Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0558

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa mar chuid de chreat na bPleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a leagtar amach i Rialachán (AE) [maidir le Pleananna CNR], agus ar Ciste é lena mbunaítear coinníollacha maidir le tacaíocht ón Aontas d’fhostaíocht ardcháilíochta, scileanna agus cuimsiú sóisialta a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse ó 2028 go 2034

COM/2025/558 final

An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 558 final

2025/0239(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa mar chuid de chreat na bPleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a leagtar amach i Rialachán (AE) [maidir le Pleananna CNR], agus ar Ciste é lena mbunaítear coinníollacha maidir le tacaíocht ón Aontas d’fhostaíocht ardcháilíochta, scileanna agus cuimsiú sóisialta a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse ó 2028 go 2034


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Bunaítear leis an togra seo Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an phríomhionstraim chun infheistíocht a dhéanamh i bpobal na hEorpa, i dtodhchaí agus in ullmhacht an phobail. Tá léargas sa togra ar an staid shóisialta agus eacnamaíoch ina bhfuiltear i láthair na huaire agus tá freagairt nithiúil ann ar an éileamh atá déanta ag muintir na hEorpa go gcruthófaí Eoraip níos sóisialta agus go ndéanfar tuilleadh infheistíochtaí i ndaoine san Aontas Eorpach. Is é CSE príomhionstraim an Aontais Eopaigh chun an comhtháthú sóisialta a chur chun cinn agus a neartú i sochaithe na hEorpa. Tá an togra seo ag gabháil leis an togra le haghaidh an rialacháin maidir le Comhpháirtíocht Náisiúnta agus Réigiúnach. Atreisíonn agus comhlánaíonn an dá rialachán a chéile go frithpháirteach. Déanfar CSE, mar chuid den bheartas comhtháthaithe, a chur chun feidhme mar ghné de na [Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí] uileghabhálacha agus comhlánaíonn sé [an Rialachán maidir le Pleananna CNR] maidir le gnéithe sonracha de bheartas CSE. Tacaíonn CSE le cuspóirí Phlean CNR laistigh dá raon feidhme tacaíochta, mar a leagtar amach sa Rialachán seo.

Is í muintir na hEorpa neart na hEorpa. Ar an 17 Samhain 2017, d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i gcomhpháirt Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. [1] Leagtar síos ina spriocluachanna spriocanna soiléire uaillmhianacha maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta. Ní hamháin gur riachtanas morálta é na spriocanna sin a bhaint amach; is riachtanas eacnamaíoch é freisin. Tugtar ar aird sna Treoirlínte Polaitiúla 2024-2029 go dtugann ár ngeilleagar sóisialta margaidh uathúil neart buntáistí don Eoraip ar iomaitheoirí.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gCompás Iomaíochais [2] luaitear go bhfuil ‘ról lárnach ag beartais shóisialta éifeachtacha atá bunaithe ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun Eoraip iomaíoch a mhúnlú. Cinnteoidh geilleagar níos iomaíche ag a bhfuil ardtáirgiúlacht go mbeidh ár múnla sóisialta inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de san fhadtéarma agus go bhfeicfidh saoránaigh bealaí soiléire chun a rath eacnamaíoch féin a bhaint amach. Ní mór gach Eorpach a bheith in ann cur le feabhsuithe a chothóidh iomaíochas níos fearr agus tairbhe a bhaint astu’. Go deimhin, léiríodh go comhsheasmhach maidir leis na geilleagair ina bhfuil na hinfheistíochtaí is éifeachtaí sa chaipiteal daonna gurb iad is iomaíche, is athléimní agus is fónta ó thaobh an gheilleagair de.

Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Márta 2025 cuirtear an méid seo a leanas i dtábhacht: ‘ag eascairt as an teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 maidir le hAontas na Scileanna, ba cheart iarrachtaí breise a dhéanamh chun feabhas a chur ar shealbhú, aithint agus coinneáil scileanna ar fud an Aontais, ó fhorbairt na mbunscileanna go rannpháirttíocht san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, san athsciliú agus san uas-sciliú, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leis an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann leis’. Déantar tagairt sna Conclúidí céanna do dhearbhú Bhúdaipeist agus go sonrach don ghá le ‘leas a bhaint as [...] tallann na hEorpa agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna chun poist ar ardchaighdeán a chothú ar fud an Aontais’. Thairis sin, chomh maith lena áirithiú go mbeidh scileanna ag daoine, beidh gá le rannpháirtíocht láidir ón lucht saothair sa chomhthéacs déimeagrafach atá ann faoi láthair.

D’ainneoin dul chun cinn a bheith déanta, is tosaíocht fós ar fud an Aontais é dul i ngleic leis an dífhostaíocht, le ganntanas oibrithe oilte, ganntanas lucht saothair agus rátaí bochtaineachta atá ard i gcónaí. Ní hamháin gur bagairt é sin ar an ionchas go mbainfear amach na príomhspriocanna a leagtar síos do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ach is bac freisin é ar an dul chun cinn maidir le hiomaíochas na hEorpa a neartú i saol atá ag éirí níos domhandaithe.

Tá saincheisteanna sóisialta agus seirbhísí le haghaidh na saoránach, amhail an toideachas, lena náirítear oideachas agus cúram na luath-óige agus cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, chomh maith le hinfhaighteacht tithíochta sóisialta agus an easpa dul chun cinn maidir le laghdú na bochtaineachta ina bpríomhábhar imní do shaoránaigh na hEorpa [3] . Bheifí ag dréim le toradh níos fearr ón Aontas sna réimsí sin. Tá géarghá le gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Ina theannta sin, i gcomhthéacs breis neamhchinnteachta geostraitéisí agus teagmhais adhaimsire níos minice, beidh sé ríthábhachtach a bheith ullamh don rud nach bhfuil coinne leis. [Le linn ráig an choróinvíris, léiríodh leis an Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a Mhaolú i gcás Éigeandála (SURE) a thábhachtaí a bhí sé fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint, agus ar an gcaoi sin ráta tarlaithe na dífhostaíochta agus an chaillteanais ioncaim a laghdú. Bunaítear leis an togra seo deimhniú ar dhlúthpháirtíocht Eorpach a d’fhéadfaí a sholáthar amach anseo freisin i gcás ina mbeidh údar cuí leis mar thoradh ar imthosca].

Tacóidh CSE le cur chun feidhme bheartais an Aontais, agus le hathchóirithe struchtúracha náisiúnta nó réigiúnacha sna réimsí a leanas: fostaíocht, oideachas agus scileanna, cuimsiú sóisialta, agus seirbhísí cúraim lena n‑áirítear cúram fadtéarmach agus cúram sláinte. Comhfhreagraíonn sé sin do shainchúram na dTreoirlínte do bheartas Fostaíochta (Airteagal 148 CFAE). Cuirfidh sé le hiarrachtaí na mBallstát dífhostaíocht a laghdú, cáilíocht agus comhdheiseanna oideachais agus oiliúna a chur chun cinn agus cuimsiú sóisialta agus lánpháirtiú a fheabhsú. Tabharfaidh CSE cúnamh sonrach freisin maidir le cur chun feidhme na Ráthaíochta Scileanna i gcomhréir le hAontas na Scileanna. I ndáil leis sin, ba cheart tacaíocht do Chuntais Foghlama Aonair a bheith ina gné thábhachtach, lena dtabharfaí cúnamh d’infheistíochtaí straitéiseacha gnó na hEorpa dul chun cinn a dhéanamh sna blianta díreach romhainn trí na scileanna cearta a bheith ar fáil dóibh. Thairis sin, tacóidh sé le sochaithe oscailte, cearta-bhunaithe, daonlathacha, comhionanna agus cuimsitheacha a chothú agus a fhorbairt a thuilleadh, ar sochaithe iad atá bunaithe ar an smacht reachta agus ar an idirphlé sóisialta. Ina theannta sin, chun tacú le cuir chuige chomhtháite, moltar infheistíochtaí a dhéanamh i mbonneagar agus i ndaoine ó na Cistí.

Dá bhrí sin, cuideoidh CSE le hEoraip shóisialta chumasaithe a thógáil agus rannchuideoidh sé le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE, rud atá riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an tAontas i gceart mar aontas eacnamaíoch agus polaitiúil atá cobhsaí agus inmharthana.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Beidh CSE, mar chuid den bheartas comhtháthaithe, ag feidhmiú laistigh den Phlean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (Plean CNR) agus dá leabhar rialacha aonair. Cuireann CSE le hinfheictheacht sheanbhunaithe Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus leis an gcruthúnas go bhfuil ag éirí leis mar chreat iontaofa chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leis an Seimeastar Eorpach agus leis na Treoirlínte do bheartas Fostaíochta. Dá bhrí sin, cé go bhfuil dlúthbhaint aige le Plean CNR, beidh bunús dlí neamhspleách ag CSE i gcónaí mar a leagtar amach in Airteagal 162 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Braitheann cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón bPlean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí, lena n‑áirítear CSE, ar dhea-rialachas agus ar chomhpháirtíocht idir na gníomhaithe ar fad ar na leibhéil chríochacha is ábhartha agus na gníomhaithe socheacnamaíocha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta.

Cuidíonn CSE le beartais agus le tosaíochtaí arb é is aidhm dóibh lánfhostaíocht a bhaint amach, feabhas a chur ar cháilíocht agus tháirgiúlacht oibre, soghluaisteacht gheografach agus gairme lucht saothair laistigh den Aontais a mhéadú, feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna, cothroime idirghlúine, cuimsiú sóisialta agus an tsláinte a chur chun cinn.

Is é is cuspóir beartais uileghabhálach do Rialachán CSE ‘Eoraip Shóisialta’ a fheidhmíonn ar bhealach níos fearr agus atá níos athléimní a chothú agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, agus tosaíochtaí sóisialta agus fostaíochta arna bhformhuiniú faoin bpróiseas rialachas eacnamaíoch Eorpach. Rannchuideoidh CSE le cur chun feidhme na dTreoirlínte Comhtháite a glacadh i gcomhréir le hAirteagail 121 agus 148(4) CFAE agus na moltaí tírshonracha ábhartha a glacadh i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh. Cuirfidh sé freisin leis an gcuspóir foriomlán maidir le fás cliste, cuimsitheach agus inbhuanaithe tar éis 2030 (spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe2) agus cóineasú aníos.

Thairis sin, cuideoidh CSE le deiseanna fostaíochta a fheabhsú, leis an gcaighdeán maireachtála agus sláinte a ardú, agus le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhéadú mar a leagtar amach in CFAE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar chearta daoine faoi mhíchumas. Lena chois sin, tá sé d’aidhm ag CSE cur le hAontas na Scileanna agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha. Trí íos-sciar agus íosmhéideanna a shocrú do CSE, áiritheofar go mbeidh tosaíochtaí an Aontais ar cuireadh síos orthu thuas á léiriú go leordhóthanach i méid na hinfheistíochta a spriocdhíreofar go díreach ar shaoránaigh na hEorpa.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is é is aidhm do CSE feabhas a chur ar shineirgí agus ar chomhleanúnachas le bearta eile a infheistíonn i bhforbairt an chaipitil dhaonna faoin gComhpháirtíocht Náisiúnta agus Réigiúnaí (Plean CNR), go háirithe faoi chuimsiú an bheartais chomhtháthaithe agus na tacaíochta don bheartas iascaigh agus talmhaíochta, agus leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas.

Beidh an tacaíocht ó Erasmus á comhlánú ag CSE i gcónaí. Tá CSE agus Erasmus gníomhach i réimsí atá cosúil lena chéile, go háirithe a mhéid a bhainneann le cuidiú le daoine scileanna nua a shealbhú, uas-sciliú a dhéanamh chun riar ar riachtanas na n‑earnálacha tionsclaíochta, agus feabhas a chur ar scileanna digiteacha agus ar cháilíocht an oideachais agus na hoiliúna.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 164, 174 agus 175 CFAE, soláthraítear an creat dlíthiúil le haghaidh na mbeart a chumhdaítear leis an togra seo. Bunaíodh CSE ar Airteagail 162 agus 164 CFAE agus ar thacaíocht chun an bhochtaineacht a chomhrac, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar dhíth bia agus ar dhíth ábharach bhunúsach, agus is faoi Airteagal 175(3) CFAE a bhunaítear an tacaíocht chun luachanna bunúsacha an Aontais a chur chun cinn.

Sainítear sa togra seo raon feidhme thacaíocht CSE i ndáil leis na cuspóirí sonracha a shainítear sa Rialachán maidir le Pleananna CNR, chomh maith le gníomhaíochtaí spriocdhírithe i réimse na nuálaíochta sóisialta. Tagraítear ann freisin do Choiste CSE faoi Airteagal 163 CFAE.

Ina theannta sin, an 16 Iúil 2025 ghlac an Coimisiún togra maidir le Rialachán ‘Plean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí’ chun feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhchuibhiú chur chun feidhme na tacaíochta a thugtar faoi bhainistíocht chomhroinnte, agus dá bharr sin feidhmiú beartas a shimpliú. Cumhdaítear CSE leis na forálacha coiteanna seo freisin.

·Cearta bunúsacha

I dteannta an Rialacháin maidir le Coinníollacht a mbeidh feidhm aige i gcónaí maidir le buiséad iomlán an Aontais, áirítear leis an Rialachán seo coimircí láidre chun a áirithiú go gcuirfear na cistí chun feidhme i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le prionsabail an smachta reachta, mar a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092. Leis an tionscnamh seo freisin, urramófar prionsabail Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I réimse an bheartais shóisialta agus fostaíochta agus i réimse na sláinte poiblí, tá ag an Aontas inniúlachtaí atá comhroinnte leis na Ballstáit (Airteagal 4 CFAE), nó an inniúlacht socruithe a leagan síos nach mór do na Ballstáit a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú laistigh dóibh (Airteagal 5 CFAE) nó an inniúlacht gníomhaíochtaí a dhéanamh chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun na gníomhaíochtaí sin a chomhordú nó a chomhlánú (Airteagal 6 CFAE).

Tá prionsabal na coimhdeachta mar bhonn taca faoi CSE. Faoi bhainistíocht chomhroinnte, tarmligeann an Coimisiún cúraimí clársceidealúcháin agus cur chun feidhme straitéiseacha chuig na Ballstáit agus chuig na réigiúin. Ina theannta sin, ní dhéanann sé de ghníomhaíochtaí ach an méid sin is gá chun na cuspóirí a leagtar síos dó sna Conarthaí a bhaint amach. Tá sé d’aidhm ag bainistíocht chomhroinnte a áirithiú go ndéantar cinntí ar leibhéal chomh gar don saoránach agus is féidir agus go bhfuil údar cuí le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus na féidearthachtaí agus na saintréithe atá ann ar an leibhéal náisiúnta, reigiúnach nó áitiúil á gcur san áireamh. Le bainistíocht chomhroinnte tugtar an tAontas Eorpach níos gaire don saoránach agus nasctar riachtanais áitiúla le cuspóirí Eorpacha. Ina theannta sin, de bharr an chumhacht chun cinntí a dhéanamh agus freagrachtaí a bheith i bpáirt le chéile ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, méadaíonn braistint daoine gur leo cuspóirí an Aontais.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níl aon ní sa togra seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an togra a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Is é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an rogha ionstraime chun Ciste Sóisialta na hEorpa a bhunú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

[Féach an measúnú tionchair i dtaca leis an Rialachán maidir le Pleananna CNR]

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

[ionadchoinneálaí]

EUR XX billiún (i bpraghsanna reatha) atá sa bhuiséad iomlán a leithdháiltear ar CSE le haghaidh na tréimhse 2028-2034.

Tá mionsonraí maidir le riachtanais airgeadais agus foirne le fáil i Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach an Rialacháin maidir le Pleananna CNR.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

[Féach an measúnú tionchair i dtaca leis an Rialachán maidir le Pleananna CNR]

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá an t‑ábhar sa Rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus sainítear leis an Rialachán sin raon feidhme na tacaíochta ó CSE i ndáil leis na cuspóirí a shainítear sa Rialachán maidir le Pleananna CNR. Tá forálacha ann freisin maidir le nuálaíocht shóisialta. Ar deireadh, tugtar breac-chuntas ann ar an gCoiste faoi Airteagal 163 CFAE agus an dáta teacht i bhfeidhm.

2025/0239 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa mar chuid de chreat na bPleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a leagtar amach i Rialachán (AE) [maidir le Pleananna CNR], agus ar Ciste é lena mbunaítear coinníollacha maidir le tacaíocht ón Aontas d’fhostaíocht ardcháilíochta, scileanna agus cuimsiú sóisialta a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse ó 2028 go 2034

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 164, agus Airteagal 175(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, mar fhreagairt ar na dúshláin shóisialta atá san Eoraip. Tá 20 bunphrionsabal ag an gColún agus tá siad roinnte ina dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; coinníollacha córa oibre; cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart fiche prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bheith ina dtreoir le haghaidh na ngníomhaíochtaí faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE). An 4 Márta 2021, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun cinn maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an ‘Plean Gníomhaíochta’), lena náirítear príomhspriocanna de chuid an Aontais do 2030, ar spriocanna iad atá uaillmhianach ach réadúil, maidir le fostaíocht (gur cheart 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (gur cheart 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú na bochtaineachta (gur cheart ar a laghad 15 mhilliún níos lú daoine a bheith i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, lena náirítear 5 mhilliún leanbh) (‘príomhspriocanna an Aontais do 2030’) agus fospriocanna comhlántacha, chomh maith le Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe. D’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, le CSE ba cheart tacú le hinfheistíochtaí i ndaoine agus leasuithe ar na córais i réimse beartais na fostaíochta, an oideachais agus an chuimsithe shóisialta, agus ar an gcaoi sin tacú le comhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh.

(2)Is príomhionstraim iad na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 148(2) den Chonradh, arna nglacadh go bliantúil ag an gComhairle i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, maidir le beartais fostaíochta agus shóisialta an Aontais agus beartais fostaíochta agus shóisialta náisiúnta a chomhordú. Cuireann siad tosaíochtaí agus spriocanna coiteanna ar fáil maidir le beartais fostaíochta, oideachais, scileanna agus shóisialta d’fhonn iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus áit níos fearr a dhéanamh de chun infheistíocht a dhéanamh, fostaíocht a chruthú agus comhtháthú sóisialta a chothú. Is é CSE príomhionstraim an Aontais chun tacú leis na treoirlínte do bheartas fostaíochta agus chun cuspóirí an Aontais i mbeartais fostaíochta agus shóisialta a bhaint amach. Comhlánaíonn na treoirlínte fostaíochta prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart raon feidhme CSE le haghaidh 2028 go 2034 a ailíniú go hiomlán le Cinneadh (AE)... 1 ón gComhairle [Treoirlínte fostaíochta arna nglacadh ag an gComhairle faoin 1 Eanáir 2027 ar a dhéanaí].

(3)Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat a úsáidtear chun tosaíochtaí náisiúnta athchóirithe a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin. Ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme a bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a chur isteach. Ba cheart an creat sin a bheith ina bhonn chun cistiú ón Aontas a úsáid ar bhealach comhleanúnach, lena náirítear d’fhonn breisluach na tacaíochta airgeadais a bheidh le fáil a uasmhéadú.

(4)Tá dúshláin struchtúracha os comhair an Aontais, ar dúshláin iad a eascraíonn as na nithe seo a leanas: domhandú eacnamaíoch, slabhraí soláthair leochaileacha, bainistiú sreafaí imirce agus an bhagairt slándála níos mó, an taistriú chuig fuinneamh glan, an tathrú teicneolaíoch agus an tathrú déimeagrafach, lucht saothair atá ag dul in aois, easpa tithíochta sóisialta, agus ganntanais scileanna agus saothair atá ag méadú in go leor earnálacha agus réigiún.

(5)Agus na réaltachtaí athraitheacha i saol na hoibre á gcur san áireamh, ba cheart an tAontas a bheith ullamh do dhúshláin atá ann faoi láthair agus do dhúshláin a bheidh ann amach anseo trí infheistíocht a dhéanamh i scileanna ábhartha, tríd an bhfás a dhéanamh níos cuimsithí agus trí fheabhas a chur ar bheartais fostaíochta agus shóisialta, lena náirítear i bhfianaise shoghluaisteacht an lucht saothair agus athstruchtúrú earnálach, agus aird a thabhairt ar cheantair uirbeacha agus thuaithe a bhfuil orthu dul i ngleic le laigí sóisialta ar leith.

(6)Idir seo agus 2040, beidh thart ar 1 mhilliún duine níos lú i margadh saothair an Aontais gach bliain. Thairis sin, chomh maith le lucht saothair atá ag laghdú, tá sciar beag marbhánta den daonra ag a bhfuil oideachas treasach i roinnt réigiún, rud a fhágann gur deacair caillteanas oibrithe a chúiteamh le táirgiúlacht oibre níos fearr. Beidh brú breise ar shamhail leasa shóisialta an Aontais dá bharr, rud a chuirfidh inbhuanaitheacht agus leordhóthanacht na samhla faoi bhrú. Cuirfear le ganntanais saothair agus scileanna i margadh an tsaothair freisin, rud a fhágfaidh go mbeidh an fás eacnamaíoch agus an tiomaíochas faoi bhrú. I gcás earnálacha áirithe, beidh brúnna costais saothair ann dá bharr. Is é sin an fáth nach mór, le CSE, tacú le méadú ar rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, go háirithe i gcás ban agus daoine óga, daoine faoi mhíchumas agus pobail Romacha, agus tacú le fostóirí na daoine cearta a aimsiú do na poist atá ar fáil, oibrithe scothaosta a chumhachtú le bearta iomchuí maidir leis an margadh saothair agus an ionad oibre, a áirithiú go mbeidh lucht saothair oilte ann a bheidh in ann dul i ngleic le mórdhúshláin shochaíocha, agus tacú le cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil lena náirítear trí rochtain ar chúram leanaí ar ardchaighdeán a áirithiú.

(7)An 29 Eanáir 2025, chuir an Coimisiún an Compás Iomaíochais i láthair. Leis an gCompás, leagtar amach conair chun gurb í an Eoraip an áit a ndéanfar teicneolaíochtaí, seirbhísí agus táirgí glana na todhchaí a cheapadh, a mhonarú agus a chur ar an margadh, agus chun gurb í an chéad mhór-roinn a bheidh aeráidneodrach freisin. Aithnítear ann cúig chumasóir chothrománacha le haghaidh iomaíochais, lena náirítear scileanna agus fostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, agus cuirtear i dtábhacht ann gurb í muintir na hEorpa is bonn le hiomaíochas na hEorpa. Chun a bheith iomaíoch agus ullamh don todhchaí, ní mór don Aontas tacú lena mhuintir agus í a ullmhú leis na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá chun go néireoidh leo san fhoghlaim, san obair agus sa saol.

(8)Ina theannta sin, an 26 Feabhra 2025, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’. Tá sé sár-riachtanach aitheantas a thabhairt do ról criticiúil na scileanna chun aistriú rathúil chuig todhchaí thionsclaíoch níos glaine agus níos iomaíche a éascú laistigh den Aontas. Beidh sé fíor-riachtanach lucht saothair ardoilte a fhorbairt chun an nuálaíocht a spreagadh agus an dícharbónú agus an chiorclaíocht a chur chun cinn ar fud tionscail sár-riachtanacha. Beidh ríthábhacht leis an bhfócas sin ar fheabhsú scileanna chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach maidir le haistriú cóir agus chun iomaíochas domhanda an Aontais a chothú agus a fheabhsú. Thairis sin, tá rochtain ar acmhainní comhshaoil agus na tairbhí a bhaineann leo dáilte go míchothrom ar fud na sochaí, agus is amhlaidh an cás i gcás guaiseacha comhshaoil agus rioscaí sláinte freisin. Is mó seans go dtitfidh siad go díréireach ar ghrúpaí leochaileacha.

(9)Is é is aidhm d’Aontas na Scileanna tacú le córais oideachais, oiliúna agus scileanna atá ar ardcháilíocht, cuimsitheach agus inoiriúnaithe a fhorbairt chun iomaíochas, ullmhacht, slándáil agus daonlathas an Aontais a mhéadú. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAontas na Scileanna, ba cheart don Aontas cistiú leordhóthanach a áirithiú chun bonn láidir scileanna a thógáil agus deiseanna uas-scilithe agus athscilithe ar feadh an tsaoil atá dírithe ar an todhchaí a chur chun cinn do chách, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach. Cuirfidh sé sin go háirithe le scileanna digiteacha agus le heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin ach chomh maith leis sin cuirfidh sé le scileanna chun tacú le hearnálacha a bheidh ag teacht chun cinn, d’fhonn scileanna a bheidh in oiriúint don digitiú, d’athruithe a bheidh spreagtha ag an teicneolaíocht agus ag an nuálaíocht agus don athrú sóisialta agus eacnamaíoch a chur ar fáil do dhaoine, rud a éascóidh aistrithe gairme beatha agus soghluaisteacht agus a thacóidh go háirithe le daoine fásta ar bheagán scileanna nó cáilíochtaí. I gcomhréir le hAontas na Scileanna, ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach trí oibrithe a uas-sciliú agus a athsciliú, tríd an oideachas a ailíniú le riachtanais tionscail, agus trí chomhpháirtíochtaí a chothú i measc institiúidí oideachais, fostóirí agus údaráis phoiblí. Is gá freisin feabhas a chur ar an gciorclaíocht agus leithdháileadh leordhóthanach scileanna sa mhargadh inmheánach, lena náirítear trí inaistritheacht scileanna a éascú, agus is gá a bheith in ann scileanna a mhealladh agus a choinneáil san Aontas.

(10)Le Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Pleananna CNR] bunaítear na rialacha ginearálta maidir leis an bPlean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (‘Plean CNR’) agus leagtar síos ann, go háirithe, na cuspóirí a mbeidh tacaíocht le fáil acu ó na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí agus na rialacha a bhaineann leis na Pleananna sin a ullmhú, a chur chun feidhme, a bhainistiú agus a rialú. Tá CSE ar cheann de na cistí a dhéantar a réamh-leithdháileadh ar bhonn náisiúnta agus a ghrúpáiltear faoin bPlean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí, i gcomhréir le Rialachán (AE) [...] [an Rialachán maidir le Pleananna CNR. Is gá, dá bhrí sin, raon feidhme thacaíocht CSE a shoiléiriú i ndáil leis na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán maidir le Pleananna CNR agus forálacha sonracha a leagan síos maidir le CSE a chur chun feidhme.

(11)Braitheann cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón bPlean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí, lena náirítear CSE, ar dhea-rialachas agus ar chomhpháirtíocht idir na gníomhaithe ar fad ar na leibhéil chríochacha is ábhartha agus na gníomhaithe socheacnamaíocha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta.

(12)Chun sochaithe na hEorpa agus samhail shóisialta na hEorpa a neartú, ba cheart do na Ballstáit íosmhéid acmhainní a leithdháileadh ar CSE faoina bPleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Pleananna CNR]. Mar gheall ar chineál éagsúil agus déine na ndúshlán socheacnamaíoch éagsúil sna Ballstáit, tá gá le cur chuige níos solúbtha maidir le clársceidealú. Cé go bhfuil gá le híosleibhéal tacaíochta do bheartais shóisialta chun gníomhaíocht atá i gcomhréir leis na dúshláin sin a áirithiú, ní mór an tacaíocht a bheith ag freagairt go dlúth do na saintréithe náisiúnta agus réigiúnacha freisin. Ní mór foinsí foluiteacha éagothromaíochtaí nó na fadhbanna sóisialta a bheith mar bhonn eolais don tábhacht choibhneasta a thugtar d’infheistíochtaí agus d’athchóirithe laistigh de réimse na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus réimse CSE. Tugann sé sin le tuiscint gur cheart coimircí beartais trí bhíthin díriú téamach a bheith mar thoradh ar idirphlé idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Le híosmhéid CSE, ní mór cothromaíocht a aimsiú freisin idir an leas straitéiseach atá ag an Aontas maidir le hinfheistíocht a dhéanamh ina phobal, agus ar an gcaoi sin i gcáilíocht an tsoláthair saothair agus sa dul chun cinn sóisialta, agus riachtanais infheistíochta freisin a chumhdaítear le cuspóirí sonracha eile a liostaítear in Airteagal 3 den [Rialachán maidir le Pleananna CNR].

(13)Le CSE, ba cheart tacú le fostaíocht, le rochtain chomhionann do chách ar an margadh saothair, le dálaí oibre cothroma agus ar ardchaighdeán agus le soghluaisteacht lucht saothair. Le CSE, ba cheart tacú leis na Ballstáit maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine dífhostaithe agus neamhghníomhacha trí bhíthin cúnamh éifeachtach, tráthúil, comhordaithe agus saincheapthaa bheidh bunaithe ar thacaíocht le haghaidh cuardaigh poist, ar oiliúint, ar uas-sciliú agus athsciliú agus ar rochtain ar sheirbhísí cumasaithe eile, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine i gcásanna leochaileacha agus ar dhaoine a ndéanann an taistriú glas agus an taistriú digiteach nó suaití sa mhargadh saothair difear dóibh, agus orthu siúd is faide ó mhargadh an tsaothair. Ba cheart CSE leanúint de bheith ag díriú ar an dífhostaíocht i measc na hóige agus ar shaincheist na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) trí luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a chosc, agus trí fheabhas struchtúrach a chur ar an aistriú ón scoil go dtí an obair, lena náirítear tríd an Ráthaíocht atreisithe don Aos Óg a chur chun feidhme go hiomlán, rud a thacódh freisin le deiseanna fostaíochta ardcháilíochta don aos óg. Ina theannta sin, ba cheart infheistíocht a bheith á déanamh le CSE i gcónaí i scileanna atá ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach.

(14)Le CSE, ba cheart cur leis an soláthar saothair agus feabhas a chur ar oideachas agus ar oiliúint agus ar shealbhú scileanna ar feadh an tsaoil. Go háirithe, le CSE ba cheart cuidiú le dul chun cinn san oideachas agus san oiliúint agus san aistriú chuig an obair, tacú le foghlaim ar feadh an tsaoil, lena náirítear foghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a tharlaíonn ag gach céim den saol agus den infhostaitheacht, agus cur le hiomaíochas agus le nuálaíocht shochaíoch agus eacnamaíoch trí thacú le tionscnaimh inscálaithe agus inbhuanaithe sna réimsí sin. D’fhéadfaí sin a bhaint amach trí bhíthin foghlaim obairbhunaithe agus printíseachtaí, treoraíocht ar feadh an tsaoil, oirchill scileanna i gcomhar le hearnáil na tionsclaíochta, ábhair oiliúna nua-aimseartha, tuair, rianú céimithe, oiliúint oideachasóirí, bailíochtú torthaí foghlama agus aithint cáilíochtaí, mar shampla.

(15)Le CSE, ba cheart an rochtain ar sheirbhísí a éascú, lena náirítear nuachóiriú, digitiú agus athléimneacht seirbhísí cúraim sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh araon a neartú. Le CSE, ba cheart tacú leis na Ballstáit bearta a chur chun feidhme chun deireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe agus chun comhdheiseanna a áirithiú do chách, agus go háirithe do ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair, chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí a áirithiú. Chun comhdheiseanna agus soghluaisteacht lucht saothair a áirithiú, ní mór seirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta amhail oideachas agus cúram na luath-óige, cúram lasmuigh den scoil, seirbhísí oideachais agus oiliúna, agus cúraim sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh, go háirithe seirbhísí cúraim teaghlaigh agus pobalbhunaithe, a bheith ar fáil. Le CSE, ba cheart a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách, lena náirítear leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, ar sheirbhísí fíor-riachtanacha ar ardchaighdeán. Ba cheart riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, lena náirítear inrochtaineacht, agus maireachtáil neamhspleách, a chur san áireamh i ndáil leis na seirbhísí sin. Le CSE, ba cheart rannchuidiú le nuachóiriú córas cosanta sóisialta d’fhonn iad a dhéanamh níos inrochtana, go háirithe.

(16)Ba cheart tacaíocht trí CSE a úsáid chun comhdheiseanna do chách a chur chun cinn, chun tacú le líontáin sábhála láidre sóisialta, chun cuimsiú sóisialta agus cothroime idirghlúine a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac. Le CSE, ba cheart tacú le hiarrachtaí na mBallstát dul i ngleic leis an mbochtaineacht, lena náirítear trí aghaidh a thabhairt ar dhíth ábharach, d’fhonn timthriall an mhíbhuntáiste ó ghlúin go glúin a bhriseadh agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí chomhionannas deiseanna a áirithiú do chách, aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú agus dul i ngleic le héagothromaíochtaí sláinte. Chuige sin is gá cineálacha éagsúla beartas a chur i bhfeidhm lena ndírítear ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste gan beann ar a naois, lena náirítear leanaí i mbochtaineacht, pobail imeallaithe amhail na Romaigh, agus oibrithe atá bocht agus na daoine is díothaí. Le CSE, ba cheart cuimsiú gníomhach daoine atá i bhfad amach ón margadh saothair a chur chun cinn, d’fhonn a lánpháirtiú socheacnamaíoch a áirithiú. Le CSE freisin, ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine, lena náirítear trí bhíthin bearta coisctheacha agus laghdaithe i gcomhréir le Dearbhú Liospóin 2021. Tá ról tábhachtach ag tacaíocht don nuálaíocht shóisialta maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach agus ba cheart, dá bhrí sin, í a chur chun cinn.

(17)Is luachanna bunúsacha de chuid an Aontais iad prionsabail an daonlathais, an smacht reachta agus cosaint na gceart bunúsach. Is luachanna bunúsacha iad sin do gach uile dhuine, go háirithe dóibh siúd is leochailí. Thairis sin, tá ríthábhacht leo chun CSE a chur chun feidhme go héifeachtach. Dá bhrí sin, le CSE ba cheart tacú freisin leis na luachanna sin a chur chun cinn agus a chur chun feidhme don uile dhuine. Leanfaidh CSE freisin d’aghaidh a thabhairt ar chearta daoine faoi mhíchumas a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Áiritheofar leis comhleanúnachas le hAontas an Chomhionannais freisin agus lena Straitéisí gaolmhara1 arb é is aidhm dóibh idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chomhrac agus áiritheofar leis comhtháthú sóisialta trí shochaithe atá bunaithe ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha an duine agus atá oscailte, daonlathach, comhionann agus cuimsitheach a chothú agus a fhorbairt.

(18)Ceanglaítear le Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Pleananna CNR] go nurramóidh na Ballstáit prionsabail chothrománacha maidir leis na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí a ullmhú agus a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh freisin chun CSE a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun prionsabail chothrománacha a chur chun cinn amhail comhionannas inscne a chur chun cinn agus inrochtaineacht seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú agus daoine faoi mhíchumas a chumasú chun a bheith rannpháirteach go gníomhach.

(19)Chun a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar ghné shóisialta na hEorpa faoi mar a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus go ndíreofar méid leordhóthanach acmhainní orthu sin is mó atá i ngátar, ba cheart do na Ballstáit acmhainní CSE a leithdháileadh ar chothú an chuimsithe shóisialta.

(20)Mar gheall ar an ngá ar leith atá ann tacú le leanaí i mbochtaineacht, ba cheart do na Ballstáit acmhainní CSE a chlársceidealú freisin chun aghaidh a thabhairt ar na bearta faoin Ráthaíocht do Leanaí.

(21)Le CSE, ba cheart rannchuidiú le laghdú na bochtaineachta trí thacaíocht a thabhairt do scéimeanna náisiúnta arb é is aidhm dóibh díth bia agus ábharach a mhaolú agus lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta agus lánpháirtiú na ndaoine is díothaí a chur chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit acmhainní CSE a leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt ar na cineálacha fíorbhochtaineachta lena mbaineann an tionchar is mó ó thaobh eisiamh sóisialta de, amhail easpa dídine agus díth bia agus ábharach.

(22)I bhfianaise leibhéil dífhostaíochta agus neamhghníomhaíochta i measc daoine óga i roinnt Ballstát agus réigiún atá ard i gcónaí, go háirithe na daoine óga sin nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, tá sé riachtanach go leanfaidh na Ballstáit sin de bheith ag infheistiú méid leordhóthanach acmhainní ó CSE i mbearta chun fostaíocht don aos óg a chur chun cinn, go háirithe tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit méid iomchuí acmhainní a leithdháileadh ar an dúshlán sin. Ba cheart do na Ballstáit a ndéanann dífhostaíocht i measc na hóige difear tromchúiseach dóibh acmhainní CSE a leithdháileadh chun tacú le hinfhostaitheacht na hóige.

(23)Braitheann cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE ar dhea-rialachas agus ar chomhpháirtíocht idir na gníomhaithe ar fad ar na leibhéil chríochacha is ábhartha agus na gníomhaithe socheacnamaíocha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach go spreagfadh na Ballstáit rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí shibhialta i gcur chun feidhme CSE. Ba cheart do na Ballstáit a fuair moladh tírshonrach sa réimse sin acmhainní CSE a leithdháileadh chun fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn.

(24)Agus saintréithe agus srianta ar leith na réigiún is forimeallaí á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit bearta a áireamh ina gCaibidil le haghaidh na réigiún is forimeallaí, bearta chun fostaíocht agus soghluaisteacht an lucht saothair a fheabhsú, go háirithe le haghaidh daoine óga, agus bearta chun oideachas agus scileanna agus cuimsiú sóisialta a fheabhsú.

(25)Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, is iad sin feabhas a chur ar éifeachtacht na margaí saothair agus rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus ar oiliúint agus ar cháilíocht an oideachais agus na hoiliúna sin, cuimsiú sóisialta agus an tsláinte a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a laghdú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir iad a baint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

(1)Leagtar síos leis an Rialachán seo coinníollacha sonracha maidir le cur chun feidhme Chiste Sóisialta na hEorpa le haghaidh chlárthréimhse 2028-2034 mar chuid den tacaíocht ón Aontas i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán XX [an Rialachán maidir le Pleananna CNR], agus go háirithe pointí (b) agus (e) de.

(2)Cuirfear an tacaíocht sin ón Aontas ar fáil faoin bPlean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) [...] [Pleananna CNR].

Airteagal 2

Tacaíocht ó CSE

(1)Tacóidh Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán XX [an Rialachán maidir le Pleananna CNR].

(2)Chun críoch mhír 1, beidh an úsáid a bhainfidh na Ballstáit as CSE, chun críocha Airteagal 2, pointe (b) de Rialachán XX [Pleananna CNR], bunaithe ar na treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 148 (2) den Chonradh, a leagtar amach i gCinneadh (AE) xxxx [Treoirlínte do bheartas fostaíochta arna nglacadh ag an gComhairle faoin 1 Eanáir 2027 ar a dhéanaí]. 

Airteagal 4

Nuálaíocht shóisialta

(1)Tabharfar tacaíocht don nuálaíocht shóisialta sna réimsí a thagann faoi raon feidhme CSE, go háirithe chun réitigh nuálacha a thástáil, a mheas agus a uas-scálú, lena náirítear ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shóisialta i gcomhpháirtíocht leis na comhpháirtithe ábhartha agus, go háirithe, le comhpháirtithe sóisialta.

(2)Úsáidfidh an Coimisiún cúnamh teicniúil ar a thionscnamh féin, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Pleananna CNR] chun fothú acmhainneachta le haghaidh na nuálaíochta sóisialta a éascú, go háirithe trí thacú le foghlaim fhrithpháirteach agus comhar trasnáisiúnta, líonraí a bhunú, agus dea-chleachtais agus dea-mhodheolaíochtaí a scaipeadh agus a chur chun cinn.

Airteagal 5

Tacaíocht d’aistriú déimeagrafach

Déanfaidh na Ballstáit agus na réigiúin, i gcás inarb iomchuí, cur chuige comhtháite a leagan amach i gcaibidil thiomnaithe amháin nó níos mó den Phlean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a eascróidh as an aistriú déimeagrafach.

Airteagal 6

Tacaíocht chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábharach

(1)Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábharach trí bhia agus earraí a dháileadh atá i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais.

(2)Is ar bhonn critéir oibiachtúla a bhaineann le riachtanais na ndaoine is díothaí a roghnóidh na Ballstáit agus na tairbhithe an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach. Cuirfear gnéithe a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol san áireamh chomh maith sna critéir roghnúcháin le haghaidh bia agus le haghaidh earraí i gcás inarb iomchuí, chun aistriú glas atá cóir agus cothrom a áirithiú go háirithe d’fhonn cur amú bia agus plaistigh aon úsáide a laghdú. I gcás inarb iomchuí, roghnófar cineál na dtáirgí bia a bheidh le dáileadh tar éis breithniú a dhéanamh ar an dóigh a rannchuideoidh na táirgí sin le haiste bia chothrom a bheith ag na daoine is díothaí. Is féidir an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar go díreach do na daoine is díothaí nó go hindíreach, mar shampla, trí bhíthin dearbháin nó cártaí, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm eile, ar choinníoll nach féidir iad a fhuascailt ach amháin i gcomhair bia agus/nó cúnamh ábharach bunúsach. Beidh tacaíocht do na daoine is díothaí sa bhreis ar aon sochar sóisialta a d’fhéadfadh córais shóisialta náisiúnta a sholáthar nó a d’fhéadfaí a sholáthar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(3)Maidir leis an gcabhair a sholáthraítear faoi chuimsiú na tacaíochta chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábharach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar dínit na ndaoine is díothaí a urramú leis agus go gcoiscfear stiogmatú na ndaoine sin.

(4)Comhlánóidh na Ballstáit soláthar an bhia agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh le bearta tionlacain, amhail tarchuir chuig seirbhísí inniúla nó trí lánpháirtiú sóisialta na ndaoine is díothaí a chur chun cinn.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás nach féidir na bearta sin a sholáthar, mar shampla, i gcás ina gcuirtear an tacaíocht ar fáil mar fhreagairt ar staid éigeandála amhail tubaiste nádúrtha.

(5)Chun críocha an Airteagail sin, ciallaíonn ‘na daoine is díothaí’ daoine nádúrtha, bídís daoine aonair, teaghlaigh, líonta tí nó grúpaí daoine, lena náirítear leanaí i gcásanna leochaileacha agus daoine gan dídean, ar suíodh a ngá le cúnamh de réir na gcritéar oibiachtúil a leag na húdaráis inniúla náisiúnta síos i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, agus coinbhleachtaí leasa á seachaint, agus ar critéir iad a bhféadfaidh gnéithe a bheith iontu lena gceadófar díriú ar na daoine is díothaí i limistéir gheografacha ar leith.

Airteagal 7

Comhpháirtíocht

Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirtíocht fhóinteach na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le tacaíocht a sholáthar le haghaidh beartais fostaíochta ardcháilíochta, oideachais agus scileanna agus cuimsithe shóisialta i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán XX [Pleananna CNR].

Airteagal 8

Coiste arna bhunú faoi Airteagal 163 CFAE

(1)Tabharfaidh an Coiste a bhunófar faoi Airteagal 163 CFAE (‘Coiste CSE’) cúnamh don Choimisiún maidir leis an tacaíocht a sholáthraítear don chuspóir ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (c) [cuspóir sonrach – fostaíocht] de Rialachán XX [Pleananna CNR].

(2)Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí amháin ón rialtas, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na noibrithe, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na bhfostóirí agus ionadaí malartach do gach comhalta ar feadh uastréimhse 7 mbliana. Mura mbeidh an comhalta i láthair, beidh an tionadaí malartach i dteideal páirt a ghlacadh sna himeachtaí go huathoibríoch. Ar an gCoiste beidh ionadaí amháin ó gach eagraíocht freisin lena ndéantar ionadaíocht ar eagraíochtaí na noibrithe agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí ar leibhéal an Aontais.

(3)Féadfaidh an Coiste tuairimí a thabhairt maidir le haon saincheist a bhaineann le cur chun feidhme CSE.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) [...] lena mbunaítear an Plean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí le haghaidh na tréimhse 2028-2034.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

[…]

(1)    Cuir isteach an tagairt foilseacháin
Top