AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.12.2025
COM(2025) 777 final
2025/0415(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 69ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha maidir le sceidealú substaintí faoin gCoinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú ag Prótacal 1972, agus faoin gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
1.1. Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 69ú seisiún de Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha na Náisiún Aontaithe maidir le sceidealú substaintí faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971. Tá sé beartaithe go dtionólfar an 69ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ón 9 go dtí an 13 Márta 2026.
1.2. Coinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971
Le Coinbhinsiún aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, (‘an Coinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha’), bunaítear córas rialaithe idirnáisiúnta maidir le drugaí chun mí‑úsáid drugaí a chomhrac trí ghníomhaíocht chomhordaithe idirnáisiúnta, trí sheilbh, úsáid, trádáil, dáileadh, allmhairiú, onnmhairiú, monarú agus táirgeadh drugaí a theorannú go heisiach chun críoch leighis agus eolaíoch.
Le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971 (‘an Coinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha’) bunaítear córas rialaithe idirnáisiúnta le haghaidh substaintí síceatrópacha. Ba fhreagairt é ar éagsúlú agus leathnú speictream na ndrugaí mí‑úsáide, agus tugadh rialuithe isteach trína bhíthin ar roinnt drugaí sintéiseacha de réir an riosca mí‑úsáide a bhí ag baint leo, ar thaobh amháin, agus a luach teiripeach ar an taobh eile.
Is páirtithe iad Ballstáit uile an Aontais sna Coinbhinsiúin, ach ní páirtí é an tAontas.
1.3. An Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha
Coimisiún de chuid Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe (ECOSOC) is ea an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanach agus is sa dá Choinbhinsiún a leagtar amach, inter alia, a fheidhmeanna agus a chumhachtaí. 53 Bhallstát de na Náisiún Aontaithe arna dtoghadh ag ECOSOC atá ann. Beidh 14 Bhallstát den Aontas ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha agus ceart vótála acu i mí an Mhárta 2026. Tá stádas breathnóra ag an Aontas laistigh den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha.
1.4. An gníomh atá beartaithe ag an gCoimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha
Déanann an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha leasuithe tráthrialta ar an liosta substaintí atá i gceangal leis na Coinbhinsiúin agus sin ar bhonn moltaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) a gcuireann a Coiste Saineolaithe ar Spleáchas ar Dhrugaí comhairle uirthi.
Mhol Coiste Saineolaithe EDS ar Spleáchas ar Dhrugaí d’Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 27 Samhain 2025 trí shubstaint a rinne Coiste Saineolaithe ar Spleáchas ar Dhrugaí athbhreithniú criticiúil orthu a chur leis na sceidil a ghabhann leis na Coinbhinsiúin.
Iarrtar ar an gCoimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ina 69ú seisiún, seisiún a thionólfar i Vín ón 9 go dtí an 13 Márta 2026, cinntí a ghlacadh maidir le sceidealú na substaintí sin faoi na Coinbhinsiúin.
1.5. An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Bíonn iarmhairtí díreacha ag athruithe ar na sceidil a ghabhann leis an dá Choinbhinsiún ar raon feidhme chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i réimse an rialaithe drugaí le haghaidh na mBallstát uile. In Airteagal 1(1) de Chinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (an ‘Cinneadh Réime’), sonraítear, chun críocha an Chinnidh Réime, go gciallaíonn ‘druga’ substaint a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha nó leis an gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha agus aon cheann de na substaintí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Réime. Tá feidhm, dá bhrí sin, ag an gCinneadh Réime maidir le substaintí a liostaítear sna Sceidil a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha agus leis an gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha. Dá réir sin, déanann aon athrú ar na sceidil atá i gceangal leis na Coinbhinsiúin sin difear díreach do rialacha coiteanna de chuid an Aontais agus athraíonn sé raon feidhme na rialacha sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is amhlaidh cibé acu an tsubstaint atá i gceist a bheith faoi rialú san Aontas nó a mhalairt.
Rinne an Coiste Saineolaithe ar Spleáchas ar Dhrugaí athbhreithniú criticiúil ar cheithre shubstaint ag an 48ú cruinniú a bhí aige, is iad sin an duille cóca agus trí shubstaint shícighníomhacha nua, i.e. cannaibionóideach sintéiseach amháin — MDMB-FUBINACA — agus dhá shubstaint ópóideacha shintéiseacha núíosacha — iseatainíotaisín N‑pioróilidín (Iseatainíotaisipín) agus eatainíotaiséin N‑deiseitile.
Rialaítear an duille cóca faoi Sceideal I de Choinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961 agus bhí sí ina hábhar d’fhógra ó Pháirtí in 1961 nó i gCoinbhinsiún 1971 maidir le sceidealú substainte. Mhol an Coiste Saineolaithe ar Spleáchas ar Dhrugaí go gcoinneofaí an duille cóca i Sceideal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961.
Déanann Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) faireachán ar gach ceann de na trí shubstaint shícighníomhacha nua. Mheas an Coiste Saineolaithe ar Spleáchas ar Dhrugaí gach ceann de na substaintí sin a mholadh le haghaidh sceidealú.
Is é a mholtar leis an togra ón gCoimisiún maidir le seasamh ón Aontas tacú le moltaí EDS, is é sin, rialú na dtrí shubstaint thuasluaite, ós rud é go bhfuil na moltaí sin i gcomhréir le staid reatha an eolais eolaíoch. A mhéid a bhaineann leis na substaintí sícighníomhacha nua sin, tá faisnéis a thacaíonn lena gcur leis na Sceidil a ghabhann leis na Coinbhinsiúin ar fáil freisin ón mBunachar Sonraí Eorpach um Dhrugaí Nua, bunachar de chuid EUDA.
Is gá go suífidh an Chomhairle seasamh an Aontais le haghaidh chruinniú an Choimisiúin um Dhrugaí Támhshuanacha ina n‑iarrfar air cinneadh a dhéanamh maidir le sceidealú substaintí. Mar gheall ar na srianta a bhaineann le stádas breathnóra an Aontais, ba cheart do na Ballstáit a bheidh ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha i mí an Mhárta 2026 an seasamh sin a chur in iúl, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh le leas an Aontais laistigh den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha. Níl an tAontas ina pháirtí sna Coinbhinsiúin sin ach tá inniúlacht eisiach aige sa réimse lena mbaineann.
Chuige sin, molann an Coimisiún seasamh ón Aontas a bheidh le cur in iúl ag na Ballstáit a bheidh ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha i mí an Mhárta 2026, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 69ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha maidir le sceidealú substaintí faoin gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha agus faoin gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha. Roimhe seo, ghlac an Chomhairle seasaimh den chineál sin ón Aontas, rud a chuir ar a chumas don Aontas labhairt d’aon ghuth ag cruinnithe den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha roimhe seo maidir leis an sceidealú idirnáisiúnta, toisc gur vótáil na Ballstáit a bhí rannpháirteach sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha i bhfabhar an sceidealaithe i gcomhréir leis an seasamh a bhí glactha ag an Aontas.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Neamhbhainteach
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Neamhbhainteach
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
2.1. Bunús dlí don nós imeachta
2.1.1. Prionsabail
In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE bíodh an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú, nó ná bíodh.
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
Cinntí sceidealaithe an Choimisiúin um Dhrugaí Támhshuanacha, is ‘gníomhartha... a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ iad de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE. De réir an Choinbhinsiúin um Dhrugaí Támhshuanacha agus an Choinbhinsiúin maidir le Substaintí Síceatrópacha, tá cinntí an Choimisiúin um Dhrugaí Támhshuanacha ceangailteach. Má chuireann páirtí cinneadh an Choimisiúin um Dhrugaí Támhshuanacha faoi bhráid Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe lena hathbhreithniú laistigh den teorainn ama is infheidhme, tá na cinntí uaithi críochnaitheach. Tá éifeachtaí dlíthiúla ag na cinntí sceidealaithe ón gCoimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha i ndlíchóras an Aontais freisin de bhua dhlí an Aontais, ós rud é go bhfuil siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, mar atá, Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle. Bíonn iarmhairtí díreacha ag athruithe ar na Sceidil a ghabhann leis an dá Choinbhinsiún ar raon feidhme chur i bhfeidhm na hionstraime dlíthiúla sin de chuid an Aontais.
Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
2.2. Bunús dlí substainteach
2.2.1. Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
2.2.2. Feidhm maidir leis an gcás seo
Is leis an ngáinneáil aindleathach ar dhrugaí a bhaineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 83(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe, sainaithnítear san airteagal sin an gháinneáil aindleathach ar dhrugaí mar cheann de na coireanna a bhfuil gné thrasteorann ar leith ag baint leo agus cumhachtaíonn sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chun rialacha íosta a bhunú maidir le cionta agus pionóis a shainiú i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí.
2.3. Geoiméadracht athraitheach
Tá an Danmhairg faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle mar ab infheidhme go dtí an 21 Samhain 2018 agus foráiltear in Airteagal 1 de sin go gciallóidh ‘drugaí’ aon cheann de na substaintí a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha nó leis an gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha. Ós rud é go mbíonn tionchar ag cinntí sceidealaithe ón gCoimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ar rialacha comhchoiteanna a bhfuil an Danmhairg faoi cheangal acu i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí, bíonn an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Cinnidh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais nuair a ghlacfar na cinntí sin maidir le sceidealú.
Tá Éire faoi cheangal ag an gCinneadh Réime agus dá bhrí sin bíonn sí rannpháirteach i nglacadh Cinnidh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais nuair a ghlacfar na cinntí sin maidir le sceidealú.
2.4. Conclúid
Is é Airteagal 83(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, bunús dlí an chinnidh atá beartaithe.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Neamhbhainteach
•Comhréireacht
Neamhbhainteach
•An rogha ionstraime
Neamhbhainteach
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Neamhbhainteach
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach
•Measúnú tionchair
Neamhbhainteach
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Neamhbhainteach
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Neamhbhainteach
2025/0415 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 69ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha maidir le sceidealú substaintí faoin gCoinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú ag Prótacal 1972, agus faoin gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Coinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972 (‘an Coinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha’), i bhfeidhm an 8 Lúnasa 1975.
(2)De bhun Airteagal 3 den Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha, féadfaidh an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a chinneadh substaintí a chur leis na Sceidil a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin. Ní féidir leis athruithe a dhéanamh ar na Sceidil ach amháin i gcomhréir leis na moltaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), ach is féidir leis cinneadh a dhéanamh freisin gan na hathruithe atá molta ag EDS a dhéanamh.
(3)Tháinig Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971 (‘an Coinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha’) i bhfeidhm an 16 Lúnasa 1976.
(4)De bhun Airteagal 2 den Choinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha, féadfaidh an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a chinneadh substaintí a chur leis na Sceidil a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin nó iad a bhaint díobh, ar bhonn moltaí ó EDS. Tá cumhachtaí lánroghnacha leathana aige tosca eacnamaíocha, sóisialta, dlíthiúla, riaracháin agus eile a chur san áireamh, ach ní fhéadfaidh sé gníomhú go treallach.
(5)Bíonn iarmhairtí díreacha ag athruithe ar na Sceidil a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha agus leis an gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha ar raon feidhme chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i réimse an rialaithe drugaí. Tá feidhm ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle maidir le substaintí a liostaítear sna Sceidil a ghabhann leis na Coinbhinsiúin sin. Dá réir sin, déanann aon athrú ar na Sceidil atá i gceangal leis na Coinbhinsiúin sin difear díreach do rialacha coiteanna de chuid an Aontais agus athraíonn sé raon feidhme na rialacha sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE. Is gá don Chomhairle údarú a thabhairt do na Ballstáit seasamh an Aontais a chur in iúl maidir le sceidealú substaintí faoi na Coinbhinsiúin siúd ós rud é gur faoi inniúlacht eisiach an Aontais a thagann cinntí maidir le substaintí nua a chur lena Sceidil.
(6)Le linn an 69ú seisiún dá chuid atá sceidealaithe don 9 go dtí an 13 Márta 2026 i Vín, tá an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha chun cinneadh a dhéanamh maidir le [trí] shubstaint nua a chur leis na Sceidil a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha agus leis an gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha.
(7)Mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte dhá shubstaint nua a chur le Sceideal I den Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha agus substaint nua amháin a chur le Sceideal II den Choinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha.
(8)Gach substaint arna hathbhreithniú ag Coiste Saineolaithe EDS ar Spleáchas ar Dhrugaí agus a mhol EDS a sceidealú, déanann Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) faireachán orthu mar shubstaintí sícighníomhacha nua faoi théarmaí Rialachán (AE) Uimh. 2023/1322 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Déantar dianfhaireachán ar na trí cinn de na substaintí sin.
(9)De réir mheasúnú ECDD, maidir le hiseatainíotaisín N‑pioróilidín (Iseatainíotaisipín) (ainm IUPAC: 5-nítrea-2-({4-[(própán‑2-il)ocsa]feinil}meitil)-1-[2-(pioróilidín‑1-il)eitil]-1H‑1,3-beinsimíodasól), is substaint ópóideach shintéiseach í a bhaineann leis an aicme beinsimíodasóil nó níotaiséine. Ní dhearna an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte athbhreithniú foirmiúil ar iseatainíotaisín N‑pioróilidín roimhe seo. Ní heol aon úsáid theiripeach a bheith ag iseatainíotaisín N‑pioróilidín ná aon údarú margaíochta. Tá fianaise leordhóthanach ann go bhfuil mí‑úsáid á baint as iseatainíotaisín N‑pioróilidín, nó gur dócha go mbainfear mí‑úsáid aisti, agus gur féidir í a bheith ina fadhb sláinte poiblí agus ina fadhb shóisialta, rud a fhágann gur gá an tsubstaint a chur faoi rialú idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, molann EDS go liostófaí iseatainíotaisín N‑pioróilidín i Sceideal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha.
(10)Braitheadh iseatainíotaisín N‑pioróilidín i naoi mBallstát agus rialaítear í in dhá Bhallstát ar a laghad. Tá dianfhaireachán á dhéanamh ag EUDA ar iseatainíotaisín N‑pioróilidín. Tá dhá Bhallstát tar éis ar a laghad trí bhás a thuairisciú inar deimhníodh nochtadh do iseatainíotaisín N‑pioróilidín. Tá Ballstát amháin tar éis ar a laghad nimhiú géar amháin a thuairisciú a bhfuil amhras ann ina leith maidir le nochtadh d’iseatainíotaisín N‑pioróilidín.
(11)Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar sheasamh ag an Aontas tacú le hiseatainíotaisín N‑pioróilidín a chur le Sceideal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha.
(12)De réir mheasúnú ECDD, maidir le heatainíotaiséin N‑deiseitile (ainm IUPAC: 2-[2-[(4-eatocsaifeinil)meitil]-5-nítrea-beinsimíodasól-1-il]-N‑eitil-eatánaimín), is substaint ópóideach shintéiseach núíosach í a bhaineann leis an aicme beinsimíodasóil nó níotaiséine. Is meitibilít eatainíotaiséine í, ar substaint ópóideach beinsimíodasóil eile í a rialaítear faoi Sceideal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha. Ní dhearna EDS athbhreithniú foirmiúil ar eatainíotaiséin N‑deiseitile. Ní heol aon úsáid theiripeach a bheith ag eatainíotaiséin N‑deiseitile ná aon údarú margaíochta. Tá fianaise leordhóthanach ann go bhfuil mí‑úsáid á baint as eatainíotaiséin N‑deiseitile, nó gur dócha go mbainfear mí‑úsáid aisti, agus gur féidir í a bheith ina fadhb sláinte poiblí agus ina fadhb shóisialta, rud a fhágann gur gá an tsubstaint a chur faoi rialú idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, molann EDS go liostófaí eatainíotaiséin N‑deiseitile i Sceideal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha.
(13)Braitheadh eatainíotaiséin N‑deiseitile i gceithre Bhallstát agus rialaítear í i sé Bhallstát ar a laghad. Tá dianfhaireachán á dhéanamh ag EUDA ar eatainíotaiséin N‑deiseitile.
(14)Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar sheasamh ag an Aontas tacú le heatainíotaiséin N‑deiseitile a chur le Sceideal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha.
(15)De réir mheasúnú ECDD, maidir le MDMB-FUBINACA (ainm IUPAC: 2-[[1-[(4-fluaraifeinil)meitil]iondasól-3-carbóinil]aimínea]-3,3-démheitil-bútánóáit) meitile), is cannaibionóideach sintéiseach láidir é. Ní dhearna EDS athbhreithniú ar MDMB-FUBINACA roimhe seo. Ní heol aon úsáid theiripeach a bheith ag MDMB-FUBINACA ná aon údarú margaíochta. Tá fianaise leordhóthanach ann go bhfuil mí‑úsáid á baint as MDMB-FUBINACA, nó gur dócha go mbainfear mí‑úsáid as, agus gur féidir é a bheith ina fhadhb sláinte poiblí agus ina fhadhb shóisialta, rud a fhágann gur gá an tsubstaint a chur faoi rialú idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, molann EDS go liostófaí MDMB-FUBINACA i Sceideal II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha.
(16)Braitheadh MDMB-FUBINACA in 14 Bhallstát agus rialaítear é in ocht mBallstát ar a laghad. Tá dianfhaireachán á dhéanamh ag EUDA ar MDMB-FUBINACA. Tá Ballstát amháin tar éis ar a laghad nimhiú géar amháin a thuairisciú lenar bhain nochtadh féideartha do MDMB-FUBINACA.
(17)Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar sheasamh ag an Aontas tacú le MDMB-FUBINACA a chur le Sceideal II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha.
(18)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a shuí, mar beidh na cinntí maidir le sceidealú a mhéid a bhaineann leis na trí shubstaint in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, mar atá, Cinneadh Réime 2004/757/CGB.
(19)Níl an tAontas ina pháirtí sa Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha ná sa Choinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha. Tá stádas breathnóra ag an Aontas nach bhfuil cearta vótála aige sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha; is comhaltaí den Choimisiún iad 14 cheann de na Ballstáit a bhfuil vóta acu i mí an Mhárta 2026. Tá na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha chun seasamh an Aontais a chur in iúl i mí an Mhárta 2026, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
(20)Tá an Danmhairg faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.
(21)Tá Éire faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, sa 69ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ón 9 go dtí an 13 Márta 2026, nuair a iarrfar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh maidir le substaintí a chur leis na Sceidil a ghabhann le Coinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961 arna leasú le Prótacal 1972, agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971.
Airteagal 2
Na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, cuirfidh siad in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
[...]