Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0640

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca leis an Rialachán nua maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí a ghlacadh agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002

COM/2025/640 final

An Bhruiséil,15.10.2025

COM(2025) 640 final

2023/0163(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca leis an Rialachán nua maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí a ghlacadh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


2023/0163 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca leis an Rialachán nua maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí a ghlacadh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1.Cúlra

An dáta a tarchuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM([2023]) 269 final – 2023/0163 COD):

An 1 Meitheamh 2023

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

An 20 Meán Fómhair 2023

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

An 12 Márta 2024

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

An 13 Deireadh Fómhair 2025

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Tá an Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus lena naisghairtear Rialachán (CE) 1406/2002 1 ar cheann de chúig thogra reachtacha a ghlac an Coimisiún an 1 Meitheamh 2023 mar nuashonrú ar phacáistí sábháilteachta muirí a bhí ann roimhe seo.

Tá ról lárnach ag EMSA maidir le sábháilteacht mhuirí a fheabhsú trí thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún, agus trí rannchuidiú san am céanna le haistriú glas agus digiteach earnáil mhuirí an Aontais. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh an sainordú agus na hacmhainní cuí ag an nGníomhaireacht chun leanúint dá gníomhaíochtaí sna blianta amach romhainn.

Tá roinnt cúraimí nua glactha ag EMSA ó rinneadh an leasú mór deireanach ar a shainordú in 2013. Mar sin féin, ní léirítear an chuid is mó díobh sin i gceart ina shainordú. Eascraíonn an chuid is mó de na cúraimí nua sin as an tábhacht mhéadaithe a bhaineann leis an aistriú glas agus le dícharbónú na hearnála, réimse ina bhfuil an tAontas ar thús cadhnaíochta sa bhaile agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon. Ina theannta sin, a bhuí leis an raon leathan bunachar sonraí agus uirlisí TF atá forbartha le blianta beaga anuas, is í an Ghníomhaireacht is fearr atá in ann tacú le digitiú na seirbhísí muirí, rud a bhfuil géarghá leis, agus leis an gcibearshlándáil agus leis an bhfaireachas chomh maith.

San am céanna, ní mór sainordú EMSA a bheith slán i bhfad na haimsire. Ní mór dó a bheith in ann freastal ar na cúraimí nua a chuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht le reachtaíocht an Aontais atá ar na bacáin, amhail an pacáiste muirí a chuimsíonn freagrachtaí nua don Ghníomhaireacht chun tacú leis na Ballstáit i réimsí na sábháilteachta agus na hinbhuanaitheachta muirí.

Mar thoradh air sin, léiríonn an togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú EMSA an ról méadaithe atá ag an nGníomhaireacht cheana féin sa lá atá inniu ann agus an ról a mheastar a bheidh aici amach anseo. Cé go bhfuil sé mionsonraithe, ba cheart an sainordú leanúint de bheith solúbtha, chun a áirithiú gur féidir le EMSA a bheith sofhreagrúil i gcónaí agus é ag freagairt do riachtanais na mBallstát agus an Choimisiúin — ó thaobh tacú le cur chun feidhme tosaíochtaí beartais nua agus ó thaobh freagairt do ghéarchéimeanna araon. Tá acmhainní breise daonna agus airgeadais i gceist le ról méadaithe EMSA.

I ngeall ar an líon mór athruithe a bhí tagtha ar chúraimí na Gníomhaireachta agus ar a heagrú inmheánach, mhol an Coimisiún gníomh nua a chur in áit Rialachán (CE) 1406/2002.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Léirítear go hiomlán leis an seasamh ón gComhairle an comhaontú polaitiúil a tugadh i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 20 Bealtaine 2025. Is iad seo a leanas príomhphointí an chomhaontaithe:

·Maidir le raon feidhme agus cúraimí na Gníomhaireachta, coinníodh formhór mór na gcúraimí a áirítear sa togra ón gCoimisiún, le roinnt athruithe ar fhoclaíocht, nuashonruithe maidir leis an leagan críochnaitheach den Phacáiste Sábháilteachta Muirí a glacadh le déanaí 2 , athchúrsáil long, measúnú riosca ar thruailliú, cúraimí dícharbónaithe, cúraimí faireachais mhuirí agus cúraimí nua curtha leis. Baineadh, áfach, an cúnamh teicniúil ó EMSA don Choimisiún nó do na Ballstáit a bhaineann leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí 3 agus le hocsaídí nítrigine (NOx).

·Maidir leis na gnéithe idirnáisiúnta, chomhaontaigh na comhreachtóirí gur féidir le EMSA foireann a aimsiú chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta i Londain. Ar deireadh, chomhaontaigh na comhreachtóirí an tagairt do straitéis idirnáisiúnta na Gníomhaireachta atá le glacadh ag Bord Bainistíochta EMSA a choinneáil i gcomhthéacs Dhoiciméad Clársceidealaithe Aonair na Gníomhaireachta.

·Maidir le rialachas agus d’ainneoin sheasamh láidir na Comhairle líon na nionadaithe ón gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta EMSA a laghdú, chomhaontaigh na comhreachtóirí an ceathrar ionadaithe ón gCoimisiún a choinneáil.

·Chomhaontaigh na comhreachtóirí an Bord Feidhmiúcháin a bhaint in éineacht le ceanglas an Choimisiúin maidir le vóta dearfach ar dhréachtchinntí ón mBord Bainistíochta a bhaineann le hacmhainní daonna agus cúrsaí buiséadacha. Laghdaigh sé sin an ról maoirseachta treisithe a bhí beartaithe ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar an nGníomhaireacht.

·Mar sin féin, tá ról an Bhoird Feidhmiúcháin do EMSA á dhéanamh i bpáirt cheana féin ag Coiste Comhairleach don Bhord a chuimsíonn beirt ionadaithe ón gCoimisiún agus a bhfuil sé de chúram air cinntí a ullmhú maidir le hábhair bhuiséadacha agus acmhainní daonna. Cé go bhféadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith ann toisc gur diúltaíodh don Bhord Feidhmiúcháin, beidh ról agus comhdhéanamh reatha an Choiste Chomhairligh ina thoisc mhaolaitheach air sin.

·Ina theannta sin, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú le linn an chruinnithe thríthaobhaigh maidir le sásra foláirimh a chuirfear i ngníomh má ardaíonn an Coimisiún ábhair imní thromchúiseacha maidir le tograí le haghaidh cinntí i ndáil le hábhair a bhaineann leis an Rialachán Réime Airgeadais 4 agus leis na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh 5 . Mar sin féin, maidir leis an riail vótála, thug na comhreachtóirí neamhaird ar na hamhrais láidre a chuir an Coimisiún in iúl agus chomhaontaigh siad aistriú ó vótáil aontoilíochta go vóta tromlaigh ceithre chúigiú chun go nglacfadh an Bord Bainistíochta cinntí tar éis don Choimisiún an córas foláirimh a ghníomhachtú. Lagóidh sé sin éifeacht dhíspreagthach na forála, agus ar an gcaoi sin, laghdóidh sé cumas an Choimisiúin a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais maidir le hacmhainní daonna agus ábhair bhuiséadacha. Sa chomhthéacs sin, d’eisigh an Coimisiún ráiteas ina niarrtar comhordú struchtúrtha idir an Ghníomhaireacht agus an Bord Bainistíochta agus an Coimisiún maidir le dréachtchinntí ón mBord a bhaineann leis na hábhair sin.

·Chomhaontaigh na comhreachtóirí na rialacha vótála sa Bhord Bainistíochta a athrú ó thromlach glan go tromlach dhá thrian a mhéid a bhaineann leis an tuairim maidir le cuntais, rialacha an Bhoird Bainistíochta, struchtúr inmheánach na gníomhaireachta, socruithe le tríú tíortha agus maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, a chur as oifig agus síneadh a chur lena théarma oifige. Ina theannta sin, chomhaontaigh na comhreachtóirí an rogha reatha a thabhairt isteach an athuair go ngníomhódh an Bord Bainistíochta ar thogra chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig, ní hamháin ón gCoimisiún, ach ó aon trian amháin ar a laghad de chomhaltaí den Bhord Bainistíochta a bhfuil vóta acu freisin.

·Maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomhaontaigh na comhreachtóirí cothromaíocht gheografach a chur isteach mar phrionsabal atá le hurramú i nós imeachta réamhroghnúcháin an Choimisiúin. Ina theannta sin, d’aontaigh siad go niarrfar ar an iarrthóir roghnaithe nó ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar dualgas ráiteas a dhéanamh chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt sula gceapfar é, agus b’fhéidir sula gcuirfear síneadh lena théarma oifige freisin.

·Chomhaontaigh na comhreachtóirí, maidir le síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, go bhfuil an measúnú déach (lena gcuirtear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo) le tarchur chuig an mBord Bainistíochta mar eolas, mar aon leis an togra ón gCoimisiún maidir le síneadh. Chomhaontaigh na comhreachtóirí freisin an fhoráil idirthréimhseach maidir le síneadh bliana a chur le tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin reatha a bhaint.

·Chomhaontaigh na comhreachtóirí an fhéidearthacht a choinneáil don Ghníomhaireacht lárionaid réigiúnacha a bhunú i mBallstáit an Aontais, arna iarraidh sin don Choimisiún, chun go ndéanfar cuid de chúraimí na Gníomhaireachta ar an mbealach is éifeachtúla is féidir.

·Ar deireadh, chomhaontaigh na comhreachtóirí an rogha atá ag an nGníomhaireacht táillí a shocrú agus a bhailiú a bhaint ag an bpointe seo: aon ghá a d’fhéadfadh a bheith ann scéim táillí a bhunú mar aon le sainaithint na seirbhísí a d’fhéadfaí a mhaoiniú le táillí, déanfar measúnú air sa mheastóireacht thréimhsiúil ar an nGníomhaireacht tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

4.Conclúid

De mheon an chomhréitigh, tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, rud a chuirfidh ar chumas Pharlaimint na hEorpa an téacs críochnaitheach a ghlacadh ar an dara léamh,

5.DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN

Tá dearbhú aontaobhach déanta ag an gCoimisiún, atá le fáil san fhoscríbhinn.



Foscríbhinn

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an gcóras foláirimh i dtaca le hacmhainní daonna agus ábhair bhuiséadacha (Airteagal 20(2))

‘Meabhraíonn an Coimisiún go dtugtar isteach leis an gcomhaontú críochnaitheach ar tháinig na comhreachtóirí air i ndáil leis an togra leasaithe le haghaidh Rialacháin maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (‘EMSA’) athruithe ar an rialachas i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún. Leis na hathruithe sin, laghdaítear inniúlacht an Choimisiúin comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú maidir le cúrsaí acmhainní daonna agus cúrsaí buiséadacha.

Leis an aistriú ó aontoilíocht go tromlach ceithre chúigiú sa dara babhta vótála in Airteagal 20, mír 2, laghdaítear éifeachtacht choimirce an Choimisiúin i ndáil le dea-riarachán agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú. Tugann sé sin an baol isteach go bhféadfaí cinntí atá contrártha le creat dlíthiúil an Aontais is infheidhme - go háirithe an Rialachán Réime Airgeadais agus Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais - a ghlacadh mar sin féin, d’ainneoin agóid fhoirmiúil an Choimisiúin. Leis sin, d’fhéadfadh rioscaí tromchúiseacha airgeadais agus rioscaí do chlú a thabhairt isteach, don Choimisiún agus don Aontas Eorpach ina n‑iomláine agus ní hamháin do EMSA.

Sa chomhthéacs sin, iarrann an Coimisiún ar an nGníomhaireacht agus ar a Bord Bainistíochta dul i mbun comhordú luath struchtúrtha leis an gCoimisiún maidir leis na dréachtchinntí uile atá le cur isteach lena nglacadh.’

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí,.IO L 208, 5.8.2002, lgh. 1–9.
(2)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_23_2919  
(3)    Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí; IO L 164, 25.6.2008, lgh. 19-40.
(4)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 122, 10.5.2019, lgh. 1-38.
(5)    Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin, IO L 56, 4.3.1968, lch. 1
Top