AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.12.2025
COM(2025) 778 final
2025/0416(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Fhionlainn
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025PC0778
Proposal for a COUNCIL DECISION on the existence of an excessive deficit in Finland
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Fhionlainn
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Fhionlainn
COM/2025/778 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.12.2025
COM(2025) 778 final
2025/0416(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Fhionlainn
2025/0416 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Fhionlainn
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 126(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint do na barúlacha a thug an Fhionlainn,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 126(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.
(2)Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta agus inbhuanaithe mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás cuimsitheach inbhuanaithe láidir a mbeidh cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca faoi, rud a thacóidh le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú.
(3)Leis an nós imeachta um easnamh iomarcach faoi Airteagal 126 CFAE, mar a soiléiríodh le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach 1 agus soiléiriú a dhéanamh air, ar cuid den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis é, déantar foráil maidir le cinneadh i ndáil le heasnamh iomarcach a bheith ann. I bPrótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagtar amach forálacha breise a bhaineann le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach. Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle 2 rialacha agus sainmhínithe mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin. Áirítear i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle, lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. Leis an athchóiriú, coinníodh rialacha an nós imeachta um easnamh iomarcach mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh gan athrú tríd is tríd, ach i gcás na mBallstát a bhfuil cóimheas fiachais rialtais os cionn 60 % de OTI acu, díreofar leis an nós imeachta um easnamh iomarcach mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir fiachais ar dhiallais ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais a mholtar 3 , ar uasrátaí iad a shocraigh an Chomhairle faoi Airteagal 17 nó Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/1263 4 . De réir Airteagal 22(6) de Rialachán (AE) 2024/1263, déantar diallais a ríomh ar bhonn sonraí olltoraidh. Is é 2025 bliain tosaigh na n‑uasrátaí fáis glanchaiteachais bliantúla agus carnacha a mhol an Chomhairle don Fhionlainn. Ní féidir an measúnú ar chomhlíonadh an chritéir fiachais a dhéanamh go dtí go mbeidh na sonraí olltoraidh le haghaidh 2025 ar fáil, rud a bheidh ann in earrach 2026. Dá bhrí sin, baineann an Cinneadh seo ón gComhairle le barrachas an chóimheasa idir an t‑easnamh rialtais ghinearálta agus OTI i ndáil leis an luach tagartha 3 % de OTI.
(4)De réir Airteagal 126(5) CFAE, má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann i mBallstát nó go bhféadfadh easnamh iomarcach a bheith ann i mBallstát, ní mór dó tuairim a dhíriú chuig an mBallstát lena mbaineann agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas dá réir sin. Tar éis dó a thuarascáil arna glacadh de bhun Airteagal 126(3) CFAE a chur san áireamh agus ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais an 4 Nollaig 2025 arna glacadh de bhun Airteagal 126(4) CFAE, chinn an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann san Fhionlainn. Dá bhrí sin, an 12 Nollaig 2025 chuir an Coimisiún an tuairim sin faoi bhráid na Fionlainne agus chuir sé an Chomhairle ar an eolas dá réir sin 5 .
(5)Le hAirteagal 126(6) CFAE, foráiltear go bhfuil an Chomhairle le haon bharúil a bhreithniú, ar barúlacha iad is mian leis an mBallstát lena mbaineann a thabhairt, sula gcinnfidh sí, tar éis measúnú foriomlán a dhéanamh, an ann d’easnamh iomarcach. I gcás na Fionlainne, is iad na conclúidí a leagtar amach thíos a eascraíonn as an measúnú foriomlán.
(6)De réir na sonraí a sholáthair Eurostat an 21 Deireadh Fómhair 2025 6 , bhain easnamh rialtais ghinearálta san Fhionlainn 4,4 % de OTI amach in 2024, agus ba é 82,5 % de OTI a bhí san fhiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2024. In 2025, tá sé beartaithe go sroichfidh easnamh rialtais ghinearálta na Fionlainne 4,3 % de OTI 7 . Tá an t‑easnamh rialtais iarbhír in 2024 agus an t‑easnamh atá beartaithe le haghaidh 2025 os cionn luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, agus níl siad gar dó, agus ní mheastar gur easnaimh shealadacha iad na heasnaimh atá os cionn an luacha tagartha. Ar bhonn Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún 8 , réamh-mheastar go bhfanfaidh an t‑easnamh rialtais ghinearálta os cionn 3 % de OTI in 2025, 2026 agus 2027. Measadh sa tuarascáil ón gCoimisiún faoi Airteagal 126(3) CFAE gur eisceachtúil na heasnaimh atá de bhreis ar an luach tagartha in 2024 agus 2025, mar gheall ar thionchar forbairtí maicreacnamaíocha díobhálacha agus tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an airgeadas poiblí.
(7)I gcomhréir le ceanglais Airteagal 126(3) CFAE, rinne an Coimisiún anailís freisin ar na tosca ábhartha uile ina thuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE. Mar a leagtar síos in Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir easnaimh, má sháraíonn an cóimheas idir an fiachas rialtais ghinearálta agus OTI an luach tagartha, ní chuirfear tosca ábhartha san áireamh sna céimeanna a leanann an tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE agus as a dtiocfaidh an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann ach amháin más rud é – sula gcuirtear na tosca ábhartha sin san áireamh – go bhfanann an t‑easnamh rialtais ghinearálta gar don luach tagartha agus go bhfuil a fharasbarr thar an luach tagartha sealadach. I gcás na Fionlainne, ní chomhlíontar an coinníoll dúbailte. Dá bhrí sin, ní chuirtear tosca ábhartha san áireamh.
(8)Dá bhrí sin, níor comhlíonadh an critéar easnaimh mar a shainítear é sa Chonradh agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.
(9)An 8 Iúil 2025, ghníomhachtaigh an Chomhairle clásal éalaithe náisiúnta chun méadú ar chaiteachas cosanta a éascú san Fhionlainn 9 , le linn na tréimhse 2025-2028. Leagtar síos le hAirteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1467/97, má ghníomhachtaítear clásal éalaithe náisiúnta, go bhféadfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle a chinneadh gan teacht ar chonclúid maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann. Mar sin féin, ar bhonn Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar gurb é 3,4 % de OTI a bheidh san easnamh in 2025 le haghaidh na Fionlainne gan an méadú ar chaiteachas cosanta ó bhí 2021 ann. Dá bhrí sin, ní féidir an t‑easnamh atá de bhreis ar an luach tagartha san Fhionlainn in 2025 a mhíniú go hiomlán le méadú ar chaiteachas cosanta ó bhí an bhliain tagartha 2021 ann. Mar thoradh air sin, níl feidhm ag Airteagal 2(5).
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Fágann measúnú foriomlán go bhfuil easnamh iomarcach ann san Fhionlainn mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Fionlainne a dhírítear an cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán