AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.12.2025
COM(2025) 943 final
2025/0383(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, Uimh. 648/2012, Uimh. 600/2014, Uimh. 909/2014, 2015/2365, 2019/1156, 2021/23, 2022/858, 2023/1114, Uimh. 1060/2009, 2016/1011, 2017/2402, 2023/2631 agus 2024/3005 a mhéid a bhaineann le tuilleadh forbartha a dhéanamh i ndáil leis an gcomhtháthú margaidh caipitil agus maoirseacht laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2025) 943 final} - {SWD(2025) 943 final} - {SWD(2025) 944 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá athbheochan gheilleagar an Aontais Eorpaigh agus neartú a shuímh idirnáisiúnta ag croílár shainordú an Choimisiúin Eorpaigh. Mar a luaitear i dtuarascálacha Draghi agus Letta agus i dTreoirlínte polaitiúla an Choimisiúin, 2024-2029, tá gá le gníomh práinneach chun feabhas a chur ar fheidhmíocht eacnamaíoch agus chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas a thodhchaí féin a chinneadh. Leagtar amach leis an gCompás Iomaíochais plean cuimsitheach chun geilleagar an Aontais a neartú agus chun leas a bhaint as a acmhainneacht, agus beidh an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta ina chumasóir tábhachtach don phlean sin. I mí an Mhárta 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún a straitéis um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta. Is é is aidhm di cúrsaí a dhéanamh níos éasca do shaoránaigh a gcuid maoine a fhás le hinfheistíocht i margaí caipitil, an acmhainneacht infheistíochta san Aontas a mhéadú, agus margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú. Nuair a sháraítear bacainní i margaí airgeadais agus nuair a éascaítear sreabha caipitil trasteorann, is féidir leis an straitéis um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta tacú le geilleagar an Aontais, cruthú fostaíochta a spreagadh, agus an t‑iomaíochas a fheabhsú.
Tá an gá le gníomh práinneach aitheanta go forleathan ag an leibhéal polaitíochta is airde, lena n‑áirítear i ráitis agus i ngairmeacha chun gnímh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle Eorpach, ón nGrúpa Euro, ó Chruinniú Mullaigh Euro, agus ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE). Tá gníomh chun dul i ngleic leis na bacainní atá fágtha i ndáil le comhtháthú an mhargaidh airgeadais éilithe ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (‘CAI’) agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (‘ECFE’).
Chun an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a chur chun feidhme, éilítear bearta beartais cuimsitheacha a mbeidh tionchar acu ar ghnéithe éagsúla de chóras airgeadais an Aontais, cinn lena ngabhann cur chuige iomlánaíoch lena gcuimsítear na margaí caipitil agus an earnáil baincéireachta araon. Tá na bearta sin roinnte ina gceithre cholún idirnasctha: (i) saoránaigh agus coigilteas, (ii) infheistíochtaí agus maoiniú, (iii) comhtháthú agus scála margaidh; agus (iv) maoirseacht éifeachtúil. Leis an tionscnamh reachtach seo dírítear ar chomhtháthú agus scála margaidh, agus maoirseacht éifeachtúil.
Díríonn an tionscnamh reachtach seo ar na bacainní a eascraíonn as an easpa comhchuibhithe i ndáil le rialacha an Aontais agus an easpa cur chuige maoirseachta a fhágann go mbíonn margaí caipitil an Aontais ilroinnte agus tearcfheidhmiúil. Cuireann na bacainní sin bac ar iarrachtaí, atá faoi thionchar an mhargaidh, chun an gnó a leathnú agus scála a fhorbairt ar fud an mhargaidh aonair le gníomhaíochtaí trasteorann. Cuireann siad bac freisin ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha i dtrí réimse atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú réidh éifeachtúil mhargaí caipitil an Aontais, is é sin trádáil, iarthrádáil agus bainistíocht sócmhainní.
D’ainneoin comhchuibhiú creataí rialála agus pasanna seirbhísí airgeadais, cuirtear ilroinnt sheasmhach teorainn leis na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le margadh aonair an Aontais, de dheasca na mbacainní sin. Eascraíonn na bacainní sin as difríochtaí i ndáil le cuir chuige rialála, lena léirítear go minic úsáid cumhachtaí lánroghnacha agus treoracha an Aontais á dtrasuí agus á léirmhíniú, agus cuir chuige éagsúla i ndáil le maoirseacht. Mar gheall ar na bacainní sin, déantar gníomhaíochtaí trasteorann rannpháirtithe margaidh airgeadais níos casta, gan aon ghá. Dá thoradh sin, fágtar nach féidir leo tairbhiú go hiomlán de bharainneachtaí scála agus éifeachtúlacht oibríochtúil fheabhsaithe, nó ní bhíonn dreasacht leordhóthanach ann dóibh chun infheistíochtaí trasteorann a éascú. Mar gheall air sin, ardaítear na costais, cuirtear moill leis an am go dtí an margadh, cuirtear srian leis an rogha táirgí agus seirbhísí airgeadais atá ar fáil do ghnólachtaí agus don phobal, agus fágtar go mbíonn na táirgí agus seirbhísí sin níos costasaí.
Leis an tionscnamh seo treisítear tábhacht forbairtí teicneolaíochta agus na nuálaíochta san earnáil airgeadais. Tá bacainní rialála ag cur bac ar ghlacadh agus úsáid teicneolaíochtaí ar ghlúin níos nuaí, amhail teicneolaíocht mórleabhar dáilte (TML) agus téacschomharthú ionstraimí airgeadais. Tá sé d’acmhainn ag teicneolaíochtaí den sórt sin feabhas a chur ar sheirbhísí airgeadais do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Is féidir le cleachtais mhaoirseachta éagsúla a bheith ina mbacainn ar an gcomhtháthú margaidh caipitil freisin, toisc nach mór do rannpháirtithe margaidh airgeadais, a oibríonn thar theorainneacha ceanglais, éagsúla ar fud an mhargaidh aonair a bhainistiú. Leis an ilroinnt seo i ndáil le cleachtais mhaoirseachta, cruthaítear costais bhreise, méadaítear an chastacht agus bíonn éiginnteacht dhlíthiúil ann d’oibreoirí, go háirithe iad siúd ar mian leo gnó agus infheistíocht a dhéanamh ar fud an Aontais. Mar gheall ar an éiginnteacht dhlíthiúil agus ar an éagothroime iomaíochta a chruthaítear leis sin, fágtar nach ceann scríbe infheistíochta rótharraingteach é an tAontas.
Cuspóirí an togra
Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú agus feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais i seirbhísí airgeadais chun tairbhe infheisteoirí, gnólachtaí agus gheilleagar an Aontais i gcoitinne. Leis sin, rannchuidítear le príomhchuspóir an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta a bhaint amach, is é sin, rochtain ar réimse níos leithne deiseanna airgeadais a chumasú d’infheisteoirí agus do ghnólachtaí, agus coigilteas a shlógadh ar mhaithe le hinfheistíocht tháirgiúil.
Rannchuideoidh an tionscnamh leis an gcuspóir ginearálta a bhaint amach leis na trí chuspóir shonracha seo a leanas.
Tuilleadh comhtháthú margaidh agus éifeachtaí scála a chumasú
Is é is aidhm do na leasuithe beartaithe deireadh a chur le bacainní ar chomhtháthú sna hearnálacha lárnacha, is iad sin trádáil, iarthrádáil agus bainistíocht sócmhainní, agus feabhas a chur ar chumas na ngníomhaithe margaidh oibriú ar bhealach níos rianúla ó Bhallstát go chéile, rud lena gcumasófar comhtháthú agus scála margaidh. Cothófar iomaíocht, lena n‑áiritheofar go gcuirtear tairbhí scála ar aghaidh chuig na húsáideoirí deiridh ar bhealach éifeachtach.
Maoirseacht chomhtháite a chumasú
Tá maoirseacht níos éifeachtúla agus níos comhchuibhithe fíor-riachtanach chun margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú. De réir mar a dhéantar dul chun cinn i dtreo comhtháthú níos doimhne an mhargaidh caipitil, tá sé ríthábhachtach go bhforbrófaí creat maoirseachta an Aontais ar aon dul leis. Dá bhrí sin, is é is aidhm don tionscnamh aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na neamhéifeachtúlachtaí a bhaineann leis an gcreat maoirseachta atá i bhfeidhm faoi láthair, ach dul i ngleic le neamhréireacht agus castacht a eascraíonn as na cuir chuige náisiúnta ilroinnte i leith na maoirseachta. Is é is aidhm dó an mhaoirseacht a dhéanamh níos éifeachtaí, níos fabhraí do ghníomhaíochtaí trasteorann, agus níos freagrúla i ndáil le rioscaí atá ag teacht chun cinn, fad a laghdaítear na hualaí neamhriachtanacha ar ghnóthais. I gcás eintitis shuntasacha trasteorann áirithe i réimse na trádála agus i réimse na hiarthrádála, agus i gcás eintitis i réimsí nua amhail soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, is féidir le comhthiomsú maoirseachta ar leibhéal an Aontais an comhtháthú margaidh a chur chun cinn, chomh maith le feidhmiú níos éifeachtúla na margaí caipitil. Maidir le grúpaí móra bainistíochta sócmhainní agus cistí infheistíochta, cuirfear deireadh le bacainní le cóineasú agus comhordú láidir maoirseachta ar leibhéal an Aontais, agus méadófar gníomhaíochtaí trasteorann. Is é is aidhm don tionscnamh úsáid agus éifeachtacht gach cineáil uirlisí cóineasaithe maoirseachta an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) a neartú, agus uirlisí nua a thabhairt isteach, lena dtacófar le margadh aonair do sheirbhísí airgeadais.
Nuálaíocht a éascú
Is é is aidhm do na leasuithe beartaithe deireadh a chur le constaicí rialála ar nuálaíocht atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, d’fhonn creat a chruthú chun úsáid teicneolaíochtaí nua a úsáid le seirbhísí airgeadais a sholáthar. Chun go mbeadh an nuálaíocht faoi bhláth, ba cheart cead a thabhairt, le Córas Píolótach TML agus leis an leabhar rialacha caighdeánach araon, don tionscal teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid chun réitigh éifeachtúla a thabhairt chuig an margadh, fad a áirithítear go maolaítear na rioscaí a bhaineann léi. Trí dheireadh a chur leis na bacainní sin, tá sé d’aidhm ag na leasuithe beartaithe an iomaíocht a mhéadú i réimse na seirbhísí trádála agus iarthrádála freisin, rud a fhágfaidh go mbeidh torthaí margaidh níos fearr ann agus feabhsófar éifeachtúlacht an mhargaidh caipitil.
Is éard atá san athbhreithniú ar chomhaid reachtacha shonracha ná deis simpliúcháin, le laghdú ualaí riaracháin. Is é is aidhm don phacáiste ceanglais rialála a chuíchóiriú, rud a fhágfaidh go mbeidh gníomhaíochtaí trasteorann níos costéifeachtaí. Saothraítear an simpliú sin ar roinnt bealaí: aistrítear forálacha áirithe ó threoracha go rialacháin; laghdaítear an fhéidearthacht i ndáil le forchur beart rórialála ar bhonn náisiúnta; beachtaítear cumhachtaí Leibhéal 2; comhchuibhítear socruithe maoirseachta atá foluiteach, costasach agus neamhéifeachtúil; agus, ar bhealach níos ginearálta, cuirtear deireadh le bacainní d’oibreoirí agus infheisteoirí margaidh i gcreataí an Aontais agus creataí náisiúnta.
Cuimsítear trí thogra reachtacha sa phacáiste maidir le comhtháthú agus maoirseacht margaidh, is iad sin: tograí le haghaidh Máistir-Rialacháin agus Máistir-Threorach, lena leasófaí roinnt codanna de reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, maidir leis an margadh caipitil, agus togra le haghaidh Rialachán maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, lena leasófaí an Treoir maidir le Comhthaobhacht Airgeadais agus lena n‑aisghairfí an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na leasuithe beartaithe sa phacáiste seo i gcomhréir leis na forálacha atá ann cheana i réimse na seirbhísí airgeadais. Is é is aidhm dóibh comhtháthú margaidh níos láidre a chothú agus gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach ach an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) deireadh a chur le bacainní ar ghníomhaíocht agus nuálaíocht trasteorann, (ii) cóineasú rialála agus maoirseachta a mhéadú; agus (iii) inniúlacht mhaoirseachta a neartú sna hearnálacha ábhartha. Tá na leasuithe sin i gcomhréir leis na spriocanna, is é sin iomaíocht, feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh aonair i seirbhísí airgeadais, agus cur chun cinn na saoirse seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais, gan baint den chobhsaíocht airgeadais, de shláine an mhargaidh ná de chosaint infheisteoirí. Áirithítear leis sin go mbíonn margadh airgeadais an Aontais sábháilte agus tarraingteach don domhan mór i gcónaí. Le cur chun feidhme na leasuithe sin ina bpacáiste, fágtar gur féidir comhsheasmhacht a áirithiú ar fud reachtaíocht earnálach faoi athbhreithniú. Leis na leasuithe beartaithe, féachtar le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na neamhéifeachtúlachtaí a bhaineann leis an gcreat maoirseachta atá i bhfeidhm faoi láthair freisin, ach dul i ngleic le neamhréireacht agus castacht a eascraíonn as na cuir chuige náisiúnta ilroinnte i leith na maoirseachta.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo i gcomhréir le príomhchuspóir na straitéise um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, is é sin, rochtain ar réimse níos leithne deiseanna airgeadais a chumasú d’infheisteoirí agus do ghnólachtaí, lena slógfar coigilteas ar mhaithe le hinfheistíocht tháirgiúil. Tá an togra seo idirnasctha le tionscnaimh eile a áirítear sa straitéis um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, mar shampla, an tionscnamh maidir le pinsin, an tionscnamh maidir le rannpháirtíocht mhiondíola i margaidh caipitil a mhéadú, agus an tionscnamh maidir le maoiniú margadhbhunaithe an fhíorgheilleagair. Ceapadh na tionscnaimh sin chun treisiú a chéile agus chun cur leis na spriocanna foriomlána i dteannta a chéile. Maidir le bearta eile sa straitéis um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, amhail an straitéis um litearthacht airgeadais, an moladh maidir le cuntais choigiltis agus infheistíochta, an beart chun infheistíocht chothromais a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí chláir reachtacha, agus na bearta maidir le pinsin fhorlíontacha, ní bheidh siad chomh héifeachtach céanna mura gcuirfear deireadh leis na bacainní ar chomhtháthú breise i ndáil le margaí caipitil an Aontais, agus má leantar ar aghaidh ag forchur costais arda ar infheisteoirí agus ar ghnólachtaí.
Tá an togra i gcomhréir le beartas an Aontais chun feabhas a chur ar iomaíochas na hEorpa, an straitéis ar a dtugtar breac-chuntas sa Chompás Iomaíochais, an straitéis maidir le margadh aonair, straitéis an Aontais maidir le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí nuathionscanta atá ag méadú, agus an Teachtaireacht maidir le hEoraip níos Simplí agus níos Tapa.
Leis na leasuithe beartaithe cuirfear borradh faoi mhealltacht mhargaí caipitil an Aontais, lena maoineofar tosaíochtaí an Aontais. Bainfear é sin amach, go háirithe, trí na nithe seo a leanas: (i) na rialacha a chomhchuibhiú a thuilleadh; (ii) cúrsaí a dhéanamh níos éasca d’ionaid trádála, bonneagar an mhargaidh airgeadais agus cistí infheistíochta chun gur féidir leo oibriú agus seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha, lena laghdófar costais do rannpháirtithe uile an mhargaidh; agus (iii) a mhéid a bhaineann le nuálaíocht, trína áirithiú go mbeidh Córas Píolótach TML, a ceapadh chun tacú le nuálaíocht, atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, i seirbhísí airgeadais, agus reachtaíocht iarthrádála oiriúnach don fheidhm nuálaíochta.
Tá an pacáiste seo i gcomhréir le clár oibre simpliúcháin an Choimisiúin agus le straitéis an mhargaidh aonair freisin, agus cuirfidh sé leo. Bainfear é sin amach, go háirithe, trí na nithe seo a leanas: (i) comhchuibhiú agus cuíchóiriú roinnt de na rialacha is infheidhme maidir le trádáil, iarthrádáil agus cistí infheistíochta; agus (ii) cuid de na ceanglais is infheidhme maidir leis na hearnálacha sin a aistriú ó Threoracha go Rialacháin.
Trí dheireadh a chur le bacainní ar chomhtháthú breise sna margaí caipitil, comhlánaíonn na bearta faoin tionscnamh seo tionscnaimh eile de chuid an Aontais, amhail an 28ú córas. Le cuíchóiriú na seirbhísí trasteorann trádála, iarthrádála agus bainistíochta sócmhainní atá ar fáil, lena simplítear an rochtain ar mhargaí poiblí, feabhsaítear leis an rogha seo cumas na gcuideachtaí a oibríonn faoin 28ú córas leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le margadh caipitil AE atá níos comhtháite, ar bhealach níos éifeachtaí fós.
Ar deireadh, tá an tionscnamh seo i gcomhréir le straitéis airgeadais dhigitigh an Choimisiúin, a thacaíonn le cur in úsáid teicneolaíochtaí nua i seirbhísí airgeadais, trí bhíthin na rialacha atá ann cheana a oiriúnú go huaillmhianach chun teicneolaíochtaí nua, amhail teicneolaíocht mórleabhar dáilte, a chuimsiú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
In Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an inniúlacht bearta a ghlacadh maidir le comhfhogasú na bhforálacha a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit a bhaineann le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Le hAirteagal 114 CFAE ceadaítear don Aontas bearta a dhéanamh chun deireadh a chur le bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha agus chun cosc a chur le teacht chun cinn bacainní den sórt sin. Áirítear orthu sin na bacainní a fhágann nach éasca d’oibreoirí eacnamaíocha, amhail infheisteoirí, leas iomlán a bhaint as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh.
Rannchuidíonn na leasuithe le feidhmiú ceart sábháilte an mhargaidh aonair, cosnaítear leo an iomaíocht agus caomhnaítear leo dreasachtaí i ndáil leis an nuálaíocht. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Faoi Airteagal 4 de CFAE, ní mór gníomh Aontais chun an margadh inmheánach a chur i gcrích a bhreithmheas i bhfianaise phrionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. De réir phrionsabal na coimhdeachta, níor cheart gníomh a ghlacadh ar leibhéal an Aontais ach amháin sa chás nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an ghnímh atá beartaithe a bhaint amach go leordhóthanach leo féin agus dá bhrí sin go n‑éilítear gníomh ar leibhéal an Aontais.
Tá na leasuithe beartaithe i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Is é is aidhm dóibh dul i ngleic leis na bacainní, atá ann cheana, ar sholáthar trasteorann seirbhísí lena gcoisctear cruthú fíormhargaidh aonair don chaipiteal.
Ní féidir le gníomh náisiúnta as féin na dúshláin sin a réiteach. Mar gheall ar éagsúlacht creataí dlíthiúla, traidisiúin mhaoirseachta agus struchtúir mhargaidh na mBallstát, ní sholáthrófaí le hathchóirithe, arna ndéanamh astu féin, an cóineasú riachtanach caighdeán rialála agus maoirseachta agus cleachtas margaidh. Dá bhrí sin, tá gá le gníomh ar leibhéal an Aontais chun na bacainní sin a bhaint, chun an comhtháthú margaidh a fheabhsú agus chun comhtháthú margaidh a éascú.
•Comhréireacht
Cuimsítear sa tionscnamh athbhreithniú leathan ar na rialacha maidir le trádáil, iarthrádáil, bainistíocht sócmhainní agus cistí infheistíochta chun na ceanglais ar ghnólachtaí a chomhchuibhiú agus a chuíchóiriú. Áirítear air sin roinnt de na ceanglais ar ghrúpaí trasteorann agus seirbhísí a sholáthraítear ar bhonn trasteorann a éascú, faoi cheadúnas aonair. I réimse na socraíochta, chuirfí feabhas ar an idirnascthacht idir taisclanna lárnacha urrús (TLUnna) freisin. Chomh maith leis sin, áirítear san athbhreithniú leasuithe ar an reachtaíocht iarthrádála chun é a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de, agus ar Chóras Píolótach TML (CPTML), chun a raon feidhme agus a scála a leathnú, agus chun é a dhéanamh níos solúbtha agus níos comhréirí. Gheobhadh cistí infheistíochta rochtain iomlán láithreach ar an margadh aonair ar fháil údaraithe dóibh, rud a chuirfeadh ar a gcumas oibriú ar bhealach níos éifeachtúla thar theorainneacha. Maidir le maoirseacht, tá sé d’aidhm ag na leasuithe úsáid agus éifeachtacht uirlisí agus cumhachtaí cóineasaithe maoirseachta a neartú, agus díreofar ar ESMA agus a rialú. D’aistreofaí cumhachtaí maoirseachta chuig ESMA freisin, i gcás na mbonneagar margaidh is suntasaí agus na mbonneagar margaidh trasteorann (contrapháirtithe lárnacha, TLUnna agus ionaid trádála) agus i gcás na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní uile (SSCSanna). Bheadh ról treisithe ag ESMA freisin i ndáil le cóineasú maoirseachta a chothú do ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus cistí infheistíochta malartacha (CIManna) a chuirtear ar an margadh ar bhonn trasteorann.
A mhéid a bhaineann leis an gcaoi a gcruthaítear neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh agus ualaí leis an éagsúlacht bealaí a gcuirtear rialacha an Aontais i bhfeidhm, chomh maith le difríochtaí idir dlíthe náisiúnta na mBallstát, cruthófar leis na leasuithe feidhmiú níos comhchuibhithe agus níos comhréirí rialacha an Aontais maidir le gníomhaíochtaí trasteorann.
•An rogha ionstraime
Moltar go gcuirfear na bearta chun feidhme trí bhíthin togra le haghaidh Rialachán lena leasófar na gníomhartha seo a leanas: an Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFIR), an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach, an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús, an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann, an Rialachán maidir le Córas Píolótach TML, an Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní agus Rialachán ESMA. Chun ailíniú iomchuí leis na leasuithe substainteacha sna Rialacháin sin a áirithiú, déanfar leasuithe ar an Rialachán maidir le hIdirbhearta Maoinithe Urrús agus an Rialachán maidir le Téarnamh agus Réiteach CPLanna freisin. Is é Rialachán an ionstraim dlí is iomchuí ós rud é go bhfuil na leasuithe beartaithe idirnasctha agus tá siad ina gcuid d’iarracht pholaitiúil níos leithne chun margadh aonair a chruthú le haghaidh caipitil, trí na rialacha a chomhchuibhiú agus deireadh a chur leis na bacainní ar ghníomhaíochtaí trasteorann sna hearnálacha airgeadais atá ina gcnámh droma de mhaoiniú na margaí caipitil. Le comhthiomsú na leasuithe i bpacáiste reachtach, áirithítear go bhfuil an téacs foriomlán comhsheasmhach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex‑post / seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana
Níl aon réiteach éifeachtach ann faoi láthair chun soláthar trasteorann seirbhísí a áirithiú sna hearnálacha a thagann faoi raon feidhme an phacáiste seo, nó cuireann rialacha náisiúnta éagsúla bac orthu. Thairis sin, ní mór rialacha an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh sé níos éasca seirbhísí airgeadais a sholáthar le teicneolaíochtaí nua, go háirithe teicneolaíocht mórleabhar dáilte, is féidir feabhas a chur ar éifeachtúlacht na margaí caipitil.
Géaraíonn cleachtais mhaoirseachta neamh-ailínithe, chomh maith le huirlisí agus cumhachtaí cóineasaithe maoirseachta laga ar leibhéal an Aontais, na saincheisteanna sin. De thoradh na mbacainní sin bíonn neamhéifeachtúlachtaí margaí, barainneachtaí scála teoranta, leachtacht laghdaithe i margaí caipitil, costais mhéadaithe ar infheisteoirí, rochtain shrianta ar bhonn infheisteoirí níos leithne thar theorainneacha, agus costais chaipitil níos airde ann do chuideachtaí de chuid an Aontais, lena mbaintear an bonn de tháirgiúlacht agus iomaíochas gheilleagar an Aontais.
Maidir leis an réimse trádála, níl rialacha lena rialaítear ionaid trádála go hiomlán comhchuibhithe, agus tá siad faoi réir rogha na tíre go pointe áirithe. Ní mhínítear deiseanna do mhargaí rialáilte, maidir le nós imeachta an phas, go soiléir follasach, rud a fhágann gur féidir le Ballstáit ceanglais bhreise a leagan síos ina ndlíthe náisiúnta. Difríochtaí i dtrasuí sa dlí náisiúnta agus an fhéidearthacht i ndáil le rórialáil bhreise na mBallstát, fágann siad sin go bhfuil an tírdhreach rialála foriomlán casta, go háirithe d’eintitis nó grúpaí trasteorann. Cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil agus éagothroime iomaíochta i measc na mBallstát, lena gcoisctear teacht chun cinn struchtúr trádála a oibríonn i roinnt Ballstát. Chun dul i ngleic leis na bacainní a bhaineann le hilroinnt maoirseachta, ba cheart na forálacha ábhartha den Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais a leasú chun maoirseacht dhíreach, ar leibhéal an Aontais, ar ionaid trádála áirithe a thabhairt isteach.
Maidir leis an réimse iarthrádála, caithfidh margaí socraíochta a bheith níos comhtháite agus ní mór níos mó úsáide a bhaint as T2S chun gníomhaíocht trasteorann a éascú d’eisitheoirí, TLUnna agus infheisteoirí. Cé go rialaítear socraíocht le Rialachán (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús), tá bacainní rialála ar shocraíocht trasteorann fós ann. Mar shampla, d’fhéadfaí srianta breise a fhorchur, le reachtaíocht náisiúnta, ar an tsaoirse eisiúna lasmuigh de na srianta a áirítear i bhforálacha an Rialacháin maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús. Ina theannta sin, meastar go bhfuil creat nós imeachta an phas, a bhí beartaithe chun oibríochtaí trasteorann a éascú, costasach agus go bhfuil ualach rómhór oibre ag baint leis do TLUnna. I dtaobh an Rialacháin maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús de, ní bhreithnítear grúpaí bonneagair margaidh go leordhóthanach, ó thaobh oibríochtúil, rialála agus maoirseachta de, leis. Fágann sé sin go bhfuil sé ag dul deacair dóibh lántairbhe a bhaint as comhdhlúthú agus barainneachtaí scála a bhaint amach. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais ar ghnólachtaí trasteorann a chomhchuibhiú agus ceanglais a chuíchóiriú, agus castacht oibríochtúil a laghdú i mbonneagair socraíochta an Aontais (i.e. TLUnna, lena n‑áirítear na costais T2S a chuireann TLUnna ar aghaidh), chun éifeachtúlacht a bhaint amach agus costais a laghdú. Thairis sin, ní mór an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús a leasú chun é a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de agus dul i ngleic le héiginnteacht dhlíthiúil maidir le príomh-choincheapa, sainmhínithe agus ceanglais nach bhfuil ag teacht leis an dul chun cinn atá déanta i réimse na teicneolaíochta. Chun dul i ngleic leis na bacainní a bhaineann le hilroinnt maoirseachta, ba cheart na forálacha ábhartha den Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús a leasú chun maoirseacht dhíreach, ar leibhéal an Aontais, ar ionaid iarthrádála áirithe a thabhairt isteach.
Maidir leis an réimse bainistíochta sócmhainní, rialaítear margú GCUInna agus CIManna le Treoracha go príomha, rud a fhágann go bhfuil cumhachtaí lánroghnacha ag tíortha i ndáil le roinnt mhaith réimsí. Maidir le margaíocht trasteorann GCUInna agus CIManna, baineann roinnt mhaith ama leis faoi láthair agus is deacair í a bhainistiú ó thaobh an riaracháin de. Tá ceanglais thírshonracha i bhfeidhm ag roinnt mhaith Ballstát i ndáil le cumarsáid mhargaíochta agus nochtaí i ndoiciméadacht cistí, chomh maith le ceanglais shonracha riaracháin agus oibriúcháin (amhail rialacha margaíochta breise, táillí rialála, oibleagáidí tuairiscithe, agus ceanglais maidir le láithreacht fhisiciúil áitiúil). Cuireann siad sin bac ar fhorbairt pas éifeachtaigh Aontais do chistí infheistíochta san Aontas. Thairis sin, aithnítear leis an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann go bhfuil rialacha difriúla ag Ballstáit maidir le táillí agus muirir rialála, agus déantar foráil maidir le hinroghnaitheacht i ndáil le fíorú ex ante na cumarsáide margaíochta. Dá bhrí sin, is gá cleachtais náisiúnta éagsúla i ndáil le margú cistí ar fud an Aontais a laghdú go mór, agus is gá freisin na rialacha a bhaineann le dáileadh trasteorann cistí a chur i láthair ar bhealach níos éifeachtúla, i.e. laistigh den téacs dlíthiúil céanna, chun comhchuibhiú níos fearr a chothú i ndáil le margaíocht trasteorann GCUInna agus CIManna. Leis an gcur chuige sin dhéanfaí leasanna ar an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann agus d’aistreofaí forálacha áirithe (in éineacht le leasuithe) ó Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE chuig an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann. Chun ilroinnt maoirseachta a laghdú, agus chun comhar idir údaráis inniúla náisiúnta a fheabhsú, ba cheart ról ESMA a threisiú i ndáil le dul i ngleic le bacainní trasteorann agus réiteach easaontas idir na húdaráis náisiúnta baile agus na húdaráis náisiúnta óstacha.
Maidir leis an réimse nuálaíochta, tá dhá phríomhbhacainn ann a bhaineann le réitigh atá bunaithe ar TML a chur chun feidhme san Eoraip. Ar an gcéad dul síos, leis an Rialachán maidir le Córas Píolótach TML cuirtear ualach trom comhlíontachta ar ghnólachtaí beaga agus cuideachtaí nua‑thionscanta, go háirithe toisc go mbraitear ar chuid mhór ceanglas sa Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús agus sa Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, agus b’fhéidir nach mbeidís oiriúnach d’uas-scálú céimneach oibríochtaí agus saintréithe sonracha na teicneolaíochta mórleabhar dáilte. Leis an Rialachán maidir le Córas Píolótach TML, forchuirtear srianta diana ar raon feidhme agus scála ghníomhaíochtaí na rannpháirtithe sa chóras píolótach. Déantar amhlaidh, mar shampla, le tabhairt isteach teorainneacha comhiomlána ar ghníomhaíocht bonneagair a oibríonn de réir an Rialacháin agus le srian a chur le cineál agus méid eisiúna sócmhainní is féidir a idirghabháil faoin Rialachán. Thairis sin, níl soiléireacht ag rannpháirtithe sa mhargadh maidir le féidearthachtaí fadtéarmacha an Chórais Phíolótaigh TML, mar gheall ar a thurgnamhaí atá sé agus na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán. Ar an dara dul síos, seachas na heasnaimh i gcreat saincheaptha na hEorpa do theicneolaíocht mórleabhar dáilte, ní sholáthraítear faoi láthair, le creataí rialála caighdeánacha (nach mbaineann le CPTML), go háirithe reachtaíocht iarthrádála, deimhneacht dhlíthiúil dóibh siúd ar mian leo teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid lasmuigh de CPTML. Leis na neamhchinnteachtaí sin, méadaítear rioscaí maidir le comhlíontacht agus costais do na rannpháirtithe sa mhargadh atá toilteanach samhlacha gnó nuálacha a fhiosrú.
Maidir le maoirseacht, tá dhá phríomh-shaincheist ann. Ar an gcéad dul síos, déantar maoirseacht ar eintitis airgeadais ar an leibhéal náisiúnta den chuid is mó. Mar gheall air sin, fágtar go mbíonn tírdhreach ilroinnte maoirseachta ann lena gcruthaítear bacainní ar ghníomhaíochtaí trasteorann toisc go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla, agus mar gheall ar chleachtais, cuir chuige agus ceanglais mhaoirseachta éagsúla. Is féidir le gníomhaíochtaí forfheidhmithe, amhail sáruithe, aghaidh a thabhairt ar chásanna sonracha neamhchomhlíontachta, agus tá sé d’aidhm ag measúnuithe piaraí cóineasú maoirseachta a neartú, ach níl siad leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna foluiteacha i ndáil le cleachtais mhaoirseachta neamhailínithe. Ar an dara dul síos, tá sainorduithe agus uirlisí teoranta ar fáil ar leibhéal an Aontais chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha an Aontais a fhorfheidhmiú agus cur chuige maoirseachta aontaithe i leith an mhargaidh aonair a ghlacadh. Tá an úsáid a bhaintear as uirlisí cóineasaithe maoirseachta treallach fós. Baineann teorainneacha leo, ní úsáidtear go comhsheasmhach iad agus is féidir é a bheith deacair iad a úsáid mar gheall ar shrianta nós imeachta, agus an easpa forfheidhmithe.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuidigh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a leanas le hábhar an togra seo a mhúnlú:
·An Coimisiún Eorpach ‘Call for evidence on the Savings and Investments Union: Fostering integration and scale and more efficient supervision in EU capital markets’ [Glao ar fhianaise maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta: Comhtháthú agus scála a chothú agus maoirseacht níos éifeachtúla i margaí caipitil an Aontais], idir an 8 Bealtaine agus an 5 Meitheamh 2025;
·Comhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh dar teideal ‘Integration of EU capital markets’ [Comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais], idir an 15 Aibreán agus an 10 Meitheamh 2025.
Fuarthas 53 freagairt ar an nglao ar fhianaise ó réimse leathan páirtithe leasmhara. Comhlachais ghnó a bhí sa ghrúpa ba mhó, ar bhain 62.3 % de na freagairtí uile leosan, agus iad ag feidhmiú thar ceann an tionscail infheistíochta, an tionscail baincéireachta agus an tionscail bainistíochta sócmhainní. Tháinig 20.8 % de na freagairtí ó chuideachtaí agus gnólachtaí, go príomha ón earnáil airgeadais. Bhain 9.4 % de na freagairtí le baill den phobal i gcoitinne, fad a bhain 5.7 % de na freagairtí le catagóirí eile, lena n‑áirítear comhlachais tráchtála, comhlachais ghairmiúla agus gnóthais chomhairleacha, agus bhain 1.9 % de na freagairtí le heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna).
Ba é b’aidhm don ghlao ar fhianaise (i) tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú i ndáil le bacainní lena gcuirtear cosc ar bhonneagair thrádála agus iarthrádála an Aontais lántairbhe a bhaint as margadh aonair atá go hiomlán rianúil; (ii) scrúdú a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil an socrú rialála agus maoirseachta atá ann faoi láthair oiriúnach do na margaí caipitil agus go háirithe d’oibreoirí margaidh a bhfuil gníomhaíochtaí láidre trasteorann acu nó atá ag feidhmiú in earnálacha nua nó in earnálacha atá ag teacht chun cinn; agus (iii) athbhreithniú a dhéanamh ar bhosca uirlisí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach chun measúnú a dhéanamh ar réimsí inar féidir a n‑éifeachtacht agus a n‑éifeachtúlacht a neartú agus a fheabhsú.
Bhí na grúpaí páirtithe leasmhara uile ar aon tuairim den chuid is mó maidir leis an ngá le margaí caipitil níos comhtháite agus cóineasú maoirseachta feabhsaithe. In éineacht leis sin bhí iarraidh chomhpháirteach ar shimpliú, comhréireacht agus deimhneacht dhlíthiúil. D’aithin na páirtithe leasmhara ar an iomlán go bhfeabhsódh éiceachóras airgeadais níos comhtháite agus níos éifeachtúla iomaíochas na hEorpa, go gcuirfeadh sé feabhas ar an rochtain ar mhaoiniú agus go leathnódh sé deiseanna infheistíochta. Mar sin féin, chuir siad i dtábhacht nach mór do na hathchóirithe a bheith cothrom, trédhearcach agus ionchuimsitheach, agus ba cheart tairbhí inláimhsithe do shaoránaigh agus don fhíorgheilleagar a léiriú. Bhí an leibhéal tacaíochta do lárú na maoirseachta ar leibhéal an Aontais an‑éagsúil i measc na bpáirtithe leasmhara. B’iondúil gurbh fhearr le comhlachais ghnó agus le cuideachtaí dul chun cinn incriminteach laistigh den struchtúr institiúideach reatha, ach bhí eagraíochtaí neamhrialtasacha agus roinnt ball den phobal ar son maoirseacht níos láidre ar leibhéal an Aontais chun comhsheasmhacht agus cuntasacht a áirithiú.
I dteannta an ghlao ar fhianaise, le linn an chomhairliúcháin spriocdhírithe maidir le comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais, bailíodh tuairimí ó ghrúpa leathan páirtithe leasmhara maidir le gnéithe éagsúla de mhargaí caipitil an Aontais. Ghabh dhá chuid leis an gceistneoir ar líne. Cumhdaíodh i gCuid 1 simpliú ar chreat rialála an Aontais, agus laghdú an ualaigh a bhaineann leis, in earnálacha na trádála, na hiarthrádála agus na bainistíochta sócmhainní, bacainní ar oibríochtaí trasteorann sa spás trádála agus ar dhoimhniú na leachtachta i margaí caipitil an Aontais, agus bacainní ar sholáthar trasteorann seirbhísí iarthrádála. I gCuid 2 bhí ceisteanna ar an méid seo a leanas: bacainní trasearnála san earnáil trádála agus san earnáil iarthrádála (e.g. a bhaineann le nuálaíocht, sineirgí grúpa, eisiúint ionstraimí airgeadais); bacainní ar sholáthar trasteorann seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus cistí infheistíochta; agus bacainní a bhaineann go sonrach le maoirseacht.
San iomlán, d’fhreagair 297 bpáirtí leasmhara an comhairliúchán spriocdhírithe trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Tháinig formhór na dtuairimí ó chomhlachais ghnó (31 %) agus cuideachtaí nó eintitis ghnó (27 %), agus údaráis phoiblí (12 %). Fuarthas freagraí chomh maith ó eagraíochtaí neamhrialtasacha (4 %), saoránaigh den Aontas Eorpach (3 %), ceardchumainn (2 %), agus ó eagraíocht tomhaltóirí amháin. Dá réir sin, mheall an comhairliúchán réimse éagsúil freagróirí ón tionscal, lena n‑áirítear rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachais ionadaíocha agus údaráis phoiblí.
An tráth céanna, reáchtáladh cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara roghnaithe chun ionchur breise a fháil agus ábhair imní shonracha a fhiosrú go mion.Chomh maith leis sin, thug an Coimisiún isteach gnéithe éagsúla den athbhreithniú ag cruinniú le hionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus ataiséanna ó na Ballstáit maidir le seirbhísí airgeadais i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2025.
Cuirtear torthaí an ghlao ar fhianaise agus an chomhairliúcháin spriocdhírithe san áireamh sa togra agus d’fhéach an Coimisiún le leasanna na bpáirtithe leasmhara éagsúla a nochtadh a chur san áireamh. Na réimsí ba shuntasaí, ar shainaithin na freagróirí gurbh fhéidir feabhsuithe a dhéanamh iontu, rinneadh scrúdú orthu agus áirítear iad sa togra. Áirítear orthu sin éilimh ar chreat rialála níos comhréirí, níos simplí agus níos comhchuibhithe lena laghdaítear an t‑ualach agus lena ndíothaítear na bacainní sa réimse trádála, sa réimse iarthrádála agus i ndáileadh trasteorann cistí infheistíochta, chomh maith le héifeachtúlacht agus cóineasú maoirseachta eintiteas airgeadais a mhéadú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Le linn dó an tionscnamh seo a ullmhú, cheadaigh an Coimisiún roinnt mhaith staidéar agus foinsí faisnéise. I mí Mheán Fómhair 2024 d’eagraigh an Coimisiún cruinniú comhchéime maidir le comhdhlúthú san earnáil cistí infheistíochta agus bonneagar trádála agus iarthrádála le páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí, agus saineolaithe sna hearnálacha sin. Tá for-rochtain dhéthaobhach ar leithligh eagraithe ag an gCoimisiún do na príomhpháirtithe leasmhara freisin, chomh maith le ceardlanna leis an tionscal. Tá tagairt déanta do na staidéir, a úsáideadh chun an togra seo a ullmhú, sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo agus tuairiscítear na bacainní a bhfuil sé i gceist dul i ngleic leo leis an bpacáiste seo.
•Measúnú tionchair
I gcomhréir leis an mbeartas um Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna eile beartais. Seachas an rogha lena mbainfeadh gníomh ar bith ón Aontas (Cás bunlíne – Rogha 1), sainaithníodh dhá phacáiste roghanna beartais bunaithe ar ghlao ar fhianaise, comhairliúchán spriocdhírithe, rannpháirtíocht eile le páirtithe leasmhara, staidéar ar chomhdhlúthú agus laghdú na hilroinnte i mbonneagair thrádála agus iarthrádála san Eoraip, staidéar ar na bacainní ar uas-scálú cistí a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí nuálacha agus fáis, chomh maith le spreagthaí an uas-scálaithe chéanna, léirbhreithnithe ar an litríocht, agus tionscnaimh agus tuarascálacha roimhe seo ina dtuairiscítear na bacainní is suntasaí, ar chomhtháthú mhargaí caipitil an Aontais, atá ann le roinnt blianta nó nach bhfuil réitithe ina n‑iomláine fós.
Is é Rogha 1 an rogha bhunlíne, is é sin gan aon rud a dhéanamh. Maidir le Rogha 2, bheadh athbhreithniú leathan ar leabhair rialacha trádála, iarthrádála agus bainistíochta sócmhainní i gceist chun ceanglais ar oibríochtaí gnó a chomhchuibhiú agus a chuíchóiriú, lena n‑áirítear roinnt de na ceanglais laistigh de ghrúpaí agus ar sheirbhísí a sholáthraítear ar bhonn trasteorann a éascú, faoi cheadúnas aonair. I réimse na socraíochta, chuirfí feabhas ar an idirnascthacht idir taisclanna lárnacha urrús (TLUnna) freisin.
Chomh maith leis sin, d’áiritheofaí le Rogha 2 leasuithe ar an reachtaíocht iarthrádála chun í a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de, chomh maith le Córas Píolótach TML (CPTML), chun a raon feidhme agus a scála a leathnú. Gheobhadh cistí infheistíochta rochtain iomlán láithreach ar an margadh aonair agus údarú faighte acu, agus bheadh grúpaí bainistíochta sócmhainní in ann oibriú ar bhealach níos éifeachtúla thar theorainneacha. Maidir le maoirseacht, tá sé d’aidhm ag Rogha 2 úsáid agus éifeachtacht uirlisí agus cumhachtaí cóineasaithe maoirseachta a neartú, agus dhíreofaí ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus a rialú. Leis an rogha sin, d’aistreofaí cumhachtaí maoirseachta chuig ESMA freisin, i gcás na mbonneagar is suntasaí (contrapháirtithe lárnacha, TLUnna agus ionaid trádála) agus i gcás na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní uile (SSCSanna), agus chomhordódh ESMA maoirseacht na mbainisteoirí sócmhainní móra agus cistí infheistíochta.
Tá Rogha 3 bunaithe ar Rogha 2 ach tá sí níos forleithne, agus gabhann léi eilimintí breise chun margadh comhtháite a bhunú, amhail, mar shampla, nasc éigeantach idir ionaid trádála shuntasacha, sainordú nasc idir TLUnna, cruthú údarú ar leibhéal an ghrúpa do bhainisteoirí sócmhainní, solúbthacht iomlán in CPTML, agus maoirseacht dhíreach ag ESMA ar na bonneagair, na bainisteoirí sócmhainní agus SSCSanna uile.
Déantar measúnú san anailís ar na roghanna maidir le trí chuspóir: (i) comhtháthú breise margaidh agus éifeachtaí scála a chumasú; (ii) maoirseacht chomhtháite a chumasú; agus (iii) an nuálaíocht a éascú. Léirítear leis go mbeadh costais níos airde ar na hearnálacha agus ar na maoirseoirí ag gabháil leis na heilimintí breise i Rogha 3, agus ghabhfadh níos mó míbhuntáistí ná buntáistí féideartha léi. Anuas air sin, níl an rogha sin chomh comhréireach céanna le tionscnaimh bheartais eile de chuid an Aontais, agus d’fhéadfadh iarmhairtí neamhbheartaithe a bheith aici ar an iomaíocht agus ar rioscaí maidir le cobhsaíocht airgeadais.
Is é conclúid an mheasúnaithe gurb í Rogha 2 an pacáiste beartais ab fhearr toisc go soláthraítear léi tairbhí comhtháite suntasacha ach tá sí fós comhréireach i dtéarmaí na gcostas agus na coimhdeachta. Leis an rogha sin déantar comhchuibhiú leathan ar na ceanglais sna creataí ábhartha trádála, iarthrádála agus bainistíochta sócmhainní agus cuirtear deireadh le bacainní ar ghníomhaíochtaí trasteorann, agus soláthraítear uirlisí agus cumhachtaí cóineasaithe maoirseachta níos láidre, chomh maith le maoirseacht ar leibhéal an Aontais ar na bonneagair is suntasaí. Treisíonn na gnéithe sin a chéile. Le comhchuibhiú na rialacha sa phacáiste seo, d’éascófaí aistriú na maoirseachta ar roinnt oibreoirí agus margaí chuig leibhéal an Aontais agus, i gcás SSCSanna, i gcás na n‑eintiteas uile, agus d’fhágfaí gur féidir an leabhar rialacha aonair a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.
Trí dheireadh a chur leis na bacainní rialála míchuí ar chomhtháthú, mhaolófaí leis na bearta faoin rogha sin na bacainní rialála agus an chastacht oibríochtúil, lena bhfeabhsófaí an éifeachtúlacht a bhaineann le seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha agus an comhtháthú margaidh a chothú. Bheadh na costais cur chun feidhme le clúdach ag na bonneagair agus na húdaráis náisiúnta go príomha. Bheadh acmhainní suntasacha agus forbairt bonneagair ag ESMA ag teastáil don rogha sin, agus chisteofaí a bhformhór le táillí. Ach tá coinne leis gur mó na gnóthachain éifeachtúlachta agus an simpliú sa mheántéarma ná na costais sin uile. Leis an tionscnamh laghdófaí an éiginnteacht dhlíthiúil do na heisitheoirí agus na hinfheisteoirí, d’ísleofaí na costais chomhlíontachta agus d’fheabhsófaí an intuarthacht. Solúbthacht mhéadaithe i gcóras píolótach TML agus athruithe ar an reachtaíocht earnálach chun í a dhéanamh níos comhoiriúnaí don teicneolaíocht mórleabhar dáilte, spreagfadh sé sin glacadh mór na teicneolaíochta sin. Dhéanfaí an iomaíocht níos cothroime, chuirfí teorainn leis an arbatráiste rialála agus laghdófaí an t‑ualach riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann, le cóineasú maoirseachta níos láidre agus creat maoirseachta níos comhtháite.
Éascóidh an tionscnamh rochtain na n‑infheisteoirí ar réimse leathan deiseanna infheistíochta agus cuirfear ar chumas cuideachtaí caipiteal a thiomsú thar theorainneacha, lena n‑áirítear FBManna. Dá bhrí sin, cuirfidh sé leis an iarracht chun feabhas a chur ar an gcaoi a slógaimid caipiteal san Eoraip agus ligfear don éiceachóras airgeadais ceart teacht chun cinn chun tacú le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais agus chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos láidre agus níos iomaíche.
D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála measúnú dearfach ar an measúnú tionchair tar éis tuairim dhiúltach a thabhairt ar dtús. Chun aghaidh a thabhairt ar na barúlacha a thug an Bord, rinneadh athbhreithniú ar an measúnú tionchair chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) an réasúnaíocht maidir le raon feidhme an tionscnaimh a shoiléiriú, chomh maith lena ról sa straitéis níos leithne um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, lena n‑áirítear a idirghníomhaíocht le tionscnaimh eile; (ii) na codanna maidir le sainiú na bhfadhbanna agus spreagthaí na bhfadhbanna a chuíchóiriú; (iii) feabhas a chur ar na mínithe a bhaineann le nuálaíocht bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte; (iv) an loighic idirghabhála agus na cuspóirí a shoiléiriú. Rinneadh athbhreithniú ar an téacs chun an anailís ar mhéid na bhfadhbanna a neartú freisin, bunaithe ar ionchuir chainníochtúla bhreise a fuarthas ó pháirtithe leasmhara agus ar staidéir eile atá ann cheana, chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar na costais/tairbhí. Tá an téacs níos trédhearcaí freisin maidir leis na teorainneacha atá ann i ndáil le hinfhaighteacht sonraí agus tosca atá lasmuigh den raon feidhme, a fhágann nach féidir samhail iomlán théagartha ar na costais agus na tairbhí a dhéanamh. Tugtar tuairimí na bpáirtithe leasmhara ar bhealach níos cuimsithí ar fud an téacs anois freisin, agus cuirtear tionchar na mbeart beartaithe ar na grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara in iúl ar bhealach níos fearr.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Maolóidh na bearta a mholtar na bacainní rialála agus an chastacht oibríochtúil, lena bhfeabhsófar an éifeachtúlacht a bhaineann le seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha agus comhtháthú margaidh a chothú. Beidh na costais cur chun feidhme le clúdach ag na bonneagair agus na húdaráis náisiúnta go príomha. Beidh acmhainní suntasacha agus forbairt bonneagair ag teastáil ó ESMA freisin. Ach tá coinne leis gur mó na gnóthachain éifeachtúlachta agus an simpliú sa mheántéarma ná na costais sin uile. Leis an tionscnamh laghdófar an éiginnteacht dhlíthiúil do na heisitheoirí agus na hinfheisteoirí, ísleofar na costais chomhlíontachta agus feabhsófar an intuarthacht. Solúbthacht mhéadaithe i gCóras Píolótach TML agus athruithe ar an reachtaíocht earnálach chun í a dhéanamh níos comhoiriúnaí don teicneolaíocht mórleabhar dáilte, spreagfaidh sé sin glacadh mór na teicneolaíochta sin. Déanfar an iomaíocht níos cothroime agus laghdófar an t‑ualach riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann, le cóineasú maoirseachta níos láidre agus creat maoirseachta níos comhtháite. Bainfear an simpliú amach ar roinnt bealaí: aistreofar forálacha áirithe ó threoracha go rialacháin; díothófar an fhéidearthacht i ndáil le forchur beart rórialála ar bhonn náisiúnta; comhchuibheobhfar socruithe maoirseachta atá foluiteach, costasach agus neamhéifeachtúil; agus, ar bhealach níos ginearálta, cuirfear deireadh le bacainní ar oibreoirí agus infheisteoirí margaidh i gcreataí an Aontais agus i gcreataí náisiúnta. D’fhonn an creat rialála a shimpliú agus ualaí rialála agus riaracháin a laghdú, beachtaítear leis an togra seo cumhachtuithe Leibhéal 2 trí chumhachtuithe a scriosadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar a n‑áirítear iad siúd a measadh a bheith neamhriachtanach i ndáil le feidhmiú éifeachtach na bhforálacha comhfhreagracha sna bunghníomhartha, tar éis comhairliúchán le Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha. Thairis sin, ina thogra, d’fhéach an Coimisiún le teorainn a chur, a mhéid is féidir, leis an líon cumhachtuithe nua de Leibhéal 2.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra, urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát (Airteagal 15(2), an tsaoirse fiontraíochta (Airteagal 16), an ceart chun maoine (Airteagal 17), rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta d’fhonn comhtháthú sóisialta agus críochach laistigh den Aontas a chur chun cinn (Airteagal 36), agus cosaint tomhaltóirí (Airteagal 38).
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Mínítear tionchar airgeadais agus buiséadach an phacáiste seo go mion sa ráiteas airgeadais reachtach atá ag gabháil leis an Máistir-Rialachán. Áirítear ann tionchar airgeadais agus buiséadach na Máistir-Threorach freisin.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn i dtreo na cuspóirí sonracha a bhaint amach bunaithe ar an liosta neamh‑uileghabhálach de tháscairí i Roinn 9 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo. Díríonn an liosta ar na táscairí in aghaidh na hearnála, ach déanfar faireachán ar tháscairí níos leithne freisin chun an tionchar ar an margadh a thomhas, fiú mura féidir iad sin a nascadh leis an tionscnamh seo chomh díreach céanna. Áirítear ar na táscairí sin, bearta lena ndéantar measúnú ar an rochtain ar chaipiteal agus struchtúir mhaoiniúcháin chorparáideacha nó leibhéal na rannpháirtíochta ag infheisteoirí miondíola sa mhargadh caipitil.
Is tosaíocht don Choimisiún í meastóireacht ex post ar na bearta reachtacha nua uile. Déanfaidh ranna an Choimisiúin athbhreithniú ar aschuir, torthaí agus tionchar an tionscnaimh seo a luaithe a bheidh an ionstraim dlí curtha i bhfeidhm. I ndiaidh 5 bliana, déanfaidh an Coimisiún an chéad mheastóireacht eile ar na leasuithe atá sa togra seo, i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Ní mheastar gur gá aon doiciméad míniúcháin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Áirítear sa Mháistir-Rialachán leasuithe ar na nithe seo a leanas:
·Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (Rialachán ESMA; Airteagal 1);
·Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach; Airteagal 2);
·Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (MiFIR; Airteagal 3);
·Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús; Airteagal 4);
·Rialachán (AE) 2015/2365 (STFR; Airteagal 5);
·Rialachán (AE) 2019/1156 (an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann; Airteagal 6);
·Rialachán (AE) 2021/23 (An Rialachán maidir le Téarnamh agus Réiteach Contrapháirtithe Lárnacha; Airteagal 7);
·Rialachán (AE) 2022/858 (DLTPR; Airteagal 8);
·Rialachán (AE) 2023/1114 (MiCA; Airteagal 9);
·Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 (Rialachán CRA; Airteagal 10);
·Rialachán (AE) 2016/1011 (Rialachán maidir le Tagarmharcanna; Airteagal 11);
·Rialachán (AE) 2017/2402 (Rialachán Urrúsúcháin; Airteagal 12);
·Rialachán (AE) 2023/2631 (Rialachán maidir le Bannaí Glasa Eorpacha; Airteagal 13); agus
·Rialachán (AE) 2024/3005 (Rialachán maidir le Rátálacha ESG; Airteagal 14.
Airteagal 1 – Leasuithe ar Rialachán ESMA
Is é is aidhm do na leasuithe beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (Rialachán ESMA) sainordú, rialachas agus cistiú ESMA a neartú chun maoirseacht níos comhsheasmhaí, níos trédhearcaí agus níos cuntasaí a áirithiú ar fud an Aontais. Cruthófar leis sin dálaí níos fearr don chomhtháthú margaidh, ginfear gnóthachain éifeachtúlachta agus méadófar muinín infheisteoirí sa mhargadh aonair.
Maidir le cúraimí agus cumhachtaí, glactar cur chuige, lena ngabhann dhá ghné, leis na leasuithe beartaithe: (i) togra chun cumhachtaí maoirseachta a aistriú chuig ESMA i gcás eintitis mhóra bonneagair margaidh agus SSCSanna; agus (ii) leasuithe chun úsáid agus éifeachtacht uirlisí cóineasaithe margaíochta a mhéadú. Mar bhonn taca faoi na hathruithe sin tá athbhreithniú ar rialachas agus socruithe cistiúcháin ESMA lena áirithiú go mbíonn an chinnteoireacht ar leibhéal an Aontais simplí, neamhspleách agus éifeachtúil, agus go mbíonn acmhainní iomchuí ar fáil chun na cuspóirí nua a chur chun feidhme.
Cúraimí agus cumhachtaí ginearálta
Is é is aidhm do na leasuithe ar Airteagail 1, 4 agus 8 raon feidhme an Rialacháin a shoiléiriú agus sainmhínithe nuashonraithe a sholáthar chun na freagrachtaí maoirseachta dírí nua a léiriú. Chomh maith leis sin, leis na hathruithe sin cuirtear sainordú ESMA i gcomhréir leis na cuspóirí a bhaineann leis an nuálaíocht a chur chun cinn, maoirseacht atá bunaithe ar shonraí agus forfheidhmiú éifeachtach.
Leis an airteagal nua, Airteagal 8a maidir le dualgas an chomhair, cuirtear i dtábhacht an comhar idir ESMA agus údaráis. Is é is aidhm dó sin comhar, comhroinnt faisnéise agus tacaíocht fhrithpháirteach níos fearr a chur chun cinn agus creat a chruthú le haghaidh comhar struchtúrtha, ach solúbtha, idir ESMA agus údaráis inniúla nó ábhartha eile. Go sonrach, d’áiritheofaí leis sin gurbh fhéidir le ESMA a chúraimí maoirseachta dírí a dhéanamh go réidh, go héifeachtach agus go comhréireach, fad a chosnódh sé a neamhspleáchas. Moltar go mbunódh ESMA socruithe praiticiúla solúbtha don chomhar, a bheadh saincheaptha d’earnálacha agus do chúraimí sonracha, agus a bheadh faoi stiúir na bprionsabal a bhaineann le héifeachtúlacht, comhréireacht agus iontaoibh fhrithpháirteach. D’fhéadfaí a áireamh ar na socruithe sin comhfhoirne maoirseachta, cigireachtaí comhpháirteacha, nó comhordú oibríochtúil. Ba cheart coigeartuithe céimneacha le himeacht ama a chur san áireamh leo. Leis na socruithe don chomhar ba cheart tús áite a thabhairt do mhaoirseacht éifeachtach atá tíosach ar acmhainní, do leanúnachas agus do chomhsheasmhacht torthaí maoirseachta, agus urramú freagrachtaí reachtúla agus acmhainní údarás eile. Leis an airteagal nua, Airteagal 8a, cuirfear ar chumas ESMA agus údarás eile oibriú ar bhealach níos éifeachtaí lena chéile, agus leas a bhaint as a gcuid saineolais agus acmhainní comhchoiteanna chun dul i ngleic leis na dúshláin chasta atá os comhair chóras airgeadais an Aontais. Dá réir sin, cuirfear le margadh airgeadais Eorpach a bheidh níos comhtháite, níos cobhsaí agus níos rathúla.
Chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú, leathnaítear leis na leasuithe ar Airteagal 9a raon feidhme chumhacht ESMA chun ‘litreacha i dtaca le gan gníomhú’ a eisiúint chun imthosca sonracha a chumhdach ina nochtar fadhbanna suntasacha do na rannpháirtithe sa mhargadh le cur i bhfeidhm gnímh reachtaigh. Is é is aidhm dó sin soiléireacht agus treoraíocht a chur ar fáil do na rannpháirtithe sa mhargadh agus an riosca a bhaineann le cur i bhfeidhm neamhsheasmhach dhlí an Aontais a laghdú.
Leis na leasuithe ar Airteagail 10 agus 15, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe nó gníomh cur chun feidhme leasaitheach a ghlacadh, fiú mura gcuireann ESMA dréacht ar fáil. Tugtar aghaidh leis sin ar bhearna reatha sa chreat nós imeachta maidir le glacadh caighdeán teicniúil. Bunaítear leis na leasuithe beartaithe freisin nós imeachta chun caighdeáin rialála nó cur chun feidhme (nó codanna díobh) a chur ar fionraí go sealadach faoi choinníollacha sonracha. Is é is aidhm do na nósanna imeachta sin cumhachtaí rialála ESMA a dhéanamh níos solúbtha agus níos inoiriúnaithe, agus ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas an Choimisiúin feabhas a chur ar cheapadh rialacha agus freagrúlacht a mhéadú i ndáil le forbairtí margaidh, lena n‑áiritheofar feidhmiú réidh na margaí airgeadais.
Leis na leasuithe ar Airteagail 8(2), 17 agus 19(4), soiléirítear nach mór do ESMA dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le breithiúnas Corneli. Áirítear leis sin dlíthe náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoracha de chuid an Aontais, ar cheart iad a léirmhíniú ar bhealach atá i gcomhréir leis na Treoracha seo.
Le hAirteagal 17aa tugtar cumhacht nua do ESMA i réimse an chóineasaithe maoirseachta chun é a cheangal ar údarás inniúil a thuairim a lorg i gcásanna ina bhfuil teipeanna tromchúiseacha maoirseachta sainaitheanta ag measúnú piaraí nó imscrúdú. Thairis sin, beidh an chumhacht ag ESMA gníomhaíochtaí ceartaitheacha prasa éifeachtacha a éileamh chun dul i ngleic le heasnaimh mhaoirseachta. Is é is aidhm don bheart coimirce nua sin a chur ar chumas ESMA gníomhú i gcásanna ina ndeonófaí rochtain ar mhargadh an Aontais do tháirgí nó eintitis gan maoirseacht leordhóthanach, nó i gcás ina ndéanfadh arbatráiste maoirseachta dochar don chóras pasanna.
Tugtar isteach le hAirteagal 19a ardáin chomhair idir údaráis inniúla, lena bhfeabhsófar comhoibriú agus maoirseacht ar ghníomhaíochtaí trasteorann. Forbraítear leis sin an rath a ghabhann le hardáin den chineál céanna faoi Threoir Shócmhainneacht II. Éascóidh na hardáin sin malartú faisnéise, molfar réitigh agus cuirfear cultúr an chomhair chun cinn. Beidh sé de chumhacht ag ESMA díospóidí a réiteach.
Le hAirteagail 28a agus 28b déantar foráil maidir le sásra a bhunú le haghaidh aitheantas comhpháirteach fíneálacha riaracháin agus cúnamh lena n‑aisghabháil i gcomhthéacs trasteorann. Is é is aidhm dó sin é a dhéanamh níos éasca na rialacha sa mhargadh aonair a fhorfheidhmiú, i gcodarsnacht leis an gcás mar atá faoi láthair, a fhágann go bhfuil sé an‑chasta, nó dodhéanta fiú, fíneálacha i ndlínse eile a aisghabháil.
Cumhachtaí maoirseachta
Chun maoirseacht éifeachtach chomhsheasmhach a áirithiú ar fud earnálacha, moltar caibidil nua, Caibidil IIa a chur isteach lena gcomhdhlúthófar cumhachtaí nós imeachta ESMA, mar a leagtar amach faoi láthair iad sa reachtaíocht earnálach, i gcreat trasearnála amháin. Leis an gcreat sin, cuíchóirítear na rialacha maidir le hiarrataí ar fhaisnéis, imscrúduithe, cigireachtaí ar an láthair, bearta maoirseachta, agus pionóis, fad a chosnaítear an ceart cosanta, an ceart chun pribhléid ghairmiúil dlíodóra agus an ceart chun cosaint dlí. Toisc go mbunaítear leis tacar comhsheasmhach aonfhoirmeach cumhachtaí nós imeachta, méadaítear leis an Rialachán an deimhneacht dhlíthiúil, cuirtear cóineasú agus éifeachtúlacht mhaoirseachta chun cinn, agus cabhraítear le ESMA a fhreagrachtaí maoirseachta dírí a fheidhmiú go cuntasach. Tá na cumhachtaí sin gan dochar d’aon chumhacht shonrach nó dhifriúil eile a leagtar amach i nGníomhartha eile an Aontais.
Cistiú
Chun a áirithiú go maoinítear gníomhaíochtaí maoirseachta ESMA ar bhealach cóir trédhearcach, moltar leis an Rialachán na prionsabail lena rialaítear na táillí a ghearrtar ar na rannpháirtithe margaidh airgeadais a chomhchuibhiú faoi mhaoirseacht ESMA (Airteagal 39n). Comhdhlúthaítear leis an Rialachán na prionsabail atá scaipthe ar fud na reachtaíochta earnála faoi láthair chun creat aontaithe a bhunú maidir le ríomh táillí, raon feidhme agus trédhearcacht. Cuirtear chun cinn leis na leasuithe beartaithe deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht do na heintitis atá ann cheana agus na heintitis nua araon, lena gcuirfear ar a gcumas a bheith ag súil le táillí maoirseachta, agus pleanáil ina leith. Cabhraíonn na leasuithe beartaithe le ESMA maoirseacht agus rialáil a dhéanamh ar an earnáil airgeadais.
Tá leasú déanta ar Rialachán (AE) 2015/2365 freisin, chun go mbeidh sé i gcomhréir leis na hathruithe ar na táillí a ghearrann ESMA ar rannpháirtithe margaidh airgeadais.
Rialachas
Soláthraítear leis an togra sin struchtúr rialachais níos éifeachtaí do ESMA. Cuirtear Bord Feidhmiúcháin, ar a bhfuil comhaltaí lánaimseartha neamhspleácha (Airteagail 44a agus 46a), in ionad an Bhoird Bainistíochta atá ann faoi láthair, agus coigeartaítear comhdhéanamh an Bhoird Maoirseoirí (Airteagal 40). Soiléirítear leis an togra freagrachtaí an dá bhord sin faoi seach (Airteagail 43 agus 46a). Ar an mBord Feidhmiúcháin beidh cathaoirleach agus 5 chomhalta lánaimseartha, ag a mbeidh taithí éagsúil ar an maoirseacht, agus, i dteannta a chéile, beidh tuiscint iomchuí acu ar na hearnálacha faoi mhaoirseacht ESMA. Ceapfar na comhaltaí le próiseas lena ngabhfaidh an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Beidh siad faoi réir rialacha diana maidir le coinbhleacht leasa agus beidh a shainordú teoranta do 5 bliana, agus beidh an fhéidearthacht ann síneadh 2 bhliain a chur leis. Leagtar amach le hAirteagal 46a cúraimí an Bhoird Feidhmiúcháin, a bheidh freagrach go príomha as cinntí a bhaineann le maoirseacht dhíreach ar rannpháirtithe margaidh airgeadais. Beidh réimse cumhachtaí cinnteoireachta ag an mBord Feidhmiúcháin freisin, lena n‑áirítear cinn maidir le húdaráis inniúla ar leithligh i ndáil le hábhair neamhrialála áirithe, amhail réiteach díospóidí, ábhair a bhaineann le sárú ar dhlí an Aontais agus athbhreithnithe neamhspleácha. Leis sin, cuirfear le cinnteoireacht níos éifeachtaí lena n‑áirithítear cothromaíocht mhaith idir sainiúlachtaí náisiúnta agus leasanna comhchoiteanna an Aontais. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin freagrachtaí an Bhoird Bainistíochta maidir le cláir oibre agus buiséad ESMA a ullmhú, agus scoirfear de ghníomhaíochtaí an Bhoird Bainistíochta. Cuirfear na tagairtí don Bhord Feidhmiúcháin in ionad na dtagairtí uile atá ann faoi láthair don Bhord Bainistíochta. Beidh vóta amháin an duine ag na comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin, lena n‑áirítear an cathaoirleach, agus beidh an vóta réitigh ag an gcathaoirleach.
Is é an Bord Maoirseoirí an príomhchomhlacht de chuid ESMA atá i gceannas fós ar an treoraíocht fhoriomlán agus an chinnteoireacht maidir le hábhair rialála agus cóineasú maoirseachta. Athraítear leis na leasuithe beartaithe ar Airteagal 40 comhdhéanamh an Bhoird Maoirseoirí chun comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a áireamh. Beidh an Bord Maoirseoirí in ann cur in aghaidh na bpríomhchinntí maoirseachta arna ndéanamh ag an mBord Feidhmiúcháin laistigh de 10 lá, nó 48 uair an chloig i gcásanna práinneacha. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuairim a iarraidh ar an mBord Maoirseoirí maidir le hábhair mhaoirseachta agus ní mór dó tuairisciú don Bhord Maoirseoirí i ndáil lena ghníomhaíochtaí maoirseachta faoi dhó in aghaidh na bliana. Ina gcáil mar chomhaltaí vótála den Bhord Maoirseoirí, cuirfidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a gcuid saineolais ar fáil don Bhord Maoirseoirí agus vótálfaidh siad ar ábhair ghinearálta a bhaineann le cóineasú maoirseachta.
Airteagal 2 – Leasuithe ar an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach
Maoirseacht ar CPLanna suntasacha
Tugtar na hairteagail nua Airteagail 22a go 22c isteach chun maoirseacht dhíreach a thabhairt do ESMA ar CPLanna suntasacha, chun na sonraí uile maidir leis na próisis a bhaineann le cinneadh ESMA, gur CPL suntasach é CPL faoi leith, a shonrú, chun na cumhachtaí, a shanntar do ESMA ar CPLanna suntasacha, a shonrú, agus chun foráil a thabhairt isteach maidir leis na táillí maoirseachta a ghearrann ESMA ar CPLanna a ndéanann sé maoirseacht orthu. Leasaítear Airteagal 12 chun an chumhacht a thabhairt do ESMA pionóis a fhorchur. Tugtar iarscríbhinn nua isteach freisin, Iarscríbhinn V, chun liosta sáruithe a sholáthar ar féidir le ESMA fíneálacha a fhorchur ina leith. Leasaítear Airteagal 2 chun an sainmhíniú ar ‘údarás inniúil’ a oiriúnú agus chun sainmhínithe nua a thabhairt isteach ar na téarmaí ‘CPL suntasach’, ‘údarás inniúil CPL’ agus ‘údarás inniúil náisiúnta’. Ina theannta sin, leasaítear Airteagal 22 chun an rogha a sholáthar do Bhallstáit ESMA a cheapadh mar údarás inniúil CPL, agus é sin a dhéanamh i gcás CPLanna ar lú a suntas freisin. Chun a áirithiú go mbíonn na sainmhínithe sin comhsheasmhach ar fud na gcodanna gaolmhara de na Rialacháin agus chun údarás maoirseachta ESMA ar CPLanna suntasacha a léiriú, tugadh leasuithe isteach ar Rialachán (AE) 2021/23 freisin.
Oiriúnaítear Airteagail 14, 17, 18, 20 chun coláistí do CPLanna suntasacha a dhíothú agus chun na nósanna imeachta éagsúla a choigeartú chun ról nua ESMA a chur san áireamh, mar shampla trí dheireadh a chur leis an ngá atá le tuairimí ESMA, i gcás ina bhfuil CPLanna i gceist, agus chun díothú an Choiste Maoirseachta do CPLanna a chur san áireamh.
Ina theannta sin, leasaítear Airteagal 23 chun forálacha a chur isteach maidir le comhar ESMA leis na ‘údaráis ábhartha do CPLanna suntasacha’. Leis an athrú sin gabhann sainmhíniú nua ar an téarma ‘údaráis ábhartha do CPLanna suntasacha’ in Airteagal 2, agus airteagal nua, Airteagal 22d, chun liosta mionsonraithe de na húdaráis ábhartha do CPLanna den sórt sin a sholáthar. Ina theannta sin, leasaítear Airteagail 17c, 20, 23 agus 24 chun an téarma nua sin a chur san áireamh sna nósanna imeachta agus na sreabha faisnéise ábhartha.
Leasaítear Airteagal 89 chun na forálacha idirthréimhseacha maidir le CPLanna a ailíniú, a bhí údaraithe cheana féin sular tháinig an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm.
Maoirseacht ar CPLanna ar lú a suntas
Leasaítear Airteagal 2 chun sainmhíniú ar ‘CPL ar lú a shuntas’ a thabhairt isteach. Leasaítear Airteagal 18 chun go mbeidh ESMA ina chathaoirleach aonair ar na coláistí do CPLanna ar lú a suntas. Ina theannta sin, leasaítear Airteagail 24a, 24d agus 25c, agus scriostar Airteagail 24e agus 90 chun na hathruithe ar rialachas inmheánach ESMA a léiriú, go háirithe tabhairt isteach an Bhoird Feidhmiúcháin nua do ESMA agus díothú an Choiste Maoirseachta do CPLanna.
Rochtain oscailte agus próisis idir‑inoibritheachta
Leasaítear Airteagail 7, 8 agus 54 chun an ceart a thabhairt do ESMA chun eadráin a dhéanamh maidir le hiarrataí ar rochtain chuig CPL agus iarrataí ar rochtain chuig ionad trádála agus chun iarrataí ar shocruithe idir‑inoibritheachta a fhormheas.
Airteagal 3 – Leasuithe ar an Rialachán maidir le Margaí i mBonneagar Airgeadais
Déantar maoirseacht ar ionaid trádála ar bhonn náisiúnta faoi láthair. Príomhcholún den togra seo is ea inniúlachtaí maoirseachta a aistriú i gcás ionaid trádála shuntasacha agus Oibreoirí Margaidh Uile‑Eorpacha nó OMUEnna (agus ionaid trádála a oibríonn OMUEnna) chuig ESMA. Measfar go bhfuil ionad trádála suntasach má tá sé tábhachtach do gheilleagar an Aontais nó, anuas ar a mhéid suntasach, má ghabhann gné shuntasach thrasteorann leis. Leis an togra tugtar na cumhachtaí riachtanacha do ESMA chun a chúraimí maoirseachta a dhéanamh, ach baineann cumhachtaí um fhaireachas margaidh áirithe leis an leibhéal náisiúnta fós agus tugtar iad do na húdaráis faireacháin náisiúnta.
I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le cóngaracht na n‑éiceachóras margaidh áitiúil, choinneodh údaráis faireacháin náisiúnta na freagrachtaí ar an leibhéal áitiúil chun sláine margaidh na n‑ionad trádála suntasach, nó na n‑ionad trádála arna n‑oibriú ag OMUE, a áirithiú. Mar sin féin, bheadh na freagrachtaí sin teoranta do mhaoirseacht ar thrádáil ordúil agus faireachán a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh, agus ní chumhdófaí leo oibleagáidí arna bhforchur go díreach ar ionaid trádála.
Comhchuibhiú na rialacha is infheidhme maidir le hionaid trádála
Le Treoir 2014/65/AE (Treoir II maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais) leagtar amach na rialacha i ndáil le húdarú agus oibriú ionad trádála. Mar sin féin, ós rud é gur leagadh amach na rialacha sin i dTreoir, fágadh gur trasuíodh agus gur léirmhíníodh dlí an Aontais ar bhealaí éagsúla. Dá thoradh sin freisin, ghlac mórán Ballstát bearta breise i réimsí nach gcomhchuibhítear go daingean faoin Treoir, amhail ceanglais stuamachta maidir le margaí rialáilte. Is réamhchoinníoll le haghaidh maoirseacht éifeachtach ar leibhéal an Aontais é ‘leabhar rialacha aonair’ a chruthú d’ionaid trádála. Dá bhrí sin, cuirtear isteach leis an togra teideal nua, Teideal Ia, i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (an Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais) chun na rialacha maidir le hionaid trádála a chomhchuibhiú a thuilleadh agus chun deireadh a chur leis na rialacha náisiúnta lena gcuirtear bac ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Aistríodh líon mór beart go díreach ó Threoir II maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais cheana féin, ach sonraítear a thuilleadh, le Teideal Ia, an teideal nua, an creat infheidhme sna réimsí a d’fhágtaí faoi réir rogha na tíre roimhe seo.
Ina theannta sin, soiléirítear le Teideal Ia atá beartaithe, na cineálacha gníomhaíochtaí trasteorann a fhéadfaidh margadh rialáilte a dhéanamh ar bhonn a cheadúnais aonair. Soiléirítear leis, dá bhrí sin, ní hamháin gur cheart do mhargaí rialáilte a bheith in ann socruithe a sholáthar chun rochtain ar a n‑ionad ó Bhallstáit eile a chumasú (trí ‘scáileáin trádála’), de réir mar a fhoráiltear i dTreoir II maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais cheana féin, ach gur cheart iad a bheith in ann seirbhísí a bhaineann leis an méid seo a leanas a sholáthar freisin: (i) urrúis a ligean isteach chun trádáil ina n‑ionad; agus (ii) comhaltaí nua ó Bhallstáit eile a ligean isteach. Soiléirítear freisin gur féidir le margaí rialáilte déanamh amhlaidh le bunú brainse nó, in éagmais brainse, leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ar fud mhargadh aonair an Aontais. Tá na cearta céanna ag saoráidí trádála iltaobhacha agus saoráidí trádála eagraithe.
Ar deireadh, is é is aidhm don togra éascaíocht a dhéanamh ar leithdháileadh acmhainní agus feidhmeanna i ngrúpa. Dá bhrí sin, soiléirítear le Teideal Ia, nár cheart a mheas gur seachfhoinsiú atá i gceist, chun críoch an Rialacháin maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, le leithdháileadh acmhainní ar eintiteas sa ghrúpa céanna nó brath ar eintiteas den sórt sin feidhmeanna áirithe a dhéanamh. Soiléirítear freisin nár cheart suíomh geografach eintitis, ar a leithdháiltear acmhainní nó ar a mbraitear chun feidhmeanna áirithe a dhéanamh, a bheith ábhartha do mheasúnú an údaráis inniúil ar chomhlíontacht an ionaid trádála lena gceanglais eagraíochtúla.
Stádas ‘Oibreoir Margaidh Uile-Eorpach’ a chruthú
Cruthaítear leis an togra stádas nua mar ‘Oibreoir Margaidh Uile-Eorpach’ (OMUE), lena gceadaítear oibriú roinnt ionaid trádála i mbreis agus Ballstát amháin ar bhonn ceadúnas aonair. Má ghlacann OMUE ionaid trádála atá ann cheana ar láimh, déantar foráil leis an togra go measfaí go bhfuil an t‑údarú/na húdaruithe aonair, faoinar oibrigh na hionaid sin, ar neamhní a luaithe a d’eiseofaí an t‑údarú OMUE nua. Leagtar amach le Teideal Ia an nós imeachta um údarú go mion, chomh maith leis na ceanglais is infheidhme maidir le OMUEnna. Soiléirítear leis an togra chomh maith, gur cheart do OMUE a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann na hionaid trádála a oibríonn sé na ceanglais is infheidhme maidir le margaí rialáilte, saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe, de réir mar is iomchuí. Ar deireadh, maidir leis na réimsí dlí nach bhfuil comhchuibhithe go fóill (e.g. dlí cánachais) nó nach bhfuil comhchuibhithe ina n‑iomláine go fóill (e.g. rialacha maidir le trédhearcacht) faoi dhlí an Aontais, soiléirítear leis an togra, i gcás gach ionaid trádála, gur cheart do OMUE dlí an Bhallstáit, ina meastar go bhfuil an t‑ionad trádála lonnaithe nó á oibriú, a chur i bhfeidhm, agus gur cheart údarás faireacháin an Bhallstáit, ina meastar go bhfuil ionad arna oibriú ag OMUE lonnaithe nó á oibriú, a bheith san údarás faireacháin náisiúnta ábhartha. Anuas air sin, i gcás ina nglacann OMUE oibriú ionaid trádála atá údaraithe cheana féin ar láimh, soiléirítear gur cheart a mheas go bhfuil an t‑ionad trádála sin lonnaithe nó á oibriú sa Bhallstát inar údaraíodh é i dtosach.
Rochtain Oscailte
Faoin togra seo, chuíchóireofaí na rialacha faoina mbeadh rochtain ag ionad trádála ar sheirbhísí CPL (Airteagal 35 den Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais) agus faoina mbeadh rochtain ag CPL ar fhothaí trádála ionaid trádála (Airteagal 36 den Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais) lena áirithiú nach mbeadh moill gan údar le rochtain den sórt sin agus nach ndiúltófaí an rochtain sin ach amháin i gcás ina mbeadh rioscaí córasacha suntasacha nó rioscaí maidir le feidhmiú ordúil na margaí ag gabháil léi. Thairis sin, bheadh an cleachtas margaidh dá ngairtear ‘imréiteach fabhraithe’ toirmiscthe i gcás ina roghnódh dhá pháirtí imréiteach a dhéanamh ag CPLanna difriúla a bhfuil rochtain, ar ionad trádála faoi leith, deonaithe dóibh cheana féin agus a bhfuil socruithe idir‑inoibritheachta curtha i bhfeidhm acu cheana féin.
Feabhsú na teilitéipe comhdhlúite
De réir an Rialacháin maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, mar atá faoi láthair, ní thugtar sa teilitéip chomhdhlúite do scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán faisnéis maidir le céannacht an ionaid trádála a bhfuil an tairiscint agus an praghas tairisceana is fearr aige, ná ar dhoimhneacht an leabhair trádála. I bhfianaise a thábhachtaí atá an fhaisnéis sin d’úsáideoirí na teilitéipe comhdhlúite, cuireann an togra leis an teilitéip í. Chomh maith leis sin, leis an togra feabhsaítear an trédhearcacht maidir le luachaintí ó inmheánaitheoirí córasacha maidir le horduithe de thionscnamh cliaint mhiondíola.
Airteagal 4 – Leasuithe ar an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús
Nuachóiriú an chreata rialála do sheirbhísí TLU
Leasaítear Airteagal 2 den Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús chun foráil a dhéanamh maidir le soláthar seirbhísí TLU le teicneolaíocht mórleabhar dáilte. Go sonrach, leasaítear na sainmhínithe atá ann cheana, is iad sin ‘cuntas reatha’, ‘airgead tirim’ agus ‘cuntais urrús’, agus cuirtear na sainmhínithe ‘teicneolaíocht mórleabhar dáilte’ agus ‘comhartha ríomh-airgid’ isteach. Ar an gcaoi chéanna, leasaítear Airteagal 30, a bhaineann le seachfhoinsiú, chun soláthar sheirbhísí TLU le teicneolaíocht mórleabhar dáilte a chumhdach agus tugtar isteach airteagal nua (Airteagal 45a) maidir le rioscaí a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte lasmuigh de shocrú seachfhoinsithe. Ar deireadh, leasaítear an creat a leagtar amach i dTeideal IV le haghaidh shocrú na gné airgid d’idirbheart urrús chun gur féidir socraíocht a dhéanamh, faoi dhálaí sonracha, le comharthaí ríomh-airgid áirithe arna n‑údarú faoin Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní.
Maoirseacht ar TLUnna suntasacha
Leasaítear Airteagal 11 den Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús chun údarás maoirseachta dírí a thabhairt do ESMA ar TLUnna suntasacha agus cuirtear airteagal nua, Airteagal 11a, isteach chun na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagan amach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na TLUnna AE atá ‘suntasach’. Ós rud é gur ESMA a bheidh ina mhaoirseoir díreach ar TLUnna suntasacha, leasaítear Airteagal 2 chun an sainmhíniú ar ‘údarás inniúil’ a athrú agus cuirtear isteach sainmhíniú nua ar ‘údarás inniúil náisiúnta’. Leasaítear Airteagal 10 chun ról nua ESMA mar mhaoirseoir a léiriú. Leasaítear Teideal V maidir le smachtbhannaí freisin, chun ról nua ESMA a léiriú, agus liostaítear in iarscríbhinn nua, Iarscríbhinn II, na sáruithe ar féidir le ESMA smachtbhannaí a fhorchur ina leith.
Leasaítear Airteagal 24a chun na coláistí do TLUnna suntasacha a dhíothú agus leasaítear Airteagail 15, 16, 17, 19, 20, 21, 21a, 22b, 27b, 60 agus 62 chun na nósanna imeachta éagsúla a choigeartú chun ról nua ESMA a chur san áireamh. Áirítear leis sin mar shampla, deireadh a chur leis an ngá atá le tuairim ó ESMA, i gcás ina bhfuil TLUnna suntasacha i gceist. Le hAirteagal 10 tugtar tuilleadh sonraí maidir le cumhachtaí formhaoirseachta agus maoirseachta ESMA i ndáil le TLUnna suntasacha.
I bhfianaise chumhachtaí nua ESMA i ndáil le TLUnna suntasacha, leagtar amach in airteagal nua, Airteagal 25a, an creat le haghaidh táillí maoirseachta is féidir le ESMA a ghearradh.
Comhtháthú sheirbhísí TLU
Leasaítear Airteagal 14 chun forálacha níos mionsonraithe a sholáthar maidir leis an gcomhar idir ESMA, údaráis ábhartha, agus údaráis inniúla náisiúnta.
Leasaítear Airteagal 2 chun sainmhíniú ar an téarma ‘mol TLU’ a thabhairt isteach, agus leagtar amach in airteagal nua, Airteagal 48a, an nós imeachta lena gcinnfidh ESMA cé na TLUnna de chuid an Aontais a meastar gur moil TLU iad. Chun rochtain ar na hionstraimí airgeadais uile arna n‑eisiúint in TLUnna an Aontais a éascú, tugtar isteach le hAirteagal 48a ceanglas ar mhoil TLU naisc chómhalartacha a bhunú le moil TLU eile, agus ar TLUnna, nach moil iad, naisc chómhalartacha a bhunú le mol TLU.
Chun TLUnna an Aontais a chomhtháthú a thuilleadh, leasaítear Airteagal 40 chun é a chur de cheangal ar TLUnna an Aontais, a shocraíonn an ghné airgid dá n‑idirbhearta in airgeadra atá ar fáil ar ardán comhtháite de chuid an Aontais, nascadh go díreach leis an ardán sin agus é a chur ar a gcumas dá rannpháirtithe an ghné airgid i gcuntais, arna n‑oscailt ar an ardán sin, a shocrú.
Maidir leis na ceanglais a bhfuil feidhm acu nuair is mian le TLU institiúid creidmheasa a ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, go sonrach nuair a shocraítear an ghné airgid le hairgeadraí nach airgeadraí de chuid an Aontais iad, leasaítear Airteagal 54 chun na ceanglais sin a mhaolú.
Cuirtear Airteagal 19a isteach chun próiseas simplithe a thabhairt isteach maidir le croísheirbhísí a sheachfhoinsiú laistigh de ghrúpa TLUnna.
An córas um nós imeachta an phas do TLUnna a fheabhsú
Agus an aidhm ann na bacainní atá fágtha, i ndáil le nós imeachta an phas do sheirbhísí TLU san Aontas, a bhaint, leasaítear Airteagal 23 chun na n‑éileofar fógra ex post, ach amháin nuair a thosóidh TLU an Aontais ag tairiscint a sheirbhísí d’eisitheoirí atá bunaithe i mBallstát eile, seachas an Ballstát a d’údaraigh TLU.
Airteagal 6 – Leasuithe ar an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann
Maidir leis na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2019/1156 (an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann), is é is aidhm dóibh deireadh a chur le bacainní ar oibríochtaí trasteorann cistí infheistíochta agus cumhachtaí ESMA a neartú chun cultúr maoirseachta comhchoiteann a chothú agus gníomhaíochtaí a chomhordú ar bhealach níos fearr ar fud na n‑údarás inniúil náisiúnta baile agus na n‑údarás inniúil náisiúnta óstach.
Cumarsáid mhargaíochta a chomhchuibhiú
Leasaítear Airteagal 4 den Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann, chun a shoiléiriú gur cheart do BCIManna, bainisteoirí EuVECA agus EuSEF agus cuideachtaí bainistíochta GCUInna a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cumarsáid mhargaíochta, fiú amháin nuair a tharmligtear an fheidhm mhargaíochta do thríú páirtí. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil an mhargaíocht á déanamh ag dáileoirí tríú páirtí a ghníomhaíonn ar a son féin ionas nach mbíonn BCIManna agus cuideachtaí bainistíochta GCUInna i gceannas ar an bhfeidhm mhargaíochta a thuilleadh, ní bhíonn BCIManna agus cuideachtaí bainistíochta GCUInna faoi réir na gceanglas maidir le cumarsáid mhargaíochta. Sonraítear a thuilleadh nach féidir le Ballstáit óstacha aon cheanglas breise a fhorchur ar chumarsáid mhargaíochta, cé is moite de na cinn a leagtar síos in Airteagal 4. Thairis sin, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun formáid agus ábhar na cumarsáide margaíochta a shonrú.
Scriostar Airteagail 5, 6, 8, 11 agus 13 den Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann chun cleachtais náisiúnta éagsúla maidir le cumarsáid mhargaíochta agus íocaíocht táillí agus muirir rialála a laghdú.
Cuirtear Airteagal 7 nua in ionad Airteagal 7 den Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann, lena sonraítear nach gceanglóidh údaráis inniúla na mBallstát óstach go dtabharfaí réamhfhógra maidir le cumarsáid mhargaíochta, ach i gcás ina gcreideann siad nach gcomhlíonann cumarsáid mhargaíochta ceanglais Airteagal 4, féadfaidh siad a iarraidh ar údaráis inniúla Bhallstát baile BCIM, bhainisteoir EuVECA nó EuSEF nó GCUI na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun tuilleadh neamhrialtachtaí a chosc, nó pionós a ghearradh orthu. Thairis sin, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA mura bhfuil siad sásta leis na gníomhaíochtaí a rinne na húdaráis inniúla baile.
Trédhearcacht a mhéadú maidir le táillí agus costais arna ngearradh ag Ballstáit óstacha
Leasaítear Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1156 chun ESMA a shainordú faisnéis cothrom le dáta maidir leis na táillí agus muirir rialála, arna bhforchur ag údaráis inniúla óstacha ar BCIManna, bainisteoirí EuVECA, bainisteoirí EuSEF agus bainisteoirí GCUInna a mhargaíonn CIManna nó GCUInna ina gcríoch, a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta, lena n‑áirítear leibhéal agus minicíocht na dtáillí sin agus na modhanna íocaíochta.
Feabhas a chur ar an gcóras um nós imeachta an phas do GCUInna agus CIManna
Scriostar Airteagal 12 den Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann, agus cuirtear cumhacht nua do ESMA ina ionad, lenar féidir ardán sonraí a fhorbairt ar a n‑áireofaí faisnéis maidir le CIManna agus GCUInna a ndéantar margaíocht orthu ar bhonn trasteorann, an doiciméadacht arna soláthar mar chuid den fhógra margaíochta agus aon athrú air sin, agus na fógraí i dtaca le socruithe margaíochta arna gcur ar ceal.
Caibidil XI, mar a bhíodh, de Threoir 2009/65/CE agus Airteagail 30a, 31, 32 agus 32a de Threoir 2011/61/AE lena rialaítear margaíocht GCUInna agus CIManna AE arna mbainistiú ag BCIManna AE ar fud an Aontais; tugtar iad sin isteach i Rialachán (AE) 2019/1156 agus leasaítear iad chun nósanna imeachta, um fhógra margaíochta a thabhairt agus a chur ar ceal, a bharrfheabhsú agus chun margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna a éascú. Go sonrach, comhlánaítear Rialachán (AE) 2019/1156 chun cead a thabhairt do GCUInna agus BCIManna margaíocht a dhéanamh ar chistí i mBallstát seachas a mBallstát baile, ach an rún sin a chur in iúl ina n‑iarratas ar údarú agus tarchur mar chuid dá ndoiciméadacht údarúcháin atá nasctha le margaíocht a dhéanamh ar GCUInna nó CIManna i mBallstáit eile (e.g. cumarsáid mhargaíochta, doiciméad na faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir, an réamheolaire, an tuarascáil bhliantúil). Ar dheonú an údaraithe dóibh, tarchuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI nó an BCIM an fhaisnéis sin chuig ardán sonraí ESMA agus is féidir leis an GCUI nó an BCIM sin margaí na mBallstát a luaitear ina n‑iarratas ar údarú a rochtain ó dháta an tarchuir sin ar aghaidh. Comhlánaítear Rialachán (AE) 2019/1156 a thuilleadh chun nósanna imeachta sonracha a thabhairt isteach nuair a dhéantar athruithe ar raon feidhme an fhógra margaíochta bhunaidh, lena n‑áirítear athruithe ar an mBallstát ina bhfuil margaíocht le déanamh ar aonaid nó scaireanna GCUInna nó CIManna.
Maidir le hAirteagail 32a de Threoir 2011/61/AE agus 93a de Threoir 2009/65/CE, mar a bhíodh, tugtar isteach iad chuig Rialachán (AE) 2019/1156 agus leasaítear iad chun na socruithe maidir le fógra a chur ar ceal, a shimpliú, is é sin fógra arna dhéanamh maidir le margú aonad nó scaireanna GCUInna nó CIManna. Cuirtear deireadh leis an toirmeasc 36 mhí atá ann maidir le réamh-mhargaíocht a dhéanamh ar aonaid nó scaireanna CIManna AE lena bhfuil straitéisí infheistíochta comhchosúla sa Bhallstát arna shainaithint san fhógra arna chur ar ceal.
Maoirseacht ar GCUInna agus CIManna a ndéantar margaíocht orthu ar fud an Aontais
Comhlánaítear an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann chun na cumhachtaí, atá ag údaráis inniúla óstacha an BCIM agus an GCUI i leith CIManna agus GCUInna a ndéantar margaíocht orthu ina gcríocha, a shonrú. Forlíontar Rialachán (AE) 2019/1156 a thuilleadh chun ESMA a chumhachtú chun gníomhaíochtaí a shainaithint agus a shaothrú chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí maoirseachta éagsúla, dúblacha, iomarcacha agus easnamhacha lena gcuirtear bac ar mhargaíocht trasteorann CIManna de chuid an Aontais arna mbainistiú ag BICM de chuid an Aontais agus GCUInna ar fud an Aontais. Ina theannta sin, leasaítear an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann chun an chumhacht a dheonú do ESMA idiragairt a dhéanamh i gcás nach gcuireann na húdaráis náisiúnta rialacha an Aontais i bhfeidhm go héifeachtach, nó margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna a chur ar fionraí go díreach, i gcásanna áirithe.
Ar deireadh, forlíontar an Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann chun a shoiléiriú gur cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann aon easaontas maidir le measúnuithe, gníomhaíochtaí, nó neamhghníomhartha a atreorú chuig ESMA, agus gur cheart do ESMA iad sin a réiteach i gcomhréir leis na cumhachtaí arna dtabhairt dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 8 – Leasuithe ar an Rialachán AE maidir le Córas Píolótach TML
Leis an togra seo leasaítear Córas Píolótach TML (Rialachán (AE) 2022/858) freisin chun solúbthacht agus comhréireacht an chórais a mhéadú, chomh maith lena scála agus a raon feidhme a mhéadú agus chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní i ndáil le marthanacht an chórais trí dheireadh a chur le teorainneacha ama na gceadanna arna ndeonú faoin gcóras píolótach.
Raon feidhme ionstraimí incháilithe agus scála gníomhaíochtaí a leathnú agus a dhéanamh níos solúbtha
Leasaítear Airteagal 2 chun coincheapa nua a thabhairt isteach. I measc cinn eile, tá ionad trádála TML á thabhairt ar an mbonneagar trádála sa Chóras Píolótach chun a léiriú go bhféadfaí córas trádála iltaobhach agus saoráid trádála eagraithe araon a oibriú faoin gCóras Píolótach. Leasaítear Airteagal 3 chun teorainneacha reatha an chórais phíolótaigh a dhéanamh níos solúbtha, maidir leis na cineálacha ionstraimí airgeadais atá incháilithe chomh maith le scála na gníomhaíochta is féidir a dhéanamh sna hionstraimí sin. Maidir le scála gníomhaíochtaí, choinneofaí leis an togra luach díola comhiomlánaithe uasta iomlán na n‑ionstraimí airgeadais TML uile is féidir a ligean isteach chun trádáil nó a thaifeadadh ar bhonneagar margaidh TML, ach d’ardófaí é chuig EUR 100 billiún. Ar deireadh, chuirfí deireadh leis an tairseach tháirge‑shonrach.
Córas simplithe a chruthú do bhonneagair mhargaidh TML atá níos lú
Leasaítear Airteagal 3 a thuilleadh agus cuirtear airteagal nua, Airteagal 7a, isteach chun córas simplithe a thabhairt isteach d’oibreoirí bonneagar TML atá níos lú agus a sholáthraíonn seirbhísí TLU, fad agus a fhanann siad faoi bhun na tairsí, arb é atá ann EUR 10 mbilliún, ar a mhéad, de luach díola iomlán ionstraimí airgeadais TML taifeadta. Leis an gcóras simplithe ghabhfadh rialacha a oiriúnaítear do scála na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag oibreoirí beaga. Ag brath ar na gníomhaíochtaí a bhfuil sé i gceist ag iarratasóirí ar an gcóras simplithe a dhéanamh, cheanglófaí orthu údarú foluiteach a bheith acu, amhail ceadúnas do SSCS, TLU nó gnólacht infheistíochta, ionas go mbeidís incháilithe. Bheadh na heintitis a d’oibreodh faoin gcóras simplithe faoi réir fothacar sonraithe forálacha de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 lena mbaineann cur chuige níos comhréirí a bheadh bunaithe ar phrionsabail i leith na rialála ar sholáthar sheirbhísí TLU ar mhionscála.
Raon feidhme eintiteas incháilithe a leathnú
Leasaítear Airteagal 4 chun raon feidhme na n‑eintiteas, is féidir ionad trádála TML agus córas trádála agus socraíochta TML a oibriú, a leathnú chun soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní (SSCSanna), atá údaraithe chun ardán trádála cripteashócmhainní a oibriú, a áireamh, anuas ar ghnólachtaí infheistíochta agus TLUnna. SSCSanna a bhfuil cead acu bonneagar margaidh TML a oibriú, bheidís faoi réir na gceanglas a leagtar amach i rialacha an Aontais maidir le trádáil agus iarthrádáil (Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014) fad a thairbheoidís de dhíolúintí spriocdhírithe agus inchosanta, ar nós oibreoirí eile de bhonneagair mhargaidh TML.
Díolúintí breise maidir le hiarratasóirí a oibríonn ionad trádála TML agus córais socraíochta TML
Tugtar isteach airteagail nua, Airteagail 4a agus 5a, chun an fhéidearthacht a thairiscint d’oibreoirí bonneagar margaidh TML díolúintí a fháil, faoi réir coinníollacha dochta áirithe, ó réimse leathan forálacha de Threoir 2014/65/AE, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i gcás ina bhfuarthas nach luíonn siad le húsáid teicneolaíochta mórleabhar dáilte, nó nach bhfuil siad i gcomhréir mórán le húsáid TML. Sula ndeonófaí díolúintí maidir le forálacha sonracha, ní mór d’údaráis inniúla tuairim neamhcheangailteach a lorg ó ESMA.
Rialacha sonracha d’oibreoirí córais socraíochta TML a shocraíonn íocaíochtaí le hairgead bainc tráchtála agus comharthaí ríomh-airgid
Leasaítear Airteagal 5 chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí córais socraíochta TML institiúidí creidmheasa a ainmniú do shocrú íocaíochtaí le hairgead bainc tráchtála a shásaíonn ceanglais stuamachta agus chaipitil Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a bheidh in ann tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile seachas seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta chun críche socraíochta. A mhéid a bhaineann le socrú íocaíochtaí le comharthaí ríomh-airgid, soiléirítear gur cheart don chineál céanna institiúidí creidmheasa, is féidir íocaíochtaí a shocrú le hairgead bainc tráchtála, formhór na seirbhísí coimhdeacha baincéireachta lena ngabhann comharthaí ríomh-airgid a sholáthar.
Soláthar sheirbhísí TLU aonair, scéimeanna socraíochta agus idir‑inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh TML
Tugtar isteach na hairteagail nua, Airteagail 10a go 10f, ar an gcéad dul síos, chun foráil a dhéanamh maidir le rialáil sheirbhís-shonrach ar dhá chroísheirbhís TLU, an tseirbhís nótaire agus an tseirbhís cothabhála lárnach, agus, ar an dara dul síos, chun samhail nua don tsocraíocht a thabhairt isteach, a bhraitheann ar leabharchoimeádaithe TML a bhfuil rochtain acu ar airgead bainc ceannais. Áirithítear, leis na hairteagail sin, maoirseacht chuimsitheach ar na bealaí nua sin chun croísheirbhísí TLU a sholáthar. Maidir leis an tseirbhís nótaire TML agus an tseirbhís cothabhála lárnach TML araon, féadann gnólacht infheistíochta, margadh rialáilte, institiúid creidmheasa, TLU, nó SSCS na seirbhísí sin a sholáthar nuair a fhaigheann siad cead sonrach chun an tseirbhís sin a sholáthar, tar éis dóibh comhlíontacht i ndáil leis na forálacha is infheidhme de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a léiriú. Dá dheasca sin, beidh sé indéanta ionstraimí airgeadais TML a eisiúint agus a thaifeadadh lasmuigh de TLU, ach beidh ceanglas ann na hionstraimí sin a shocrú le bonneagar margaidh rialáilte. Thairis sin, beidh socraíocht ionstraimí airgeadais TML indéanta idir leabharchoimeádaithe TML a bhfuil rochtain acu ar chuntais airgid bainc ceannais. Beidh ar na leabharchoimeádaithe TML sin a bheith ina gcuid de scéim socraíochta, ar tacar rialacha agus nósanna imeachta í arna chomhaontú idir rannpháirtithe chun ionstraimí airgeadais TML a shocrú, agus nach mór do ESMA measúnú a dhéanamh air agus údarú a thabhairt ina leith roimh ré. Beidh ar an scéim socraíochta agus leabharchoimeádaithe TML rannpháirteacha roinnt ceanglas a chomhlíonadh, lena n‑áirithítear torthaí socraíochta téagartha, agus tuairisciú do ESMA go tráthrialta.
Ar deireadh, le hairteagal nua, Airteagal 10g, ceanglaítear ar eintitis atá gníomhach sa slabhra luacha iarthrádála sa Chóras Píolótach, agus lasmuigh de, caighdeáin theicniúla a bhunú lena dtacaítear le hidir‑inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh TML, agus oibleagáid ann tuairisciú faoina gcuid oibre do ESMA. Agus iarrachtaí an tionscail á gcur san áireamh, ceanglaítear ar ESMA comhairle theicniúil a sholáthar don Choimisiún maidir le tacú le hidir‑inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh TML.
Airteagal 9 – Leasuithe ar an Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní
Maoirseacht ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a aistriú
Leis na leasuithe ar an Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní, Rialachán (AE) 2023/1114 (MiCA), féachtar leis an údarú, faireachán agus maoirseacht a bhaineann leis na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní (‘SSCSanna’) uile, a aistriú ó na húdaráis inniúla náisiúnta chuig ESMA. I ndáil leis sin, leasaítear na sainmhínithe in Airteagal 3 agus na forálacha de Theidil V agus VI (Airteagail 59-92) de Rialachán MiCA chun go mbeidh ESMA freagrach as an údarú, faireachán agus maoirseacht ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, lena n‑áirítear na forálacha a bhaineann le drochúsáid mhargaidh i gcás na hearnála cripteashócmhainní.
Cóireáil eintiteas airgeadais áirithe a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní
Tá cead cheana féin ag gnólachtaí áirithe atá faoi réir ghníomhartha reachtacha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais na seirbhísí cripteashócmhainní uile nó roinnt díobh a sholáthar gan ceangal a bheith orthu údarú a fháil mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní faoi MiCA. Leanfaidh na húdaráis inniúla, a dheonaigh an t‑údarú faoi Ghníomhartha Comhphobail eile, de mhaoirseacht a dhéanamh ar na heintitis sin i dtaobh a gcuid gníomhaíochtaí cripteashócmhainní. Mar sin féin, i gcás inarb é soláthar seirbhísí cripteashócmhainní príomhghníomhaíocht na n‑eintiteas sin, caithfear leo mar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus aistreofar an mhaoirseacht ar a gcuid gníomhaíochtaí uile chuig ESMA. Chun an dualgas sin a chomhlíonadh, déantar foráil gur cheart do ESMA comhaontuithe comhair a bhunú leis na húdaráis inniúla a d’údaraigh na heintitis sin faoi ghníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Ar bhonn an chomhaontaithe comhair, cuirfidh na húdaráis inniúla sin tacaíocht agus cúnamh ar fáil do ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/1114. Ós rud é go bhfuil córas láraithe maoirseachta baincéireachta ann cheana féin, lena n‑áirithítear comhtháthú agus comhsheasmhacht i dtaca le maoirseacht, níor cheart aon chumhacht mhaoirseachta a aistriú i gcás inar institiúid creidmheasa an t‑eintiteas atá ag soláthar seirbhísí cripteashócmhainní.
Cumhachtaí maoirseachta ESMA
Chun a dhualgais mhaoirseachta faoi MiCA a chomhlíonadh, lena n‑áirítear imscrúdú ar sháruithe ar na rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh, tugtar isteach leis an leasú cuid nua maidir le cumhachtaí maoirseachta agus inniúlachtaí ESMA i dTeideal VII (Airteagail 138a–138j). Gabhann iarscríbhinn nua, Iarscríbhinn VII, leis sin, lena liostaítear na sáruithe féideartha ar fhorálacha i dTeidil V agus VI i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus daoine eile. Braithfidh ESMA ar na cumhachtaí maoirseachta nua arna dtabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus na cumhachtaí earnáilsonracha a thugtar isteach i gCaibidil 6, atá nua, de Theideal VII. Áirítear ar na cumhachtaí sin cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, bearta maoirseachta a dhéanamh agus fíneálacha a fhorchur. Cumhachtaítear do ESMA réimse beart maoirseachta a dhéanamh, lena n‑áirítear, ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas; ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní deireadh a chur leis an sárú, fionraí a chur ar sholáthar na seirbhísí cripteashócmhainní, an t‑údarú a tharraingt siar i gcásanna áirithe.
Comhar le húdaráis eile agus cúnamh chun cúraimí a dhéanamh
Cumhachtaítear do ESMA faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i mBallstáit agus tríú tíortha chun a fhreagrachtaí maoirseachta a dhéanamh go héifeachtach, chomh maith le comhar a dhéanamh le húdaráis ábhartha eile agus leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (Airteagail 138c–138f).
Forálacha idirthréimhseacha
Chun cur isteach ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá ann cheana a sheachaint, tugtar isteach leis an leasú forálacha idirthréimhseacha (Airteagal 143a) chun aistriú réidh na maoirseachta ó údaráis inniúla náisiúnta chuig ESMA a áirithiú agus tarchur réidh comhad agus doiciméad oibre ó údaráis inniúla náisiúnta chuig ESMA. Déantar foráil freisin maidir le hidirthréimhse d’iarratasóirí, a bhfuil measúnú á dhéanamh ag údaráis inniúla náisiúnta ar a n‑iarratas ar údarú SSCS, ach nach bhfuil tugtha i gcrích go fóill.
Airteagal 5 agus Airteagail 10 go 14 – Leasuithe ar an Rialachán maidir le hIdirbhearta Maoinithe Urrús, an Rialachán maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa, an Rialachán maidir le Tagarmharcanna, an Rialachán Urrúsúcháin, an Rialachán maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus an Rialachán maidir le Rátálacha ESG
Leis na leasuithe a thugtar isteach in Airteagail 5 agus 10 go 14, cuíchóirítear an creat maoirseachta agus forfheidhmiúcháin is infheidhme maidir le stórtha trádála, gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, riarthóirí tagarmharcanna, stórtha urrúsúcháin, athbhreithneoirí seachtracha ar Bhannaí Glasa Eorpacha agus soláthraithe rátálacha ESG, le hailíniú a gcóras nós imeachta leis an gcreat maoirseachta cothrománach arna bhunú faoi Rialachán ESMA. Maidir le líon mór forálacha nós imeachta earnáilsonracha – go háirithe iad sin lena rialaítear cumhachtaí imscrúdaitheacha, fíneálacha, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, agus próisis chinnteoireachta ghaolmhara – scriostar iad agus cuirtear tagairtí don bhosca uirlisí comhdhlúite in Airteagail 39a go 39m de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina n‑ionad. Leis an athrú sin, cuirtear deireadh le rialacha nósanna imeachta dúblacha, atá neamh-chomhsheasmhach uaireanta, atá leabaithe i ngníomhartha earnálacha ar leithligh agus cuirtear tacar comhleanúnach intuartha amháin nósanna imeachta um maoirseacht ina n‑ionad. An tráth céanna, tugtar na gníomhartha cothrom le dáta chun a áirithiú go gcoinníonn ESMA na cumhachtaí uile atá riachtanach chun maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis ábhartha, lena n‑áirítear an chumhacht chun úsáid rátálacha creidmheasa a chur ar fionraí, fíneálacha a fhorchur, nó maoirseacht a dhéanamh ar athbhreithneoirí seachtracha, fad a chomhchuibhítear forálacha maidir le socrú táillí trí bhíthin córas trasghearrthach bunaithe ar láimhdeachas. Leis na leasuithe sin le chéile, laghdaítear an ilroinnt, feabhsaítear soiléireacht dhlíthiúil agus éifeachtúlacht oibríochtúil, agus áirithítear go ndéantar maoirseacht trasearnála de réir creat aontaithe nós imeachta, fad a chaomhnaítear rialacha earnáilsonracha i gcás ina mbíonn siad sin fíor-riachtanach.
2025/0383 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, Uimh. 648/2012, Uimh. 600/2014, Uimh. 909/2014, 2015/2365, 2019/1156, 2021/23, 2022/858, 2023/1114, Uimh. 1060/2009, 2016/1011, 2017/2402, 2023/2631 agus 2024/3005 a mhéid a bhaineann le tuilleadh forbartha a dhéanamh i ndáil leis an gcomhtháthú margaidh caipitil agus maoirseacht laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta ina cuid de straitéis an Choimisiúin chun fís den Aontas mar cheannasaí láidir eacnamaíoch a sholáthar. Chun na críche sin, is gá margaidh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais a bhunú trí bhíthin aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí a eascraíonn as ilroinnt, agus margaí caipitil Eorpacha, atá comhtháite i bhfírinne agus inrochtana do na saoránaigh agus gnólachtaí uile ar fud an Aontais, a chruthú. Tá sé tábhachtach freisin go mbainfí leas as acmhainneacht mhargaí airgeadais an Aontais le soláthar rochtain ar mhaoiniú níos éifeachtúla bunaithe ar an margadh caipitil agus sreabha caipitil trasteorann a éascú, ar cheart dóibh tacú le geilleagar an Aontais, cruthú fostaíochta a spreagadh agus feabhas a chur ar an iomaíochas.
(2)Is gá margadh caipitil rianúil a chothú ar fud an Aontais ach an creat maoirseachta a neartú agus aghaidh a thabhairt ar ilroinnt rialála, lena n‑áirithítear comhtháthú níos fearr i ndáil le margaí caipitil ar fud an Aontais. Go sonrach, cé gur cheart próiseas faoi stiúir an mhargaidh a bheith i gcomhtháthú margaí caipitil san Aontas, is féidir le bacainní áirithe a eascraíonn as creat reachtach an Aontais, go háirithe, bac a chur ar an dul chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas díriú ar dheireadh a chur leis na bacainní san earnáil trádála, san earnáil iarthrádála agus san earnáil bainistíochta sócmhainní, agus ar dheireadh a chur leis na bacainní lena gcuirtear isteach ar ghlacadh teicneolaíochtaí nua. De réir mar a leathnaítear an comhtháthú margaidh, tá sé ríthábhachtach go bhforbródh creat maoirseachta an Aontais i gcomhréir leis.
(3)I gcomhthéacs an chuspóra pholaitiúil lena mbaineann simpliú na reachtaíochta seirbhísí airgeadais agus cur chun feidhme níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla i dtaca le beartais an Aontais a sholáthar, sheol an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, ÚSAC, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, litir an 1 Deireadh Fómhair 2025 lenar cealaíodh an tosaíocht a bhain le cumhachtuithe nach bhfuil riachtanach le haghaidh fheidhmiú éifeachtach reachtaíocht Leibhéal 1. I gcás na gcumhachtuithe sin, ar cealaíodh an tosaíocht a bhain leo, i gcás ina mbeadh sé de cheangal dlí ar an gCoimisiún gníomhú (‘déanfaidh + dáta’), d’fheabhsófaí an tsoiléireacht dhlíthiúil do pháirtithe leasmhara nuair a leasófaí an bunghníomh freisin.
(4)Chun margadh caipitil Aontais níos doimhne agus níos comhtháite a fhorbairt, de réir mar atá beartaithe sa Teachtaireacht maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, tá gá le maoirseacht chomhsheasmhach agus éifeachtach ó Bhallstát go chéile. Le cleachtais mhaoirseachta náisiúnta éagsúla, cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil, méadaítear an costas a ghabhann le gníomhaíocht trasteorann agus ilroinntear an margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais, lena gcuirtear bac ar an gcomhtháthú margaidh agus leithdháileadh éifeachtúil caipitil. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, is gá cóineasú maoirseachta a neartú agus, i gcás inarb iomchuí, cúraimí agus cumhachtaí breise a chur ar iontaoibh an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’) chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais a áirithiú, chomh maith le maoirseacht éifeachtach ar eintitis lena mbaineann ábharthacht shuntasach trasteorann.
(5)Chun na críche sin, ba cheart inniúlachtaí breise a thabhairt do ESMA agus ba cheart a creat rialachais agus cistiúcháin a neartú chun cinnteoireacht thrédhearcach, chuntasach agus éifeachtúil ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn agus chun a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag ESMA chun a fhreagrachtaí leathnaithe a chomhlíonadh. Aistriú cumhachtaí maoirseachta dírí chuig ESMA i ndáil le heintitis shuntasacha i réimse an bhonneagair margaidh agus chuig soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní (SSCSanna), in éineacht le huirlisí feabhsaithe um chóineasú maoirseachta, ba cheart go gcuirfidís sin le margadh caipitil níos comhtháite, níos iomaíche agus níos athléimní lena soláthraítear torthaí níos fearr d’infheisteoirí, gnólachtaí agus don gheilleagar trí chéile.
(6)De bhun Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(), ba cheart do ESMA gníomhú de réir na gcumhachtaí arna dtabhairt dó le réimse gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, lena n‑áirítear roinnt Treoracha agus Rialachán a liostaítear ann. Chun a áirithiú go gcuirtear reachtaíocht airgeadais an Aontais i bhfeidhm ina hiomláine, ba cheart do ESMA reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuítear treoracha a chur i bhfeidhm ar bhealach atá i gcomhréir le Dlí an Aontais, ar shlí lena n‑urramaítear tosaíocht Dhlí an Aontais,
(7)Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 1(2) den Rialachán sin freisin gur cheart do ESMA gníomhú de réir na gcumhachtaí arna dtabhairt dó ag aon ghníomh eile de chuid an Aontais, atá ceangailteach ó thaobh dlí de, lena sanntar cúraimí do ESMA. Is gá a áirithiú go gcuimseofaí go huathoibríoch aon reachtaíocht de chuid an Aontais a leanfadh, lena dtugtar cumhachtaí nó feidhmeanna do ESMA, i raon feidhme fhreagrachtaí agus chúraimí ESMA.
(8)Chun leathnú céimneach fhreagrachtaí ESMA i ndáil le maoirseacht dhíreach, imscrúduithe, forfheidhmiú, agus freagrachtaí eile in earnálacha éagsúla den chóras airgeadais, is gá sainmhíniú ar rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht ESMA a thabhairt isteach. Ba cheart a chuimsiú leis an sainmhíniú sin gach rannpháirtí margaidh airgeadais, a bhfuil cumhachtaí tugtha ag ESMA ina leith. Leis an sainmhíniú sin ba cheart comhsheasmhacht agus soiléireacht i ndáil le cumhachtaí maoirseachta ESMA a áirithiú, gan beann ar an ionstraim dlí óna n‑eascraíonn na cumhachtaí sin, agus bunú socruithe coiteanna nós imeachta agus eagraíochtúla le haghaidh maoirseachta agus forfheidhmiú a éascú.
(9)Chun a áirithiú go ndéantar a fhreagrachtaí maoirseachta dírí go héifeachtach, ba cheart do ESMA socruithe comhair struchtúrtha, ach atá solúbtha freisin, a bhunú le húdaráis eile. Ba cheart réimse cásanna a chomhfhreagraíonn do ról athraitheach ESMA a chumhdach leis an gcomhar sin. Leis na socruithe sin, ba cheart freastal, i dtús báire, ar chásanna ina bhfuil údaráis inniúla náisiúnta fós freagrach as eintitis nó gníomhaíochtaí áirithe, ach a scoirfidh de bheith i gceannas ar mhaoirseacht ar eintitis áirithe tar éis do ESMA na cumhachtaí maoirseachta dírí a ghlacadh ar láimh, lena n‑éilítear réitigh idirthréimhseacha chun leanúnachas agus aistriú ordúil freagrachtaí a áirithiú. Ar an dara dul síos, ba cheart a chumhdach leis na socruithe comhair sin cásanna ina bhfuil saineolas ábhartha nó cearta comhairliúcháin faoi dhlí an Aontais ag údaráis eile de chuid an Aontais nó údaráis náisiúnta eile nach bhfuil ag gníomhú nó nár ghníomhaigh mar údaráis náisiúnta, in éineacht le cumhachtaí maoirseachta dírí ESMA, amhail an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le contrapháirtithe lárnacha. Ar an tríú dul síos, ba cheart a chumhdach leis na socruithe comhair sin cásanna nach n‑aistrítear cúraimí chuig ESMA, amhail faireachas margaidh i gcás ionaid trádála. Chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna difriúla sin agus, go háirithe, chun aistriú réidh a áirithiú, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag an Údarás socruithe comhair a bhunú arna n‑oiriúnú don earnáil lena mbaineann, don chineál cúraim agus don mhéid rannpháirtíochta a theastaíonn. D’fhéadfaí a áireamh ar na socruithe sin dlúthchomhar struchtúrtha, lena n‑áirítear bunú comhfhoirne maoirseachta nó déanamh cigireachtaí comhpháirteacha, agus cineálacha níos scaoilte comhordúcháin oibríochtúil agus, de réir a chéile, gníomhaíocht maoirseachta níos féinrialaithí ag an Údarás de réir mar a d’fhorbródh a acmhainneacht. Leis na socruithe comhair sin, ba cheart a bheith in ann iad a choigeartú de réir a chéile le himeacht ama agus, i gcás inarb iomchuí, lonnaíochtaí áitiúla den Údarás a bhunú sna Ballstáit. Leis na socruithe comhair sin, ba cheart maoirseacht éifeachtach atá tíosach ar acmhainní a chur chun cinn, leanúnachas agus comhsheasmhacht torthaí maoirseachta a áirithiú agus freagrachtaí reachtacha agus acmhainní údarás eile a chur san áireamh de réir mar is iomchuí. Ba cheart an comhar a bheith faoi stiúir na bprionsabal a bhaineann le héifeachtúlacht, comhréireacht, iontaoibh fhrithpháirteach agus meon macánta, agus ba cheart úsáid éifeachtach acmhainní a chur chun cinn, fad a chosnaítear neamhspleáchas agus cuntasacht ESMA i ndáil le comhlíonadh a chúraimí. Chun neartú acmhainneachta maoirseachta ESMA de réir a chéile a léiriú agus chun glacadh iomlán éifeachtach a chúraimí maoirseachta a áirithiú, ba cheart do na socruithe comhair a bheith faoi réir athbhreithniú tráthrialta ag ESMA.
(10)In imthosca áirithe, d’fhéadfadh díolúintí sealadacha nó socruithe idirthréimhseacha eile faoi reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais dul in éag roimh theacht i bhfeidhm nó roimh fhorfheidhmiú iomlán forálacha nua nó leasaithe lena dtugtar isteach díolúine bhuan, creat athsholáthair, nó cóireáil rialála nua. Ina theannta sin, d’fhéadfadh forbairtí margaidh suntasacha tarlú, a d’fhágfadh comhlíontacht i ndáil le ceanglais shonracha faoi dhlí an Aontais, mar atá, ar neamhréir, dodhéanta go hoibríochtúil, nó a d’fhágfadh go raibh ualach míchuí ag gabháil léi, go sealadach, i bhfianaise ghnáthdhálaí an mhargaidh agus na gcuspóirí rialála taobh thiar díobh. Chun deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas rialála a áirithiú, agus chun míshocracht neamhriachtanach sa mhargadh a sheachaint, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaidh feidhm a bheith ag an litir i dtaca le gan gníomhú, mar a leagtar amach in Airteagal 9a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás (i) ina dtiocfadh bearna rialála chun cinn agus ceanglais nua á dtabhairt isteach ar bhonn céimneach, nó (ii) ina bhfágfadh dálaí eisceachtúla margaidh go raibh ualaí comhlíontachta neamhréireacha ar rannpháirtithe sa mhargadh.
(11)Chun tacú le comhar idir údaráis agus chun na hardáin nua comhair a éascú, ba cheart don Údarás ardán teicneolaíochta comhfhreagrach a fhorbairt chun bailiú, stóráil, rochtain agus próiseáil sonraí agus faisnéise a éascú. Ba cheart don ardán sonraí sin cur le rialachas sonraí ar ardcháilíocht atá i gcomhréir le prionsabail FAIR (So-aimsithe, Inrochtana, Idir-inoibritheach agus In‑athúsáide) agus ba cheart an teicneolaíocht mhaoirseachta agus uirlisí eile a áireamh ann chun cumais anailíse agus mhaoirseachta na n‑údarás ábhartha a fheabhsú.
(12)Ina cáil mar phróiseálaí sonraí pearsanta, ba cheart don Ghníomhaireacht bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun slándáil, fáil, cothabháil agus forbairt bhogearraí agus bhonneagar TF an ardáin a áirithiú, agus ba cheart a áirithiú go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta, i gcomhthéacs éascú na faisnéise ar an ardán, rochtain ar an bhfaisnéis sin, agus malartú na faisnéise sin, i gcomhréir le dlí an Aontais lena leagtar síos na hoibleagáidí chun na sonraí sin a bhailiú agus a mhalartú, agus i gcomhréir le dlíthe um chosaint sonraí. I gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun Gníomhartha Comhphobail eile, ba cheart don Ghníomhaireacht a hoibleagáidí mar rialaitheoirí, i ndáil leis an bhfaisnéis sin, a chomhlíonadh.
(13)I bhfianaise chumhachtaí ESMA agus a inniúlacht i ndáil le catagóir leathan eintiteas, agus chun feidhmiú éifeachtach comhsheasmhach a chumhachtaí maoirseachta in earnálacha éagsúla a áirithiú, is iomchuí an creat nós imeachta d’fheidhmiú uirlisí maoirseachta, atá riachtanach ionas gur féidir leis an Údarás a chúraimí a dhéanamh, a chuíchóiriú agus a chomhdhlúthú i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Maidir leis na cumhachtaí sin, atá scaipthe ar fud Gníomhartha Comhphobail earnálacha éagsúla, ba cheart, a mhéid is féidir, creat cothrománach aonair, is infheidhme maidir leis na heintitis uile faoi mhaoirseacht dhíreach an Údaráis, a chur ina n‑ionad. Leis an gcreat cothrománach sin, ba cheart tacar comhleanúnach rialacha nós imeachta a sholáthar lena rialaítear iarrataí ESMA ar fhaisnéis, imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair, chomh maith le glacadh beart maoirseachta, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Le hiarrataí den sórt sin ar fhaisnéis, agus le rochtain ar fhaisnéis, lena n‑áirítear le linn imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair, féadfar sonraí pearsanta a chuimsiú a mhéid atá ábhartha agus riachtanach d’fheidhmiú chúraimí an Údaráis, agus ba cheart do phróiseáil na sonraí sin na rialacha is infheidhme den Aontas maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh, go háirithe prionsabal an riachtanais, prionsabal na comhréireachta agus prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra. Thairis sin, ba cheart a áirithiú leis an gcreat cothrománach urramú iomlán na gceart cosanta agus na gceart chun pribhléid ghairmiúil dlíodóra, agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cosaint dlí iomchuí, lena n‑áirítear athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chinntí ESMA. Le socrú creat nós imeachta den sórt sin ar bhealach comhleanúnach aonfhoirmeach, agus le díothú forálacha nós imeachta earnáil‑sonracha, ba cheart don Aontas deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, cóineasú agus éifeachtúlacht mhaoirseachta a chur chun cinn, agus tacú le feidhmiú éifeachtach cuntasach freagrachtaí maoirseachta dírí ESMA. Chun forluí nó neamhréir rialála a sheachaint, chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an tÚdarás a chumhachtaí ar bhealach éifeachtach, chun comhleanúnachas acquis an Aontais a chaomhnú agus an prionsabal, lena ngabhann tosaíocht le rialacha sonracha le hais rialacha ginearálta, a urramú, i gcás ina bhfuil forálacha sonracha i reachtaíocht earnálach atá saincheaptha do chumhachtaí nós imeachta an Údaráis in earnálacha nó réimsí áirithe, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin fós agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart tosaíocht a bheith acu le hais na gcumhachtaí ginearálta a leagtar síos sa Rialachán sin.
(14)Maidir le maoirseacht éifeachtach agus comhar i measc údaráis inniúla i gcomhthéacs soláthar trasteorann seirbhísí airgeadais, tá siad fíor-riachtanach chun infheisteoirí a chosaint agus chun iontaoibh agus muinín as an gcóras airgeadais laistigh den Aontas a chothú. Chun na críche sin, ba cheart uirlisí cóineasaithe maoirseachta feabhsaithe a bheith ag ESMA, lena n‑áirítear sásraí chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna maoirseachta agus uirlisí chun comhar a éascú agus díospóidí idir údaráis inniúla a réiteach chun a áirithiú go mbíonn rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi réir maoirseacht ardcháilíochta.
(15)Chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna maoirseachta cruthaithe i ndáil le formheas táirgí nó seirbhísí airgeadais, nó eintiteas a oibríonn ar fud an Aontais, is gá é a chur ar a chumas do ESMA ceangal a chur ar údarás inniúil a thuairim a lorg sula ndeonófaí formheas i gcás ina nochtar le hathbhreithniú piaraí nó imscrúdú go bhfuil teipeanna maoirseachta ann a d’fhéadfadh sláine margaí airgeadais, cobhsaíocht airgeadais nó cosaint d’infheisteoirí a chur i mbaol. Le próiseas an athbhreithnithe piaraí nó an imscrúdaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, soláthraítear creat téagartha trédhearcach maidir le teipeanna maoirseachta a shainaithint agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. Leis an tuairim ó ESMA ba cheart sraith bhreise grinnscrúdúcháin agus formhaoirseachta a sholáthar, lena n‑áirithítear go gcomhlíonann táirgí agus seirbhísí airgeadais, agus eintitis a oibríonn san Aontas, na caighdeáin mhaoirseachta is airde dá bhfuil ann. Chun cosc a chur ar tháirgí, seirbhísí nó eintitis dul isteach i margadh an Aontais gan maoirseacht leordhóthanach, is gá é a chur ar a chumas do ESMA ceangal a chur, de réir a thuairime féin, ar údaráis inniúla gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa mhaoirseacht arna sainaithint ag ESMA.
(16)Chun malartú faisnéise tráthrialta struchtúrtha a éascú, réitigh a mholadh, agus comhar a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus rioscaí coitianta, agus chun tacú leis an sprioc fhoriomlán, is é sin maoirseacht chomhsheasmhach agus éifeachtach, is gá foráil a dhéanamh maidir le hardáin chomhair idir údaráis inniúla. Ba cheart do na hardáin sin a bheith solúbtha, lena gcuirfí ar a chumas do ESMA iarrataí a thionscnamh nó freagairt d’iarrataí ó údaráis inniúla, agus níor cheart dochar a dhéanamh do na sainorduithe maoirseachta agus na freagrachtaí atá ag na húdaráis inniúla sin cheana. Leis na hardáin chomhair sin ba cheart trédhearcacht, cuntasacht agus cultúr comhlíontachta a chur chun cinn i measc rannpháirtithe margaidh airgeadais, agus ESMA ag feidhmiú a chumhachtaí chun díospóidí a réiteach agus comhlíontacht i ndáil le dlí an Aontais a áirithiú.
(17)De thoradh na heaspa sásra le haghaidh aitheantas frithpháirteach ar chinntí riaracháin, tá deacrachtaí suntasacha ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le haisghabháil fíneálacha riaracháin a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs trasteorann. Chun forfheidhmiú éifeachtach rialacha agus fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair i réimse na seirbhísí airgeadais a áirithiú, is gá sásra a thabhairt isteach le haghaidh aitheantas frithpháirteach ar chinntí lena ngearrtar fíneáil riaracháin agus le haghaidh cúnaimh i ndáil le hiarrataí a fhorfheidhmiú chun fíneáil den sórt sin a aisghabháil, agus ba cheart sásra den sórt sin a bheith bunaithe ar phrionsabal na hiontaoibhe frithpháirtí. Chuige sin, ba cheart an foras, i ndáil le diúltú d’fhorfheidhmiú na hiarrata ar aisghabháil fíneála riaracháin, a bheith teoranta chomh híseal is gá.
(18)Chun cur chuige comhsheasmhach trédhearcach a áirithiú i leith maoiniú gníomhaíochtaí maoirseachta ESMA, is gá na prionsabail, lena rialaítear gearradh táillí ar eintitis faoi inniúlacht ESMA, a leagtar amach ar leithligh i reachtaíocht earnálach lena dtugtar cumhachtaí maoirseachta dírí do ESMA, a chomhchuibhiú agus a chomhdhlúthú. Le bunú prionsabal coiteann maidir le raon feidhme, ríomh agus trédhearcacht táillí den sórt sin, ba cheart cothroime iomaíochta a chur chun cinn i measc eintiteas ar fud earnálacha, cur i bhfeidhm comhréireach costas maoirseachta a áirithiú, agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar d’eintitis atá ann cheana, agus d’eintitis nua a thagann faoi inniúlacht ESMA. Sna táillí sin ba cheart na costais uile arna dtabhú ag ESMA i bhfeidhmiú a gcúraimí maoirseachta a chumhach, lena n‑áirítear, ach gan bheith teoranta do na costais ar obair cóineasaithe maoirseachta san earnáil ábhartha, forbairt, oibriú agus cothabháil uirlisí agus córas TF a bhfuil gá leo le haghaidh maoirseacht dhíreach, chomh maith le costas dímheasta córas den sórt sin agus bonneagair ghaolmhair. Ba cheart ESMA a mhaoiniú go hiomchuí. Is gá a leagan síos, dá bhrí sin, gur cheart ESMA a mhaoiniú trí 50 % ó chistí an Aontais agus 50 % ó ranníocaíochtaí ó Bhallstáit, arna dhéanamh i gcomhréir le hualú na vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha i ndáil leis na cúraimí nua atá beartaithe do ESMA leis an Rialachán seo, nach gcistítear le táillí.
(19)I bhfianaise na n‑inniúlachtaí nua a bheidh ag ESMA, ba cheart a struchtúr rialachais a oiriúnú dá réir. Chun feidhmiú éifeachtach neamhchlaonta ESMA a áirithiú, is gá a rialachas a neartú agus Bord Feidhmiúcháin neamhspleách a thabhairt isteach ar a mbeidh comhaltaí lánaimseartha, rud a d’fheabhsódh a acmhainneacht cinntí gasta dírithe ar an Aontas a dhéanamh, go háirithe i ndáil leis an maoirseacht ar rannpháirtithe margaidh airgeadais. Maidir leis an mBord Feidhmiúcháin, ar a mbeidh Cathaoirleach agus cúigear comhaltaí lánaimseartha neamhspleácha ag a mbeidh taithí éagsúil ar an maoirseacht agus saineolas ar na hearnálacha faoi mhaoirseacht ESMA, ba cheart dó a bheith freagrach as na cinntí do rannpháirtithe margaidh airgeadais i ndáil le hábhair mhaoirseachta. Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin a bheith freagrach freisin as cinntí d’údarás inniúil amháin, nó líon teoranta údarás inniúil, lena n‑áirítear réiteach díospóidí, sáruithe ar dhlí an Aontais agus athbhreithnithe piaraí. Sanntar na cinntí sin don Bhord Feidhmiúcháin chun lúfaireacht agus freagairt na cinnteoireachta a mhéadú agus a áirithiú go gcuirtear leas coiteann Eorpach san áireamh sna cinntí. Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin glacadh le hinniúlacht an Bhoird Bainistíochta reatha freisin, i ndáil le cláir oibre agus buiséad ESMA a ullmhú. Ba cheart a áirithiú leis sin cinntí atá éifeachtach, neamhchlaonta agus dírithe ar an Aontas. Chun trédhearcacht agus rialú daonlathach a áirithiú, ba cheart don Chomhairle comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, bunaithe ar ghearrliosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún agus togra ón mBord Maoirseoirí, tar éis formheas ó Pharlaimint na hEorpa.
(20)Chun scaradh soiléir freagrachtaí agus córas éifeachtach srianta agus ceartúchán a áirithiú, ba cheart don Bhord Maoirseoirí a bheith mar phríomhchomhlacht de chuid ESMA i ndáil le cinntí rialála agus cóineasú maoirseachta. Chun gné an Aontais sa phróiseas cinnteoireachta a fheabhsú laistigh den Bhord Maoirseoirí, ba cheart a chomhdhéanamh a choigeartú chun na comhaltaí lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin a áireamh mar chomhaltaí vótála i dtaca le cinntí maoirseachta. Chun cur chuige cothrom a áirithiú, chomh maith le dearcthaí náisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a bheith ag an mBord Maoirseoirí diúltú do mhórchinntí maoirseachta arna ndéanamh ag an mBord Feidhmiúcháin laistigh de 10 lá (nó 48 uair an chloig i gcásanna práinneacha), fad ba cheart a cheangal ar an mBord Feidhmiúcháin tuairisciú don Bhord Maoirseoirí faoi dhó in aghaidh na bliana i ndáil lena ghníomhaíochtaí maoirseachta agus ba cheart dó a bheith in ann tuairimí maidir le hábhair mhaoirseachta a iarraidh.
(21)Is gá an clásal athbhreithniúcháin de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chuíchóiriú agus a ailíniú le ceanglais mheastóireachta atá ann cheana ar na gníomhaireachtaí, mar a leagtar amach sa
Ráiteas Comhpháirteach agus sa Chur Chuige Coiteann
maidir le gníomhaireachtaí láraithe an Aontais
í mí Iúil 2012, lena ndéantar foráil maidir le meastóireachtaí tréimhsiúla gach 5 bliana in ionad gach 3 bliana. Maidir leis na hathbhreithnithe spriocdhírithe dá ndéantar foráil sa Rialachán sin, ag tosú 5 bliana tar éis an dáta teacht i bhfeidhm, cuirtear iad in ionad na meastóireachtaí agus cuirtear ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar ghnéithe ábhartha fheidhmíocht ESMA tar éis tréimhse leordhóthanach ama. Tá an cur chuige sin i gcomhréir leis an gcuspóir a bhaineann le hualaí rialála a laghdú agus creat rialála níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a chur chun cinn, lena bhfágtar gur féidir cinntí níos eolasaí a dhéanamh maidir le simplithe agus feabhsuithe féideartha.
(22)Tá contrapháirtithe lárnacha (‘CPLanna’) laistigh den Aontas údaraithe agus faoi mhaoirseacht, faoi láthair, ag údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, i gcomhar le ESMA agus coláistí CPL. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le gníomhaíocht mhaoirseachta a chomhchuibhiú do CPLanna san Aontas, tá cleachtais mhaoirseachta éagsúla fós ann do CPLanna i measc na n‑údarás náisiúnta sin ar fud an Aontais, lena gcruthaítear éagothroime iomaíochta i measc CPLanna laistigh den Aontas. Leis sin méadaítear castacht chreat CPL an Aontais agus cuirtear ualach breise agus costais bhreise ar CPLanna laistigh den Aontas, lena n‑áirítear nuair a chuirtear iad i gcomparáid le CPLanna ar Leibhéal 2 a ndéanann ESMA maoirseacht dhíreach orthu. Le forbairt margaí caipitil an Aontais níos doimhne agus níos leachtaí faoin Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, d’fhéadfadh an éagothroime iomaíochta sin an baol go dtarlódh arbatráiste maoirseachta, agus dreasachtaí d’arbatráiste maoirseachta, a mhéadú, a bhféadfadh saincheisteanna cobhsaíochta airgeadais a bheith mar thoradh air faoi seach. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go gcuirtear na ceanglais stuamachta, eagraíochtúla agus iompair gnó le haghaidh CPLanna laistigh den Aontas i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, go háirithe i gcás CPLanna a bhfuil gníomhaíocht shubstaintiúil imréitigh acu, ba cheart do CPLanna a bhfuil gné ábhartha trasteorann acu, agus CPLanna atá mar chuid de ghrúpa lena n‑áirítear bonneagair mhargaidh eile a bhfuil maoirseacht ag ESMA orthu, a bheith faoi mhaoirseacht ESMA mar gheall ar a shaineolas agus a thaithí i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Maidir le CPLanna lena ngabhann gníomhaíocht íseal imréitigh agus seasamh intíre den chuid is mó, a meastar níos lú suntais a bheith ag baint leo, ba cheart dóibh leanúint de thairbhiú de mhaoirseacht údarás áitiúil ag a bhfuil cur amach níos fearr ar mhargaí baile.
(23)Chun cinneadh a dhéanamh faoi na CPLanna, a údaraítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ar cheart iad a mheas mar CPLanna suntasacha, agus a bheith faoi réir maoirseacht ag ESMA dá réir sin, is gá critéir shoiléire oibiachtúla a sholáthar, ar cheart gníomhaíochtaí agus rioscaí na CPLanna lena mbaineann a léiriú leo. D’fhonn simpliú a dhéanamh agus ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint, níor cheart athúdarú a thabhairt do CPL atá ann cheana, ar cinneadh ina leith gur CPL suntasach é tráth níos déanaí.
(24)Údaráis inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar CPLanna nach bhfuil chomh suntasach céanna, ba cheart comhar níos láidre a bheith acu le ESMA chun cur chuige comhsheasmhach i leith maoirseachta a áirithiú agus chun cothroime iomaíochta a áirithiú do CPLanna dá réir. I gcás inar mian leo déanamh amhlaidh, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit ESMA a ainmniú mar an t‑údarás inniúil do CPLanna nach bhfuil chomh suntasach céanna agus atá bunaithe ina ndlínsí. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonfadh CPL, a bhíodh suntasach tráth, na coinníollacha a thuilleadh chun a mheas gur CPL den sórt sin é, ba cheart idirthréimhse leordhóthanach a dheonú don údarás inniúil náisiúnta chun ligean dó ullmhú sula nglacfaidh sé freagrachtaí maoirseachta go foirmiúil i ndáil leis an CPL sin. De rogha air sin, ba cheart don údarás inniúil náisiúnta a bheith in ann maoirseacht an CPL sin, a bhíodh suntasach tráth, a fhágáil faoi ESMA. Ina theannta sin, chun comhsheasmhacht agus cothroime iomaíochta a áirithiú idir CPLanna suntasacha agus CPLanna ar lú a suntas, ba cheart do ESMA a bheith san údarás atá freagrach as socruithe idir‑inoibritheachta a údarú agus as bheith ina chathaoirleach ar na coláistí do na CPLanna ar lú a suntas. Maidir leis na socruithe maoirseachta nua do CPLanna san Aontas, go háirithe ról ESMA mar údarás inniúil do CPLanna suntasacha, ba cheart é sin a léiriú i Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(25)Ba cheart do ESMA obair a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na comhlachtaí atá freagrach as an maoirseacht ar CPLanna a údaraítear san Aontas agus leis na húdaráis a bhfuil taithí acu maidir le maoirseacht ar CPLanna, agus ba cheart do ESMA leas a bhaint as taithí na gcomhlachtaí sin, chun tairbhiú d’eolas na gcomhlachtaí sin. Chun na críche sin, ba cheart do ESMA socruithe comhair cuimsitheacha a fhorbairt leis na comhlachtaí agus údaráis sin, lena n‑áirítear an t‑údarás inniúil náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil an CPL lena mbaineann bunaithe, leis an mBanc Ceannais Eorpach, le bainc cheannais eile a eisíonn na hairgeadraí is ábhartha de chuid an Aontais a phróiseálann CPL, leis na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirseacht ar ionaid trádála agus taisclanna lárnacha urrús a bhfreastalaíonn CPL orthu, agus leis an údarás inniúil atá freagrach as an maoirseacht ar na comhaltaí imréitigh is gníomhaí. Ba cheart a leagan amach leis na socruithe sin na módúlachtaí sonracha agus socruithe oibríochtúla a bhfuil maoirseacht leanúnach á ndéanamh orthu agus in imthosca eisceachtúla, amhail cásanna éigeandála.
(26)Maidir leis na freagrachtaí maoirseachta nua arna ndeonú do ESMA agus na hathruithe ar struchtúr eagrúcháin inmheánaigh ESMA, lena n‑áirítear díothú an Choiste Maoirseachta do CPLanna, ar cheart a chúraimí a shannadh don Bhord Feidhmiúcháin nua arna bhunú, ba cheart iad sin a léiriú i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Mar gheall ar stádas uathúil CPLanna tríú tír, ba cheart do na forálacha, a bhaineann leis na nósanna imeachta lena gcuirtear i bhfeidhm iad, fanacht i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, seachas na forálacha sin a aistriú chuig Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Thairis sin, i bhfianaise na n‑athruithe sin, chun an struchtúr eagrúcháin amach anseo agus na socruithe oibre a shimpliú, agus chun deireadh a chur le hualach neamhriachtanach, níor cheart a cheangal ar CPLanna suntasacha coláiste a bheith acu. Ar an gcaoi chéanna, i bhfianaise fhreagrachtaí maoirseachta nua ESMA i ndáil le CPLanna suntasacha, ba cheart deireadh a chur leis na ceanglais maidir le tuairimí ó ESMA i ndáil leis na CPLanna sin. Ba cheart do na socruithe maoirseachta maidir le CPLanna ar lú a suntas fanacht mar a bhí den chuid is mó, ós rud é go mbaineann raon feidhme intíre den chuid is mó leis na CPLanna sin agus ba cheart dóibh tairbhiú d’eolas agus saineolas áitiúil údarás náisiúnta.
(27)Le Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun deireadh a chur le bacainní ar theacht chun cinn teilitéipeanna comhdhlúite i mbannaí, scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán (‘ETFanna’) agus díorthaigh thar an gcuntar. I gcás sciar faoi leith nó ETF ag stampa ama ar bith, ceanglaítear ar sholáthraí na teilitéipe comhdhlúite an scothphraghas Eorpach tairisceana agus ofrála (‘EBBO’) agus an méid atá ar fáil ar na praghsanna sin ar fud an Aontais a scaipeadh. Mar sin féin, ní nochtfaí leis an teilitéip chomhdhlúite aitheantas ionad trádála an scothphraghais Eorpaigh tairisceana agus ofrála, ós rud é nach nascfaí na méideanna atá ar fáil ar EBBO le hionaid trádála ar leithligh, ná ní áireofaí sonraí tairisceana agus ofrála seachas EBBO agus na méideanna a ghabhann leis. Dá thoradh sin, cuirtear teorainn shuntasach le breisluach na teilitéipe comhdhlúite, a fhágann nach bhfuil sé de chumas ar a úsáideoirí na méideanna atá ar fáil ar EBBO a aimsiú agus nach bhfuil radharc léiritheach acu ar dhoimhneacht na leachtachta atá ar fáil lena trádáil. Dá bhrí sin, chun a tarraingteacht a fheabhsú a thuilleadh, ba cheart a thairiscint leis an teilitéip chomhdhlúite do sciartha agus ETFanna radharc níos doimhne ar leasanna trádála, lena gcumhdaítear na cúig phraghas tairisceana agus díola is fearr, na méideanna atá ar fáil ar na praghsanna sin, agus an tásc ar an ionad trádála ar leithligh ar a bhfuil na méideanna sin ar fáil.
(28)Tá praghas scoir an lae trádála fíor-riachtanach do na margaí cothromais ós rud é go soláthraítear leis príomhphraghas tagartha, a úsáidtear de ghnáth do luacháil cistí, ETFanna agus tagarmharcanna. Formhór an ama, tagann an praghas scoir ón gceant scoir a tharlaíonn ag an ionad trádála ag ar ligeadh na hurrúis isteach ar dtús chun trádála (an ‘bunmhalartán’). Tá méadú suntasach tagtha ar an sciar de mhéideanna cothromais arna dtrádáil ag an gceant scoir le himeacht ama. Mar sin féin, tá an iomaíocht sa chuid a bhaineann leis an gceant scoir fós teoranta, agus gabhann ceantanna scoir an bhunmhalartáin an sciar is mó de thrádáil an cheant scoir fós. Ina theannta sin, baineann ábhair imní i ndáil le hathléimneacht leis an gcás sin, ós rud é go bhféadfadh teagmhais, lena n‑áirítear cliseadh, ag an mbunmhalartán tionchar díreach a imirt ar acmhainneacht rannpháirtithe sa mhargadh a sócmhainní a luacháil. Chun iomaíocht a chothú sa chuid a bhaineann leis an bpraghas scoir agus chun a áirithiú gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh brath ar phraghas scoir atá difriúil leis an bpraghas ceant scoir arna tháirgeadh ag an mbunmhalartán, is gá a cheangal ar sholáthraí na teilitéipe comhdhlúite do sciartha agus ETFanna praghas scoir ualaithe de réir méid, a thagann as na ceantanna scoir uile arna n‑oibriú ag ionaid trádála ar rannchuiditheoirí sonraí iad, a scaipeadh. Ba cheart do ESMA moltaí a eisiúint chun an mhodheolaíocht a shonrú, gur cheart don teilitéip chomhdhlúite a chur i bhfeidhm chun an praghas scoir ualaithe de réir méid a chinneadh.
(29)I dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tá rialacha comhchuibhithe maidir le húdarú agus oibriú ionad trádála. Mar sin féin, tá ceanglais náisiúnta éagsúla ann mar gheall ar thrasuí na Treorach sin. Ina theannta sin, chomhlánaigh na Ballstáit na forálacha trasuite le ceanglais náisiúnta i gcásanna nár leagadh amach aon cheanglas sa Treoir. Mar gheall ar an gcur chuige sin, tá éagothroime iomaíochta ann, chomh maith le hilroinnt an mhargaidh aonair, agus ualach agus costais mhéadaithe d’oibreoirí ionad trádála atá lonnaithe i roinnt Ballstát agus, faoi dheireadh, do na heisitheoirí agus do na hinfheisteoirí deiridh a bhfreastalaíonn siad orthu. Dá bhrí sin, tá gá le creat níos aonfhoirmí chun an iomaíocht a dhéanamh níos cothroime, arbatráiste rialála féideartha a sheachaint, agus tacú le forbairt gníomhaíochtaí thar theorainneacha. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais maidir le húdarú agus oibriú margaí rialáilte, chomh maith le ceanglais maidir le hoibriú saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe ag gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh, a aistriú ó Threoir 2014/65/AE go Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus na forálacha sin a chomhlánú a thuilleadh, go háirithe rialacha comhchuibhithe a thabhairt isteach sna réimsí a bhíodh faoi réir reachtaíocht náisiúnta roimhe sin.
(30)Leis na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 19(3) agus in Airteagal 47 de Threoir 2014/65/AE, ní chuirtear san áireamh cé acu atá, nó nach bhfuil, oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta a oibríonn ionad trádála ina chuid de ghrúpa. Go sonrach, caitear le haon socrú ionghrúpa maidir le leithdháileadh acmhainne nó feidhme idir eintitis ghrúpa ar an mbealach céanna a gcaitear le socrú seachfhoinsithe a dhéantar le heintitis lasmuigh den ghrúpa. Ní aithnítear leis an gcur chuige sin teacht chun cinn grúpaí trasteorann d’ionaid trádála agus, dá réir sin, cuirtear teorainn le cumas na ngrúpaí sin tairbhiú de shineirgí grúpa agus barainneachtaí scála, lena gcruthaítear bacainní ar leithdháileadh trasteorann acmhainní agus feidhmeanna laistigh de ghrúpa. Ina theannta sin, nuair a leithdháiltear acmhainní laistigh de ghrúpa, i gcás ina bhfuil na heintitis uile faoi réir na rialuithe agus na nósanna imeachta inmheánacha céanna, baineann leibhéal níos ísle riosca leis sin i gcomparáid le seachfhoinsiú chuig páirtithe seachtracha. Ní dhéantar idirdhealú leordhóthanach leis an gcur chuige reatha, áfach, idir na rioscaí a bhaineann le leithdháileadh acmhainní inghrúpa agus seachfhoinsiú seachtrach. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais eagrúcháin ar ionaid trádála a shimpliú d’ionaid trádála atá mar chuid de ghrúpa agus a bhfuil sé i gceist acu brath ar acmhainní eintitis eile nó feidhm arna déanamh ag eintiteas eile atá mar chuid den ghrúpa céanna agus atá lonnaithe san Aontas. Níor cheart a mheas gur seachfhoinsiú iad socruithe grúpa den sórt sin chun críoch Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú. Maidir le hionad trádála a bhraitheann ar acmhainní eintitis eile nó feidhm arna déanamh ag eintiteas eile atá mar chuid den ghrúpa céanna, ba cheart dó a bheith go hiomlán freagrach as comhlíonadh a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. I bhfianaise na rioscaí maoirseachta méadaithe, ba cheart a mheas gur seachfhoinsiú atá i gceist le socrú ionghrúpa lena mbaineann eintiteas atá lonnaithe lasmuigh den Aontas.
(31)Le hAirteagal 53(6) de Threoir 2014/65/AE, leagtar amach an ceart chun margadh rialáilte, arna údarú i mBallstát amháin, socruithe iomchuí a sholáthar ar chríoch Ballstát eile chun rochtain agus trádáil ar an margadh sin a éascú do chomhaltaí nó rannpháirtithe ó chian atá lonnaithe sna Ballstáit eile sin. Ní rialaítear go sainráite le Treoir 2014/65/AE cearta eile faoi nós imeachta an phas do mhargaí rialáilte, lena n‑áirítear an fhéidearthacht brainsí a bhunú i mBallstáit eile. In éagmais foráil fhollasach tá léirmhínithe éagsúla ann i ndáil le cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh margadh rialáilte brainse a bhunú i mBallstát eile agus i ndáil leis na gníomhaíochtaí is féidir le margadh rialáilte a dhéanamh faoin gcóras um nós imeachta an phas. Is den tábhacht é soiléireacht maidir leis an gcóras um nós imeachta an phas do mhargaí rialáilte a fheabhsú, ach é a dhéanamh níos follasaí gur féidir le margaí rialáilte an ghníomhaíocht a sholáthar go rianúil, ar gníomhaíocht í a bhfuil údarú tugtha dóibh ina leith ar fud an Aontais tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó leis an gceart bunaíochta. Áirítear leis sin, anuas ar an bhforáil maidir le socruithe iomchuí chun rochtain agus trádáil ar an margadh rialáilte sin a éascú do chomhaltaí nó rannpháirtithe ó chian atá bunaithe i mBallstát eile, gníomhaíochtaí a bhaineann le ligean isteach comhaltaí nó rannpháirtithe chuig an margadh rialáilte sin agus gníomhaíochtaí a bhaineann le ligean isteach ionstraimí airgeadais chun trádáil ar an margadh rialáilte sin. Chun cothroime iomaíochta a áirithiú idir na hionaid trádála uile, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras céanna um nós imeachta an phas maidir le hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe.
(32)Ceanglaítear faoi láthair le Treoir 2014/65/AE go mbeadh gach margadh rialáilte san Aontas faoi réir údarú ar leithligh. Dá réir sin, ní féidir le hoibreoirí margaidh a bhfuil sé beartaithe acu oibriú i margaí rialáilte i mBallstáit difriúla déanamh amhlaidh ach amháin má lorgaíonn siad údarú, do gach margadh rialáilte ar leithligh ina bhfuil sé i gceist acu oibriú, ó údarás inniúil an Bhallstáit baile, atá freagrach as maoirseacht leanúnach an mhargaidh sin freisin. Dá thoradh sin, bhí dlíthe náisiúnta tugtha isteach ag roinnt Ballstát chun a cheangal, mar choinníoll d’údarú margaidh rialáilte, go mbeadh an t‑oibreoir margaidh ina eintiteas dlítheanach bunaithe sa Bhallstát ina lorgaíonn margadh rialáilte údarú. Mar gheall air sin, ní féidir le grúpaí a oibríonn margaí rialáilte i roinnt Ballstát a struchtúr eagraíochtúil agus a gcaidrimh mhaoirseachta a chuíchóiriú ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid orthu roinnt eintitis mhaoirsithe a choinneáil i mBallstáit dhifriúla. Méadaítear go mór leis sin na costais agus an chastacht a bhaineann le margaí rialáilte a oibriú ar fud Bhallstáit dhifriúla. Chun deireadh a chur le bacainní agus costais oibriúcháin a laghdú do ghrúpaí trasteorann, is gá an fhéidearthacht do Bhallstáit, chun bunú eintitis dhlítheanaigh ar leithligh ina gcríocha a cheangal mar choinníoll i ndáil le húdarú margaidh rialáilte, a bhaint. Anuas air sin, chun oibriú trasteorann margaí rialáilte a éascú a thuilleadh, tugtar isteach creat nua chun é a chur ar a gcumas do dhaoine dlítheanacha, ar mian leo níos mó ná ionad trádála amháin a oibriú i mbreis agus Ballstát amháin, déanamh amhlaidh bunaithe ar údarú amháin mar oibreoir margaidh uile-Eorpach (‘OMUE’) arna dheonú ag ESMA. Níor cheart an creat nua sin a chur in ionad an chórais údarúcháin agus oibriúcháin atá ann cheana maidir le margaí rialáilte. Ina ionad sin, ba cheart feidhm a bheith aige ar bhonn deonach maidir leis na heintitis sin ar mian leo oibriú faoi údarú amháin.
(33)Le húdarú OMUE ba cheart na hionaid trádála uile, a bhfuil an OMUE sin údaraithe a oibriú, a liostú. Aon OMUE a bhfuil sé i gceist aige ionaid trádála bhreise a oibriú, ba cheart dó síneadh lena údarú bunaidh a lorg. Chun a áirithiú go simplítear socruithe maoirseachta OMUE go héifeachtach, níor cheart a cheangal ar OMUE údarú ar leithligh a lorg do na hionaid trádála a oibríonn sé sna Ballstáit ina bhfuil na hionaid trádála sin suite nó á n‑oibriú. Ar an gcaoi chéanna, nuair a bhíonn OMUE ina oibreoir ar ionad trádála atá ann cheana, ba cheart a mheas go bhfuil an t‑údarú arna dheonú don mhargadh rialáilte sonrach sin, nó, i gcás saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe, don oibreoir margaidh nó don ghnólacht infheistíochta chun an t‑ionad trádála sin a oibriú, cúlghairthe le teacht i bhfeidhm an údaraithe don OMUE nó teacht i bhfeidhm an údaraithe leathnaithe ina bhfuil liosta leasaithe de na hionaid trádála a oibríonn an OMUE sin.
(34)De réir dhlíthe an Aontais agus dlíthe náisiúnta, is minic a úsáidtear an chríoch, ina bhfuil an t‑ionad trádála suite nó á oibriú, mar an critéar chun an dlí náisiúnta ba cheart a bheith i bhfeidhm, maidir le réimsí nach rialaítear go díreach le dlí an Aontais, a chinneadh, agus chun an t‑údarás inniúil a shainaithint. Áirítear orthu sin Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear ceanglais i ndáil le nochtadh faisnéise tréimhsiúla agus leanúnaí faoi eisitheoirí a bhfuil a n‑urrúis ligthe isteach cheana féin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite nó á oibriú laistigh de Bhallstát, agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar dá bhun atá ceangal ar údaráis inniúla náisiúnta a áirithiú go gcuirtear forálacha maidir le drochúsáid mhargaidh i bhfeidhm ar a gcríoch i dtaca leis na gníomhaíochtaí uile arna ndéanamh i ndáil leis na hionstraimí arna ligean isteach chun a dtrádála nó arna dtrádáil ar mhargadh rialáilte, saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibríonn laistigh dá gcríoch. Oibreoidh OMUE, bíodh sé le saoirse chun seirbhísí a sholáthar nó le bunú brainse, ionaid trádála i mBallstáit iomadúla ar bhonn ceadúnas amháin a thugtar don OMUE féin agus ní do na hionaid trádála a oibríonn sé. In éagmais údarú ar leithligh do gach ionad trádála a oibríonn OMUE, agus i bhfianaise go n‑oibreoidh OMUE na hionaid uile trí eintiteas dlítheanach amháin arna bhunú i mBallstát amháin agus a oibreoidh ar bhonn trasteorann, is gá go gcinnfeadh OMUE, i gcás gach ionaid trádála a oibríonn sé, an Ballstát, a meastar an t‑ionad trádála a bheith lonnaithe nó á oibriú ina chríoch. Ba cheart an cinneadh sin a bheith ag brath ar an gcaoi a roghnaíonn OMUE margaíocht a dhéanamh ar a ionad trádála do chuideachtaí atá ag iarraidh go ligfí isteach iad chun trádáil ar an ionad trádála nó do chomhaltaí nó rannpháirtithe a ligeadh isteach chun trádáil ar an ionad trádála sin. Ba cheart feidhm a bheith ag dlíthe náisiúnta an Bhallstáit sin maidir leis na hábhair uile a bhaineann le trádáil nach rialaítear le dlí an Aontais nach bhfuil infheidhme go díreach, i gcás ina mbraitheann an cur i bhfeidhm sin ar chás nó oibriú ionaid trádála. Chun intuarthacht dhlíthiúil a áirithiú, i gcásanna ina mbíonn OMUE ina oibreoir ar ionad trádála atá údaraithe cheana féin, is gá a cheangal gur cheart a mheas go bhfuil an t‑ionad trádála sin lonnaithe nó á oibriú i gcríoch an Bhallstáit inar údaraíodh é i dtosach.
(35)Rinne ESMA measúnú ar ghníomhaíocht trádála díorthach rátaí úis. Ba chosúil ón measúnú go bhfuil na comhaontuithe ar réamhráta agus babhtálacha bonnrátaí úis in airgeadra aonair neamhleachtach den chuid is mó. Chun a áirithiú nach mbíonn ach na díorthaigh rátaí úis is caighdeánaithe agus is leachtaí faoi réir na gceanglas maidir le trédhearcacht, is gá comhaontuithe ar réamhráta agus babhtálacha bonnrátaí úis in airgeadra aonair a eisiamh ó cheanglais maidir le trédhearcacht.
(36)Ceanglaítear, le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ar inmheánaitheoirí córasacha a phléann le méideanna suas le dhá oiread an ghnáthmhéid margaidh, agus an méid is mó sin san áireamh, chun luachaintí daingne a phoibliú ar bhonn tráthrialta agus leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála i leith na scaireanna sin, na n‑admhálacha taisclainne sin, ETFanna sin, na ndeimhnithe sin agus na n‑ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear in ionad trádála agus inar inmheánaitheoirí córasacha iad lena n‑aghaidh agus a mbeidh margadh leachtach ann lena n‑aghaidh. Le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ceanglaítear ar inmheánaitheoirí córasacha orduithe a fhaigheann siad óna gcliaint i leith na n‑ionstraimí sin a fhorfheidhmiú ar na praghsanna a luadh an tráth a fuarthas an t‑ordú. Chomh maith leis sin, tugtar cead d’inmheánaitheoirí córasacha orduithe cliant a fhorfheidhmiú ar phraghas níos fearr i gcásanna a mbeidh údar leo, ar choinníoll go dtiocfaidh an praghas laistigh de réimse poiblí a bheidh cóngarach do dhálaí an mhargaidh. Chun praghasmhúnlú a neartú i gcás orduithe miondíola, is gá a áirithiú, i gcás ina bhforfheidhmíonn inmheánaitheoir córasach ordú ó chliant miondíola, a luaitear go sonrach mar sin, ar phraghas atá níos fearr ná an praghas luaite, go dtugann an t‑inmheánaitheoir córasach sin an praghas luaite cothrom le dáta láithreach, agus roimh an bhforfheidhmiú i gcás ar bith, chun an feabhsú praghais sin a léiriú. Anuas air sin, ba cheart ceangal a bheith ar inmheánaitheoirí córasacha na sonraí a fhoilsíonn siad de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a tharchur chuig an teilitéip chomhdhlúite do scaireanna agus ETFanna chun é a chur ar chumas na teilitéipe comhdhlúite, i gcás sciar nó ETF faoi leith, anuas ar na tairiscintí agus na hofrálacha is fearr do leabhair orduithe leanúnacha, ar leithligh, na cúig luachan tairisceana agus ofrála is fearr a scaipeadh, in éineacht leis an léiriú ar an inmheánaitheoir córasach aonair ag a dtairgtear iad. Ba cheart do na cúig luachan tairisceana agus ofrála is fearr sin a bheith ag teacht leis na cúig luachan tairisceana agus ofrála is fearr ar fud na luachaintí uile i gcás sciar nó ETF faoi leith arna fhoilsiú san Aontas ag inmheánaitheoirí córasacha éagsúla.
(37)Le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ceanglaítear ar ghnólachtaí infheistíochta, a thugann idirbhearta chun críche, ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, i ndíorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) den Rialachán sin, méid agus praghas na n‑idirbheart, agus an tráth a tugadh i gcrích iad a phoibliú trí Shocrú Formheasta maidir le Foilsiú. Chun an t‑ualach ar ghnólachtaí infheistíochta a íoslaghdú agus chun foilsiú faisnéise míthreoraí a sheachaint, níor cheart a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta foilsiú trí shocrú formheasta maidir le foilsiú na hidirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar a thugann siad i gcrích ar ionad trádála tríú páirtí, ar choinníoll (i) go n‑oibríonn an t‑ionad trádála tríú tír córas iltaobhach, (ii) go bhfuil sé faoi réir údarú, maoirseacht leanúnach agus forfheidhmiú i gcomhréir le creat dlí agus maoirseachta an tríú tír, agus (iii) go bhfuil sé faoi réir forálacha maidir le trédhearcacht iarthrádála faoina bhfoilsítear idirbhearta a thugtar i gcrích ar an ionad trádála sin a luaithe is féidir tar éis fhorfheidhmiú an idirbhirt nó, i gcásanna a shainítear go soiléir, tar éis tréimhse iarchurtha. Chun deimhneacht dhlíthiúil agus leibhéal ard cóineasaithe maoirseachta a áirithiú san Aontas, ba cheart do ESMA liosta d’ionaid trádála tríú tír, a meastar go gcomhlíonann siad na critéir uile, a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Ba cheart a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta, a thugann idirbhearta i gcrích i ndíorthaigh thar an gcuntar ar ionaid trádála tríú tír nach gcomhlíonann na critéir uile, na hidirbhearta sin a phoibliú san Aontas trí shocrú formheasta maidir le foilsiú.
(38)Leagtar amach in Airteagail 57 agus 58 de Threoir 2014/65/AE rialacha a bhaineann le trádáil díorthach tráchtearraí, lamháltas astaíochtaí, agus díorthach lamháltas astaíochtaí. Tá feidhm ag roinnt de na rialacha sin maidir le hionaid trádála. Ós rud é go n‑aistrítear rialacha maidir le hoibriú ionad trádála ó Threoir 2014/65/AE chuig Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a leasú chun a áirithiú go n‑áirítear na rialacha sin sa Rialachán sin.
(39)Le hAirteagail 35 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, déantar foráil maidir leis na coinníollacha, faoinar féidir le hionaid trádála seirbhísí contrapháirtí lárnaigh (‘CPL’) a rochtain, agus faoinar féidir le CPLanna fothaí trádála ionaid trádála a rochtain. Tá cruthaithe gur leagadh na critéir sin amach go míchuí agus go bhfágtar foras dá réir sin do dhiúltuithe nó moilleanna gan údar i ndáil le deonú rochtana. Anuas air sin, fágann rannpháirtíocht chórasach údarás inniúil náisiúnta go mbíonn na nósanna imeachta róchasta agus go mbaineann ualach rómhór leo. Is iomchuí, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha sin maidir le rochtain chun a áirithiú nach dtarlaíonn diúltuithe ach amháin i gcásanna teoranta faoi réir na gcoinníollacha sonracha a bhfuil bonn cirt leo, chun a áirithiú go seachnaítear moilleanna maidir le deonú rochtana, agus nach mbíonn ESMA páirteach ach amháin i gcás coinbhleachtaí idir páirtithe. Ina theannta sin, faoi láthair, féadfaidh ionaid trádála cosc a chur ar dhá rannpháirtí sa mhargadh, atá ag forfheidhmiú idirbhirt ar a n‑ionad, CPLanna éagsúla a roghnú dá ndeoin féin, fiú i gcás ina bhfuil socruithe idir‑inoibritheachta bunaithe ag na CPLanna sin de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus go bhfuil siad in ann dá bhrí sin, ar bhealach teicniúil, na hidirbhearta sin a imréiteach go héifeachtúil. Le cleachtais mhargaidh den sórt sin, cuirtear cosc ar leas iomlán a bhaint as sineirgí is féidir a tharraingt as socruithe idir‑inoibritheachta agus méadaítear costais na trádála agus an imréitigh do rannpháirtithe sa mhargadh. Chun imréiteach idir-inoibritheach a éascú, is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ionaid trádála cosc a chur ar rochtain ar a bhfothaí trádála i gcás idirbheart lena mbaineann dhá chontrapháirtí a roghnaigh idirbheart, arna fhorfheidhmiú ar a n‑ionad, a imréiteach trí dhá CPL dhifriúla a bhfuil socruithe idir‑inoibritheachta bunaithe acu.
(40)De bhun Theideal VI de Threoir 2014/65/AE, tá údaráis inniúla náisiúnta freagrach faoi láthair as an maoirseacht ar ionaid trádála san Aontas. An 20 Márta 2025, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar iarr sí feabhsú éifeachtúlacht na maoirseachta ar mhargaí caipitil an Aontais agus laghdú ar a n‑ilroinnt. Thairis sin, iarraidh maoirseacht níos comhtháite ar leibhéal an Aontais i dtuarascálacha Draghi agus Letta. Chun ilroinnt a laghdú agus comhsheasmhacht i ndáil le torthaí maoirseachta a chothú chun tacú le bunú Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, is iomchuí cumhachtaí maoirseachta dírí a thabhairt do ESMA i dtaca le hionaid trádála lena mbaineann gné thábhachtach thrasteorann. Ba cheart cumhachtaí maoirseachta dírí ar OMUEnna a bheith ag ESMA freisin. Chun an méid is ceart a thuiscint le ‘ionaid trádála shuntasacha’ a chinneadh, is gá coinníollacha sonracha a leagan amach. Chun maoirseoirí iomadúla ar eintitis laistigh den ghrúpa céanna a sheachaint, is gá a áirithiú freisin go mbíonn na heintitis uile, a oibríonn ionaid trádála laistigh den ghrúpa céanna, faoi réir maoirseacht ag ESMA, a luaithe a chomhlíonfadh aon eintiteas sa ghrúpa sin na coinníollacha le bheith ina ionad trádála suntasach. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na heintitis uile, a oibríonn ionaid trádála sa ghrúpa, ina bhfuil CPL nó TLU amháin ar a laghad faoi réir maoirseacht ag ESMA, a bheith faoi réir maoirseacht ag ESMA freisin.
(41)Chun go n‑áiritheoidh ESMA maoirseacht éifeachtach ar OMUEnna agus ionaid trádála shuntasacha, ba cheart na cumhachtaí maoirseachta riachtanacha a bheith ag ESMA, lena n‑áirítear na cumhachtaí chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun deireadh a chur le sárú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, agus faisnéis riachtanach a iarraidh. Chun a áirithiú go ndéanann ESMA a dhualgais mhaoirseachta ar OMUEnna agus ionaid trádála shuntasacha go leormhaith, tá sé tábhachtach go ndéanfadh ESMA na dualgais sin i ndlúthchomhar le húdaráis faireachais náisiúnta. Chun cineálacha cur chuige neamhéifeachtúla i ndáil le maoirseacht, a eascraíonn as maoirseacht dhúbailte, a sheachaint, ba cheart rannpháirtíocht údarás faireachais náisiúnta a theorannú do na cumhachtaí agus cúraimí a thugtar go sainráite dóibh le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE.
(42)I bhfianaise cóngaracht gheografach maoirseoirí náisiúnta d’éiceachórais áitiúla, is gá, i gcás ionaid trádála shuntasacha agus OMUEnna, go bhfanann an fhreagracht as an bhfaireachas ar mhargaí agus as formhaoirseacht ar eisitheoirí ag údaráis atá inniúil ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, fad ba cheart do ESMA a bheith i gceannas ar fhorfheidhmiú na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i leith ionaid trádála shuntasacha agus OMUEnna agus, i gcás inarb ábhartha, na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE, lena n‑áirítear i ndáil leis an measúnú ar chórais agus rialuithe éifeachtacha, arb é is aidhm dóibh drochúsáid mhargaidh, nó an measúnú ar pharaiméadair chun an trádáil a stad, a chosc agus a bhrath, ba cheart d’údaráis faireachais náisiúnta roinnt cumhachtaí a choinneáil chun é a chur ar a chumas do na húdaráis sin cúraimí faireachais margaidh a dhéanamh nó dualgais atá riachtanach do chaomhnú shláine an mhargaidh a dhéanamh. Ba cheart a áireamh ar na cumhachtaí sin fáil sonraí idirbheart, an fhéidearthacht sonraí leabhair orduithe a iarraidh, nó glacadh beart práinneach chun stadanna trádála sealadacha a fhorchur i gcásanna práinneacha nó ionstraimí airgeadais a chur ar fionraí ón trádáil. Agus a gcumhachtaí á bhforfheidhmiú, ba cheart do na húdaráis faireachais náisiúnta obair a dhéanamh i ndlúthchomhar le ESMA.
(43)Chun cóir chomhionann a áirithiú a mhéid a bhaineann le formhaoirseacht mhaoirseachta ar oibreoirí ionad trádála, ba cheart do ESMA a bheith san údarás inniúil i ndáil leis na hionaid trádála ábhartha uile, lena n‑áirítear iad siúd arna n‑oibriú ag gnólachtaí infheistíochta. Dá réir sin, ba cheart údarú agus maoirseacht gnólachtaí infheistíochta a chur ar iontaoibh ESMA i gcás inar mian leo a bheith údaraithe go heisiach chun saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe ábhartha a oibriú. Gnólachtaí infheistíochta a oibríonn saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe go comhuaineach, atá faoi réir maoirseacht ESMA, agus a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta eile nó a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta eile, ba cheart dóibh fanacht faoi mhaoirseacht náisiúnta i gcás na seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta eile sin. Chun a áirithiú go gcoinníonn na gnólachtaí infheistíochta sin pointe iontrála agus pointe teagmhála amháin le húdarás maoirseachta aonair agus iad ag lorg údarú, is gá creat sonrach a thabhairt isteach d’údarú na ngnólachtaí infheistíochta sin. I gcás inar mian leis na gnólachtaí infheistíochta sin a bheith údaraithe i dtosach chun seirbhísí infheistíochta eile a dhéanamh in éineacht le hoibriú saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe, ba cheart údarú a chur ar iontaoibh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil na gnólachtaí infheistíochta is iarratasóir lonnaithe, i bhfianaise go gcumhdaítear seirbhísí eile nach bhfuil faoi mhaoirseacht ESMA lena n‑údarú. Mar sin féin, sna cásanna sin, chun a áirithiú gur féidir le ESMA a dhualgais mar údarás inniúil a dhéanamh le haghaidh ionaid trádála ábhartha, ba cheart dó tuairim cheangailteach maidir le húdarú ionad trádála a sholáthar don údarás inniúil náisiúnta.. Níor cheart don údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann na gnólachtaí infheistíochta is iarratasóir a údarú chun saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe a oibriú i gcás tuairim dhiúltach ó ESMA. Ba cheart cloí leis an gcur chuige céanna i gcás inar mian le gnólacht infheistíochta, arna údarú i dtosach chun seirbhísí infheistíochta eile a sholáthar, síneadh a chur lena údarú chun saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe atá faoi réir maoirseacht ag ESMA a oibriú. I gcás tuairim dhiúltach ó ESMA, níor cheart don údarás inniúil náisiúnta síneadh leis an údarú a dheonú. Ar deireadh, i gcás ina lorgaíonn gnólacht infheistíochta, arna údarú ag ESMA chun saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe a oibriú go heisiach, síneadh a chur lena údarú chun seirbhísí infheistíochta eile a chumhdach, ba cheart d’údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an ghnólacht infheistíochta lonnaithe tuairim cheangailteach a eisiúint do ESMA maidir le soláthar seirbhísí infheistíochta breise. I gcás tuairim dhiúltach, níor cheart do ESMA an t‑údarú a leathnú.
(44)Chun a áirithiú go mbeidh ionaid trádála faoi réir an tsamhail mhaoirseachta is iomchuí, tá sé tábhachtach próiseas a chur i bhfeidhm trína gcuirtear ionaid trádála a mheastar a bheith suntasach faoi mhaoirseacht ESMA, agus ag an am céanna, an fhéidearthacht a thabhairt isteach go bhfillfidh ionaid trádála nach gcomhlíonann na coinníollacha a thuilleadh chun bheith ‘suntasach' ar ais chuig maoirseacht náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do ESMA na hionaid trádála a shainaithint a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ionaid shuntasacha, agus ba cheart dó faireachán tráthrialta a dhéanamh ar cé acu a leanann nó nach leanann ionaid trádála de na coinníollacha sin a chomhlíonadh le himeacht ama. Chun a áirithiú go dtarlóidh an t‑athrú ar an tsamhail mhaoirseachta go réidh agus gan ualach iomarcach a chur ar ionaid trádála, tá sé tábhachtach amlíne iomchuí agus plean aistrithe maoirseachta a bhunú, ar plean é a fhorbrófar trí chomhoibriú críochnúil idir ESMA agus an t‑údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Chun soiléireacht a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart do ESMA liosta de na hionaid trádála shuntasacha go léir atá faoina mhaoirseacht a bhunú agus a nuashonrú go tráthrialta agus é a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.
(45)Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ceanglais chaighdeánaithe maidir le socraíocht ionstraimí airgeadais agus rialacha maidir le heagrú agus le hiompar na dtaisclann lárnach urrús (TLUnna) chun socraíocht shábháilte, éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn.
(46)In 2025, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir lena dtuairimí i ndáil leis na bacainní ar chomhtháthú agus ar nuachóiriú bonneagair iarthrádála i gcoitinne, agus i ndáil leis na bacainní ar sholáthar seirbhísí trasteorann i réimse na hiarthrádála go háirithe. Thug an t‑aiseolas le fios go dtacaíonn páirtithe leasmhara le cuspóir Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 chun socraíocht shábháilte, éifeachtúil agus rianúil ionstraimí airgeadais a chur chun cinn agus go measann siad go bhfuil sé ábhartha, ach leagadh béim ar an ngá atá ann an Rialachán sin a oiriúnú don nuálaíocht theicneolaíoch agus iomaíocht chóir idir soláthraithe seirbhísí socraíochta a áirithiú ag an am céanna.
(47)Níor cheart go gcuirfeadh na coincheapa a úsáidtear agus na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 bac ar úsáid aon teicneolaíochta ar leith, lena n‑áirítear teicneolaíocht mórleabhar dáilte (TML). Chun nuálaíocht agus cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua i soláthar seirbhísí TLU a chur san áireamh, go háirithe i gcás ina gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil trí úsáid a bhaint as TML, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a leasú chun a áirithiú gur cheart na sainmhínithe, na coincheapa agus na ceanglais go léir a nuashonrú ionas gur féidir iad a chur i bhfeidhm i gcásanna ina soláthraíonn TLU a sheirbhísí agus úsáid á baint as TML. Is gá freisin a áirithiú gur féidir sócmhainní téacschomharthaithe áirithe, lena n‑áirítear comharthaí ríomh-airgid, a úsáid mar mhodh íocaíochta agus idirbhearta urrús á socrú nó chun pionóis a íoc i gcás teipeanna socraíochta.
(48)Ba cheart forbairtí in TML maidir le seirbhísí TLU a sholáthar a chur san áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ionas gur féidir le heintitis atá údaraithe faoin gcóras píolótach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/858 teacht faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a luaithe a sháróidh siad an córas sin. Ba cheart go gceadófaí le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 freisin do TLUnna atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sé ar intinn acu, ón tús, seirbhísí TLU a sholáthar i ndáil le hurrúis TML-bhunaithe a mbeadh a luach níos mó ná na tairseacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/858, údarú a lorg go díreach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
(49)Agus méideanna agus luachanna suntasacha na n‑idirbheart urrús arna socrú ag inmheánaitheoirí socraíochta á gcur san áireamh, tá sé tábhachtach an faireachán ar na rioscaí dlíthiúla agus oibríochtúla féideartha a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin a neartú. Ba cheart, dá bhrí sin, gráinneacht na gceanglas tuairiscithe méid agus luacha le haghaidh inmheánaitheoirí socraíochta a mhéadú agus faisnéis maidir le teipeanna socraíochta a áireamh i dtuarascálacha chun faireachán riosca den sórt sin a éascú. Ina theannta sin, chun a áirithiú gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh comparáid a dhéanamh idir praghsanna na seirbhísí socraíochta a sholáthraíonn inmheánaitheoirí socraíochta agus praghsanna na seirbhísí sin a sholáthraíonn TLUnna, ba cheart d’inmheánaitheoirí socraíochta a bpraghsanna agus a dtáillí a nochtadh dá gcliaint.
(50)Tá TLUnna san Aontas údaraithe agus faoi mhaoirseacht ag údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, i gcomhar le coláiste maoirseoirí i gcás ina dtairgeann na TLUnna sin seirbhísí a bhfuil tábhacht shuntasach leo in dhá Bhallstát óstacha nó níos mó. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, tá cleachtais mhaoirseachta éagsúla maidir le TLUnna i gcónaí i measc na n‑údarás náisiúnta sin, rud a chruthaíonn éagothroime iomaíochta i measc TLUnna san Aontas agus a mhéadaíonn na costais agus an t‑ualach do TLUnna agus do ghrúpaí TLUnna atá ag feidhmiú agus ag iarraidh oibriú ar bhonn trasteorann. Le forbairt margaí caipitil an Aontais atá níos doimhne agus níos leachtaí faoin Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, méadaítear leis an éagothroime iomaíochta sin an baol go dtarlódh arbatráiste maoirseachta a bhféadfadh saincheisteanna cobhsaíochta airgeadais a bheith mar thoradh air. Chun a áirithiú go gcuirfear na ceanglais stuamachta, eagrúcháin agus iompair ghnó le haghaidh TLUnna atá bunaithe san Aontas i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, go háirithe i gcás TLUnna a bhfuil gníomhaíocht shubstaintiúil socraíochta acu, ba cheart do TLUnna a bhfuil gné ábhartha thrasteorann acu, agus TLUnna atá mar chuid de ghrúpa lena n‑áirítear bonneagair mhargaidh eile a bhfuil maoirseacht ag ESMA orthu, bheith faoi mhaoirseacht ESMA mar gheall ar a shaineolas agus a thaithí i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
(51)Chun a chinneadh cé acu na TLUnna sin atá údaraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar cheart a bheith faoi mhaoirseacht ag ESMA, is gá critéir shoiléire oibiachtúla a leagan síos chun iad a shainaithint, lena n‑áirítear critéir atá bunaithe ar mhéid agus ar ghníomhaíocht trasteorann. Chun simpliú a dhéanamh agus ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint, níor cheart do ESMA TLU atá údaraithe cheana féin a athúdarú a luaithe a bheidh sé suntasach.
(52)I bhfianaise ról lárnach TLUnna i margaí urrús, an nasc atá acu le bonneagair eile an mhargaidh airgeadais agus an bhfíric go dtarlaíonn an chuid is mó de mhéid na n‑idirbheart socraíochta in TLUnna san Aontas in airgead an bhainc cheannais, ba cheart do ESMA socruithe comhair domhain chuimsitheacha a fhorbairt le húdaráis eile, go háirithe le BCE agus le bainc cheannais eile a eisíonn na hairgeadraí is ábhartha de chuid an Aontais, ar airgeadraí iad a socraíonn TLUnna iontu. Le socruithe comhair den sórt sin, ba cheart dlúth-rannpháirtíocht na n‑údarás eile sin i maoirseacht laethúil TLUnna suntasacha a chumhdach agus ba cheart socruithe le haghaidh imeachtaí tráthrialta, amhail cigireachtaí ar an láthair, agus imeachtaí ad hoc, amhail cásanna éigeandála a áireamh.
(53)Ba cheart na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus go háirithe na hathruithe ar struchtúr eagrúcháin inmheánach ESMA agus an t‑athrú ar fhreagrachtaí maoirseachta, a léiriú i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014. Ina theannta sin, agus an t‑athrú ar fhreagrachtaí maoirseachta agus rannpháirtíocht na n‑údarás inniúil náisiúnta i struchtúr rialachais ESMA á gcur san áireamh, agus chun aon sannadh dúblach cúraimí idir ESMA agus an coláiste maoirseachta a sheachaint, níor cheart go gceanglófaí a thuilleadh ar TLUnna suntasacha coláiste a bheith acu.
(54)Murab ionann agus TLUnna suntasacha, níl gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann ag TLUnna nach bhfuil chomh substaintiúil sin. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh fanacht faoi mhaoirseacht a n‑údarás inniúil náisiúnta. Ba cheart do na socruithe maoirseachta le haghaidh TLUnna nach bhfuil chomh suntasach sin fanacht mar a bhí den chuid is mó. Mar sin féin, chun cur chuige maoirseachta comhsheasmhach a áirithiú do na TLUnna sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le comhar níos láidre idir na húdaráis inniúla náisiúnta sin agus ESMA. I gcás gur mian leo déanamh amhlaidh, ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit ESMA a ainmniú mar an t‑údarás inniúil do TLUnna nach bhfuil chomh suntasach sin, ar TLUnna iad atá bunaithe ina ndlínsí. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann TLU a bhí suntasach roimhe seo na coinníollacha a thuilleadh chun a mheas mar TLU den sort sin, ba cheart idirthréimhse leordhóthanach a dheonú don údarás inniúil náisiúnta chun ligean dó ullmhú sula nglacfaidh sé freagrachtaí maoirseachta go foirmiúil as an TLU sin. De rogha air sin, ba cheart don údarás inniúil náisiúnta a bheith in ann maoirseacht an TLU sin a bhí suntasach roimhe seo a fhágáil faoi ESMA. Ina theannta sin, chun comhsheasmhacht agus iomaíocht chothrom a áirithiú idir TLUnna suntasacha agus TLUnna nach bhfuil chomh suntasach, ba cheart do ESMA a bheith freagrach as socruithe idir‑inoibritheachta a údarú amhail, i gcomhthéacs seirbhísí TLU, naisc idir‑inoibritheacha. Chun na gcríoch sin, ba cheart do ESMA a bheith freagrach freisin as cathaoirleacht a dhéanamh ar na coláistí le haghaidh TLUnna nach bhfuil chomh suntasach sin.
(55)Chun malartú faisnéise a nuachóiriú agus chun nósanna imeachta níos tapúla a éascú, ba cheart do ESMA bunachar sonraí lárnach leictreonach a bhunú agus a chothabháil i bhfoirm ardáin. Ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí inniúla ábhartha go léir dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar an ardán sin le haghaidh na faisnéise a bhaineann lena gcúraimí agus lena bhfreagrachtaí. Ba cheart rochtain a bheith ag eintitis atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht a thíolaic siad agus ar aon doiciméadacht atá dírithe chucu. Chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis agus doiciméadacht a chomhroinnt go tapa agus go héifeachtúil faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ba cheart an bunachar sonraí lárnach a úsáid chun an oiread faisnéise agus doiciméadacht agus is féidir a roinnt.
(56)Chun ligean do ghrúpaí TLUnna tairbhe a bhaint as a gcomhdhlúthú, ba cheart do Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 cur ar chumas TLUnna atá mar chuid de ghrúpa a gcuid croísheirbhísí a sheachfhoinsiú chuig TLUnna atá mar chuid den ghrúpa céanna. Ina theannta sin, níor cheart cásanna inar mian le TLU a croísheirbhísí a sholáthar trí úsáid a bhaint as réiteach TML a d'fhorbair sí a mheas mar sheachfhoinsiú ach mar shíneadh ar údarú TLU.
(57)Tá feidhm ag an gceanglas maidir le sláine eisiúintí urrús a áirithiú go cothrom maidir le TLUnna traidisiúnta agus TLUnna a úsáideann TML. I gcás TLUnna a úsáideann TML, ba cheart do na rialacha na bealaí sonracha ina n‑oibríonn TML a chur san áireamh trí cheadú a thabhairt do nóid bearta iomchuí réitigh a dhéanamh lena bhfíorófar go bhfuil líon na n‑urrús a bheidh i gceist in eisiúint urrús nó i gcuid d’eisiúint urrús a chuirfear faoi bhráid TLU cothrom le suim na n‑urrús a thaifeadtar ar chuntais urrús rannpháirtithe an chórais socraíochta urrús a oibreoidh an TLU.
(58)Ba cheart do TLUnna a bheith in ann leas a bhaint as an bhfeidhmiúlacht a chuirtear ar fáil le comhbhonneagar socraíochta a thugann socraíocht urrús le hairgead an bhainc cheannais, go háirithe i gcás ina bhforáiltear leis an gcomhbhonneagar socraíochta sin uirlisí barrfheabhsú leachtachta agus i gcás ina gcuireann sé socraíocht shábháilte éifeachtúil chun cinn, lena n‑áirítear thar theorainneacha. Chun an deis a thabhairt dá rannpháirtithe a n‑idirbhearta urrús a shocrú ar an gcomhbhonneagar socraíochta sin, ba cheart go gceanglófaí ar TLUnna a thairgeann socraíocht in airgeadraí atá ar fáil ar chomhbhonneagar socraíochta den sórt sin nascadh go díreach leis. Ba cheart don cheanglas nascadh le comhbhonneagar socraíochta na forbairtí teicneolaíochta i réimse na socraíochta airgid bainc cheannais a chur san áireamh.
(59)Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 1114/2023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle creat maidir le comharthaí ríomh-airgid a eisiúint go sábháilte san Aontas. Chun tacú le nuálaíocht i socraíocht urrús, ba cheart do TLUnna san Aontas a bheith in ann íocaíochtaí idirbheart urrús i gcomharthaí ríomh‑airgid a shocrú, faoi réir coimircí iomchuí. Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith ar fáil do TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus do TLUnna nach bhfuil údaraithe. Ba cheart do TLUnna nach bhfuil údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar a bheith in ann na híocaíochtaí i gcomharthaí ríomh-airgid a shocrú, in aon airgeadra, trí chuntais a osclaítear le TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar nó trí chuntais a osclaítear le hinstitiúid chreidmheasa, faoi réir na tairsí a chinneann ÚBE chun íocaíochtaí in airgead bainc tráchtála a shocrú.
(60)Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 rialacha maidir leis na socruithe nasctha a chuirtear ar bun idir TLUnna a bhunú agus a chothabháil. Chun soláthar seirbhísí trasteorann a chothú, ba cheart rochtain ar TLU eile san Aontas trí nasc caighdeánach a éascú agus an próiseas gaolmhar a shimpliú. Ina theannta sin, chun comhtháthú breise mhargaí caipitil an Aontais a chothú, ba cheart ceangal a bheith ar TLUnna íoslíon nasc déthaobhach a bhunú. Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart líon na nasc a cheangal ar TLU a bhunú a bheith ag brath ar thábhacht an TLU.
(61)Leis an Rialachán leasaitheach seo, tugtar isteach leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2019/1156 d'fhonn deireadh a chur le bacainní ar mhargú trasteorann CIManna agus GCUInna, rialacha maidir le cumarsáid mhargaíochta a chomhchuibhiú agus cumhachtaí ESMA a neartú chun cultúr maoirseachta comhchoiteann a chothú agus gníomhaíochtaí a chomhordú ar bhealach níos fearr ar fud na n‑údarás inniúil náisiúnta baile agus na n‑údarás inniúil náisiúnta óstach.
(62)Ní i gcónaí arb é an BCIM, bainisteoir EuVECA nó EuSEF, nó cuideachta bainistíochta GCUInna a dhéanann margaíocht ar CIManna agus GCUInna go díreach ach déanann dáileoir amháin nó níos mó an méid sin thar ceann na mbainisteoirí sin nó thar a gceann féin. Ba cheart socruithe trína ngníomhaíonn dáileoir thar ceann BCIM, bhainisteoir EuVECA nó EuSEF, nó cuideachta bainistíochta GCUInna a mheas mar shocruithe tarmligin atá faoi réir fhorálacha Threoir 2011/61/AE, Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 agus Threoir 2009/65/CE maidir le tarmligean. Chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, leasaítear Rialachán (AE) 2019/1156 chun a shoiléiriú, i gcás ina ndéantar an fheidhm mhargaíochta a tharmligean chuig tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an BCIM, bhainisteoir EuVECA nó EuSEF, agus na cuideachta bainistíochta GCUInna, go leanfaidh an chuideachta bainistíochta GCUInna de bheith freagrach i gcónaí as a áirithiú go gcomhlíonann an chumarsáid mhargaíochta a ullmhaítear agus a dhírítear chuig infheisteoirí ceanglais an Rialacháin sin. Ar an taobh eile, i gcás ina ngníomhaíonn dáileoir thar a cheann féin agus go ndéanann sé CIM nó GCUI a mhargú faoi Threoir 2014/65/AE nó trí tháirgí infheistíochta atá bunaithe ar árachas saoil i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/97, níl feidhm ag forálacha Threoir 2011/61/AE ná Threoir 2009/65/CE maidir le tarmligean. Dá bhrí sin, leasaítear Rialachán (AE) 2019/1156 chun a shoiléiriú, sna cásanna sin ina bhfuil an fheidhm mhargaíochta á feidhmiú ag dáileoir amháin nó ag roinnt dáileoirí atá ag gníomhú thar a gceann féin, go bhfuil na dáileoirí sin (agus ní an BCIM ná an chuideachta bainistíochta GCUI) faoi dhliteanas a áirithiú go gcomhlíonann an chumarsáid mhargaíochta a ullmhaíonn siad agus a dhíríonn siad chuig infheisteoirí ceanglais an Rialacháin seo.
(63)Chun moilleanna neamhriachtanacha agus cleachtais mhaoirseachta éagsúla a laghdú agus chun margaíocht shaoráideach BCIManna agus GCUInna sa Mhargadh Aonair a éascú, is iomchuí go gcuirtear cosc le Rialachán (AE) 2019/1156 ar údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a cheangal go ndéanfar fógra a thabhairt maidir le cumarsáid mhargaíochta mar réamhchoinníoll chun CIManna agus GCUInna a mhargú ina gcríoch. Chun infheisteoirí sa Bhallstát óstach a chosaint agus chun comhar agus éifeachtacht maoirseachta a fheabhsú, i gcás ina bhfuil foras réasúnach ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh chun a chreidiúint nach bhfuil cumarsáid mhargaíochta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1156 nó gníomhartha tarmligthe ábhartha an Choimisiúin, coinníonn siad an ceart chun iarraidh ar údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, bhainisteoir EuVECA nó EuSEF nó an GCUI gach beart iomchuí a ghlacadh chun neamhrialtachtaí breise a chosc nó pionós a ghearradh ina leith. Thairis sin, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA mura bhfuil siad sásta leis na gníomhaíochtaí a rinne na húdaráis inniúla baile.
(64)Chun ardleibhéil trédhearcachta a áirithiú maidir leis na táillí nó na muirir a thoibhíonn na húdaráis inniúla óstacha chun a ndualgais a chomhlíonadh i ndáil le CIManna agus GCUInna a mhargaítear ina gcríoch agus chun aisghabháil na dtáillí nó na muirear sin a éascú, ba cheart do ESMA faisnéis cothrom le dáta a fhoilsiú maidir le méid na dtáillí nó na muirear a thoibhíonn gach údarás inniúil óstach, a minicíocht agus modhanna a n‑íocaíochta. Chun comhsheasmhacht na dtáillí nó na muirear a thoibhíonn na húdaráis inniúla a áirithiú, ba cheart do ESMA anailís a dhéanamh gach 2 bhliain ar cé acu atá nó nach bhfuil na táillí nó na muirir sin comhsheasmhach leis an gcostas foriomlán a bhaineann le comhlíonadh feidhmeanna na n‑údarás inniúil agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar an mbonn sin.
(65)Chun margaíocht CIManna agus GCUInna a éascú ar fud an Aontais agus chun na hidirghníomhaíochtaí agus an malartú faisnéise idir na Ballstáit baile agus na Ballstáit óstacha a bharrfheabhsú, is iomchuí agus is gá do ESMA ‘ionad ilfhreastail’ a bhunú le haghaidh mhargaíocht thrasteorann BCIManna agus GCUI, rud a chuirfeadh ar chumas na n‑údarás inniúil faisnéis agus doiciméadacht maidir le fógraí margaíochta a tharchur agus a mhalartú go héasca. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go bhforbróidh ESMA ardán sonraí le haghaidh fógraí margaíochta agus dí-fhógraí a bheadh inrochtana ag na húdaráis inniúla go léir. Ba cheart do GCUInna agus do BCIManna an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun CIManna agus GCUInna a mhargú ar fud an Aontais, lena n‑áirítear aon leasú orthu, a sholáthar d'údaráis inniúla a mBallstát baile agus tarchuirfidh an Ballstát sin iad chuig ESMA tríd an ardán sonraí sin.Ba cheart rochtain láithreach agus dhíreach a bheith ag gach údarás inniúil óstach ábhartha ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht i dtaca leis na GCUInna agus na CIManna a mhargaítear ina gcríoch tríd an ardán sonraí. Déanfaidh an t‑ardán sonraí nós imeachta an phas do GCUInna agus do BCIManna a shimpliú agus a bhrostú, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain láithreach acu ar an Margadh Aonair tar éis iad a n‑údarú, chomh maith le trédhearcacht agus comhar a mhéadú idir na húdaráis inniúla. Chun an caiteachas a bhaineann le nós imeachta nua an phas a mhaoiniú, lena n‑áirítear an sciar iomchuí de chostais chothabhála an ardáin sonraí a úsáidtear chun na críche sin, ba cheart do ESMA táille a ghearradh ar GCUInna agus ar BCIManna nuair a bhaineann siad leas as nós imeachta an phas bunaithe ar údarú. Ba cheart struchtúr na dtáillí a bheith i gcomhréir le líon na mBallstát óstach ina ndéantar aonaid GCUInna nó CIManna a mhargú.
(66)Chun cur chun feidhme comhsheasmhach agus comhchuibhiú níos mó a áirithiú maidir le ceanglais mhargaíochta agus nósanna imeachta um fhógra ar fud na mBallstát, aistrítear forálacha Threoir 2011/61/AE agus Threoir 2009/65/CE maidir le margaíocht CIManna de chuid an Aontais arna mbainistiú ag BCIManna de chuid an Aontais d'infheisteoirí gairmiúla agus maidir le margaíocht GCUInna ar fud an Aontais go Rialachán (AE) 2019/1156.
(67)Tá BCIManna de chuid an Aontais a mhargaíonn CIManna de chuid an Aontais d'infheisteoirí gairmiúla, agus GCUInna a mhargaíonn a n‑aonaid ar fud an Aontais, údaraithe cheana féin agus faoi réir dianchoimircí rialála agus ceanglas stuamachta. Mar sin féin, tá na nósanna imeachta fada um fhógra agus ceanglais náisiúnta agus cleachtais riaracháin éagsúla ag cur bac ar mhargú trasteorann GCUInna agus CIManna, lena n‑áirítear oibleagáidí a bhaineann le haistriúcháin, ceapachán gníomhairí áitiúla agus sprioc-amanna náisiúnta éagsúla. Cuireann na héagsúlachtaí sin bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, toisc nach mór do GCUInna agus do BCIManna déileáil le meascán rialacha agus próiseas náisiúnta agus iad ag feidhmiú i roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, is gá nósanna imeachta um fhógra margaíochta agus dí-fhógra a chuíchóiriú, agaí próiseála a ghiorrú agus deireadh a chur leis na ceanglais náisiúnta a chruthaíonn bacainní ar mhargú trasteorann cistí infheistíochta. Chun na críche sin, leasaítear Rialachán (AE) 2019/1156 chun cead a thabhairt do GCUInna agus do BCIManna, tráth a n‑údaraithe, fógra a thabhairt dá mBallstát baile go bhfuil sé ar intinn acu aonaid nó scaireanna GCUInna nó CIManna a mhargú i mBallstáit eile trí nós imeachta simplithe. A luaithe a bheidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht riachtanach faighte ag an mBallstát baile tríd an iarratas ar údarú, ba cheart dó é a tharchur chuig ardán sonraí ESMA. Ba cheart rochtain uathoibríoch a bheith ag na Ballstáit óstacha ar an bhfaisnéis sin agus, ón tráth a tharchuirtear í chuig an ardán sonraí, ba cheart rochtain neamhshrianta a bheith ag GCUInna agus CIManna ar mhargaí na mBallstát sin.
(68)Ba cheart an dí-fhógra maidir le socruithe margaíochta a bheith faoi réir an nós imeachta simplithe freisin, lena gceadaítear do GCUInna agus do BCIManna fógra a thabhairt dá n‑údarás inniúil baile go bhfuil sé ar intinn acu gníomhaíochtaí margaíochta i mBallstát óstach a fhoirceannadh, agus tabharfaidh an t‑údarás inniúil baile sin fógra do na Ballstáit óstacha ábhartha agus do ESMA tríd an ardán sonraí.
(69)Cé go bhfuil cosc ar an gceanglas maidir le láithreacht fhisiciúil mar réamhchoinníoll chun GCUInna agus CIManna a mhargú i mBallstát óstach, is minic a cheanglaíonn na Ballstáit, trí chleachtas margaidh nó ar shlí eile, gníomhaire áitiúil a cheapadh chun cúraimí áirithe a dhéanamh go háitiúil. Baineann cleachtais den sórt sin an bonn d'fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus gineann siad costais agus castacht neamhriachtanach do chistí a mhargaítear ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú nár cheart do na Ballstáit óstacha aon chineál oibleagáide um láithreacht áitiúil fhisiciúil a fhorchur, trí chleachtas margaidh nó ar shlí eile, ar GCUInna agus ar CIManna a mhargaítear ina gcríoch, fiú i gcás nach réamhchoinníoll foirmiúil é láithreacht den sórt sin le haghaidh margaíochta ach go gcruthaíonn sí ualaí breise nó go gcuireann sí na cistí sin faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le cistí intíre.
(70)Chun comhchuibhiú níos mó a áirithiú i bhfeidhmiú cumhachtaí maoirseachta ag údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach, ba cheart forálacha Threoir 2011/61/AE agus Threoir 2009/65/CE maidir le cumhachtaí maoirseachta ar GCUInna agus ar CIManna a mhargaítear ar fud an Aontais a aistriú isteach i Rialachán (AE) 2019/1156. Chun comhar éifeachtach a chur chun cinn idir na húdaráis inniúla baile agus na húdaráis inniúla óstacha agus chun a áirithiú go réiteofar aon easaontas a d'fhéadfadh a bheith ann go héifeachtúil agus gan bacainní a chruthú ar mhargaíocht GCUInna agus CIManna laistigh den Aontas, is gá a shoiléiriú gur cheart d'údaráis inniúla na mBallstát óstach aon ábhar easaontais le húdaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI nó an BCIM nó cásanna ina measann an Ballstát óstach gur cheart toirmeasc a chur ar mhargú GCUI nó CIM ina chríoch a tharchur chuig ESMA. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do ESMA an t‑ábhar a réiteach i gcomhréir lena chumhachtaí chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trasteorann.
(71)Chun feidhmiú éifeachtach an Mhargaidh Aonair do chistí infheistíochta a áirithiú agus deireadh a chur le bacainní maoirseachta a chuireann bac ar fheidhmiú trasteorann cearta um nós imeachta an phas, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do ESMA cásanna de chleachtais mhaoirseachta éagsúla, dhúblacha, iomarcacha nó easnamhacha, ar chleachtais iad lena gcuirtear bac ar mhargú trasteorann GCUInna agus CIManna nó cásanna nach gcomhlíonann margaíocht thrasteorann GCUInna nó CIManna dlí an Aontais a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu. Sna cásanna sin, ba cheart do ESMA nós imeachta méadúcháin a chur chun feidhme, ag tosú le dul i ngleic leis na húdaráis inniúla agus le páirtithe leasmhara, comhar níos fearr a chothú eatarthu agus, i gcás inar gá, leas a bhaint as a chumhachtaí cóineasaithe agus idirghabhála ionas go ndéanfar srianta gan údar ar ghníomhaíochtaí trasteorann nó cásanna de neamh-chomhlíonadh dhlí an Aontais a leigheas ar bhealach tráthúil éifeachtach. Ar na cúiseanna céanna, is gá a áirithiú, má leanann na fadhbanna sin in ainneoin an nós imeachta sin, gur cheart do ESMA a chumhachtaí a fheidhmiú ansin chun nósanna imeachta um shárú ar dhlí an Aontais a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, chun an ceart chun GCUInna nó CIManna a mhargú ar bhonn trasteorann a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 17aaa de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, idirghabháil cheangailteach a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 nó ardáin chomhoibrithe a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 19a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás inarb iomchuí, chun na fadhbanna sin a leigheas go héifeachtach.
(72)Chun maoirseacht chomhsheasmhach agus comhar éifeachtach a áirithiú idir údaráis inniúla na mBallstát, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann aon easaontas maidir le measúnuithe, gníomhaíochtaí nó easnaimh a tharchur chuig ESMA i réimsí ina gceanglaítear comhordú le Rialachán (AE) 2019/1156, ionas gur féidir le ESMA idirghabháil a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(73)Is gá Rialachán (AE) 2021/23 a leasú chun cuntas a thabhairt ar ról nua ESMA mar mhaoirseoir ar CPLanna suntasacha agus chun deireadh a chur le coláistí do na CPLanna sin.
(74)De bhrí gur glacadh Rialachán (AE) 2022/858 chun glacadh le teicneolaíocht mórleabhar dáilte (TML) san earnáil airgeadais a chur chun cinn, trí fhoráil a dhéanamh maidir le córas píolótach AE lena gceadaítear do rannpháirtithe sa mhargadh triail a bhaint as úsáid TML chun ionstraimí airgeadais a thrádáil agus a shocrú. 3 bliana tar éis an Rialachán a theacht i bhfeidhm, tá glacadh measartha fós ann, le líon teoranta iarratasóirí formheasta, in ainneoin go bhfuil spéis mhéadaitheach sa mhargadh in úsáid TML le haghaidh seirbhísí airgeadais. I gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach sna tosaíochtaí chun an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a bhaint amach maidir le hidir‑inoibritheacht, idirnascadh agus éifeachtúlacht bonneagair trádála agus iarthrádála an Aontais a fheabhsú, is cosúil go bhfuil údar maith leis athbhreithniú a dhéanamh ar shuíomh rialála reatha Rialachán (AE) 2022/858 chun a áirithiú go mbeidh an Rialachán Píolótach TML in ann dul in éineacht le gnólachtaí rialáilte ar mian leo TML a ghiaráil don trádáil agus iarthrádáil. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, cuimsíonn an t‑athbhreithniú dhá shraith leasuithe go ginearálta: ar an gcéad dul síos, iad siúd a bhfuil sé mar aidhm acu solúbthacht agus comhréireacht an chreata a mhéadú agus, ar an dara dul síos, iad siúd a bhfuil sé mar aidhm acu a scála agus a raon feidhme a leathnú.
(75)Baintear úsáid as TML, i measc nithe eile, chun ionstraimí airgeadais a eisiúint, a thaifeadadh agus a aistriú. Dá bhrí sin, i gcás ina gcuireann a úsáideoirí bainistíocht riosca oibríochtúil iomchuí chun feidhme, ní fhágann sé go bhfuil riosca níos mó ag baint le hionstraimí airgeadais a bhainistítear trí TML go bunúsach ná na hionstraimí a bhainistítear bunaithe ar theicneolaíochtaí eile atá gaolmhar ó thaobh feidhme de. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme na sócmhainní incháilithe agus na n‑ionstraimí airgeadais a ligtear isteach i dtrádáíl ar bhonneagar margaidh TML, nó atá le taifeadadh ar bhonneagar margaidh TML faoin Rialachán seo a leathnú chun na hionstraimí airgeadais go léir a chumhdach, beag beann ar a gcineál, faoi réir chur i bhfeidhm iomchuí rialacha cosanta infheisteoirí.
(76)Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/858 teorainneacha éagsúla ar scála na ngníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcóras píolótach, le teorainneacha ar mhéid eisiúna agus caipitliú margaidh na sócmhainní atá incháilithe do chóras píolótach TML (uasteorainneacha sócmhainn‑sonracha), agus uasteorainn chomhiomlán lena gcuirtear teorainn le luach iomlán na n‑ionstraimí airgeadais arna n‑idirghabháil ag bonneagar margaidh TML dar luach EUR 6 bhilliún. De bharr na dtairseacha gníomhaíochta sin, tá sé deacair do rannpháirtithe móra áirithe sa mhargadh an creat píolótach a úsáid dá ngníomhaíocht agus samhlacha gnó ar mhórscála a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart gach uasteorainn a bhaineann go sonrach le sócmhainní a tharraingt siar, agus ba cheart an uasteorainn chomhiomlán a ardú go EUR 100 billiún. Chun rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht mhéadaithe a mhaolú, ba cheart méaduithe spriocdhírithe ar cheanglais stuamachta a bheith ag gabháil leis na hathruithe sin do na rannpháirtithe píolótacha sin a sholáthraíonn seirbhísí TLU ar mian leo tairbhe a bhaint as tairseacha méadaithe. Ag an am céanna, chun é a dhéanamh níos éasca do chuideachtaí beaga nuálacha córas píolótach TML a úsáid dá ngníomhaíochtaí, ba cheart córas simplithe a bhunú ina mbeidh oibleagáidí atá comhréireach le riosca agus le méid na gcuideachtaí sin. Ba cheart go mbeadh an córas simplithe oscailte d’oibreoirí córais trádála agus socraíochta TML nó córais socraíochta TML i gcás nach mó ná EUR 10 mbilliún é luach margaidh comhiomlán na n‑ionstraimí airgeadais TML go léir a ndéanann siad seirbhís orthu tráth a ligin isteach chun a dtrádála, nó tráth a dhéantar taifeadadh ar ionstraim airgeadais nua TML den chéad uair.
(77)Le Rialachán (AE) 2022/858 cuirtear teorainn leis na cineálacha eintiteas incháilithe ar féidir leo páirt a ghlacadh sa chóras píolótach, nach foláir a bheith ina n‑ionaid trádála atá údaraithe faoi Threoir 2014/65 nó bheith ina TLUnna. Leis an gcur chuige sin, eisiatar eintitis airgeadais rialáilte a bhfuil leas agus taithí acu i dtrádáil agus aistrithe sócmhainní digiteacha a eagrú chun páirt a ghlacadh sa chóras píolótach, is é sin na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní (SSCS) a oibríonn ardáin trádála. Dá bhrí sin, ba cheart cead a thabhairt do na SSCSanna sin, faoi choinníollacha áirithe agus faoi réir a gcomhlíonta leis na ceanglais ábhartha a leagtar amach i dTreoir 2014/65, i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, de réir mar is infheidhme, cead sonrach a fháil chun ionad trádála TML nó córas trádála agus socraíochta TML a oibriú. Dá réir sin, ba cheart na rialacha a leagtar síos d'eintitis a oibríonn bonneagar margaidh TML a chur i bhfeidhm maidir le SSCSanna.
(78)Le Rialachán (AE) 2022/858, tugtar an deis dá rannpháirtithe díolúintí ó fhorálacha sonracha na reachtaíochta earnála a iarraidh. Mar sin féin, ní fhéadfaidh ach iarratasóirí áirithe forálacha áirithe de reachtaíocht earnála a shainaithint mar fhorálacha atá neamh‑chomhoiriúnach do TML, mar atá, iarratasóirí ar an gcóras píolótach iad féin de réir mar a fhorbraíonn siad a gcuid samhlacha gnó agus a dhéanann siad iarratas ar chead chun bonneagar margaidh TML a oibriú, nó tar éis dóibh an cead a fháil. Chun solúbthacht an chórais phíolótaigh a áirithiú maidir le tacú leis an nuálaíocht, ba cheart cead a thabhairt do na húdaráis inniúla iarrataí ar dhíolúintí ó fhorálacha a bhaineann leis na codanna sonraithe den reachtaíocht earnála a dheonú faoi choinníollacha áirithe. Ba cheart iarrataí den sórt sin a bheith bunaithe ar údar soiléir ó oibreoirí ionaid trádála TML nó córais socraíochta TML go bhfuil an díolúine riachtanach neamh‑chomhoiriúnach nó díréireach le húsáid TML, agus ba cheart bearta cúiteacha a bheith ag gabháil leo, i gcás inarb iomchuí, lena bhféadfaí cuspóir na forála a n‑iarrtar an díolúine ina leith a bhaint amach. Chun cóineasú maoirseachta a áirithiú idir na húdaráis inniúla a dheonaíonn na díolúintí, ba cheart dlúthbhaint a bheith ag ESMA leis na hiarrataí a dheonú trí thuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint maidir leis na hiarrataí agus na measúnuithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla.
(79)D'fhéadfadh sé go mbeadh sé níos deacra réitigh láidre a aimsiú chun an ghné airgid a shocrú in airgead na mbanc tráchtála i margadh nuaghinte an bhonneagair margaidh TML. Chun tacú le hoibreoirí córais socraíochta TML nó córais trádála agus socraíochta TML réitigh éifeachtúla a aimsiú chun íocaíochtaí airgid bainc tráchtála a phróiseáil laistigh dá gcórais socraíochta, ba cheart dóibh a bheith in ann institiúidí creidmheasa a ainmniú nach bhfuil a ngníomhaíochtaí baincéireachta teoranta do TLUnna ach a chomhlíonann Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar shlí eile. Ina theannta sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do thionscadail atá ann cheana arna bhforbairt faoin gcóras píolótach, ba cheart aitheantas sainráite a thabhairt do shocrú in airgead bainc tráchtála arna fhorfheidhmiú ag gnólacht infheistíochta a oibríonn córas trádála agus socraíochta TML, ar choinníoll go ndéanann sé faireachán leordhóthanach ar na rioscaí a eascraíonn as a mhúnla socraíochta.
(80)Ós rud é go bhfuil comharthaí ríomh-airgid tagtha chun cinn mar cheann de na modhanna socraíochta bunaithe ar TML is mó a úsáidtear, ba cheart tuilleadh soiléireachta dlíthiúla a sholáthar maidir le comharthaí ríomh-airgid a úsáid sa scéim phíolótach. Chun a aithint go rialaítear le Rialachán (AE) 2023/1114, arna ghlacadh tar éis Rialachán (AE) 2022/858, seirbhísí coimeádta comharthaí ríomh-airgid, ba cheart a shonrú go bhféadfaidh tacar institiúidí airgeadais atá rialáilte go cuí, lena n‑áirítear SSCSanna, cuntais airgid le haghaidh comharthaí ríomh‑airgid a sholáthar chun críche na socraíochta. Ba cheart, áfach, a leagan síos nach bhféadfaidh formhór na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta maidir le comharthaí ríomh‑airgid a sholáthar ach amháin ag institiúidí creidmheasa, seachas cuntais airgid a sholáthar agus íocaíochtaí a phróiseáil.Ina theannta sin, chun úsáid comharthaí ríomh‑airgid atá ainmnithe in airgeadraí an Aontais a chur chun cinn agus chun an margadh a chosaint ar riosca malairte eachtraí, ba cheart íocaíochtaí a shocrú le haghaidh sócmhainní atá ainmnithe in airgeadraí an Aontais a dhéanamh i gcomharthaí ríomh‑airgid a thagraíonn d'airgeadraí an Aontais. Chun tacú le forbairt cripteamhonaí cobhsaí atá ainmnithe in euro, ba cheart bonneagair mhargaidh TML a spreagadh chun socraíocht a thairiscint i gcomharthaí ríomh‑airgid atá ainmnithe in euro, fiú má tá an ionstraim airgeadais a shocraítear ainmnithe in airgeadra neamh-Aontais.
(81)Is gá a áirithiú go mbeidh gnólachtaí beaga atá ag iarraidh nuálaíocht a dhéanamh faoi réir cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 atá comhréireach lena méid agus lena riosca. Ar an gcúis sin, níor cheart d’oibreoirí córais socraíochta TML nó córais trádála agus socraíochta TML a bhaineann tairbhe as an gcóras simplithe a bheith faoi réir fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ach amháin iad siúd atá riachtanach chun soláthar sábháilte agus láidir seirbhísí TLU a áirithiú, agus gan caighdeán comhlíontachta trom a leagan síos ag an am céanna. Ar an gcúis chéanna, agus chun a áirithiú go ndéantar na rialacháin tharmligthe a glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 comhréireach le riosca agus méid na ngnólachtaí beaga a oibríonn faoin gcóras simplithe, ba cheart treoir a thabhairt do ESMA na rialacháin tharmligthe sin a leasú ar mhaithe le riachtanais an chórais shimplithe. Chun a áirithiú go n‑éireoidh na ceanglais is infheidhme maidir le rannpháirtithe an chórais phíolótaigh níos déine de réir mar a mhéadaíonn gnólachtaí agus de réir mar a mhéadaíonn na rioscaí, ba cheart do bhonneagair mhargaidh TML ar mian leo aistriú ón gcóras simplithe go dtí an gnáthchóras ceanglais uile Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a chomhlíonadh, arna n‑oiriúnú agus arna mhaolú le Rialachán (AE) 2022/858.I bhfianaise nuacht an chórais shimplithe do ghníomhaíochtaí an chórais socraíochta TML nó an chórais trádála agus socraíochta TML a thugtar isteach sa rialachán seo, agus chun cóineasú maoirseachta ag na húdaráis inniúla a áirithiú, ba cheart sainordú a thabhairt do ESMA treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme an chórais shimplithe sin.
(82)Feidhmíonn mórleabhair dháilte mar ardáin ar féidir le hidirghabhálaithe airgeadais seirbhísí airgeadais a sholáthar ar bhealach sioncrónaithe. Chun a chumasú do rannpháirtithe sa mhargadh cineál ardáin na mórleabhar dáilte a ghiaráil, leis an gcóras píolótach ba cheart é a chur ar a gcumas d’eintitis airgeadais incháilithe cead sonrach a fháil chun seirbhís TLU aonair a dhéanamh laistigh de chríoch an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do dhuine dlítheanach atá údaraithe mar ghnólacht infheistíochta, mar mhargadh rialáilte, mar institiúid chreidmheasa, mar TLU, nó mar SSCS seirbhís nótaire TML nó seirbhís cothabhála lárnach TML a dhéanamh faoin gcóras píolótach. Chun a áirithiú go gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus sainiúlachtaí TML á gcur san áireamh, ba cheart do nótairí TML agus do leabharchoimeádaithe TML a bheith faoi réir fhorálacha an rialacháin sin lena rialaítear cur i bhfeidhm an nótaire agus na seirbhíse cothabhála lárnaí agus na gceanglas breise maidir le bonneagair mhargaidh TML a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/858.
(83)Níor cheart ionstraimí airgeadais TML arna n‑eisiúint agus arna gcosaint ag an nótaire TML agus ag coimeádaithe cuntais TML lasmuigh de TLU a shocrú ach amháin trí chóras socraíochta TML, córas trádála agus socraíochta TML nó TLU a oibríonn faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 amháin. Ina theannta sin, i bhfianaise nádúr turgnamhach an tsamhail seo maidir le soláthar dáilte seirbhísí TLU, ba cheart luach margaidh na n‑ionstraimí airgeadais TML arna n‑eisiúint agus arna gcosaint ag nótairí TML agus ag coimeádaithe cuntais TML a theorannú trí chead a thabhairt d’oibreoirí córais socraíochta TML, córais trádála agus socraíochta TML nó TLU a oibríonn faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 amháin suas le EUR 10 mbilliún de mhargadhluach ionstraimí den sórt sin a ligean isteach chun a socraithe, agus ba cheart an tsuim sin a mhéadú go EUR 30 billiún de mhargadhluach d’urrúis inaistrithe arna n‑eisiúint ag FBManna.
(84)Mar léiriú ar chineál dáilte na ról agus na bhfreagrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoin gcóras píolótach le cruthú feidhm nótaire TML agus feidhm coimeádaí cuntais TML, ba cheart a chur in iúl go soiléir i gcás ina soláthraíonn nótaire TML nó leabharchoimeádaí TML croísheirbhísí TLU i gcomhpháirt le córas socraíochta TML, córas trádála agus socraíochta nó TLU a oibríonn faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 amháin, níor cheart iad a bheith faoi dhliteanas as na ceanglais sin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a chomhlíonadh ar ceanglais iad a urscaoileann an nótaire TML nó leabharchoimeádaí TML.
(85)Chun trédhearcacht ar an margadh a áirithiú maidir le soláthar comhpháirteach seirbhísí TLU, ba cheart do ESMA an fhaisnéis faoi gach ceann de na seirbhísí nótaire TML agus na seirbhísí cothabhála lárnaí TML arna n‑oibriú ag córas socraíochta TML, córas trádála agus socraíochta nó TLU a oibríonn faoi Rialacháin (AE) Uimh. 909/2014 amháin, a iontráil sa chlár TLU arna choimeád faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
(86)Ina theannta sin, toisc go gceadaíonn mórleabhair dháilte dá úsáideoirí oibríochtaí a shioncrónú agus a uathoibriú níos éasca, ba cheart go gceadófaí leis an gcóras píolótach do rannpháirtithe sa mhargadh triail a bhaint as samhail ghnó nua nach bhfuil oibreoir aonair de chóras socraíochta i gceist léi, ach ar samhail ghnó í a bhraitheann ar eintitis rialáilte a bhfuil gá leo ina n‑aonar agus go comhpháirteach, torthaí láidre socraíochta a chinntiú trí scéim socraíochta a bhunú. I bhfianaise a gcineáil thurgnamhaigh, ba cheart na samhlacha gnó sin a bheith faoi réir na dtairseacha céanna agus is infheidhme maidir le bonneagair mhargaidh TML lena socraítear ionstraimí airgeadais TML arna n‑eisiúint agus arna gcosaint ag nótairí TML agus ag leabharchoimeádaithe TML. Ina theannta sin, chun na rioscaí a eascraíonn as an tsamhail ghnó nua sin a mhaolú a thuilleadh, ní mór na rannpháirtithe incháilithe i scéimeanna socraíochta a bheith ina leabharchoimeádaithe TML amháin, ba cheart an tsocraíocht a dhéanamh trí chuntais airgid bainc ceannais arna mbainistiú ag na leabharchoimeádaithe TML sin, agus ba cheart í a shocrú ar bhonn ‘seachadadh in áit íocaíochta’. Ina theannta sin, chun feidhmiú fónta na scéime socraíochta a áirithiú, ba cheart do rannpháirtithe socraíocht shábháilte, éifeachtúil agus rianúil, cosaint sócmhainní cliant agus bainistiú riosca láidir oibríochtaí a áirithiú. Go háirithe, chun bainistiú láidir a áirithiú ar rioscaí creidmheasa agus leachtachta a eascraíonn as seirbhísí baincéireachta a sholáthar dá gcliaint, ba cheart do leabharchoimeádaithe TML atá rannpháirteach sa scéim sraith ceanglas stuamachta a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach. Chun an comhlíonadh sin a áirithiú, ba cheart do ESMA an scéim socraíochta a údarú agus a mhaoirsiú, i gcomhar le húdaráis inniúla na leabharchoimeádaithe TML atá rannpháirteach sa scéim.
(87)Chun forbairt seirbhísí TLU TML a éascú ar fud na mBallstát, ba cheart a cheadú do nótairí TML agus do leabharchoimeádaithe TML seirbhísí TLU a sholáthar ar fud an Aontais, gan a bheith de cheangal orthu láithreacht fhisiciúil a bheith acu ar chríoch Ballstáit óstaigh ar choinníoll go gcuireann siad liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé ar intinn acu seirbhísí TLU a sholáthar faoi bhráid údarás inniúil a mBallstát baile a n‑iarrtar air an liosta sin a roinnt ansin le húdaráis inniúla na mBallstát óstach ábhartha agus le ESMA sula bhféadfaidh an nótaire TML nó an leabharchoimeádaí TML tús a chur le soláthar seirbhísí TLU sna Ballstáit óstacha sin.
(88)Chun a áirithiú nach ndéanfaidh bonneagair mhargaidh TML ilroinnt ar bhonneagar trádála agus iarthrádála an Aontais agus go mbeidh siad ina gcuid de mhargadh caipitil comhtháite, ba cheart do bhonneagair mhargaidh TML atá rannpháirteach sa chóras píolótach, chomh maith le páirtithe leasmhara eile, grúpa tionscail a bhunú chun caighdeáin tionscail a bhunú lena n‑éascaítear socrú ionstraimí airgeadais TML idir bonneagair mhargaidh TML. Ag cur le hobair an ghrúpa tionscail sin, ba cheart do ESMA comhairle theicniúil a chur ar fáil don Choimisiún maidir le tacú le hidir‑inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh TML.
(89)Ba cheart coláistí maoirseoirí a bhunú chun maoirseacht éifeachtúil a áirithiú ar na samhlacha gnó nua do sheirbhísí TLU a cheadaítear faoin gcóras píolótach agus an comhar agus an malartú faisnéise is gá idir na maoirseoirí go léir a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na samhlacha gnó sin. Ar an gcéad dul síos, ba cheart coláistí maoirseoirí a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 24a de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i gcás ina soláthraíonn córas socraíochta TML nó córas trádála agus socraíochta TML a oibríonn faoin ngnáthchóras seirbhísí TLU agus ina gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin. Chun rannpháirtíocht chuimsitheach na n‑údarás ábhartha go léir a áirithiú, ba cheart cead a thabhairt d’údaráis inniúla an nótaire TML nó an choimeádaí cuntais TML a bhfuil baint aige le seirbhísí TLU a sholáthar agus ÚBE, i gcás ina n‑úsáidtear comharthaí ríomh-airgid chun íocaíochtaí a shocrú, dul isteach i gcoláiste na maoirseoirí. Ar an dara dul síos, ba cheart do ESMA coláiste maoirseoirí do scéimeanna socraíochta a bhunú agus a bheith ina chathaoirleach air freisin, arb é a bheidh ann ESMA, údaráis inniúla leabharchoimeádaithe TML atá rannpháirteach sa scéim socraíochta agus banc ceannais AE an airgeadra a úsáidtear nó a úsáidfear chun íocaíochtaí airgid thirim a shocrú sa scéim socraíochta. Ba cheart d'údaráis inniúla nótairí TML atá rannpháirteach sa scéim socraíochta a bheith in ann páirt a ghlacadh sa choláiste arna iarraidh sin.
(90)Chun deireadh a chur le haon débhríocht i ndáil le hinmharthanacht fhadtéarmach an chórais Phíolótaigh, níor cheart feidhm a bheith a thuilleadh ag na teorainneacha ama maidir le ré na gceadanna a dheonaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/858.
(91)Braitheann margaí cripteashócmhainní an‑chomhtháite ar chreataí maoirseachta comhordaithe chun oibriú go héifeachtúil, agus is féidir le maoirseacht níos láraithe comhtháthú margaidh níos doimhne a chur chun cinn. Is gné ríthábhachtach é cumhachtaí agus cumais mhaoirseachta a lárú ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear trí fhreagrachtaí maoirseachta dírí a aistriú i réimse na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, chun an dinimic atreisithe fhrithpháirteach idir an comhtháthú margaidh agus ailíniú maoirseachta a fhorbairt a thuilleadh.
(92)Ós rud é gur réimse nua gníomhaíochta airgeadais iad soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nach bhfuil faoi mhaoirseacht ach le déanaí agus toisc go bhfuil sé tábhachtach comhsheasmhacht mhaoirseachta a áirithiú ón tús, ba cheart do ESMA an mhaoirseacht láraithe sin a fheidhmiú, agus ar an gcaoi sin cothrom iomaíochta a ráthú. Is réimse é seirbhísí cripteashócmhainní freisin ina bhfuil gníomhaíocht thrasteorann mhéadaithe a dhéantar trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha agus teicneolaíocht nua. Ba cheart, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar rioscaí agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach cuimsitheach comhsheasmhach. Ba cheart go n‑áiritheofaí le maoirseacht láraithe cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcaighdeán agus na rialacha, bearnaí maoirseachta ar fud na ndlínsí a mhaolú agus aghaidh a thabhairt ar an tionchar díréireach a d'fhéadfadh a bheith ag teip fhéideartha soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar éiceachóras cripteashócmhainní an Aontais. Ba cheart go gciallódh maoirseacht láraithe nach dtarlódh an baol go dtarlódh ilroinnt mhaoirseachta.
(93)Sa chomhrac i gcoinne drochúsáid mhargaidh cripteashócmhainní a ligtear isteach chun trádáil nó a bhfuil iarraidh déanta ina leith ar a ligean isteach chun trádáil, ba cheart don fhaireachas margaidh láraithe ag ESMA agus do chumhachtaí imscrúdaithe i gcás cásanna trasteorann barainneachtaí scála a bhaint amach, an tsaincheist maidir le rochtain ilroinnte ar shonraí a shárú, spleáchas ar chomhar idirnáisiúnta a laghdú agus léargas níos fearr a thabhairt do ESMA ar straitéisí casta atá ar siúl ar fud na ndlínsí.
(94)I dtaca leis sin, ba cheart do ESMA a bheith freagrach as údarú agus maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus as faireachán leanúnach a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh in earnáil na gcripteashócmhainní.
(95)Tá cead cheana féin ag gnólachtaí áirithe atá faoi réir ghníomhartha reachtacha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais na seirbhísí cripteashócmhainní uile nó roinnt díobh a sholáthar gan ceangal a bheith orthu údarú a fháil mar sholáthraí seirbhísí criptea‑shócmhainní faoi Rialachán (AE) 2023/1114. Ba cheart do na húdaráis inniúla a dheonaigh údarú do na heintitis sin faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais leanúint de mhaoirseacht a dhéanamh orthu maidir lena ngníomhaíochtaí cripteashócmhainní. Mar sin féin, i gcás ina dtiocfaidh soláthar seirbhísí criptea‑shócmhainní mar phríomhghníomhaíocht na n‑eintiteas sin, ba cheart déileáil leo mar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus ba cheart an mhaoirseacht ar a gcuid gníomhaíochtaí uile a aistriú chuig ESMA. Chun an dualgas sin a chomhlíonadh, ba cheart do ESMA comhaontuithe comhair a bhunú leis na húdaráis inniúla a d'údaraigh na heintitis sin faoi ghníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Ar bhonn an chomhaontaithe comhair, cuirfidh na húdaráis inniúla sin tacaíocht agus cúnamh ar fáil do ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/1114.
(96)Ós rud é go bhfuil córas láraithe maoirseachta baincéireachta ann cheana féin san Aontas i bhfoirm an tSásra Maoirseachta Aonair, lena n‑áirithítear comhtháthú agus comhsheasmhacht i maoirseacht ghníomhaíochtaí na n‑institiúidí creidmheasa, níor cheart aon aistriú cumhachtaí maoirseachta i gcás inar institiúid chreidmheasa an t‑eintiteas atá ag soláthar seirbhísí cripteashócmhainní.
(97)Chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, ba cheart do ESMA na cumhachtaí a bheith aige soláthar seirbhíse cripteashócmhainní a chur ar fionraí nó a thoirmeasc, údarú soláthraí seirbhíse criptea‑shócmhainní a tharraingt siar, sáruithe ar na rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh a imscrúdú, faisnéis a iarraidh, cigireachtaí agus imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh, bearta maoirseachta a dhéanamh agus fíneálacha a ghearradh. Ba cheart do ESMA, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí agus na mbeart riaracháin agus beart riaracháin eile á gcinneadh acu, na cúinsí ábhartha go léir a chur san áireamh, lena n‑áirítear tromchúiseacht agus fad an tsáraithe agus an ndearnadh d’aon ghnó é. Chun a dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh, ba cheart do ESMA comhoibriú le húdaráis inniúla eile agus cúnamh a fháil uathu agus ba cheart dó comhoibriú chomh maith leis na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht [Treoir (AE) 2015/849] agus cúnamh a fháil uathu.
(98)Ba cheart do ESMA táillí a ghearradh ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun a chostais mhaoirseachta a ghlanadh, lena n‑áirítear forchostais, agus an costas a bhaineann le faireachas margaidh a dhéanamh chun drochúsáid mhargaidh a chosc. Ba cheart don táille bheith comhréireach le méid an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní. Chun cur isteach ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá ann cheana a sheachaint, is gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos do sholáthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní atá údaraithe de bhun Rialachán (AE) 2023/1114 agus d'iarratasóirí a bhfuil a n‑iarratas ar údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní á mheas faoi láthair ag na húdaráis inniúla náisiúnta. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí bearta idirthréimhseacha soiléire a leagan síos freisin maidir le comhaid agus le doiciméid oibre a tharchur ó na húdaráis inniúla chuig ESMA.
(99)Chun cur isteach ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá ann cheana a sheachaint, ba cheart d’údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ag údarás inniúil leanúint de bheith bailí ar fud an Aontais tar éis aistriú na gcumhachtaí maoirseachta ó na húdaráis inniúla go ESMA.
(100)Chun cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha nós imeachta a ghlacadh maidir le feidhmiú chumhacht ESMA táillí a mhuirearú, chun fíneálacha a fhorchur agus le haghaidh nós imeachta socraíochta, lena n‑áirítear cearta cosanta, nochtadh agus éifeachtaí socraíochtaí. Ina theannta sin, chun éifeachtacht Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le sonrú na dtáillí atá le híoc le ESMA chun maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna suntasacha, na nithe a bhfuil na táillí sin dlite ina leith, méid na dtáillí sin a ríomh, agus an modh ina n‑íocfar na táillí sin, agus i ndáil le leasú a dhéanamh ar liosta na sáruithe ar féidir le ESMA bearta maoirseachta a fhorchur ina leith ar CPLanna suntasacha. Ina theannta sin, chun éifeachtacht agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le sonrú na dtáillí atá le híoc ag oibreoirí na n‑ionad trádála atá faoi réir maoirseachta ag ESMA, i ndáil leis na coinníollacha agus na modheolaíochtaí a úsáidtear chun a chinneadh ar cheart ionad trádála a mheas a bheith suntasach, agus i dtaca leis na coinníollacha faoinar cheart d’ionad trádála nó do CPL rochtain ar a sheirbhísí a dheonú. Ag an am céanna, d'fhonn éifeachtacht Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le sonrú an chineáil táillí atá le híoc le ESMA chun maoirseacht a dhéanamh ar TLUnna suntasacha, na nithe a bhfuil na táillí sin dlite ina leith, méid na dtáillí sin a ríomh agus i ndáil leis an modh ina n‑íocfar iad; liosta na sáruithe ar féidir le ESMA bearta maoirseachta a fhorchur ina leith a leasú; na ceanglais is infheidhme maidir le rannpháirtíocht in TLU a shonrú tuilleadh, agus leasú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina mbeidh TLU faoi réir na hoibleagáide naisc dhéthaobhacha a bhunú. Ina theannta sin, chun a áirithiú gur féidir na tairseacha gníomhaíochta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/858 a mhodhnú i bhfianaise forbairtí margaidh agus foghlaim beartais ón gcóras píolótach arna bhunú leis an ngníomh sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na tairseacha sin a oiriúnú do dhálaí an mhargaidh agus do rioscaí féideartha don chobhsaíocht airgeadais, i measc nithe eile. Ina theannta sin, chun éifeachtacht Rialachán (AE) 2023/1114 a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le cineál agus ríomh na dtáillí maoirseachta is féidir le ESMA a ghearradh ar na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a shonrú a thuilleadh. Ar deireadh, chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha a aistrítear ó Threoir 2014/65/AE go Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i bhfeidhm go hordúil, is iomchuí a áirithiú go leanfaidh gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar bhonn na gcumhachtaí a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE atá le haistriú chuig Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 d'fheidhm a bheith acu. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an gníomh tarmligthe agus an gníomh cur chun feidhme sin a leasú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(4a) nó in Airteagal 15(4a) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/1010. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(101)Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na bhforálacha ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a áirithiú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ESMA a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE agus le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ar caighdeáin iad a bhaineann le húdarú margaí rialáilte agus OMUEnna, agus le hoibriú na n‑ionad trádála. Ina theannta sin, chun comhchuibhiú comhsheasmhach na gcaighdeán a áirithiú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE agus le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ar caighdeáin iad arna bhforbairt ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (‘ÚBE’) agus ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’) maidir leis na nósanna imeachta i dtaca leis na critéir a ríomh chun tábhacht TLU a shuíomh agus an tacar sonraí a thuairisceoidh TLUnna an Aontais do ESMA i ndáil leis an ríomh sin; na bearta atá le cur i bhfeidhm ag TLUnna agus ag rannpháirtithe sa mhargadh chun teipeanna socraíochta a chosc agus chun éifeachtúlacht socraíochta mhargaí caipitil an Aontais a mhéadú; na coinníollacha faoinar féidir socrú seachfhoinsithe a mheas mar sheachfhoinsiú croísheirbhísí TLU; na bearta atá le cur chun feidhme ag TLUnna chun na rioscaí sonracha a eascraíonn as seirbhísí TLU a sholáthar trí úsáid a bhaint as TML a mhaolú; agus na bearta bainistíochta riosca agus na ceanglais stuamachta maidir leis an tsocraíocht in airgead bainc tráchtála agus i gcomharthaí ríomh‑airgid. Ina theannta sin, chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna táillí a ghearrfaidh ESMA ar GCUInna agus ar BCIManna i dtaca le nós imeachta an phas agus le cothabháil an ardáin sonraí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bearta chun an cineál, an méid, an mhinicíocht agus na modhanna lena rialaítear íoc na dtáillí sin a shonrú. Ina theannta sin, chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sa chumarsáid mhargaíochta a chuirtear ar fáil d'infheisteoirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun inneachar agus formáid na dteachtaireachtaí margaíochta a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ar deireadh, chun ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a shainaithint ar cheart feidhm a bheith acu maidir le soláthraithe an nótaire TML agus na seirbhíse cothabhála lárnaí cuntais TML, agus iad a chur in oiriúint d'úsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte agus do shainiúlachtaí na samhlacha gnó a bhaineann le nótairí TML agus le leabharchoimeádaithe TML, ba cheart do ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun forálacha Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a fhorlíonadh.
(102)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh arna bhforbairt ag ESMA maidir leis na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta maidir le nochtadh táillí agus praghsanna ag TLUnna agus ag inmheánaitheoirí socraíochta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(103)Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, Uimh. 648/2012, Uimh. 600/2014, Uimh. 909/2014, 2015/2365, 2019/1156, 2021/23, 2022/858, 2023/1114, Uimh. 1060/2009, 2016/1011, 2017/2402, 2023/2631 agus 2024/3005 a leasú dá réir.
(104)Is gá dóthain ama a thabhairt do ESMA chun ullmhú dá ról maoirseachta nua, lena ngabhann athruithe ar a rialachas. Ba cheart, dá bhrí sin, tús a bheith le feidhm na leasuithe ar Rialacháin (AE) 1095/2010, 2015/2365, 2019/1156, 2021/23, 2022/858, 2023/1114, (AE) Uimh. 1060/2009, 2016/1011, 2017/2402, 2023/2631, 2024/3005 ó 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, chun a chumasú don Bhord Feidhmiúcháin a bheith oibríochtúil agus na cúraimí a shanntar dó a ghlacadh go héifeachtach, ba cheart tús a bheith ag an nós imeachta roghnúcháin agus ceapacháin do chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin amhail ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
(105)Chun comhsheasmhacht leis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, chun a chumasú do ESMA tús a chur le measúnú cé acu atá nó nach bhfuil CPL ina CPL suntasach sula dtosaíonn feidhm a bheith ag na hoibleagáidí ar CPLanna suntasacha, ba cheart tús a chur le cur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann leis an measúnú sin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun a chumasú do ESMA na freagrachtaí maoirseachta nua a thabhairt isteach de réir a chéile agus an acmhainn agus na creataí comhair is gá a bhunú, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a bhaineann le maoirseacht TLUnna suntasacha 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, chun a chumasú do ESMA tús a chur le measúnú cé acu atá nó nach bhfuil TLUnna ina CLP suntasach sula dtosaíonn feidhm a bheith ag na hoibleagáidí ar CPLanna suntasacha, ba cheart tús a chur le cur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann leis an measúnú sin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(106)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun cur isteach ar bhunú na teilitéipe comhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna a sheachaint ag an gcéad soláthraí teilitéipe comhdhlúite arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 27db de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe ar an Rialachán sin a bhaineann leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna ón [OP cuir isteach an dáta = an lá tar éis dhul in éag na chéad tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 27da de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir leis an soláthraí teilitéipe comhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna]. Chun comhsheasmhacht leis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a áirithiú, ba cheart tosach feidhme a bheith ag na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a bhaineann le cumhachtaí ESMA 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart do ESMA a bheith ina údarás inniúil do na heintitis lena mbaineann 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun dóthain ama a thabhairt chun aistriú inniúlachtaí agus dualgais maidir leis na hionaid trádála ábhartha ó údaráis inniúla náisiúnta chuig ESMA a ullmhú.
(107)Leis an gCinneadh seo, tugtar isteach ceanglais cheangailteacha le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/903. Dá bhrí sin, tá measúnú idir‑inoibritheachta curtha i gcrích. Is í an chaibidil Gnéithe Digiteacha den Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach an tuarascáil mar thoradh air. Foilseofar é sin freisin ar an Tairseach um Eoraip Idir‑inoibritheach tar éis ghlacadh an Ghnímh.
(108)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim an [XX].
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 3b seo a leanas isteach:
‘3b. Feidhmeoidh an tÚdarás cumhachtaí ar rannpháirtithe margaidh airgeadais áirithe, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le gníomhartha eile de chuid an Aontais. Áireofar ar na cumhachtaí sin, i gcás ina dtabharfar iad leis an Rialachán seo agus le gníomhartha eile de chuid an Aontais, clárú, údarú, aithint, maoirseacht leanúnach, imscrúdú lena n‑áirítear an chumhacht chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, agus forfheidhmiú i leith na n‑eintiteas sin.’
(b)leasaítear mír 5 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a)
feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, lena n‑áirítear go háirithe leibhéal fónta, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála, maoirseachta agus forfheidhmithe,’
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c)
comhordú maoirseachta idirnáisiúnta agus malartú faisnéise a neartú;’
(3)cuirtear leis pointe (h) mar a leanas:
‘(h)
tacú leis an gcomhtháthú margaidh san Aontas agus leis an nuálaíocht san earnáil airgeadais.’
(2)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a)cuirtear isteach na míreanna 4a agus 4b seo a leanas:
‘4a.
Arna iarraidh sin ag an gComhairle, glacfaidh an Cathaoirleach páirt i seisiún de chuid na Comhairle maidir le feidhmíocht an Údaráis. Déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrfar sin air, agus freagróidh sé aon cheist a chuirfidh a feisirí air.
4b. Nuair a bheidh sé ag déanamh ionadaíochta don Údarás os comhair na Comhairle nó Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le mír 4 agus le mír 4a, féadfaidh comhalta amháin nó níos mó den Bhord Feidhmiúcháin a bheith in éineacht leis an gCathaoirleach.;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
'5. Déanfaidh an Cathaoirleach tuarascáil i scríbhinn ar ghníomhaíochtaí an Údaráis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nuair a iarrtar air agus déanfaidh sé é sin 15 lá ar a laghad sula ndéanfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 4a.’;
(3)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
(a)i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
‘(i)
údaráis inniúla nó údaráis mhaoirseachta mar a shainmhínítear iad, mar atá ainmnithe nó mar a shonraítear sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2);’
(b)cuirtear isteach na pointí 4, 5 agus 6 seo a leanas:
‘(4)
ciallaíonn rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis’ aon rannpháirtí margaidh airgeadais a bhfuil cumhachtaí maoirseachta, imscrúdaithe, forfheidhmithe nó aon chumhachtaí eile tugtha don Údarás ina leith faoin Rialachán seo agus faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais;
(5)
ciallaíonn ‘údarás iarrthach’ údarás inniúil de chuid Ballstáit a bhfuil cinneadh glactha aige fíneáil riaracháin a ghearradh ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach mar gheall ar shárú a tharla laistigh dá dhlínse agus a iarrann cúnamh ar údarás inniúil de chuid Ballstáit eile chun an fhíneáil sin a aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 28a agus le hAirteagal 28b;
(6)
ciallaíonn ‘údarás iarrtha’ údarás inniúil a n‑iarrtar air cuidiú le fíneáil riaracháin laistigh dá dhlínse féin a aisghabháil ón údarás iarrthach i gcomhréir le hAirteagal 28a agus le hAirteagal 28b.’;
(4)in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):
‘(2) Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 46a;’;
(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:
‘CÚRAIMÍ AGUS CUMHACHTAÍ GINEARÁLTA AN ÚDARÁIS’
(6)Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (aa)’:
‘(aa)
lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe margaidh airgeadais san Aontas agus forfheidhmiú na rialacha lena rialaítear a ngníomhaíocht a fhorbairt agus a chothabháil, ar lámhleabhar é ina leagfar amach dea‑chleachtais agus modheolaíochtaí agus próisis ardchaighdeáin agus lena gcuirfear san áireamh, inter alia, cleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na rannpháirtithe margaidh airgeadais agus méid na margaí;’;
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b)
rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta agus forfheidhmiúcháin, a áirithiú go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, neamhspleáchas maoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh air, eadráin a dhéanamh ar easaontuithe idir údaráis inniúla agus iad a réiteach, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach rannpháirtithe margaidh airgeadais agus forfheidhmiú na rialacha lena rialaítear a ngníomhaíocht a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i gcásanna éigeandála;’;
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
‘(e)
athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a dhéanamh agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte agus moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta agus forfheidhmithe a neartú;’
(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ia):
‘(ia)
rannchuidiú le bunú straitéis choiteann sonraí airgeadais an Aontais agus malartú éifeachtúil faisnéise laistigh den Aontas a áirithiú;’
(5)cuirtear an pointe (iaa) seo a leanas isteach:
‘(iaa)
teicneolaíocht mhaoirseachta nó uirlisí eile a fhorbairt i gcomhar le húdaráis inniúla, le CEMA agus, i gcás inarb ábhartha, le comhlachtaí, gníomhaireachtaí nó institiúidí Eorpacha eile chun feabhas a chur ar chumais anailíse agus faireacháin;’
(6)cuirtear isteach na pointí (l), (m) agus (n) seo a leanas:
‘(l)
a dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú i ndáil le rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí eile de chuid an Aontais;
(m)
an mhaoirseacht stuamachta a dhéanamh ar chontrapháirtithe lárnacha agus ar thaisclanna lárnacha urrús agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014*, agus i ndáil leis sin, comhoibriú leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le bainc cheannais eisiúna na n‑airgeadraí AE ábhartha eile;
(n)
measúnú a dhéanamh ar athléimneacht chóras airgeadais an Aontais, agus ar na rioscaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí trasteorann rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis, lena n‑áirítear rioscaí de bharr idircheangailteachta, idirnasc nó rioscaí tiúchana, agus dualgais mhaoirseachta á gcomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le gníomhartha eile de chuid an Aontais.’;
______
*Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 1‑72 ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg/2014/909/oj
(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘(a) Chun na cúraimí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, beidh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo ag an Údarás agus cuirfidh an tÚdarás an dlí ábhartha uile ón Aontas i bhfeidhm, agus i gcás ina mbeidh an dlí sin ón Aontas comhdhéanta de Threoracha, an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha sin agus í léirmhínithe ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí an Aontais, maidir leis an méid seo a leanas go háirithe’;
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
‘(f)
cinntí aonair a ghlacadh atá dírithe ar rannpháirtithe margaidh airgeadais, sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(6), Airteagal 17aaa, Airteagal 18(4) agus Airteagal 19(4);’;
(3)scriostar pointe (ga);
(4)cuirtear na pointí (k) agus (l) seo a leanas leis:
‘(k)
cinntí aonair a ghlacadh a bheidh dírithe ar rannpháirtithe margaidh airgeadais agus cúraimí maoirseachta díreacha á bhfeidhmiú aige agus bearta maoirseachta, imscrúdaitheacha agus forfheidhmithe a ghlacadh dá dtagraítear i gCaibidil IIa den Rialachán seo agus i ngníomhartha eile de chuid an Aontais;’;
(l)
measúnuithe a dhéanamh agus comhairle theicniúil a eisiúint arna hiarraidh sin;’;
(7)cuirtear an tAirteagal 8a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 8a
Dualgas comhair
1.Déanfaidh an tÚdarás a chúraimí i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha agus le húdaráis náisiúnta eile, institiúidí de chuid an Aontais nó comhlachtaí de chuid an Aontais atá ábhartha de bhun na reachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) (dá ngairtear ‘na húdaráis’ anseo feasta). Beidh an tÚdarás freagrach as feidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach na socruithe comhair leis na húdaráis agus áiritheoidh sé ag an am céanna go bhforbróidh agus go gcoimeádfaidh sé an acmhainn is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh go neamhspleách.
2.Beidh an tÚdarás agus na húdaráis araon faoi réir dualgais comhar a dhéanamh de mheon macánta, agus faoi réir oibleagáide faisnéis a mhalartú chun a gcúraimí a fheidhmiú go héifeachtach. Agus a chúraimí á bhfeidhmiú aige, féadfaidh an tÚdarás leas a bhaint as saineolas agus eolas na n‑údarás, lena n‑áirítear a dtaithí mhaoirseachta agus a dtuiscint ar shainiúla eacnamaíocha, eagraíochtúla agus cultúrtha. I gcás inarb iomchuí agus gan dochar do fhreagracht agus do chuntasacht an Údaráis as na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus leis an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2), beidh na húdaráis freagrach as cuidiú leis an Údarás, faoi na coinníollacha a leagtar amach sna socruithe a leagtar amach san Airteagal seo. D'fhéadfadh sé go n‑áireofaí leis sin tacaíocht le hullmhú agus cur chun feidhme gníomhartha a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 8(1), lena n‑áirítear cúnamh i ngníomhaíochtaí fíorúcháin nó i gcomhlíonadh cúraimí oibríochtúla sonracha. Leanfaidh na húdaráis na treoracha a thabharfaidh an tÚdarás agus iad ag tabhairt tacaíochta agus ag comhlíonadh cúraimí faoi na socruithe sin.
3.D'fhonn cúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le pointe (l) d’Airteagal 8(1), agus gan dochar do shocruithe sonracha dá bhforáiltear i ngníomhartha eile de chuid an Aontais, bunóidh an tÚdarás, faoina fhreagracht fhoriomlán, agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis, na socruithe praiticiúla maidir le comhar.
4.Íocfaidh an tÚdarás aon chostas a thabhóidh na húdaráis i dtaca leis an gcomhar a sholáthraítear de bhun an Airteagail seo mura gcomhaontófar a mhalairt.
5.Saineofar sna socruithe praiticiúla don chomhar na modhanna tacaíochta, na nósanna imeachta agus na próisis, lena n‑áirítear teorainneacha ama, don chomhar idir an tÚdarás agus na húdaráis agus beidh siad faoi threoir na bprionsabal seo a leanas:
(a)féadfar iad a chur in oiriúint nó a choigeartú d'earnáil lena mbaineann agus do chineál na gcúraimí maoirseachta agus do dhéine an chomhair, lena n‑áirítear eagrú, feidhmiú agus rannpháirtíocht sa chomhar;
(b)ceadófar leo réitigh idirthréimhseacha chun leanúnachas agus aistriú rianúil freagrachtaí a áirithiú ó na húdaráis chuig an Údarás agus ón Údarás chuig na húdaráis;
(c)cuirfear éifeachtúlacht chun cinn leo i dtéarmaí ama agus acmhainní araon agus tabharfar aird chuí leo ar impleachtaí acmhainní agus ar chostéifeachtúlacht;
(d)beidh siad comhréireach agus tabharfar aird chuí leo ar a bhfreagrachtaí reachtúla agus ar acmhainní na n‑údarás;
(e)déanfar iad a bhunú agus a leanúint gan dochar do chumas an Údaráis na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus le gníomhartha eile de chuid an Aontais a chur i gcrích go héifeachtach, go neamhspleách agus go comhsheasmhach;
(f)áiritheofar leo sreafaí faisnéise a bheidh rianúil agus slán, lena n‑áirítear coimircí rúndachta agus láimhseáil faisnéise tríú páirtí;
(g)leagfar amach iontu modhanna oibríochtúla nó eagraíochtúla i ndáil le cúraimí maoirseachta dírí an Údaráis, lena n‑áirítear socruithe amhail foirne comhpháirteacha, comhar in imscrúduithe, cigireachtaí ar an láthair nó gníomhaíochtaí cur chun feidhme;
(h)i gcás inarb iomchuí, féadfar leo bunaíocht láithreachtaí áitiúla an Údaráis sna Ballstáit a shamhlú;
(i)féadfar leo na rialacha mionsonraithe a chinneadh chun aon chostas arna thabhú ag na húdaráis a ríomh agus a aisíoc, agus difríochtaí idir earnálacha, cineál na gníomhaíochta a ndéantar maoirseacht uirthi nó na gcúraimí a chuirtear i gcrích á gcur san áireamh.
6.Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na socruithe praiticiúla maidir le comhar a fhormheas. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin freisin go gcuirfear chun feidhme iad agus déanfaidh na húdaráis, i gcásanna ina bhfuil cúraimí maoirseachta dírí á bhfeidhmiú ag ESMA, na treoracha a thabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin agus na cúraimí a leagtar amach sna socruithe á gcomhlíonadh acu.
7.Beidh na socruithe praiticiúla maidir le comhar arna mbunú de bhun an Airteagail seo faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil ag an Údarás, i gcomhairle leis na húdaráis, chun a áirithiú go leanfar a n‑éifeachtacht, a gcomhréireacht agus a gcomhsheasmhacht le cumas maoirseachta an Údaráis a tá ag teacht chun cinn agus le dlí an Aontais.’
(8)Leasaítear Airteagal 9a mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Ní dhéanfaidh an tÚdarás na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach amháin faoi chúinsí práinneacha agus gan choinne nuair a mheasann sé gur dócha i gcás ceann amháin de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó i gcás aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go dtarraingeofaí saincheisteanna móra anuas ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:’;
(2)cuirtear na pointí (d) agus (e) seo a leanas leis:
‘(d)
i gcás ina rachadh díolúine shealadach nó foráil, beart nó socrú idirthréimhseach a leagtar amach i gceann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) in éag sula dtiocfadh forálacha nua nó leasaithe i bhfeidhm lena mbunófar díolúine bhuan nó creat rialála nua;
(e)
i gcás ina dtiocfaidh ualach díréireach maidir le ceanglas sonrach a leagtar amach i gceann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chomhlíonadh de bharr forbairtí suntasacha sa mhargadh.’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d) agus (e) de mhír 1, tabharfaidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó togra le haghaidh gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag roinnt leis an gceist dar leis an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Más rud é, ar bhonn na faisnéise a gheofar, go háirithe ó údaráis inniúla, go measann an tÚdarás, maidir le haon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go bhfuil saincheisteanna suntasacha ann a bhaineann le hiontaoibh sa mhargadh, cosaint don chustaiméir nó don infheisteoir, feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó na margaí tráchtearraí, nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas, cuirfidh sé gan moill mhíchuí cuntas mionsonraithe i scríbhinn chuig na húdaráis inniúla agus chuig an gCoimisiún faoi na saincheisteanna is dóigh leis a bheith ann. Féadfaidh an tÚdarás tuairim a chur in iúl don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtaigh nua nó togra le haghaidh gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag baint leis an gceist. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.’;
(9)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó nach leagtar amach teorainn ama den sórt sin sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis an amlíne nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas, in am trátha, nach gcomhlíonfaidh sé an teorainn ama nua.’;
(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘3. I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.’;
(c)cuirtear míreanna 5 agus 6 seo a leanas leis:
‘5. I gcás ina bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil gá le leasuithe ar chaighdeán teicniúil rialála, seolfaidh sé litir chuig an Údarás, ina míneofar cúiseanna agus inneachar aon leasaithe is gá. Beidh teorainn ama sa litir chun dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh. Cuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1. I gcás nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil rialála tíolactha ag an Údarás laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa litir ón gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar an gcaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh gan dréacht ón Údarás trí bhíthin gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE.
6. I gcás ina bhfuil gá le dul i ngleic le bagairt láithreach ar chosaint infheisteoirí, ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais, ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó ar chuid den chóras airgeadais san Aontas, nó ar iomaíocht chóir idir gnólachtaí atá lonnaithe san Aontas agus gnólachtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála a chur ar fionraí ar a thionscnamh féin, gan dréacht ón Údarás, trí bhíthin gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE. Agus an gníomh tarmligthe sin á ullmhú, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an Údarás nó a ionchur a iarraidh.
Féadfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh trí úsáid a bhaint as an nós imeachta práinne. Agus an nós imeachta práinne á úsáid aige, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh, agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an nós imeachta práinne a úsáid. Foilseofar na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh caighdeáin theicniúla rialála laistigh de thréimhse míosa ón dáta a dtabharfar an fógra i leith an chaighdeáin theicniúil rialála arna ghlacadh ag an gCoimisiún agus má chuirtear agóid in iúl, aisghairfidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála díreach tar éis don Pharlaimint nó don Chomhairle fógra a thabhairt faoin gcinneadh agóid a dhéanamh.
Ar bhonn sealadach a chuirfear forálacha caighdeáin theicniúil rialála ar fionraí agus beidh sé sin teoranta do thréimhse uasta 12 mhí, a bheidh in‑athnuaite uair amháin. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na fionraí dhá mhí ar a laghad roimh dhul in éag na fionraí, lena n‑áirítear measúnú ar cibé an bhfuil gá leis an bhfionraí i gcónaí.’;
(10)leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó nach leagtar amach teorainn ama den sórt sin sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas, in am trátha, nach gcomhlíonfaidh sé an teorainn ama nua.’;
(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘3. I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gnímh cur chun feidhme gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.’;
(c)cuirtear míreanna 5 agus 6 seo a leanas leis:
‘5. I gcás ina bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil gá le leasuithe ar chaighdeán teicniúil cur chun feidhme, seolfaidh sé litir chuig an Údarás, ina míneofar na cúiseanna agus inneachar aon leasaithe is gá. Beidh teorainn ama sa litir chun dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh. Cuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin chun go nglacfaí leis i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1. I gcás nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha ag an Údarás laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa litir ón gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh gan dréacht ón Údarás trí bhíthin gnímh cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE.
6.I gcás ina bhfuil gá le dul i ngleic le bagairt láithreach ar chosaint infheisteoirí, ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais, ar chobhsaíocht an chórais airgeadais go léir nó ar chuid den chóras airgeadais san Aontas, nó ar iomaíocht chóir idir gnólachtaí atá lonnaithe san Aontas agus gnólachtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a chur ar fionraí ar a thionscnamh féin, gan dréacht ón Údarás, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE. Agus an gníomh cur chun feidhme sin á ullmhú, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an Údarás nó a ionchur a iarraidh.
Ar bhonn sealadach a chuirfear na forálacha caighdeáin theicniúil cur chun feidhme ar fionraí agus é sin teoranta do thréimhse uasta 12 mhí, in‑athnuaite uair amháin. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na fionraí dhá mhí ar a laghad roimh dhul in éag na fionraí, lena n‑áirítear measúnú ar cibé an bhfuil gá leis an bhfionraí i gcónaí.’;
(11)Scriostar Airteagal 16b.
(12)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Arna hiarraidh ag údarás inniúil amháin nó níos mó, nó ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle, ag an gCoimisiún, nó ag an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, nó dá thionscnamh féin, lena n‑áirítear nuair a bheidh an fhaisnéis sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó ó dhaoine dlítheanacha, tar éis dó an t‑údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, míneoidh an tÚdarás an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh leis an gcás, agus déanfaidh sé imscrúdú ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil foras réasúnach ann chun a chreidiúint gur tharla sárú nó neamhchur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus nach bhfuil bearta leordhóthanacha glactha cheana féin ag an údarás inniúil lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar shárú líomhnaithe dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.’;
(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
I gcás ina dtagann an t‑imscrúdú ar an gconclúid nach bhfuil an t‑údarás inniúil ag comhlíonadh dhlí an Aontais, déanfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná 4 mhí óna imscrúdú a thionscnamh, moladh a dhíriú chuig an údarás inniúil lena mbaineann, ar moladh é ina leagfar amach an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir, a mholadh a roinnt leis an gCoimisiún.’;
(c)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo laistigh den tréimhse ama a shonraítear ann, agus i gcás inar gá an neamh-chomhlíonadh sin a leigheas go tráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a chothabháil nó a athshlánú, nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, déanfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo infheidhme go díreach ar rannpháirtithe margaidh airgeadais, lena n‑áirítear ceanglais sa dlí náisiúnta lena dtrasuitear treoracha agus iad léirmhínithe ar bhealach atá comhsheasmhach leo, cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar rannpháirtí margaidh airgeadais, cinneadh á cheangal chun gach gníomhaíocht riachtanach a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n‑áirítear scor d’aon chleachtas faoi leith.
Beidh cinneadh an Údaráis ar comhréir leis an tuairim fhoirmiúil arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun mhír 4.’;
(d)cuirtear mír 9 seo a leanas leis:
‘9. Chun dualgais an Choimisiúin a chomhlíonadh, agus arna iarraidh sin dó, soláthróidh na húdaráis inniúla agus an tÚdarás an fhaisnéis agus na doiciméid uile is gá atá ina seilbh don Choimisiún.’
(13)cuirtear an tAirteagal 17aa seo a leanas isteach:
‘Airteagal 17aa
Mainneachtain i maoirseacht ar fhormheas táirgí, seirbhísí nó eintiteas airgeadais
1.I gcás ina léiríonn athbhreithniú piaraí nó fiosrúchán faoi Airteagal 22(4) go bhféadfadh údarás inniúil a bheith ag mainneachtain maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh san earnáil atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí nó an fhiosrúcháin, agus go bhféadfadh mainneachtain mhaoirseachta den sórt sin sláine na margaí airgeadais, cobhsaíocht airgeadais nó cosaint infheisteoirí a chur i mbaol, féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar údarás inniúil a thuairim a lorg sula ndeonóidh sé formheas do tháirgí airgeadais, seirbhísí, gníomhaíochtaí nó eintitis san earnáil sin.
Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, soláthróidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis is gá don Údarás chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a gcuirtear na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus, i gcás ina bhfuil dlí an Aontais sin comhdhéanta de Threoracha, an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha agus í léirmhínithe ar bhealach atá comhsheasmhach leo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais. Má theastaíonn faisnéis bhreise ón Údarás, féadfaidh sé í a iarraidh go díreach ó údaráis inniúla eile tar éis dó an t‑údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas. Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.
2.Sula gceanglóidh sé ar an údarás inniúil lena mbaineann a thuairim a lorg sula ndeonóidh sé formheas do tháirgí, seirbhísí, gníomhaíochtaí nó eintitis airgeadais agus i gcás ina measann sé go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach, rachaidh an tÚdarás i dteagmháil leis an údarás inniúil lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh mhaoirseachta a sainaithníodh agus teacht ar réiteach a chomhaontaítear go frithpháirteach. Féadfaidh an tÚdarás gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bheidh le déanamh ag an údarás inniúil a mholadh i ndáil le táirgí, seirbhísí, gníomhaíochtaí nó eintitis airgeadais atá ann cheana a ndearna na heasnaimh mhaoirseachta sainaitheanta difear dóibh.
I gcás nach n‑éireoidh le hiarrachtaí teacht ar réiteach den sórt sin atá inghlactha go frithpháirteach, ceanglóidh an tÚdarás ar an údarás inniúil a thuairim a lorg sula ndeonóidh sé formheas do tháirgí, seirbhísí, gníomhaíochtaí nó eintitis airgeadais. Soláthróidh an tÚdarás míniú cuimsitheach ar a chinneadh, lena n‑áirítear anailís mhionsonraithe ar na heasnaimh mhaoirseachta atá sainaitheanta agus an réasúnaíocht atá leis an gceanglas atá aige le haghaidh tuairime. Féadfaidh an tÚdarás an míniú sin a fhoilsiú freisin agus déanfaidh sé an ceanglas le haghaidh tuairime a thaifeadadh sa chlár a choinníonn an tÚdarás, de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus, i gcás ina bhfuil dlí an Aontais sin comhdhéanta de Threoracha, de bhun na reachtaíochta náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha agus í léirmhínithe ar bhealach atá comhsheasmhach leis.
3.I gcás ina mbunaítear ceanglas maidir le tuairim an Údaráis a lorg sula ndeonaítear formheas do tháirgí, seirbhísí, gníomhaíochtaí nó eintitis airgeadais, tíolacfaidh an t‑údarás inniúil togra mionsonraithe chun an táirge, an tseirbhís, an ghníomhaíocht nó an t‑eintiteas airgeadais atá faoi réir thuairim an Údaráis a fhormheas, lena n‑áirítear réasúnú cuimsitheach leis an togra agus an doiciméadacht tacaíochta ábhartha go léir.
Laistigh de chúig lá oibre déag, eiseoidh an tÚdarás a thuairim, a chuimseoidh míniú críochnúil ar aon agóid nó imní a d'fhéadfadh a bheith aige maidir leis an togra. I gcás ina mainneoidh an tÚdarás a thuairim a eisiúint laistigh den tréimhse ama shonraithe, féadfaidh an t‑údarás inniúil an togra a ghlacadh gan tuairim. Déanfaidh an t‑údarás inniúil, laistigh de chúig lá oibre déag ón moladh a fháil, na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh chun an tuairim a chur chun feidhme. I gcás nach mbeidh na bearta is gá glactha ag an údarás inniúil chun an tuairim a chur chun feidhme, glacfaidh an tÚdarás cinneadh de réir mhír 4.
4.Féadfaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bheidh le cur chun feidhme ag an údarás inniúil a áireamh i gcinneadh an Údaráis a dhéanfar de bhun an dara fomhír de mhír 2, ar gníomhaíochtaí ceartaitheacha iad a bhféadfadh gníomhaíochtaí a áireamh i ndáil le táirgí, seirbhísí, gníomhaíochtaí nó eintitis airgeadais atá ann cheana a ndearna na heasnaimh mhaoirseachta sainaitheanta difear dóibh. I gcás nach gcuirfear na gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun feidhme laistigh den spriocdháta a shonróidh an tÚdarás, glacfaidh an tÚdarás cinneadh lena gceanglófar ar an údarás inniúil cinneadh a ghlac sé a chúlghairm nó a leasú nó leas a bhaint as na cumhachtaí atá aige faoi dhlí ábhartha an Aontais. Tabharfaidh an tÚdarás fógra faoin gcinneadh do na húdaráis inniúla óstacha ábhartha ina gcuirtear na táirgí, na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí airgeadais lena mbaineann an cinneadh ar fáil. Beidh cinneadh an Údaráis ina cheangal ar an údarás inniúil lena mbaineann agus cuirfidh sé ar chumas na n‑údarás inniúil óstach bearta iomchuí a dhéanamh chun soláthar na dtáirgí, na seirbhísí nó na ngníomhaíochtaí sin ina gcríoch a chur ar fionraí.’;
(14)Cuirtear an tAirteagal 17aaa seo a leanas isteach:
‘Airteagal 17aaa
Cearta chun seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann a chur ar fionraí
1.I gcás ina bhfuil foras réasúnach ag an Údarás chun a mheas go ndearna eintiteas atá údaraithe faoi dhlí an Aontais agus a sholáthraíonn na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil sé údaraithe ina leith ar bhonn trasteorann, sárú tromchúiseach ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo nó in aon ghníomh de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó ar na hoibleagáidí a leagtar amach sna forálacha arna nglacadh de bhun dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a d'fhéadfadh sláine na margaí airgeadais, cobhsaíocht airgeadais nó cosaint infheisteoirí, a chur i mbaol, déanfaidh sé na torthaí sin a tharchur chuig an údarás inniúil a dheonaigh an t‑údarú don eintiteas sin. Cuirfidh an t‑údarás inniúil faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán ar fáil don Údarás lena léirítear nach bhfuil an sárú líomhnaithe ann, nó, i gcás ina n‑aontaíonn an t‑údarás inniúil le torthaí an Údaráis, leagfar amach na bearta atá glactha cheana féin ag an údarás inniúil sin chun deireadh a chur leis an sárú. Maidir leis an bhfaisnéis sin, cuirfear ar fáil í laistigh d’amlíne réasúnach a shocróidh an tÚdarás.
2.Más rud é, in ainneoin na faisnéise a sholáthraíonn an t‑údarás inniúil de bhun mhír 1, go leanann an tÚdarás d’fhoras réasúnach a bheith aige chun a mheas go leanann an sárú ar aghaidh, déanfaidh an tÚdarás, laistigh de 10 lá oibre ó fhaightear an fhaisnéis de bhun mhír 1 nó ó dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear sa mhír sin, cinneadh á cheangal ar an údarás inniúil sin ordú a thabhairt don eintiteas ábhartha soláthar seirbhísí nó gníomhaíochtaí a chur ar fionraí ar bhonn trasteorann.
3.I gcás nach gcomhlíonfaidh an t‑údarás inniúil ábhartha an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 2 lá oibre, glacfaidh an tÚdarás laistigh de 5 lá oibre cinneadh lena gceanglófar ar an eintiteas ábhartha a sholáthar seirbhísí nó gníomhaíochtaí a chur ar fionraí ar bhonn trasteorann. Cuirfidh an tÚdarás an t‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 agus gach údarás inniúil eile de chuid na mBallstát inar chuir an t‑eintiteas a sheirbhísí nó a ghníomhaíochtaí ar an eolas go comhuaineach faoin gcinneadh sin. Déanfaidh na údaráis inniúla gach beart is iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear cinneadh an Údaráis i bhfeidhm laistigh dá gcríocha faoi seach.
4.I gcás ina mbeidh na bearta ceartaitheacha uile is gá glactha ag an eintiteas ábhartha chun deireadh a chur leis an sárú, soláthróidh sé don Údarás agus dá údarás inniúil an fhaisnéis is gá chun éifeachtacht na mbeart sin a mheasúnú.
5.Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de 15 lá oibre tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart ceartaitheach, i gcomhairle leis an údarás inniúil a dheonaigh an t‑údarú don eintiteas, agus cuirfidh sé in iúl don eintiteas ábhartha agus do na húdaráis inniúla ábhartha go léir cibé an bhfuil na bearta ceartaitheacha leordhóthanach, agus más leordhóthanach iad, cúlghairfidh sé a chinneadh níos luaithe a díríodh chuig an eintiteas ábhartha. Nuair a gheobhaidh an tÚdarás an fógra sin, féadfaidh an t‑eintiteas ábhartha soláthar a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí trasteorann san Aontas a atosú.
6.Chun na cúraimí a thugtar don Údarás de bhun an Airteagail seo a chur i gcrích, féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar fhaisnéis chuí‑réasúnaithe a bhfuil údar cuí léi a dhíriú chuig aon rannpháirtí margaidh airgeadais, chuig aon údarás inniúil náisiúnta nó chuig aon duine ábhartha eile.
7.Ní bheidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach san Airteagal seo maidir le cásanna inarb é an tÚdarás údarás inniúil eintitis.’;
(15)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘I ndáil leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus sa chás a leagtar amach faoi Airteagal 28b(6) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo i gceachtar den dá chás seo a leanas:
(a)arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n‑aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an ábhar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;
(b)ar a thionscnamh féin i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Más rud é, laistigh den chéim idir‑réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, déanfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t‑ábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, go mainníonn sé a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, agus i gcás ina bhfuil dlí an Aontais seo comhdhéanta de Threoracha, an reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar na Treoracha sin a thrasuí agus í léirmhínithe ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí an Aontais, féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar an rannpháirtí margaidh airgeadais sin á cheangal go ndéanfar gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n‑áirítear scor d’aon chleachtas faoi leith.’;
(16)cuirtear an tAirteagal 19a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 19a
Ardáin chomhair
1.Féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil údar dea‑bhunaithe imní air i ndáil le héifeachtaí diúltacha ar infheisteoirí, ar chobhsaíocht airgeadais nó i gcás ina bhfuil foras réasúnach amhrais ann go bhfuil fadhb aige maidir le comhlíonadh dhlí an Aontais, nó go bhfuil cleachtais mhaoirseachta éagsúla nó easnamhacha ann a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, gníomhaíochtaí rannpháirtithe margaidh airgeadais nó an tsaoirse bhunaíochta dá bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a shaothrú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó d’údaráis inniúla, ardán comhoibrithe a chur ar bun agus a chomhordú chun an malartú faisnéise a neartú, réitigh a mholadh agus chun an comhoibriú idir na húdaráis mhaoirseachta ábhartha a fheabhsú.
Má chuirtear ardán comhoibrithe ar bun arna iarraidh sin d’údarás inniúil, tabharfaidh an t‑údarás inniúil sin fógra don Údarás agus do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann faoi na hábhair imní atá aige, a bhfuil údar maith leo, agus dá dtagraítear i mír 1.
2.Ní dochar bunú ardáin comhoibrithe de bhun mhír 1 do shainordú maoirseachta na n‑údarás inniúil dá bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
3.Gan dochar d’Airteagal 35, déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha, arna iarraidh sin don Údarás nó d'aon údarás inniúil, an fhaisnéis riachtanach go léir a sholáthar go tráthúil ionas go bhfeidhmeoidh an t‑ardán comhair go cuí.
4.I gcás ina mbeidh easaontú laistigh den ardán faoi nós imeachta nó ábhar gníomhaíochta atá le déanamh, nó neamhghníomhú, i ndáil le rannpháirtí sa mhargadh agus i gcás ina bhfuil imní thromchúiseach ann faoi thionchar staid dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar an údarás inniúil imscrúdú ar an láthair a dhéanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Déanfaidh an t‑údarás inniúil an t‑imscrúdú ar an láthair a sheoladh gan mhoill agus iarrfaidh sé ar an Údarás agus ar na húdaráis inniúla ábhartha eile lena mbaineann páirt a ghlacadh ann.
5.I gcás ina n‑easaontóidh dhá údarás ábhartha nó níos mó, de chuid ardáin comhair, maidir leis an nós imeachta nó le hábhar gníomhaíochta atá le déanamh nó le heaspa gníomhaíochta, i ndáil le rannpháirtí sa mhargadh nó maidir le comhroinnt faisnéise de bhun an Airteagail seo, féadfaidh an tÚdarás an chumhacht a thugtar dó faoi Airteagal 19(1) a fheidhmiú.’;
(17)in Airteagal 21(2), scriostar an dara fomhír.;
(18)in Airteagal 22(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Tar éis fiosrúchán de bhun na chéad fhomhíre, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le gníomhaíocht do na húdaráis inniúla lena mbaineann.’;
(19)Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘1. Féadfaidh údaráis inniúla, le toiliú an tarmligin, cúraimí nó freagrachtaí a tharmligean chuig an Údarás nó chuig údaráis inniúla eile, ach sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.’;
(b)cuirtear na míreanna 1a go 1e seo a leanas isteach:
‘1a. Féadfaidh údarás inniúil cúraimí nó freagrachtaí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig an Údarás, i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach chun aon chúram nó freagracht maoirseachta den sórt sin a chomhlíonadh i gceart.
1b. Sula ndéanfar cúram maoirseachta a tharmligean chuig an Údarás, rachaidh an t‑údarás inniúil i gcomhairle leis an Údarás. Bainfidh an comhairliúchán sin leis na nithe seo a leanas:
(a)raon feidhme an chúraim nó na freagrachta a bheidh le tarmligean;
(b)an tráthchlár chun an cúram nó an fhreagracht a bheidh le tarmligean a chomhlíonadh;
(c)an fhaisnéis atá riachtanach a bheith á tarchur ag an údarás inniúil agus chuige.
1c. Feidhmeoidh an tÚdarás aon chúram nó freagracht tharmligthe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i gCaibidil IIa, i ngníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais agus faoi réir aon choinníollacha a chomhaontófar leis an údarás inniúil.
1d. Déanfaidh an t‑údarás inniúil an tÚdarás a aisíoc as na costais a thabhaítear mar thoradh ar chúraimí nó freagrachtaí tarmligthe a chur i gcrích.
1e. Déanfaidh an t‑údarás inniúil athbhreithniú ar an tarmligean dá dtagraítear i mír 1a ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean cúraimí nó freagrachtaí maoirseachta a chúlghairm tráth ar bith.’;
(20)cuirtear na hAirteagail 28a agus 28b seo a leanas isteach:
‘Airteagal 28a
Cúnamh frithpháirteach idir na húdaráis inniúla
1.Cabhróidh na húdaráis inniúla lena chéile chun fíneálacha riaracháin a fhorchuirtear mar gheall ar shárú aon fhorála a leagtar síos sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a ghnóthú, nuair nach mór an fhíneáil riaracháin a ghnóthú laistigh de dhlínse Ballstáit seachas an Ballstát inar eisíodh an fhíneáil sin.
2.Nuair a bheidh an cinneadh lena bhforchuirtear an fhíneáil riaracháin ar an duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann i mBallstát an údaráis iarrthaigh tar éis éirí críochnaitheach agus infhorfheidhmithe agus nach mbeidh an fhíneáil íoctha, cuideoidh an t‑údarás iarrtha, arna iarraidh sin don údarás iarrthach, leis na méideanna gaolmhara a ghnóthú ina dhlínse féin.
3.Déanfar an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a tharchur chuig an údarás iarrtha trí bhíthin foirme digití ina mbeidh na heilimintí seo a leanas go léir:
(a)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála eile an údaráis iarrtha;
(b)ainm, seoladh aitheanta sheolaí an chinnidh lena bhforchuirtear an fhíneáil riaracháin, agus aon fhaisnéis ábhartha eile chun an seolaí a shainaithint;
(c)achoimre ar na fíorais ábhartha agus ar na fiosrúcháin as ar eascair glacadh an chinnidh lenar gearradh an fhíneáil riaracháin;
(d)achoimre ar an gcinneadh lenar gearradh an fhíneáil riaracháin agus cóip de;
(e)faisnéis faoi infhorfheidhmitheacht an chinnidh agus an dáta a tháinig an cinneadh chun bheith críochnaitheach agus infhorfheidhmithe;
(f)méid na fíneála a bheidh le híoc;
(g)an tréimhse ar cheart forfheidhmiú a chur i gcrích, amhail spriocdhátaí reachtúla nó tréimhsí teorann;
(h)faisnéis lena taispeántar na hiarrachtaí réasúnacha atá déanta ag an údarás iarrthach chun an cinneadh a fhorfheidhmiú ina dhlínse féin, lena n‑áirítear easpa sócmhainní leordhóthanacha sainaitheanta de chuid an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann chun an fhíneáil riaracháin a fhorfheidhmiú;
(i)faisnéis ar dá réir a bhfuil a dhóthain sócmhainní ag an duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann i mBallstát an údaráis iarrtha chun go bhféadfar an fhíneáil riaracháin a fhorfheidhmiú.
4.Déanfaidh an t‑údarás iarrthach an fhoirm dhigiteach a sheoladh chuig an údarás iarrtha i dteanga oifigiúil, nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis iarrtha, mura rud é go gcomhaontaíonn an t‑údarás iarrtha agus an t‑údarás iarrthach go bhféadfar an fhoirm dhigiteach a sheoladh i dteanga eile.
I gcás ina gceanglaítear sin faoi dhlí náisiúnta Bhallstát an údaráis iarrtha, soláthróidh an t‑údarás iarrthach aistriúchán ar an gcinneadh an fhíneáil a ghearradh go teanga oifigiúil, nó go ceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis iarrtha, mura rud é go gcomhaontaíonn an t‑údarás iarrtha agus an t‑údarás iarrthach go bhféadfar an t‑aistriúchán sin a sholáthar i dteanga eile.
Airteagal 28b
Prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha riaracháin a fhorfheidhmiú
1.Is í an iarraidh chun cuidiú le fíneálacha riaracháin a aisghabháil a sheoltar i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 28a an t‑aon bhunús dlí amháin do na bearta forfheidhmithe arna nglacadh ag an údarás iarrtha gan aon fhoirmiúlacht, forlíonadh nó athsholáthar breise a bheith ag teastáil. Déanfaidh an t‑údarás iarrtha, tar éis dó an iarraidh a fháil, na bearta uile is gá a dhéanamh láithreach chun í a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos lena dhlí náisiúnta, mura rud é go ndéanann an t‑údarás iarrtha mír 4 a agairt. Cuirfidh an t‑údarás iarrtha an t‑údarás is iarratasóir ar an eolas le dícheall cuí faoi aon bheart a rinne sé i leith na hiarrata ar aisghabháil.
2.Fabhróidh an méid a ghnóthófar as forfheidhmiú an chinnidh an fhíneáil riaracháin a fhorchur chuig Ballstát an údaráis iarrthaigh ina airgeadra féin, mura gcomhaontóidh Ballstát an údaráis iarrthaigh agus Ballstát an údaráis iarrtha a mhalairt. Déanfaidh an t‑údarás iarrtha, más gá sin le haghaidh na haisghabhála an fhíneáil riaracháin a chomhshó go dtí airgeadra an Bhallstáit de réir an ráta tagartha malairte eachtraí euro arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach a bhfuil feidhm aige ar an dáta a forchuireadh an fhíneáil riaracháin.
3.Féadfaidh an t‑údarás iarrtha na costais iomlána a tabhaíodh i ndáil le gníomhaíochtaí a rinneadh dá dtagraítear i mír 1 a aisghabháil ón bhfíneáil a bhailigh sé thar ceann an údaráis iarrthaigh, lena n‑áirítear costais aistriúcháin, saothair agus riaracháin, beag beann ar thoradh na n‑imeachtaí aisghabhála.
4.Ní fhéadfaidh an t‑údarás iarrtha diúltú cinneadh an údaráis iarrthaigh fíneáil riaracháin a ghearradh a fhorfheidhmiú ach amháin má tá aon cheann de na nithe seo a leanas bunaithe aige:
(a)ní chomhlíonann an iarraidh na ceanglais uile a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4 d'Airteagal 28a;
(b)níl an cinneadh infhorfheidhmithe a thuilleadh faoi dhlí Bhallstát an údaráis iarrtha mar gheall ar imeacht ama.
(c)bheadh forfheidhmiú an chinnidh contrártha leis an bprionsabal ne bis in idem;
(d)tá foras réasúnach ann lena léirítear go mbeadh forfheidhmiú na hiarrata contrártha go follasach don bheartas poiblí sa Bhallstát ina n‑iarrtar an forfheidhmiú.
5.Ní chuirfidh Airteagal 28b agus míreanna 1 go 4 den Airteagal seo bac ar chur i bhfeidhm Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle () comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir na Ballstáit a mhéid a chuidíonn na comhaontuithe nó na socruithe sin na nósanna imeachta maidir le fíneálacha riaracháin a thagann faoi raon feidhme Airteagal 28a a shimpliú nó a éascú tuilleadh.
6.Déanfaidh an tÚdarás cúnamh frithpháirteach idir na húdaráis inniúla a spreagadh agus a éascú chun fíneálacha riaracháin a fhorchuirtear lasmuigh dá ndlínsí a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 28a agus leis an Airteagal seo.
I gcás ina ndiúltóidh an t‑údarás iarrtha cuidiú leis an údarás iarrthach i gcomhréir le hAirteagal 28a agus nach mbunófar aon cheann de na forais faoi mhír 4 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 17.
I gcás ina ndiúltóidh an t‑údarás iarrtha cuidiú leis an údarás iarrthach trí cheann de na cúiseanna faoi mhír 4, litreacha (a) go (c) den Airteagal seo a agairt, féadfaidh an tÚdarás cabhrú leis na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú, más iomchuí, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach faoi Airteagal 19.
7.Déanfaidh an tÚdarás formáid leictreonach na foirme digití dá dtagraítear i mír 3 d’Airteagal 28a a fhorbairt.’;
(21)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Cultúr coiteann maoirseachta agus forfheidhmithe’;
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
Beidh ról gníomhach ag an Údarás maidir le cultúr coiteann maoirseachta agus forfheidhmithe Aontais agus maidir le cleachtais chomhsheasmhacha mhaoirseachta agus fhorfheidhmithe a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, maidir lena áirithiú go bhfuil nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cur chuige comhsheasmhach ann ar fud an Aontais.’;
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ab):
‘(ab) grúpaí comhordaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 45b chun cóineasú maoirseachta agus forfheidhmithe a chur chun cinn agus chun na dea-chleachtais a shainaithint;’
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin mhaoirseachta agus fhorfheidhmithe aonfhoirmeacha agus ardcháilíochta, lena n‑áirítear caighdeáin maidir le tuairisciú, agus ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 1(3);’
(c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe margaidh airgeadais agus ar fhorfheidhmiú na rialacha lena rialaítear a gcuid gníomhaíochtaí san Aontas, ina gcuirtear san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n‑institiúidí agus sna margaí airgeadais, lena n‑áirítear athruithe de thoradh nuálaíocht teicneolaíochta, na rannpháirtithe margaidh airgeadais agus na margaí. Leagfar amach i lámhleabhar maoirseachta an Aontais dea-chleachtais maoirseachta, agus sonrófar ann modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil gan lámhleabhar maoirseachta an Aontais nó eilimintí substaintiúla de a chomhlíonadh, cuirfidh sé an fhíric sin in iúl don Údarás agus soláthróidh sé na cúiseanna atá aige é sin a dhéanamh.’;
(d)cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:
‘3. Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ceisteanna lena dteastaíonn léirmhíniú maidir le dlí an Aontais. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagra a chuirfidh an Coimisiún ar fáil.’;
(22)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás coistí um athbhreithniú piaraí ad hoc ar a mbeidh baill foirne an Údaráis i gcomhar le comhaltaí na n‑údarás inniúil. Déanfaidh ball foirne ón Údarás cathaoirleacht ar na coistí um athbhreithniú piaraí. Déanfaidh Cathaoirleach an Údaráis, tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht, an cathaoirleach agus comhaltaí coiste um athbhreithniú piaraí a mholadh, ar moladh é a fhormheasfaidh an Bord Feidhmiúcháin. Measfar an togra a bheith formheasta mura rud é, laistigh de 10 lá óna mholadh sin ag an gCathaoirleach, go ndéanann an Bord Feidhmiúcháin cinneadh é a dhiúltú.’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Ullmhóidh an tÚdarás tuarascáil ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Is an coiste um athbhreithniú piaraí a ullmhóidh an tuarascáil athbhreithnithe piaraí sin agus is é an Bord Feidhmiúcháin a ghlacfaidh é. Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Feidhmiúcháin chun comhsheasmhacht le tuarascálacha piar-athbhreithniúcháin eile agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Measúnóidh an Bord Feidhmiúcháin go háirithe ar cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm ar an dóigh chéanna. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil ar na bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí, comhréireach agus riachtanach de thoradh an athbhreithnithe piaraí. Féadfar na bearta leantacha sin a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun pointe (a) d’Airteagal 29(1) agus Airteagal 17aa.’;
(c)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil leantach le chéile dhá bhliain tar éis fhoilsiú na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí. Ullmhóidh an coiste um athbhreithniú piaraí an tuarascáil leantach agus glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin í. Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Feidhmiúcháin chun comhsheasmhacht le tuarascálacha piar-athbhreithniúcháin eile a áirithiú. Cuimseofar sa tuarascáil leantach, ach ní bheidh sí teoranta dó sin amháin, measúnú ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Chun críocha an Airteagail seo, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean oibre d’athbhreithniú piaraí don dá bhliain atá romhainn, ina léireofar inter alia na ceachtanna a foghlaimíodh ó na próisis athbhreithniúcháin a bhí ann go dtí seo mar aon leis an bplé a rinneadh sna grúpaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 45b. Cuid ar leithligh den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheidh i bplean oibre d’athbhreithniú piaraí. Déanfar é a chur ar fáil don phobal. I gcás práinne nó teagmhais gan choinne, féadfaidh an tÚdarás cinneadh athbhreithnithe piaraí breise a dhéanamh.’;
(23)Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘1. Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálaithe a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta agus rialála tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun comhar maoirseachta idirnáisiúnta a chothú, lena n‑áirítear trí fhaisnéis agus/nó foireann a mhalartú.
Sula rachaidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta maidir le haon socrú riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh, lena n‑áirítear raon feidhme agus cuspóirí beartaithe an tsocraithe sin.
Faoi na coinníollacha a leagtar amach sna socruithe riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus lena n‑áireofar forálacha lena rialaítear sicréideacht ghairmiúil agus a thabharfaidh aird chuí ar an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí, féadfaidh an tÚdarás, go háirithe, faisnéis agus doiciméid a mhalartú chun tacú le rioscaí trasteorann a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a mhaolú, lena n‑áirítear rioscaí do chobhsaíocht airgeadais agus do shláine an mhargaidh.
Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe riaracháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a n‑údaráis inniúla ó shocruithe déthaobhacha nó ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.
(b)leasaítear mír 4 mar a leanas:
(1)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus do na socruithe riaracháin a dhéantar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir, le húdaráis ábhartha tríú tíortha ar sainaithníodh a gcórais rialála agus maoirseachta a bheith coibhéiseach.’;
(2)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n‑áirítear, i gcás inar gá agus dá bhforáiltear i ngníomhartha eile de chuid an Aontais, cigireachtaí ar an láthair.’;
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas má dhiúltaíonn údarás ábhartha tríú tír na socruithe riaracháin sin a thabhairt i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach.’;
(24)in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Arna iarraidh sin don Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás, gan moill mhíchuí, chun go mbeidh sé in ann na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo agus faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha. I gcás ina ndiúltaíonn údarás inniúil an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar, léireoidh sé nach féidir an fhaisnéis a roinnt go dlíthiúil leis an Údarás.’;
(25)cuirtear an tAirteagal 35c seo a leanas isteach:
‘Airteagal 35c
Ardán sonraí
1.Déanfaidh an tÚdarás ardán sonraí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun bailiú, stóráil, agus próiseáil faisnéise, agus rochtain ar fhaisnéis, a éascú dá bhforáiltear faoin Rialachán seo nó i ngníomhartha eile de chuid an Aontais lena sainordaítear an t‑ardán sin a úsáid.
2.Áireofar san ardán sonraí teicneolaíocht mhaoirseachta agus uirlisí ábhartha eile chun cumais anailíse agus faireacháin a fheabhsú agus chun comhar idir údaráis a éascú.
3.Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar an t‑ardán a dhearadh agus a oibriú ar an mbealach is éifeachtúla agus go seachnófar dúbláil bailithe sonraí i gcás inar féidir, agus go n‑áiritheoidh sé cruinneas agus idir‑inoibritheacht na sonraí.
4.Áiritheoidh an tÚdarás go gcomhlíonfaidh bailiú, stóráil, rochtain ar aon sonraí ar an ardán agus próiseáil na sonraí sin na hoibleagáidí maidir le sicréideacht agus rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 70 den Rialachán seo agus in aon ghníomh eile de chuid an Aontais.
5.Beidh an tÚdarás freagrach go háirithe as slándáil, infhaighteacht, cothabháil agus forbairt bhonneagar bogearraí agus TF an ardáin a áirithiú.
6.Nuair a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil san ardán sonraí, ní dhéanfaidh an tÚdarás iad a phróiseáil ach amháin a mhéid is gá chun bailiú, stóráil, rochtain ar an bhfaisnéis agus próiseáil na faisnéise a thíolacadh a éascú i gcomhréir le gníomhartha infheidhme an Aontais dá dtagraítear i mír 1.’;
(26)Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Is i gcomhréir le míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a ghníomhóidh an tÚdarás agus aon chinneadh de bhun Airteagal 17, 17aa, 17aaa, 18, 19 agus 19a á ghlacadh aige.’
(b)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Poibleofar glacadh na gcinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, Airteagal 17aa, Airteagal 17aaa, Airteagal 18, Airteagal 19 nó Airteagal 19a. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó an rannpháirtí margaidh airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na rannpháirtithe margadh airgeadais sin, nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.’
(27)Cuirtear isteach an Chaibidil IIa seo a leanas:
‘CAIBIDIL IIa
CUMHACHTAÍ AN ÚDARÁIS MAIDIR LE RANNPHÁIRTITHE MARGAIDH AIRGEADAIS FAOI MHAOIRSEACHT AN ÚDARÁIS
Airteagal 39a
Raon feidhme
1.Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gach rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo. Ní bheidh feidhm aige, áfach, maidir le contrapháirtithe lárnacha a aithnítear faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
2.Má bhíonn forálacha na Caibidle seo ar neamhréir le foráil de ghníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha de chumhachtaí nós imeachta an Údaráis in earnáil nó i réimse sonrach, beidh forlámhas ag foráil an ghnímh eile de chuid an Aontais agus beidh feidhm aici maidir leis an earnáil nó leis an réimse sonrach sin. Maidir leis na cumhachtaí a thugtar don Údarás nó d'aon oifigeach dá chuid nó d'aon duine eile arna údarú aige, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléide dlíthiúla.
Airteagal 39b
Iarrataí ar fhaisnéis
1.Chun a chúraimí a fheidhmiú, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis, ar dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó a ndéanann siad difear dóibh, ar thríú páirtithe gaolmhara, ar tríú páirtithe iad a bhfuil feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla seachfhoinsithe chucu ag na rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis agus ar dhaoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu leis na rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó lena ngníomhaíochtaí agus ar aon daoine eile dá bhforáiltear i ngníomhartha eile de chuid an Aontais, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun a dhualgais faoin Rialachán seo agus faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh.
2.Agus iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh aige faoi mhír 1, déanfaidh an tÚdarás tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata, luafaidh sé cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a theastaíonn, agus socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar agus cuirfidh sé eolas faoi na fíneálacha a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás freagraí míchearta nó míthreoracha.
3.Maidir leis an Údarás, agus an fhaisnéis faoi mhír 1 á hiarraidh aige trí chinneadh:
(a)déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí leis an iarraidh;
(b)luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)sonróidh sé an fhaisnéis atá ag teastáil;
(d)socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;
(e)léireoidh sé íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a d'fhéadfadh a bheith ann as faisnéis neamhiomlán a sholáthar;
(f)cuirfidh sé eolas ann faoi na fíneálacha a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás freagraí míchearta nó míthreoracha;
(g)cuirfidh sé eolas ann faoi chearta seoltóirí achomhairc a dhéanamh faoin Rialachán seo.
4.Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar.
5.I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh an tÚdarás, gan mhoill, cóip den chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe nó bunaithe.
Airteagal 39c
Imscrúduithe
1.Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 39b(1). Sula dtionscnóidh sé imscrúdú faoin Airteagal seo, glacfaidh an tÚdarás cinneadh imscrúdú a sheoladh. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, an dáta a gcuirfear tús leis agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear faoin Rialachán seo agus faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais i gcás nach ngéilleann na daoine lena mbaineann don imscrúdú, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoin Rialachán seo chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.
2.Tabharfar de chumhacht don Údarás an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)scrúdú a dhéanamh ar thaifid, sonraí, nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forfheidhmiú a chúraimí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
(b)cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)aon duine dá dtagraítear in Airteagal 39b(1) nó a n‑ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
(d)agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)taifid de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí a iarraidh.
3.Féadfaidh an tÚdarás a údarú dá oifigigh agus do dhaoine eile na himscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a sheoladh. Déanfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonróidh an t‑údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 39g i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a éilítear nó na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 39b(1) nó má tá na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear faoin Rialachán seo nó faoi agus faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 39b(1) mícheart nó míthreorach.
4.In am trátha sula ndéanfar an t‑imscrúdú, cuirfidh an tÚdarás údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh ar an eolas faoi. Ar iarraidh a fháil ón Údarás, tabharfaidh oifigigh de chuid údaráis inniúla lena mbaineann cúnamh don Údarás agus a dhualgais a chur i gcrích. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin.
5.Más rud é, maidir le hiarraidh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, go gceanglaítear údarú a fháil ina leith ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6.I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú, ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a fhíorú i dtaobh an bhfuil cinneadh an Údaráis barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na cigireachta. Le linn dó measúnú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an Údarás mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag an Údarás chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo nó ar ghníomhartha eile de chuid an Aontais agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad an Údaráis a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Údaráis faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo.
Airteagal 39d
Cigireachtaí ar an láthair
1.Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh in áitreabh na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 39b(1). Sula dtionscnóidh sé an chigireacht ar an láthair faoin Airteagal seo, glacfaidh an tÚdarás cinneadh cigireacht ar an láthair a dhéanamh. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a gcuirfear tús leis agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear faoin Rialachán seo agus faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais le haghaidh daoine nach ngéilleann don chigireacht, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoin Rialachán seo chomh maith leis an gceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú. I gcás inar gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil, féadfaidh an tÚdarás an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré do na daoine atá faoi réir na cigireachta sin.
2.Féadfaidh oifigigh an Údaráis agus daoine eile arna n‑údarú aige chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó nó ar aon talamh de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinnidh maidir le himscrúdú dá dtagraítear i mír 1 agus beidh na cumhachtaí go léir atá sonraithe in Airteagal 39c acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhar nó aon taifead a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3.Déanfaidh oifigigh an Údaráis agus daoine eile arna n‑údarú aige chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 39g i gcás nach dtéann na daoine lena mbaineann faoin gcigireacht.
4.In am trátha sula ndéanfar an chigireacht, cuirfidh an tÚdarás údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh agus rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis ar an eolas faoin gcinneadh an t‑iniúchadh ar an láthair a dhéanamh.
5.Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh cúnamh gníomhach a thabhairt don Údarás. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dó.
6.Féadfaidh an tÚdarás a cheangal freisin ar údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit cúraimí sonracha imscrúdaithe a chomhlíonadh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh thar a cheann mar a fhoráiltear dóibh san Airteagal seo agus in Airteagal 39c. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann agus atá ag an Údarás de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 39c.
7.I gcás ina suíonn an tÚdarás go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá ón Údarás agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a chumas cigireacht ar an láthair a dhéanamh.
8.Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
9.I gcás ina ndéanfar iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 8, fíoróidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta an bhfuil cinneadh an Údaráis barántúil agus measfaidh sé nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Le linn dó measúnú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an Údarás mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag an Údarás chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo nó ar ghníomhartha eile de chuid an Aontais agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad an Údaráis a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Údaráis faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo.
Airteagal 39e
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta agus fíneálacha
1.Más rud é go suíonn an tÚdarás go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de sháruithe ar an Rialachán seo nó ar ghníomhartha eile de chuid an Aontais atá faoina inniúlacht, seolfaidh sé imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 39c agus ceapfaidh sé oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh den Údarás chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ná indíreach an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis lena mbaineann agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar an mBord Feidhmiúcháin.
2.Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus tabharfaidh sé aird ar aon bharúil a chuirfidh na daoine isteach atá faoi réir an imscrúdú agus déanfaidh sé comhad iomlán ina mbeidh torthaí an imscrúdaithe a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 39b agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 39c agus le hAirteagal 39d. Nuair atá na cumhachtaí sin á n‑úsáid aige, comhlíonfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 39a.
Le linn an imscrúdaithe, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag an Údarás trína ghníomhaíochtaí maoirseachta.
3.Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an t‑imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil na torthaí a chur faoi bhráid Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Ní dhéanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí a bhunú ar fhíorais seachas fíorais a raibh deis ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdúcháin barúil a thabhairt ina leith.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.
4.Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil na torthaí á gcur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúchán ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin do na daoine atá faoi réir imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe.
5.Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin, a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe atá faoi imscrúdú déanta ag na daoine a bhí faoi réir imscrúduithe, agus más amhlaidh an cás, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le gníomhartha ábhartha de chuid an Aontais agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le gníomhartha ábhartha an Aontais.
6.Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití an Bhoird Feidhmiúcháin ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird Feidhmiúcháin.
7.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75a, rialacha nós imeachta breise a ghlacadh maidir le feidhmiú na cumhachta chun fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearradh, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus déanfaidh sé rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.
8.Déanfaidh an tÚdarás ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina suífidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo nó gníomhartha eile Comhphobail á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gur ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh an tÚdarás ó fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é go ndearnadh breithiúnas críochnaitheach roimh ré i gcás a d’eascair as fíorais chomhionanna, nó as fíorais atá comhionann go substaintiúil mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 39f
Fíneálacha
1.Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 39e(5), go bhfaighidh an Bord Feidhmiúcháin amach go ndearna rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis, d’aon ghnó nó go faillíoch, an Rialachán seo nó gníomh ábhartha eile de chuid an Aontais faoi inniúlacht an Údaráis a shárú, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2.
Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann an tÚdarás ar thosca oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
2.Mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hearnáil nó limistéar sonrach, ní rachaidh an fhíneáil thar:
(a)i gcás duine dhlítheanaigh, EUR 1 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta de réir an ráta tagartha malairte eachtraí euro arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach a bhfuil feidhm aige ar an dáta a fhorchuirtear an fhíneáil.
(b)nó 10 % de láimhdeachas bliantúil an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis agus atá faoi réir imscrúdaithe lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin, cibé acu is airde;
(c)i gcás duine nádúrtha, EUR 500 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta de réir an ráta tagartha malairte eachtraí euro arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach a bhfuil feidhm aige ar an dáta a fhorchuireadh an fhíneáil.
3.Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh an tÚdarás na critéir a leagtar amach in Airteagal 39g(2) san áireamh.
4.D’ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain an duine dlítheanach tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.
Airteagal 39g
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1.Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin, trí chinneadh a dhéanamh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur orthu seo a leanas:
(a)rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis chun deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (d) d'Airteagal 39h(1);
(b)chun iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 39b(1) faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í arna héileamh le cinneadh de bhun Airteagal 39b;
(c)duine dá dtagraítear in Airteagal 39b(1) géilleadh d’imscrúdú, taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt ar aird nó aon fhaisnéis eile arna soláthar le linn imscrúdú arna sheoladh le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 39c a iomlánú agus a cheartú;
(d)chun iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 39b(1) géilleadh do chigireacht ar an láthair arna sainordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 39d.
2.Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach, comhréireach, agus athchomhairleach. Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó an duine lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.
3.D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla ná 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena ngearrtar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ón mBord Feidhmiúcháin.
Airteagal 39h
Bearta maoirseachta
1.Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 39e(4), go suíonn an tÚdarás go ndearna rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis sárú ar an Rialachán seo nó ar ghníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais faoina inniúlacht, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil sé liostaithe in Iarscríbhinn de ghníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais faoina inniúlacht, glacfaidh sé cinneadh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh de réir mar is iomchuí don earnáil nó don réimse ábhartha de bhun an Rialacháin seo, nó, i gcás ina bhforáiltear dóibh, laistigh de theorainneacha a chumhachtaí faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme:
(a)clárú, aitheantas nó údarú an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis a tharraingt siar, ag brath ar an earnáil ina n‑oibríonn an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis;
(b)toirmeasc a chur ar an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis maidir leis na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a shaothrú ar fud an Aontais, go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú;
(c)a éileamh go scoirfear go sealadach nó go buan d’aon chleachtas nó iompraíocht a mheasann an t‑údarás inniúil a bheith contrártha d’fhorálacha an Rialacháin seo agus do ghníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais;
(d)clárú, aitheantas nó údarú rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis a chur ar fionraí;
(e)a cheangal ar an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis deireadh a chur leis an sárú;
(f)fíneálacha a fhorchur de bhun Airteagal 39f;
(g)íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun Airteagal 39g;
(h)fógra poiblí a eisiúint;
(i)a cheangal go mbainfear duine nádúrtha de bhord bainistíochta rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis;
(j)a cheangal go ndéanfar calcadh nó forlámhú sócmhainní, nó an dá cheann;
(k)a cheangal ar iniúchóirí nó ar shaineolaithe fíorúcháin nó imscrúduithe a dhéanamh;
(l)aon chineál birt a ghlacadh chun a áirithiú go leanfaidh an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis de bheith ag comhlíonadh na gceanglas dlí.
2.Déanfaidh an tÚdarás clárú, údarú nó aitheantas rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis a tharraingt siar in aon cheann de na himthosca seo a leanas mura sonraítear a mhalairt i ngníomhartha eile de chuid an Aontais a mbeidh tosaíocht acu:
(a)tá an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis tar éis an clárú, an t‑údarú nó an t‑aitheantas a thréigean go sainráite nó níor bhain sé leas as an gclárú, as an údarú nó as an aitheantas laistigh de 36 mhí tar éis an clárú, an t‑údarú nó an t‑aitheantas a dheonú;
(b)tá an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis tar éis an clárú, an t‑údarú nó an t‑aitheantas a fháil trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí aon mhodh neamhrialta eile;
(c)ní chomhlíonann an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis na coinníollacha faoinar cláraíodh, faoina údaraíodh nó faoinar aithníodh é a thuilleadh.
I gcás ina dtarraingeoidh an tÚdarás siar clárú, údarú nó aitheantas an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis, soláthróidh sé na cúiseanna iomlána ina chinneadh.
Beidh éifeacht láithreach ag an aistarraingt.
Chun críocha mhír 1, beidh an beart éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus déanfaidh an tÚdarás cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)cibé acu a bhí nó nach raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, cé acu a éascaíodh nó nár éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó cé acu a bhí nó nach raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c)cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d)leibhéal freagrachta as an sárú;
(e)láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(f)an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;
(g)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis agus atá freagrach as an sárú nó na caillteanais do thríú páirtithe de bharr an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(h)leibhéal comhoibrithe leis an Údarás an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis agus atá freagrach as an sárú, gan dochar don ghá atá le forghéilleadh na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le forghéilleadh na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;
(i)sáruithe roimhe seo ar an Rialachán seo nó ar ghníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais ag rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis agus atá freagrach as an sárú;
(j)aon bheart arna dhéanamh tar éis an tsáraithe ag an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis atá freagrach as an sárú chun a áirithiú nach dtarlaíonn an sárú sin arís.
3.I gcás ina bhfuil foras réasúnach ann le hamhras a bheith ag an Údarás go bhféadfadh rannpháirtí margaidh airgeadais faoina mhaoirseacht a bheith ag gabháil d'iompar a d'fhéadfadh a bheith ina shárú faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais faoina inniúlacht, féadfaidh sé aon cheann de na bearta dá dtagraítear i bpointe (b), (h), (j), (k) agus (l) de mhír 1 a ghlacadh trí chinneadh, arna choigeartú go cuí lena n‑úsáid i gcásanna nach mbaineann ach le sáruithe amhrasta nach bhfuil bunaithe fós.
4.Gan moill mhíchuí, tabharfaidh an tÚdarás fógra faoi aon ghníomhaíocht a dhéantar de bhun mhíreanna 1 agus 4 don rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis agus atá freagrach as an sárú, agus cuirfidh sé an ghníomhaíocht sin in iúl d’údaráis inniúla ábhartha na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon ghníomhaíocht den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 4.
Áireofar an méid seo a leanas leis an nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)ráiteas lena ndearbhófar ceart an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis atá freagrach as an sárú chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh;
(b)I gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil Bord Achomhairc an Údaráis in ann cur i bhfeidhm an chinnidh a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) den Rialachán seo.
Airteagal 39i
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin i gcoinne daoine nádúrtha
1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha:
(a)is comhaltaí den chomhlacht bainistíochta, bainisteoirí sinsearacha, nó sealbhóirí feidhme is ríthábhachtaí de chuid rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);
(b)a bhfuil tionchar suntasach acu ar chinnteoireacht nó ar phróifíl riosca na rannpháirtithe margaidh airgeadais sin; nó
(c)atá ag gabháil ar shlí eile do ghníomhaíochtaí rialáilte atá faoi réir mhaoirseacht an Údaráis.
2.Tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 39h, forchuirfidh an tÚdarás smachtbhannaí riaracháin nó bearta eile ar dhuine dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina suífear, maidir leis an duine sin:
(a)gur mhainnigh sé nó sí caighdeáin ghairmiúla a chomhlíonadh, lena n‑áirítear na caighdeáin sin a bhaineann le hionracas, inniúlacht agus dícheall cuí; nó
(b)go raibh sé nó sí ag gabháil d'iompar a dhéanann dochar do bhainistíocht fhónta stuama an eintitis faoi mhaoirseacht.
3.Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna smachtbhannaí agus sna bearta dá dtagraítear i mír 2:
(a)fíneálacha riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 39f;
(b)toirmeasc sealadach nó buan ar fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);
(c)údarú chun gníomhaíochtaí rialáilte a dhéanamh a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;
(d)ráitis phoiblí ina sainaithnítear an duine atá freagrach agus cineál an tsáraithe, i gcás ina measann an tÚdarás gur gá an foilsiú sin chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a chosaint nó chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo nó gníomhartha eile de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a áirithiú, ar choinníoll go bhfuil an foilsiú teoranta don mhéid atá fíor‑riachtanach chun na cuspóirí sin a áirithiú agus go bhfuil údar cuí leis.
Airteagal 39j
Éisteacht na ndaoine lena mbaineann
1.Sula ndéanfaidh an Bord Feidhmiúcháin aon chinneadh faoi Airteagail 39k, 39h agus 39i, tabharfaidh sé deis don rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó don duine atá faoi réir na n‑imeachtaí éisteacht a fháil maidir le torthaí an Údaráis. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó ag an duine atá faoi réir na n‑imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh an Bord Feidhmiúcháin a chuid cinntí.
2.Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé deis don rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó don duine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dó a chinneadh a dhéanamh.
3.Déanfar cearta cosanta an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó na ndaoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n‑imeachtaí. Beidh na daoine sin i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Údaráis, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfear an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin an Údaráis.
Airteagal 39k
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a nochtadh, a fhorfheidhmiú agus a leithdháileadh agus cineál na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí sin
1.Déanfaidh ESMA gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearrtar de bhun Airteagail 39f, 39g agus 39i a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Sa nochtadh sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2.Is de chineál riaracháin a bheidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrtar de bhun Airteagail 39f, 39g agus 39i.
3.Beidh cinntí maidir le fíneálacha agus le híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrtar de bhun Airteagail 39f, 39g agus 39i infhorfheidhmithe.
Déanfar forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Stát a ndéantar an forfheidhmiú ar a chríoch. An t‑ordú maidir le forfheidhmiú an chinnidh fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a fhorchur, is ordú é a chuirfear i gceangal leis an gcinneadh gan aon fhoirmiúlacht eile a bheith ag teastáil seachas barántúlacht an chinnidh a fhíorú ag an údarás a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag rialtas gach Ballstáit, agus cuirfear an tÚdarás agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an eolas ina leith.
Nuair atá an fhoirmiúlacht sin curtha i gcrích, féadfaidh an t‑údarás arna ainmniú ag an mBallstát dul i mbun an fhorfheidhmiúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.
Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil an forfheidhmiúchán á chur i gcrích ar dhóigh neamhdhleathach.
4.Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 39l
Socrú
1.Nuair a dhéanfaidh an tÚdarás cinneadh de bhun Airteagal 39e(5), féadfaidh sé imeachtaí forfheidhmithe a thabhairt i gcrích trí shocrú leis an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, faoi réir téarmaí lena n‑áirithítear éifeachtacht, comhréireacht agus díspreagadh.
2.Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75a, lena sonrófar an nós imeachta socraíochta, lena n‑áirítear cearta cosanta, foilsiú agus éifeachtaí socraíochtaí.
3.Le linn a imscrúdaithe féadfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin neamhspleách féachaint an bhféadfadh socrú a bheith ann leis an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó leis an duine atá faoi réir imscrúdú, má mheasann an t‑oifigeach go bhféadfadh an cás a bheith oiriúnach le haghaidh socraíochta. Má chomhaontaíonn an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó an duine atá faoi réir imscrúdú socrú a dhéanamh, féadfar an fhíneáil bhunaidh a mheastar a bheith gearrtha ag an Údarás a laghdú.
4.Féadfaidh rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis nó le haon duine atá faoi réir imscrúdú, a iarraidh go ndéanfaí an fhéidearthacht socraíochta. Ní chuirfidh iarraidh den sórt sin iallach ar an Údarás dul i mbun pléití socraíochta ná teacht ar réiteach. Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin neamhspleách measúnú ar an iarraidh i bhfianaise imthosca an cháis, lena n‑áirítear tromchúis agus cineál an tsáraithe líomhnaithe, agus féadfaidh sé nó sí pléití socraíochta a thionscnamh i gcás ina measann sé nó sí go bhféadfadh an cás a bheith oiriúnach le haghaidh réiteach.
Airteagal 39m
Athbhreithniú de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr an tÚdarás fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le gníomhartha eile de chuid an Aontais i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.
Airteagal 39n
Táillí maoirseachta
1.Déanfaidh an tÚdarás táillí a ghearradh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis i leith aon chostais a thabhóidh an tÚdarás agus é ag cur a chúraimí i gcrích faoin Rialachán seo agus faoi ghníomhartha ábhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
2.Cumhdófar leis na táillí dá dtagraítear i mír 1 na costais riaracháin a thabhóidh an tÚdarás ina ghníomhaíochtaí i ndáil leis an gclárú, an t‑údarú, an deimhniú, an aitheantas, an forfheidhmiú, an mhaoirseacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le maoirseacht, go háirithe cóineasú maoirseachta agus forbairt agus cothabháil uirlisí, lena n‑áirítear costas dímheasta, chun na gcríoch sin mar is infheidhme maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis.
3.I gcás ina bhfuil cúnamh nó tacaíocht iarrtha ag an Údarás chun cúraimí maoirseachta a chur i gcrích d'údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le gníomhartha eile de chuid an Aontais, cumhdófar leis na táillí freisin aisíocaíocht aon chostais a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus na cúraimí sin á gcur i gcrích acu.
4.Beidh na táillí maoirseachta comhréireach le láimhdeachas bliantúil an rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis lena mbaineann.
5.De mhaolú ar mhír 4, féadfar rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis a dhíolmhú ón oibleagáid táille a íoc nó féadfaidh siad a bheith faoi réir táille laghdaithe, sheasta, uasteorannaithe nó shealadach, i gcás inarb iomchuí.
6.Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis ar fáil do gach rannpháirtí margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis ina míneofar conas a ríomhadh an táille dá dtagraítear i mír 1.
7.Foilseoidh an tÚdarás, ar bhonn bliantúil, ar a shuíomh gréasáin tuarascáil trédhearcachta táillí ina leagfar amach catagóirí na rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis agus an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun costais a leithdháileadh.
8.Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75a trí chineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a mbeidh siad le híoc a shonrú tuilleadh.
9.Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) mar a shonraítear i ngníomhartha eile de chuid an Aontais.‘;
(28)Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an pointe ba seo a leanas isteach:
‘(ba) 5 chomhalta neamhspleácha den Bhord Feidhmiúcháin;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Beidh gach údarás dá dtagraítear i mír 1 freagrach as malartach ardleibhéil a ainmniú óna údarás, agus féadfaidh an malartach sin ionad an chomhalta dá dtagraítear i mír 1(b) a ghlacadh, nuair nach féidir leis an duine sin freastal ar chruinniú.’;
(29)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41 :
‘Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCathaoirleach coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha a tugadh dó. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó chuig an gCathaoirleach.
I gcás ina bpléifidh coiste inmheánach nithe i ndáil le contrapháirtí lárnach nó le taisclann urrús lárnach, beidh sé de cheart ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais eile eisiúna airgeadraí de chuid an Aontais a bheith ina gcomhaltaí gan vótáil .‘;
(30)Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoraíocht i ndáil le hobair an Údaráis agus beidh sé i gceannas ar na cinntí i gcomhréir le hAirteagail 9a go 16a den Rialachán seo. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí gach cinneadh de chuid an Údaráis, lena n‑áirítear na cinntí sin a shanntar dó go sonrach i ngníomhartha eile an Aontais, cé is moite de na cinntí atá le glacadh ag an mBord Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 46a. Más infheidhme, glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón gcoiste nó ón bpainéal inmheánach ábhartha, ón gCathaoirleach nó ón mBord Bainistíochta, de réir mar is iomchuí.’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé ar aghaidh é mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n‑áirítear an t‑ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí.’;
(31)Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:
Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ná na 5 chomhalta neamhspleácha den Bhord Feidhmiúcháin ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír seo.’;
(2)scriostar an ceathrú fomhír agus an cúigiú fomhír;
(3)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Maidir le cinntí a shonraítear in Airteagal 44b(2), de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, cinnfidh an Bord Maoirseoirí le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí vótála.’;
(b)i mír 4, scriostar an chéad fhomhír.
(32)cuirtear é seo a leanas in ionad theideal Roinn 2:
‘An Bord Feidhmiúcháin’
(33)cuirtear an tAirteagal 44a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 44a
Comhdhéanamh agus ceapadh an Bhoird Feidhmiúcháin
1.Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta díobh seo a leanas:
(a)Cathaoirleach an Údaráis
(b)5 chomhalta neamhspleácha lánaimseartha
I gcás ina ndéanann an Bord Feidhmiúcháin na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal [46a (8)], beidh ionadaí ón gCoimisiún i dteideal a bheith rannpháirteach sna díospóireachtaí agus beidh rochtain aige ach ar na doiciméid a bhaineann leis na cúraimí sin.
Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas-Chathaoirleach an Údaráis páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh an ceart vótála ag acu.
2.I gcás ina ndéantar plé ar na cinntí dá dtagraítear i bpointe l d'Airteagal 8 mír 1, pointe l i ndáil le heintiteas faoi mhaoirseacht dhíreach, féadfaidh comhalta an Bhoird Maoirseoirí ón mBallstát ina bhfuil an t‑eintiteas ábhartha bunaithe páirt a ghlacadh sa phlé le linn chruinnithe ábhartha an Bhoird Feidhmiúcháin.
I gcás ina bpléitear nithe maoirseachta i ndáil le contrapháirtí lárnach nó le taisclann lárnach urrús, beidh sé de cheart ag ionadaí BCE freastal ar an bplé.
Ní bheidh na breathnóirí a shonraítear i bhfomhíreanna 1 agus 2 i láthair le linn na vótála tar éis an phlé sin.
Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh a dhéanamh breathnóirí eile a ligean isteach ar na pléití.
3.Roghnófar comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais, sláine, taithí aitheanta i réimse na maoirseachta ar mhargaí airgeadais, agus ar bhonn cáilíochtaí ábhartha eile, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ullmhóidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí do phost chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Féadfaidh Parlaimint na hEorpa éisteachtaí na n‑iarrthóirí atá ar an ngearrliosta sin a stiúradh.
Cuirfidh an Bord Maoirseoirí togra maidir le ceapadh chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, bunaithe ar an ngearrliosta atá ullmhaithe ag an gCoimisiún. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun comhaltaí sin an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
4.Le linn an phróisis ceapacháin, cuirfear prionsabail na cothromaíochta inscne agus geografaí san áireamh a mhéid is féidir. Ba cheart ionadaíocht a bheith ann i measc chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ar chineálacha éagsúla taithí maoirseachta, lena n‑áirítear maoirseacht stuamachta, agus, a mhéid is féidir, ba cheart dóibh tuiscint iomchuí a bheith acu i dteannta a chéile ar na hearnálacha ina bhfeidhmíonn an tÚdarás cúraimí maoirseachta dírí.
5.5 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Le linn an 12 mhí roimh dheireadh a dtéarma oifige 5 bliana, déanfaidh an Bord Maoirseoirí sa dá chomhdhéanamh nó coiste níos lú a roghnófar as measc chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, lena n‑áirítear ionadaí ón gCoimisiún, measúnú ar na comhaltaí sin den Bhord Feidhmiúcháin. Tabharfar san áireamh sa mheasúnú meastóireacht ar fheidhmíocht chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin an Údaráis amach anseo. Ar bhonn an mheasúnaithe, féadfaidh an Bord Maoirseoirí a mholadh do Pharlaimint na hEorpa síneadh a chur lena dtéarma oifige go ceann dhá bhliain. Ní fhéadfar síneadh den sórt sin a dheonú ach aon uair amháin. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra ón mBord a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun síneadh a chur le téarma oifige chomhalta nó chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin lena mbaineann.
6.Ní fhéadfaidh aon duine aonair fónamh níos faide ná seacht mbliana i cibé ról mar Chathaoirleach, mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nó mar chomhalta neamhspleách den Bhord Feidhmiúcháin. Áireofar oifig roimhe seo i ról amháin i dtreo na teorann téarma do ról eile beag beann ar ord na bpost a sealbhaíodh.
(34)cuirtear an tAirteagal 44b seo a leanas isteach:
Airteagal 44b
Cinnteoireacht
1.Le tromlach simplí dá chomhaltaí a ghlacfar cinntí an Bhoird Feidhmiúcháin agus gach iarracht á déanamh teacht ar chomhaontú. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Má tá comhionannas vótaí ann, is le vóta an Chathaoirligh a dhéanfar an cinneadh.
2.Measfar go bhfuil cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17(3) agus (6), Airteagal 17aa, Airteagal 17aaa, Airteagal 18(3) agus (4), Airteagal 22(4), Airteagal 30(4) agus (8), Airteagal 39h (a), (b), (f), (g), (i), Airteagal 39i, agus Airteagal 65 agus aon chinneadh atá bunaithe ar reachtaíocht earnála a thagraíonn don mhír seo a bheith glactha mura ndéanfaidh an Bord Maoirseachta agóid laistigh de thréimhse a bheidh le sainiú sna rialacha nós imeachta ach nach faide ná uastréimhse deich lá oibre, mura rud é go bhfuil údar cuí leis mar gheall ar chastacht an chinnidh agus mura gcomhaontaíonn an dá Bhord é. I gcásanna éigeandála, ní rachaidh an tréimhse thuasluaite thar 48 uair an chloig.
3.Beidh ceart vótála ag an ionadaí ón gCoimisiún maidir le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún ábhair imní thromchúiseacha in iúl maidir le togra le haghaidh cinnidh a cuireadh faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais agus leis na Rialacháin Foirne Oifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile an Aontais Eorpaigh, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin glacadh an chinnidh lena mbaineann siar. Laistigh de 15 lá, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin é a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta uirthi más iomchuí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian, lena n‑áirítear ionadaithe an Choimisiúin i gcás inarb infheidhme. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.’;
(35)Scriostar Airteagal 45 agus Airteagal 45a;
(36)in Airteagal 45b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:
‘1. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin grúpaí comhordaithe a bhunú ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil maidir le hábhair shainithe a bhféadfadh gá a bheith ann lena gcomhordú ag féachaint d’fhorbairtí sonracha sa mhargadh. Bunóidh an Bord Feidhmiúcháin grúpaí comhordaithe maidir le hábhair shainithe ar iarraidh ó chúigear comhaltaí den Bhord Maoirseoirí.
2. Glacfaidh gach údarás inniúil ábhartha páirt sna grúpaí comhordaithe agus tabharfaidh siad an fhaisnéis is gá do na grúpaí comhordaithe, i gcomhréir le hAirteagal 35, chun go bhféadfaidh na grúpaí comhordaithe sin a gcúraimí comhordúcháin a dhéanamh i gcomhréir lena sainordú. Is bunaithe ar fhaisnéis ó na húdaráis inniúla ábhartha agus ar aon toradh a shainaithneoidh an tÚdarás a bheidh obair na ngrúpaí comhordaithe sin.
3. Déanfaidh comhalta den Bhord Feidhmiúcháin cathaoirleacht ar na grúpaí. Gach bliain, déanfaidh an comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a bheidh i bhfeighil an ghrúpa comhordaithe tuarascáil a chur chuig an mBord Maoirseoirí maidir le príomhghnéithe an phlé agus na dtorthaí agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh an comhalta moladh maidir le hobair leantach rialála nó le hathbhreithniú piaraí sa réimse lena mbaineann. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás faoin gcaoi a bhfuil obair na ngrúpaí comhordaithe curtha san áireamh acu ina gcuid gníomhaíochtaí.’;
(37)cuirtear an tAirteagal 45c seo a leanas isteach:
‘Airteagal 45c
Coistí inmheánacha
1.Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin, ar a thionscnamh féin, ar iarraidh ón gCathaoirleach, nó i gcás ina sonraítear i ngníomhartha eile de chuid an Aontais, coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha a shanntar dó. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Feidhmiúcháin, chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó chuig an gCathaoirleach.
I gcás ina bpléifidh coiste inmheánach nithe maoirseachta i ndáil le contrapháirtí lárnach nó le taisclann urrús lárnach, beidh sé de cheart ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais eile eisiúna airgeadraí de chuid an Aontais a bheith ina gcomhaltaí gan vótáil.‘;
(38)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:
Airteagal 46
Neamhspleáchas an Bhoird Feidhmiúcháin
1.Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí ná comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin i leith chomhlíonadh a gcúraimí.
2.Maidir le comhalta den Bhord Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (ba) d’Airteagal 40, más rud é nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun dualgais an chomhalta sin a fheidhmiú nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar a tionscnamh féin nó tar éis togra ó Pharlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun an comhalta sin den Bhord Feidhmiúcháin a chur as oifig. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
3.Le linn tréimhse 18 mí tar éis dóibh scor d’oifig a shealbhú, toirmeascfar ar iarchomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, lena n‑áirítear Cathaoirleach an Údaráis, gabháil do ghníomhaíocht ghairme shochrach leis na heintitis seo a leanas:
(a)eintiteas atá faoi mhaoirseacht dhíreach ag an Údarás;
(b)aon eintiteas eile, i gcás ina mbeadh coinbhleacht le leasanna dlisteanacha an Údaráis a bheith mar thoradh air sin.
Ina rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a chomhaltaí, i gcomhréir le hAirteagal 46a(8), pointe d), sonróidh an Bord Feidhmiúcháin na himthosca faoina bhfuil coinbhleacht leasa den sórt sin ann nó faoina bhféadfaí a mheas gur ann do choinbhleacht leasa den sórt sin.’
(39)Cuirtear Airteagal 46a leis:
‘Airteagal 46a
Cúraimí an Bhoird Feidhmiúcháin
1.Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as pleanáil fhoriomlán agus as cur i gcrích na gcúraimí a thugtar don Údarás i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin na ceisteanna ar fad atá le socrú ag an mBord Maoirseoirí a scrúdú, tuairim a thabhairt fúthu agus togra a dhéanamh maidir leo.
3.Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuairim a iarraidh ar an mBord Maoirseachta maidir le gach ábhar maoirseachta. Tabharfaidh an Bord Maoirseachta a thuairim ag a chéad chruinniú eile tar éis na hiarrata nó de réir mar a chomhaontófar leis an mBord Feidhmiúcháin.
4.Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí i gcomhréir le Caibidil IIa agus cuirfidh sé cúraimí maoirseachta i gcrích i ndáil le rannpháirtithe aonair margaidh airgeadais faoi mhaoirseacht an Údaráis de bhun an Rialacháin seo agus gníomhartha eile de chuid an Aontais.
5.Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na cinntí de bhun Airteagal 9(5), Airteagal 17(3) agus (6), Airteagal 17aa, Airteagal 17aaa, Airteagal 18(3) agus (4), Airteagal 19, Airteagal 19a(1) agus (4), Airteagal 22(4), agus Airteagal 30. Ina theannta sin, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cúraimí nó bearta a ghlacadh i ndáil le húdaráis inniúla náisiúnta aonair agus le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair nach bhfuil faoi mhaoirseacht an Údaráis, i gcás ina sonraítear é sa Rialachán seo nó i ngníomhartha eile de chuid an Aontais. .
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcásanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/23, is é an Bord Maoirseoirí a dhéanfaidh na cinntí atá bunaithe ar Airteagal 19.
6.Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na socruithe oibre i gcomhréir le hAirteagal 8a(4).
7.Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin faisnéisiú débhliantúil faoi bhráid an Bhoird Maoirseachta ar ábhair mhaoirseachta.
8.Ina theannta sin, feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin na cúraimí seo a leanas:
(a)
déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí;
(b)feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64;
(c)glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach (‘na Rialacháin Foirne’ anseo feasta);
(d)rialacha a ghlacadh lena ndéanfar cosc agus bainistíocht ar choinbhleachtaí leasa i gcás a chomhaltaí;
(e)glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72;
(f)
glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad;
(g)déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5), agus moladh ón mBord Maoirseoirí á chur san áireamh go cuí.
9.Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.’;
(40)Scriostar Airteagal 47;
(41)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:
‘Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as clár oibre an Bhoird Feidhmiúcháin a shocrú, ar clár oibre é a bheidh le glacadh ag an mBord Feidhmiúcháin, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin.
Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar an mBord Feidhmiúcháin féachaint ar ghrúpa comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 45b a bhunú.’
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin Leas-Chathaoirleach a thoghadh freisin, as measc a chomhaltaí féin, agus comhlíonfaidh an Leas-Chathaoirleach sin feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina bhfuil an Cathaoirleach as láthair.’
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin go ceann 2 bhliain.’;
(d)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:
‘Ag gníomhú di ar thogra ón mBord Maoirseoirí agus le cúnamh ón gCoimisiún, agus an mheastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cur san áireamh, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin go ceann dhá bhliain.’;
(e)cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach:
‘6. Ní fhéadfaidh aon duine aonair fónamh níos faide ná 7 mbliana i cibé ról mar Chathaoirleach, mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nó mar chomhalta neamhspleách den Bhord Feidhmiúcháin. Áireofar oifig roimhe seo i ról amháin i dtreo na teorann téarma do ról eile beag beann ar ord na bpost a sealbhaíodh.’
(42)Leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin go ceann 2 bhliain.’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:
‘Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, agus aird á tabhairt ar an meastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú uair amháin go ceann dhá bhliain.’,
(c)cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach:
‘6. Ní fhéadfaidh aon duine aonair fónamh níos faide ná 7 mbliana i gcíbe ról mar Chathaoirleach, mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nó mar chomhalta neamhspleách den Bhord Feidhmiúcháin. Áireofar oifig roimhe seo i ról amháin i dtreo na teorann téarma do ról eile beag beann ar ord na bpost a sealbhaíodh.’;
(43)in Airteagal 52, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
Gan dochar do ról an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseoirí faoi seach maidir le cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.’;
(44)in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí laethúla an Údaráis agus ar a áirithiú go gcuirfear a chuspóirí agus a chinntí chun feidhme go cuí. Cabhróidh sé leis an mBord Feidhmiúcháin agus leis an mBord Maoirseachta an treo straitéiseach don Údarás a leagan síos.Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin obair an Bhoird Feidhmiúcháin maidir le hábhair a shonraítear in Airteagal 46a(7).
2. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí agus faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin.’
(45)in Airteagal 57, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Beidh cathaoirleach ag gach fochoiste. Mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha eile de chuid an Aontais, beidh an cathaoirleach ar dhuine de na daoine aonair dá dtagraítear in Airteagal 55(1) nó ar dhuine d'ionadaithe na n‑údarás inniúil ábhartha, agus beidh an cathaoirleach ina bhreathnóir ar an gComhchoiste freisin.’;
(46)Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
(a)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Déanfaidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Feidhmiúcháin an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i mí-iompar tromchúiseach agus go ndéanann an Bord Bainistíochta cinneadh chuige sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.’
(47)in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus cinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgas eile i ndáil leis an Údarás, lena Bhord Feidhmiúcháin ná lena Bhord Maoirseoirí.’;
(48)in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n‑áirítear údaráis inniúla, achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a rinne an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le gníomhartha Comhphobail eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh chuig an duine sin, nó in aghaidh cinnidh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé go bhfuil sé i bhfoirm cinnidh a díríodh chuig duine eile.’;
(49)in Airteagal 62, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) aon táille a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sa Rialachán seo agus sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;’;
(b)(c) cuirtear an pointe (f) seo a leanas leis:
‘(f) cistiú féideartha ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó deontas ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 65 agus le forálacha na n‑ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais.’;
(50)Leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:
‘1. Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach den Údarás do na trí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an t‑ioncam agus an caiteachas measta, chomh maith le faisnéis faoin bhfoireann, óna chlársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an mBord Maoirseoirí, mar aon leis an bplean bunaíochta.
2. Ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Feidhmiúcháin, glacfaidh an Bord Maoirseoirí an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair do na trí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.
3. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an doiciméad clársceidealaithe aonair a tharchur chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoin 31 Eanáir.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin fógra, gan moill mhíchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aige aon tionscadal a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.’
(51)in Airteagal 64, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair agus seolfaidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Maoirseoirí, chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an gCoimisiún freisin.’;
(52)in Airteagal 65, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.’;
(53)Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais chun iad a chur i bhfeidhm maidir le foireann an Údaráis, lena n‑áirítear a Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a Chathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin forálacha chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a thabhairt ar iasacht don Údarás.’;
(54)in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:
‘2a. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí maidir le daoine aonair a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go hindíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n‑áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Feidhmiúcháin agus ag an mBord Maoirseoirí nó arna gceapadh ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin i mír 1 agus i mír 2.
Beidh feidhm ag na ceanglais chéanna i ndáil le sicréideacht ghairmiúil freisin maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis.’;
(55)in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.’;
(56)in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh maidir leis na socruithe inmheánacha teanga don Údarás.’;
(57)in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a sholáthrófar don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach, leagfar síos na socruithe sin i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin a thug siad i gcrích tar éis formheas an Bhoird Feidhmiúcháin a fháil.’
(58)Cuirtear isteach an Chaibidil VIIa seo a leanas:
‘CAIBIDIL VIIa
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE
Airteagal 75a
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa Rialachán seo 39e agus 39n a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear san Airteagal seo a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;
(59)Leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta: 5 bliana tar éis an dáta theacht i bhfeidhm], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta agus na cúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar an méid seo a leanas, inter alia:
(a)leibhéal cuntasachta agus trédhearcachta an Údaráis lena n‑áirítear maidir le húsáid a acmhainní;
(b)éifeachtacht agus cóineasú i gcleachtais mhaoirseachta;
(c)leithdháileadh na bhfreagrachtaí i réimse na maoirseachta dírí lena n‑áirítear a iomchuí atá sé tuilleadh freagrachtaí maoirseachta a chur ar iontaoibh an Údaráis;
(d)an tsamhail rialachais;
(e)an bhfuil acmhainní an Údaráis leordhóthanach chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh;
(f)feidhmiú an Chomhchoiste;
(g)cur i bhfeidhm an chlásail coimirce a leagadh síos in Airteagal 38;
(h)ról an Údaráis a mhéid a bhaineann le riosca sistéamach;
(i)an bhfuil sé iomchuí go simpleofaí agus go neartófaí struchtúr an CEMA chun go mbeadh méadú ar chomhleanúnachas idir na macraileibhéil agus na micrileibhéil agus idir na ÚMEnna.
Déanfar an tuarascáil agus aon togra a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.’;
(b)scriostar míreanna 2 go 3.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)cuirtear na pointí (1a) agus (1b) seo a leanas isteach:
‘(1a) ciallaíonn ‘CPL suntasach’ CPL údaraithe faoi Airteagal 14 a cháilíonn mar CPL suntasach de bhun Airteagal 22a(1);
‘(1b) ciallaíonn ‘CPL is lú tábhacht’ CPL údaraithe faoi Airteagal 14 nach CPL suntasach é;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (13):
‘(13) ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t‑údarás inniúil dá dtagraítear sa reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe (8) den Airteagal seo, an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5), an t‑údarás náisiúnta inniúil nó, údarás inniúil an CPL;’;
(c)cuirtear na pointí (13a), (13b) agus (13c) seo a leanas isteach:
‘(13a) ciallaíonn ‘údarás inniúil an CPL’ an t‑údarás náisiúnta inniúil i gcás CPLanna nach bhfuil chomh suntasach sin nó ESMA i gcás CPLanna suntasacha;
(13b) ciallaíonn ‘údarás náisiúnta inniúil’ údarás náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an CPL bunaithe, arna ainmniú de bhun Airteagal 22(1);
(13c) ciallaíonn ‘údarás ábhartha’ aon údarás dá dtagraítear in Airteagal 22d;’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (31):
‘(31) ciallaíonn ‘eintiteas bannaí faoi chumhdach’ eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach nó comhthiomsú cumhdaigh banna faoi chumhdach;’,
(e)cuirtear isteach an pointe 32 seo a leanas:
ciallaíonn ‘(32) bunachar sonraí lárnach’ an bunachar sonraí lárnach arna bhunú ag ESMA de bhun Airteagal 17c.’;
(f)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
Chun críoch Airteagal 5(1), Airteagal 6(1) pointe (f), Airteagal 14(4), Airteagal 17(3a), Airteagal 17(3b), an tríú fomhír, (4) agus (5), Airteagal 21(3), an chéad fhomhír, (4) an tríú fomhír, (4a) agus (5), Airteagal 27(3), Airteagal 28 (1), (4) agus (5), Airteagal 29 (1) agus (3), Airteagal 30 (1) go (5), Airteagal 31(1) go (8), Airteagal 32(1) cé is moite den dá thagairt dheireanacha sa tríú fomhír, Airteagal 32(2) go (6), Airteagal 32(7) cé is moite den dara tagairt dheireanach, Airteagal 35(1), (2) agus (3), Airteagal 37(1a) agus (2), Airteagal 38(1), (3) agus (5), Airteagal 41(2), Airteagal 45a(1) agus (2), Airteagal 48 (3), Airteagal 49(1), (1d) agus (1g), léifear an téarma ‘údarás inniúil’ mar ‘údarás inniúil an CPL’.’;
(2)Leasaítear Airteagal 6a mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, sula ndéanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ESMA i gcomhairle le BERS agus le húdaráis inniúla an CPL.’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte sa chéad fhomhír:
‘Faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh agus údaráis inniúla an CPL a iarraidh go ndéanfadh ESMA iarraidh ar fhionraí an oibleagáid imréitigh a chur faoi bhráid an Choimisiúin.’;
(c)i mír 8, an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, rachaidh ESMA i gcomhairle le BERS agus le húdaráis inniúla an CPL.’;
(3)in Airteagal 6b(1), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘I gcás ina gcomhlíonann CPL na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfaidh údarás réitigh an CPL a ainmnítear faoi Airteagal 3(1) den Rialachán sin nó údarás inniúil an CPL, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhalta imréitigh den CPL faoi réiteach, a iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a chur ar fionraí i gcás aicmí sonracha ionstraimí díorthacha thar an gcuntar nó i gcás cineál sonrach contrapháirtí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:’;
(4)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘1. Maidir le CPL atá údaraithe chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, glacfaidh sé leis na conarthaí sin a imréiteach ar bhonn neamh‑idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le ceanglais chomhthaobhachta, agus maidir le táillí nascachta agus rochtana tosaigh, gan beann ar an ionad trádála ar a bhforfheidhmítear idirbheart.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 6:
‘2. Ionad trádála atá ag iarraidh rochtain a fháil ar sheirbhís CPL a bhaineann le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, cuirfidh sé a iarraidh faoi bhráid an CPL. Sonrófar san iarraidh na conarthaí díorthacha thar an gcuntar a n‑iarrtar an t‑imréiteach ina leith. Cuirfidh an t‑ionad trádála ESMA, údarás inniúil an CPL agus údarás inniúil an ionaid trádála ar an eolas faoi iarraidh den sórt sin.
3. Soláthróidh an CPL freagra i scríbhinn don ionad trádála laistigh de 3 mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cé acu rochtain a cheadú nó diúltú di.
4. Ní fhéadfaidh an CPL iarraidh ar rochtain a dhiúltú ach amháin i gcás ina ndéanfadh an rochtain sin difear d’fheidhmiú rianúil agus ordúil na margaí nó ina mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach, bunaithe ar mheasúnú riosca cuimsitheach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 7.
Ní dhiúltóidh an CPL iarraidh ar chaillteanas féideartha ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith féin nó i leith eintiteas eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna.
I gcás ina mainneoidh an CPL freagra i scríbhinn a sholáthar don ionad trádála laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh ESMA fógra a thabhairt don CPL agus faisnéis bhreise a iarraidh ón CPL.
I gcás nach léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le diúltú don iarraidh dá dtagraítear i mír 7 á gcomhlíonadh, féadfaidh ESMA cinneadh a eisiúint lena gceanglófar ar an CPL sin rochtain a dheonú ar a sheirbhísí laistigh de mhí amháin tar éis fógra faoin gcinneadh sin a fháil.
I gcás ina ndiúltóidh an CPL rochtain ar an ionad trádála, soláthrófar sa fhreagra i scríbhinn míniú mionsonraithe ar na cúiseanna ar diúltaíodh rochtain, bunaithe ar an measúnú riosca cuimsitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfidh an t‑ionad trádála, díreach tar éis dó an freagra i scríbhinn a thabhairt don CPL, agus i scríbhinn, ESMA agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 ar an eolas faoin gcinneadh sin.
5. I gcás inar dhiúltaigh an CPL rochtain, féadfaidh an t‑ionad trádála gearán a chur faoi bhráid ESMA.
Déanfaidh ESMA measúnú ar na cúiseanna ar diúltaíodh rochtain agus, laistigh de mhí amháin ó dháta an ghearáin, soláthróidh sé freagra réasúnaithe don ionad trádála. Féadfaidh ESMA dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2. I gcás ina gcinnfidh ESMA nach bhfuil údar maith le diúltú ón CPL rochtain a dheonú, i gcás nach bhfuil aon léiriú ann go bhfuil na coinníollacha maidir le hiarraidh a dhiúltú dá dtagraítear i mír 7 á gcomhlíonadh, eiseoidh ESMA cinneadh lena gceanglófar ar an CPL rochtain a dheonú ar a sheirbhísí laistigh de mhí amháin tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh sin.
6. Áiritheoidh CPL a dheonaíonn rochtain ar an ionad trádála go mbeidh an rochtain sin lánfheidhmiúil laistigh de thrí mhí ó dháta an fhreagra dhearfaigh ar an iarraidh ar rochtain.’;
(c)cuirtear an mhír 7 seo a leanas leis:
‘7. Sonrófar tuilleadh sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 maidir le láimhseáil neamh-idirdhealaitheach i dtéarmaí conas a láimhseáiltear conarthaí a thrádáiltear ar an ionad trádála sin i dtéarmaí ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n‑imréiteach ag an CPL céanna, agus na rioscaí sonracha atá le cur san áireamh ag CPLanna agus measúnú riosca cuimsitheach dá dtagraítear i mír 4 á dhéanamh acu.
Agus measúnú riosca cuimsitheach dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 á dhéanamh, cuirfidh an CPL agus ESMA, faoi seach, na coinníollacha ábhartha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 san áireamh.’;
(5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:
Airteagal 8
Rochtain ar ionad trádála
‘1. Soláthróidh ionad trádála, arna iarraidh sin, fothaí trádála ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach d’aon CPL a údaraítear chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a thrádáil ar an ionad trádála sin a imréiteach, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le nascacht tosaigh agus táillí rochtana.’;
2. Aon CPL a bhfuil sé beartaithe aige rochtain a fháil ar sheirbhís ionaid trádála a bhaineann leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar, cuirfidh sé a iarraidh faoi bhráid an ionaid trádála go foirmiúil. Cuirfidh an CPL ESMA, údaráis inniúla an ionaid trádála agus údarás inniúil an CPL ar an eolas faoin iarraidh sin.
3. Soláthróidh an t‑ionad trádála freagra i scríbhinn don CPL laistigh de 3 mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cé acu rochtain a cheadú nó diúltú di.
4. Ní fhéadfaidh an t‑ionad trádála iarraidh ar rochtain a dhiúltú ach amháin i gcás ina ndéanfadh an rochtain sin difear d’fheidhmiú rianúil agus ordúil na margaí nó ina mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach, bunaithe ar mheasúnú riosca cuimsitheach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 7.
Ní dhiúltóidh an t‑ionad trádála iarraidh ar chaillteanas féideartha ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith féin nó i leith eintiteas eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna.
Ní chuirfidh an t‑ionad trádála srian le rochtain ar fhothaí trádála sonracha ar an bhforas nár roghnaigh na contrapháirtithe in idirbheart sonrach an CPL céanna, i gcás ina bhfuil socrú idir‑inoibritheachta déanta cheana féin ag na CPLanna is rogha leo de bhun Airteagal 51.
I gcás ina mainneoidh an t‑ionad trádála freagra i scríbhinn a sholáthar don CPL laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh ESMA fógra a thabhairt don ionad trádála agus faisnéis bhreise a iarraidh.
I gcás nach bhfuil aon léiriú ann go bhfuil na coinníollacha maidir le diúltú don iarraidh dá dtagraítear i mír 7 á gcomhlíonadh, féadfaidh ESMA cinneadh a eisiúint lena gceanglófar ar an ionad trádála sin rochtain a dheonú ar a sheirbhísí laistigh de mhí amháin tar éis an fógra faoin gcinneadh a fháil.
I gcás ina ndiúltóidh an t‑ionad trádála do rochtain, soláthrófar leis an bhfreagra i scríbhinn míniú mionsonraithe ar na cúiseanna ar diúltaíodh rochtain, bunaithe ar an measúnú riosca cuimsitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfaidh an t‑ionad trádála, díreach tar éis dó an freagra i scríbhinn a thabhairt don CPL, agus i scríbhinn, ESMA agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin.
5. I gcás inar dhiúltaigh an t‑ionad trádála rochtain, féadfaidh an CPL gearán a chur faoi bhráid ESMA.
Déanfaidh ESMA measúnú ar na cúiseanna ar diúltaíodh rochtain a thabhairt agus, laistigh de mhí amháin ó dháta an ghearáin, soláthróidh sé freagra réasúnaithe don CPL. Féadfaidh ESMA dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 agus a fhreagra á ullmhú aige. I gcás ina gcinnfidh ESMA nach bhfuil údar maith le diúltú an ionaid trádála rochtain a dheonú, i gcás nach bhfuil aon léiriú ann go bhfuil na coinníollacha maidir le diúltú don iarraidh dá dtagraítear i mír 7 á gcomhlíonadh, eiseoidh ESMA cinneadh lena gceanglófar ar an ionad trádála rochtain a dheonú ar a fhothaí trádála laistigh de mhí amháin ón dáta a dtabharfar fógra faoin gcinneadh sin.
6. Áiritheoidh ionad trádála a dheonaíonn rochtain ar an CPL go mbeidh an rochtain lánfheidhmiúil laistigh de thrí mhí ón bhfreagra dearfach ar an iarraidh ar rochtain a fháil.
7. Agus measúnú riosca cuimsitheach dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo á dhéanamh, cuirfidh an t‑ionad trádála agus ESMA, faoi seach, na coinníollacha ábhartha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 san áireamh.’;
(6)in Airteagal 12, cuirtear isteach an mhír 1b seo a leanas:
‘1b. Beidh sé de chumhacht ag ESMA fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur a bheidh infheidhme maidir le CPLanna suntasacha a sháraigh na rialacha faoin Teideal seo i gcomhréir le Caibidil IIa de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 agus déanfaidh sé na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Ina theannta sin, forchuirfidh ESMA fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar na CPLanna suntasacha atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe de bhun Airteagal 9 i gcás ina bhfuil earráidí follasacha córasacha sna mionsonraí a thuairiscítear arís agus arís eile.’;
(7)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas seirbhísí imréitigh a sholáthar mar CPL, déanfaidh sé iarratas ar údarú chuig údarás inniúil an CPL, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17.’;
(8)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Gan dochar d’Airteagal 22a(6), cuirfidh an CPL is iarratasóir iarratas isteach ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 14(1) nó iarratas ar shíneadh a chur le húdarú atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 15(1).’;
(b)i mír 3c, an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘I gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an CPL tuairim ó ESMA nó aon choinníoll nó aon mholadh a áirítear inti, nó nach bhfuil sé beartaithe aige an tuairim sin a chomhlíonadh, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas.’;
(9)Leasaítear Airteagal 17b mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Cuirfidh údarás inniúil an CPL iarraidh isteach ar thuairim:
(a) ó ESMA, de bhun Airteagal 23a(2), i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil an CPL cinneadh, tuarascáil nó beart eile a ghlacadh i ndáil le hAirteagail 7, 8, 20, 21, 29 go 33, 35, 36, 37 agus 41;
(b) ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, de bhun Airteagal 19, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil an CPL cinneadh, tuarascáil nó beart eile a ghlacadh i ndáil le hAirteagail 20, 21, 30, 31, 32, 35, 37, 41, 49 agus 51.’;
(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) Féadfaidh ESMA, i ndáil le hAirteagail 7, 8, 29 go 33, 35, 36 agus 41, tuairim a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a agus le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), maidir leis an dréachtchinneadh, an tuarascáil nó an beart eile sin i gcás ina bhfuil gá leis an tuairim sin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus comhleanúnach airteagail ábhartha a chur chun cinn; agus’;
(c)i mír 4, an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Chun críoch mhír 3, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an CPL an tuairim ó ESMA nó aon choinníoll nó moladh a áirítear inti nó nach bhfuil sé beartaithe aige an tuairim sin a chomhlíonadh, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas.’;
(10)Leasaítear Airteagal 17c mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Déanfaidh ESMA bunachar sonraí lárnach a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 35c de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ar leithligh i gcás gach CPL, beidh rochtain ag údarás inniúil an CPL, údaráis ábhartha an CPL agus ESMA chomh maith le comhaltaí choláiste an CPL dá dtagraítear in Airteagal 18, i gcás ina gceanglaítear sin faoi airteagal ábhartha (‘faighteoirí cláraithe’), ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid uile dá dtagraítear i mír 2 atá cláraithe laistigh den bhunachar sonraí lárnach don CPL sin i gcás inarb ábhartha nó inar gá chun a ndualgais a chomhlíonadh. Beidh rochtain ag CPL ar an mbunachar sonraí lárnach a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis agus na doiciméid a chuir sé isteach sa bhunachar sonraí lárnach sin nó maidir leis na doiciméid a tharchuir aon cheann de na faighteoirí cláraithe chuige tríd an mbunachar sonraí lárnach sin. Déanfaidh faighteoirí eile doiciméid shonracha áirithe nó faisnéis shonrach áirithe atá cláraithe sa bhunachar sonraí lárnach a chur isteach freisin agus beidh rochtain acu orthu, i gcás ina sonraítear sin faoin Rialachán seo. Áiritheoidh ESMA go ndéanfaidh an bunachar sonraí lárnach na feidhmeanna faoin Airteagal seo. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis a chomhroinntear tríd an mbunachar sonraí lárnach faoin Rialachán seo ar fáil d’aon údarás atá ábhartha chun críoch Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus Rialachán (AE) [.../... maidir le críochnaitheacht socraíochta], i gcás inarb ábhartha nó inar gá chun a ndualgais a chomhlíonadh.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘Déanfaidh CPLanna agus faighteoirí cláraithe an fhaisnéis agus na doiciméid uile, lena n‑áirítear iarratais, cinntí, moltaí, faisnéis, iarrataí, ceisteanna, freagraí agus fógraí, dá dtagraítear sa Rialachán seo, a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí lárnach, i bhformáid leictreonach, mura sonraítear a mhalairt.
Seolfar admháil fála tríd an mbunachar sonraí lárnach laistigh de 2 lá oibre tar éis an fhaisnéis nó na doiciméid a chur isteach.
Áiritheoidh ESMA go gcumasófar sonraí taifeadta TML leis an mbunachar sonraí, lena n‑áirítear léamh sonraí ar an slabhra agus rochtain ar na sonraí sin.’;
(c) scriostar míreanna 3, 4, 5 agus 7;
(11)Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Gan dochar d’Airteagal 22a(6), laistigh de 30 lá féilire ó thíolacadh an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 17(2), an dara fomhír, pointe (a), nó roimh dheireadh na tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 22a(7), bunóidh údarás inniúil an CPL coláiste chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 15, 17, 17a, 20, 21, 30, 31, 32, 35, 37, 41, 49 agus 51 a éascú. Is é ESMA (an ‘cathaoirleach’) a dhéanfaidh cathaoirleacht agus bainistiú ar an gcoláiste sin.’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) ESMA’;
(c)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Cinnfidh an cathaoirleach dátaí chruinnithe an choláiste agus bunóidh sé clár oibre na gcruinnithe sin.’;
(d)i mír 5, an tríú fomhír, scriostar an abairt dheireanach;
(12)in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:
‘3. Sula ndéanfaidh údarás inniúil an CPL cinneadh údarú an CPL a tharraingt siar ina iomláine nó i bpáirt, lena n‑áirítear le haghaidh seirbhís imréitigh amháin nó níos mó nó gníomhaíocht imréitigh amháin nó níos mó in aicme amháin nó níos mó de dhíorthaigh, d'urrúis, d’ionstraimí airgeadais eile nó d’ionstraimí neamhairgeadais faoi mhír 1, déanfaidh sé ceann amháin de na céimeanna seo a leanas:
(a)i gcás CPL nach bhfuil chomh suntasach céanna, iarrfaidh sé, i gcomhréir le hAirteagal 17b, tuairim ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 maidir leis an ngá atá le húdarú an CPL a tharraingt siar, go hiomlán nó go páirteach;
(b)i gcás CPL suntasach, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis ábhartha an CPL sin maidir leis an ngá atá le húdarú an CPL a tharraingt siar, go hiomlán nó go páirteach.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil gá práinneach le cinneadh.
4. I gcás CPLanna nach bhfuil chomh suntasach céanna, féadfaidh ESMA, nó aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, agus i gcás CPLanna suntasacha, aon cheann de na húdaráis ábhartha, a iarraidh, tráth ar bith, go scrúdóidh údarás inniúil an CPL an bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an t‑údarú fós á gcomhlíonadh ag an CPL.’;
(13)in Airteagal 21(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Déanfaidh údarás inniúil an CPL gach ceann de na nithe seo a leanas ar a laghad i ndáil le CPL:’;
(14)Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Údaráis inniúla arna n‑ainmniú ag na Ballstáit’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta inniúil amháin nó níos mó chun na cúraimí agus na dualgais a leagtar síos faoin Rialachán seo a dhéanamh maidir le húdarú agus maoirseacht CPLanna ar lú a suntas agus atá bunaithe nó le bunú ar a chríoch agus maidir leis na feidhmeanna tacaíochta agus cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 23(3). Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoi sin.
I gcás ina n‑ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás náisiúnta inniúil amháin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cinnfidh sé na róil faoi seach agus ainmneoidh sé údarás aonair a bheidh freagrach as comhar agus malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le ESMA, le húdaráis inniúla na mBallstát eile, le ÚBE agus le comhaltaí ábhartha CEBC, i gcás ina dtagraítear go sonrach dó sin sa Rialachán seo.’;
(c)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Gan dochar d’Airteagal 22a(1), féadfaidh Ballstát ESMA a ainmniú mar an t‑údarás inniúil le haghaidh CPLanna amháin nó níos mó ar lú a shuntas agus atá bunaithe ar a chríoch. I gcás ina bhfeidhmíonn sé an rogha sin, tabharfaidh an Ballstát fógra ina leith sin don Choimisiún, do ESMA agus don údarás náisiúnta inniúil tríd an mbunachar sonraí lárnach.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha is gá ag an údarás náisiúnta inniúil chun a fheidhmeanna a fheidhmiú.’;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin liosta d’údaráis inniúla an CPL le haghaidh gach CPL, arna ainmniú i gcomhréir leis an Airteagal seo nó arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 22a(1).’;
(15)cuirtear na hAirteagail 22a go 22e seo a leanas isteach:
‘Airteagal 22a
Údarás inniúil na CPLanna suntasacha
1.Beidh ESMA ina údarás inniúil le haghaidh an CPL ar CPLanna suntasacha agus déanfaidh sé na cúraimí maoirseachta agus na dualgais mhaoirseachta a leagtar síos sa Rialachán seo maidir lena n‑údarú agus lena maoirseacht.
2.Measfar CPL a bheith suntasach i gcás ina gcomhlíonann sé ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
(a)is mó ná EUR 100 billiún meánleas oscailte na n‑idirbheart urrús, lena n‑áirítear idirbhearta um maoiniú urrús, díorthaigh arna dtrádáil ar an malartán nó ionstraimí neamhairgeadais arna n‑imréiteach ag an CPL i gcaitheamh thréimhse bliana roimh an measúnú;
(b)is mó ná EUR 500 billiún oll-luach meánach barúlach gan íoc na n‑idirbheart díorthach thar an gcuntar arna n‑imréiteach ag an CPL i gcaitheamh thréimhse bliana roimh an measúnú;
(c)is mó ná EUR 25 bhilliún an meáncheanglas corrlaigh tosaigh comhiomlánaithe agus na ranníocaíochtaí ciste mainneachtana le haghaidh cuntais atá i seilbh chomhaltaí imréitigh an CPL, arna ríomh ar bhonn glan ar leibhéal chuntas an chomhalta imréitigh, i gcaitheamh thréimhse bliana roimh an measúnú;
(d)baineann sé leis an ngrúpa céanna le haon cheann díobh seo a leanas:
(i) CPL atá údaraithe faoi Airteagal 14 nó CPL Leibhéal 2;
(ii) TLU nó ionad trádála arb é ESMA an t‑údarás inniúil ina leith.
(e)tá ESMA ainmnithe ag an mBallstát ina bhfuil an CPL bunaithe mar údarás inniúil an CPL i gcomhréir le mír 1a d’Airteagal 22, i gcás ina bhfuil feidhm ag an ainmniú sin maidir leis an CPL sin.
Cinnfidh ESMA ar cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann CPL na coinníollacha chun cáiliú mar CPL suntasach i gcomhréir leis an Airteagal seo.
3.Déanfaidh ESMA measúnú, gach 12 mhí ar a laghad, ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann aon CPL údaraithe ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach i mír 2.
4.I gcás ina gcinnfidh ESMA go gcomhlíonann CPL arna údarú faoi Airteagal 14 den Rialachán seo ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, cáileoidh an CPL sin mar chontrapháirtí lárnach suntasach. I gcás nach ndéanann ESMA maoirseacht ar an CPL go fóill, féadfaidh ESMA tréimhse oiriúnaithe fhéideartha a shocrú nach rachaidh thar 6 mhí, agus ina dhiaidh sin déanfaidh ESMA maoirseacht ar an CPL.
5.Tabharfaidh ESMA fógra don CPL lena mbaineann, dá údarás náisiúnta inniúil, do na húdaráis ábhartha, do BCE, i gcás ina n‑imréitíonn CPL ionstraimí airgeadais agus neamhairgeadais atá ainmnithe in euro, agus do bhainc cheannais eisiúna na n‑airgeadraí eile is ábhartha den Aontas, i gcás ina n‑imréitíonn CPL ionstraimí airgeadais agus neamhairgeadais atá ainmnithe in airgeadra seachas an euro, faoi thoradh an chinnidh agus faoi aon tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear i mír 4 laistigh de 2 lá oibre ó dháta an chinnidh sin.
6.Sula ndéanfaidh duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 17, iarrfaidh sé ar ESMA tríd an mbunachar sonraí lárnach a chinneadh cé acu an chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo.
Féadfaidh ESMA tuilleadh faisnéise a iarraidh ar an duine dlítheanach sin chun na críche sin. Soláthróidh an duine dlítheanach an fhaisnéis arna hiarraidh laistigh den sprioc‑am arna leagan síos ag ESMA. Cinnfidh ESMA, laistigh de 20 lá oibre ón bhfaisnéis ábhartha uile a fháil, cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an duine dlítheanach sin aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
I gcás ina gcinnfidh ESMA go gcomhlíonann an duine dlítheanach ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, cáileoidh an duine dlítheanach sin mar dhuine suntasach agus déanfaidh ESMA maoirseacht air, agus beidh sé freagrach as údarú an eintitis sin i gcomhréir le hAirteagal 17.
I gcás inar chinn ESMA nach gcomhlíonann an duine dlítheanach aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, cáileoidh sé mar dhuine nach bhfuil chomh suntasach céanna agus déanfaidh údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit, dá dtagraítear in Airteagal 22(1), ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe, maoirseacht air. Beidh na húdaráis náisiúnta inniúla sin freagrach as an CPL a údarú i gcomhréir le hAirteagal 17. Cuirfidh ESMA, tríd an mbunachar sonraí lárnach, an duine dlítheanach, údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe agus BCE i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an eintiteas dlítheanach ionstraimí airgeadais agus neamhairgeadais atá ainmnithe in euro, nó bainc cheannais eisiúna na n‑airgeadraí is ábhartha den Aontas, seachas an euro, na n‑ionstraimí airgeadais agus neamhairgeadais a bhfuil sé beartaithe ag an duine dlítheanach a imréiteach, ar an eolas faoi thoradh a chinnidh laistigh de 2 lá oibre ó dháta an chinnidh sin.
7.I gcás ina gcinnfidh ESMA nár chomhlíon CPL a cinneadh roimhe sin a bheith suntasach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 le 36 mhí anuas, cinnfidh sé nach gcáileoidh an CPL a thuilleadh mar CPL suntasach. Tabharfaidh ESMA fógra láithreach don CPL lena mbaineann, dá údaráis náisiúnta inniúla, do BCE, i gcás ina n‑imréitíonn CPL ionstraimí airgeadais agus neamhairgeadais atá ainmnithe in euro, agus do bhainc cheannais eisiúna na n‑airgeadraí eile is ábhartha den Aontas, i gcás ina n‑imréitíonn CPL ionstraimí airgeadais agus neamhairgeadais atá ainmnithe in airgeadra seachas an euro, faoin gcinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh sin tar éis tréimhse oiriúnaithe a bheidh le cinneadh ag ESMA, ar tréimhse í nach rachaidh thar 24 mhí. Bunóidh an t‑údarás náisiúnta inniúil coláiste de bhun Airteagal 18 roimh dheireadh na tréimhse oiriúnaithe.
8.Déanfaidh ESMA, gan moill mhíchuí, liosta na CPLanna suntasacha a bhunú agus a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.
9.Gearrfaidh ESMA táillí ar CPLanna suntasacha as a chúraimí maoirseachta agus a dhualgais mhaoirseachta a leagtar síos sa Rialachán seo a dhéanamh maidir le CPLanna suntasacha a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu agus i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 10.
10.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na táillí dá dtagraítear i mír 9 a shonrú, tríd an méid seo a leanas a leagan amach:
(a)na cineálacha táillí;
(b)na hábhair a bhfuil táillí dlite ina leith;
(c)an modh a ríomhtar na dtáillí; agus
(d)an bealach ar a n‑íocfar táillí.
Airteagal 22b
Forálacha sonracha maidir le CPLanna suntasacha
1.De mhaolú ar Airteagal 18, ní bhunófar aon choláiste do CPLanna suntasacha. Más rud é, i gcás CPL a thagann chun bheith suntasach, gur bunaíodh coláiste de bhun Airteagal 18, déanfar an coláiste sin a dhíscaoileadh ar a dhéanaí laistigh de bhliain tar éis don CPL cáiliú mar CPL suntasach.
I ndáil le CPL suntasach, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 7e, 15a, 17, 17a, 17c, 20, 21, 24, 30, 31, 32, 35, 37, 41 agus 49 gan an coláiste a áireamh.
2.De mhaolú ar Airteagail 6a, 6b, 17, 17a, 17c, 20, 21, 24, 28, 29, 31, 32, 35, 38, 41, 48, 49 agus 49a, ní bheidh feidhm maidir le CPLanna suntasacha ag aon cheanglas ar CPL nó ar údarás inniúil CPL idirghníomhú le ESMA nó ESMA chun idirghníomhú le CPL nó le húdarás inniúil CPL dá dtagraítear sna hAirteagail sin.
3.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17b maidir le CPLanna suntasacha.
Airteagal 22c
Cumhachtaí ESMA ar CPLanna suntasacha faoin Rialachán seo
1.Beidh ESMA freagrach as a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo maidir le CPLanna suntasacha a údarú agus a mhaoirsiú.
2.Áiritheoidh ESMA ar bhonn leanúnach go gcomhlíonfaidh CPLanna suntasacha Airteagail 7, Airteagal 7e, Airteagal 8, Airteagail 14 go 17c, Airteagal 20, Airteagal 21, agus Airteagal 24 agus Teidil IV agus V.
3.Tabharfar na cumhachtaí is gá do ESMA chun a fheidhmeanna a fheidhmiú ar CPLanna suntasacha faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Bainfidh ESMA úsáid as na cumhachtaí sin, ar CPLanna suntasacha agus i gcás ina sonraítear sin faoin Rialachán seo, ar pháirtithe gaolmhara, lena n‑áirítear chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo ag na CPLanna suntasacha;
(b)cinntí a ghlacadh agus measúnuithe maoirseachta a dhéanamh agus bearta a dhéanamh i ndáil le hAirteagail 7, Airteagal 7e, Airteagal 8, Airteagail 14 go 17c, Airteagal 20, Airteagal 21, Airteagal 24 agus Teidil IV agus V;
(c)a iarraidh ar CPLanna suntasacha, agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, an fhaisnéis nó na sonraí ábhartha uile a sholáthar, laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear san iarraidh, chun é a chur ar a chumas do ESMA faireachán a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh na CPLanna sin agus cúraimí agus dualgais ESMA a dhéanamh faoin Rialachán seo. Déanfaidh faighteoir iarrata den sórt sin an fhaisnéis uile arna hiarraidh ag ESMA a sholáthar do ESMA laistigh den teorainn ama arna soláthar. Féadfaidh an iarraidh ar fhaisnéis a bheith de chineál tréimhsiúil nó aonuaire;
(d)féadfaidh sé ceangal a chur ar iniúchóirí CPLanna suntasacha faisnéis nó sonraí a sholáthar;
(e)cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha, i gcás ina ndearna CPL suntasach ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn V, d’aon ghnó nó le faillí. Beidh fíneálacha den sórt sin suas le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú i gcás inar féidir iad sin a chinneadh, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimhe sin agus inar féidir fachtóirí géaraitheacha nó maolaithe a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;
(f)cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar CPL suntasach deireadh a chur le sárú a liostaítear in Iarscríbhinn V.
4.Ina theannta sin, chun a chúraimí a dhéanamh maidir le CPLanna suntasacha, beidh na cumhachtaí ag ESMA na bearta sealadacha a leagtar amach sa dara fomhír a dhéanamh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
(a)tá fianaise faighte ag ESMA a thugann le fios go sáraíonn an t‑eintiteas na ceanglais lena rialaítear a chuid oibríochtaí, nó gur dócha go sáróidh sé iad, laistigh de na 3 mhí atá le teacht;
(b)Tá fianaise ag ESMA nach n‑áirithítear leis na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí arna gcur chun feidhme ag an eintiteas go ndéanfar a rioscaí a bhainistiú agus a chumhdach ar bhealach fónta.
Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh na cumhachtaí ag ESMA, go háirithe, na bearta sealadacha seo a leanas a dhéanamh:
(a)a cheangal go ndéanfar socruithe, próisis, sásraí agus straitéisí an eintitis a choigeartú i gceart chun bainistíocht agus cumhdach fónta a rioscaí a áirithiú;
(b)ceangal a chur ar an CPL suntasach cruinniú dá scairshealbhóirí a thionól nó, mura gcomhlíonann an CPL suntasach an ceanglas sin, an cruinniú a chomóradh é féin. Sa dá chás, socróidh ESMA an clár oibre, lena n‑áirítear na cinntí a bheidh le meas lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;
(c)ceangal a chur ar eintitis plean a chur i láthair chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta a athbhunú agus sprioc‑am a leagan síos dá chur chun feidhme, lena n‑áirítear feabhsuithe ar raon feidhme agus sprioc‑am an phlean sin;
(d)gnó, oibríochtaí nó líonra an eintitis a shrianadh nó a theorannú, nó dífheistiú gníomhaíochtaí lena mbaineann rioscaí iomarcacha dá fhóntacht a iarraidh;
(e)ceangal a chur ar an CPL maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann leis an sárú nó leis an sárú dóchúil ar na ceanglais faoin Rialachán seo agus ar na rioscaí bunúsacha gaolmhara i ngníomhaíochtaí, i dtáirgí agus i gcórais an eintitis;
(f)ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur;
(g)nochtaí breise a cheangal;
(h)a cheangal go gcuirfear comhaltaí ar fionraí ó chomhlacht bainistíochta na n‑eintiteas nach gcomhlíonann na ceanglais lena rialaítear a n‑oibríochtaí a leagtar amach sa Rialachán seo.
Luafar i gcinntí ESMA na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe.
5.Diúltóidh ESMA ceapachán an duine nó na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 27 nó tarraingeoidh sé siar é ina dhiaidh sin mura deimhin leis go bhfuil dea‑cháil leordhóthanach ar an duine, nó má tá foras oibiachtúil agus inléirithe ann lena chreidiúint go mbeadh an ceapachán nó na hathruithe atá beartaithe ina mbagairt ar bhainistíocht fhónta stuama an eintitis, ar bhreithniú leordhóthanach ar leas na gcliant agus ar shláine an mhargaidh.
6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun liosta na sáruithe faoi Iarscríbhinn V a leasú i gcás inar gá sin chun leasuithe ar na ceanglais ar CPLanna faoin Rialachán seo a chur san áireamh agus go háirithe mar a leagtar síos in Airteagal 7, Airteagal 9, Airteagal 16 agus Teidil IV agus V nó i gcás inar gá sin chun a áirithiú go gcomhfhreagraíonn na sáruithe faoi Iarscríbhinn III do na ceanglais faoin Rialachán seo agus go háirithe mar a leagtar síos in Airteagal 7, Airteagal 9, Airteagal 16 agus Teidil IV agus V.
Airteagal 22d
Údaráis ábhartha le haghaidh CPLanna suntasacha
Beidh na heintitis seo a leanas rannpháirteach in údarú agus i maoirseacht arna ndéanamh ag údarás inniúil CPL shuntasaigh agus tagrófar dóibh mar údaráis ábhartha le haghaidh CPL den sórt sin:
(a)údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an CPL suntasach bunaithe;
(b)na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL shuntasaigh, atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó leis an gciste mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo ar bhonn comhiomlán thar thréimhse bliana, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra maoirseachta aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle;
(c)na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála a bhfreastalaíonn an CPL suntasach orthu;
(d)na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar thaisclanna lárnacha urrús a bhfuil an CPL suntasach nasctha leo;
(e)BCE i gcás ina n‑imréitíonn an CPL suntasach ionstraimí airgeadais agus neamhairgeadais atá ainmnithe in euro nó i gcás ina bhfuil sé ar intinn aige na hionstraimí sin a imréiteach;
(f)bainc cheannais eisiúna na n‑airgeadraí is ábhartha de chuid an Aontais seachas an euro, na n‑ionstraimí airgeadais agus neamhairgeadais a imréitíonn an CPL suntasach nó atá le himréiteach aige.
Airteagal 22e
Comhairliúchán le bainc cheannais eisiúna maidir le CPLanna suntasacha
1.Maidir le measúnuithe maoirseachta a dhéantar de bhun Airteagail 41, 44, 46, 49, 50 agus 54, agus cinntí atá le déanamh dá mbun, i ndáil le CPLanna suntasacha, rachaidh an Bord Feidhmiúcháin i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear in Airteagal 22d, pointí (e) agus (f), sula gcuirfidh sé bailchríoch ar a mheasúnú. Féadfaidh gach banc ceannais eisiúna freagra a thabhairt. I gcás ina gcinnfidh an banc ceannais eisiúna freagra a thabhairt, tabharfaidh sé freagra laistigh de 10 lá oibre ón dréachtchinneadh a fháil. I gcásanna éigeandála, ní rachaidh an tréimhse sin thar 24 uair an chloig. I gcás ina molfaidh banc ceannais eisiúna leasuithe ar mheasúnuithe nó ina gcuirfidh sé i gcoinne measúnuithe nó dréachtchinntí de bhun Airteagail 41, 44, 46, 49, 50 agus 54, soláthróidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin, i scríbhinn. Nuair a chríochnaíonn an tréimhse chomhairliúcháin, breithneoidh an Bord Feidhmiúcháin go cuí an freagra agus aon leasuithe arna moladh ag na bainc cheannais eisiúna agus soláthróidh sé a mheasúnú don bhanc ceannais eisiúna.
2.I gcás nach léiríonn an Bord Feidhmiúcháin ina chinneadh na leasuithe arna moladh ag banc ceannais eisiúna, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an banc ceannais eisiúna sin ar an eolas i scríbhinn agus luafaidh sé na cúiseanna iomlána atá aige gan na leasuithe arna moladh ag an mbanc ceannais eisiúna sin a chur san áireamh, agus tabharfaidh sé míniú ar aon diall ó na leasuithe sin.’;
(16)in Airteagal 23, cuirtear mír 3 seo a leanas isteach:
‘3. I gcás gach CPL shuntasaigh, bunóidh ESMA agus na húdaráis ábhartha socruithe comhair mar a leagtar síos in Airteagal 8a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, lena n‑áirítear i ndáil le maoirseacht dhíreach ESMA ar an CPL. Léireofar sna socruithe sin dáileadh na n‑inniúlachtaí agus na bhfreagrachtaí de bhun an Rialacháin seo agus leagfar amach iontu módúlachtaí praiticiúla comhair i bhfianaise ESMA a bheith ag feidhmiú a inniúlachtaí agus a fhreagrachtaí maidir le CPLanna suntasacha. Go háirithe, féadfaidh socruithe den sórt sin tacaíocht agus cúnamh ó na húdaráis ábhartha a chumhdach, de réir mar is ábhartha, i leith na nithe uile seo a leanas:
(a)cúraimí maoirseachta a dhéanamh ar CPL suntasach, lena n‑áirítear imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair;
(b)cinntí, tuarascálacha nó bearta eile a ullmhú faoin Rialachán seo i ndáil leis an CPL suntasach, lena n‑áirítear i gcás ina sonraítear sin faoi Airteagail 14, 15, 17, 17a, 20, 21, 24, 30, 31, 32, 35, 37, 41, 49, 49a agus 51;
(c)aon chúram maoirseachta chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar athléimneacht oibríochtúil agus iompar margaidh an CPL shuntasaigh, lena n‑áirítear tástáil struis;
(d)aghaidh a thabhairt ar chásanna éigeandála i ndáil leis an CPL suntasach.’;
(17)Leasaítear Airteagal 23a mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Comhar maoirseachta idir údaráis náisiúnta inniúla agus ESMA maidir le CPLanna nach bhfuil chomh suntasach céanna’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Cuirfidh na húdaráis inniúla a ndréachtchinntí, a dtuarascálacha nó a mbearta eile faoi bhráid ESMA chun a thuairim a fháil sula nglacfaidh siad aon ghníomh nó beart a dhéantar de bhun Airteagail 7, 8 agus 14, Airteagal 15(1), an dara fomhír, Airteagal 21, Airteagail 29 go 33, agus Airteagail 35, 36, 37, 41 agus, seachas i gcás ina bhfuil géarghá le cinneadh, de bhun Airteagal 20.
Féadfaidh údaráis inniúla dréachtchinntí a chur faoi bhráid ESMA freisin chun a thuairim a fháil sula nglacfaidh siad aon ghníomh nó beart eile i gcomhréir lena ndualgais faoi Airteagal 22(1). Aon tuairim, aon chinneadh, aon ionchur, aon bhailíochtú nó aon bheart eile a dhéanann ESMA, déanfar é i gcomhréir le hAirteagal 46a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(18)Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Aon údarás dá dtagraítear sa Rialachán seo a thagann ar an eolas faoi aon staid éigeandála a bhaineann le CPL, cuirfidh sé údarás inniúil an CPL, ESMA, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, comhaltaí ábhartha CEBC, an Coimisiún agus údaráis ábhartha na CPLanna suntasacha ar an eolas gan moill mhíchuí faoin staid éigeandála, lena n‑áirítear:’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 4:
‘2. I gcás éigeandála, cuirfear faisnéis ar fáil agus tabharfar cothrom le dáta í gan moill mhíchuí ionas go mbeidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 nó údaráis ábhartha na CPLanna suntasacha, de réir mar is infheidhme, in ann anailís a dhéanamh ar thionchar na staide éigeandála sin go háirithe ar a gcomhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint. Féadfaidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 nó údaráis ábhartha na CPLanna suntasacha, de réir mar is infheidhme, an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig na comhlachtaí poiblí atá freagrach as cobhsaíocht airgeadais a margaí, faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla a leagtar amach in Airteagal 83. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir leis na comhlachtaí sin a fhaigheann an fhaisnéis sin.
3. I gcás staid éigeandála ag CPL amháin nó níos mó a bhfuil éifeachtaí díchobhsaitheacha aici nó ar dócha go mbeidh éifeachtaí díchobhsaitheacha aici ar mhargaí trasteorann, comhordóidh an Bord Feidhmiúcháin údaráis inniúla, na húdaráis réitigh arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/23 agus na coláistí dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo nó údaráis ábhartha na CPLanna suntasacha, de réir mar is infheidhme, chun freagairt chomhordaithe a fhorbairt ar chásanna éigeandála a bhaineann le CPL agus chun comhroinnt éifeachtach faisnéise a áirithiú i measc na n‑údarás inniúil, na gcoláistí dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo agus na n‑údarás réitigh.
4. I gcás éigeandála, seachas i gcás ina bhfuil gníomhaíocht réitigh á déanamh nó déanta ag údarás réitigh i ndáil le CPL de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23, féadfar na cruinnithe ad hoc seo a leanas a thionól chun freagairtí na n‑údarás inniúil a chomhordú:
(a)cruinnithe ad hoc den Bhord Feidhmiúcháin, arna dtionól ag a Chathaoirleach ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin do bheirt chomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin nó den Bhord Maoirseoirí;
(b)cruinnithe ad hoc leis na húdaráis ábhartha le haghaidh CPLanna suntasacha, arna dtionól ag an mBord Feidhmiúcháin.;’
(c)leasaítear mír 5 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
‘(f) aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 nach gcumhdaítear cheana le pointí (a) go (d) den mhír seo;’
(ii)cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:
‘aon cheann de na húdaráis ábhartha de chuid na CPLanna suntasacha, nach gcumhdaítear cheana féin le pointí (a) go (e).’;
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. I gcás ina dtionólfar cruinniú ad hoc de bhun mhír 4, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin ÚBE, ÚEÁPC, BERS, an Bord Réitigh Aonair arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus iarrfar orthu freisin páirt a ghlacadh sa chruinniú sin arna iarraidh sin dóibh.
I gcás ina dtionólfar cruinniú tar éis staid éigeandála mar a shonraítear i mír 1, pointe (c), iarrfaidh an Bord Feidhmiúcháin ar na bainc cheannais eisiúna ábhartha a bheith rannpháirteach sa chruinniú sin.’;
(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Féadfaidh ESMA moltaí a eisiúint de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe ar údarás inniúil amháin nó níos mó ina molfar dóibh cinntí maoirseachta sealadacha nó buana a ghlacadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V den Rialachán seo chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais a sheachaint nó a mhaolú. Ní fhéadfaidh ESMA moltaí den sórt sin a eisiúint ach amháin i gcás ina ndéantar difear do níos mó ná CPL amháin atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 nó i gcás ina bhfuil teagmhais ar fud an Aontais ag díchobhsú margaí imréitithe trasteorann.’;
(19)i gCaibidil 3A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Cúraimí maoirseachta i ndáil le CPLanna’;
(20)Leasaítear Airteagal 24a mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Cúraimí maoirseachta i ndáil le CPLanna’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Déanfaidh ESMA i gcomhréir le hAirteagal 46a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 aon chinneadh agus déanfaidh sé aon chúram a chuirtear ar iontaoibh air faoin Rialachán seo, agus go háirithe mar a leagtar amach i míreanna 10 agus 11 den Airteagal seo.’;
(c)scriostar míreanna 2 go 6;
(d)leasaítear mír 7 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití;
‘I ndáil le CPLanna, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:’;
(ii)scriostar pointí (a), (b), (ba);
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (bc):
‘(bc) i ndáil le CPLanna nach bhfuil chomh suntasach céanna, tuairimí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 17b, bailíochtú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 49 agus cinntí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49a agus, maidir le CPLanna suntasacha, aon chinneadh nó beart eile a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22c;’;
(iv) scriostar pointe (be);
(e)scriostar míreanna 8 agus 9;
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 10 agus 11:
‘10. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin, i ndáil le CPLanna tríú tír, cinntí agus cuirfidh sé i gcrích na cúraimí a chuirtear ar iontaoibh ar ESMA in Airteagail 25, 25a, 25b, 25f go 25q agus 85(6).
11. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin, i ndáil le CPLanna tríú tír, cláir oibre a chruinnithe a chomhroinnt leis an gcoláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c sula dtionólfar na cruinnithe sin, mar aon le miontuairiscí a chruinnithe, na dréachtchinntí iomlána a bhfuil sé beartaithe aige a ghlacadh agus na cinntí críochnaitheacha atá glactha aige’;
(g)scriostar míreanna 12 agus 13;
(21)in Airteagal 24b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. I gcás nach léireoidh an Bord Feidhmiúcháin ina chinneadh na leasuithe arna moladh ag banc ceannais eisiúna, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an banc ceannais eisiúna sin ar an eolas i scríbhinn agus luafaidh sé na cúiseanna iomlána atá aige gan na leasuithe arna moladh ag an mbanc ceannais eisiúna sin a chur san áireamh, agus tabharfaidh sé míniú ar aon diall ó na leasuithe sin.
3. Maidir le cinntí atá le déanamh de bhun Airteagail 25(2c) agus 85(6), lorgóidh an Bord Feidhmiúcháin comhaontú na mbanc ceannais eisiúna dá dtagraítear in Airteagal 25(3), pointe (f), maidir le hábhair a bhaineann leis na hairgeadraí a eisíonn siad. Measfar comhaontú gach bainc ceannais eisiúna a bheith tugtha, mura molfaidh an banc ceannais eisiúna leasuithe nó mura gcuirfidh sé ina choinne laistigh de 10 lá oibre ón tráth a tharchuirfear an dréachtchinneadh. I gcás ina molfaidh banc ceannais eisiúna leasuithe ar dhréachtchinneadh nó ina gcuirfidh sé ina choinne, soláthróidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin, i scríbhinn. I gcás ina molann banc ceannais eisiúna leasuithe i ndáil le hábhair a bhaineann leis an airgeadra a eisíonn sé, leasófar an cinneadh i ndáil leis na hábhair sin. I gcás ina ndéanfaidh banc ceannais eisiúna agóid in aghaidh nithe a bhaineann leis an airgeadra a eisíonn sé, ní chumhdófar na nithe sin sa chinneadh.’;
(22)Scriostar Airteagal 24c;
(23)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24d:
‘Airteagal 24d
Cinnteoireacht laistigh den Bhord Feidhmiúcháin i ndáil le CPLanna tríú tír
I gcás ina ndéanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí nó bearta eile de bhun Airteagail 25(2), 25(2a), 25(2b), 25(2c), 25(5), 25p, 85(6), 89(3b) agus, i gcás CPLanna Leibhéal 2, i gcomhréir freisin le hAirteagail 25a, 25b, 25f go 25o, 25q, 41, 44, 46, 50 agus 54, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na cinntí agus na bearta sin laistigh de 10 lá oibre.
I gcás ina ndéanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí nó bearta eile de bhun Airteagail seachas na hAirteagail sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n‑áirítear Airteagal 22c, déanfaidh sé na cinntí agus na bearta sin laistigh de 3 lá oibre.’;
(24)Scriostar Airteagal 24e;
(25)Leasaítear Airteagal 25c mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) Cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoláiste’;
(b)i mír 2, scriostar pointe (b);
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3;
‘3. Féadfaidh comhaltaí an choláiste a iarraidh go bpléifidh an Bord Feidhmiúcháin ábhair shonracha i ndáil le CPL atá bunaithe i dtríú tír. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus áireofar inti réasúnaíocht mhionsonraithe maidir leis an iarraidh. Breithneoidh an Bord Feidhmiúcháin iarrataí den sórt sin go cuí agus soláthróidh sé freagra iomchuí.’;
(26)Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:
‘1. Beidh socrú idir‑inoibritheachta, nó aon athrú ábhartha ar shocrú idir‑inoibritheachta formheasta faoi Theideal V, faoi réir formheas a fháil roimh ré ó ESMA.
2. Ní thabharfaidh ESMA formheas don socrú idir‑inoibritheachta ach amháin i gcás inar údaraíodh na CPLanna lena mbaineann imréiteach a dhéanamh faoi Airteagal 17 nó inar aithníodh iad faoi Airteagal 25 nó inar údaraíodh iad faoi chóras údarúcháin náisiúnta a bhí ann cheana ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad, i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52 agus ina gceadaítear leis na coinníollacha teicniúla maidir le hidirbhearta a imréiteach faoi théarmaí an tsocraithe feidhmiú rianúil ordúil na margaí airgeadais agus nach ndéanann an socrú dochar d’éifeachtacht na maoirseachta.
3. I gcás ina measfaidh ESMA nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 2, soláthróidh sé mínithe i scríbhinn maidir lena bhreithnithe riosca do na húdaráis inniúla eile agus do na CPLanna atá rannpháirteach.’;
(b)scriostar mír 4;
(c)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC agus BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun sonrú breise a dhéanamh ar na ceanglais atá ar CPLanna na rioscaí a eascraíonn as socruithe idir‑inoibritheachta a bhainistiú go leordhóthanach. Chun na críche sin, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na forálacha a áirítear ann iomchuí i gcás socruithe idir‑inoibritheachta lena gcumhdaítear gach cineál táirge nó conartha, lena n‑áirítear conarthaí díorthacha agus ionstraimí neamhairgeadais.’;
(27)Scriostar Airteagail 60 go 63;
(28)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:
‘Airteagal 64
Bearta maoirseachta
Más rud é, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, go bhfaigheann ESMA amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurb ann d’fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh ESMA bearta i gcomhréir le hAirteagal 39e de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(29)in Airteagal 65, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. I gcás ina gcinnfidh ESMA go ndearna stór trádála, d’aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh sé bearta i gcomhréir le hAirteagal 39f de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 trí chinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(30)Scriostar Airteagail 66 go 69;
(31)in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Gearrfaidh ESMA táillí ar na stórtha trádála i gcomhréir leis an Rialachán seo, le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3.
2. Beidh méid aon táille a ghearrfar ar stór trádála comhréireach le láimhdeachas an stóir trádála lena mbaineann agus leis an gcineál clárúcháin agus maoirseachta a fheidhmeoidh ESMA.’;
(32)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 73:
‘Airteagal 73
Bearta maoirseachta á ndéanamh ag ESMA
I gcás ina gcinnfidh ESMA go ndearna stór trádála ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí a luaitear in Airteagal 39h de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(33)in Airteagal 74(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Féadfar a áireamh ar na cúraimí maoirseachta sonracha sin, go háirithe, an chumhacht chun iarrataí ar fhaisnéis a dhéanamh agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 39b go 39d de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(34)Leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22a(10) agus Airteagal 22c(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), Airteagal 3(5), Airteagal 4(3a), Airteagal 7a(7), Airteagal 11(3a), Airteagal 11(12a), Airteagal 22a(10), Airteagal 22c(6), Airteagal 25(2a), Airteagal 25(6a), Airteagal 25a(3), Airteagal 25d(3), Airteagal 25i(7), Airteagal 25o, Airteagal 70 agus Airteagal 72(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.’;
(c)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(6), Airteagal 3(5), Airteagal 4(3a), Airteagal 7a(7), Airteagal 11(3a), Airteagal 11(12a), Airteagal 22a(10), Airteagal 22c(6), Airteagal 25(2a), Airteagal 25(6a), Airteagal 25a(3), Airteagal 25d(3), Airteagal 25i(7), Airteagal 25o, Airteagal 70 nó Airteagal 72(3) isteach ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;
(35)in Airteagal 84, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Déanfaidh na húdaráis inniúla, ESMA agus údaráis iomchuí eile, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis a cheanglaítear chun a ndualgais a chomhlíonadh a sholáthar dá chéile.
2. Údaráis inniúla, ESMA, údaráis eile agus comhlachtaí eile nó daoine nádúrtha agus dlítheanacha a fhaigheann faisnéis rúnda i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Rialachán seo, ní úsáidfidh siad í ach amháin le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh.’;
(36)in Airteagal 88(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) CPLanna atá údaraithe chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas agus atá bunaithe san Aontas, agus na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe a sholáthar nó a dhéanamh, lena n‑áirítear aicmí na n‑ionstraimí airgeadais nó na n‑ionstraimí neamhairgeadais a chumhdaítear lena n‑údarú;’;
(37)in Airteagal 89, cuirtear an mhír 14 seo a leanas isteach:
‘14. Tar éis theacht i bhfeidhm na leasuithe ar Airteagal 24a, leanfaidh Cathaoirleach an Choiste Maoirseachta do CPLanna agus na comhaltaí neamhspleácha arna gceapadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/2099 de bheith ag rannchuidiú le hobair ESMA a bhaineann le maoirseacht agus rialáil CPLanna go dtí deireadh a dtéarma oifige nó go dtí go gcinnfidh siad éirí as go deonach, cibé dáta is túisce.’;
(38)Scriostar Airteagal 90;
(39)Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;
(40)Cuirtear Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear isteach na pointí (h) go (j) seo a leanas:
‘(h)
ionaid trádála a údarú, a oibriú agus a mhaoirsiú, lena n‑áirítear ionaid trádála shuntasacha;
(i)
údarú agus maoirseacht Oibreoirí Margaidh Uile‑Eorpacha;
(j)
rialuithe bainistíochta suímh agus tuairisciú suímh le haghaidh ionaid trádála.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta, atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE agus institiúidí creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* le linn seirbhísí infheistíochta á soláthar acu agus/nó gníomhaíochtaí infheistíochta á ndéanamh acu, maidir le hoibreoirí margaidh agus maidir le OMUEnna, lena n‑áirítear aon ionaid trádála a oibríonn siad.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Tá feidhm ag Teideal VI den Rialachán seo freisin maidir le TLUnna, CPLanna, saoráidí imréitigh eile agus daoine a bhfuil cearta dílseánaigh acu ar thagarmharcanna.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5b:
‘5b. Oibreoidh gach córais iltaobhaigh i gcomhréir le forálacha Theideal Ia, Caibidil 1, den Rialachán seo maidir le margadh rialáilte nó i gcomhréir le forálacha Theideal Ia, Caibidil 2, den Rialachán seo maidir le saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe.
_______________________________
*
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338). ELI:
http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj
).’;
(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8a):
‘(8a)ciallaíonn ‘margadh fáis FBManna’ saoráid trádála iltaobhach atá cláraithe mar mhargadh fáis FBManna i gcomhréir le hAirteagal 2y;’;
(ii)cuirtear pointe (8b) seo a leanas isteach:
‘(8b) ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBM’ cuideachtaí a raibh meánchaipitliú margaidh níos lú ná EUR 200 000 000 acu ar bhonn luachana dheireadh na bliana do na 3 bliana féilire roimhe sin;’;
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:
‘(10)
ciallaíonn ‘oibreoir margaidh’ duine nó daoine a bhainistíonn agus/nó a oibríonn gnó margaidh rialáilte;’;
(iv)cuirtear pointe (10a) seo a leanas isteach:
‘(10a)
ciallaíonn ‘oibreoir margaidh uile-Eorpach’ nó ‘OMUE’ duine nó daoine a bhainistíonn agus/nó a oibríonn níos mó ná ionad trádála amháin i níos mó ná Ballstát amháin, agus atá údaraithe agus a fheidhmíonn i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal Ia den Rialachán seo;’;
(v)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (13) go (16):
‘(13)
ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ córas iltaobhach arna oibriú agus/nó arna bhainistiú ag oibreoir margaidh nó ag OMUE, lena dtugtar le chéile nó lena n‑éascaítear roinnt leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais – sa chóras agus i gcomhréir lena rialacha neamhroghnacha – ar bhealach a mbíonn conradh ann dá bharr, i leith na n‑ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála faoina rialacha agus/nó faoina chórais;
(14)
ciallaíonn ‘saoráid trádála iltaobhach’ córas iltaobhach, arna oibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh nó ag OMUE, lena dtugtar le chéile roinnt leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais – sa chóras agus i gcomhréir le rialacha neamhroghnacha – ar bhealach a mbíonn conradh ann dá bharr;
(15)
ciallaíonn ‘saoráid trádála eagraithe’ córas iltaobhach nach margadh rialáilte ná saoráid trádála iltaobhach é agus ina bhfuil roinnt leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh in ann idirghníomhú sa chóras ar bhealach a mbíonn conradh ann dá bharr;
(16)
ciallaíonn ‘ionad trádála’ margadh rialáilte, saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe;’;
(vi)cuirtear pointí (16b) go (16d) seo a leanas isteach:
‘(16b)
ciallaíonn ‘ionad trádála suntasach’ ionad trádála a mheastar a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 38fa;
(16c)
ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear i bpointe (34) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(16d)
ciallaíonn ‘rochtain leictreonach dhíreach’ rochtain leictreonach dhíreach mar a shainmhínítear i bpointe (41) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;’;
(vii)cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (18):
‘(18)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon cheann díobh seo a leanas:
(a)
údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Threoir 2014/65/AE;
(b)
ESMA, sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 38fa agus in Airteagail 2q(1), 2r(1), agus 2t(1);
(c)
ESMA, maidir le húdarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, cé is moite de na sásraí tuairiscithe formheasta agus na socruithe formheasta maidir le foilsiú sin a bhfuil maolú acu i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;’;
(viii)cuirtear an pointe (18a) seo a leanas isteach:
‘(18a)
ciallaíonn ‘údarás náisiúnta faireachais’ an t‑údarás arna ainmniú de bhun Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE den Bhallstát ina bhfuil ionad trádála lonnaithe nó ina n‑oibrítear é, agus inarb é ESMA an t‑údarás inniúil de bhun Airteagal 38fa;’;
(ix)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):
‘(20) ciallaíonn ‘brainse’ áit ghnó seachas an cheannoifig ar cuid de ghnólacht infheistíochta nó de mhargadh rialáilte í, nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach aici agus a sholáthraíonn na seirbhísí nó an ghníomhaíocht a bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an margadh rialáilte údaraithe ina leith; measfar gur brainse aonair iad na háiteanna gnó uile arna mbunú sa Bhallstát céanna ag gnólacht infheistíochta nó ag margadh rialáilte a bhfuil a cheanncheathrú i mBallstát eile;’;
(x)cuirtear isteach an pointe 20a seo a leanas:
‘(20a)
ciallaíonn ‘sealúchas cáilitheach’ sealúchas díreach nó indíreach ar bith i gcontrapháirtí lárnach nó i stór trádála ina bhfuil ar a laghad 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, agus na coinníollacha maidir le comhiomlánú de a leagtar síos in Airteagal 12(4) agus (5) den Treoir sin á gcur san áireamh, nó a chiallaíonn gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir thrádála ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain;’;
(xi)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (31):
‘(31)
ciallaíonn ‘CPL’ CPL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;’;
(xii)cuirtear pointe (31a) seo a leanas isteach:
‘(31a)
ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ nó ‘TLU’ taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;’;
(xiii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (36b):
‘(36b)
ciallaíonn ‘croí‑shonraí margaidh’:
(a)
na sonraí uile seo a leanas maidir le scair ar leith nó ETF ag aon stampa ama ar leith:
(i)
i gcás leabhair orduithe leanúnacha, na cúig thairiscint agus tairiscint is fearr lena n‑imleabhar comhfhreagrach;
(ii)
i gcás córais trádála bunaithe ar cheant, an praghas is oiriúnaí don algartam trádála agus an méid a d’fhéadfadh rannpháirtithe sa chóras sin a fhorfheidhmiú ar an bpraghas sin;
(iia)
i gcás inmheánaitheoirí córasacha, na cúig luachan tairgthe agus tairisceana is fearr a fhoilsítear de bhun Airteagal 14 lena méid comhfhreagrach;
(iii)
an praghas idirbhirt agus an méid a forfheidhmíodh ag an bpraghas sin;
(iiia)
an praghas scoir atá ualaithe ó thaobh méid de a leanann as na ceantanna dúnta uile arna n‑oibriú ag ionaid trádála ar rannchuiditheoirí sonraí iad;
(iv)
i gcás idirbheart, an cineál córais trádála agus na tarscaoiltí agus na hiarchuir is infheidhme;
(v)
an cód aitheantais margaidh lena sainaithnítear go huathúil an t‑ionad trádála agus, i gcás ionaid forfheidhmiúcháin eile, an cód aitheantóra lena sainaithnítear an cineál ionaid forfheidhmiúcháin;
(vi)
an t‑aitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na n‑ionad forfheidhmiúcháin;
(vii)
an fhaisnéis stampa ama maidir leis an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
(1)
forfheidhmiú an idirbhirt agus aon leasú air;
(2)
iontráil na gcúig thairiscint ceannaigh agus díola is fearr sa leabhar orduithe;
(3)
na praghsanna nó na méideanna a shonrú i gcóras trádála do cheantáil,
(4)
foilsiú na n‑eilimintí a liostaítear i bpointí (1), (2) agus (3) ag na hionaid trádála;
(5)
iontráil na gcúig luachan tairisceana ceannaigh agus tairisceana díola is fearr ag an inmheánaitheoir córasach;
(6)
croí‑shonraí margaidh a scaipeadh;
(b)
na sonraí uile seo a leanas maidir le banna ar leith nó díorthach thar an gcuntar ar leith ag aon stampa ama ar leith:
(i)
an praghas idirbhirt agus an chainníocht nó an mhéid a forghníomhaíodh ag an bpraghas sin;
(ii)
an cód aitheantais margaidh lena sainaithnítear go huathúil an t‑ionad trádála agus, i gcás ionaid forfheidhmiúcháin eile, an cód aitheantóra lena sainaithnítear an cineál ionaid forfheidhmiúcháin;
(iii)
i gcás bannaí, an t‑aitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na n‑ionad forghníomhaithe;
(iv)
i gcás díorthaigh thar an gcuntar, na sonraí tagartha sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 27(1), an dara fomhír;
(v)
an fhaisnéis stampa ama maidir leis an méid seo a leanas:
(1)
forfheidhmiú an idirbhirt agus aon leasú air;
(2)
foilsiú an idirbhirt ag na hionaid trádála;
(3)
croí‑shonraí margaidh a scaipeadh;
(vi)
cineál an chórais trádála agus na tarscaoiltí agus na hiarchuir is infheidhme;’;
(xiv)cuirtear na pointí (51) go (54) seo a leanas isteach:
‘(51)
ciallaíonn ‘seachfhoinsiú’ socrú d’aon chineál idir eintiteas ar gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh nó OMUE é a bhfuil ionad trádála á oibriú aige agus soláthraí seirbhíse trína ndéanann an soláthraí seirbhíse sin próiseas, seirbhís nó gníomhaíocht i ndáil leis an ionad trádála sin a dhéanfadh an t‑eintiteas féin ina mhalairt de chás;
(52)
ciallaíonn ‘trádáil bhunairgid mheaitseáilte’ idirbheart ina n‑idirchuireann an t‑éascaitheoir é féin idir an ceannaitheoir agus díoltóir an idirbhirt ar bhealach nach mbeidh sé neamhchosanta riamh ar riosca margaidh le linn fhorfheidhmiú an idirbhirt, agus an dá thaobh á bhforfheidhmiú go comhuaineach, agus i gcás ina dtugtar an t‑idirbheart i gcrích ar phraghas nach ndéanann an t‑éascaitheoir aon bhrabús ná aon chaillteanas, seachas coimisiún, táille nó muirear a nochtadh roimhe sin i leith an idirbhirt;
(53)
ciallaíonn ‘trádáil algartamach’ trádáil algartamach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (39), de Threoir 2014/65/AE;
(54)
ciallaíonn ‘trádáil algartamach ardmhinicíochta’ trádáil algartamach ardmhinicíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (40), de Threoir 2014/65/AE.’;
(b)cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:
‘4. Eiseoidh ESMA moltaí chun an mhodheolaíocht a shonrú chun an praghas dúnta atá ualaithe ó thaobh méide a ríomh dá dtagraítear i mír 1, pointe 36b(a)(iiia), i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
_________________________________________
*
Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38, ELI:
http://data.europa.eu/eli/dir/2004/109/oj
).’;
(3)cuirtear an Teideal Ia seo a leanas isteach:
‘TEIDEAL Ia
IONAID TRÁDÁLA
CAIBIDIL 1
Ceanglais maidir le margaí rialáilte
Airteagal 2a
Údarú margaidh rialáilte agus an dlí is infheidhme
1. Aon chóras a thagann faoin sainmhíniú ar mhargadh rialáilte, gheobhaidh sé údarú ó údarás inniúil an Bhallstáit i gcás ina bhfuil sé suite nó ina n‑oibrítear é, nó ó ESMA sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 38fa, sula gcuirfidh sé tús lena ghníomhaíochtaí.
2. Údaróidh an t‑údarás inniúil margadh rialáilte sna cásanna seo a leanas:
(a)comhlíonann an t‑oibreoir margaidh agus an margadh rialáilte atá sé beartaithe ag an oibreoir margaidh a oibriú na ceanglais a leagtar síos sa Chaibidil seo;
(b)gur duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas é an t‑oibreoir margaidh.
3. Déanfaidh an t‑oibreoir margaidh cúraimí a bhaineann le heagrú agus oibriú an mhargaidh rialáilte faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an margadh rialáilte suite nó ina n‑oibrítear é, nó ESMA sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 38fa, agus, i gcás ina bhforáiltear go sainráite dó leis an Rialachán seo, faoi mhaoirseacht an údaráis náisiúnta faireachais. Féadfaidh an t‑oibreoir margaidh gníomhaíochtaí coimhdeacha a dhéanamh atá nasctha le hoibriú margaidh rialáilte.
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise maidir le húdarú agus oibriú margaí rialáilte seachas na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.
4. Beidh an t‑oibreoir margaidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann sé féin agus an margadh rialáilte a oibríonn sé na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo i gcónaí.
5. Beidh an t‑oibreoir margaidh i dteideal na cearta a fheidhmiú a chomhfhreagraíonn don mhargadh rialáilte a oibríonn sé de bhua an Rialacháin seo.
6. Cuirfidh oibreoir margaidh an t‑údarás inniúil ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi aon athruithe substainteacha a dhéanann difear do chomhlíontacht na gcoinníollacha maidir le húdarú a leagtar síos sa Chaibidil seo.
7. Gan dochar d’aon fhoráil ábhartha de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 nó de Threoir 2014/57/AE, is é dlí an Bhallstáit áit a bhfuil an margadh rialáilte suite nó ina n‑oibrítear é an dlí poiblí lena rialaítear an trádáil a dhéantar faoi chórais an mhargaidh rialáilte.
Airteagal 2b
Nósanna imeachta maidir le hiarratais ar údarú margaí rialáilte a dheonú agus a dhiúltú
1. Cuirfidh an t‑oibreoir margaidh is iarratasóir iarratas isteach ina soláthrófar an fhaisnéis uile is gá chun é a chur ar a chumas don údarás inniúil a dheimhniú go bhfuil na socruithe uile is gá curtha i bhfeidhm ag an oibreoir margaidh, tráth údaraithe tosaigh an mhargaidh rialáilte, chun a áirithiú go gcomhlíonann an t‑oibreoir margaidh agus córais an mhargaidh rialáilte araon a bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir margaidh iad a oibriú na ceanglais a leagtar síos sa Chaibidil seo, lena n‑áirítear clár oibríochtaí ina leagtar amach, inter alia, na cineálacha seirbhísí atá beartaithe agus an struchtúr eagraíochtúil.
2. Laistigh de 20 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t‑iarratas iomlán.
I gcás nach bhfuil an t‑iarratas iomlán, cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑iarratasóir ar an eolas i scríbhinn faoin fhaisnéis bhreise atá le soláthar agus leagfaidh sé síos sprioc‑am faoina mbeidh ar an oibreoir margaidh faisnéis bhreise a sholáthar.
Tar éis don údarás inniúil a mheas go bhfuil an t‑iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra don oibreoir margaidh dá réir sin.
3. Déanfaidh an t‑údarás inniúil, laistigh de 6 mhí tar éis dó iarratas comhlánaithe a fháil, measúnú ar chomhlíonadh na Caibidle seo ag an oibreoir margaidh agus ag córais an mhargaidh rialáilte a bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir margaidh iad a oibriú. Glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú agus tabharfaidh sé fógra don oibreoir margaidh is iarratasóir dá réir sin laistigh de chúig lá oibre tar éis a ghlactha. Tabharfaidh sé fógra freisin don údarás náisiúnta faireachais.
Airteagal 2c
Údarú a tharraingt siar
1. Féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú a eisíodh do mhargadh rialáilte a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:
(a)mura n‑úsáideann sé an t‑údarú laistigh de 12 mhí, go dtréigeann sé an t‑údarú go sainráite nó nár oibrigh sé ar feadh na 6 mhí roimhe sin;
(a)má fuair sé an t‑údarú trí ráitis bhréige nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;
(b)mura gcomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t‑údarú;
(c)má sháraigh sé an Rialachán seo go tromchúiseach agus go córasach.
2. I gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, tabharfaidh sé fógra, gan moill mhíchuí, don údarás náisiúnta faireachais faoi chinneadh údarú margaidh rialáilte a tharraingt siar.
Airteagal 2d
Ceanglais maidir le comhlacht bainistíochta oibreora margaidh
1. Beidh dea‑cháil leordhóthanach ar gach comhalta de chomhlacht bainistíochta oibreora margaidh i gcónaí, agus beidh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu chun a ndualgais a chomhlíonadh. Léireoidh comhdhéanamh foriomlán an chomhlachta bainistíochta raon leathan leordhóthanach taithí.
2. Comhlíonfaidh comhaltaí an chomhlachta bainistíochta na ceanglais seo a leanas:
(a)tiomnóidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta am leordhóthanach chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh in oibreoir an mhargaidh. Maidir leis an líon stiúrthóireachtaí is féidir le comhalta den chomhlacht bainistíochta a shealbhú, in aon eintiteas dlíthiúil, ag an tráth céanna cuirfear san áireamh imthosca aonair agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an oibreora margaidh.
Ach amháin má dhéanann siad ionadaíocht ar an mBallstát ina bhfuil an t‑oibreoir margaidh bunaithe, comhaltaí de chomhlacht bainistíochta na n‑oibreoirí margaidh atá suntasach i dtéarmaí a méide, a n‑eagrúcháin inmheánaigh agus chineál, raon feidhme agus chastacht a ngníomhaíochtaí, ní bheidh poist acu ag an tráth céanna ar mó iad ná ceann amháin de na teaglamaí seo a leanas:
(i)stiúrthóireacht feidhmiúcháin amháin le dhá stiúrthóireacht neamhfheidhmiúcháin;
(ii)ceithre stiúrthóireacht neamhfheidhmiúcháin.
Measfar gur stiúrthóireacht aonair amháin iad stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin arna sealbhú laistigh den ghrúpa céanna nó de na gnóthais chéanna i gcás ina bhfuil sealúchas cáilitheach faoi úinéireacht an oibreora margaidh.
Féadfaidh an t‑údarás inniúil comhaltaí an chomhlachta bainistíochta a údarú stiúrthóireacht neamhfheidhmiúcháin bhreise amháin a bheith acu. I gcás nach é ESMA an t‑údarás inniúil, cuirfidh na húdaráis inniúla ESMA ar an eolas go tráthrialta faoi na húdaruithe sin.
Beidh stiúrthóireachtaí in eagraíochtaí nach saothraíonn cuspóirí tráchtála den chuid is mó díolmhaithe ón teorainn ar líon na stiúrthóireachtaí is féidir le comhalta de chomhlacht bainistíochta a shealbhú.
(b)Beidh eolas, scileanna agus taithí chomhchoiteann leordhóthanach ag an gcomhlacht bainistíochta chun go mbeidh sé in ann gníomhaíochtaí an oibreora margaidh a thuiscint, lena n‑áirítear na príomhrioscaí.
(c)Gníomhóidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta le macántacht, ionracas agus neamhspleáchas intinne chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar chinntí na hardbhainistíochta agus chun agóid a dhéanamh ina aghaidh i gcás inar gá agus chun maoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht.
3. Cuirfidh oibreoirí margaidh acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha ar fáil d’ionduchtú agus d’oiliúint chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta.
4. I gcás ina bhfuil inniúlacht ag an gcomhlacht bainistíochta, faoin dlí náisiúnta, i bpróiseas roghnúcháin agus ceapacháin aon duine dá chomhaltaí, déanfaidh an t‑údarás inniúil a mheas, agus méid agus eagrúchán inmheánach an oibreora margaidh á gcur san áireamh, chomh maith le cineál, raon feidhme agus castacht a ghníomhaíochtaí, an mbunóidh an t‑oibreoir margaidh coiste ainmniúcháin a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta nach gcomhlíonann aon fheidhm feidhmiúcháin san oibreoir margaidh lena mbaineann.
I gcás ina mbunófar é, déanfaidh an coiste ainmniúcháin an méid seo a leanas:
(a)iarrthóirí a shainaithint agus a mholadh, i gcomhar iad a fhormheas ag an gcomhlacht bainistíochta nó ag an gcruinniú ginearálta, chun folúntais ar an gcomhlacht bainistíochta a líonadh. Agus é sin á dhéanamh aige, déanfaidh an coiste ainmniúcháin meastóireacht ar chothromaíocht eolais, scileanna, éagsúlachta agus taithí an chomhlachta bainistíochta. Ina theannta sin, ullmhóidh an coiste tuairisc ar na róil agus ar na cumais le haghaidh ceapachán ar leith, agus déanfaidh sé measúnú ar an ngealltanas ama a bhfuil coinne leis. Thairis sin, déanfaidh an coiste ainmniúcháin cinneadh maidir le sprioc le haghaidh ionadaíocht na hinscne tearcionadaithe sa chomhlacht bainistíochta agus ullmhóidh sé beartas maidir le conas líon na hinscne tearcionadaithe sa chomhlacht bainistíochta a mhéadú chun an sprioc sin a bhaint amach;
(b)go tréimhsiúil, agus uair sa bhliain ar a laghad, measúnú a dhéanamh ar struchtúr, ar mhéid, ar chomhdhéanamh agus ar fheidhmíocht an chomhlachta bainistíochta, agus moltaí a chur faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta maidir le haon athruithe;
(c)go tréimhsiúil, agus uair sa bhliain ar a laghad, measúnú a dhéanamh ar eolas, scileanna agus taithí chomhaltaí aonair an chomhlachta bainistíochta agus an chomhlachta bainistíochta i gcomhpháirt, agus tuairisciú don chomhlacht bainistíochta dá réir sin;
(d)athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar bheartas an chomhlachta bainistíochta maidir leis an ardbhainistíocht a roghnú agus a cheapadh agus moltaí a dhéanamh don chomhlacht bainistíochta.
Agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, cuirfidh an coiste ainmniúcháin san áireamh, a mhéid is féidir agus ar bhonn leanúnach, an gá atá lena áirithiú nach mbeidh ceannas ag aon duine aonair ná ag aon ghrúpa beag daoine aonair ar chinnteoireacht an chomhlachta bainistíochta ar bhealach a dhéanfaidh dochar do leasanna an oibreora margaidh ina iomláine.
Agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, beidh an coiste ainmniúcháin in ann úsáid a bhaint as aon chineál acmhainní a mheasann sé a bheith iomchuí, lena n‑áirítear comhairle sheachtrach.
5. Fostóidh oibreoirí margaidh agus a gcoistí ainmniúcháin faoi seach tacar leathan cáilíochtaí agus inniúlachtaí le linn comhaltaí á n‑earcú acu chuig an gcomhlacht bainistíochta agus, chun na críche sin, cuirfidh siad beartas i bhfeidhm lena gcuirfear éagsúlacht chun cinn maidir leis an gcomhlacht bainistíochta.
6. Déanfaidh comhlacht bainistíochta oibreora margaidh cur chun feidhme na socruithe rialachais lena n‑áirithítear bainistíocht éifeachtach stuama eagraíochta a shainiú agus a mhaoirsiú, lena n‑áirítear leithscaradh dualgas san eagraíocht agus coinbhleachtaí leasa a chosc, agus ar bhealach a chuireann sláine an mhargaidh chun cinn.
Déanfaidh an comhlacht bainistíochta faireachán agus measúnú tréimhsiúil ar éifeachtacht shocruithe rialachais an oibreora margaidh agus déanfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh.
Beidh rochtain leordhóthanach ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid a bhfuil gá leo chun maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chinnteoireacht na bainistíochta.
7. Diúltóidh an t‑údarás inniúil údarú i gcás nach bhfuil sé sásta go bhfuil dea‑cháil leordhóthanach ar chomhaltaí chomhlacht bainistíochta an oibreora margaidh, go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu agus go dtugann siad dóthain ama chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, nó i gcás ina bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann lena chreidiúint go bhféadfadh comhlacht bainistíochta an oibreora margaidh a bheith ina bhagairt dá bhainistíocht éifeachtach, fhónta agus stuama agus do bhreithniú leordhóthanach ar ionracas an mhargaidh.
I bpróiseas údaraithe margaidh rialáilte, meastar go gcomhlíonann an duine nó na daoine a stiúrann an gnó agus oibríochtaí margaidh rialáilte eile go héifeachtach, atá údaraithe cheana féin san Aontas na ceanglais a leagtar síos i mír 1.
I gcás inar dócha go ndéanfaidh iompar comhalta de chomhlacht bainistíochta oibreora margaidh dochar dá bhainistíocht éifeachtach, fhónta agus stuama agus do bhreithniú leordhóthanach ar shláine an mhargaidh, déanfaidh an t‑údarás inniúil bearta iomchuí, lena bhféadfar a áireamh an comhalta sin a bhaint den chomhlacht bainistíochta.
8. Tabharfaidh oibreoir margaidh fógra don údarás inniúil faoi ainmneacha chomhaltaí uile a chomhlachta bainistíochta agus faoi aon athrú ar a bhallraíocht, mar aon leis an bhfaisnéis uile is gá chun a mheas cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t‑oibreoir margaidh míreanna 1 go 6.
9. Eiseoidh ESMA treoirlínte maidir leis an méid seo a leanas:
(a)coincheap an ghealltanais ama leordhóthanaigh ó chomhalta den chomhlacht bainistíochta chun feidhmeanna an chomhalta sin a chomhlíonadh, i ndáil leis na himthosca aonair agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an oibreora margaidh;
(b)coincheap eolas comhchoiteann, scileanna agus taithí leordhóthanach a bheith ag an gcomhlacht bainistíochta ina iomláine dá dtagraítear i mír 2, pointe (b);
(c)coincheapa macántachta, ionracais agus neamhspleáchais intinne comhalta den chomhlacht bainistíochta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c);
(d)coincheap na n‑acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a thiomnaítear d’ionduchtú agus d’oiliúint chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta dá dtagraítear i mír 3;
(e)coincheap na héagsúlachta atá le cur san áireamh agus comhaltaí an chomhlachta bainistíochta dá dtagraítear i mír 5 á roghnú.
Airteagal 2e
Ceanglais a bhaineann le daoine a bhfuil tionchar suntasach acu ar bhainistíocht an mhargaidh rialáilte
1. Beidh na daoine atá in ann tionchar suntasach a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar bhainistíocht an mhargaidh rialáilte oiriúnach.
2. Déanfaidh oibreoir margaidh an mhargaidh rialáilte an méid seo a leanas:
(a)faisnéis a sholáthar don údarás inniúil, agus í a phoibliú, maidir le húinéireacht an oibreora margaidh, agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le margaí rialáilte arna n‑údarú de bhun Threoir 2014/65/AE de réir mar is infheidhme roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], úinéireacht an mhargaidh rialáilte, agus go háirithe, céannacht agus scála leasanna aon pháirtí atá in ann tionchar suntasach a imirt ar an mbainistíocht;
(b)an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon aistriú úinéireachta as a n‑eascraíonn athrú ar chéannacht na ndaoine a bhfuil tionchar suntasach acu ar oibriú an mhargaidh rialáilte agus an t‑aistriú sin a phoibliú.
3. Diúltóidh an t‑údarás inniúil na hathruithe atá beartaithe ar leasanna urlámhais an oibreora margaidh agus, i gcás inarb ábhartha, an mhargaidh rialáilte a fhormheas, i gcás ina bhfuil foras oibiachtúla agus inléirithe ann lena chreidiúint go mbeidís ina mbagairt ar bhainistíocht fhónta stuama an mhargaidh rialáilte.
Má dhéantar athruithe ar leasanna urlámhais an oibreora margaidh agus, i gcás inarb ábhartha, an mhargaidh rialáilte, d’ainneoin chur in aghaidh an údaráis inniúil, beidh an t‑údarás inniúil sin in ann a ordú go ndéanfar na vótaí comhfhreagracha caite a neamhniú.
4. I gcás ina n‑imríonn na daoine dá dtagraítear i mír 1 tionchar ar dócha go ndéanfaidh sé dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama margaidh rialáilte, déanfaidh an t‑údarás inniúil bearta iomchuí chun deireadh a chur leis an staid sin. Féadfar a áireamh ar na bearta sin iarratais ar orduithe breithiúnacha, smachtbhannaí a fhorchur in aghaidh stiúrthóirí agus iad sin atá freagrach as an mbainistíocht, agus feidhmiú na gceart vótála a ghabhann leis na scaireanna atá i seilbh na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí i gceist a chur ar fionraí.
5. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise maidir le haistrithe úinéireachta as a n‑eascraíonn athruithe ar leasanna urlámhais an oibreora margaidh agus, i gcás inarb ábhartha, ar leasanna rialaithe an mhargaidh rialáilte.
Airteagal 2f
Ceanglais eagraíochtúla
1. Áiritheoidh oibreoirí margaidh an méid seo a leanas maidir le margadh rialáilte a oibríonn siad:
(a)go bhfuil socruithe aige chun na hiarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann d’oibriú an mhargaidh rialáilte nó dá chomhaltaí nó dá rannpháirtithe a shainaithint go soiléir agus a bhainistiú, ar iarmhairtí iad a bhaineann le haon choinbhleacht leasa idir leas an mhargaidh rialáilte, an t‑oibreoir margaidh agus a úinéirí, agus feidhmiú fónta an mhargaidh rialáilte, agus go háirithe i gcás ina bhféadfadh coinbhleachtaí leasa den sórt sin dochar a dhéanamh do chomhlíonadh aon fheidhmeanna arna dtarmligean chuig an margadh rialáilte ag an údarás inniúil;
(b)go bhfuil sé feistithe go leormhaith chun na rioscaí ar a bhfuil sé neamhchosanta a bhainistiú, lena n‑áirítear chun riosca TFC a bhainistiú i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554, chun socruithe agus córais iomchuí a chur chun feidhme chun rioscaí suntasacha dá oibriú a shainaithint, agus chun bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú;
(c)go bhfuil rialacha agus nósanna imeachta trédhearcacha agus neamhroghnacha aige lena ndéantar foráil maidir le trádáil chóir ordúil agus lena mbunaítear critéir oibiachtúla chun orduithe a fhorfheidhmiú go héifeachtúil;
(d)go bhfuil socruithe éifeachtacha aige chun tabhairt chun críche éifeachtúil agus tráthúil na n‑idirbheart a fhorfheidhmítear faoina chórais a éascú;
(e)go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil aige, tráth an údaraithe agus ar bhonn leanúnach, chun a fheidhmiú ordúil a éascú, ag féachaint do chineál agus do mhéid na n‑idirbheart a thugtar i gcrích ar an margadh agus do raon agus do mhéid na rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu;
(f)go bhfuil socruithe i bhfeidhm aige chun a áirithiú go gcomhlíonann sé caighdeáin cháilíochta sonraí de bhun Airteagal 22b;
(g)go bhfuil ar a laghad triúr comhaltaí nó úsáideoirí aige atá gníomhach go hábhartha, agus deis ag gach duine acu idirghníomhú leis na daoine eile go léir maidir le praghasmhúnlú.
Más rud é, chun críocha chomhlíonadh na gceanglas faoin gcéad fhomhír, pointí (a), (b), (d), agus (f), go n‑úsáideann oibreoir margaidh acmhainní eintiteas eile atá suite san Aontas, nó go mbraitheann sé ar fheidhmiú feidhmeanna ag eintiteas eile atá suite san Aontas, ar eintiteas é ar leis an ngrúpa céanna leis an oibreoir margaidh sin é, ní mheasfar gur seachfhoinsiú chun críocha an Rialacháin seo é spleáchas ar an eintiteas sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1a.Suíomh an eintitis laistigh den Aontas a úsáideann acmhainní nó a chomhlíonann feidhmeanna chun go gcomhlíonfaidh oibreoir margaidh na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b), (d) agus (f), ní bheidh sé ábhartha sa mheasúnú ar an gcomhlíonadh sin ag an údarás inniúil.
1a. Spleáchas oibreora margaidh ar eintiteas eile atá suite san Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna leis an oibreoir margaidh sin, ní mheasfar gur seachfhoinsiú é de bhun mhír 1, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá socruithe curtha i bhfeidhm ag an oibreoir margaidh agus ag eintiteas eile sa ghrúpa a acmhainní a chur in úsáid nó a chomhlíonfaidh feidhmeanna don mhargadh rialáilte sin chun a áirithiú go gcomhoibreoidh an t‑eintiteas sin laistigh den ghrúpa céanna leis an údarás inniúil agus, i gcás inarb ábhartha, le húdarás náisiúnta faireachais an mhargaidh rialáilte i dtaca leis na hacmhainní sin a chur in úsáid nó leis an bhfeidhmiú feidhmeanna sin;
(b)tá sásraí leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag an oibreoir margaidh chun na hiarmhairtí díobhálacha féideartha d’oibriú an mhargaidh rialáilte nó dá chomhaltaí nó dá rannpháirtithe a shainaithint go soiléir agus a bhainistiú, ar iarmhairtí iad a bhaineann le haon choinbhleacht leasa idir an margadh rialáilte, an t‑oibreoir margaidh agus eintiteas eile sa ghrúpa a úsáidfidh a acmhainní nó a chomhlíonfaidh feidhmeanna don mhargadh rialáilte sin.
Nuair a bheidh acmhainní á n‑úsáid ag eintiteas eile laistigh den ghrúpa céanna nó nuair a bheidh siad ag brath ar fheidhmíocht feidhmeanna ag eintiteas eile laistigh den ghrúpa céanna, leanfaidh oibreoirí margaidh de bheith freagrach go hiomlán as a n‑oibleagáidí uile a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2014/65/AE.
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise maidir le húsáid acmhainní nó spleáchas ar fheidhmíocht feidhmeanna, de bhun mhír 1, ag eintiteas eile atá suite san Aontas laistigh den ghrúpa céanna leis an oibreoir margaidh.
2. Ní dhéanfaidh oibreoirí margaidh orduithe cliant a fhorfheidhmiú in aghaidh caipitl dílsithe, ná ní ghabhfaidh siad do thrádáil bhunairgid mheaitseáilte ar aon cheann de na margaí rialáilte a oibríonn siad.
Airteagal 2g
Athléimneacht córas, scoradáin chiorcaid agus trádáil leictreonach
1. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go mbunóidh agus go gcoinneoidh an margadh rialáilte a athléimneacht oibríochtúil ar bun i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554 chun a áirithiú go mbeidh a chórais trádála athléimneach, go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach acu chun déileáil le buaic‑ord agus le méideanna teachtaireachtaí, go mbeidh siad in ann trádáil ordúil a áirithiú faoi dhálaí dianstruis sa mhargadh, go ndéanfar tástáil iomlán orthu chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin agus go mbeidh siad faoi réir socruithe éifeachtacha leanúnachais gnó, lena n‑áirítear beartas agus pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2554, chun leanúnachas a sheirbhísí a áirithiú má tharlaíonn aon chliseadh ar a chórais trádála.
2. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go bhfuil an méid seo a leanas i bhfeidhm ag an margadh rialáilte:
(a)comhaontuithe i scríbhinn leis na gnólachtaí infheistíochta uile a bhfuil straitéis cruthaithe margaidh á saothrú acu ar an margadh rialáilte;
(b)scéimeanna chun a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach gnólachtaí infheistíochta rannpháirteach i gcomhaontuithe den sórt sin lena gceanglaítear orthu luachaintí daingne a phostáil ar phraghsanna iomaíocha agus é mar thoradh air sin leachtacht a sholáthar don mhargadh ar bhonn tráthrialta intuartha, i gcás inarb iomchuí ceanglas den sórt sin do chineál agus do scála na trádála ar an margadh rialáilte sin.
3. Sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad sa chomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear i mír 2:
(a)oibleagáidí an ghnólachta infheistíochta i ndáil le leachtacht a sholáthar agus, i gcás inarb infheidhme, aon oibleagáid eile a eascraíonn as rannpháirtíocht sa scéim dá dtagraítear i mír 2, pointe (b);
(b)gan dochar d’Airteagal 39a, aon dreasachtaí i dtéarmaí lacáistí nó ina mhalairt de chás arna dtairiscint ar shlí eile ag an margadh rialáilte do ghnólacht infheistíochta chun leachtacht a sholáthar don mhargadh ar bhonn tráthrialta intuartha agus, i gcás inarb infheidhme, aon chearta eile a fhabhraíonn don ghnólacht infheistíochta mar thoradh ar rannpháirtíocht sa scéim dá dtagraítear i mír 2, pointe (b).
Déanfaidh oibreoir margaidh an mhargaidh rialáilte faireachán agus forfheidhmiú ar chomhlíonadh cheanglais na gcomhaontuithe ceangailteacha sin i scríbhinn ag gnólachtaí infheistíochta. Cuirfidh oibreoir margaidh an mhargaidh rialáilte an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi ábhar an chomhaontaithe cheangailteach i scríbhinn agus, arna iarraidh sin, soláthróidh sé an fhaisnéis bhreise uile is gá don údarás inniúil chun é a chur ar a chumas don údarás inniúil a dheimhniú dó féin go bhfuil an mhír seo á comhlíonadh ag an margadh rialáilte. I gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, féadfaidh an t‑údarás náisiúnta faireachais a iarraidh ar ESMA ábhar na gcomhaontuithe ceangailteacha i scríbhinn atá ábhartha do ghníomhaíocht mhaoirseachta an údaráis náisiúnta faireachais sin a chomhroinnt.
4. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go bhfuil córais, nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha i bhfeidhm ag an margadh rialáilte gur féidir leo orduithe a sháraíonn na tairseacha réamhchinntithe maidir le méid agus praghas nó ar léir go bhfuil siad earráideach a dhiúltú;.
5. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go mbeidh an margadh rialáilte in ann stop nó srian sealadach a chur le trádáil i gcásanna éigeandála nó i gcás gluaiseacht shuntasach praghsanna in ionstraim airgeadais ar an margadh sin nó ar mhargadh gaolmhar le linn tréimhse ghearr agus, i gcásanna eisceachtúla, go mbeidh sé in ann aon idirbheart a chealú, a athrú nó a cheartú. Áiritheoidh oibreoir de mhargadh rialáilte go socróidh an margadh rialáilte na paraiméadair chun stop nó srian a chur le trádáil atá calabraithe go hiomchuí ar bhealach lena gcuirtear san áireamh leachtacht aicmí agus fo‑aicmí sócmhainní éagsúla, cineál na samhla margaidh agus na cineálacha úsáideoirí, agus ar leor iad chun suaitheadh suntasach ar ordúlacht na trádála a sheachaint.
Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go ndéanfaidh an margadh rialáilte na paraiméadair chun stop a chur le trádáil agus aon athrú ábhartha ar na paraiméadair sin a thuairisciú don údarás inniúil ar bhealach comhsheasmhach inchomparáide. I gcás nach ESMA an t‑údarás inniúil, tuairisceoidh an t‑údarás inniúil na paraiméadair sin do ESMA. I gcás ina gcuireann margadh rialáilte atá ábhartha ó thaobh leachtachta de san ionstraim airgeadais sin stop le trádáil, in aon Bhallstát, áiritheoidh oibreoir margaidh an mhargaidh rialáilte sin go bhfuil na córais agus na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm ag an margadh rialáilte chun fógra a thabhairt dá údarás inniúil, dá údarás náisiúnta faireachais agus do ESMA, i gcás nach é ESMA a údarás inniúil. Tabharfaidh an t‑údarás inniúil agus, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás náisiúnta faireachais fógra ansin do gach údarás inniúil eile agus, i gcás inarb ábhartha, do gach údarás náisiúnta faireachais san Aontas ionas go mbeidh siad in ann freagairt ar fud an mhargaidh a chomhordú agus a chinneadh an iomchuí stop a chur le trádáil ar ionaid eile ar a dtrádáiltear an ionstraim airgeadais go dtí go n‑atosófar an trádáil ar an margadh bunaidh.
Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go nochtfaidh an margadh rialáilte go poiblí ar a shuíomh gréasáin faisnéis faoi na himthosca is cúis le stop nó srian a chur le trádáil agus faoi na prionsabail chun na príomhpharaiméadair theicniúla a shuigh a úsáidtear chun é sin a dhéanamh.
I gcás nach gcuirfidh margadh rialáilte stop nó srian le trádáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, d’ainneoin go bhfuil coinníollacha trádála mí‑ordúla ar mhargadh amháin nó ar roinnt margaí mar thoradh ar ghluaiseacht shuntasach praghsanna in ionstraim airgeadais nó in ionstraimí airgeadais gaolmhara, beidh an t‑údarás inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás náisiúnta faireachais in ann bearta iomchuí a dhéanamh chun gnáthfheidhmiú na margaí a athbhunú, lena n‑áirítear úsáid a bhaint as na cumhachtaí maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 69(2), pointí (m) go (p) de Threoir 2014/65/AE. Tabharfaidh an t‑údarás náisiúnta faireachais fógra do ESMA faoi na bearta a rinneadh gan moill mhíchuí.
6. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go mbeidh córais, nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha i bhfeidhm ag an margadh rialáilte, lena n‑áirítear ceangal a chur ar chomhaltaí nó ar rannpháirtithe tástáil iomchuí a dhéanamh ar algartaim agus timpeallachtaí a sholáthar chun tástáil den sórt sin a éascú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCaibidlí II agus IV de Rialachán (AE) 2022/2554, chun a áirithiú nach féidir le córais trádála algartamacha coinníollacha trádála mí‑ordúla ar an margadh a chruthú ná cur leo agus chun bainistiú a dhéanamh ar aon choinníoll trádála mí‑ordúil a eascraíonn as córais trádála algartamacha den sórt sin, lena n‑áirítear córais chun teorainn a chur leis an gcóimheas idir orduithe neamh‑fhorfheidhmithe agus idirbhearta a a fhéadfaidh comhalta nó rannpháirtí a iontráil sa chóras, ionas go mbeidh siad in ann sreabhadh na n‑orduithe a mhoilliú má tá riosca ann go sroichfear a acmhainneacht córais agus chun teorainn a chur leis an íosmhéid ticeanna a fhéadfar a fhorfheidhmiú ar an margadh agus an íosmhéid sin a fhorfheidhmiú.
7. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte a cheadaíonn rochtain leictreonach dhíreach go bhfuil nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha i bhfeidhm ag an margadh rialáilte chun a áirithiú nach gceadaítear do chomhaltaí ná do rannpháirtithe rochtain leictreonach dhíreach a sholáthar ach amháin más gnólachtaí infheistíochta iad atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE nó institiúidí creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE, go socraítear agus go gcuirtear i bhfeidhm critéir iomchuí maidir le hoiriúnacht na ndaoine a bhféadfaidh rochtain den sórt sin a sholáthar dóibh agus go gcoinníonn an comhalta nó an rannpháirtí freagracht as orduithe agus trádálacha a fhorfheidhmítear trí úsáid a bhaint as an tseirbhís sin i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.
Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go socróidh an margadh rialáilte caighdeáin iomchuí maidir le rialuithe riosca agus tairseacha i ndáil le trádáil trí rochtain den sórt sin agus beidh sé in ann idirdhealú a dhéanamh agus, más gá, stop a chur le horduithe nó trádáil ag duine a úsáideann rochtain leictreonach dhíreach ar leithligh ó orduithe nó trádáil eile ag an gcomhalta nó ag an rannpháirtí.
Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go bhfuil socruithe i bhfeidhm ag an margadh rialáilte chun soláthar rochtana leictreonaí dírí ag comhalta nó rannpháirtí ar chliant a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás neamhchomhlíonadh na míre seo.
8. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go mbeidh rialacha an mhargaidh rialáilte maidir le seirbhísí comhlonnaithe trédhearcach, cothrom agus neamh‑idirdhealaitheach.
9. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go bhfuil struchtúir táillí ag an margadh rialáilte lena n‑áirítear táillí forfheidhmiúcháin, táillí coimhdeacha agus aon lacáiste atá trédhearcach, cothrom agus neamh‑idirdhealaitheach agus nach gcruthaíonn siad dreasachtaí chun orduithe a chur, a mhodhnú nó a chealú nó chun idirbhearta a fhorfheidhmiú ar bhealach a chuireann le coinníollacha trádála mí‑ordúla nó le drochúsáid mhargaidh. Go háirithe, áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go bhforchuirfidh an margadh rialáilte oibleagáidí cruthaithe margaidh i scaireanna aonair nó i mbascaed oiriúnach scaireanna mar mhalairt ar aon lacáistí a dheonaítear.
Féadfaidh margadh rialáilte a tháillí ar orduithe cealaithe a choigeartú de réir na tréimhse ama ar lena linn a coinníodh an t‑ordú ar bun agus na táillí a chalabrú do gach ionstraim airgeadais a bhfuil feidhm acu ina leith.
Féadfaidh margadh rialáilte táille níos airde a fhorchur as ordú a chur ar ceal ina dhiaidh sin ná ordú a fhorfheidhmítear agus táille níos airde a fhorchur ar rannpháirtithe a chuireann cóimheas ard idir orduithe cealaithe agus orduithe forfheidhmithe agus orthu sin a oibríonn teicníc trádála algartamaí ardmhinicíochta chun an t‑ualach breise ar acmhainneacht an chórais a léiriú.
10. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go mbeidh an margadh rialáilte in ann orduithe arna nginiúint ag trádáil algartamach, na halgartaim éagsúla a úsáidtear chun orduithe a chruthú agus na daoine ábhartha a thionscnaíonn na horduithe sin a shainaithint, trí bhíthin bratach a fháil ó chomhaltaí nó ó rannpháirtithe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla agus, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, d’údaráis náisiúnta faireachais
Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go gcuirfidh an margadh rialáilte sonraí a bhaineann leis an leabhar orduithe ar fáil don údarás inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, don údarás náisiúnta faireachais nó go dtabharfaidh sé rochtain ar an leabhar orduithe don údarás inniúil nó, i gcás inarb ábhartha don údarás faireachais náisiúnta, arna iarraidh sin dó, ionas go mbeidh sé in ann faireachán a dhéanamh ar thrádáil. Déanfaidh an t‑údarás náisiúnta faireachais, ar a uain, na sonraí sin a thuairisciú do ESMA, arna iarraidh sin dó.
Airteagal 2h
Méideanna ticeanna
1. Áiritheoidh oibreoir margaidh de mhargadh rialáilte go nglacfaidh an margadh rialáilte córais de mhéid ticeanna i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i gcistí arna dtrádáil ar an malartán, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais comhchosúla eile agus in aon ionstraim airgeadais eile dá bhforbraítear caighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagal 2zg(3), pointe (k). Ní chuirfidh cur i bhfeidhm méideanna ticeanna cosc ar mhargaí rialáilte orduithe ar scála mór a mheaitseáil ag lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.
2. Maidir leis na córais méideanna ticeanna dá dtagraítear i mír 1:
(a)déanfar iad a chalabrú chun próifíl leachtachta na hionstraime airgeadais i margaí éagsúla agus an meánraon difríochta idir tairiscint agus iarraidh a léiriú, agus a inmhianaithe atá sé praghsanna réasúnta cobhsaí a chumasú á chur san áireamh gan srian míchuí a chur ar chúngú breise na raonta difríochta;
(b)déanfar méid an tic a oiriúnú do gach ionstraim airgeadais mar is iomchuí.
Maidir le scaireanna ag a bhfuil Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISIN) arna heisiúint lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), nó scaireanna ag a bhfuil ISIN LEE agus a thrádáiltear ar ionad tríú tír san airgeadra áitiúil nó in airgeadra neamh-LEE, dá dtagraítear in Airteagal 23(1), pointe (a), a bhfuil an t‑ionad arb é an margadh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta é i dtríú tír, féadfaidh margaí rialáilte foráil a dhéanamh maidir leis an méid tic chéanna is infheidhme ar an ionad sin.
Airteagal 2i
Ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála
1. Áiritheoidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte go bhfuil rialacha soiléire agus trédhearcacha ag an margadh rialáilte maidir le hionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála.
Áiritheofar leis na rialacha sin gur féidir aon ionstraim airgeadais a ligtear isteach chun a trádála ar mhargadh rialáilte a thrádáil ar bhealach cóir, ordúil agus éifeachtúil agus, i gcás urrús inaistrithe, go mbeidh sí soshannta go neamhshrianta.
Ní chuirfidh na Ballstáit srian ar raon feidhme ionstraimí airgeadais is féidir a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar an bhforas nach gcuirfear na hionstraimí sin ar fáil d’infheisteoirí miondíola ina ndlínse.
2. I gcás díorthach, áiritheofar leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 go háirithe go gceadófar le dearadh an chonartha díorthach a phraghsáil ordúil chomh maith le coinníollacha socraíochta éifeachtacha a bheith ann.
3. I dteannta na n‑oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, áiritheoidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte go mbunóidh agus go gcoinneoidh an margadh rialáilte socruithe éifeachtacha ar bun chun a fhíorú go gcomhlíonann eisitheoirí urrús inaistrithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar an margadh rialáilte a n‑oibleagáidí faoi dhlí an Aontais i leith oibleagáidí nochta tosaigh, leanúnacha nó ad hoc.
Áiritheoidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte go mbunóidh an margadh rialáilte socruithe lena n‑éascófar dá chomhaltaí nó dá rannpháirtithe rochtain a fháil ar fhaisnéis a cuireadh ar fáil go poiblí faoi dhlí an Aontais.
4. Áiritheoidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte go mbunóidh an margadh rialáilte na socruithe is gá chun athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le ligean isteach na n‑ionstraimí airgeadais a ligeann sé isteach chun a dtrádála.
5. Féadfar urrús inaistrithe a ligeadh isteach chun a thrádála ar mhargadh rialáilte a ligean isteach ina dhiaidh sin chun a thrádála ar mhargaí rialáilte eile, fiú gan toiliú an eisitheora agus i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2017/1129. Cuirfidh an margadh rialáilte an t‑eisitheoir ar an eolas go bhfuil a chuid urrús á dtrádáil ar an margadh rialáilte sin. Ní bheidh an t‑eisitheoir faoi réir aon oibleagáid faisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3 a sholáthar go díreach d’aon mhargadh rialáilte a lig urrúis an eisitheora isteach chun a dtrádála gan a thoiliú.
Airteagal 2j
Coinníollacha sonracha maidir le scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála
1. Áiritheoidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte go n‑éileoidh an margadh rialáilte gur EUR 1 000 000 ar a laghad, nó méid coibhéiseach in airgeadra náisiúnta eile seachas an euro, a bheidh i gcaipitliú margaidh intuartha na cuideachta a bhfuil ligean isteach chun trádála scaireanna á lorg ina leith, nó mura féidir é sin a mheasúnú, i gcaipiteal agus cúlchistí na cuideachta sin, lena n‑áirítear brabús agus caillteanas, ón mbliain airgeadais dheireanach.
2. Maidir le scaireanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála, ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le scaireanna atá idirmhalartach leis na scaireanna sin a ligean isteach chun a dtrádála.
3. Más rud é, mar thoradh ar choigeartú ar an méid coibhéiseach in airgeadra náisiúnta eile seachas an euro, go bhfanann an caipitliú margaidh arna shloinneadh san airgeadra náisiúnta ar feadh tréimhse 1 bhliain amháin ar a laghad 10 % níos mó, nó ar a laghad 10 % níos lú, ná EUR 1 000 000, áiritheoidh an t‑oibreoir margaidh, laistigh de na 12 mhí tar éis dhul in éag na tréimhse sin, go gcoigeartóidh an margadh rialáilte a rialacha chun mír 1 a chomhlíonadh.
4. Áiritheoidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte go gceanglóidh an margadh rialáilte go mbeidh 10 % ar a laghad den chaipiteal suibscríofa, atá comhionann leis an aicme scaireanna lena mbaineann an t‑iarratas ar ligean isteach chun a dtrádála, i seilbh an phobail tráth a ligtear isteach chun a dtrádála é.
5. De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbunóidh margaí rialáilte, tráth an ligin isteach, ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas maidir le hiarratas ar scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála:
(a)go bhfuil líon leordhóthanach scaireanna i seilbh an phobail;
(b)go bhfuil na scaireanna i seilbh líon leordhóthanach scairshealbhóirí;
(c)go bhfuil margadhluach na scaireanna atá i seilbh an phobail ag leibhéal leordhóthanach caipitil shuibscríofa san aicme scaireanna lena mbaineann.
6. I gcás ina lorgaítear scaireanna atá idirmhalartach le scaireanna a iarradh go ligfí isteach iad cheana chun a dtrádála, déanfaidh margaí rialáilte measúnú, chun an ceanglas a leagtar síos i mír 4 a chomhlíonadh, ar cé acu a dáileadh nó nár dáileadh líon leordhóthanach scaireanna ar an bpobal i ndáil leis na scaireanna uile a eisíodh agus ní hamháin i ndáil leis na scaireanna atá idirmhalartach le scaireanna a iarradh go ligfí isteach iad cheana chun a dtrádála.
Airteagal 2k
Ionstraimí airgeadais a chur ar fionraí agus a bhaint as trádáil ar mhargadh rialáilte
1. Gan dochar do cheart an údaráis inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an údaráis náisiúnta faireachais faoi Airteagal 69(2) de Threoir 2014/65/AE a éileamh go ndéanfaí ionstraim airgeadais a chur ar fionraí nó a bhaint as trádáil, féadfaidh oibreoir margaidh ionstraim airgeadais nach gcomhlíonann rialacha an mhargaidh rialáilte a thuilleadh a chur ar fionraí nó a bhaint as trádáil mura rud é gur dócha go ndéanfadh fionraí nó baint den sórt sin dochar suntasach do leasanna na n‑infheisteoirí nó d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh.
2. Oibreoir margaidh a chuireann ionstraim airgeadais ar fionraí nó a bhaineann ionstraim as trádáil, déanfaidh sé na díorthaigh dá dtagraítear i bpointí (4) go (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/CE a bhaineann leis an ionstraim airgeadais sin nó a ndéantar tagairt dóibh don ionstraim airgeadais sin a chur ar fionraí nó a bhaint freisin i gcás inar gá chun tacú leis na cuspóirí i ndáil leis an ionstraim airgeadais foluiteach a chur ar fionraí nó a bhaint. Poibleoidh an t‑oibreoir margaidh fionraí nó baint na hionstraime airgeadais agus aon díorthaigh ghaolmhair agus cuirfidh sé an méid sin in iúl dá údarás inniúil agus, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, dá údarás náisiúnta faireachais.
Oibreoirí margaidh a oibríonn margaí rialáilte eile, agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a oibríonn saoráidí trádála iltaobhacha, saoráidí trádála eagraithe agus inmheánaitheoirí córasacha, a thrádálann an ionstraim airgeadais chéanna dá dtagraítear i mír 1 nó díorthaigh dá dtagraítear i bpointí (4) go (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/CE a bhaineann leis an ionstraim airgeadais dá dtagraítear i mír 1, nó a ndéantar tagairt dóibh, déanfaidh siad, tar éis dóibh eolas a fháil faoin bhfionraí nó faoin mbaint sin agus gan moill mhíchuí, an ionstraim airgeadais nó na díorthaigh sin a chur ar fionraí nó a bhaint ó thrádáil freisin, i gcás inarb é drochúsáid mhargaidh amhrasta is cúis leis an bhfionraí nó leis an mbaint, tairiscint táthcheangail nó neamhnochtadh faisnéise ón taobh istigh faoin eisitheoir nó faoin ionstraim airgeadais a sháraíonn Airteagail 7 agus 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, mura rud é go measann an t‑údarás inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás náisiúnta faireachais go bhféadfadh an fhionraí nó an bhaint damáiste suntasach a dhéanamh do leasanna na n‑infheisteoirí nó d’oibriú ordúil an mhargaidh.
Poibleoidh na hoibreoirí margaidh, na gnólachtaí infheistíochta agus na hinmheánaitheoirí córasacha dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo fionraí nó baint na hionstraime airgeadais agus aon díorthaigh ghaolmhair. Tá feidhm ag an mír seo freisin nuair a chuirtear deireadh le fionraí ó thrádáil ionstraime airgeadais nó díorthach dá dtagraítear i bpointí (4) go (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/CE a bhaineann leis an ionstraim airgeadais sin nó a ndéantar tagairt dóibh don ionstraim airgeadais sin.
Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás inarb é an t‑údarás inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás náisiúnta faireachais de bhun Airteagal 69(2), pointí (m) agus (n), de Threoir 2014/65/AE a dhéanfaidh an cinneadh ionstraim airgeadais nó díorthaigh dá dtagraítear i bpointí (4) go (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/CE a bhaineann leis an ionstraim airgeadais sin nó a ndéantar tagairt dóibh leis an ionstraim airgeadais sin a chur ar fionraí nó a bhaint as trádáil.
Airteagal 2l
Rochtain ar mhargadh rialáilte
1. Áiritheoidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte go ndéanfaidh an margadh rialáilte rialacha trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a leagan síos, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, lena rialaítear rochtain ar an margadh rialáilte nó ballraíocht ann.
2. Sonrófar sna rialacha dá dtagraítear i mír 1 aon oibleagáid do na comhaltaí nó do na rannpháirtithe a eascraíonn as an méid seo a leanas:
(a)comhdhéanamh agus riar an mhargaidh rialáilte;
(b)rialacha a bhaineann le hidirbhearta ar an margadh;
(c)caighdeáin ghairmiúla arna bhforchur ar fhoireann na ngnólachtaí infheistíochta nó na n‑institiúidí creidmheasa atá ag oibriú ar an margadh;
(d)na coinníollacha arna leagan síos, do chomhaltaí nó do rannpháirtithe seachas gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa, faoi mhír 3;
(e)na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le himréiteach agus socrú idirbheart arna dtabhairt i gcrích ar an margadh rialáilte.
3. Féadfaidh margaí rialáilte gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa arna n‑údarú faoi Threoir 2013/36/AE, agus daoine eile a ligean isteach mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe más rud é:
(a)go bhfuil dea-cháil leordhóthanach orthu;
(b)go bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais, inniúlachta agus taithí trádála acu;
(c)go bhfuil socruithe eagraíochtúla leormhaithe acu, i gcás inarb infheidhme;
(d)go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu don ról atá le comhlíonadh acu, agus na socruithe airgeadais éagsúla a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ag an margadh rialáilte chun socrú leordhóthanach idirbheart a ráthú á gcur san áireamh.
3a. Agus daoine atá ina gcomhaltaí nó ina rannpháirtithe cheana féin i margadh rialáilte eile á ligean isteach mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe, measfaidh margaí rialáilte go gcomhlíonann na daoine sin mír 3, pointe (a), gan aon mheasúnú breise. Measfaidh margaí rialáilte freisin go gcomhlíonann na daoine sin mír 2, pointe (c), nó mír 3, pointí (b) agus (c), de réir mar is infheidhme, gan aon mheasúnú breise, i gcás ina n‑iarrann siad a bheith ina gcomhaltaí nó ina rannpháirtithe i ndáil le trádáil in aicme ionstraimí airgeadais a bhfuil siad ina gcomhaltaí nó ina rannpháirtithe cheana féin i margadh rialáilte eile ina leith.
4. I gcás na n‑idirbheart a thugtar i gcrích ar mhargadh rialáilte, níl sé d’oibleagáid ar chomhaltaí ná ar rannpháirtithe na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 24, 25, 27 agus 28 de Threoir 2014/65/AE a chur i bhfeidhm maidir lena chéile. Mar sin féin, cuirfidh comhaltaí nó rannpháirtithe an mhargaidh rialáilte na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 24, 25, 27 agus 28 de Threoir 2014/65/AE i bhfeidhm maidir lena gcliaint nuair a dhéanfaidh siad, ag gníomhú dóibh thar ceann a gcliant, a n‑orduithe a fhorfheidhmiú ar mhargadh rialáilte.
5. Leis na rialacha maidir le rochtain ar mhargadh rialáilte nó ballraíocht ann nó rannpháirtíocht ann, déanfar foráil maidir le rannpháirtíocht dhíreach nó chianda gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa. Leis na rialacha sin, ní dhéanfar idirdhealú idir rannpháirtíocht dhíreach nó chianda ná ní fhorchuirfear aon srian breise ar cheachtar den dá chineál rannpháirtíochta.
6. Cuirfidh oibreoirí margaidh in iúl, ar bhonn tráthrialta, don údarás inniúil agus, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, don údarás náisiúnta faireachais, liosta de chomhaltaí nó de rannpháirtithe na margaí rialáilte a oibríonn siad.
Airteagal 2m
Fógra a thabhairt faoi leasuithe ar rialacha an mhargaidh rialáilte
1. Tabharfaidh oibreoir margaidh fógra don údarás inniúil faoi aon leasú ar rialacha an mhargaidh rialáilte a oibríonn sé 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis an leasú sin.
2. Beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil a cheangal ar oibreoir margaidh rialacha an mhargaidh rialáilte a oibríonn sé a leasú i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann na rialacha sin na ceanglais faoin Rialachán seo.
Airteagal 2n
Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha an mhargaidh rialáilte agus oibleagáidí dlíthiúla eile
1. Áiritheoidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte go mbunóidh agus go gcoinneoidh an margadh rialáilte ar bun socruithe agus nósanna imeachta éifeachtacha lena n‑áirítear na hacmhainní is gá chun faireachán tráthrialta a dhéanamh ar chomhlíonadh a rialacha ag a chomhaltaí nó ag a rannpháirtithe. Déanfaidh margaí rialáilte faireachán ar orduithe a sheoltar lena n‑áirítear cealúcháin agus na hidirbhearta a dhéanann a gcomhaltaí nó a rannpháirtithe faoina gcórais chun sáruithe ar na rialacha sin, coinníollacha trádála mí-ordúla nó iompar a shainaithint a d’fhéadfadh iompraíocht a thoirmisctear faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 nó suaitheadh córais i ndáil le hionstraim airgeadais a léiriú agus úsáidfidh siad na hacmhainní is gá chun a áirithiú go mbeidh an faireachán sin éifeachtach.
2. Cuirfidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte a údarás inniúil agus, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás náisiúnta faireachais, ar an eolas láithreach faoi sháruithe suntasacha ar a rialacha nó ar choinníollacha nó iompar trádála mí-ordúla a d’fhéadfadh iompraíocht a thoirmisctear faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 nó cur isteach ar an gcóras i ndáil le hionstraim airgeadais a léiriú.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás náisiúnta faireachais an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl do ESMA agus do na húdaráis arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 67(1) de Threoir 2014/65/AE ó na Ballstáit eile.
I ndáil le hiompar a d’fhéadfadh iompraíocht a thoirmisctear faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a léiriú, beidh an t‑údarás inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás náisiúnta faireachais cinnte go bhfuil an iompraíocht sin á déanamh nó déanta sula dtabharfaidh sé fógra do na húdaráis arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 67(1) de Threoir 2014/65/AE ó na Ballstáit eile.
I gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, tabharfaidh ESMA aird chuí ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun na míre seo, go háirithe agus measúnú á dhéanamh aige ar shárú féideartha ar mhír 1 ag an margadh rialáilte. Féadfaidh ESMA a cheangal ar an údarás náisiúnta faireachais aon fhaisnéis bhreise is gá chun críche an mheasúnaithe sin a chur isteach.
I gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, i gcásanna ina measann údarás náisiúnta faireachais nár chuir an t‑oibreoir margaidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar fáil nó nár chuir sé ar fáil go tráthúil í, cuirfidh an t‑údarás sin ESMA ar an eolas. Déanfaidh ESMA measúnú, laistigh de 20 lá oibre, ar cé acu a sháraigh nó nár sháraigh an t‑oibreoir margaidh a oibleagáidí faoin gcéad fhomhír, agus déanfaidh sé na bearta iomchuí.
3. Soláthróidh an t‑oibreoir margaidh an fhaisnéis ábhartha gan moill mhíchuí don údarás atá inniúil ar dhrochúsáid mhargaidh ar an margadh rialáilte a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus tabharfaidh sé lánchúnamh don údarás sin maidir le drochúsáid mhargaidh a tharlaíonn ar chórais an mhargaidh rialáilte nó trí na córais sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
I gcás inarb é ESMA údarás inniúil an mhargaidh rialáilte, i gcásanna ina measann údarás atá inniúil chun drochúsáid mhargaidh ar mhargadh rialáilte den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh nár soláthraíodh an fhaisnéis nó an cúnamh dá dtagraítear sa mhír seo nó nár soláthraíodh go tráthúil iad, cuirfidh an t‑údarás sin ESMA ar an eolas. Déanfaidh ESMA measúnú, laistigh de 20 lá oibre, ar cé acu a sháraigh nó nár sháraigh an t‑oibreoir margaidh a oibleagáidí faoin gcéad fhomhír, agus déanfaidh sé na bearta iomchuí.
Airteagal 2o
Gníomhaíocht trasteorann margaí rialáilte
1. Féadfaidh margadh rialáilte údaraithe a ghníomhaíocht a dhéanamh gan bhac laistigh den Aontas, tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó trí bhrainse a chur ar bun. Áireofar ar na gníomhaíochtaí sin an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)socruithe iomchuí a sholáthar chun rochtain ar an margadh rialáilte sin agus trádáil air ag comhaltaí nó rannpháirtithe cianda atá bunaithe in aon Bhallstát a éascú;
(b)gníomhaíochtaí a bhaineann le comhaltaí nó rannpháirtithe a ligean isteach ar an margadh rialáilte sin;
(c)gníomhaíochtaí a bhaineann le hionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála ar an margadh rialáilte sin.
2. Áiritheoidh oibreoir margaidh i margadh rialáilte údaraithe, nó oibreoir margaidh rialáilte a rinne iarratas ar údarú de bhun Airteagal 2b a bhfuil sé beartaithe aige a ghníomhaíocht a dhéanamh laistigh de chríoch Ballstáit eile, go gcuirfidh an margadh rialáilte an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe aige a ghníomhaíocht a dhéanamh in iúl dá údarás inniúil. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis sin in iúl don údarás arna ainmniú de bhun Airteagal 67 den Threoir 2014/65/AE an Bhallstáit i gcás ina bhfuil sé i gceist ag an margadh rialáilte a ghníomhaíocht a fheidhmiú, laistigh de 7 lá oibre. I gcás nach é ESMA an t‑údarás inniúil, féadfaidh ESMA rochtain ar an bhfaisnéis sin a iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Údarás inniúil an mhargaidh rialáilte, arna iarraidh sin don údarás arna ainmniú de bhun Airteagal 67 en Threoir 2014/65/AE an Bhallstáit i gcás ina bhfuil sé i gceist ag an margadh rialáilte a ghníomhaíocht a fheidhmiú nó ina bhfeidhmíonn sé a ghníomhaíocht, cuirfidh an t‑údarás sin in iúl, gan moill mhíchuí, aitheantas na gcomhaltaí nó na rannpháirtithe sa mhargadh rialáilte atá bunaithe sa Bhallstát sin.
I gcás ina mbunaíonn an margadh rialáilte brainse, áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)na tascanna a dhéanfaidh an brainse;
(b)struchtúr eagraíochtúil an bhrainse;
(c)an seoladh sa Bhallstát ina bhfuil sé i gceist ag an margadh rialáilte brainse a bhunú;
(d)ainmneacha na ndaoine atá freagrach as bainistíocht an bhrainse.
3. I gcás athrú ar aon chuid de na sonraí a chuirfear in iúl i gcomhréir le mír 2, áiritheoidh oibreoir margaidh an mhargaidh rialáilte go dtugann an margadh rialáilte fógra i scríbhinn maidir leis an athrú sin dá údarás inniúil 7 lá oibre ar a laghad sula gcuirfear an t‑athrú chun feidhme. Fógróidh an t‑údarás inniúil don údarás arna ainmniú de bhun Airteagal 67 den Threoir 2014/65/AE an Bhallstáit i gcás ina bhfeidhmíonn an margadh rialáilte a ghníomhaíocht.
4. Ní fhorchuirfidh Ballstáit aon cheanglas dlíthiúil ná riaracháin breise i ndáil le gníomhaíocht thrasteorann margaí rialáilte ina gcríoch.
CAIBIDIL 2
Ceanglais maidir le saoráidí trádála iltaobhacha agus saoráidí trádála eagraithe
Airteagal 2p
Ceanglas maidir le húdarú saoráidí trádála iltaobhacha agus saoráidí trádála eagraithe arna n‑oibriú ag oibreoir margaidh
Údaróidh údarás inniúil oibreoir margaidh chun saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibriú faoi réir réamhfhíorú ar a chomhlíontacht leis na forálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.
Airteagal 2q
Údarú, maoirseacht leanúnach agus údarú a tharraingt siar ó ghnólachtaí infheistíochta chun saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe a oibriú
1. I gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil de bhun Airteagal 38fa maidir le gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála suntasach, agus i gcás inar leis an ngrúpa céanna an gnólacht infheistíochta is iarratasóir agus ar leo an gnólacht infheistíochta sin nó an t‑oibreoir margaidh sin a oibríonn ionad trádála suntasach, beidh sé de chumhacht ag ESMA an gnólacht infheistíochta sin a údarú i gcás ina bhfuil sé i gceist aige oibriú saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe, nó an dá rud a oibriú go heisiach.
2. Coinneoidh ESMA faoi athbhreithniú tráthrialta comhlíontacht an ghnólachta infheistíochta arna údarú i gcomhréir le mír 1 leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus Teideal II de Threoir 2014/65/AE.
3. Féadfaidh ESMA an t‑údarú arna eisiúint do ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le mír 1 a aistarraingt i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le haistarraingt a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2014/65/AE.
4. Chun críocha chur i gcrích na dtascanna a thugtar dóibh leis an Airteagal seo, cuirfidh ESMA i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2014/65/AE de chuid Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta sin, arna léirmhíniú ar bhealach comhsheasmhach le dlí an Aontais.
5. I gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil de bhun Airteagal 38fa maidir le gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála suntasach, cuirfidh gnólacht infheistíochta ar leis an ngrúpa céanna é leis an ngnólacht infheistíochta sin nó leis an oibreoir margaidh sin a oibríonn ionad trádála suntasach agus a lorgaíonn údarú chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a fheidhmiú, lena n‑áirítear ach gan a bheith teoranta d’oibriú saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe, iarraidh isteach i gcomhair údarú chuig údarás inniúil a Bhallstáit baile.
Tarchuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, gan moill mhíchuí, an iarraidh sin chuig ESMA agus aon fhaisnéis a chuir an gnólacht infheistíochta ar fáil chun críche údarú a lorg chun saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibriú.
Laistigh de 10 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an t‑iarratas ar údarú chun saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibriú iomlán.
Mura bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ESMA síos sprioc-am faoina mbeidh ar an ngnólacht infheistíochta faisnéis bhreise a sholáthar.
Tar éis do ESMA a mheas go bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe, tabharfaidh sé fógra don ghnólacht infheistíochta dá réir.
Laistigh de 60 lá oibre ón iarratas comhlánaithe a fháil, tabharfaidh ESMA tuairim maidir le húdarú chun saoráid trádála iltaobhach agus saoráid trádála eagraithe a oibriú agus tarchuirfidh siad an tuairim sin gan moill mhíchuí chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile.
Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh réasúnaithe údarú a dheonú nó a dhiúltú ar bhonn na tuairime a tharchuirfidh ESMA agus tabharfaidh sé fógra don ghnólacht infheistíochta dá réir sin laistigh de 5 lá oibre tar éis a ghlactha. Diúltóidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú chun saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibriú i gcás ina dtugann ESMA tuairim dhiúltach.
6. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an t‑údarú dá dtagraítear i míreanna roimhe seo a aistarraingt, i gcás ina gcuireann ESMA in iúl dó go bhfuil ceann ar bith de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2014/65/AE comhlánaithe i ndáil le hoibriú saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe. I gcás ina n‑aistarraingíonn údarás inniúil an t‑údarú, cuirfidh sé an gnólacht infheistíochta ar an eolas dá réir.
7. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 freisin maidir le gnólacht infheistíochta ar leis an ngrúpa céanna é leis an CPL agus TLU atá faoi réir maoirseachta ó ESMA.
8. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 7 ó thagann ESMA chun bheith ina údarás inniúil de bhun Airteagal 38fa.
Airteagal 2r
Síneadh le húdarú do ghnólachtaí infheistíochta a oibríonn saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe cheana féin
1. Cuirfidh gnólacht infheistíochta atá údaraithe ag ESMA de bhun Airteagal 2q(1) agus a bhfuil údarú á lorg aige chun a ghnó a shíneadh chuig seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta nó seirbhísí coimhdeacha nach raibh beartaithe tráth an údaraithe tosaigh iarraidh isteach chun síneadh a chur lena údarú chuig ESMA.
2. I gcás ina mbaineann an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta seachas oibriú saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe, tarchuirfidh ESMA gan moill mhíchuí an iarraidh sin agus aon fhaisnéis a chuir an gnólacht infheistíochta ar fáil chun na críche sin chuig údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta.
Laistigh de 10 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear i bhfomhír 1 measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an t‑iarratas ar údarú iomlán.
Mura bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh an t‑údarás inniúil síos sprioc-am faoina mbeidh ar an ngnólacht infheistíochta faisnéis bhreise a sholáthar.
Tar éis don údarás inniúil a mheas go bhfuil an t‑iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra don ghnólacht infheistíochta dá réir sin.
Laistigh de 60 lá oibre ón iarratas comhlánaithe a fháil, tabharfaidh an t‑údarás inniúil tuairim maidir le síneadh a chur leis an údarú agus tarchuirfidh siad an tuairim sin gan moill mhíchuí chuig ESMA.
Glacfaidh ESMA cinneadh réasúnaithe chun údarú a dheonú nó a dhiúltú ar bhonn na tuairime a tharchuir an t‑údarás inniúil agus tabharfaidh sé fógra don ghnólacht infheistíochta dá réir sin laistigh de chúig lá oibre tar éis a ghlactha. Diúltóidh ESMA an síneadh leis an údarú i gcás ina dtugann an t‑údarás inniúil tuairim dhiúltach.
3. Gan dochar d’Airteagal 2q(3), aistarraingeoidh ESMA an t‑údarú dá dtagraítear in Airteagal 2q i ndáil le seirbhísí nó gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina dtugann údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta tuairim réasúnaithe ina gcinntear go bhfuil ceann ar bith de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2014/65/AE comhlánaithe i ndáil leis na seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina n‑aistarraingíonn ESMA an t‑údarú, cuirfidh sé an gnólacht infheistíochta ar an eolas dá réir.
4. I gcás ina bhfuil na tascanna á ndéanamh a thugtar dóibh leis an Airteagal seo, cuirfidh ESMA i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2014/65/AE Bhallstáit baile na gnólachta infheistíochta sin, arna léirmhíniú ar bhealach comhsheasmhach le dlí an Aontais.
5. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4 ó thagann ESMA chun bheith ina údarás inniúil de bhun Airteagal 38fa.
Airteagal 2s
Síneadh le húdarú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil sé i gceist acu saoráidí trádála iltaobhacha nó saoráidí trádála eagraithe a oibriú
1. I gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil de bhun Airteagal 38fa maidir le gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála suntasach, cuirfidh gnólacht infheistíochta ar leis an ngrúpa céanna é leis an ngnólacht infheistíochta sin nó leis an oibreoir margaidh sin a oibríonn ionad trádála suntasach agus a lorgaíonn údarú chun saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibriú, iarraidh isteach i gcomhair síneadh chuig údarás inniúil a Bhallstáit baile.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, gan moill mhíchuí, an iarraidh sin agus aon fhaisnéis a chuir an gnólacht infheistíochta ar fáil chun na críche sin a tharchur chuig ESMA.
Laistigh de 10 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an t‑iarratas ar údarú iomlán.
Mura bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ESMA síos sprioc-am faoina mbeidh ar an ngnólacht infheistíochta faisnéis bhreise a sholáthar.
Tar éis do ESMA a mheas go bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe, tabharfaidh sé fógra don ghnólacht infheistíochta dá réir.
Laistigh de 60 lá oibre ón iarratas comhlánaithe a fháil, tabharfaidh ESMA tuairim maidir le síneadh a chur leis an údarú agus tarchuirfidh sé an tuairim sin gan moill mhíchuí chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile.
Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh réasúnaithe údarú a dheonú nó a dhiúltú ar bhonn na tuairime a tharchuirfidh ESMA agus tabharfaidh sé fógra don ghnólacht infheistíochta dá réir sin laistigh de 5 lá oibre tar éis a ghlactha. Diúltóidh an t‑údarás inniúil an síneadh leis an údarú i gcás ina dtugann ESMA tuairim dhiúltach.
2. Gan dochar d’Airteagal 8 den Threoir 2014/65/AE, aistarraingeoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an t‑údarú i ndáil le hoibriú saoráide trádála iltaobhaí agus saoráide trádála eagraithe, i gcás ina dtugann ESMA tuairim réasúnaithe ina gcinntear go bhfuil ceann ar bith de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2014/65/AE comhlánaithe i ndáil le hoibriú saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe. I gcás ina n‑aistarraingíonn údarás inniúil an t‑údarú, cuirfidh sé an gnólacht infheistíochta ar an eolas dá réir.
3. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 freisin maidir le gnólacht infheistíochta ar leis an ngrúpa céanna é leis an CCPL agus TLU atá faoi réir maoirseachta ó ESMA, i gcás ina lorgaíonn gnólacht infheistíochta síneadh lena údarú chun saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibriú.
4. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 3 ó thagann ESMA chun bheith ina údarás inniúil de bhun Airteagal 38fa.
Airteagal 2t
Maoirseacht leanúnach
1. Maidir le gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 2q(5), Airteagal 2r agus Airteagal 2s, coinneoidh ESMA faoi athbhreithniú tráthrialta comhlíontacht an ghnólachta infheistíochta leis na ceanglais a leagtar amach sa Teideal seo agus, as gnéithe ábhartha le hoibriú saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe, leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16 de Threoir 2014/65/AE de chuid Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta sin arna léirmhíniú ar bhealach comhsheasmhach le dlí an Aontais.
2. Maidir le gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 2q(5), Airteagal 2r agus Airteagal 2s, coinneoidh údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta faoi athbhreithniú tráthrialta comhlíontacht an ghnólachta infheistíochta leis na ceanglais a leagtar amach sna forálacha náisiúnta arna nglacadh i bhforfheidhmiú Theideal II de Threoir 2014/65/AE ag Ballstát baile an ghnólachta infheistíochta sin.
3. Chun críocha údarú éifeachtach agus éifeachtúil agus maoirseacht leanúnach gnólachtaí infheistíochta a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 2q(5), Airteagal 2r, agus Airteagal 2s, bunóidh ESMA agus údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta socrú comhair.
4. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 3 ó thagann ESMA chun bheith ina údarás inniúil de bhun Airteagal 38fa.
Airteagal 2u
Comhlíontacht le rialacha na saoráide trádála iltaobhaí nó na saoráide trádála eagraithe agus le hoibleagáidí dlíthiúla eile
1. Bunóidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe rialacha agus nósanna imeachta trédhearcacha le haghaidh trádáil chóir agus ordúil agus bunóidh siad critéir oibiachtúla chun orduithe a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Beidh socruithe ann chun oibríochtaí teicniúla an chórais a bhainistiú go fónta, lena n‑áirítear socruithe teagmhasacha éifeachtacha a bhunú chun déileáil le rioscaí a bhaineann le briseadh córas.
2. Bunóidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe rialacha trédhearcacha maidir leis na critéir chun na hionstraimí airgeadais a fhéadtar a thrádáil faoina gcórais a chinneadh.
I gcás inarb infheidhme, soláthróidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe go leor faisnéise atá ar fáil go poiblí, nó beidh siad sásta go bhfuil rochtain ar go leor faisnéise atá ar fáil go poiblí, chun go mbeidh a n‑úsáideoirí in ann breithiúnas infheistíochta a dhéanamh, agus cineál na n‑úsáideoirí agus na cineálacha ionstraimí a thrádáiltear á gcur san áireamh araon.
3. Cloífidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe le hAirteagal 2f(1), pointí (a), (f) agus (g), Airteagal 2g, Airteagal 2h, Airteagal 2l(1), Airteagal 2m(1), Airteagal 2n(1), Airteagal 2n(2), an chéad fhomhír, agus Airteagal 2n(3), an chéad fhomhír, agus beidh na córais, nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha riachtanacha uile i bhfeidhm acu chun dhéanamh amhlaidh.
4. Beidh feidhm ag Airteagal 2m(2), Airteagal 2n(2), an dara, tríú, ceathrú agus cúigiú fomhír, agus Airteagal 2n(3), an dara fomhír, mutatis mutandis i ndáil le gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe.
5. Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a gcuid freagrachtaí faoi seach maidir le socrú na n‑idirbheart a fhorfheidhmítear sa tsaoráid sin in iúl go soiléir dá gcomhaltaí nó dá rannpháirtithe faoi seach. Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe comhaontuithe riachtanacha i bhfeidhm chun socrú éifeachtúil na n‑idirbheart a cuireadh i gcrích faoi chórais na saoráide trádála iltaobhaí nó na saoráide trádála eagraithe sin a éascú.
6. I gcás ina ndéantar urrús inaistrithe a ceadaíodh chun trádáil ar mhargadh rialáilte a thrádáil ar shaoráid trádála iltaobhach nó ar shaoráid trádála eagraithe freisin gan toiliú an eisitheora, ní bheidh an t‑eisitheoir faoi réir aon oibleagáide maidir le nochtadh airgeadais tosaigh, leanúnach ná ad hoc le maidir leis an tsaoráid trádála iltaobhach nó leis an tsaoráid trádála eagraithe sin.
7. Comhlíonfaidh aon ghnólacht infheistíochta agus oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe láithreach le haon treoir óna údarás inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, a údarás faireachais náisiúnta de bhun Airteagal 69(2) de Treoir 2014/65/AE chun ionstraim airgeadais a chur ar fionraí nó a bhaint as trádáil.
8. Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe tuairisc mhionsonraithe ar fáil don údarás inniúil ar oibriú saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe, lena n‑áirítear, gan dochar d’Airteagal 2z(1), (4) agus (5), aon nasc le margadh rialáilte, saoráid trádála iltaobhach, saoráid trádála eagraithe nó inmheánaitheoir córasach atá faoi úinéireacht an ghnólachta infheistíochta chéanna nó an oibreora margaidh chéanna, agus liosta dá gcomhaltaí, rannpháirtithe agus/nó úsáideoirí, nó rannpháirtíocht acu. Cuirfidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin ar fáil do ESMA agus, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, do na húdaráis faireachais náisiúnta arna iarraidh sin.
Airteagal 2v
Ionstraimí airgeadais a chur ar fionraí agus a bhaint as trádáil ar shaoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe
1. Gan dochar do cheart an údaráis inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás faireachais náisiúnta chun fionraíocht nó baint ionstraime airgeadais as trádáil a éileamh de bhun Airteagal 69(2) de Treoir 2014/65/AE, féadfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe ionstraim airgeadais a chur ar fionraí nó a bhaint as trádáil faoi na himthosca a leagtar amach in Airteagal 2k(1).
2. Beidh feidhm ag Airteagal 2k(2) mutatis mutandis i gcás ina ndéanann gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe ionstraim airgeadais agus na díorthaigh dá dtagraítear i bpointí (4) go (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I le Treoir 2014/65/CE a bhaineann leis an ionstraim airgeadais sin nó a ndéantar tagairt dóibh leis an ionstraim airgeadais sin a chur ar fionraí nó a bhaint as trádáil.
Airteagal 2w
Gníomhaíocht thrasteorann saoráidí trádála iltaobhacha agus saoráidí trádála eagraithe
Beidh feidhm ag Airteagal 2o mutatis mutandis i ndáil le gnólacht infheistíochta agus oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe.
Airteagal 2x
Ceanglais shonracha maidir le saoráidí trádála iltaobhacha
1. Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach, i dteannta na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 16 de Threoir 2014/65/AE agus den Rialachán seo, rialacha neamhroghnacha chun orduithe a fhorfheidhmiú sa chóras a bhunú agus a chur chun feidhme.
2. Agus iad ag comhlíonadh Airteagal 2l(1), áiritheoidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach go gcomhlíonann na rialacha lena rialaítear rochtain ar shaoráid trádála iltaobhach na coinníollacha a bhunaítear in Airteagal 2l(3).
Agus iad ag ligean isteach mar chomhalta nó mar rannpháirtithe daoine ar comhaltaí nó rannpháirtithe iad cheana féin i margadh rialáilte nó saoráid trádála iltaobhach eile, measfaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach go gcomhlíonann na daoine sin Airteagal 2l(3), pointe (a), gan aon mheasúnú breise. Measfaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach freisin go gcomhlíonann na daoine sin Airteagal 2l(3), pointí (b) agus (c), gan aon mheasúnú breise, i gcás ina n‑iarrann siad le bheith mar chomhaltaí nó rannpháirtithe i ndáil le trádáil in aicme ionstraimí airgeadais lena bhfuil siad ina gcomhaltaí nó rannpháirtithe cheana féin i margadh rialáilte nó saoráid trádála iltaobhach eile.
3. Beidh na nithe a leanas ag gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach:
(a)socruithe le bheith feistithe go leordhóthanach chun na rioscaí a bhfuil sé nochta dóibh a bhainistiú, chun socruithe agus córais iomchuí a chur chun feidhme chun gach riosca suntasach dá oibríocht a shainaithint, agus chun bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú;
(b)socruithe chun tabhairt chun críche éifeachtach agus tráthúil na n‑idirbheart arna bhforfheidhmiú faoina chórais a éascú; agus
(c)acmhainní airgeadais leordhóthanacha a bheith ar fáil dóibh, tráth an údaraithe agus ar bhonn leanúnach, chun a fheidhmiú ordúil a éascú, ag féachaint do chineál agus do mhéid na n‑idirbheart arna dtabhairt i gcrích ar an margadh agus do raon agus méid na rioscaí a bhfuil sé nochta dóibh.
I gcás, chun críocha comhlíontachta leis na ceanglais faoi phointí (a), agus (b) den chéad fhomhír den mhír seo, go n‑úsáideann gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach acmhainní nó go mbraitheann siad ar fheidhmíocht feidhmeanna ag eintiteas eile lonnaithe san Aontas ar leis an ngrúpa céanna é leis an ngnólacht infheistíochta nó an oibreoir margaidh, ní bheidh brath ar an eintiteas sin ina sheachfhoinsiú chun críoch an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3a. Ní bheidh suíomh an eintitis laistigh den Aontas, ar eintiteas é a úsáideann acmhainní nó a chomhlíonann feidhmeanna chun go gcomhlíonfaidh oibreoir margaidh na ceanglais faoi phointí (a), agus (b), den chéad fhomhír den mhír seo ábhartha sa mheasúnú a dhéanfaidh an t‑údarás inniúil ar an gcomhlíontacht sin.
3a. Ní hionann brath gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach ar eintiteas eile lonnaithe san Aontas ar leis an ngrúpa céanna é leis an ngnólacht infheistíochta nó an oibreoir margaidh agus seachfhoinsiú de bhun mhír 3, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:
(a)go bhfuil socruithe curtha i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach agus eintiteas eile sa ghrúpa a úsáidfidh a acmhainní nó a fheidhmeoidh feidhmeanna don ghnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh sin lena áirithiú go gcomhoibríonn an t‑eintiteas laistigh den ghrúpa céanna le húdarás inniúil an ghnólachta infheistíochta nó an oibreora margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach i gceangal le húsáid acmhainní nó le feidhmiú sin na bhfeidhmeanna;
(b)go bhfuil sásraí leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach chun na hiarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint go soiléir agus a bhainistiú, maidir le hoibriú na saoráide trádála iltaobhaí nó dá chomhaltaí nó rannpháirtithe, a bhaineann le coinbhleacht leasa idir an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach agus eintiteas eile sa ghrúpa a úsáidfidh a acmhainní nó a fheidhmeoidh feidhmeanna don tsaoráid trádála iltaobhach sin.
I gcás ina bhfuil acmhainní á n‑úsáid nó ina bhfuiltear ag brath ar fheidhmiú feidhmeanna ag eintiteas eile laistigh den ghrúpa céanna, beidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach fós iomlán freagrach as a n‑oibleagáidí uile a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2014/65/AE.
Ní fhorchuirfidh Ballstáit aon cheanglas breise maidir le húsáid acmhainní nó brath ar fheidhmiú feidhmeanna, de bhun mhír 3, ag eintiteas eile lonnaithe san Aontas laistigh den ghrúpa céanna leis an ngnólacht infheistíochta nó an oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach.
4. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 24, 25, Airteagal 27(1), (2) agus (4) go (10) agus Airteagal 28 de Threoir 2014/65/AE maidir leis na hidirbhearta arna dtabhairt i gcrích faoi na rialacha lena rialaítear saoráid trádála iltaobhach idir a chomhaltaí nó a rannpháirtithe nó idir an tsaoráid trádála iltaobhach agus a chomhaltaí nó a rannpháirtithe maidir le húsáid na saoráide trádála iltaobhaí. Mar sin féin, comhlíonfaidh comhaltaí nó rannpháirtithe sa tsaoráid trádála iltaobhach na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 24, 25, 27 agus 28 de Threoir 2014/65/AE maidir lena gcliaint nuair a dhéanann siad, ag gníomhú thar ceann a gcliant, a n‑orduithe a chur i gcrích trí chórais saoráide trádála iltaobhaí.
5. Ní chuirfidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach orduithe cliaint i gcrích in aghaidh caipitil dhílsithe, ná ní thabharfaidh siad faoi thrádáil bunairgid mheaitseáilte.
Airteagal 2y
Margaí fáis FBM
1. Féadfaidh oibreoir saoráide trádála iltaobhaí iarratas a dhéanamh ar a údarás inniúil go mbeadh an tsaoráid trádála iltaobhach, nó deighleog di, cláraithe mar mhargadh fáis FBM.
2. Féadfaidh an t‑údarás inniúil an tsaoráid trádála iltaobhach, nó deighleog de, a chlárú mar mhargadh fáis FBManna má fhaigheann an t‑údarás inniúil iarratas dá dtagraítear i mír 1 agus má tá sé sásta go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh i ndáil leis an tsaoráid trádála iltaobhach, nó go bhfuil na coinníollacha i mír 3a á gcomhlíonadh i ndáil le deighleog di.
3. Áiritheoidh saoráidí trádála iltaobhacha an méid seo a leanas:
(a)gur FBManna iad 50 % ar a laghad de na heisitheoirí a ligtear a n‑ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar an tsaoráid trádála iltaobhach tráth atá an tsaoráid trádála iltaobhach cláraithe mar mhargadh fáis FBM agus in aon bhliain féilire ina dhiaidh sin;
(b)go socraítear critéir iomchuí chun ligean isteach tosaigh agus leanúnach chun trádáil a thabhairt d’ionstraimí airgeadais d’eisitheoirí ar an margadh;
(c)ar ligean isteach tosaigh chun trádáil a thabhairt d’ionstraimí airgeadais ar an margadh, go bhfuil a dhóthain faisnéise foilsithe chun ligean d’infheisteoirí breithiúnas eolach a dhéanamh maidir le cé acu a dhéanfaidh siad nó nach ndéanfaidh siad infheistíocht sna hionstraimí airgeadais, bíodh sé trí dhoiciméad iontrála iomchuí nó réamheolaire más rud é go bhfuil feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1129 maidir le tairiscint phoiblí atá á déanamh i gcomhar le ligean isteach tosaigh chun trádáil na hionstraime airgeadais ar an tsaoráid trádála iltaobhach;
(d)go bhfuil tuairisciú tréimhsiúil airgeadais leanúnach iomchuí á dhéanamh ag eisitheoir ar an margadh nó thar a cheann, mar shampla tuairiscí bliantúla iniúchta;
(e)go gcomhlíonann eisitheoirí ar an margadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (21) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (25) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, agus daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(1), pointe (26) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, na ceanglais ábhartha is infheidhme maidir leo faoi Rialachán (AE) Uimh 596/2014;
(f)go stóráiltear agus go scaiptear faisnéis rialála maidir leis na heisitheoirí ar an margadh ar an bpobal;
(g)go bhfuil córais agus rialuithe éifeachtacha ann arb é is aidhm dóibh drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath ar an margadh sin mar a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.
3a. Beidh an deighleog ábhartha den tsaoráid trádála iltaobhach faoi réir rialacha, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha lena n‑áirithítear gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 agus na coinníollacha seo a leanas uile:
(a)tá an deighleog den tsaoráid trádála iltaobhach atá cláraithe mar ‘margadh fáis FBManna’ deighilte go soiléir ó na codanna eile de na deighleoga margaidh atá á n‑oibriú ag an ngnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach, rud a léirítear inter alia le hainm difriúil, le leabhar rialacha difriúil, le straitéis mhargaíochta dhifriúil, agus le poiblíocht dhifriúil, chomh maith le leithdháileadh sonrach den chód sainaitheantais margaidh ar an deighleog atá cláraithe mar dheighleog margaidh fáis FBManna;
(b)déantar idirdhealú soiléir idir na hidirbhearta a dhéantar ar an deighleog margaidh fáis FBManna lena mbaineann agus gníomhaíocht mhargaidh eile a dhéantar laistigh de dheighleoga eile den tsaoráid trádála iltaobhach;
(c)arna iarraidh sin d’údarás inniúil , soláthróidh an tsaoráid trádála iltaobhach sin liosta cuimsitheach de na hionstraimí atá liostaithe ar an deighleog margaidh fáis FBManna lena mbaineann, chomh maith le haon fhaisnéis faoi oibriú na deighleoige margaidh fáis FBManna a fhéadfaidh an t‑údarás inniúil a iarraidh.
4. Tá comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i míreanna 3 agus 3a arna dhéanamh ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach, nó deighleog di, gan dochar do chomhlíonadh na n‑oibleagáidí eile faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2014/65/AE a bhaineann le hoibriú saoráidí trádála iltaobhacha arna dhéanamh ag an ngnólacht infheistíochta sin nó ag an oibreoir margaidh sin. Gan dochar do mhír 7, féadfaidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach, nó deighleog di, coinníollacha breise a fhorchur.
5. Féadfaidh údarás inniúil saoráide trádála iltaobhaí an tsaoráid trádála iltaobhach, nó deighleog di, a dhíchlárú mar mhargadh fáis FBM in aon cheann de na cásanna a leanas:
(a)cuireann an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála iltaobhach, nó deighleog di, iarratas isteach chun é a dhíchlárú;
(b)ní chomhlíontar na coinníollacha i mír 3 ná i mír 3a a thuilleadh i ndáil le saoráid trádála iltaobhach, nó le deighleog di.
6. Má chláraíonn nó má dhíchláraíonn údarás inniúil saoráide trádála iltaobhaí an tsaoráid trádála iltaobhach, nó deighleog di, mar mhargadh fáis FBM faoin Airteagal seo, tabharfaidh an t‑údarás sin, i gcás ina bhfuil sé éagsúil ó ESMA, fógra do ESMA faoin gclárú nó díchlárú sin. Foilseoidh ESMA liosta de mhargaí fáis FBManna ar a shuíomh gréasáin agus coinneoidh sé an liosta sin cothrom le dáta.
7. I gcás ina gceadaítear ionstraim airgeadais eisitheora le trádáil ar mhargadh fáis FBM amháin, ní féidir an ionstraim airgeadais sin a thrádáil freisin ar ionad trádála eile ach amháin i gcás inar cuireadh an t‑eisitheoir ar an eolas agus nach ndearna siad agóid. I gcás inar margadh fáis FBManna eile nó deighleog de mhargadh fáis FBManna, é an t‑ionad trádála eile, ní bheidh an t‑eisitheoir faoi réir aon oibleagáide a bhaineann le rialachas corparáideach, ná le nochtadh tosaigh, leanúnach nó ad hoc, maidir leis an margadh fáis FBManna eile sin. I gcás nach margadh fáis FBManna é an t‑ionad trádála eile, cuirfear an t‑eisitheoir ar an eolas faoi aon oibleagáid a mbeidh an t‑eisitheoir faoina réir a bhaineann le rialachas corparáideach, nó le nochtadh tosaigh, leanúnach nó ad hoc, maidir leis an ionad trádála eile.
Airteagal 2z
Ceanglais shonracha maidir le saoráidí trádála eagraithe
1. Bunóidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála eagraithe socruithe lena gcoiscfear forfheidhmiú na n‑orduithe cliant i saoráid trádála eagraithe in aghaidh chaipiteal dílseánaigh an ghnólachta infheistíochta nó an oibreora margaidh a oibríonn an tsaoráid trádála eagraithe nó ó aon eintiteas atá mar chuid den ghrúpa céanna nó duine dlítheanach atá mar ghnólacht infheistíochta nó mar oibreoir margaidh.
2. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála eagraithe dul i mbun trádála bunairgid mheaitseáilte i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúrtha, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh áirithe ach amháin sa chás gur thoiligh an cliant leis an bpróiseas.
Ní úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta ná oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála eagraithe trádáil bhunairgid mheaitseáilte chun orduithe cliant a fhorfheidhmiú i saoráid trádála eagraithe i ndíorthaigh a bhaineann le haicme díorthach a dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Bunóidh gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála eagraithe socruithe lena n‑áiritheofar comhlíonadh an tsainmhínithe ar thrádáil bhunairgid mheaitseáilte in Airteagal 4(1), pointe (38), de Threoir 2014/65/AE.
3. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn saoráid trádála eagraithe dul i mbun déileála ar a gcuntas féin seachas dul i mbun trádáil bhunairgid mheaitseáilte amháin i ndáil le hionstraimí fiachais cheannasaigh nach bhfuil margadh leachtach ann dóibh.
4. Ní tharlóidh oibriú saoráide trádála eagraithe agus inmheánaitheora chórasaigh laistigh den eintiteas dlítheanach céanna. Ní dhéanfaidh saoráid trádála eagraithe nasc le hinmheánaitheoir córasach ar bhealach a fhágann go mbeidh orduithe i saoráid trádála eagraithe agus orduithe nó luachana in inmheánaitheoir córasach in ann idirghníomhú. Ní dhéanfaidh saoráid trádála eagraithe ceangal le saoráid trádála eagraithe eile ar bhealach a fhágann go mbeidh orduithe in saoráidí trádála eagraithe éagsúla in ann idirghníomhú.
5. Féadfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála eagraithe gnólacht infheistíochta eile a úsáid chun déanamh margaí a dhéanamh ar an tsaoráid trádála eagraithe sin ar bhonn neamhspleách.
Chun críocha an Airteagail seo, ní mheasfar go bhfuil gnólacht infheistíochta ag cruthú margaidh ar shaoráid trádála eagraithe ar bhonn neamhspleách má tá dlúthnaisc aige leis an ngnólacht infheistíochta nó leis an oibreoir margaidh a oibríonn an tsaoráid trádála eagraithe.
6. Déanfar forfheidhmiú orduithe ar shaoráid trádála eagraithe ar bhonn lánroghnach.
Ní fheidhmeoidh gnólacht infheistíochta ná oibreoir margaidh a oibríonn saoráid trádála eagraithe go lánroghnach ach i gceann amháin nó sa dá chás seo a leanas:
(a)agus cinneadh á dhéanamh aige ordú ar an tsaoráid trádála eagraithe a oibríonn siad a chur nó a aistarraingt;
(b)i gcás ina bhfuil cinneadh á dhéanamh chun ordú cliant ar leith a mheaitseáil le horduithe eile atá ar fáil sna córais ag am ar leith, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na treoracha sonracha a fhaightear ó chliant agus a oibleagáidí i gcomhréir le hAirteagal 27.
I gcás an chórais ina gcrosáiltear orduithe cliant, d’fhéadfadh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn an tsaoráid trádála eagraithe cinneadh a dhéanamh, an dteastaíonn nó nach dteastaíonn uaidh dhá ordú nó níos mó a mheaitseáil sa chóras, agus an uair nó an méid a theastaíonn uaidh iad a mheaitseáil sa chóras. I gcomhréir le míreanna 1, 2, 4 agus 5 agus gan dochar do mhír 3, a mhéid a bhaineann le córas a shocraíonn idirbhearta i neamh-chothromais, féadfaidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn an tsaoráid trádála eagraithe idirbheartaíocht a éascú idir cliaint chun dhá leas trádála nó níos mó a thabhairt le chéile in idirbheart, a d’fhéadfadh a bheith comhoiriúnach.
Beidh an oibleagáid sin gan dochar d’Airteagal 2u agus 27 de Threoir 2014/65/AE.
7. D’fhéadfadh an t‑údarás inniúil a cheangal ar ghnólacht infheistíochta nó ar oibreoir margaidh, nuair a iarrann an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh sin go n‑údarófar é chun saoráid trádála eagraithe a oibriú nó ar bhonn ad hoc, míniú mionsonraithe a thabhairt maidir leis an bhfáth nach bhfreagraíonn an córas do mhargadh rialáilte agus nach féidir leis oibriú mar mhargadh rialáilte, saoráid trádála iltaobhach, nó inmheánaitheoir córasach, tuairisc mhionsonraithe maidir leis an bhfáth a ndéanfar rogha, go háirithe nuair a fhéadfar ordú le haghaidh na saoráide trádála eagraithe a aistarraingt agus an uair agus conas a dhéanfar dhá ordú cliaint nó níos mó a mheaitseáil laistigh den tsaoráid trádála eagraithe. Ina theannta sin, cuirfidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh de shaoráid trádála eagraithe faisnéis ar fáil don údarás inniúil lena mínítear a úsáid trádála bunairgid mheaitseáilte. Déanfaidh an t‑údarás inniúil faireachán ar rannpháirtíocht gnólachta infheistíochta nó oibreora margaidh i dtrádáil bunairgid mheaitseáilte chun a áirithiú go leanann sé de bheith ag teacht faoin sainmhíniú ar thrádáil den sórt sin agus nach n‑eascróidh coinbhleachtaí leasa idir an gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh agus a chliaint as an trádáil bunairgid mheaitseáilte.
8. Beidh feidhm ag Airteagail 24, 25, 27 agus 28 de Threoir 2014/65/AE leis na hidirbhearta arna gcur i gcrích ar shaoráid trádála eagraithe.
CAIBIDIL 3
Oibreoirí Margaidh Uile-Eorpacha
Airteagal 2za
Údarú Oibreoirí Margaidh Uile-Eorpacha
1. Féadfaidh aon duine dlítheanach a bhfuil sé i gceist aige níos mó ná ionad trádála amháin a fheidhmiú i níos mó ná Ballstát amháin iarratas a dhéanamh ar ESMA chun údarú a fháil mar oibreoir margaidh uile-Eorpach (‘OMUE’) amhail an [PO: cuir isteach an dáta óna bhfeidhmíonn ESMA mar údarás inniúil de bhun Airteagal 38fa].
2. Déanfaidh ESMA OMUE a údarú chun críocha an Teidil seo i gcás:
(a)inar duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas é an OMUE; agus
(b)go gcomhlíonann an OMUE agus na hionaid trádála araon ina bhfuil sé beartaithe aige feidhmiú ann ceanglais a leagtar síos sa Teideal seo.
3. Sonrófar san údarú dá dtagraítear i mír 2 na hionaid trádála ina bhfuil an OMUE údaraithe le feidhmiú agus na Ballstáit ina bhfuil siad sin lonnaithe nó á bhfeidhmiú. I gcás ina lorgaíonn OMUE síneadh a chur lena ghnó chun ionaid trádála bhreise a fheidhmiú, cuirfidh sé isteach iarraidh chuig ESMA ar shíneadh leis an údarú sin.
4. Déanfaidh OMUE na coinníollacha d’údarú dá dtagraítear sa Teideal seo a chomhlíonadh i gcónaí. Tabharfaidh OMUE fógra, gan aon mhoill mhíchuí, do ESMA i dtaobh aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an údaraithe, lena n‑áirítear leis an liosta ionad trádála a bhfuil sé i gceist aige feidhmiú.
5. Déanfaidh ESMA clár de na OMUEnna uile san Aontas a bhunú. Beidh an clár ar fáil ar bhonn inrochtana don phobal agus beidh liosta ann de na hionaid trádála uile arna bhfeidhmiú ag OMUE agus ag Ballstáit ina bhfuil na hionaid trádála sin lonnaithe nó á bhfeidhmiú. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta.
Airteagal 2zb
Nósanna imeachta maidir le húdarú a dheonú mar OMUE
1. Cuirfidh iarratasóir a bhfuil údarú á lorg aige mar OMUE iarratas isteach chuig ESMA. Beidh an fhaisnéis go léir atá riachtanach san iarratas sin chun go mbeidh ESMA in ann a mheas cé acu atá nó nach bhfuil, tráth an údaraithe tosaigh, na socruithe riachtanacha uile i bhfeidhm ag an OMUE chun a oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun an Teidil seo.
2. Laistigh de 20 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an t‑iarratas iomlán.
3. Mura bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ESMA síos sprioc-am faoina mbeidh ar an OMUE is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar.
Tar éis do ESMA a mheasúnú go bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe, tabharfaidh sé fógra don OMUE dá réir. Tabharfaidh sé fógra freisin do na húdaráis náisiúnta faireachais ábhartha.
4. Déanfaidh ESMA, laistigh de 6 mhí tar éis dó iarratas comhlánaithe a fháil, measúnú ar chomhlíonadh an OMUE agus na hionaid trádála a bhfuil sé beartaithe an OMUE a fheidhmiú leis an Teideal seo. Glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú agus tabharfaidh sé fógra don OMUE is iarratasóir dá réir sin laistigh de chúig lá oibre tar éis a ghlactha. Tabharfaidh sé fógra freisin do na húdaráis náisiúnta faireachais ábhartha.
5. De mhaolú ar Airteagail 2b agus 2p, ní lorgóidh ionaid trádála arna bhfeidhmiú ag OMUE údarú sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe nó ina bhfeidhmítear iad de bhun Caibidil 1 agus Caibidil 2 den Teideal seo.
6. I gcásanna ina bhfuil sé beartaithe ag OMUE bheith ina oibreoir ar ionad trádála atá á fheidhmiú ag oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta ar eintiteas dlítheanach difriúil é agus nach mbaineann leis an ngrúpa lena mbaineann an OMUE, cuirfidh an OMUE isteach, mar chuid dá iarratas ar údarú nó a iarraidh chun a ghnó a shíneadh chun ionaid trádála bhreise a fheidhmiú, ráiteas isteach ón oibreoir margaidh nó ón ngnólacht infheistíochta sin ag deimhniú a rúin chun feidhmiú an ionaid trádála a oibríonn sé a aistriú chuig an OMUE. Leasófar an t‑údarú dá dtagraítear in Airteagal 2za(2) dá réir.
7. Measfar go mbeidh an t‑údarú a dheonaítear ar mhargadh rialáilte de bhun Airteagal 2a nó ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta chun saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibriú de bhun Airteagal 2p den Rialachán seo nó Airteagal 7 de Threoir 2014/65/AE cúlghairthe tráth a thagann an t‑údarú nó plean leasaithe oibríochtaí OMUE i bhfeidhm a chumhdaíonn oibriú an ionaid trádála, i gcomhréir le mír 6.Ní féidir údarú OMUE a mheascadh le húdaruithe eile maidir le hoibriú margaidh rialáilte, saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe laistigh den ghrúpa céanna.
Airteagal 2zc
Údarú a tharraingt siar
1. Féadfaidh ESMA údarú OMUE a aistarraingt sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 2c(1).
2. Nuair a aistarraingítear an t‑údarú, tabharfaidh ESMA fógra do na húdaráis faireachais náisiúnta ábhartha chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, d’údarás arna ainmniú de bhun Airteagal 67 den Threoir 2014/65/AE an Bhallstáit i gcás ina soláthraíonn na hionaid trádála arna bhfeidhmiú ag an OMUE a ngníomhaíochtaí.
Airteagal 2zd
Ceanglais don OMUE
1. Comhlíonfaidh an OMUE na ceanglais uile atá i bhfeidhm maidir le hoibreoir margaidh, de bhun an Rialacháin seo.
2. Beidh an OMUE freagrach, faoi mhaoirseacht ESMA agus, i gcás ina bhforáiltear go sonrach sa Rialachán seo, na húdaráis faireachais náisiúnta, as a áirithiú go gcomhlíonann na hionaid trádála a oibríonn sé na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
Tá an OMUE i dteideal na cearta a fheidhmiú a chomhfhreagraíonn do na margaí rialáilte a oibríonn sé de bhua an Rialacháin seo.
Maidir le hionaid trádála a oibríonn OMUE, tuigfear gach tagairt a dhéantar sa rialachán seo d’údarás inniúil an ionaid trádála mar thagairt do ESMA.
Airteagal 2ze
Feidhmiú ionad trádála i mBallstát eile agus dlí is infheidhme
1. Ceadóidh Ballstáit, gan ceanglais dlí nó riaracháin bhreise, do OMUE atá údaraithe de bhun Airteagal 2za chun ionaid trádála a fheidhmiú ar a gcríoch, tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó trí bhrainse a bhunú, ar choinníoll go bhfuil feidhmiú na n‑ionad trádála cumhdaithe ag údarú an OMUE.
2. Cinnfidh an OMUE, san iarratas ar údarú de bhun Airteagal 2zb, nó san iarraidh ar shíneadh leis an údarú de bhun Airteagal 2za(3), maidir le gach ionad trádála a bhfuil sé i gceist aige feidhmiú, an Ballstát sa chríoch ina measfar go mbeidh an t‑ionad trádála lonnaithe nó feidhmithe. I gcásanna ina mbíonn OMUE ina oibreoir ar ionad trádála atá údaraithe cheana féin, measfar go mbeidh an t‑ionad trádála sin lonnaithe nó feidhmithe i gcríoch an Bhallstáit inar údaraíodh an t‑ionad trádála sin i dtosach.
Maidir le cúrsaí nach gcumhdaítear go díreach le dlí an Aontais, is é dlí náisiúnta an Bhallstáit ina measfar go bhfuil an t‑ionad trádála lonnaithe nó feidhmithe an dlí náisiúnta a rialaíonn an trádáil arna déanamh faoi chórais ionaid trádála arna fheidhmiú ag OMUE.
3. Féadfaidh OMUE úsáid a bhaint as cearta nós imeachta an phas faoi Airteagail 2o agus 2w i ndáil le gach ionad trádála a oibríonn sé.
CAIBIDIL 4
Liosta ionad trádála agus cumhachtuithe
Airteagal 2zf
Liosta ionad trádála
Cuirfidh údaráis inniúla in iúl do ESMA liosta ionad trádála atá údaraithe ina ndlínse, lena n‑áirítear aon athrú air. Foilseoidh agus coinneoidh ESMA liosta cothrom le dáta de na hionaid trádála uile, lena n‑áirítear ionaid trádála arb é ESMA an t‑údarás inniúil ina leith, ar a shuíomh gréasáin.
Airteagal 2zg
Caighdeáin theicniúla rialála agus tarmligean
1.Forbróidh ESMA dréacht‑chaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)na gníomhaíochtaí coimhdeacha dá dtagraítear in Airteagal 2a(3) a shonrú tuilleadh;
(b)an fhaisnéis le soláthar faoi Airteagal 2b(1), an fhaisnéis le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 2d(8), chomh maith leis na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis atá le tabhairt a chinneadh;
(c)an cás ina measfar go mbeidh duine in ann tionchar suntasach a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar bhainistíocht an mhargaidh rialáilte, i gcomhréir le hAirteagal 2e a shonrú a thuilleadh;
(d)ceanglais a shonrú a thuilleadh lena áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag oibreoir margaidh chun feidhmiú ordúil an mhargaidh rialáilte a oibríonn sé a éascú i gcomhréir le hAirteagal 2f;
(e)an fhaisnéis atá le soláthar de bhun Airteagal 2zb(1) a shonrú.
Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)an Rialachán seo a leasú trí na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 2j(1) agus (3) nó an tairseach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, nó iad uile a mhodhnú, i gcás ina gcuireann na tairseacha is infheidhme bac ar leachtacht ar mhargaí poiblí ag tabhairt forbairtí airgeadais san áireamh;
(b)an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta cúinsí a shonrú ar ionann iad agus damáiste le leasanna infheisteoirí agus feidhmiú ordúil an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 2k(1) agus (2);
(c)an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chúinsí a chinneadh lena spreagtar ceanglas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 2n(2);
(d)an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2y(3) agus (3a) a shonrú. Cuirfear san áireamh leis na coinníollacha sin an gá atá le hardleibhéal cosanta infheisteoirí a choinneáil chun muinín infheisteora sna margaí sin a chur chun cinn agus, an tráth céanna, na hualaí riaracháin atá ar eisitheoirí ar an margadh a íoslaghdú. Cuirfidh siad san áireamh freisin nach bhfuil díchlárú le déanamh ná nach bhfuil clárú le diúltú de dheasca nár comhlíonadh, ar bhonn sealadach, an coinníoll a leagtar síos i mír 3, pointe (a), den Airteagal sin.
3. Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)na ceanglais chun a áirithiú go mbeidh córais trádála margaí rialáilte athléimneach agus go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach acu, seachas na ceanglais a bhaineann le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach;
(b)an cóimheas dá dtagraítear in Airteagal 2g(6), agus tosca á gcur san áireamh, amhail luach na n‑orduithe neamh-fhorfheidhmithe i ndáil le luach na n‑idirbheart forfheidhmithe;
(c)na rialuithe a bhaineann le rochtain dhíreach leictreonach ar bhealach lena n‑áiritheofar go mbeidh na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le rochtain urraithe comhionann ar a laghad leis na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le rochtain dhíreach ar an margadh;
(d)na ceanglais lena áirithiú go bhfuil na seirbhísí comhlonnaithe agus na struchtúir táillí cothrom agus neamh-idirdhealaitheach agus nach gcruthaítear dreasachtaí chun dálaí trádála mí-ordúla nó drochúsáid mhargaidh leis na struchtúir táillí;
(e)cinneadh i gcás ina bhfuil margadh rialáilte ábhartha ó thaobh leachtachta de in ionstraim airgeadais;
(f)na ceanglais lena áirithiú go bhfuil scéimeanna cruthaithe margaidh cothrom agus neamh-idirdhealaitheach agus oibleagáidí íosta maidir le cruthú margaidh a bhunú nach mór do mhargaí rialáilte foráil a dhéanamh maidir leo nuair a dhéantar scéim cruthaithe margaidh a cheapadh agus na coinníollacha nach iomchuí faoina bhfuil an ceanglas scéim cruthaithe margaidh a bheith ann, agus cineál agus scála na trádála ar an margadh rialaithe sin a chur san áireamh, lena n‑áirítear an gceadaíonn nó an gcumasaíonn margadh rialáilte trádáil algartamach a bheith ann trína chórais;
(g)na ceanglais chun a áirithiú go ndéanfar tástáil iomchuí ar algartaim, seachas tástáil ar athléimneacht dhigiteach oibríochtúil, chun a áirithiú nach féidir le córais trádála algartamaí lena n‑áirítear córais trádála algartamaí ardmhinicíochta, dálaí trádála mí-ordúla ar an margadh a chruthú nó cur leo;
(h)na prionsabail atá le breithniú ag margaí rialáilte agus a sásraí á mbunú chun stop nó srian a chur le trádáil i gcomhréir le hAirteagal 2g(5), agus leachtacht aicmí sócmhainní difriúla agus fo-aicmí sócmhainní difriúla, cineál na samhla margaidh agus na cineálacha úsáideoirí á gcur san áireamh, agus gan dochar do lánrogha na margaí rialáilte maidir leis na sásraí sin a shocrú;
(i)an fhaisnéis atá le nochtadh ag margaí rialáilte, lena n‑áirítear na paraiméadair chun stop a chur le trádáil a bhfuil margaí rialáilte le tuairisciú do na húdaráis inniúla, de bhun Airteagal 2g(5);
(j)na híosmhéideanna ticeanna nó córas na méideanna ticeanna maidir le scaireanna ar leithligh, fáltais taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe sonracha, agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail i gcás inar gá chun feidhmiú ordúil margaí a áirithiú, i gcomhréir leis na tosca in Airteagal 2h(2) agus praghas, raonta difríochta agus doimhneacht leachtachta na n‑ionstraimí airgeadais;
(k)na híosmhéideanna ticeanna nó córas na méideanna ticeanna maidir le hionstraimí airgeadais sonracha seachas iad sin a liostaítear in Airteagal 2h(1) i gcás inar gá chun feidhmiú ordúil margaí a áirithiú, i gcomhréir leis na tosca in Airteagal 2h(2) agus praghas, raonta difríochta agus doimhneacht leachtachta na n‑ionstraimí airgeadais.
(l)saintréithe aicmí éagsúla na n‑ionstraimí airgeadais atá le cur san áireamh ag margadh rialáilte agus measúnú á dhéanamh ar cibé acu a eisítear ionstraim airgeadais ar bhealach atá comhsheasmhach leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 2i(1) maidir le ligean isteach chun trádáil a thabhairt ar na deighleoga margaidh difriúla a oibríonn sé;
(m)soiléireofar na socruithe a cheanglaítear ar mhargadh rialáilte a chur i bhfeidhm ionas go measfar gur chomhlíon sé an oibleagáid chun a fhíorú go gcomhlíonann eisitheoir urrúis inaistrithe a oibleagáidí faoi dhlí an Aontais maidir le hoibleagáidí um nochtadh tosaigh, leanúnach nó ad hoc;
(n)na socruithe a shoiléiriú a chaithfidh an margadh rialáilte a bhunú de bhun Airteagal 2i(3) chun a chomhaltaí nó a rannpháirtithe a éascú chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a cuireadh ar fáil go poiblí faoi na coinníollacha arna mbunú le dlí an Aontais;
(o)na cásanna ina dtuigtear leis an gceangal idir díorthach a bhaineann le hionstraim airgeadais ná a thagraítear léi ar fionraí nó bainte ó thrádáil agus an ionstraim airgeadais bhunaidh go bhfuil na díorthaigh le cur ar fionraí nó le baint as trádáil freisin, chun cuspóir fhionraí nó bhaint na hionstraime airgeadais foluití a bhaint amach agus, maidir leis an oibleagáid díorthaigh dá dtagraítear in Airteagail 2k(2) agus 2v(2) a chur ar fionraí nó a bhaint as trádáil, chun a áirithiú go gcuirfear an oibleagáid sin i bhfeidhm go comhréireach;
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4. Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na nithe seo a leanas a chinneadh:
(a)formáid agus uainiú na cumarsáide agus na bhfoilseachán dá dtagraítear in Airteagail 2k(2) agus 2v(2);
(b)ábhar agus formáid na tuairisce agus an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 2g(10).
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(4)in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údaráis inniúla fógra a thabhairt do ESMA agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach tarscaoilte aonair agus míniú a sholáthar maidir lena fheidhmiú, lena n‑áirítear mionsonraí an ionaid trádála ina bhfuil an praghas tagartha bunaithe dá dtagraítear dó i mír 1(a). Tabharfar fógra faoin rún tarscaoileadh a dheonú tráth nach lú ná 4 mhí sula mbeartófar go dtiocfaidh an tarscaoileadh i bhfeidhm. Laistigh de 2 mhí tar éis dó an fógra a fháil, eiseoidh ESMA tuairim neamhcheangailteach chuig an údarás inniúil faoi thrácht, i gcás ina bhfuil sé difriúil ó ESMA, ina ndéanfar measúnú ar a mhéid atá gach aon tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 6. I gcás ina ndeonaíonn údarás inniúil tarscaoileadh agus go n‑easaontaíonn údarás inniúil Bhallstát eile, féadfaidh an t‑údarás inniúil sin an cheist a chur ar ais chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.’;
(5)in Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:
‘I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil nach ESMA atá ann foilsiú iarchurtha a údarú agus ina n‑easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile leis an iarchur sin nó ina n‑easaontaíonn sé le cur i bhfeidhm iarbhír an údaraithe a deonaíodh, féadfaidh an t‑údarás inniúil sin an cheist a chur ar ais chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(6)in Airteagal 8a(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil saoráid trádála eagraithe nó saoráid trádála iltaobhach á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais maidir le díorthaigh thar an gcuntar atá ainmnithe in euro, yen na Seapáine, dollar Mheiriceá nó punt steirling, nach comhaontuithe ar réamhráta ná babhtálacha bonnrátaí úis airgeadra aonair iad, agus go bhfuil an méid seo a leanas i gceist:’;
(7)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach iarratais aonair ar tharscaoileadh agus míniú a sholáthar maidir lena bhfeidhmiú. Tabharfar fógra faoin rún tarscaoileadh a dheonú tráth nach lú ná 4 mhí sula mbeartófar go dtiocfaidh an tarscaoileadh i bhfeidhm. Laistigh de 2 mhí tar éis dó an fógra a fháil, eiseoidh ESMA tuairim chuig an údarás inniúil i dtrácht, i gcás ina bhfuil sé éagsúil ó ESMA, ina ndéanfar measúnú ar a mhéid atá an tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 5. I gcás ina ndeonaíonn údarás inniúil nach ESMA atá ann tarscaoileadh agus go n‑easaontaíonn údarás inniúil Bhallstát eile, féadfaidh an t‑údarás inniúil sin an cheist a chur ar ais chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Sula ndéanfar fionraí shealadach na n‑oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur ar fionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t‑údarás inniúil ábhartha, i gcás ina bhfuil sé éagsúil ó ESMA, a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ESMA agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ESMA a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh údar leis an bhfionraí shealadach a chur ar fionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír den mhír seo.’;
(8)in Airteagal 11(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:
‘Sula ndéanfar an fhionraí shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t‑údarás inniúil ábhartha, i gcás ina bhfuil sé éagsúil ó ESMA, a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ESMA agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ESMA a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh údar leis an bhfionraí shealadach a chur ar fionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gcéad agus an ceathrú fomhír.’;
(9)in Airteagal 11a(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:
‘Sula ndéanfar an fhionraí shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t‑údarás inniúil ábhartha, i gcás ina bhfuil sé éagsúil ó ESMA, a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ESMA agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ESMA a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh údar leis an bhfionraí shealadach a chur ar fionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gcéad agus an ceathrú fomhír.’;
(1)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Chun luacháil éifeachtúil scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a áirithiú agus an deis is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a bhaint amach dá gcliaint, d’fhéadfadh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)na socruithe maidir le foilsiú na luachana daingne dá dtagraítear i mír 1;
(b)cinneadh na tairsí dá dtagraítear i mír 2, lena gcuirfear san áireamh na dea-chleachtais idirnáisiúnta, iomaíochas ghnólachtaí an Aontais, tábhacht an tionchair ar an margadh agus éifeachtúlacht múnlaithe praghsanna agus nach mbeidh sé sin faoi bhun dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh;
(c)cinneadh na híosmhéide luachana dá dtagraítear i mír 3, ar méid é nach sáróidh 90 % den tairseach dá dtagraítear i mír 2 agus nach mbeidh faoi bhun mhéid chaighdeánach an mhargaidh;
(d)cinneadh i dtaobh an léiríonn na praghsanna dálaí an mhargaidh atá i réim dá dtagraítear i mír 3;
(e)méid chaighdeánach an mhargaidh dá dtagraítear i mír 4;
(f)na socruithe maidir le haitheantas orduithe miondíola dá dtagraítear in Airteagal 15(2).
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(2)in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Agus Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE á chomhlíonadh acu, forfheidhmeoidh inmheánaitheoirí córasacha na horduithe a gheobhaidh siad óna gcuid cliant i ndáil le scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar inmheánaitheoirí córasacha iad ina leith ag na praghsanna a luaitear an tráth fála an ordaithe.
Féadfaidh siad, áfach, na horduithe sin a fhorfheidhmiú ar phraghas níos fearr i gcásanna a mbeidh údar leo ar choinníoll:
(a)go dtagann an praghas laistigh de réimse poiblí a bheidh cóngarach do dhálaí an mhargaidh; agus
(b)i gcás orduithe miondíola, go ndéanann siad láithreach, agus in aon chás roimh fhorfheidhmiú, a luachana poiblí a thabhairt cothrom le dáta chun an feabhas ar an bpraghas a léiriú.
Chun críocha an dara fomhír, ordú is ea ordú miondíola a thionscnaítear ó chliant miondíola mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (11) de Threoir 2014/65/AE agus atá de mhéid suas go dtí an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus an tairseach sin san áireamh.’;
(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17a:
‘Airteagal 17a
Méideanna na dticeanna le haghaidh inmheánaitheoirí córasacha
1. Luachana ó inmheánaitheoirí córasacha, feabhsuithe praghais ar na luachana sin agus praghsanna forfheidhmiúcháin, comhlíonfaidh siad na méideanna ticeanna a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 2h.
2. Ní dhéanfaidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 2h agus in Airteagal 15(2) cosc a chur ar inmheánaitheoirí córasacha orduithe a mheaitseáil ag lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.’;
(4)in Airteagal 21(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:
‘Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) ar ionad trádála tríú tír a chomhlíonann na coinníollacha uile a leanas:
(a)oibríonn sé córas nó saoráid, ina bhfuil an iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais in ann idirghníomhú;
(b)go bhfuil sé faoi réir údarú i gcomhréir le creat dlí agus maoirseachta an tríú tír;
(c)go bhfuil sé faoi réir maoirseachta nó forfheidhmithe ar bhonn leanúnach i gcomhréir le creat dlí agus maoirseachta an tríú tír ag údarás inniúil atá ina shínitheoir iomlán le Meabhrán Comhthuisceana Iltaobhach de chuid IOSCO maidir le Comhairliúchán agus Comhar agus Malartú Faisnéise;
(d)go bhfuil córas nochta iarthrádála i bhfeidhm aige a áirithíonn go bhfoilsítear idirbhearta a chuirtear i gcrích ar an ionad trádála sin a luaithe is féidir tar éis an t‑idirbheart a fhorfheidhmiú nó, i gcásanna a sainítear go soiléir, tar éis tréimhse iarchurtha;
(e)go bhfuil sé áirithe ar an liosta a d’fhoilsigh ESMA, de bhun an tríú fomhír.
Foilseoidh ESMA agus tabharfaidh sé cothrom le dáta go tráthrialta liosta d’ionaid trádála a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) go (d) den dara fomhír.’;
(5)in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘Chun ríomhanna a dhéanamh leis na ceanglais a chinneadh maidir leis an trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála agus na córais oibleagáide trádála dá dtagraítear in Airteagail 3 go 11a, 14 go 21 agus 32 atá infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais, agus chun tuarascálacha a ullmhú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(4), Airteagal 7(1), Airteagal 9(2), Airteagal 11(3) agus Airteagal 11a(1), féadfaidh ESMA agus údaráis inniúla eile faisnéis a éileamh ón méid seo a leanas:
(a)ionaid trádála;
(b)socruithe formheasta maidir le foilsiú; agus
(c)soláthraithe teilitéipe comhdhlúite.’;
(6)in Airteagal 22a(1), cuirtear an abairt seo a leanas isteach:
‘Seolfaidh inmheánaitheoirí córasacha, maidir le scaireanna agus ETFanna a thrádáiltear ar ionad trádála, chuig lárionaid sonraí an tsoláthraí teilitéipe comhdhlúite, chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, na sonraí is gá de bhun Airteagal 14(1), i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 22b(3), pointe (d). Déanfar na sonraí sin a tharchur i bhformáid chomhchuibhithe, trí phrótacal tarchurtha d’ardchaighdeán.’;
(7)in Airteagal 22b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Na sonraí a tharchuirfear chuig an soláthraí teilitéipe comhdhlúite de bhun Airteagal 22a(1) agus na sonraí a scaipfidh an soláthraí teilitéipe comhdhlúite de bhun Airteagal 27h(1), pointe (d), comhlíonfaidh siad na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 4(6), pointe (a), Airteagal 7(2), pointe (a), Airteagal 11(4), pointe (a), Airteagal 11a(3), pointe (a), agus Airteagal 14(7), mura bhforáiltear a mhalairt sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 3, pointí (b) agus (d), den Airteagal seo.’;
(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23a:
‘Airteagal 23a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
1. Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2y(3) pointí (c), (d), agus (f), Airteagal 14(6), Airteagal 15(1), an dara fomhír, Airteagail 27(1), Airteagal 34, Airteagail 40(5), 42(5), 44(2), 45(6) agus Airteagal 48 den Rialachán seo a chur ar fáil ar bhonn inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Is é ESMA a bheith sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:
(a)déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil léi:
(i)ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta, OMUE nó an oibreora margaidh lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta, OMUE nó oibreoir margaidh, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)léiriú i dtaobh an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
2. Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh gnólachtaí infheistíochta, OMUEnna agus oibreoirí margaidh aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
3. Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2y(3) pointí (c), (d) agus (f), den Rialachán seo a chur ar fáil ar bhonn inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na gnólachtaí infheistíochta, OMUEnna agus oibreoirí margaidh comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
4. Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2v(2) a chur ar fáil ar bhonn inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t‑údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:
(a)déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil léi:
(i)ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta, OMUE nó an oibreora margaidh lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta, OMUE nó oibreoir margaidh, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)léiriú i dtaobh an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
5. Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2u(8) agus Airteagal 34b(1) pointe (a) den Rialachán seo a chur ar fáil ar bhonn inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:
(a)déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(a)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil léi:
(i)ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta, OMUE nó an oibreora margaidh lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta, OMUE nó oibreoir margaidh, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)léiriú i dtaobh an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
_________________________________________
*Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj
).’;
(9)Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Coimeádfaidh oibreoir ionaid trádála faoi réir an údaráis inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás faireachais náisiúnta, go ceann 5 bliana ar a laghad, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú in ionstraimí airgeadais a fhógrófar trína chórais i bhformáid a bheidh inléite ag meaisín agus trí úsáid a bhaint as teimpléad coiteann. Féadfaidh údarás inniúil an ionaid trádála nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, údarás faireachais náisiúnta an ionaid trádála, na sonraí sin a iarraidh ar bhonn leanúnach. Beidh na sonraí ábhartha is ionann agus saintréithe an ordaithe le fáil sna taifid, lena n‑áirítear na saintréithe sin a nascfaidh ordú leis na hidirbhearta forfheidhmithe a eascraíonn as an ordú sin agus a ndéanfar sonraí an ordaithe ina leith a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus (3). Comhlíonfaidh ESMA ról éascaithe agus comhordaithe i ndáil le rochtain a bheith ag údaráis inniúla agus údaráis faireachais náisiúnta ar fhaisnéis faoin mír seo. I gcás inarb é ESMA údarás inniúil an ionaid trádála, beidh sé de chumas aige iarraidh ar an údarás faireachais náisiúnta rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin, chun a ghníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanamh.’;
(b)i mír 3, scriostar an tríú fomhír;
(1)leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)(ii) sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Bunóidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 85 de Threoir 2014/65/AE, na socruithe is gá chun a áirithiú go bhfaighidh na húdaráis seo a leanas an fhaisnéis sin freisin:’;
(ii)sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta do na hionstraimí airgeadais sin nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás faireachais náisiúnta;’;
(iii)sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) an t‑údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hionaid trádála a úsáidtear nó, i gcás inar é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás faireachais náisiúnta.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Tuairisceoidh oibreoir ionaid trádála chuig a údarás inniúil nó, i gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil, chuig a údarás faireachais náisiúnta, mionsonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar a ardán a bhforfheidhmeoidh aon chomhalta, rannpháirtí nó úsáideoir nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le míreanna 1 agus 3 iad trína gcórais.’;
(c)i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:
‘Ceanglóidh an t‑údarás inniúil ar an ionad trádála, agus tuairiscí á dtabhairt aige ar son an ghnólachta infheistíochta, go mbeadh sásraí fónta slándála i bhfeidhm aige chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus le fíordheimhniú aistriú faisnéise, an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus sceitheadh faisnéise a chosc chun rúndacht na sonraí a chothabháil i gcónaí. Ceanglóidh an t‑údarás inniúil ar an ionad trádála acmhainní leordhóthanacha a chothabháil agus saoráidí cúltaca a bheith aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a chothabháil i gcónaí.’;
(d)i mír 9, scriostar an tríú fomhír;
(2)Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
(a)i mír 1, an ceathrú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:
‘Tabharfaidh ESMA rochtain do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis faireachais náisiúnta gan moill mhíchuí ar na sonraí tagartha sin.’;
(b)i mír 2, leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Chun a chumasú d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh, de bhun Airteagal 26, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn, déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus leis na húdaráis faireachais náisiúnta, na socruithe is gá a leagan síos chun an méid seo a leanas a áirithiú:’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):
‘(c) déantar na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 a tharchur go héifeachtúil agus gan moill mhíchuí chuig na húdaráis inniúla agus na húdaráis faireachais náisiúnta ábhartha;
(d) tá sásraí éifeachtacha i bhfeidhm idir ESMA agus na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis faireachais náisiúnta chun saincheisteanna um sholáthar sonraí nó cháilíocht sonraí a réiteach.’;
(c)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Sula ndéantar cinneadh chun an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, tabharfaidh ESMA fógra do na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb ábhartha, do na húdaráis faireachais náisiúnta.’;
(3)in Airteagal 27h(1), scriostar an dara fomhír;
(4)in Airteagal 27ha(2), scriostar an dara fomhír;
(5)in Airteagal 31(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:
‘Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta agus na hoibreoirí margaidh sin na taifid sin ar fáil go pras don údarás inniúil ábhartha, don údarás faireachais náisiúnta ábhartha nó do ESMA arna iarraidh sin dóibh.’;
(6)cuirtear na hAirteagail 34a agus 34b seo a leanas isteach:
‘Airteagal 34a
Rialuithe bainistíochta suímh i ndíorthaigh tráchtearra agus i ndíorthaigh lamháltais astaíochtaí
1. Gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála a thrádálann i ndíorthaigh tráchtearraí nó díorthaigh lamháltas astaíochtaí, cuirfidh siad rialuithe ar bhainistiú suímh i bhfeidhm, lena n‑áirítear cumhachtaí don ionad trádála chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)faireachán a dhéanamh ar shuíomhanna leasa oscailte na ndaoine;
(b)faisnéis, lena n‑áirítear an doiciméadacht ábhartha uile, a fháil ó dhaoine faoi mhéid agus cuspóir suímh nó neamhchosanta a rinneadh, faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla nó úinéirí foluiteacha, aon socrú comhbheartaithe, agus aon sócmhainn ghaolmhar nó aon dliteanas gaolmhar sa mhargadh foluiteach, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, suíomhanna arna sealbhú i ndíorthaigh lamháltas astaíochtaí nó suíomhanna arna sealbhú i ndíorthaigh tráchtearraí atá bunaithe ar an luach foluiteach céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu ar ionaid trádála eile agus i gconarthaí arna dtrádáil lasmuigh d’ionad trádála atá coibhéiseach go heacnamaíoch trí chomhaltaí agus rannpháirtithe;
(c)a iarraidh ar dhuine suíomh a fhoirceannadh nó a laghdú, ar bhonn sealadach nó buan, agus gníomh a dhéanamh go haontaobhach chun a áirithiú go ndéanfar an suíomh a fhoirceannadh nó a laghdú i gcás nach gcomhlíonann an duine an iarraidh sin; agus
(d)ceangal a chur ar dhuine leachtacht a chur ar ais sa mhargadh ar phraghas agus ar mhéid comhaontaithe, ar bhonn sealadach, leis an rún sainráite maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhaineann le suíomh mór nó ceannasach.
Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun inneachar rialuithe ar bhainistiú suímh a shonrú, agus ar an gcaoi sin, saintréithe na n‑ionad trádála lena mbaineann a chur san áireamh.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2. Beidh na rialuithe bainistíochta suímh trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, lena sonrófar conas atá siad infheidhme do dhaoine agus cuirfear san áireamh cineál agus comhdhéanamh na rannpháirtithe margaidh agus an úsáid a bhaineann siad as na conarthaí a chuirtear faoi thrádáil.
3. Cuirfidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn an t‑ionad trádála na sonraí maidir le rialuithe bainistíochta suímh in iúl dá údarás inniúil.
I gcás nach é ESMA an t‑údarás inniúil, cuirfidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis chéanna in iúl do ESMA, a fhoilseoidh agus a chothóidh ar a shuíomh gréasáin bunachar sonraí ina mbeidh achoimrí ar rialuithe bainistíochta suímh.
Airteagal 34b
Tuairisciú suímh ag ionaid trádála de réir catagóirí sealbhóirí suímh
1. Gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála a thrádálann i ndíorthaigh tráchtearraí nó i ndíorthaigh lamháltas astaíochtaí, déanfaidh sé:
(a)an méid seo a leanas a phoibliú:
(i)i gcás ionaid trádála a dtrádáiltear roghanna iontu, dhá thuarascáil sheachtainiúla, a bhfuil roghanna le heisiamh i gceann amháin acu, leis na suíomhanna comhiomlána atá i seilbh na gcatagóirí éagsúla de dhaoine maidir leis na díorthaigh tráchtearraí nó na díorthaigh éagsúla lamháltas astaíochtaí a thrádáiltear ar a n‑ionad trádála, lena sonraítear an líon suíomhanna fada agus gearra de réir catagóirí den sórt sin, athruithe a rinneadh orthu sa tréimhse ón tuarascáil roimhe sin, an céatadán den ús oscailte iomlán arna léiriú ag gach catagóir, agus an líon daoine a bhfuil suíomh acu i ngach catagóir i gcomhréir le mír 4;
(ii)i gcás ionaid trádála nach dtrádáiltear roghanna iontu, tuarascáil sheachtainiúil ar na gnéithe a leagtar amach i bpointe (i);
(b)miondealú iomlán ar na suíomhanna atá ag gach duine, lena n‑áirítear comhaltaí nó rannpháirtithe agus a gcliaint, ar an ionad trádála sin a sholáthar don údarás inniúil nó, i gcás gurb é ESMA an t‑údarás inniúil, an t‑údarás faireachais náisiúnta, ar bhonn laethúil ar a laghad.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i bpointe (a) ach amháin nuair a sháraíonn an líon daoine agus a suíomhanna oscailte íostairseacha.
Ní bheidh feidhm ag tuairisciú suímh maidir le haon urrús eile amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE a bhaineann le tráchtearra nó bunús amhail dá dtagraítear i Roinn C.10 d’Iarscríbhinn I den Treoir sin.
Gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála a thrádálann i ndíorthaigh tráchtearraí nó i ndíorthaigh lamháltas astaíochtaí, cuirfidh sé na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír in iúl don údarás inniúil agus, i gcás nach é ESMA an t‑údarás inniúil, do ESMA. Rachaidh ESMA ar aghaidh leis an bhfaisnéis atá sna tuarascálacha sin a fhoilsiú ar bhonn láraithe.
2. Maidir le daoine a shealbhaíonn suíomhanna i ndíorthach tráchtearraí nó i ndíorthach lamháltas astaíochtaí, aicmeoidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn an t‑ionad trádála sin iad de réir chineál a bpríomhghnó, agus aon údarú is infheidhme á chur san áireamh, mar cheann amháin díobh seo a leanas:
(a)gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí creidmheasa;
(b)cistí infheistíochta, bíodh sé ina ghnóthas le haghaidh comhinfheistíochtaí in urrúis inaistrithe (GCUI) mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/65/CE, nó ina bhainisteoir ciste infheistíochta malartach mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/61/CE i gceist leis sin;
(c)institiúidí airgeadais eile, lena n‑áirítear gnóthais árachais agus gnóthais athárachais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2009/138/CE, agus institiúidí um sholáthar scoir ceirde mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/2341;
(d)gnóthais tráchtála;
(e)i gcás díorthaigh lamháltas astaíochtaí, oibreoirí a bhfuil oibleagáidí comhlíonta orthu faoi Threoir 2003/87/CE.
Sonrófar sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) an líon suíomhanna fada agus gearra de réir catagóire daoine, aon athrú orthu ón tuarascáil roimhe sin, céatadán den leas oscailte iomlán a léiríodh le gach catagóir, agus an líon daoine i gach catagóir.
Déanfar idirdhealú sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), idir an méid seo a leanas:
(a)suíomhanna a shainaithnítear mar shuíomhanna a laghdaíonn ar bhealach atá intomhaiste go hoibiachtúil rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála; agus
(b)suíomhanna eile.
3. Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun formáid na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) a chinneadh.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcás díorthaigh lamháltas astaíochtaí, ní dhéanfar dochar leis an tuairisciú do na hoibleagáidí comhlíonta faoi Threoir 2003/87/CE.
4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na tairseacha dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a shonrú, ag féachaint don líon iomlán suíomhanna oscailte agus a méid agus an líon iomlán daoine a bhfuil suíomh ina seilbh acu.
5. Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na bearta a shonrú lena gceanglófar na tuarascálacha go léir dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) a chur chuig ESMA ag am sonraithe gach seachtain, dá bhfoilseachán láraithe ag ESMA.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(7)leasaítear teideal Theideal VI mar a leanas:
ROCHTAIN NEAMH-IDIRDHEALAITHEACH AR IONAID TRÁDÁLA, TLUnna AGUS CPLanna’;
(8)cuirtear an tAirteagal 34c seo a leanas isteach:
‘Airteagal 34c
An ceart chun TLU a ainmniú
Tairgfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionad trádála an ceart dá gcomhaltaí nó rannpháirtithe uile chun aon TLU a bunaíodh san Aontas a ainmniú le haghaidh socrú idirbheart in ionstraimí airgeadais arna ndéanamh ar an ionad trádála sin.’;
(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 35 agus 36:
‘Airteagal 35
Rochtain neamh-idirdhealaitheach ag ionad trádála ar CPL
1. Gan dochar d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, glacfaidh CPL le hionstraimí airgeadais soiléire a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n‑áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus nascacht tosaigh agus táillí rochtana, gan beann ar an ionad trádála ar a bhforfheidhmítear idirbheart.
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sa chéad fhomhír maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán.
Áiritheoidh an CPL go háirithe go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar chonarthaí arna dtrádáil ar an ionad trádála sin sna téarmaí seo a leanas:
(a)ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún‑amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CPL atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht agus/nó ar in‑fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus
(b)traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n‑imréiteach ag an CPL céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Féadfaidh CPL a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú leis an CPL, lena n‑áirítear na ceanglais um bainistíocht riosca, a chomhlíonadh. Níl feidhm ag an gceanglas sa mhír sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n‑oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 cheana féin.
2. Ionad trádála atá ag iarraidh rochtain a fháil ar sheirbhís CPL, cuirfidh sé a iarraidh faoi bhráid an CPL. Sonrófar san iarraidh na hionstraimí airgeadais a n‑iarrtar an t‑imréiteach ina leith. Cuirfidh an t‑ionad trádála ESMA, údarás inniúil an CPL agus an ionaid trádála, i gcás ina bhfuil sé éagsúil ó ESMA, ar an eolas faoi iarraidh den sórt sin.
3. Soláthróidh CPL freagra i scríbhinn don ionad trádála laistigh de 3 mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil, ag ceadú nó ag diúltú rochtana.
4. Ní fhéadfaidh an CPL iarraidh ar rochtain a dhiúltú ach amháin i gcás ina ndéanfadh an rochtain sin difear d’fheidhmiú rianúil agus ordúil na margaí nó ina mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach, bunaithe ar mheasúnú riosca cuimsitheach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe de bhun mhír 6, pointe (a) d’Airteagal 36. Ní dhiúltóidh an CPL iarraidh ar fhorais chaillteanas féideartha ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith féin nó i leith eintiteas eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna.
I gcás ina mainneoidh an CPL freagra i scríbhinn a sholáthar don ionad trádála laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh ESMA fógra a thabhairt don CPL agus faisnéis bhreise a iarraidh ar an CPL. I gcás nach léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le diúltú don iarraidh mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 6 d’Airteagal 36 á gcomhlíonadh, féadfaidh ESMA cinneadh a eisiúint lena gceanglófar ar an CPL sin rochtain a dheonú ar a sheirbhísí laistigh de 1 mhí amháin tar éis fógra faoin gcinneadh a fháil.
I gcás ina ndiúltóidh an t‑ionad trádála rochtain, soláthrófar leis an bhfreagra i scríbhinn míniú mionsonraithe ar na cúiseanna ar diúltaíodh rochtain, bunaithe ar an measúnú riosca cuimsitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfidh an t‑ionad trádála, díreach tar éis dó an freagra i scríbhinn a thabhairt don CPL, agus i scríbhinn, ESMA agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 ar an eolas faoin gcinneadh sin.
5. I gcás inar dhiúltaigh an CPL rochtain, féadfaidh an t‑ionad trádála gearán a chur faoi bhráid ESMA.
Déanfaidh ESMA measúnú ar na cúiseanna ar diúltaíodh rochtain agus, laistigh de 1 mhí amháin ó dháta an ghearáin, soláthróidh sé freagra réasúnaithe don ionad trádála. Féadfaidh ESMA dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 le linn dó a fhreagra a ullmhú. I gcás ina gcinnfidh ESMA nach bhfuil údar maith le diúltú an CPL rochtain a dheonú, i gcás nach bhfuil aon léiriú ann go bhfuil na coinníollacha maidir le hiarraidh a dhiúltú mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe de bhun mhír 6 d’Airteagal 36 á gcomhlíonadh, eiseoidh ESMA cinneadh lena gceanglófar ar an CPL rochtain a dheonú ar a sheirbhísí laistigh de 1 mhí amháin tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh sin.
Áiritheoidh CPL a dheonaíonn rochtain ar an ionad trádála go mbeidh an rochtain lánfheidhmiúil laistigh de 3 mhí ón bhfreagra dearfach ar an iarraidh ar rochtain a fháil.
Airteagal 36
Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar ionaid trádála ag CPLanna
1. ‘Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, soláthróidh ionad trádála fothaí trádála ar bhonn neamh-idirdhealaitheach trédhearcach arna iarraidh sin, lena n‑áirítear táillí a bhaineann le nascacht tosaigh agus le rochtain, d’aon CPL atá údaraithe nó aitheanta de bhun an Rialacháin sin, CPL ar mian leis idirbhearta in ionstraimí airgeadais a tugadh i gcrích ar an ionad trádála sin a imréiteach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir leo seo a leanas:
(a)aon chonradh díorthach atá faoi réir na n‑oibleagáidí rochtana a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 cheana féin;
(b)díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán.
2. CPL atá ag iarraidh rochtain a fháil ar ionad trádála, cuirfidh sé a iarraidh faoi bhráid an ionaid trádála. Cuirfidh an CPL ESMA agus údarás inniúil an ionaid trádála agus an CPL, i gcás ina bhfuil sé éagsúil ó ESMA, ar an eolas faoin iarraidh sin.
3. Soláthróidh an t‑ionad trádála freagra i scríbhinn don CPL laistigh de 3 mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil, ag ceadú nó ag diúltú rochtana.
4. Ní fhéadfaidh an t‑ionad trádála iarraidh ar rochtain a dhiúltú ach amháin i gcás ina ndéanfadh an rochtain sin difear d’fheidhmiú rianúil agus ordúil na margaí nó ina mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach, bunaithe ar mheasúnú riosca cuimsitheach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 6, pointe (a). Ní dhiúltóidh an t‑ionad trádála iarraidh ar fhorais chaillteanas féideartha ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith féin nó i leith eintiteas eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna. Ina theannta sin, ní chuirfidh sé srian le rochtain ar fhothaí trádála sonracha ar an bhforas nár roghnaigh na contrapháirtithe in idirbheart sonrach an CPL céanna, i gcás ina bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta cheana féin ag na CPLanna is rogha leo de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
I gcás ina mainneoidh an t‑ionad trádála freagra i scríbhinn a sholáthar don CPL laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh ESMA fógra a thabhairt don ionad trádála agus faisnéis bhreise a iarraidh. I gcás nach léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le diúltú don iarraidh mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 6 á gcomhlíonadh, féadfaidh ESMA cinneadh a eisiúint lena gceanglófar ar an ionad trádála sin rochtain a dheonú ar a sheirbhísí laistigh de 1 mhí amháin tar éis fógra faoin gcinneadh a fháil.
I gcás ina ndiúltóidh an t‑ionad trádála rochtain, soláthrófar leis an bhfreagra i scríbhinn míniú mionsonraithe ar na cúiseanna ar diúltaíodh rochtain, bunaithe ar an measúnú riosca cuimsitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfidh an t‑ionad trádála, díreach tar éis dó an freagra i scríbhinn a thabhairt don CPL, agus i scríbhinn, ESMA agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 ar an eolas faoin gcinneadh sin.
5. I gcás inar dhiúltaigh an t‑ionad trádála rochtain, féadfaidh an CPL gearán a chur faoi bhráid ESMA.
Déanfaidh ESMA measúnú ar na cúiseanna ar diúltaíodh rochtain a thabhairt agus, laistigh de 1 mhí amháin ó dháta an ghearáin, soláthróidh sé freagra réasúnaithe don CPL. Féadfaidh ESMA dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 le linn dó a fhreagra a ullmhú. I gcás ina gcinnfidh ESMA nach bhfuil údar maith le diúltú an ionaid trádála rochtain a dheonú, i gcás nach bhfuil aon léiriú ann go bhfuil na coinníollacha maidir le hiarraidh a dhiúltú mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe de bhun mhír 6 á gcomhlíonadh, eiseoidh ESMA cinneadh lena gceanglófar ar an ionad trádála rochtain a dheonú ar a fhothaí trádála laistigh de 1 mhí amháin tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh sin.
Áiritheoidh ionad trádála a dheonaíonn rochtain ar an CPL go mbeidh rochtain lánfheidhmiúil laistigh de 3 mhí ón bhfreagra dearfach ar an iarraidh ar rochtain a fháil.
6. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh agus an méid seo a leanas a shonrú:
(a)na rioscaí sonracha a chuirfidh CPLanna agus ionaid trádála san áireamh i gcás ina bhfuil measúnú riosca cuimsitheach dá dtagraítear in Airteagal 35(3) agus i mír 3 den Airteagal seo á dhéanamh;
(b)déanfar na coinníollacha faoina ndeonóidh CPL rochtain faoi Airteagal 35, lena n‑áirítear an bunús neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach a mhéid a bhaineann le nascacht tosaigh agus táillí rochtana, táillí imréitigh, ceanglais chomhthaobhachta agus ceanglais oibríochtúla maidir le socrú corrlaigh, agus na coinníollacha faoina ndeonóidh ionad trádála rochtain faoin Airteagal seo, lena n‑áirítear an bunús neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach a mhéid a bhaineann le nascacht agus táillí rochtana;
(c)déanfar na coinníollacha maidir le cóireáil neamh-idirdhealaitheach maidir leis an gcaoi a dhéileálfar le conarthaí a thrádáiltear ar an ionad trádála sin i dtéarmaí na gceanglas comhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus maidir le traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n‑imréiteach ag an CPL céanna, dá dtagraítear in Airteagal 35.
(d)paraiméadair maidir le nascacht tosaigh agus táillí rochtana lena áirithiú nach gcoisceann táillí den sórt sin go díreach nó go hindíreach rochtain éifeachtach ar fhothaí trádála, i gcomhréir leis an Airteagal seo, nó rochtain éifeachtach ar CPLanna, i gcomhréir le hAirteagal 35.’;
(10)i dTeideal VIa, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 1:
‘CAIBIDIL 1
Raon feidhme, inniúlachtaí agus nósanna imeachta’;
(11)Scriostar Airteagail 38a go 38f;
(12)cuirtear an tAirteagal 38fa seo a leanas isteach:
‘Airteagal 38fa
Raon feidhme mhaoirseacht ESMA le haghaidh ionaid trádála shuntasacha agus OMUEnna
1. Beidh ESMA ar an údarás inniúil le haghaidh:
(a)OMUEnna;
(b)oibreoirí margaidh a oibríonn ionad trádála suntasach amháin ar a laghad nó atá mar chuid den ghrúpa céanna TLU nó CPL dá bhfuil ESMA ina údarás inniúil dó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(c)gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionad trádála suntasach amháin ar a laghad nó atá mar chuid den ghrúpa céanna TLU nó CPL dá bhfuil ESMA ina údarás inniúil dó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i ndáil le hoibriú saoráidí trádála iltaobhacha ó saoráidí trádála eagraithe.
Measfar go bhfuil ionad trádála suntasach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)tá an t‑ionad trádála tábhachtach do gheilleagar an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 38fb(1); agus
(b)tá gné shuntasach trasteorann ag an ionad trádála dá dtagraítear in Airteagal 38fb(2).
I gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil do OMUE, oibreoir nó gnólacht infheistíochta de bhun na chéad fomhíre, beidh ESMA ina údarás inniúil freisin do na hionaid trádála uile a oibríonn na heintitis sin.
I gcás inarb é ESMA an t‑údarás inniúil de bhun na chéad fomhíre maidir le gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála suntasach, agus i gcás ina mbaineann an gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh le grúpa atá comhdhéanta d’ionaid trádála eile, beidh ESMA ina údarás inniúil maidir le gach ionad trádála, chomh maith le hoibreoirí margaidh nó gnólachtaí infheistíochta a oibríonn na hionaid trádála sin, atá mar chuid de ghrúpa an ghnólachta infheistíochta nó an oibreora margaidh sin a oibríonn ionad trádála suntasach.
Beidh ESMA cumhachtaithe leis na cumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus forfheidhmiúcháin is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú ar na heintitis dá dtagraítear sa mhír seo le feidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2. De mhaolú ar mhír 1, beidh údaráis faireachais náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18a), freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagail 2g(5), an ceathrú fomhír, Airteagal 2k(1) agus (2), Airteagal 2u(7), Airteagal 2v(1) agus (2), Airteagal 25(2), Airteagal 26(5), Airteagal 26(7), an chéad fhomhír agus an fomhír deiridh, agus Airteagal 34b ag eintitis faoi réir mhaoirseacht ESMA.
Beidh údaráis faireachais náisiúnta in ann na cumhachtaí a thugtar d’údaráis náisiúnta inniúla faoi Theideal VI de Threoir 2014/65/AE a fheidhmiú, lena n‑áirítear an chumhacht chun glacadh le smachtbhannaí agus bearta riaracháin eile i gcás sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo.’;
(13)cuirtear an tAirteagal 38fb seo a leanas isteach:
‘Airteagal 38fb
Modheolaíocht, pleananna idirthréimhseacha agus liosta d’ionaid trádála suntasacha
1. Chun críocha Airteagal 38fa(1), measfar go bhfuil ionad trádála tábhachtach do gheilleagar an Aontais i gcás ina bhfuil an cóimheas idir an méid trádála ar an ionad trádála sin nó, i gcás ina bhfuil an t‑ionad trádála mar chuid de ghrúpa, an méid trádála comhiomlánaithe ar leibhéal grúpa, agus an méid trádála iomlán ar ionaid trádála san Aontas níos mó ná 5 % nó cothrom leis maidir le ceann ar bith de na haicmí ionstraimí airgeadais a leanas:
(a)scaireanna;
(b)ETFanna;
(c)bannaí;
(d)díorthaigh a bhaineann le ceann ar bith díobh seo a leanas:
(i)cothromas;
(ii)creidmheas;
(iii)ráta úis;
(iv)airgeadra; nó
(v)tráchtearraí.
2. Chun críocha Airteagal 38fa(1), measfar go mbeidh gné shuntasach trasteorann ag ionad trádála i gcás ina gcomhlíonann sé ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha a leanas:
(a)tá an t‑ionad trádála mar chuid de ghrúpa ina n‑áirítear ceann amháin ar a laghad de na gnóthais a leanas atá údaraithe le hoibriú i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an t‑ionad trádála sin lonnaithe nó oibriú:
(i)ionad trádála eile;
(ii)TLU; nó
(iii)CPL;
(b)maidir leis na haicmí d’ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), tá an cóimheas idir an méid trádála ar an ionad trádála sna hionstraimí airgeadais sin dá bhfuil údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26 éagsúil ó údarás inniúil an ionaid trádála, agus go bhfuil an méid trádála iomlán i ngach ionstraim airgeadais a bhaineann leis an aicme chéanna ar an ionad trádála sin níos mó ná 50 % nó cothrom leis;
(c)maidir leis na haicmí d’ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), tá an cóimheas idir an líon idirbheart ar an ionad trádála sna hionstraimí airgeadais sin dá bhfuil ar a laghad contrapháirtí amháin leis an idirbheart lonnaithe i mBallstát atá éagsúil ón gceann ina bhfuil an t‑ionad trádála lonnaithe nó á oibriú agus go bhfuil an líon iomlán idirbheart i ngach ionstraim airgeadais a bhaineann leis an aicme chéanna ar an ionad trádála sin níos mó ná 50 % nó cothrom leis.
3. Gan dochar d’Airteagal 38fa(1), agus míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, measfar go bhfuil ionad trádála suntasach i gcás ina bhfuil an cóimheas idir an méid trádála in aon aicme ionstraimí airgeadais, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar an ionad trádála sin nó, i gcás ina bhfuil an t‑ionad trádála mar chuid de ghrúpa, ar leibhéal grúpa, agus go bhfuil an méid trádála iomlán san Aontas san aicme sin d’ionstraimí airgeadais níos mó ná 50 % nó cothrom leis.
4. Sainaithneoidh ESMA na hionaid trádála a mheastar a bheith suntasach de bhun na modheolaíochta a leagtar amach míreanna 1, 2 agus 3. Déanfaidh ESMA anailís ar fhorbairtí margaidh gach 12 mhí ag tosú ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] lena chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann ionaid trádála a oibríonn san Aontas na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, nó an coinníoll a leagtar amach i mír 3.
Má thagann ESMA ar an gconclúid go gcomhlíonann ionad trádála na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, nó an coinníoll a leagtar amach i mír 3, tabharfaidh sé fógra, gan moill mhíchuí, don ionad trádála agus d’údarás inniúil an ionaid trádála sin. Bunóidh ESMA agus údarás inniúil ionaid trádála a mheastar a bheith suntasach plean aistrithe maoirseachta chun aistriú réidh agus ordúil inniúlachtaí agus dualgas chuig ESMA a áirithiú. Beidh dáta éifeachtach an aistrithe inniúlachtaí nach déanaí ná 1 bhliain amháin tar éis an dáta ar thug ESMA an fógra dá dtagraítear sa mhír seo, agus in aon chás nach luaithe ná [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
5. Fíoróidh ESMA cé acu an leanann nó nach leanann ionaid trádála faoina mhaoirseacht ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, nó an coinníoll a leagtar amach i mír 3, gach 12 mhí ag tosú sa bhliain tar éis an chéad bhliain féilire tar éis an dáta a bhíonn ESMA ina údarás inniúil le haghaidh ionaid trádála suntasacha.
Má thagann ESMA ar an gconclúid nach gcomhlíonann ionad trádála na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, nó an coinníoll a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh feadh tréimhse 3 bliana as a chéile, tabharfaidh sé fógra, gan moill mhíchuí, don ionad trádála agus d’údarás faireachais náisiúnta an ionaid trádála sin maidir leis an gcás sin.
6. Tabharfaidh an t‑údarás faireachais náisiúnta, laistigh de 3 mhí ó fhaightear an fógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5, fógra do ESMA agus don ionad trádála maidir lena bhfanfaidh an t‑ionad trádála faoi mhaoirseacht ESMA nó an mbeidh sé faoi réir maoirseacht náisiúnta go heisiach.
I gcás ina gcinneann an t‑údarás faireachais náisiúnta go mbeidh ionad trádála faoi réir maoirseacht náisiúnta, ullmhóidh sé, i bpáirt le ESMA, plean aistrithe maoirseachta sula nglacfaidh sé le hinniúlachtaí agus dualgais mhaoirseachta ESMA. Áireofar sa phlean aistrithe maoirseachta gach socrú idirthréimhseach is gá chun aistriú réidh agus ordúil inniúlachtaí agus dualgas idir ESMA agus údaráis faireachais náisiúnta a áirithiú chomh maith le dáta éifeachtach, faoina mbeidh feidhm ag aistriú inniúlachtaí agus dualgas den sórt sin.
Beidh an t‑údarás faireachais náisiúnta ina údarás inniúil don ionad trádála ar dháta éifeachtach an aistrithe inniúlachtaí agus dualgas chuig an údarás faireachais náisiúnta sin. Ionas go mbeidh aistriú maoirseachta éifeachtach, comhaontóidh ESMA agus an t‑údarás faireachais náisiúnta go foirmiúil gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le haistriú réidh agus ordúil inniúlachtaí. Beidh dáta éifeachtach an aistrithe inniúlachtaí nach déanaí ná 1 bhliain amháin tar éis an dáta ar thug an t‑údarás faireachais náisiúnta an fógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5.
7. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid a leanas:
(a)an mhodheolaíocht a shonrú chun na cóimheasa a ríomh dá dtagraítear i míreanna 1 go 3, lena n‑áirítear na tréimhsí ama le húsáid do ríomh den sórt sin, lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ionad trádála suntasach á oibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh;
(b)na haicmí ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a shonrú agus a fhorlíonadh;
(c)na céimeanna nós imeachta riachtanacha a shonrú, lena n‑áirítear ábhar na bpleananna aistrithe maoirseachta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhíreanna 5 agus 6, chun aistriú réidh agus ordúil inniúlachtaí agus dualgas a áirithiú.
8. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 1, mír 2, pointe (b), agus mír 3 a leasú i bhfianaise forbairtí margaidh.
9. Bunóidh ESMA liosta de na hionaid trádála suntasacha uile agus a n‑oibreoirí a bheidh faoi réir a mhaoirseachta de bhun Airteagal 38fa(1) agus foilseoidh sé é ar a shuíomh gréasáin.
Tabharfaidh ÚEÚM go tráthrialta, an liosta a fhoilsítear ar a shuíomh gréasáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cothrom le dáta.’;
(14)cuirtear na hAirteagail 38fc agus 38fd seo a leanas isteach:
‘Airteagal 38fc
Imscrúduithe ginearálta agus cumhachtaí maoirseachta
1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 39c de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, imscrúduithe is gá a dhéanamh maidir leis na daoine a leanas:
(a)socrú formheasta maidir le foilsiú, soláthraí teilitéipe comhdhlúite, sásra tuairiscithe formheasta, agus gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála agus a chuireann seirbhísí socraithe fhormheasta maidir le foilsiú, soláthraí teilitéipe comhdhlúite nó sásra tuairiscithe formheasta ar fáil, i gcás ina bhfuil siad faoi mhaoirseacht ag ESMA, agus na daoine a rialaíonn iad nó atá á rialú acu;
(b)gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, OMUE i gcás ina bhfuil siad faoi mhaoirseacht ag ESMA, agus na daoine a rialaíonn iad nó atá á rialú acu;
(c)bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);
(d)iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).
Chuige sin, beidh ESMA in ann na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 39c de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú.
2. Chomh maith leis na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 39c agus Airteagal 39h(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus chun a dhualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo a mhéid a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus OMUEnna, beidh sé de chumhacht ag ESMA:
(a)glacadh le haon chineál birt lena áirithiú go leanann gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh, OMUEnna agus daoine eile lena bhfuil feidhm ag an Rialachán seo nó ag Treoir 2014/65/AE ag comhlíonadh ceanglas faoin Rialachán agus faoin Treoir sin;
(b)feidhmiú na gceart vótála a bhaineann leis na scaireanna atá i seilbh daoine a imríonn tionchar suntasach ar bhainistiú margaí rialáilte, oibreoirí margaidh agus OMUEnna nach gcomhlíonann forálacha an Rialacháin seo a chur ar fionraí;
(c)ordú breithiúnach a lorg maidir le neamhniú na vótaí a chaitear nó dá neamhniú i gcás athrú a fháil ar leasanna rialaithe margaí rialáilte agus/nó oibreoirí margaidh nó OMUE a sháraíonn Airteagal 2e;
(d)a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus OMUEnna rialacha margadh rialáilte, saoráide trádála iltaobhaí nó saoráide trádála eagraithe a leasú.
Airteagal 38fd
Bunachar sonraí lárnach
1. Déanfaidh ESMA bunachar sonraí lárnach a bhunú agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 35c de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, lena áirithiú gur féidir leis na heintitis agus na húdaráis a leanas a ndoiciméid a chur isteach agus rochtain a fháil ar a ndoiciméid agus doiciméid a bheidh dírithe orthu, mar dhoiciméid atá cláraithe laistigh den bhunachar sonraí sin:
(a)OMUEnna;
(b)oibreoirí margaidh a oibríonn ionad trádála suntasach amháin ar a laghad nó atá mar chuid den ghrúpa céanna TLU nó CPL dá bhfuil ESMA ina údarás inniúil dó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(c)gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionad trádála suntasach amháin ar a laghad nó atá mar chuid den ghrúpa céanna TLU nó CPL a bhfuil ESMA ina údarás inniúil dó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i ndáil le hoibriú saoráidí trádála iltaobhacha ó saoráidí trádála eagraithe;
(d)ionaid trádála eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna mar oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c);
(e)údaráis faireachais náisiúnta ábhartha na n‑eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (d);
(f)ESMA;
(g)an t‑údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2q go hAirteagal 2t den Rialachán seo;
(h)aon fhaighteoir eile, mar a shonraítear faoin Rialachán seo.
2. Áiritheoidh ESMA go ndéanfaidh an bunachar sonraí lárnach na feidhmeanna a leagtar amach san Airteagal seo. Fógróidh ESMA bunú an bhunachair sonraí lárnaigh ar a shuíomh gréasáin.
3. Cuirfidh na heintitis agus na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 isteach an fhaisnéis a leanas tríd an mbunachar sonraí lárnach:
(a)
aon fhaisnéis a bhaineann le húdaruithe na n‑eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d), i gcás ina n‑eisítear na húdaruithe sin de bhun an Rialacháin seo;
(b)
aon fhaisnéis nó aon cheist a chuirtear isteach go foirmiúil nó aon fhaisnéis a iarann aon cheann de na heintitis agus údaráis dá dtagraítear i mír 1 go foirmiúil, de bhun nithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus i gcás ina gcuirtear isteach nó ina n‑iarrtar í tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;
(c)
faisnéis maidir le húdaruithe reatha na n‑eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) go (d), i gcás ina n‑eisítear í roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
I gcás ina gcuirtear faisnéis isteach chuig na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, pointí (e) go (g), ba cheart admháil fála a sheoladh tríd an mbunachar sonraí lárnach laistigh de 2 lá oibre tar éis an fhaisnéis a fháil.
4. I gcás ina gceanglaítear ar aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, pointí (e) go (g), fógra a thabhairt dá chéile faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3, measfar go bhfuil an ceanglas sin maidir le fógra comhlíonta i gcás ina gcuirtear isteach na doiciméid nó an fhaisnéis ábhartha faoi réir an fhógra sin chuig an mbunachar sonraí, ar choinníoll go bhfuil rochtain ag faighteoir an fhógra ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis sin tríd an mbunachar sonraí.
5. Beidh an bunachar sonraí lárnach ceaptha chun na heintitis agus na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas go huathoibríoch nuair a dhéantar athruithe ar a inneachar, lena n‑áirítear doiciméid a uaslódáiltear nó a scriostar, doiciméid a dhéantar a ionadú, ceisteanna a thíolactar agus iarrataí ar fhaisnéis.’;
(15)Leasaítear Airteagal 38g mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Airteagal 38g
Pionóis i leith sáruithe’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. I gcás ina bhfaigheann ESMA amach nár chomhlíon duine a liostaítear in Airteagal 38fc(1), pointe (a), aon cheann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 20 go 22c, ná i dTeideal IVa, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)glacfaidh sé cinneadh ag ceangal ar an duine deireadh a chur leis an sárú;
(b)cinneadh a ghlacadh a ghearrann fíneálacha de bhun Airteagal 38g den Rialachán seo nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Airteagal 39g de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(c)eiseoidh sé fógraí poiblí.’;
(c)cuirtear na míreanna (1a) agus (1b) seo a leanas isteach:
‘1a. Glacfaidh ESMA ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1b, i gcás ina gcinneann sé nár chomhlíon duine a liostaítear in Airteagal 38fc(1), pointe (b), ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos in:
(a)Airteagal 2a(1), (3) agus (4);
(b)Airteagal 2d(1) go (6) agus (8);
(c)Airteagal 2e(1) agus (2);
(d)Airteagal 2f(1), (1a) agus (2);
(e)Airteagal 2g(1) go (4), Airteagal 2g(5), an chéad, dara agus tríú fomhír, Airteagal 2g(6) go (8), Airteagal 2g(9), an chéad fhomhír, agus Airteagal 2g(10), an chéad fhomhír, an chéad agus an dara habairt, agus an dara fomhír;
(f)Airteagal 2h(1);
(g)Airteagal 2i(1), an chéad agus an dara fomhír Airteagal 2i(2) go (4), agus Airteagal 2i(5), an dara habairt;
(h)Airteagal 2j(1) agus (4);
(i)Airteagal 2l(1), (2), (3), (3a), (5) agus (6);
(j)Airteagal 2m;
(k)Airteagal 2n(1), Airteagal 2n(2), an chéad fhomhír, agus Airteagal 2n(3), an chéad fhomhír;
(l)Airteagal 2o(2), an chéad fhomhír, an chéad abairt, agus Airteagal 2o(3), an chéad abairt;
(m)Airteagal 2q(5);
(n)Airteagal 2r(1);
(o)Airteagal 2s(1);
(p)Airteagal 2u(1) go (5) agus (8);
(q)Airteagal 2w;
(r)Airteagal 2x(1) go (3), Airteagal 2x(3a), an chéad agus an dara fomhír, agus Airteagal 2x(5);
(s)Airteagal 2y(3), (3a) agus (7);
(t)Airteagal 2z(1) go (4), Airteagal 2z(6), an chéad agus an dara fomhír, agus Airteagal 2z(7), an chéad agus an dara habairt;
(u)Airteagal 2za(3) agus (4);
(v)Airteagal 2zd(1) agus (2);
(w)Airteagal 3(1) agus (3);
(x)Airteagal 4(3), an chéad fhomhír;
(y)Airteagal 5;
(``)Airteagal 6;
(za)Airteagal 7(1), an tríú fomhír, an chéad abairt;
(zb)Airteagal 8(1);
(zc)Airteagal 8a(1) agus (2);
(zd)‘Airteagal 8b;
(ze)Airteagal 10;
(zf)Airteagal 11(1), an dara fomhír, an chéad abairt, Airteagal 11(1a), an dara fomhír, Airteagal 11(1b) agus Airteagal 11(3), an ceathrú fomhír;
(zg)Airteagal 11a(1), an dara fomhír, an chéad abairt, agus Airteagal 11a(1), an ceathrú fomhír;
(zh)Airteagal 12(1);
(zi)Airteagal 13(1) agus (2);
(zj)Airteagal 22(2);
(zk)Airteagal 22a(1) agus (5) go (8);
(zl)Airteagal 22b(1);
(zm)Airteagal 22c(1);
(zn)Airteagal 26(7), an cúigiú fomhír;
(zo)Airteagal 27(1), an chéad, an dara agus an ceathrú fomhír;
(zp)Airteagal 29(1) agus (2);
(zq)Airteagal 30(1);
(zr)Airteagal 31(3);
(zs)Airteagal 34c;
(zt)Airteagal 35(1), (2) agus (3);
(zu)Airteagal 36(1), (2) agus (3);
(zv)Airteagal 37(3);
(zw)Airteagail 40, 41 agus 42.
1b. I gcásanna ina sáraítear ceann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear i mír 1a, glacfaidh ESMA ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a leanas:
(a)ráiteas poiblí, ina sonraítear an duine nádúrtha nó dlítheanach agus cineál an tsáraithe;
(b)ordú a eisiúint ina n‑éilítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;
(c)i gcás gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh nó OMUE faoi mhaoirseacht ESMA, aistarraingt nó fionraíocht an údaraithe, nó cuid den údarú sin, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/65/AE, Airteagal 2c, 2q(3) nó 2zc den Rialachán seo;
(d)maidir le gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil faoi mhaoirseacht ESMA go heisiach, iarraidh dírithe ar údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta, chun cosc sealadach nó, i gcás sáruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile, cosc buan in aghaidh aon chomhalta de chomhlacht bainistithe an ghnólachta infheistíochta nó aon duine nádúrtha eile, a leagfar freagracht air, faoi fheidhmeanna bainistithe i ngnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus OMUEnna a fheidhmiú;
(e)cosc sealadach nó, i gcás sáruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile, cosc buan in aghaidh aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta atá faoi mhaoirseacht ESMA go heisiach, oibreoir margaidh nó OMUE nó aon duine nádúrtha eile, a leagfar freagracht air, faoi fheidhmeanna bainistíochta i ngnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus OMUEnna a fheidhmiú;
(f)cinneadh a ghearrann fíneálacha de bhun Airteagal 38g den Rialachán seo nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Airteagal 39g de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. I gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1b á nglacadh, cuirfidh ESMA san áireamh cineál agus tromchúis an tsáraithe, ag féachaint do na critéir a leagtar amach in Airteagal 39h(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin.’;
(e)scriostar mír 3;
(16)Leasaítear Airteagal 38h mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Glacfaidh ESMA cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 nó mír 3 den Airteagal seo, más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 39f(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go gcinneann sé:
(a)nár chomhlíon duine dá dtagraítear in Airteagal 38fc(1), pointe (a), aon cheann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 22 go 22c, ná i dTeideal IVa, d’aon ghnó nó le faillí; nó
(b)nár chomhlíon duine dá dtagraítear in Airteagal 38fc(1), pointe (b), aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 38g(1a), d’aon ghnó nó le faillí.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. EUR 200 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta.’;
(c)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. Is é a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1, pointe (b):
(a)i gcás duine dlítheanach, suas le EUR 5 000 000, nó sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an [OP cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is deireanaí atá ar fáil atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta; i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh;
(b)i gcás duine nádúrtha, suas le EUR 5 000 000, nó sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an [OP cuir isteach dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];
(c)dhá oiread mhéid an tsochair arna dhíorthú ón sárú ar a laghad i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más mó é sin ná na huasmhéideanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b).’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Agus an leibhéal fíneála á chinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh ESMA na critéir a leagtar amach in Airteagal 38h(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 san áireamh.’;
(17)Scriostar Airteagail 38i go 38m;
(18)Leasaítear Airteagal 38n mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Gearrfaidh ESMA táillí ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus OMUEnna faoi mhaoirseacht ESMA i gcomhréir le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo.’;
(b)scriostar mír 2;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a mbeidh siad le híoc a shonrú tuilleadh.’;
(d)cuirtear an mhír 4 agus an mhír 5 seo a leanas leis:
‘4. Maidir le gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus OMUEnna faoi mhaoirseacht ESMA, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a mbeidh siad le híoc a shonrú tuilleadh.
5. I ndáil le gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus OMUEnna faoi mhaoirseacht ESMA, i gcás ina bhfuil táillí nó muirir á ngearradh ag údaráis faireachais náisiúnta i leith a gcúraimí a chomhlíonadh dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, go háirithe i ndáil le faireachas margaidh, beidh táillí nó muirir den sórt sin comhsheasmhach leis an gcostas foriomlán a bhaineann le feidhmiú fheidhmeanna an údaráis sin.’;
(19)Scriostar Airteagal 38o;
(20)Leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 2zg(1) agus (2), Airteagal 5(10), Airteagal 8a(4), Airteagal 17(3), Airteagal 27(4) agus (5), Airteagal 31(4), Airteagal 34b(4), Airteagal 36(6), Airteagal 38fb(7) agus (8), Airteagal 38n(3) agus (4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (14b) agus (15), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 2 Iúil 2014.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 2zg(1) agus 2, Airteagal 5(10), Airteagal 8a(4), Airteagal 17(3), Airteagal 27(4) agus (5), Airteagal 31(4), Airteagal 34b(4), Airteagal 36(6), Airteagal 38fb(7) agus (8), Airteagal 38n(3) agus (4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (14b) agus (15) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) nó (3), Airteagal 2zg(1) agus (2), Airteagal 5(10), Airteagal 8a(4), Airteagal 17(3), Airteagal 27(4) nó (5), Airteagal 31(4), Airteagal 34b(4), Airteagal 36(6), Airteagal 38fb(7) agus (8), Airteagal 38n(3) agus (4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) nó Airteagal 52(10), (14b) agus (15), i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;
(21)Leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 14:
‘14. Faoin 30 Meitheamh 2028, déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), measúnú ar éileamh an mhargaidh ar an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, ar thionchar na teilitéipe comhdhlúite sin ar fheidhmiú, ar tharraingteacht agus iomaíochas idirnáisiúnta mhargaí agus ghnólachtaí an Aontais, agus ar cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an teilitéip chomhdhlúite an aidhm atá aici neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú agus suíomh níos tarraingtí a dhéanamh den Aontas chun infheistíocht a dhéanamh. Tuairisceoidh ESMA don Choimisiún maidir lena iomchuí atá sé gnéithe breise a chur leis an teilitéip chomhdhlúite. Ar bhonn na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’;
(b)i mír 14b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Faoin 29 Márta 2029, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ESMA, measúnú ar an bhféidearthacht ceanglais Airteagal 26 den Rialachán seo a leathnú chuig bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE iad agus chuig cuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE, a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta agus a dhéanann idirbhearta in ionstraimí airgeadais a fhorfheidhmiú.’;
(c)cuirtear mír 16 seo a leanas leis:
‘16. Faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta = 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh ESMA tuarascáil chuig an gCoimisiún ina mbeidh measúnú ar staid na rochtana trasteorann ar ionaid trádála ag rannpháirtithe sa mhargadh san Aontas, chomh maith leis na costais a thabhaigh rannpháirtithe sa mhargadh agus cliaint deiridh a bhaineann le trádáil trasteorann san Aontas. Go háirithe, ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil ar a mhéid atá réitigh curtha chun feidhme ag OMUEnna chun leachtacht a chomhthiomsú feadh na n‑ionad trádála a oibríonn siad.’;
(22)in Airteagal 54, cuirtear isteach an mhír 1a agus an mhír 1b seo a leanas:
‘1a. Déanfar tagairtí do na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE a chúlghairtear de bhun Threoir [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach tagairt do thogra na Máistir-treorach Leasaithe] a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
1b. Measfar go mbeidh margadh rialáilte nó oibreoir margaidh atá údaraithe cheana féin sa Bhallstát ina bhfuil sé cláraithe, nó mura bhfuil oifig chláraithe aige faoi dhlí an Bhallstáit sin, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe, de bhun Threoir 2014/65/AE de réir mar is infheidhme, roimh an [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], údaraithe chun críocha an Rialacháin seo.
Measfar go mbeidh oibreoir margaidh atá údaraithe cheana féin sa Bhallstát ina bhfuil sé cláraithe, mura bhfuil oifig chláraithe aige faoi dhlí an Bhallstáit sin, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe, de bhun Threoir 2014/65/AE de réir mar is infheidhme, roimh an [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], chun saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibriú, údaraithe chun sin a dhéanamh chun críocha an Rialacháin seo.’;
(23)Leasaítear Airteagal 54a mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. I gcás ina dtagann ESMA ar an gconclúid go gcomhlíonann ionad trádála na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 38fb(1) agus (2), nó an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 38fb(3), roimh [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta = 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaitheach], aistreofar gach inniúlacht agus dualgas a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmithe maidir leis an ionad trádála sin chuig ESMA an [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta = 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaitheach].
I gcás, de thoradh na hanailíse ar fhorbairtí margaidh dá dtagraítear in Airteagal 38fb(4), go dtagann ESMA ar an gconclúid go gcomhlíonann ionad trádála na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 38fb(1) agus (2), nó an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 38fb(3), aistreofar gach inniúlacht agus dualgas a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin maidir leis an ionad trádála sin chuig ESMA ar an dáta a chomhaontaítear idir ESMA agus údarás inniúil an ionaid trádála agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin tar éis dáta an fhógra ó ESMA dá dtagraítear in Airteagal 38fb(4), an dara fomhír.’;
(b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfaigheann ESMA aon chomhad agus doiciméad oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin leanúnach maidir le hionaid trádála dá dtagraítear in Airteagal 38fa, lena n‑áirítear aon scrúdú agus aon ghníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóip deimhnithe díobh, faoin dáta dá dtagraítear i mír 1a.
Féadfaidh ESMA iarraidh ar na húdaráis inniúla aon doiciméad breise ar ann dóibh a sholáthar a bhaineann le hiarghníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le hionaid trádála dá dtagraítear in Airteagal 38fa. Cuirfidh na húdaráis inniúla na doiciméid seo ar fáil do ESMA gan moill mhíchuí.’;
(c)cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:
‘3a. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ESMA chun go n‑éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir leis na hionaid trádála dá dtagraítear in Airteagal 38fa ag ESMA.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Má aistrítear an inniúlacht mhaoirseachta chuig ESMA, tabharfaidh an t‑údarás a dtagann deireadh lena údarás faoi iarrachtaí chun aon nós imeachta maoirseachta ar feitheamh óna dteastaíonn cinneadh roimh an dáta ar a bhfuil an t‑athrú san inniúlacht mhaoirseachta le tarlú a chur i gcrích. I gcás, gan beann ar na hiarrachtaí is fearr ó na húdaráis inniúla, nárbh fhéidir aon nós imeachta maoirseachta ar feitheamh a chur i gcrích roimh dháta an aistrithe éifeachtaigh inniúlachtaí agus dualgas chuig ESMA, gníomhóidh ESMA mar chomharba dlíthiúil na n‑údarás inniúil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a in aon imeacht riaracháin nó breithiúnach a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo.’;
(e)cuirtear mír 5a seo a leanas isteach:
‘5a. Beidh aon údarú atá ag gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála nó aon údarú atá ag margadh rialáilte ó údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), mír (18), pointe (a) fós bailí tar éis na hinniúlachtaí a aistriú chuig ESMA.’;
(24)Cuirtear isteach an tAirteagal 54ab seo a leanas:
‘Airteagal 54ab
Forálacha idirthréimhseacha maidir le rialacháin tharmligthe agus rialacháin cur chun feidhme
Na gníomhartha tarmligthe agus na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagail 31(4), 32(2), 32(4), 33(8), 48(12), 49(3), 49(4), 51(6), 51a(7), 52(2), 52(4), 54(4), 57(8) agus 58(6) de Threoir 2014/65/AE sa leagan atá i bhfeidhm an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae roimh dháta theacht i bhfeidhm na Máistir-Treorach], leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu mutatis mutandis maidir le hAirteagail 2h, 2i, 2j, 2k, 2n, 2u, 2v, 2y, 34a agus 34b den Rialachán seo.
Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 50, na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leasú de bhun Airteagail 2zg(2) agus 34b(4).
Na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagail 18(11), 32(3), 52(3), 58(5) agus 58(7) de Threoir 2014/65/AE sa leagan atá i bhfeidhm an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae roimh dháta theacht i bhfeidhm na Máistir-Treorach], leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu mutatis mutandis maidir le hAirteagail 2k, 2u, 2v agus 34b den Rialachán seo.
I gcás ina measann an Coimisiún gur gá leasuithe a dhéanamh ar na caighdeáin theicniúla rialála nó ar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa tríú fomhír, leanfaidh sé na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(4a) nó 15(4a) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Glacfar na leasuithe sin de bhun Airteagail 2zg(3), an dara fomhír, 2zg(4), an dara fomhír, 34a(1), an tríú fomhír, 34b(3), an dara fomhír agus 34b(5), an dara fomhír.’;
(25)in Airteagal 54b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Aon duine a údaraítear de réir bhrí Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, a dhéanann an cúram a bhfuil tuairisc air in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* nó in Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE nó aon chúram eile a fhorordaítear le dlí i soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí nó in ionad trádála arna oibriú ag duine dá dtagraítear in Airteagal 38fa(1), beidh sé de dhualgas air nó uirthi a thuairisciú go pras do ÚEUM aon fhíoras nó cinneadh a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin nó leis an ionad trádála sin ar tháinig an duine sin air agus é nó í i mbun an chúraim sin agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:
(a)d’fhéadfadh sé a bheith ina shárú ábhartha ar na dlíthe, ar na rialacháin nó ar na forálacha riaracháin lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear údarú nó lena rialaítear go sonrach saothrú ghníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí nó an ionaid trádála arna oibriú ag duine dá dtagraítear in Airteagal 38fa(1);
(b)d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh d’fheidhmiú leanúnach an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí nó an ionaid trádála a oibríonn duine dá dtagraítear in Airteagal 38fa(1);
(c)d’fhéadfadh sé údar a thabhairt chun deimhniú na gcuntas a dhiúltú nó cúiseanna imní a chur in iúl.
Beidh dualgas ar an duine sin freisin aon fhíoras agus cinneadh a thuairisciú a dtagann an duine ar an eolas faoi agus ceann de na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh aige nó aici i ngnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí nó leis na hionaid trádála a oibríonn duine dá dtagraítear in Airteagal 38fa(1) ina bhfuil an cúram sin á dhéanamh aige nó aici.
_______________________________
*
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87). ELI:
http://data.europa.eu/eli/dir/2006/43/oj
).
*
Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus maidir le tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19). ELI:
http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj
).’;
(26)cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
Airteagal 4
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 mar a leanas:
(1)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Airteagail 10 go 20, 22 go 24a agus 27, Airteagal 28(6), Airteagal 30(4) agus Airteagail 46 agus 47, Airteagal 48(2), (2a) agus (2b), agus Airteagal 48b, forálacha Theideal IV agus na ceanglais chun tuairisciú do na húdaráis inniúla nó do na húdaráis ábhartha nó chun a n‑orduithe a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, níl feidhm acu maidir le comhaltaí CEBC, comhlachtaí náisiúnta eile na mBallstát a gcuireann feidhmeanna den chuma chéanna i gcrích, nó maidir le comhlachtaí poiblí eile a mbeidh sé de chúram orthu fiachas poiblí a bhainistiú san Aontas nó idirghabháil a dhéanamh i mbainistiú fiachais phoiblí san Aontas maidir le haon taisclann lárnach urrús ar a ndéanann na comhlachtaí a luadh roimhe seo bainistiú díreach faoi fhreagracht an chomhlachta bainistithe chéanna, a bhfuil rochtain aici ar chistí na gcomhlachtaí sin agus nach eintiteas ar leithligh é.’;
(2)in Airteagal 2, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a)cuirtear isteach na pointí (1a) agus (1b) seo a leanas:
‘(1a) ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús shuntasach’ taisclann lárnach urrús a údaraítear faoi Airteagal 16 agus a cháilíonn mar thaisclann shuntasach de bhun Airteagal 11;
‘(1b) ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús ar lú a suntas’ taisclann lárnach urrús a údaraítear faoi Airteagal 16 nach taisclann lárnach urrús shuntasach í;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
‘(3) ciallaíonn ‘díluailiú’ suíomh na n‑urrús fisiceach agus neamhfhisiceach i dtaisclann lárnach urrús a chomhchruinniú ar bhealach lena bhféadfar aistrithe na n‑urrús sin ina dhiaidh sin a dhéanamh trí chuntas reatha;’;
(c)cuirtear isteach na pointí (4a) agus (4b) seo a leanas:
‘(4a) ciallaíonn ‘cuntas reatha’ taifead leictreonach, lena bhfianaítear aon chreidmheas nó dochar nó aon athrú eile a dhéantar ar an taifead leictreonach sin, i gcás inar féidir an taifead leictreonach agus aon athrú ar an taifead leictreonach sin a dhéanamh trí theicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid;
(4b) ciallaíonn ‘teicneolaíocht mórleabhar dáilte’ nó ‘DLT’ teicneolaíocht mórleabhar dáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2022/858;’;
(d)cuirtear isteach na pointí (8a), (8b), (8c) agus (8d) seo a leanas:
‘(8a) ciallaíonn ‘airgead bainc ceannais’ dliteanas bainc ceannais atá i bhfoirm taiscí i seilbh an bhainc ceannais, lena n‑áirítear taiscí i bhfoirm ceadchomharthaithe, agus is féidir a úsáid chun críoch socraíochta;
‘(8b) ciallaíonn ‘airgead bainc tráchtála’ dliteanas institiúide creidmheasa atá i bhfoirm taiscí i seilbh na hinstitiúide creidmheasa, lena n‑áirítear taiscí i bhfoirm ceadchomharthaithe, agus is féidir a úsáid chun críoch socraíochta;
(8c) ciallaíonn ‘airgead’ aon airgeadra, lena n‑áirítear i gcás ina n‑eisítear nó ina dtaifeadtar é ar mhórleabhar dáilte;
(8d) ciallaíonn ‘comhartha ríomh-airgid’ comhartha ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114;’;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:
‘(9) ciallaíonn ‘ordú aistrithe’ ordú aistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta];’;
(f)cuirtear isteach na pointí (9a) agus (9b) seo a leanas:
‘(9a) ciallaíonn ‘aistriú airgid’ nó ‘íocaíocht airgid’ idirbheart íocaíochta in airgead nó i comharthaí ríomh-airgid;
(9b) ciallaíonn ‘gné airgid’, i gcomhthéacs seachadta in áit íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (27), an t‑aistriú airgid comhfhreagrach;’;
(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10):
‘(10) ciallaíonn ‘córas socraíochta urrús’ córas socraíochta urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta] a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán sin agus nach n‑oibríonn contrapháirtí lárnach é;’;
(h)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (14):
‘(14) ciallaíonn ‘seisiún trádála’ seisiún trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28), de [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta];’;
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (15):
‘(15) ciallaíonn ‘teip socraíochta’ nach socraítear idirbheart urrús, nó nach socraítear é ach go páirteach, ar an dáta socraíochta atá beartaithe i ngeall ar easpa urrús nó íocaíochta, agus gan beann ar an mbunchúis;’;
(j)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (17):
‘(17) ciallaíonn ‘údarás inniúil’, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, an t‑údarás inniúil náisiúnta agus ÚEUM, arna ainmniú de bhun Airteagail 10 agus 11;’;
(k)cuirtear an pointe (17a) seo a leanas isteach:
‘(17a) ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ údarás náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil taisclann lárnach urrús bunaithe, arna ainmniú de bhun Airteagal 10(1);’;
(l)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (19):
‘(19) ciallaíonn ‘rannpháirtí’ rannpháirtí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta];’;
(m)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):
‘(20) ciallaíonn ‘leas rannpháirteachais’ rannpháirtíocht de réir bhrí na chéad abairte de phointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE, nó úinéireacht, dhíreach nó indíreach, ar 20 % nó níos mó de chearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;’;
(n)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (26):
‘(26) ciallaíonn ‘mainneachtain’, i ndáil le rannpháirtí, cás ina ndéantar imeachtaí dócmhainneachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta], a thionscnamh in aghaidh rannpháirtí nó imeacht a shainmhínítear i rialacha inmheánacha na taisclainne lárnaí urrús mar mhainneachtain;’;
(o)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (28):
‘(28) ciallaíonn ‘cuntas urrús’ cuntas nó taifead, lena n‑áirítear taifid leictreonacha láraithe agus dhíláraithe, ar a bhféadfar urrúis a chur chun sochair, a chur chun dochair nó a thaifeadadh ar shlí eile chun athrú ar thaifead na n‑urrús sin a chlárú;’;
(p)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (29):
‘(29) ciallaíonn ‘nasc idir taisclanna lárnacha urrús’ socrú idir taisclanna lárnacha urrús ina mbíonn taisclann lárnach urrús amháin ina rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús de chuid taisclainne lárnaí urrús eile d’fhonn aistriú urrús ó rannpháirtithe an dara taisclann lárnach urrús chuig rannpháirtithe an chéad taisclann lárnach urrús a éascú, nó socrú ina bhfaigheann taisclann lárnach urrús rochtain ar thaisclann lárnach urrús eile go neamhdhíreach trí idirghabhálaí. Áirítear ar naisc idir taisclanna lárnacha urrús naisc chaighdeánacha, naisc shaincheaptha, naisc neamhdhíreacha, naisc athsheachadta agus naisc idir-inoibritheacha;
(q)cuirtear an pointe (32a) seo a leanas isteach:
‘(32a) ciallaíonn ‘nasc athsheachadta’ nasc indíreach inar taisclann lárnach urrús é an tríú páirtí;’;
(r)cuirtear an pointe (33a) seo a leanas isteach:
‘(33a) ciallaíonn ‘nasc déthaobhach’ socrú idir dhá thaisclann lárnach urrús atá comhdhéanta de dhá nasc atá caighdeánach agus idir-inoibritheach araon, i gcás inarb é an dá taisclann lárnach urrús lena mbaineann an taisclann lárnach urrús is faighteoir i gceann de na naisc agus an taisclann lárnach urrús iarrthach sa nasc eile;’;
(s)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (43):
‘(43) ciallaíonn ‘gníomhaire socraíochta’ gníomhaire socraíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta];’;
(t)cuirtear isteach na pointí (51), (52), (53) agus (54) seo a leanas:
‘(51) ciallaíonn ‘ollsocraíocht fíor-ama’ sásra socraíochta ina ndéantar airgead, comharthaí ríomh-airgid nó orduithe aistrithe urrús i ndáil le hidirbhearta urrús na rannpháirtithe sa chóras socraíochta urrús a fhorghníomhú ar bhonn gach idirbhirt ar leith, agus ina ndéantar éilimh agus oibleagáidí na rannpháirtithe a shocrú gan iarchur agus ar bhonn comhlán;
(52) ciallaíonn ‘teachtaireacht maidir le neamhréir socraíochta’, i gcomhthéacs idirbheart urrús a shocrú, teachtaireacht a sheolann taisclann lárnach urrús chuig úinéir cuntais ag an taisclann lárnach urrús sin ina gcuirtear an t‑úinéir cuntais sin ar an eolas faoi neamhréir lena gcontrapháirtí maidir leis na sonraí a chuirtear isteach ina dtreoracha socraíochta faoi seach;
(53) ciallaíonn ‘bunachar sonraí lárnach’ an bunachar sonraí lárnach arna bhunú ag ÚEUM de bhun Airteagal 21a;
(54) ciallaíonn ‘leithscaradh cliant comhthiomsaithe’ socrú ina gcoimeádann taisclann lárnach urrús taifid agus cuntais lena gcuirfear ar a chumas d’aon rannpháirtí sa taisclann lárnach urrús sin na hurrúis ar le cliaint dhifriúla an rannpháirtí sin iad a shealbhú in aon chuntas urrús amháin.’;
(3)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Gan dochar do mhír 2, aon eisitheoir atá bunaithe san Aontas a eisíonn urrúis inaistrithe nó a bhfuil urrúis inaistrithe eisithe aige, urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionaid trádála, socróidh sé go ndéanfar na hurrúis sin a thaifeadadh i bhfoirm cuntais reatha trí bhíthin díluailithe nó taifeadadh tosaigh díreach i bhfoirm dhí-ábharaithe.’;
(4)leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:
‘Úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta agus a gcliaint ghairmiúla nósanna imeachta agus caighdeáin chumarsáide oscailte idirnáisiúnta chun na leithdháiltí agus na dearbhuithe dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo a chur in iúl.’;
(b)i mír 2, scriostar an tríú fomhír;
(c)i mír 4, cuirtear an abairt seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Cuirfidh taisclanna lárnacha urrús agus rannpháirtithe bearta i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh próiseáil na dtreoracha socraíochta lán‑uathoibrithe. Cuirfidh taisclanna lárnacha urrús de cheangal ar rannpháirtithe a n‑idirbhearta a shocrú ar an dáta socraíochta atá beartaithe agus bearta a chur i bhfeidhm lena n‑áiritheofar an ceanglas sin.’;
(d)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:
‘5. Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid a leanas uile a shonrú:
(a) na bearta chun teipeanna socraíochta a chosc chun éifeachtúlacht socraíochta a mhéadú agus go háirithe:
(i)na bearta atá le déanamh ag gnólachtaí infheistíochta agus ag a gcliaint ghairmiúla i gcomhréir le mír 2;
(ii)mionsonraí na nósanna imeachta lena n‑éascaítear socraíocht dá dtagraítear i mír 3, lena bhféadfaí múnlú mhéideanna na n‑idirbheart, socrú páirteach na dtrádálacha a bhfuil ag teip orthu agus úsáid clár uathiasachtaithe/uathiasachtaí arna soláthar ag taisclanna lárnacha urrús áirithe a áireamh. Is gá go n‑áireofar leis na nósanna imeachta sin ceanglais i ndáil le teachtaireachtaí maidir le neamhréir socraíochta agus i ndáil le cumhacht aturnae do rannpháirtithe le haghaidh treoracha meaitseáilte; agus
(iii)mionsonraí na mbeart chun socrú tráthúil na n‑idirbheart dá dtagraítear i mír 4 a spreagadh agus a dhreasú;
(b) na nósanna imeachta caighdeánaithe agus na prótacail teachtaireachtaí atá le cur chun feidhme ag gnólachtaí infheistíochta agus ag a gcliaint ghairmiúla i gcomhréir le mír 2, rud a fhágfaidh go bhféadfar leithdháiltí agus dearbhuithe a phróiseáil go huathoibríoch, agus go bhféadfaidh eisitheoirí, taisclanna lárnacha urrús agus bonneagair mhargaidh eile na nósanna imeachta agus na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sonraí teachtaireachtaí agus tagartha, dá dtagraítear in Airteagal 35, a chur chun feidhme chun an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 35 a chomhlíonadh.
Agus sonraí na mbeart dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh an teicneolaíocht a úsáideann taisclanna lárnacha urrús, amhail DLT. Agus mionsonraí na mbeart agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) den chéad fhomhír á bhforbairt ag ÚEUM, breithneoidh sé aon ghné atá ábhartha d’idirbhearta trasteorann.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 1 bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(5)in Airteagal 7(2), an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:
‘Níor cheart na pionóis airgid a chumrú mar fhoinse ioncaim don taisclann lárnach urrús ná dá rannpháirtithe. Íocfar pionóis airgid in airgead tirim nó i comharthaí ríomh-airgid.’;
(6)in Airteagal 7a(15), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 30 Deireadh Fómhair 2027.’;
(7)leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Tuairisceoidh inmheánaitheoirí socraíochta d’údaráis inniúla a n‑áite bunaíochta ar bhonn ráithiúil méid agus luach comhiomlánaithe, arna miondealú de réir chineál na hionstraime airgeadais agus chineál an idirbhirt, na n‑idirbheart urrús uile a shocraíonn siad lasmuigh de chórais socraíochta urrús, chomh maith leis na rátaí teipeanna socraíochta comhfhreagracha. Tarchuirfidh údaráis inniúla, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis a fhaightear faoin gcéad abairt chuig ÚEUM tríd an mbunachar sonraí lárnach agus nochtfaidh ÚEUM go poiblí an fhaisnéis maidir le rátaí na dteipeanna socraíochta a bhaineann le socraíocht inmheánaithe. Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas freisin faoi aon riosca a d’fhéadfadh teacht as an ngníomhaíocht socraíochta sin.’;
(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 18 mí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:
‘Airteagal 10
Is iad na Ballstáit a ainmníonn na húdaráis inniúla
1.Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó chun na cúraimí agus na dualgais a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i gcrích chun taisclanna lárnacha urrús ar lú a suntas atá bunaithe nó atá le bunú ar a chríoch a údarú agus a mhaoirsiú agus chun na feidhmeanna tacaíochta agus cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 14(3) a chur i gcrích. Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas faoi sin.
I gcás ina n‑ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil náisiúnta amháin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cinnfidh sé a róil faoi seach agus ainmneoidh sé údarás aonair le bheith freagrach as comhar agus malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le húdaráis inniúla na mBallstát eile, leis na húdaráis ábhartha, le ÚEUM, agus le ÚBE, i gcás ina dtagraítear go sonrach dóibh sa Rialachán seo.
2.Gan dochar d’Airteagal 11(1), féadfaidh Ballstát ÚEUM a ainmniú mar an t‑údarás inniúil do thaisclann lárnach urrús amháin nó níos mó ar lú a suntas atá bunaithe ar a chríoch. I gcás ina bhfeidhmeoidh sé an rogha sin, tabharfaidh an Ballstát fógra ina leith don Choimisiún, do ÚEUM agus don údarás inniúil náisiúnta tríd an mbunachar sonraí lárnach.
3.Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá ag an údarás inniúil náisiúnta chun a chuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Rialachán seo.
4.Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin liosta d’údaráis inniúla gach taisclainne lárnaí urrús arna n‑ainmniú i gcomhréir leis an Airteagal seo nó arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 11(1).
5.Tá forálacha an Airteagail seo gan dochar don fhormhaoirseacht a dhéanfaidh comhaltaí CEBC dá dtagraítear in Airteagal 12(1).’;
(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:
‘Airteagal 11
Údarás inniúil le haghaidh taisclanna lárnacha urrús suntasacha
1.Is é ÚEUM a bheidh ina údarás inniúil do thaisclanna lárnacha urrús suntasacha agus déanfaidh sé na cúraimí maoirseachta agus na dualgais mhaoirseachta a leagtar síos sa Rialachán seo maidir lena n‑údarú agus lena maoirseacht.
2.Measfar gur taisclann lárnach urrús shuntasach í taisclann lárnach urrús i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
(a)comhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 11a(1);
(b)baineann sé leis an ngrúpa céanna le ceann amháin ar a laghad de na heintitis seo a leanas:
(i)taisclann lárnach urrús atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit eile;
(ii)taisclann lárnach urrús, contrapháirtí lárnach nó ionad trádála arb é ÚEUM an t‑údarás inniúil ina leith;
(c)go n‑oibríonn sé córas socraíochta urrús arna rialú le dlí Ballstáit eile seachas an Ballstát ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe, i gcás inar ainmníodh an córas sin i gcomhréir le hAirteagal 3 de [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta];
(d)tá ÚEUM ainmnithe ag an mBallstát ina bhfuil an taisclann lárnach urrús bunaithe mar an t‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 10(2), i gcás ina mbeidh feidhm ag an ainmniú sin maidir leis an taisclann lárnach urrús sin.
Cinnfidh ÚEUM an gcomhlíonann taisclann lárnach urrús na coinníollacha chun cáiliú mar thaisclann lárnach urrús shuntasach i gcomhréir leis an Airteagal seo.
3.Déanfaidh ÚEUM measúnú, gach 12 mhí ar a laghad, i dtaobh an gcomhlíonann aon taisclann lárnach urrús údaraithe ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach i mír 2.
4.I gcás ina gcinnfidh ÚEUM go gcomhlíonann taisclann lárnach urrús údaraithe ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, cáileoidh an taisclann lárnach urrús sin mar thaisclann lárnach urrús shuntasach. I gcás nach ndéanann ÚEUM maoirseacht ar an taisclann lárnach urrús go fóill, féadfaidh ÚEUM tréimhse oiriúnaithe fhéideartha a shocrú nach rachaidh thar 6 mhí, agus ina dhiaidh sin déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar an taisclann lárnach urrús.
Tabharfaidh ÚEUM fógra don taisclann lárnach urrús lena mbaineann, dá húdaráis ábhartha agus dá húdarás inniúil náisiúnta maidir le toradh an chinnidh, agus maidir le haon tréimhse oiriúnaithe, dá dtagraítear sa dara fomhír laistigh de dhá lá oibre ó dháta an chinnidh sin.
5.Sula ndéanfaidh duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 16, iarrfaidh sé ar ÚEUM, tríd an mbunachar sonraí lárnach, a chinneadh an gcomhlíonann sé ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo.
Féadfaidh ÚEUM tuilleadh faisnéise a iarraidh ar an duine dlítheanach sin chun na críche sin. Soláthróidh an duine dlítheanach an fhaisnéis a iarradh laistigh den sprioc-am a leag ÚEUM síos. Cinnfidh ÚEUM, laistigh de 20 lá oibre ón bhfaisnéis ábhartha uile a fháil, an gcomhlíonann an duine dlítheanach ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
I gcás ina gcinnfidh ÚEUM go gcomhlíonann an duine dlítheanach ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, cáileoidh an duine dlítheanach sin mar dhuine suntasach agus déanfaidh ÚEUM maoirseacht air, agus beidh ÚEUM freagrach as an duine dlítheanach sin a údarú i gcomhréir le hAirteagal 16.
I gcás ina gcinnfidh ÚEUM nach gcomhlíonann an duine dlítheanach aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, cáileoidh an duine dlítheanach sin mar dhuine dlítheanach ar lú a shuntas agus déanfaidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), maoirseacht air. Beidh an t‑údarás sin freagrach as an duine dlítheanach sin a údarú i gcomhréir le hAirteagal 16.
Cuirfidh ÚEUM an duine dlítheanach, údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe agus na húdaráis ábhartha ar an eolas, tríd an mbunachar sonraí lárnach, faoi thoradh a chinnidh laistigh de 2 lá oibre ó dháta an chinnidh sin.
6.I gcás ina gcinnfidh ÚEUM nár chomhlíon taisclann lárnach urrús a cinneadh roimhe sin a bheith suntasach aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 sa 36 mhí roimhe sin, cinnfidh sé nach gcáileoidh an taisclann lárnach urrús mar thaisclann lárnach urrús shuntasach a thuilleadh. Tabharfaidh ÚEUM fógra láithreach don taisclann lárnach urrús lena mbaineann, dá húdaráis ábhartha agus dá húdarás inniúil náisiúnta faoin gcinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh sin tar éis tréimhse oiriúnaithe a chinnfidh ÚEUM, ar tréimhse í nach rachaidh thar 24 mhí.
7.Déanfaidh ÚEUM, gan moill mhíchuí, liosta na dtaisclann lárnach urrús suntasach a bhunú agus a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.
8.Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na taisclanna lárnacha urrús suntasacha as a chúraimí agus a dhualgais mhaoirseachta a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh maidir le taisclanna lárnacha urrús suntasacha a údarú agus a mhaoirsiú agus i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 10.
9.Tá forálacha an Airteagail seo gan dochar don fhormhaoirseacht a dhéanfaidh comhaltaí CEBC dá dtagraítear in Airteagal 12(1).
10.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na táillí dá dtagraítear i mír 8 a shonrú tríd an méid seo a leanas a leagan amach:
(a) cineálacha na dtáillí;
(b) na nithe a bhfuil táillí dlite ina leith;
(c) an modh ina ríomhfar méid na dtáillí; agus
(d) an chaoi a bhfuil na táillí le híoc.’;
(10)cuirtear isteach an tAirteagal 11a seo a leanas:
‘Airteagal 11a
Critéir chun tábhacht taisclainne lárnaí urrús a chinneadh
1.Comhlíonfar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 11(2), pointe (a), i gcás ina gcomhlíonfaidh an taisclann lárnach urrús an dá chritéar seo a leanas:
(a)oibríonn sé córas socraíochta lena socraítear níos mó ná 5 % de na treoracha socraíochta de réir luacha a shocraítear gach bliain san Aontas;
(b)tá tábhacht shuntasach ag baint leis d’fheidhmiú na margaí urrús agus do chosaint infheisteoirí i dtrí Bhallstát óstacha ar a laghad i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2.
2.Comhlíonfar an critéar a leagtar amach i mír 1, pointe (b), nuair a chomhlíonfaidh an taisclann lárnach urrús ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas sna Ballstáit óstacha dá dtagraítear sa phointe sin:
(a)margadhluach comhiomlánaithe nó, i gcás nach bhfuil sé ar fáil, luach ainmniúil na n‑ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag eisitheoirí atá corpraithe sa Bhallstát óstach agus a dtaifeadann an taisclann lárnach urrús ar dtús nó a gcoimeádann sí go lárnach i gcuntais urrús iad, comhfhreagraíonn sé do 15 % ar a laghad de luach iomlán na n‑ionstraimí airgeadais a eisíonn gach eisitheoir ón mBallstát óstach a thaifeadtar ar dtús nó a choimeádtar go lárnach i gcuntais urrús ag na taisclanna lárnacha urrús uile atá údaraithe san Aontas;
(b)margadhluach comhiomlánaithe nó, i gcás nach bhfuil sé ar fáil, luach ainmniúil na n‑ionstraimí airgeadais a gcoimeádann an taisclann lárnach urrús go lárnach i gcuntais urrús iad do rannpháirtithe agus do shealbhóirí eile cuntas urrús ón mBallstát óstach, comhfhreagraíonn sé do 15 % ar a laghad de luach iomlán na n‑ionstraimí airgeadais a choimeádann na taisclanna lárnacha urrús uile atá údaraithe san Aontas go lárnach i gcuntais urrús do gach rannpháirtí agus gach sealbhóir eile cuntas urrús ón mBallstát óstach;
(c)luach bliantúil na dtreoracha socraíochta a bhaineann le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag eisitheoirí ón mBallstát óstach agus arna socrú ag an taisclann lárnach urrús, comhfhreagraíonn sé do 15 % ar a laghad de luach bliantúil iomlán na dtreoracha socraíochta uile a bhaineann le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag eisitheoirí ón mBallstát óstach agus arna socrú ag na taisclanna lárnacha urrús uile atá údaraithe san Aontas;
(d)luach bliantúil na dtreoracha socraíochta arna socrú ag an taisclann lárnach urrús do rannpháirtithe agus do shealbhóirí eile cuntas urrús ón mBallstát óstach, comhfhreagraíonn sé do 15 % ar a laghad de luach bliantúil iomlán na dtreoracha socraíochta arna socrú ag na taisclanna lárnacha urrús uile atá údaraithe san Aontas, do rannpháirtithe agus do shealbhóirí eile cuntas urrús ón mBallstát óstach;
(e)oibríonn an taisclann lárnach urrús córas socraíochta urrús arna rialú le dlí an Bhallstáit óstaigh arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta].
D’fhonn na luachanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (b) agus (d), a ríomh,
(a)i gcás leithscaradh cliant aonair, is í an tír ábhartha an tír chorpraithe (i gcás daoine dlítheanacha) nó an tír chónaithe (i gcás daoine nádúrtha) de chuid shealbhóirí na gcuntas urrús, lena n‑áirítear cliaint na rannpháirtithe;
(b)i gcás leithscaradh cliant comhthiomsaithe, is í tír chorpraithe na rannpháirtithe an tír ábhartha, ach amháin má tá an fhaisnéis maidir le tír chorpraithe nó tír chónaithe na gcliant foluiteach ar fáil don taisclann lárnach urrús.
3.Cinnfidh ÚEUM luach treorach socraíochta mar a leanas:
(a)maidir le treoir socraíochta i gcoinne íoca, is é a bheidh i luach treorach socraíochta luach an idirbhirt chomhfhreagraigh in ionstraimí airgeadais mar a iontráladh é sa chóras socraíochta urrús;
(b)maidir le treoir socraíochta saor ó íocaíocht, is é a bheidh i luach treorach socraíochta an margadhluach comhiomlánaithe, nó i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, luach ainmniúil comhiomlánaithe na n‑ionstraimí airgeadais ábhartha mar a chinntear i gcomhréir le mír 4.
4.Cinnfidh ÚEUM margadhluach ionstraimí airgeadais, dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, mar a leanas:
(a)i gcás scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála laistigh den Aontas, is éard a bheidh i margadhluach na hionstraime airgeadais lena mbaineann praghas scoir an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(b)i gcás ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála laistigh den Aontas cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (a), is éard a bheidh sa mhargadhluach an praghas scoir a dhíorthaítear ón ionad trádála laistigh den Aontas ag a bhfuil an láimhdeachas is airde;
(c)i gcás ionstraimí airgeadais cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), cinnfear an margadhluach ar bhonn praghas tagartha arna ríomh de réir modheolaíocht réamhchinntithe arna formheas ag an údarás inniúil a thagraíonn do chritéir a bhaineann le sonraí margaidh iontaofa, lena n‑áirítear praghsanna margaidh atá ar fáil ar fud ionaid trádála nó gnólachtaí infheistíochta.
5.Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú breise a dhéanamh ar na mionsonraí agus ar na nósanna imeachta maidir leis na critéir dá dtagraítear san Airteagal seo a ríomh, lena n‑áirítear na sonraí a bheidh le tuairisciú ag taisclanna lárnacha urrús do ÚEUM chun críocha an ríomha sin.
Agus na caighdeáin sin á bhforbairt aige, áiritheoidh ÚEUM go mbeidh na sonraí atá le tuairisciú teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun na critéir dá dtagraítear san Airteagal seo a ríomh.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 1 bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(11)Cuirtear isteach an tAirteagal 11b seo a leanas:
‘Airteagal 11b
Cumhachtaí ÚEUM ar thaisclanna lárnacha urrús suntasacha faoin Rialachán seo
1.Beidh ÚEUM freagrach as a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích maidir le húdarú agus maoirseacht taisclanna lárnacha urrús suntasacha. Chun na gcríoch sin, déanfaidh sé aon chinneadh nó aon bheart eile i gcomhréir le hAirteagal 46a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2.Áiritheoidh ÚEUM ar bhonn leanúnach go gcomhlíonfaidh taisclanna lárnacha urrús suntasacha Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7, Airteagail 16 go 20, Airteagal 22, Airteagal 22a, Airteagal 23, Teideal III, Caibidlí 2 agus 3, agus Teideal IV.
3.Tabharfar na cumhachtaí is gá do ÚEUM chun a fheidhmeanna a fheidhmiú ar thaisclanna lárnacha urrús suntasacha de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Úsáidfidh ÚEUM na cumhachtaí sin ar thaisclanna lárnacha urrús suntasacha agus, i gcás ina sonrófar amhlaidh faoin Rialachán seo, ar pháirtithe gaolmhara, lena n‑áirítear cumhachtaí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo ag na taisclanna lárnacha urrús suntasacha;
(b)cinntí a ghlacadh, measúnuithe maoirseachta a dhéanamh agus bearta a dhéanamh i ndáil le hAirteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7, Airteagail 16 go 20, Airteagal 22, Airteagal 22a, Airteagal 23, Caibidlí 2 agus 3 de Theideal III, agus Teideal IV;
(c)a iarraidh tríd an mbunachar sonraí lárnach ar thaisclanna lárnacha urrús suntasacha, agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na taisclanna lárnacha urrús sin seirbhísí, feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu, an fhaisnéis nó na sonraí ábhartha uile a sholáthar, laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear san iarraidh, chun a chur ar a chumas do ÚEUM faireachán a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí na dtaisclann lárnach urrús sin agus cúraimí agus dualgais ÚEUM a chur i gcrích faoin Rialachán seo. Déanfaidh faighteoir iarrata den sórt sin an fhaisnéis uile a iarrfaidh ÚEUM a sholáthar do ÚEUM, tríd an mbunachar sonraí lárnach, laistigh den teorainn ama arna soláthar. Féadfaidh iarraidh thréimhsiúil nó aonuaire a bheith san iarraidh ar fhaisnéis;
(d)a cheangal ar iniúchóirí na dtaisclann lárnach urrús faisnéis nó sonraí a sholáthar;
(e)cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha, i gcás ina mbeidh ceann de na sáruithe a liostaítear san Iarscríbhinn déanta ag taisclann lárnach urrús suntasach, d’aon ghnó nó le faillí. Beidh fíneálacha den sórt sin suas le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir an méid sin a chinneadh, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimhe sin agus féadfar tosca géaraitheacha nó maolaitheacha a chur san áireamh leo i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach san Iarscríbhinn;
(f)cinneadh a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar thaisclann lárnach urrús shuntasach deireadh a chur le sárú a liostaítear san Iarscríbhinn;
4.Ina theannta sin, chun a chúraimí maidir le taisclanna lárnach urrús suntasacha a dhéanamh, beidh na cumhachtaí ag ÚEUM na bearta sealadacha a leagtar amach sa dara fomhír a dhéanamh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
(a)Tá fianaise faighte ag ÚEUM a thugann le fios go bhfuil na ceanglais lena rialaítear a oibríochtaí á sárú ag an eintiteas, nó gur dócha go mbeidh siad á sárú aige laistigh de na chéad 3 mhí eile;
(b)Tá fianaise ag ÚEUM nach n‑áirithítear leis na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuireann an t‑eintiteas chun feidhme bainistíocht fhónta agus cumhdach a rioscaí.
Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh na cumhachtaí ag ÚEUM, go háirithe, na bearta sealadacha seo a leanas a dhéanamh:
(a)a cheangal go ndéanfar socruithe, próisis, sásraí agus straitéisí an eintitis a choigeartú go cuí chun bainistíocht fhónta agus cumhdach a rioscaí a áirithiú;
(b)ceangal a chur ar an taisclann lárnach urrús shuntasach cruinniú dá scairshealbhóirí a chomóradh nó, i gcás ina mainneoidh an taisclann lárnach urrús an ceanglas sin a chomhlíonadh, an cruinniú sin a chomóradh é féin. Sa dá chás, is é ÚEUM a shocróidh an clár, lena n‑áirítear na cinntí a bheidh á meas lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;
(c)ceangal a chur ar eintitis plean a chur i láthair chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta a athbhunú agus sprioc-am a leagan síos lena chur chun feidhme, lena n‑áirítear feabhsuithe ar raon feidhme agus sprioc-am an phlean sin;
(d)gnó, oibríochtaí nó líonra an eintitis a shrianadh nó a theorannú, nó dífheistiú gníomhaíochtaí lena mbaineann rioscaí iomarcacha dá fhóntacht a iarraidh;
(e)ceangal a chur ar an taisclann lárnach urrús maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le sárú nó sárú dóchúil ar na ceanglais faoin Rialachán seo agus ar na rioscaí bunúsacha gaolmhara i ngníomhaíochtaí agus i gcórais an eintitis;
(f)ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur;
(g)nochtaí breise a cheangal;
(h)a cheangal go gcuirfear comhaltaí ar fionraí ó chomhlacht bainistíochta na n‑eintiteas nach gcomhlíonann na ceanglais lena rialaítear a n‑oibríochtaí a leagtar amach sa Rialachán seo.
Maidir leis na cinntí ó ÚEUM, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.
5.Diúltóidh ÚEUM do cheapachán an duine nó na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 27, nó tarraingeoidh sé siar é ina dhiaidh sin, mura deimhin leis go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar an duine nó ar na daoine, nó má tá forais oibiachtúla inléirithe ann lena chreidiúint go gcuirfeadh an ceapachán nó na hathruithe atá beartaithe bainistíocht fhónta stuama an eintitis, aird leormhaith ar leas na gcliant agus sláine sa mhargadh i mbaol.
6.Breithneoidh ÚEUM, i gcomhar le ÚBE agus CEBC, aon riosca trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí na dtaisclann lárnach urrús, lena n‑áirítear riosca mar gheall ar idirnascthacht na dtaisclann lárnach urrús le hionaid trádála agus le contrapháirtithe lárnacha, agus aon riosca mar gheall ar naisc thrasteorann den sórt sin.
7.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun liosta na sáruithe faoin Iarscríbhinn a leasú, i gcás inar gá chun leasuithe ar na ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús faoin Rialachán seo a chur san áireamh agus go háirithe mar a leagtar síos in Airteagal 6, Airteagal 7, Airteagail 16 go 20, Airteagal 22, Airteagal 22a, Teideal III, Caibidlí 2 agus 3, agus Teideal IV nó i gcás inar gá chun a áirithiú go gcomhfhreagróidh na sáruithe faoin Iarscríbhinn do na ceanglais faoin Rialachán seo agus go háirithe mar a leagtar síos in Airteagal 6, Airteagal 7, Airteagail 16 go 20, Airteagal 22, Airteagal 22a, Teideal III, Caibidlí 2 agus 3, agus Teideal IV.’;
(12)cuirtear isteach an tAirteagal 11c seo a leanas:
‘Airteagal 11c
Forálacha sonracha maidir le taisclanna lárnacha urrús suntasacha
1.De mhaolú ar Airteagal 24a, ní bhunófar aon choláiste do thaisclann lárnach urrús shuntasach. Más rud é, i gcás taisclann lárnach urrús a éiríonn suntasach, gur bunaíodh coláiste de bhun Airteagal 24a, déanfar an coláiste sin a dhíscaoileadh laistigh de bhliain ar a dhéanaí tar éis don taisclann lárnach urrús cáiliú mar thaisclann lárnach urrús shuntasach. Maidir le taisclann lárnach urrús shuntasach, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 15, 17, 19a, 21a, 22, 23, 24, 48b, 55 agus 60 gan an coláiste a áireamh.
2.De mhaolú ar Airteagail 7, 13, 15, 17, 19a, 20, 21(1), 21a, 22, 22a, 23, 24, 27a, 27b, 33, 49, 52, 54a, 54b, 54c, 55, 57, 58 agus 60, aon cheanglas ar an taisclann lárnach urrús, nó ar an údarás inniúil, idirghníomhú le ÚEUM, nó aon cheanglas ar ÚEUM idirghníomhú leis an taisclann lárnach urrús nó leis an údarás inniúil, dá dtagraítear sna hAirteagail sin, ní bheidh feidhm aige maidir le taisclann lárnach urrús shuntasach.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17a maidir le taisclanna lárnacha urrús suntasacha.’;
(13)in Airteagal 14, cuirtear isteach na míreanna 3 agus 4 seo a leanas:
‘3. Maidir le gach taisclann lárnach urrús shuntasach, bunóidh ÚEUM, an t‑údarás inniúil náisiúnta agus na húdaráis ábhartha socruithe comhair, mar a leagtar síos in Airteagal 8a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, lena n‑áirítear socruithe comhair i ndáil le maoirseacht dhíreach ÚEUM ar gach taisclann lárnach urrús shuntasach. Léireofar sna socruithe sin dáileadh na n‑inniúlachtaí agus na bhfreagrachtaí de bhun an Rialacháin seo agus leagfar amach iontu módúlachtaí praiticiúla comhair i bhfianaise ÚEUM a bheith ag feidhmiú a inniúlachtaí agus a fhreagrachtaí maidir le taisclanna lárnacha urrús suntasacha. Go háirithe, féadfar tacaíocht agus cúnamh ó na húdaráis ábhartha agus ón údarás inniúil náisiúnta a chumhdach leis na socruithe sin i leith na nithe uile seo a leanas:
(a)cúraimí maoirseachta a dhéanamh ar thaisclann lárnach urrús shuntasach, lena n‑áirítear imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair;
(b)údaruithe, formheasanna, cinntí, tuarascálacha nó bearta eile a bhaineann leis an taisclann lárnach urrús shuntasach faoin Rialachán seo a ullmhú, lena n‑áirítear i gcás ina sonraítear sin faoin Airteagal ábhartha agus faoi Airteagail 15, 16, 17, 19, 19a, 22, 27, 27a, 27b, 33(3), 48, 48a, 48b, 55, 56 agus 60;
(c)aon chúraim mhaoirseachta chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar athléimneacht oibríochtúil agus iompar margaidh na taisclainne lárnaí urrús suntasaí, lena n‑áirítear tástáil struis;
(d)aghaidh a thabhairt ar chásanna éigeandála i ndáil leis an taisclann lárnach urrús shuntasach.
4. I gcás gach taisclainne lárnaí urrús ar lú a suntas, comhlíonfaidh ÚEUM ról comhordúcháin idir údaráis inniúla, údaráis ábhartha agus coláistí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha a áirithiú go háirithe maidir le réimsí maoirseachta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo nó a bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith acu ar thaisclanna lárnacha urrús a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann;
(b)comhordú i gcásanna éigeandála a neartú i gcomhréir le hAirteagal 15;
(c)measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus tuairimí á soláthar d’údaráis inniúla de bhun an dara fomhír maidir le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag taisclanna lárnacha urrús, lena n‑áirítear ceanglais i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais, agus moltaí a thabhairt maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh taisclann lárnach urrús rioscaí den sórt sin a mhaolú;
(d)malartú agus plé rialta a chur chun cinn maidir le forbairtí ábhartha sa mhargadh, lena n‑áirítear cásanna nó imeachtaí a mbeidh tionchar acu, nó ar dócha go mbeidh tionchar acu, ar fhóntacht stuamachta nó airgeadais nó ar athléimneacht taisclann lárnach urrús.
Cuirfidh údaráis inniúla a ndréachtchinntí, a dtuarascálacha nó a mbearta eile i ndáil le taisclanna lárnacha urrús ar lú a suntas faoi bhráid ÚEUM chun a thuairim a fháil sula nglacfaidh siad aon ghníomh nó beart de bhun Airteagail 17, 22, 24(5), 27a, 27b agus 55 agus, ach amháin i gcás ina bhfuil gá práinneach le cinneadh, de bhun Airteagal 20.
Féadfaidh údaráis inniúla dréachtchinntí a chur faoi bhráid ÚEUM freisin chun a thuairim a fháil sula nglacfaidh siad aon ghníomhaíocht nó beart eile i gcomhréir lena ndualgais faoi Airteagal 10(1).
Déanfaidh ÚEUM measúnú ar gach tuairim agus moladh arna nglacadh ag coláistí de bhun Airteagal 24a den Rialachán seo, d’fhonn cur le feidhmiú comhleanúnach agus comhsheasmhach na gcoláistí agus d’fhonn comhsheasmhacht a chothú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo ina measc.
Chun críoch na míre seo, breithneoidh ÚEUM, i gcomhar le ÚBE agus CEBC, aon riosca trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí na dtaisclann lárnach urrús, lena n‑áirítear riosca mar gheall ar idirnascthacht na dtaisclann lárnach urrús le hionaid trádála agus le contrapháirtithe lárnacha, agus aon riosca mar gheall ar naisc thrasteorann den sórt sin.
Aon tuairim, cinneadh, ionchur nó beart eile a dhéanfaidh ÚEUM faoin mír seo, déanfar é i gcomhréir le hAirteagal 46a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Tuairisceoidh ÚEUM ar bhonn bliantúil don Choimisiún ar na rioscaí trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí taisclann lárnach urrús dá dtagraítear sa chúigiú fomhír.’;
(14)in Airteagal 15, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘I gcás éigeandála ag taisclann lárnach urrús amháin nó níos mó a bhfuil nó ar dócha go mbeidh éifeachtaí díchobhsaitheacha aici ar mhargaí trasteorann, comhoibreoidh ÚEUM leis na húdaráis inniúla, leis na húdaráis ábhartha, agus, i gcás inarb infheidhme, leis na coláistí dá dtagraítear in Airteagal 24a chun freagairt chomhordaithe a fhorbairt ar an gcás éigeandála agus chun comhroinnt éifeachtach faisnéise a áirithiú i measc na n‑údarás inniúil, na n‑údarás ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, na gcoláistí dá dtagraítear in Airteagal 24a. Aon chúram a dhéanfaidh ÚEUM faoin bhfomhír seo, déanfar é i gcomhréir le hAirteagal 46a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(15)leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Aon duine dlítheanach a thagann faoin sainmhíniú ar thaisclann lárnach urrús, gheobhaidh sé údarú ón údarás inniúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 sula gcuirfidh sé tús lena chuid gníomhaíochtaí.’;
(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. A luaithe a dheonófar an t‑údarú i gcomhréir le hAirteagal 17, beidh éifeacht leis i gcríoch iomlán an Aontais.’;
(16)leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Gan dochar d’Airteagal 11(5), cuirfidh taisclann lárnach urrús is iarratasóir faoi bhráid a údaráis inniúil iarratas ar údarú tosaigh de bhun Airteagal 16, iarratas ar údarú chun údarú atá cheana ann a leathnú de bhun Airteagal 19 nó iarratas ar údarú chun seirbhís lárnach a sheachfhoinsiú de bhun Airteagal 19. Déanfar an t‑iarratas a chomhroinnt láithreach leis na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Le linn na tréimhse a shonraítear faoi mhír 8, féadfaidh an t‑údarás inniúil, ÚEUM agus na húdaráis ábhartha a iarraidh ar an taisclann lárnach urrús is iarratasóir doiciméid bhreise nó faisnéis bhreise a sholáthar, i gcás ina mbeidh gá leis na doiciméid nó leis an bhfaisnéis sin chun a mheas an gcomhlíonann an taisclann lárnach urrús is iarratasóir a hoibleagáidí uile mar a leagtar síos sa Rialachán seo iad. Féadfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh a dhéanamh i dtaobh an iarratais in éagmais freagra ón taisclann lárnach urrús.
(c)leasaítear mír 4 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír:
‘Le linn na tréimhse a shonraítear faoi mhír 8, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú riosca ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo ag an taisclann lárnach urrús is iarratasóir agus rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha, le ÚEUM, agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a maidir leis na gnéithe den chóras socraíochta urrús arna oibriú ag an taisclann lárnach urrús is iarratasóir. Laistigh de 3 mhí ón admháil go bhfuarthas an t‑iarratas dá dtagraítear in Airteagal 21a(2), i gcás ina ndearna an taisclann lárnach urrús is iarratasóir iarratas ar údarú tosaigh de bhun Airteagal 16, nó laistigh de mhí amháin ón admháil go bhfuarthas an t‑iarratas dá dtagraítear in Airteagal 21a(2), i gcás ina ndearna taisclann lárnach urrús is iarratasóir iarratas ar údarú atá ann cheana a leathnú nó ar chroísheirbhís a sheachfhoinsiú, de bhun Airteagal 19:
(a)Glacfaidh ÚEUM tuairim de bhun Airteagal 14(4) lena gcinnfear an gcomhlíonann an taisclann lárnach urrús is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus tarchuirfidh sé chuig na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a í; agus
(b)féadfaidh gach údarás ábhartha tuairim a eisiúint laistigh dá réimsí inniúlachta, lena gcinnfear an gcomhlíonann an taisclann lárnach urrús is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus féadfaidh sé í a tharchur chuig na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a.
Agus na tuairimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á soláthar acu, déanfaidh ÚEUM agus na húdaráis ábhartha, laistigh dá réimsí inniúlachta, measúnú ar aon riosca ábhartha i ndáil leis an taisclann lárnach urrús is iarratasóir, lena n‑áirítear aon riosca trasteorann nó riosca do chobhsaíocht airgeadais an Aontais, agus féadfaidh siad aon choinníoll nó moladh a áireamh a mheasann siad a bheith riachtanach chun aon easnamh i mbainistiú riosca na taisclainne lárnaí urrús is iarratasóir a mhaolú. Féadfaidh ÚEUM a áireamh ina thuairim freisin aon eilimint is gá chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus comhleanúnach Airteagal ábhartha den Rialachán seo a chur chun cinn. I dtuairim dhiúltach, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó ceanglais eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.
I gcás inar eisigh aon cheann de na húdaráis ábhartha nó ÚEUM tuairim réasúnaithe dhiúltach, agus ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil an t‑údarú a dheonú mar sin féin, déanfaidh an t‑údarás inniúil sin, laistigh de 30 lá oibre ón tuairim dhiúltach a fháil, i gcás ina ndearna an taisclann lárnach urrús is iarratasóir iarratas ar údarú tosaigh de bhun Airteagal 16, nó laistigh de 15 lá oibre ón tuairim dhiúltach a fháil, i gcás ina ndearna an taisclann lárnach urrús is iarratasóir iarratas ar údarú atá ann cheana a leathnú nó ar chroísheirbhís a sheachfhoinsiú, de bhun Airteagal 19, na cúiseanna a sholáthar don údarás ábhartha lena mbaineann nó do ÚEUM a bhfuil sé beartaithe aige an t‑údarú a dheonú d’ainneoin na tuairime diúltaí.’;
(ii)scriostar an seachtú fomhír;
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Féadfaidh an t‑údarás inniúil, sula ndeonóidh sé údarú don taisclann lárnach urrús is iarratasóir, dul i gcomhairle le húdaráis eile a dhéanann maoirseacht ar eintiteas a bhfuil sealúchas cáilitheach aige sa taisclann lárnach urrús is iarratasóir nó a rialaíonn an taisclann lárnach urrús is iarratasóir maidir le haon cheann díobh seo a leanas:
(a)oiriúnacht na scairshealbhóirí agus na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 27(6) agus clú agus taithí na ndaoine a stiúrann gnó na taisclainne lárnaí urrús is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus (4), i gcás ina bhfuil na scairshealbhóirí sin agus na daoine sin i gcoiteann ag an taisclann lárnach urrús is iarratasóir agus ag an eintiteas a bhfuil sealúchas cáilitheach aige sa taisclann lárnach urrús is iarratasóir nó a rialaíonn an taisclann lárnach urrús is iarratasóir;
(b)maidir leis an gcaidreamh corparáideach idir an taisclann lárnach urrús is iarratasóir agus an t‑eintiteas a bhfuil sealúchas cáilitheach aige sa taisclann lárnach urrús is iarratasóir nó a rialaíonn an taisclann lárnach urrús is iarratasóir, cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé difear do chumas na taisclainne lárnaí urrús is iarratasóir ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.’;
(c)déantar míreanna a 7 agus 7a a scriosadh;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Laistigh de 6 mhí ón admháil go bhfuarthas an t‑iarratas dá dtagraítear in Airteagal 21a(2), i gcás ina ndearna an taisclann lárnach urrús is iarratasóir iarratas ar údarú tosaigh de bhun Airteagal 16, nó laistigh de 3 mhí ón admháil go bhfuarthas an t‑iarratas dá dtagraítear in Airteagal 21a(2), i gcás ina ndearna taisclann lárnach urrús is iarratasóir iarratas ar údarú atá ann cheana a leathnú nó ar chroísheirbhís a sheachfhoinsiú, de bhun Airteagal 19, glacfaidh an t‑údarás inniúil a chinneadh agus tarchuirfidh sé é chuig na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a agus chuig an taisclann lárnach urrús is iarratasóir. Cuimseofar sa chinneadh míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an t‑údarú.
I gcás nach léirítear tuairim ÚEUM ná tuairim aon cheann de na húdaráis ábhartha le cinneadh an údaráis inniúil, lena n‑áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, beidh míniú lánréasúnaithe ann ar aon imeacht suntasach ó na tuairimí nó ó na coinníollacha nó ó na moltaí sin.
I gcás nach gcomhlíonann an t‑údarás inniúil tuairim ó ÚEUM ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti, nó nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas. Áireofar san fhaisnéis freisin an réasúnaíocht ón údarás inniúil maidir leis an neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá aige gan comhlíonadh a dhéanamh.’;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8a:
‘8a. Déanfaidh an t‑údarás inniúil torthaí an phróisis údarúcháin, lena n‑áirítear aon ghníomhaíocht leasúcháin, a chur in iúl gan moill mhíchuí do na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle de bhun mhíreanna 4, 5 agus 6.’;
(17)cuirtear isteach an tAirteagal 17a seo a leanas:
‘Airteagal 17a
Nós imeachta le haghaidh cinntí, tuarascálacha nó bearta eile a ghlacadh
1.Cuirfidh an t‑údarás inniúil iarraidh isteach ar thuairim ó ÚEUM, de bhun Airteagal 14(4), i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil cinneadh, tuarascáil nó beart eile a ghlacadh de bhun Airteagail 22, 24(5), 27a, 27b, 55 agus, ach amháin i gcás ina bhfuil gá práinneach le cinneadh, de bhun Airteagal 20.
Déanfar an iarraidh ar thuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír, mar aon leis na doiciméid ábhartha uile, a chomhroinnt láithreach le ÚEUM.
2.Mura sonraítear a mhalairt faoi airteagal ábhartha, déanfaidh an t‑údarás inniúil, laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh, measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha ag an taisclann lárnach urrús. Faoi dheireadh na tréimhse measúnúcháin sin, déanfaidh an t‑údarás inniúil a dhréachtchinneadh, a thuarascáil nó a bheart eile a tharchur chuig ÚEUM.
3.Mura sonraítear a mhalairt faoi airteagal ábhartha, tar éis an iarraidh ar thuairim dá dtagraítear i mír 1 agus na dréachtchinntí, na tuarascálacha nó na bearta eile dá dtagraítear i mír 2 araon a fháil:
(a)Maidir le hAirteagail 20, 22, 24(5), agus 55, glacfaidh ÚEUM tuairim lena ndéanfar measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo ag an taisclann lárnach urrús. Féadfaidh ÚEUM a chuimsiú ina thuairim aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnamh i mbainistiú riosca na taisclainne lárnaí urrús a mhaolú, lena n‑áirítear i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais; agus
(b)Maidir le hAirteagail 27a agus 27b, féadfaidh ÚEUM tuairim a ghlacadh maidir leis an dréachtchinneadh sin, an tuarascáil sin nó an beart eile sin i gcás inar gá chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus comhleanúnach airteagail ábhartha a chur chun cinn.
Glacfaidh ÚEUM a thuairim faoin sprioc-am a chuirfidh an t‑údarás inniúil ar fáil, sprioc-am a bheidh ann 15 lá oibre ar a laghad tar éis na doiciméid ábhartha a fháil faoi mhír 2, agus cuirfidh sé in iúl don údarás inniúil í. Comhroinnfear na tuairimí leis na húdaráis ábhartha freisin.
4.Laistigh de 10 lá oibre ón tuairim ó ÚEUM arna glacadh faoi mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (a), a fháil agus, i gcás ina n‑eisítear í, ón tuairim ó ÚEUM arna glacadh faoi mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (b), a fháil, nó laistigh den tréimhse ábhartha i gcás ina sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, déanfaidh an t‑údarás inniúil, tar éis dó an tuairim ó ÚEUM a bhreithniú go cuí, lena n‑áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, a chinneadh, a thuarascáil nó a bheart eile a ghlacadh de réir mar a cheanglaítear faoi airteagal ábhartha agus tarchuirfidh sé chuig ÚEUM é nó í.
I gcás nach léirítear tuairim ó ÚEUM leis an gcinneadh, leis an tuarascáil nó le beart eile, beidh míniú lánréasúnaithe ann nó inti ar aon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó na moltaí sin.
Chun críoch mhír 3, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús an tuairim ó ÚEUM ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti, nó i gcás nach bhfuil sé de rún aige an tuairim sin ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti a chomhlíonadh, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas. Áireofar san fhaisnéis freisin an réasúnaíocht ón údarás inniúil maidir leis an neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá aige gan comhlíonadh a dhéanamh.’;
(18)in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:
‘1. Ní sholáthróidh taisclann lárnach urrús údaraithe aon seirbhís bhreise ná ní thabharfaidh sí ar shlí eile faoi aon ghníomhaíocht nach bhfuil sí údaraithe ina leith, nó nach bhfuil fógra ina leith tugtha aici don údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 19(8).
2. Is iad taisclanna lárnacha urrús údaraithe nó bainc cheannais atá ag gníomhú mar thaisclanna lárnacha urrús, agus iad sin amháin, a fhéadfaidh córais socraíochta urrús a oibriú.
3. Ní fhéadfaidh leas rannpháirteachais a bheith ag taisclann lárnach urrús údaraithe ach amháin i nduine dlítheanach a bhfuil a ghníomhaíochtaí teoranta do sholáthar seirbhísí a liostaítear i Ranna A agus B den Iarscríbhinn, mura rud é go bhformheasfaidh a údarás inniúil an leas rannpháirteachais sin ar an mbonn nach ndéanfaidh sé próifíl riosca na taisclainne lárnaí urrús a mhéadú go mór.’;
(19)leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Cuirfidh taisclann lárnach urrús údaraithe iarratas ar údarú faoi bhráid an údaráis inniúil i gcás inar mian leis croísheirbhís a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí de bhun Airteagal 30, seachas í a sheachfhoinsiú chuig taisclann lárnach urrús laistigh dá ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 19a, nó a ghníomhaíochtaí a leathnú chun ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a chumhdach:’;
(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fomhír:
‘Maidir le húdarú a dheonú faoi mhír 1, pointe (b), den Airteagal seo, leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(1), (2), (3), (5), (8) agus (8a).
Deonú údaraithe faoi mhír 1, pointe (e), den Airteagal seo, leanfaidh sé an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 i ndáil le naisc idir-inoibritheacha idir taisclann lárnach urrús atá bunaithe san Aontas agus taisclann lárnach urrús tríú tír, nó an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 48b i ndáil le naisc idir-inoibritheacha idir taisclanna lárnacha urrús atá bunaithe san Aontas.’;
(ii)scriostar an ceathrú fomhír;
(c)
scriostar míreanna 3 go 7;
(20)cuirtear isteach an tAirteagal 19a seo a leanas:
‘Airteagal 19a
An nós imeachta maidir le seachfhoinsiú croísheirbhísí laistigh de ghrúpa taisclainne lárnaí urrús a fhormheas
1.Cuirfidh taisclann lárnach urrús údaraithe iarratas ar fhormheas faoi bhráid ÚEUM i gcás inar mian leis croísheirbhís a sheachfhoinsiú chuig taisclann lárnach urrús atá laistigh dá grúpa de bhun Airteagal 30. Comhroinnfear an t‑iarratas láithreach leis na faighteoirí cláraithe faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 21a don dá thaisclann lárnacha urrús a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú atá beartaithe agus, i gcás inarb infheidhme, do na coláistí faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 24a den dá thaisclann lárnacha urrús a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú atá beartaithe.
2.Cuimseoidh an taisclann lárnach urrús is iarratasóir san iarratas na doiciméid agus an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú go mbeidh na socruithe uile is gá bunaithe aici, tráth a fhormheasfar an seachfhoinsiú, chun a hoibleagáidí a chomhlíonadh mar a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil leis an seachfhoinsiú sin. Cuimseoidh an taisclann lárnach urrús is iarratasóir san iarratas freisin tuairisc ar na croísheirbhísí a bheidh le seachfhoinsiú agus ar na taisclanna lárnacha urrús laistigh den ghrúpa a bhfuil sé beartaithe na seirbhísí sin a sheachfhoinsiú chuige, chomh maith le heagrú struchtúrach na taisclainne lárnaí urrús is iarratasóir.
3.Le linn na tréimhse a shonraítear i mír 5, féadfaidh ÚEUM agus na húdaráis ábhartha a iarraidh ar an taisclann lárnach urrús is iarratasóir doiciméid bhreise nó faisnéis bhreise a sholáthar, i gcás ina mbeidh gá leis na doiciméid nó leis an bhfaisnéis sin chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo ag an taisclann lárnach urrús is iarratasóir maidir leis an seachfhoinsiú atá beartaithe. Féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh i dtaobh an iarratais in éagmais freagra ón taisclann lárnach urrús. .
4.Le linn na tréimhse a shonraítear i mír 5, déanfaidh ÚEUM measúnú riosca ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo ag an taisclann lárnach urrús is iarratasóir maidir leis an seachfhoinsiú atá beartaithe agus rachaidh sé i gcomhairle, maidir leis an dá thaisclann lárnacha urrús a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú atá beartaithe, leis na húdaráis ábhartha, leis na coláistí dá dtagraítear in Airteagal 24a, i gcás inarb infheidhme, agus leis na húdaráis inniúla i dtaobh an gcomhlíonann an seachfhoinsiú atá beartaithe na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dtaobh aon riosca a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar an seachfhoinsiú sin.
5.Laistigh de 3 mhí ón admháil go bhfuarthas an t‑iarratas dá dtagraítear in Airteagal 21a(2), glacfaidh ÚEUM a chinneadh agus tarchuirfidh sé é chuig na faighteoirí cláraithe faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 21a atá ábhartha le haghaidh gach taisclainne lárnaí urrús a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú, le haghaidh na gcoláistí faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 24a atá freagrach as gach taisclann lárnach urrús a bhfuil baint aige leis an seachfhoinsiú, i gcás inarb infheidhme, agus le haghaidh na taisclainne lárnaí urrús is iarratasóir. Cuimseofar sa chinneadh míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an t‑údarú.’;
(21)leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Gan dochar do na gníomhartha nó bearta feabhais faoi Theideal V, déanfaidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna a leanas’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. Sula ndéanfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh údarú na taisclainne lárnaí urrús a tharraingt siar, déanfaidh sé gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a) iarrfaidh sé tuairim ó na húdaráis ábhartha maidir leis an ngá atá le húdarú na taisclainne lárnaí urrús a tharraingt siar;
(b) rachaidh sé i gcomhairle, i gcás inarb infheidhme, leis an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE maidir leis an ngá atá le húdarú na taisclainne lárnaí urrús a tharraingt siar;
(c) i gcás taisclann lárnach urrús ar lú a suntas, iarrfaidh sé tuairim ó ÚEUM, de bhun Airteagal 14(4) agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17a maidir leis an ngá atá le húdarú na taisclainne lárnaí urrús a tharraingt siar;
(d) i gcás taisclann lárnach urrús shuntasach, rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil náisiúnta maidir leis an ngá atá le húdarú na taisclainne lárnaí urrús a tharraingt siar.
Ní bheidh feidhm ag pointí (b) go (d) den chéad fhomhír i gcás ina bhfuil gá práinneach le cinneadh.
3. Féadfaidh aon údarás ábhartha, an t‑údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, i gcás inarb infheidhme, agus, i gcás taisclann lárnach urrús ar lú a suntas, ÚEUM, tráth ar bith, a iarraidh go scrúdódh an t‑údarás inniúil an gcomhlíonann an taisclann lárnach urrús fós na coinníollacha faoinar deonaíodh an t‑údarú.’;
(22)cuirtear isteach an tAirteagal 21a seo a leanas:
‘Airteagal 21a
An Bunachar Sonraí Lárnach
1.Déanfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 35c de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ar leithligh i gcás gach taisclainne lárnaí urrús, beidh rochtain ag údarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús, ag ÚEUM, ag údaráis ábhartha na taisclainne lárnaí urrús, agus ag údarás inniúil náisiúnta na taisclainne lárnaí urrús, chomh maith le comhaltaí choláiste na taisclainne lárnaí urrús dá dtagraítear in Airteagal 24a, i gcás inarb infheidhme agus i gcás ina gceanglaítear sin faoi Airteagal ábhartha (dá ngairtear na ‘faighteoirí cláraithe’ anseo feasta), ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid uile dá dtagraítear i mír 2, a chlárófar laistigh den bhunachar sonraí lárnach don taisclann lárnach urrús sin, i gcás inarb ábhartha nó inar gá chun a ndualgais a chomhlíonadh.
Beidh rochtain ag taisclann lárnach urrús ar an mbunachar sonraí lárnach a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 2 a chuir sí faoi bhráid an bhunachair sonraí lárnaigh sin nó leis an bhfaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 2 ar tharchuir aon cheann de na faighteoirí cláraithe chuici tríd an mbunachar sonraí lárnach sin. Déanfaidh faighteoirí eile doiciméid sonracha áirithe nó faisnéis shonrach áirithe a chur isteach freisin agus beidh rochtain acu orthu, i gcás ina sonraítear faoin Rialachán seo, ar doiciméid nó faisnéis iad atá cláraithe sa bhunachar sonraí lárnach. Áiritheoidh ÚEUM go gcomhlíonfaidh an bunachar sonraí lárnach na feidhmeanna faoin Airteagal seo.
Cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chomhroinntear tríd an mbunachar sonraí lárnach faoin Rialachán seo ar fáil d’aon údarás is ábhartha chun críoch Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta] i gcás inarb ábhartha nó i gcás inar gá chun a ndualgais a chomhlíonadh.
Fógróidh ÚEUM bunú an bhunachair sonraí lárnaigh ar a shuíomh gréasáin.
2.Déanfaidh taisclanna lárnacha urrús agus na faighteoirí cláraithe an fhaisnéis agus na doiciméid uile, lena n‑áirítear iarratais, cinntí, moltaí, faisnéis, iarrataí, ceisteanna, freagraí agus fógraí dá dtagraítear sa Rialachán seo, a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí lárnach, i bhformáid leictreonach, mura sonraítear a mhalairt.
Seolfar admháil fála tríd an mbunachar sonraí lárnach laistigh de 2 lá oibre ó thíolacadh na faisnéise nó na ndoiciméad.
3.Ceapfar an bunachar sonraí lárnach chun na faighteoirí cláraithe a chur ar an eolas go huathoibríoch nuair a dhéantar athruithe ar a inneachar, lena n‑áirítear doiciméid a uaslódáiltear nó a scriostar, doiciméid a dhéantar a ionadú, ceisteanna a chuirtear isteach agus iarrataí ar fhaisnéis.
Áiritheoidh ÚEUM go gcumasóidh an bunachar sonraí sonraí taifeadta DLT, lena n‑áirítear léamh sonraí ar an slabhra agus rochtain ar na sonraí sin.’;
(23)leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Soláthróidh an taisclann lárnach urrús an fhaisnéis uile is gá chun críocha an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear faisnéis thréimhsiúil, mar a shonraítear i gcomhréir le mír 10. Déanfar an fhaisnéis sin a chomhroinnt láithreach leis na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Déanfaidh an t‑údarás inniúil cigireachtaí ar an láthair ar an taisclann lárnach urrús.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil ÚEUM agus na húdaráis ábhartha ar an eolas faoi aon chigireacht ar an láthair atá beartaithe mí amháin sula mbeidh an chigireacht sin le déanamh, mura ndéanfar an cinneadh cigireacht ar an láthair a dhéanamh i gcás éigeandála, agus sa chás sin cuirfidh an t‑údarás inniúil na húdaráis sin ar an eolas a luaithe a dhéanfar an cinneadh sin.
Féadfaidh ÚEUM nó na húdaráis ábhartha a iarraidh go dtabharfaí cuireadh dóibh chuig cigireachtaí ar an láthair. I gcás ina ndiúltaíonn an t‑údarás inniúil cuireadh a thabhairt do na húdaráis a rinne iarraidh den sórt sin chuig cigireacht ar an láthair, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe ar an diúltú sin.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil aon fhaisnéis ábhartha a fhaightear ón taisclann lárnach urrús i ndáil leis na cigireachtaí uile ar an láthair a dhéanann sé a chur ar aghaidh chuig ÚEUM, chuig na húdaráis ábhartha, agus, i gcás inarb infheidhme, chuig comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a.’;
(c)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:
‘Agus an t‑athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, oibreoidh an t‑údarás inniúil i ndlúthchomhar le ÚEUM, agus leis na húdaráis ábhartha. Déanfaidh an t‑údarás inniúil, ag céim luath, an fhaisnéis is gá a tharchur chuig ÚEUM, na húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, agus rachaidh sé i gcomhairle leo maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais eile dhlí an Aontais á gcomhlíonadh ag an taisclann lárnach urrús a mhéid a bhaineann le feidhmiú na gcóras socraíochta urrús a oibríonn an taisclann lárnach urrús.
Laistigh de 90 lá oibre ón bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil ón údarás inniúil:
(a)féadfaidh na húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE tuairim a eisiúint laistigh dá réimsí inniúlachta; agus
(b)Féadfaidh ÚEUM tuairim a eisiúint de bhun Airteagal 14(4) i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17a.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Déanfaidh an t‑údarás inniúil ar bhonn tráthrialta, agus ar a laghad díreach tar éis dheireadh gach tréimhse athbhreithnithe agus meastóireachta, na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a agus, i gcás inarb infheidhme, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a agus an t‑údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE a chur ar an eolas, tríd an mbunachar sonraí lárnach, faoi thorthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n‑áirítear aon bheart feabhais nó pionós.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Agus an t‑athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ndéanamh ag an údarás inniúil, rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 17(6) maidir leis an bhfaisnéis ábhartha uile ar dócha go n‑éascóidh sí cúraimí an údaráis inniúil de bhun an Airteagail seo.’;
(24)leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Beidh taisclann lárnach urrús údaraithe in ann na seirbhísí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a sholáthar, laistigh de chríoch an Aontais, lena n‑áirítear déanamh amhlaidh trí bhrainse a chur ar bun chun na seirbhísí sin a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 18.’;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Maidir le taisclann lárnach urrús údaraithe a sholáthraíonn na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag eisitheoirí atá corpraithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an taisclann lárnach urrús bunaithe nó a bhfuil brainse curtha ar bun aige i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an taisclann lárnach urrús bunaithe chun na croísheirbhísí sin a sholáthar, tabharfaidh sé fógra faoi sin dá údarás inniúil laistigh de 5 lá oibre tar éis dó tús a chur le soláthar na seirbhísí sin, nó brainse a chur ar bun, de réir mar is infheidhme.
Mar chuid den fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, soláthróidh an taisclann lárnach urrús an fhaisnéis uile seo a leanas, le haghaidh gach Ballstáit óstaigh:
(a) na croísheirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír arna soláthar ag an taisclann lárnach urrús;
(b) cé acu a sholáthraítear na croísheirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ndáil le cothromais nó le hionstraimí fiachais;
(c) margadhluach comhiomlán nó, i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, luach ainmniúil na n‑ionstraimí airgeadais a soláthraíonn an taisclann lárnach urrús na croísheirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina leith;
(d) i gcás inarb infheidhme, struchtúr eagraíochtúil an bhrainse agus ainmneacha na ndaoine sin atá freagrach as bainistiú an bhrainse.
Tabharfaidh an taisclann lárnach urrús an fhaisnéis a liostaítear sa dara fomhír cothrom le dáta gach 6 mhí agus comhroinnfidh sé an fhaisnéis nuashonraithe lena údarás inniúil.’;
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Tar éis an fógra nó an fhaisnéis nuashonraithe dá dtagraítear i mír 2 a fháil, de réir mar is infheidhme, comhroinnfidh an t‑údarás inniúil láithreach í leis na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a.
Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, pointí (a), (b) agus (c) ar a shuíomh gréasáin. ’;
(d) scriostar míreanna 4 go 10;
(25)leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:
‘1. I gcás ina mbeidh taisclann lárnach urrús údaraithe tar éis brainse a chur ar bun i mBallstát óstach, i gcomhréir le hAirteagal 23, oibreoidh an t‑údarás inniúil i ndlúthchomhar le húdarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit óstaigh agus a dhualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, go háirithe agus cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh aige sa bhrainse sin. Féadfaidh an t‑údarás inniúil cuireadh a thabhairt do bhaill foirne ó údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát óstach agus ó ÚEUM páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair. Déanfaidh an t‑údarás inniúil torthaí na gcigireachtaí ar an láthair agus faisnéis maidir le haon bheart feabhais nó pionós arna gcinneadh ag an údarás inniúil sin a tharchur chuig ÚEUM, chuig údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit baile agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a.
2. D’fhéadfadh an t‑údarás inniúil a cheangal ar thaisclanna lárnacha urrús a sholáthraíonn seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 23 tuairisciú dó go tréimhsiúil maidir lena gcuid gníomhaíochtaí i mBallstát óstach, lena n‑áirítear déanamh amhlaidh chun staidreamh a bhailiú. Arna iarraidh sin ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit óstaigh, tabharfaidh an t‑údarás inniúil na tuarascálacha tréimhsiúla sin d’údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit baile.
3. Cuirfidh an t‑údarás inniúil in iúl, arna iarraidh sin d’údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit óstaigh agus gan mhoill, céannacht na n‑eisitheoirí atá bunaithe sa Bhallstát óstach agus céannacht na rannpháirtithe a shealbhaíonn ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag eisitheoirí atá corpraithe sa Bhallstát óstach sna córais socraíochta urrús arna n‑oibriú ag an taisclann lárnach urrús a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 23(2), chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile maidir le gníomhaíochtaí taisclainne lárnaí urrús a sholáthraíonn croísheirbhísí sa Bhallstát óstach trí bhrainse.’;
(b)
leasaítear mír 5 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘I gcás ina bhfuil forais shoiléire inléirithe ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit óstaigh chun creidiúint go bhfuil taisclann lárnach urrús a sholáthraíonn seirbhísí laistigh dá chríoch i gcomhréir le hAirteagal 23 ag sárú na n‑oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl d’údarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús sin, do ÚEUM agus, i gcás inarb infheidhme, don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a. Déanfaidh an t‑údarás inniúil bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an taisclann lárnach urrús forálacha an Rialacháin seo. Sula ndéanfaidh sé cinneadh i gcomhréir leis an dara habairt den fhomhír seo, cuirfidh an t‑údarás inniúil a dhréachtchinneadh faoi bhráid ÚEUM chun tuairim a fháil de bhun Airteagal 14(4) i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17;’;
(ii)scriostar an dara fomhír;
(c)
scriostar mír 6;
(26)leasaítear Airteagal 24a mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Gan dochar d’Airteagal 11(8), bunóidh an t‑údarás inniúil coláiste maoirseoirí chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 8 a dhéanamh i ndáil le taisclann lárnach urrús a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:
(a) go ndearna an taisclann lárnach urrús ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag eisitheoirí atá corpraithe i mBallstát óstach a thaifeadadh ar dtús ina cuntais urrús;
(b) go gcoimeádann an taisclann lárnach urrús ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag eisitheoirí atá corpraithe i mBallstát óstach ar bun ina cuntais urrús ar bhonn lárnach;
(c) go gcoimeádann an taisclann lárnach urrús ionstraimí airgeadais le haghaidh rannpháirtithe agus sealbhóirí eile cuntas urrús ó Bhallstát óstach ar bun ina cuntais urrús ar bhonn lárnach.
Chun críocha an mheasúnaithe ar an gcritéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a) i gcás leithscaradh cliant aonair, is í an tír ábhartha an tír chorpraithe (i gcás daoine dlítheanacha) nó an tír chónaithe (i gcás daoine nádúrtha) de chuid shealbhóirí na gcuntas urrús, lena n‑áirítear cliaint na rannpháirtithe;
(b) i gcás leithscaradh cliant comhthiomsaithe, is í tír chorpraithe na rannpháirtithe an tír ábhartha, ach amháin má tá an fhaisnéis maidir le tír chorpraithe nó tír chónaithe na gcliant foluiteach ar fáil don taisclann lárnach urrús.’;
(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Déanfaidh ÚEUM measúnú, 6 mhí tar éis údarú tosaigh taisclainne lárnaí urrús de bhun Airteagal 17, i dtaobh an gcomhlíonann taisclann lárnach urrús na critéir a leagtar síos i mír 1.
Déanfaidh ÚEUM measúnú freisin gach 12 mhí i dtaobh an gcomhlíonann taisclann lárnach urrús údaraithe na critéir a leagtar síos i mír 1 nó an leanann sí de na critéir sin a chomhlíonadh.
Cuirfidh ÚEUM torthaí an mheasúnaithe sin in iúl don taisclann lárnach urrús agus do na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. Bunóidh an t‑údarás inniúil an coláiste laistigh de 6 mhí ón dáta a chuirfear torthaí an mheasúnaithe arna dhéanamh ag ÚEUM in iúl de bhun mhír 1a.
3. Is é ÚEUM (‘an cathaoirleach’) a dhéanfaidh cathaoirleacht agus bainistiú ar an gcoláiste.’;
(d)
leasaítear mír 4 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) údarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús;’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) agus (e):
‘(d) údaráis inniúla na mBallstát óstach ina bhfuil an taisclann lárnach urrús ag tairiscint a seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 23;
(e) ÚBE, i gcás inar údaraíodh an taisclann lárnach urrús de bhun Airteagal 54; agus’;
(iii)cuirtear an pointe (f) seo a leanas isteach:
‘(f) an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (40), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcás inar údaraíodh an taisclann lárnach urrús de bhun Airteagal 54 den Rialachán seo.’;
(e)
scriostar mír 5;
(f)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘Tabharfaidh an cathaoirleach fógra do ÚEUM faoi chomhdhéanamh an choláiste laistigh de 1 mhí ó bhunú an choláiste agus faoi aon athrú ar a chomhdhéanamh laistigh de 1 mhí ón athrú sin. Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomhanna gréasáin gan moill mhíchuí an liosta de chomhaltaí an choláiste sin agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta.’;
(g)
leasaítear mír 8 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) malartú faisnéise, lena n‑áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagail 13, 14 agus 15 agus faisnéis faoin bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta de bhun Airteagail 22 agus 60;’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) agus (e):
‘(d) malartú faisnéise faoi sheachfhoinsiú údaraithe nó leathnú údaraithe gníomhaíochtaí agus seirbhísí faoi Airteagail 19, 19a agus 56;
(e) comhar maidir le haon saincheist a thagann chun cinn i ndáil le seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 23;’;
(h)
i mír 9, cuirtear an méid a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh ar bhonn ad hoc a thabhairt do rannpháirtithe breise chuig pléití an choláiste ar thopaicí sonracha nó mar bhreathnóirí buana.’;
(i)
i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):
‘(b) saincheisteanna a bhaineann le haon seachfhoinsiú nó leathnú gníomhaíochtaí agus seirbhísí faoi Airteagal 19, 19a nó 56; nó
(c) saincheisteanna a bhaineann le haon sárú féideartha ar an Rialachán seo a eascraíonn as seirbhísí a sholáthar i mBallstát óstach i gcomhréir le hAirteagal 23.’;
(j) scriostar mír 13;
(27)leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. D’ainneoin mhír 1, beidh taisclann lárnach urrús tríú tír faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 4 go 11 den Airteagal seo i gcás ina mbeartaíonn sí aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a) brainse a bhunú i mBallstát;
(b) na croísheirbhísí dá dtagraítear i bpointí (1) agus (2) de Roinn A den Iarscríbhinn a sholáthar i ndáil le hionstraimí airgeadais a rialaítear le dlí Ballstáit.’;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:
‘2a. Maidir le taisclann lárnach urrús tríú tír a bheartaíonn an chroísheirbhís dá dtagraítear i Roinn A, pointe 3, den Iarscríbhinn a sholáthar i ndáil le hionstraimí airgeadais a rialaítear le dlí Ballstáit, tabharfaidh sé fógra do ÚEUM ina leith sin. Cuirfidh ÚEUM údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ar lena dhlí a rialaítear na hionstraimí airgeadais ar an eolas faoin bhfógra a fuarthas.’;
(c)
i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) i gcás inarb ábhartha, go ndéanann an taisclann lárnach urrús tríú tír na bearta is gá chun go mbeidh a húsáideoirí in ann dlí náisiúnta ábhartha an Bhallstáit a chomhlíonadh ina bhfuil sé i gceist ag an taisclann lárnach urrús tríú tír seirbhísí taisclainne lárnaí urrús a sholáthar, agus go bhfuil leordhóthanacht na mbeart sin dearbhaithe ag údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé i gceist ag an taisclann lárnach urrús tríú tír seirbhísí taisclainne lárnaí urrús a sholáthar;’
(d)
leasaítear mír 13 mar a leanas:
(i)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) líon agus méid na n‑idirbheart in ionstraimí airgeadais a rialaítear le dlí Ballstáit agus a socraíodh le linn na bliana roimhe sin;’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(28)cuirtear isteach an tAirteagal 25a a seo a leanas:
‘Airteagal 25a
Táillí ar thaisclanna lárnacha urrús tríú tír
1.Gearrfaidh ÚEUM táillí a bhaineann le hiarratais ar aitheantas de bhun Airteagal 25 ar thaisclanna lárnacha urrús atá bunaithe i dtríú tír i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2.
2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na táillí dá dtagraítear i mír 1 a shonrú tríd an méid seo a leanas a leagan amach:
(a)cineálacha na dtáillí;
(b)méid na dtáillí;
(c)an chaoi a bhfuil na táillí le híoc.’;
(29)in Airteagal 26(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag taisclann lárnach urrús seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar do thaisclanna lárnacha urrús eile de bhun Airteagal 54a, beidh rialacha agus nósanna imeachta soiléire i bhfeidhm ag an taisclann lárnach urrús sin lena dtugtar aghaidh ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus lena maolaítear an riosca go gcaithfear go hidirdhealaitheach leis na taisclanna lárnacha urrús eile sin agus lena rannpháirtithe’;
(30)in Airteagal 27a(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh an dara fomhír:
‘Le linn na tréimhse measúnaithe, eiseoidh ÚEUM tuairim de bhun Airteagal 14(4), i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 17a.’;
(31)in Airteagal 27b(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
(32)‘Beidh measúnú an údaráis inniúil maidir leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 27a(2) agus maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27a(4) faoi réir tuairim ó ÚEUM de bhun Airteagal 14(4), a eisítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17a.’;
(33)leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Beidh seachfhoinsiú croísheirbhíse chuig tríú páirtí seachas taisclann lárnach urrús laistigh den ghrúpa céanna faoi réir údarú ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 19. Beidh seachfhoinsiú croísheirbhíse chuig taisclann lárnach urrús eile laistigh den ghrúpa céanna faoi réir údarú ó ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19a.
Tabharfaidh taisclann lárnach urrús fógra faoin seachfhoinsiú seirbhísí dá dtagraítear i Roinn B den Iarscríbhinn dá húdarás inniúil sula gcuirfear an seachfhoinsiú chun feidhme. Mar chuid den fhógra, soláthróidh an taisclann lárnach urrús an fhaisnéis ábhartha uile lena gceadaítear dá húdarás inniúil measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear san Airteagal seo.’;
(b)cuirtear isteach na míreanna 6 agus 7 seo a leanas:
‘6. Ní mheasfar gur seachfhoinsiú é DLT a bheith á úsáid ag taisclann lárnach urrús chun na croísheirbhísí a sholáthar, ach amháin má tá an taisclann lárnach urrús ag déanamh socrú le tríú páirtí chun na croísheirbhísí a sholáthar trí DLT a úsáid.
7. Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na himthosca sonracha faoina measfar socrú seachfhoinsithe a bheith ina sheachfhoinsiú croísheirbhísí.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 18 mí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(34)in Airteagal 33, cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:
‘7. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun taisclanna lárnacha urrús a chumasú chun ligean do dhaoine aonair príobháideacha freisin a bheith ina rannpháirtithe i dtaisclann lárnach urrús i gcás inar ceadaíodh do na daoine aonair príobháideacha sin a bheith rannpháirteach i gcóras socraíochta urrús faoi [Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta]. Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe aon cheanglas breise is gá chun maolú a dhéanamh ar aon riosca a d’fhéadfadh teacht chun cinn do thaisclanna lárnacha urrús a ghlacann le daoine aonair príobháideacha mar rannpháirtithe.’;
(35)in Airteagal 34, cuirtear na míreanna 9 agus 10 seo a leanas isteach:
‘9. Nochtfaidh inmheánaitheoirí socraíochta dá gcliaint na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad agus déanfaidh siad idirdhealú idir na praghsanna a bhaineann le socraíocht laistigh agus lasmuigh de chóras socraíochta urrús. Nochtfaidh siad na praghsanna agus na táillí atá ar gach seirbhís a sholáthraítear ar leithligh, lena n‑airítear lascainí, lacáistí agus na coinníollacha chun tairbhiú de na laghduithe sin.
10. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh maidir leis na nochtuithe dá dtagraítear i míreanna 1, 5 agus 9.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 18 mí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(36)in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Déanfaidh taisclann lárnach urrús bearta réitigh iomchuí, a fhéadfar a dhéanamh trí DLT a úsáid, chun a fhíorú go bhfuil líon na n‑urrús atá in eisiúint urrús nó i gcuid d’eisiúint urrús a chuirtear faoi bhráid taisclainne lárnaí urrús cothrom le suim na n‑urrús a thaifeadtar ar chuntais urrús rannpháirtithe an chórais socraíochta urrús arna oibriú ag an taisclann lárnach urrús agus, i gcás inarb ábhartha, ar chuntais úinéara arna gcoinneáil ar bun ag an taisclann lárnach urrús. Déanfar na bearta réitigh sin ar bhonn laethúil ar a laghad.’;
(37)leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Coimeádfaidh taisclann lárnach urrús taifid agus cuntais lena gcumasófar leithscaradh cliant comhthiomsaithe. I gcás ina n‑oibríonn taisclann lárnach urrús a croísheirbhísí trí DLT a úsáid, agus i gcás ina gcuireann an taisclann lárnach urrús ar a gcumas do na rannpháirtithe uile agus dá gcliaint leithscaradh cliant aonair a bheith acu mar a shainmhínítear i mír 4, féadfaidh taisclann lárnach urrús den sórt sin, de mhaolú ar an gcéad abairt, a roghnú gan leithscaradh cliant comhthiomsaithe a thairiscint. Tá an fhoráil seo gan dochar d’oibleagáidí na taisclainne lárnaí urrús na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 48a a chomhlíonadh i ndáil le ceann amháin ar a laghad de na córais socraíochta slándála a oibríonn sé.’;
(b)i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh na chéad fhomhíre:
‘I gcás ina n‑oibríonn taisclann lárnach urrús a croísheirbhísí trí DLT a úsáid agus inar roghnaigh sé leithscaradh cliant comhthiomsaithe a thairiscint i gcomhréir le mír 3, déanfaidh taisclann lárnach urrús den sórt sin, de mhaolú ar an gcéad fhomhír, gach beart réasúnach chun a áirithiú go dtairgfidh rannpháirtí dá chliaint an rogha idir leithscaradh cliant comhthiomsaithe agus leithscaradh cliant aonair ar a laghad agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi na costais agus na rioscaí a bhaineann le gach rogha.’;
(38)leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘I gcás ina dtairgeann an taisclann lárnach urrús na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 40(3), áiritheoidh sí go mbeidh na fáltais airgid a bhaineann le socraíochtaí urrús ar fáil d’fhaighteoirí lena n‑úsáid tráth nach déanaí ná deireadh an lae ghnó ar a mbeidh an dáta socraíochta atá beartaithe.’
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Gach idirbheart urrús i gcoinne íocaíochta in airgead tirim nó i comharthaí ríomh-airgid idir rannpháirtithe díreacha i gcóras socraíochta urrús a oibríonn taisclann lárnach urrús a shocrófar sa chóras socraíochtaí urrús sin, socrófar iad ar bhonn ‘seachadadh in áit íocaíochta’.’;
(39)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:
‘Airteagal 40
Socraíocht airgid agus comharthaí ríomh-airgid
1.Déanfaidh taisclann lárnach urrús íocaíochtaí airgid a córais socraíochta urrús a shocrú in airgead bainc ceannais i gcás ina mbeidh sé sin praiticiúil agus ina mbeidh a leithéid ar fáil.
2.I gcás ina dtairgfidh taisclann lárnach urrús íocaíochtaí airgid a córais socraíochta urrús a shocrú in airgeadra atá ar fáil ar bhonneagar coiteann socraíochta atá comhtháite le córais ollsocraíochta fíor-ama bainc ceannais a oibrítear san Aontas, nascfaidh an taisclann lárnach urrús sin go díreach leis an mbonneagar sin agus tabharfaidh sí deis dá rannpháirtithe a n‑idirbhearta arna n‑ainmniú in airgeadraí atá ar fáil ar an mbonneagar sin a shocrú i gcuntais a osclófar ag an mbonneagar sin.
3.I gcás nach socróidh taisclann lárnach urrús in airgead bainc ceannais mar a fhoráiltear i mír 1, ní thairgfidh taisclann lárnach urrús na híocaíochtaí airgid a shocrú ach amháin le haghaidh a córas socraíochta urrús uile nó le haghaidh cuid díobh:
(a)trína chuntais féin;
(b)trí chuntais arna n‑oscailt le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE; nó
(c)trí chuntais arna n‑oscailt le taisclann lárnach urrús eile cibé acu atá nó nach bhfuil sí laistigh den ghrúpa céanna gnóthas atá faoi rialú deiridh an mháthairghnóthais chéanna.
Taisclann lárnach urrús ar mian leis na híocaíochtaí airgid a shocrú mar a shonraítear i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír, gheobhaidh sí údarú chun déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagail 54, 54a nó 54b agus, i gcás inarb infheidhme, 54c, agus Airteagal 55, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar amach i dTeideal IV.’;
(40)cuirtear isteach an tAirteagal 45a seo a leanas:
‘Airteagal 45a
Rioscaí a bhaineann le teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid lasmuigh de shocrú seachfhoinsithe
1.Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 45, i gcás ina n‑oibríonn taisclann lárnach urrús croísheirbhís a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn trí DLT a úsáid, áiritheoidh an taisclann lárnach urrús go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:
(a)ní fhágtar taisclann lárnach urrús gan na córais agus na rialtáin is gá chun na rioscaí atá roimpi a bhainistiú mar gheall ar DLT a úsáid;
(b)níl tionchar diúltach ag úsáid DLT ar chaidreamh agus ar oibleagáidí na taisclainne lárnaí urrús i leith a rannpháirtithe nó a eisitheoirí;
(c)mar gheall ar DLT a úsáid, ní chuirtear cosc ar fheidhmeanna maoirseachta agus formhaoirseachta a fheidhmiú, lena n‑áirítear rochtain ar an láthair chun aon fhaisnéis ábhartha a fháil is gá chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;
(d)coinníonn an taisclann lárnach urrús an saineolas agus na hacmhainní is gá chun a seirbhísí maidir le DLT a sholáthar, chun faireachán a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear trí DLT a úsáid agus chun na rioscaí a bhaineann le húsáid DLT a bhainistiú go héifeachtach ar bhonn leanúnach;
(e)tá rochtain dhíreach ag an taisclann lárnach urrús ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le seirbhísí a úsáideann DLT a sholáthar.
2.Forbróidh ÚEUM i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 agus na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu a shonrú, agus chun na modhanna faoina gcomhlíonfaidh an taisclann lárnach urrús na ceanglais a leagtar amach i mír 1 a shonrú.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 12 mí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(41)in Airteagal 47a(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 30 Deireadh Fómhair 2027.’;
(42)leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Taisclanna lárnacha urrús a bheartaíonn nasc idir-inoibritheach a bhunú, soláthróidh siad an measúnú riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír dá n‑údaráis inniúla faoi seach san iarratas ar údarú an naisc idir-inoibrithigh sin atá le cur isteach ag gach ceann de na taisclanna lárnacha urrús lena mbaineann i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 48b.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfaidh taisclanna lárnacha urrús atá bunaithe san Aontas a bheartaíonn naisc idir-inoibritheacha a bhunú le taisclanna lárnacha urrús eile atá bunaithe san Aontas iarratas ar údarú a chur isteach mar a cheanglaítear faoi Airteagal 19.’;
(c)cuirtear isteach na míreanna 2a, 2b, 2c agus 2d seo a leanas:
‘2a. Naisc idir-inoibritheacha na dtaisclann lárnacha urrús a dhéanann cuid dá seirbhísí a bhaineann leis na naisc idir-inoibritheacha sin a seachfhoinsiú chuig eintiteas poiblí dá dtagraítear in Airteagal 30(5) agus naisc idir taisclanna lárnacha urrús nach naisc idir-inoibritheacha iad, ní bheidh siad faoi réir údarú ach tabharfaidh na taisclanna lárnacha urrús fógra ina leith dá n‑údaráis inniúla agus ábhartha sula gcuirfear chun feidhme iad, tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil a chuirfidh ar a gcumas do na húdaráis sin measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear san Airteagal seo.
2b. Ceanglóidh údarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús iarrthaí ar an taisclann lárnach urrús sin scor de nasc idir taisclanna lárnacha urrús a úsáid, ar nasc é ar tugadh fógra ina leith, i gcás nach gcomhlíonann an nasc sin na ceanglais dá bhforáiltear san Airteagal seo agus, ar an gcaoi sin, ina gcuirfeadh sé feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais i mbaol nó ina mbeadh sé ina chúis le riosca córasach. I gcás ina gcuireann údarás inniúil de cheanglas ar thaisclann lárnach urrús scor de nasc idir taisclanna lárnacha urrús a úsáid, leanfaidh sé an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20(2) agus (3).
2c. Féadfaidh taisclann lárnach urrús údaraithe nasc idir taisclanna lárnacha urrús a bhunú le taisclann lárnach urrús tríú tír. Sa chás sin, comhlíonfaidh sé na coinníollacha agus an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo. Leis an bhfaisnéis a chuirfidh an taisclann lárnach urrús iarrthach ar fáil, beidh an t‑údarás inniúil in ann a mheas an gcomhlíonann na naisc sin na ceanglais dá bhforáiltear san Airteagal seo nó na ceanglais atá coibhéiseach leo siúd dá bhforáiltear san Airteagal seo.
2d. Taisclann lárnach urrús údaraithe a bheartaíonn nasc idir-inoibritheach a bhunú le taisclann lárnach urrús tríú tír, cuirfidh sí iarratas ar údarú faoi bhráid a húdaráis inniúil, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 19. Ní dhiúltóidh an t‑údarás inniúil nasc den sórt sin idir taisclanna lárnacha urrús a údarú ach amháin i gcás ina gcuirfeadh sé feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé ina chúis le rioscaí sistéamacha.’;
(d)i mír 8, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Le taisclanna lárnacha urrús a úsáideann bonneagar coiteann socraíochta agus córais socraíochta urrús idir-inoibritheacha, bunófar pointí comhionanna maidir leis an méid seo a leanas:’;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
‘9. Is é a bheidh sna naisc idir-inoibritheacha uile idir taisclanna lárnach urrús údaraithe, i gcás inarb infheidhme, naisc lena dtugtar tacaíocht do shocraíocht ‘seachadadh in áit íocaíochta’.’;
(f)leasaítear mír 10 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid seo a leanas uile a shonrú:
(a) raon feidhme na measúnuithe riosca dá dtagraítear i mír 1;
(b) na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 3 faoina ndéanann gach cineál socraithe naisc foráil maidir le cosaint leordhóthanach a thabhairt do na taisclanna lárnacha urrús atá nasctha agus dá rannpháirtithe, go háirithe i gcás ina mbeartaíonn taisclann lárnach urrús a bheith rannpháirteach sa chóras socraíochta urrús a oibríonn taisclann lárnach urrús eile;
(c) an faireachán agus an bainistiú a dhéanfar ar na rioscaí breise dá dtagraítear i mír 5 a eascraíonn as úsáid idirghabhálaithe;
(d) na nósanna imeachta réitigh dá dtagraítear i mír 6;
(e) na cásanna ina mbíonn socraíocht ‘seachadadh in áit íocaíochta’ praiticiúil agus indéanta trí naisc idir taisclanna lárnacha urrús, mar a fhoráiltear i mír 7, agus na modhanna measúnaithe ina leith;
(f) na rialacha lena n‑áirithítear cur i bhfeidhm comhchuibhithe na hoibleagáide a bhaineann leis na tráthanna dá dtagraítear i mír 8, go sonrach na tráthanna a thagann orduithe aistrithe isteach i gcóras, do-athraitheacht orduithe aistrithe agus críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid.’;
(ii)cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis na chéad fhomhíre:
‘Agus na heilimintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), á sonrú ag ÚEUM, cuirfidh sé na cleachtais reatha is forleithne san áireamh.’;
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 1 bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(43)cuirtear isteach na hAirteagail 48a agus 48b seo a leanas:
‘Airteagal 48a
Nascacht idir taisclanna lárnacha urrús
1.I gcás ina gcomhlíonann taisclann lárnach urrús shuntasach na critéir a leagtar síos in Airteagal 11a(1) agus nach cuid de ghrúpa taisclanna lárnacha urrús í, nó i gcás inarb í an t‑aon taisclann lárnach urrús shuntasach í laistigh de ghrúpa a chomhlíonann critéir Airteagal 11a(1), measfar gur mol taisclann lárnach urrús í an taisclann lárnach urrús sin.
I gcás ina gcomhlíonann dhá thaisclann lárnacha urrús shuntasacha nó níos mó laistigh de ghrúpa critéir Airteagal 11a(1), ceapfaidh an grúpa, gan moill mhíchuí, ceann de na taisclanna lárnacha urrús sin mar mhol taisclann lárnach urrús agus tabharfaidh sé fógra do ÚEUM tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Nochtfaidh ÚEUM na moil taisclann lárnach urrús sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 21 gan moill mhíchuí.
2.Déanfaidh gach mol taisclann lárnach urrús nasc déthaobhach a bhunú agus a choinneáil ar bun le gach ceann de na moil taisclann lárnach urrús eile.
3.Déanfaidh gach taisclann lárnach urrús nach mol taisclann lárnach urrús í nasc déthaobhach a bhunú agus a choinneáil ar bun le mol taisclann lárnach urrús.
4.Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 maidir le córas socraíochta DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT arna oibriú ag taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear faoi seach in Airteagal (2), pointí (7) agus (10), de Rialachán (AE) 2022/858.
5.Áiritheoidh taisclanna lárnacha urrús a bhfuil baint acu le nasc déthaobhach dá dtagraítear i míreanna 2 nó 3, de réir mar is infheidhme, go mbeidh na hionstraimí airgeadais ar fad a eisítear i ngach ceann de na taisclanna lárnacha urrús lena mbaineann ar fáil le haghaidh socraíochta tríd an nasc déthaobhach sin.
6.Taisclanna lárnacha urrús is faighteoirí i naisc a chomhdhéanann an nasc déthaobhach arna bhunú de bhun mhíreanna 2 nó 3, de réir mar is infheidhme, féadfaidh siad táille tráchtála réasúnta a ghearradh ar na taisclanna lárnacha urrús iarrthacha, chun na costais arna dtabhú trí bhunú agus úsáid na nasc sin a aisghabháil ó na taisclanna lárnacha urrús iarrthacha.
7.Comhlíonfaidh taisclanna lárnacha urrús na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2 nó 3, de réir mar is infheidhme, ar a dhéanaí faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
8.I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gur theip ar thaisclann lárnach urrús, a measadh a bheith ina mol taisclann lárnach urrús roimhe sin, na critéir a leagtar síos in Airteagal 11a(1) a chomhlíonadh ar feadh trí bliana as a chéile, beidh feidhm ag an méid uile seo a leanas:
(a)ní mheasfar a thuilleadh gur mol taisclann lárnach urrús í an taisclann lárnach urrús sin agus tabharfaidh ÚEUM fógra don taisclann lárnach urrús lena mbaineann faoin gcinneadh sin;
(b)Bainfidh ÚEUM an taisclann lárnach urrús den chlár dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí;
(c)Tabharfaidh ÚEUM fógra do na taisclanna lárnacha urrús uile a bhfuil naisc dhéthaobhacha bunaithe acu leis an taisclann lárnach urrús sin de bhun mhíreanna 2 nó 3, agus dá n‑údaráis inniúla;
(d)beidh 18 mí ag na taisclanna lárnacha urrús dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo chun a gcomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 nó 3 a athbhunú, le mol taisclann lárnach urrús eile.
9.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun leasú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina mbeidh taisclann lárnach urrús faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.
Breithneoidh an Coimisiún a iomchuí atá sé aon athrú den sórt sin a dhéanamh. I gcás ina leasófar na coinníollacha sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ábharthacht trasteorann na dtaisclann lárnach urrús atá bunaithe san Aontas agus na rioscaí a bhaineann leo maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais.
Airteagal 48b
Nós imeachta chun naisc idir-inoibritheacha a údarú
1.Cuirfidh taisclanna lárnacha urrús údaraithe iarratas ar údarú faoi bhráid ÚEUM i gcás ina bheartaíonn sí nasc idir-inoibritheach a bhunú.
2.Cuirfidh taisclanna lárnacha urrús is faighteoirí agus taisclanna lárnacha urrús iarrthacha araon iarratais isteach chun gach ceann de na naisc chaighdeánacha agus idir-inoibritheacha a chomhdhéanann na naisc dhéthaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 48a(2) agus (3) a bhunú agus déileálfar leo mar iarratas aonair. De mhaolú ar an gcéad abairt, i gcás ina bhfuil ceann de na naisc chaighdeánacha agus idir-inoibritheacha lena gcomhdhéanfar an nasc déthaobhach éigeantach idir dhá thaisclann lárnacha urrús de bhun Airteagal 48a(2) agus (3) bunaithe cheana féin, ní chuirfear faoi bhráid ÚEUM ach iarratas ar údarú an naisc chaighdeánaigh idir-inoibrithigh atá in easnamh lena gcomhdhéanfar an nasc déthaobhach. A luaithe a údaróidh ÚEUM na naisc atá in easnamh, measfar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 48a(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, a bheith comhlíonta.
3.Comhroinnfear an t‑iarratas láithreach leis na faighteoirí cláraithe faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 21a don dá thaisclann lárnacha urrús a bhfuil baint acu leis an nasc idir-inoibritheach atá beartaithe agus, i gcás inarb infheidhme, do na coláistí faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 24a den dá thaisclann lárnacha urrús a bhfuil baint acu leis an nasc idir-inoibritheach atá beartaithe.
Cuimseoidh na taisclanna lárnacha urrús is iarratasóir san iarratas na doiciméid agus an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú go mbeidh na socruithe uile is gá bunaithe acu, tráth a údarófar an nasc idir-inoibritheach, chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh mar a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil leis an nasc idir-inoibritheach sin.
4.Le linn na tréimhse a shonraítear i mír 6, féadfaidh ÚEUM agus na húdaráis ábhartha a iarraidh ar na taisclanna lárnacha urrús is iarratasóir doiciméid bhreise nó faisnéis bhreise a sholáthar, i gcás ina mbeidh gá leis na doiciméid nó leis an bhfaisnéis sin chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo ag na taisclanna lárnacha urrús is iarratasóir maidir leis an nasc idir-inoibritheach a bheartaíonn siad a bhunú. Féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh i dtaobh an iarratais in éagmais freagra ó na taisclanna lárnacha urrús.
5.Le linn na tréimhse a shonraítear i mír 6, déanfaidh ÚEUM measúnú riosca ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo ag na taisclanna lárnacha urrús is iarratasóir maidir leis an nasc idir-inoibritheach a bheartaíonn siad a bhunú agus rachaidh siad i gcomhairle, maidir leis an dá thaisclann lárnacha urrús is iarratasóir lena mbaineann, leis na húdaráis ábhartha, leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a, i gcás inarb infheidhme, agus leis an údarás inniúil i dtaobh an gcomhlíonann an nasc idir-inoibritheach a bheartaíonn siad a bhunú na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dtaobh aon riosca a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar an nasc idir-inoibritheach sin.
6.Laistigh de 3 mhí ón admháil go bhfuarthas an t‑iarratas dá dtagraítear in Airteagal 21a(2), glacfaidh ÚEUM a chinneadh agus tarchuirfidh sé é chuig na faighteoirí cláraithe faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 21a le haghaidh an dá thaisclann lárnacha urrús a bhfuil baint acu leis an nasc idir-inoibritheach, le haghaidh na gcoláistí faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 24a a bhaineann leis an dá thaisclann lárnach urrús a bhfuil baint acu leis an nasc idir-inoibritheach, i gcás inarb infheidhme, agus le haghaidh na dtaisclann lárnach urrús is iarratasóir. Cuimseofar sa chinneadh míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an t‑údarú.
Gan dochar do mhír 4, ní dhiúltóidh ÚEUM nasc idir-inoibritheach a údarú ach amháin i gcás ina gcuirfeadh an nasc feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé ina chúis le riosca sistéamach.’;
(44)leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír:
‘Aon eisitheoir atá bunaithe san Aontas agus a eisíonn nó a d’eisigh urrúis atá á ligean isteach chun a dtrádála faoi láthair, a ligtear isteach chun a dtrádála, nó a thrádáiltear ar ionaid trádála, beidh sé de cheart aige socrú a dhéanamh go ndéanfar na hurrúis sin a thaifeadadh ar dtús agus go ndéanfar socrú go ndéanfar na hurrúis sin a thaifeadadh tar éis taifeadadh tosaigh, i bhfoirm cuntais reatha in aon taisclann lárnach urrús atá bunaithe in aon Bhallstát.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. I gcás ina gcuirfidh eisitheoir iarraidh isteach ar a urrúis a thaifeadadh i dtaisclann lárnach urrús, i dtosach nó i ndiaidh taifeadadh tosaigh, tabharfaidh an taisclann lárnach urrús sin faoin iarraidh sin go pras agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus cuirfidh sí freagra ar fáil don eisitheoir iarrthach laistigh de 3 mhí.
3. Féadfaidh taisclann lárnach urrús diúltú seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir. Ní dhéanfar diúltú den sórt sin ach amháin ar bhonn measúnú riosca cuimsitheach nó i gcás nach soláthraíonn an taisclann lárnach urrús sin na seirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointe (1), den Iarscríbhinn i ndáil le hurrúis a n‑iarrann an t‑eisitheoir na seirbhísí sin ina leith.’;
(45)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:
‘Faoi réir na gceanglas maidir le rannpháirtíocht a leagtar amach in Airteagal 33 a chomhlíonadh agus faoi réir réamhfhógra a thabhairt faoin nasc idir taisclanna lárnacha urrús dá bhforáiltear faoi Airteagal 48(2a), beidh sé de cheart ag taisclann lárnach urrús a bheith ina rannpháirtí de thaisclann lárnach urrús eile agus nasc caighdeánach a chur ar bun leis an taisclann lárnach urrús sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 52.’;
(46)cuirtear isteach an tAirteagal 51a seo a leanas:
‘Airteagal 51a
Naisc athsheachadta
‘1. I gcás ina n‑iarrfaidh taisclann lárnach urrús go mbeidh mol taisclann lárnach urrús ina thríú páirtí i nasc athsheachadta le taisclann lárnach urrús atá bunaithe san Aontas, ní dhiúltóidh an mol taisclann lárnach urrús agus an taisclann lárnach urrús is faighteoir d’iarraidh den sórt sin ach amháin ar bhonn breithnithe riosca. Ní dhiúltóidh an mol taisclann lárnach urrús ná an taisclann lárnach urrús is faighteoir iarraidh ar an bhforas go gcaillfear sciar den mhargadh.
2. Féadfaidh an mol taisclann lárnach urrús a ghníomhaíonn mar an tríú páirtí i nasc athsheachadta agus an taisclann lárnach urrús is faighteoir táille tráchtála réasúnta a ghearradh ar an taisclann lárnach urrús iarrthach chun na costais arna dtabhú de bharr bhunú agus úsáid na nasc dá dtagraítear i mír 1 a aisghabháil.’;
(47)leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Nuair a chuireann taisclann lárnach urrús iarraidh ar rochtain isteach chuig taisclann lárnach urrús eile de bhun Airteagail 48a(2) agus (3), 50 agus 51, déileálfaidh an taisclann lárnach urrús is faighteoir leis an iarraidh go pras agus cuirfidh sí freagra chuig an taisclann lárnach urrús iarrthach laistigh de 3 mhí. Má chomhaontaíonn an taisclann lárnach urrús is faighteoir leis an iarraidh, cuirfear an nasc idir taisclanna lárnacha urrús i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama réasúnach, nach mbeidh níos faide ná 12 mhí.’;
(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘I gcás ina ndiúltófar rochtain a thabhairt trí nasc nach dtagraítear dó in Airteagal 48a(2) nó (3), tá sé de cheart ag an taisclann lárnach urrús iarrthach gearán a dhéanamh tríd an mbunachar sonraí lárnach le húdarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús a dhiúltaigh rochtain a thabhairt.’;
(ii)sa chúigiú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Rachaidh údarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús is faighteoir i gcomhairle le húdarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús iarrthaí agus le húdarás ábhartha na taisclainne lárnaí urrús iarrthaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (a), maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé faoin ngearán.’
(c)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:
‘2a. I gcás ina ndiúltófar rochtain a thabhairt trí nasc dá dtagraítear in Airteagal 48a (2) nó (3), soláthróidh an taisclann lárnach urrús is faighteoir diúltú a bhfuil údar cuí leis tríd an mbunachar sonraí lárnach do ÚEUM agus don taisclann lárnach urrús iarrthach. Bunófar an diúltú ar mheasúnú riosca cuimsitheach.
Laistigh de 30 lá oibre ón bhfógra faoin diúltú a thabhairt do ÚEUM agus don taisclann lárnach urrús iarrthach, déanfaidh an taisclann lárnach urrús is faighteoir agus an taisclann lárnach urrús iarrthach na bearta atá beartaithe acu chun na rioscaí is bonn leis an diúltú a mhaolú a sholáthar do ÚEUM, tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Laistigh de 90 lá oibre ón tráth a bhfaighidh ÚEUM tíolacadh iomlán na mbeart atá beartaithe ag na taisclanna lárnacha urrús is faighteoirí agus na taisclanna lárnacha urrús iarrthacha, sainaithneoidh ÚEUM, i gcomhar le húdarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús nach meastar a bheith ina mhol taisclann lárnach urrús, i gcás inarb infheidhme, agus na bearta sin atá beartaithe á gcur san áireamh, na bearta is gá atá le déanamh chun na rioscaí is bonn leis an diúltú a mhaolú agus eiseoidh sé ordú, tríd an mbunachar sonraí lárnach, chuig na taisclanna lárnacha urrús is faighteoirí nó na taisclanna lárnacha urrús iarrthacha, de réir mar is infheidhme, chun na bearta sin is gá a ghlacadh agus chun an nasc dá dtagraítear in Airteagail 48a(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, a chur ar bun faoi dháta áirithe.’;
(48)leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 3 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fomhír:
‘Déanfaidh páirtí a dhiúltaíonn rochtain na cúiseanna iomlána i scríbhinn atá leis an diúltú sin a chur ar fáil don pháirtí iarrthach bunaithe ar mheasúnú riosca cuimsitheach. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an bpáirtí iarrthach gearán a dhéanamh le ÚEUM.
Déanfaidh ÚEUM agus an t‑údarás ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (a), scrúdú cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh siad freagra réasúnaithe don pháirtí iarrthach.’;
(ii)scriostar an ceathrú fomhír;
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:
‘I gcás ina measfar nach bhfuil bonn cirt le diúltú ó pháirtí rochtain a thabhairt, eiseoidh ÚEUM ordú lena gceanglófar ar an bpáirtí sin rochtain ar a sheirbhísí a thabhairt laistigh de 1 mhí.’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na rioscaí a shonrú a bheidh le cur san áireamh ag taisclanna lárnacha urrús agus measúnú riosca cuimsitheach á dhéanamh acu mar aon le heilimintí an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3.’;
(49)leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Údarú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil’
(b)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Maidir le taisclann lárnach urrús a bheartaíonn na híocaíochtaí airgid le haghaidh a córas socraíochta urrús uile nó le haghaidh cuid díobh a shocrú trína chuntais féin dá dtagraítear in Airteagal 40(3), nó a bheartaíonn ar shlí eile aon seirbhís choimhdeach eile de chineál baincéireachta a leagtar amach i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar, gheobhaidh sí údarú chun déanamh amhlaidh faoi na coinníollacha a shonraítear san Airteagal seo agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 55.
2. Áiritheoidh taisclann lárnach urrús go mbeidh aon fhaisnéis a chuirfidh sí ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh faoi na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht trí chuntais dhílse na taisclainne lárnaí urrús soiléir agus cothrom agus nach mbeidh sí míthreorach. Cuirfidh taisclann lárnach urrús faisnéis leordhóthanach ar fáil do chliaint nó do chliaint ionchasacha chun go mbeidh siad in ann na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht trí chuntais dhílse na taisclainne lárnaí urrús a shainaithint agus a mheas agus soláthróidh sí an fhaisnéis sin arna iarraidh sin.’;
(c)scriostar mír 2a;
(d)leasaítear mír 3 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘I gcás ina bhféachfaidh taisclann lárnach urrús le haon seirbhís dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ó laistigh den eintiteas dlíthiúil céanna leis an eintiteas dlíthiúil a oibríonn an córas socraíochta urrús, ní dheonófar an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) ní sholáthraíonn an taisclann lárnach urrús ach na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn agus ní dhéanann sé aon ghníomhaíocht eile faoin údarú dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo;’;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Taisclann lárnach urrús a údaraítear chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, comhlíonfaidh sí na coinníollacha riachtanacha faoin Rialachán seo le haghaidh údaraithe i gcónaí, agus tabharfaidh sí fógra, gan mhoill, do na húdaráis inniúla faoi aon athrú substainteach a dhéanann difear do na coinníollacha maidir le húdarú.’;
(f)scriostar mír 4a;
(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 55, i gcás ina bheartaíonn taisclann lárnach urrús socraíocht a dhéanamh i comharthaí ríomh-airgid trína chuntais féin, beidh feidhm freisin ag na forálacha a leagtar amach in Airteagal 54c.’;
(h)scriostar míreanna 6 agus 7;
(i)i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an formhuirear caipitil rioscabhunaithe bhreise dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), den Airteagal seo agus in Airteagal 54b(5), pointe (d), a chinneadh.’;
(j)scriostar mír 9;
(50)cuirtear isteach na hAirteagail 54a, 54b agus 54c seo a leanas:
‘Airteagal 54a
Údarú chun taisclann lárnach urrús eile a ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar
1.Maidir le taisclann lárnach urrús a bheartaíonn na híocaíochtaí airgid le haghaidh a córas socraíochta urrús uile nó le haghaidh cuid díobh a shocrú trí chuntais arna n‑oscailt le taisclann lárnach urrús eile dá dtagraítear in Airteagal 40(3), gheobhaidh sí údarú chun an taisclann lárnach urrús eile sin a ainmniú faoi na coinníollacha a shonraítear san Airteagal seo agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 55.
Chun críocha na chéad fhomhíre, ní fhéadfaidh taisclann lárnach urrús taisclann lárnach urrús amháin nó níos mó a ainmniú ach amháin i gcás ina mbeidh na taisclanna lárnacha urrús sin údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar de bhun Airteagal 54.
2.Áiritheoidh taisclann lárnach urrús go mbeidh an fhaisnéis a sholáthróidh an taisclann lárnach urrús féin, nó an taisclann lárnach urrús a ainmneoidh sí, do rannpháirtithe sa mhargadh faoi na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht trí chuntais arna n‑oscailt leis an taisclann lárnach urrús ainmnithe soiléir agus cothrom agus nach mbeidh sí míthreorach. Cuirfidh taisclann lárnach urrús faisnéis leordhóthanach ar fáil do chliaint nó do chliaint ionchasacha chun go mbeidh siad in ann na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht trí chuntais arna n‑oscailt le taisclann lárnach urrús eile a shainaithint agus a mheas agus soláthróidh sí an fhaisnéis sin arna iarraidh sin.
3.I gcás ina n‑údarófar do thaisclann lárnach urrús taisclann lárnach urrús eile a ainmniú i gcomhréir le mír 1, ní fhéadfaidh sé an t‑údarú sin a úsáid ach amháin chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar, nó chun na seirbhísí a bhaineann le comharthaí ríomh-airgid a sholáthar, ar seirbhísí iad a bhfuil gá leo chun na híocaíochtaí a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús uile nó le haghaidh cuid díobh, agus gan aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh.
4.Measfar taisclann lárnach urrús a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 a bheith ina gníomhaire socraíochta.
5.I gcás ina bhféachann taisclann lárnach urrús le taisclann lárnach urrús eile a ainmniú i gcomhréir le mír 1 chun na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús uile nó le haghaidh cuid díobh, ní bheidh íocaíochtaí airgid den sórt sin in airgeadra na tíre ina bhfuil an taisclann lárnach urrús ainmniúcháin bunaithe.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír mura mó luach iomlán na socraíochta in airgead tirim nó i comharthaí ríomh-airgid trí chuntais arna n‑oscailt le taisclann lárnach urrús eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír ná an tairseach arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 54b(12), pointe (a).
Déanfaidh an t‑údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tairseach dá dtagraítear sa dara fomhír, chun féachaint an bhfuiltear á hurramú. Tarchuirfidh an t‑údarás inniúil na torthaí uaidh mar aon leis na bunsonraí chuig ÚEUM agus ÚBE. Tarchuirfidh an t‑údarás inniúil na torthaí uaidh chuig comhaltaí CEBC freisin.
Gan dochar d’Airteagal 40, míreanna 1 agus 2, i gcás ina measfaidh an t‑údarás inniúil gur sáraíodh an tairseach arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 54b(12), pointe (a), le haghaidh socraíocht in airgead tirim nó i comharthaí ríomh-airgid, ceanglóidh an t‑údarás inniúil ar an taisclann lárnach urrús lena mbaineann údarú a lorg i gcomhréir le hAirteagal 54. Cuirfidh an taisclann lárnach urrús a hiarratas ar údarú isteach laistigh de 6 mhí.
6.I gcás ina measfaidh an t‑údarás inniúil nach bhfuil dóthain maolaithe á dhéanamh ar neamhchosaint taisclainne lárnaí urrús arna hainmniú ag taisclann lárnach urrús eile i gcomhréir le mír 1 ar chomhchruinniú rioscaí faoi Airteagal 59(3) agus (4), féadfaidh an t‑údarás inniúil ceangal a chur ar an taisclann lárnach urrús níos mó ná taisclann lárnach urrús amháin a ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, nó institiúid chreidmheasa a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 54b, de bhreis ar an taisclann lárnach urrús a ainmníodh ar dtús.
7.I gcás ina bheartaíonn taisclann lárnach urrús taisclann lárnach urrús eile a ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo chun na híocaíochtaí a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús uile, nó le haghaidh cuid díobh, i comharthaí ríomh-airgid, i dteannta na bhforálacha a leagtar amach i míreanna 1 go 6 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagal 54c freisin.
Airteagal 54b
Údarú chun institiúid creidmheasa a ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar
1.Maidir le taisclann lárnach urrús a bheartaíonn na híocaíochtaí in airgead nó i comharthaí ríomh-airgid le haghaidh a córas socraíochta urrús uile nó le haghaidh cuid díobh a shocrú trí chuntais arna n‑oscailt le hinstitiúid creidmheasa arna húdarú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE, dá dtagraítear in Airteagal 40(3) den Rialachán seo, gheobhaidh sí údarú chun an institiúid creidmheasa sin a ainmniú faoi na coinníollacha a shonraítear san Airteagal seo agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 55 den Rialachán seo.
2.Áiritheoidh taisclann lárnach urrús go mbeidh an fhaisnéis a sholáthróidh an taisclann lárnach urrús nó an institiúid creidmheasa do rannpháirtithe sa mhargadh faoi na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht trí chuntais arna n‑oscailt leis an institiúid creidmheasa soiléir agus cothrom agus nach mbeidh sí míthreorach. Cuirfidh taisclann lárnach urrús faisnéis leordhóthanach ar fáil do chliaint nó do chliaint ionchasacha chun go mbeidh siad in ann na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht trí chuntais arna n‑oscailt le hinstitiúid creidmheasa a shainaithint agus a mheas agus soláthróidh sí an fhaisnéis sin arna iarraidh sin.
3.I gcás ina n‑údarófar do thaisclann lárnach urrús institiúid creidmheasa a ainmniú i gcomhréir le mír 1, ní fhéadfaidh sé an t‑údarú sin a úsáid ach amháin chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar, nó chun na seirbhísí a bhaineann le comharthaí ríomh-airgid a sholáthar, ar seirbhísí iad a bhfuil gá leo chun na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús uile nó le haghaidh cuid díobh, agus gan aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh.
4.Measfar institiúid creidmheasa a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 a bheith ina gníomhaire socraíochta.
5.I gcás ina bhféachfaidh taisclann lárnach urrús le hinstitiúid chreidmheasa a ainmniú chun seirbhísí a sholáthar de bhun mhír 1, ní dheonófar an t‑údarú dá dtagraítear sa mhír sin ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)comhlíonann an institiúid creidmheasa na ceanglais stuamachta a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;
(b)ní chuireann an institiúid creidmheasa féin aon cheann de na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn i gcrích;
(c)ní úsáidtear an t‑údarú faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ach amháin chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar, nó chun na seirbhísí a bhaineann le comharthaí ríomh-airgid a sholáthar, a cheanglaítear chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús uile na taisclainne lárnaí urrús atá ag iarraidh na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid nó le haghaidh cuid díobh, agus gan aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh;
(d)tá an institiúid creidmheasa faoi réir formhuirear chaipitil bhreise ar léiriú é ar na rioscaí, lena n‑áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a sholáthar, inter alia, do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús;
(e)tuairiscíonn an institiúid creidmheasa go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus nochtann sí go bliantúil don phobal mar chuid den nochtadh poiblí a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú a rioscaí leachtachta ionlae i gcomhréir le hAirteagal 59(4), pointe (j) den Rialachán seo;
(f)tá plean téarnaimh leordhóthanach curtha faoi bhráid an údaráis inniúil ag an institiúid creidmheasa chun leanúnachas a cuid oibríochtaí criticiúla a áirithiú, lena n‑áirítear i gcásanna ina dtagann rioscaí leachtachta nó creidmheasa chun cinn mar thoradh ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar ó laistigh d’eintiteas dlítheanach ar leithligh.
6.I gcás ina bhféachann taisclann lárnach urrús le hinstitiúid creidmheasa a ainmniú i gcomhréir le mír 1 chun na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús uile nó le haghaidh cuid díobh, ní bheidh íocaíochtaí airgid den sórt sin in airgeadra na tíre ina bhfuil an taisclann lárnach urrús ainmniúcháin bunaithe.
7.Ní bheidh feidhm ag mír 5, pointe (c), maidir le hinstitiúid creidmheasa arna hainmniú de bhun mhír 1 i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)is é is cuspóir don ainmniú íocaíochtaí airgid a shocrú in airgeadraí nach airgeadraí de chuid an Aontais iad;
(b)ní dhéantar an t‑ainmniú ach amháin chun ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a liostaítear i Roinn C, pointí (a), (b) agus (c), den Iarscríbhinn a sholáthar;
(c)oibríonn an taisclann lárnach urrús in ollsocraíocht fíor-ama le haghaidh íocaíochtaí airgid den sórt sin.
8.Ní bheidh feidhm ag míreanna 5 agus 6 maidir le hinstitiúid creidmheasa arna hainmniú de bhun mhír 1 i gcás nach mó luach iomlán na socraíochta in airgead tirim agus i comharthaí ríomh-airgid trí na cuntais arna n‑oscailt leis an institiúid creidmheasa, arna ríomh thar thréimhse bliana, ná an tairseach arna cinneadh i gcomhréir le mír 12.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chun féachaint an bhfuiltear á hurramú. Tarchuirfidh an t‑údarás inniúil na torthaí uaidh mar aon leis na bunsonraí chuig ÚEUM agus ÚBE. Tarchuirfidh an t‑údarás inniúil na torthaí uaidh chuig comhaltaí CEBC freisin.
Gan dochar d’Airteagal 40(1) agus (2), i gcás ina measfaidh an t‑údarás inniúil gur sáraíodh an tairseach arna cinneadh i gcomhréir le mír 12 den Airteagal seo le haghaidh socraíocht in airgead tirim nó i comharthaí ríomh-airgid, ceanglóidh an t‑údarás inniúil ar an taisclann lárnach urrús lena mbaineann údarú nua a lorg i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, nó údarú i gcomhréir le hAirteagal 54 nó Airteagal 54a. Cuirfidh an taisclann lárnach urrús a hiarratas ar údarú isteach laistigh de 6 mhí.
9.I gcás ina measfaidh an t‑údarás inniúil nach bhfuil dóthain maolaithe á dhéanamh ar neamhchosaint institiúide creidmheasa arna hainmniú ag taisclann lárnach urrús eile i gcomhréir le mír 1 ar chomhchruinniú rioscaí faoi Airteagal 59(3) agus (4), féadfaidh an t‑údarás inniúil ceangal a chur ar an taisclann lárnach urrús níos mó ná institiúid creidmheasa amháin a ainmniú i gcomhréir le mír 1, nó taisclann lárnach urrús eile a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 54a, de bhreis ar an institiúid creidmheasa a ainmníodh ar dtús.
10.Comhlíonfaidh institiúid creidmheasa arna hainmniú i gcomhréir le mír 1 na coinníollacha riachtanacha faoin Rialachán seo le haghaidh údaraithe i gcónaí, agus tabharfaidh sí fógra, gan mhoill, do na húdaráis inniúla faoi aon athrú substainteach a dhéanann difear do na coinníollacha maidir le húdarú.
11.I gcás ina bheartaíonn taisclann lárnach urrús institiúid creidmheasa a ainmniú i gcomhréir le mír 1 chun na híocaíochtaí a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús uile, nó le haghaidh cuid díobh, i comharthaí ríomh-airgid, i dteannta na bhforálacha a leagtar amach i míreanna 1 go 10 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagal 54c freisin.
12.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid seo a leanas uile:
(a)an tairseach dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo agus in Airteagal 54a(5) le haghaidh na socraíochta in airgead tirim nó i comharthaí ríomh-airgid trí chuntais arna n‑oscailt le hinstitiúid creidmheasa nó le taisclann lárnach urrús eile;
(b)na ceanglais iomchuí bainistíochta riosca agus stuamachta chun rioscaí a mhaolú i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa a ainmniú i gcomhréir leis an Airteagal seo nó le taisclanna lárnacha urrús a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 54a;
(c)na ceanglais iomchuí bainistíochta riosca agus stuamachta chun rioscaí a mhaolú i ndáil le socraíocht airgid a sholáthar i comharthaí ríomh-airgid dá dtagraítear in Airteagal 54c;
(d)na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a mheastar nó nach meastar an ceanglas faoi Airteagal 54c (2), pointe (c), a bheith comhlíonta.
Agus na caighdeáin sin á bhforbairt ag ÚBE, cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh:
(a)na himpleachtaí don chobhsaíocht margaidh a d’fhéadfadh eascairt as athrú ar phróifíl riosca taisclanna lárnacha urrús agus a rannpháirtithe, lena n‑áirítear tábhacht shistéamach na dtaisclann lárnach urrús d’fheidhmiú margaí urrús;
(b)na himpleachtaí do na rioscaí creidmheasa agus leachtachta le haghaidh taisclanna lárnacha urrús, le haghaidh na n‑institiúidí creidmheasa ainmnithe lena mbaineann agus le haghaidh rannpháirtithe taisclann lárnach urrús a eascraíonn as íocaíochtaí airgid a shocrú trí chuntais arna n‑oscailt le hinstitiúidí creidmheasa nach bhfuil faoi réir mhír 5, agus as íocaíochtaí airgid i comharthaí ríomh-airgid a shocrú;
(c)an deis atá ag taisclanna lárnacha urrús íocaíochtaí airgid a shocrú i roinnt airgeadraí éagsúla;
(d)an gá atá le haistriú neamhbheartaithe ó shocraíocht in airgead bainc ceannais go socraíocht in airgead bainc tráchtála nó go socraíocht i comharthaí ríomh-airgid a sheachaint mar aon le dídhreasachtaí d’iarrachtaí taisclanna lárnacha urrús socraíocht a dhéanamh in airgead bainc ceannais a sheachaint; agus
(e)an gá atá le cothrom iomaíochta a áirithiú i measc taisclann lárnach urrús san Aontas.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = 1 bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 54c
Ceanglais bhreise maidir le híocaíochtaí airgid i comharthaí ríomh-airgid a shocrú
1.Féadfaidh taisclann lárnach urrús tairiscint a dhéanamh na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús uile, nó le haghaidh cuid díobh, i comharthaí ríomh-airgid. Ní bheidh taisclann lárnach urrús in ann déanamh amhlaidh ach amháin trí aon cheann díobh seo a leanas:
(a)a cuntais féin i gcomhréir le hAirteagal 54;
(b)cuntais arna n‑oscailt le taisclann lárnach urrús eile i gcomhréir le hAirteagal 54a;
(c)cuntais arna n‑oscailt le hinstitiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 54b.
2.I gcás ina bheartaíonn taisclann lárnach urrús na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús uile, nó le haghaidh cuid díobh, i comharthaí ríomh-airgid, áiritheoidh sí go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas uile:
(a)an comhartha ríomh-airgid a bhfuil sé beartaithe í a úsáid chun an ghné airgid a shocrú, liostaítear í i gclár ÚEUM arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus aicmíonn ÚBE í mar comhartha ríomh-airgid mhór i gcomhréir le hAirteagail 56 nó 57 den Rialachán sin;
(b)déantar socraíocht na n‑íocaíochtaí sin i comharthaí ríomh-airgid trí chuntais réamh-mhaoinithe;
(c)tá rochtain ag rannpháirtithe na taisclainne lárnaí urrús ar an comhartha ríomh-airgid a bhfuil sé beartaithe í a úsáid le haghaidh na socraíochta sa taisclann lárnach urrús ar mhéid leordhóthanach chun an úsáid atá beartaithe sa chóras socraíochta urrús arna oibriú ag an taisclann lárnach urrús a chomhlíonadh;
(d)tá an fhaisnéis a sholáthraíonn an taisclann lárnach urrús féin, nó an institiúid chreidmheasa nó an taisclann lárnach urrús a d’ainmnigh sí, do rannpháirtithe sa mhargadh faoi na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht i comharthaí ríomh-airgid soiléir agus cothrom agus níl sí míthreorach;
(e)cuireann an taisclann lárnach urrús faisnéis leordhóthanach ar fáil do chliaint nó do chliaint ionchasacha chun go mbeidh siad in ann na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht i comharthaí ríomh-airgid a shainaithint agus a mheas agus soláthraíonn sí an fhaisnéis sin arna iarraidh sin.
3.Déanfaidh an t‑údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad go bhfuil an úsáid a bhaintear as comharthaí ríomh-airgid dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 2, agus tuairisceoidh sé a thorthaí, mar aon leis na bunsonraí, do ÚEUM agus do ÚBE.’;
(51)leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Taisclann lárnach urrús a bheartaíonn aon seirbhís choimhdeach de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54 nó a bheartaíonn taisclann lárnach urrús eile a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 54a nó institiúid chreidmheasa a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 54b, cuirfidh sí iarratas ar údarú faoi bhráid a húdaráis inniúil mar a cheanglaítear faoin Airteagal ábhartha. Déanfar an t‑iarratas a chomhroinnt láithreach leis na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a agus leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 4 tríd an bunachar sonraí lárnach.’;
(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Beidh clár oibríochtaí ann ina leagfar amach na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta atá beartaithe, eagrúchán struchtúrach an chaidrimh idir an taisclann lárnach urrús agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid creidmheasa ainmnithe nó an taisclann lárnach urrús atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, agus an chaoi a mbeartaíonn an taisclann lárnach urrús sin agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid creidmheasa ainmnithe nó an taisclann lárnach urrús atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar na ceanglais stuamachta a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3), (4) agus (4a) a chomhlíonadh, chomh maith leis na coinníollacha eile a leagtar síos in Airteagail 54, 54a nó 54b, agus, i gcás inarb infheidhme, 54c.’;
(ii)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
I gcás ina bhfuil sé beartaithe comharthaí ríomh-airgid a úsáid, áireofar ann míniú ar an gcaoi a mbeartaíonn an taisclann lárnach urrús na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 54c(2) den Rialachán seo agus sa leagan is déanaí den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní arna fhoilsiú ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 109(4), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh le haghaidh comhartha ríomh-airgid den sórt sin.’;
(c)scriostar mír 3;
(d)leasaítear mír 4 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Déanfaidh an t‑údarás inniúil an t‑iarratas dá dtagraítear i mír 1 a tharchur láithreach chuig na húdaráis seo a leanas’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina bhfuil an taisclann lárnach urrús i ndiaidh naisc idir-inoibritheacha a bhunú le taisclann lárnach urrús eile ach amháin i gcás ina mbeidh naisc idir-inoibritheacha dá dtagraítear in Airteagal 48(2a) bunaithe ag an taisclann lárnach urrús;’;
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) i gcás inarb infheidhme, comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a;’;
(e)
leasaítear mír 5 mar a leanas:
(i)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Féadfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 4 tuairim réasúnaithe a eisiúint maidir leis an údarú laistigh de 2 mhí ón iarratas dá dtagraítear sa mhír sin a fháil.’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír:
‘I gcás ina n‑eisíonn údarás dá dtagraítear i mír 4 tuairim réasúnaithe dhiúltach, déanfaidh an t‑údarás inniúil a bheartaíonn an t‑údarú a dheonú, laistigh de 30 lá oibre ón tuairim dhiúltach sin a fháil, na cúiseanna lena dtugtar aghaidh ar an tuairim dhiúltach a thabhairt do na húdaráis dá dtagraítear i mír 4.
I gcás, laistigh de 30 lá oibre ó thíolacadh na gcúiseanna sin, ina n‑eisíonn aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear i mír 4 tuairim dhiúltach agus ina bheartaíonn an t‑údarás inniúil an t‑údarú a dheonú mar sin féin, féadfaidh aon cheann de na húdaráis a d’eisigh tuairim dhiúltach an t‑ábhar a chur ar aghaidh chuig ÚEUM chun cúnamh a fháil faoi Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcás nach socrófar an fhadhb 30 lá oibre tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh an t‑údarás inniúil ar mian leis an t‑údarú a dheonú an cinneadh críochnaitheach agus soláthróidh sé míniú mionsonraithe ar a chinneadh i scríbhinn do na húdaráis dá dtagraítear i mír 4.’;
(iii)scriostar an seachtú fomhír.
(f)cuirtear isteach an mhír 5a seo a leanas:
‘5a. Laistigh de 6 mhí ón admháil go bhfuarthas an t‑iarratas dá dtagraítear in Airteagal 21a(2), glacfaidh an t‑údarás inniúil a chinneadh agus tarchuirfidh sé é chuig na faighteoirí cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 21a, chuig na húdaráis dá dtagraítear i mír 4 agus chuig an taisclann lárnach urrús is iarratasóir tríd an mbunachar sonraí lárnach. Cuimseofar sa chinneadh míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an t‑údarú. I gcás nach léiriú cinneadh an údaráis inniúil ar thuairim aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, beidh míniú lánréasúnaithe ann ar aon imeacht suntasach ó na tuairimí nó ó na coinníollacha nó ó na moltaí sin.
I gcás nach gcomhlíonann an t‑údarás inniúil tuairim ó ÚEUM ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti, nó nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas. Áireofar san fhaisnéis freisin an réasúnaíocht ón údarás inniúil maidir leis an neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá aige gan comhlíonadh a dhéanamh.’;
(g)i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(52)in Airteagal 56, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Maidir le taisclann lárnach urrús a bheartaíonn na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthraíonn sí féin nó a n‑ainmníonn sí taisclann lárnach urrús nó institiúid creidmheasa ina leith i gcomhréir le hAirteagail 54, 54a nó 54b, de réir mar is infheidhme, a leathnú, cuirfidh sí iarraidh ar leathnú faoi bhráid a údaráis inniúil.’;
(53)leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Gan dochar d’aon ghníomhaíocht leasúcháin nó d’aon bheart faoi Theideal V, déanfaidh údarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagail 54, 54a nó 54b, de réir mar is infheidhme, a tharraingt siar in aon cheann de na himthosca seo a leanas:’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘Féadfaidh ÚEUM, aon údarás ábhartha faoi phointe (a) d’Airteagal 12(1) agus aon údarás dá dtagraítear in Airteagal 60(1) nó, na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) faoi seach, tráth ar bith, a iarraidh go scrúdódh údarás na taisclainne lárnaí urrús an bhfuil an taisclann lárnach urrús agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid chreidmheasa ainmnithe nó an taisclann lárnach urrús ainmnithe fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t‑údarú.’;
(54)leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Tabharfar fógra do ÚEUM maidir le cinntí a ghlacfaidh údaráis inniúla faoi Airteagail 54, 54a, 54b, 56 agus 57.’;
(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) ainm gach taisclainne lárnaí urrús a bhí faoi réir cinnidh faoi Airteagail 54, 54a, 54b, 56 agus 57.’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) an liosta de sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a bhfuil taisclann lárnach urrús, institiúid chreidmheasa ainmnithe nó taisclann lárnach urrús ainmnithe údaraithe chun iad a sholáthar do rannpháirtithe na taisclainne lárnaí urrús i gcomhréir le hAirteagail 54, 54a, nó 54b, de réir mar is infheidhme.’;
(55)leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Taisclann lárnach urrús atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54, taisclann lárnach urrús atá ainmnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54a nó institiúid chreidmheasa atá ainmnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54b, ní sholáthróidh sí ach na seirbhísí a leagtar amach i Roinn C den Iarscríbhinn a chumhdaítear leis an údarú.
2. Taisclann lárnach urrús atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54, taisclann lárnach urrús atá ainmnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54a nó institiúid chreidmheasa atá ainmnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54b, comhlíonfaidh sí aon reachtaíocht atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa.’;
(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Taisclann lárnach urrús atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54, taisclann lárnach urrús atá ainmnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54a nó institiúid chreidmheasa atá ainmnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54b, comhlíonfaidh sí na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin i ndáil le gach córas socraíochta urrús:’;
(c)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Taisclann lárnach urrús atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54, taisclann lárnach urrús atá ainmnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54a nó institiúid chreidmheasa atá ainmnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 54b, comhlíonfaidh sí na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na rioscaí leachtachta a bhaineann leis na seirbhísí sin i ndáil le gach córas socraíochta urrús:’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a:
‘4a. I gcás ina bheartaíonn taisclann lárnach urrús seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar do thaisclanna lárnacha urrús eile de bhun Airteagal 54a, beidh rialacha agus nósanna imeachta soiléire i bhfeidhm ag an taisclann lárnach urrús lena dtugtar aghaidh ar aon riosca creidmheasa, leachtachta agus comhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar sholáthar na seirbhísí sin.’;
(e)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(56)in Airteagal 60, leasaítear mír 2 mar a leanas:
(a)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
‘(a) sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 54a agus 54b, an gcuireann na socruithe riachtanacha uile idir an taisclann lárnach urrús agus na taisclanna lárnacha urrús ainmnithe nó na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe ar a gcumas dóibh a n‑oibleagáidí faoi seach a chomhlíonadh mar a leagtar síos sa Rialachán seo;
(b) sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 54, an gcuireann na socruithe a bhaineann leis an údarú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar ar a cumas don taisclann lárnach urrús a hoibleagáidí a chomhlíonadh mar a leagtar síos sa Rialachán seo.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fomhír:
‘Déanfaidh údarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús torthaí a hathbhreithnithe agus a meastóireachta faoin mír seo, lena n‑áirítear aon bheart feabhais nó pionós, a chur in iúl go tráthrialta, agus ar a laghad díreach tar éis dheireadh gach tréimhse athbhreithnithe agus meastóireachta, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus, i gcás inarb infheidhme, don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a.
I gcás ina n‑ainmníonn taisclann lárnach urrús taisclann lárnach urrús eile i gcomhréir le hAirteagal 54a, nó institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 54b, i bhfianaise chosaint na rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús a oibríonn sí, áiritheoidh an taisclann lárnach urrús go mbeidh rochtain aici ar an bhfaisnéis uile is gá ón taisclann lárnach urrús nó ón institiúid creidmheasa a ainmneoidh sí chun críoch an Rialacháin seo agus tabharfaidh sí tuairisc ar aon sárú ina leith chuig údarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús, chuig na húdaráis ábhartha agus chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.’;
(57)in Airteagal 62(1), an cúigiú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt agus an ceathrú habairt:
‘Chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus chun na críche sin amháin, coimeádfaidh ÚEUM faisnéis sa bhunachar sonraí lárnach maidir leis na smachtbhannaí a chuirtear in iúl dó. Is ag na húdaráis inniúla amháin a bheidh rochtain ar an bhfaisnéis sin.’;
(58)leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:
(a)cuirtear isteach an mhír 2b seo a leanas:
‘2b. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 9(5), 11(10), 11(11), 11a(6), 11b(3), 34(3) agus 48a(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 7(5) agus (9), Airteagal 9(5), Airteagal 11(10) agus (11), agus Airteagail 11a(6), 11b(3), 34(3) agus 48a(9), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairme, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;
(59)leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 4a mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:
‘4a. Leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le haithint taisclann lárnach urrús tríú tír d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta a dhéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le haithint na dtaisclann lárnach urrús tríú tír agus a gcuid gníomhaíochtaí, nó go dtí an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], cibé acu is túisce.
Maidir le taisclann lárnach urrús tríú tír a sholáthraíonn na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a rialaítear le dlí Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointe (b), de bhun na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le haithint taisclann lárnach urrús tríú tír, tabharfaidh sé fógra do ÚEUM faoi sin laistigh de [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:
‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4b:
‘4b. Maidir le taisclann lárnach urrús tríú tír a sholáthair an chroísheirbhís dá dtagraítear i Roinn A, pointe 3, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a rialaítear le dlí Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 25(2a), roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], cuirfidh sí isteach an fógra dá dtagraítear in Airteagal 25(2a) faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Déanfaidh ÚEUM an chéad mheasúnú de bhun Airteagal 24a(1a), an dara fomhír, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]’;
(d)cuirtear isteach na míreanna 9 agus 10 seo a leanas:
‘9. Go dtí an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] nó 30 lá tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 21a(1), cibé dáta is túisce, déanfar an malartú faisnéise, tíolacadh na faisnéise agus na doiciméadachta, agus na fógraí a cheanglaítear chun an bunachar sonraí lárnach a úsáid a chur i gcrích trí shocruithe malartacha a úsáid.
10. Taisclanna lárnach urrús atá údaraithe ag a n‑údaráis inniúla náisiúnta chun croísheirbhísí a sheachfhoinsiú chuig taisclanna lárnach urrús eile ar cuid dá ngrúpa iad, agus taisclanna lárnach urrús atá údaraithe chun naisc idir-inoibritheacha a bhunú, lena n‑áirítear naisc le taisclanna lárnach urrús tríú tír, roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ní lorgóidh siad údarú nua de bhun Airteagail 19(2), an tríú fomhír, 19a, nó 48b, i gcás nár athraíodh cuspóir na n‑údaruithe a deonaíodh roimhe sin.’;
(60)leasaítear Airteagal 74 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) éabhlóid scála agus raon feidhme socraíochta inmheánaithe san Aontas, go háirithe, comparáid idir líon, méid agus éifeachtúlacht socraíochta na n‑idirbheart a shocraítear trí shocraíocht inmheánaithe le hidirbhearta a shocraítear trí thaisclanna lárnacha urrús, chomh maith le héabhlóid praghsála na dtaisclann lárnach urrús agus na n‑inmheánaitheoirí socraíochta. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar struchtúr an mhargaidh agus ar aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann don chobhsaíocht airgeadais ó shocraíocht inmheánaithe;’;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
‘(i) na nósanna imeachta agus na coinníollacha faoinar údaraíodh taisclanna lárnacha urrús chun institiúidí creidmheasa nó taisclanna lárnacha urrús eile a ainmniú, nó faoinar údaraíodh iad féin, chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagail 54, 54a nó 54b agus 55, lena n‑áirítear measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an soláthar sin ar chobhsaíocht airgeadais agus ar iomaíochas le haghaidh seirbhísí coimhdeacha socraíochta agus seirbhísí coimhdeacha de chineálacha baincéireachta san Aontas;
(b)leasaítear mír 5 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin na torthaí a bhaineann leis an bhfaireachán a dhéanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagail 54a(5) agus 54b(8) ar an tairseach agus na himpleachtaí creidmheasa agus leachtachta do thaisclanna lárnach urrús a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta faoin tairseach sin.’;
(ii)cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ÚBE measúnú freisin ar úsáid comharthaí ríomh-airgid le haghaidh socraíochta i dtaisclanna lárnacha urrús údaraithe, lena n‑áirítear úsáid comharthaí ríomh-airgid a ainmnítear in airgeadraí nach airgeadraí de chuid an Aontais iad.’;
(61)leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/2365
Leasaítear Rialachán (AE) 2015/2365 mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:
‘Na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM i gcomhréir le hAirteagail 39a go 39m de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus Airteagail 64, 65, 73 agus 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus, i gcomhar le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann leis, déanfar iad a fheidhmiú i ndáil leis an Rialachán seo freisin. Déanfar tagairtí d’Airteagal 81(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 12(1) agus (2) den Rialachán seo faoi seach.’;
(2)In Airteagal 11(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha trádála i gcomhréir le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh na táillí sin i gcomhréir le láimhdeachas an stóir trádála lena mbaineann. A mhéid a thagraíonn Airteagal 9(1) den Rialachán seo d’Airteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfar tagairtí d’Airteagal 72(3) den Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí do mhír 2 den Airteagal seo.’.
Airteagal 6
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1156
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1156 mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
‘Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le gnóthais chomhinfheistíochta a mhargú ar fud an Aontais, maidir leis an gcumarsáid mhargaíochta atá dírithe ar infheisteoirí, chomh maith le prionsabail comhchoiteanna maidir le táillí agus muirir a thoibhítear ar ghnóthais chomhinfheistíochta i ndáil lena ngníomhaíochtaí trasteorann. Déantar foráil ann freisin maidir le hardán sonraí a bhunú maidir le margaíocht trasteorann gnóthas comhinfheistíochta.
Ní chuirfidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise leis an réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo.’;
(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) cuideachtaí bainistíochta GCUI, lena n‑áirítear aon chuideachta infheistíochta nár ainmnigh cuideachta bainistíochta GCUI, de bhun an dara fomhír d’Airteagal 30 de Threoir 2009/65/CE’;
(b)cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas:
‘(e) GCUI’;
(2)in Airteagal 3, cuirtear na pointí (i) go (p) seo a leanas isteach:
‘(i) ciallaíonn ‘Ballstát baile GCUI’ Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Threoir 2009/65/CE;
(j) ciallaíonn ‘Ballstát óstach GCUI’ Ballstát, seachas Ballstát baile GCUI, ina ndéantar aonaid an GCUI a mhargú;
(k) ciallaíonn ‘Ballstát óstach an BCIM’ Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina margaíonn BCIM AE aonaid nó scaireanna CIM AE;
(l) ciallaíonn ‘BCIM AE’ BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (l), de Threoir 2011/61/AE;
(m) ciallaíonn ‘CIM AE’ CIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (k), de Threoir 2011/61/AE;
(n) ciallaíonn ‘margú’ tairiscint nó láithriú díreach nó indíreach ar thionscnamh an BCIM, bhainisteoir an Chiste Caipitil Fiontair Eorpaigh, bhainisteoir an Chiste Fiontraíochta Sóisialta Eorpaigh nó thar a cheann d’aonaid nó de scaireanna CIM nó GCUI chuig nó le hinfheisteoirí a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas;
(o) ciallaíonn ‘réamh-mhargú’ soláthar díreach nó indíreach faisnéise nó cumarsáide faoi straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta a dhéanann BCIM AE, nó a dhéantar thar a cheann, d’infheisteoirí gairmiúla ionchasacha a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas d’fhonn tástáil a dhéanamh ar a suim in CIM nó in urrann nach bhfuil bunaithe fós, nó atá bunaithe ach nár tugadh fógra faoina mhargú go fóill i gcomhréir le hAirteagal 17f nó le hAirteagal 17g, sa Bhallstát sin ina bhfuil sainchónaí ar na hinfheisteoirí ionchasacha nó ina bhfuil a n‑oifig chláraithe, agus i ngach cás, nach tairiscint ná láithriú don infheisteoir ionchasach é go ndéanfadh sé infheistíocht in aonaid nó i scaireanna den CIM sin nó den urrann sin;
(p) ciallaíonn ‘infheisteoir gairmiúil’ infheisteoir a mheastar gur cliant gairmiúil é, nó a bhféadfar, ar iarraidh uaidh, déileáil leis mar chliant gairmiúil de réir bhrí Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.’;
(3)leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Áiritheoidh BCIManna, bainisteoirí Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha, bainisteoirí Cistí Fiontraíochta Sóisialta Eorpacha agus GCUInna go bhfuil an chumarsáid mhargaíochta uile a ullmhaíonn siad agus a chuireann siad ar fáil d’infheisteoirí so-aitheanta mar mhargaíocht agus go dtugtar tuairisc iontu ar na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna in CIM nó le haonaid GCUI a cheannach ar bhealach atá chomh feiceálach céanna, agus go bhfuil an fhaisnéis uile atá san áireamh i gcumarsáid mhargaíochta cothrom agus soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Áiritheoidh GCUInna nach ndéanfaidh cumarsáid mhargaíochta ina bhfuil faisnéis shonrach maidir le GCUI cur in aghaidh thábhacht na faisnéise atá sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE nó sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, nó tábhacht na faisnéise sin a laghdú. Áiritheoidh GCUInna go léireofar i ngach cumarsáid mhargaíochta go bhfuil réamheolaire ann agus go bhfuil an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar fáil. Sonrófar sa chumarsáid mhargaíochta sin an áit, an dóigh agus an teanga inar féidir le hinfheisteoirí nó infheisteoirí féideartha an réamheolaire agus an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fháil agus soláthrófar iontu hipearnaisc nó seoltaí suíomhanna gréasáin le haghaidh na ndoiciméad sin.’;
‘Beidh feidhm mutatis mutandis ag ceanglais na chéad fhomhíre maidir le CIManna a fhoilsíonn réamheolaire i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó a gceanglaítear orthu doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3, 4 agus 5:
‘3. Sonrófar sa chumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 an áit, an dóigh agus an teanga inar féidir le hinfheisteoirí nó le hinfheisteoirí ionchasacha achoimre a fháil ar chearta infheisteoirí agus cuirfear ar fáil iontu hipearnaisc chuig an achoimre sin, ina n‑áireofar, de réir mar is iomchuí, faisnéis faoi rochtain ar shásraí comhshásaimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i gcás dlíthíochta.
Beidh faisnéis shoiléir sa chumarsáid mhargaíochta sin freisin go bhféadfaidh an BCIM, bainisteoir an Chiste Caipitil Fiontair Eorpaigh, bainisteoir an Chiste Fiontraíochta Sóisialta Eorpaigh nó an GCUI a chinneadh deireadh a chur leis na socruithe arna ndéanamh chun CIManna agus GCUInna a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 17d agus le hAirteagal 17h.
4. Áiritheoidh BCIManna, bainisteoirí Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha agus bainisteoirí Cistí Fiontraíochta Sóisialta Eorpacha, maidir le cumarsáid mhargaíochta ina gcuimsítear cuireadh chun aonaid nó scaireanna CIM a cheannach ina bhfuil faisnéis shonrach maidir leis an CIM sin, nach dtiocfaidh siad salach ar thábhacht na faisnéise atá le nochtadh do na hinfheisteoirí i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2011/61/AE, le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 nó le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ná nach laghdóidh siad thábhacht na faisnéise sin, nó, i gcás inarb ábhartha, nach dtiocfaidh siad salach ar thábhacht na faisnéise atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí arna tharraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 nó sa réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ná nach laghdóidh siad thábhacht na faisnéise sin.
5. Beidh bainisteoirí BCIManna, bainisteoirí Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha, bainisteoirí Cistí Fiontraíochta Sóisialta Eorpacha agus cuideachtaí bainistíochta GCUInna faoi dhliteanas as a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Airteagail seo i gcás ina ndéantar an fheidhm mhargaíochta a tharmligean chuig tríú páirtí, de bhun Airteagal 20 de Threoir 2011/61/AE, Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 agus Airteagal 13 de Threoir 2009/65/CE.
I gcás ina bhfuil an fheidhm mhargaíochta á feidhmiú ag dáileoir amháin nó níos mó atá ag gníomhú thar a gceann féin de bhun Airteagal 20 (6a) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 13(3) de Threoir 2009/65/CE, beidh na dáileoirí sin freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann an chumarsáid mhargaíochta a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí ceanglais an Airteagail seo.’;
(d)cuirtear isteach an mhír 5a seo a leanas:
‘5a. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit ceanglais bhreise maidir le hinneachar agus formáid na cumarsáide margaíochta a mhéid a bhaineann le CIManna agus GCUInna a mhargaítear ina gcríoch seachas iad siúd a leagtar amach san Airteagal seo agus sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 6.’;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 18b, bearta lena sonrófar ábhar agus formáid na cumarsáide margaíochta dá dtagraítear i mír 1. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, sonrófar na nithe seo a leanas:
(a)raon feidhme an mhéid a mheastar a bheith ina chumarsáid mhargaíochta;
(b)prionsabail maidir le faisnéis atá cothrom agus soiléir agus nach bhfuil míthreorach;
(c)prionsabail ghinearálta maidir le cumarsáid mhargaíochta a dhréachtú;
(d)an tuairisc ar rioscaí agus tairbhí i gcumarsáid mhargaíochta;
(e)prionsabail maidir le nochtaí a bhaineann le costais agus táillí i gcumarsáid mhargaíochta;
(f)faisnéis maidir le feidhmíocht i gcumarsáid mhargaíochta san am a chuaigh thart agus san am atá le teacht.’;
(4)scriostar Airteagail 5 agus 6;
(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:
‘Airteagal 7
Cumarsáid mhargaíochta a fhíordheimhniú
1.Ní éileoidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh réamhfhógra maidir le cumarsáid mhargaíochta a bheartaíonn BCIManna, bainisteoirí Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha, bainisteoirí Cistí Fiontraíochta Sóisialta Eorpacha agus GCUInna a úsáid go díreach nó go hindíreach agus iad ag plé le hinfheisteoirí mar réamhchoinníoll chun CIManna agus GCUInna a mhargú ina gcríoch.
2.I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh le bheith in amhras nach gcomhlíonann an chumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 ceanglais Airteagal 4, féadfaidh siad gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14a (5) agus (7) agus in Airteagal 14b (5) agus (7).’;
(6)scriostar Airteagal 8;
(7)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:
‘Airteagal 9
Prionsabail chomhchoiteanna maidir le táillí nó muirir
1.I gcás ina dtoibhíonn údaráis inniúla na mBallstát óstach táillí nó muirir as a ndualgais a chomhlíonadh i ndáil le margú trasteorann CIManna agus GCUInna ina gcríoch, beidh na táillí nó na muirir sin comhsheasmhach leis an gcostas foriomlán a bhaineann le feidhmiú fheidhmeanna na n‑údarás inniúil sin agus beidh údar leo.
2.Faoin [Cuir isteach an dáta = 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh ESMA athbhreithniú ar na táillí nó na muirir dá dtagraítear i mír 1 a fhorchuireann údaráis inniúla óstacha i ndáil le CIManna agus GCUInna a mhargú ina gcríoch agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina léireofar an bhfuil na táillí nó na muirir sin comhsheasmhach leis an gcostas foriomlán a bhaineann le feidhmiú fheidhmeanna na n‑údarás inniúil sin.’;
(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:
‘Airteagal 10
Socruithe na n‑údarás inniúil maidir le táillí nó muirir a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ESMA
1.I ndáil leis na táillí nó na muirir dá dtagraítear in Airteagal 9(1), déanfaidh ESMA faisnéis atá cothrom le dáta a fhoilsiú agus a choinneáil ar bun ar a shuíomh gréasáin, lena n‑áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)liosta de na húdaráis inniúla lena ngabhfaidh léiriú i dtaobh an dtoibhítear táillí nó muirir dá dtagraítear in Airteagal 9(1);
(b)i gcás gach údaráis inniúil a fhorchuireann táillí nó muirir dá dtagraítear in Airteagal 9(1), soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:
(a)méid na dtáillí is infheidhme, lena n‑áirítear an struchtúr táillí arna chur i bhfeidhm;
(b)minicíocht agus uainiú na dtáillí nó na muirear sin;
(c)na modhanna agus na treoracha chun na táillí nó na muirir sin a íoc;
(d)aon fhaisnéis eile a bheadh ag teastáil ó BCIM, ó bhainisteoir Ciste Caipitil Fiontair Eorpaigh, ó bhainisteoir Ciste Fiontraíochta Sóisialta Eorpaigh, agus ó GCUI chun a áirithiú go n‑íocfar na táillí nó na muirir go cruinn agus go tráthúil i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta gach údaráis inniúil.
2.I gcás ina ndéanann údaráis inniúla táillí nó muirir a thobhach i gcomhréir le hAirteagal 9(1), socróidh BCIManna, bainisteoirí Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha, bainisteoirí Cistí Fiontraíochta Sóisialta Eorpacha agus GCUInna íocaíocht na dtáillí nó na muirear sin i gcomhréir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear ar shuíomh gréasáin ESMA dá dtagraítear i mír 1.
3.Beidh na húdaráis inniúla freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear aon nuashonrú uirthi, a sholáthar do ESMA go tráthúil agus ar bhonn leanúnach.
4.Ní bheidh ESMA freagrach as aon fhaisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn i leith táillí nó muirear ar a shuíomh gréasáin.’;
(9)scriostar Airteagal 11;
(10)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:
‘Airteagal 12
Ardán sonraí ESMA chun faisnéis agus doiciméadacht a mhalartú idir údaráis inniúla
1.I gcomhréir le hAirteagal 35c de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ESMA faoin [Cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ardán sonraí a fhorbairt, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)i ndáil le GCUInna a dhéanann a n‑aonaid a mhargú i mBallstát seachas a mBallstát baile, Ballstáit bhaile agus óstacha an GCUI, cuideachta bainistíochta an GCUI agus an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 d’Airteagal 17c;
(b)i ndáil le BCIManna a mhargaíonn ina mBallstát baile aonaid nó scaireanna CIManna atá bunaithe i mBallstáit eile, Ballstáit bhaile an BCIM agus na CIManna a mhargaíonn siad agus an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 5 d’Airteagal 17f;
(c)i ndáil le BCIManna a mhargaíonn aonaid nó scaireanna CIManna i mBallstáit seachas a mBallstát baile, Ballstáit bhaile agus óstacha an BCIM agus an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 d’Airteagal 17g;
(d)aon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c); agus
(e)na dí-fhógraí a tarchuireadh i gcomhréir le hAirteagail 17d agus 17h.
2.Áiritheoidh ESMA go mbeidh rochtain láithreach ag na húdaráis inniúla ábhartha trí mheán leictreonach tríd an ardán sonraí ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inarb ábhartha, ar aon aistriúchán orthu.
3.Áiritheoidh ESMA gur féidir leis na húdaráis inniúla an fhaisnéis agus an doiciméadacht a tharchuirtear chuig an ardán sonraí a aistriú go huathoibríoch in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.
Ní bheidh ESMA faoi dhliteanas i leith aon earráid, easnamh nó míchruinneas a eascraíonn as aistriúchán uathoibríoch na faisnéise agus na doiciméadachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
4.Déanfaidh ESMA faoin [Cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] an méid seo a leanas a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a chur ar fáil go poiblí i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta:
(a)gach CIM a mhargaítear i mBallstát seachas Ballstát baile an BCIM, a BCIM, a bhainisteoir Ciste Fiontraíochta Sóisialta Eorpaigh nó a bhainisteoir Ciste Caipitil Fiontair Eorpaigh, agus na Ballstáit ina bhfuil sé á mhargú; agus
(b)gach GCUI a mhargaítear i mBallstát seachas Ballstát baile an GCUI, a chuideachta bainistíochta GCUI agus na Ballstáit ina bhfuil sé á mhargú.
5.Beidh na hoibleagáidí san Airteagal seo gan dochar do na hoibleagáidí a bhaineann leis an liosta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 6(1) de Threoir 2009/65/CE, don chlár poiblí lárnach dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 7(5) de Threoir 2011/61/AE, don bhunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus don bhunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013.
(11)cuirtear isteach an tAirteagal 12a seo a leanas:
‘Airteagal 12a
Nochtadh d’infheisteoirí
1.I gcás ina margaíonn BCIM nó GCUI aonaid CIM nó GCUI i mBallstát óstach, soláthróidh sé d’infheisteoirí laistigh de chríoch an Bhallstáit sin an fhaisnéis agus na doiciméid uile a cheanglaítear air a sholáthar d’infheisteoirí ina Bhallstát baile de bhun Chaibidil IX de Threoir 2009/65/CE agus Airteagal 23 de Threoir 2011/61/AE.
2.Soláthrófar an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 d’infheisteoirí i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán sin;
(b)déanfar faisnéis nó doiciméid seachas an fhaisnéis nó na doiciméid sin dá dtagraítear i bpointe (a) a aistriú go teanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta;
(c)i gcás inarb ábhartha, déanfar aistriúcháin ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid faoi mhír 1 faoi fhreagracht an BCIM nó an GCUI agus léireofar inneachar na faisnéise bunaidh go dílis iontu.
3.Beidh na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a) go (c) de mhír 2 infheidhme freisin maidir le haon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid dá dtagraítear iontu.
4.Beidh minicíocht foilsithe praghais eisiúna, díola, athcheannaigh nó fuascailte aonad GCUI de réir Airteagal 76 de Threoir 2009/65/CE faoi réir dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin Bhallstát baile an GCUI.’;
(12)scriostar Airteagal 13;
(13)leasaítear Airteagal 14, mír 2, mar a leanas:
‘2. Na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla de bhun Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE, Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) 2015/760, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le pionóis nó le bearta eile, déanfar iad a fheidhmiú freisin maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis an réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo.’;
(14)Cuirtear na hAirteagal 14a go 14e seo a leanas isteach:
‘Airteagal 14a
Cumhachtaí údaráis inniúla an GCUI
1.Beidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar an GCUI sin maidir le hábhair a leagtar síos sa Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 19 de Threoir 2009/65/CE.
2.De mhaolú ar mhír 1, beidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht GCUInna a mhargaítear ina gcríoch leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 12a agus 17b den Rialachán seo agus le forálacha nach dtagann faoin réimse a rialaítear leis an Rialachán seo agus le Treoir 2009/65/CE.
Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI a cheangal ar GCUI a mhargaítear ina gcríoch an fhaisnéis is gá a sholáthar chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht an GCUI leis na rialacha is infheidhme a bhfuil na húdaráis inniúla sin freagrach astu, dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
3.Ní bheidh sé de chumhacht ach ag údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI gníomhaíocht a dhéanamh in aghaidh an GCUI sin maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.
Mar sin féin, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI caingean a thionscnamh in aghaidh an GCUI sin má sháraíonn sé na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin.
De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina bhfuil údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI den tuairim nach gcomhlíonann GCUI na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 agus ar an gcúis sin go bhfuil siad chun cosc a chur ar aon mhargú breise ar an GCUI sin ina gcríoch, cuirfidh siad an t‑ábhar faoi bhráid ESMA a ghníomhóidh i gcomhréir leis na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 14c(4).
4.I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI an t‑údarú a tharraingt siar, nó eisiúint, athcheannach nó fuascailt aonad GCUI a chur ar fionraí, i gcomhréir leis na hinniúlachtaí a leagtar síos i mír 1, cuirfidh siad na cinntí sin in iúl do ESMA gan mhoill tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
5.I gcás ina bhfuil údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar an GCUI i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI a bhfuil forais shoiléire agus inléirithe acu lena mheas go bhfuil GCUI, a ndéantar a aonaid a mhargú laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, ag sárú na n‑oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo nó as na forálacha arna nglacadh de bhun Threoir 2009/65/CE, na torthaí sin a tharchur chuig ESMA tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar na torthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus déanfaidh siad, gan moill mhíchuí, bearta iomchuí chun an cás a leigheas.
Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu déanamh amhlaidh, a iarraidh go sonrach ar údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI cumhachtaí a fheidhmiú gan mhoill de bhun Airteagal 98(2) de Threoir 2009/65/CE, seachas pointe (j) den mhír sin, agus sa chás sin sonróidh siad na cúiseanna lena n‑iarraidh ar bhealach chomh sonrach agus is féidir agus cuirfidh siad ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus, i gcás ina bhféadfadh rioscaí a bheith ann do chobhsaíocht agus do shláine an chórais airgeadais, cuirfidh siad BERS ar an eolas faoi sin freisin.
6.Tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 5, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI, gan moill mhíchuí, ESMA ar an eolas tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 faoi na cumhachtaí arna bhfeidhmiú chun an cás arna sainaithint ag údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI a leigheas agus faoina dtorthaí agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus do shláine an chórais airgeadais, cuirfidh siad BERS ar an eolas faoin méid sin freisin.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar na cumhachtaí agus na torthaí sin.
Féadfaidh ESMA a iarraidh ar na húdaráis inniúla mínithe a chur faoina bhráid, gan moill mhíchuí, i ndáil le cásanna sonracha atá ina mbagairt thromchúiseach ar chosaint infheisteoirí, ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas, go hiomlán nó go páirteach.
7.I gcás ina measfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, d’ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI nó mar gheall ar an easpa beart arna ndéanamh ina leith, go bhfuil an GCUI fós ag gníomhú ar bhealach ar léir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna infheisteoirí Bhallstát óstach an GCUI, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus féadfaidh siad a iarraidh air gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí dá dtagraítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar go bhfuil sé beartaithe ag Ballstát óstach an GCUI a iarraidh ar ESMA an tsaincheist a réiteach de bhun na chéad fhomhíre.
8.Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI a iarraidh freisin ar údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI cumhachtaí a fheidhmiú de bhun Airteagal 84(2), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE, agus sa chás sin sonróidh siad na cúiseanna leis an iarraidh agus cuirfidh siad ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus, i gcás ina bhféadfadh rioscaí a bheith ann do chobhsaíocht agus do shláine an chórais airgeadais, cuirfidh siad BERS ar an eolas faoi sin freisin.
9.I gcás nach n‑aontaíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 8, cuirfidh siad ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12, agus, i gcás inar cuireadh BERS ar an eolas faoin iarraidh sin de bhun mhír 8, cuirfidh siad BERS ar an eolas faoin easaontas sin freisin, agus na cúiseanna leis an easaontas á lua acu.
Gheobhaidh na húdaráis inniúla iarrthacha fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar easaontas údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI agus na cúiseanna atá leis.
10.Ar bhonn na faisnéise a fhaightear de bhun mhíreanna 8 agus 9, eiseoidh ESMA gan moill mhíchuí tuairim chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun Airteagal 84(2), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE.
Cuirfidh ESMA an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI.
11.I gcás nach n‑aontaíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI le tuairim ESMA dá dtagraítear i mír 10, cuirfidh siad ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus iarrfaidh siad ar ESMA an fhadhb a réiteach i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar go bhfuil sé beartaithe ag Ballstát baile an GCUI a iarraidh ar ESMA an tsaincheist a réiteach de bhun na chéad fhomhíre.
12.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé indéanta ó thaobh an dlí de, laistigh dá gcríocha féin, na doiciméid dhlíthiúla is gá a sheirbheáil le haghaidh na mbeart a fhéadfaidh Ballstát óstach an GCUI a dhéanamh i ndáil le GCUI de bhun mhír 3.
Airteagal 14b
Cumhachtaí údaráis inniúla an BCIM
1.Beidh údaráis Bhallstát baile an BCIM inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar an BCIM sin maidir le hábhair a leagtar síos sa Rialachán seo lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, de bhun Airteagal 45 de Threoir 2011/61/AE.
2.De mhaolú ar mhír 1, beidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht CIManna a mhargaítear ina gcríoch agus ar chomhlíontacht BCIManna a bhainistíonn na CIManna sin leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12a den Rialachán seo agus le forálacha atá lasmuigh den réimse a rialaítear leis an Rialachán seo agus le Treoir 2011/61/AE.
Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM a cheangal ar BCIM a mhargaíonn CIManna ina gcríoch an fhaisnéis is gá a sholáthar chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht an BCIM agus na CIManna leis na rialacha is infheidhme a bhfuil na húdaráis inniúla sin freagrach astu, dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
3.Ní bheidh sé de chumhacht ach ag údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM gníomhaíocht a dhéanamh in aghaidh an BCIM sin maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.
Mar sin féin, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM gníomhaíocht a dhéanamh in aghaidh an BCIM sin nó in aghaidh CIM a mhargaítear ina gcríoch má sháraíonn siad na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin.
De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina bhfuil údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM den tuairim nach gcomhlíonann CIM a mhargaítear ina gcríoch nó an BCIM a bhainistíonn é na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 agus ar an gcúis sin gur cheart dóibh cosc a chur ar aon mhargú breise ar an CIM sin ina gcríoch, ba cheart dóibh an t‑ábhar a chur faoi bhráid ESMA a ghníomhóidh i gcomhréir leis na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 14c(4).
4.I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM an t‑údarú a tharraingt siar, nó eisiúint, athcheannach nó fuascailt aonad nó scaireanna CIManna a mhargaítear i mBallstát óstach a chur ar fionraí, i gcomhréir leis na hinniúlachtaí a leagtar síos i mír 1, cuirfidh siad na cinntí sin in iúl do ESMA gan mhoill tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
5.I gcás ina bhfuil údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar an BCIM agus ar na CIManna a mhargaítear ina gcríoch i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM, a bhfuil forais shoiléire agus inléirithe acu chun a chreidiúint go bhfuil aonaid mhargaíochta BCIM nó scaireanna CIManna laistigh de chríoch an Bhallstáit sin ag sárú na n‑oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo nó as na forálacha arna nglacadh de bhun Threoir 2011/61/AE, na torthaí sin a tharchur chuig ESMA tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar na torthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus déanfaidh siad, gan moill mhíchuí, bearta iomchuí chun an cás a leigheas.
Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu déanamh amhlaidh, a iarraidh go sonrach ar údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM cumhachtaí a fheidhmiú gan mhoill de bhun Airteagal 46(2) seachas pointe (j) agus Airteagal 48 de Threoir 2011/61/AE, agus sa chás sin sonróidh siad na cúiseanna lena n‑iarraidh ar bhealach chomh sonrach agus is féidir agus cuirfidh siad ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus, i gcás ina bhféadfadh rioscaí a bheith ann do chobhsaíocht agus do shláine an chórais airgeadais, cuirfidh siad BERS ar an eolas faoi sin freisin.
6.Tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas de bhun an tríú fomhír de mhír 5, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, gan moill mhíchuí, ESMA ar an eolas tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 faoi na cumhachtaí arna bhfeidhmiú chun an cás arna sainaithint ag údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM a leigheas agus faoina dtorthaí agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus do shláine an chórais airgeadais, cuirfidh siad BERS ar an eolas faoin méid sin freisin.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar na cumhachtaí agus na torthaí sin.
Féadfaidh ESMA a iarraidh ar na húdaráis inniúla mínithe a chur faoina bhráid, gan moill mhíchuí, i ndáil le cásanna sonracha atá ina mbagairt thromchúiseach ar chosaint infheisteoirí, ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas, go hiomlán nó go páirteach.
7.I gcás ina gcreideann údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM, d’ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM nó mar gheall ar an easpa beart arna ndéanamh ina leith, go bhfuil an BCIM atá ag margú CIM ina gcríoch nó an CIM féin fós ag gníomhú ar bhealach ar léir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna infheisteoirí an Bhallstáit óstaigh, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus féadfaidh siad a iarraidh air gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar go bhfuil sé beartaithe ag Ballstát óstach an BCIM a iarraidh ar ESMA an fhadhb a réiteach de bhun na chéad fhomhíre.
8.Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM a iarraidh freisin ar údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM cumhachtaí a fheidhmiú de bhun Airteagal 46(2), pointe (j), de Threoir 2011/61/AE, agus sa chás sin sonróidh siad na cúiseanna leis an iarraidh agus cuirfidh siad ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus, i gcás ina bhféadfadh rioscaí a bheith ann do chobhsaíocht agus do shláine an chórais airgeadais, cuirfidh siad BERS ar an eolas faoi sin freisin.
9.I gcás nach n‑aontaíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 8, cuirfidh siad ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12, agus, i gcás inar cuireadh BERS ar an eolas faoin iarraidh sin de bhun mhír 8, cuirfidh siad BERS ar an eolas faoin easaontas sin freisin, agus na cúiseanna leis an easaontas á lua acu.
Gheobhaidh na húdaráis inniúla iarrthacha fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar easaontas údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM agus na cúiseanna atá leis.
10.Ar bhonn na faisnéise a fuarthas de bhun mhíreanna 8 agus 9, eiseoidh ESMA tuairim gan moill mhíchuí chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun Airteagal 46(2), pointe (j), de Threoir 2011/61/AE. Cuirfidh ESMA an tuairim sin in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM.
11.I gcás nach n‑aontaíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM le tuairim ESMA dá dtagraítear i mír 10, cuirfidh siad ESMA ar an eolas faoi sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus iarrfaidh siad ar ESMA an fhadhb a réiteach i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar go bhfuil sé beartaithe ag Ballstát baile an BCIM a iarraidh ar ESMA an fhadhb a réiteach de bhun na chéad fhomhíre.
12.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé indéanta ó thaobh an dlí de, laistigh dá gcríocha féin, na doiciméid dhlíthiúla is gá a sheirbheáil le haghaidh na mbeart a fhéadfaidh Ballstát óstach an BCIM a dhéanamh i ndáil le BCIManna nó CIManna a mhargaítear ina gcríoch de bhun mhír 3.
Airteagal 14c
Cumhachtaí ESMA aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna trasteorann
1.Sainaithneoidh ESMA ar bhonn leanúnach gníomhaíochtaí maoirseachta atá éagsúil, dúblach, iomarcach agus easnamhach a eascraíonn as na húdaráis inniúla bhaile nó óstacha agus lena gcuirtear bac ar fheidhmiú éifeachtach chearta an phas ag GCUInna agus CIManna a mhargaítear ar bhonn trasteorann i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.Chun críoch mhír 1, rachaidh ESMA i dteagmháil leis na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus, i gcás inarb infheidhme, baileoidh sé faisnéis bhreise chun fadhbanna trasteorann atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.
I gcás ina sainaithníonn ESMA, de bhun na chéad fhomhíre, fadhbanna trasteorann atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, molfaidh sé gníomhaíochtaí ceartaitheacha do na húdaráis inniúla ábhartha chun na fadhbanna sin a bhaint.
3.Más rud é, d’ainneoin na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha dá dtagraítear i mír 2 nó toisc go mainníonn na húdaráis inniúla ábhartha na gníomhaíochtaí ceartaitheacha sin a chur chun feidhme, go bhfuil na fadhbanna a sainaithníodh de bhun mhír 2 ann i gcónaí, déanfaidh ESMA, gan moill mhíchuí, ceann amháin ar a laghad de na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagail 17, 17aaa, 19 nó 19a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú sna cásanna seo a leanas:
(a)go gcuireann údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI nó an BCIM, bhainisteoir an Chiste Caipitil Fiontair Eorpaigh nó bhainisteoir an Chiste Fiontraíochta Sóisialta Eorpaigh cosc, nó go bhfuil sé beartaithe acu cosc a chur, ar mhargú GCUI nó CIM ina gcríoch i gcomhréir le hAirteagail 14a(2) agus 14b(2) den Rialachán seo, le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, nó go bhforchuireann siad ceanglais ar mhargú den sórt sin nach gcomhlíonann Rialachán (AE) 2019/1156;
(b)go ndéantar GCUI nó CIM a mhargú, nó go bhfuil sé beartaithe é a mhargú, ar bhonn trasteorann gan dlí an Aontais a chomhlíonadh.
An oibleagáid ceann amháin ar a laghad de na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fheidhmiú, beidh sí gan dochar d’acmhainneacht ESMA aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a úsáid lasmuigh den nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo.
4.D’ainneoin na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh ESMA GCUI a chur ar fionraí ó bheith á mhargú i gcríoch Ballstáit eile nó ar BCIM, bainisteoir Ciste Caipitil Fiontair Eorpaigh nó bainisteoir Ciste Fiontraíochta Sóisialta Eorpaigh ó CIM a mhargú i mBallstát eile i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)nach ndéanann na húdaráis inniúla nó na páirtithe leasmhara lena mbaineann cinneadh, tuairim, moladh nó gníomh a chur chun feidhme, ar cinneadh, tuairim, moladh nó gníomh é nó í a ghlac ESMA nó a bhí de dhíth ar ESMA i gcomhréir le mír 3 nó tuairim a d’eisigh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(b)Tháinig ESMA ar an gconclúid nach gcomhlíonann GCUI nó CIM a mhargaítear ar bhonn trasteorann ceanglais an Rialacháin seo, Threoir 2009/65/CE agus Threoir 2011/61/AE, ná Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 a thuilleadh.
5.Sula gcuirfidh ESMA an margú dá dtagraítear i mír 4 ar fionraí, seolfaidh sé a dhréachtchinntí chuig GCUI, BCIM, bainisteoir Ciste Caipitil Fiontair Eorpaigh nó bainisteoir Ciste Fiontraíochta Sóisialta Eorpaigh lena mbaineann agus chuig údaráis inniúla a mBallstát baile. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ráiteas réasúnaithe a chur faoi bhráid ESMA laistigh de 30 lá féilire tar éis na dréacht‑thorthaí a fháil.
6.Tabharfaidh ESMA fógra go pras don GCUI, an BCIM, bainisteoir an Chiste Caipitil Fiontair Eorpaigh nó bainisteoir an Chiste Fiontraíochta Sóisialta Eorpaigh, agus d’údaráis inniúla a mBallstát óstach maidir le fionraí an chumais aonaid nó scaireanna GCUInna nó CIManna a mhargú ar bhonn trasteorann. Féadfar tús a chur leis an bhfionraí ar dháta an fhógra don GCUI, an BCIM, bainisteoir an Chiste Caipitil Fiontair Eorpaigh nó bainisteoir an Chiste Fiontraíochta Sóisialta Eorpaigh agus cuirfear tús leis tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an fhógra sin.
7.Foilseoidh ESMA tuarascáil ar a ghníomhaíochtaí i gcomhréir le míreanna 1 go 4 uair sa bhliain ar a laghad.
Airteagal 14d
Réiteach díospóidí
I gcás nach n‑aontaíonn údaráis inniúla le measúnú, gníomhaíocht nó neamhghníomh údaráis inniúil amháin i réimsí ina n‑éilíonn an Rialachán seo comhar nó comhordú idir údaráis inniúla ó níos mó ná Ballstát amháin, féadfaidh údarás inniúil amháin nó níos mó an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA a ghníomhóidh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(15)Cuirtear isteach na hAirteagal 17a go 17i seo a leanas:
‘Airteagal 17a
Coinníollacha maidir le GCUInna a mhargú san Aontas
1.Ceadófar do GCUInna a n‑aonaid a mhargú san Aontas lasmuigh dá mBallstát baile tar éis údarú a fháil ó údarás inniúil a mBallstáit baile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17c.
2.Chun críocha mhír 1, ní fhorchuirfear aon cheanglas breise ná aon nós imeachta riaracháin breise ar GCUInna i leith na réimsí a rialaítear leis an Rialachán seo agus le Treoir 2009/65/CE.
3.Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagail 17b, 17c agus 17d, áireoidh GCUI deighleoga infheistíochta díobh.
4.D’fhonn a ghníomhaíochtaí a shaothrú i mBallstát óstach, féadfaidh GCUI an tagairt chéanna dá fhoirm dhlíthiúil (amhail cuideachta infheistíochta nó comhchiste) a úsáid ina ainmniú i mBallstát óstach GCUI agus a úsáideann sé ina Bhallstát baile.
Airteagal 17b
Saoráidí i mBallstát óstach an GCUI
1.Cuirfidh GCUI saoráidí ar fáil, i ngach Ballstát ina mbeartaíonn sé a aonaid a mhargú, chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
(a)orduithe um shuibscríobh, athcheannach agus fuascailt a phróiseáil agus íocaíochtaí eile do shealbhóirí aonad a dhéanamh a bhaineann le haonaid an GCUI, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX de Threoir 2009/65/CE;
(b)faisnéis a chur ar fáil d’infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais athcheannaigh agus fuascailte;
(c)éascaíocht a dhéanamh maidir le láimhseáil faisnéise agus rochtain ar nósanna imeachta agus socruithe dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2009/65/CE a bhaineann le feidhmiú a gceart ag infheisteoirí a eascraíonn as a n‑infheistíocht sa GCUI sa Bhallstát ina bhfuil an GCUI á mhargú;
(d)an fhaisnéis agus na doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX de Treoir 2009/65/CE a chur ar fáil d’infheisteoirí faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12a, d’fhonn cigireacht a dhéanamh orthu agus cóipeanna a fháil díobh;
(e)faisnéis atá ábhartha maidir leis na cúraimí a dhéanann na saoráidí a chur ar fáil ar mheán marthanach d’infheisteoirí; agus
(f)gníomhú mar phointe teagmhála le cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla.
2.Ní cheanglóidh Ballstáit óstacha ar GCUI láithreacht fhisiciúil a bheith aige ina gcríoch ná tríú páirtí a cheapadh sa Bhallstát óstach sin chun críocha mhír 1 ná chun aon chríoch eile a bhaineann le gníomhaíochtaí an GCUI sa Bhallstát óstach sin.
3.Na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, lena n‑áirítear iad a dhéanamh go leictreonach, áiritheoidh an GCUI go soláthrófar iad de réir mar a leanas:
(a)i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát óstach an GCUI, i dteanga arna formheas ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta;
(b)ag an GCUI féin, ag tríú páirtí atá faoi réir rialacháin agus maoirseachta lena rialaítear na gcúraimí a bheidh le déanamh, nó iad araon.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás ina mbeidh na cúraimí le déanamh ag tríú páirtí, tabharfar fianaise ar cheapadh an tríú páirtí le conradh i scríbhinn ina sonrófar cé na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh le déanamh ag an GCUI agus ina sonrófar go bhfaighidh an tríú páirtí an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile ón GCUI .
Ní dhéanfar difear do dhliteanas an GCUI toisc go ndéanann tríú páirtí na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo.
Airteagal 17c
Nós imeachta an phas ar bhonn údarú GCUI
1.Tráth údarú GCUI i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag GCUI a aonaid a mhargú i mBallstát seachas a Bhallstát baile, cuirfidh sé na Ballstáit sin in iúl ina iarratas ar údarú chuig údaráis inniúla a Bhallstáit baile.
Áireofar san iarratas ar údarú faisnéis maidir le socruithe a rinneadh le haghaidh aonaid mhargaíochta an GCUI sna Ballstáit óstacha, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, i leith aicmí scaireanna agus léiriú go bhfuil an GCUI á mhargú ag an gcuideachta bainistíochta a bhainistíonn an GCUI.
Áireofar san iarratas ar údarú freisin faisnéis maidir leis na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 17b a dhéanamh.
2.Chun críocha mhír 1, cuirfidh GCUI an méid seo a leanas i gceangal lena iarratas ar údarú:
(a)a rialacha ciste nó a ionstraimí corpraithe;
(b)a réamheolaire agus, i gcás inarb iomchuí, a thuarascáil bhliantúil is déanaí;
(c)a dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 arna aistriú i gcomhréir leis an Rialachán sin; agus
(d)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, an chumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4, in éineacht le fianú ón GCUI go bhfuil ceanglais an Airteagail sin á gcomhlíonadh aige.
An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) agus an fianú dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, soláthrófar iad ar a laghad i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
3.Fíoróidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI an bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht a chuir an GCUI isteach i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 iomlán.
4.Ar údarú a fháil, ullmhóidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI litir údarúcháin ina mbeidh Iarscríbhinn ina liostófar na Ballstáit óstacha ina bhfuil sé beartaithe ag an GCUI a aonaid a mhargú, mar aon le ráiteas go gcomhlíonann an GCUI na coinníollacha a fhorchuirtear leis an Rialachán seo agus le Treoir 2009/65/CE.
5.Ar údarú a fháil, tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI fógra do ESMA tríd an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 a tharchur chuig ESMA tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12. .
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstáit óstacha an GCUI fógra láithreach ón ardán sonraí, ina léireofar go bhfuil GCUI nua le margú ina gcríoch agus beidh rochtain láithreach dhíreach acu ar an doiciméadacht arna tarchur de bhun na chéad fhomhíre.
Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstáit baile an GCUI an GCUI ar an eolas go pras faoin tarchur dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Ó dháta an tarchuir sin, féadfaidh an GCUI rochtain a fháil ar mhargaí Bhallstáit óstacha an GCUI.
6.Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI go soláthrófar an litir údaraithe dá dtagraítear i mír 4 ar a laghad i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
7.I gcás ina bhfuil GCUI údaraithe cheana féin agus inar mian leis a aonaid nó a scaireanna a mhargú i mBallstát nua, tabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoi na Ballstáit óstacha nua ina bhfuil sé beartaithe aige a aonaid nó a scaireanna a mhargú agus áireofar ann faisnéis faoi shocruithe arna ndéanamh le haghaidh margaíochta agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu, cumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4, agus fianú ón GCUI ag gabháil léi go gcomhlíonann sé ceanglais an Airteagail sin.
Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI an Iarscríbhinn a ghabhann leis an litir údarúcháin a thabhairt cothrom le dáta, ina liostófar na Ballstáit óstacha nua ina bhfuil sé beartaithe ag an GCUI a aonaid a mhargú agus tabharfaidh siad fógra do ESMA tríd an litir údarúcháin nuashonraithe agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis agus an doiciméadacht nuashonraithe a tharchur tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstáit óstacha nua an GCUI fógra láithreach ón ardán sonraí, ina léireofar go bhfuil GCUI nua le margú ina gcríoch agus beidh rochtain láithreach dhíreach acu ar an doiciméadacht arna tarchur de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír den mhír seo.
Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstáit baile an GCUI an GCUI ar an eolas láithreach faoin tarchur dá dtagraítear sa dara fomhír. Ó dháta an tarchuir sin, féadfaidh an GCUI rochtain a fháil ar mhargaí na mBallstát óstach nua.
8.Chun críoch an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil sé beartaithe ag an GCUI a aonaid a mhargú, ní iarrfaidh siad ná ní éileoidh siad aon doiciméad, deimhniú ná faisnéis bhreise seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo.
9.I gcás athrú ábhartha ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht a chuirtear faoi bhráid údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI de bhun míreanna 1 agus 2, tabharfaidh an GCUI fógra i scríbhinn faoi sin d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile 15 lá oibre ar a laghad sula gcuirfear an t‑athrú sin chun feidhme.
10.I gcás nach gcomhlíonfadh an GCUI an Rialachán seo ná Treoir 2009/65/CE a thuilleadh, de bhun athrú dá dtagraítear i mír 9, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI in iúl don GCUI laistigh de 10 lá oibre ón bhfaisnéis a fháil nach bhfuil an t‑athrú sin le cur chun feidhme aige. Sa chás sin, tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI fógra do ESMA dá réir sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstáit óstacha an GCUI fógra láithreach ón ardán sonraí ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
11.I gcás ina gcuirtear athrú ábhartha dá dtagraítear i mír 9 chun feidhme tar éis faisnéis a tharchur i gcomhréir le mír 10, agus i gcás, de bhun an athraithe sin, nach bhfuil an Rialachán seo ná Treoir 2009/65/CE á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an GCUI, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI gach beart iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 98 de Threoir 2009/65/CE, lena n‑áirítear, i gcás inar gá, an toirmeasc sainráite ar mhargú an GCUI. Tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI fógra do ESMA faoi na bearta sin gan mhoill tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstáit óstacha an GCUI fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
12.Más rud é, d’ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI nó toisc nach leor na bearta sin, go bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh chun a mheas, mar thoradh ar na hathruithe dá dtagraítear i mír 9, go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó Threoir 2009/65/CE fós á sárú ag an GCUI ar bhealach ar léir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna infheisteoirí an Bhallstáit óstaigh, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 17d
Socruithe chun margú GCUInna a chur ar fionraí
1.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag GCUI margú a aonad a fhoirceannadh, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, i leith aicmí scaireanna, i mBallstát a bhfuil fógra tugtha aige ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17c, cuirfidh sé fógra maidir le díchur faoi bhráid údaráis inniúla a Bhallstáit baile, ina n‑áireofar an rún chun socruithe a rinneadh chun na haonaid sin a mhargú sa Bhallstát sin a fhoirceannadh. Cuirfear an rún sin ar fáil go poiblí trí mheán leictreonach, rud is gnách a úsáid chun GCUI a mhargú agus atá oiriúnach do ghnáth-infheisteoir GCUI.
An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, soláthrófar í ar a laghad i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
2.Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI a fhíorú an bhfuil an fógra maidir le díchur a chuir an GCUI isteach i gcomhréir le mír 1 comhlánaithe ina iomláine.
Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre ón bhfógra maidir le díchur iomlán a fháil, an fógra sin maidir le díchur a tharchur chuig ESMA tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus fógra a thabhairt go pras don GCUI faoin tarchur sin.
Údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a shainaithnítear sa chur ar ceal, gheobhaidh siad fógra láithreach ón ardán sonraí, ina léireofar an rún atá ag GCUI socruithe margaíochta a fhoirceannadh sa Bhallstát sin i gcomhréir le mír 1.
Ó dháta an tarchuir dá dtagraítear sa dara fomhír, déanfaidh an GCUI aon tairiscint nó láithriú nua nó breise a aonad, díreach nó indíreach, a scor sa Bhallstát a bhfuil fógra maidir le díchur curtha isteach aige ina leith i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 17e
Réamh-mhargú san Aontas ag BCIM AE
1.Ceadófar do BCIM AE dul i mbun réamh-mhargú san Aontas.
2.Áiritheoidh BCIManna AE nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid ná scaireanna in CIM trí réamh-mhargú agus nach bhfaighidh infheisteoirí a dtéitear i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargú aonaid ná scaireanna sa CIM sin ach amháin faoin margú a cheadaítear faoi Airteagail 17f nó 17g.
3.Ní rachaidh tríú páirtí i mbun réamh-mhargú thar ceann BCIM AE údaraithe ach amháin i gcás ina bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar BCIM i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó i gcás ina ngníomhaíonn sé mar ghníomhaire faoi cheangal i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh an tríú páirtí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
4.Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglas breise ar réamh-mhargú GCUInna agus CIManna ina gcríoch seachas na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 17f
Nós imeachta an phas bunaithe ar údarú le haghaidh aonaid mhargaíochta BCIM AE nó scaireanna CIManna AE ina Bhallstát baile
1.Más rud é, tráth a údaraítear BCIM AE i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2011/61/AE, go mbeartaíonn an BCIM sin aonaid nó scaireanna CIM AE atá beartaithe aige a bhainistiú a mhargú d’infheisteoirí gairmiúla ina Bhallstát baile, cuirfidh sé é sin in iúl ina iarratas ar údarú d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile.
I gcás inar fothaire-CIM é an CIM AE, tá an ceart chun cistí a mhargú dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir an choinníll gur CIM AE é an máistir-CIM freisin atá á bhainistiú ag BCIM AE údaraithe.
2.Chun críocha mhír 1, cuirfidh an BCIM an méid seo a leanas i gceangal lena iarratas ar údarú:
(a)clár oibríochtaí lena sainaithnítear an CIM AE a bhfuil sé beartaithe ag an BCIM é a mhargú ina Bhallstát baile agus faisnéis maidir leis an áit a bhfuil an CIM AE bunaithe;
(b)rialacha nó ionstraimí corpraithe an CIM AE;
(c)aitheantas thaisclann an CIM AE;
(d)faisnéis faoin áit a bhfuil an máistir-CIM bunaithe más fothaire-CIM é an CIM AE;
(e)aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2011/61/AE maidir le gach CIM AE atá beartaithe ag an BCIM a mhargú;
(f)i gcás inarb ábhartha, i gcás gach CIM AE atá beartaithe ag Ban CIM a mhargú, a réamheolaire agus doiciméid tairisceana;
(g)I gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir leis na socruithe a bunaíodh chun cosc a chur ar aonaid nó scaireanna an CIM AE a mhargú d’infheisteoirí miondíola, lena n‑áirítear i gcás ina mbraitheann an BCIM ar ghníomhaíochtaí eintiteas neamhspleách chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar i ndáil leis an CIM AE; agus
(h)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, maidir le gach CIM AE a bhfuil sé beartaithe ag an BCIM é a mhargú, an chumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4, in éineacht le fianú ón BCIM go bhfuil ceanglais an Airteagail sin á gcomhlíonadh aige.
An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, soláthrófar í ar a laghad i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
3.Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a fhíorú an bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht a chuir an BCIM isteach i gcomhréir le mír 2 comhlánaithe ina iomláine.
4.Ó dháta údaraithe an BCIM agus ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 3, féadfaidh an BCIM tús a chur le margú an CIM AE a shainaithnítear san iarratas ar údarú ina Bhallstát baile.
5.I gcás ina bhfuil an CIM AE a shainaithnítear san iarratas ar údarú bunaithe i mBallstát seachas Ballstát baile an BCIM, ullmhóidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4, litir údaraithe ina mbeidh Iarscríbhinn ina liostófar na CIManna AE a bhfuil sé beartaithe ag an BCIM iad a mhargú ina Bhallstát baile, chomh maith le Ballstáit na CIManna AE sin mar aon le ráiteas go gcomhlíonann an BCIM coinníollacha an Rialacháin seo agus Threoir 2011/65/CE.
Ar údarú a fháil, tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra do ESMA tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus sa chéad fhomhír den mhír seo a tharchur tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an CIM AE fógra láithreach ón ardán sonraí, ina léireofar go bhfuil sé beartaithe ag an BCIM an CIM AE a mhargú i mBallstát baile an BCIM agus beidh rochtain láithreach dhíreach acu ar an doiciméadacht arna tarchur de bhun an dara fomhír.
6.Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM go soláthrófar an litir údaraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5 ar a laghad i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
7.I gcás ina mbeartaíonn BCIM aonaid nó scaireanna CIM AE a bhfuil sé beartaithe aige a bhainistiú a mhargú d’infheisteoirí gairmiúla ina Bhallstát baile, i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM agus Bhallstát baile an CIM AE aon doiciméad, deimhniú ná faisnéis bhreise a iarraidh ná a éileamh seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 2 agus 5.
8.I gcás ina bhfuil BCIM údaraithe cheana féin agus inar mian leis margú d’infheisteoirí gairmiúla ina Bhallstát baile aonaid nó scaireanna CIManna AE nua seachas na cinn sin dá dtagraítear ina iarratas ar údarú, tabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoi na CIManna AE nua a bhfuil sé beartaithe aige iad a mhargú, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, agus soláthróidh sé an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2.
Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a fhíorú an bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht a chuir an BCIM isteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír comhlánaithe ina iomláine.
Beidh an BCIM in ann CIManna AE nua a mhargú ina Bhallstát baile ó dháta an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear sa dara fomhír.
Chun críocha na chéad fhomhíre, ní cheanglófar ar an BCIM faisnéis nó doiciméadacht a chur faoi bhráid údaráis inniúla a Bhallstáit baile, ar faisnéis nó doiciméadacht í a sholáthar sé cheana chun críoch a údaraithe agus nár leasaíodh go hábhartha ó shin i leith.
9.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an BCIM CIManna AE nua a mhargú ina Bhallstát baile, ar CIManna iad atá bunaithe i mBallstáit seachas Ballstát baile an BCIM, sa bhreis ar an nós imeachta dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM an Iarscríbhinn a ghabhann leis an litir údarúcháin dá dtagraítear i mír 5 a thabhairt cothrom le dáta, ina liostófar na CIManna AE nua a mhargaíonn an BCIM ina Bhallstát baile, chomh maith le Ballstáit na CIManna AE nua sin agus tabharfaidh siad fógra do ESMA tríd an litir údarúcháin nuashonraithe a tharchur tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstáit na CIManna AE nua fógra láithreach ón ardán sonraí, ina léireofar go bhfuil sé beartaithe ag an BCIM na CIManna AE a mhargú ina Bhallstát baile agus beidh rochtain láithreach dhíreach acu ar an doiciméadacht arna tarchur de bhun na chéad fhomhíre.
Údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, cuirfidh siad an BCIM ar an eolas go pras faoin tarchur dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Ó dháta an tarchuir sin, beidh an BCIM in ann na CIManna AE nua a mhargú ina Bhallstát baile.
10.I gcás athrú ábhartha ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht a chuirtear faoi bhráid údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh an BCIM fógra i scríbhinn faoi sin d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile 15 lá oibre ar a laghad sula gcuirfear an t‑athrú sin chun feidhme.
11.I gcás nach gcomhlíonfadh an BCIM an Rialachán seo ná Treoir 2011/61/AE a thuilleadh, de bhun athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM in iúl don BCIM laistigh de 10 lá oibre ón bhfaisnéis a fháil nach bhfuil an t‑athrú sin le cur chun feidhme aige.
I gcás ina margaíonn an BCIM ina Bhallstát baile CIM AE atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát baile an BCIM, tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra do ESMA dá réir sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an CIM AE fógra láithreach ón ardán sonraí ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
12.I gcás ina gcuirtear athrú dá dtagraítear i mír 10 chun feidhme tar éis faisnéis a tharchur i gcomhréir le mír 11, agus i gcás, de bhun an athraithe sin, nach bhfuil an Rialachán seo ná Treoir 2011/61/AE á gcomhlíonadh a thuilleadh ag BCIM nó ag bainistíocht an BCIM ar an CIM AE, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM gach beart iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 46 de Threoir 2011/61/AE, lena n‑áirítear, i gcás inar gá, an toirmeasc sainráite ar mhargú an CIM AE.
I gcás ina margaíonn an BCIM ina Bhallstát baile CIM AE atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát baile an BCIM, tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra do ESMA faoi na bearta sin gan mhoill tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an CIM AE fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
13.I gcás ina margaíonn an BCIM ina Bhallstát baile CIM AE atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát baile an BCIM agus ina bhfuil cúiseanna soiléire agus inléirithe ag údaráis inniúla Bhallstát baile an CIM AE gan aontú leis na bearta arna ndéanamh ag údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM de bhun mhír 12, nó le héagmais na mbeart sin, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an CIM AE an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 17g
Nós imeachta an phas bunaithe ar údarú le haghaidh aonaid mhargaíochta BCIM AE nó scaireanna CIManna AE i mBallstát seachas Ballstát baile an BCIM
1.Tráth údaraithe BCIM AE i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2011/61/AE, i gcás ina mbeartóidh BCIM AE aonaid nó scaireanna CIM AE a mhargú d’infheisteoirí gairmiúla i mBallstát eile seachas Ballstát baile an BCIM, ar aonaid nó scaireanna iad a bhfuil sé beartaithe aige a bhainistiú, cuirfidh sé é sin in iúl ina iarratas ar údarú chuig údaráis inniúla a Bhallstáit baile.
I gcás inar fothaire-CIM é an CIM AE, tá an ceart chun cistí a mhargú dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir an choinníll gur CIM AE é an máistir-CIM freisin agus go bhfuil sé á bhainistiú ag BCIM AE údaraithe.
2.Chun críocha mhír 1, cuirfidh an BCIM an méid seo a leanas i gceangal lena iarratas ar údarú, i gcás inarb iomchuí:
(a)clár oibríochtaí lena sainaithnítear an CIM AE a bhfuil sé beartaithe ag an BCIM é a mhargú agus faisnéis maidir leis an áit a bhfuil an CIM AE bunaithe;
(b)rialacha nó ionstraimí corpraithe an CIM AE;
(c)aitheantas thaisclann an CIM AE;
(d)faisnéis faoin áit a bhfuil an máistir-CIM bunaithe más fothaire-CIM é an CIM;
(e)aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2011/61/AE maidir le gach CIM AE atá beartaithe ag an BCIM a mhargú;
(f)i gcás inarb ábhartha, i gcás gach CIM AE atá beartaithe ag an BCIM a mhargú, a réamheolaire agus doiciméid tairisceana;
(g)léiriú ar an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe aige aonaid nó scaireanna an CIM AE a mhargú d’infheisteoirí gairmiúla;
(h)faisnéis faoi na socraíochtaí a dhéantar maidir le CIManna AE a mhargú agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir leis na socruithe a bunaíodh chun cosc a chur ar aonaid nó scaireanna an CIM AE a mhargú d’infheisteoirí miondíola agus soláthraítear faisnéis i gcás ina mbraitheann an BCIM ar ghníomhaíochtaí eintiteas neamhspleách chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar i ndáil leis an CIM AE chomh maith
(i)na mionsonraí is gá, lena n‑áirítear an seoladh, chun aon táille nó aon mhuirear rialála is infheidhme a sonrascadh nó a chur in iúl ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh; agus
(j)i gcás ina bhfuil sé ar fáil, maidir le gach CIM AE a bhfuil sé beartaithe ag an BCIM é a mhargú, an chumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4, in éineacht le fianú ón BCIM go bhfuil ceanglais an Airteagail sin á gcomhlíonadh aige.
An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, soláthrófar í ar a laghad i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
3.Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a fhíorú an bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht a chuir an BCIM isteach i gcomhréir le mír 2 comhlánaithe ina iomláine.
4.Tráth a údaraithe, ullmhóidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM litir údaraithe ina mbeidh Iarscríbhinn ina liostaítear na CIManna AE atá beartaithe ag an BCIM a mhargú, chomh maith leis na Ballstáit óstacha ina bhfuil sé beartaithe na CIManna AE a mhargú, mar aon le ráiteas go gcomhlíonann an BCIM na coinníollacha arna bhforchur leis an Rialachán seo agus le Treoir 2011/61/AE.
5.Tráth a údaraithe, tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra do ESMA tríd an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a tharchur tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM fógra láithreach ón ardán sonraí, ina léireofar go bhfuil sé beartaithe ag an BCIM CIM AE a mhargú ar a gcríoch agus beidh rochtain láithreach dhíreach acu ar an doiciméadacht arna tarchur de bhun na chéad fhomhíre.
Údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, cuirfidh siad an BCIM ar an eolas go pras faoin tarchur dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Ó dháta an tarchuir sin, féadfaidh an BCIM rochtain a fháil ar mhargaí na mBallstát óstach.
6.Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM go soláthrófar an litir údaraithe dá dtagraítear i mír 4 ar a laghad i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
7.Chun críoch an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, ní iarrfaidh ná ní éileoidh údaráis inniúla na mBallstát baile ná na mBallstát óstach aon doiciméad, deimhniú ná faisnéis bhreise seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo.
Ní cheanglóidh Ballstáit óstacha ar BCIM láithreacht fhisiciúil a bheith aige ina gcríoch ná tríú páirtí a cheapadh sa Bhallstát óstach sin chun CIManna AE a mhargú sa Bhallstát óstach sin ná chun aon chríoch eile a bhaineann le gníomhaíochtaí an BCIM sa Bhallstát óstach sin.
8.I gcás ina bhfuil BCIM údaraithe cheana féin agus inar mian leis margú d’infheisteoirí gairmiúla i mBallstát óstach nua nach dtagraítear dó ina iarratas ar údarú aonaid nó scaireanna CIManna AE, nó inar mian leis margú i mBallstát óstach dá dtagraítear cheana ina iarratas ar údarú CIManna AE nua nach dtagraítear dóibh ina iarratas ar údarú, tabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoi na Ballstáit óstacha nua ina bhfuil sé beartaithe aige margaíocht a dhéanamh nó faoi na CIManna AE nua a bhfuil sé beartaithe aige margaíocht a dhéanamh iontu, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, agus soláthróidh sé an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2.
Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a fhíorú an bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht a chuir an BCIM isteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír comhlánaithe ina iomláine.
Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM an Iarscríbhinn a ghabhann leis an litir údarúcháin dá dtagraítear i mír 4 a thabhairt cothrom le dáta, ina liostaítear na CIManna AE nua a bhfuil sé beartaithe ag an BCIM iad a mhargú nó na Ballstáit óstacha nua ina bhfuil sé beartaithe ag an BCIM iad a mhargú agus tabharfaidh siad fógra do ESMA tríd an litir údarúcháin nuashonraithe agus an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2 a tharchur tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach fógra láithreach ón ardán sonraí, ina léireofar go bhfuil sé beartaithe ag an BCIM CIManna AE a mhargú ar a gcríoch agus beidh rochtain láithreach dhíreach acu ar an doiciméadacht arna tarchur de bhun an tríú fomhír.
Údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, cuirfidh siad an BCIM ar an eolas go pras faoin tarchur sa tríú fomhír. Ó dháta an tarchuir sin, beidh an BCIM in ann na CIManna AE nua a mhargú sna Ballstáit óstacha nó na CIManna AE a mhargú sna Ballstáit óstacha nua.
Chun críocha na chéad fhomhíre, ní cheanglófar ar an BCIM faisnéis nó doiciméadacht a chur faoi bhráid údaráis inniúla a Bhallstáit baile, ar faisnéis nó doiciméadacht í a sholáthar sé cheana chun críoch a údaraithe agus nár leasaíodh go hábhartha ó shin i leith.
9.I gcás athrú ábhartha ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht a chuirtear faoi bhráid údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM i gcomhréir le mír 2, tabharfaidh an BCIM fógra i scríbhinn faoi sin d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile 15 lá oibre ar a laghad sula gcuirfear an t‑athrú sin chun feidhme.
10.I gcás nach gcomhlíonfadh an BCIM an Rialachán seo ná Treoir 2011/61/AE a thuilleadh, de bhun athrú dá dtagraítear i mír 9, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM in iúl don BCIM laistigh de 10 lá oibre ón bhfaisnéis a fháil nach bhfuil an t‑athrú sin le cur chun feidhme aige. Sa chás sin, tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra do ESMA dá réir sin tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM fógra láithreach ón ardán sonraí ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
11.I gcás ina gcuirtear athrú dá dtagraítear i mír 9 chun feidhme tar éis faisnéis a tharchur i gcomhréir le mír 10, agus de bhun an athraithe sin, nach bhfuil an Rialachán seo ná Treoir 2011/61/AE á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an BCIM nó ag bainistíocht an BCIM ar an CIM AE, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM gach beart iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 46 de Threoir 2011/61/AE, lena n‑áirítear, i gcás inar gá, an toirmeasc sainráite ar mhargú an CIM AE. Tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra do ESMA faoi na bearta sin gan mhoill tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12.
Gheobhaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM fógra láithreach ón ardán sonraí ina léireofar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
12.I gcás ina bhfuil cúiseanna soiléire agus inléirithe ag údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM gan aontú leis na bearta a ghlac údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM de bhun mhír 11, nó in éagmais na mbeart sin, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM an t‑ábhar a tharchur chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 17h
Socruithe chun margú CIManna a chur ar fionraí
1.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag BCIM AE deireadh a chur le margú aonad nó scaireanna roinnt CIManna AE atá á mbainistiú aige, nó iad uile, i mBallstát a bhfuil fógra tugtha aige ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17g, cuirfidh sé fógra maidir le díchur faoi bhráid údaráis inniúla a Bhallstáit baile, ina n‑áireofar an rún deireadh a chur le socruithe arna ndéanamh le haghaidh aonaid nó scaireanna roinnt CIManna AE atá á mbainistiú aige, nó iad uile, a mhargú sa Bhallstát sin. Cuirfear an rún sin ar fáil go poiblí trí mheán leictreonach.
Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar a laghad i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
2.Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a fhíorú an bhfuil an fógra a cuireadh ar ceal agus a chuir an BCIM isteach i gcomhréir le mír 1 comhlánaithe ina iomláine.
Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre ón bhfógra maidir le díchur iomlán a fháil, an fógra maidir le díchur a tharchur chuig ESMA tríd an ardán sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 agus fógra a thabhairt go pras don BCIM faoin tarchur sin.
Údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a shainaithnítear sa chur ar ceal, gheobhaidh siad fógra láithreach ón ardán sonraí, ina léireofar an rún atá ag BCIM socruithe margaíochta a fhoirceannadh sa Bhallstát sin i gcomhréir le mír 1.
Ó dháta an tarchuir dá dtagraítear sa dara fomhír, déanfaidh an BCIM aon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith aonaid nó scaireanna den CIM AE ar a ndéanann sé bainistiú a scor sa Bhallstát a bhfuil fógra tíolactha aige ina leith i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 17i
Táillí ESMA
1.Gearrfaidh ESMA táillí ar BCIManna agus ar GCUInna as an gcaiteachas a bhaineann leis na nósanna imeachta maidir le nós imeachta an phas agus maidir le fógra a chur ar ceal dá dtagraítear in Airteagail 17c go 17h, lena n‑áirítear sciar iomchuí de chostais chothabhála an ardáin sonraí a úsáidtear chun na críche sin, dá dtagraítear in Airteagal 12(1).
Íocfaidh BCIM nó GCUI na táillí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina mbeartóidh siad aonaid nó scaireanna CIManna nó GCUInna a mhargú i mBallstát nach a mBallstát baile é i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 17c agus 17g den Rialachán seo.
2.Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 18b, bearta lena sonrófar na socruithe le haghaidh an tobhaigh agus íocaíocht na dtáillí dá dtagraítear i mír 1. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, sonrófar an méid seo go háirithe:
(a)méid na dtáillí is iníoctha le ESMA;
(b)an mhodheolaíocht chun uasmhéid na dtáillí sin a ríomh i gcomhréir le struchtúr muirear cisealta bunaithe ar líon na mBallstát óstach ina bhfuil sé beartaithe ag an BCIM nó an GCUI aonaid nó scaireanna CIManna nó GCUInna a mhargú;
(c)na hábhair ar ina leith a bhfuil na táillí sin dlite;
(d)an chaoi a bhfuil na táillí sin le híoc;
(e)minicíocht agus uainiú na dtáillí sin.’;
(16)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:
‘Faoin [teacht i bhfeidhm + 5 bliana], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, ar bhonn comhairliúchán poiblí agus i bhfianaise idirphlé le ESMA agus le húdaráis inniúla, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.’
(17)Cuirtear na hAirteagail 18a agus 18b seo a leanas isteach:
‘Airteagal 18a
Forálacha idirthréimhseacha
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17f ná ag Airteagal 17g maidir le margú aonad nó scaireanna CIManna atá faoi réir tairiscint don phobal atá ann faoi láthair faoi réamheolaire a tarraingíodh suas agus a foilsíodh i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE roimh an 22 Iúil 2013 ar feadh thréimhse bhailíochta an réamheolaire sin.
Airteagal 18b
Tarmligean cumhachtaí
1.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus Airteagal 17i a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
Déanfar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus Airteagal 17i a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 4 bliana ó [Cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na cumhachtaí tarmligthe a tharraingt suas tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse 4 bliana sin. Cuirfear síneadh le tarmligean na cumhachta go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le mír 5.
2.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
3.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mír 1 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse 3 mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina aghaidh. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.
4.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 a chúlghairm aon tráth. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;
Airteagal 7
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/23
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/23 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:
‘(7) ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil de chuid CPL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13a) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;’;
(b)cuirtear isteach an pointe 55 seo a leanas:
‘(55) ciallaíonn ‘CLP suntasach’ CLP suntasach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1a), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;’,
(2)in Airteagal 4(3), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fomhíre:
‘I gcás ina bhfuil ESMA ina chomhalta den choláiste de bhun phointe (n), ní bheidh cearta vótála sna coláistí réitigh aige, ag ÚBE, ná ag na húdaráis dá dtagraítear i bpointí (d), (e), (k) agus (l) de mhír 2.’;
(3)in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fomhíre:
‘Cruthóidh ESMA coiste réitigh (‘Coiste Réitigh ESMA’) de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun na cinntí a ullmhú a chuirtear de chúram ar ESMA sa Rialachán seo, cé is moite de na cinntí a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo, nó a bheidh le glacadh i bhfeidhmiú a fheidhme mar údarás inniúil CPL shuntasaigh.’;
(4)in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Oibreoidh údaráis inniúla, údaráis réitigh agus ESMA i ndlúthchomhar le chéile chun críocha an Rialacháin seo. Go háirithe, le linn na céime téarnaimh, ba cheart don údarás inniúil agus do chomhaltaí an choláiste maoirseachta, nó na húdaráis inniúla ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, faoi mar is infheidhme, comhoibriú agus cumarsáid éifeachtúil a dhéanamh leis an údarás réitigh, chun a chur ar a chumas don údarás réitigh gníomhú go tráthúil.’;
(5)cuirtear isteach an tAirteagal 6a seo a leanas:
‘Airteagal 6a
CPLanna suntasacha
Beidh feidhm ag Airteagail 9 go 20, 70 agus 79 den Rialachán seo maidir le CPLanna suntasacha mar a leanas:
(a)chun críoch Airteagail 9, 10, 13, 18, 19 agus 70 den Rialachán seo, déanfar tagairtí do choláistí maoirseachta a fhorléiriú mar thagairtí do na húdaráis ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(b)ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 18, 19 agus 79 den Rialachán seo maidir leis an údarás inniúil fógra a thabhairt do ESMA;
(c)chun críoch Airteagal 10(2), (7), (9) agus (10) den Rialachán seo, agus de mhaolú ar Airteagal 11, comhordóidh ESMA leis na húdaráis ábhartha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i gcomhréir leis an nós imeachta comhordúcháin seo a leanas:
(a)déanfaidh na húdaráis ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 scrúdú ar an bplean téarnaimh agus, i gcás ina measann aon údarás go bhfuil easnaimh ábhartha sa phlean téarnaimh nó aon bhac ábhartha ar a chur chun feidhme, cuirfidh an t‑údarás sin moltaí faoi bhráid ESMA maidir leis na hábhair sin laistigh de 2 mhí tar éis do ESMA an plean téarnaimh a tharchur;
(b)Déanfaidh ESMA cinntí maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointí (a) agus (b), agus tuairimí na n‑údarás ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á gcur san áireamh;
(c)leis an socrú comhair dá dtagraítear in Airteagal 23(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfar céimeanna agus socruithe gnásúla a shonrú maidir leis an gcomhordú idir ESMA agus na húdaráis ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13c), den Rialachán sin.’.
Airteagal 8
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/858
Leasaítear Rialachán (AE) 2022/858 mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
‘Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais i ndáil le bonneagair mhargaidh teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT) agus a n‑oibreoirí i leith an mhéid seo a leanas:
(a)ceadanna sonracha a dheonú agus a tharraingt siar chun bonneagair mhargaidh DLT a oibriú agus seirbhísí nótaire DLT agus seirbhís cothabhála lárnach cuntas DLT a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(b)díolúintí a bhaineann le ceadanna sonracha a dheonú, a mhodhnú agus a tharraingt siar;
(c)na coinníollacha a ghabhann le díolúintí a shainordú, a mhodhnú agus a tharraingt siar agus i leith bearta cúiteacha nó ceartaitheacha a ghabhann leis na díolúintí sonracha sin a shainordú, a mhodhnú agus a tharraingt siar;
(d)bonneagair mhargaidh DLT a oibriú agus seirbhísí nótaire DLT agus seirbhís cothabhála lárnach cuntas DLT a sholáthar;
(e)maoirseacht a dhéanamh ar bhonneagair mhargaidh DLT agus ar sholáthraithe seirbhísí nótaire DLT agus seirbhís cothabhála lárnach cuntas DLT; agus
(f)an comhar idir oibreoirí bhonneagair margaidh DLT, na húdaráis inniúla agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (ESMA).’;
(2)leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):
‘(5) Ciallaíonn ‘bonneagar margaidh DLT’ saoráid trádála DLT, córas socraíochta DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT;’,
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):
(6) ciallaíonn ‘ionad trádála DLT’ ionad trádála iltaobhach nó ionad trádála eagraithe nach ligeann ach ionstraimí airgeadais DLT isteach chun a dtrádála;’
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10):
‘(10) ciallaíonn ‘córas trádála agus socraíochta DLT’ ionad trádála DLT nó córas socraíochta DLT lena gcomhcheanglaítear na seirbhísí a dhéanann ionad trádála DLT agus córas socraíochta DLT araon;’,
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (13):
‘(13) ciallaíonn ‘saoráid trádála iltaobhach’ nó ‘MTF’ saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (22), de Threoir 2014/65/AE;’,
(e)cuirtear an pointe (13a) seo a leanas isteach:
‘(13a) ciallaíonn ‘saoráid trádála eagraithe’ nó ‘OTF’ saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (23), de Threoir 2014/65/AE;’
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 20:
‘(20) ciallaíonn ‘oibreoir margaidh’ oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (10), de Rialachán Uimh. 600/2014;’,
(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21:
‘(21) ciallaíonn ‘údarás inniúil’:
(a)údarás inniúil amháin nó níos mó mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Threoir 2014/65/AE nó ESMA, sna cásanna a leagtar amach in Airteagail 2u(1), 2v(1), 2x(1) agus Airteagal 38a de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;
(b)ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;
(c)ESMA i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;
(d)ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla a ainmníonn Ballstát ar shlí eile chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.’
(h)cuirtear na pointí (21a) go (21n) seo a leanas leis:
‘(21a)
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní’ nó ‘SSCS’ soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ();
(21b)
ciallaíonn ‘ardán trádála SSCS’ soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní atá údaraithe chun ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114;
(21c)
ciallaíonn ‘seirbhís nótaire DLT’ an tseirbhís nótaire dá dtagraítear i Roinn A, pointe 1, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, i ndáil le hionstraimí airgeadais DLT;
(21d)
ciallaíonn ‘nótaire DLT’ an soláthraí seirbhísí nótaire DLT, a údaraítear faoin Rialachán seo nó mar thaisclann lárnach urrús (TLU) faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;
(21e)
ciallaíonn ‘seirbhís cothabhála lárnach DLT’ an tseirbhís cothabhála lárnach dá dtagraítear i Roinn A, pointe 2, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, i ndáil le hionstraimí airgeadais DLT;
(21f)
Ciallaíonn ‘leabharchoimeádaí TMD’ soláthraí seirbhísí cothabhála lárnacha DLT, a údaraítear faoin Rialachán seo nó mar TLU faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;
(21g)
ciallaíonn ‘scéim socraíochta’ an tacar rialacha agus nósanna imeachta arna n‑údarú chun ionstraimí airgeadais DLT a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 10c idir dhá eintiteas ar a laghad atá údaraithe chun seirbhís cothabhála lárnach cuntas DLT a sholáthar;
(21h)
ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe 13, de Threoir 2014/65/AE;
(21i)
ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag nótaire DLT nó ag leabharchoimeádaí TMD;
(21j)
ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát ina soláthraíonn nótaire DLT nó leabharchoimeádaí TMD a sheirbhísí, i gcás nach ionann é agus an Ballstát baile;
(21k)
ciallaíonn ‘córas simplithe’ an tacar forálacha faoin Rialachán seo is infheidhme maidir le bonneagair mhargaidh DLT a oibríonn faoi réir tairseacha a leagtar síos in Airteagal 3(2b) agus i gcomhréir le hAirteagal 7a;
(21l)
ciallaíonn ‘córas rialta’ an tacar forálacha faoin Rialachán seo is infheidhme maidir le bonneagair mhargaidh DLT nach bhfuil incháilithe chun bheith rannpháirteach sa chóras simplithe agus a oibríonn faoi réir na dtairseach a leagtar síos in Airteagal 3(2);
(21m)
ciallaíonn ‘seachadadh in áit íocaíochta’ sásra socraíochta urrús dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;
(21n)
ciallaíonn ‘airgead bainc thráchtála’ airgead bainc thráchtála mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (8b), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
(21o)
ciallaíonn ‘ordú aistrithe’ ordú aistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe 20, de Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta agus lena n‑aisghairtear Treoir 98/26/CE agus lena leasaítear Treoir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais’;
(3)leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a)scriostar mír 1:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Maidir le margadhluach comhiomlán na n‑ionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT, ní rachaidh siad thar EUR 100 billiún tráth a ligin isteach chun trádála, nó tráth chéad taifeadta, ionstraime airgeadais DLT nua.
I gcás ina shroichfeadh an margadhluach comhiomlán dá dtagraítear sa chéad fhomhír EUR 100 billiún mar thoradh ar ionstraim airgeadais DLT nua a ligean isteach chun trádála nó mar thoradh ar thaifeadadh ionstraime airgeadais DLT nua, le bonneagar margaidh DLT, ní dhéanfar an ionstraim airgeadais DLT sin a ligean isteach chun trádála nó í a thaifeadadh.
Na bonneagair mhargaidh DLT a oibríonn sa chóras rialta agus atá ina gcuid den ghrúpa céanna, áiritheoidh siad nach sárófar an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn chás comhdhlúite an ghrúpa.’;
(c)cuirtear na míreanna 2a agus 2b seo a leanas isteach:
‘2a.
I gcás ina shroichfeadh margadhluach comhiomlán na n‑ionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT a oibríonn faoin gcóras rialta EUR 150 billiún, gníomhachtóidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT an straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 7(7). Tabharfaidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT fógra don údarás inniúil faoi ghníomhachtú a straitéise aistrithe agus faoin amscála le haghaidh an aistrithe sa tuarascáil mhíosúil dá bhforáiltear i mír 5.
2b.
Maidir le margadhluach comhiomlán na n‑ionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT a oibríonn faoin gcóras simplithe, ní rachaidh sé thar EUR 10 mbilliún tráth a ligin isteach chun trádála, nó tráth chéad taifeadta, ionstraime airgeadais nua DLT.
I gcás ina sroichfeadh an margadhluach comhiomlán dá dtagraítear sa chéad fhomhír EUR 10 mbilliún mar thoradh ar ionstraim airgeadais DLT nua a ligean isteach chun trádála nó mar thoradh ar thaifeadadh ionstraim airgeadais DLT nua, le bonneagar margaidh DLT, ní dhéanfar an ionstraim airgeadais DLT sin a ligean isteach chun trádála nó í a thaifeadadh, mura n‑aistrítear an bonneagar margaidh DLT chuig an gcóras rialta.
Na bonneagair mhargaidh DLT atá ag oibriú sa chóras simplithe agus atá ina gcuid den ghrúpa céanna, áiritheoidh siad nach sárófar an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn chás comhdhlúite an ghrúpa.’
(d)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. I gcás ina shroichfeadh margadhluach comhiomlán na n‑ionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT a oibríonn faoin gcóras simplithe EUR 15 bhilliún, gníomhachtóidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT an straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 7(7). Tabharfaidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT fógra don údarás inniúil faoi ghníomhachtú a straitéise aistrithe agus faoin amscála le haghaidh an aistrithe sa tuarascáil mhíosúil dá bhforáiltear i mír 5.’
(e)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Ar bhonn an mheáin mhíosúil arna ríomh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT an méid seo a leanas:
(a)measúnú a dhéanamh, ar bhonn míosúil, i dtaobh an sroicheann margadhluach comhiomlán ionstraimí airgeadais DLT an tairseach dá dtagraítear i míreanna 2, 2a, 2b nó 3 den Airteagal seo; agus
(b)an straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 7(7) a ghníomhachtú i gcomhréir le mír 2a nó mír 3 den Airteagal seo.’,
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Déanfaidh oibreoir bonneagair margaidh DLT tuarascálacha míosúla a chur faoi bhráid a údaráis inniúil lena léireofar nach sáraíonn na hionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun trádála nó a thaifeadtar ar bhonneagar mhargadh DLT na tairseacha a leagtar amach i míreanna 2, 2a, 2b agus 3.’
(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le hionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála DLT nó ar chóras trádála agus socraíochta DLT, lena n‑áirítear iad siúd atá á n‑oibriú ag ardán trádála SSCS i gcomhréir leis an Rialachán seo.’
(h)cuirtear an mhír 7a seo a leanas leis:
‘7a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 15a chun míreanna 2 agus 2b den Airteagal seo a leasú trí na tairseacha a shonraítear iontu a choigeartú i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.
Agus coigeartú na dtairseach a leagtar amach i míreanna 2 agus 2b á mheas, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:
(a)an bhfuil rioscaí don chobhsaíocht airgeadais ag baint le coigeartú nó le coigeartú a fhágáil ar lár;
(b)an mbaineann rioscaí ábhartha eile don mhargadh airgeadais le coigeartú nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu go leordhóthanach le bearta maolaitheacha eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó i rialacha gaolmhara;
(c)cé acu atá nó nach bhfuil dálaí an mhargaidh agus éileamh léirithe an mhargaidh ina n‑údar le coigeartú.’;
(4)leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
(a)Déantar teideal an Airteagail a leasú mar a leanas:
‘Ceanglais agus díolúintí maidir le ionaid trádála DLT’;
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘An t‑ionad trádála DLT ar saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe é, beidh sé faoi réir na gceanglas a bhfuil feidhm acu maidir le saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE, faoi seach.’
(b)sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na gceanglas sin óna bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn an t‑ionad trádála DLT díolmhaithe mar a fhoráiltear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go chomhlíonann an gnólacht infheistíochta sin nó an t‑oibreoir margaidh sin na nithe seo a leanas:’;
(c)cuirtear na míreanna 1a agus 1b seo a leanas isteach:
‘1a. Beidh ardán trádála SSCS a bhfuil ionad trádála DLT á oibriú aige faoi réir an mhéid seo a leanas:
(a)mutatis mutandis, na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith saoráid trádála iltaobhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE i gcás ina n‑oibríonn sé an t‑ionad trádála DLT mar shaoráid trádála iltaobhach, cé is moite d’Airteagail 5 go 13 agus Airteagal 15 den Treoir sin; nó
(b)mutatis mutandis, na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith saoráid trádála eagraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE i gcás ina n‑oibríonn sé an t‑ionad trádála DLT mar shaoráid trádála eagraithe, cé is moite d’Airteagail 5 go 13 agus Airteagal 15 den Treoir sin.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na ceanglais sin óna bhfuil an t‑ionad trádála SSCS a bhfuil córas socraíochta DLT á oibriú aige díolmhaithe de bhun mhíreanna 2 go 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil an méid seo a leanas á chomhlíonadh ag an SSCS:
(a)Airteagal 7;
(b)na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo; agus
(c)aon bheart cúiteach a mheasfaidh an t‑údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na bhforálacha ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh nó chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.
1b. Níl feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 agus ag an gcéad fhomhír de mhír 1a i leith na gceanglas sin óna bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh nó SSCS a oibríonn córas socraíochta DLT díolmhaithe faoi Airteagal 4a, ar choinníoll go mbeidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh nó SSCS i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)Airteagal 7;
(b)aon bheart cúiteach a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 4a.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. I dteannta na ndaoine a shonraítear in Airteagal 53(3) de Threoir 2014/65/AE, má iarrann oibreoir ionad trádála DLT sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil cead a thabhairt don oibreoir sin daoine nádúrtha agus dlítheanacha a ligean isteach chun déileáil ar a gcuntas féin mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe, ar choinníoll go gcomhlíonann na daoine sin na ceanglais seo a leanas:
(a)go bhfuil dea-chlú orthu;
(b)go bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais trádála, inniúlachta agus taithí acu, lena n‑áirítear eolas faoi fheidhmiú teicneolaíochta mórleabhar dáilte;
(c)nach cruthaitheoirí margaidh iad ar an ionad trádála DLT;
(d)nach mbaineann siad úsáid as teicníc um thrádáil algartamach ar an ionad trádála DLT;
(e)nach ndéanann siad rochtain dhíreach leictreonach ar an ionad trádála DLT a chur ar fáil do dhaoine eile;
(f)nach ndéileálann siad ar a gcuntas féin agus orduithe cliant á gcur i gcrích acu ar an mbonneagar margaidh DLT; agus
(g)go bhfuil toiliú feasach tugtha acu i leith trádáil a dhéanamh ar an ionad trádála DLT mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe agus go ndearna an t‑ionad trádála DLT iad a chur ar an eolas faoi na rioscaí ionchasacha a bhaineann lena córais a úsáid chun ionstraimí airgeadais DLT a thrádáil.
I gcás ina ndeonaíonn an t‑údarás inniúil an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh sé bearta cosanta breise a cheangal chun cosaint a thabhairt do dhaoine nádúrtha a ligtear isteach chuig an ionad trádála DLT mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe. Beidh na bearta sin i gcomhréir le próifíl riosca na gcomhaltaí nó na rannpháirtithe sin.’
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Arna iarraidh sin d’oibreoir ionaid trádála DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑oibreoir sin nó a chomhaltaí nó a rannpháirtithe a dhíolmhú ó Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
I gcás ina ndeonaíonn an t‑údarás inniúil díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an t‑ionad trádála DLT taifid de na hidirbhearta uile a chuirtear i gcrích trína córais a choimeád. Beidh na sonraí uile a shonraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 sna taifid sin, ar sonraí iad atá ábhartha maidir leis an gcóras a úsáideann an t‑ionad trádála DLT agus an comhalta nó an rannpháirtí a bhfuil an t‑idirbheart á dhéanamh aige. Áiritheoidh an t‑ionad trádála DLT freisin go mbeidh rochtain dhíreach láithreach ar na sonraí sin ag na húdaráis inniúla atá i dteideal na sonraí a fháil go díreach ón ionad trádála i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán sin. Chun rochtain a fháil ar na taifid sin, déanfar údarás inniúil den sórt sin a ligean isteach chuig an ionad trádála DLT mar bhreathnóir rialála rannpháirteach.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil aon fhaisnéis a raibh rochtain aige uirthi i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil do ESMA gan moill mhíchuí.’
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. I gcás ina n‑iarrann oibreoir de chuid ionaid trádála DLT díolúine faoi mhír 2 nó faoi mhír 3, léireoidh sé go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis an díolúine a iarradh:
(a)go bhfuil sí comhréireach maidir le húsáid DLT agus go bhfuil údar cuí léi dá bharr; agus
(b)go bhfuil sí teoranta don ionad trádála DLT agus nach ndéantar í a leathnú chun aon saoráid trádála iltaobhach eile nó aon saoráid trádála eagraithe eile a chumhdach atá á hoibriú ag an oibreoir sin.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Beidh feidhm, mutatis mutandis, ag míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo agus Airteagal 4a maidir le TLU a bhfuil córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú aige i gcomhréir le hAirteagal 6(2).’;
(5)cuirtear isteach an tAirteagal 4a seo a leanas:
‘Airteagal 4a
Díolúintí eile maidir le hionaid trádála DLT
1.Arna iarraidh sin d’oibreoir ionaid trádála DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑ionad trádála DLT sin a dhíolmhú ó fhorálacha sonracha Theidil I agus II de Threoir 2014/65/AE nó ó Theidil Ia, II, IV, V agus VI de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 cé is moite de na cinn a chumhdaítear le hAirteagal 4 ar choinníoll, i gcás gach ceann de na forálacha ar iarradh díolúine ina leith, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)go bhfuil comhlíonadh na forála ar iarradh díolúine ina leith ar neamhréir leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó an‑díréireach leis an úsáid sin;
(b)an díolúine a iarradh, go bhfuil sí teoranta don ionad trádála DLT agus nach ndéantar é a leathnú chun ionad trádála atá á oibriú ag an eintiteas céanna a chumhdach;
(c)an díolúine a iarradh, nuair a dhéantar measúnú uirthi in éineacht le bearta cúiteacha gaolmhara, nach mbaineann sí an bonn de na cuspóirí ar glacadh an fhoráil ina leith;
(d)an díolúine a iarradh, nach mbaineann sí an bonn de chobhsaíocht airgeadais, de shláine an mhargaidh ná de chosaint infheisteoirí;
(e)go gcomhlíonann oibreoir an ionaid trádála DLT bearta cúiteacha a mheasann an t‑údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na forála ar iarradh díolúine ina leith a chomhlíonadh.
2.Déanfaidh oibreoir an ionaid trádála DLT iarraidh ar dhíolúintí i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena formheas. Beidh an méid seo a leanas san iarraidh:
(a)liosta na ndíolúintí a iarradh chomh maith leis an gcaoi a gcomhlíonann na díolúintí a iarradh, astu féin agus le chéile, na coinníollacha a shonraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (d); agus
(b)bearta cúiteacha atá beartaithe chun cuspóirí na bhforálacha ar ar iarradh díolúine ina leith a chomhlíonadh.
Féadfaidh an t‑údarás inniúil aon fhaisnéis bhreise a iarraidh is gá chun a mheasúnú ar an iarraidh a thabhairt i gcrích.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfaidh sé an t‑iarratas a bheith comhlánaithe.
3.Laistigh de 2 mhí tar éis dó a dhearbhú go bhfuil an iarraidh chomhlánaithe, cuirfidh an t‑údarás inniúil dréachtmheasúnú ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid ESMA, mar aon leis an iarraidh chomhlánaithe. Laistigh de 2 mhí ón dréachtmheasúnú a fháil, soláthróidh ESMA tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis an dréachtmheasúnú agus na díolúintí arna n‑iarraidh, lena n‑áirítear, i gcás ina measann sé gur gá sin, moltaí maidir le bearta cúiteacha breise.
Tabharfaidh an t‑údarás inniúil aird chuí ar an tuairim sin agus tabharfaidh sé ráiteas do ESMA maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin má iarrann ESMA amhlaidh. Ní dhéanfar tuairim ESMA ná ráiteas an údaráis inniúil a phoibliú.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil, laistigh de 5 mhí tar éis dó a dhearbhú go bhfuil an iarraidh comhlánaithe, an gnóthas ar an eolas gur fhormheas sé an iarraidh nó gur dhiúltaigh sé í agus faoi na bearta cúiteacha a mheasann an t‑údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na bhforálacha ar deonaíodh díolúintí ina leith a chomhlíonadh.’
(6)leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 go mír 8:
‘1. Beidh oibreoir a bhfuil córas socraíochta DLT á oibriú aige faoi réir na gceanglas a bhfuil feidhm acu maidir le TLU a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aici faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
Níl feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na ceanglais sin óna bhfuil oibreoir a bhfuil córas socraíochta DLT á oibriú aige díolmhaithe faoi mhíreanna 2 go 9 den Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil an córas socraíochta DLT sin i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)Airteagal 7;
(b)míreanna 2 go 10 den Airteagal seo; agus
(c)aon bheart cúiteach a mheasfaidh an t‑údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na bhforálacha ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh nó chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, faoi seach, i leith na gceanglas sin óna bhfuil an t‑oibreoir a bhfuil córas socraíochta DLT á oibriú aige díolmhaithe faoi Airteagal 4a, agus ar choinníoll go mbeidh an gnólacht infheistíochta, an t‑oibreoir margaidh nó SSCS i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)Airteagal 7;
(b)aon bheart cúiteach a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 5a.
2. Arna iarraidh sin d’oibreoir a bhfuil córas socraíochta DLT á oibriú aige, féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑oibreoir sin a dhíolmhú ó Airteagal 2(1), pointí (4), (9) nó (28), nó ó Airteagal 3, 37 nó 38 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ndéanfaidh an t‑oibreoir sin an méid seo a leanas:
(a)léiriú a thabhairt go mbeidh an úsáid a bhainfear as ‘cuntas urrús’, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (28), den Rialachán sin, nó an úsáid a bhainfear as foirm cuntais reatha mar a fhoráiltear in Airteagal 3 den Rialachán sin ar neamhréir leis an úsáid a bhainfear as an teicneolaíocht mórleabhar dáilte sonrach;
(b)bearta cúiteacha a mholadh chun cuspóirí na bhforálacha ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh, agus an méid seo a leanas ar a laghad a áirithiú:
(a)go ndéanfar na hionstraimí airgeadais DLT a thaifeadadh ar an mórleabhar dáilte;
(b)go mbeidh an líon ionstraimí airgeadais DLT in eisiúint nó i gcuid d’eisiúint a thaifead an córas socraíochta DLT cothrom leis an líon iomlán ionstraimí airgeadais DLT a chuimseofar in eisiúint den sórt sin nó i gcuid d’eisiúint a thaifeadtar ar an mórleabhar dáilte tráth ar bith;
(c)go gcoinneoidh sé taifid lena gcuirfear ar a chumas don oibreoie a bhfuil córas socraíochta DLT á oibriú aige, tráth ar bith, ionstraimí airgeadais DLT de chuid comhalta, rannpháirtí, eisitheora nó cliaint a leithscaradh ó ionstraimí airgeadais DLT aon chomhalta, rannpháirtí, eisitheora, nó cliaint eile gan mhoill; agus
(d)nach gceadófar rótharraingtí urrús, iarmhéideanna dochair, nó urrúis a chruthú nó a scriosadh go míchuí.
3. Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑oibreoir sin a dhíolmhú ó Airteagal 6 nó 7 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar choinníoll go n‑áiritheoidh an t‑oibreoir sin, ar a laghad, trí bhíthin nósanna imeachta agus socruithe stóinsithe go ndéanfar an méid seo a leanas leis an gcóras socraíochta DLT sin:
(a)deimhniú soiléir, cruinn agus tráthúil ar shonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais DLT a chumasú, lena n‑áirítear aon íocaíocht a dhéanfar i leith ionstraimí airgeadais DLT, mar aon le hurscaoileadh aon chomhthaobhachta i leith na n‑ionstraimí sin nó iarrataí ar chomhthaobhacht i leith ionstraimí airgeadais DLT; agus
(b)mainneachtana socraíochta a chosc, nó go ndíreofar ar mhainneachtana socraíochta murar féidir iad a chosc.
4. Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑oibreoir sin a dhíolmhú ó Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i ndáil le seachfhoinsiú seirbhíse lárnaí chuig tríú páirtí agus ina leith sin amháin, ar choinníoll nach mbeidh cur i bhfeidhm an Airteagail sin ar neamhréir leis an úsáid a bhainfear as teicneolaíocht mórleabhar dáilte mar atá bheartaithe ag an oibreoir córais socraíochta DLT.
5. Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil cead a thabhairt d’oibreoir córais socraíochta DLT daoine nádúrtha agus dlítheanacha a ligean isteach i dteannta leo siúd a liostaítear in Airteagal 2(1), pointe (15), de Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta agus lena n‑aisghairtear Treoir 98/26/CE agus lens leasaítear Treoir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais mar rannpháirtithe sa chóras socraíochta DLT, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith daoine den sórt sin:
(a)tá dea-cháil orthu;
(b)tá leibhéal leordhóthanach cumais, inniúlachta, taithí agus eolais acu i ndáil le socraíocht, feidhmiú teicneolaíochta mórleabhar dáilte, agus measúnú riosca; agus
(c)tá toiliú feasach tugtha acu i leith bheith curtha san áireamh sa chóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus tá siad curtha ar an eolas ar bhealach leormhaith maidir lena chineál turgnamhach agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis.
6. Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑oibreoir sin a dhíolmhú ó Airteagal 33, 34 nó 35 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ndéanfaidh an t‑oibreoir sin bearta cúiteacha a mholadh chun cuspóirí na nAirteagal sin a ghnóthú agus, ar a laghad, go n‑áiritheofar an méid seo a leanas:
(a)go nochtfaidh an córas socraíochta DLT go poiblí critéir maidir le rannpháirtíocht lena lamhálfar do rochtain chothrom agus oscailte do gach duine a bhfuil sé ar intinn acu a bheith ina rannpháirtithe, agus go mbeidh na critéir sin trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach; agus
(b)go nochtfaidh an córas socraíochta DLT go poiblí praghsanna agus táillí a bhaineann leis na seirbhísí socraíochta a chuirtear ar fáil leo.
7. Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑oibreoir sin a dhíolmhú ó Airteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ndéanfaidh an t‑oibreoir córais socraíochta DLT sin bearta cúiteacha a mholadh chun cuspóirí an Airteagail sin a chomhlíonadh agus, go n‑áiritheofar ar a laghad, trí bhíthin nósanna imeachta agus socruithe stóinsithe, go ndéanfar an méid seo a leanas:
(a)go socróidh an córas socraíochta DLT idirbhearta in ionstraimí airgeadais DLT gar d’fhíor am nó in aon lá amháin agus in aon chás, tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis an trádáil a thabhairt i gcrích;
(b)go nochtfaidh an córas socraíochta DLT go poiblí na rialacha lena rialófar an córas socraíochta; agus
(c)go ndéanfaidh an córas socraíochta DLT maolú ar aon riosca a eascróidh as neamhainmniú an chórais socraíochta DLT mar chóras ainmnithe faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta agus lena n‑aisghairtear Treoir 98/26/CE agus lena leasaítear Treoir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais, go háirithe maidir le himeachtaí dócmhainneachta.
Chun críocha córas socraíochta DLT a oibriú, ní bheidh mar thoradh ar an sainmhíniú ar TLU i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, arb é sin duine dlítheanach a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aige, go gceanglófar ar na Ballstáit córas socraíochta DLT a ainmniú mar chóras ainmnithe faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta agus lena n‑aisghairtear Treoir 98/26/CE agus lena leasaítear Treoir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais. Mar sin féin, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit córas socraíochta DLT a ainmniú mar chóras ainmnithe faoi Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta agus lena n‑aisghairtear Treoir 98/26/CE agus lena leasaítear Treoir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais i gcás ina gcomhlíonann an córas socraíochta DLT ceanglais an Rialacháin sin.
I gcás nach n‑ainmnítear córas socraíochta DLT mar chóras ainmnithe faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) .../... maidir le críochnaitheacht socraíochta agus lena n‑aisghairtear Treoir 98/26/CE agus lena leasaítear Treoir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais, molfaidh an t‑oibreoir córais socraíochta DLT bearta cúiteacha chun rioscaí a eascraíonn as dócmhainneacht a mhaolú.
8. Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑oibreoir sin a dhíolmhú ó Airteagal 40 agus Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ndéanfaidh an t‑oibreoir sin socrú ar bhonn soláthair in áit íocaíochta agus go gcomhlíonann sé míreanna 8a go 8f.’;
(b)Cuirtear isteach na míreanna 8a go 8h seo a leanas:
‘8a.
Déanfar íocaíochtaí a shocrú trí airgead bainc cheannais, lena n‑áirítear i bhfoirm cheadchomharthaithe, i gcás ina mbeidh sé ar fáil agus praiticiúil nó, i gcás nach mbeidh sé ar fáil agus praiticiúil, trí airgead bainc thráchtála, lena n‑áirítear i bhfoirm cheadchomharthaithe, trí chuntais TLU nó institiúide creidmheasa a úsáid, nó trí ‘comharthaí ríomhairgid’ a úsáid.
8b.
I gcás ina ndéantar íocaíochtaí a shocrú in airgead bainc thráchtála trí chuntais TLU, déanfar é i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
8c.
I gcás ina ndéantar íocaíochtaí a shocrú in airgead bainc thráchtála trí chuntais institiúide creidmheasa, beidh feidhm ag Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le hoibreoir córais socraíochta DLT agus leis an institiúid creidmheasa ainmnithe, cé is moite d’Airteagal 54b(5), pointe (c).
I gcás ina ndéanfaidh an institiúid creidmheasa ainmnithe an nótaire DLT agus an tseirbhís cothabhála lárnach cuntas DLT a sholáthar i gcomhréir le hAirteagail 10b nó 10c, beidh an institiúid creidmheasa díolmhaithe freisin ó Airteagal 54b(5), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh feidhm ag Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le hinstitiúid creidmheasa nuair a dhéanfar léi socraíocht íocaíochtaí ina n‑úsáidtear airgead bainc thráchtála a sholáthar do bhonneagar margaidh DLT a oibrítear faoin gcóras simplithe.
Nuair a dhéanfar íocaíochtaí a shocrú trí úsáid a bhaint as uiríll sa chóras trádála agus socraíochta DLT d’airgead bainc thráchtála réamh-mhaoinithe atá á shealbhú i gcuntas amháin nó níos mó in institiúid creidmheasa, measfar gur socraíocht é sin i gcuntais na hinstitiúide creidmheasa, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)i gcás ina n‑oibrítear an córas trádála agus socraíochta DLT faoin gcóras simplithe:
(1)tá oibreoir an chórais trádála agus socraíochta DLT údaraithe mar ghnólacht infheistíochta; agus
(2)go ndéanfaidh oibreoir an chórais trádála agus socraíochta DLT aon riosca a eascraíonn as an tsamhail socraíochta sin a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú, agus a íoslaghdú agus go ndéanfaidh sé faireachán air;
(b)i gcás ina n‑oibrítear an córas trádála agus socraíochta DLT faoin gcóras rialta:
(1)tá oibreoir an chórais trádála agus socraíochta DLT údaraithe mar ghnólacht infheistíochta;
(2)go ndéanfaidh oibreoir an chórais trádála agus socraíochta DLT aon riosca a eascraíonn as an tsamhail socraíochta sin a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú, agus a íoslaghdú agus go ndéanfaidh sé faireachán air;
(3)tá an institiúid creidmheasa a bhfuil na cuntais ina seilbh aici le hairgead bainc thráchtála réamh-mhaoinithe faoi réir Theideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, cé is moite d’Airteagal 54b(5), pointe (c).
8d.
Ní dhéanfar íocaíochtaí i gcomharthaí ríomh-airgid a shocrú ach amháin i gcomhartha ríomh-airgid lena dtagraítear do luach airgeadra oifigiúil de chuid an Aontais, ach amháin i gcás ina ndéantar é chun ionstraim airgeadais DLT atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra de chuid an Aontais é a shocrú.
8e.
I gcás ina ndéantar socraíocht íocaíochtaí i gcomharthaí ríomh-airgid, féadfaidh an t‑oibreoir córais socraíochta DLT, institiúid creidmheasa, SSCS atá údaraithe chun cumhdach comharthaí ríomh-airgid a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1114 nó aon eintiteas airgeadais eile a bhfuil cead aige cumhdach comharthaí ríomh-airgid a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 60 den Rialachán sin an tseirbhís chun cuntais airgid a sholáthar le haghaidh comharthaí ríomh-airgid a sholáthar, faoi réir an nós imeachta um fhógra a thabhairt a shonraítear san airteagal sin.
Na seirbhísí a bhaineann le comharthaí ríomh-airgid, seachas cuntais airgid thirim a sholáthar le haghaidh comharthaí ríomh-airgid agus próiseáil íocaíochtaí comharthaí ríomh-airgid, is é institiúid creidmheasa a chomhlíonann Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, cé is moite d’Airteagal 54b(5), pointe (c), a sholáthróidh iad, ar seirbhísí iad a liostaítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
I gcás ina ndéanfaidh an institiúid creidmheasa an nótaire DLT agus an tseirbhís cothabhála lárnach cuntas DLT a sholáthar i gcomhréir le hAirteagail 10b nó 10c, beidh an institiúid creidmheasa díolmhaithe freisin ó Airteagal 54b(5), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, ní bheidh feidhm ag Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le hinstitiúid creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí a liostaítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 do bhonneagar margaidh DLT atá ag oibriú sa chóras simplithe.
8f.
I gcás ina ndéanfar socraíocht trí úsáid a bhaint as airgead bainc thráchtála a sholáthraíonn institiúid creidmheasa nach bhfuil feidhm ag Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ina leith de bhua an dara fomhír de mhír 8c, nó i gcás ina ndéanfar socraíocht íocaíochtaí trí úsáid a bhaint as ‘comharthaí ríomh-airgid’, déanfaidh an córas socraíochta DLT aon riosca a thiocfaidh as úsáid na modhanna sin a shainaithint, a thomhas, a fhaire, a bhainistiú, agus a íoslaghdú.
8g.
Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an córas socraíochta DLT sin a dhíolmhú ó Airteagal 45a de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go léiríonn an córas socraíochta DLT sin go bhfuil Airteagal 7 á chomhlíonadh aige.
8h.
Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an córas socraíochta DLT sin a dhíolmhú ó Airteagal 48a de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ngeallann an córas socraíochta DLT sin go mbeidh sé rannpháirteach sa ghrúpa tionscail dá dtagraítear in Airteagal 10g. Coinneoidh an t‑údarás inniúil an díolúine ar bun fad a léireoidh oibreoirí an chórais socraíochta DLT a rannpháirtíocht sa ghrúpa tionscail go dtí go soláthróidh an grúpa na caighdeáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 10 g.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 9 agus 10:
‘9. Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an córas socraíochta DLT sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagail 50, 51 nó 53 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go léireoidh an córas socraíochta DLT sin go bhfuil an úsáid a bhainfear as DLT ar neamhréir le córais leagáide TLUanna eile nó le bonneagar margaidh eile nó go mbeadh costais dhíréireacha ann dá dtabharfaí rochtain do TLU eile nó do bhonneagar margaidh eile agus úsáid á baint as córais leagáide, i bhfianaise scála gníomhaíochtaí an chórais socraíochta DLT.
I gcás ina ndearnadh córas socraíochta DLT a dhíolmhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfaidh sí rochtain ar a gcórais socraíochta DLT d’oibreoirí eile córas socraíochta DLT nó d’oibreoirí eile córas trádála agus socraíochta DLT. Cuirfidh an córas socraíochta DLT an t‑údarás inniúil ar an eolas faoin rún atá aige rochtain den sórt sin a thabhairt. Féadfaidh an t‑údarás inniúil an rochtain sin a thoirmeasc a mhéid go ndéanfadh an rochtain sin díobháil do chobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais nó do chóras airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.
10. I gcás ina n‑iarrann córas socraíochta DLT díolúine faoi mhíreanna 2 go 9, léireoidh sé go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis an díolúine a iarradh:
(a)go bhfuil sí comhréireach maidir le húsáid DLT agus go bhfuil údar cuí léi dá bharr; agus
(b)go bhfuil sí teoranta don chóras socraíochta DLT agus nach ndéantar í a leathnú chuig córas socraíochta urrús atá á oibriú ag an TLU céanna.’;
(7)Cuirtear isteach an tAirteagal 5a seo a leanas:
‘Airteagal 5a
Díolúintí eile maidir le córais socraíochta DLT
1.Arna iarraidh sin d’oibreoir córais socraíochta DLT, féadfaidh an t‑údarás inniúil an córas socraíochta DLT sin a dhíolmhú ó fhorálacha sonracha de Theidil II agus III de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, cé is moite díobh siúd a chumhdaítear le hAirteagal 5, ar choinníoll, i gcás gach ceann de na forálacha ar ina leith a iarradh díolúine, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)go bhfuil comhlíonadh na forála ar iarradh díolúine ina leith ar neamhréir leis an úsáid a bhaintear as DLT nó an‑díréireach leis an úsáid sin:
(b)an díolúine arna hiarraidh, go bhfuil sí teoranta don chóras socraíochta DLT agus nach ndéantar í a leathnú chuig córas socraíochta urrús atá á oibriú ag an TLU céanna;
(c)an díolúine a iarradh, nach mbaineann sí an bonn de chobhsaíocht airgeadais, de shláine an mhargaidh ná de chosaint infheisteoirí;
(d)go gcomhlíonann an córas socraíochta DLT na bearta cúiteacha a mheasann an t‑údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na forála ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh.
2.Cuirfidh oibreoir an chórais socraíochta DLT iarraidh i scríbhinn faoi bhráid an údaráis inniúil lena formheas. Beidh an méid seo a leanas san iarraidh:
(a)liosta na ndíolúintí a iarradh comh maith leis an gcaoi a gcomhlíonann na díolúintí a iarradh, astu féin agus le chéile, na coinníollacha a shonraítear i míreanna 1(a) agus 1(c); agus
(b)bearta cúiteacha atá beartaithe chun cuspóirí na bhforálacha ar ar iarradh díolúine ina leith a chomhlíonadh.
Féadfaidh an t‑údarás inniúil aon fhaisnéis bhreise a iarraidh is gá chun a mheasúnú ar an iarraidh a thabhairt i gcrích.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfaidh sé an t‑iarratas a bheith comhlánaithe.
3.Laistigh de 2 mhí tar éis dó a dhearbhú go bhfuil an iarraidh comhlánaithe, cuirfidh an t‑údarás inniúil dréachtmheasúnú ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid ESMA, mar aon leis an iarratas comhlánaithe. Laistigh de 2 mhí ón dréachtmheasúnú a fháil, soláthróidh ESMA tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis an dréachtmheasúnú agus na díolúintí arna n‑iarraidh, lena n‑áirítear, i gcás ina measann sé gur gá sin, moltaí maidir le bearta cúiteacha breise.
Tabharfaidh an t‑údarás inniúil aird chuí ar an tuairim sin agus tabharfaidh sé ráiteas do ESMA maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin má iarrann ESMA amhlaidh. Ní dhéanfar tuairim ESMA ná ráiteas an údaráis inniúil a phoibliú.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil, laistigh de 5 mhí tar éis dó a dhearbhú go bhfuil an iarraidh comhlánaithe, an gnóthas ar an eolas gur fhormheas sé an iarraidh nó gur dhiúltaigh sé í agus faoi na bearta cúiteacha a mheasann an t‑údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na bhforálacha ar deonaíodh díolúintí ina leith a chomhlíonadh.’;
(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:
‘Airteagal 6
Ceanglais agus díolúintí maidir le córais trádála agus socraíochta DLT
4.Beidh gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh nó SSCS a bhfuil córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú acu faoi réir na nithe seo a leanas:
(a)na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith saoráid trádála iltaobhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE i gcás ina n‑oibríonn sí an córas trádála agus socraíochta DLT mar shaoráid trádála iltaobhach; nó
(b)na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith saoráid trádála eagraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE i gcás ina n‑oibríonn sí an córas trádála agus socraíochta DLT mar shaoráid trádála eagraithe; agus
(c)mutatis mutandis, na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith TLU faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, cé is moite d’Airteagail 9, 16, 17, 18, 20, 26, 27, 28, 31, 42, 43 agus 44 den Rialachán sin.
De mhaolú ar phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, ní bheidh SSCSanna a bhfuil córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú acu faoi réir Airteagail 5 go 13 agus Airteagal 15 de Threoir 2014/65/AE.
Féadfar caipiteal atá á shealbhú i gcomhréir leis na ceanglais chaipitil is infheidhme maidir le gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh nó SSCS a bhfuil córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú aige faoi Threoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) 2023/1114, faoi seach, a áireamh mar chuid den chaipiteal a cheanglaítear faoi Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na gceanglas sin óna bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn an córas trádála agus socraíochta DLT díolmhaithe faoi Airteagal 4(2) agus (3) agus Airteagal 5(2) go (9), ar choinníoll go mbeidh an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh nó SSCS sin i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)Airteagal 7;
(b)Airteagal 4(2), (3) agus (4) agus Airteagal 5(2) go (10); agus
(c)aon bheart cúiteach a mheasfaidh an t‑údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na bhforálacha ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh, nó chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na gceanglas sin óna bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh a oibríonn an córas trádála agus socraíochta DLT díolmhaithe faoi Airteagail 4a nó 5a, ar choinníoll go mbeidh an gnólacht infheistíochta, an t‑oibreoir margaidh nó SSCS i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)Airteagal 7; agus
(b)aon bheart cúiteach a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagail 4a nó 5a.
5.Beidh TLU a bhfuil córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú aige faoi réir na nithe seo a leanas:
(a)na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith TLU faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014; agus
(b)mutatis mutandis, na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith saoráid trádála iltaobhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagail 5 go 13 den Treoir sin, i gcás ina n‑oibríonn sí an córas trádála agus socraíochta DLT mar shaoráid trádála iltaobhach; nó
(c)mutatis mutandis, na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith saoráid trádála eagraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagail 5 go 13 den Treoir sin, i gcás ina n‑oibríonn sí an córas trádála agus socraíochta DLT mar shaoráid trádála eagraithe.
Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na gceanglas sin óna bhfuil an TLU a oibríonn an córas trádála agus socraíochta DLT díolmhaithe faoi Airteagal 4(3) agus (4), Airteagal 5(2) go (9) agus Airteagal 5a, ar choinníoll go gcomhlíonann an TLU sin an méid seo a leanas:
(a)Airteagal 7;
(b)aon bheart cúiteach a mheasfaidh an t‑údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na bhforálacha ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh nó chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na gceanglas sin óna bhfuil an TLU a oibríonn an córas trádála agus socraíochta DLT díolmhaithe faoi Airteagail 4a nó 5a, ar choinníoll go mbeidh an gnólacht infheistíochta, an t‑oibreoir margaidh nó SSCS sin i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)Airteagal 7; agus
(b)aon bheart cúiteach a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagail 4a nó 5a.’;
(9)leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh, de réir an cháis, coimircí stuamachta breise a chur de cheangal ar oibreoir bonneagair margaidh DLT i bhfoirm cistí dílse nó polasaí árachais, má chinneann an t‑údarás inniúil nach ndéantar dliteanais fhéideartha i leith damáistí a dhéantar do chliaint de chuid oibreoir an bhonneagair margaidh DLT i ngeall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chumhdach go leordhóthanach leis na ceanglais stuamachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (), Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2014/65/AE nó Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (), chun cosaint infheisteoirí a áirithiú.’;
(b)leasaítear mír 7 mar a leanas:
(a)sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) go ndearnadh an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) nó (3), de réir mar is infheidhme, a shárú;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:
‘Sonrófar sa straitéis aistrithe an méid a bheidh le déanamh i gcás ina sárófar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) nó 3(3), de réir mar is infheidhme.’;
(c)cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Beidh comhlíonadh na gceanglas faoi Airteagal 20(5) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ina chuid de straitéis aistrithe oibreoir córais socraíochta DLT nó córais trádála agus socraíochta DLT. De mhaolú ar Airteagal 20(5) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, féadfaidh oibreoir córais socraíochta DLT nó córais trádála agus socraíochta DLT, de bhreis ar TLU eile, nósanna imeachta leormhaithe a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun lena n‑áiritheofar go ndéanfar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig oibreoir eile a bhfuil córas socraíochta DLT, córas trádála agus socraíochta DLT nó scéim socraíochta á oibriú aige.’;
(c)scriostar míreanna 8, 9 agus 10;
(10)cuirtear isteach an tAirteagal 7a seo a leanas:
‘Airteagal 7a
Córas simplithe
1.I gcás ina meastar go bhfanfaidh margadhluach ionstraimí airgeadais DLT arna dtaifeadadh le córas trádála agus socraíochta DLT faoi bhun na tairsí a leagtar síos in Airteagal 3(2b) den Rialachán seo, ceadófar do ghnólacht infheistíochta, d’oibreoir margaidh nó do SSCS a dhéanann iarratas ar chead sonrach chun córas trádála agus socraíochta DLT a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 10, a bheith rannpháirteach sa chóras simplithe faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2.I gcás ina meastar go bhfanfaidh margadhluach ionstraimí airgeadais DLT arna dtaifeadadh le córas socraíochta DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT faoi bhun na tairsí a leagtar síos in Airteagal 3(2b) den Rialachán seo, beidh TLU a dhéanann iarratas ar chead sonrach chun córas socraíochta DLT a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 9 nó chun córas trádála agus socraíochta DLT a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 10, de réir mar is infheidhme, in ann a bheith rannpháirteach sa chóras simplithe mar a leagtar síos san Airteagal seo.
3.I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú TLU faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 chun páirt a ghlacadh sa chóras simplithe mar chóras socraíochta DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT, ní dhéanfaidh an t‑údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an duine dlítheanach sin na ceanglais sin de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nach bhfuil feidhm acu maidir leis an gcóras socraíochta DLT nó an córas trádála agus socraíochta DLT i gcomhréir le mír 5.
De mhaolú ar Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, i gcás ina gcinnfidh an t‑údarás ábhartha tuairim réasúnaithe a eisiúint laistigh dá réimse inniúlachta, déanfaidh sé amhlaidh laistigh de 2 mhí tar éis don údarás ábhartha an fhaisnéis a fháil.
De mhaolú ar Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑iarratasóir ar an eolas faoi thoradh an iarratais ar údarú laistigh de 4 mhí ón iarratas iomlán a chur isteach.
Ní chumhdófar leis an údarú a dheonaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i gcomhréir leis an mír seo ach seirbhísí TLU arna soláthar faoin Rialachán seo i gcáil oibreoir córais socraíochta DLT nó córais trádála agus socraíochta DLT.
4.Beidh coimircí stuamachta leordhóthanacha ag taisclann lárnach urrús a údarófar chun bheith rannpháirteach sa chóras simplithe chun a áirithiú go mbeidh cosaint leordhóthanach aici ar rioscaí oibríochtúla, dlíthiúla, coimeádta, infheistíochta agus gnó ionas gur féidir léi leanúint de sheirbhísí a sholáthar mar ghnóthas leantach, agus scála teoranta a hoibríochtaí á chur san áireamh.
Forbróidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, i ndlúthchomhar le ESMA agus le comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na ceanglais chaipitil maidir le coimircí stuamachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus scála teoranta na ngníomhaíochtaí a dhéanann na heintitis sin á chur san áireamh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta a chomhfhreagraíonn do 8 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialachán leasaithigh seo].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
5.De mhaolú ar cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a bhfuil feidhm acu maidir le córas socraíochta DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT de bhua Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (c), agus Airteagal 6(2), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán seo, ní bheidh eintitis a oibríonn sa chóras simplithe faoi réir na gcodanna seo a leanas de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014:
(a)Teideal II, Caibidil III agus Caibidil IV, cé is moite d’Airteagail 6(3) agus 6(4), 7(1) agus 7(7) agus 8;
(b)Airteagal 22a(2) go (7) agus 24a;
(c)Teideal III, Caibidil II, cé is moite d’Airteagail 26(1) go 26(3), 26(5), 26(7), 27(1), 27(3), 27(5) go 27(7), 27a(1), 29(1) go 29(2), 30(1) go 30(3), 30(5), 32, 33(1), 36, 37, 38(1), 38(2), 39(3), 39(5), 40(1), 40(3), 41(1), 42 go 44, 45 (1) go (3), 45(6); agus
(d)Teideal VI.
Beidh na heintitis sin in ann díolúintí a iarraidh faoi Airteagail 4, 4a, 5, 5a nó 6, de réir mar is infheidhme maidir leis an gcineál bonneagair margaidh DLT a oibríonn siad. Beidh siad faoi réir na gceanglas a shonraítear sna hAirteagail sin.
6.Chun na ceanglais is infheidhme maidir le heintitis atá ag oibriú sa chóras simplithe a leagtar amach i mír 5 a shonrú tuilleadh, forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun leasú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar chaighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le heintitis atá ag oibriú sa chóras simplithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)iad a oiriúnú do na ceanglais is infheidhme maidir leis na heintitis sin i gcomhréir le mír 5; agus
(b)a áirithiú go bhfuil na caighdeáin theicniúla rialála is infheidhme maidir leis na heintitis sin comhréireach le méid, riosca agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann na heintitis sin.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta a chomhfhreagraíonn do 8 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
7.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eintiteas a oibríonn sa chóras simplithe aistriú chuig an gcóras rialta, comhlíonfaidh sé Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 mar a leanas:
(a)a luaithe a bhaintear an tairseach a leagtar síos in Airteagal 3(2b) amach, ar a dhéanaí, comhlíonfaidh sé 50 % de na ceanglais chaipitil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, mar a shonraítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/390 ón gCoimisiún().
(b)a luaithe a bhaintear an tairseach a leagtar síos in Airteagal 3(3) amach, ar a dhéanaí, comhlíonfaidh sé 100 % de na ceanglais chaipitil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, mar a shonraítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/390 ón gCoimisiún.
8.I gcás ina bhfuil cead sonrach á iarraidh acu chun córas socraíochta DLT a oibriú faoi Airteagal 9 nó córas trádála agus socraíochta DLT a oibriú faoi Airteagal 10, tabharfaidh na heintitis a bhfuil sé beartaithe acu oibriú sa chóras simplithe fógra don údarás inniúil go bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an gcóras simplithe agus soláthróidh siad plean gnó lena léireofar go bhfuil coinne leis go bhfanfaidh gníomhaíochtaí an chórais socraíochta DLT nó an chórais trádála agus socraíochta DLT faoi bhun na tairsí a leagtar síos in Airteagal 3(2b).
Déanfaidh an t‑údarás inniúil an iarraidh ar leas a bhaint as an gcóras simplithe a fhormheas nó a dhiúltú mar chuid de na nósanna imeachta chun an cead sonrach a fháil chun córas socraíochta DLT a oibriú a leagtar síos in Airteagal 9 agus in Airteagal 10, faoi seach.
9.I gcás ina léiríonn an ríomh de réir Airteagal 3(4) den Rialachán seo gur shroich gníomhaíocht an oibreora EUR 8 mbilliún, cuirfidh oibreoir bonneagair margaidh DLT fógra leis an tuarascáil mhíosúil chuig a údarás inniúil arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Rialachán seo i dtaobh an bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir aistriú chuig an gcóras rialta.
10.I gcás nach bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir aistriú chuig an gcóras rialta, léireoidh sé don údarás inniúil gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 2 mhí ó dháta an fhógra de bhun mhír 9 na bearta a chuirfidh sé chun feidhme chun a áirithiú nach sáróidh a oibríochtaí gnó an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2b).
I gcás ina dtabharfaidh an t‑oibreoir fógra don údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe aige aistriú chuig an gcóras rialta, comhlíonfaidh an t‑oibreoir ceanglais an chórais rialta laistigh de 2 mhí ón dáta a shroichfidh sé an tairseach a leagtar síos in Airteagal 3(2b), cé is moite de na ceanglais ar deonaíodh díolúine don oibreoir ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Cuirfidh an t‑oibreoir plean chun aistriú chuig an gcóras rialta faoi bhráid an údaráis inniúil gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 2 mhí ón dáta a chuirfear an fógra faoi mhír 10 isteach. Áireofar sa phlean sin an fhaisnéis is gá chun é a chur ar a chumas don údarás inniúil measúnú a dhéanamh i dtaobh an mbeidh an t‑oibreoir in ann ceanglais an chórais rialta a chomhlíonadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh an t‑oibreoir fógra don údarás inniúil faoi aon athrú ábhartha ar an bplean chun aistriú chuig an gcóras rialta.
I gcás ina bhfuil tásca láidre ann nach mbeidh an t‑oibreoir in ann an t‑aistriú a chur i gcrích laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír, féadfaidh an t‑údarás inniúil a cheangal go scoirfear go sealadach de ghníomhaíochtaí an oibreora go dtí go léireoidh an t‑oibreoir go bhfuil na ceanglais ábhartha á gcomhlíonadh. Ní fheidhmeoidh an t‑údarás inniúil an chumhacht sin ach amháin i gcás ina bhfuil an scor sealadach comhréireach chun feidhmiú ordúil an ghnó a áirithiú agus chun sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí a choinneáil ar bun.
11.Faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 8 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú le haghaidh an iarratais ar údarú faoin gcóras simplithe dá dtagraítear i mír 4.
12.Maidir le oibreoir córais socraíochta DLT nó córais trádála agus socraíochta DLT a údaraíodh faoin Rialachán seo roimh theacht i bhfeidhm an Airteagail seo, measfar, maidir le soláthar seirbhísí TLU, go bhfuil sé ag oibriú faoin gcóras simplithe fad a fhanfaidh sé faoi bhun na tairsí a leagtar síos in Airteagal 3(2b) agus in Airteagal 3(3) den Rialachán seo, de réir mar is infheidhme.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag oibreoir córais socraíochta DLT nó córais trádála agus socraíochta DLT dá dtagraítear sa chéad fhomhír aistriú chuig an gcóras rialta, déanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir leis an Airteagal seo.’;
(11)leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:
‘Cead sonrach chun ionad trádála DLT a oibriú’
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. An duine dlítheanach atá údaraithe mar ghnólacht infheistíochta, atá údaraithe chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, nó atá údaraithe mar ardán trádála SSCS, féadfaidh sé cead sonrach a iarraidh chun ionad trádála DLT a oibriú faoin Rialachán seo.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘(2) I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE agus, go comhuaineach, ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun ionad trádála DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t‑údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t‑iarratasóir na ceanglais sin de Threoir 2014/65/AE ar ina leith a rinne an t‑iarratasóir iarraidh ar dhíolúine i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo.’;
(d)cuirtear isteach mír 3a:
‘3a.
I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar SSCS agus ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2023/1114.’;
(e)leasaítear mír 4 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘4. Beidh an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar chead sonrach chun ionad trádála DLT a oibriú faoin Rialachán seo:’;
(ii)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (g):
‘(a) plean gnó an iarratasóra, rialacha an ionaid trádála DLT agus aon téarma dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) chomh maith leis an bhfaisnéis maidir le feidhmiú, seirbhísí agus gníomhaíochtaí an ionaid trádála DLT dá dtagraítear in Airteagal 7(3);
(b) tuairisc ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear, dá dtagraítear in Airteagal 7(2);
(c) tuairisc ar shocruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 7(4);
(d) fianaise go bhfuil coimircí stuamachta leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir chun freastal ar a chuid dliteanas agus chun cúiteamh a thabhairt dá chliaint, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an tríú fomhír;
(e) i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na socruithe slánchoinneála maidir le hionstraimí airgeadais DLT de chuid cliant dá dtagraítear in Airteagal 7(5);
(f) tuairisc ar na socruithe chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus tuairisc ar na sásraí chun gearáin ó chliaint agus sásamh cliant a láimhseáil, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an dara fomhír;
‑‑(g) na díolúintí atá á niarraidh ag an iarratasóir faoi Airteagal 4, an túdar cuí a bhaineann le gach díolúine atá á hiarraidh agus aon bheart cúiteach a mholtar agus na modhanna atá beartaithe ag an iarratasóir chun na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin a chomhlíonadh.’;
(f)cuirtear an mhír 4a seo a leanas isteach:
‘4a.
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh iarratasóir a bhfuil sé beartaithe aige ionad trádála DLT a oibriú mar ardán trádála SSCS an fhaisnéis a thíolacadh maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige ceanglais infheidhme Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na n‑oibleagáidí ar ina leith ar iarr an t‑iarratasóir díolúine i gcomhréir le hAirteagal 4 nó ar tugadh díolúine dó i gcomhréir le hAirteagal 4a a léiriú.’;
(g)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Laistigh de 30 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas ar chead sonrach chun ionad trádála DLT a oibriú, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe. Mura mbeidh an t‑iarratas comhlánaithe, leagfaidh an t‑údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh an t‑iarratasóir an fhaisnéis atá ar iarraidh nó aon fhaisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar an t‑iarratas a bheith comhlánaithe.’;
(h)i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a)
díolúintí a dheonaítear d’oibreoirí ionad trádála DLT ar fud an Aontais, lena n‑áirítear i gcomhthéacs meastóireacht a dhéanamh ar leormhaitheas na gcineálacha éagsúla teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáideann oibreoirí ionad trádála DLT chun críocha an Rialacháin seo; agus’;
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 9 go 13:
‘9. Laistigh de 90 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe ar chead sonrach chun ionad trádála DLT a oibriú, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar an iarratas agus cinnfidh sé i dtaobh an ndeonófar an cead sonrach. I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas go comhuaineach ar údarú faoi Threoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) 2023/1114 agus ar chead sonrach faoin Rialachán seo, féadfar tréimhse an mheasúnaithe a fhadú go ceann tréimhse breise suas go dtí an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) de Threoir 2014/65/EU nó Airteagal 63(9) de Rialachán (AE) 2023/1114, faoi seach.
10. Gan dochar d’Airteagail 7 agus 44 de Threoir 2014/65/AE, diúltóidh an t‑údarás inniúil cead sonrach a thabhairt ionad trádála DLT a oibriú má tá forais ann chun an méid seo a leanas a chreidiúint:
(a)gur ann do rioscaí suntasacha do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais nach bhfuil aghaidh tugtha ag an iarratasóir orthu ná maolaithe mar is ceart aige;
(b)go bhfuil cead sonrach chun ionad trádála DLT a oibriú agus na díolúintí iarrtha á lorg chun dul timpeall ar cheanglais dhlíthiúla nó rialála; nó
(c)ní bheidh oibreoir an chórais socraíochta DLT in ann na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais a chomhlíonadh, nó ní ligfidh sé dá úsáideoirí na forálacha sin a chomhlíonadh.
11. Sonrófar sa chead sonrach na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 4, aon bheart cúitimh agus aon tairseach níos ísle a shocraíonn an t‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(6).
Cuirfidh an t‑údarás inniúil ESMA ar an eolas gan mhoill maidir le cead sonrach a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar faoin Airteagal seo, lena n‑áirítear aon fhaisnéis a shonraítear faoin gcéad fhomhír den mhír seo.
Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin:
(a)an liosta d’ionaid trádála DLT, dátaí tosaithe a gceadanna sonracha, liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh, agus aon tairseach níos ísle a leagann na húdaráis inniúla síos do gach ceann díobh; agus
(b)líon iomlán na n‑iarratas ar dhíolúintí a rinneadh faoi Airteagal 4, ina sonraítear líon agus cineálacha na ndíolúintí a ghlactar nó a dhiúltaítear, in éineacht leis na boinn chirt d’aon diúltú.
Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), ar bhonn anaithnid.
12. Gan dochar d’Airteagail 8 agus 44 de Threoir 2014/65/AE, tarraingeoidh an t‑údarás inniúil siar cead sonrach nó aon díolúine ghaolmhar sna cásanna seo a leanas:
(a)gur aimsíodh fabht i bhfeidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí a soláthraíonn oibreoir an ionaid trádála DLT ar baol é do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh, nó do chobhsaíocht airgeadais, agus gur mó é an baol ná sochair na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí faoi thástáil;
(b)gur sháraigh oibreoir an ionaid trádála DLT na coinníollacha a bhaineann leis na díolúintí;
(c)gur admhaigh oibreoir an ionaid trádála DLT go raibh ionstraimí airgeadais á dtrádáil aige nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1);
(d)gur sháraigh oibreoir an ionaid trádála DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2) nó 3(2b), de réir mar is infheidhme;
(e)gur sháraigh oibreoir an ionaid trádála DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) nó 3(3) agus nach ndearna sé an straitéis aistrithe a ghníomhachtú; nó
(f)go bhfuair oibreoir an ionaid trádála DLT an cead sonrach nó díolúintí gaolmhara ar bhonn faisnéis mhíthreorach nó easnamh ábhartha.
13. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag oibreoir ionaid trádála DLT athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte arna húsáid, nó ar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí an oibreora sin, agus ina n‑éilítear leis an athrú ábhartha sin cead sonrach nua, díolúine nua, nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó de dhíolúintí an oibreora atá ann cheana nó ar aon choinníoll a ghabhann le díolúine, iarrfaidh oibreoir an ionaid trádála DLT cead sonrach nua,díolúine nua nó modhnú.
I gcás ina n‑iarrann oibreoir ionaid trádála DLT cead sonrach nua, díolúine nua nó modhnú, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 4. Déanfaidh an t‑údarás inniúil an iarraidh sin a phróiseáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.’;
(12)leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar TLU faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus go comhuaineach ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun córas socraíochta DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t‑údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t‑iarratasóir na ceanglais sin de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a ndearnadh an t‑iarratasóir iarraidh ar dhíolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5 nó ar tugadh díolúine dó i gcomhréir le hAirteagal 5a den Rialachán seo.
3. Más rud é, mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo, ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar TLU agus ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na gceanglas ar ina leith ar iarr an t‑iarratasóir díolúine i gcomhréir le hAirteagal 5 nó ar tugadh díolúine dó i gcomhréir le hAirteagal 5a den Rialachán seo a léiriú.’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
‘(h) na díolúintí atá á n‑iarraidh ag an iarratasóir faoi Airteagal 4 nó 5a, an t‑údar cuí a bhaineann le gach díolúine atá á hiarraidh agus aon bheart cúiteach a mholtar agus na modhanna atá beartaithe ag an iarratasóir chun na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin a chomhlíonadh.’;
(c)i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c)
nach mbeidh an córas socraíochta DLT in ann na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais nó forálacha den dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais a chomhlíonadh nó nach lamhálfaidh sé dá úsáideoirí na forálacha sin a chomhlíonadh.’;
(d)leasaítear mír 11 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Sonrófar sa chead sonrach na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 5, aon bheart cúitimh, aon tairseach is ísle a shocraíonn an t‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(6) agus cé acu a oibríonn nó nach n‑oibríonn an córas socraíochta DLT faoin gcóras simplithe.’
(b)sa tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) an liosta de chórais socraíochta DLT, dáta tosaithe agus críochnaithe a gceadanna sonracha, liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh, agus aon tairseach níos ísle a leagann na húdaráis inniúla síos do gach ceann díobh; agus’;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 12 agus 13:
‘12. Gan dochar d’Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, tarraingeoidh an t‑údarás inniúil siar cead sonrach nó aon díolúine ghaolmhar siar sna cásanna seo a leanas:
(a)gur aimsíodh fabht i bhfeidhmiú chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear, nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí a sholáthraíonn an córas socraíochta DLT, ar baol é do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh, nó do chobhsaíocht airgeadais, agus gur mó é an baol ná sochair na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí faoi thástáil;
(b)gur sháraigh an córas socraíochta DLT na coinníollacha a bhaineann leis na díolúintí;
(c)gur thaifead an córas socraíochta DLT ionstraimí airgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1);
(d)gur sháraigh an córas socraíochta DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2) nó 3(2b), de réir mar is infheidhme;
(e)gur sháraigh an córas socraíochta DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) nó 3(3), de réir mar is infheidhme, agus nach ndearna sé an straitéis aistrithe a ghníomhachtú; nó
(f)go bhfuair an córas socraíochta DLT an cead sonrach nó díolúintí gaolmhara ar bhonn faisnéis mhíthreorach nó easnamh ábhartha.
13. I gcás ina bhfuil rún ag córas socraíochta DLT athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte arna húsáid, nó ar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí an chórais socraíochta DLT sin, agus i gcás ina n‑éilítear leis an athrú ábhartha sin cead sonrach nua, díolúine nua nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó dá chuid díolúintí atá ann cheana nó aon choinníoll a ghabhann le díolúine, iarrfaidh an córas socraíochta DLT cead sonrach nua, díolúine nua nó modhnú.
I gcás ina n‑iarrann córas socraíochta DLT cead sonrach nua, díolúine nua nó modhnú, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5. Déanfaidh an t‑údarás inniúil an iarraidh sin a phróiseáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.’;
(13)leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:
‘1. Féadfaidh gnólacht infheistíochta, nó oibreoir margaidh, nó ardán trádála SSCS faoi Rialachán (AE) 2023/1114, nó duine dlítheanach atá údaraithe mar TLU faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, iarratas a dhéanamh ar chead sonrach córas trádála agus socraíochta DLT a oibriú faoin Rialachán seo.
2. I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, nó Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, nó ar údarú mar TLU faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, nó mar ardán trádála SSCS faoi Rialachán (AE) 2023/1114 agus, go comhuaineach, ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun córas trádála agus socraíochta DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t‑údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t‑iarratasóir na ceanglais sin de Threoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, nó na ceanglais de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, a ndearnadh an t‑iarratasóir iarraidh ar dhíolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo.
3. Más rud é, mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo, ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú, nó ar údarú mar TLU, nó ar údarú SSCS, agus ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 de Threoir 2014/65/AE nó Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó Airteagal 7a den Rialachán seo nó Airteagal 62 de Rialachán 2023/1114 faoi seach, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na gceanglas ar iarr an t‑iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo a léiriú.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh iarratasóir a bhfuil sé beartaithe aige córas trádála agus socraíochta DLT a oibriú mar ghnólacht infheistíochta, mar oibreoir margaidh nó mar SSCS, an fhaisnéis a thíolacadh faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige ceanglais infheidhme Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo, nó i gcás inarb infheidhme, ceanglais faoin gcóras simplithe a chomhlíonadh, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na gceanglas ar iarr an t‑iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir leis an Airteagal sin a léiriú.
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh iarratasóir a bhfuil sé beartaithe aige córas trádála agus socraíochta DLT a oibriú mar TLU an fhaisnéis a thíolacadh maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige ceanglais infheidhme Threoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na gceanglas ar iarr an t‑iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir leis an Airteagal sin a léiriú.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
‘9. Laistigh de 90 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe ar chead sonrach chun córas trádála agus socraíochta DLT a oibriú, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar an iarratas agus cinnfidh sé i dtaobh an ndeonófar an cead sonrach. I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas go comhuaineach ar údarú faoi Threoir 2014/65/AE, Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó Rialachán (AE) Uimh. 2023/1114 agus ar chead sonrach faoin Airteagal seo, féadfar tréimhse an mheasúnaithe a fhadú go ceann tréimhse breise suas go dtí an tréimhse sin dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) de Threoir 2014/65/EU, Airteagal 17(8) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó Airteagal 63(9) de Rialachán 2023/1114 faoi seach.’;
(d)I mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad abairt tosaigh na chéad fhomhíre:
‘10. Gan dochar d’Airteagal 7 de Threoir 2014/65/AE agus d’Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, agus d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus d’Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2023/1114, diúltóidh an t‑údarás inniúil cead sonrach a dheonú chun córas trádála agus socraíochta DLT a oibriú má tá forais ann chun an méid seo a leanas a chreidiúint:’;
(e)leasaítear mír 11 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘11. Sonrófar sa chead sonrach na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 6, aon bheart cúitimh agus aon tairseach níos ísle a shocraíonn an t‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(6) agus cé acu a oibríonn nó nach n‑oibríonn an córas trádála agus socraíochta DLT faoin gcóras simplithe.’;
(b)Sa tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) an liosta de chórais trádála agus socraíochta DLT, tús a gceadanna sonracha, liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh, agus aon tairseach níos ísle a leagann údaráis inniúla síos do gach ceann díobh; agus’;
(f)leasaítear mír 12 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh den chéad fhomhír:
‘12. Gan dochar d’Airteagal 8 de Threoir 2014/65/AE, d’Airteagal 2c de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, d’Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus d’Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2023/1114, déanfaidh an t‑údarás inniúil cead sonrach nó aon díolúine ghaolmhar a tharraingt siar i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:’
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) agus (e):
‘(d) gur sháraigh oibreoir an chórais trádála agus socraíochta DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2) nó 3(2b), de réir mar is infheidhme;’
‘(e) gur sháraigh oibreoir an chórais trádála agus socraíochta DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) nó 3(3), de réir mar is infheidhme, agus nach ndearna sé an straitéis aistrithe a ghníomhachtú; nó’;
(14)Cuirtear na hAirteagail 10a go 10g seo a leanas isteach:
‘Airteagal 10a
Cead sonrach chun seirbhísí aonair TLU a sholáthar
1.Féadfaidh gnólacht infheistíochta údaraithe, margadh rialáilte, institiúid creidmheasa, TLU, nó SSCS iarratas a dhéanamh chuig a údarás inniúil ar chead sonrach chun an tseirbhís nótaire DLT nó an tseirbhís cothabhála lárnach DLT agus seirbhísí coimhdeacha de chineál neamhbhaincéireachta TLUanna a bhaineann leis na seirbhísí sin mar a shonraítear i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a sholáthar ar bhonn aonair.
2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar chead sonrach chun an tseirbhís nótaire DLT nó an tseirbhís cothabhála lárnach DLT a sholáthar:
(a)plean gnó an iarratasóra, lena n‑áirítear tuairisc ar chaidrimh ghnó atá beartaithe le soláthraithe seirbhísí TLU eile nó le bonneagair mhargaidh, lena n‑áirítear ionaid trádála, CPLanna, TLUanna nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, bonneagair mhargaidh DLT agus eintitis airgeadais eile a bhfuil tábhacht ag baint leo chun seirbhísí TLU a sholáthar;
(b)tuairisc ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear, dá dtagraítear in Airteagal 7(2);
(c)tuairisc ar shocruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 7(4);
Beidh an fhaisnéis uile is gá san iarratas freisin chun go bhféadfaidh an t‑údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo agus fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 is infheidhme maidir leis an nótaire DLT nó leis an leabharchoimeádaí TMD i gcomhréir le hAirteagal 10b(1).
3.Laistigh de 20 lá oibre ón iarratas ar chead sonrach a fháil, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe. Mura mbeidh an t‑iarratas comhlánaithe, leagfaidh an t‑údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh an t‑iarratasóir an fhaisnéis atá ar iarraidh nó aon fhaisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar an t‑iarratas a bheith comhlánaithe.
4.Laistigh de 40 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas ar chead sonrach chun córas socraíochta DLT a oibriú, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar an iarratas agus cinnfidh sé i dtaobh an ndeonófar an cead sonrach.
I gcás ina dtabharfaidh an t‑údarás inniúil an cead sonrach, roinnfidh sé an t‑iarratas comhlánaithe ar an gcead sonrach agus an fhaisnéis a bhaineann leis an gcead leis an mbanc ceannais san Aontas a eisíonn an t‑airgeadra ina bhfuil na hionstraimí airgeadais DLT a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh an nótaire DLT nó an leabharchoimeádaí TMD seirbhísiú orthu ainmnithe.
5.Féadfaidh údaráis inniúla an cead sonrach a tharraingt siar i gcás ina sáraíonn an nótaire DLT nó an leabharchoimeádaí TMD forálacha an Rialacháin seo go córasach.
6.Féadfaidh ESMA treoirlínte a fhorbairt chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críoch an iarratais dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 10b
Seirbhísí aonair TLU a sholáthar
1.Beidh nótaire DLT agus leabharchoimeádaí TMD faoi réir fhorálacha Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 lena rialaítear cur i bhfeidhm na seirbhíse nótaire agus na seirbhíse cothabhála lárnaí dá dtagraítear i roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, faoi seach, mar a shonraítear agus mar a fhorlíontar i gcomhréir le mír 10.
2.Comhlíonfaidh nótaire DLT agus leabharchoimeádaí TMD na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(1), an chéad fhomhír, Airteagal 7(2), (4) agus (5) agus Airteagal 7(6), an chéad fhomhír agus an dara fomhír.
3.An t‑eisitheoir atá bunaithe san Aontas agus a eisíonn nó a d’eisigh ionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionaid trádála, measfar go gcomhlíonann sé Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, i gcás ina léirítear na hurrúis ar mhórleabhar dáilte a úsáideann nótaire DLT chun na hurrúis sin a thaifeadadh den chéad uair.
De mhaolú ar Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, i gcás ina ndéanfar idirbhearta in ionstraimí airgeadais DLT arna n‑eisiúint faoin Rialachán seo ar ionad trádála, déanfaidh nótaire DLT, córas socraíochta DLT, córas trádála agus socraíochta DLT nó TLU nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 iad a thaifeadadh ar an dáta socraíochta atá beartaithe nó roimhe.
4.Déanfar idirbhearta in ionstraimí airgeadais DLT a choimeádtar i gcuntais urrús a bhainistíonn leaabharchoimeádaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo a shocrú trí chóras socraíochta DLT, córas trádála agus socraíochta DLT, nó TLU nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
5.Féadfaidh córas socraíochta DLT, córas trádála agus socraíochta DLT nó TLU nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ionstraimí airgeadais DLT arna gcoinneáil ar bun i gcuntais urrús a bhainistíonn leabharchoimeádaithe TMD nach mó a margadhluach comhiomlán ná an méid a shonraítear faoi Airteagal 3(2b) tráth socraíochta an chéad idirbhirt a ligean isteach chun socraíochta.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh córas socraíochta DLT, córas trádála agus socraíochta DLT nó TLU nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ionstraimí airgeadais DLT arna gcoinneáil i gcuntais urrús a bhainistíonn leabharchoimeádaithe TMD nach mó a margadhluach comhiomlán ná EUR 30 billiún tráth socraíochta an chéad idirbhirt a ligean isteach chun socraíochta, i gcás inar urrúis inaistrithe a eisíonn FBManna iad na hionstraimí airgeadais DLT sin.
6.De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh leabharchoimeádaithe TMD ionstraimí airgeadais DLT a shocrú lasmuigh de chóras socraíochta DLT, córas trádála agus socraíochta DLT, nó TLU nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le socraíocht den sórt sin a leagtar síos in Airteagal 10c.
7.I gcás ina soláthraíonn nótaire DLT nó leabharchoimeádaí TMD croísheirbhísí TLU i gcomhpháirt le córas socraíochta DLT, córas trádála agus socraíochta DLT, nó TLU nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 amháin, ní bheidh an córas socraíochta DLT, an córas trádála agus socraíochta DLT, nó an TLU nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 faoi dhliteanas i leith chomhlíonadh na gceanglas sin de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mbeidh feidhm acu maidir le nótaire DLT nó leabharchoimeádaí TMD i gcomhréir le mír 1.
Ní bheidh deighilt na ndliteanas dá dtagraítear sa chéad fhomhír infheidhme ach amháin maidir leis na hionstraimí airgeadais DLT sin a ndéanann nótaire DLT nó leabharchoimeádaí TMD seirbhísiú orthu i gcomhréir le mír 1.
8.An nótaire DLT, leabharchoimeádaí TMD agus an córas socraíochta DLT, an córas trádála agus socraíochta DLT, nó an TLU nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, a sholáthraíonn croísheirbhísí TLU go comhpháirteach, déanfaidh sé na róil agus a bhfreagrachtaí maidir leis na seirbhísí sin a sholáthar a shonrú i gcomhaontú i scríbhinn atá ceangailteach ó thaobh dlí. Tabharfaidh gach ceann díobh fógra dá n‑údaráis inniúla faoi seach faoin gcomhaontú i scríbhinn sin, mar aon le faisnéis shoiléir maidir leis an eintiteas cuí a sholáthraíonn croísheirbhísí TLU d’ionstraimí airgeadais a ghabhann le DLT áirithe, nó do chatagóirí áirithe d’ionstraimí airgeadais DLT.
9.Déanfaidh ESMA an fhaisnéis maidir le nótairí DLT agus leabharchoimeádaithe TMD a iontráil sa chlár TLU arna choinneáil ar bun faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
10.Forbróidh ESMA caighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na forálacha i dTeideal III de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a bhfuil feidhm acu maidir le gach nótaire DLT agus seirbhís cothabhála lárnach DLT, agus, i gcás inar gá, chun na heilimintí neamhriachtanacha d’fhorálacha an teidil sin a fhorlíonadh agus chun caighdeáin theicniúla rialála a leasú chun iad a oiriúnú d’úsáid DLT agus do shainiúlachtaí samhlacha gnó a bhaineann le soláthar dáilte croísheirbhísí TLU.
Agus an chéad fhomhír á comhlíonadh aige, áiritheoidh ESMA an méid seo a leanas i ndáil leis na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí aonair:
(a)go bhfuil siad comhsheasmhach leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 is infheidhme maidir le seirbhís cothabhála lárnach cuntas ;
(b)go bhfuil siad comhréireach le próifíl riosca an nótaire DLT agus na seirbhíse cothabhála lárnach cuntas DLT .
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta a chomhfhreagraíonn do 8 mí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 10c
Socraíocht laistigh de scéim socraíochta
1.Ní dhéanfaidh leabharchoimeádaithe TMD idirbhearta in ionstraimí airgeadais DLT faoi Airteagal 10b(5) a shocrú ach amháin laistigh de scéim socraíochta arna húdarú faoi Airteagal 10d.
Ní dhéanfaidh leabharchoimeádaithe TMD idirbhearta a shocrú ach amháin le coimeádaithe cuntais DLT eile atá ina gcuid den scéim socraíochta chéanna.
2.Déanfaidh leabharchoimeádaithe TMD a shocraíonn idirbhearta laistigh de scéim socraíochta an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)ní shocraítear gach idirbheart ach amháin le taiscí bainc ceannais atá i seilbh na leabharchoimeádaithe TMD le banc ceannais eisiúna an airgeadra ábhartha;
(b)socraítear gach idirbheart in ionstraimí airgeadais DLT lena mbaineann gné airgid thirim ar bhonn seachadadh in áit íocaíochta;
(c)leis an scéim socraíochta, soláthraítear críochnaitheacht socraíochta leordhóthanach maidir le haistrithe airgid thirim agus ionstraimí airgeadais DLT, lena n‑áirithítear an méid seo a leanas:
(i)baintear amach críochnaitheacht socraíochta ar a laghad ar lá an dáta socraíochta;
(ii)déantar tráthanna iontrála agus do-athraitheachta na n‑orduithe aistrithe a shainiú go soiléir
(d)bainistíonn an scéim socraíochta a rioscaí dlíthiúla, gnó agus oibriúcháin go héifeachtach.
3.Na leabharchoimeádaithe TMD a shocraíonn idirbhearta laistigh de scéim socraíochta, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an scéim socraíochta ar cuid di iad, agus gach leabharchoimeádaí TMD atá rannpháirteach sa scéim socraíochta, na prionsabail seo a leanas:
(a)socraíocht shábháilte, éifeachtúil agus rianúil a áirithiú;
(b)bainistíocht láidir riosca ar oibríochtaí a áirithiú, lena n‑áirítear bainistíocht riosca creidmheasa agus leachtachta mar a shonraítear i míreanna 5 agus 6; agus
(c)cosaint sócmhainní cliant leabharchoimeádaithe TMD a áirithiú.
4.Déanfaidh leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach i scéim socraíochta foinsí riosca oibríochtúil d’fheidhmiú na scéime socraíochta a shainaithint, go hinmheánach agus go seachtrach araon, agus a dtionchar a íoslaghdú trí úsáid a bhaint as uirlisí, próisis agus beartais TFC iomchuí arna gcur ar bun agus arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus trí aon uirlis, rialú agus nós imeachta iomchuí ábhartha eile le haghaidh cineálacha eile riosca oibríochtúil.
5.Déanfaidh leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach i scéim socraíochta beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear beartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, chun caomhnú gníomhaíochtaí socraíochta laistigh den scéim socraíochta agus athshlánú tráthúil a hoibríochtaí a áirithiú.
Déanfaidh leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach i scéim socraíochta na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le soláthraithe seirbhíse agus fóntais dá n‑oibríochtaí a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú.
6.Gach leabharchoimeádaí TMD a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta dá chliaint, a bhaineann leis an ngníomhaíocht socraíochta laistigh den scéim socraíochta, comhlíonfaidh sé na ceanglais stuamachta shonracha seo a leanas maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin:
(a)bunóidh sé creat stóinsithe chun na rioscaí creidmheasa comhfhreagracha a bhainistiú;
(b)sainaithneoidh sé foinsí an riosca creidmheasa sin go tráthrialta, tomhaisfidh sé neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha agus déanfaidh sé faireachán orthu agus úsáidfidh sé uirlisí iomchuí um bainistiú riosca chun na rioscaí sin a rialú;
(c)cumhdóidh sé go hiomlán neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha ar rannpháirtithe iasachtaíochta aonair a úsáideann comhthaobhacht fhíorleachtach, nó comhthaobhacht eile a gcuirfidh sé caolchorrlaigh iomchuí i bhfeidhm ina leith, agus acmhainní airgeadais coibhéiseacha eile;
(d)socróidh sé teorainneacha iomchuí ar neamhchosaintí creidmheasa ar chliaint aonair;
(e)ní sholáthróidh sé creidmheas ach amháin do rannpháirtithe a mbeidh cuntais airgid acu leis; agus
(f)déanfaidh sé foráil maidir le nósanna imeachta éifeachtacha chun creidmheas ionlae a aisíoc
7.Gach leabharchoimeádaí TMD a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta dá chliaint, a bhaineann leis an ngníomhaíocht socraíochta laistigh den scéim socraíochta, comhlíonfaidh sé na ceanglais stuamachta shonracha seo a leanas maidir leis na rioscaí leachtachta a bhaineann leis na seirbhísí sin:
(a)beidh creat stóinsithe aige chomh maith le huirlisí chun a chuid rioscaí leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu, lena n‑áirítear rioscaí leachtachta ionlae, i gcás gach airgeadra den chóras socraíochta ina socraíonn sé idirbhearta;
(b)tomhaisfidh sé agus déanfaidh sé faireachán ar bhonn leanúnach ar a riachtanais leachtachta agus leibhéal na sócmhainní leachtacha a bheidh á sealbhú aige;
(c)beidh acmhainní leachtacha leordhóthanacha aige i ngach airgeadra ábhartha le haghaidh socraíocht thráthúil ionstraimí airgeadais DLT faoi raon leathan cásanna struis lena n‑áirítear, ach gan a bheith teoranta dó, an riosca leachtachta a ghinfidh mainneachtain aon rannpháirtí ar a laghad,, lena n‑áirítear a mháthairghnóthas agus a fhochuideachtaí, a mbeidh na neamhchosaintí is mó aige ina leith;
(d)gach uair a úsáidfear socruithe cistiúcháin réamhshocruithe, ní roghnóidh sé ach institiúidí airgeadais inchairde mar sholáthróirí leachtachta agus bunóidh sé agus cuirfidh sé i bhfeidhm teorainneacha comhchruinnithe iomchuí i gcás gach ceann de na soláthraithe leachtachta comhfhreagracha lena n‑áirítear a máthairghnóthas agus a bhfochuideachtaí;
(e)beidh socruithe réamhshocruithe aige chun a áirithiú go bhféadfaidh sé an chomhthaobhacht a sholáthair cliant mainneachtana di a leachtú go tráthúil.
8.Déanfaidh leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach i scéim socraíochta comhaontú i scríbhinn atá ceangailteach ó thaobh dlí ina sonrófar go soiléir róil agus freagrachtaí na leabharchoimeádaithe TMD laistigh den scéim socraíochta.
Ní bheidh leabharchoimeádaí TMD ina chomhalta de níos mó ná dhá scéim socraíochta.
Beidh beirt leabharchoimeádaithe TMD ar a laghad i scéim socraíochta.
9.Féadfaidh gach scéim socraíochta glacadh le hionstraimí airgeadais DLT a choinnítear ar bun i gcuntais urrús a bhainistíonn a leabharchoimeádaithe TMD rannpháirteacha a bhfuil margadhluach comhiomlán acu nach mó é ná an méid a shonraítear faoi Airteagal 3(2b) tráth socraíochta an chéad idirbhirt.
I gcás ina sroicheann margadhluach comhiomlán na n‑ionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun socraíochta le scéim socraíochta an méid a shonraítear faoi Airteagal 3(3), gníomhachtóidh na leabharchoimeádaithe TMD an straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 10(e). Tabharfaidh na leabharchoimeádaithe TMD fógra do ESMA faoi ghníomhachtú a straitéise aistrithe agus faoin amscála don aistriú.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh gach córas socraíochta ionstraim airgeadais DLT a choinnítear ar bun i gcuntais urrús a bhainistíonn leabharchoimeádaithe TMD nach mó a margadhluach comhiomlán ná EUR 30 billiún tráth socraíochta an chéad idirbhirt a ligean isteach chun socraíochta, i gcás inar urrúis inaistrithe a eisíonn FBManna iad na hionstraimí airgeadais DLT sin. Gníomhachtóidh leabharchoimeádaithe TMD a straitéis aistrithe nuair a shroichfidh margadhluach na n‑urrús inaistrithe sin EUR 45 bhilliún.
10.Tuairisceoidh leabharchoimeádaithe TMD an fhaisnéis seo a leanas do ESMA ar bhonn míosúil:
(a)aistrithe a dhéantar leis an scéim socraíochta a bhfuil siad rannpháirteach inti, lena n‑áirítear méideanna comhiomlána;
(b)margadhluach comhiomlán ionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun socraíochta, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(4);
(c)na fadhbanna is coitianta is cúis le teipeanna socraíochta;
(d)méid agus bainistiú an riosca leachtachta ionlae ag gach leabharchoimeádaí TMD;
(e)tuairisciú ar bhuaic-neamhchosaintí creidmheasa lena gcuid cliant, ar an gcineál comhthaobhachta a nglactar léi, ar chaolchorrlaigh a chuirtear i bhfeidhm agus ar chomhchruinniú comhthaobhachta.
Tuairisceoidh leabharchoimeádaithe TMD faisnéis atá mionsonraithe go leordhóthanach do ESMA chun comhlíonadh na scéime socraíochta agus na gcoimeádaithe cuntais DLT rannpháirteacha leis an Airteagal seo a fhíorú.
Féadfaidh aon choimeádaí cuntais DLT atá rannpháirteach sa scéim socraíochta an ceanglas tuairiscithe a chomhlíonadh thar ceann rannpháirtithe eile. Beidh na rannpháirtithe uile freagrach i gcónaí astu féin as iomláine agus fírinneacht na faisnéise a thuairiscítear thar a gceann.
11.Féadfaidh ESMA treoirlínte a fhorbairt chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun na gcríoch seo a leanas:
(a)foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú le haghaidh iarratas ar údarú faoi Airteagal 10d;
(b)foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críoch mhír 10.
Airteagal 10d
An scéim socraíochta a údarú agus maoirsiú a dhéanamh uirthi
1.Na leabharchoimeádaithe TMD a bhfuil sé beartaithe acu idirbhearta a shocrú i scéim socraíochta, déanfaidh siad an scéim socraíochta a chur faoi bhráid ESMA lena húdarú i gcomhréir leis an Airteagal seo sula socrófar aon idirbheart sa scéim socraíochta sin.
Na leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach sa scéim socraíochta, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur faoi bhráid ESMA:
(a)clár oibríochtaí na scéime socraíochta, ina leagtar amach go háirithe faisnéis faoi leabharchoimeádaithe TMD rannpháirteacha, nótairí DLT agus eintitis airgeadais nó neamhairgeadais eile a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha don scéim socraíochta agus a gcaidrimh laistigh den scéim;
(b)an comhaontú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 10c(7);
(c)faisnéis faoi ionaid trádála, faoi CPLanna agus faoi phríomhbhonneagair mhargaidh eile atá nasctha leis an scéim socraíochta;
(d)an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag gach leabharchoimeádaí TMD rannpháirteach, agus ag an scéim socraíochta ina hiomláine, Airteagal 10(2) go (5) a chomhlíonadh;
(e)tuairisc ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear, dá dtagraítear in Airteagal 7(2);
(f)tuairisc ar shocruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 7(4);
(g)straitéis aistrithe na scéime socraíochta.
Tabharfaidh leabharchoimeádaithe TMD fógra do ESMA gan moill mhíchuí faoi aon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis ar tugadh fógra ina leith roimhe sin faoin scéim socraíochta.
I gcás ina nglacfaidh leabharchoimeádaithe TMD breise páirt sa scéim socraíochta tar éis thús a hoibríochtaí, cuirfidh siad faisnéis faoi chomhdhéanamh nua na scéime socraíochta faoi bhráid ESMA mí amháin ar a laghad sula dtosóidh siad ar ionstraimí airgeadais DLT a shocrú.
2.Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an t‑iarratas ar údarú na scéime socraíochta comhlánaithe. Mura mbeidh an t‑iarratas comhlánaithe, leagfaidh ESMA teorainn ama síos faoina gcaithfidh leabharchoimeádaithe TMD faisnéis bhreise a sholáthar.
3.Gan moill mhíchuí tar éis a dhearbhú go bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe, tarchuirfidh ESMA an t‑iarratas chuig gach banc ceannais eisiúna den airgeadra a bhfuiltear ag brath air le haghaidh socraíochta laistigh de scéim socraíochta.
Féadfaidh an banc ceannais eisiúna tuairim réasúnaithe a eisiúint laistigh dá réimse inniúlachta do ESMA laistigh de 2 mhí ón iarratas a fháil ó ESMA.
4.Laistigh de 5 mhí ón lá a gcuirfear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ESMA in iúl i scríbhinn, le cinneadh lán‑réasúnaithe, do leabharchoimeádaithe TMD is iarratasóir ar deonaíodh an t‑údarú nó ar diúltaíodh é.
5.Diúltóidh ESMA don údarú i gcás ina mbaineann an t‑iarratas ar údarú le scéim socraíochta nua atá cosúil go substainteach le scéim socraíochta a údaraíodh cheana agus i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhfuil an t‑iarratas á chur isteach chun dul timpeall ar an tairseach faoi Airteagal 10c(6).
6.Déanfaidh ESMA údarú na scéime socraíochta a tharraingt siar más fíor an méid seo a leanas i ndáil leis an scéim socraíochta:
(a)nár shocraigh sí idirbhearta ar feadh 9 mí as a chéile;
(b)údaraíodh í ar mhodhanna neamhrialta, amhail trí ráitis bhréagacha a dhéanamh le linn phróiseas a údaraithe;
(c)nach gcomhlíonann sí a thuilleadh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t‑údarú agus nach bhfuil gníomhaíocht feabhais déanta ag a rannpháirtithe arna hiarraidh sin do ESMA;
(d)ní chloínn sí leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10c(4) nó sáraíonn a leabharchoimeádaithe TMD rannpháirteacha an Rialachán seo arís agus arís eile.
7.Maidir le scéimeanna socraíochta, beidh ESMA freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear san Airteagal seo a thabhairt i gcrích agus as an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo;
(b)cinntí a ghlacadh, measúnuithe maoirseachta a dhéanamh agus bearta eile a dhéanamh i ndáil le hAirteagail 10(c) go 10(e); agus
(c)comhlíonadh leanúnach Airteagail 10(c) go 10(e) a áirithiú.
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Airteagal seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ag ESMA ar na leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach sa scéim socraíochta dá bhforáiltear i gCaibidil IIa de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus sa Rialachán seo.
Sa bhreis ar na bearta maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 39h de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh ESMA na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(a)rannpháirtíocht leabharchoimeádaí TMD sa scéim socraíochta a chur ar fionraí i gcás ina sáraíonn sé ceanglais Airteagal 10c;
(b)ceangal a chur ar choimeádaí cuntais DLT gníomhaíocht feabhais a dhéanamh chun a rannpháirtíocht sa scéim socraíochta a thabhairt ar ais i gcomhréir le hAirteagal 10c;
(c)rannpháirtíocht leabharchoimeádaí TMD sa scéim socraíochta a chur ar fionraí i gcás ina sáraíonn sé ceanglais Airteagal 10c;
(d)ceangal a chur ar choimeádaí cuntais DLT plean a chur i láthair chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta a athbhunú agus sprioc-am a leagan síos lena chur chun feidhme;
(e)údarú na scéime socraíochta nó rannpháirtíocht leabharchoimeádaí TMD aonair atá rannpháirteach sa scéim a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndearnadh sárú tromchúiseach ar Airteagal 10c;
(f)leabharchoimeádaí TMD a eisiamh ó rannpháirtíocht i scéim socraíochta i gcás ina sáraíonn an leabharchoimeádaí TMD sin ceanglais Airteagal 10c arís agus arís eile;
(g)cinneadh a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar choimeádaí cuntais DLT deireadh a chur le sárú a liostaítear san Iarscríbhinn;
(h)ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur nó nochtaí breise a éileamh, i gcásanna ina bhfuil fianaise ag ESMA nach n‑áirithíonn na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuir an scéim socraíochta nó a rannpháirtithe chun feidhme bainistíocht fhónta agus cumhdach fónta ar a rioscaí.
8.Gearrfaidh ESMA táillí ar na leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach iontu i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 10.
9.Beidh méid aon táille a ghearrfar ar choimeádaí cuntais DLT a bheidh rannpháirteach sa scéim socraíochta comhréireach le láimhdeachas na scéime socraíochta lena mbaineann agus leis an gcineál údaraithe agus maoirseachta a fheidhmeoidh ESMA.
10.Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 15a chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú a thuilleadh.
Airteagal 10e
Straitéis aistrithe le haghaidh na scéime socraíochta
1.Déanfaidh leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach i scéim socraíochta straitéis aistrithe shoiléir agus mhionsonraithe a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí chun gníomhaíocht scéime socraíochta ar leith a laghdú, sna cásanna seo a leanas:
(a)go ndearnadh an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a shárú;
(b)go dtarraingeofar siar an t‑údarú a dheonófar don scéim socraíochta faoin Rialachán seo nó go scoirfear de ar shlí eile; nó
(c)aon scor deonach nó ainneonach de ghnó an chórais socraíochta.
Beidh an straitéis aistrithe réidh lena cur in úsáid in am trátha.
2.Sa straitéis aistrithe, leagfar amach conas a chaithfear le rannpháirtithe, le heisitheoirí agus le cliaint rannpháirtithe i gcás ina ndéanfar údarú na scéime socraíochta a tharraingt siar nó a scor nó i gcás ina scoirfear den ghnó. Leagfar amach sa straitéis aistrithe conas a dhéanfar cliaint, go háirithe infheisteoirí miondíola, a chosaint ar aon tionchar díréireach a d’fhéadfadh teacht ón tarraingt siar nó neamhleanúnachas údarú nó scor ghnó an chórais socraíochta. Déanfar an straitéis aistrithe a nuashonrú ar bhonn leanúnach faoi réir formheas a fháil roimh ré ó ESMA.
3.Leis an scéim socraíochta, déanfar nósanna imeachta leormhaithe a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun lena n‑áiritheofar go ndéanfar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe i scéim socraíochta eile, córas socraíochta DLT, córas trádála agus socraíochta DLT nó TLU nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a shocrú go tráthúil agus go hordúil i gcás ina ndéantar an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar. Beidh na nósanna imeachta sin ina gcuid den straitéis aistrithe.
Airteagal 10f
Soláthar trasteorann seirbhísí aonair taisclainne lárnaí urrús
1.Nótairí DLT agus leabharchoimeádaithe TMD, féadfaidh siad seirbhísí nótaire DLT agus seirbhísí cothabhála lárnach DLT a sholáthar ar fud an Aontais, tríd an gceart bunaíochta, lena n‑áirítear trí bhrainse, nó tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Na nótairí DLT agus na leabharchoimeádaithe TMD a sholáthraíonn seirbhísí ar bhonn trasteorann, ní bheidh ceangal orthu láithreacht fhisiciúil a bheith acu i gcríoch Ballstáit óstaigh.
2.An nótaire DLT nó an leabharchoimeádaí TMD a bhfuil rún aige a sheirbhís a sholáthar i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit baile:
(a)liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an nótaire DLT nó ag an leabharchoimeádaí TMD seirbhísí SCD a sholáthar;
(b)seirbhísí a bhfuil sé beartaithe ag an nótaire DLT nó ag an gcoimeádaí cuntais DLT a sholáthar ar bhonn trasteorann;
(c)dáta tosaigh sholáthar beartaithe na seirbhísí;
(d)Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, laistigh de 10 lá ón bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát óstach.
3.Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an nótaire DLT nó an leabharchoimeádaí TMD lena mbaineann ar an eolas gan mhoill faoin gcumarsáid dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír.
4.Féadfaidh nótaire DLT nó leabharchoimeádaí TMD tús a chur lena seirbhísí a sholáthar i mBallstát seachas a Bhallstát baile ón dáta a fhaightear an chumarsáid dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, nó ar a dhéanaí an 15ú lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh.
5.I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe amhrais ag údarás inniúil Ballstáit óstaigh go bhfuil neamhrialtachtaí i ngníomhaíochtaí leabharchoimeádaí TMD nó nótaire DLT, tabharfaidh sé fógra ina leith sin d’údarás inniúil an Bhallstáit baile agus do ESMA.
6.Más rud é, d’ainneoin na mbeart a dhéanann údarás inniúil an Bhallstáit baile, go leanann na neamhrialtachtaí dá dtagraítear i mír 5, arb ionann iad agus sárú ar an Rialachán seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile agus ESMA a chur ar an eolas, bearta iomchuí chun cliaint soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus sealbhóirí cripteashócmhainní a chosaint, go háirithe sealbhóirí miondíola. Ar na bearta sin tá cosc a chur ar an gcoimeádaí cuntais DLT nó ar an nótaire DLT tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach. Cuirfidh an t‑údarás inniúil ESMA ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh ESMA an Coimisiún ar an eolas dá réir sin gan moill mhíchuí.
Airteagal 10g
Idir-inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh DLT
1.Beidh oibreoirí córais socraíochta DLT, oibreoirí córais trádála agus socraíochta DLT agus leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach i scéimeanna socraíochta ina ngrúpa tionscail agus forbróidh siad caighdeáin tionscail lena n‑éascófar socraíocht ionstraimí airgeadais DLT idir comhaltaí an ghrúpa, lena n‑áirítear caighdeáin chun naisc a bhunú idir na heintitis sin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (29), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
Na TLUanna nach n‑oibríonn ach faoi Rialachán (AE) 2023/1114 agus a sholáthraíonn croísheirbhísí TLU ar DLT, leabharchoimeádaithe TMD agus nótairí DLT nach cuid de scéimeanna socraíochta iad, féadfaidh siad a iarraidh a bheith ina gcuid den ghrúpa dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Oibreoirí córais socraíochta DLT, oibreoirí córais trádála agus socraíochta DLT agus leabharchoimeádaithe TMD atá rannpháirteach i scéimeanna socraíochta, déanfaidh siad eintitis incháilithe a ligean isteach sa ghrúpa.
Áiritheofar an méid seo a leanas le rialacha nós imeachta an ghrúpa tionscail:
(a)tá an grúpa oscailte do rannpháirtíocht aon eintitis a bhfuil leas léirithe aige i gcaighdeáin tionscail dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt suas;
(b)déantar an riosca go sárófar dlí na hiomaíochta a mhaolú go leordhóthanach.
Agus na caighdeáin tionscail á bhforbairt aige, rachaidh an grúpa tionscail i gcomhairle go tréimhsiúil le CEBC agus le ESMA, agus cuirfidh sé a dtuairimí san áireamh.
Cuirfidh comhaltaí an ghrúpa tionscail na caighdeáin tionscail chun feidhme sna deighleoga iomchuí dá n‑oibríochtaí, ach amháin má tá údar soiléir acu gan déanamh amhlaidh.
2.Na heintitis a bheidh rannpháirteach i mbunú caighdeán tionscail faoi mhír 1, cuirfidh siad an méid seo a leanas faoi bhráid ESMA:
(a)laistigh de 12 mhí ar a dhéanaí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tuairisc mhionsonraithe ar na cineálacha caighdeán tionscail nach mór teacht ar chomhaontú ina leith chun críche mhír 1, dúshláin maidir le teacht ar chomhaontú ina leith agus bealaí féideartha chun na dúshláin sin a réiteach;
(b)ar a dhéanaí laistigh de 30 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, na caighdeáin theicniúla dá dtagraítear i mír 1 agus an dul chun cinn.
3.Laistigh de 40 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh ESMA comhairle theicniúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tacú le hidir-inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh DLT, go háirithe maidir le measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
(a)ról an chaighdeánaithe sonraí maidir le tacú le hidir-inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh DLT, go háirithe i bhfianaise cásanna úsáide airgeadais a mheallann an chuid is mó de spéis agus gníomhaíocht sa mhargadh agus na caighdeáin tionscail dá dtagraítear i mír 1;
(b)ról na n‑eintiteas rialáilte agus neamhrialáilte maidir le hidir-inoibritheacht a áirithiú idir bonneagair mhargaidh DLT.’;
(15)leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘1. Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, do Rialachán 2023/1114 agus do Threoir 2014/65/AE, oibreoidh oibreoirí bonneagar margaidh DLT i gcomhar leis na húdaráis inniúla.’;
(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) líon agus luach ionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar an ionad trádála DLT nó an córas trádála agus socraíochta DLT agus líon agus luach ionstraimí airgeadais DLT a thaifeadann oibreoir an chórais socraíochta DLT nó an chórais trádála agus socraíochta DLT;’;
(c)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) líon agus luach na n‑idirbheart arna dtrádáil ar an ionad trádála DLT nó an córas trádála agus socraíochta DLT agus a shocraíonn oibreoir an chórais socraíochta DLT nó an chórais trádála agus socraíochta DLT;’;
(16)Cuirtear na hAirteagail 11a agus 11b seo a leanas isteach:
‘Airteagal 11a
Coláiste maoirseoirí le haghaidh bonneagair mhargaidh DLT
1.Bunófar coláiste maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 24a de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 le haghaidh gníomhaíochtaí TLU de chóras socraíochta DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT ar ina leith a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.
2.Sa bhreis ar na húdaráis ar comhaltaí den choláiste maoirseoirí iad de bhun Airteagal 24a(4), féadfaidh na húdaráis seo a leanas a iarraidh a bheith ina gcomhaltaí den choláiste maoirseoirí arna bhunú i gcomhréir le fomhír 1:
(a)údaráis inniúla leabharchoimeádaithe TMD agus nótairí DLT a sholáthraíonn an tseirbhís cothabhála lárnach DLT agus an tseirbhís nótaire DLT maidir le hionstraimí airgeadais DLT a shocraíonn an córas socraíochta DLT nó an córas trádála agus socraíochta DLT;
(b)ÚBE, i gcás ina n‑úsáidtear comharthaí ríomh-airgid chun íocaíochtaí a shocrú.
Airteagal 11b
Coláiste maoirseoirí le haghaidh scéimeanna socraíochta
1.Bunóidh ESMA coláiste maoirseoirí chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 10d(7) a dhéanamh i ndáil le leabharchoimeádaithe TMD ar cuid de scéim socraíochta iad.
2.Bunófar an coláiste laistigh de mhí amháin ón dáta a údaraíodh an scéim socraíochta faoi Airteagal 10d.
3.Déanfaidh ESMA an coláiste a bhainistiú agus beidh sé ina chathaoirleach air.
4.Is é a bheidh sa choláiste:
(a)ESMA;
(b)údarás inniúil leabharchoimeádaí TMD atá rannpháirteach sa scéim socraíochta;
(c)an banc ceannais san Aontas den airgeadra a úsáidtear nó a úsáidfear chun íocaíochtaí in airgead tirim a shocrú sa scéim socraíochta
5.Beidh údaráis inniúla nótairí DLT atá rannpháirteach sa scéim socraíochta in ann a bheith rannpháirteach sa choláiste arna iarraidh sin dóibh.
6.Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí liosta de chomhaltaí an choláiste agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta.
7.Féadfaidh údarás inniúil nach comhalta den choláiste é a iarraidh ar an gcoláiste aon fhaisnéis atá ábhartha maidir lena dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh.
8.Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)malartú faisnéise;
(b)maoirseacht éifeachtúil trí bhearta maoirseachta neamhriachtanacha dúblacha a sheachaint, amhail iarrataí ar fhaisnéis;
(c)comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh a chomhaltaí ar bhonn deonach;
(d)malartú faisnéise maidir le struchtúr eagraíochtúil aon chomhalta den scéim socraíochta, lena n‑áirítear faisnéis maidir le struchtúr, bainistíocht agus scairshealbhóirí an ghrúpa;
(e)malartú faisnéise faoi phróisis nó socruithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar rialachas nó ar chaighdeáin bainistithe riosca sa scéim socraíochta;
9.Féadfaidh ESMA cuireadh ar bhonn ad hoc a thabhairt do rannpháirtithe breise chuig pléití an choláiste ar thopaicí sonracha.
Féadfaidh comhaltaí coláiste seachas ESMA cinneadh gan páirt a glacadh i gcruinniú den choláiste.
10.Bunófar feidhmiú an choláiste ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.
Leis an gcomhaontú sin, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n‑áirítear minicíocht chruinnithe an choláiste, modheolaíochtaí na cumarsáide i measc chomhaltaí an choláiste, agus féadfar a chinneadh leis na cúraimí atá le cur orthu.’;
(17)leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Is é an t‑údarás inniúil do ghnólacht infheistíochta a bhfuil ionad trádála DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú aige a bheidh san údarás inniúil a ainmníonn an Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointí (55)(a)(ii) agus (iii), de Threoir 2014/65/AE.’;
(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas leis:
‘1a.
Is é an t‑údarás inniúil do SSCS a bhfuil ionad trádála DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú aige a bheidh san údarás inniúil a ainmníonn an Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (33) (f), de Rialachán (AE) 2023/1114/AE.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 a leanas:
‘2. Is é an t‑údarás inniúil d’oibreoir margaidh a bhfuil ionad trádála DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú aige a bheidh san údarás inniúil a ainmníonn an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe de chuid oibreora margaidh a bhfuil ionad trádála DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú aige suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe ag an oibreoir margaidh i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig an oibreora margaidh a bhfuil ionad trádála DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT á oibriú aige suite.’;
(d)cuirtear an mhír 3a seo a leanas leis:
‘3a.
Is é an t‑údarás inniúil le haghaidh nótaire DLT agus an leabharchoimeádaí TMD an t‑údarás a bheidh inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas a rinne iarratas ar an gcead sonrach i gcomhréir le hAirteagal 10a.’;
(18)leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Faoin 24 Márta 2030, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na nithe seo a leanas:’;
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) feidhmiú bhonneagair mhargaidh DLT ar fud an Aontais agus méadracht iomchuí lena dtugtar tuairisc ar a ngníomhaíochtaí;’;
(3)scriostar pointí (b), (d) agus (e);
(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
‘(h) aon riosca, leochaileacht nó neamhéifeachtúlacht a bhaineann le teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid maidir le cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais;’
(5)scriostar pointe (j);
(6)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):
‘(k) aon tairbhe agus costas a eascraíonn as teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid i margaí airgeadais;’
(7)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):
‘(n) oiriúnacht na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n‑áirítear na himpleachtaí a d’fhéadfadh teacht as méadú ar na tairseacha sin, agus breithnithe sistéamacha agus cineálacha éagsúla teicneolaíochta mórleabhar dáilte á gcur san áireamh go háirithe;
(8)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (o):
‘(o) measúnú foriomlán ar chostais agus ar thairbhí an chórais phíolótaigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cheart an córas píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhtháthú i reachtaíocht earnála eile agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’;
(19)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:
‘Airteagal 15
Tuarascálacha eatramhacha
Gach dara bliain, foilseoidh ESMA tuarascálacha eatramhacha bliantúla chun faisnéis a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh maidir le feidhmiú na margaí, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar iompar mícheart oibreoirí bhonneagair margaidh DLT, chun soiléirithe a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus chun táscairí a tugadh roimhe sin a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar fhorbairt na teicneolaíochta mórleabhar dáilte. Cuirfear tuairisc fhoriomlán ar fáil sna tuarascálacha sin ar chur i bhfeidhm an chórais phíolótaigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ina ndíreofar ar threochtaí agus rioscaí atá ag teacht chun cinn agus cuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin iad. Foilseofar an chéad tuarascáil den sórt sin faoin 24 Márta 2028.’;
(20)Cuirtear isteach Airteagal 15a:
‘Airteagal 15a
An tarmligean a fheidhmiú
1.Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(7) agus 10d(10) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ama neamhchinntithe ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(7) agus 10d(10) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe a ainmníonn gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 3(7) agus 10d(10) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina aghaidh laistigh de thréimhse trí mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a shíneadh trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;
(21)Cuirtear Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/858.
Airteagal 9
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1114
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1114 mar a leanas:
(1)in Airteagal 3(1), leasaítear pointe (35) mar a leanas:
(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) a ainmníonn gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 93 a bhaineann le tairgeoirí, daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha agus comharthaí ríomh-airgid chun a dtrádála, agus eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha;’
(b)Cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:
‘(c) ESMA le haghaidh na n‑eintiteas seo a leanas:
(i)soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear de bhun Airteagal 63;
(ii)eintitis a bhfuil cead acu seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar de bhun Airteagal 60(2) go (6), arb é a bpríomhghníomhaíocht seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 138a(2).’
(2)leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:
(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. San údarú a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 63, sonrófar sna seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar.’
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Ceadófar do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar ar fud an Aontais, tríd an gceart bunaíochta, lena n‑áirítear trí bhrainse, nó tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Ní chuirfear de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní i mBallstáit seachas ina mBallstát baile, láithreacht fhisiciúil a bheith aige i gcríoch Ballstáit óstaigh.’
(c)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá ag iarraidh seirbhísí cripteashócmhainní a chur lena n‑údarú dá dtagraítear in Airteagal 63, iarrfaidh siad ar ESMA síneadh a chur lena n‑údarú tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 62 a chomhlánú agus a nuashonrú. Déanfar an iarraidh ar shíneadh a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 63.’
(3)in Airteagal 60, cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas:
‘6a. Ceanglófar ar na heintitis dá dtagraítear i míreanna 2 go 6 faisnéis a chur faoi bhráid a n‑údaráis inniúil agus ESMA go bliantúil maidir lena láimhdeachas bliantúil iomlán, go háirithe, an céatadán dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas a gcomhlacht bainistíochta, a ghintear ó sholáthar seirbhísí cripteashócmhainní.’
(4)leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Déanfaidh daoine dlítheanacha nó gnóthais eile a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar a n‑iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a chur faoi bhráid ESMA.’
(b)scriostar mír 4.
(5)leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:
‘Measúnú ar an iarratas ar údarú agus ar ESMA maidir leis an údarú a dheonú nó a dhiúltú.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 9:
1.Admhóidh ESMA go pras, agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre ó iarratas a fháil faoi Airteagal 62(1), i scríbhinn don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir go bhfuarthas iarratas den sórt sin.
2.Laistigh de 25 lá oibre ó iarratas a fháil faoi Airteagal 62(1), déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an t‑iarratas sin comhlánaithe trína sheiceáil gur cuireadh isteach an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 62(2).
I gcás nach bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe, leagfaidh ESMA sprioc-am síos faoina bhfuil ar an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.
3.Féadfaidh ESMA diúltú athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais i gcás ina bhfuil iarratais den sórt sin fós neamhchomhlánaithe tar éis don sprioc-am atá leagtha síos acu i gcomhréir le mír 2, an dara fomhír, dul in éag.
4.A luaithe a bheidh iarratas comhlánaithe, cuirfidh ESMA an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir ar an eolas faoi sin go pras.
5.Sula ndéanann siad údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a dheonú nó a dhiúltú, rachaidh ESMA i gcomhairle le húdaráis inniúla Ballstáit i gcás ina mbaineann ceann de na cásanna seo a leanas leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir maidir le hinstitiúid creidmheasa, taisclann lárnach urrús, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, cuideachta bainistíochta GCUI, bainisteoir cistí infheistíochta malartacha, institiúid íocaíochta, gnóthas árachais, institiúid ríomh-airgid nó institiúid um sholáthar pinsean ceirde, atá údaraithe sa Bhallstát sin:
(a)is fochuideachta di nó dó é;
(b)is fochuideachta é de mháthairghnóthas an eintitis sin; nó
(c)tá sé á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn an t‑eintiteas sin.
6.Sula ndéanann siad údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a dheonú nó a dhiúltú, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
(a)féadfaidh siad dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, agus aonaid um fhaisnéis airgeadais an Bhallstáit baile, chun a fhíorú nach raibh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir ina ábhar d’imscrúdú ar iompar a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta;
(b)féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta an Bhallstáit baile, chun a áirithiú go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir a oibríonn bunaíochtaí nó a bhraitheann ar thríú páirtithe atá bunaithe i dtríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 26(2), 45(3) agus 45(5) den Treoir sin;
(c)i gcás inarb iomchuí, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit baile maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta chun a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta iomchuí curtha i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir chun forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear [Airteagal 18a(1) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849] a chomhlíonadh.
7.I gcás ina bhfuil dlúthnaisc idir an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ní dheonóidh ESMA údarú ach amháin mura gcuireann na naisc sin cosc ar fheidhmiú éifeachtach a fheidhmeanna maoirseachta.
8.Diúltóidh ESMA údarú i gcás ina ndéantar, le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó a bhfuil dlúthnaisc ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir leis nó leo, nó ag a bhfuil deacrachtaí a bhaineann lena bhforfheidhmiú, cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach a fheidhmeanna maoirseachta.
9.Déanfaidh ESMA, laistigh de 40 lá oibre ón dáta a fhaightear an t‑iarratas comhlánaithe, measúnú i dtaobh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir an Teideal seo agus glacfaidh siad cinneadh lán‑réasúnaithe lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní. Tabharfaidh ESMA fógra don iarratasóir faoina chinneadh laistigh de 5 lá oibre ó dháta an chinnidh sin. Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí cripteashócmhainní a bheartaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir a sholáthar.’;
(c)Cuirtear an mhír 9a seo a leanas isteach:
‘9a. Féadfaidh ESMA, le linn na tréimhse measúnaithe dá bhforáiltear i mír 9, agus tráth nach déanaí ná an 20ú lá oibre den tréimhse sin, aon fhaisnéis bhreise is gá a iarraidh chun an measúnú a thabhairt i gcrích. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn chuig an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir agus sonrófar inti an fhaisnéis bhreise is gá.
Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe faoi mhír 9 ar fionraí don tréimhse idir dáta na hiarrata ar fhaisnéis atá in easnamh ó ESMA agus an dáta a bhfaighidh ESMA freagra ina leith ón soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir. Ní rachaidh an tréimhse fionraí thar 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag ESMA aon iarraidh bhreise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe faoi mhír 9 ar fionraí dá mbarr.’;
(d)i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Diúltóidh ESMA údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcás ina bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann:’;
(e)scriostar míreanna 11 agus 12;
(f)i mír 13, scriostar an chéad dá abairt;
(6)leasaítear Airteagal 64 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2, 3 agus 4:
1.‘Tarraingeoidh ESMA siar an t‑údarú dá dtagraítear in Airteagal 63 ó sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal [39h(2)] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus ina theannta sin, má dhéanann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)níor úsáid sé a údarú laistigh de 12 mhí ó dháta an údaraithe;
(b)níor sholáthair sé seirbhísí cripteashócmhainní ar feadh 9 mí as a chéile;
(c)níl córais, nósanna imeachta ná socruithe éifeachtacha i bhfeidhm aige chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhrath agus a chosc i gcomhréir le [Treoir (AE) 2015/849];
2.Féadfaidh ESMA údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)chuir an t‑údarás inniúil ábhartha do mhaoirseacht a dhéanamh ar [Threoir (AE) 2015/849] in iúl dó gur sháraigh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear [Treoir (AE) 2015/849];
(b)chaill an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a údarú mar institiúid íocaíochta nó a údarú mar institiúid ríomh-airgid, agus níor éirigh leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin an cás a leigheas laistigh de 40 lá féilire.
3.I gcás ina dtarraingeoidh ESMA údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní siar, cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 109.
4.Féadfaidh ESMA tarraingt siar an údaraithe a theorannú do sheirbhís cripteashócmhainní áirithe.’
(b)scriostar mír 5.
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:
‘6. Sula ndéantar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar, féadfaidh ESMA dul i gcomhairle leis an údarás atá inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
7. Féadfaidh ÚBE agus údaráis inniúla na mBallstát ina soláthraíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní a iarraidh tráth ar bith go scrúdódh ESMA an gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní fós na coinníollacha faoinar deonaíodh an t‑údarú faoi Airteagal 63, nuair atá forais amhrais ann go bhféadfadh sé nach amhlaidh an cás a thuilleadh.’
(7)leasaítear Airteagal 65 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:
‘Seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar i mBallstáit nach an Ballstát baile iad’
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:
‘Cuirfidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear de bhun Airteagal 63 a bhfuil sé beartaithe aige seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar san Aontas an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid ESMA:’;
(ii)cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Cuirfidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ESMA ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna cur isteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:
‘2. Déanfaidh ESMA, laistigh de 10 lá oibre ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar agus do ÚBE.
3. Cuirfidh ESMA an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann ar an eolas faoin gcumarsáid dá dtagraítear i mír 2 gan mhoill.
4. Féadfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní tús a chur le seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar ón dáta a fhaightear an chumarsáid dá dtagraítear i mír 3 nó ar a dhéanaí an 15ú lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach.’;
(8)leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. I gcás inar dócha go ndéanfaidh an tionchar a fheidhmíonn na scairshealbhóirí nó na comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní dochar do bhainistiú fónta agus stuama an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin, déanfaidh ESMA bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.’;
(b)i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte sa chéad fhomhír:
‘8. Beidh sásraí, córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/2554, chomh maith le nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha le haghaidh measúnú riosca, chun forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear [Treoir (AE) 2015/849] a chomhlíonadh ina mBallstát baile.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
‘9. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní socrú chun taifead a choinneáil ar na seirbhísí, gníomhaíochtaí, orduithe agus idirbhearta cripteashócmhainní uile a dhéanann siad. Beidh na taifid sin leordhóthanach chun cur ar a chumas do ESMA a gcúraimí maoirseachta a chomhlíonadh agus bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, agus go háirithe chun a fhionnadh cibé a chomhlíon nó nár chomhlíon soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na hoibleagáidí uile lena n‑áirítear na hoibleagáidí a bhaineann le cliaint nó cliaint ionchasacha agus le sláine an mhargaidh.
Déanfar na taifid a choimeádtar de bhun na chéad fhomhíre a sholáthar do chliaint arna iarraidh sin agus coimeádfar iad ar feadh tréimhse 5 bliana agus, i gcás ina n‑iarrfaidh na húdaráis inniúla nó ESMA é le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear de bhun Airteagal 63, sula mbeidh 5 bliana caite, ar feadh tréimhse suas le 7 mbliana.’
(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil agus Airteagail 69:
‘Faisnéis le cur ar fáil do ESMA
Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní fógra do ESMA faoi aon athrú ar a gcomhlacht bainistíochta, sula bhfeidhmeoidh aon chomhalta nua gníomhaíochtaí, agus cuirfidh siad an fhaisnéis uile atá riachtanach ar fáil do ESMA chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá Airteagal 68 á chomhlíonadh.’
(10)leasaítear Airteagal 73 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (d):
‘(d) comhoibreoidh tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú le ESMA agus ní chuirfidh an seachfhoinsiú cosc ar fheidhmeanna maoirseachta ESMA a fheidhmiú, lena n‑áirítear rochtain ar an láthair chun aon fhaisnéis ábhartha a fháil is gá chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;’
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus tríú páirtithe an fhaisnéis uile atá riachtanach do ESMA agus do na húdaráis eile lena mbaineann ar fáil, arna iarraidh sin, ar faisnéis í lena gcumasaítear na húdaráis sin chun comhlíonadh cheanglais an Teidil seo ag na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a mheas.’;
(11)leasaítear Airteagal 76 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní ESMA agus a n‑údarás inniúil, murab é ESMA é, ar an eolas nuair a shainaithníonn siad cásanna de dhrochúsáid margaidh nó d’iarracht ar dhrochúsáid margaidh a tharlaíonn ar a gcórais trádála nó trína gcórais trádála.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:
’15. Coinneoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú i gcripteashócmhainní a fhógraítear trína gcórais ar fáil do ESMA agus dá n‑údarás inniúil, murab é ESMA é, ar feadh cúig bliana ar a laghad, nó tabharfaidh siad rochtain do ESMA agus dá n‑údarás inniúil, murab é ESMA é, ar an leabhar orduithe ionas go mbeidh ESMA agus a n‑údarás inniúil in ann faireachán a dhéanamh ar an ngníomhaíocht trádála. Beidh saintréithe an ordaithe sna sonraí ábhartha sin, lena n‑áirítear na saintréithe sin a nascann ordú leis na hidirbhearta forghníomhaithe a eascraíonn as an ordú sin.’;
(12)In Airteagal 81(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Foilseoidh ESMA na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar eolas agus inniúlacht den sórt sin.’;
(13)In Airteagal 84, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Ní fhorchuirfidh ESMA aon réamhchoinníoll maidir le leibhéal an tsealúchais cháilithigh a cheanglaítear a fháil faoin Rialachán seo ná an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.’;
(14)scriostar Airteagal 85;
(15)leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:
(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Beidh socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm ag aon duine a dhéanann idirbhearta i gcripteashócmhainní a shocrú nó a fhorghníomhú go gairmiúil chun drochúsáid margaidh a chosc agus a bhrath. Tuairisceoidh an duine sin gan mhoill do ESMA aon amhras réasúnach maidir le hordú nó idirbheart, lena n‑áirítear aon chealú nó modhnú air, agus gnéithe eile d’fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte amhail an sásra comhthola, i gcás ina bhféadfadh imthosca a bheith ann lena léirítear go ndearnadh drochúsáid mhargaidh, go bhfuil drochúsáid mhargaidh á déanamh nó gur dócha go ndéanfar drochúsáid mhargaidh.
Tarchuirfidh ESMA an fhaisnéis sin láithreach chuig aon údarás inniúil ábhartha eile.’;
(b)Scriostar mír 3;
(16)in Airteagal 93 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh i ndáil le tairgeoirí, daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha agus comharthaí ríomh-airgid chun a dtrádála, eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha agus eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid. Tabharfaidh na Ballstáit fógra do ÚBE agus do ESMA maidir leis na húdaráis inniúla sin.’;
(17)in Airteagal 94, scriostar mír 3;
(18)leasaítear Airteagal 102 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘1. I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe amhrais ag údarás inniúil Ballstáit óstaigh go bhfuil neamhrialtachtaí i ngníomhaíochtaí tairgeora nó duine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainní isteach chun a dtrádála, eisitheora comhartha sócmhainn‑tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, cuirfidh sé é sin in iúl go pras d’údarás inniúil an Bhallstáit baile agus do ESMA.
I gcás ina bhfuil ESMA freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán a dhéanamh i leith soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile nó an Bhallstáit óstaigh, a bhfuil forais shoiléire agus inléirithe aige le bheith in amhras maidir le neamhrialtachtaí i ngníomhaíochtaí soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní den sórt sin, ESMA a chur ar an eolas.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Más rud é, d’ainneoin na mbeart a dhéanann údarás inniúil an Bhallstáit baile, nó ESMA, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil na neamhrialtachtaí dá dtagraítear i mír 1 ann i gcónaí, ar sárú iad ar an Rialachán seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh nó an Bhallstáit baile, de réir mar a bheidh sa chás sin, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile, ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ÚBE a chur ar an eolas, bearta iomchuí chun cliaint soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus sealbhóirí cripteashócmhainní a chosaint, go háirithe sealbhóirí miondíola. Na bearta sin, ba cheart iad a dhéanamh mar rogha dheireanach agus áirítear orthu cosc a chur ar an tairgeoir, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, eisitheoir an chomhartha sócmhainn‑tagartha nó comhartha ríomh-airgid nó an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach. Cuirfidh an t‑údarás inniúil ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ÚBE ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh ESMA, agus i gcás ina bhfuil sé rannpháirteach, ÚBE, an Coimisiún ar an eolas dá réir sin gan moill mhíchuí.’;
(c)i mír 3, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘I gcás ina n‑easaontaíonn ESMA le haon cheann de na bearta a rinne údarás inniúil Ballstáit baile nó Ballstáit óstaigh i ndáil le soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ábhar.’;
(19)in Airteagal 109(5), scriostar pointe (c);
(20)In Airteagal 111(1), scriostar pointí (e) agus (f);
(21)in Airteagal 119, leasaítear mír 2 mar seo a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) údaráis inniúla na n‑institiúidí creidmheasa nó na ngnólachtaí infheistíochta is ábhartha a áirithíonn cumhdach na gcúlsócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 37 nó cumhdach na gcistí a fhaightear mar mhalairt ar na comharthaí ríomh-airgid suntasacha;’;
(b)scriostar pointe (e);
(22)cuirtear isteach an Chaibidil 6 seo a leanas i dTeideal VII:
‘CAIBIDIL 6
Freagrachtaí, cumhachtaí agus inniúlachtaí maoirseachta ESMA maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
Airteagal 138a
Freagrachtaí maoirseachta ESMA i ndáil le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
1.Beidh ESMA freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán a dhéanamh maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear de bhun Airteagal 63.
2.Beidh ESMA freagrach as maoirseacht leanúnach agus as na feidhmeanna agus na dualgais mhaoirseachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh, chomh maith leis na feidhmeanna agus na dualgais mhaoirseachta dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais le haghaidh eintitis a bhfuil cead acu seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar de bhun Airteagal 60(2) go (6), arb é a bpríomhghníomhaíocht é seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar.
Measfar go bhfuil seirbhísí cripteashócmhainní á soláthar ag eintiteas mar a phríomhghníomhaíocht i gcás ina ngintear níos mó ná 50 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán, de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil agus a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, ó sholáthar seirbhísí cripteashócmhainní, ar feadh 2 bhliain as a chéile ar a laghad.
I gcás na n‑eintiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ESMA comhaontuithe comhair leis na húdaráis inniúla a d’údaraigh na heintitis sin faoi ghníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Ar bhonn an chomhaontaithe comhair, cuirfidh na húdaráis inniúla sin tacaíocht agus cúnamh ar fáil do ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.
3.Chun maoirseacht ar ghníomhaíochtaí a áirithiú faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2009/110/CE, Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE dá bhforáiltear i mír 2, tabharfar do ESMA na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla de bhun Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2009/110/CE, Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE, faoi seach.
Airteagal 138b
Iarraidh ar fhaisnéis ó ESMA
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal [39b] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh ESMA, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a cheangal ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal [39b(1)] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, nó ar na daoine seo a leanas, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun é a chur ar a chumas do ESMA a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo:
(a)soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó duine ag a bhfuil soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní á rialú go díreach nó go hindíreach;
(b)ionadaithe dlíthiúla agus fostaithe eintiteas a bhfuil socrú seachfhoinsithe dá dtagraítear in Airteagal 73 ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní dóibh;
(c)daoine a áirithíonn cumhdach sócmhainní cliant;
(d)aon duine a bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí cripteashócmhainní an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;
(e)comhlacht bainistíochta na ndaoine dá dtagraítear i bpointí (a) go pointe (d).
Airteagal 138c
Malartú faisnéise le ESMA
1.Chun dualgais mhaoirseachta ESMA faoi Airteagal 138a a thabhairt i gcrích agus gan dochar d’Airteagal 96, déanfaidh ESMA agus na húdaráis inniúla eile, ar iarraidh a fháil, an fhaisnéis is gá chun a gcuid dualgas a thabhairt i gcrích faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile gan moill mhíchuí. Chun na críche sin, malartóidh na húdaráis inniúla eile agus ESMA aon fhaisnéis a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a)soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó duine ag a bhfuil soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní á rialú go díreach nó go hindíreach;
(b)ionadaithe dlíthiúla agus fostaithe eintiteas a bhfuil socrú seachfhoinsithe dá dtagraítear in Airteagal 73 ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní dóibh;
(c)daoine a áirithíonn cumhdach sócmhainní cliant;
(d)aon duine a bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí cripteashócmhainní an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;
(e)comhlacht bainistíochta na ndaoine dá dtagraítear i bpointí (a) go pointe (d).
2.Ní fhéadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis a mhalartú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ná de bhun iarraidh ar chomhar maidir le himscrúdú nó cigireacht ar an láthair a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagail 138d agus 138e, faoi seach, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)gur dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ar a imscrúdú féin, ar a ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin nó, i gcás inarb ábhartha, ar a imscrúdú coiriúil má chomhlíonann sé an iarraidh;
(b)go ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna os comhair chúirteanna an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chuige;
(c)gur tugadh breithiúnas críochnaitheach maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin de dheasca na ngníomhaíochtaí céanna sin sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh sin chuige.
Airteagal 138d
Comhaontuithe riaracháin maidir le faisnéis a mhalartú idir ESMA agus tríú tíortha
1.Chun a fhreagrachtaí maoirseachta a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 138a, ní fhéadfaidh ESMA comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla de chuid tríú tíortha ach amháin má tá an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2.Beidh an malartú faisnéise ann ar mhaithe le comhlíonadh chúraimí ESMA nó chúraimí na n‑údarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1.
3.Maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír, cuirfidh ESMA Rialachán (AE) 2018/1725 i bhfeidhm.
Airteagal 138e
Faisnéis ó thríú tíortha á nochtadh ag ESMA
1.Ní fhéadfaidh ESMA an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta tríú tíortha a nochtadh ach amháin más rud é go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag ESMA nó ag an údarás inniúil a thug an fhaisnéis do ESMA ón údarás maoirseachta de chuid tríú tír a tharchuir an fhaisnéis agus, i gcás inarb infheidhme, gur chun na gcríoch dár thug an t‑údarás maoirseachta sin a chomhaontú amháin a nochtfar an fhaisnéis nó i gcás ina bhfuil nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí breithiúnacha.
2.An ceanglas maidir le comhaontú sainráite dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le húdaráis mhaoirseachta eile de chuid an Aontais i gcás ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis a iarrann siad chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus ní bheidh feidhm aige maidir leis na cúirteanna ina bhfuil an fhaisnéis a iarrann siad ag teastáil le haghaidh imscrúduithe nó imeachtaí i dtaca le sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla.
Airteagal 138f
Comhar ESMA le húdaráis eile
I gcás ina dtéann soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní i mbun gníomhaíochtaí seachas na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear leis an Rialachán seo, comhoibreoidh ESMA leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí eile sin dá bhforáiltear i ndlí ábhartha an Aontais nó sa dlí ábhartha náisiúnta, lena n‑áirítear údaráis chánach agus údaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha.
Airteagal 138g
Bearta maoirseachta ESMA
1.Chun a dhualgais a chomhlíonadh faoi Theidil V agus VI den Rialachán seo, beidh ESMA in ann, sa bhreis ar na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal [39h] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, na bearta maoirseachta seo a leanas a dhéanamh:
(a)cumarsáid mhargaíochta a chur ar fionraí nó a thoirmeasc i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
(b)ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ábhartha cumarsáidí margaíochta a scor nó a chur ar fionraí, go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
(c)toirmeasc a chur ar sholáthar seirbhísí cripteashócmhainní i gcás ina gcinneann ESMA go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
(d)an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, nó a chur de cheangal ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní í a nochtadh, ar faisnéis í a bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar sholáthar na seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann, chun cosaint leasanna cliant, go háirithe cliaint miondíola, nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;
(e)trádáil na gcripteashócmhainní a chur ar fionraí, nó a cheangal ar an soláthraí ábhartha seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn an t‑ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní trádáil na gcripteashócmhainní a chur ar fionraí, i gcás ina measann ESMA go bhfuil staid an tairgeora, an duine atá ag iarraidh go ligfí cripteashócmhainn isteach chun a trádála nó an eisitheora comhartha sócmhainn‑tagartha nó comhartha ríomh-airgid de chineál a fhágann go ndéanfaí dochar do leasanna sealbhóirí cripteashócmhainní, go háirithe sealbhóirí miondíola, leis an trádáil sin;
(f)soláthar seirbhísí cripteashócmhainní a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an soláthar a chur ar fionraí i gcás ina measann ESMA go bhfuil staid an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní de chineál a fhágann go ndéanfar dochar do leasanna cliant, go háirithe cliaint miondíola;
(g)a cheangal go n‑aistreofar conarthaí atá ann cheana chuig soláthraí eile seirbhísí cripteashócmhainní i gcásanna ina dtarraingeofar siar údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 64, faoi réir comhaontú a fháil ó na cliaint agus ón soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a bhfuil na conarthaí le haistriú chucu;
(h)i gcás ina bhfuil cúis lena cheapadh go bhfuil duine ag soláthar seirbhísí cripteashócmhainní gan údarú, scor láithreach den ghníomhaíocht a ordú gan réamhrabhadh a thabhairt ná sprioc-am a fhorchur;
(i)i gcás nach mbeidh aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun an scor den sárú ar an Rialachán seo a áirithiú agus chun an riosca go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do leasanna cliant soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sheachaint, na bearta uile is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear trína iarraidh ar thríú páirtí nó ar údarás poiblí bearta den sórt sin a chur chun feidhme, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i) inneachar a bhaint nó rochtain a shrianadh ar chomhéadan ar líne nó a ordú go gcuirfí rabhadh ar taispeáint go sainráite a bheadh le feiceáil ag cliaint agus ag sealbhóirí cripteashócmhainní agus iad ag rochtain comhéadan ar líne;
(ii) a ordú do sholáthraí seirbhísí óstála rochtain ar chomhéadan ar líne a bhaint, a chur as feidhm, nó a shrianadh; nó
(iii) a ordú do chlárlanna fearann nó do chláraitheoirí fearann ainm fearainn láncháilithe a scriosadh agus a cheadú don údarás inniúil lena mbaineann é a chlárú;
2.Chun a chuid dualgas a dhéanamh faoi Theideal VI, beidh ag ESMA na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, sa bhreis ar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1:
(a)ábhair a tharchur i gcomhair ionchúiseamh coiriúil;
(b)a mhéid a cheadaítear é faoin dlí náisiúnta sa Bhallstát ina ndéantar an t‑imscrúdú, taifid atá ann cheana ar thrácht sonraí atá i seilbh oibreora teileachumarsáide a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le sárú agus i gcás ina bhféadfadh taifid den sórt sin a bheith ábhartha maidir leis an imscrúdú ar shárú ar Airteagail 88 go 91;
(c)toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtadh;
(d)na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an t‑eolas ceart ag an bpobal, inter alia, trí fhaisnéis nochta atá bréagach nó míthreorach a cheartú, lena n‑áirítear trína chur de cheangal ar thairgeoir, ar dhuine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, ar eisitheoir, ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó ar dhuine eile a d’fhoilsigh nó a scaip faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.
Airteagal 138h
Fíneálacha a fhorchuireann ESMA
1.Glacfaidh ESMA cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le míreanna 3 nó 4 den Airteagal seo más rud é, i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal [39e] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go gcinnfidh sé go ndearna soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó comhalta dá chomhlacht bainistíochta, nó aon duine eile, d’aon ghnó nó le faillí, sárú mar a liostaítear in Iarscríbhinn VII.
Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar fhachtóirí oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin nó comhalta dá chomhlacht bainistíochta nó aon duine eile d’aon turas chun an sárú a dhéanamh.
2.Agus cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á ghlacadh aige, cuirfidh ESMA na himthosca ábhartha uile san áireamh, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas:
(a)tromchúis, fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)a chinneadh an ndearnadh coir airgeadais, ar éascaíodh coir airgeadais nó an bhfuil coir airgeadais inchurtha ina leith ar bhealach eile;
(c)ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta, beartais agus bearta bainistithe riosca an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;
(d)a chinneadh cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(e)leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;
(f)láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(g)tionchar an tsáraithe ar leasanna cliant soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;
(h)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach, nó tábhacht na gcaillteanas do thríú páirtithe mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(i)leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú le ESMA, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé, a áirithiú;
(j)sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ar an Rialachán seo ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú;
(k)bearta a rinne an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní tar éis an tsáraithe chun athdhéanamh sáraithe den sórt sin a chosc.
3.Beidh sé de chumhacht ag ESMA, i ndáil le sáruithe a dhéanann daoine dlítheanacha, fíneálacha riaracháin uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad a fhorchur:
(a)EUR 5 000 000, nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an [XX dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] i gcás na sáruithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, míreanna 1 go 78, nó 5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, i gcás na sáruithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, míreanna 1 go 78, cibé acu is airde;
(b)EUR 2 500 000 i gcás na sáruithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, mír 79, nó 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, nó sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an [XX dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin], cibé acu is airde;
(c)EUR 15 000 000 i gcás na sáruithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, míreanna 80 go 86, nó 15 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, nó sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an [XX dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin], cibé acu is airde.
I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha is infheidhme an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
4.Beidh sé de chumhacht ag ESMA, i ndáil le sáruithe a dhéanann daoine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad a fhorchur:
(a)EUR 700 000, nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an [XX dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin], i gcás na sáruithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, míreanna 1 go 78;
(b)EUR 1 000 000 i gcás sáruithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, mír 79 nó sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an [XX dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin]; agus
(c)EUR 5 000 000 i gcás sáruithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, míreanna 80 go 86 nó sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an [XX dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin].
Airteagal 138i
Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ESMA
1.Déanfaidh ESMA gach fíneáil a forchuireadh de bhun Airteagal 138l a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do chobhsaíocht airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sonraí pearsanta sa nochtadh sin.
2.Fíneálacha de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha a ghearrfar de bhun Airteagal 138l.
3.Beidh na fíneálacha a forchuireadh de bhun Airteagal 138l infhorfheidhmithe i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a fhorfheidhmítear an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.Déanfar méideanna na bhfíneálacha a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais.
5.Más rud é, d’ainneoin Airteagal 138l, go gcinnfidh ESMA gan fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh.
Airteagal 138j
Táillí maoirseachta le haghaidh ESMA
1.Gearrfaidh ESMA táillí ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus leis an ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 3. Cumhdófar leis na táillí aisíocaíocht costas a d’fhéadfadh údaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre faoin Rialachán seo, go háirithe mar thoradh ar thacaíocht a thabhairt do ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 138a(2).
2.Beidh méid na táille a ghearrfar ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní aonair comhréireach le láimhdeachas an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus cumhdóidh sé na costais uile a thabhaigh ESMA agus a chúraimí maoirseachta á gcomhlíonadh aige faoin Rialachán seo.
3.Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 139 faoin [12 mhí roimh an teacht i bhfeidhm] chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar an gcineál táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad agus an mhodheolaíocht chun an t‑uasmhéid in aghaidh an eintitis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo is féidir le ESMA a ghearradh a ríomh.
(23)leasaítear Airteagal 139 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 43(11), 103(8), 104(8), 105(7), 134(10), 137(3) agus 138j(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 12 mhí ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 36 mí, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 43(11), 103(8), 104(8), 105(7), 134(10), 137(3) agus 138j(3) a chúlghairm aon tráth. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 43(11), 103(8), 104(8), 105(7), 134(10), 137(3) agus 138j(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;
(24)Cuirtear isteach an tAirteagal 143a seo a leanas:
‘Airteagal 143a
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ESMA
1.Na freagrachtaí, na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 138a, a tugadh do na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 93 roimh an [dáta teacht i bhfeidhm], nó faoi seach, roimh an dáta a shainaithnítear eintiteas mar eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní mar a phríomhghníomhaíocht, is cuma má tá siad ag gníomhú mar údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó nach bhfuil, déanfar iad a fhoirceannadh an [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] nó, faoi seach, tar éis don eintiteas sin a bheith sainaitheanta mar eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní mar a phríomhghníomhaíocht. Glacfaidh ESMA leis na hinniúlachtaí agus na dualgais arna dtabhairt do ESMA de bhun Airteagal 138a ar an dáta sin.
Mar sin féin, ní dhéanfar iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní de bhun Airteagal 62 a fuair údaráis inniúla an Bhallstáit baile roimh an [dáta teacht i bhfeidhm] a aistriú chuig ESMA, agus is iad na húdaráis inniúla sin a dhéanfaidh an cinneadh an t‑údarú sin a dheonú nó a dhiúltú.
2.Gan dochar don dara fomhír de mhír 1, aon chomhad nó aon doiciméad oibre a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin, lena n‑áirítear aon scrúdú, imscrúdú agus gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóip deimhnithe díobh, glacfaidh ESMA ar láimh iad an [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, go ndéanfar aon taifead atá ann cheana nó aon doiciméad oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ESMA a luaithe is féidir agus in aon chás faoin [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ESMA chun go n‑éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin.
4.Ón [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomhóidh ESMA mar chomharba dlíthiúil na n‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, in aon imeacht riaracháin nó breithiúnach a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i ndáil le hábhair a thagann faoin Rialachán seo.
5.Maidir le haon údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, a dhéanann údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo i gcomhréir le Caibidil I de Theideal V, beidh sé bailí fós tar éis aistriú na n‑inniúlachtaí chuig ESMA.’;
(25)Cuirtear Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo mar Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1114.
Airteagal 10
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar a leanas:
(1)in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus in ionad na chéad dá fhomhír de mhír 2:
‘1. Gearrfaidh ESMA táillí ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus leis an rialachán ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2.
2. Glacfaidh an Coimisiún rialachán maidir le táillí. Cinnfear leis an rialachán sin go háirithe cineál na dtáillí agus na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad.
Maidir le méid na táille a ghearrtar ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa, beidh sé comhréireach le láimhdeachas na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann.’;
(2)in Airteagal 21, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:
‘1a.
Tabharfar do ESMA na cumhachtaí is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Úsáidfidh ESMA na cumhachtaí sin ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus, i gcás ina sonraítear amhlaidh faoin Rialachán seo, ar pháirtithe gaolmhara.’;
(3)Scriostar Airteagal 23a, Airteagal 23b, Airteagal 23c, Airteagal 23d agus Airteagal 23e;
(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:
‘1. D’fhonn a dhualgais a chomhlíonadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, gníomhóidh ESMA i gcomhréir le hAirteagal 39h de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus ina theannta sin tabharfar de chumhacht dó an cinneadh seo a leanas a dhéanamh:
(a) chun críocha rialála, úsáid na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chur ar fionraí, ar fionraí í a bheidh infheidhme ar fud an Aontais, go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú;
2. Sula ndéanfaidh an tÚdarás na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1 d’Airteagal 39h de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, cuirfidh sé ÚBE agus ÚEÁPC ar an eolas faoi. Aon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 agus mhír 1 d’Airteagal 39h de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, cuirfear an méid sin in iúl do ÚBE agus ÚEÁPC.
3. Féadfar leanúint de rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialála tar éis ghlacadh na gcinntí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 nó de réir Airteagal 39h(1), pointí (a) agus (b) nó Airteagal 39h(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ar feadh tréimhse nach faide ná:
(a) 10 lá oibre ón dáta a bpoiblítear cinneadh ESMA más rud é go bhfuil rátálacha creidmheasa den ionstraim airgeadais chéanna nó den eintiteas céanna a eisíonn gníomhaireachtaí eile rátála creidmheasa cláraithe faoin Rialachán seo; nó
(b) 3 mhí ón dáta a bpoiblítear cinneadh ESMA, más rud é nach bhfuil rátálacha creidmheasa den ionstraim airgeadais chéanna nó den eintiteas céanna a eisíonn gníomhaireachtaí eile rátála creidmheasa cláraithe faoin Rialachán seo.
Féadfaidh ESMA an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a fhadú 3 mhí, lena n‑áirítear tar éis iarraidh a fháil ó ÚBE nó ÚEÁPC, in imthosca eisceachtúla a bhaineann leis an bhféidearthacht go mbeadh suaitheadh sa mhargadh nó éagobhsaíocht airgeadais ann.’;
(5)scriostar Airteagal 25;
(6)in Airteagal 36a cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 39e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go gcinneann Bord Feidhmiúcháin ESMA go ndearna gníomhaireacht rátála creidmheasa, d’aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil i gcomhréir le mír 2.’;
(7)Scriostar Airteagail 36b, 36c, 36d agus 36e.
Airteagal 11
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1011
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:
(1)scriostar Airteagail 48a go 48e;
(2)leasaítear Airteagal 48f mar a leanas:
(a)scriostar mír 1;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘D’ainneoin Airteagal 39f de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, EUR 250 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála a ghearrfar i gcás sáruithe ar phointe (d) d’Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4) nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta de réir an ráta tagartha malairte eachtraí euro a fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach a mbeidh feidhm aige ar an dáta a forchuireadh an fhíneáil nó 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde i gcás daoine dlítheanacha, agus EUR 100 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta de réir an ráta tagartha malairte eachtraí euro a fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach a mbeidh feidhm aige ar an dáta a forchuireadh an fhíneáil ar dhaoine nádúrtha.
Chun críocha Airteagal 39f, mír 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.’;
(c)scriostar míreanna 3 agus 4;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1) san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 39f de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus den Airteagal seo agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.’;
(3)scriostar Airteagail 48g go 48k;
(4)in Airteagal 48l cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), i gcomhréir le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo.
2. Beidh méid na táille aonair a ghearrfar ar riarthóir comhréireach le láimhdeachas an riarthóra.’;
Airteagal 12
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2402
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Déanfar na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM i gcomhréir le hAirteagail [39a go 39m] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Airteagail 64, 65, 73 agus 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dteannta Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis, a fheidhmiú i ndáil leis an Rialachán seo chomh maith. Déanfar tagairtí d’Airteagal 81(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo.’;
(b)scriostar mír 2.
(2)in Airteagal 16, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:
‘1. Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
Beidh na táillí sin comhréireach le láimhdeachas an stóir urrúsúcháin lena mbaineann. A mhéid a thagraíonn Airteagal 14(1) den Rialachán seo d’Airteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfar tagairtí d’Airteagal 72(3) den Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí do mhír 2 den Airteagal seo.’;
Airteagal 13
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/2631
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/2631 mar a leanas:
(1)in Airteagal 42 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo (‘an t‑athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige’) comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 23 go 38 den Rialachán seo agus in Airteagail 39b go 39d de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
(1)i gCaibidil II, cuirtear isteach Airteagal 53a:
‘Airteagal 53a
Cumhachtaí ESMA
Tabharfar na cumhachtaí is gá do ESMA chun a fheidhmeanna a fheidhmiú ar athbhreithneoirí seachtracha le haghaidh Bannaí Glasa Eorpacha faoi Rialachán (AE) 2023/2631 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Úsáidfidh ESMA na cumhachtaí sin ar athbhreithneoirí seachtracha agus, i gcás ina sonraítear sin, faoi Rialachán 2023/2631, ar pháirtithe gaolmhara.’;
(2)scriostar Airteagail 54 go 57;
(3)scriostar Airteagal 59;
(4)in Airteagal 60 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Glacfaidh ESMA cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 63(8), go gcinnfidh sé go ndearna athbhreithneoir seachtrach nó aon duine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 39b(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, d’aon ghnó nó le faillí, ceann amháin nó níos mó de na sáruithe seo a leanas:
(a)
neamhchomhlíonadh Airteagal 24(1) nó aon fhorála de Theideal IV, Caibidlí 2 agus 3;
(b)
ráitis bhréagacha a chur isteach agus iarratas á dhéanamh ar chlárú mar athbhreithneoir seachtrach, nó úsáid a bhaint as aon mhodh neamhrialta eile chun clárú den sórt sin a fháil;
(c)
gan faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena gceanglaítear faisnéis de bhun Airteagal 39b de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, nó faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagairt ar iarraidh ar fhaisnéis nó ar chinneadh;
(d)
bac a chur ar imscrúdú nó neamhchomhlíonadh imscrúdaithe de bhun Airteagal 39c de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(e)
neamhchomhlíonadh Airteagal 39d de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, mar nár tugadh míniú i dtaca le fíorais nó doiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir imscrúdaithe, nó mar gur tugadh míniú mícheart nó míthreorach;
(f)
dul i mbun gníomhaíocht athbhreithneoirí seachtracha nó a mhaíomh gur athbhreithneoir seachtrach é, gan bheith cláraithe mar athbhreithneoir seachtrach.
Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar fhachtóirí oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
2. Gan dochar do mhír 3, beidh íosmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 cothrom le EUR 20 000. Beidh an t‑uasmhéid cothrom le EUR 200 000.
Cuirfidh ESMA na critéir a leagtar amach in Airteagal 39h de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 san áireamh le linn don leibhéal fíneála a chinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.’;
(5)scriostar Airteagail 61 go 65;
(6)in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:
‘1. Gearrfaidh ESMA táillí ar athbhreithneoirí seachtracha as an gcaiteachas a bhaineann lena gclárú, lena n‑aitheantas agus lena maoirseacht agus as aon chostas a d’fhéadfadh ESMA a thabhú agus a chúraimí á ndéanamh aige faoin Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2. Beidh aon táille comhréireach le láimhdeachas an athbhreithneora sheachtraigh lena mbaineann.’;
(7)in Airteagal 67 mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):
‘(b)
athbhreithneoirí seachtracha a bhfuil toirmeasc sealadach orthu a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 39h de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(c)
athbhreithneoirí seachtracha ar tarraingíodh siar a gclárú i gcomhréir le hAirteagal 39h de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;’.
Airteagal 14
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2024/3005
Leasaítear Rialachán (AE) 2024/3005 mar a leanas:
(1)in Airteagal 29, cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:
‘2a. Tabharfar na cumhachtaí is gá do ESMA chun a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2024/3005 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Úsáidfidh ESMA na cumhachtaí sin ar sholáthraithe rátála ESG agus, i gcás ina sonraítear sin faoi Rialachán (AE) 2024/3005, ar pháirtithe gaolmhara.’;
(2)scriostar Airteagail 31 go 34;
(3)leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:
‘1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoi Rialachán (AE) 2024/3005, tabharfar de chumhacht do ESMA na cinntí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 39h(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2. Ina theannta sin, féadfaidh ESMA ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 39h(1), pointí (b) go (l), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a dhéanamh i leith aon soláthraí rátála ESG atá ag oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1):’;
(b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. Féadfaidh ESMA fógra poiblí a eisiúint dá dtagraítear in Airteagal 39h(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i gcás ina bhfuil gníomhaíocht rátála ESG de chuid soláthraí rátála ESG atá ag oibriú san Aontas ina bagairt thromchúiseach ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí san Aontas.
Chun a fhíorú an bhfuil duine ag oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1), féadfaidh ESMA na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagail 39b, 39c agus 39d de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a úsáid i leith an duine lena mbaineann nó i leith aon tríú páirtí a chuireann ar a chumas don duine lena mbaineann an ghníomhaíocht rátála ESG a dhéanamh.’;
(c)scriostar míreanna 3 go 6.
(4)leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. I gcás ina gcinnfidh ESMA go ndearna soláthraí rátála ESG, nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí dlíthiúil, sárú faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 39f de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2. Maidir leis an soláthraí rátála ESG dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta máthairghnóthais a bhfuil sé de cheangal air nó uirthi cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE é, beidh ríomh na fíneála bunaithe ar an nglanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha, arb é a bheidh ann an glanláimhdeachas bliantúil iomlán, nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme i réimse na cuntasaíochta, de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.’;
(b)scriostar míreanna 3 agus 4;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. I gcás inar mó ná sárú amháin ar an Rialachán seo gníomh nó neamhghníomh soláthraí rátála ESG, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde arna ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 39f de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.’;
(5)scriostar Airteagail 37 go 41.
(6)leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Gearrfaidh ESMA táillí comhréireacha ar sholáthraithe rátála ESG i gcomhréir le hAirteagal 39n de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 2:
Faoin 2 Eanáir 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an t‑údarú faoi seach agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú. Bunófar leis na gníomhartha tarmligthe sin táillí atá comhréireach agus iomchuí maidir le méid na soláthraithe rátála ESG agus le méid a maoirseachta, go háirithe nuair a dhéantar iad a aicmiú mar sholáthraithe rátála ESG beaga.’.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] cé is moite de phointe (33).
Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cé is moite de phointe (15) a mhéid a bhaineann le hAirteagail 22a(2) agus 22a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Beidh feidhm ag Airteagal 3, pointí 2(a)(xiii), (15) agus (16) ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = an lá tar éis dhul in éag na chéad tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 27da de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i ndáil leis an CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna.
Beidh feidhm ag Airteagal 3, pointí (29) agus (32) go (37) ó [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh feidhm ag Airteagal 3, pointe (30) ó [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta = 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh feidhm ag Airteagal 4, pointe (2)(a), (j) agus (k), pointe (8), pointe (9) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 11(1) agus (4) go (10) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus pointí (11), (12), (13), (21) agus (26) ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Beidh feidhm ag Airteagail 5 go 14 ó [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta = 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3
1.3.Cuspóirí3
1.3.1.Cuspóirí ginearálta3
1.3.2.Cuspóirí sonracha3
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3
1.3.4.Táscairí feidhmíochta3
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4
1.5.Foras an togra/tionscnaimh4
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe8
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar10
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12
3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin24
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24
3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24
3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25
3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26
3.2.4.3.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach26
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28
3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam29
4.Gnéithe digiteacha29
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha30
4.2.Sonraí30
4.3.Réitigh dhigiteacha31
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta31
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Cumhdaítear na tograí seo a leanas leis an ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach seo:
- togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 1095/2010, 648/2012, 600/2014, 909/2014, 2019/1156, 2022/858 agus 2023/1114 a mhéid a bhaineann le tuilleadh forbartha a dhéanamh i ndáil leis an gcomhtháthú margaidh agus maoirseacht laistigh den Aontas (‘an Máistir-Rialachán’)
- togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha (AE) 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le tuilleadh forbartha a dhéanamh i ndáil leis an gcomhtháthú margaidh agus maoirseacht laistigh den Aontas (‘an Mháistir-Threoir’)
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Margadh inmheánach – seirbhísí airgeadais
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Is iad cuspóirí ginearálta an tionscnaimh feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair i seirbhísí airgeadais trí aghaidh a thabhairt ar ilroinnt leanúnach laistigh d’earnálacha ábhartha agus ar fud earnálacha ábhartha araon (trádáil, iarthrádáil, bainistiú sócmhainní agus seirbhísí cripteashócmhainní). Tá sé d’aidhm ag na hathruithe atá beartaithe comhtháthú margaidh níos láidre a chothú agus gnóthachain éifeachtúlachta a chumasú trí dheireadh a chur le bacainní ar ghníomhaíocht trasteorann agus trí chóineasú rialála agus maoirseachta chomh maith le cumas maoirseachta sna hearnálacha ábhartha a neartú.
Leis an bpacáiste beart sin, tugtar aghaidh ar dhá cholún lárnacha de straitéis an Choimisiúin maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta (ACI): ‘comhtháthú agus scála’, agus ‘maoirseacht éifeachtúil sa mhargadh aonair’. Tá raon feidhme an‑leathan aige agus cuimsíonn sé príomhearnálacha ar cnámh droma na margaí caipitil iad, lena gcuirtear bonneagar fíor-riachtanach ar fáil chun ionstraimí airgeadais agus sócmhainní a thairiscint agus infheistíocht a dhéanamh iontu, agus lena gcumasaítear idirghabháil ríthábhachtach idir infheisteoirí agus eintitis a bhfuil maoiniú á lorg acu.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an tionscnaimh seo:
•
Comhtháthú margaidh breise agus éifeachtaí scála breise a chumasú trí ghníomhaíocht trasteorann a mhéadú – is é is aidhm don tionscnamh feabhas a chur ar chumas gníomhaithe margaidh oibriú go rianúil ó Bhallstát go chéile, agus ar an gcaoi sin comhtháthú margaidh a mhéadú. Ba cheart go spreagfadh sé sin comhdhlúthú agus speisialtóireacht araon laistigh de na hearnálacha aonair.
•
Feabhas a chur ar mhaoirseacht trí ilroinnt a laghdú – leis an tionscnamh féachtar le haghaidh a thabhairt ar easnaimh agus neamhéifeachtúlachtaí sa chreat maoirseachta atá ann faoi láthair, trí dhul i ngleic le neamhréireachtaí agus castachtaí a eascraíonn as cineálacha éagsúla cuir chuige maoirseachta náisiúnta ilroinnte. Tá sé d’aidhm aige maoirseacht a dhéanamh níos éifeachtaí, níos fabhraí do ghníomhaíochtaí trasteorann, agus níos freagrúla do rioscaí atá ag teacht chun cinn, agus ualaí ar ghnólachtaí, ar ualaí iad nach bhfuil gá leo, á laghdú san am céanna. Ba cheart go méadódh sé sin muinín infheisteoirí freisin. Cumhachtaí maoirseachta agus cumais mhaoirseachta a neartú ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear trí fhreagrachtaí maoirseachta níos dírí a aistriú chuig ESMA, is é is aidhm dó sin leas a bhaint as an gcaidreamh idir comhtháthú margaidh agus ailíniú maoirseachta, ar caidreamh é a threisíonn idir an comhtháthú agus an t‑ailíniú úd.
•
Nuálaíocht a éascú trí bhacainní rialála a bhaint – is é is aidhm don tionscnamh bacainní rialála ar an nuálaíocht a bhaint d’fhonn creat a chruthú lena gcumasófar teicneolaíochtaí nua i soláthar seirbhísí airgeadais. Chun go mbeidh rath ar an nuálaíocht, ba cheart don Chóras Píolótach TMD (CPTMD) agus don leabhar rialacha caighdeánach araon a chur ar a chumas don tionscail teicneolaíocht mórleabhar dáilte (TMD) a úsáid chun réitigh éifeachtúla a thabhairt chuig an margadh agus a áirithiú san am céanna go maolófar na rioscaí gaolmhara.
Saothrófar na cuspóirí sonracha gan cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh ná cosaint infheisteoirí a chur i mbaol, agus ar an gcaoi sin áiritheofar go leanfaidh margadh airgeadais an Aontais de bheith sábháilte agus tarraingteach ar fud an domhain.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Leis an tionscnamh seo, déantar difear do na grúpaí páirtithe leasmhara seo a leanas go háirithe: ionaid trádála, gnólachtaí infheistíochta (go háirithe bróicéirí), taisclanna lárnacha urrús (TLUnna), contrapháirtithe lárnacha (CPLanna), bainisteoirí sócmhainní, soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní (SSCSanna), struchtúir atá bunaithe ar TMD, infheisteoirí (lena n‑áirítear infheisteoirí deiridh miondíola), údaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna), an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE).
I dtéarmaí tairbhí, thairbheodh ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta de chuíchóiriú oibríochtaí inghrúpa, oibríochtaí trasteorann agus coigiltis atá nasctha le costais rialachais áitiúil. Ba cheart gnóthachain éifeachtúlachta oibríochtúla d’oibreoirí malairte a chur ar aghaidh go páirteach chuig idirghabhálaithe iartheachtacha agus chuig infheisteoirí miondíola agus institiúideacha. Thairbheodh taisclanna lárnacha urrús d’éascú soláthair trasteorann seirbhísí agus de shoiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe. Thairis sin, d’fhéadfaí costais in aghaidh an idirbhirt socraíochta a laghdú trí úsáid níos mó a bhaint as Urrúis-TARGET2 (UT2). Thairbheodh taisclanna lárnacha urrús, gnólachtaí infheistíochta, soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus institiúidí creidmheasa a úsáideann struchtúir atá bunaithe ar TMD freisin de shainmhínithe agus coincheapa comhchuibhithe. Thairbheodh bainisteoirí sócmhainní d’ualach rialála laghdaithe agus costais dhlíthiúla laghdaithe chomh maith le soiléireacht dhlíthiúil mhéadaithe agus iad i mbun gníomhaíochtaí trasteorann.
Thairbheodh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi mhaoirseacht neartaithe an Aontais (i.e. ionaid trádála mhóra trasteorann, taisclanna lárnacha urrús, contrapháirtithe lárnacha, gnólachtaí bainistíochta sócmhainní agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní) den mhéid seo a leanas: 1) costas comhlíontachta laghdaithe agus ualach riaracháin laghdaithe d’eintitis atá faoi mhaoirseacht faoi láthair ag údaráis inniúla náisiúnta iomadúla; 2) coigilteas a eascraíonn as níos lú dúblála, difríochtaí i dtreoracha agus moilleanna nós imeachta; 3) laghdú ar tháillí maoirseachta d’eintitis atá faoi mhaoirseacht roinnt údaráis inniúla náisiúnta faoi láthair agus 4) coigilteas mar gheall ar shineirgí agus seachfhoinsiú/tarmligean inghrúpa méadaithe.
Meastar go mbeidh margaí airgeadais níos doimhne agus níos comhtháite agus muinín mhéadaithe sna margaí airgeadais mar thoradh ar an tionscnamh, rud a rachaidh chun tairbhe d’úsáideoirí deiridh agus don gheilleagar i gcoitinne. Meastar go mbeidh costais trádála níos ísle ag infheisteoirí institiúideacha agus miondíola agus go mbeidh rogha níos mó táirgí agus seirbhísí airgeadais acu. Cuirfidh maoirseacht níos sofhreagrúla agus níos cuimsithí ar mhargaí caipitil le hiontaoibh infheisteoirí agus lena muinín fhoriomlán sa rialachas agus sa mhaoirseacht ar mhargaí caipitil. D’fhéadfadh sé sin infheistíochtaí trasteorann sa mhargadh aonair a mhéadú, rud a d’fhágfadh go mbeadh tairbhí ann do chuideachtaí trí rochtain níos leithne ar chistiú agus trí chostais mhaoiniúcháin ionchasacha níos ísle.
Ó thaobh an chostais de, bheadh costais cur chun feidhme ar ionaid trádála, ar bhróicéirí, ar thaisclanna lárnacha urrús, ar bhainisteoirí sócmhainní, ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus ar struchtúir atá bunaithe ar TMD chun a n‑oibríochtaí a ailíniú le hathruithe dlíthiúla. Mar shampla, bheadh ar thaisclanna lárnacha urrús infheistíocht a dhéanamh chun naisc nua a bhunú le taisclanna lárnacha urrús eile, mura bhfuil na naisc sin i bhfeidhm go fóill, agus bheadh orthu dul isteach in Urrúis-TARGET2, mura comhaltaí iad cheana féin. Is dócha go mbeadh ar an mBanc Ceannais Eorpach infheistíocht a dhéanamh in Urrúis-TARGET2 chun freastal ar líon níos airde taisclann lárnach urrús nasctha chomh maith le méideanna socraíochta urrús níos airde, sa bhreis ar aon athrú eile ar fheidhmiúlacht an ardáin. Bheadh ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí foireann bhreise a fhostú chun cúraimí nua a dhéanamh (arna maoiniú trí tháillí) agus bheadh deis ag údaráis inniúla náisiúnta laghduithe foirne a bhaint amach mar gheall ar lárú cúraimí áirithe.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Liosta neamh-uileghabhálach de tháscairí ionchasacha:
An líon oibreoirí margaidh uile-Eorpacha
An meánlíon nasc idir bróicéir agus ionad
An líon cásanna de mhargadh rialáilte brainse a chur ar bun i mBallstát eile
An líon ionad trádála atá mar chuid de ghrúpa atá in ann brath ar fhoireann/acmhainní eintiteas eile atá mar chuid den ghrúpa céanna agus atá bunaithe san Aontas
An líon bróicéirí a thairgeann trádáil trasteorann
An mheánbhearna sna táillí a ghearrtar idir trádáil intíre agus trádáil trasteorann laistigh den Aontas
An líon idirbheart trasteorann san Aontas
Meánchostais idirbhirt (de réir na haicme sócmhainne; intíre/trasteorann)
An líon socruithe rochtana oscailte / iarratas faoi fhorálacha rochtana oscailte
Gníomhaíocht socraíochta trasteorann iomlán (méid/luach de réir ionstraime)
Eisiúint trasteorann iomlán (luach/méid)
An líon cásanna agus na cineálacha cásanna de mhargaí rialáilte seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann
An líon cásanna agus na cineálacha cásanna de thaisclanna lárnacha urrús seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann
An líon cásanna de thaisclann lárnach urrús brainse a chur ar bun i mBallstát eile
An líon taisclann lárnach urrús atá mar chuid de ghrúpa a bhíonn ag gabháil do sheachfhoinsiú inghrúpa croíghníomhaíochtaí TLU
An líon taisclann lárnach urrús atá ag baint triail as teicneolaíochtaí nua
Méid agus luach na socraíochta a dhéanann inmheánaitheoirí socraíochta
An líon taisclann lárnach urrús a ainmníonn institiúidí creidmheasa chun seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar
Méid agus luach na gníomhaíochta socraíochta a dhéantar in Urrúis-TARGET2
An líon iomlán nasc idir taisclanna lárnacha urrús
Gníomhaíocht socraíochta (i dtéarmaí méide agus luacha) a fhorghníomhaítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí núíosacha (méadú)
Méid iomlán na socraíochta don ghné airgid a fhorghníomhaítear le foirmeacha digiteacha airgid
An líon cistí trasteorann (a ndéantar margú trasteorann orthu)
Meánmhéid na gcistí
Meánchostas bainistíochta na gcistí (de réir earnála / speisialtóireachta)
Cruthú/scor cistí (léiriú ar bhacainní ar iontráil sa mhargadh)
An líon agus meánmhéid bainisteoirí sócmhainní
An líon grúpaí bainisteoirí sócmhainní agus an líon Ballstát ina n‑oibríonn siad
An líon údaruithe atá bunaithe ar TMD
An líon Ballstát a bhfuil creataí dlíthiúla acu chun aistriú úinéireachta atá bunaithe ar TMD a cheadú
An líon coláistí ina bhfuil an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí rannpháirteach
An líon cigireachtaí comhpháirteacha ar an láthair
An líon athbhreithnithe piaraí a dhéantar
An líon bacainní ar chóineasú a shainaithnítear agus a gcuirtear deireadh leo
An líon ardán comhair
An líon imscrúduithe ar sháruithe ar dhlí an Aontais a tugadh chun deiridh go rathúil
An líon rabhadh maidir le sárú soiléir ar dhlí an Aontais
An líon cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe tiomnaithe
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Meastar go mbainfidh cur chun feidhme céimnithe leis an tionscnamh. Sa ghearrthéarma (laistigh de 2 bhliain tar éis an ghlactha), chuimseofaí sna gníomhaíochtaí ullmhúcháin reachtaíocht thánaisteach a fhorbairt, caighdeáin theicniúla a bhunú, agus (laistigh de 1 bhliain tar éis an ghlactha) bearta ullmhúcháin le haghaidh athruithe go córas maoirseachta. 2 bhliain tar éis an ghlactha, thiocfadh struchtúir agus próisis mhaoirseachta nua chun bheith oibríochtúil, rud a chuirfeadh ar a chumas do ESMA a fhreagrachtaí leathnaithe a ghlacadh air féin. 2 bhliain tar éis an teacht i bhfeidhm, thiocfadh struchtúir agus próisis mhaoirseachta nua chun bheith oibríochtúil, rud a chuirfeadh ar a chumas do ESMA a fhreagrachtaí leathnaithe a ghlacadh air féin.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)
Téann cineál trasteorann na ngníomhaíochtaí faoi raon feidhme an tionscnaimh seo agus impleachtaí sistéamacha na gcinntí maoirseachta gaolmhara thar chumas aon Bhallstáit aonair aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhacainní sainaitheanta. Tá údar le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais toisc go bhfuil sé d’aidhm aici éiginnteachtaí dlíthiúla agus oibríochtúla a laghdú do ghnólachtaí agus d’infheisteoirí, infheistíochtaí trasteorann a spreagadh, agus éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus comhleanúnachas an mhargaidh a fheabhsú ar fud na mBallstát uile. Tá údar maith leis freisin chun maoirseacht chomhsheasmhach a áirithiú, cobhsaíocht airgeadais a chosaint, agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú. Thairis sin, leis na tionscnaimh sin ar leibhéal an Aontais, cuirtear cothrom iomaíochta chun cinn agus méadaítear tarraingteacht agus iomaíochas an mhargaidh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais agus a n‑éifeachtúlacht eacnamaíoch, rud nach féidir a bhaint amach ach amháin trí iarrachtaí comhordaithe ar leibhéal an Aontais. Tá an tionscnamh comhréireach i gcónaí toisc go n‑áirithítear leis an chothromaíocht idir inniúlacht an Aontais agus inniúlacht náisiúnta, maidir le heintitis agus gníomhaíochtaí a bhfuil tábhacht ábhartha trasteorann ag baint leo agus iad siúd a bhfuil tábhacht intíre leo go príomha.
Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex post)
Leis an tionscnamh, chruthófaí tairbhí soiléire uile-Aontais trí dheireadh a chur le bacainní ar ghníomhaíocht trasteorann, trí chostais dúblála chomhlíontachta a laghdú, agus trí chomhsheasmhacht maoirseachta a fheabhsú. Chumasódh sé margaí airgeadais níos comhtháite agus níos éifeachtúla, rud a laghdódh costais oibriúcháin agus rialachais d’ionaid trádála, do thaisclanna lárnacha urrús, do bhainisteoirí sócmhainní agus do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus san am céanna d’fhágfadh sé go mbeadh níos mó muiníne, costais trádála níos ísle agus rogha níos leithne táirgí ag infheisteoirí deiridh. Le maoirseacht níos láidre agus níos comhleanúnaí ar leibhéal an Aontais, laghdófaí ilroinnt, chuirfí feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil agus chuirfí infheistíocht trasteorann chun cinn, rud a thacódh ar deireadh le rochtain cuideachtaí ar mhaoiniú agus le hiomaíochas mhargaí caipitil an Aontais.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra reachtach, rinneadh measúnú ar fheidhmíocht na gcreataí atá ann cheana agus sainaithníodh roinnt easnamh, go háirithe maidir le (i) bacainní ar oibríochtaí trasteorann agus ar nuálaíocht, agus (ii) cleachtais mhaoirseachta neamhailínithe ó Bhallstát go chéile agus uirlisí agus cumhachtaí laga ar leibhéal an Aontais chun cóineasú a fhorfheidhmiú agus cur chuige maoirseachta cuimsitheach a ghlacadh maidir leis an margadh aonair/ar bhonn trasteorann.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Faoin tionscnamh, beidh gá le hacmhainní breise agus bonneagar in ESMA chun tacú le róil maoirseachta dírí agus chomhordúcháin leathnaithe. Mínítear na riachtanais foirne san Fhoscríbhinn.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Níorbh fhéidir cúraimí breise arna dtabhairt ag na reachtóirí a chumhdach trí athshannadh.
Leis an togra éilítear raon gníomhaíochtaí agus cúraimí nua, a ndéanfar cuid mhór de na costais a bhaineann leo, lena n‑áirítear forchostais agus córais TF, a chistiú trí tháillí a ghearrfar ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a ndéanann EMSA maoirseacht orthu. Eisceacht air sin ná go ndéanfadh an tAontas, le linn na céime ullmhúcháin, ESMA a mhaoiniú go hiomlán chun a chuid oibríochtaí a chur ar bun, ionas go mbeadh sé in ann an fheidhm a thógáil le linn na príomhchéime luaithe sin nuair nach féidir táillí a ghearradh – go fóill – cé go dtabhaítear costais. Maidir le costais forbartha TF a bhaineann le gníomhaíochtaí arna gcistiú le táillí, d’íocfaí iad sin ó bhuiséad an Aontais ar dtús ach dhéanfaí iad a aisghabháil ansin thar thréimhse 5 bliana trí tháillí. Tá coinne leis go ndéanfar an t‑ullmhúchán le haghaidh maoirseachta ó lár 2028 go lár 2029 agus go roinnfear costais forbartha TF idir 2028/2029 agus 2030/31.
Níl gach cúram nua oiriúnach le haghaidh maoiniú táillebhunaithe. Gníomhaíochtaí a bhaineann le cóineasú maoirseachta sna réimsí nach bhfuil sainorduithe maoirseachta díreacha ag ESMA iontu, uirlisí TF le haghaidh na réimsí nach bhfuil sainorduithe maoirseachta díreacha ag ESMA iontu agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte, déanfaidh an tAontas agus údaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna) iad a chómhaoiniú, i gcomhréir lena gcuspóirí leathana uile-chórais. Ós rud é go bhfuil na feidhmeanna sin ceaptha chun comhsheasmhacht agus comhar a chur chun cinn ar fud an líonra maoirseachta, ní féidir iad a mhaoiniú go hiomchuí trí tháillí a fhorchuirtear go díreach ar eintitis a ndéanann ÚINanna maoirseacht orthu.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
–
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–
tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó lár 2027 go dtí lár 2029,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán in é ó lár 2029 ar aghaidh.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
Leis an tionscnamh éilítear acmhainní breise faoi bhainistíocht dhíreach laistigh de ranna an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le seirbhísí airgeadais, agus faoi bhainistíocht indíreach laistigh de ghníomhaireacht ESMA.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Mar ghníomhaireacht dhíláraithe, tá ESMA faoi réir cheanglais dhlíthiúla agus oibríochtúla dhlíthe an Aontais ó thaobh rialacha faireacháin agus tuairiscithe de. I gcomhréir le socruithe atá ann cheana, ullmhaíonn ESMA tuarascálacha tráthrialta ar a ghníomhaíocht (lena n‑áirítear tuairisciú inmheánach don Bhainistíocht Shinsearach, tuairisciú do na Boird agus tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil), agus tá sé faoi réir iniúchtaí ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ag a Iniúchóir Inmheánach féin Seirbhís Iniúchta Inmheánach an Choimisiúin) maidir leis an úsáid a bhaineann sé as acmhainní agus maidir lena fheidhmíocht. An faireachán agus an tuairisciú a dhéantar ar na bearta a áirítear sa togra, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais atá ann cheana agus le haon cheanglas nua a eascraíonn as an togra seo.
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Go bunúsach, is é ESMA a chuirfidh na cúraimí chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, le cistiú arna chumhdach ag buiséad an Aontais arna chómhaoiniú go páirteach trí ranníocaíochtaí ÚINanna, agus le táillí a ghearrfar ar eintitis faoi mhaoirseacht.
I gcomhréir le hAirteagal 30 dá Rialacháin Airgeadais, tá ESMA lena bhuiséid a chur chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil, ar cheart é a bheith bunaithe ar na cleachtais idirnáisiúnta is fearr agus ar an gCreat Rialaithe Inmheánaigh arna leagan síos ag an gCoimisiún dá ranna féin.
I gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Airgeadais ESMA, is é Stiúrthóir Feidhmiúcháin ESMA an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 45(1) den Rialachán Airgeadais sin, ‘as ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n‑áirítear trí thuairisciú ar fheidhmíocht a áirithiú, agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht agus le cóir chomhionann i ndáil le faighteoirí cistí de chuid an Aontais.’ Mar a shonraítear in Airteagal 45(2) de Rialachán Airgeadais ESMA, tá sé de dhualgas ar an oifigeach údarúcháin an struchtúr eagraíochtúil agus na córais rialaithe inmheánaigh a oireann d’fheidhmiú a dhualgas a chur i bhfeidhm.
I gcomhréir le hAirteagal 70(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Airgeadais), is é Iniúchóir Inmheánach an Choimisiúin Iniúchóir Inmheánach ESMA freisin. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 78(3) de Rialacháin Airgeadais ESMA, tá Iniúchóir Inmheánach an Choimisiúin (i.e. an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach) freagrach as an méid seo a leanas:
(a) measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí agus a éifeachtaí atá na córais bainistíochta inmheánaí agus ar fheidhmíocht na ranna maidir le cláir agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoi threoir na rioscaí a ghabhann leo;
(b) measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh agus iniúchóireachta is infheidhme maidir le gach oibríocht chun buiséad chomhlacht an Aontais a chur chun feidhme.
Cuimseoidh freagrachtaí sin na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach freisin na cúraimí a chuireann ESMA chun feidhme i gcomhréir leis an reachtaíocht atá beartaithe.
Chomh maith le hobair na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, tá ESMA faoi réir iniúchadh seachtrach lena n‑áirítear ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, a ullmhóidh tuarascálacha bliantúla sonracha ar ESMA gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 104 de Rialacháin Airgeadais ESMA i gcomhréir le ceanglais Airteagal 287(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
I gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán Airgeadais ESMA, tá Stiúrthóir Feidhmiúcháin ESMA, ina ról mar oifigeach údarúcháin ESMA, le haird chuí a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht bhainistíochta agus ar na rioscaí sonracha a bhaineann le cineál na ngníomhaíochtaí arna maoiniú agus na córais rialaithe inmheánaigh atá oiriúnach d’fheidhmiú dhualgais an oifigigh údarúcháin á gcur ar bun. Mar a léirítear sa dara fomhír d’Airteagal 45(2) de Rialachán Airgeadais ESMA ‘Tacófar le bunú an struchtúir agus na gcóras sin le hanailís riosca chuimsitheach, ina gcuirfear san áireamh a gcostéifeachtacht agus breithnithe feidhmíochta.’
D’oibrigh ESMA i ndlúthchomhar lena iniúchóir inmheánach (arb í Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin í) chun a áirithiú go n‑urramaítear na caighdeáin iomchuí i ngach réimse den chreat rialaithe inmheánaigh. Gach bliain, deonaíonn Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, urscaoileadh do ESMA chun a bhuiséad a chur chun feidhme. Ní eascraíonn rioscaí móra nua nach gcumhdófaí le creat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana féin mar gheall ar an tionscnamh seo.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Cuireadh i bhfeidhm cheana féin na córais rialaithe inmheánaigh dá bhforáiltear i Rialachán Airgeadais ESMA agus, dar le hiniúchóir inmheánach ESMA, níl siad costéifeachtach. Ar bhonn na dtorthaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimhe seo, meastar go mbeidh an riosca earráidí íseal.
Go stairiúil, measadh gurb é atá sna costais arna dtabhú ag an gCoimisiún le haghaidh an chomhair fhoriomláin 0.5 % de na ranníocaíochtaí bliantúla arna n‑íoc leo. Áirítear ar chostais den sórt sin, mar shampla ach ní go heisiach, na costais a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar chlársceidealú agus ar bhuiséad bliantúil, rannpháirtíocht ionadaithe AS FISMA ar Bhoird Bhainistíochta, ar Bhoird Mhaoirseoirí agus ar choistí inmheánacha, agus an obair ullmhúcháin lena mbaineann. Tá coinne leis go gcruthófar obair bhreise don Choimisiún leis an tionscnamh.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Chun calaois, éillitheacht agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) maidir leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) gan aon srian. Tá straitéis frith‑chalaoise thiomnaithe ag ESMA agus plean gníomhaíochta dá thoradh sin. Ba cheart gníomhaíochtaí ESMA i réimse na frithchalaoise a bheith i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais, le beartais OLAF chun calaois a chosc, leis na forálacha dá bhforáiltear le Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin (COM(2019)196) chomh maith leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh (mí Iúil 2012) agus leis an treochlár gaolmhar. Ina theannta leagtar amach sna Rialacháin lena mbunaítear ESMA agus i Rialacháin Airgeadais ESMA na forálacha maidir le buiséid agus rialacha airgeadais infheidhme ÚMEnna a chur chun feidhme agus a rialú, lena n‑áirítear na forálacha sin atá dírithe ar chalaois agus neamhrialtachtaí a chosc.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
2
|
03.10.04.00 - ESMA
|
LD
|
Ní ann dó.
|
Ní ann dó.
|
Ní ann dó.
|
Ní ann dó.
|
|
4
|
20 01 02 01 - Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta
|
LN
|
Ní ann dó.
|
Ní ann dó.
|
Ní ann dó.
|
Ní ann dó.
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Uimhir
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: FISMA
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
|
|
0
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
|
|
|
|
0
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
|
|
0
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
|
|
|
0
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
|
0
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
|
Gealltanais
|
=1a+1b+3
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
i gcomhair AS FISMA
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b+3
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Gníomhaireacht: An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)
|
Bliain 2027(#)
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
IOMLÁN 2027+
CAI 2028-2034
|
|
Líne bhuiséid: 03 10 04 00 / Ranníocaíocht Bhuiséad an Aontais Eorpaigh leis an ngníomhaireacht
|
0,149
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,551
|
(#) A bhaineann le síneadh a chur leis an maoiniú go dtí 2027 (2 FTE) le haghaidh an chórais phíolótaigh TMD atá ann faoi láthair arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014 agus Treoir 2014/65/AE (acmhainní nár foráladh dóibh ar dtús ach amháin sa ráiteas airgeadais reachtach (RAR) gaolmhar don tréimhse 2022 go 2026 (cé go sainaithnítear an costas sin ar mhaithe le trédhearcacht agus comhsheasmhacht faoin CAI reatha agus ní faoin CAI nua 2028-2034).
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (an ranníocaíocht leis an ngníomhaireacht dhíláraithe san áireamh)
|
Gealltanais
|
(4)
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,402
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,402
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 2
|
Gealltanais
|
=4+6
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,402
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,402
|
|
|
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,402
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,402
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi cheannteidil 1 go 3
|
Gealltanais
|
=4+6
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,402
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,402
|
|
(Méid tagartha)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
4
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: FISMA
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,752
|
0,752
|
0,752
|
0,752
|
0,752
|
0,752
|
0,752
|
5,264
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,010
|
0,010
|
0,088
|
0,010
|
0,010
|
0,010
|
0,010
|
0,148
|
|
IOMLÁN AS FISMA
|
Leithreasuithe
|
0,762
|
0,762
|
0,840
|
0,762
|
0,762
|
0,762
|
0,762
|
5,412
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
0,762
|
0,762
|
0,840
|
0,762
|
0,762
|
0,762
|
0,762
|
5,412
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
|
Gealltanais
|
16,734
|
9,135
|
9,548
|
9,692
|
3,724
|
3,832
|
5,149
|
57,814
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
16,734
|
9,135
|
9,548
|
9,692
|
3,724
|
3,832
|
5,149
|
57,814
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2028 - 2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
CEANNTEIDEAL 4
|
|
Acmhainní daonna
|
0.752
|
0.752
|
0.752
|
0.752
|
0.752
|
0.752
|
0.752
|
5.264
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,010
|
0,010
|
0,088
|
0,010
|
0,010
|
0,010
|
0,010
|
0,148
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4
|
0,762
|
0,762
|
0,840
|
0,762
|
0,762
|
0,762
|
0,762
|
5,412
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,762
|
0,762
|
0,840
|
0,762
|
0,762
|
0,762
|
0,762
|
5,412
|
I bhfianaise an bhrú fhoriomláin atá i gCeannteideal 4, maidir le soláthar foirne agus leibhéal na leithreasuithe araon, is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh, a mhéid is féidir, na hacmhainní daonna is gá.
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
4
|
4
|
4
|
4
|
4
|
4
|
4
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
(Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
(Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéisí lánaimseartha)
|
|
20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
|
- sa cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
[XX.01.YY.YY]
|
- i dToscaireachtaí an Aontais
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
(AC, END - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
(AC, END – Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
4
|
4
|
4
|
4
|
4
|
4
|
4
|
I bhfianaise an bhrú fhoriomláin atá i gCeannteideal 4, maidir le soláthar foirne agus leibhéal na leithreasuithe araon, is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh, a mhéid is féidir, na hacmhainní daonna is gá.
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028 ‑ 2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
CEANNTEIDEAL 4
|
|
Caiteachas TF (corparáideach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
|
Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
–
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
–
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
Tá gá le 4 FTE breise chun go mbeidh an Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (FISMA) ag gabháil le freagrachtaí breise earnála agus cothrománacha ESMA.
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Iomlán
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.8.Na hacmhainní daonna a mheastar atá riachtanach agus na leithreasuithe a mheastar is gá a úsáid i ngníomhaireacht dhíláraithe
Iomlán na riachtanas foirne (aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
Gníomhaireacht: an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
|
Gníomhairí sealadacha
(Gráid AD)
|
2
|
38
|
182
|
212
|
248
|
248
|
248
|
248
|
|
Gníomhairí sealadacha
(Gráid AST)
|
0
|
7
|
34
|
40
|
45
|
45
|
45
|
45
|
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST) — fo-iomlán
|
2
|
45
|
216
|
252
|
293
|
293
|
293
|
293
|
|
Baill foirne ar conradh
|
0
|
18
|
103
|
121
|
142
|
142
|
142
|
142
|
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
|
0
|
7
|
33
|
39
|
45
|
45
|
45
|
45
|
|
Baill foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht — fo-iomlán
|
0
|
25
|
136
|
160
|
187
|
187
|
187
|
187
|
|
LÍON IOMLÁN na mball foirne
|
2
|
70
|
352
|
412
|
480
|
480
|
480
|
480
|
Ar a n‑áirítear: riachtanas foirne arna gcistiú le táillí (aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
Gníomhaireacht: an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
|
Gníomhairí sealadacha
(Gráid AD)
|
-
|
-
|
166
|
196
|
232
|
232
|
232
|
232
|
|
Gníomhairí sealadacha
(Gráid AST)
|
-
|
-
|
32
|
38
|
43
|
43
|
43
|
43
|
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST) — fo-iomlán
|
0
|
-
|
198
|
234
|
275
|
275
|
275
|
275
|
|
Baill foirne ar conradh
|
-
|
-
|
97
|
115
|
136
|
136
|
136
|
136
|
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
|
-
|
-
|
31
|
37
|
43
|
43
|
43
|
43
|
|
Baill foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht — fo-iomlán
|
0
|
-
|
128
|
152
|
179
|
179
|
179
|
179
|
|
LÍON IOMLÁN na mball foirne
|
0
|
-
|
326
|
386
|
454
|
454
|
454
|
454
|
Leithreasuithe a chumhdaítear leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) (*)
|
Gníomhaireacht: an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
IOMLÁN 2027+ CAI 2028 ‑ 2034
|
|
Teideal 1: Caiteachas foirne
|
0,128
|
7,451
|
2,126
|
2,168
|
2,210
|
2,254
|
2,299
|
2,345
|
20,981
|
|
Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin
|
0,021
|
1,561
|
0,423
|
0,432
|
0,441
|
0,449
|
0,458
|
0,467
|
4,252
|
|
Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil
|
-
|
6,960
|
5,824
|
6,108
|
6,279
|
0,259
|
0,313
|
1,575
|
27,318
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais
|
0,149
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,551
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le táillí, más infheidhme, in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Gníomhaireacht: an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
IOMLÁN 2027+ CAI 2028 ‑ 2034
|
|
Teideal 1: Caiteachas foirne
|
-
|
-
|
48,887
|
59,017
|
70,798
|
72,214
|
73,658
|
75,131
|
399,705
|
|
Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin
|
-
|
-
|
10,360
|
12,515
|
15,018
|
15,318
|
15,624
|
15,937
|
84,772
|
|
Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil
|
-
|
-
|
1,818
|
9,302
|
9,572
|
9,714
|
9,860
|
8,801
|
49,067
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe a chumhdaítear le táillí
|
-
|
-
|
61,065
|
80,834
|
95,388
|
97,246
|
99,142
|
99,869
|
533,544
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le cómhaoiniú, más infheidhme, in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ranníocaíocht ó ÚINanna
|
Gníomhaireacht: an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
IOMLÁN 2027+ CAI 2028 ‑ 2034
|
|
Teideal 1: Caiteachas foirne
|
0,192
|
0,577
|
2,126
|
2,168
|
2,210
|
2,254
|
2,299
|
2,345
|
14,171
|
|
Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin
|
0,032
|
0,116
|
0,423
|
0,432
|
0,441
|
0,449
|
0,458
|
0,467
|
2,818
|
|
Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil
|
-
|
0,007
|
0,027
|
0,428
|
0,436
|
2,697
|
2,751
|
2,806
|
9,152
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe a chumhdaítear le cómhaoiniú
|
0,224
|
0,700
|
2,576
|
3,028
|
3,087
|
5,400
|
5,508
|
5,618
|
26,141
|
Forbhreathnú/achoimre ar na hacmhainní daonna agus na leithreasuithe (in EUR milliún) atá riachtanach i gcomhair an togra/tionscnaimh i ngníomhaireacht dhíláraithe
|
Gníomhaireacht: an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
IOMLÁN 2027+ CAI 2028 ‑ 2034
|
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST)
|
2
|
45
|
216
|
252
|
293
|
293
|
293
|
293
|
-
|
|
Baill foirne ar conradh
|
-
|
18
|
103
|
121
|
142
|
142
|
142
|
142
|
-
|
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
|
-
|
7
|
33
|
39
|
45
|
45
|
45
|
45
|
-
|
|
Líon iomlán na mball foirne
|
2
|
70
|
352
|
412
|
480
|
480
|
480
|
480
|
-
|
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais
|
0,149
|
15,972
|
8,373
|
8,708
|
8,930
|
2,962
|
3,070
|
4,387
|
52,551
|
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le táillí
(más infheidhme)
|
-
|
-
|
61,065
|
80,834
|
95,388
|
97,246
|
99,142
|
99,869
|
533,544
|
|
Leithreasuithe cómhaoinithe
(más infheidhme)
|
0,224
|
0,700
|
2,576
|
3,028
|
3,087
|
5,400
|
5,508
|
5,618
|
26,141
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
|
0,373
|
16,672
|
72,014
|
92,570
|
107,405
|
105,608
|
107,720
|
109,874
|
612,236
|
3.3.
An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam
–
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–
ar acmhainní dílse
–
ar ioncam eile
–
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
4. GNÉITHE DIGITEACHA
4.1.
Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
Leis an tábla seo a leanas, tugtar tuairisc ardleibhéil ar na ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha, agus ar na catagóirí gaolmhara (sonraí, digitiú agus uathoibriú próiseas, réitigh dhigiteacha agus/nó seirbhísí poiblí digiteacha)
|
Tagairt don cheanglas
|
Tuairisc ar an gceanglas
|
Gníomhaithe a ndéanann an ceanglas difear dóibh nó a bhfuil baint aige leo
|
Próisis Ardleibhéil
|
Catagóirí
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1156 (An Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann/CBDR)
|
|
Airteagal 12
|
Tairseach lárnach (ardán sonraí) le haghaidh fógraí trasteorann maidir le cistí agus idirghníomhaíocht idir ÚINanna baile agus óstacha maidir le hábhair thrasteorann. Ardán ilfhreastail ESMA lena n‑éascófar malartú faisnéise agus doiciméadachta idir údaráis inniúla bhaile agus óstacha maidir le ceanglais mhargaíochta CIManna agus GCUInna.
|
ESMA, údaráis inniúla na mBallstát, gnólachtaí, an pobal i gcoitinne.
|
Malartú faisnéise agus doiciméad
Comhar trasteorann
|
Sonraí;
Seirbhísí digiteacha; réitigh
Seirbhísí poiblí digiteacha
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 1095/2010 (ESMA)
|
|
Airteagal 35c
|
Ardán sonraí /bonneagar TF
Déanfaidh an tÚdarás ardán sonraí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun cur isteach, malartú agus rochtain ar fhaisnéis a éascú mar a fhoráiltear i ngníomhartha eile de chuid an Aontais.
|
Údaráis na mBallstát
|
Réitigh dhigiteacha a bhunú
Malartú faisnéise
|
Réitigh dhigiteacha;
|
|
Airteagal 8(ia), (iaa)
|
‘(ia) rannchuidiú le straitéis sonraí airgeadais choiteann de chuid an Aontais a bhunú agus malartú faisnéise éifeachtúil laistigh den Aontas Eorpach a áirithiú;’
‘(iaa) rannchuidiú le forbairt uirlisí teicneolaíochta maoirseachta i gcomhar le húdaráis inniúla;’
|
ESMA, údaráis na mBallstát
|
Straitéis sonraí airgeadais choiteann de chuid an Aontais a bhunú
|
Sonraí;
Réitigh dhigiteacha;
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2022/858 (Córas píolótach TMD)
|
|
Airteagal 4 agus 4a
|
Ceanglais agus iarratas ar dhíolúintí maidir le hionaid trádála TMD lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le taifid a choimeád.
|
Gnólacht infheistíochta / oibreoir margaidh a bhfuil ionad trádála TMD á oibriú aige; ÚINanna, ESMA, CE
|
IARRAIDH AR DHÍOLÚINE;
|
Sonraí
|
|
Airteagal 5 agus 5a
|
Ceanglais agus iarratas ar dhíolúintí maidir le córas socraíochta TMD lena n‑áirítear taifid a choimeád.
|
Gnólacht infheistíochta / oibreoir margaidh a bhfuil ionad trádála TMD á oibriú aige; ÚINanna, ESMA; Ballstáit, CE
|
IARRAIDH AR DHÍOLÚINE;
|
Sonraí
|
|
Airteagal 7a
|
Ceanglais bhreise maidir le bonneagair margaidh TMD atá rannpháirteach sa chóras simplithe, lena n‑áirítear tuairisciú, doiciméadacht atá ar fáil go poiblí, trédhearcacht, slándáil, iniúchadh, dliteanas.
|
Oibreoirí bonneagar margaidh TMD; údaráis inniúla, ESMA
|
Cead a iarraidh le haghaidh córas simplithe;
|
Sonraí; Seirbhís phoiblí dhigiteach
|
|
Airteagal 8
|
Cead sonrach chun ionad trádála TMD a oibriú lena n‑áirítear tuairisciú; fianaise ar choimircí a sholáthar.
|
Oibreoirí ionad trádála TMD; údaráis inniúla, ESMA;
|
Iarraidh ar údarú;
|
Sonraí; Seirbhís phoiblí dhigiteach
|
|
Airteagal 10, 10a, 10b, 10c, 10d, 10e
|
Cead sonrach chun córas trádála agus socraíochta TMD a oibriú;
Cead sonrach chun seirbhísí aonair TLU a sholáthar;
Socraíocht idir coimeádaithe cuntas lárnach TMD;
An scéim socraíochta a údarú agus maoirseacht a dhéanamh uirthi;
ESMA le treoirlínte agus foirmeacha/teimpléad a fhorbairt;
|
Oibreoirí chórais trádála agus socraíochta TMD; údaráis inniúla, ESMA; coimeádaithe cuntas lárnach TMD;
|
Iarraidh ar chead sonrach chun córas trádála agus socraíochta TMD a oibriú; Tuairisciú do ESMA;
|
Sonraí; Seirbhís phoiblí dhigiteach;
|
|
Airteagal 10g
|
Caighdeánú sonraí chun tacú le hidir-inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte
|
Oibreoirí córais trádála agus socraíochta TMD, córas trádála agus socraíochta TMD agus coimeádaithe cuntais TMD atá rannpháirteach i scéim socraíochta
ESMA
An Coimisiún Eorpach
|
Caighdeánú sonraí
|
Sonraí
|
|
Airteagal 11, 11a
|
Oibreoirí bonneagar margaidh TMD le fógra a thabhairt do ÚINanna agus le tuairisciú ar bhunpharaiméadair a ngníomhaíochtaí gach 6 mhí. ÚINanna leis na tuarascálacha a chur faoi bhráid ESMA;
Ceanglais maidir le tuairisciú agus taifid a choimeád.
|
Oibreoirí bonneagar margaidh TMD; údaráis inniúla, ESMA;
|
Oibreoirí margaidh TMD le fógra agus tuairisc a thabhairt do ÚINanna
|
Sonraí; Seirbhís phoiblí dhigiteach:
|
|
Airteagal 13
|
Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla
|
Ballstáit; Údaráis inniúla náisiúnta; ESMA; CE
|
Na Ballstáit le fógra a thabhairt do ÚINanna; ESMA le liosta ÚINanna a fhoilsiú.
|
Sonraí; Seirbhís phoiblí dhigiteach:
|
|
Leasuithe ar Rialachán 909/2014 (An Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús/CSDR)
|
|
Airteagal 6
|
Uathoibriú iomlán phróiseáil treoracha socraíochta
Comhchuibhiú na nósanna imeachta agus na gcaighdeán cumarsáide
|
Rannpháirtithe sa mhargadh AE agus taisclanna lárnacha urrús (TLUnna).
|
Treoracha socraíochta a phróiseáil, leithdháileadh agus deimhniú a chur in iúl
|
Sonraí, digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagal 9
|
Tuairisciú sonraí maidir le socraíocht inmheánaithe a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht socraíochta
|
Inmheánaitheoirí socraíochta, lena n‑áirítear gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa
|
Tuairisciú Tráthrialta
|
Sonraí
|
|
Airteagal 16
|
Ainmniú an údaráis inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar thaisclanna lárnacha urrús le cur in iúl ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Ainmniú an údaráis inniúil
|
Sonraí; Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagal 17
|
Nósanna imeachta a bhaineann leis na hiarratais ar údarú chun seirbhísí TLU a sholáthar le cur isteach ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Bainistiú údarúcháin
|
Sonraí; Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagal 17a
|
Nós imeachta le haghaidh cinntí, tuarascálacha nó bearta eile a ghlacadh
|
Ballstáit agus ESMA
|
Próiseas cinnteoireachta
|
Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagal 19a
|
Nósanna imeachta a bhaineann leis na hiarratais ar sheachfhoinsiú seirbhísí TLU le cur isteach ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Iarratas ar údarú chun seirbhísí a sheachfhoinsiú
|
Sonraí; Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagal 21a
|
Rochtain ag gach taisclann lárnach urrús údaraithe ar bhunachar sonraí chun sonraí a chur isteach a bhaineann leis na húdaruithe agus leis na formheasanna a leagtar amach sa Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús.
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Seirbhís Phoiblí Dhigiteach a bhunú
|
Réiteach digiteach
|
|
Airteagal 22
|
Tuairim na n‑údarás inniúil agus ábhartha a bhaineann leis an meastóireacht ar an athbhreithniú le cur in iúl ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Seirbhís Phoiblí Dhigiteach a bhunú
|
Sonraí; Réiteach digiteach
|
|
Airteagal 23
|
Ceanglas maidir le fógra a thabhairt do phas faoi sheirbhísí maidir le hionstraimí airgeadais arna rialú ag dlí Ballstáit eile le cur in iúl ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Tabhair fógra
|
Sonraí
|
|
Airteagal 48
|
Nós imeachta a bhaineann leis na hiarratais ar naisc TLU le cur in iúl ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Bainistiú údarúcháin
|
Sonraí
|
|
Airteagal 48a
|
Ceanglas maidir le fógra a thabhairt faoi mhol TLU, Ceanglas maidir le nasc déthaobhach a bhunú araon le cur isteach tríd an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Fógra a thabhairt agus údarú
|
Sonraí
|
|
Airteagal 48b
|
Nós imeachta maidir le húdarú chun nasc idir-inoibritheach a bhunú le cur isteach ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Údarú agus fógra a thabhairt
|
Sonraí
|
|
Airteagal 52
|
Nósanna imeachta maidir le nasc a bhunú/a dhiúltú le cur in iúl ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, Ballstáit agus ESMA
|
Iarratas a dhéanamh ar údarú
|
Sonraí
|
|
Airteagal 55
|
Nósanna imeachta a bhaineann leis an iarratas ar údarú chun seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar le cur in iúl ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Taisclanna lárnacha urrús, institiúidí creidmheasa ainmnithe, na Ballstáit agus ESMA
|
Údarú chun seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar
|
Sonraí
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1114 (An Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní/MICA)
|
|
Airteagal 59, mír 6, mír 8
|
Fíoraíonn ESMA na húdaruithe, an síneadh ar údarú, agus féadfaidh sé nuashonrú agus comhlánú a iarraidh ar sholáthraí cripteasheirbhísí.
|
Soláthraí cripteasheirbhísí, ESMA
|
Údarú soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhainistiú
|
Sonraí
|
|
Airteagal 60, mír 8, mír 11, mír 12
|
ÚIN a fhaigheann fógra chun measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a soláthraíodh agus chun fógra a thabhairt do ESMA.
ÚIN a chúlghaireann an ceart atá ag eintiteas cripteasheirbhísí a sholáthar.
ESMA le fógra a chur ar fáil sa chlár.
|
ÚINanna, ESMA, an t‑eintiteas a thugann fógra
|
Measúnú ar cheanglais agus fógraí a eisiúint;
|
Sonraí;
|
|
Airteagal 62, Airteagal 63
|
Údarú a bhainistiú — Iarratas soláthraithe cripteasheirbhísí ionchasacha a chur isteach, údarú a admháil, a mheasúnú agus a dheonú/a dhiúltú; dul i gcomhairle le ÚINanna; faisnéis bhreise a iarraidh; clár a nuashonrú)
|
Daoine dlítheanacha/gnóthais, ESMA;
|
Údarú soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhainistiú
|
Sonraí; Réiteach digiteach; Seirbhís phoiblí dhigiteach:
|
|
Airteagal 63
|
ESMA agus ÚBE le treoirlínte a eisiúint go comhpháirteach maidir le hoiriúnacht an chomhlachta bainistíochta;
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí ionchasacha; ESMA; ÚBE; Údaráis inniúla náisiúnta
|
Treoirlínte a eisiúint; -
|
Sonraí; Seirbhís phoiblí dhigiteach
|
|
Airteagal 64
|
ESMA le measúnú a dhéanamh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir chun iarratas a tharraingt siar; faisnéis a fhoilsiú sa chlár; dul i gcomhairle le ÚINanna; Is féidir le ÚBE agus ÚINanna dul i gcomhairle le ESMA; soláthraí cripteasheirbhísí le nósanna imeachta a bhunú chun cripteashócmhainní/cistí a aistriú go hordúil
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí; ESMA; ÚBE; Údaráis inniúla náisiúnta
|
Údarú soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhainistiú
|
Sonraí; Seirbhís phoiblí dhigiteach
|
|
Airteagal 65
|
Soláthar cripteasheirbhísí trasteorann: soláthraí cripteasheirbhísí le fógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn aige seirbhísí trasteorann a sholáthar; ESMA le ÚIN agus ÚBE a chur ar an eolas
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí; údarás inniúil náisiúnta, ESMA; ÚBE
|
Údarú soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhainistiú
|
Sonraí;
|
|
Airteagal 68
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí le measúnú riosca a dhéanamh ar a gcórais; taifead a choimeád; ESMA le maoirseacht a dhéanamh; taifid ar fáil do chliaint arna iarraidh sin
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí, ESMA; cliaint
|
Measúnú Riosca
|
Sonraí;
|
|
Airteagal 73
|
Tríú páirtithe le faisnéis a sholáthar faoi shocruithe seachfhoinsithe
|
Tríú páirtithe; soláthraithe cripteasheirbhísí; ESMA; na húdaráis inniúla
|
Tríú páirtithe le faisnéis a sholáthar faoi sheachfhoinsiú
|
Sonraí;
|
|
Airteagal 76
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí a oibríonn ardán trádála le ESMA a chur ar an eolas faoi chásanna drochúsáide margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann, faoi shonraí maidir le hidirbhearta agus faoi orduithe
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí; ESMA;
|
faireachán a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh agus ar idirbhearta/orduithe ar ardáin trádála
|
Sonraí;
|
|
Airteagal 81
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí le heolas a léiriú chun comhairle ar chripteasheirbhísí a sholáthar, i gcomhréir le critéir fhoilsithe ESMA
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí; cliaint; ESMA
|
Údarú soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhainistiú
|
Sonraí;
|
|
Airteagal 85, Airteagal 85a,
|
Aicmiú soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní mar sholáthraithe suntasacha
Aicmiú deonach soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní mar sholáthraithe suntasacha
|
Soláthraithe cripteasheirbhísí; ESMA; ÚBE; Údaráis inniúla náisiúnta
|
Údarú soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhainistiú
|
Sonraí;
|
|
Airteagal 92
|
Fógra a thabhairt do ÚINanna nó do ESMA maidir le hamhras gur ann do dhrochúsáid mhargaidh;
|
Daoine a shocraíonn nó a dhéanann idirbhearta go gairmiúil; ESMA; Údaráis inniúla náisiúnta; CE
|
Drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath
|
Sonraí
|
|
Airteagal 93
|
Ainmneoidh ballstát ÚIN a bheidh freagrach as an Rialachán seo agus as cúnamh a thabhairt do ESMA
|
Ballstát; Údarás inniúil náisiúnta; ESMA
|
Rialachas
|
Sonraí
|
|
Airteagal 102
|
Bearta réamhchúraim ó ÚIN óstach agus ÚIN baile agus ESMA á gcur ar an eolas
|
ÚIN óstach, ÚIN baile, ESMA
|
Fógraí a sheoladh
|
Sonraí
|
|
Airteagal 138c
|
ESMA faisnéis a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus ar dhaoine gaolmhara.
|
ESMA; soláthraí cripteasheirbhísí; duine atá páirteach i gcripteaghníomhaíochtaí; duine rialúcháin
|
ESMA le faisnéis a iarraidh ar dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha ábhartha;
Soláthar faisnéise
|
Sonraí
|
|
Airteagal 138f
|
ESMA agus ÚIN le faisnéis a chur ar fáil dá chéile
|
ESMA; Údaráis inniúla náisiúnta
|
Faisnéis a mhalartú
|
Sonraí
|
|
Airteagal138g, 138h, 138i
|
ESMA le comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le malartú faisnéise; ESMA le comhaontú sainráite a fháil ó ÚINanna tríú tír le haghaidh nochtaí; ESMA le comhoibriú le húdaráis eile
|
ESMA; Údaráis inniúla náisiúnta; údaráis eile
|
faisnéis a mhalartú
|
Sonraí
|
|
Airteagal 138n
|
Íocaíochtaí pionósacha ESMA a nochtadh
|
ESMA; poiblí: Parlaimint na hEorpa; CE; An Chomhairle; Údaráis inniúla náisiúnta
|
ESMA leis na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a nochtadh don phobal.
Má chinneann ESMA gan fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, CE agus ÚINanna ar an eolas
|
Sonraí; Seirbhís phoiblí dhigiteach
|
|
Airteagal 138k
|
Sonraí a láimhseáil i ndáil le bearta maoirseachta (faisnéis a bhailiú ó eintitis faoi mhaoirseacht agus faisnéis a scaipeadh i gcás inar gá)
|
ESMA; soláthraí cripteashócmhainní; duine nádúrtha nó dlítheanacha; Údaráis inniúla náisiúnta; CE
|
Bearta maoirseachta
|
Sonraí; Seirbhís phoiblí dhigiteach
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 648/2012 (An Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
|
Airteagal 5
|
An nós imeachta maidir le hoibleagáid imréitigh a chuirtear in iúl ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Údaráis inniúla náisiúnta; ESMA
|
Fógra a thabhairt
|
Sonraí
|
|
Airteagail 6a, 6b
|
Nósanna imeachta a bhaineann le hoibleagáid imréitigh a chur ar fionraí le cur i gcrích ar an mbunachar sonraí lárnach.
|
Údaráis inniúla náisiúnta; ESMA; CE; Údarás réitigh CPL
|
An oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí
|
Sonraí
Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagal 7
|
Nós imeachta a bhaineann le rochtain ar CPL le cur i gcrích ar an mbunachar sonraí lárnach
|
Ionad Trádála; CPL; ESMA
|
Ionad trádála le hiarraidh a sheoladh chuig CCP; Ionad trádála le ESMA a chur ar an eolas faoi iarraidh
|
Sonraí
|
|
Airteagal 8
|
Nós imeachta a bhaineann le rochtain ar ionad trádála le cur i gcrích ar an mbunachar sonraí lárnach
|
CPL; Ionad Trádála; ESMA
|
CPL le hiarraidh a sheoladh chuig ionad trádála; CPL le ESMA a chur ar an eolas
|
Sonraí
Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagail 14, 17, 17a, 17b, 22a, 88
|
Iarratas CPL ar údarú chuig CA, ESMA; ESMA le tuairim a dhréachtú le haghaidh CA; ESMA le liosta de CPLanna suntasacha agus liosta d’údaruithe CPL a fhoilsiú
|
ESMA; CAnna; Coláiste CPL
|
Bainistiú údaruithe
|
Sonraí; Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagal 17c
|
ESMA chun bunachar sonraí lárnach a bhunú agus a choinneáil ar bun
|
ESMA; Údaráis inniúla náisiúnta; Údaráis ábhartha; Coláiste CPL; CPL
|
Bainistiú údaruithe
|
Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas; Réitigh dhigiteacha Seirbhís phoiblí dhigiteach
|
|
Airteagal 17c
|
ESMA chun bunachar sonraí lárnach a bhunú agus a choinneáil ar bun
|
ESMA; Údaráis inniúla náisiúnta; Údaráis ábhartha; Coláiste CPL; CPL
|
Bainistiú údaruithe
|
Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas; Réitigh dhigiteacha Seirbhís phoiblí dhigiteach
|
|
Airteagal 76
|
Féadfaidh údaráis iomchuí tríú tíortha nach bhfuil aon stór trádála bunaithe ina ndlínse dul i dteagmháil le ESMA d’fhonn socruithe comhair a shuí chun rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála an Aontais.
Féadfaidh ESMA socruithe comhair a bhunú leis na húdaráis iomchuí sin maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála an Aontais gur gá do na húdaráis sin a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n‑áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe.
|
ESMA; Údaráis tríú tíortha; Stórtha trádála an Aontais
|
Rochtain ar eolas
|
Sonraí
|
|
Airteagal 76a
|
I gcás inar gá chun a ndualgais a fheidhmiú, beidh rochtain dhíreach ag údaráis iomchuí tríú tíortha ina bhfuil stór trádála amháin nó níos mó bunaithe ar fhaisnéis i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas ar choinníoll go mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 chuige sin.
|
Údaráis tríú tíortha; An Coimisiún Eorpach Stórtha trádála an Aontais
|
Rochtain ar eolas
|
Sonraí
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 600/2014 (An Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais/MiFIR)
|
|
Airteagal 22b
|
Na sonraí a tharchuirfear chuig an CTP de bhun Airteagal 22a(1) agus na sonraí a scaipfidh an CTP de bhun Airteagal 27h(1), pointe (d), comhlíonfaidh siad na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 4(6), pointe (a), Airteagal 7(2), pointe (a), Airteagal 11(4), pointe (a), Airteagal 11a(3), pointe (a), agus Airteagal 14(7), mura bhforáiltear a mhalairt sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 3, pointí (b) agus (d), den Airteagal seo.
|
Inmheánaitheoirí córasacha agus soláthraí na teilitéipe comhdhlúite le haghaidh scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán
|
Tarchur sonraí
|
Sonraí, Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagal 25
|
Cumas ESMA rochtain ar na sonraí a bhaineann le gach ordú in ionstraimí airgeadais a iarraidh ar na húdaráis faireachais náisiúnta
|
Údaráis faireachais náisiúnta agus ESMA; Oibreoirí ionad trádála
|
Rochtain ar shonraí
|
Sonraí, Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
|
Airteagal 26
|
Ceanglais tuairiscithe ar oibreoirí ionad trádála.
|
Údaráis faireachais náisiúnta agus ESMA; Oibreoirí ionad trádála
|
Oibleagáidí maidir le tuairisciú
|
Sonraí
|
|
Airteagal 34b
|
Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun formáid na dtuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a chinneadh.
Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na bearta a shonrú lena gceanglófar ar na tuarascálacha uile dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a chur chuig ESMA ag am sonraithe seachtainiúil, lena bhfoilsiú láraithe ag ESMA.
|
Oibreoirí margaidh; ESMA
|
Oibleagáidí maidir le tuairisciú
|
Sonraí
|
|
Airteagal 38fd
|
Déanfaidh ESMA bunachar sonraí lárnach a bhunú agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú gur féidir leis na heintitis agus na húdaráis seo a leanas a ndoiciméid a chur isteach agus rochtain a fháil ar a ndoiciméid agus ar dhoiciméid atá dírithe chucu, mar atá cláraithe sa bhunachar sonraí sin:
(a) oibreoir margaidh uile-Eorpach;
(b) oibreoirí margaidh a oibríonn ionad trádála mór amháin ar a laghad;
(c) gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionad trádála mór amháin ar a laghad i ndáil le hoibriú MTFanna nó OTFanna;
(d) ionaid trádála eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna le hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c);
(e) údaráis faireachais náisiúnta ábhartha na n‑eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (d);
(f) ESMA;
(g) an t‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2q go hAirteagal 2t den Rialachán seo;
(h) aon fhaighteoir eile, mar a shonraítear faoin Rialachán seo.
|
Oibreoir margaidh uile-Eorpach; Oibreoirí Margaidh; Gnólachtaí infheistíochta Ionaid trádála Údaráis faireachais náisiúnta; ESMA; Údaráis inniúla náisiúnta
|
Seirbhís Phoiblí Dhigiteach a bhunú
|
Sonraí; Réiteach digiteach
|
|
Airteagal 38fd
|
Faisnéis/doiciméad a chur isteach, stóráil na faisnéise/an doiciméid sin agus rochtain ina dhiaidh sin ar na sonraí maoirseachta ábhartha d’oibreoirí margaidh agus do ghnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionaid trádála atá faoi réir mhaoirseacht ESMA, do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, do na húdaráis faireachais náisiúnta ábhartha agus do ESMA.
|
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionaid trádála atá faoi réir mhaoirseacht ESMA, na húdaráis inniúla náisiúnta, na húdaráis faireachais náisiúnta agus ESMA
|
Seirbhís Phoiblí Dhigiteach a bhunú
|
Sonraí, Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas
|
4.2.Sonraí
Tuairisc ardleibhéil ar na sonraí atá faoin raon feidhme
|
Cineál sonraí
|
Tagairt do na ceanglais
|
Caighdeán agus/nó sonraíocht (más infheidhme)
|
|
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1156 (An Rialachán maidir le Dáileadh Trasteorann/CBDR)
|
|
Sonraí agus faisnéis a iarrann údaráis inniúla náisiúnta ó chistí i ndáil le húdarú agus fógra a thabhairt le haghaidh margú trasteorann cistí. Áirítear leis an bhfaisnéis sin fógraí maidir le déine margaíochta, doiciméid nochta cistí éigeantacha agus doiciméid mhargaíochta, cinntí, bearta nós imeachta agus fianuithe arna n‑eisiúint ag na húdaráis inniúla.
|
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1156, Airteagal 12 nua
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2022/858 (Córas píolótach TMD)
|
|
Faisnéis maidir le comhlíonadh chun díolúintí sonracha a iarraidh i dtaca le hionaid trádála TMD
|
Airteagal 4(a)
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach.
|
|
Faisnéis maidir le comhlíonadh chun díolúintí sonracha a iarraidh i dtaca le córas socraíochta TMD
|
Airteagal 5(a)
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach.
|
|
Faisnéis maidir le comhlíonadh le haghaidh údarú chun oibriú faoin gcóras simplithe
|
Airteagal 7(a)
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú le haghaidh an iarratais ar údarú faoin gcóras simplithe dá dtagraítear i mír 3.
|
|
Fógra maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir aistriú chuig an ngnáthchóras
|
Airteagal 7(a)
|
|
|
Faisnéis a thacaíonn leis an iarratas ar chead sonrach chun ionad trádála TMD a oibriú
|
Airteagal 8
|
|
|
Faisnéis lena dtacaítear leis an iarratas ar chead sonrach chun an tseirbhís nótaire TMD nó an chothabháil lárnach TMD a sholáthar
|
Airteagal 10a
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críoch an iarratais dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Faisnéis a bhaineann le nótairí TMD agus bainisteoirí cuntas lárnach TMD
|
Airteagal 10b
|
|
|
Faisnéis faoi aistrithe a dhéantar leis an scéim socraíochta a nglacann siad páirt inti
|
Airteagal 10c
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú
|
|
Faisnéis lena dtacaítear le húdarú na scéime socraíochta agus maoirseacht a dhéanamh uirthi
|
Airteagal 10d
|
|
|
Faisnéis maidir le seirbhísí trasteorann TLU TMD
|
Airteagal 10e
|
|
|
Caighdeánú sonraí chun tacú le hidir-inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte
|
Airteagal 10g
|
Cuirfidh ESMA comhairle theicniúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tacú le hidir-inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh TMD
|
|
Tuarascáil ar bhunpharaiméadair gníomhaíochtaí bonneagar margaidh TMD
|
Airteagal 11, Airteagal 11a
|
|
|
Rialachán (AE) 648/2012 (An Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
|
Faisnéis maidir le comhlíonadh chun contrapháirtí lárnach a údarú chun aicme díorthach thar an gcuntar a imréiteach
|
Airteagal 5
|
Forbróidh ESMA caighdeáin theicniúla
|
|
Iarraidh an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí
|
Airteagail 6a, 6b
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú
|
|
Iarraidh ar rochtain ar chontrapháirtí lárnach
|
Airteagal 7
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú
|
|
Iarraidh ar rochtain ar ionad trádála
|
Airteagal 8
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú
|
|
Iarraidh CPL ar údarú; Sonraí cainníochtúla chun tábhacht a chinneadh
|
Airteagail 14, 17, 17a, 17b, 22a, 88
|
Forbróidh ESMA caighdeáin theicniúla (Airteagal 14 agus Airteagal 17a); Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú (Airteagal 17 agus Airteagal 17b); Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh (Airteagal 22a); Coinneoidh ESMA suíomh gréasáin ar bun (Airteagal 88)
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú
|
|
Cinntí, doiciméid, fógraí
|
Airteagal 17c
|
Tá ESMA chun an méid seo a leanas a bhunú agus a choinneáil ar bun
|
|
Liosta údarás inniúil arna n‑ainmniú ag na Ballstáit
|
Airteagal 22
|
Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin é
|
|
Faisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á sealbhú i stórtha trádála an Aontais
|
Airteagal 76
|
Féadfaidh ESMA socruithe comhair a bhunú
|
|
Leasuithe ar Rialachán 909/2014 (An Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús/CSDR)
|
|
Deimhniú Leithdháileacháin agus treoracha socraíochta
|
Airteagal 6
|
Na caighdeáin idirnáisiúnta arna sonrú ag ESMA sna caighdeáin theicniúla rialála ábhartha
|
|
Tuairisciú ar éifeachtúlacht socraíochta
|
Airteagal 9
|
An fhaisnéis a shonraíonn ESMA sna caighdeáin theicniúla rialála de bhun Airteagal 9(4)
|
|
Faisnéis faoin taisclann lárnach urrús is iarratasóir
|
Airteagail 16, 17
|
An fhaisnéis a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála arna ndréachtú ag ESMA de bhun Airteagail 16 agus 17
|
|
Tuairim
|
Airteagal 17a
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Faisnéis faoi na seirbhísí seachfhoinsithe
|
Airteagal 19a
|
An fhaisnéis a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna ndréachtú ag ESMA de bhun Airteagal 19a
|
|
Faisnéis a bhaineann le hiarratais TLU ar údaruithe
|
Airteagail 16, 19, 19a, 21a, 48b, 54, 54a, 54b, 56
|
|
|
Tuairim
|
Airteagal 22
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Faisnéis faoi na seirbhísí faoi nós imeachta an phas
|
Airteagal 23
|
An fhaisnéis a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála arna ndréachtú ag ESMA de bhun Airteagal 23
|
|
Faisnéis faoi na hionstraimí agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an nasc
|
Airteagal 48, Airteagal 48b, Airteagal 52
|
An fhaisnéis a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála ábhartha arna ndréachtú ag ESMA
|
|
Faisnéis faoi sheirbhísí coimhdeacha baincéireachta
|
Airteagal 55
|
An fhaisnéis a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála arna ndréachtú ag ÚBE de bhun Airteagal 55
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1114 (An Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní/MICA)
|
|
Íocaíochtaí pionósacha ESMA a nochtadh
|
Airteagal 138j
|
Fíneálacha pionóis a nochtadh.
|
|
Malartú faisnéise idir ESMA agus tríú tíortha
Nochtadh faisnéise ó thríú tíortha
|
Airteagal 138d, e
|
ESMA le comhaontuithe a thabhairt i gcrích le húdaráis tríú tíortha
|
|
Sonraí ábhartha le haghaidh údarú SSCS san Aontas
|
Airteagal 60, Airteagal 62, Airteagal 63, Airteagal 64, Airteagal 65
|
Daoine dlítheanacha nó gnóthais eile a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar, cuirfidh siad a n‑iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní faoi bhráid ESMA
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (MiFIR)
|
|
Luachana (praghas agus méid) i leith scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán
|
Airteagal 22b
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
|
|
|
|
Mionsonraí na n‑orduithe in ionstraimí airgeadais
|
Airteagal 25
|
An fhaisnéis a shonraíonn ESMA sna caighdeáin theicniúla rialála de bhun Airteagal 25(3)
|
|
|
|
|
|
Faisnéis maidir le húdarú ionad trádála atá faoi réir mhaoirseacht ESMA, iarrataí maoirseachta foirmiúla atá dírithe ar eintitis faoi mhaoirseacht agus freagairtí ar na hiarrataí sin.
|
Airteagal 38fd
|
|
Ailíniú leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí
Míniú ar an gcaoi a bhfuil na ceanglais ailínithe leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí
|
Leis na ceanglais cuirtear trédhearcacht agus inrochtaineacht faisnéise chun cinn (amhail cláir phoiblí, foilsiú tuarascálacha ar shuíomhanna gréasáin ESMA, nochtaí).
Tacaíonn siad le sreafaí sonraí a chruthú idir oibreoirí gnó sa mhargadh airgeadais, Údaráis Inniúla na mBallstát agus institiúidí den Aontas Eorpach.
Cuireann na ceanglais comhroinnt chothrománach sonraí chun cinn freisin ar fud na n‑údarás poiblí, rud atá ina phríomhfhócas den Straitéis Eorpach maidir le Sonraí.
|
Ailíniú le prionsabal na haonuaire
Míniú ar an gcaoi ar cuireadh prionsabal na haonuaire san áireamh agus ar an gcaoi ar fiosraíodh arbh fhéidir sonraí atá ann cheana a athúsáid
|
Leis an tionscnamh, cuirtear cur chuige ‘bailigh aon uair amháin, comhroinn go leor uaireanta’ chun cinn, ar cur chuige é ina mbailítear sonraí aon uair amháin agus ina gcuirtear ar fáil ina dhiaidh sin iad d’údaráis ábhartha sna Ballstáit agus in institiúidí den Aontas Eorpach. Áirithítear leis sin, dá bhrí sin, nach gcuireann an tionscnóir faisnéis isteach ach aon uair amháin agus nach bhfuil aon dúbláil ann.
Leis an tionscnamh cuirtear nósanna imeachta ailínithe agus láraithe chun cinn le haghaidh na seirbhísí trasteorann céanna.
Leasuithe ar Rialachán (AE) 600/2014 (An Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais/MiFIR)
I gcás Airteagal 22b, dhéanfaí na luachana arna nginiúint ag inmheánaitheoirí córasacha a chur isteach uair amháin ar bhonn leanúnach, agus dhéanfadh úsáideoirí na gcomhdhlúthuithe an fhaisnéis sin a athúsáid nó rochtain a fháil uirthi nó chun críoch rialála.
I gcás Airteagal 25, tá sonraí maidir le horduithe in ionstraimí airgeadais á gcoimeád ar fáil cheana féin d’údaráis inniúla náisiúnta (nó d’údaráis faireachais náisiúnta a bheidh ann amach anseo). Tabharfaidh an ceanglas nua deis do ESMA na sonraí atá bailithe cheana féin a iarraidh ar údaráis faireachais náisiúnta gan oibleagáid tuairiscithe nua a chruthú do rannpháirtithe sa mhargadh.
I gcás Airteagal 38fd, dhéanfadh an t‑iarratasóir (e.g. ionad trádála) a bhfuil údarú á lorg aige ó ESMA na sonraí a chur isteach uair amháin. D’fhéadfadh an t‑iarratasóir féin, ESMA, na húdaráis inniúla ábhartha nó na húdaráis faireachais náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin ansin.
|
Míniú ar an gcaoi a bhfuil sonraí nuachruthaithe inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in‑athúsáidte, agus ar an gcaoi a gcomhlíonann siad caighdeáin ardcháilíochta
|
Leis an tionscnamh, cuirtear chun cinn bailiú sonraí a dhéanamh aon uair amháin agus iad a roinnt ansin leis na húdaráis inniúla ábhartha sna Ballstáit agus le hinstitiúidí ábhartha den Aontas Eorpach trí bhunachair sonraí lárnacha.
Leis na ceanglais cuirtear trédhearcacht agus inrochtaineacht faisnéise chun cinn agus úsáid á baint as cláir phoiblí, tuarascálacha a fhoilsiú agus nochtaí ar shuíomhanna gréasáin ESMA.
Leasuithe ar Rialachán (AE) 600/2014 (An Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais/MiFIR)
I gcás Airteagal 22b agus Airteagal 25, níl aon sonraí nuachruthaithe ann. Tá na sonraí sin faoi réir formáidí comhchuibhithe sonraí cheana féin agus tá siad i bhformáid mheaisín‑inléite, rud a áirithíonn comhsheasmhacht agus iomláine cheana féin, lena n‑éascaítear idir-inoibritheacht agus athúsáid rianúil.
I gcás Airteagal 38fd, beidh rochtain éasca ar na sonraí tríd an mbunachar sonraí lárnach. Stórálfar ansin é, agus dá bhrí sin beidh sé in‑athúsáidte. Ós rud é go gcomhchuibheofar an fhormáid chun na sonraí sainordaitheacha a sholáthar, beidh na sonraí idir-inoibritheach freisin.
Leasuithe ar Rialachán (AE) 648/2012 (An Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
Déantar an fhaisnéis, na sonraí, an chumarsáid agus na hiarrataí uile a tharchuirtear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach tríd an mbunachar sonraí lárnach agus stóráiltear ann iad. Na páirtithe leasmhara uile a bhfuil cearta dlíthiúla acu chun rochtain a fháil ar na tarchuir sin, féadfaidh siad é sin a dhéanamh trí nascadh leis an mbunachar sonraí lárnach. Ar an gcaoi sin, áirithítear athúsáid agus comhroinnt iomlán na dtarchur ábhartha.
Leasuithe ar Rialachán (AE) 909/2014 (An Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús/CSDR)
Déantar an fhaisnéis, na sonraí, an chumarsáid agus na hiarrataí uile a tharchuirtear faoin Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús tríd an mbunachar sonraí lárnach agus stóráiltear ann iad. Na páirtithe leasmhara uile a bhfuil cearta dlíthiúla acu chun rochtain a fháil ar na tarchuir sin, féadfaidh siad é sin a dhéanamh trí nascadh leis an mbunachar sonraí lárnach. Ar an gcaoi sin, áirithítear athúsáid agus comhroinnt iomlán na dtarchur ábhartha.
|
Sreabha sonraí
Léirítear sa tábla seo a leanas an tuairisc ardleibhéil ar na sreafaí sonraí
|
Cineál sonraí
|
Tagairtí do na ceanglais
|
Gníomhaithe a sholáthraíonn na sonraí
|
Gníomhaithe a fhaigheann na sonraí
|
Truicear don mhalartú sonraí
|
Minicíocht (más infheidhme)
|
|
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1156 (RDTT)
|
|
Aistriú leanúnach sonraí ó údaráis inniúla náisiúnta chuig ESMA, a chuireann na sonraí ar fáil ansin.
|
Airteagal 12 nua
|
Údaráis inniúla náisiúnta
|
ESMA
|
An t‑údarás inniúil náisiúnta na sonraí a fháil ó eintitis faoi mhaoirseacht; cinntí, bearta nós imeachta, nó fianuithe ó údaráis inniúla náisiúnta.
|
Leanúnach, a luaithe a gheobhaidh ÚINanna na sonraí, cuirfear ar fáil do ESMA iad.
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2022/858 (Córas píolótach TMD)
|
|
Faisnéis maidir le comhlíonadh chun díolúintí sonracha a iarraidh i dtaca le hionaid trádála TMD
|
Airteagal (4a)
|
Oibreoir ionaid trádála TMD
|
Údaráis inniúla náisiúnta, CE, ESMA,
|
Iarraidh ar dhíolúintí
|
|
|
Faisnéis maidir le comhlíonadh chun díolúintí sonracha a iarraidh i dtaca le córas socraíochta TMD
|
Airteagal (5a)
|
Oibreoir córais socraíochta TMD
|
Údaráis inniúla náisiúnta, CE, ESMA,
|
Iarraidh ar dhíolúintí
|
|
|
Faisnéis maidir le comhlíonadh le haghaidh údarú chun oibriú faoin gcóras simplithe
|
Airteagal 7(a)
|
Oibreoir bonneagair margaidh TMD
|
Údarás inniúil náisiúnta
|
Iarraidh ar údarú
|
|
|
Iarratas ar chead sonrach chun ionad trádála TMD a oibriú
|
Airteagal 8
|
Duine dlítheanach údaraithe
|
ÚIN, ESMA
|
Iarraidh ar údarú
|
|
|
Iarratas ar chead sonrach chun seirbhís nótaire TMD nó an chothabháil lárnach TMD a sholáthar
|
Airteagal 10a
|
Duine dlítheanach údaraithe
|
Údarás inniúil náisiúnta
|
Iarraidh ar údarú
|
|
|
Faisnéis faoi aistrithe a dhéantar leis an scéim socraíochta a nglacann siad páirt inti
|
Airteagal 10c
|
Coimeádaithe cuntas lárnach TMD
|
ESMA, agus roinntear a thuilleadh iad le ÚINanna
|
Oibleagáid tuairiscithe
|
Go míosúil
|
|
Faisnéis lena dtacaítear le húdarú na scéime socraíochta agus maoirseacht a dhéanamh uirthi
|
Airteagal 10d
|
Coimeádaithe cuntas lárnach TMD
|
ESMA
|
Iarraidh ar údarú
|
|
|
Faisnéis maidir le seirbhísí trasteorann TLU TMD
|
Airteagal 10e
|
Nótaire TMD nó coimeádaí cuntas lárnach DLT
|
ÚIN baile, agus roinntear a thuilleadh iad leis na ÚINanna óstacha
|
Rún a chur isteach seirbhísí a sholáthar i níos mó ná Ballstát amháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 648/2012 (An Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
|
Údarú le haghaidh CPL chun aicme díorthach thar an gcuntar a imréiteach
|
Airteagal 5
|
Údarás inniúil náisiúnta
|
ESMA
|
Údarú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Iarraidh an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí
|
Airteagal 6a den Rialachán
|
Údarás inniúil náisiúnta; ESMA; Údarás réitigh CPL
|
ESMA; CE, PE, an Chomhairle; CE
|
Iarraidh ar oibleagáid a chur ar fionraí
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Iarraidh ar rochtain ar chontrapháirtí lárnach
|
Airteagal 7 de
|
Ionad Trádála
|
CCP; ESMA
|
Iarraidh chun rochtain a fháil ar CPL
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Iarraidh ar rochtain ar ionad trádála
|
Airteagal 8 de
|
CCP
|
Ionad Trádála; ESMA
|
Iarraidh chun rochtain a fháil ar ionad trádála
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Pionóis a nochtadh go poiblí
|
Airteagail 12, 66
|
ESMA
|
Poiblí
|
Pionóis a nochtadh don phobal
|
Eatraimh thráthrialta
|
|
Iarraidh ó CPL ar údarú maidir le húdarú a leathnú; Sonraí cainníochtúla chun tábhacht a chinneadh; Liosta de CPLanna suntasacha agus d’údaruithe CPL
|
Airteagail 14, 17, 17a, 17b, 22a, 88
|
CCP; ESMA
|
CA; ESMA; Poiblí
|
Iarraidh ó CPL ar údarú; Faisnéis maidir le meánleas oscailte, meán‑ollbharúlach gan íoc, meáncheanglais corrlaigh thosaigh chomhiomlánaithe, struchtúr grúpa, socruithe idir-inoibritheachta; ESMA le liosta de CPLanna suntasacha agus d’údaruithe CPL a fhoilsiú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Cinntí, doiciméid, fógraí
|
Airteagal 17c
|
ESMA; Údaráis inniúla náisiúnta; Údaráis ábhartha; Coláiste CPL; CCP
|
ESMA; Údaráis inniúla náisiúnta; Údaráis ábhartha; Coláiste CPL; CCP
|
Aon ghá le doiciméid, cinntí, fógraí agus faisnéis a tharchur
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Liosta údarás inniúil arna n‑ainmniú ag na Ballstáit
|
Airteagal 22
|
ESMA
|
Poiblí
|
Liosta de na CAnna CPL
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Iarraidh ó thríú tír chun socruithe comhair a bhunú chun rochtain a fháil ar fhaisnéis i stórtha trádála an Aontais
|
Airteagal 76
|
Údaráis tríú tíortha
|
ESMA; Údaráis tríú tíortha
|
Iarraidh ó údarás tríú tír; Údaráis tríú tír le rochtain a fháil ar fhaisnéis i stórtha trádála an Aontais
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 909/2014 (An Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús/CSDR)
|
|
Deimhniú Leithdháileacháin agus treoracha socraíochta
|
Airteagal 6
|
Taisclanna lárnacha urrús agus rannpháirtithe sa mhargadh
|
Taisclanna lárnacha urrús agus rannpháirtithe sa mhargadh
|
Oibríochtaí sa mhargadh
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Tuairisciú ar éifeachtúlacht socraíochta
|
Airteagal 9
|
Inmheánaitheoirí socraíochta
|
Na húdaráis inniúla
|
Tuairisciú tráthrialta
|
Gach ráithe
|
|
Faisnéis faoin taisclann lárnach urrús is iarratasóir
|
Airteagal 16(17)
|
Taisclanna lárnacha urrús
|
Na húdaráis inniúla
|
Iarraidh ar údarú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Tuairim
|
Airteagail 17a 22
|
Údaráis inniúla agus ábhartha
|
Taisclanna lárnacha urrús
|
Athbhreithniú tráthrialta agus meastóireacht thráthrialta
|
Gach 3 bliana ar a laghad
|
|
Faisnéis faoi na seirbhísí faoi nós imeachta an phas
|
Airteagal 23
|
Taisclanna lárnacha urrús
|
Na hÚdaráis Inniúla
|
Soláthar na seirbhísí
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Faisnéis faoi na hionstraimí agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an nasc
|
Airteagail 48 48a 48b 52
|
TLUnna, Údaráis inniúla agus ábhartha
|
Na húdaráis inniúla
|
Iarraidh ar údarú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Faisnéis faoi sheirbhísí coimhdeacha baincéireachta
|
Airteagal 55
|
TLUnna, údaráis mhaoirseachta bhaincéireachta
|
Údaráis mhaoirseachta bhaincéireachta, údaráis inniúla
|
Iarraidh ar údarú
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1114 (An Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní/MICA)
|
|
Sonraí Ábhartha le haghaidh údarú SSCS san Aontas
|
Airteagal 62, 63 de Rialachán (AE) 2023/1114 (MICA)
|
Daoine dlítheanacha nó gnóthais eile a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar
|
ESMA
|
Iarraidh ar údarú nó ar athruithe
|
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 600/2014 (An Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais/MiFIR)
|
|
Luachana i leith scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán
|
Airteagal 22b
|
Inmheánaitheoirí córasacha
|
Soláthraí teilitéipe comhdhlúite le haghaidh scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán
|
Oibríochtaí sa mhargadh
|
Ar bun go leanúnach
|
|
Mionsonraí na n‑orduithe in ionstraimí airgeadais
|
Airteagal 25
|
Ionaid trádála
|
Údaráis inniúla náisiúnta, údaráis faireachais náisiúnta, ESMA
|
Tuairisciú tráthrialta nó tuairisciú arna iarraidh sin
|
Leanúnach nó arna iarraidh sin
|
|
Faisnéis maidir le húdarú ionad trádála atá faoi réir mhaoirseacht ESMA, chomh maith le hiarrataí maoirseachta foirmiúla atá dírithe ar eintitis faoi mhaoirseacht agus freagairtí ar na hiarrataí sin.
|
Airteagal 38fd
|
ESMA, údaráis faireachais náisiúnta, údaráis inniúla náisiúnta nó oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionaid trádála atá faoi réir mhaoirseacht ESMA
|
ESMA
|
Iarraidh ar údarú, iarraidh ar fhaisnéis chun críoch maoirseachta, freagairtí ar na hiarrataí sin
|
Ní bhaineann le hábhar
|
4.3.Réitigh dhigiteacha
Tuairisc ardleibhéil ar réitigh dhigiteacha
Tabhair do d’aire nach bhfuil an fhaisnéis maidir leis na cumais bhreise is gá a sholáthar le haghaidh an Rialacháin maidir le Críochnaitheacht Socraíochta le fáil sa tuairisc thíos ar an mbunachar sonraí lárnach atá le bunú ag ESMA. Féach an ráiteas digiteach den Rialachán maidir le Críochnaitheacht Socraíochta chun tuilleadh eolais a fháil faoin Rialachán maidir leis na cumais bhreise is gá a sholáthar.
|
Réiteach digiteach
|
Tagairtí do na ceanglais
|
Na príomhfheidhmiúlachtaí sainordaithe
|
An comhlacht atá freagrach
|
Conas a dhéantar freastal ar an inrochtaineacht?
|
Conas a chuirtear an ath-inúsáidteacht san áireamh?
|
Úsáid teicneolaíochtaí IS (más infheidhme)
|
|
Bunachar Sonraí Lárnach ESMA agus cumhdach ardán sonraí maoirseachta ar CPLanna, ar TLUnna agus ar ionaid trádála
|
Leasuithe ar Rialachán 648/2012 (An Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR) Airteagal 17c
Leasuithe ar Rialachán 909/2014 (An Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús/CSDR) Airteagal 19a
Leasuithe ar Rialachán (AE) 600/2014 (An Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais/MiFIR) Airteagal 38eb
Togra le haghaidh Rialachán maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, Airteagal 22
|
Cuireann ardán sonraí lárnach feidhmiúlachtaí ar fáil chun sonraí a bhailiú, faisnéis a mhalartú idir ESMA, údaráis inniúla agus oibreoirí (TLUnna, CPLanna, córais íocaíochta, oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu), údaráis chlárúcháin, i measc páirtithe eile, agus déanann sé sreafaí oibre maoirseachta agus nósanna imeachta maoirseachta a uathoibriú
|
ESMA
|
Inrochtana go hiomlán ag na heintitis sin (ní mór do ESMA rochtain a áirithiú)
|
Leathnófar ardán maoirseachta ESMA chun ceanglais bhreise a chumhdach
|
|
|
Ardán sonraí ESMA le haghaidh fógraí trasteorann maidir le cistí agus idirghníomhaíocht idir ÚINanna baile agus óstacha maidir le hábhair thrasteorann
|
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1156, Airteagal 12 nua
|
Feidhmeanna chun sonraí/doiciméid a bhailiú, a phróiseáil, a ghiniúint, agus a mhalartú nó a chomhroinnt agus cumarsáid idir údaráis inniúla náisiúnta a éascú.
Seirbhísí aistriúcháin
Comhéadan poiblí chun sonraí ábhartha a chur ar fáil don phobal i gcoitinne (tairseach ionaid ilfhreastail ESMA)
|
ESMA
|
|
Déanfaidh an t‑ardán na hacmhainní agus na sonraí atá ann cheana a athúsáid i gcás inarb ann dóibh cheana (e.g. an bunachar sonraí lárnach mar a bhunaítear in Airteagal 17c den Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
Níl an méid sin ábhartha
|
|
Clár Lárnach ESMA le haghaidh faireachas margaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1114 (An Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní/MICA)
|
Clár poiblí lárnach agus ardán maoirseachta
|
ESMA
|
|
Déanfaidh an t‑ardán na hacmhainní agus na sonraí atá ann cheana a athúsáid (e.g. an bunachar sonraí lárnach mar a bhunaítear in Airteagal 17c den Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
|
|
Sonraí láraithe agus anailísíocht
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 1095/2010 (ESMA) Airteagal 35, Airteagal 8
|
Uirlisí coiteanna a sholáthar chun maoirseacht agus anailís a dhéanamh ar shonraí margaidh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla;
Comhroinnt thráthúil léargas maoirseachta le húdaráis inniúla a chumasú; agus
Rochtain agus malartú slán caighdeánaithe sonraí a éascú ar fud an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Airgeadais.
|
ESMA
|
|
|
|
Míniú, i gcás gach réitigh dhigitigh, ar an gcaoi a gcomhlíonann an réiteach digiteach na beartais dhigiteacha agus na hachtacháin reachtacha is infheidhme
Ardáin sonraí agus mhaoirseachta ESMA
|
Beartas digiteach agus/nó earnálach (i gcás inarb infheidhme)
|
Míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ailínithe
|
|
An Gníomh um an Intleacht Shaorga
|
|
|
Creat Cibearshlándála an Aontais
|
Tá ceanglas ar na Ballstáit agus ar ESMA slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a bhailítear agus a stóráiltear chun críoch an Rialacháin seo a áirithiú.
|
|
eIDAS
|
|
|
Tairseach Aonair Dhigiteach agus IMI
|
|
|
Eile
|
|
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta
Tuairisc ardleibhéil ar na seirbhísí poiblí digiteacha a ndéanann na ceanglais difear dóibh
|
Seirbhís phoiblí dhigiteach nó catagóir de sheirbhísí poiblí digiteacha
|
Tuairisc
|
Tagairtí do na ceanglais
|
Réiteach nó réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach
(NEAMHBHAINTEACH)
|
Réitigh idir-inoibritheachta eile
|
|
Ardán sonraí ESMA le haghaidh fógra trasteorann maidir le cistí agus idirghníomhaíocht idir ÚINanna baile agus óstacha maidir le hábhair thrasteorann
|
An próiseas le húdaráis inniúla náisiúnta maidir le fógraí a thabhairt faoi mhargú trasteorann cistí.
|
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1156, Airteagal 12 nua
|
//
|
Athúsáidfear na réitigh atá ann cheana in ESMA (e.g. an bunachar sonraí lárnach mar a bhunaítear in Airteagal 17c den Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
|
Cumhdach ardáin sonraí maoirseachta maidir le CPLanna, TLUnna, ionaid trádála
|
Údarú a dheonú
Malartú faisnéise idir ESMA, údaráis inniúla na mBallstát agus oibreoirí,
Sreafaí oibre maoirseachta agus nósanna imeachta maoirseachta
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 648/2012 (An Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
Leasuithe ar Rialachán 909/2014 (An Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús/CSDR)
|
|
Leathnófar agus athúsáidfear na réitigh atá ann cheana in ESMA (e.g. an bunachar sonraí lárnach mar a bhunaítear in Airteagal 17c den Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
|
Clár Lárnach le haghaidh faireachas margaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
|
An lárchóras a bhunú chun soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a údarú agus chun faireachán a dhéanamh orthu, chun faisnéis a mhalartú, chun clár poiblí a choinneáil ar bun
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1114 (An Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní/MICA)
|
|
Athúsáidfear na réitigh atá ann cheana in ESMA agus leathnófar iad leis na feidhmiúlachtaí nua (e.g. an bunachar sonraí lárnach mar a bhunaítear in Airteagal 17c den Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
|
Bunachar sonraí lárnach-
|
Bunachar sonraí lárnach le haghaidh stóráil faisnéise/doiciméad agus rochtain d’oibreoirí margaidh agus do ghnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionaid trádála atá faoi réir mhaoirseacht ESMA, údaráis inniúla náisiúnta, údaráis faireachais náisiúnta agus ESMA, ar bhunachar sonraí chun faisnéis a bhaineann leis na húdaruithe faoi MiFIR a chur isteach, chomh maith le faisnéis eile a bhaineann le maoirseacht (lena n‑áirítear iarrataí maoirseachta agus freagairtí ar na hiarrataí sin).
|
Rialachán (AE) 600/2014 (An Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais/MiFIR)
Airteagal 38eb
|
|
Athúsáidfear na réitigh atá ann cheana in ESMA i gcás inarb ann dóibh cheana (e.g. an bunachar sonraí lárnach mar a bhunaítear in Airteagal 17c den Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
|
Catagóir de sheirbhísí poiblí digiteacha de réir aicmiú fheidhmeanna an rialtais (
COFOG
) #1
|
01.1.2
|
|
//
|
|
|
|
|
|
|
|
An tionchar atá ag na ceanglais, ó thaobh na hidir-inoibritheachta trasteorann de, i gcás gach seirbhíse poiblí digití ar leith
Bunachar sonraí lárnach MiFIR
|
Measúnú
|
Bearta
|
Bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann i gcónaí (más infheidhme)
|
|
Ailíniú le beartais dhigiteacha agus beartais earnálacha atá ann cheana
Liostaigh na beartais dhigiteacha agus na beartais earnálacha infheidhme a sainaithníodh
|
-Cuirtear an bunachar sonraí lárnach chun feidhme ar fud roinnt earnálacha airgeadais (trádáil, iarthrádáil, etc.) ar bhealach comhsheasmhach comhleanúnach chun a áirithiú gur féidir leis an réiteach digiteach céanna feidhmiú chun críoch na ndoiciméad/na stórála faisnéise agus na rochtana ar fud na n‑earnálacha airgeadais ábhartha uile.
|
-Ní bhaineann le hábhar
|
|
Bearta eagraíochtúla maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil
Liostaigh na bearta rialachais atá beartaithe
|
-Ós rud é go mbeidh an bunachar sonraí lárnach á reáchtáil ag údarás Eorpach (ESMA), áiritheoidh sé go ndéanfaidh na húdaráis ábhartha uile agus na rannpháirtithe margaidh uile na sonraí a thíolacadh agus a rochtain ar bhealach cothrom agus comhréireach.
|
-Ní bhaineann le hábhar
|
|
Bearta a glacadh chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann i leith na sonraí
Liostaigh na bearta sin
|
-Ós rud é go mbeidh an bunachar sonraí lárnach á reáchtáil ag údarás Eorpach (ESMA), áiritheoidh sé go gcuirfear formáid na sonraí i bhfeidhm go huilíoch maidir leis an bhfaisnéis/na doiciméid uile a chuirfidh na húdaráis ábhartha agus na rannpháirtithe sa mhargadh isteach. Thairis sin, leagtar amach sa reachtaíocht an fhaisnéis atá le cur isteach (go háirithe le haghaidh údaruithe).
|
-Ní bhaineann le hábhar
|
|
Úsáid sonraíochtaí agus caighdeán teicniúil oscailte comhaontaithe
Liostaigh na bearta sin
|
-Ós rud é go mbeidh an bunachar sonraí lárnach á reáchtáil ag údarás Eorpach (ESMA), áiritheoidh sé go gcuirfear formáid na sonraí i bhfeidhm go huilíoch maidir leis an bhfaisnéis/na doiciméid uile a chuirfidh na húdaráis ábhartha agus na rannpháirtithe sa mhargadh isteach. Thairis sin, leagtar amach sa reachtaíocht an fhaisnéis atá le cur isteach (go háirithe le haghaidh údaruithe).
|
-Ní bhaineann le hábhar
|
4.5. Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
Tuairisc ardleibhéil ar bhearta a thacaíonn leis an gcur chun feidhme digiteach
|
Tuairisc ar an mbeart
|
Tagairtí do na ceanglais
|
Ról an Choimisiúin
(más infheidhme)
|
Na gníomhaithe atá le bheith rannpháirteach
(más infheidhme)
|
An amlíne lena bhfuil coinne
(más infheidhme)
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2022/858 (Córas píolótach TMD)
|
|
Cuirfidh ESMA comhairle theicniúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tacú le hidir-inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte
|
Airteagal 15
|
Athbhreithniú; Tionscnaimh bhreise a thionscnamh
|
ESMA
|
|
|
Forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun na hiarrataí faoi Airteagail 4a,5a,7a,10a, 10c a chur isteach
|
Airteagail 4a,5a,7a,10a, 10c
|
|
ESMA
|
De réir na sprioc-amanna a shonraítear sna hAirteagail ghaolmhara 4a,5a,7a,10a, 10c-CJ
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 648/2012 (An Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach/EMIR)
|
|
Forbróidh ESMA caighdeáin theicniúla agus/nó treoirlínte de réir Airteagail 5, 14, 17, 17a, 17b
|
Airteagail 5, 14, 17, 17a, 17b
|
|
ESMA
|
De réir na sprioc-amanna a shonraítear in Airteagail 5, 14, 17, 17a, 17b
|
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 909/2014 (An Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús/CSDR)
|
|
Forbróidh ESMA caighdeáin theicniúla de réir Airteagail 6, 9, 16, 17, 19a, 23, 48, 48b, 52
|
Airteagail 6, 9, 16, 17, 19a, 23, 48, 48b, 52
|
|
ESMA
|
De réir na sprioc-amanna a shonraítear in Airteagail 6, 9, 16, 17, 19a, 23, 48, 48b, 52
|
|
Forbróidh ÚBE caighdeáin theicniúla de réir Airteagal 55
|
Airteagal 55
|
|
ÚBE
|
De réir an sprioc-ama a shonraítear in Airteagal 55
|
FOSCRÍBHINN
Toimhdí Ginearálta a mhéid a bhaineann le coibhéis lánaimseartha (FTE) agus costais
Teideal I – Caiteachas ar phearsanra
Cuireadh na toimhdí sonracha seo a leanas i bhfeidhm agus caiteachas ar phearsanra á ríomh bunaithe ar na riachtanais foirne sainaitheanta a mhínítear thíos:
·Beidh an chaibidlíocht maidir leis an bpacáiste críochnaithe faoi lár 2027 agus beidh 1-2 bhliain ann go dtí go dtiocfaidh an reachtaíocht i bhfeidhm (i gcás roinnt rialachán is é 1 bhliain amháin a bheidh i gceist agus 2 bhliain a bheidh i gceist i gcás gníomhartha eile), a bhfuil 6 mhí-1 bhliain díobh beartaithe don chéim ullmhúcháin le haghaidh sainorduithe nua. Le linn na céime sin, ba cheart baill foirne a earcú chun ullmhú le haghaidh sainorduithe nua. Tá coinne leis go mbeidh 10 FTE, móide 2 FTE faoi fhorchostas in aghaidh na hearnála ag teastáil le haghaidh na hoibre sin. Glactar leis go mbeidh am ag ESMA FTEnna breise a earcú ionas go mbeidh siad oibríochtúil ó 2028 nó ó lár 2028.
·Déanfar an Bord Feidhmiúcháin a insealbhú, 1 bhliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, i lár 2028 chun tús a chur leis an mbealach a réiteach le haghaidh maoirseacht dhíreach agus chun tús a chur le socruithe comhair a ullmhú. Ó lár 2029 ar aghaidh, cuirfear tús le maoirseacht dhíreach — ba cheart foireann iomlán le haghaidh trádála agus iarthrádála a bhaint amach faoin dáta sin. Ba cheart foireann iomlán chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhaint amach de réir a chéile, áfach, go dtí 2031. Is é EUR 188 000 an costas bliantúil caighdeánach a choinnítear (2025 reatha) le haghaidh Gníomhaire Sealadach, is é EUR 101 000 an costas le haghaidh Gníomhaire ar Conradh agus is é EUR 103 000 an costas le haghaidh Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht, agus tá EUR 30 000 de chostais ‘habillage’ san áireamh i ngach ceann acu.
·Is é 114,2 (ar bhonn 2025) an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme maidir le tuarastail na foirne i bPáras (ESMA);
·Níor cuireadh ranníocaíochtaí pinsin fostóra le haghaidh Gníomhairí Sealadacha agus Gníomhairí ar Conradh san áireamh sna meastacháin. Maidir le cúraimí maoirseachta dírí arna gcistiú le táillí, chuirfí 100 % de ranníocaíochtaí pinsin an fhostóra san áireamh sna táillí a ghearrtar ar na heintitis faoi mhaoirseacht. Maidir le cúraimí maoirseachta neamhdhírí, a mbeadh an costas a bhaineann leo le híoc ag an Aontas Eorpach agus ag ÚINanna, d’íocfadh ÚINanna sciar na ranníocaíochtaí sin, mar is amhlaidh faoi láthair, le ESMA (íocfaí sciar an Aontais go díreach as buiséad an Aontais agus ní chuirfí trí bhuiséad ESMA é).
·Cuimsítear in acmhainní daonna faoi fhorchostais gníomhairí ar conradh, gníomhairí sealadacha lena n‑áirítear cúntóirí, agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht.
·Cuireadh ráta boilscithe 2 % i bhfeidhm ó 2027 ar rátaí caighdeánacha 2025.
Teideal II – Caiteachas bonneagair agus caiteachas oibríochtúil
Bunaítear costais ar an líon foirne a iolrú faoi chion na bliana a fhostaítear iad faoin gcostas caighdeánach le haghaidh ‘habillage’, i.e. EUR 30 000 (lena gcumhdaítear foirgnimh, buntacaíocht TF, etc.). Cuirtear ráta boilscithe 2 % i bhfeidhm.
Teideal III – Caiteachas oibríochtúil
Meastar costais faoi réir na dtoimhdí seo a leanas:
·Glactar leis go gcuirfear na costais TF aonuaire a leagtar amach i roinn D chun feidhme go cothrom i gcaitheamh 2 bhliain (2028-2029 i gcás an Ardáin Maoirseachta, an chórais faireachais margaidh SSCS agus an bhunachair sonraí cistí; 2030-2031 i gcás na sonraí láraithe agus na hanailísíochta), agus an t‑am is gá chun ullmhú, pleanáil agus conraitheoireacht a dhéanamh á chur san áireamh.
·Tá costais TF (forbairt agus cothabháil) bunaithe ar na meastacháin is fearr ar chostais fhorlíontacha imeallacha atá le tabhú iarbhír i gcaitheamh na mblianta 2028 go 2034 agus le leithdháileadh ar mhaoirseacht dhíreach nó gníomhaíochtaí maoirseachta agus ar a scéim cistiúcháin faoi seach.
·Mar eisceacht ón scéim cistiúcháin is infheidhme,
·íocfaidh an tAontas Eorpach as na costais a bhaineann le forbairt TF atá nasctha le maoirseacht dhíreach ag céim na forbartha agus aisghabhfar iad sna 5 bliana ina dhiaidh sin trí ranníocaíocht an Aontais a laghdú, rud a chomhfhreagróidh do chostais dímheasta an bhonneagair TF le haghaidh méid EUR 12.2 milliún. Déanfar na costais chothabhála bhliantúla ina dhiaidh sin (agus aon fhorbairt éabhlóideach) a mhaoiniú go hiomlán le táillí agus d’íocfaí iad ó 2030 ar aghaidh.
·íocfaidh an tAontas 100 % (suas le EUR 18.1 milliún tar éis an bhoilscithe) as an gcostas tosaigh a bhaineann le forbairt na gcóras nua TF nach bhfuil nasctha le maoirseacht dhíreach, ar córais iad atá riachtanach chun an togra seo a chur chun feidhme. Ina dhiaidh sin, bheadh costais a bhaineann le cothabháil agus forbairt éabhlóideach na gcóras sin le seasamh ar bhonn cothrom ag an Aontas agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta.
·Cuireadh ráta boilscithe 2 % i bhfeidhm ó 2027 ar phraghsanna reatha 2025.
·Áirítear costais mhisin, seirbhísí cumarsáide agus costais ghinearálta chruinnithe mar 1,25 % de chaiteachas ar phearsanra (Teideal 1), bunaithe ar chostais iarbhír arna dtabhú ag ESMA. Beidh na costais bhreise seo a leanas mar thoradh air sin:
|
EUR milliún
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
Sciar an Aontais
|
0,008
|
0,027
|
0,027
|
0,028
|
0,028
|
0,029
|
0,029
|
|
Sciar ÚIN
|
0,008
|
0,027
|
0,027
|
0,028
|
0,028
|
0,029
|
0,029
|
|
Cistithe le táillí
|
0,094
|
0,611
|
0,737
|
0,885
|
0,902
|
0,920
|
0,939
|
|
Iomlán
|
0,110
|
0,664
|
0,792
|
0,940
|
0,959
|
0,978
|
0,997
|
Gach Teideal – cómhaoiniú
Is ranníocaíocht 50 % ón Aontas Eorpach agus 50 % ó ÚINanna é an cómhaoiniú a choinneofar, ó 2028 ar aghaidh, le haghaidh na ngníomhaíochtaí forlíontacha uile a thugtar isteach leis an tionscnamh seo, a chómhaoiníonn ESMA. Tá difríocht bheag idir na rátaí sin agus na rátaí 40 % agus 60 %, faoi seach, a choinnítear de ghnáth le haghaidh cómhaoiniú bunaithe ar Aithris 68 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear ESMA. Ní bheadh aon athrú i gceist leis an modhnú sin a mhéid a bhaineann leis an gcaoi a ríomhtar ranníocaíochtaí le haghaidh na ngníomhaíochtaí a tugadh isteach roimh an tionscnamh seo atá cómhaoinithe ag ESMA (leanfaí de na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú le ranníocaíocht 40 % ón Aontas agus 60 % ó ÚINanna) agus a mhéid a bhaineann leis an gcaoi a ndéantar ranníocaíochtaí ó na Ballstáit i gcomhréir leis an ualú vótaí. Is é an réasúnaíocht atá leis sin, i bhfianaise threisiú suntasach shainordú ESMA agus chineál méadaitheach a fhreagrachtaí maoirseachta ar fud an Aontais, gur cheart maoiniú a ghníomhaíochtaí teacht níos fearr le leas an Aontais a bhfreastalaíonn a chuid oibre air. Trí ról ESMA a neartú maidir le maoirseacht chomhsheasmhach agus éifeachtach a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, soláthraítear tairbhí a fhabhraítear do gheilleagar an Aontais ina iomláine, agus is iomchuí, dá bhrí sin, go n‑íocfaí sciar níos mó de na costais ghaolmhara as buiséad an Aontais, rud a mhaolódh an brú ar údaráis inniúla náisiúnta agus a choinneodh socrú cothrom comhréireach maidir le comhroinnt costas san am céanna. Leis an gcoigeartú sin, tacaítear le dáileadh níos cothroime ranníocaíochtaí airgeadais, feabhsaítear intuarthacht bhuiséadach le haghaidh na mBallstát, agus cuirtear chun cinn creat maoirseachta éifeachtúil athléimneach atá in ann feidhmiú cuí agus comhtháthú breise mhargaí caipitil an Aontais a áirithiú.
Toimhdí Sonracha
Beidh tionchar ag an tionscnamh reachtach seo ar chostais arna dtabhú mar gheall ar na hathruithe a tugadh isteach (A) chun feabhas a chur ar chóineasú maoirseachta, (B) chun cumhachtaí maoirseachta díreacha a sholáthar do ESMA, (C) maidir le acmhainní forchostais, (D) maidir le huirlisí TF is gá le haghaidh maoirseacht dhíreach agus cóineasú maoirseachta, (E) chun Bord Feidhmiúcháin neamhspleách nua a chur ar bun. Ar deireadh, scrúdaíodh féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh agus gnóthachain éifeachtúlachta (F).
Forléargas ar riachtanais foirne ESMA agus é go hiomlán oibríoch (ó 2031 ar aghaidh):
|
|
Maoirseacht dhíreach & gníomhaíochtaí cóineasúcháin gaolmhara
|
Cóineasú maoirseachta eile & TMD
|
Iomlán
|
|
|
cistithe le táillí
|
cómhaoinithe
|
|
|
Bord feidhmiúcháin
|
5
|
|
5
|
|
Contrapháirtithe lárnacha
|
47
|
|
47
|
|
Taisclanna lárnacha urrús
|
39
|
|
39
|
|
Ionaid trádála
|
104
|
|
104
|
|
Soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
|
158
|
|
158
|
|
Comhordú Bainistíochta Sócmhainní agus Formhaoirseacht Trasteorann
|
15
|
15
|
30
|
|
An Córas Píolótach um Theicneolaíocht Mórleabhar Dáilte
|
|
7
|
7
|
|
Cóineasú maoirseachta
|
|
10
|
10
|
|
(*)
|
10
|
-10
|
-
|
|
Forchostas
|
76
|
4
|
80
|
|
Iomlán
|
454
|
26
|
480
|
(*) D’aistreofaí 10 FTE sa roinn ESMA atá ann faoi láthair a dhéileálann le cóineasú maoirseachta chuig na gníomhaíochtaí a chistítear le táillí, agus ar an gcaoi sin dhéanfaí 10 FTE breise a chruthaítear leis an bpacáiste seo le haghaidh cóineasú maoirseachta a fhritháireamh.
Ina theannta sin, ar thaobh an Choimisiúin, tá gá le hacmhainní chun teacht le freagrachtaí breise earnála agus cothrománacha ESMA. Chun formhaoirseacht, comhordú agus forfheidhmiú éifeachtach beartais an chreata maoirseachta nua a áirithiú, beidh gá le ceathrar oifigeach AD laistigh den Choimisiún. Threiseodh gach oifigeach príomhréimse beartais a ndéanann an tionscnamh difear dó: airgeadas digiteach, bonneagar margaidh, bainistiú sócmhainní, agus maoirseacht agus cóineasú. Beidh na baill foirne sin freagrach as faireachán leanúnach a dhéanamh ar shainorduithe leathnaithe ESMA, as measúnú a dhéanamh ar thionchar na socruithe maoirseachta nua, as comhleanúnachas beartais a áirithiú ó earnáil go chéile, agus as rannpháirtíocht struchtúrtha a choinneáil ar bun le ESMA, le ÚINanna agus le páirtithe leasmhara. I bhfianaise fhairsinge agus dhoimhneacht theicniúil na n‑athchóirithe, meastar gurb é an leibhéal foirne sin an t‑íosmhéid is gá chun leanúnachas, obair leantach thráthúil, agus ailíniú éifeachtach forbairtí maoirseachta agus reachtacha a áirithiú ar fud chreat na margaí caipitil.
A. Cóineasú maoirseachta feabhsaithe
I réimse na bainistíochta sócmhainní, d’áiritheodh ESMA cur chuige comhordaithe maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar ghrúpaí móra bainistíochta sócmhainní trasteorann trí shainordú chun athbhreithnithe tréimhsiúla uile-ghrúpa a dhéanamh, i gcomhar le ÚINanna, ar an gcur chuige maoirseachta le haghaidh cuideachtaí bainistíochta sócmhainní, rud ba cheart maoirseacht chóineasaithe na n‑údarás inniúil náisiúnta ar ghníomhaíochtaí grúpaí bainistíochta sócmhainní a chothú. D’fhéadfadh oibríochtaí, bainistíocht, faireachán riosca, nó struchtúr corparáideach na mbainisteoirí sócmhainní is mó a chuimsiú leis sin. Anuas ar na hathbhreithnithe tréimhsiúla sin ar ghrúpaí móra bainisteoirí sócmhainní, chuimseofaí le comhordú faoi ESMA faireachán a dhéanamh ar rioscaí ar bhonn leanúnach, úsáid a bhaint as deaiseanna arna ndíorthú ó shonraí maoirseachta agus ó tháscairí riosca chun leochaileachtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint, agus imscrúduithe comhfhoirne a thionscnamh, más gá. Ba cheart suas le 15 ghrúpa de na grúpaí bainistíochta sócmhainní trasteorann is mó a roghnú le haghaidh na formhaoirseachta sin. Ba cheart 1 FTE a phleanáil le haghaidh gach grúpa. Ar an iomlán, bheadh gá le 15 FTE. Dhéanfadh an tAontas agus na húdaráis náisiúnta inniúla cómhaoiniú orthu sin.
Bheadh ESMA rannpháirteach go gníomhach i nós imeachta pas rianúil chistí GCUI agus CIManna trí fhógraí a lárú, agus ardáin chomhair a oibriú, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar easaontú ÚINanna nó gearáin ó pháirtithe leasmhara a láimhseáil. D’fheidhmeodh ESMA cumhachtaí idirghabhála ceangailteacha. Dhéanfadh ESMA comhordú ar mhaoirseacht an mhargaidh aonair ar GCUInna agus CIManna trí ardáin chomhair a bhunú. Dhéanfadh ESMA an méid seo a leanas: (i) an clár oibre a leagan síos le haghaidh na n‑ardán comhair sin; (ii) ardáin chomhair thráthrialta a óstáil, sreafaí oibre a bhainistiú, agus faisnéis ábhartha a chomhroinnt ar uirlis thiomnaithe TF (ardán sonraí, a mbeadh rochtain ag ÚINanna uirthi) le haghaidh cistí GCUI agus CIManna atá ag feidhmiú sa mhargadh aonair; (iii) ardáin chomhair ad hoc a thionscnamh bunaithe ar ghearáin ó ÚINanna, ó rannpháirtithe sa mhargadh nó ó thomhaltóirí; agus (iv) éascú a dhéanamh idir ÚINanna san ardán comhair. Bheadh róil thábhachtacha ag Bord Feidhmiúcháin agus Bord Maoirseoirí ESMA i ndáil leis sin. I gcás na formhaoirseachta trasteorann sin, ba cheart 15 FTE a phleanáil. Tar éis idirthréimhse in 2028 le 5 FTE arna maoiniú go hiomlán ag an Aontas chun an fheidhm a chur ar bun, chumhdódh ESMA costas na gcúraimí sin trí tháillí is infheidhme maidir leis an gcaiteachas a bhaineann leis na nósanna imeachta a bhaineann le nós imeachta an phas.
Déantar foráil sa togra freisin maidir le hathruithe ar uirlisí cothrománacha cóineasaithe maoirseachta lena bhfeabhsófaí agus lena ndreasófaí a n‑úsáid, chomh maith le cinn nua a bhunú. Tá coinne leis go n‑úsáidfidh ESMA idirghabháil cheangailteach, athbhreithnithe piaraí agus uirlisí a bhaineann le sárú ar uirlisí dhlí an Aontais níos minice. Ina theannta sin, chuirfí uirlisí nua a bhfuil a n‑éifeachtacht cruthaithe acu i reachtaíocht earnála, amhail ardáin chomhair, leis an bhfoireann uirlisí maoirseachta. Le hardáin chomhair a bhfuil ról láidir ag ESMA iontu, d’éascófaí comhordú agus malartú faisnéise idir údaráis mhaoirseachta bhaile agus óstacha i gcás gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le 10 FTE breise le haghaidh na gcúraimí sin. Ina theannta sin, aistreofar 10 FTE atá ann cheana go hinmheánach chuig gníomhaíochtaí cóineasaithe a bhaineann le maoirseacht dhíreach. As seo amach, cisteofar na FTEnna sin le táillí.
Tá ról láidir comhordúcháin ag ESMA fós sa Rialachán maidir le Córas Píolótach um Theicneolaíocht Mórleabhar Dáilte, agus beidh níos mó acmhainní ag teastáil uaidh, ós rud é go bhfuil tairseach an Chórais Phíolótaigh méadaithe. Mar thoradh air sin, beidh níos mó gnólachtaí ag seiceáil isteach sa Chóras Píolótach agus beidh níos mó oibre ag ESMA. Ina theannta sin, beidh ESMA ina mhaoirseoir díreach ar shamhail nua dháilte chun ionstraimí airgeadais a shocrú (‘scéim socraíochta’). Dá bhrí sin, ba cheart an 2 FTE a leithdháiltear ar ESMA faoi láthair a threisiú le foireann bhreise, chun 7 FTE a bhaint amach san iomlán. Dá bhrí sin, is gá leanúint leis an 2 FTE dá bhforáiltear le haghaidh an réimse sin i gcomhthéacs an chéad Rialacháin maidir le Córas Píolótach um Theicneolaíocht Mórleabhar Dáilte agus le haghaidh 5 FTE breise (an 2 FTE a leithdháileadh ar ESMA le haghaidh na tréimhse 2022 go 2026 chun Rialachán 2022/858 lena mbunaítear Córas Píolótach TMD a chur chun feidhme,cuirfear síneadh leo go dtí 2027 agus ina dhiaidh sin, ó 2028 ar aghaidh leithdháilfear 5 FTE breise ar ESMA). Ina theannta sin, chun an 2 FTE le haghaidh an Chórais Phíolótaigh TMD in 2027 a chómhaoiniú de réir na samhla cistiúcháin caighdeánaí reatha 60:40 ÚIN:AE, leithdháilfear EUR 149 376 de ranníocaíocht ón Aontas ar ESMA sa bhreis ar an gclárú airgeadais le haghaidh mhaoiniú 2027).
B. Cumhachtaí maoirseachta díreacha
Mar réamhbharúil, is fiú a mheabhrú go n‑íocann eintitis atá faoi réir mhaoirseacht dhíreach ESMA táillí le ESMA (costais aonuaire a bhaineann le clárú agus costais athfhillteacha a bhaineann le maoirseacht leanúnach). Is amhlaidh atá faoi láthair i gcás gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, stórtha trádála, stórtha urrúsúcháin, soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, etc.
Faoin togra reachtach seo, beidh ESMA i gceannas ar mhaoirseacht dhíreach a dhéanamh ar CPLanna móra trasteorann (suas le thart ar ocht gcinn), ar thaisclanna lárnacha urrús (suas le thart ar 14 cinn) agus ar ionaid trádála (thart ar 10 ngrúpa, is é sin 150-200 ionad trádála). I ndáil le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, ba cheart do ESMA maoirseacht a dhéanamh ar gach soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní (suas le 615) agus a bheith ina mhaoirseoir aonair amach anseo ar an earnáil sin san Aontas.
Tá anailís déanta againn chun na riachtanais foirne is gá a chinneadh. Tá ceistneoirí seolta againn chuig ÚINanna, inar iarramar eolas faoi FTEnna atá tiomnaithe do mhaoirseacht a dhéanamh ar na hearnálacha sin. Tá na huimhreacha in aghaidh na hearnála a chuirtear i láthair thíos bunaithe ar ionchur a fuarthas ó ÚINanna, agus tá siad bunaithe freisin ar shaineolas ó ESMA agus ar mheasúnuithe an Choimisiúin féin.
Tá sé ríofa againn go mbeidh 104 phost FTE ag ESMA ag teastáil chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú ar na grúpaí is mó d’ionaid trádála trasteorann. Le comhairliúchán le ÚINanna maidir leis na riachtanais FTE chun maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála, léiríodh go raibh thart ar 2 FTE ar an meán in aghaidh an eintitis faoi mhaoirseacht sna 19 ÚIN a ghlac páirt sa suirbhé. Glactar leis go léiríonn an líon foirne sin an mheánacmhainn is gá ar leibhéal gach oibreora margaidh. Le raon feidhme an togra, dírítear ar thart ar 30-40 oibreoir, a bhainistíonn na hionaid trádála is mó san Aontas (tá athruithe leanúnacha ar an margadh a fhágann go bhfuil sé deacair meastachán beacht a fháil). I bhfianaise cuimse uachtair an raoin oibreoirí atá beartaithe agus nuair a chuirtear san áireamh go bhfaighidh ESMA inniúlachtaí nua maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála na ceanglais eagraíochtúla a bhaineann le faireachas margaidh a chomhlíonadh, ceartaítear an meastachán sin suas go 2,5 FTE in aghaidh an oibreora margaidh. Meastar go bhfuil gá le 4 FTE chun obair a dhéanamh ar chóineasú maoirseachta sa réimse sin.
Roghnaíodh na hionaid trádála a thiocfadh faoi mhaoirseacht ESMA i bhfianaise a sciartha substaintiúla den mhargadh agus, i gcásanna áirithe, i bhfianaise ghné an Aontais/na gné trasteorann, rud a d’éileodh leagan amach láidir maoirseachta. Ós rud é nach raibh aon chumhacht mhaoirseachta ag ESMA ar ionaid trádála go dtí seo, tá sé fíor-riachtanach struchtúr nua a bhunú chun feidhmiú éifeachtach na bhfreagrachtaí sin a éascú. Meastar go bhfuil gá leis an leibhéal foirne 104 phost FTE a iarradh chun a áirithiú gur féidir le ESMA a dhualgais mhaoirseachta nua a chomhlíonadh go leormhaith agus na hardchaighdeáin formhaoirseachta a bhfuil coinne leo uaidh a choinneáil.
Maidir le CPLanna, ghlacfadh ESMA freagracht as maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar suas le 8 gcinn de na CPLanna is suntasaí de chuid an Aontais. Ghníomhódh ESMA mar an cinnteoir deiridh maidir le cúrsaí maoirseachta, agus d’áiritheodh sé comhsheasmhacht agus cóineasú ar fud na ndlínsí. De réir na sonraí atá faighte againn, is é ár meastachán go mbeadh 6 FTE ar an meán ag teastáil chun maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar chontrapháirtí lárnach. Is é an toradh a bhíonn ar an meastachán sin a chur i bhfeidhm maidir le 8 CPL go bhfuil gá le 48 FTE san iomlán. Ós rud é go bhfuil cúraimí áirithe a bhaineann le CPLanna á ndéanamh ag ESMA cheana féin, go háirithe i réimse an bhailíochtaithe samhla, is féidir leibhéal áirithe éifeachtúlachta a bhaint amach, agus is féidir an meastachán a laghdú thart ar 10 %. Meastar go bhfuil gá le 4 FTE chun obair a dhéanamh ar chóineasú maoirseachta sa réimse sin. Dá réir sin, meastar gurb é thart ar 47 FTE an glanriachtanas foirne breise chun maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna.
Maidir le TLUnna, dhéanfadh ESMA maoirseacht dhíreach ar na TLUnna atá sna grúpaí Eorpacha is mó ina bhfuil suas le 14 TLU le chéile. Chun críoch an mheasúnaithe sin, ba cheart na TLUnna a aicmiú go ginearálta de réir a dtábhachta sistéamaí agus a scála gníomhaíochta. Meastar go mbeidh rannpháirtíocht mhaoirseachta níos fairsinge ag teastáil ón dá TLU idirnáisiúnta ná mar a bheidh ag teastáil ó TLUnna meánmhéide nó beaga. Dá réir sin, cuirtear san áireamh sa mheastachán acmhainní an gá atá le comhréireacht idir cineálacha éagsúla institiúidí. Glactar leis, dá bhrí sin, go dteastódh thart ar 6 FTE chun maoirseacht a dhéanamh ar TLUnna idirnáisiúnta, 3 FTE chun maoirseacht a dhéanamh ar TLUnna meánmhéide, agus 2 FTE chun maoirseacht a dhéanamh ar TLUnna níos lú. Ar an mbonn sin, meastar gurb é thart ar 41 FTE na hacmhainní maoirseachta iomlána is gá le haghaidh na 14 TLU a bhaineann le príomhghrúpaí an Aontais.
I bhfianaise na sineirgí a bhfuil coinne leo a eascraíonn as struchtúr grúpa na n‑eintiteas sin, tá sé réasúnta mheas go bhféadfaí laghdú aon cheathrú a dhéanamh ar na riachtanais FTE sin. D’fhágfadh sé sin gur thart ar 31 FTE a bheadh i gcuimse íochtair an mheastacháin. Ina theannta sin, bheadh gá le 3-4 FTE le haghaidh na gcúraimí comhair agus maoirseachta a bhaineann le hardán Urrúis-TARGET2. Meastar go bhfuil gá le 4 FTE chun obair a dhéanamh ar chóineasú maoirseachta sa réimse sin. Agus na tosca sin á gcur san áireamh le chéile, meastar gurb é 39 FTE an riachtanas FTE foriomlán chun maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar TLUnna.
Is réimse nua é cripteashócmhainní agus níl na húdaráis inniúla náisiúnta ach ag cur lena n‑acmhainneacht agus lena n‑eolas. Dá bhrí sin, ní féidir brath ar an gcleachtas atá ann faoi láthair. Chun críoch an mheasúnaithe seo, ba cheart na SSCSanna a aicmiú go ginearálta de réir a dtábhachta sistéamaí agus a scála gníomhaíochta. Dá bhrí sin, is féidir linn iad a ghrúpáil mar SSCSanna suntasacha agus neamhshuntasacha. I gcás SSCSanna suntasacha, bheadh 2.5 FTE/SSCSanna ann, i gcás SSCSanna neamhshuntasacha – 5 SSCS/FTE. Meastar go bhfuil gá le 1 FTE chun obair a dhéanamh ar chóineasú maoirseachta sa réimse sin. San iomlán, 158 FTE a bheadh ann le haghaidh thart ar 600 SSCS.
C. Forchostas
Leis na forchostais a bhaineann le tacaíocht acmhainní ar leibhéal ghníomhaireacht ESMA, cumhdaítear Acmhainní Daonna, Airgeadas, Dlí, Bainistiú Saoráide, Comhordú agus Tacaíocht TF. Ar bhonn Chóras ESMA maidir le Bainistíocht Trí Ghníomhaíocht, tá 30 % de na hacmhainní tiomnaithe do sheirbhísí cothrománacha. Nuair a chuirtear san áireamh gur féidir le ESMA, agus é ag fás, barainneachtaí scála a fhorbairt a thuilleadh, ghlacamar leis sa Ráiteas Airgeadais Reachtach seo gurb é atá sna fochostais i dtéarmaí acmhainní agus na tacaíochta dlíthiúla 20 % den fhoireann iomlán.
D. Uirlisí TF is gá le haghaidh maoirseacht dhíreach agus cóineasú maoirseachta
Cumhdach ardáin sonraí maoirseachta ar CPLanna, TLUnna, ionaid trádála agus chun córais a ainmniú agus a chlárú faoin Rialachán maidir le Críochnaitheacht Socraíochta (SFR)
Costas measta: EUR 8 milliún le haghaidh forbartha agus EUR 3.7 milliún le haghaidh cothabháil bhliantúil. Ar bhonn úsáid iarbhír thar na sainorduithe maoirseachta uile, chumhdófaí leis an ardán suas le 80 % de riachtanais mhaoirseachta dhíreacha agus suas le 20 % de ghníomhaíochtaí eile trí fheidhmiúlachtaí a thacaíonn le comhar doiciméad agus fógraí idir údaráis an Aontais agus údaráis na mBallstát. Ar bhonn an chur chuige cistiúcháin a glacadh chun córais TF a fhorbairt, mhaoineodh an tAontas 100 % den chostas forbartha. Ina dhiaidh sin, dhéanfaí an sciar den chostas dímheasta is infheidhme maidir le sainorduithe maoirseachta dírí a aisghabháil trí tháillí. Ar bhonn costála bunaithe ar ghníomhaíochtaí, roinnfí an costas a bhaineann le cothabháil (agus forbairt éabhlóideach) an chórais nó na gcóras idir na táillí a ghearrtar ar eintitis faoi mhaoirseacht dhíreach ar thaobh amháin agus idir an tAontas agus ÚINanna ar an taobh eile le haghaidh cúraimí maoirseachta neamhdhírí (agus an chuid sin den chostas á roinnt go cothrom idir an tAontas agus ÚINanna).
Tá sainorduithe iomadúla ag ESMA i reachtaíocht an Aontais chun bunachair sonraí agus uirlisí a fhorbairt agus a chothabháil chun faisnéis mhaoirseachta a chur isteach agus a mhalartú agus chun rochtain a fháil uirthi. Chun a áirithiú go ndéanfar na córais sin a fhorbairt agus a chothabháil go héifeachtúil, chun dúbláil infheistíochtaí TF a sheachaint, agus chun cruinneas agus idir-inoibritheacht sonraí a áirithiú, leis an ardán sonraí maoirseachta, ba cheart bunachair sonraí mhaoirseachta ESMA atá ann cheana agus uirlisí gaolmhara a chomhtháthú laistigh d’ailtireacht aonair.
Dá réir sin, ba cheart, dá bhrí sin, ardán maoirseachta ESMA, a ceapadh ar dtús chun tacú le cúraimí maoirseachta faoi EMIR 3, a leathnú chun bailiú agus bainistiú sonraí le haghaidh formhaoirseacht mhaoirseachta ar TLUnna, CPLanna agus ionaid trádála a áireamh agus chun na cumais bhreise is gá don Rialachán maidir le Críochnaitheacht Socraíochta a sholáthar, agus an méid sin a thógáil ar an ailtireacht theicniúil chomhtháite sin. Measann an Coimisiún go bhfágann comhtháthú bhainistiú shainorduithe maoirseachta ESMA laistigh d’ardán sonraí maoirseachta aonair gur féidir réiteach níos éifeachtúla a fháil agus go mbíonn costas foriomlán níos ísle ann i gcomparáid le córais ar leithligh a fhorbairt do na sainorduithe maoirseachta nua ina n‑aonar.
Ba cheart a chumhdach le cothabháil an costas iomlán a bhaineann leis an ardán a oibriú, lena n‑áirítear tacaíocht ardcháilíochta do na páirtithe leasmhara uile — foireann ó na ÚMEnna agus ó institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, údaráis inniúla agus eintitis faoi mhaoirseacht — chomh maith le hoibríochtaí córais agus slándála, cothabháil cheartaitheach, choisctheach agus oiriúnaitheach amhail uasghráduithe sainordaitheacha saolré agus slándála agus feabhsuithe feidhmiúla incriminteacha. Ba cheart a áireamh leis an gcothabháil freisin an bonneagar is gá chun infhaighteacht agus feidhmíocht leanúnach an ardáin a áirithiú, go háirithe an acmhainneacht leordhóthanach ríomhaireachta agus stórála is gá chun faisnéis neamhstruchtúrtha (e.g. doiciméid) agus faisnéis struchtúrtha (e.g. faisnéis stuamachta) araon a úsáidtear le haghaidh measúnuithe riosca maoirseachta a bhailiú, a phróiseáil agus a choinneáil.
Ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis agus na comhlachtaí inniúla ábhartha uile ar ardán den sórt sin le haghaidh na faisnéise a bhaineann lena gcúraimí agus lena bhfreagrachtaí. Ar an gcuma chéanna, eintitis atá faoi réir cheanglais na rialachán comhfhreagrach, ba cheart rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht a chuir siad isteach agus ar aon fhaisnéis agus doiciméadacht atá dírithe chucu. Ba cheart an t‑ardán sonraí a úsáid chun an oiread faisnéise agus doiciméadachta agus is féidir a chomhroinnt go tapa agus go héifeachtúil.
Clár lárnach le haghaidh faireachas margaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
Costas measta: EUR 4.2 milliún le haghaidh forbartha agus EUR 2.5 milliún le haghaidh cothabháil bhliantúil. Íocfaidh an tAontas as na costais forbartha agus aisghabhfar iad sna 5 bliana ina dhiaidh sin trí ranníocaíocht an Aontais a laghdú, rud a bheidh ag teacht le costas dímheasa an bhonneagair teicneolaíochta faisnéise. Cisteofar na costais chothabhála bhliantúla go hiomlán le táillí.
Tá coinne leis go bhforbróidh agus go n‑oibreoidh ESMA córas láraithe sonraí agus faireachais margaidh le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus é ag tógáil ar an obair leanúnach ar MIDAS (Córas Anailíse Sonraí um Shláine Margaí). D’fheidhmeodh an córas mar mhol sonraí uile-Aontais chun sonraí idirbhirt agus ordaithe arna dtuairisciú ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoi MiCA agus faoi ghníomhartha cur chun feidhme gaolmhara a bhailiú, a chomhiomlánú agus a anailísiú. Is é an croíchuspóir a bheadh aige feabhas a chur ar shláine an mhargaidh, drochúsáid mhargaidh a bhrath, agus tacú le maoirseacht dhíreach agus indíreach araon ar chripteamhargaí.
Leis an gcóras, dhéanfaí sreafaí sonraí rialála agus margaidh a bhailítear go díreach ó sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a chomhtháthú, rud a d’áiritheodh rochtain chomhsheasmhach chomhchuibhithe ar shonraí ar fud an Aontais, agus a d’fhágfadh go bhféadfaí rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint go tráthúil. D’fheidhmeodh ESMA mar lárionad anailísíochta agus faireacháin, a bheadh freagrach as an méid seo a leanas:
–Sonraí ó sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus ó ardáin trádála ar fud na mBallstát a bhailiú agus a chaighdeánú;
–Ard-anailísíocht sonraí agus algartaim faireachais a rith chun iompraíocht trádála amhrasach nó éagórach, cúbláil praghsanna, nó trádáil chos istigh a bhrath;
–Aird a tharraingt ar shaincheisteanna nó aimhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh imscrúdú agus forfheidhmiú;
–Léargais chomhiomlánaithe a sholáthar chun tacú le maoirseacht dhíreach ESMA féin ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus chun comhar le húdaráis inniúla náisiúnta a éascú.
Maidir leis an gcóras atá ann faoi láthair a d’fhorbair ESMA le haghaidh ÚINanna faireachán a dhéanamh ar MiCA, measann an Coimisiún go ndéanfar é a oiriúnú go samhail láraithe, agus go mbeidh na costais comhréireach leis an líon soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá le comhtháthú sa chóras.
Ba cheart a chumhdach le cothabháil an costas oibriúcháin iomlán a bhaineann leis an gcóras a reáchtáil, lena n‑áirítear tacaíocht ardcháilíochta le haghaidh na bpáirtithe leasmhara uile — foireann ó na ÚMEnna agus ó eintitis eile de chuid an Aontais, údaráis inniúla agus eintitis faoi mhaoirseacht — chomh maith le hoibríochtaí córais agus slándála, agus cothabháil cheartaitheach, choisctheach agus oiriúnaitheach amhail uasghráduithe sainordaitheacha saolré agus slándála agus feabhsuithe cumais incriminteacha. Ba cheart a mhaoiniú leis an gcothabháil freisin an bonneagar is gá, lena n‑áirítear an acmhainneacht leordhóthanach ríomhaireachta agus stórála chun faisnéis neamhstruchtúrtha (e.g. doiciméid) agus faisnéis struchtúrtha (e.g. sonraí stuamachta) a úsáidtear le haghaidh measúnuithe riosca maoirseachta a bhailiú, a phróiseáil agus a choinneáil. Dá bhrí sin, leis an gcóras, ba cheart infhaighteacht leanúnach, sláine sonraí agus slándáil a áirithiú, agus ba cheart tacú le forghníomhú éifeachtúil fheidhmeanna maoirseachta ESMA.
Ardán sonraí le haghaidh fógraí trasteorann maidir le cistí agus idirghníomhaíocht idir ÚINanna baile agus óstacha maidir le hábhair thrasteorann
Costas measta: EUR 1 000 000 le haghaidh forbartha agus EUR 200 000 le haghaidh cothabháil bhliantúil. Íocfaidh an tAontas as na costais forbartha agus aisghabhfar iad sna 5 bliana ina dhiaidh sin trí ranníocaíocht an Aontais a laghdú, rud a bheidh ag teacht le costas dímheasa an bhonneagair teicneolaíochta faisnéise. Déanfar na costais chothabhála bhliantúla (agus aon chostais a bhaineann le forbairt éabhlóideach) a chistiú go hiomlán le táillí.
Freagraíonn an costas sin d’uasghrádú ar an gclár atá ann cheana i gcóras ESAP, ina stóráiltear faisnéis faoi ghníomhaíochtaí cistí trasteorann faoi láthair, chun faisnéis bhreise is gá a chur san áireamh chun tacú le comhar maoirseachta feabhsaithe faoi chreataí na Treorach maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus GCUI, agus bailiú sonraí á choinneáil ar bun san am céanna trí ÚINanna. Is é an cuspóir atá ann córas ionaid ilfhreastail a fhorbairt lena laghdófar an gá atá le malartuithe déthaobhacha iomadúla a bhfuil gá leo faoi láthair idir údaráis inniúla bhaile agus óstacha agus páirtithe leasmhara i gcomhthéacs fógra a thabhairt faoi mhargú trasteorann cistí. Feidhmeoidh an córas sin mar chomhéadan lárnach do ESMA agus do na 27 ÚIN, rud a chuirfidh bealach slán ar fáil chun rochtain a fháil ar dhoiciméadacht bhaile-óstaigh agus chun céimeanna gnásúla a chur in iúl. Cuirfidh sé pointe aonair ar fáil do chistí agus do bhainisteoirí chun rochtain a fháil ar fhaisnéis le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann ar bhonn níos ginearálta. Chun na cumais sin a sholáthar, ní mór don chóras feidhmiúlachtaí tíolactha a stóráil agus a sholáthar le haghaidh doiciméadacht iontaofa, atá cothrom le dáta i gcónaí agus a bhfuil seiceáil cháilíochta déanta uirthi, lena n‑áirítear seirbhísí aistriúcháin uathoibrithe le haghaidh doiciméid a chuirtear isteach.
Ní mór an t‑ardán sonraí a bheith cothrom le dáta i gcónaí ionas go mbeidh an fhaisnéis cruinn agus iontaofa agus ionas gur féidir le ÚINanna agus le páirtithe leasmhara araon rochtain láithreach a fháil.
I measc na bpríomhfheidhmiúlachtaí tá an méid seo a leanas:
–idirnascacht idir ESMA agus gach ceann de na 27 ÚINanna, lena n‑áirithítear malartú sonraí slán tráthúil,
–meaisínaistriúchán go teangacha oifigiúla an Aontais, lena dtacaítear le hinúsáidteacht dhíreach ó Bhallstát go chéile,
–tairseach phoiblí le haghaidh trédhearcachta,
–comhéadain sho-úsáidte, le haghaidh faisnéis phríobháideach agus phoiblí araon chun faisnéis a chomhroinnt, a rochtain agus a aisghabháil ar bhealach slán éifeachtúil.
Sonraí láraithe agus anailísíocht
Costas measta: EUR 15 mhilliún le haghaidh forbartha agus EUR 4 mhilliún le haghaidh cothabháil bhliantúil. Thacódh an tAontas le 100 % de chostais forbartha an ardáin sin i gcaitheamh 2030 agus 2031. Chuige sin, mhéadódh an tAontas a ranníocaíocht chun an fhorbairt sin a chistiú a thuilleadh, trí mhéid EUR 8,2 milliún a chur leis an méid a mbeadh coinne leis ar bhonn ranníocaíocht 50 % le ESMA le haghaidh na forbartha sin, rud a laghdódh ranníocaíocht na n‑údarás inniúla náisiúnta faoin méid céanna. Dhéanfadh an tAontas Eorpach agus ÚINanna an chothabháil bhliantúil (agus aon fhorbairt éabhlóideach bhreise) a chómhaoiniú go cothrom.
Leis an tionscnamh seo, rannchuideofar le forbairt uirlisí teicneolaíochta maoirseachta agus le malartú faisnéise éifeachtúil laistigh den Aontas mar chuid de chomhstraitéis sonraí airgeadais de chuid an Aontais.
Leis an gcistiú, tacófar le feabhas a chur de réir a chéile ar chórais lárnacha ESMA chun na feidhmiúlachtaí a liostaítear thíos a sholáthar lena gcumhdófar na sainorduithe ábhartha uile faoi reachtaíocht an Aontais:
– uirlisí coiteanna a sholáthar le haghaidh anailís agus maoirseacht mhargaidh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla;
– comhroinnt thráthúil léargas maoirseachta le húdaráis inniúla a chumasú; agus
– rochtain agus malartú slán caighdeánaithe sonraí a éascú ar fud an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Airgeadais.
Tá coinne leis go gcruthófar éifeachtúlachtaí d’údaráis inniúla leis na réitigh chomhroinnte sin agus go dtacófar le cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha san Aontas.
|
Tábla Achoimre ar riachtanais TFC (*)
|
Costais forbartha aonuaire
(2028-2029)
|
Costais forbartha aonuaire
(2030-2031)
|
Cothabháil bhliantúil (2030-2034)
|
Cothabháil bhliantúil (2032-2034)
|
|
|
€
|
€
|
€
|
€
|
|
Cumhdach ardáin sonraí maoirseachta maidir le CPLanna, TLUnna, ionaid trádála, SFR
|
8,000,000
|
|
3,700,000
|
|
|
Clár lárnach le haghaidh faireachas margaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
|
4,200,000
|
|
2,500,000
|
|
|
Ardán sonraí le haghaidh fógraí trasteorann maidir le cistí
|
1,000,000
|
|
200,000
|
|
|
Sonraí láraithe agus anailísíocht
|
|
15,000,000
|
|
4,000,000
|
|
Iomlán
|
28,200,000
|
10,400,000
|
(*) tá na méideanna i bpraghsanna reatha 2025, roimh bhoilsciú
E. Bord Feidhmiúcháin Nua
Cathaoirleach ESMA agus cúigear comhaltaí neamhspleácha lánaimseartha, a mbeadh comhdhéanamh éagsúil acu, agus cineálacha éagsúla saineolais maoirseachta (e.g. CPLanna, TLU, ionaid trádála, bainisteoirí/cistí sócmhainní, stuamacht, bainc cheannais, etc.) a bheadh ar an mBord Feidhmiúcháin nua. Ba cheart taithí a bheith acu agus ba cheart iad a earcú mar ghníomhairí sealadacha AD ar ghrád AD 14. D’earcófaí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freisin mar ghníomhaire sealadach AD 14. Bheadh an Bord Feidhmiúcháin ar an bpríomhchomhlacht cinnteoireachta le haghaidh maoirseacht dhíreach agus bearta cóineasaithe maoirseachta a dhíríonn ar eintitis aonair. Ghlacfadh an Bord Feidhmiúcháin cúraimí an Bhoird Bainistíochta reatha chuige féin freisin. Beidh an Bord Feidhmiúcháin oibríochtúil ó lár 2028 ar aghaidh. Dhéanfaí cúraimí a bhaineann le maoirseacht dhíreach a mhaoiniú trí tháillí, agus dhéanfaí cúraimí a bhaineann le cóineasú maoirseachta (suas le 10 % de na cúraimí iomlána) a chómhaoiniú le buiséad an Aontais agus le ranníocaíochtaí ó na húdaráis inniúla náisiúnta.
F. Athshannadh agus gnóthachain éifeachtúlachta
Tá teorainn leis an bhféidearthacht athshannadh a dhéanamh, i bhfianaise chineál agus raon feidhme an tionscnaimh seo. Mar sin féin, rinneadh scrúdú críochnúil ar ghnóthachain éifeachtúlachta chun costais a theorannú, i gcás inar féidir. Mar shampla, mar a mhínítear thuas, tá coinne le barainneachtaí scála a mhéid a bheidh forchostais bhreise ag teastáil.
Príomhéifeachtúlacht is ea go mbraithfí den chuid is mó ar acmhainneacht reatha ESMA táillí a ghearradh chun déileáil leis an líon méadaithe eintiteas a bhfuil táille le gearradh orthu. Go háirithe, ní áirítear aon fhorbairt shonrach TF a mhéid a bhaineann le bainistiú táillí, ós rud é go bhfuil coinne leis go mbeidh ESMA ag brath ar na córais TF atá acu faoi láthair, chun raon feidhme leathnaithe an chur i bhfeidhm a láimhseáil.
Chun na costais a thabhóidh ESMA a laghdú a thuilleadh, d’fhéadfaí líon mór FTEnna nua a fhostú mar Ghníomhairí ar Conradh, mar Chúntóirí nó mar Shaineolaithe Náisiúnta ar Iasacht. Níor cheart, áfach, rómheastachán a dhéanamh ar an líon Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag ESMA saineolaithe den sórt sin a earcú i ngeall ar an gcostas a bheadh i gceist le haghaidh na mBallstát agus le haghaidh údaráis inniúla náisiúnta. Anuas ar na deacrachtaí sin a bhaineann lena n‑infhaighteacht, i réimse na maoirseachta dírí, ba cheart a mheas go soláthróidh siad taithí atá riachtanach nuair a rachaidh ESMA i mbun na gcúraimí sin, ach go fadtéarmach i ndiaidh na céime tosaigh beidh sé níos tábhachtaí do ESMA saineolaithe inmheánacha a choinneáil agus a bheith ag brath níos mó ar fhoireann Gníomhairí Sealadacha.
Sa tábla seo a leanas, tugtar deighilt tháscach na mball foirne sna catagóirí sin.
|
|
Maoirseacht dhíreach & gníomhaíochtaí cóineasúcháin gaolmhara
|
Cóineasú maoirseachta eile & TMD
|
Forchostas
|
Iomlán
|
|
Gníomhairí sealadacha - Grád AD
|
194
|
14
|
40
|
248
|
|
Cúntóirí
|
35
|
2
|
8
|
45
|
|
Gníomhairí ar Conradh
|
112
|
5
|
25
|
142
|
|
Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht
|
36
|
1
|
7
|
45
|
|
Iomlán
|
378
|
22
|
80
|
480
|
An tráth céanna, is féidir coinne a bheith le roinnt laghduithe costais in ÚINanna a luaithe a ghlacfaidh ESMA cúraimí maoirseachta áirithe chuige féin agus a luaithe a dhéanfaidh ÚINanna acmhainneacht mhaoirseachta a laghdú nó a ath-leithdháileadh.