheas mar chead cónaithe de réir bhrí Airteagal 2(g) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle.

Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo

IO C 247, 13.10.2006, lch. 1.

IO C 77, 5.4.2007, lch. 11.

IO C 153, 6.7.2007, lch. 1.

IO C 164, 18.7.2007, lch. 45

IO C 192, 18.8.2007, lch. 11.

IO C 271, 14.11.2007, lch. 14.

IO C 57, 1.3.2008, lch. 31.

IO C 134, 31.5.2008, lch. 14.

IO C 207, 14.8.2008, lch. 12.

IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.

IO C 3, 8.1.2009, lch. 5.

IO C 64, 19.3.2009, lch. 15.

IO C 198, 22.8.2009, lch. 9.

IO C 239, 6.10.2009, lch. 2.

IO C 298, 8.12.2009, lch. 15.

IO C 308, 18.12.2009, lch. 20.

IO C 35, 12.2.2010, lch. 5.

IO C 82, 30.3.2010, lch. 26.

IO C 103, 22.4.2010, lch. 8.

IO C 108, 7.4.2011, lch. 7.

IO C 157, 27.5.2011, lch. 5.

IO C 201, 8.7.2011, lch. 1.

IO C 216, 22.7.2011, lch. 26.

IO C 283, 27.9.2011, lch. 7.

IO C 199, 7.7.2012, lch. 5.

IO C 214, 20.7.2012, lch. 7.

IO C 298, 4.10.2012, lch. 4.

IO C 51, 22.2.2013, lch. 6.

IO C 75, 14.3.2013, lch. 8.

IO C 77, 15.3.2014, lch. 4.

IO C 118, 17.4.2014, lch. 9.

IO C 200, 28.6.2014, lch. 59.

IO C 304, 9.9.2014, lch. 3.

IO C 390, 5.11.2014, lch. 12.

IO C 210, 26.6.2015, lch. 5.

IO C 286, 29.8.2015, lch. 3.

IO C 151, 28.4.2016, lch. 4.

IO C 16, 18.1.2017, lch. 5.

IO C 69, 4.3.2017, lch. 6.

IO C 94, 25.3.2017, lch. 3.

IO C 297, 8.9.2017, lch. 3.

IO C 343, 13.10.2017, lch. 12.

IO C 100, 16.3.2018, lch. 25.

IO C 144, 25.4.2018, lch. 8.

IO C 173, 22.5.2018, lch. 6.

IO C 222, 26.6.2018, lch. 12.

IO C 248, 16.7.2018, lch. 4.

IO C 269, 31.7.2018, lch. 27.

IO C 345, 27.9.2018, lch. 5.

IO C 27, 22.1.2019, lch. 8.

IO C 31, 25.1.2019, lch. 5.

IO C 34, 28.1.2019, lch. 4.

IO C 46, 5.2.2019, lch. 5.

IO C 330, 6.10.2020, lch. 5.

IO C 126, 12.4.2021, lch. 1.

IO C 140, 21.4.2021, lch. 2.

IO C 150, 28.4.2021, lch. 5.

IO C 365, 10.9.2021, lch. 3.

IO C 491, 7.12.2021, lch. 5.

IO C 509, 17.12.2021, lch. 10.

IO C 63, 7.2.2022, lch. 6.

IO C 272, 15.7.2022, lch. 4.

IO C 304, 9.8.2022, lch. 5.

IO C 393, 13.10.2022, lch. 10.

IO C 72, 28.2.2023, lch. 44.

IO C 274, 3.8.2023, lch. 6.

IO C, C/2023/260, 19.10.2023.

IO C, C/2023/1408, 5.12.2023.

IO C, C/2023/1609, 22.12.2023.

IO C, C/2024/1212, 31.1.2024.

IO C, C/2024/1950, 6.3.2024.

IO C, C/2024/4488, 11.7.2024.

IO C, C/2024/5580, 19.9.2024.

IO C, C/2024/7513, 19.12.2024.

IO C, C/2024/7514, 19.12.2024.

IO C, C/2025/995, 11.2.2025.

IO C, C/2025/1504, 5.3.2025.

IO C, C/2025/1859, 25.3.2025.

IO C, C/2025/2330, 25.4.2025.

IO C, C/2025/3595, 1.7.2025.

IO C, C/2025/4339, 1.8.2025.


(1)  Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.

(2)   IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5109/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top