This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XC00980
Commission Notice – Guidance on a framework for developing methodologies to monitor high-diversity landscape features pursuant to Article 14(7) of the Nature Restoration Regulation (Regulation (EU) 2024/1991)
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN — Treoraíocht maidir le creat chun modheolaíochtaí a fhorbairt d'fhonn faireachán a dhéanamh ar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta de bhun Airteagal 14(7) den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra (Rialachán (AE) 2024/1991)
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN — Treoraíocht maidir le creat chun modheolaíochtaí a fhorbairt d'fhonn faireachán a dhéanamh ar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta de bhun Airteagal 14(7) den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra (Rialachán (AE) 2024/1991)
C/2025/783
IO C, C/2025/980, 14.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/980/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/980 |
14.2.2025 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
Treoraíocht maidir le creat chun modheolaíochtaí a fhorbairt d'fhonn faireachán a dhéanamh ar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta de bhun Airteagal 14(7) den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra (Rialachán (AE) 2024/1991)
(C/2025/980)
Tá sé beartaithe leis an bhfógra seo ón gCoimisiún cuidiú leis na húdaráis náisiúnta Rialachán (AE) 2024/1991 a chur i bhfeidhm. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus í sin amháin, atá inniúil ar dhlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach.
Clár
|
1. |
Réamhrá, raon feidhme agus creat dlíthiúil | 1 |
|
2. |
Faireachán ar GTABanna táirgiúla | 3 |
|
2.1. |
Crainn tháirgiúla i gcórais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe | 3 |
|
2.2. |
Crainn i sean-úlloird mhóra ar fhéarach buan; | 7 |
|
2.3. |
Gnéithe táirgiúla i bhfálta | 8 |
|
3. |
Bonnlíne an táscaire GTAB | 9 |
|
4. |
An limistéar tagartha | 10 |
|
IARSCRÍBHINN I: |
Faireachán ar an mBithéagsúlacht i dTírdhreacha Talmhaíochta (EMBAL) | 11 |
|
IARSCRÍBHINN II: |
Córais agrafhoraoiseachta () | 12 |
|
IARSCRÍBHINN III: |
Sonraí geospásúla CCRR ó CDAT agus ón iarratas geospásúil | 20 |
1. RÉAMHRÁ, RAON FEIDHME AGUS CREAT DLÍTHIÚIL
Leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra (1) leagtar amach cuspóirí agus oibleagáidí le haghaidh athchóiriú éiceachóras san Aontas Eorpach. Dírítear in Airteagal 11(2) den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra ar éiceachórais talmhaíochta a athchóiriú agus ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm a mbeidh sé d’aidhm acu treocht in airde ar an leibhéal náisiúnta a bhaint amach i gcás dhá cheann ar a laghad as trí cinn de na táscairí seo a leanas le haghaidh éiceachórais talmhaíochta: (i) innéacs an fhéileacáin féarthalún; (ii) stoc an charbóin orgánaigh in ithreacha mianracha tailte curaíochta; agus (iii) sciar na talún talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta (GTABanna).
Faoi Airteagal 20(1)(c) den Rialachán, ní mór do gach Ballstát faireachán a dhéanamh ar dhá cheann ar a laghad as na trí tháscaire arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 11(2).
Sonraítear na táscairí a thuilleadh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra. Sa tuairisc ar an táscaire, ‘sciar na talún talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta’, áiríteargnéithe nach gcumhdaítear faoi láthair leis na modhanna faireacháin caighdeánacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV (baineann na modhanna faireacháin caighdeánacha leis an méid seo a leanas: (i) modheolaíocht LUCAS (2) agus táscaire I.21 faoi Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le pleananna straitéiseacha faoin gcomhbheartas talmhaíochta le haghaidh gnéithe tírdhreacha; agus (ii) na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha (3) maidir le talamh a fhágtar bán).
Dá bhrí sin, luaitear in Airteagal 14(7) den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra go bhféadfaidh gach Ballstát modheolaíocht a fhorbairt chun an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a chomhlánú, chun faireachán a dhéanamh ar GTABanna nach gcumhdaítear leis na modhanna coiteanna, mar a cheanglaítear le hAirteagal 20(1)(c).
Chuige sin, luaitear in Airteagal 14(7) freisin nach mór don Choimisiún treoraíocht a thabhairt maidir leis an gcreat chun na modheolaíochtaí sin a fhorbairt.
Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, tugtar treoraíocht san Fhógra seo maidir leis an gcreat chun modheolaíochtaí faireacháin a fhorbairt le haghaidh na GTABanna atá sa tuairisc ar an táscaire ábhartha faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra ach nach gcumhdaítear leis na modhanna coiteanna dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. Dá bhrí sin, tugtar treoraíocht inti maidir le conas modheolaíochtaí faireacháin a fhorbairt le haghaidh na ngnéithe táirgiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, agus na nithe seo a leanas go sonrach: (i) crainn tháirgiúla i gcórais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe; (ii) crainn i sean-úlloird mhóra ar fhéarach buan; agus (iii) gnéithe táirgiúla i bhfálta. Is féidir iad sin a mheas mar GTABanna má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, is é sin le rá, mura gcuirtear leasachán nó cóireáil lotnaidicídí orthu, ach amháin cóireáil ionchuir ísil le haoileach soladach, agus más rud é nach ndéantar an fómhar ach tráth nach gcuirfeadh sé isteach ar leibhéil arda bithéagsúlachta.
Tá sé de rogha ag na Ballstáit na cineálacha cur chuige modheolaíochta eile a roghnú (lena n-áirítear modhanna bailithe sonraí agus anailísithe sonraí) is mó atá oiriúnach chun faireachán a dhéanamh ar na trí ghné tháirgiúla sin má chomhlíontar leis na modhanna sin sonraíochtaí Iarscríbhinn IV.
Tá treoraíocht ar fáil cheana féin maidir le gnéithe eile a chumhdaítear le táscaire GTAB (mar atá, treoraíocht maidir le gnéithe tírdhreacha neamhtháirgiúla agus maidir le talamh branair) (4).
Tuairisc agus modheolaíochtaí chun an táscaire, ‘sciar na talún talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta’, a chinneadh agus faireachán a dhéanamh air, de réir Iarscríbhinn IV den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra
Tuairisc: Is gnéithe d’fhásra buan nádúrtha nó leathnádúrtha i gcomhthéacs talmhaíochta ina gcuirtear seirbhísí éiceachórais agus tacaíocht do bhithéagsúlacht ar fáil iad gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta, amhail, stiallacha maolánacha, fálta sceach, crainn aonair nó grúpaí crann, sraitheanna crann, corrlaigh pháirce, paistí, díoga, sruthanna, bogaigh bheaga, ardáin, cairn, ballaí cloiche, locháin bheaga agus gnéithe cultúrtha.
Chun é sin a dhéanamh, ní mór gnéithe tírdhreacha a bheith faoi réir a laghad suaite sheachtraigh dhiúltaigh agus is féidir chun gnáthóga sábháilte a sholáthar do thacsóin éagsúla, agus dá bhrí sin ní mór dóibh na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
a) |
ní féidir iad a bheith faoi úsáid tháirgiúil talmhaíochta (lena n-áirítear táirgeadh féaraigh nó farae), ach amháin más gá an úsáid sin chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú; agus |
|
b) |
níor cheart leasachán nó cóireáil lotnaidicídí a chur orthu, ach amháin cóireáil ionchuir ísil le haoileach soladach. |
Is féidir talamh atá á fhágáil bán a mheas, lena n-áirítear go sealadach, mar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta má chomhlíonann sé critéir (a) agus (b) thuas.
Is féidir a mheas freisin gur gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta iad crainn tháirgiúla atá mar chuid de chórais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe nó crainn i sean-úlloird mhóra ar fhéarach buan agus gnéithe táirgiúla i bhfálta, má chomhlíonann siad critéar a leagtar amach faoi phointe (b) den dara mír, agus más rud é nach ndéantar an fómhar ach tráth nach gcuirfeadh sé isteach ar leibhéil arda bithéagsúlachta.
Aonad: Faoin gcéad (sciar den Limistéar Talmhaíochta a úsáidtear).
Modheolaíocht: mar a forbraíodh faoi tháscaire I.21, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2021/2115, mar a bunaíodh ar an leagan is nuashonraithe de LUCAS le haghaidh gnéithe tírdhreacha, Ballin M. et al., Redesign sample for Land Use/Cover Area frame Survey (LUCAS), Eurostat 2018, agus le haghaidh na talún a fhágtar bán, Farm Structure, Reference Metadata in Single Integrated Metadata Structure, foilseachán ar líne, Eurostat, agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta nach gcumhdaítear leis an modheolaíocht thuas, modheolaíocht arna forbairt ag Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14(7) den Rialachán seo.
Déantar modheolaíocht LUCAS a nuashonrú ar bhonn rialta chun feabhas a chur ar iontaofacht na sonraí arna n-úsáid san Aontas Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta ag na Ballstáit agus a bpleananna athchóirithe náisiúnta á gcur chun feidhme acu.
2. FAIREACHÁN AR GTABANNA TÁIRGIÚLA
Is é is cuspóir don treoraíocht seo an creat a sholáthar chun critéir agus modheolaíocht a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar na trí GTAB tháirgiúla a thuairiscítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, mar atá, na nithe seo a leanas:
|
— |
crainn tháirgiúla i gcórais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe,, agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV á n-urramú; |
|
— |
crainn i sean-úlloird mhóra ar fhéarach buan, agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV á n-urramú; |
|
— |
gnéithe táirgiúla i bhfálta, agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV á n-urramú. |
I gcomhthéacs na treoraíochta seo, meastar crann nó gné i bhfál a bheith táirgiúil nuair a chuirtear é chun aon cheann dá chodanna a bhuain/a úsáid (torthaí, coirt, brainsí, adhmad) agus nuair atá sé faoi bainistiú gníomhach (e.g. cur fálta, gearradh siar tráthrialta eile agus beangú agus prúnáil uaireanta). Crainn a chuirtear chun críoch táirgiúil, meastar go bhfuil siad táirgiúil ón nóiméad a chuirtear iad, toisc go mbainisteofar dá réir sin iad ón nóiméad sin.
Mar a fhoráiltear in Airteagal 14(7) den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, chun faireachán a dhéanamh ar na trí GTAB tháirgiúla, féadfaidh na Ballstáit modheolaíochtaí faireacháin a fhorbairt do gach ceann nó do chuid de na GTABanna táirgiúla (e.g. d’fhéadfadh an mhodheolaíocht a bheith teoranta do cheann amháin) a áirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra.
Maidir leis na trí ghné tháirgiúla sin, féadfaidh na Ballstáit na modhanna náisiúnta atá ann cheana a choigeartú/feabhas a chur orthu chun ceanglais an Rialacháin maidir le hAthchóiriú an Dúlra a chomhlíonadh a thuilleadh chun faireachán a dhéanamh ar GTABanna a liostaítear in Iarscríbhinn IV agus nach gcumhdaítear leis an modh coiteann (5).
2.1. Crainn tháirgiúla i gcórais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe
Mínítear sa roinn seo an nós imeachta chun limistéir agrafhoraoiseachta agus agrafhoraoiseacht inbhuanaithe a shainaithint agus chun cuntas a thabhairt ar chrainn tháirgiúla sna limistéir shainaitheanta.
Tuairisc
Is é an sainmhíniú atá ag an gCoimisiún Eorpach ar an agrafhoraoiseacht ‘córas úsáide talún ina bhfástar crainn i gcomhar le talmhaíocht ar an talamh chéanna’ (6).
De réir sainmhíniú níos mionsonraithe, ciallaíonn agrafhoraoiseacht ‘córais agus cleachtais úsáide talún ina gcomhtháthaítear ilbhliantóga adhmadacha d’aon ghnó le barra agus/nó ainmhithe ar an dáileacht chéanna nó ar an aonad bainistithe talún céanna gan é a bheith beartaithe clampa foraoise atá fágtha a bhunú. Féadfar na crainn a shocrú mar ghais aonair, i sraitheanna nó i ngrúpaí, agus féadfar innilt a dhéanamh freisin laistigh de dháileachtaí (agrafhoraoiseacht choillteach churaíochta, foraoistréadachas, úlloird innilte nó idirchuraíochta) nó ar na teorainneacha idir dáileachtaí (fálta, crainnlínte)’ (7).
Is é an sainmhíniú atá ag Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), an Lárionad Idirnáisiúnta um Thaighde san Agrafhoraoiseacht (ICRAF) / an Lárionad Domhanda Agrafhoraoiseachta (WAC) ar an agrafhoraoiseacht (8), (9) ‘ainm comhchoiteann le haghaidh córais agus teicneolaíochtaí úsáide talún ina n-úsáidtear ilbhliantóga adhmadacha [...] d’aon ghnó ar na haonaid bainistithe talún chéanna le barra talmhaíochta agus/nó ainmhithe, i bhfoirm éigin socraithe spásúil nó seichimh ama. I gcórais agrafhoraoiseachta tá idirghníomhaíochtaí éiceolaíocha agus idirghníomhaíochtaí eacnamaíocha araon idir na comhpháirteanna éagsúla.’
De réir ICRAF, tugtar an méid seo a leanas le tuiscint leis an sainmhíniú sin:
|
— |
baineann dhá speiceas nó níos mó de phlandaí (nó plandaí agus ainmhithe) leis an agrafhoraoiseacht de ghnáth, agus ceann amháin acu ar a laghad ina ilbhliantúil adhmadach; |
|
— |
bíonn dhá aschur nó níos mó ag córas agrafhoraoiseachta i gcónaí; |
|
— |
is faide ná bliain amháin i gcónaí é timthriall córais agrafhoraoiseachta; agus |
|
— |
fiú an córas agrafhoraoiseachta is simplí, bíonn sé níos casta, o thaobh na héiceolaíochta de (go struchtúrach agus go feidhmiúil) agus ó thaobh na heacnamaíochta de, ná córas aon bhairr amháin. |
Déanann FAO an agrafhoraoiseacht a aicmiú ina trí phríomhchineál córas (féach na samplaí in Iarscríbhinn II):
|
(1) |
córais agrafhoraoiseacha (meascán de chrainn ag a bhfuil barra bliantúla nó ilbhliantúla, amhail curaíocht scabhat); |
|
(2) |
córais fhoraoistréadacha (meascán de chrainn agus innilt ainmhithe ceansaithe ar fhéaraigh); |
|
(3) |
córais agrafhoraoistréadacha: (meascán de na trí ghné, mar atá, crainn, ainmhithe agus barra). |
Go hachomair, agus na sainmhínithe thuasluaite uile á gcur san áireamh, is féidir teacht ar na conclúidí seo a leanas:
|
— |
Saintréith íosta de chóras agrafhoraoiseachta, saintréith a bhaineann leis an gcuid is mó de na sainmhínithe, is ea go gcomhcheanglaítear d’aon ghnó ilbhliantóga adhmadacha (crainn) le barra agus/nó le hainmhithe. |
|
— |
De réir sainmhíniú cúng, ní mór cumhdach crann íosta 10 % a bheith ag córas agrafhoraoiseachta (10). De réir sainmhíniú níos leithne, ní theastaíonn ach cumhdach crann íosta 5 %. Féadfar dlús uasta cumhdaigh crann a shocrú freisin, toisc nach bhfuil córais agrafhoraoiseachta talún feirme ina dtugtar le chéile an churaíocht agus an fhoraoiseacht réalaíoch ag dlús níos airde i bhformhór na gcúinsí. Mar sin féin, i ndálaí áirithe, i gcórais fhoraoisthréadacha, lena n-áirítear féaraigh adhmaid, le cumhdach crann atá beagnach iomlán, d’fhéadfaí fás féaraigh faoi scáth crann a bheith ann fós. Dá bhrí sin, nuair is gá, is féidir dlús uasta cumhdaigh crann a shocrú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, agus ar na leibhéil sin amháin. |
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur cineál sonrach GTABanna iad crainn i sean-úlloird mhóra ar fhéarach buan agus nach dtugtar aghaidh orthu faoin gcatagóir seo (féach Roinn 2.2).
Chun limistéir agrafhoraoiseachta a shainaithint i gcomhthéacs Iarscríbhinn IV den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, is é an Ballstát a chinnfidh an cóimheas molta idir coillearnach/crainn agus talamh talmhaíochta oscailte (féarthalamh nó talamh curaíochta), agus dálaí peidichlíomacha áitiúla, speicis foraoiseachta (crainn agus toir is infheidhme) agus an gá atá le húsáid talmhaíochta na talún a chumasú á gcur san áireamh.
Sna Pleananna Straitéiseacha CBT, is féidir le gach Ballstát an teaglaim de chrainn in éineacht le talamh arúil nó barra buana nó féarthalamh buan a shainiú a mheasfar a bheith ina limistéar talmhaíochta (agus chun limistéir agrafhoraoiseachta a theorannú sa Chóras Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún (CADT)).
Féadfaidh na Ballstáit na sainmhínithe sin a úsáid (i bpleananna straitéiseacha CBT) chun dáileachtaí agrafhoraoiseachta a theorannú, arb iad an bunús lena ndéantar córais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe a shainaithint agus lena dtugtar tuairisc orthu. Go deimhin, níl aon sainmhíniú coiteann sa litríocht eolaíoch ar an agrafhoraoiseacht inbhuanaithe ná ar an agrafhoraoiseacht neamh-inbhuanaithe; ní mór do na Ballstáit critéir maidir le hinbhuanaitheacht a chinneadh chun críoch Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra.
Maidir le hathúsáid shonraí spásúla an Chórais Chomhtháite Riaracháin agus Rialúcháin (CCRR), déanann na Ballstáit, de réir oibleagáidí Threoir INSPIRE (11), roinnt sonraí geospásúla (CADT agus iarratas geospásúil) a chomhroinnt trí gheothairseach an Aontais (12), go háirithe maidir le gnéithe tírdhreacha (féach Iarscríbhinn III).
Tá tairbhí iomadúla ag baint leis an agrafhoraoiseacht inbhuanaithe, amhail slite beatha feabhsaithe d’fheirmeoirí mar thoradh ar ioncam níos airde, bithéagsúlacht mhéadaithe, struchtúr agus sláinte ithreach fheabhsaithe, creimeadh laghdaithe, agus ceapadh carbóin (13). In go leor áiteanna ar domhan, tuairiscíonn feirmeoirí atá ag oibriú san agrafhoraoiseacht inbhuanaithe táirgeacht mhéadaithe freisin (14).
Mar sin féin, d’fhéadfaí an inbhuanaitheacht chomhshaoil (15) a chur i mbaol le tosca iomadúla, astu féin nó i dteannta a chéile, amhail dlús crann a athrú, lotnaidicídí agus/nó leasacháin a chur i bhfeidhm, tearc-innilt agus ró-innilt.
Modheolaíocht
Chun cuntas a thabhairt ar chrainn tháirgiúla i gcórais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, moltar do na Ballstáit na céimeanna seo a leanas a leagtar amach sna sé phointe urchair uimhrithe thíos a leanúint.
|
(1) |
Limistéir agrafhoraoiseachta sa limistéar tagartha (16) a shainaithint trí úsáid a bhaint as léarscáileanna náisiúnta de na limistéir sin atá ann cheana, ar choinníoll go bhfuil cáilíocht leormhaith ag na léarscáileanna sin. Is féidir foinsí eile faisnéise atá ar fáil a úsáid freisin má tá na haicmí agrafhoraoiseachta sna foinsí eile sin atá ar fáil i gcomhréir le sainmhínithe na mBallstát. Mar shampla, féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as an bhfaisnéis is déanaí a taifeadadh ina CADT, má tá sí ar fáil, chun limistéar talmhaíochta a theorannú, chun idirdhealú a dhéanamh idir talamh arúil, féarthalamh buan agus barra buana agus chun córais agrafhoraoiseachta a shainaithint (Airteagal 2(7)(b) de Rialachán (AE) 2022/1172). Ag brath ar an sainmhíniú a roghnaigh Ballstát, d’fhéadfadh aicmí a bheith in eochair CADT amhail ‘Agra-fhoraois-saothrú’ nó ‘Agrafhoraoiseacht agus féar fúithi (20 % de chrainn)’ nó ‘Agrafhoraoiseacht agus féar fúithi (50 % de chrainn)’. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as faisnéis bhreise a eascraíonn as maímh bhliantúla na bhfeirmeoirí a dhéantar tríd an gCóras um Iarratais Gheospásúla. Is féidir torthaí an Chórais Faireacháin Limistéir a úsáid chun roinnt faisnéise taifeadta a dheimhniú.
Cur chuige malartach nó comhlántach a d’fhéadfaí a úsáid limistéir agrafhoraoiseachta a shainaithint bunaithe ar mhapáil na gcineálacha gnáthóige gaolmhara de réir EUNIS (17) agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga. De rogha air sin, mura bhfuil aon fhaisnéis eile ar fáil, d’fhéadfaí garbhmheastachán a fháil i bhfardal an Chumhdaigh Talún CORINE (Aicme 2.4.4 ‘Limistéir agrafhoraoiseachta’) (18). Ina theannta sin, féadfar LUCAS Core a úsáid chun an dóchúlacht go ndéanfar agrafhoraoiseacht (19) a dhíorthú, mar thacaíocht leis an sainaithint. |
|
(2) |
Córais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe a shainmhíniú (laistigh de na limistéir agrafhoraoiseachta a sainaithníodh roimhe seo) de réir sainiúlachtaí bithgheografacha sa Bhallstát nó i réigiún den Bhallstát agus de réir cineál sonrach na hagrafhoraoiseachta. D’fhéadfadh na Ballstáit é sin a dhéanamh trí thairseacha a shocrú, mar shampla, le haghaidh na nithe seo a leanas: (i) dlús crann (e.g. cinneadh a dhéanamh maidir leis an dlús crann íosta agus uasta); (ii) dálaí, uainiú, agus/nó fad innilte (e.g. ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an dlús beostoic íosta agus uasta).
Cinneadh a dhéanamh maidir leis na cineálacha bainistithe lena ndéanfaí an córas a dhícháiliú óna mheas mar chóras inbhuanaithe: e.g. grága agus bruscarnach móradhmaid a bhaint; plandálacha de speicis andúchasacha ionracha nó de speicis choimhthíocha nach bhfuil mórán tairbhe ag baint leo don bhithéagsúlacht; roschoillte gearruainíochta agus iad plandáilte go dlúth/crainn a fhásann go tapa. |
|
(3) |
Agus an agrafhoraoiseacht inbhuanaithe á sainiú, moltar do na Ballstáit an dá chritéar seo a leanas a úsáid.
Tá samplaí de chórais agrafhoraoiseachta a d’fhéadfadh a bheith inbhuanaithe, bunaithe ar bhainistiú talún agus/nó ar sheirbhísí éiceachórais a sholáthraítear, ar fáil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an doiciméad seo. |
|
(4) |
Crainn (20) a eisiamh a gcuirtear cóireáil lotnaidicídí agus/nó cóireáil leasacháin orthu (seachas i gcás leasú trí ionchur íseal le haoileach soladach). Ba cheart do na Ballstáit an méid a mheasann siad a bheith ina ‘ionchuir ísle’ aoiligh sholadaigh a shainiú; agus is féidir leo é sin a dhéanamh ar bhonn staidéir eolaíocha ábhartha. Ba cheart leibhéal ‘uasta’ cóireála ionchuir a shocrú ar an leibhéal náisiúnta. Tacaíonn fianaise eolaíoch le raon idir 30 agus 50 cileagram d’ionchur nítrigine in aghaidh an heicteáir agus in aghaidh na bliana (30-50 kg N ha-1 y-1) (21). |
|
(5) |
Crainn a eisiamh i gcás ina ndéantar an fómhar tráth a chuirtear isteach ar leibhéil arda bhithéagsúlachta, lena n-áirítear adhmad a bhaint nó féar a bhaint ag tráth míchuí (22)).
Is féidir measúnú a dhéanamh ar chéimeanna (4) agus (5) trí cheann amháin nó meascán de na cineálacha cur chuige agus/nó foinsí sonraí seo a leanas a úsáid:
|
|
(6) |
Ar deireadh, meastachán a dhéanamh ar an limistéar faoi chumhdach crann. Ós rud é nach n-áirítear ach na crainn tháirgiúla mar ghnéithe tírdhreacha, agus ní an dáileacht ina hiomláine, ní mór meastachán a dhéanamh ar an limistéar faoi chrainn. A luaithe a dhéantar dáileachtaí den agrafhoraoiseacht inbhuanaithe a shainaithint/a theorannú, is féidir an limistéar faoi chumhdach crann a thomhas/a mheas trí úsáid a bhaint as na foinsí seo a leanas:
|
2.2. Crainn i sean-úlloird mhóra ar fhéarach buan;
Mínítear sa roinn seo an nós imeachta chun sean-úlloird mhóra ar fhéarach buan a shainaithint agus chun cuntas a thabhairt ar na crainn sna sean-úlloird mhóra sin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra. Tagraíonn sean-úllord d’úllord seanbhunaithe atá ann le fada an lá, agus crainn aibí torthaí nó cnónna ann de ghnáth. Is úlloird iad úlloird mhóra a chuirtear ag dlús crann íseal (i gcomparáid le dianchórais), ar fhéarthalamh buan. Athraíonn spásáil na gcrann de réir chineál na dtorthaí. Maidir le féarthalamh buan, is féidir an sainmhíniú CBT a leagtar síos in Airteagal 4(3)(c) de Rialachán (AE) 2115/2021 a úsáid.
Tuairisc
Tá sean-úlloird mhóra cosúil le cineálacha áirithe agrafhoraoiseachta (e.g. féaraigh adhmaid) ó thaobh struchtúir agus éiceolaíochta de, agus crainn a fhástar faoin aer atá socraithe i bhfásra luibheach iontu, ach is féidir iad a idirdhealú ón agrafhoraoiseacht mar gheall ar na cúig shaintréith seo a leanas (27):
|
— |
comhdhéanamh: Is éard a bhíonn in úlloird de ghnáth speicis crann a iompraíonn torthaí agus/nó cnónna e.g. úlla, piorraí, silíní, glasphlumaí, plumaí, cainchí, péitseoga, gallchnónna nó cnónna coill (e.g. Rosaceae, Juglandaceae); |
|
— |
an leagan amach crann i sean-úlloird ar fhéarach buan, leagan amach a bhíonn níos dlúithe de ghnáth; |
|
— |
an scála de phaistí gnáthóige aonair, scála a bhíonn níos lú de ghnáth i gcomparáid leis an agrafhoraoiseacht; |
|
— |
fástar crainn i sean-úlloird mhóra chun torthaí agus cnónna a tháirgeadh, rud a dhéantar de ghnáth trí ghníomhaíochtaí amhail beangú agus prúnáil, ach d’fhéadfaí crainn san agrafhoraoiseacht thraidisiúnta a fhás freisin le haghaidh a n-adhmad (le húsáid i ndéanamh páipéir, troscán, etc.), a gcoirc, a ndearcán agus le haghaidh úsáidí eile; |
|
— |
innilt nó gearradh fásra luibhigh, ar dlúthchuid de bhainistiú úllord iad. Is féidir é sin a dhéanamh freisin i roinnt córais agrafhoraoiseachta. |
Féadfaidh na Ballstáit na cúig shaintréith shonracha sin a úsáid chun na limistéir sin a shainaithint, ag brath ar dhálaí agus traidisiúin áitiúla.
Modheolaíocht
Chun cuntas a thabhairt ar chrainn i sean-úlloird mhóra ar fhéarach buan a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, moltar do na Ballstáit na céimeanna seo a leanas a leagtar amach sna cúig phointe urchair uimhrithe thíos a dhéanamh.
|
(1) |
Dáileachtaí talún úlloird a shainaithint agus a mhapáil trí fhardail, léarscáileanna nó daonáirimh náisiúnta nó réigiúnacha, i gcás ina bhfuil siad ar fáil (d’fhéadfadh fardal de sheanúlloird a bheith ar fáil cheana féin).
Mura bhfuil fardal náisiúnta ar fáil, is féidir faisnéis maidir le dáileachtaí úlloird atá ar fáil in CDAT/iarratas geospásúil/córas faireacháin limistéir CBT a chomhcheangal le faisnéis a dhíorthaítear ó ortafótagraif, íomhánna il-ama cianbhraiteacha ardtaifigh nó suirbhéanna díreacha (arna n-eagrú ag údarás inniúil an Bhallstáit), agus é á áirithiú nach sainaithnítear ach úlloird ar fhéarach buan. |
|
(2) |
‘Sean-úlloird mhóra’ a shainmhíniú, de réir shaintréithe na tíre (e.g. dálaí agus traidisiúin áitiúla), trí ‘mór’ agus ‘sean’ araon a shainmhíniú (e.g. bunaithe ar chineál/déine an bhainistithe agus ar aois mheánach na gcrann nó sean-chrainn a bheith ann/cumhdach sean-chrann/an sciar de shean-chrainn), agus trí thairseacha a leagan síos maidir le dlús uasta agus íosta na gcrann, de réir mar is gá. |
|
(3) |
Crainn a eisiamh a gcuirtear cóireáil lotnaidicídí agus/nó cóireáil leasacháin orthu. Ba cheart do na Ballstáit an méid a mheasann siad a bheith ina ‘ionchuir ísle’ aoiligh sholadaigh a shainiú; is féidir leo é sin a dhéanamh ar bhonn staidéir eolaíocha ábhartha. Ba cheart ‘uasleibhéal’ cóireála ionchuir le haoileach soladach a shocrú ar an leibhéal náisiúnta. Tacaíonn fianaise eolaíoch le raon 30 go 50 kg N ionchur ha-1 y-1. |
|
(4) |
Crainn a eisiamh i gcás ina ndéantar an fómhar tráth a chuirtear isteach ar leibhéil arda bhithéagsúlachta.
Is féidir measúnú a dhéanamh ar chéimeanna (3) agus (4) trí cheann amháin nó meascán de na trí fhoinse sonraí seo a leanas a úsáid:
|
|
(5) |
Ar deireadh, meastachán a dhéanamh ar an limistéar faoi chumhdach crann: ós rud é nach n-áirítear ach na crainn tháirgiúla mar ghnéithe tírdhreacha, agus ní an dáileacht ina hiomláine, ní mór meastachán a dhéanamh ar an limistéar faoi chrainn. A luaithe a dhéantar dáileachtaí de shean-úlloird mhóra ar fhéarach buan a shainaithint agus a theorannú, is féidir an limistéar faoi chumhdach crann a thomhas/a mheas trí úsáid a bhaint as na foinsí seo a leanas:
|
2.3. Gnéithe táirgiúla i bhfálta
Mínítear sa roinn seo an nós imeachta chun cuntas a thabhairt ar ghnéithe táirgiúla i bhfálta a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra.
Tuairisc
Bheadh ar na Ballstáit gnéithe táirgiúla a shainaithint i bhfálta (e.g. crainn torthaí agus caora), nach gcuirtear cóireáil lotnaidicídí agus/nó cóireáil leasacháin orthu (seachas ionchur íseal aoiligh sholadaigh), agus nach mbuantar ag amanna a chuirfeadh isteach ar leibhéil arda bhithéagsúlachta.
Modheolaíocht
Sainaithint: Is féidir measúnú a dhéanamh ar ghnéithe táirgiúla i bhfálta trí úsáid a bhaint as ceann amháin nó meascán de na foinsí sonraí agus/nó de na cineálacha cur chuige a leagtar amach sna ceithre phointe urchair thíos.
|
— |
dearbhú ón bhfeirmeoir (d’fhéadfadh na Ballstáit an fhaisnéis sin a iarraidh mar chuid den éileamh íocaíochta CBT má dhéanann an feirmeoir iarratas ar thacaíocht nó ar chabhair CBT a bhaineann le limistéar faoi scéimeanna náisiúnta, e.g. Státchabhair); |
|
— |
má tá siad ar fáil, scéimeanna cistiúcháin de chuid an Aontais, scéimeanna cistiúcháin náisiúnta nó scéimeanna cistiúcháin eile le haghaidh na nithe seo a leanas: (i) fálta a shocrú, a choinneáil ar bun agus a chaomhnú; nó (ii) gnéithe líneacha atá comhdhéanta as fásra adhmadach ilbhliantúil (toir tháirgiúla agus/nó crainn tháirgiúla) a choinneáil agus/nó a choinneáil ar bun mar a thuairiscítear sa treoraíocht seo agus i gcomhréir le coinníollacha Iarscríbhinn IV. |
|
— |
Is féidir measúnú a dhéanamh ar ghnéithe táirgiúla freisin trí bhreathnóireacht dhíreach a úsáid tríd an suirbhé EMBAL (féach Iarscríbhinn I), nó trí shuirbhéanna coibhéiseacha ina ndéantar measúnú ar luach nádúrtha gnéithe tírdhreacha, in éineacht le comhlíonadh choinníoll (b) a sheiceáil, trí bhíthin agallamh le feirmeoirí. |
|
— |
Ar deireadh agus ag brath ar shainiúlachtaí áitiúla, féadfaidh Ballstát meastachán a sholáthar ar ghnéithe táirgiúla bunaithe ar shampláil agus anailísiú staidrimh, ar choinníoll go gcomhlíontar leis an meastachán sin na coinníollacha in Iarscríbhinn IV den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra agus go n-úsáidtear ann nósanna imeachta samplála iomchuí. |
Chun comhlíonadh choinníoll b) a sheiceáil, ba cheart do na Ballstáit an méid a mheasann siad a bheith ina ‘ionchuir ísle’ aoiligh sholadaigh a shainmhíniú; is féidir leo é sin a dhéanamh ar bhonn staidéir eolaíocha ábhartha. Ba cheart ‘uasleibhéal’ a shocrú ar an leibhéal náisiúnta maidir le céard is féidir a mheas mar chóireáil ionchuir ísil le haoileach soladach. Léiríonn fianaise eolaíoch an raon 30 go 50 kg N ionchur ha-1 y-1.
Chun na fálta atá ar thalamh talmhaíochta a shainaithint, is féidir na treoirlínte chun fálta a shainaithint de réir mhodúl Gnéithe Tírdhreacha LUCAS a leanúint (28).
