AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.9.2025
COM(2025) 890 final
2025/0890(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le fionraí forálacha áirithe a bhaineann le trádáil den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 7 Deireadh Fómhair 2023, cháin an tAontas go neamhbhalbh láithreach na hionsaithe iomadúla neamh‑idirdhealaitheacha a rinne Hamas ar Iosrael agus sheas sé i ndlúthpháirtíocht le hIosrael.
Tar éis an 7 Deireadh Fómhair 2023, mar fhreagairt ar na hionsaithe uafásacha sin, bunaíodh córas smachtbhannaí nua tiomnaithe in aghaidh Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne i mí Eanáir 2024.
D’iarr an tAontas arís agus arís eile go mbeadh sos cogaidh láithreach ann in Gaza agus go scaoilfí saor na gialla uile gan choinníoll, rud a chuirfeadh deireadh buan leis an gcogaíocht. Níl aon athrú ar an seasamh sin.
Ó thosaigh an choinbhleacht Iosrael/Hamas in Gaza i mí Dheireadh Fómhair 2023, tá an staid dhaonnúil i Stráice Gaza tar éis dul in olcas, agus níl dóthain cabhrach ag dul isteach ann chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an phobail. Ón 2 Márta go dtí an 18 Bealtaine 2025, d’fhorchuir Iosrael imshuí iomlán ar chabhair dhaonnúil isteach in Gaza, rud a d’fhág gur tháinig meath suntasach ar an staid dhaonnúil go leibhéal neamh‑inbhuanaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Mar thoradh ar oibríocht mhíleata leanúnach Iosrael, tá oll-easáitiú á dhéanamh arís agus arís eile agus cliseadh ar sheirbhísí bunúsacha. Tá os cionn 88 % de Stráice Gaza faoi ordú aslonnaithe nó faoi rialú míleata díreach
Bunaithe ar thuarascálacha ó na Náisiúin Aontaithe, bíonn ar 90 % de theaghlaigh aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht thromchúiseach uisce, agus tá rátaí míchothaithe ag ardú go mór. Léiríonn ganntanais thromchúiseacha cógas leighis, trealaimh agus foirne leighis go bhfuil géarghá le cúnamh daonnúil. An 22 Lúnasa 2025, chinn an Coiste Athbhreithnithe um Gorta (FRC) go bhfuil gorta (Céim 5 IPC) ag tarlú faoi láthair i nGobharnóireacht Gaza (Gaza Thuaidh).
Chuir an tArdionadaí faoi bhráid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha an 23 Meitheamh 2025 athbhreithniú ar chomhlíonadh Airteagal 2 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara ag Iosrael lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta). Thángthas ar an gconclúid san athbhreithniú go bhfuil tásca ann go mbeadh Iosrael ag sárú Airteagal 2 den Chomhaontú, lena mbunaítear urraim do chearta an duine agus do phrionsabail an daonlathais mar eilimint sár-riachtanach den Chomhaontú sin. Ina dhiaidh sin, chuir an tArdionadaí faoi bhráid Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais fardal de na gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh chun brú a chur ar Iosrael.
Tá an tAontas ag tathant go seasta ar Iosrael feabhas a chur ar an staid dhaonnúil thubaisteach in Gaza. Mar thoradh ar an bhfor-rochtain sin, chomhaontaigh Iosrael i mí Iúil 2025 an rochtain dhaonnúil ar Gaza a leathnú.
Ó thús na géarchéime, tá acmhainní móra daonna agus airgeadais leithdháilte ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil in Gaza. Slógadh na príomh‑chomhpháirtithe uile agus cuireadh cistiú ón Aontas ar fáil dóibh, chun go mbeidh siad in ann an gcúnamh daonnúil is gá a sholáthar do mhuintir Gaza agus an Bhruaigh Thiar.
Tá idirphlé curtha ar bun ag an Aontas freisin le hÚdaráis Iosrael chun seachadadh agus dáileadh na cabhrach a éascú. Mar sin féin, níor leor na cainníochtaí a ceadaíodh a dháileadh go héifeachtach ar na daoine atá i ngátar chun géarchéim dhaonnúil thubaisteach a chosc.
I bhfianaise na staide daonnúla, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 10 Meán Fómhair 2025 ina haitheasc ar Staid an Aontais 2025 go measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil cás ann maidir le forálacha áirithe den Chomhaontú a bhaineann le trádáil a chur ar fionraí.
Is eilimint shár-riachtanach ar a bhfuil an Comhaontú bunaithe é urraim do chearta an duine. Go sonrach, foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú go mbeidh ‘Caidreamh idir na Páirtithe, chomh maith le forálacha uile an Chomhaontaithe féin, bunaithe ar urraim do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha, lena dtreoraítear a mbeartas inmheánach agus idirnáisiúnta agus ar eilimint shár-riachtanach den Chomhaontú seo iad’. Is sárú ábhartha tromchúiseach ar an gComhaontú sin é sárú ar Airteagal 2 den Chomhaontú, rud a thugann údar lena chur ar fionraí go haontaobhach ag an Aontas. Dá bhrí sin, tá sé de cheart ag an Aontas Eorpach freagairt ar shárú den sórt sin ar bhealach atá comhréireach agus d’fhonn deireadh na sáruithe a chur chun cinn.
Foráiltear le hAirteagal 79(2) den Chomhaontú ‘má mheasann ceachtar den dá Pháirtí nach bhfuil a oibleagáidí comhlíonta ag an bPáirtí eile faoin gComhaontú seo, féadfaidh sé bearta iomchuí a dhéanamh.’ De réir na forála céanna, féadfar na bearta sin a dhéanamh gan tuilleadh comhairliúcháin i gcásanna práinne speisialta. Is amhlaidh atá na dálaí atá ann faoi láthair, i bhfianaise na staide daonnúla atá ag dul in olcas go tapa i Stráice Gaza agus i bhfianaise an ghorta fhorleathain tar éis idirghabháil mhíleata Iosrael, an imshuí leanúnaigh ar chabhair dhaonnúil agus na sáruithe ar chearta an duine.
Foráiltear le hAirteagal 60 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Stáit agus Eagraíochtaí Idirnáisiúnta nó idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta ‘le sárú ábhartha ar chonradh déthaobhach ag ceann de na páirtithe, beidh an páirtí eile i dteideal an sárú a agairt mar fhoras chun an conradh a fhoirceannadh nó a oibriú a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach. (...). 3. Chun críocha an Airteagail seo, is éard atá i sárú ábhartha ar chonradh: (...) (b) sárú forála atá sár-riachtanach chun cuspóir nó críoch an chonartha a bhaint amach. …/…”
I bhfianaise na staide sin, is faoin gComhairle atá sé Cinneadh a ghlacadh maidir le forálacha áirithe den Chomhaontú a chur ar fionraí, bunaithe ar Airteagal 218(9) CFAE. I gcomhréir le hAirteagal 79(2) den Chomhaontú i gcomhar le dlí idirnáisiúnta an ghnáis mar a chódaítear in Airteagal 60(1) agus (3)(b) de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Stáit agus Eagraíochtaí Idirnáisiúnta nó idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí). Ba cheart an Cinneadh ón gComhairle a ghlacadh chun go bhféadfar an Comhaontú a chur ar fionraí go páirteach mar gheall ar shárú ábhartha ag Iosrael ar Airteagal 2 den Chomhaontú. Ba cheart an fhionraí a dhéanamh mar ábhar práinne speisialta, le héifeacht láithreach ag brath ar an staid dhaonnúil ar an láthair atá ag dul in olcas go tapa agus ar an ngorta forleathan tar éis idirghabháil mhíleata Iosrael, ar an imshuí ar chabhair dhaonnúil agus ar na sáruithe ar chearta an duine.
Cuimsítear sna forálacha a bhaineann le trádáil atá le cur ar fionraí Teideal II [Saorghluaiseacht earraí], III [Ceart bunaíochta agus soláthar seirbhísí] agus Caibidil 2, Caibidil 3 agus Caibidil 4 de Theideal IV [Soláthar poiblí, iomaíocht agus maoin intleachtúil] den Chomhaontú, chomh maith leis na hIarscríbhinní agus na Prótacail ábhartha uile a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá beartaithe.
