Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0698

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh (Vín na hOstaire, an 18 Nollaig 2025)

COM/2025/698 final

An Bhruiséil,12.11.2025

COM(2025) 698 final

2025/0354(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh (Vín na hOstaire, an 18 Nollaig 2025)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Is togra é seo le haghaidh cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh i ndáil le roinnt gníomhartha, a bhfuil sé beartaithe don chomhlacht seo iad a ghlacadh an 18 Nollaig 2025 ag a chruinniú i Vín na hOstaire. Roimh an gcruinniú sin, an 17 Nollaig 2025, tiocfaidh Buanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh (Buanghrúpa Ardleibhéil) le chéile, i Vín freisin, chun na míreanna atá le glacadh i gcruinniú na Comhairle Aireachta a phlé agus a fhormhuiniú.

Ar mhaithe le hiomláine, áirítear sa togra seo freisin roinnt míreanna ar chlár oibre na Comhairle Aireachta nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Conradh an Chomhphobail Fuinnimh

Is é is aidhm do Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh 1 creat cobhsaí rialála agus margaidh chomh maith le spás aonair rialála le haghaidh trádáil i bhfuinneamh an líonra a chruthú trí na gnéithe comhaontaithe d’acquis an Aontais maidir le fuinneamh a chur chun feidhme i dtíortha neamh-AE ar Páirtithe sa Chonradh iad. Tháinig Conradh an Chomhphobail Fuinnimh i bhfeidhm an 1 Iúil 2006. Tá an tAontas Eorpach ina Pháirtí ann 2 . Tagraítear do na naoi bPáirtí neamh-AE mar ‘Pháirtithe Conarthacha’ i gConradh an Chomhphobail Fuinnimh.

2.2.An Chomhairle Aireachta agus an Buanghrúpa Ardleibhéil

Áirithíonn an Chomhairle Aireachta go ndéanfar na cuspóirí a leagtar amach i gConradh an Chomhphobail Fuinnimh a bhaint amach. Ar an gComhairle Aireachta tá ionadaí amháin ó gach Páirtí Conarthach agus beirt ionadaithe ón Aontas. De bhun Airteagal 47 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh soláthraíonn sí treoirlínte ginearálta beartais, déanann sí bearta (cinntí nó moltaí) agus glacann sí gníomhartha nós imeachta. Bíonn vóta amháin ag gach Páirtí (an tAontas san áireamh) agus cuireann an Chomhairle Aireachta rialacha vótála éagsúla i bhfeidhm de réir an ábhair atá á phlé. De bhun Airteagal 78 de de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, ní fhéadfaidh an Chomhairle Aireachta gníomhú ach amháin má dhéantar ionadaíocht thar ceann dhá thrian de na Páirtithe. Ní áirítear staonadh ó vótáil mar vóta a chaitear.

Tá feidhm ag rialacha vótála difriúla. Teastaíonn tromlach simplí i gcás na ngníomhartha atá beartaithe a liostaítear thíos i Roinn 2.3, pointe 1 (Airteagal 91(1)(a) de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh). Tá gá le haontoilíocht na bPáirtithe uile le haghaidh an ghnímh atá beartaithe a liostaítear i Roinn 2.3, pointe 2 (Airteagal 32(3) de Rialacha Nós Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh maidir le réiteach díospóidí faoi Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh). Tá gá le tromlach dhá thrian a bhaint amach, lena n‑áirítear vóta i bhfabhar ón Aontas, le haghaidh an ghnímh atá beartaithe a liostaítear i Roinn 2.3, pointe 3 (Airteagal 83 de Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta; Airteagail 83, 86 agus 87 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh).

Is fochomhlacht de chuid na Comhairle Aireachta é an Buanghrúpa Ardleibhéil. De bhun Airteagal 53(a) de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, ullmhaíonn sé obair na Comhairle Aireachta, lena n‑áirítear a clár oibre agus a gníomhartha atá le glacadh ag an gComhairle Aireachta a dhréachtú. Tá an Buanghrúpa Ardleibhéil comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Páirtí Conarthach agus de bheirt ionadaithe ón Aontas. Tá vóta amháin ag an Aontas Eorpach. De bhun Airteagal 78 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, ní fhéadfaidh an Buanghrúpa Ardleibhéil gníomhú ach amháin má dhéantar ionadaíocht thar ceann dhá thrian de na Páirtithe. Ní áirítear staonadh ó vótáil mar vóta a chaitear.

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ón gComhairle Aireachta

An togra seo le haghaidh Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, baineann sé leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i leith na ngníomhartha seo a leanas atá beartaithe atá le glacadh ag an gComhairle Aireachta, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gcinneadh ón gComhairle atá beartaithe:

(1)Gníomh Nós Imeachta 2025/XX/MC-EnC maidir le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh le haghaidh na mblianta 2026-2027 agus maidir leis na ranníocaíochtaí ó na Páirtithe leis an mbuiséad;

(2)Cinneadh 2025/XX/MC-EnC maidir le hurscaoileadh airgeadais Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh;

(3)Gníomh Nós Imeachta 2025/PA/XX/MC-EnC maidir le Rialacháin Foirne an Chomhphobail Fuinnimh an 18 Nollaig 2007 a leasú, arna leasú le Gníomhartha Nós Imeachta 2009/04/MC-EnC, 2022/02/MC-EnC agus 2024/01/MC-EnC, agus lena leasaítear Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta an 17 Samhain 2006, arna leasú le Gníomhartha Nós Imeachta 2014/01/MC-EnC, 2022/02/MC-EnC agus 2024/06/MC-EnC;

(4)Gníomh Nós Imeachta 2025/XX/MC-EnC maidir le heagraghram Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh;

(5)Cinntí faoi Airteagal 91(1)(a) de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh lena suitear gur ann do shárú ar Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh sna cásanna seo a leanas:

(a)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na hAlbáine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-5/24; 

(b)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-6/24;  

(c)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seoirsia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-7/24;   

(d)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-8/24;  

(e)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Moldóive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-9/24;  

(f)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain Mhontainéagró Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-10/21; 

(g)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-11/24; 

(h)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seirbia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-12/24;  

(i)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na hÚcráine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-13/24; 

(j)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-14/24;

(k)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seoirsia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-15/24;

(l)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-16/24;

(m)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Moldóive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-17/24;

(n)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-19/24;

(o)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-21/24;

(p)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seirbia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-22/24;

(q)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na hAlbáine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-23/24;

(r)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-24/24;

(s)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seoirsia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-25/24;

(t)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-26/24;

(u)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Moldóive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-27/24;

(v)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain Mhontainéagró Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-28/21;

(w)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-29/24;

(x)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seirbia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-2/21;

(y)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain Mhontainéagró Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-15-21/21.

2.4.Beirt ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach a athcheapadh ar Choiste Eadrána an Chomhphobail Fuinnimh

Ar deireadh, baineann an togra seo le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE le beirt oifigeach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a athcheapadh mar bhuanchomhalta agus buanchomhalta malartach de Choiste Eadrána an Chomhphobail Fuinnimh.

2.5.Míreanna eile ar chlár oibre na Comhairle Aireachta

Ar mhaithe le hiomláine, tugtar faoi deara, sa bhreis ar na gníomhartha atá beartaithe a leagtar amach i Roinn 2.3, go mbeidh roinnt míreanna ar chlár oibre na Comhairle Aireachta nach vótálfaidh ach na Páirtithe Conarthacha ina leith, de bhun Airteagal 80 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, lena n‑áirítear na míreanna seo a leanas:

(1)Cinneadh 2025/…/MC-EnC i ndáil leis an Rialachán leathnaithe maidir le Stóráil Gáis a ionchorprú sa Chomhphobal Fuinnimh;

(2)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le síneadh a chur leis na maoluithe saolré teoranta le haghaidh mhórghléasraí dócháin na hÚcráine.

Ina theannta sin, déanfaidh an Chomhairle Aireachta an méid seo a leanas:

(3)an Tuarascáil Bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Chomhphobail Fuinnimh, arna cur faoina bhráid ag Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh de bhun Airteagal 67 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, a ghlacadh.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh na míreanna sin.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Gníomh Nós Imeachta 2025/XX/MC-EnC maidir le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh le haghaidh na mblianta 2026-2027 agus maidir leis na ranníocaíochtaí ó na Páirtithe leis an mbuiséad

Foráiltear leis an dréachtghníomh nós imeachta seo do chroíbhuiséad an Chomhphobail Fuinnimh dar luach EUR 6 869 481 le haghaidh na bliana 2026 agus EUR 7 006 871 le haghaidh na bliana 2027. Comhfhreagraíonn na méideanna sin do mhéadú 2 % i gcomparáid leis an mbuiséad le haghaidh 2025 agus do mhéadú breise 2 % i gcomparáid leis an mbuiséad atá beartaithe le haghaidh 2026, faoi seach.

Tá údar bunúsach leis na méideanna thuas mar gheall ar athruithe ar an líon foirne agus ar chomhdhéanamh an lucht saothair, athruithe ar an eagraghram, coigeartuithe tuarastail a bhaineann le boilsciú agus sochair eile d’fhoireann Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, chomh maith le costas gníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo i bhfianaise na ndúshlán a bheidh le sárú ag an gComhphobal Fuinnimh maidir lena phríomhchuspóirí agus a spriocanna beartais a chur chun cinn agus a bhaint amach. Áirítear leis sin, go háirithe, acquis an Aontais maidir le comhtháthú agus dícharbónú an mhargaidh leictreachais a chur chun feidhme ar leibhéal an Chomhphobail Fuinnimh. Áirítear ann freisin béim ar leith ar ghníomhaíochtaí tacaíochta don Úcráin, a bhí ríthábhachtach chun tacú le feidhmiú chóras fuinnimh na hÚcráine ó thús an chogaidh.

Is éard atá i ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh leis an mbuiséad 94,78 % den mhéid foriomlán EUR 6 510 894 in 2026 agus EUR 6 641 112 in 2027, agus maoiníonn na naoi bPáirtí Chonarthacha neamh-AE an chuid eile.

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta dréachtghníomh nós imeachta na Comhairle Aireachta a fhormheas maidir le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh le haghaidh na tréimhse 2026-2027 agus maidir le ranníocaíochtaí na bPáirtithe leis an mbuiséad.

3.2.Cinneadh 2025/XX/MC-EnC maidir le hurscaoileadh airgeadais Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh

Déantar foráil sa dréachtchinneadh atá beartaithe maidir le hurscaoileadh fhreagracht airgeadais an Stiúrthóra le haghaidh 2024 ar bhonn na tuarascála iniúchóireachta le haghaidh na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2023, ráiteas dearbhaithe na n‑iniúchóirí agus thuarascáil an Choiste um an mBuiséad.

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta an dréachtchinneadh maidir le hurscaoileadh airgeadais Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a fhormheas.

3.3.Gníomh Nós Imeachta 2025/PA/XX/MC-EnC maidir le Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta an 17 Samhain 2006 a leasú, arna leasú le Gníomhartha Nós Imeachta 2014/01/MC-EnC, 2022/02/MC-EnC agus 2024/06/MC-EnC (na ‘Rialacha Buiséid’)

Foráiltear leis an ngníomh nós imeachta atá beartaithe maidir le leasú a dhéanamh ar Rialacha Buiséid an Chomhphobail Fuinnimh trí fhorálacha a thabhairt isteach lena mbronntar ar an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) an chumhacht imscrúduithe a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Chomhphobail Fuinnimh maidir le haon chás calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó coireacht eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar phríomhranníocóir le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh (maoiniú 94,78 % den mhéid iomlán).

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta an dréachtghníomh nós imeachta ón gComhairle Aireachta maidir le leasú Ghníomh Nós Imeachta Uimh. 2006/03/MC-EnC maidir le Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta a ghlacadh.

3.4.Gníomh Nós Imeachta 2025/XX/MC-EnC maidir le heagraghram na Rúnaíochta a ghlacadh

Chun freagairt níos fearr a thabhairt ar na dúshláin agus ar na tosaíochtaí beartais a bhaineann leis an aistriú glan, tugtar isteach Aonad nua um Fhuinneamh In-athnuaite agus post nua mar Cheann an Aonaid um Fhuinneamh In-athnuaite le heagraghram nua Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta an dréachtghníomh nós imeachta ón gComhairle Aireachta a fhormheas maidir le heagraghram an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh.

3.5.Cinntí faoi Airteagal 91(1)(a) de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh lena suitear gur ann do shárú ar Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh i gcásanna sonracha

De bhun Airteagal 91(1)(a) de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, féadfaidh an Chomhairle Aireachta a chinneadh, trí thromlach simplí, gur ann do shárú Páirtí ar a oibleagáidí faoi Theideal II de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, maidir le gníomh arna ghlacadh ag comhlachtaí an Chomhphobail Fuinnimh a thrasuí agus/nó a chur chun feidhme. Leagtar amach na nósanna imeachta um réiteach díospóidí i dTeideal III, Caibidil 1, agus Teideal IV, Caibidil 1, de na Rialacha Nós Imeachta maidir le réiteach díospóidí faoi Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh 3 .

Bhí na cásanna sin go léir faoi réir sheasamh Chomhairle an Aontais Eorpaigh roimhe seo ach níor cuireadh faoi bhráid na Comhairle Aireachta iad le haghaidh vóta. Dá réir sin, cuirtear san áireamh arís iad sa togra seo le haghaidh seasamh ón Aontas.

(1)Cásanna a bhaineann le sáruithe ar oibleagáidí faoi Phacáiste an Chomhphobail Fuinnimh maidir le Comhtháthú Leictreachais

Naoi ndréachtchinneadh a bhaineann le trasuí Phacáiste an Chomhphobail Fuinnimh maidir le Comhtháthú Leictreachais 4 ag na naoi bPáirtí Chonarthacha uile, cuireadh faoi bhráid na Comhairle Aireachta iad lena nglacadh:

(a)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na hAlbáine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-5/24;

(b)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-6/24;

(c)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seoirsia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-7/24;

(d)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-8/24;

(e)Cinneadh 2024/…/MC-EnC maidir le mainneachtain Phoblacht na Moldóive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-9/24;

(f)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain Mhontainéagró Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-10/21;

(g)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-11/24;

(h)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seirbia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-12/24;

(i)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na hÚcráine Conradh an Comhphobal Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-13/24;

Le Cinneadh 2021/13/MC-EnC an 30 Samhain 2021 5 agus Cinneadh 2022/03/MC-EnC an 15 Nollaig 2022 6 , rinne an Chomhairle Aireachta pacáiste gníomhartha dlí a oiriúnú agus a ghlacadh sa Chomhphobal Fuinnimh ina bhfuil an acquis is déanaí de chuid an Aontais Eorpaigh maidir leis an margadh leictreachais (an Pacáiste maidir le Comhtháthú Leictreachais). I ndáil leis an bPacáiste maidir le Comhtháthú Leictreachais, ghlac an Chomhairle Aireachta freisin Gníomh Nós Imeachta 2022/01/MC-EnC maidir le cothú chomhtháthú réigiúnach an mhargaidh fuinnimh.

Is é is aidhm don Phacáiste maidir le Comhtháthú Leictreachais é a chur ar a gcumas do na margaí an gealltanas a chomhlíonadh maidir le haistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtúil a bhaint amach agus soláthar leictreachais slán inacmhainne a áirithiú do na saoránaigh san am céanna. De bhun Airteagal 2 de Chinneadh 2021/13/MC-EnC ón gComhairle Aireachta agus Airteagal 2 de Chinneadh 2022/03/MC-EnC, bhí sé d’oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha an Pacáiste maidir le Comhtháthú Leictreachais a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta faoin 31 Nollaig 2023.

An 22 Eanáir 2024, sheol Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh litreacha tosaigh chuig na naoi bPáirtí Chonarthacha uile inar cuireadh in iúl dóibh go bhféadfaidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh tús a chur le nósanna imeachta um réiteach díospóidí maidir le neamhchomhlíonadh Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, agus go háirithe na hoibleagáidí trasuite a eascraíonn as Cinntí 2021/13/MC-EnC agus 2022/03/MC-EnC.

An 31 Eanáir agus an 20 Feabhra 2024, chuir an tSeirbia, an Mholdóiv agus an Chosaiv*, faoi seach, Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ar an eolas faoi ullmhú gníomhartha dlí náisiúnta agus go raibh na gníomhartha sin fós á ndréachtú.

Go dtí seo, tá dul chun cinn déanta ag formhór na bPáirtithe Conarthacha i ndáil leis sin ach níl an Pacáiste maidir le Comhtháthú Leictreachais trasuite ina iomláine acu agus tá siad fós neamhchomhlíontach le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh.

An 17 Iúil 2025, chuir Montainéagró gníomhartha lena dtrasuitear an Pacáiste maidir le Comhtháthú Leictreachais ina iomláine faoi bhráid Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh lena n‑athbhreithniú. Chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh an t‑athbhreithniú i gcrích agus sheol sí barúlacha. Tá glacadh na reachtaíochta náisiúnta fós ar feitheamh agus ba cheart é a dhéanamh roimh dheireadh 2025.

Ina theannta sin, ghlac an tSeirbia, an Mhacadóin Thuaidh agus an Mholdóiv gníomhartha lena dtrasuitear an pacáiste ina iomláine. Mar sin féin, agus Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh fós ag fanacht ar fhíorú deiridh agus deimhniú comhlíontachta, níor tharraing Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh na cásanna sin siar go fóill (tá siad fós ar oscailt).

Ar an mbonn sin, an 29 Bealtaine 2024, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh iarrataí réasúnaithe faoi bhráid na Comhairle Aireachta in aghaidh na hAlbáine i gCás ECS-5/24, na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gCás ECS-6/24, na Seoirsia i gCás ECS-7/24, na Cosaive* i gCás ECS-8/24, Phoblacht na Moldóive i gCás ECS-9/24, Mhontainéagró i gCás ECS-10/24, na Macadóine Thuaidh i gCás ECS-11/24, na Seirbia i gCás ECS-12/24 agus na hÚcráine i gCás ECS-13/24. Tháinig Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ar an gconclúid ina hiarrataí nár chomhlíon na Páirtithe Conarthacha sin an oibleagáid na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun Cinntí 2021/13/MC-EnC agus 2022/03/MC-EnC a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2023, de bhun Airteagal 2 de gach Cinneadh faoi seach.

Sna cásanna ar fad a liostaítear thuas, thug Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh a thuairim uaidh ag tacú le torthaí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta na dréachtchinntí a fhormheas.

(2)Cásanna a bhaineann le sáruithe ar oibleagáidí faoi Threoir 2009/119/CE ón gComhairle

Ceithre dhréachtchinneadh a bhaineann le trasuí Threoir 2009/119/CE ón gComhairle 7 maidir le stoic ola ag cúig Pháirtí Chonarthacha, cuireadh faoi bhráid na Comhairle Aireachta iad lena nglacadh:

(a)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-14/24;

(b)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seoirsia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-15/24;

(c)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-16/24;

(d)Cinneadh 2024/…/MC-EnC maidir le mainneachtain Phoblacht na Moldóive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-17/24;

Maidir leis na cásanna sin, in 2012 rinne an Comhphobal Fuinnimh Treoir 2009/119/CE ón gComhairle a ionchorprú ina acquis. Rinneadh é sin le Cinneadh 2012/03/MC-EnC ón gComhairle Aireachta lena bhforchuirtear oibleagáid ar Pháirtithe Conarthacha stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choinneáil ar bun. De bhun Airteagal 1 de Chinneadh 2012/03/MC-EnC, bhí na Páirtithe Conarthacha faoi oibleagáid Treoir 2009/119/CE a thrasuí agus a chur chun feidhme faoin 1 Eanáir 2023.

Níor ghlac an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Chosaiv* agus Poblacht na Moldóive an reachtaíocht náisiúnta ba ghá chun Treoir 2009/119/CE a thrasuí faoin sprioc-am sin.

An 2 Feabhra 2024, sheol Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh litreacha tosaigh chuig na cúig Pháirtí Chonarthacha lena mbaineann, inar cuireadh in iúl dóibh, in éagmais faisnéis lena gconspóidtear réamhchonclúidí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, go gcuirfeadh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh iarraidh réasúnaithe faoi bhráid na Comhairle Aireachta maidir le mainneachtain na hoibleagáidí a eascraíonn as Cinneadh 2012/03/MC-EnC a chomhlíonadh.

Thug an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia freagra agus chuir siad Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ar an eolas faoina n‑iarrachtaí leanúnacha maidir le trasuí. Mar sin féin, leis an bhfaisnéis a sholáthair na Páirtithe Conarthacha sin, níor baineadh na hábhair imní a chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh in iúl ina litir an 2 Feabhra 2024. Níor thug an Chosaiv* aon fhreagra ar Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Go dtí seo, ní bhfuair Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ach dréachtreachtaíocht ó Phoblacht na Moldóive.

Ar an mbonn sin, an 12 Iúil 2024 chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh iarrataí réasúnaithe faoi bhráid na Comhairle Aireachta in aghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gCás ECS-14/24, na Seoirsia i gCás ECS-15/24, na Cosaive* i gCás ECS-16/24 agus Phoblacht na Moldóive i gCás ECS-17/24, inar tháinig sí ar an gconclúid nár ghlac na Páirtithe Conarthacha sin na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Cinneadh 2012/03/MC-EnC a chomhlíonadh.

Sna cásanna ar fad a liostaítear thuas, thug Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh a thuairim uaidh ag tacú le torthaí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta na dréachtchinntí a fhormheas.

(3)Cásanna a bhaineann le sáruithe ar oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2017/1938 agus Rialachán (AE) 2022/1032

Trí dhréachtchinneadh a bhaineann le trasuí Rialachán (AE) 2017/1938 8 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus Rialachán (AE) 2022/1032 9 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis, faoi seach, ag ceithre Pháirtí Chonarthacha, cuireadh faoi bhráid na Comhairle Aireachta iad lena nglacadh:

(a)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-19/24;

(b)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-21/24;

(c)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seirbia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-22/24.

Le Cinneadh 2021/15/MC-EnC an 30 Samhain 2021, rinne an Chomhairle Aireachta Rialachán (AE) 2017/1938 a ionchorprú in acquis an Chomhphobail Fuinnimh. Tar éis an chogaidh fhoghaigh in aghaidh na hÚcráine, ghlac an tAontas Rialachán (AE) 2022/1032, a ionchorpraíodh ina dhiaidh sin in acquis an Chomhphobail Fuinnimh le Cinneadh 2022/01/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 30 Meán Fómhair 2022. Cothaítear leis an dá Rialachán slándáil an tsoláthair sa Chomhphobal Fuinnimh, atá ar cheann de phríomhchuspóirí Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh.

De bhun Airteagail 2(1) agus 2(2) de Chinntí 2021/15/MC-EnC agus 2022/01/MC-EnC ón gComhairle Aireachta, bhí sé d’oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm chun Rialachán (AE) 2017/1938 arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1032, a chomhlíonadh agus Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a chur ar an eolas maidir leis sin faoin 1 Deireadh Fómhair 2022.

Faoin dáta sin, ní raibh na bearta náisiúnta is gá lena dtrasuitear Rialachán (AE) 2017/1938, arna leasú, glactha ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ag an Macadóin Thuaidh ná ag an tSeirbia.

An 3 Feabhra 2023, sheol Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh measúnú mionsonraithe chuig an tSeirbia ar na leasuithe ar an dlí náisiúnta is gá chun an oibleagáid Rialachán (AE) 2017/1938 arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1032 a thrasuí a chomhlíonadh. Ina dhiaidh sin, tharchuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh litir eile dar dáta an 4 Deireadh Fómhair 2023.

An 28 Bealtaine 2024, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh in iúl don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus don Mhacadóin Thuaidh le litir nár chomhlíon na tíortha sin go fóill, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil ag an am, an ceanglas maidir le Rialachán (AE) 2017/1938 arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1032 a thrasuí.

Thairis sin, ní bhfuair Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh aon fhaisnéis ó na ceithre Pháirtí Chonarthacha thuas gur ghlac siad na bearta ba ghá chun na rialacháin sin a chomhlíonadh.

Ar an mbonn sin, an 12 Iúil 2024, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh iarrataí réasúnaithe faoi bhráid na Comhairle Aireachta in aghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gCás ECS-19/24, na Macadóine Thuaidh i gCás ECS-21/24 agus na Seirbia i gCás ECS-22/24, inar tháinig sí ar an gconclúid nár chomhlíon na Páirtithe Conarthacha sin an oibleagáid na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh agus Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a chur ar an eolas dá réir sin.

Sna cásanna ar fad a liostaítear thuas, thug Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh a thuairim uaidh ag tacú le torthaí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta na dréachtchinntí a fhormheas.

(4)Cásanna a bhaineann le sáruithe oibleagáidí faoi Threoir (AE) 2018/2001

Seacht ndréachtchinneadh a bhaineann le trasuí Threoir (AE) 2018/2001 10 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn ag seacht bPáirtí Chonarthacha, cuireadh faoi bhráid na Comhairle Aireachta iad lena nglacadh:

(a)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na hAlbáine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-23/24;

(b)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-24/24;

(c)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seoirsia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-25/24;

(d)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-26/24;

(e)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Moldóive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-27/24;

(f)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain Mhontainéagró Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-28/21;

(g)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Macadóine Thuaidh Conradh an Comhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-29/24;

Mar chuid den Phacáiste Fuinnimh Ghlain, ghlac an tAontas Eorpach Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (an Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite), a leasaíodh ina dhiaidh sin ar leibhéal an Aontais. Rinneadh Treoir (AE) 2018/2001 a oiriúnú don Chomhphobal Fuinnimh agus a ghlacadh ann le Cinneadh 2021/14/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 30 Samhain 2021. Leasaíodh an Cinneadh sin ina dhiaidh sin le Cinneadh 2022/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta.

Le Cinneadh 2021/14/MC-EnC, foráladh gur ceanglaíodh ar gach Páirtí Conarthach na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a thabhairt i bhfeidhm chun Treoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2022. Go háirithe, bhí na Páirtithe Conarthacha faoin oibleagáid forálacha na Treorach maidir leis an sciar íosta sainordaitheach 14 % d’fhuinneamh in-athnuaite sa tomhaltas fuinnimh deiridh san earnáil iompair a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta faoi 2030, lena n‑áirítear forálacha i dtaca leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, agus fógra a thabhairt do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh faoi na bearta trasuite faoin 31 Nollaig 2022.

Ní bhfuair Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh aon fhaisnéis ón Albáin, ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ón tSeoirsia, ón gCosaiv*, ó Phoblacht na Moldóive, ó Mhontainéagró ná ón Macadóin Thuaidh lenar léiríodh go raibh bearta náisiúnta glactha agus curtha chun feidhme ag na Páirtithe Conarthacha sin chun na hoibleagáidí sin faoin Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite a chomhlíonadh. Ní raibh aon fhaisnéis aici ach oiread a chuirfeadh ar a cumas di teacht ar an gconclúid go ndearnadh na bearta sin.

An 21 Meitheamh 2024, sheol Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh litreacha chuig na seacht bPáirtí Chonarthacha inar iarradh orthu cóip den reachtaíocht lena dtrasuitear Airteagail 25 go 31 den Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite nó faisnéis maidir le stádas an trasuí sin a chur isteach tráth nach déanaí ná an 5 Iúil 2024.

Ina bhfreagraí, chuir an tSeoirsia, an Chosaiv*, Poblacht na Moldóive agus Montainéagró Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ar an eolas faoina n‑iarrachtaí leanúnacha maidir le trasuí. Ní bhfuair Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh freagra ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ón Albáin ná ón Macadóin Thuaidh.

Ar an mbonn sin, an 12 Iúil 2024, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh iarrataí réasúnaithe faoi bhráid na Comhairle Aireachta in aghaidh na hAlbáine i gCás ECS-23/24, na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gCás ECS-24/24, na Seoirsia i gCás ECS-25/24, na Cosaive* i gCás ECS-26/24, Phoblacht na Moldóive i gCás ECS-27/24, Mhontainéagró i gCás ECS-28/24 agus na Macadóine Thuaidh i gCás ECS-29/24, inar tháinig sí ar an gconclúid nár chomhlíon na Páirtithe Conarthacha sin an oibleagáid na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh chun Cinneadh 2021/14/MC-EnC a chomhlíonadh laistigh den sprioc-am is infheidhme, de bhun Airteagal 2(1) agus (2) de.

Sna cásanna ar fad a liostaítear thuas, thug Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh a thuairim uaidh ag tacú le torthaí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta na dréachtchinntí a fhormheas.

(5)Cás a bhaineann le sáruithe ar oibleagáidí faoi Threoir (AE) 2019/944 agus Rialachán (AE) 2019/943.

Ar deireadh, an dréachtchinneadh seo a leanas a bhaineann le neamhchomhlíontacht na Seirbia le Treoir (AE) 2019/944 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas 11 agus Rialachán (AE) 2019/943 12 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas, cuirtear faoi bhráid na Comhairle Aireachta é lena ghlacadh:

(a)Cinneadh 2024/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seirbia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-2/21.

Mar a luaitear i bpointe 3.5 (1) thuas, rinne an Chomhairle Aireachta oiriúnú do Rialachán (AE) 2019/943 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas agus do Threoir (AE) 2019/944 agus ghlac sí iad le Cinneadh 2022/03/MC-EnC ón gComhairle Aireachta agus le Cinneadh 2021/13/MC-EnC ón gComhairle Aireachta mar chuid den Phacáiste maidir le Comhtháthú Leictreachais.

Foráiltear le hAirteagal 34(2) den Rialachán Leictreachais go gceanglaítear ar oibreoirí córais tarchurtha (‘OCTanna’) leithdháileadh comhordaithe acmhainneachta trasteorann a chur chun cinn trí réitigh mhargadhbhunaithe neamh-idirdhealaitheacha, rud a éilíonn comhar cuiditheach idir OCTanna comharsanacha. Áirítear leis sin teacht ar chomhaontú maidir le sásra chun glan-acmhainn an aistrithe a chinneadh ag an teorainn. Sonraítear in Airteagal 16(4) go gcuirfear acmhainn uasta na n‑idirnasc ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh trí bhíthin nósanna imeachta leithdháilte réamhshainithe.

Le hAirteagal 58(c) agus Airteagal 59(1)(b) agus (u) den Treoir maidir le Leictreachas cuireadh d’oibleagáid ar na húdaráis rialála náisiúnta gach beart réasúnta a dhéanamh chun deireadh a chur le srianta ar thrádáil leictreachais agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh OCTanna a n‑oibleagáidí faoi dhlí an Chomhphobail Fuinnimh, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le saincheisteanna trasteorann.

An 18 Feabhra 2021, chuir KOSTT, OCT atá lonnaithe i bPristine/sa Chosaiv*, gearán in aghaidh na Seirbia faoi bhráid Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh. Líomhain an gearánach nár chomhlíon an tSeirbia rialacha mhargadh leictreachais an Chomhphobail Fuinnimh trína OCT JSC Elektromreza Srbije (EMS).

Faoi Dhlí Fuinnimh na Seirbia, is é OCT a chinneann an nós imeachta agus an modh leithdháilte acmhainneachta trasteorann i gcomhaontú le OCTanna comharsanacha agus déanann an t‑údarás rialála náisiúnta an nós imeachta agus an modh sin a fhormheas. Ag na línte idirnaisc idir Niš agus Kosova B, agus idir Kruševac agus Podujeva, níor tháinig EMS agus KOSTT ar chomhaontú maidir le conas meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht trasteorann nó í a leithdháileadh, ná níor shann EMS aon luach don acmhainneacht idirnaisc atá ar fáil. Mar thoradh air sin, shocraigh EMS glanacmhainn an aistrithe ag nialas. Dá bhrí sin, ní féidir le rannpháirtithe sa mhargadh ach acmhainneacht le KOSTT a ainmniú, ach ní féidir leo sin a dhéanamh le EMS, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon acmhainneacht ar fáil go héifeachtach le haghaidh trádála.

Sa ghearán uaidh, d’áitigh KOSTT freisin go mbeadh praghsanna níos airde ann le haghaidh acmhainneacht trasteorann ar theorainneacha réigiúnacha eile mar thoradh ar ghlanacmhainní aistrithe neamhchinntithe agus ar an easpa leithdháilte acmhainneachta ar na línte idirnaisc a luaitear thuas. Dá réir sin, mhéadódh sé sin praghsanna leictreachais do thomhaltóirí deiridh sa Chosaiv* agus i dtíortha comharsanacha Oirdheisceart na hEorpa. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé cosc a chur ar KOSTT ioncam féideartha a bhailiú ón sásra um bainistiú ar phlódú maidir leis na hidirnascairí sin.

Chuir Cónaidhm Eorpach na dTrádálaithe Fuinnimh na hábhair chéanna imní in iúl agus chuir sí i dtábhacht go láidir go ndéanfadh an staid sin difear d’iomaíochas na margaí mórdhíola leictreachais agus do phraghsanna úsáideoirí deiridh ar fud Oirdheisceart na hEorpa.

An 21 Iúil 2022, sheol Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh litir thosaigh chuig an tSeirbia inar thug sí a réamhthuairim, ós rud é nár cuireadh acmhainneacht leictreachais tráchtála ar fáil ag na línte idirnaisc a luaitear thuas mar gheall ar easpa gníomhaíochta a OCT agus a húdaráis rialála, nár chomhlíon an tSeirbia Airteagail 16(3) agus (12) de Rialachán (CE) 714/2009 agus Airteagail 36 agus 37 de Threoir 2009/72, arna n‑oiriúnú don Chomhphobal Fuinnimh agus arna glacadh ann. Ba iad na cúiseanna le tagairt a dhéanamh do threoir agus rialachán ó 2009 go raibh am fós ag na Páirtithe Conarthacha an tráth sin go dtí an 31 Nollaig 2023 chun an Pacáiste maidir le Comhtháthú Leictreachais a thrasuí, agus go háirithe Treoir (AE) 2019/944 agus Rialachán (AE) 2019/943. Iarradh ar an tSeirbia a barúlacha a chur isteach maidir leis na pointí fíorais agus dlí a cuireadh in iúl sa litir thosaigh.

An 8 Meán Fómhair 2022, thug an tSeirbia freagra ar an litir thosaigh ó Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh inar líomhnaíodh nach raibh inniúlacht ag Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a sainaithníodh sa litir thosaigh agus inar luadh nach raibh éifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha ann. Chuir sí in iúl freisin go raibh imní uirthi faoi stádas KOSTT agus a chrios tairisceana.

Tar éis di scrúdú a dhéanamh ar an bhfreagra ar an litir thosaigh, sheol Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh tuairim réasúnaithe chuig an tSeirbia an 1 Márta 2023, inar iarradh uirthi na sáruithe a sainaithníodh sa tuairim sin a chur ina gceart faoin 1 Bealtaine 2023.

An 28 Aibreán 2023, thug an tSeirbia freagra ar an tuairim réasúnaithe, ina ndearna sí athrá, go bunúsach, ar na hargóintí a rinne sí roimhe sin.

Ós rud é nár cheartaigh an tSeirbia an sárú a sainaithníodh, agus in éagmais aon ghníomhaíochta breise uaithi, an 12 Iúil 2024, chuir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh iarraidh réasúnaithe faoi bhráid na Comhairle Aireachta in aghaidh na Seirbia i gCás ECS-2/21. San iarraidh réasúnaithe uaithi, thug Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh aghaidh ar argóintí na Seirbia agus tháinig sí ar an gconclúid nár chomhlíon sí Treoir (AE) 2019/944 agus Rialachán (AE) 2019/943, arna n‑oiriúnú don Chomhphobal Fuinnimh agus arna nglacadh ann le Cinntí 2022/03/MC-EnC agus 2021/13/MC-EnC.

Thug Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh a thuairim uaidh ag tacú le torthaí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

Is é an seasamh is ceart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta an dréachtchinneadh a fhormheas.

(6)Cás a bhaineann le sáruithe oibleagáidí faoi Threoir 2001/80/CE

Ar deireadh, an dréachtchinneadh seo a leanas a bhaineann le neamhchomhlíontacht Mhontainéagró le Treoir 2001/80/CE maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe san aer ó mhórghléasraí dócháin a theorannú, mar nár urramaigh sí a forálacha maidir le maolú saolré teoranta, cuireadh faoi bhráid na Comhairle Aireachta é lena ghlacadh:

(a)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain Mhontainéagró Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-15/21.

Tá Treoir 2001/80/CE ina cuid de acquis comhshaoil an Chomhphobail Fuinnimh ó síníodh an Conradh in 2005. Is é is cuspóir don Treoir sin truailliú aeir a chomhrac trí astaíochtaí dé-ocsaíde sulfair, ocsaídí nítrigine agus deannaigh ó mhórghléasraí dócháin a laghdú. De bhun phointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh, ceanglaíodh ar gach Páirtí Conarthach Treoir 2001/80/CE a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2017.

An 14 Deireadh Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Aireachta Cinneadh 2016/19/MC-EnC maidir le díolúintí gléasraí ó chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochta a shocraítear le Treoir 2001/80/CE a údarú. Mar a shonraítear in Airteagal 1(1) den Chinneadh sin, liostaítear ann na gléasraí a d’fhéadfaí a dhíolmhú ó chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochta, rud a chomhlánaíonn na rialacha maidir le roghnú gan bheith páirteach chun críocha an Chomhphobail Fuinnimh. Tá TPP Pljevlja i Montainéagró ar an liosta a bunaíodh le Cinneadh 2016/19/MC-EnC.

Tar éis dhul in éag an sprioc-ama cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2001/80/CE sa Chomhphobal Fuinnimh, d’iarr an Rúnaíocht ar na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann Cinneadh 2016/19/MC-EnC a dheimhniú ar thosaigh na gléasraí i gceist ag oibriú faoin gcóras um roghnú gan bheith páirteach. Mar fhreagra ar litir a sheol an Rúnaíocht an 15 Feabhra 2018, dheimhnigh Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha Mhontainéagró gur cuireadh tús leis an rogha gan bheith páirteach maidir le TPP Pljevlja ina litir dar dáta an 27 Feabhra 2018.

Sa litir chéanna, chuir Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha Mhontainéagró in iúl do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh freisin gur thosaigh sí ar an ngléasra a athchruthú d’fhonn na teorainnluachanna astaíochta a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2010/75/AE agus na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil le haghaidh mórghléasraí dócháin a chomhlíonadh, mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2017.

Go dtí an lá inniu, tá an gléasra fós i mbun oibríochta, agus níl an tionscadal athchóirithe lena n‑áiritheofaí comhlíonadh Threoir 2010/75/AE tugtha chun críche go fóill.

Dá bhrí sin, tá Montainéagró fós neamhchomhlíontach leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 4(4) de Threoir 2001/80/CE, i.e. gealltanas gan mórghléasraí dócháin a oibriú ar feadh níos mó ná 20 000 uair oibríochtúil ag tosú ón 1 Eanáir 2018 agus ag críochnú tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023. Tar éis dhul in éag na tréimhse sin, rud ab amhlaidh i gcás TPP Pljevlja cheana féin in 2020, ní féidir le gléasraí atá faoi réir Airteagal 4(4) de Threoir 2001/80/CE fanacht i mbun oibríochta ach amháin má tá a n‑astaíochtaí i gcomhréir leis na teorainnluachanna a shonraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2010/75/AE.

Tá rialacha sonracha de chuid an Chomhphobail Fuinnimh fós á sárú ag Montainéagró, ós rud é go bhfuil sé fós ag gabháil don iompar céanna a thuairiscítear i gconclúidí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ina tuairim réasúnaithe an 13 Iúil 2023.

Deimhnítear é sin leis an tuairim ón gCoiste Comhairleach an 27 Samhain 2024, lenar tacaíodh le torthaí na Rúnaíochta.

Is é an seasamh is ceart a ghlacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta an dréachtchinneadh a fhormheas.

3.6.Beirt ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach a athcheapadh ar Choiste Eadrána an Chomhphobail Fuinnimh

Le Gníomh Nós Imeachta Uimh. 01/2011 PHLG-EnC leagtar síos na rialacha lena rialaítear an nós imeachta eadrána in ábhair foirne faoi Airteagal 14 de na Rialacháin Foirne. Leasaíodh an gníomh nós imeachta sin le Gníomh Nós Imeachta 01/2020 PHLG-EnC, ina sonraítear in Airteagal 6(1a) de go bhféadfaidh an Coimisiún Eorpach agus aon Pháirtí Conarthach buanchomhalta agus buanchomhalta ionaid den Choiste Eadrána a cheapadh ar feadh tréimhse suas le 4 bliana.

Ar an mbonn sin, in 2020 cheap an Coimisiún Eorpach Manuel Kellerbauer mar bhuanchomhalta den Choiste Eadrána a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach, agus Lars Albath mar bhuanchomhalta malartach den Choiste Eadrána a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach. Dhearbhaigh an Chomhairle na ceapacháin sin ina seasamh ón Aontas a ndearnadh vótáil ina leith ag cruinnithe de chuid Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh agus an Bhuanghrúpa Ardleibhéil in Tivat, Montainéagró an 16 agus an 17 Nollaig 2020 (féach Doiciméad 13502/20, ADD 1 ón gComhairle an 3 Nollaig 2020).

Ó chuaigh fad na gceapachán sin in éag, rinne an Coimisiún Eorpach Manuel Kellerbauer a athcheapadh mar bhuanchomhalta, agus Lars Albath a athcheapadh mar bhuanchomhalta malartach den Choiste Eadrána a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach. Tá an saineolas iomchuí ag an mbeirt oifigeach sin de chuid an Choimisiúin chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, agus tá a neamhchlaontacht agus a neamhspleáchas thar amhras réasúnach. Gníomhóidh siad go hiomlán neamhspleách agus ní ghníomhóidh siad i dtaca le haon treoir tríú páirtí ina gcáil mar chomhaltaí den Choiste Eadrána.

Ar an mbonn sin, ba cheart don Chomhairle a dheimhniú go n‑athcheapfaí an bheirt oifigeach de chuid an Choimisiúin dá dtagraítear thuas mar bhuanchomhalta agus buanchomhalta malartach den Choiste Eadrána a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 13 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í an Chomhairle Aireachta a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Conradh an Chomhphobail Fuinnimh.

Na gníomhartha a n‑iarrtar ar an gComhairle Aireachta iad a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Beidh na gníomhartha atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 76 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh, a bhfuil cinneadh ceangailteach ó thaobh dlí dá mbun orthu siúd chuig a ndírítear é.

Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais Eorpaigh ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar na ngníomhartha atá beartaithe le fuinneamh agus ní de chineál fioscach go príomha iad. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 194(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2025/0354 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh (Vín na hOstaire, an 18 Nollaig 2025)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinne an tAontas Conradh an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Conradh’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2006/500/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2006 14 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2006.

(2)De bhun Airteagail 47 agus 76 den Chonradh, féadfaidh an Chomhairle Aireachta bearta a ghlacadh i bhfoirm cinnidh nó molta.

(3)Tá an Chomhairle Aireachta, le linn an 23ú seisiún a bheidh aici an 18 Nollaig 2025, chun roinnt gníomhartha a ghlacadh a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE agus a bhfuil ionadaithe an Aontais le vótáil ina leith.

(4)Is é is cuspóir do na gníomhartha atá beartaithe baint amach chuspóirí an Chonartha a éascú.

(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Aireachta maidir le gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinní 1 a shuí, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla don Aontas ag na gníomhartha atá beartaithe.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 23ú seisiún den Chomhairle Aireachta an 18 Nollaig 2025 maidir leis na saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE, is é atá ann glacadh na ngníomhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo a fhormheas.

Airteagal 2

Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar na gníomhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo, i bhfianaise barúlacha ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh roimh chruinniú na Comhairle Aireachta nó ag an gcruinniú sin, gan gá le cinneadh eile ón gComhairle chuige sin.

Mura mbeidh an Chomhairle Aireachta in ann na gníomhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghlacadh ag an gcruinniú a bheidh aici an 18 Nollaig 2025, féadfar na gníomhartha sin a ghlacadh trí chomhfhreagras tar éis an 23ú seisiún den Chomhairle Aireachta, i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh, gan gá le cinneadh eile ón gComhairle chuige sin.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 198, 20.7.2006, lch. 18.
(2)    IO L 198, 20.7.2006, lch. 15.
(3)    Gníomh Nós Imeachta 2008/01/MC-EnC maidir leis na Rialacha Nós Imeachta i dtaca le réiteach díospóidí faoin gConradh arna leasú le Gníomh Nós Imeachta 2015/04/MC-EnC an 16 Deireadh Fómhair 2015 maidir le Gníomh Nós Imeachta 2008/01/MC-EnC an 27 Meitheamh 2008 maidir leis na Rialacha Nós Imeachta i dtaca le réiteach díospóidí faoin gConradh a leasú.
(4)    Treoir (AE) 2019/944 agus Rialachán (AE) 2019/941 mar aon le Rialachán (AE) 2019/942, Rialachán (AE) 2019/943, Rialachán (AE) 2015/1222, Rialachán (AE) 2016/1719, Rialachán (AE) 2017/2195, Rialachán (AE) 2017/2196, Rialachán (AE) 2017/1485.
(5)    Cinneadh 2021/13/MC-EnC an 30 Samhain 2021 lena noiriúnaítear agus lena nglactar Treoir (AE) 2019/944 agus Rialachán (AE) 2019/941.
(6)    Le Cinneadh 2022/03/MC-EnC an 15 Nollaig 2022, agus in Airteagail 3 go 10 de, oiriúnaíodh Rialachán (AE) 2019/942, Rialachán (AE) 2019/943, mar aon leis na Cóid Ghréasáin agus na Treoirlínte maidir le leithdháileadh acmhainne fadtréimhseach (FCA), leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú, cothromú leictreachais, oibriú córais agus an Cód Gréasáin um Athchóiriú Éigeandála, agus rinneadh oiriúnú breise ar Threoir (AE) 2019/944 agus ar Rialachán (AE) 2019/941 (in Airteagal 11 de). Le Cinntí 2021/13/MC-EnC agus 2022/03/MC-EnC leasaíodh freisin liosta na ngníomhartha a áirítear san acquis maidir le fuinneamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.
(7)    Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád, IO L 265, 9.10.2009, lch. 9.
(8)    Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena naisghairtear (AE) Uimh. 994/2010, IO L 280, 28.10.2017, lch. 1.
(9)    Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis, IO L 173, 30.6.2022, lch. 17.
(10)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le cur chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.
(11)    Treoir 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE, IO L 158, 14.6.2019, lch. 125.
(12)    Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas, IO L 158, 14.6.2019, lch. 54.
(13)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(14)    IO L 198, an 20.7.2006, lch. 15.
Top

An Bhruiséil,12.11.2025

COM(2025) 698 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh (Vín na hOstaire, an 18 Nollaig 2025)


IARSCRÍBHINN

CINNTÍ FAOI AIRTEAGAL 91(1)(A) DEN CHONRADH LENA mBUNAÍTEAR AN COMHPHOBAL FUINNIMH LENA SUITEAR GUR ANN DO SHÁRÚ AR AN gCONRADH SIN I gCÁSANNA SONRACHA

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh na dréacht-Chinntí ón gComhairle Aireachta faoi Airteagal 91(1)(a) de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a fhormheas, ar choinníoll go dtugann Coiste Comhairleach an Chomhphobail Fuinnimh réamhthuairim a luaithe agus is féidir lena dtacaítear le torthaí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh lena suitear gur ann do shárú sna cásanna seo a leanas:  

(a)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na hAlbáine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-5/24;

(b)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-6/24;

(c)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seoirsia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-7/24;

(d)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-8/24;

(e)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Moldóive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-9/24;

(f)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain Mhontainéagró Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-10/21;

(g)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-11/24;

(h)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seirbia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-12/24;

(i)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na hÚcráine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-13/24;

(j)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-14/24;

(k)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seoirsia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-15/24;

(l)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-16/24;

(m)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Moldóive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-17/24;

(n)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-19/24;

(o)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-21/24;

(p)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seirbia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-22/24;

(q)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na hAlbáine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-23/24;

(r)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Boisnia agus na Heirseagaivéine Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-24/24;

(s)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seoirsia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-25/24;

(t)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Cosaive* Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-26/24;

(u)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Moldóive Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-27/24;

(v)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain Mhontainéagró Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-28/21;

(w)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Macadóine Thuaidh Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-29/24;

(x)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain na Seirbia Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-2/21;

(y)Cinneadh 2025/.../MC-EnC maidir le mainneachtain Mhontainéagró Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh i gCás ECS-15-21/21.

Gníomh Nós Imeachta 2025/XX/MC-EnC maidir le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh le haghaidh na mblianta 2026-2027 agus maidir leis na ranníocaíochtaí ó na Páirtithe leis an mbuiséad

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh an dréachtghníomh nós imeachta ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh a fhormheas maidir le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh le haghaidh na mblianta 2026-2027 agus maidir leis na ranníocaíochtaí ó na Páirtithe leis an mbuiséad i gcomhréir le hAguisín 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Cinneadh D/2025/XX/MC-EnC ón gComhairle Aireachta MAIDIR LE hURSCAOILEADH STIÚRTHÓIR NA RÚNAÍOCHTA

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta an dréachtchinneadh ón gComhairle Aireachta maidir le hUrscaoileadh Airgeadais Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a fhormheas i gcomhréir le hAguisín 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

GNÍOMH NÓS IMEACHTA 2025/PA/XX/MC-EnC maidir le Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta an 17 Samhain 2006 a leasú, arna leasú le Gníomhartha Nós Imeachta 2014/01/MC-EnC, 2022/02/MC-EnC agus 2024/06/MC-EnC

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta an dréachtghníomh nós imeachta ón gComhairle Aireachta lena leasaítear Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Chur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta a fhormheas, i gcomhréir le hAguisín 3 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Gníomh Nós Imeachta 2025/PA/XX/MC-EnC MAIDIR LE hEAGRAGHRAM NA RÚNAÍOCHTA A GHLACADH

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Aireachta an dréachtghníomh nós imeachta ón gComhairle Aireachta a fhormheas maidir le heagraghram an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh i gcomhréir le hAguisín 4 a ghabhann leis an Iarscríbhinn.

Ionadaithe an Choimisiúin Eorpaigh ar Choiste Eadrána an Chomhphobail Fuinnimh a athcheapadh i gcomhréir le GNÍOMH NÓS IMEACHTA UIMH. 01/2011 PHLG-EnC ó Bhuanghrúpa Ardleibhéil an Chomhphobail Fuinnimh lena leagtar síos na rialacha lena rialaítear an nós imeachta eadrána in ábhair foirne faoi Airteagal 14 de na Rialacháin Foirne

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh tacú leis an mbeirt oifigeach de chuid an Choimisiúin a athcheapadh ag an gCoimisiún Eorpach mar bhuanchomhalta agus buanchomhalta malartach den Choiste Eadrána a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach agus é a dheimhniú.

AGUISÍN 1 A GHABHANN LEIS AN IARSCRÍBHINN

GNÍOMH NÓS IMEACHTA 2025/PA/XX/MC-EnC

Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

maidir le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh le haghaidh na mblianta 2026-2027 agus maidir leis na ranníocaíochtaí ó na Páirtithe leis an mbuiséad

Tá Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh, agus go háirithe Airteagail 73, 74, 86 agus 88 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach chuig Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh maidir le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh le haghaidh na tréimhse 2026-2027,

Ag féachaint d’Airteagail 24 agus 25 de Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta,

De bhrí go nglacfaidh an Chomhairle Aireachta buiséad débhliantúil a chumhdóidh caiteachais oibríochtúla an Chomhphobail Fuinnimh a bhfuil gá leo d’oibriú a institiúidí,

De bhrí go ndéanfaidh gach Páirtí ranníocaíocht le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Glactar leis seo buiséad an Chomhphobail Fuinnimh lena gcumhdaítear na blianta airgeadais 2026 agus 2027 mar a leagtar amach in Iarscríbhinní A agus B.

Airteagal 2

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2026, leagtar amach na ranníocaíochtaí ó na Páirtithe le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an nGníomh Nós Imeachta seo.

Airteagal 3

Tá an Gníomh Nós Imeachta seo dírithe ar na Páirtithe agus ar na hinstitiúidí uile faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh.

Airteagal 4

Cuirfidh Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh an Gníomh Nós Imeachta seo agus a Iarscríbhinní ar fáil do gach Páirtí agus do gach institiúid faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh laistigh de sheacht lá tar éis a ghlactha.

Arna dhéanamh i Vín an 18 Nollaig 2025

Thar ceann na Comhairle Aireachta

………………………………

Uachtaránacht

AGUISÍN 2 A GHABHANN LEIS AN IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

MAIDIR LE STIÚRTHÓIR RÚNAÍOCHT AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH A ÚRSCAOILEADH ÓNA FHREAGRACHT AIRGEADAIS

Tá Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh,

Ag féachaint don Ghníomh Nós Imeachta lena mbunaítear Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta go háirithe Airteagal 83 de,

Tar éis di scrúdú a dhéanamh ar an tuarascáil maidir leis an iniúchadh ar ráitis airgeadais an Chomhphobail Fuinnimh le haghaidh na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2024, chomh maith le ráiteas dearbhaithe na n‑iniúchóirí,

Agus barúlacha an Choiste um an mBuiséad agus an tuarascáil ábhartha á gcur san áireamh,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Déanfar an Stiúrthóir reatha, Artur Lorkowski ón Rúnaíocht, a urscaoileadh óna fhreagracht bainistíochta agus riaracháin i ndáil leis an mbuiséad le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Thar ceann na Comhairle Aireachta

AGUISÍN 3 A GHABHANN LEIS AN IARSCRÍBHINN

GNÍOMH NÓS IMEACHTA 2025/PA/XX/MC-EnC

Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

maidir le Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta an 17 Samhain 2006 a leasú, arna leasú le Gníomhartha Nós Imeachta 2014/01/MC-EnC, 2022/02/MC-EnC agus 2024/06/MC-EnC

Tá Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh, agus go háirithe Airteagail 82, 83, 86 agus 87 de,

De bhrí gur cheart go gcuirfí san áireamh le Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta ról na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

TAR ÉIS AN GNÍOMH NÓS IMEACHTA SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Nósanna Imeachta an Chomhphobail Fuinnimh um Bunú agus Cur Chun Feidhme Buiséid, Iniúchta agus Cigireachta an 17 Samhain 2006, arna leasú le Gníomhartha Nós Imeachta 2014/01/MC-EnC, 2022/02/MC-EnC agus 2024/06/MC-EnC

(2)In Airteagal 42:

- Cuirtear an méid seo a leanas le mír 2:

‘I gcás coireachta, gníomhaíocht neamhdhleathach, calaoise nó éillithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, déanfar an cheist a tharchur chuig na húdaráis agus na comhlachtaí a shonraítear sa reachtaíocht is infheidhme, go háirithe chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Faoi chuimsiú an Airteagail seo, ciallaíonn ‘leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh’ na hioncaim, na caiteachais agus na sócmhainní uile a chumhdaítear le buiséad an Chomhphobail Fuinnimh, a fhaightear tríd nó atá dlite dó.’

- Cuirtear isteach na míreanna 3 agus 4 nua seo a leanas:

‘3. I gcás ina bhfaighidh aon ghníomhaí airgeadais amach faoi fhíorais as a n‑eascraíonn toimhde maidir le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach, calaois, éilliú nó neamhrialtacht a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, cuirfidh an gníomhaí airgeadais an t‑oifigeach údarúcháin nó, i gcás ina meastar go bhfuil sé sin úsáideach, OLAF nó, i gcás coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) ar an eolas a luaithe is féidir.

4. I gcás ina bhfuarthas amach go bhfuil gníomhaíocht ina neamhrialtacht nó ina calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé aon bheart is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear aon chinneadh a rinneadh i gcomhthéacs na gníomhaíochta sin a chur ar ceal. Cuirfidh an t‑oifigeach údarúcháin na húdaráis inniúla uile, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, OLAF agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), ar an eolas faoi chásanna amhrasta calaoise nó neamhrialtachtaí a luaithe agus is féidir.’

(3)Cuirtear isteach an tAirteagal 81bis nua seo a leanas:

‘1. Tarchuirfidh an t‑oifigeach údarúcháin chuig OLAF aon fhaisnéis a fhaightear de bhun Airteagal 42(3) agus (4) agus chuig OIPE aon uair a bhaineann an fhaisnéis sin le coireanna amhrasta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a luaithe is féidir.

2. Comhoibreoidh foireann an Chomhphobail Fuinnimh go hiomlán chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint de bhun Airteagal 42(3), go háirithe le OIPE agus le OLAF, agus cuirfidh sí ar an eolas iad faoi gach faisnéis ábhartha agus, arna iarraidh, aon chúnamh is gá ionas go mbeidh siad in ann a gcumhachtaí féin a fheidhmiú, lena náirítear an chumhacht imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 1 agus le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 .

3. A mhéid is gá chun leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint, áiritheoidh an t‑oifigeach údarúcháin freisin go gcomhoibreoidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Fuinnimh go hiomlán leis an oifigeach údarúcháin mar chuid de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2.

4. I gcás ina dtugtar bunús leis mar gheall ar an ngá atá le leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint, féadfaidh OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh in oifigí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh; áirítear leis sin an ceart rochtana chun cigireacht a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.’

5. Tuigfear ‘leasanna airgeadais’ an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 42(2).’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Gníomh Nós Imeachta seo i bhfeidhm tráth a ghlactha.

Airteagal 3

Cuirfidh an Rúnaíocht an Gníomh Nós Imeachta seo ar fáil do gach Páirtí agus do gach institiúid faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh laistigh de sheacht lá tar éis a ghlactha.

Arna dhéanamh i Vín an 18 Nollaig 2025

Thar ceann na Comhairle Aireachta

………………………………

Uachtaránacht

AGUISÍN 4 A GHABHANN LEIS AN IARSCRÍBHINN

GNÍOMH NÓS IMEACHTA 2025/PA/XX/MC-EnC

Ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH

MAIDIR LE hEAGRAGHRAM NA RÚNAÍOCHTA A GHLACADH

Tá Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh (an Conradh), agus go háirithe Airteagail 67 agus 68 de,

Ag féachaint do Ghníomh Nós Imeachta 2006/02/MC-EnC an 17 Samhain 2006 maidir le Rialacha i ndáil le hEarcaíocht, Coinníollacha Oibre agus Cothromaíocht Gheografach Fhoireann Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a ghlacadh, arna leasú le Gníomhartha Nós Imeachta 2016/01/MC-EnC an 14 Deireadh Fómhair 2026 agus 2022/02/MC-EnC an 15 Nollaig 2022 agus 2024/01/MC-EnC an 19 Feabhra 2024, go háirithe mír III.1 de,

De bhrí go nglacfaidh an Chomhairle Aireachta eagraghram na Rúnaíochta bunaithe ar thogra ó Stiúrthóir na Rúnaíochta;

De bhrí gur glacadh eagraghram na Rúnaíochta is infheidhme faoi láthair an 19 Feabhra 2024 agus gur cheart é a thabhairt cothrom le dáta,

Ag féachaint don togra ó Stiúrthóir na Rúnaíochta,

TAR ÉIS AN GNÍOMH NÓS IMEACHTA SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

Glactar leis seo eagraghram na Rúnaíochta atá i gceangal leis an nGníomh Nós Imeachta seo agus tá sé infheidhme ón 1 Eanáir 2026.

Tiocfaidh an Gníomh Nós Imeachta seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Vín an 18 Nollaig 2025

Thar ceann na Comhairle Aireachta

…………………

Uachtaránacht

(1)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO AE L 283, 31. 10. 2017, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO AE L  248, 18. 9. 2013, lch. 1).
Top