AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.10.2025
COM(2025) 577 final
2025/0307(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar thríú tráthchuid le haghaidh 2025
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Baineann an togra le Cinneadh ón gComhairle maidir leis an tríú tráthchuid de na ranníocaíochtaí airgeadais leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (‘CEF’) in 2025.
Is faoin tacar rialacha seo a leanas a bhainistítear an 11ú CEF agus cistí eile CEF atá fós oscailte (is é sin le rá an 9ú agus an 10ú CEF):
1.An Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (‘Comhaontú Inmheánach’ an 11ú CEF);
2.Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (‘Rialachán Airgeadais an 11ú CEF’);
3.Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta;
4.Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle a bhaineann le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Is éard atá sna doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chiste CEF. Déantar foráil i Rialachán Airgeadais an 11ú CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta atá le déanamh ag na páirtithe le ciste CEF in aghaidh gealltanais airgeadais réamhchinntithe. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, Cinntí a gcuirtear san áireamh iontu cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh roimhe.
Dá bhrí sin, níl roinnt ceannteideal sa mheabhrán míniúcháin infheidhme maidir le glaonna ar ranníocaíochtaí tráthrialta amhail an ceann seo.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Ní bhaineann le hábhar
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ní bhaineann le hábhar
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
I gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán Airgeadais an 11ú CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo tráth nach déanaí ná 21 lá féilire tar éis don Choimisiún Eorpach, ag feidhmiú dó thar ceann an Aontais Eorpaigh, an togra seo a thíolacadh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Ní bhaineann le hábhar
•Comhréireacht
Ní bhaineann le hábhar
•An rogha ionstraime
Ní bhaineann le hábhar
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní bhaineann le hábhar
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní bhaineann le hábhar
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ní bhaineann le hábhar
•Measúnú tionchair
Ní bhaineann le hábhar
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar
•Cearta bunúsacha
Ní bhaineann le hábhar
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bhaineann le hábhar
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní bhaineann le hábhar
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Ní bhaineann le hábhar
2025/0307 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar thríú tráthchuid le haghaidh 2025
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, agus go háirithe Airteagal 7(2), i gcomhar le hAirteagal 14(3), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323, agus go háirithe Airteagal 19(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 1 den Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, bunaítear an treoir ranníoca le haghaidh gach páirtí CEF sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF).
(2)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún.
(3)I gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 10 Deireadh Fómhair 2025 lena sonrófar méid an tríú tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2025.
(4)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) roimhe. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí de bhun Rialachán (AE) 2018/1877, le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin a dhéanamh.
(5)Le Cinneadh (AE) 2024/2906 ón gComhairle, socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta atá le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2025 ag EUR 800 000 000 i gcás an Choimisiúin agus ag EUR 9 000 000 i gcás an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ghlaoigh BEI a sciar uile den 11ú CEF leis an gcéad tráthchuid de 2025.
(6)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Méid na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar thríú tráthchuid le haghaidh 2025, socraítear leis seo é ag EUR 200 000 000 i gcás an Choimisiúin.
Airteagal 2
Déanfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta a íoc leis an gCoimisiún mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2025, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
[...]