AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.10.2025
COM(2025) 569 final
2025/0306(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2027, an méid bliantúil le haghaidh 2026, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2026 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh 2028 agus 2029
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an togra:
•Uasteorainn na ranníocaíochtaí le haghaidh 2027;
•Méid bliantúil na ranníocaíochtaí le haghaidh 2026;
•Méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2026;
•Réamhaisnéis neamhcheangailteach le haghaidh méideanna bliantúla na ranníocaíochtaí a mheastar a bheidh ann le haghaidh 2028 agus 2029.
Is faoin tacar rialacha seo a leanas a bhainistítear an 11ú CEF agus cistí eile CEF atá fós oscailte (an 9ú agus an 10ú CEF):
1.An Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (‘Comhaontú Inmheánach’ an 11ú CEF);
2.Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (‘Rialachán Airgeadais an 11ú CEF’);
3.Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta;
4.Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle a bhaineann le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Is éard atá sna doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chiste CEF. Déantar foráil i Rialachán Airgeadais an 11ú CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta atá le déanamh ag na páirtithe le ciste CEF in aghaidh gealltanais airgeadais réamhchinntithe. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, Cinntí a gcuirtear san áireamh iontu cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh roimhe.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Ní bhaineann le hábhar
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ní bhaineann le hábhar
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
I gcomhréir le hAirteagal 19(2) den 11ú Rialachán Airgeadais CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo faoin 15 Samhain 2025 ar a dhéanaí.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Ní bhaineann le hábhar
•Comhréireacht
Ní bhaineann le hábhar
•An rogha ionstraime
Ní bhaineann le hábhar
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní bhaineann le hábhar
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní bhaineann le hábhar
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ní bhaineann le hábhar
•Measúnú tionchair
Ní bhaineann le hábhar
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar
•Cearta bunúsacha
Ní bhaineann le hábhar
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bhaineann le hábhar
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní bhaineann le hábhar
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Ní bhaineann le hábhar
2025/0306 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2027, an méid bliantúil le haghaidh 2026, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2026 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh 2028 agus 2029
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323, agus go háirithe Airteagal 19(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 1 den Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, bunaítear an treoir ranníoca le haghaidh gach páirtí CEF sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF).
(2)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún.
(3)I gcomhréir le Airteagal 19(2), de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2025 lena sonrófar uasteorainn na ranníocaíochta le haghaidh 2027, méid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2026, méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2026 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh 2028 agus 2029.
(4)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) roimhe. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí de bhun Rialachán (AE) 2018/1877, le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin a dhéanamh.
(5)De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an ‘Comhaontú um Tharraingt Siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ní athúsáidfear sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin.
(6)Le Cinneadh (AE) 2024/2906 ón gComhairle, socraítear uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochta a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2026 ag EUR 700 000 000 i gcás an Choimisiúin amháin ós rud é gur ghlaoigh BEI a sciar le haghaidh an 11ú CEF in 2025.
(7)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta le haghaidh 2027, socraítear leis seo í ag EUR 460 000 000 i gcás an Choimisiúin.
Airteagal 2
Méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta le haghaidh 2026, socraítear leis seo é ag EUR 700 000 000 i gcás an Choimisiúin.
Airteagal 3
Méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar chéad tráthchuid le haghaidh 2026, socraítear leis seo é ag EUR 300 000 000
Airteagal 4
Déanfar méid EUR 1 200 000 de chistí nár gealladh nó de chistí saortha ó thionscadail faoin Naoú CEF a aisíoc trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na híocaíochta in aghaidh na chéad tráthchoda le haghaidh 2026 a leagtar amach in Airteagal 3.
Airteagal 5
Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2028, socraítear leis seo í ag EUR 400 000 000 i gás an Choimisiúin. Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2029, socraítear leis seo í ag EUR 300 000 000 i gás an Choimisiúin.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,