Is beart iomchuí comhréireach é na forálacha sin den Chomhaontú a bhaineann le trádáil a chur ar fionraí i bhfianaise na géarchéime daonnúla i Stráice Gaza.
A luaithe a ghlacfaidh an Chomhairle an Cinneadh, tabharfaidh an tAontas fógra i scríbhinn don Chomhairle Comhlachais faoi fhorálacha an Chomhaontaithe a bhaineann le trádáil a chur ar fionraí go páirteach, i gcomhréir le hAirteagal 79(2) den Chomhaontú i gcomhar le hAirteagal 60 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra comhsheasmhach le hAirteagal 2 den Chomhaontú, lena mbunaítear urraim do chearta an duine agus do phrionsabail an daonlathais mar eilimintí sár-riachtanacha den Chomhaontú sin.
Thairis sin, tá an togra comhsheasmhach leis an togra ón gCoimisiún Eorpach rannpháirtíocht Iosrael i gclár an Aontais, Fís Eorpach, a chur ar fionraí go páirteach.
Ar deireadh, tá an togra seo comhsheasmhach le hAirteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena bhforáiltear go ndéanfar an comhbheartas tráchtála i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, lena n‑áirítear uilíocht chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an smacht reachta agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach le caidreamh seachtrach an Aontais (lena n‑áirítear breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha). Go sonrach, tá an togra seo comhsheasmhach le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena bhforáiltear go bhfuil an tAontas le comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach, lena n‑áirítear cearta an duine a chomhdhlúthú agus tacaíocht a thabhairt dóibh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Bunús dlí don nós imeachta
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh déantar foráil maidir le cinntí ‘lena bhfionrófar an comhaontú agus lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Sa chás seo, molann an Coimisiún cinneadh ón gComhairle maidir le forálacha áirithe den Chomhaontú a bhaineann le trádáil a chur ar fionraí agus, dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) an bunús dlí nós imeachta iomchuí.
Bunús dlí substainteach
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.
Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.
Conclúid
Ba cheart an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh ón gComhairle atá beartaithe.
•Comhréireacht
Ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, is é sin, forálacha áirithe den Chomhaontú a bhaineann le trádáil a chur ar fionraí [go páirteach].
Is beart iomchuí comhréireach é na forálacha sin den Chomhaontú a bhaineann le trádáil a chur ar fionraí mar fhreagairt ar na sáruithe tromchúiseacha ar Airteagal 2 den Chomhaontú.
•An rogha ionstraime
Ní féidir cuspóirí an togra seo a bhaint amach ach amháin trí ghníomh lena gcuirtear cur i bhfeidhm an chomhaontaithe idirnáisiúnta lena mbaineann ar fionraí go páirteach. Dá bhrí sin, tá gá le cinneadh ón gComhairle lena gcuirtear an Comhaontú ar fionraí go páirteach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
neamhbhainteach
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
neamhbhainteach
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
2025/0890 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le fionraí forálacha áirithe a bhaineann le trádáil den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Cáineann an tAontas ionsaithe sceimhlitheoireachta Hamas ar Iosrael, a spreag fáinne fí foréigin sa réigiún agus iarrann sé go mbeadh sos cogaidh láithreach ann i Stráice Gaza agus go scaoilfí saor gach giall gan choinníoll, rud a chuirfidh deireadh buan leis an gcoinbhleacht.
(2)An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit Iosrael, den pháirt eile, (‘an Comhaontú’), tá sé á chur i bhfeidhm ó bhí an 21 Meitheamh 2000 ann. Is é is aidhm don Chomhaontú creat dlíthiúil agus institiúideach iomchuí a sholáthar le haghaidh idirphlé polaitiúil agus comhar eacnamaíoch idir an tAontas agus Iosrael.
(3)Luaitear in Airteagal 2 den Chomhaontú go mbeidh ‘caidreamh idir na Páirtithe, chomh maith le forálacha an Chomhaontaithe féin, bunaithe ar urraim do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha, lena dtreoraítear a mbeartas inmheánach agus idirnáisiúnta agus ar eilimint shár-riachtanach den Chomhaontú seo iad’.
(4)Foráiltear le hAirteagal 79(2) den Chomhaontú go bhféadfaidh Páirtí sa Chomhaontú sin bearta iomchuí a dhéanamh má mheasann sé gur mhainnigh an Páirtí eile oibleagáid a chomhlíonadh faoin gComhaontú sin agus go bhféadfaidh sé gníomhú gan tuilleadh comhairliúcháin i gcásanna práinne speisialta agus go dtabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe agus bearta á roghnú.
(5)Mar is amhlaidh i gcás an togra ón gCoimisiún roimhe seo maidir le fionraí i gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo, féadfar na bearta sin a dhéanamh gan tuilleadh comhairliúcháin i gcásanna práinne speisialta, mar atá faoi láthair, i bhfianaise na staide daonnúla atá ag dul in olcas go tapa i Stráice Gaza tar éis idirghabháil mhíleata Iosrael, an imshuí ar chabhair dhaonnúil agus na sáruithe ar chearta an duine.
(6)Chuir Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála athbhreithniú ar chomhlíonadh Airteagal 2 den Chomhaontú ag Iosrael faoi bhráid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha an 23 Meitheamh 2025. Thángthas ar an gconclúid san athbhreithniú go bhfuil tásca ann go mbeadh Iosrael ag sárú a oibleagáidí maidir le cearta an duine faoi Airteagal 2 den Chomhaontú.
(7)An 29 Iúil 2025, mhol an Coimisiún go gcuirfí ar fionraí go páirteach an Comhaontú idir an tAontas, de pháirt, agus Iosrael, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Iosrael i gceann de chlár an Aontais, Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (clár Luasaire na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE) dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Luasaire CNE’).
(8)An 10 Meán Fómhair 2025, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le Gaza dar teideal ‘Gaza i ndeireadh na feide: Gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic leis an ngorta, an géarghá atá le gialla a scaoileadh saor agus dul i dtreo réiteach dhá stát’.
(9)Lena idirghabháil i Stráice Gaza agus leis an tubaiste dhaonnúil a d’eascair as sin, lena n‑áirítear bás na mílte sibhialtach agus méadú tapa ar líon na leanaí ar a bhfuil míchothú tromchúiseach atá ag scaipeadh, go sonrach, tá cearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta á shárú ag Iosrael agus, dá bhrí sin, tá sé ag sárú eilimint shár-riachtanach den chomhar idir an tAontas agus Iosrael faoin gComhaontú.
(10)Is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 79(2) den Chomhaontú, arna léamh i gcomhar le dlí idirnáisiúnta an ghnáis mar a chódaítear in Airteagal 60 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Stáit agus Eagraíochtaí Idirnáisiúnta nó idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, an Comhaontú a chur ar fionraí go páirteach mar gheall ar shárú ábhartha ag Iosrael ar Airteagal 2 den Chomhaontú, agus mar ábhar práinne speisialta.
(11)I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas le comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), stiúrfar an comhbheartas tráchtála i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.
(12)Dealraíonn sé gur beart iomchuí comhréireach é forálacha áirithe den Chomhaontú a bhaineann le trádáil a chur ar fionraí mar fhreagairt ar na sáruithe ar Airteagal 2 den Chomhaontú. Go sonrach, cuimsítear sna forálacha sin Teideal II [Saorghluaiseacht earraí], Teideal III [Ceart bunaíochta agus soláthar seirbhísí] agus Caibidlí 2 - 4 de Theideal IV [Soláthar poiblí, iomaíocht agus maoin intleachtúil] den Chomhaontú, chomh maith leis na hIarscríbhinní agus na Prótacail ábhartha uile a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh seo,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.Cuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm Theideal II [Saorghluaiseacht earraí], Theideal III [Ceart bunaíochta agus soláthair seirbhísí] agus Chaibidil 2, Chaibidil 3 agus Chaibidil 4 de Theideal IV [Soláthar poiblí, iomaíocht agus maoin intleachtúil] den Chomhaontú lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile, chomh maith leis na hIarscríbhinní agus na Prótacail ábhartha uile a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh seo.
2.Tiocfaidh an fhionraí dá dtagraítear sa chéad mhír i bhfeidhm 30 lá ón dáta a dtabharfar fógra faoi don Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán