AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.12.2025
COM(2025) 773 final
2025/0407(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena dtugtar de chumhacht don Ostair an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá aici cheana leis an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar de chóiste agus de bhus sna réigiúin teorann idir an dá thír
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Maidir leis an ábhar
Tá dlúthnasc ann idir réigiúin teorann na hOstaire agus na hEilvéise. Tá mórán Ostarach a dhéanann an turas chun na hoibre san Eilvéis agus a mhalairt agus tá trácht bríomhar trasteorann paisinéirí de bhóthar ann. Tá roinnt seirbhísí bus agus cóiste curtha ar fáil a thrasnaíonn an teorainn sa chaoi go nascann siad réigiúin teorann an dá thír.
Is leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar (dá ngairtear ‘an Comhaontú um Iompar de Thalamh’ anseo feasta) a rialaítear iompar paisinéirí agus earraí de bhóthar sa dá threo idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach.
De réir Airteagal 20(1) den Chomhaontú um Iompar de Thalamh, ‘[ní] údaraítear faoin gComhaontú seo iompar idir dhá phointe atá suite ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh chéanna ag iompróirí atá bunaithe ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile’. Ciallaíonn sé sin nach féidir le hiompróirí a bhfuil na seirbhísí paisinéirí a thrasnaíonn an teorainn á n-oibriú acu ach paisinéirí a iompar trasna na teorann nó laistigh de chríoch an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil siad bunaithe. Ní ceadmhach d’oibreoirí busanna agus cóistí atá bunaithe san Eilvéis paisinéirí a iompar idir dhá phointe ar an taobh Ostarach den teorann agus ní ceadmhach d’oibreoirí atá bunaithe san Aontas Eorpach paisinéirí a iompar idir dhá phointe ar an taobh Eilvéiseach den teorann.
Ceadaítear le hAirteagal 20(2) den Chomhaontú um Iompar de Bhóthar cearta atá ann cheana faoi chomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích idir Ballstáit aonair agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm tráth ar tugadh an Comhaontú um Iompar de Bhóthar i gcrích leanúint de bheith á bhfeidhmiú, ar choinníoll nach ndéanfar aon idirdhealú idir iompróirí an Aontais ná aon saobhadh ar an iomaíocht. Sa chaoi sin, d’fhéadfadh sé gurbh fhéidir cabatáiste in iompar paisinéirí de chóiste agus de bhus a dhéanamh mar chuid den chaidreamh leis an Eilvéis ach foráil maidir leis sin a bheith déanta i gcomhaontú idir Ballstát agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm an 21 Meitheamh 1999. Sa chleachtas, ní raibh foráil in aon cheann de na comhaontuithe déthaobhacha ábhartha idir na Ballstáit agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm an tráth sin maidir le cearta cabatáiste le haghaidh iompar paisinéirí de chóiste agus de bhus.
I litir ón Ostair dar dáta an 17 Márta 2025, chuir sí an Coimisiún ar an eolas gurbh í a bheadh buíoch as dá dtabharfadh an tAontas de chumhacht di, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, a comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar leis an Eilvéis an 22 Deireadh Fómhair 1958 a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí de chóiste agus de bhus i réigiún na teorann idir an dá thír. I gcruinniú de Choiste um Iompar Intíre an Aontais-na hEilvéise i mí Mheitheamh 2025, arna bhunú leis an gComhaontú um Iompar de Bhóthar, chuir an Eilvéis in iúl don Choimisiún gur mhian léi an comhaontú sin a leasú chuige sin freisin.
Is féidir feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibríochtaí iompair le cabatáiste in iompar paisinéirí de chóiste agus de bhus toisc go gceadaíonn sé lódfhachtóir na feithicle a mhéadú. Dá bhrí sin, tá an tAontas Eorpach sásta ar an mórgóir le hoscailt mhargadh an chabatáiste, mar a osclaíodh é laistigh den Aontas Eorpach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus (dá ngairtear ‘Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009’ anseo feasta). Dá n-údarófaí oibríochtaí cabatáiste i gcomhthéacs soláthair seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus sna réigiúin teorann idir an Ostair agus an Eilvéis, chuirfeadh sin ar a gcumas do na hiompróirí lena mbaineann a bheith níos iomaíche agus níos éifeachtúla.
Is fiú a thabhairt faoi deara gur deonaíodh údaruithe den chineál céanna san am atá thart don Ghearmáin agus don Iodáil.
Maidir le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh
Leagtar síos in Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh ‘inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú’.
Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, féadfaidh iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail acu, agus iad siúd amháin, oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas a dhéanamh, faoi choinníollacha áirithe. Gealltanais idirnáisiúnta lena gceadaítear d’iompróirí eile, iompróirí ó thríú tíortha go háirithe, na hoibríochtaí sin a dhéanamh, bíonn tionchar acu ar an Rialachán thuasluaite, de réir bhrí Airteagal 3(2) CFAE.
Thairis sin, bíonn tionchar ag na gealltanais idirnáisiúnta sin ar an gComhaontú um Iompar de Bhóthar freisin, go háirithe Airteagal 20 de. Ní údaraítear iad i mír 1 den Airteagal sin, seachas mar a leagtar amach i mír 2 de.
Dá réir sin, gealltanais amhail na gealltanais sin atá beartaithe ag an Ostair, tagann siad faoi raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, féadfaidh an tAontas é a thabhairt de chumhacht do na Ballstáit gníomhú i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach aige.
Is é is aidhm don togra seo é a thabhairt de chumhacht don Ostair an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann cheana idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus i réigiúin teorann sa dá thír.
Maidir leis an nós imeachta
Oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, bíonn tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar atá bunaithe ag Reachtóir an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Dá bhrí sin, aon chumhachtú a dheonófar faoi Airteagal 2(1) CFAE, is gá reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
San am i láthair, ní údaraítear leis an gComhaontú um Iompar de Bhóthar aon oibríocht chabatáiste in iompar paisinéirí de bhóthar de chóiste agus de bhus. Mar sin féin, in Airteagal 20(2) den Chomhaontú um Iompar de Bhóthar, ceadaítear go sonrach go leanfaí de chearta cabatáiste atá ann cheana a fheidhmiú, ar choinníoll nach ndéanfar idirdhealú idir iompróirí an Aontais ná aon saobhadh ar an iomaíocht. Comhaontú idir an Ostair agus an Eilvéis lena n-údarófaí oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus, ní dhéanfadh sin difear do chearta na hEilvéise faoin gComhaontú um Iompar de Bhóthar. Thairis sin, leasú ar an gcomhaontú déthaobhach atá ann cheana agus atá teoranta go cabatáiste sna réigiúin teorann ábhartha agus, i ndáil le neamh-idirdhealú agus iomaíocht neamhshaofa, atá faoi réir coinníollacha atá comhionann leis na coinníollacha atá bunaithe in Airteagal 20(2) den Chomhaontú um Iompar de Bhóthar, tá an leasú sin i gcomhréir leis an mbeartas is bunús leis an eisceacht a leagtar amach san fhoráil sin.
Laistigh den Aontas Eorpach, ceadaítear cabatáiste san iompar paisinéirí de bhóthar de chóiste agus de bhus i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Le hAirteagal 15 den Rialachán sin, údaraítear oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas Eorpach: (1) i gcás seirbhísí ócáideacha, (2) i gcás seirbhísí tráthrialta speisialta, ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe ag conradh arna dhéanamh idir an t-eagraí agus an t-iompróir, agus (3) i gcás seirbhísí tráthrialta i gcúrsa seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta cé is moite de sheirbhísí iompair a fhreastalóidh ar riachtanais lárionaid uirbigh nó comhchathrach nó riachtanais iompair idir an lárionad sin agus na limistéir máguaird. An leasú ar an gcomhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar a d’iarr an Ostair, bheadh tionchar aige ar fheidhmiú an Rialacháin sin, ach bheadh an tionchar sin teoranta go leor, i gcás ina dtabharfar an t-údarú faoi réir na gcoinníollacha a thuairiscítear thuas.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Dá ndéanfaí leasú ar an gcomhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann cheana idir an Ostair agus an Eilvéis d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus i réigiún teorann an dá thír, ní bheadh sé sin ar neamhréir le haon bheartas eile den Aontas.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 2(1) CFAE agus Airteagal 91 CFAE bunús dlí an togra seo.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.
•Comhréireacht
Is é an t-aon chuspóir amháin atá leis an togra seo é a thabhairt de chumhacht don Ostair, de bhun Airteagal 2(1) CFAE, an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann cheana idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus sna réigiúin teorann idir an dá thír. Dá réir sin, ní théann an Cinneadh atá beartaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle thar a bhfuil riachtanach chun an chuspóir sin a ghnóthú.
•An rogha ionstraime
Oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, bíonn tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar atá bunaithe ag Reachtóir an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Dá bhrí sin, aon chumhachtú a dheonófar faoi Airteagal 2(1) CFAE, is gá reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE. An gníomh atá beartaithe, ar cumhachtú aonair é de bharr a chineáil, tá sé le glacadh mar fhreagra ar iarraidh chomhfhreagrach a rinne an Ostair. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith i bhfoirm chinnidh, dírithe ar an Ostair. Dá réir sin, is éard atá sa Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá beartaithe ionstraim atá leordhóthanach chun cumhacht a thabhairt don Ostair, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, gníomhú maidir leis an ábhar seo.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Ostair agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais.
2025/0407 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena dtugtar de chumhacht don Ostair an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá aici cheana leis an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar de chóiste agus de bhus sna réigiúin teorann idir an dá thír
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2(1) agus Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar (dá ngairtear ‘an Comhaontú um Iompar de Thalamh’ anseo feasta), ní údaraítear paisinéirí a iompar de chóiste agus de bhus idir dhá phointe atá suite ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh chéanna ag iompróirí atá bunaithe ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile, rud ar a dtugtar cabatáiste.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Chomhaontú um Iompar de Thalamh, féadfar leanúint d’fheidhmiú na gceart cabatáiste atá ann cheana faoi chomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích idir na Ballstáit agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm nuair a tugadh an Comhaontú um Iompar de Thalamh i gcrích, is é sin an 21 Meitheamh 1999, ar choinníoll nach ann d’aon idirdhealú idir iompróirí atá bunaithe san Aontas ná d’aon saobhadh ar an iomaíocht. Ní údaraítear leis an gcomhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar idir an Ostair agus an Eilvéis an 22 Deireadh Fómhair 1958 oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí de chóiste agus de bhus idir an dá thír. Dá bhrí sin, níl an ceart oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh ar cheann de na cearta a chuimsítear faoi Airteagal 20(2) den Chomhaontú um Iompar de Thalamh.
(3)Na gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí atá bunaithe san Eilvéis oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh laistigh den Aontas, is féidir go mbeidh tionchar acu ar Airteagal 20 den Chomhaontú um Iompar de Thalamh, a mhéid nach n-údarófar na hoibríochtaí sin leis an bhforáil seo.
(4)Thairis sin, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfaidh iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail acu, agus iad siúd amháin, oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas a dhéanamh, faoi choinníollacha áirithe. Gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí ó thríú tíortha, nach bhfuil an ceadúnas sin acu, na hoibríochtaí sin a dhéanamh, is féidir go mbeidh tionchar acu ar an Rialachán sin.
(5)Dá réir sin, tagann na gealltanais sin faoi inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na gealltanais sin a shocrú le caibidlíocht ná a thabhairt ach amháin má thugann an tAontas de chumhacht dóibh an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE.
(6)Oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, déanann siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar a bhunaítear leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, aon chumhachtú a dheonófar faoi Airteagal 2(1) CFAE, is gá reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.
(7)I litir ón Ostair dar dáta an 17 Márta 2025, d’iarr sí cumhachtú ón Aontas a comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar leis an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí de chóiste agus de bhus i réigiúin teorann an dá thír.
(8)A bhuí le hoibríochtaí cabatáiste, is féidir lódfhachtóir na bhfeithiclí a mhéadú, rud a chuireann le héifeachtúlacht eacnamaíoch na seirbhísí. Dá bhrí sin, is iomchuí na hoibríochtaí sin a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus i réigiúin ábhartha teorann na hEilvéise agus na hOstaire. D’fhéadfadh sé sin an dlúthnasc idir na réigiún teorann sin a dhaingniú a thuilleadh.
(9)Chun a áirithiú nach gcuirfidh na hoibríochtaí cabatáiste lena mbaineann isteach go hiomarcach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí bus agus cóiste, mar a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, ba cheart a n-údarú a bheith faoi réir na gcoinníollacha nach ndéanfar aon idirdhealú idir iompróirí atá bunaithe laistigh den Aontas ná aon saobhadh ar an iomaíocht.
(10)Ar an gcúis chéanna, níor cheart oibríochtaí cabatáiste a údarú ach i réigiúin teorann na hOstaire le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar de chóiste agus de bhus idir an Ostair agus an Eilvéis. Chuige sin, is gá réigiúin teorann na hOstaire a shainiú de réir bhrí an Chinnidh seo ar bhealach a dtabharfaidh an aird chuí ar fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, agus a fhágfaidh go méadófar éifeachtúlacht na n-oibríochtaí lena mbaineann,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, tugtar de chumhacht don Ostair an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá aici cheana leis an Eilvéis an 22 Deireadh Fómhair 1958 a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú i réigiúin teorann na hOstaire agus na hEilvéise le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí de chóiste agus de bhus idir an dá thír, ar choinníoll nach ann d’aon idirdhealú idir iompróirí atá bunaithe san Aontas ná d’aon saobhadh ar an iomaíocht.
Measfar gur réigiúin teorann de chuid na hOstaire de réir bhrí na chéad míre iad ceantair riaracháin Bludenz, Bregenz, Dornbirn, Feldkirch i réigiún Vorarlberg agus ceantar Landeck i réigiún Tyrol.
Airteagal 2
Cuirfidh an Ostair an Coimisiún ar an eolas faoin leasú ar a comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar leis an Eilvéis an 22 Deireadh Fómhair 1958 de bhun Airteagal 1 den Chinneadh seo agus cuirfidh sí téacs an chomhaontaithe leasaithe in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin méid sin.
Airteagal 3
Is chuig Poblacht na hOstaire a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán