Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0780

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe maidir le táirgeadh, lipéadú agus deimhniú agus rialacha áirithe maidir le trádáil le tríú tíortha

COM/2025/780 final

An Bhruiséil,16.12.2025

COM(2025) 780 final

2025/0417(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe maidir le táirgeadh, lipéadú agus deimhniú agus rialacha áirithe maidir le trádáil le tríú tíortha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2025) 424 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is príomheilimint de Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh í an fheirmeoireacht orgánach. Tá an sciar den talamh a shaothraítear go horgánach ag fás go seasta go 11 % sa lá atá inniu ann. Tá méadú ag teacht ar mhéid an bhia orgánaigh a cheannaíonn tomhaltóirí, ar féidir é a aithint trí lógó de chuid an Aontais agus trí lipéad coiteann. Rialaítear táirgeadh agus lipéadú táirgí orgánacha le Rialachán (AE) 2018/848, atá infheidhme ó bhí mí Eanáir 2022 ann, agus leis na Rialacháin tharmligthe agus chur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn. Bunaítear leis na rialacháin sin na rialacha mionsonraithe atá mar bhonn taca leis an táirgeadh orgánach.

Sa bhreithiúnas uaithi i gCás C-240/23, tháinig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an gconclúid, i bhfianaise fhoclaíocht Airteagail 30(2) agus 33(1) de Rialachán (AE) 2018/848, comhthéacs agus cuspóirí na reachtaíochta ar cuid di na forálacha sin, nach bhféadfaidh táirgí nach gcomhlíonann ach caighdeáin atá coibhéiseach leis na rialacha maidir le táirgeadh i Rialachán (AE) 2018/848 téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach ná lógó an Aontais maidir le táirgeadh orgánach a úsáid. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus iad ag ceannach táirgí ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe agus rialaithe an Aontais, chomh maith le muinín na dtomhaltóirí as na táirgí sin agus as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a áirithiú agus, an tráth céanna, iomaíocht chóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach idir táirgí a chomhlíonann rialacha táirgthe agus rialaithe an Aontais go hiomlán agus táirgí a chomhlíonann rialacha atá coibhéiseach le rialacha sin an Aontais.

Thairis sin, ós rud é go rachaidh aitheantas do thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais in éag an 31 Nollaig 2026 agus go bhfuil malartuithe teicniúla leis na tríú tíortha sin fós ar siúl d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha, is gá agus is práinneach go leanfar de na tríú tíortha sin a aithint go dtí an 31 Nollaig 2036 chun cur isteach ar thrádáil táirgí orgánacha a sheachaint.

Ar deireadh, cé go soláthraítear le Rialachán (AE) 2018/848 bonn fónta le haghaidh earnáil orgánach atá iontaofa agus ag fás san Aontas, is gá coigeartuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar rialacha táirgthe áirithe chun creat rialála níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus níos so-úsáidte a chruthú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an rialachán seo atá beartaithe leasaítear na rialacha atá ann faoi láthair chun táirgeadh, lipéadú, rialuithe agus trádáil orgánach a éascú ar fud an Aontais agus i dtríú tíortha. Áiritheofar leis freisin gur féidir le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh agus táirgí orgánacha a allmhairítear ó thríú tíortha á gceannach acu.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leasaítear leis an togra seo forálacha Rialachán (AE) 2018/848 atá ann cheana, gan a mbunbhrí a athrú. Ós rud é go bhfuil na forálacha sin atá ann cheana comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, tá an togra comhsheasmhach leis na beartais sin freisin.

Áirithítear leis an togra gur féidir le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais, go háirithe agus lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus na téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach orthu. Cuirtear síneadh leis freisin leis an sprioc-am maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha a aithníodh chun críoch coibhéise faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a dhul in éag. Ar deireadh, trí chastachtaí san ualach rialála ar oibreoirí orgánacha a laghdú, d’fhéadfadh an togra seo infheistíochtaí a éascú agus deiseanna fostaíochta a fhorbairt san earnáil orgánach dá bharr, chomh maith le cleachtais talmhaíochta a bhfuil ardchaighdeáin chomhshaoil acu a fhorbairt a thuilleadh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Leasaítear leis an togra seo forálacha Rialachán (AE) 2018/848. Glacadh an Rialachán sin ar leibhéal an Aontais agus tá sé infheidhme i ngach Ballstát.

Leis an togra, cuirtear deireadh leis na hualaí atá ar na Ballstáit, ar oibreoirí san Aontas agus i dtríú tíortha agus seachnaítear cur isteach ar thrádáil táirgí orgánacha, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) úsáid na dtáirgí agus na substaintí atá ar fáil ar an margadh le haghaidh glantacháin agus díghalraithe a cheadú lena n‑úsáid sa phróiseáil agus sa stóráil; (ii) a áirithiú go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis iomchuí agus iad ag ceannach táirgí ar a bhfuil lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus na téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach; (iii) na coinníollacha a oiriúnú chun oibreoirí níos lú a dhíolann táirgí orgánacha neamhphacáilte seachas beatha a dhíolmhú ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848; (iv) na ceanglais maidir le comhdhéanamh grúpaí oibreoirí a oiriúnú; (v) dul in éag aitheantais tríú tíortha coibhéiseacha a chur siar; agus (vi) rialacha maidir le táirgeadh beostoic a oiriúnú.

Leis na leasuithe, coinnítear ar bun an méid comhchuibhithe a baineadh amach cheana le Rialachán (AE) 2018/848 agus áirithítear cothrom iomaíochta idir oibreoirí san earnáil orgánach. Meastar, dá bhrí sin, nach féidir leis na Ballstáit iad a chur chun feidhme agus iad ag gníomhú ina n‑aonar.

Comhréireacht

Ní leasaítear leis an togra Rialachán (AE) 2018/848 ach a mhéid is fíorghá chun cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach, agus áirithítear an tráth céanna go leanfaidh na leasuithe de bheith spriocdhírithe agus laistigh de theorainn an mhéid is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Laghdaíonn sé an t‑ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar oibreoirí, agus ní chuireann sé eilimintí nua leis ach a mhéid is fíorghá chun Rialachán (AE) 2018/848 a choigeartú de réir na gcuspóirí a leagtar amach thuas.

Leasaítear leis an togra gnéithe sonracha de líon teoranta forálacha i Rialachán (AE) 2018/848: (i) ceadaíonn sé d’oibreoirí na táirgí agus na substaintí atá ar fáil ar an margadh a úsáid le haghaidh glantacháin agus díghalraithe lena n‑úsáid i bpróiseáil agus i stóráil. Leis an leasú seo, ní athraítear na cuspóirí a shaothraítear le Rialachán (AE) 2018/848 agus ní dhéantar na forálacha a choigeartú ach amháin de réir riachtanais na hearnála agus na gcuspóirí sin; (ii) oiriúnaíonn sé rialacha maidir le lipéadú táirgí orgánacha a allmhairítear ó thríú tíortha. Áirithítear leis an leasú seo go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus táirgí á gceannach acu ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe agus rialaithe an Aontais, chomh maith le muinín na dtomhaltóirí as na táirgí sin agus as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a áirithiú agus, an tráth céanna, iomaíocht chóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach idir táirgí a chomhlíonann rialacha táirgthe agus rialaithe an Aontais go hiomlán agus táirgí a chomhlíonann rialacha atá coibhéiseach le rialacha sin an Aontais; (iii) oiriúnaítear leis na coinníollacha maidir le hoibreoirí níos lú a dhíolann táirgí orgánacha neamhphacáilte seachas beatha a dhíolmhú ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848. Leis an leasú sin, éascaítear díolúine oibreoirí beaga agus, dá bhrí sin, éascaítear baint amach chuspóir Rialachán (AE) 2018/848 maidir le gearrbhealaí dáileacháin agus táirgeadh áitiúil a spreagadh i limistéir éagsúla den Aontas; (iv) déanann sé na ceanglais maidir le comhdhéanamh grúpaí oibreoirí a oiriúnú agus a shimpliú. Leis an leasú seo, éascaítear cur chun feidhme na bhforálacha atá ann cheana agus forbairt na feirmeoireachta orgánaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848; (v) cuirtear ar atráth leis dul in éag an aitheantais do thríú tíortha coibhéiseacha. Leis an leasú seo, seachnaítear aon chur isteach ar thrádáil táirgí orgánacha agus áirithítear aistriú rianúil chuig an scéim aitheantais do thríú tíortha trí chomhaontuithe idirnáisiúnta; agus (vi) cuirtear na rialacha táirgthe maidir le beostoc in oiriúint leis. Tá an leasú seo, arb é is aidhm dó na rialacha atá ann faoi láthair a shimpliú agus a oiriúnú do riachtanais na n‑oibreoirí, comhréireach a mhéid atá na heilimintí nua a chuirtear le creat reachtach orgánach an Aontais (amhail an tréimhse shonrach tiontaithe agus an aois íosta tráth an mharaithe le haghaidh gearg) teoranta a mhéid is fíorghá chun na forálacha atá ann cheana a oiriúnú do na cuspóirí a leagtar amach thuas.

An rogha ionstraime

Leagtar síos na rialacha is gá a leasú i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, an ionstraim a roghnófar, ní mór í a bheith ina Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní dhearnadh aon mheastóireacht ná seiceáil oiriúnachta ar Rialachán (AE) 2018/848. Mar sin féin, ó bhí mí Eanáir 2022 ann agus ó tháinig Rialachán (AE) 2018/848 i bhfeidhm, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir le cur chun feidhme an rialacháin.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Déanann an Coimisiún faisnéis a mhalartú go tráthrialta leis na Ballstáit tríd an nGrúpa Saineolaithe maidir le Táirgeadh Orgánach (GSTO) agus le páirtithe leasmhara, tríd an nGrúpa Idirphlé Shibhialta maidir le feirmeoireacht orgánach (GIS). Sna cruinnithe sin, bailíonn an Coimisiún tuairimí maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 agus na Rialachán tarmligthe agus na Rialachán cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn.

In 2024, d’eisigh an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’, an sainghrúpa ardleibhéil a cuireadh ar bun chun cuidiú leis an gCoimisiún an reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú agus an tualach riaracháin a laghdú, tuairim maidir leis an gcaoi a bhféadfaí Rialachán (AE) 2018/848 agus na Rialacháin tharmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn a shimpliú 1 . Pléadh an tuairim sa Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an 27 Eanáir 2025.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le GSTO agus le GIS sa chéad leath de 2025 chun obair leantach a dhéanamh ar thuairim an ardáin sin. Thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí roinnt eilimintí de Rialachán (AE) 2018/848 agus de na Rialacháin tharmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn a shimpliú.

Thairis sin, an 24 Meán Fómhair 2025, tionóladh cruinniú comhcheangailte GSTO-GIS chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí Rialachán (AE) 2018/848 a shimpliú gan a chuspóirí, a phrionsabail ná a chaighdeáin a ísliú.

Tionóladh Idirphlé Cur Chun Feidhme maidir leis an mbeartas orgánach 2 an 10 Samhain 2025, faoi chathaoirleacht an Choimisinéara um Thalmhaíocht agus Bia agus ar fhreastail roinnt oibreoirí orgánacha agraibhia agus páirtithe leasmhara eile air. Díríodh sa phlé ar a dtaithí ar na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus ar an gcaoi a bhféadfaí gnéithe áirithe de Rialachán (AE) 2018/848 agus de na Rialacháin tharmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn a shimpliú.

Ar deireadh, bhí Glao ar fhianaise ar oscailt ón 21 Deireadh Fómhair go dtí an 18 Samhain 2025 3 . Fuarthas 720 aighneacht san iomlán ó shaoránaigh den Aontas (44,9 %), ó chuideachtaí/gnólachtaí (31,3 %), ó chomhlachais ghnó (11 %), ó Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (ENRanna) (2,8 %), ó údaráis phoiblí (1,5 %), ó cheardchumainn (1,3 %), agus ó eagraíochtaí eile (7,4 %). Bhain an taiseolas le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2018/848 agus ar na Rialacháin tharmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn.

Bailiú agus úsáid saineolais

Déanann an Coimisiún tuairimí a mhalartú go tráthrialta leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 agus na Rialachán tarmligthe agus na Rialachán cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, lena n‑áirítear aiseolas a bhailiú maidir leis na deacrachtaí a bhíonn acu. Ina theannta sin, bhailigh an Coimisiún fianaise trí na comhairliúcháin spriocdhírithe a luaitear thuas. Is éard atá sa saineolas a bailíodh trí na comhairliúcháin sin uile an saineolas ar ar bhraith an Coimisiún le haghaidh an tionscnaimh seo.

Measúnú tionchair

I bhfianaise an ghá atá ann an méid seo a leanas a dhéanamh go práinneach: (i) a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus táirgí á gceannach acu ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe agus rialaithe an Aontais, chomh maith le muinín na dtomhaltóirí as na táirgí sin agus as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a áirithiú agus, an tráth céanna, iomaíocht chóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach idir táirgí a chomhlíonann rialacha táirgthe agus rialaithe an Aontais go hiomlán agus táirgí a chomhlíonann rialacha atá coibhéiseach le rialacha sin an Aontais; (ii) aon chur isteach ar thrádáil táirgí orgánacha le tríú tíortha a aithnítear a bheith coibhéiseach a sheachaint; (iii) aghaidh a thabhairt, ar bhealach spriocdhírithe, ar na dúshláin atá roimh an earnáil orgánach, ualaí a bhaint agus a hiomaíochas a fheabhsú, ní fhéadfaí aon mheasúnú tionchair a dhéanamh.

Mar sin féin, forbraíodh na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) 2018/848 ar bhonn na fianaise a bailíodh trí chomhairliúcháin ar a dtugtar tuairisc sa roinn ‘Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara’ thuas. Tá na leasuithe atá beartaithe spriocdhírithe agus ní athróidh siad cuspóirí foriomlána an bheartais.

Beidh tionchar iomlán an togra ag brath ar oibreoirí orgánacha a bheith ag cloí leis na bearta atá beartaithe. Sa bhreis ar chostais airgeadaíochta a laghdú, trí dheireadh a chur le bacainní ar oibreoirí san Aontas agus i dtríú tíortha, tá coinne leis go spreagfar cothabháil agus glacadh na feirmeoireachta orgánaí, rud a chuirfidh feabhas ar a tairbhí comhshaoil agus sóisialta.

Cuirfidh an Coimisiún an laghdú ar an ualach i láthair, lena n‑áirítear measúnú ar chostais agus ar thairbhí agus ar an gcaoi ar cuireadh an t‑ionchur ó na comhairliúcháin san áireamh, i nDoiciméad Inmheánach Oibre anailíseach a fhoilseofar in éineacht leis an togra seo.

Ós rud é go meastar nach dtiocfaidh aon mhéadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar na bearta atá beartaithe, tá an togra seo comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Dlí Aeráide Eorpach), chomh maith le spriocanna aeráide 2030 4 agus 2040 5 an Aontais. Thairis sin, ós rud é gur féidir le cleachtais feirmeoireachta orgánaí athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a neartú 6 , rannchuidíonn na bearta atá beartaithe le hiarrachtaí an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/1119.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Cuireann roinnt gnéithe den togra le simpliú, le maorlathas agus leis an ualach riaracháin a laghdú d’oibreoirí orgánacha agus d’údaráis riaracháin na mBallstát (i) lena gceadaítear úsáid na dtáirgí agus na substaintí atá ar fáil ar an margadh le haghaidh glantacháin agus díghalraithe lena n‑úsáid sa phróiseáil agus sa stóráil; (ii) na coinníollacha a oiriúnú chun oibreoirí níos lú a dhíolann táirgí orgánacha neamhphacáilte seachas beatha a dhíolmhú ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848; (iii) na ceanglais maidir le comhdhéanamh grúpaí oibreoirí a oiriúnú; agus (iv) rialacha maidir le táirgeadh beostoic a oiriúnú. Thairis sin, tairbhíonn riarachán na mBallstát d’oiriúnú na gcoinníollacha maidir le hoibreoirí níos lú a dhíolann táirgí orgánacha neamhphacáilte seachas beatha a dhíolmhú ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848.

Dá bhrí sin, leis na heilimintí sin, cuirtear forálacha Rialachán (AE) 2018/848 in oiriúint do riachtanais phraiticiúla na n‑oibreoirí, caomhnaítear cuspóirí agus prionsabail an Rialacháin sin, coinnítear a ardchaighdeáin ar bun agus seachnaítear cur chuige a oireann do chách a d’fhéadfadh a bheith ina ualach trom ó thaobh cur chun feidhme de agus nach mbeadh chomh héifeachtach céanna.

Go háirithe, d’fhéadfadh coigilteas bliantúil díreach ar chostais riaracháin a bheith i gceist leis na heilimintí sin ar fiú EUR 47,8 milliún san iomlán iad, as a dtiocfaidh EUR 45,9 milliún le haghaidh gnólachtaí agus EUR 1,9 milliún le haghaidh riarachán poiblí. Ina theannta sin, d’fhéadfadh coigilteas costais coigeartaithe dhírigh aonuaire EUR 109,2 milliún agus coigilteas costais coigeartaithe dhírigh bliantúil EUR 90,2 milliún a bheith i gceist leis na heilimintí sin le haghaidh gnólachtaí.

Tar éis an mheasúnaithe dhigitigh, ní áirítear sa togra atá ann faoi láthair aon cheanglas a bhfuil ábharthacht dhigiteach ag baint leis. Níl modhanna digiteacha ná malartú sonraí faoi raon feidhme an togra seo.

Cearta bunúsacha

Urramaítear leis an togra na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanann na faireachlanna margaidh arna mbunú ag an gCoimisiún faireachán leanúnach ar sholáthar agus éileamh táirgí orgánacha, chomh maith lena bpraghsanna, ar mhargadh an Aontais. Leanfaidh siad de léargas a sholáthar ar a bhforbairtí. Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 agus na Rialachán tarmligthe agus na Rialachán cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn faoi chuimsiú a chruinnithe tráthrialta leis na Ballstáit agus le hionadaithe na bpáirtithe leasmhara. Ar deireadh, i ndáil le tríú tíortha a aithnítear chun críche coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, leanfaidh an Coimisiún dá áirithiú go ndéanfar maoirseacht iomchuí orthu mar a fhoráiltear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/848.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gCás C-240/23 Herbaria Kräuterparadies II, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) nach mór Rialachán (AE) 2018/848 a léirmhíniú sa chaoi, maidir le táirge a allmhairítear ó thríú tír ar aithníodh go bhfuil a córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais, trí chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus na tríú tíortha sin nó i gcás inar aithníodh na tríú tíortha chun críche coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, nach bhféadfadh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach nó, i bprionsabal, téarmaí a thagraíonn do tháirgeadh orgánach a bheith ar lipéadú an táirge sin. Rialaigh CBAE freisin gur cheart úsáid lógó an tríú tír óna dtagann an táirge sin maidir le táirgeadh orgánach a cheadú ar an táirge, fiú i gcás ina bhfuil téarmaí sa lógó sin atá comhionann leis na téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach, de réir bhrí Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2018/848 sin agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis.

I gcás táirge a allmhairítear ó thríú tír ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe orgánaigh agus rialaithe orgánaigh an Aontais, ní dócha go ndéanfaidh úsáid lógó tríú tír maidir le táirgeadh orgánach díobháil d’iomaíocht chóir laistigh den mhargadh inmheánach i dtáirgí orgánacha ná go mbeidh sé ina chúis le débhríocht a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú. Is amhlaidh atá toisc nach gcuireann lógó den sórt sin an táirge lena mbaineann ar an leibhéal céanna le táirgí orgánacha an Aontais ó thaobh iomaíochta de ná nach dócha go dtabharfaidh sé le tuiscint go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann na ceanglais uile a leagtar síos le Rialachán (AE) 2018/848.

Na téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach, lena n‑áirítear a ndíorthaigh agus leaganacha giorraithe díobh, úsáidtear iad san Aontas agus i dtríú tíortha araon chun a thabhairt le fios don cheannaitheoir gur táirgeadh an táirge agus a chomhábhair i gcomhréir leis na modhanna táirgthe orgánaigh is infheidhme. Is amhlaidh atá freisin i dtreoirlínte Codex Alimentarius CAC/GL 32, ina n‑úsáidtear téarmaí a thagraíonn do mhodhanna táirgthe orgánaigh amhail ‘orgánach’, ‘bitheolaíoch’, ‘éiceolaíoch’ nó focail d’intinn chomhchosúil lena n‑áirítear leaganacha giorraithe chun a thabhairt le fios don cheannaitheoir gur táirgeadh an táirge nó a chomhábhair i gcomhréir le modhanna táirgthe orgánaigh. Ina theannta sin, ceanglaítear le rialacha áirithe maidir le táirgeadh orgánach i dtríú tíortha téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach a úsáid le haghaidh táirgí agus a dtáirgí comhábhar a táirgeadh i gcomhréir leis na modhanna táirgthe orgánaigh is infheidhme.

Níl a lógó féin maidir le táirgeadh orgánach ag gach tríú tír ar aithníodh go bhfuil a córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais. Dá bhrí sin, mura bhféadfadh téarmaí a thagraíonn do tháirgeadh orgánach a bheith ar tháirgí ó thríú tíortha den sórt sin, bhainfí an deis d’oibreoirí sna tríú tíortha sin stádas orgánach na dtáirgí sin a léiriú agus a thabhairt le fios do thomhaltóirí san Aontas gur de thionscnamh táirgthe orgánaigh iad na táirgí sin agus go dtáirgtear iad i gcomhréir le modhanna táirgthe orgánaigh ina dtíortha tionscnaimh. Bheadh sé deacair é sin a réiteach freisin le treoirlínte Codex Alimentarius CAC/GL 32 toisc nach bhféadfaí tagairt a dhéanamh do mhodhanna táirgthe orgánaigh i lipéadú na dtáirgí sin d’ainneoin go gcomhlíonann siad na coinníollacha comhfhreagracha uile a leagtar amach sna treoirlínte sin.

Ciallaíonn aitheantas a thabhairt do chórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh tríú tír mar chórais atá coibhéiseach le córais an Aontais go ndearnadh measúnú ar chóras den sórt sin mar chóras a chomhlíonann na cuspóirí céanna agus na prionsabail chéanna atá ag an Aontas trí rialacha a chur i bhfeidhm lena n‑áirithítear an leibhéal céanna dearbhaithe comhréireachta, fiú má bhaintear é sin amach trí mhodhanna éagsúla.

Tá difríochtaí idir na rialacha a chuirtear i bhfeidhm i gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh tríú tíortha a aithnítear a bheith coibhéiseach agus na rialacha a chuirtear i bhfeidhm san Aontas ina ndlúthchuid den chóras coibhéise. Léirigh an measúnú a rinne an Coimisiún ar choibhéis, cé go bhfuil roinnt de na difríochtaí sin teoranta agus nach ionann iad agus saintréithe táirgí, go mbaineann difríochtaí eile le rialacha maidir le táirgeadh orgánach a bhfuil ról tábhachtach acu i struchtúr an táirgthe orgánaigh san Aontas agus a rannchuidíonn leis an gcuspóir a bhaint amach ionchais na dtomhaltóirí a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha a shásamh agus iomaíocht chóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach idir táirgí a chomhlíonann rialacha táirgthe agus rialaithe an Aontais go hiomlán agus iad siúd a chomhlíonann rialacha atá coibhéiseach leis na rialacha sin de chuid an Aontais. Áirítear ar na rialacha sin ithir bheo, caighdeáin leasa ainmhithe agus próiseáil bia trí úsáid a bhaint as ionchuir shaorga íosta.

Tugadh le fios i suirbhé Eorabharaiméadair 7 a rinneadh i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2024 agus dar teideal ‘Eorpaigh, an Talmhaíocht agus CBT’ gurb é lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach lógó an táirge bia is mó a bhfuil muintir na hEorpa ar an eolas faoi. Tá sé fíor-riachtanach do thomhaltóirí agus do tháirgeoirí araon toisc go néascaíonn sé do thomhaltóirí táirgí orgánacha a shainaithint agus toisc go gcuidíonn sé le táirgeoirí iad a mhargú ar fud an Aontais.

Chun iomaíocht chóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach idir táirgí a chomhlíonann rialacha táirgthe agus rialaithe an Aontais go hiomlán agus iad siúd a chomhlíonann rialacha atá coibhéiseach leis na rialacha sin de chuid an Aontais, agus chun freagairt d’ionchais tomhaltóirí go gcomhlíonann táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh an Aontais caighdeáin atá chomh hard le caighdeáin an Aontais, ba cheart úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a cheadú i lipéadú, i gcur i láthair agus i bhfógraíocht táirgí a allmhairítear ó na tríú tíortha sin, ar choinníoll, i dteannta na rialacha coibhéiseacha sin, go gcomhlíonann na táirgí sin ceanglais bhreise áirithe maidir le táirgeadh agus rialú.

Chun éifeachtacht Rialachán (AE) 2018/848 a chaomhnú a mhéid a bhaineann le trádáil le tríú tíortha, ba cheart na ceanglais bhreise sin a bheith ag comhfhreagairt do rialacha táirgthe agus rialaithe a bhfuil ról tábhachtach acu i struchtúr an táirgthe orgánaigh san Aontas agus a rannchuidíonn leis an gcuspóir a bhaint amach maidir le hionchais tomhaltóirí a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha agus iomaíocht chóir laistigh den mhargadh inmheánach á háirithiú an tráth céanna.

I gcás ina bhfuil athruithe ar na rialacha táirgthe san Aontas nó i dtríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe orgánaigh an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na gceanglas breise táirgthe agus rialaithe a chur leo nó a leasú, ar ceanglais iad nach mór do tháirgí a allmhairítear ó na tríú tíortha sin a chomhlíonadh chun lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid.

Braitheann oibreoirí san Aontas a tháirgeann bia agus beatha orgánach ar úsáid comhábhar a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais. Úsáidtear comhábhair den sórt sin i gcomhréireanna athraitheacha le linn táirgí orgánacha a phróiseáil san Aontas agus tá siad riachtanach le haghaidh réimse mór táirgí orgánacha a phróiseáiltear san Aontas.

Déantar oibríochtaí próiseála san Aontas, agus na comhábhair sin á n‑úsáid, i gcomhréir leis na rialacha táirgthe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848. Ba cheart, dá bhrí sin, úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a cheadú i gcás táirgí a phróiseáiltear san Aontas agus ina bhfuil comhábhair orgánacha a tháirgtear i gcomhréir leis an Rialachán seo nó a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais agus i gcás go bhfuil 5 % nó níos lú de chomhábhair thalmhaíochta an táirge sna comhábhair sin (de réir meáchain le haghaidh bia agus go ginearálta le haghaidh beatha).

I gcás inar mó na comhábhair sin ná 5 % de chomhábhair thalmhaíochta an táirge (de réir meáchain le haghaidh bia agus go ginearálta le haghaidh beatha), agus chun iomaíocht chóir a áirithiú idir táirgí próiseáilte ina bhfuil comhábhair a chomhlíonann rialacha táirgthe agus rialaithe an Aontais go hiomlán agus iad siúd a chomhlíonann rialacha atá coibhéiseach le rialacha an Aontais, agus chun freagairt d’ionchais tomhaltóirí i ndáil le húsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, ba cheart an lógó sin a cheadú i lipéadú, i gcur i láthair agus i bhfógraíocht táirgí próiseáilte ina bhfuil comhábhair a allmhairítear ó na tríú tíortha sin, ar choinníoll, i dteannta na rialacha coibhéiseacha sin, go gcomhlíonann na comhábhair sin ceanglais bhreise áirithe maidir le táirgeadh agus rialú.

Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/848 go bhfuil úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach éigeantach i gcás gach bia orgánaigh réamhphacáilte a tháirgtear laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, is gá a eisiamh ón oibleagáid sin bia réamhphacáilte a tháirgtear laistigh den Aontas ina bhfuil comhábhair a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais agus i gcás inar mó na comhábhair sin ná 5 % de chomhábhair talmhaíochta an táirge de réir meáchain agus nach gcomhlíonann siad ceanglais bhreise áirithe táirgthe agus rialaithe.

An t‑aitheantas a thugtar do thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh an Aontais, rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2026. An 28 Meitheamh 2021, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha a aithnítear chun críche coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha. Ar an mbonn sin, tá malartuithe teicniúla á ndéanamh ag an gCoimisiún leis na tríú tíortha sin. Léiríonn na malartuithe sin leibhéil éagsúla dul chun cinn mar gheall ar éagsúlacht na gcreataí dlíthiúla agus rialála agus na gcastachtaí a bhaineann le braistintí éagsúla tomhaltóirí ar tháirgeadh orgánach ó chóras táirgthe orgánaigh amháin go córas táirgthe orgánaigh eile. Is gá agus tá sé práinneach, dá bhrí sin, go leanfar de na tríú tíortha sin a aithint go dtí an 31 Nollaig 2036 chun cur isteach ar thrádáil táirgí orgánacha a sheachaint.

Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/848 gur cheart don Choimisiún táirgí glantacháin agus díghalraithe i saoráidí próiseála agus stórála lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach a údarú agus a áireamh ar liostaí sriantacha. Mar sin féin, tá roinnt dúshlán ag baint le bunú na liostaí sin. Deimhníodh na dúshláin sin le roinnt tuarascálacha ón Sainghrúpa um Chomhairle Theicniúil maidir le Táirgeacht Orgánach (EGTOP). Ar an gcéad dul síos, tá líon mór táirgí agus substaintí ar fáil ar mhargadh an Aontais faoi láthair chun saoráidí próiseála agus stórála a ghlanadh agus a dhíghalrú. Ar an dara dul síos, déantar táirgí orgánacha a phróiseáil agus a stóráil in roinnt mhaith cineálacha éagsúla bunaíochtaí agus baineann sé le raon leathan trealaimh, innealra agus foirgneamh a úsáid. Ar an tríú dul síos, ní mór an trealamh agus an t‑innealra le haghaidh próiseála agus stórála a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir le sonraíochtaí na monaróirí chun a áirithiú go ndéanfar é a chothabháil agus a oibriú go hiomchuí. D’fhonn ligean d’oibreoirí orgánacha táirgí agus substaintí a úsáid le haghaidh glantacháin agus díghalrán atá ar fáil ar an margadh, ba cheart an ceanglas atá ar an gCoimisiún táirgí glantacháin agus díghalraithe a údarú i saoráidí próiseála agus stórála lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach agus iad a áireamh ar liostaí sriantacha a scriosadh.

Le Rialachán (AE) 2018/848, tá na Ballstáit i dteideal oibreoirí níos lú a dhíolann táirgí orgánacha neamhphacáilte seachas beatha a dhíolmhú ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848. Mar sin féin, d’fhéadfadh na dálaí atá ann faoi láthair a bheith ina mbacainn ar fhás. Thairis sin, mar gheall ar na costais mhéadaitheacha a bhí ar oibreoirí níos lú ó tháinig Rialachán (AE) 2018/848 i bhfeidhm, tá méadú tagtha ar a láimhdeachas i ndáil le táirgí orgánacha neamhphacáilte seachas beatha. Chruthaigh sé sin bacainn ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann lena láimhdeachas chun a bheith díolmhaithe ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1). Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis na coinníollacha sin. Ina theannta sin, ba cheart an coinníoll a bhaineann le díolacháin bhliantúla a athbhreithniú aníos ionas nach gcuirfear bac ar oibreoirí níos lú a bheith díolmhaithe ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1).

Le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos forálacha maidir le comhdhéanamh grúpaí oibreoirí san Aontas agus i dtríú tíortha. Léiríonn fianaise i ndáil le cur chun feidhme na bhforálacha sin deacrachtaí móra maidir le grúpaí oibreoirí a chur ar bun a chomhlíonann ceanglais a mhéid a bhaineann le comhdhéanamh na gcomhaltaí, go háirithe an láimhdeachas bliantúil, agus a mhéid a bhaineann lena bpearsantacht dhlítheanach. Cuireann na deacrachtaí sin cosc ar oibreoirí níos lú a bheith ina gcuid de ghrúpaí oibreoirí. I dtríú tíortha, mar thoradh ar atheagrú ghníomhaíochtaí na dtáirgeoirí, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann freisin táirgí de thionscnamh na dtríú tíortha sin a sholáthar don Aontas, agus an riosca go gcuirfí isteach ar thrádáil dá bharr sin. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis na ceanglais a bhaineann le láimhdeachas bliantúil chomhaltaí na ngrúpaí oibreoirí. Ina theannta sin, ba cheart an ceanglas a bhaineann le hachar dromchla incháilithe uasta ghabháltais na gcomhaltaí a athbhreithniú aníos chun go bhféadfar oibreoirí níos lú a chomhtháthú i ngrúpaí oibreoirí.

Ní leagtar síos le Rialachán (AE) 2018/848 aon tréimhse tiontaithe shonrach ná aois íosta tráth an mharaithe le haghaidh gearg, rud a chuireann bac ar a dtáirgeadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha den sórt sin a leagan síos. Sna Ballstáit ina dtógtar gearga orgánacha faoi láthair le haghaidh táirgeadh feola, maraítear iad ó 42 lá d’aois, le tréimhse tiontaithe 5 seachtaine. Comhfhreagraíonn sé sin do sheachtain amháin níos lú ná an aois íosta maraithe le haghaidh na speiceas sin. Dá bhrí sin, níl an tréimhse tiontaithe 10 seachtaine atá ann faoi láthair le haghaidh éanlaith chlóis i gcomhair táirgeadh feola iomchuí le haghaidh gearg agus ba cheart í a ghiorrú agus a n‑aois tráth an mharaithe á cur san áireamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, aois íosta 42 lá a shocrú tráth an mharaithe agus tréimhse tiontaithe 5 seachtaine a shocrú le haghaidh gearg chun feoil a tháirgeadh.

Le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos rialacha maidir le cóireálacha tréidliachta. Foráiltear leis na rialacha sin, i gcás ainmhithe talún, go mbeidh an tréimhse aistarraingthe tar éis táirgí íocshláinte allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a úsáid dhá oiread níos faide ná an ghnáth-thréimhse aistarraingthe agus ag a bhfuil fad íosta 48 uair an chloig. Ciallaíonn sé sin, fiú más é nialas lá an ghnáth-thréimhse aistarraingthe is infheidhme don táirge íocshláinte tréidliachta, nach mór 48 n‑uair an chloig ar a laghad a bheith sa tréimhse aistarraingthe. Maidir le dobharshaothrú, foráiltear leis na rialacha sin go bhfuil an tréimhse aistarraingthe tar éis táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid dhá oiread na gnáth-thréimhse aistarraingthe, nó fad íosta 48 n‑uair an chloig mura sonraítear aon tréimhse. Chun ualach ar tháirgeadh ainmhithe talún a sheachaint, go háirithe i gcásanna ina bhfuil an tréimhse aistarraingthe a shonraítear sa táirge íocshláinte tréidliachta cothrom le nialas lá, ba cheart na forálacha maidir le hainmhithe talún agus dobharshaothrú a ailíniú dá bhrí sin.

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2018/848 nach mór rochtain leanúnach faoin aer i rith an lae a sholáthar d’éanlaith chlóis ó aois chomh luath agus is féidir go praiticiúil. Is féidir le ceanglas den sórt sin sábháilteacht na scalltán óg a chur i mbaol le linn a dtimthrialla táirgthe nuair a theastaíonn uathu, i measc eilimintí eile, teochtaí cobhsaí chun a n‑iompraíochtaí beathaithe agus óil a fhorbairt, imdhíonadh in aghaidh ionfhabhtuithe, agus foscadh ó aon chreachadóir. Ba cheart, dá bhrí sin, na ceanglais sin a leasú chun a cheangal nach mbeidh rochtain ar limistéir faoin aer ach amháin d’éin a bhfuil cleití leordhóthanacha orthu chun teocht a gcoirp a rialáil nuair a nochtar do dhálaí aeráide lasmuigh iad.

Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/848 nár cheart an t‑achar dromchla inúsáidte iomlán chun éanlaith chlóis a ramhrú i dtithe éanlaithe clóis in aon aonad táirgthe a bheith níos mó ná 1 600 m2. Cuireann sé sin teorainn le forbairt bhreise ar tháirgeadh éanlaithe clóis ramhraithe orgánaigh trí theorainn a chur le méid aon tí éanlaithe clóis ramhraithe in aonad táirgthe orgánaigh gan tairbhe bhreise a thabhairt do leas ainmhithe agus don chomhshaol. Ba cheart, dá bhrí sin, an t‑achar dromchla inúsáidte uasta chun éanlaith chlóis a ramhrú a shainiú ar leibhéal na dtithe éanlaithe clóis.

2025/0417 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe maidir le táirgeadh, lipéadú agus deimhniú agus rialacha áirithe maidir le trádáil le tríú tíortha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 8 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 9 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos forálacha maidir le húdarú táirgí agus substaintí lena núsáid i dtáirgeadh orgánach. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún táirgí glantacháin agus díghalraithe a údarú i saoráidí próiseála agus stórála lena núsáid i dtáirgeadh orgánach agus iad a chur ar liostaí sriantacha. Mar sin féin, tá roinnt dúshlán ag baint le bunú na liostaí sin, mar a dheimhnítear le roinnt tuarascálacha ón Sainghrúpa um Chomhairle Theicniúil maidir le Táirgeadh Orgánach (EGTOP) 10 . Ar an gcéad dul síos, tá líon mór táirgí agus substaintí ar fáil ar mhargadh an Aontais faoi láthair chun saoráidí próiseála agus stórála a ghlanadh agus a dhíghalrú. Ar an dara dul síos, déantar táirgí orgánacha a phróiseáil agus a stóráil in roinnt mhaith cineálacha éagsúla bunaíochtaí agus baineann sé le raon leathan trealaimh, innealra agus foirgneamh a úsáid. Ar an tríú dul síos, ní mór an trealamh agus an tinnealra le haghaidh próiseála agus stórála a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir le sonraíochtaí na monaróirí chun a áirithiú go ndéanfar é a chothabháil agus a oibriú go hiomchuí. D’fhonn ligean d’oibreoirí orgánacha táirgí agus substaintí a úsáid le haghaidh glantacháin agus díghalrán atá ar fáil ar an margadh, ba cheart an ceanglas atá ar an gCoimisiún táirgí glantacháin agus díghalraithe a údarú i saoráidí próiseála agus stórála lena núsáid i dtáirgeadh orgánach agus iad a áireamh ar liostaí sriantacha a scriosadh.

(2)Le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos rialacha maidir le hallmhairiú táirgí ó thríú tíortha chun na táirgí sin a chur ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú. Faoi na rialacha sin, is féidir le táirgí orgánacha rochtain a bheith acu ar mhargadh an Aontais i gcás ina gcomhlíonann siad rialacha an Aontais maidir le táirgeadh orgánach nó i gcás ina dtagann siad ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais, trí chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus na tríú tíortha sin nó i gcás inar aithníodh na tríú tíortha chun críche coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

(3)I gCás C-240/23 Herbaria Kräuterparadies II, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) nach mór Rialachán (AE) 2018/848 a léirmhíniú sa chaoi, maidir le táirge a allmhairítear ó thríú tír ar aithníodh go bhfuil a córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais, trí chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus na tríú tíortha sin nó i gcás inar aithníodh na tríú tíortha chun críche coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, nach bhféadfadh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach nó, i bprionsabal, téarmaí a thagraíonn do tháirgeadh orgánach a bheith ar lipéadú an táirge sin. Rialaigh CBAE a thuilleadh, chun éifeachtacht Rialachán (AE) 2018/848 a áirithiú, agus chun na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis an Rialachán sin a chaomhnú, gur cheart úsáid lógó an tríú tír maidir le táirgeadh orgánach as a dtagann an táirge sin a cheadú ar an táirge, fiú i gcás ina bhfuil téarmaí sa lógó sin atá comhionann leis na téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach, de réir bhrí Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2018/848 agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis.

(4)I gcás táirge a allmhairítear ó thríú tír agus ar aithníodh go bhfuil a córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh an Aontais, ní dócha go ndéanfaidh úsáid lógó tríú tír maidir le táirgeadh orgánach dochar d’iomaíocht chóir laistigh den mhargadh inmheánach i dtáirgí orgánacha ná go mbeidh sé ina chúis le débhríocht a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú. Is amhlaidh atá toisc nach gcuireann lógó den sórt sin an táirge lena mbaineann ar an leibhéal céanna le táirgí orgánacha an Aontais ó thaobh iomaíochta de ná go bhféadfadh sé a thabhairt le tuiscint go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann na ceanglais uile a leagtar síos le Rialachán (AE) 2018/848.

(5)Úsáidtear téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach, lena náirítear a ndíorthaigh agus leaganacha giorraithe díobh, san Aontas agus i dtríú tíortha araon chun a thabhairt le fios don cheannaitheoir gur táirgeadh an táirge agus a chomhábhair i gcomhréir leis na modhanna táirgthe orgánaigh is infheidhme. Is amhlaidh atá freisin i dtreoirlínte Codex Alimentarius CAC/GL 32 11 , ina núsáidtear téarmaí a thagraíonn do mhodhanna táirgthe orgánaigh amhail ‘orgánach’, ‘bitheolaíoch’, ‘éiceolaíoch’ nó focail d’intinn chomhchosúil lena náirítear leaganacha giorraithe chun a thabhairt le fios don cheannaitheoir gur táirgeadh an táirge nó a chomhábhair i gcomhréir le modhanna táirgthe orgánaigh. Ina theannta sin, ceanglaítear le rialacha áirithe maidir le táirgeadh orgánach i dtríú tíortha téarmaí lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach a úsáid le haghaidh táirgí agus a gcomhábhar a táirgeadh i gcomhréir leis na modhanna táirgthe orgánaigh is infheidhme.

(6) I gcás tríú tír ar aithníodh go bhfuil a córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais, níl lógó dá gcuid féin maidir le táirgeadh orgánach ag gach ceann díobh. Dá bhrí sin, mura bhféadfadh téarmaí a thagraíonn do tháirgeadh orgánach a bheith ar tháirgí ó thríú tíortha den sórt sin, bhainfí an deis d’oibreoirí sna tríú tíortha sin stádas orgánach na dtáirgí sin a léiriú agus a thabhairt le fios do cheannaitheoirí san Aontas gur de thionscnamh táirgthe orgánaigh iad na táirgí sin agus go dtáirgtear iad i gcomhréir le modhanna táirgthe orgánaigh ina dtíortha tionscnaimh. Bheadh sé deacair é sin a réiteach freisin le treoirlínte Codex Alimentarius CAC/GL 32 toisc nach bhféadfaí tagairt a dhéanamh do mhodhanna táirgthe orgánaigh i lipéadú na dtáirgí sin d’ainneoin go gcomhlíonann siad na coinníollacha comhfhreagracha uile a leagtar amach sna treoirlínte sin.

(7)Chun éifeachtacht Rialachán (AE) 2018/848 a áirithiú, agus chun na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis an Rialachán sin a chaomhnú, maidir le táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe orgánaigh agus rialaithe coibhéiseach le córais an Aontais, trí chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus na tríú tíortha sin nó i gcás inar aithníodh na tríú tíortha chun críche coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, a bhfuil rochtain acu ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha, ba cheart cead a bheith acu, dá bhrí sin, téarmaí a thagraíonn do tháirgeadh orgánach a bheith orthu.

(8)Ciallaíonn aitheantas a thabhairt do chórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh tríú tír mar chórais atá coibhéiseach le córais an Aontais go ndearnadh measúnú ar chóras den sórt sin mar chóras a chomhlíonann na cuspóirí céanna agus na prionsabail chéanna atá ag an Aontas trí rialacha a chur i bhfeidhm lena náirithítear an leibhéal céanna dearbhaithe comhréireachta, fiú má bhaintear é sin amach trí mhodhanna éagsúla.

(9)Tá difríochtaí idir na rialacha a chuirtear i bhfeidhm i gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh tríú tíortha a aithnítear a bheith coibhéiseach agus na rialacha a chuirtear i bhfeidhm san Aontas ina ndlúthchuid den chóras coibhéise. Léirigh an measúnú coibhéise a rinne an Coimisiún, cé go bhfuil raon feidhme roinnt de na difríochtaí sin teoranta, go mbaineann difríochtaí eile le rialacha maidir le táirgeadh orgánach a bhfuil ról tábhachtach acu i struchtúr an táirgthe orgánaigh san Aontas agus a rannchuidíonn leis an gcuspóir a bhaint amach i ndáil le hionchais na dtomhaltóirí a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha agus iomaíocht chóir á háirithiú laistigh den mhargadh inmheánach idir táirgí a chomhlíonann rialacha táirgthe agus rialaithe an Aontais go hiomlán agus iad siúd a chomhlíonann rialacha atá coibhéiseach leis na rialacha sin de chuid an Aontais. Áirítear ar na rialacha sin ithir bheo, caighdeáin leasa ainmhithe agus próiseáil bia trí úsáid a bhaint as ionchuir shaorga íosta.

(10)Tugadh le fios i suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2024 agus dar teideal ‘Eorpaigh, an Talmhaíocht agus CBT’ gurb é lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach lógó an táirge bia is mó a bhfuil muintir na hEorpa ar an eolas faoi. Tá sé fíor-riachtanach do thomhaltóirí agus do tháirgeoirí araon toisc go néascaíonn sé do thomhaltóirí táirgí orgánacha a shainaithint agus toisc go gcuidíonn sé le táirgeoirí iad a mhargú ar fud an Aontais.

(11)Chun iomaíocht chóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach idir táirgí a chomhlíonann rialacha táirgthe agus rialaithe an Aontais go hiomlán agus iad siúd a chomhlíonann rialacha atá coibhéiseach leis na rialacha sin de chuid an Aontais, agus chun freagairt d’ionchais tomhaltóirí go gcomhlíonann táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh an Aontais caighdeáin atá chomh hard le caighdeáin an Aontais, ba cheart úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a cheadú i lipéadú, i gcur i láthair agus i bhfógraíocht táirgí a allmhairítear ó na tríú tíortha sin, ar choinníoll, i dteannta na rialacha coibhéiseacha sin, go gcomhlíonann na táirgí sin ceanglais bhreise áirithe maidir le táirgeadh agus rialú.

(12)Chun éifeachtacht Rialachán (AE) 2018/848 a chaomhnú a mhéid a bhaineann le trádáil le tríú tíortha, ba cheart na ceanglais bhreise sin a bheith ag comhfhreagairt do rialacha táirgthe agus rialaithe a bhfuil ról tábhachtach acu i struchtúr an táirgthe orgánaigh san Aontas agus a rannchuidíonn leis an gcuspóir a bhaint amach maidir le hionchais tomhaltóirí a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha agus iomaíocht chóir laistigh den mhargadh inmheánach á háirithiú an tráth céanna.

(13)I gcás ina bhfuil athruithe ar na rialacha táirgthe agus rialaithe san Aontas nó i dtríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe agus rialaithe an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na gceanglas breise táirgthe agus rialaithe a chur leis nó a leasú, ar ceanglais iad nach mór do tháirgí a allmhairítear ó na tríú tíortha sin a chomhlíonadh chun lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid.

(14)Braitheann oibreoirí san Aontas a tháirgeann bia agus beatha orgánach ar úsáid comhábhar a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais. Úsáidtear comhábhair den sórt sin i gcomhréireanna athraitheacha le linn táirgí orgánacha a phróiseáil san Aontas agus tá siad riachtanach le haghaidh réimse mór táirgí orgánacha a phróiseáiltear san Aontas. Déantar oibríochtaí próiseála san Aontas, agus na comhábhair sin á núsáid, i gcomhréir leis na rialacha táirgthe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848. Ba cheart, dá bhrí sin, úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a cheadú i gcás táirgí a phróiseáiltear san Aontas agus ina bhfuil comhábhair orgánacha a tháirgtear i gcomhréir leis an Rialachán seo nó a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais agus i gcás go bhfuil 5 % nó níos lú de chomhábhair thalmhaíochta an táirge sna comhábhair sin (de réir meáchain le haghaidh bia agus go ginearálta le haghaidh beatha). I gcás inar mó na comhábhair sin ná 5 % de chomhábhair thalmhaíochta an táirge (de réir meáchain le haghaidh bia agus go ginearálta le haghaidh beatha), agus chun iomaíocht chóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach idir táirgí próiseáilte ina bhfuil comhábhair a chomhlíonann rialacha táirgthe agus rialaithe an Aontais go hiomlán agus iad siúd a chomhlíonann rialacha atá coibhéiseach le rialacha an Aontais, agus chun freagairt d’ionchais tomhaltóirí i ndáil le húsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, ba cheart an lógó sin a cheadú i lipéadú, i gcur i láthair agus i bhfógraíocht táirgí próiseáilte ina bhfuil comhábhair a allmhairítear ó na tríú tíortha sin, ar choinníoll, i dteannta na rialacha coibhéiseacha sin, go gcomhlíonann na comhábhair sin ceanglais bhreise áirithe maidir le táirgeadh agus rialú.

(15)Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/848 go bhfuil úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach éigeantach i gcás gach bia orgánaigh réamhphacáilte a tháirgtear laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, is gá a eisiamh ón oibleagáid sin bia réamhphacáilte a tháirgtear laistigh den Aontas ina bhfuil comhábhair a allmhairítear ó thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais an Aontais agus i gcás inar mó na comhábhair sin ná 5 % de chomhábhair talmhaíochta an táirge de réir meáchain agus nach gcomhlíonann siad ceanglais bhreise áirithe táirgthe agus rialaithe.

(16)Le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos forálacha maidir leis na coinníollacha faoinar féidir leis na Ballstáit oibreoirí níos lú a dhíolmhú ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1) den Rialachán sin. Mar gheall ar na costais mhéadaitheacha a bhí ar oibreoirí níos lú ó tháinig Rialachán (AE) 2018/848 i bhfeidhm, tá méadú tagtha ar a láimhdeachas i ndáil le táirgí orgánacha neamhphacáilte seachas beatha. Chruthaigh sé sin bacainn ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann lena láimhdeachas chun a bheith díolmhaithe ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1). Mar thoradh ar bhacainn den sórt sin, bíonn costais mhéadaithe ann mar gheall ar an oibleagáid sin. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur leis na coinníollacha a bhaineann leis an láimhdeachas bliantúil faoinar féidir leis na Ballstáit oibreoirí níos lú a dhíolmhú ó dheimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1) den Rialachán sin. Ina theannta sin, ba cheart an coinníoll a bhaineann le díolacháin bhliantúla a athbhreithniú aníos ionas nach gcuirfear bac ar oibreoirí níos lú a bheith díolmhaithe ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagal 35(1) den Rialachán sin.

(17)Le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos forálacha maidir le comhdhéanamh grúpaí oibreoirí san Aontas agus i dtríú tíortha. Léiríonn fianaise i ndáil le cur chun feidhme na bhforálacha sin deacrachtaí móra maidir le grúpaí oibreoirí a chur ar bun a chomhlíonann ceanglais a mhéid a bhaineann le comhdhéanamh na gcomhaltaí, go háirithe an láimhdeachas bliantúil, agus a mhéid a bhaineann lena bpearsantacht dhlítheanach. Áirítear ar na deacrachtaí sin costais riaracháin agus an gá atá le gníomhaíochtaí eacnamaíocha grúpaí táirgeoirí atá i gcomhlachais chomharchumann, i gcomharchumainn oibreoirí, i gcomhlachais, i gcónaidhmeanna nó in eagraíochtaí faoi láthair a atheagrú. Cuireann deacrachtaí den sórt sin cosc ar oibreoirí níos lú a bheith ina gcuid de ghrúpaí oibreoirí, ós rud é nach léiríonn na forálacha atá i bhfeidhm riachtanais agus acmhainneacht acmhainní na bhfeirmeoirí beaga agus na noibreoirí beaga go hiomchuí, rud a chuireann forbairt na feirmeoireachta orgánaí san Aontas agus i dtríú tíortha araon faoi mhíbhuntáiste. I dtríú tíortha, mar thoradh ar atheagrú ghníomhaíochtaí na dtáirgeoirí, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann freisin táirgí de thionscnamh na dtríú tíortha sin a sholáthar don Aontas, agus an riosca go gcuirfí isteach ar thrádáil dá bharr sin. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis na ceanglais a bhaineann le láimhdeachas bliantúil chomhaltaí na ngrúpaí oibreoirí. Ina theannta sin, ba cheart an ceanglas a bhaineann le hachar dromchla incháilithe uasta ghabháltais na gcomhaltaí a athbhreithniú aníos chun go bhféadfar oibreoirí níos lú a chomhtháthú i ngrúpaí oibreoirí.

(18)An taitheantas a thugtar do thríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcórais táirgthe agus rialaithe orgánaigh coibhéiseach le córais táirgthe agus rialaithe orgánaigh an Aontais, rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2026. An 28 Meitheamh 2021, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an aon tríú tír déag a aithnítear chun críche coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 d’fhonn comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích leo maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha. Ar an mbonn sin, tá malartuithe teicniúla á ndéanamh ag an gCoimisiún leis na tríú tíortha sin. Léiríonn na malartuithe sin leibhéil éagsúla dul chun cinn mar gheall ar éagsúlacht na gcreataí dlíthiúla agus rialála agus na gcastachtaí a bhaineann le braistintí éagsúla tomhaltóirí ar tháirgeadh orgánach ó chóras táirgthe orgánaigh amháin go córas táirgthe orgánaigh eile. Is gá agus tá sé práinneach, dá bhrí sin, go leanfar de na tríú tíortha sin a aithint go dtí an 31 Nollaig 2036 chun cur isteach ar thrádáil táirgí orgánacha a sheachaint.

(19)Le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos tréimhse thiontaithe d’éanlaith chlóis le haghaidh táirgeadh feola agus aois íosta tráth a maraithe, i gcásanna nach núsáidtear tréithchineálacha éanlaithe clóis a fhásann go mall. Ní leagtar síos leis na forálacha sin aon tréimhse tiontaithe shonrach ná aois íosta tráth an mharaithe le haghaidh gearg. Sna Ballstáit ina dtógtar gearga orgánacha le haghaidh táirgeadh feola, tá a dtimthriall táirgthe níos giorra ná an timthriall is infheidhme maidir le speicis eile éanlaithe clóis le haghaidh táirgeadh feola, ós rud é go maraítear iad ó 42 lá d’aois. Ba cheart go mairfeadh an tréimhse tiontaithe cúig seachtaine. Comhfhreagraíonn sé sin do sheachtain amháin níos lú ná an aois íosta maraithe le haghaidh na speiceas sin. Dá bhrí sin, níl an tréimhse tiontaithe 10 seachtaine atá ann faoi láthair le haghaidh éanlaith chlóis i gcomhair táirgeadh feola iomchuí le haghaidh gearg agus ba cheart í a ghiorrú agus a naois tráth an mharaithe á cur san áireamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, tréimhse tiontaithe 5 seachtaine a shocrú i gcomhair gearg le haghaidh táirgeadh feola agus aois íosta 42 lá a shocrú tráth an mharaithe.

(20)Le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos rialacha maidir le cóireálacha tréidliachta. Foráiltear leis na rialacha sin, i gcás ainmhithe talún, go mbeidh an tréimhse aistarraingthe tar éis táirgí íocshláinte allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12  a úsáid dhá oiread níos faide ná an ghnáth-thréimhse aistarraingthe agus ag a bhfuil fad íosta 48 uair an chloig. Ciallaíonn sé sin, fiú amháin más rud é go bhfuil líon laethanta na gnáth-thréimhse aistarraingthe is infheidhme cothrom le nialas don táirge íocshláinte tréidliachta, nach mór 48 nuair an chloig ar a laghad a bheith sa tréimhse aistarraingthe. Maidir le dobharshaothrú, foráiltear leis na rialacha sin nach mór an tréimhse aistarraingthe tar éis táirgí íocshláinte tréidliachta allapatacha a úsáid a bheith dhá oiread níos faide ná tréimhse aistarraingthe táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe, nó 48 nuair an chloig ar a laghad mura sonraítear aon tréimhse. Chun ualach ar tháirgeadh ainmhithe talún a sheachaint, go háirithe i gcásanna ina bhfuil an tréimhse aistarraingthe a shonraítear sa táirge íocshláinte tréidliachta cothrom le nialas, ba cheart na forálacha maidir le hainmhithe talún agus dobharshaothrú a ailíniú dá bhrí sin.

(21)Le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos rialacha maidir le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta le haghaidh éanlaith chlóis, lena náirítear nach mór rochtain leanúnach faoin aer i rith an lae a sholáthar d’éanlaith chlóis ó aois chomh luath agus is féidir go praiticiúil. Mar sin féin, d’fhéadfadh riail den sórt sin sábháilteacht na scalltán óg a chur i mbaol le linn a dtimthrialla táirgthe nuair a theastaíonn uathu, i measc eilimintí eile, teochtaí cobhsaí chun a niompraíochtaí beathaithe agus óil a fhorbairt, imdhíonadh in aghaidh ionfhabhtuithe, agus foscadh ó aon chreachadóirí. Ba cheart, dá bhrí sin, an riail sin a leasú chun a cheangal nach mbeidh rochtain ar limistéir faoin aer ach amháin d’éin a bhfuil cleití leordhóthanacha orthu chun teocht a gcoirp a rialáil nuair a nochtar do dhálaí aeráide lasmuigh iad.

(22)Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/848 nár cheart an tachar dromchla inúsáidte iomlán chun éanlaith chlóis a ramhrú i dtithe éanlaithe clóis in aon aonad táirgthe a bheith níos mó ná 1 600 m2. Cuireann sé sin teorainn le forbairt bhreise ar tháirgeadh éanlaithe clóis ramhraithe orgánaigh trí theorainn a chur le méid aon tí éanlaithe clóis ramhraithe in aonad táirgthe orgánaigh gan tairbhe bhreise a thabhairt do leas ainmhithe agus don chomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/848 a leasú chun an tachar dromchla inúsáidte uasta chun éanlaith chlóis a ramhrú a shainiú ar leibhéal na dtithe éanlaithe clóis.

(23)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, is iad sin, go háirithe, iomaíocht chóir agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí orgánacha mar aon le muinín na dtomhaltóirí as na táirgí sin agus as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a áirithiú, agus, de bharr gur gá na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a chomhchuibhiú, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(24)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir sin.

(25)I bhfianaise an ghá atá ann cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil táirgí orgánacha a sheachaint agus aistriú rianúil chuig an scéim maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha trí chomhaontuithe idirnáisiúnta a áirithiú, chomh maith le deireadh a chur le hualaí neamhriachtanacha ar oibreoirí orgánacha, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm, mar ábhar práinne, an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:

(1)in Airteagal 24(1), scriostar pointe (g);

(2)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh téarmaí a thagraíonn don táirgeadh orgánach ar tháirge i gcás ina dtugtar tuairisc ar tháirge den sórt sin, ar a chomhábhair nó ar a ábhair beatha a úsáidtear chun é a tháirgiú, sa lipéadú, san ábhar fógraíochta nó i ndoiciméid tráchtála, i dtéarmaí a thugann le fios don cheannaitheoir go bhfuarthas an táirge, a chomhábhair nó a ábhair beatha a tháirgtear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Go háirithe, féadfar na téarmaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV agus a ndíorthaigh agus leaganacha giorraithe díobh, amhail ‘bith-’ agus ‘éicea-’, leo féin nó i dteannta a chéile, a úsáid ar fud an Aontais agus in aon teanga a liostaítear san Iarscríbhinn sin chun lipéadú agus fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a chomhlíonann an Rialachán seo nó a allmhairítear ó thríú tír faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45(1), pointí (b)(ii) nó (iii), chun na táirgí sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha.’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), ní úsáidfear na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo aon áit san Aontas, ná in aon cheann de na teangacha a liostaítear in Iarscríbhinn IV, i lipéadú, ábhar fógraíochta nó doiciméid tráchtála táirge nach gcomhlíonann an Rialachán seo nó nach n‑allmhairítear ó thríú tír faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45, pointí (b)(ii) nó (iii), chun an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach.’;

(3)in Airteagal 32(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) I gcás bia réamhphacáilte, beidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach dá dtagraítear in Airteagal 33 le feiceáil ar an bpacáistíocht freisin, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

- sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 30(3);

- sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 30(5);

- sna cásanna ina ndéantar an bia próiseáilte dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 30(5) le comhábhair arna n‑allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointí (b)(ii) nó (iii) agus i gcás inar mó ná 5 % de chomhábhair thalmhaíochta orgánacha an táirge de réir mheáchan an bhia phróiseáilte iad na comhábhair sin agus nach gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.’;

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

Airteagal 33

Lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach

1.Féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid sna cásanna seo a leanas:

(a) i lipéadú, i gcur i láthair agus i bhfógraíocht táirgí a tháirgtear i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna Caibidlí II, III agus IV;

(b) i lipéadú, i gcur i láthair agus i bhfógraíocht táirgí a allmhairítear i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointí (b)(ii) nó (iii), agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;

(c) maidir le bia próiseáilte dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (a), agus beatha phróiseáilte dá dtagraítear in Airteagal 30(6), comhábhair a allmhairítear i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointí (b)(ii) nó (iii), ar choinníoll go gcomhlíonann na comhábhair sin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VII nó gur lú ná 5 % iad de chomhábhair thalmhaíochta orgánacha an táirge de réir meáchain i gcás bia próiseáilte nó gur lú ná 5 % iad de chomhábhair orgánacha de thionscnamh talmhaíochta atá sa bheatha phróiseáilte;

(d) chun críche faisnéise agus oideachais a bhaineann leis an lógó a bheith ann agus a bhaineann leis an lógó féin a fhógairt, ar choinníoll nach dócha go gcuirfidh an úsáid sin an tomhaltóir amú a mhéid a bhaineann le táirgeadh orgánach táirgí sonracha, agus ar choinníoll go ndéanfar an lógó a atáirgeadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag ceanglais Airteagal 32(2) agus phointe 1.7 d’Iarscríbhinn V.

Ní bhainfear úsáid as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach le haghaidh bia próiseáilte dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointí (b) agus (c), ná le haghaidh táirgí atá á dtiontú dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

2.Seachas i gcás ina núsáidtear é i gcomhréir le mír 1, pointe (d), is fianú oifigiúil é lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach i gcomhréir le hAirteagal 86 agus le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2017/625.

3.Beidh úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach roghnach do tháirgí arna nallmhairiú ó thríú tíortha. I gcás ina mbeidh an lógó sin le feiceáil ar an lipéadú na dtáirgí sin i gcomhréir le mír 1, beidh an tásc dá dtagraítear in Airteagal 32(2) le feiceáil ar an lipéadú freisin.

4.Cloífidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach leis an tsamhail atá leagtha amach in Iarscríbhinn V agus comhlíonfaidh sé na rialacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin.

5.Féadfar lógónna náisiúnta agus príobháideacha a úsáid sa lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar tháirgí a chomhlíonann an Rialachán seo.

6.Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear Iarscríbhinn V i ndáil le lógó an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann le táirgeadh orgánach agus i ndáil leis na rialacha a bhaineann leis an lógó sin.

7.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear Iarscríbhinn VII maidir le húsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach le haghaidh táirgí arna nallmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 45(1), le pointí (b)(ii) nó (iii), trí cheanglais a chur leis nach mór a chomhlíonadh chun ionchais tomhaltóirí a chomhlíonadh agus iomaíocht chóir táirgí orgánacha ar mhargadh an Aontais a choinneáil ar bun, nó trí leasú a dhéanamh ar na ceanglais bhreise sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid córas inbhuanaithe le haghaidh táirgeadh plandaí, úsáid córas táirgthe beostoic lena náirithítear leas ainmhithe agus cothú inbhuanaithe, úsáid modhanna próiseála bia lena núsáidtear ionchuir shaorga íosta, agus sainiúlachtaí tríú tíortha le haghaidh táirgí nach bhfástar nó nach bpróiseáiltear san Aontas á gcur san áireamh an tráth céanna.’;

(5)in Airteagal 35(8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Féadfaidh na Ballstáit díolúine ón oibleagáid maidir le deimhniú a bheith ina seilbh acu, dá dtagraítear i mír 2, a thabhairt d’oibreoirí a dhíolann táirgí orgánacha neamhphacáilte seachas beatha go díreach leis an tomhaltóir deiridh, ar choinníoll nach dtáirgeann, nach n‑ullmhaíonn nó nach stórálann na hoibreoirí sin táirgí den sórt sin seachas i ndáil leis an bpointe díola, nó nach n‑allmhairíonn siad táirgí den sórt sin ó thríú tír, nó nach ligeann siad gníomhaíochtaí den sórt sin ar fochonradh chuig tríú páirtí, agus ar choinníoll nach mó ná 10 000 kg in aghaidh na bliana na díolacháin sin.’;

(6)in Airteagal 36, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) ní bheidh ann ach comhaltaí a bhfuil sealúchais uasta ag gach duine acu de:

— (i) 10 heicteár,

— (ii) heicteár amháin, i gcás tithe gloine, nó

— (iii) 30 heicteár, i gcás féarthailte buana amháin;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) beidh pearsantacht dhlítheanach aige nó beidh sé ina chuid de chomhlachas comharchumann, comharchumann oibreora, comhlachas, cónaidhm nó eagraíocht feirmeoirí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici;’;

(7)in Airteagal 48(1), an dara fomhír, cuirtear ‘31 Nollaig 2036’ in ionad an dáta ‘31 Nollaig 2026’

(8)Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)leasaítear Cuid II mar a leanas:

(a)i bpointe 1.2.2., cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c) 10 seachtaine i gcás éanlaith chlóis ar le haghaidh táirgeadh feola iad, a thugtar isteach sula mbíonn trí lá slánaithe acu, cé is moite de lachain Phéicing agus de ghearga;

(d) 7 seachtaine i gcás lachain Phéicing agus 5 seachtaine i gcás gearg a thugtar isteach sula mbíonn trí lá slánaithe acu;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.5.2.5:

‘1.5.2.5. Beidh an tréimhse aistarraingthe, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (34), de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, de tháirge íocshláinte tréidliachta allapatach atá sintéisithe go ceimiceach, lena n‑áirítear táirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbach, dhá oiread níos faide ná an tréimhse aistarraingthe dá dtagraítear in:

(a)an fhaisnéis faoin táirge le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáidtear laistigh de théarmaí a núdaraithe margaíochta; nó

(b)Airteagal 115 den Rialachán sin, i gcás ina núsáidtear táirge íocshláinte lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 113 den Rialachán sin.’

* Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena naisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj ).’;

(c)i bpointe 1.9.4.1, sa tríú fomhír, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(j) 42 lá i gcás gearg.’;

(d)leasaítear pointe 1.9.4.4. mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e) soláthrófar rochtain leanúnach faoin aer i rith an lae ó aois chomh luath agus atá cleití leordhóthanacha ar na héin chun teocht a gcoirp a rialú nuair a nochtar iad do dhálaí aeráide lasmuigh agus aon uair is féidir de réir dálaí fiseolaíocha agus fisiceacha, ach amháin i gcás inar forchuireadh srianta sealadacha de bhun reachtaíocht an Aontais;’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

‘(m) ní bheidh an t‑achar dromchla inúsáidte iomlán chun éanlaith chlóis a ramhrú i dtithe éanlaithe clóis níos mó ná 1 600 m2 in aon teach éanlaithe clóis;’;

(b)i gCuid III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.1.4.2(f):

‘Beidh tréimhse aistarraingthe táirge íocshláinte tréidliachta allapatach, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (34), de Rialachán (AE) 2019/6, dhá oiread na tréimhse aistarraingthe dá dtagraítear in:

(a)an fhaisnéis faoin táirge le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáidtear laistigh de théarmaí a núdaraithe margaíochta; nó

(b)Airteagal 115 den Rialachán sin, i gcás ina núsáidtear táirge íocshláinte lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 114 den Rialachán sin.’;

(c)i gcuid IV, scriostar pointe 2.2.3.;

(d)i gcuid V, scriostar pointe 2.4.;

(e)i gcuid VII, scriostar pointe 1.4.;

(f)in Iarscríbhinn III, scriostar pointe 7.5;

(g)Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

‘IARSCRÍBHINN VII

Na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (b) agus Airteagal 33(1), pointí (b) agus (c):

(1)    pointe 1.2. de Chuid I d’Iarscríbhinn II;

(2)    pointe 1.7.5 de Chuid II d’Iarscríbhinn II;

(3)    pointe 1.7.11 de Chuid II d’Iarscríbhinn II;

(4)    pointe 2.2.2(f) de Chuid IV d’Iarscríbhinn II’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)     https://commission.europa.eu/document/download/25d40cdf-9e5e-4a8b-8da6-7a72efad04ed_en?filename=fo_2024_8_organic_production_and_labeling_en.pdf&prefLang=mt
(2)     https://agriculture.ec.europa.eu/media/events/implementation‑dialogue-eu-organic-policy-2025-11-10_en  
(3)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/15273-Tairgeadh-organach-nuashonruithe-agus-simpliu-spriocdhirithe_ga  
(4)     https://climate.ec.europa.eu/eu-action/climate-strategies-targets/2030-climate-targets_en
(5)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1119 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach (COM/2025/524 final) https://climate.ec.europa.eu/document/download/e1b5a957-c6b9-4cb2-a247-bd28bf675db6_en
(6)    N. Scialabba, M. Müller-Lindenlauf, Talmhaíocht orgánach agus an t-athrú aeráide, Talmhaíocht Inathnuaite agus Córais Bhia, 25 (2), lgh. 158 – 169 (2010) 10.1017/S1742170510000116
(7)     https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/3226
(8)    IO C, …
(9)    IO C, …
(10)    EGTOP, Final report on the criteria for evaluation of products for cleaning and disinfection [Tuarascáil chríochnaitheach maidir leis na critéir chun meastóireacht a dhéanamh ar tháirgí glantacháin agus díghalraithe], 8 Nollaig 2021,  https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/2cd40421-9a7e-432c-9818-947cc97358c4_en?filename=egtop-report-on‑criteria-cleaning-and-disinfection_en.pdf ; EGTOP, Final report on cleaning and disinfection (III) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le glanadh agus díghalrú (III)], 14 Aibreán 2025, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/bc0480a6-d269-468b-97df-3da3216f0d4d_en?filename=final-report-egtop-on‑cleaning-disinfectant-iii_en.pdf ; EGTOP, Final report on cleaning and disinfection (IV) [Tuarascáil chríochnaitheach maidir le glanadh agus díghalrú (IV)], an 6 Samhain 2025, https://agriculture.ec.europa.eu/farming/organic-farming/co-operation‑and-expert-advice/egtop-reports_en  
(11)    Treoirlínte maidir le táirgeadh, próiseáil, lipéadú agus margú bianna a tháirgtear go horgánach GL 32–1999: https://www.fao.org/input/download/standards/360/cxg_032e.pdf  
(12)    Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena naisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj ).
Top