Meastachán ar an limistéar faoi chumhdach: Ós rud é nach n-áirítear ach na gnéithe táirgiúla mar ghnéithe tírdhreacha, agus ní an fál ina iomláine, ní mór meastachán a dhéanamh ar an limistéar faoi chumhdach. A luaithe a shainaithnítear gnéithe táirgiúla i bhfálta, is féidir an limistéar a mheas ach na foinsí seo a leanas a úsáid:
|
— |
ortafótagraif; |
|
— |
Dlús uasta cumhdaigh crann Sheirbhís Faireacháin Copernicus ar Thalamh (i gcás crann); |
|
— |
suirbhéanna allamuigh; |
|
— |
íomhánna satailíte de thaifeach oiriúnach. |
3. BONNLÍNE AN TÁSCAIRE GTAB
Chun dul chun cinn agus comhlíonadh na n-oibleagáidí arna leagan síos leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra a leanúint, faoi Airteagal 20 ceanglaítear ar na Ballstáit a roghnaigh an táscaire HDLF chun Airteagal 11(2) a chomhlíonadh faireachán a dhéanamh ar ‘sciar na talún talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta’ gach 6 bliana ar a laghad ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le hAthchóiriú an Dúlra (i.e. an 18 Lúnasa 2024), nó i gcás inar gá chun meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach treochtaí in airde go dtí 2030, laistigh d’eatramh níos giorra. Thairis sin, de réir Airteagal 15(3)(j) den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, ní mór a áireamh sna pleananna athchóirithe náisiúnta, i measc nithe eile, ‘cuntas ar na táscairí le haghaidh éiceachórais talmhaíochta arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 11(2), agus ar a n-oiriúnacht chun feabhsú na bithéagsúlachta in éiceachórais talmhaíochta laistigh den Bhallstát lena mbaineann a léiriú’. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit ‘sciar na talún talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta’ chun Airteagal 11(2) a chomhlíonadh, féadfaidh siad luachanna bonnlíne don táscaire sin a áireamh ina bplean athchóirithe náisiúnta, chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar an dul chun cinn is gá a dhéanamh chun treocht in airde a bhaint amach don táscaire sin i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra.
Is é an bhonnlíne luach an táscaire bunaithe ar na sonraí faireacháin ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le hAthchóiriú an Dúlra, nó bunaithe ar na sonraí is déanaí a fuarthas roimh an teacht i bhfeidhm.
4. AN LIMISTÉAR TAGARTHA
Is é an táscaire den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra sciar na talún talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta, rud a chiallaíonn gur féidir GTABanna i ngach limistéar talmhaíochta (limistéar talmhaíochta mar atá faoi tháscaire CBT I.21) a áireamh (fad a chomhlíontar na ceanglais faoi a) agus b)).
Is é an táscaire an cóimheas (%) idir an limistéar faoi chumhdach ag GTABanna (laistigh de limistéir talmhaíochta) agus an limistéar talmhaíochta a úsáidtear (29).
Chun táscaire an Rialacháin maidir le hAthchóiriú an Dúlra a ríomh le haghaidh GTABanna, déantar uimhreoir tháscaire I.21 CBT a shuimiú le hachar na gcomhpháirteanna eile (mar atá: talamh branair agus na GTABanna táirgiúla mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV agus arna roghnú ag an mBallstát) agus ansin roinntear an tsuim a thiocfaidh as sin ar an limistéar talmhaíochta a úsáidtear (30).
Dá bhrí sin, ba cheart na comhpháirteanna éagsúla de tháscaire GTAB a shainaithint mar chomhpháirteanna a bhaineann le talamh talmhaíochta táirgiúil mar a shainmhínítear i modúl Ghné Thírdhreach LUCAS (31) a úsáidtear mar bhonn don mhodheolaíocht a mholtar in Iarscríbhinn IV (táscaire CBT I.21). Is éard is talamh talmhaíochta táirgiúil ann an talamh ar fad a úsáidtear go gníomhach le haghaidh talmhaíochta, lena n-áirítear dáileachtaí talún atá neamhtháirgiúil go sealadach (talamh branair), atá ar fáil ar bhealach eile le haghaidh táirgeadh talmhaíochta. Ní áirítear gairdíní cónaithe agus fóillíochta, lena n-áirítear gairdíní cistine, leis an sainmhíniú sin ar thalamh talmhaíochta. Ní áirítear Limistéar Talmhaíochta a Úsáidtear (32).
(1) Rialachán (AE) 2024/1991 an 24 Meitheamh 2024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 (IO L, 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj).
(2) D`Andrimont, R. et al., Estimation of the share of Landscape Features in agricultural land based on the LUCAS 2022 survey, Publications Office of the European Union, Luxembourg, 2024, [Meastachán ar sciar na nGnéithe Tírdhreacha i dtalamh talmhaíochta bunaithe ar shuirbhé LUCAS 2022, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024] doi:10.2760/5923183, JRC135966 https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC135966, agus nuashonruithe a dhéanfar amach anseo.
(3) Ar a dtugtar an ‘suirbhé i ndáil le staidreamh comhtháite feirme’ anois.
(4) Le haghaidh tháscaire I.21 CBT, féach https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC135966.
Le haghaidh talamh branair: https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ef_lus_allcrops__custom_13980409/default/table?lang=en.
(5) Mar shampla, d’fhéadfaí a áireamh freisin le cineál 2 den táscaire, feirmeoireacht a bhfuil Ardluach ó thaobh an Dúlra air (ALD) (táscaire tionchair I.09 faoi CBT 2014-2022) crainn tháirgiúla mar a liostaítear faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra, amhail crainn i sean-úlloird mhóra ar fhéarach buan. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh córais agrafhoraoiseachta mar a shainaithnítear faoin táscaire ALD a bheith ina dtúsphointe chun córais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe agus crainn tháirgiúla iontu a shainaithint. Tagraíonn Cineál 2 do thalamh feirme ina bhfuil mósáic de thalmhaíocht ísealdéine agus gnéithe nádúrtha agus struchtúracha, amhail imill pháirce, fálta sceach, ballaí cloiche, paistí coillearnaí nó scrobarnaí, aibhneacha beaga etc.
(6) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Treoirlínte i ndáil le Foraoisiú, Athfhoraoisiú agus Plandáil Crann atá Neamhdhíobhálach don Bhithéagsúlacht SWD(2023) 61 final.
(7) De réir na bileoige míniúcháin maidir leis an bhfobheart forbartha tuaithe ‘Córais agrafhoraoiseachta a bhunú’, go háirithe maidir le beart 8 in Airteagal 21(1)(b) agus Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), https://euraf.isa.utl.pt/sites/default/files/pub/docs/08_measure_fiche_art_23_agroforesty_final.pdf.
(8) https://www.fao.org/agroforestry/about-agroforestry/overview/en.
(9) https://www.cifor-icraf.org/knowledge/publication/33671/.
(10) FAO, Zomer et al., ‘ Trees on Farm: Analysis of Global Extent and Geographical Patterns of Agroforestry ’ [Crainn ar an bhFeirm: Anailís ar Fhairsinge Dhomhanda agus Patrúin Gheografacha na hAgrafhoraoiseachta], Páipéar Oibre ICRAF Uimh. 89, an Chéinia, 2009.
(11) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/2/2024-11-26).
(12) https://inspire-geoportal.ec.europa.eu/srv/eng/catalog.search, áirítear in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2021/2116 oibleagáid dhlíthiúil maidir le sonraí CCRR a roinnt.
(13) Lámhleabhar Staidrimh Comhtháite Feirme Eurostat https://wikis.ec.europa.eu/display/IFS/3.5+IFS+Soil+management.
(14) https://wikis.ec.europa.eu/display/IMAP (‘ Impacts of farming practices on environment and climate ’ [Tionchar cleachtas feirmeoireachta ar an gcomhshaol agus ar an aeráid] ‘ Farming practices (fiches)’ [Cleachtais feirmeoireachta (cáipéisí)]: ‘Agroforestry’) [An agrafhoraoiseacht]
(15) Níl gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha na hinbhuanaitheachta ina gcuid den treoraíocht seo.
(16) Féach Caibidil 4.
(17) An Córas Faisnéise Eorpach maidir leis an Dúlra, https://eunis.eea.europa.eu/habitats.jsp.
(18) Is í Seirbhís Faireacháin Copernicus ar Thalamh na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil a tháirgeann fardal an Chumhdaigh Talún CORINE agus soláthraíonn an fardal faisnéis maidir le cumhdach talún/úsáid talún na hEorpa. https://land.copernicus.eu/en/products/corine-land-cover agus https://land.copernicus.eu/content/corine-land-cover-nomenclature-guidelines/html/index-clc-244.html.
(19) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/205002/8072634/LUCAS-Agro-forestry-report.pdf.
(20) Chun na coinníollacha a leagtar amach sa tuairisc ar an táscaire in Iarscríbhinn IV den Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra a chomhlíonadh.
(21) EU Agricultural Outlook for markets and income 2018-2030 [Ionchas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh le haghaidh margaí agus ioncaim 2018-2030] https://agriculture.ec.europa.eu/system/files/2021-01/medium-term-outlook-2018-report_en_0.pdf.
(22) Féach mar shampla na srianta uainithe in éiciscéimeanna agus i mbearta agra-chomhshaoil atá dírithe ar an mbithéagsúlacht i bpleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – Airteagail 31 agus 70.
(23) Coinníoll b: ‘ níor cheart leasachán nó cóireáil lotnaidicídí a chur orthu, ach amháin cóireáil ionchuir ísil le haoileach soladach ’.
(24) Is réiteach infheidhme é EMBAL i gcás ina ndéantar sampla atá ionadaíoch ó thaobh staidrimh de a shainmhíniú go hiomchuí agus ina ndéantar suirbhéireacht iomchuí air.
(25) https://land.copernicus.eu/en/products/high-resolution-layer-tree-cover-density.
(26) Ní iarrtar leis an treoraíocht sin ar na Ballstáit pleananna bainistithe agrafhoraoiseachta den sórt sin a fhorbairt. Mar sin féin, má tá pleananna den sórt sin i bhfeidhm, d’fhéadfaí iad a úsáid mar fhoinse faisnéise.
(27) UK Biodiversity Action Plan Priority Habitat Descriptions, Traditional Orchards [Tuairiscí ar Ghnáthóga Tosaíochta ó Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta na Ríochta Aontaithe, Úlloird Thraidisiúnta], https://data.jncc.gov.uk/data/2829ce47-1ca5-41e7-bc1a-871c1cc0b3ae/UKBAP-BAPHabitats-56-TraditionalOrchards.pdf.
(28) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/205002/13686460/C1-LUCAS-2022.pdf, lch. 127.
(29) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Glossary:Utilised_agricultural_area_(UAA).
(30) Léirítear i staidéar a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde go bhfuil méid an chomhghaoil idir méid an limistéir talmhaíochta a úsáidtear agus méid na talún talmhaíochta arna ríomh i dtáscaire I.21 CBT an-láidir. D’Andrimont R. et al., Estimation of the share of Landscape Features in agricultural land based on the LUCAS 2022 survey, Publications Office of the European Union, Luxembourg, 2024, [Meastachán ar sciar na nGnéithe Tírdhreacha i dtalamh talmhaíochta bunaithe ar shuirbhé LUCAS 2022, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024] doi:10.2760/5923183, JRC135966, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC135966.
(31) LUCAS 2022 (Land Use/Cover Area Frame Survey), Technical reference document C1, Instructions for Surveyors, [Suirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún, Doiciméad tagartha teicniúil C1, Treoir le haghaidh Suirbhéirí], https://ec.europa.eu/eurostat/documents/205002/13686460/C1-LUCAS-2022.pdf.
(32) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Glossary:Unutilised_agricultural_area_(NUAA), lch. 137.
IARSCRÍBHINN I
Faireachán ar an mBithéagsúlacht i dTírdhreacha Talmhaíochta (EMBAL)
Is uirlis faireacháin láidir é EMBAL (1) chun faisnéis a bhailiú maidir le staid na bithéagsúlachta i dtírdhreacha talmhaíochta i mBallstáit an Aontais. Is suirbhé allamuigh caighdeánaithe é (bailiú sonraí in situ), a úsáidtear chun críoch éagsúil, lena n-áirítear an méid seo a leanas: (i) cumhdach talún/úsáid talún, cineálacha, fairsinge agus cáilíocht na ngnéithe tírdhreacha laistigh den tírdhreach talmhaíochta a thaifeadadh; agus (ii) na cineálacha gnáthóige (aicmiú EUNIS) laistigh den tírdhreach talmhaíochta a thaifeadadh.
Sheol an Coimisiún EMBAL i ngach ceann de na 27 dtír de chuid an Aontais in 2022 agus 2023, agus suirbhé déanta aige ar 3 000 dáileacht talún a sampláladh go randamach. Cumhdaíodh le gach dáileacht talún suirbhé achar de 500 x 500 m, agus bhí an líon dáileachtaí in aghaidh na tíre idir 30 agus 250, ag brath ar achar na tíre agus ar sciar na talún talmhaíochta sa tír. I ngach dáileacht talún, taifeadadh na gnéithe tírdhreacha uile, agus rinne suirbhéir oilte meastóireacht orthu i dtéarmaí cáilíochta (i.e. luach ó thaobh an dúlra) de réir liosta paraiméadar (e.g. cineál gné, líon agus dlús na bhforb agus na mbláthanna, flúirse agus saibhreas na speiceas plandaí táscaire, etc.). Tá modheolaíocht EMBAL comhchuibhithe go hiomlán leis an suirbhé LUCAS.
Fíor 1
Faisnéis a bailíodh (roghnú) i suirbhé EMBAL agus sampla den ‘luach ó thaobh an dúlra’ a sannadh don dáileacht talún suirbhé agus do na gnéithe tírdhreacha inti araon
(1) https://wikis.ec.europa.eu/pages/viewpage.action?pageId=25560696.
IARSCRÍBHINN II
Córais agrafhoraoiseachta (1)
1. Córas Agrafhoraoiseach
Sainmhíniú: córais agrafhoraoiseachta arb é atá iontu fásra adhmadach ina bhfuil idirchuraíocht á déanamh le barra bliantúla nó ilbhliantúla (barra agus crainn) (2).
Áirítear leis sin páirceanna ina bhfuil curaíocht á déanamh, ina ndáiltear crainn go scaoilte nó ina gcomhtháthaítear iad isteach sa pháirc ina sraitheanna. Airítear leis an gcóras sin ‘curaíocht scabhat’, e.g. curaíocht scabhat le stiallacha de thoir ghearruainíochta a fhásann go tapa. Féadfaidh speicis crann dúchasach nó crainn shaothraithe amhail crainn torthaí nó toir a bheith san áireamh leis.
Fíor 2
Crainn úll agus glasraí
Fíor 3
Crainn agus eorna dhubh
Fíor 4
Scabhat praiseach (dáileacht agrafhoraoiseachta nuabhunaithe)
Fíor 5
Crainn darach agus labhandar
Fíor 6
Quercus suber le coircí
Fíor 7
Córas curaíochta coilltí
2. An Córas Foraoistréadach
Sainmhíniú: córais agrafhoraoiseachta ina gcomhcheanglaítear fásra adhmadach le foráiste agus táirgeadh ainmhithe (féarach/ainmhithe agus crainn) (3).
Áirítear leis córais amhail féaraigh choillteacha thraidisiúnta, mar aon le córais agrafhoraoiseachta nua-phlandáilte atá comhdhéanta de chrainn agus féaraigh ina mbíonn ainmhithe ceansaithe (e.g. eallach, muca, caoirigh, gabhair, éanlaith chlóis) ag innilt sa dáileacht chéanna.
Is iad seo a leanas na gnáthóga a aicmítear in EUNIS a d’fhéadfadh freagairt do chórais agrafhoraoiseachta den sórt sin: féarach coillteach agus móinéar heimeabhóireach agus bóireach (4), féarach coillteach agus móinéar Meánmhuirí, féarach coillteach agus móinéar measartha.
Is iad seo a leanas na gnáthóga féideartha in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga a chomhfhreagraíonn do chórais den sórt sin: Féarach coillteach Fion-Lochlannach agus dehesas ina bhfuil Quercus spp. síorghlas.
Fíor 8
Montada ina bhfuil féaránaigh
Fíor 9
Úllord innilte (crainn úll)
Fíor 10
Caoirigh ag innilt in úllord (©Pixabay n.d.)
Fíor 11
Córas foraoistréadach
Fíor 12
Córas foraoistréadach
3. Córas Agrafhoraoistréadach
Córas Agrafhoraoistréadach: Sainmhíniú: Is éard is córais agrafhoraoistréadacha ann córais agrafhoraoiseachta ina gcomhcheanglaítear fásra adhmadach le foráiste agus táirgeadh ainmhithe agus barra bliantúla nó ilbhliantúla (barra, féarach/ainmhithe agus crainn) (5), mar shampla, córais agrafhoraoiseachta lena n-áirítear crainn agus barra sa dáileacht chéanna, ina mbíonn ainmhithe ag innilt tar éis bhuain na mbarr (go minic gránaigh). Sa chóras agrafhoraoistréadach, is gnách go mbíonn na comhpháirteanna arúla agus beostoic éagsúil ó thaobh ama agus spáis de (6).
Féadfaidh na crainn a bheith ina speicis foraoise nó crainn shaothraithe, a bhainistítear chun a gcodanna a bhuain/a úsáid (torthaí, coirt, brainsí, adhmad); féadfaidh na barra a bheith ina speicis bhliantúla nó ilbhliantúla; agus féadfaidh eallach, muca, caoirigh, gabhair agus éanlaith chlóis a bheith i measc na n-ainmhithe.
Fíor 13
Montado agus gránaigh (bíonn ainmhithe féaraigh le feiceáil ag tráthanna áirithe den bhliain)
Fíor 14
Montado sa Phortaingéil
(1) Gach grianghraf ón Tionscadal AGFORWARD, https://www.flickr.com/photos/agforward/.
(2) McAdam, J.H. et al., ‘ Classifications and Functions of Agroforestry Systems in Europe ’ [Aicmiú agus Feidhmeanna na gCóras Agrafhoraoiseachta san Eoraip] in Rigueiro-Rodríguez, A., McAdam, J., Mosquera-Losada, M.R., eds., Agroforestry in Europe. Advances in Agroforestry, [An Agrafhoraoiseacht san Eoraip. Dul Chun Cinn san Agrafhoraoiseacht], imleabhar 6. Springer, Dordrecht, 2009, https://doi.org/10.1007/978-1-4020-8272-6_2.
(3) McAdam et al., ibid.
(4) https://forum.eionet.europa.eu/european-red-list-habitats/library/terrestrial-habitats/e.-grasslands/e7.2-hemiboreal-and-boreal-wooded-pasture-and-meadow/download/en/1/E7.2 Hemiboreal and boreal wooded pasture and meadow.pdf.
(5) McAdam et al., ibid.
(6) Antonio Rigueiro-Rodríguez et al., Agroforestry in Europe: Current Status and Future Prospects [An Agrafhoraoiseacht san Eoraip: Stádas faoi láthair agus Ionchais don Todhchaí], Spinger Dordrecht, 2009, https://doi.org/10.1007/978-1-4020-8272-6.
IARSCRÍBHINN III
Sonraí geospásúla CCRR ó CDAT agus ón iarratas geospásúil
Tá roinnt bunachar sonraí digiteach idirnasctha sa Chóras Comhtháite Riaracháin agus Rialúcháin (CCRR), go háirithe: córas chun gach dáileacht talmhaíochta i mBallstáit an Aontais a shainaithint ar a dtugtar an Córas Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún (CADT), córas lena gcuirtear ar a gcumas d’fheirmeoirí na limistéir thalmhaíochta a ndéanann siad iarratas ar thacaíocht ina leith a dhearbhú go grafach (an t-iarratas geospásúil), córas faireacháin limistéir a úsáidtear chun breathnú ar ghníomhaíochtaí talmhaíochta, chun iad a rianú agus chun measúnú a dhéanamh orthu.
Chuir an Coimisiún Eorpach próiseas ar bun chun rochtain níos fearr a thabhairt ar shonraí spásúla CCRR agus chun gur féidir iad a athúsáid (1).
Chun infhaighteacht sonraí CCRR a fheabhsú, bhunaigh an Coimisiún Eorpach próiseas comhroinnte sonraí CCRR (2) a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit. A bhuí le Treoir INSPIRE atá ina bonn taca leis, ní mór do na Ballstáit a sonraí spásúla a chomhroinnt más ábhartha do bheartas comhshaoil an Aontais (e.g. beartais an Chomhaontaithe Ghlais maidir leis an mbithéagsúlacht, an ithir, an aeráid).
(1) Is iad na Ballstáit (Comhlachtaí Comhordúcháin agus Gníomhaireachtaí Íocaíochta) a bhainistíonn na sonraí sin. Baineann sé le sonraí in CDAT agus san iarratas geospásúil, ach ní bhaineann sé le sonraí ón gCóras Faireacháin Limistéir faoi láthair.
(2) Leanann na Ballstáit na treoirlínte teicniúla seo a leanas maidir le comhroinnt sonraí spásúla CCRR: Cuid 1: Aimsiú sonraí: https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/f09b0355-f7c5-11ea-991b-01aa75ed71a1. agus Cuid 2: Idir-inoibritheacht: https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/0a048b9e-431c-11ef-865a-01aa75ed71a1.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/980/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)