Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0533

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (COP20 CITES) (Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain - an 5 Nollaig 2025)

COM/2025/533 final

An Bhruiséil,24.9.2025

COM(2025) 533 final

2025/0295(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (COP20 CITES)

(Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain - an 5 Nollaig 2025)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiúin maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (COP20 CITES) a bhaineann le glacadh na gcinntí atá beartaithe chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú, chomh maith le nithe eile.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol

Tá sé d’aidhm ag an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (‘an Coinbhinsiún’ nó CITES) ainmhithe agus plandaí fiáine a chosaint ar róshaothrú trí thrádáil idirnáisiúnta. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Iúil 1975.

Is páirtithe sa Choinbhinsiún iad an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit uile 1 .

2.2.Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún

Is í Comhdháil na bPáirtithe comhlacht rialaithe an Choinbhinsiúin, agus é sin arna bhunú faoi Airteagal XI. Tagann Comhdháil na bPáirtithe le chéile gach dara nó tríú bliain chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin. Go sonrach, measann sí agus glacann sí tograí chun na liostaí speiceas atá i bhFoscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. Ina theannta sin, déanann Comhdháil na bPáirtithe doiciméid agus tuarascálacha ó na Páirtithe, ó na coistí buana, ón Rúnaíocht agus ó na meithleacha a mheas, agus molann sí bearta chun an Coinbhinsiúin a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí.

A mhéid is féidir, is trí chomhthoil a dhéanann Comhdháil na bPáirtithe a cinntí faoi thograí chun Foscríbhinní I agus II a leasú. I gcás nach dtagann sí ar chomhthoil, cuirtear na cinntí chun vóta agus is féidir iad a ghlacadh le tromlach dhá thrian de na hionadaithe atá i láthair agus ag vótáil faoi Airteagal XV(1)(b) den Choinbhinsiún. Tá vóta amháin ag gach Páirtí, seachas ag eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta ag a bhfuil, i réimsí a n‑inniúlachta, ‘ceart vótála le líon vótaí atá cothrom le líon a mBallstát atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún’ faoi Airteagal XXI(5). Maidir le cinntí a bhaineann le leasú na bhFoscríbhinní, is é an tAontas a fheidhmíonn cearta vótála, ós rud é go dtrasuitear Foscríbhinní CITES i reachtaíocht ábhartha an Aontais( 2 ) .

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhdháil na bPáirtithe

Ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe ón 24 Samhain go dtí an 5 Nollaig 2025, déanfaidh Comhdháil na bPáirtithe cinneadh maidir le 51 thogra chun Foscríbhinní CITES (‘tograí liostaithe’) a leasú. Is é is cuspóir do speicis nó grúpaí speiceas a chuimsiú sna Foscríbhinní toirmeasc ginearálta (Foscríbhinn I) a chur ar thrádáil tráchtála sna speicis sin nó faireachán agus rialáil a dhéanamh (Foscríbhinn II) uirthi.

Mar chodanna dílse den Choimisiún, tá na Foscríbhinní ceangailteach ó thaobh dlí. Faoi Airteagal XV(1)(c), tagann leasuithe arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe i bhfeidhm 90 lá tar éis dheireadh Chomhdháil na bPáirtithe.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an aontais

Mar Pháirtí sa Choinbhinsiún, tá an tAontas le seasamh a ghlacadh maidir le gach togra liostaithe agus maidir leis na dréachtchinntí iomadúla eile ar chlár oibre Chomhdháil na bPáirtithe. Rinne saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit athbhreithniú ar na tograí liostaithe agus ar na cinntí eile atá beartaithe ó Chomhdháil na bPáirtithe, lena n‑áirítear an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar rialacha agus ar bheartais ábhartha an Aontais. Is ar an bplé sin i measc na saineolaithe atá seasamh an Choimisiúin bunaithe, ar plé é a reáchtáladh i gcomhthéacs ghrúpaí saineolaithe ábhartha an Choimisiúin agus na meithle ábhartha de chuid na Comhairle.

Maidir leis na tograí liostaithe agus maidir le roinnt dréachtchinntí eile ó Chomhdháil na bPáirtithe, is féidir go ndéanfaidh siad difear do rialacha an Aontais nó go ndéanfaidh siad athrú ar raon feidhme na rialacha sin agus is é an chúis is mó atá leis sin go mbeadh leasuithe ar reachtaíocht agus rialacha cur chun feidhme an Aontais i gceist leo. Is gá athruithe ar Fhoscríbhinní an Choinbhinsiún a léiriú in acquis an Aontais, trí athruithe comhfhreagracha ar Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle agus, i gcás inarb ábhartha, ar rialacháin cur chun feidhme. Mar thoradh air sin, leagfar síos nó cuirfear deireadh le srianta ar thrádáil ón Aontas, isteach san Aontas agus laistigh den Aontas maidir leis na speicis a mbaineann na hathruithe sin leo.

Bíonn an Coimisiún i dteagmháil go tráthrialta leis na páirtithe leasmhara a bhfuil leas acu i gcúrsaí a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, ionadaithe na n‑earnálacha gnó a bhíonn i mbun trádáil nó úsáid táirgí fiadhúlra, agus eagraíochtaí sealgaireachta nó iascaireachta. An 22 Iúil 2025, bhí cruinniú comhairliúcháin ag an gCoimisiún le páirtithe leasmhara chun a dtuairimí a fháil ar na saincheisteanna a bhí faoi chaibidil le haghaidh COP20 CITES. Mar ba chuí, chuir an Coimisiún a n‑ionchur san áireamh agus an Cinneadh atá beartaithe ón gComhairle á fhorbairt aige.

Rúnaíocht CITES agus saineolaithe ó eagraíochtaí speisialaithe amhail an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha, an líonra um fhaireachán na trádála i bhfiadhúlra TRAFFIC, agus Painéal Comhairleach Saineolaithe Eagraíocht Bhia agus Thalmhaíochta na Náisiún Aontaithe chun measúnú a dhéanamh ar thograí chun leasú a dhéanamh ar thograí liostaithe speiceas CITES, déanann siad sin anailísí breise ar thograí ó Chomhdháil na bPáirtithe. Ní raibh an chuid is mó de na hanailísí sin ar fáil in am le haghaidh an togra ón gCoimisiún; ba cheart iad uile a mheas ina n‑iomláine nuair a phléifear an togra leis na Ballstáit sa Chomhairle.

Ina theannta sin, ní raibh roinnt de na doiciméid oibre le haghaidh COP20 CITES ar fáil in am le go bhféadfadh an Coimisiún seasamh don Aontas a mholadh. Dá bharr sin, i dtaca leis na seasaimh maidir leis na saincheisteanna sin, molann an Coimisiún go nglacfaí na seasaimh sin le linn an phlé i meitheal na Comhairle de bhun ghlacadh an Chinnidh seo, nó ar bhealach eile le linn na n‑ullmhúchán do chruinniú Chomhdháil na bPáirtithe, nó le linn chruinniú Chomhdháil na bPáirtithe féin i gcás na ndoiciméad nach mbeidh ar fáil go dtí sin.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’( 3 ) .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Chomhdháil na bPáirtithe a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin CITES.

Roinnt de na gníomhartha a iarrtar ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Beidh na Foscríbhinní leasaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta ós rud é gur cuid dhílis den Choinbhinsiúin iad. Beidh cuid de na cinntí eile ó Chomhdháil na bPáirtithe, amhail modhnuithe ar rúin a chomhtháthaítear i reachtaíocht an Aontais, in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 865/2006( 4 ) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ( 5 ) ón gCoimisiún. Is é is cúis leis sin go bhfuil an dá ghníomh ailínithe go dlúth le rialacha ábhartha maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin mar a chinn Comhdháil na bPáirtithe.

Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú aige an tráth céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an chinn eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis dlí chomhfhreagracha éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Leis na cinntí atá beartaithe ó Chomhdháil na bPáirtithe, saothraítear an príomhchuspóir, is é sin cosaint an chomhshaoil.

Tá cuspóir comhshaoil an Choinbhinsiúin soiléir ón mbrollach a ghabhann leis, ina luaitear ‘is cuid thar a bheith luachmhar de chórais nádúrtha an domhain iad flóra agus fána fiáine ina bhfoirmeacha áille agus éagsúla nach mór a chosaint don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht’. Leanann an cinneadh atá beartaithe an aidhm sin. Is é srianadh trádála trí allmhairiú, onnmhairiú agus athonnmhairiú a rialáil an sásra nós imeachta a úsáidtear chun an cuspóir thuasluaite a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní mór a mheas gurb iad cuspóir agus comhpháirteanna an ghnímh atá beartaithe a bhaineann le cosaint an chomhshaoil an príomhchuspóir agus na príomh-chomhpháirteanna, agus go bhfanann comhpháirteanna an bheartais trádála teagmhasach.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de.

2025/0295 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (COP20 CITES)

(Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain - an 5 Nollaig 2025)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (‘an Coinbhinsiún’), coinbhinsiún ar aontaigh an tAontas dó le Cinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle an 6 Márta 2015 ( 6 ), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1975.

(2)De bhun Airteagal XI(3) den Choinbhinsiún, féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe cinntí a ghlacadh chun Foscríbhinní an Choinbhinsiúin a leasú, chomh maith le nithe eile.

(3)Le linn an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe ón 24 Samhain go dtí an 5 Nollaig 2025 in Samarkand na hÚisbéiceastáine, tá sí chun cinneadh a dhéanamh maidir le 51 thogra chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú, chomh maith le go leor ábhar eile a bhaineann le cur chun feidhme agus léirmhíniú an Choinbhinsiúin.

(4)Is gá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe a leagan síos mar beidh na leasuithe ar na Foscríbhinní ina gceangal ar an Aontas. Beidh roinnt cinntí eile, amhail modhnuithe ar rúin a chomhtháthaítear i reachtaíocht an Aontais, in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 865/2006( 7 ) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ( 8 ) ón gCoimisiún.

(5)An seasamh atá beartaithe ag an Aontas a ghlacadh maidir leis na tograí éagsúla atá os comhair Chomhdháil na bPáirtithe, tá sé bunaithe ar anailís shaineolach ar fhiúntas na dtograí sin, agus forálacha an Choinbhinsiúin á gcur san áireamh, de réir na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil, agus ar a chomhsheasmhaí atá na tograí sin le rialacha agus beartais ábhartha an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach sna hIarscríbhinní an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol.

Airteagal 2

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh a leagtar amach in Airteagal 1 gan cinneadh eile ón gComhairle, go háirithe i gcás ina gcuirfear faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua i láthair tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh agus roimh chruinniú Chomhdháil na bPáirtithe nó lena linn. Sna cásanna sin, beidh seasamh an Aontais comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1) ()    Cinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle an 6 Márta 2015 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES), IO L 75, 19.3.2015, lch. 1.
(2) ()    Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil, IO L 61, 3.3.1997, lch. 1, agus gníomhartha cur chun feidhme ábhartha.
(3) ()    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4) ()    Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil.
(5) ()    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha maidir le dearadh ceadanna, deimhnithe agus doiciméad eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún.
(6) ()    IO L 75, 19.3.2015, lch. 1.
(7) ()    Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (IO L 166, 19.6.2006, lch. 1).
(8) ()    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil, lena leagtar síos rialacha maidir le dearadh ceadanna, deimhnithe agus doiciméad eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (IO L 242, 7.9.2012, lch. 13).
Top

An Bhruiséil,24.9.2025

COM(2025) 533 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (COP20 CITES)

(Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain - an 5 Nollaig 2025)


IARSCRÍBHINN I

Seasamh an Aontais maidir leis na buncheisteanna atá le plé ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES)

(Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain – an 5 Nollaig 2025)

A.Breithnithe ginearálta

1.Measann an tAontas gur príomhchoinbhinsiún idirnáisiúnta é an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) le haghaidh chaomhnú na bithéagsúlachta agus in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra.

2.Ba cheart don Aontas seasamh uaillmhianach a ghlacadh don 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe in CITES (COP20), i gcomhréir le beartais ábhartha an Aontais agus le gealltanais idirnáisiúnta, go háirithe na spriocanna a bhaineann leis an bhfiadhúlra faoi Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 15, leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta faoin gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht , le Fís Straitéiseach CITES agus le Rún 79/313 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le dul i ngleic leis an ngáinneáil aindleathach ar fhiadhúlra. Ba cheart do sheasamh an Aontais a bheith ina chuidiú chun na cuspóirí a leagadh amach ar leibhéal an Aontais a bhaint amach trí Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, trí phlean gníomhaíochta athbhreithnithe an Aontais in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra 1 , trí chur chuige an Aontais chun trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus tríd an gComhaontú Glas don Eoraip.

3.Is iad seo a leanas ba cheart a bheith ina dtosaíochtaí ag an Aontas ag COP20 CITES:

·rialáil a dhéanamh ar an trádáil idirnáisiúnta i speicis ainmhithe agus plandaí atá i mbaol agus atá faoi réir leibhéil neamh-inbhuanaithe trádála, agus é sin a dhéanamh trí chur chuige eolaíocht-bhunaithe a shaothrú; agus

·freagairt an phobail idirnáisiúnta ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra a neartú;

4.Ag COP20 CITES, ba cheart don Aontas a áirithiú go n‑urramófar fós stádas agus cearta an Aontais mar Pháirtí sa Choinbhinsiún go hiomlán i gcomhréir lena fhorálacha.

5.Ba cheart a chur san áireamh i seasamh an Aontais an cuidiú is féidir le sásraí CITES a thabhairt chun feabhas a chur ar an stádas caomhantais atá ag speicis, agus ba cheart aitheantas a thabhairt sa seasamh sin don obair atá déanta ag na tíortha sin a bhfuil bearta éifeachtacha caomhantais curtha chun feidhme acu.

6.Tá méadú suntasach tagtha ar an líon liostuithe agus ar chastacht nósanna imeachta CITES chun iad a chur chun feidhme. Ba cheart don Aontas a áirithiú go ndíríonn na cinntí a dhéantar ag COP20 CITES ar shaincheisteanna lárnacha an Choinbhinsiúin. Ba cheart don Aontas a áirithiú go n‑uasmhéadófar éifeachtúlacht CITES leis na cinntí a ghlacfar, trí ualach neamhriachtanach riaracháin a íoslaghdú agus trí réitigh phraiticiúla, chostéifeachtacha, inoibrithe a bhaint amach ar fhadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme, forfheidhmiú agus faireachán.

7.Is é Buanchoiste CITES, arb é príomh-fhochomhlacht Chomhdháil na bPáirtithe, a chuirfidh chun feidhme go leor cinntí a ghlacfar ag COP20 CITES. Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gcomhair COP20 CITES a bheith ina threoir freisin do chur chuige an Aontais ag an 79ú agus an 80ú cruinniú den Bhuanchoiste a reáchtálfar díreach roimh COP20 agus díreach ina dhiaidh.

B.Saincheisteanna sonracha

8.Tá 51 thogra chun Foscríbhinní CITES a leasú curtha síos lena mbreithniú ag COP20 CITES. Is é an tAontas, ina cháil mar phríomh-mholtóir nó mar chómholtóir, a chuir isteach ocht gcinn de na tograí sin agus ba cheart don Aontas tacú le glacadh na dtograí sin ar ndóigh.

9.Ba cheart seasamh an Aontais maidir le gach togra a bheith bunaithe ar stádas caomhantais an speicis lena mbaineann agus ar an tionchar atá nó a d’fhéadfadh a bheith ag trádáil ar stádas an speicis sin. Chuige sin, ba cheart an fhianaise eolaíoch is ábhartha agus is láidre a chur san áireamh i gcomhréir le Rún Comhdhála 9.24 maidir leis na critéir chun Foscríbhinní I agus II a leasú.

10.Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thuairimí na Stát raoin atá ag na speicis a mbaineann na tograí leo. Agus a sheasamh á leagan amach ag an Aontas, ba cheart dó aitheantas a thabhairt do rannchuidiú fíor-riachtanach na ndaoine sin a mhaireann i ndlúthcheangal leis an bhfiadhúlra agus a bhíonn ag brath air dá slite beatha, dá gcleachtais chultúrtha agus dá ngeilleagair áitiúla. Tá a n‑eolas, a maoirseacht agus a rannpháirtíocht dhíreach in úsáid agus i gcaomhnú inbhuanaithe na bithéagsúlachta tábhachtach chun CITES a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun a chuspóirí a bhaint amach.

11.Measann an tAontas gur cheart, mar riail ghinearálta, tacaíocht a thabhairt do thograí chun Foscríbhinní CITES a leasú, i gcás inar tograí iad a tháinig as obair Choistí um Plandaí agus Ainmhithe CITES agus as obair an Bhuanchoiste. Maidir le measúnú na dtograí ag Rúnaíocht CITES agus ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha/TRAFFIC 2 agus, i gcás speicis mhuirí a ndéantar saothrú tráchtála orthu, an t‑ochtú Painéal Comhairleach Saineolaithe tiomnaithe de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta, ba cheart na measúnuithe sin a chur san áireamh freisin ach iad a bheith ar fáil.

12.Mar a aontaíodh i gCinneadh 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025 3 , molann an tAontas iad seo a leanas a chuimsiú:

–Pelophylax epeiroticus, Pelophylax shqipericus, Pelophylax ridibundus agus Pelophylax lessonae (froganna uisce) i bhFoscríbhinn II (moill 18 mí ar theacht i bhfeidhm);

–Anguilla spp. (eascanna fionnuisce) i bhFoscríbhinn II (moill 18 mí ar theacht i bhfeidhm);

–Centrophoridae (siorcanna slogacha) i bhFoscríbhinn II;

–Holothuria lessoni (gaineamhiasc órga) i bhFoscríbhinn II;

–Actinopyga echinites, Actinopyga lecanora, Actinopyga mauritiana, Actinopyga miliaris, Actinopyga palauensis agus Actinopyga varians (súmairí cladaigh) i bhFoscríbhinn II; agus

–Commiphora wightii (Bdellium Indiach) i bhFoscríbhinn II.

Tá cinneadh déanta ag an Aontas freisin comhurraíocht a dhéanamh ar an togra ó Phanama Carcharhinus longimanus (siorc bán aigéanach) a aistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I, agus an togra ón mBrasaíl Galeorhinus galeus (gearrthóir) agus Mustelus spp. (scoirneach) a liostú i bhFoscríbhinn II.

13.I ndáil leis an togra maidir le Anguilla spp. a liostú, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacú le glacadh na mbeart is láidre agus is féidir a dírítear ar Anguilla anguilla (eascann Eorpach) agus speicis eile den ghéineas Anguilla a chosaint ar laghdú breise mar gheall ar thrádáil neamh-inbhuanaithe, agus comhlántachtaí agus sineirgí idir na bearta éagsúla atá á mbreithniú ag Comhdháil na bPáirtithe á gcur san áireamh.

14.Tugann an tAontas dá aire go mbaineann líon mór tograí liostaithe arna gcur isteach ag Páirtithe le speicis eindéimeacha, atá an‑leochaileach mar gheall ar a ndáileadh geografach teoranta agus mar geall gur minc a bhíonn méideanna a bpobal beag. Agus aitheantas á thabhairt aige do na dúshláin mhéadaithe chaomhnaithe atá roimh na speicis sin, tacaíonn an tAontas le speicis den sórt sin a áireamh i bhFoscríbhinní CITES a mhéid is féidir, i gcás ina bhfuil na tograí i gcomhréir le critéir liostaithe CITES agus le cur chuige an réamhchúraim.

15.Ba cheart seasamh an Aontais maidir le tograí a bhaineann le gáinneáil ar fhiadhúlra a bheith ina léiriú ar chur chuige cuimsitheach an Aontais i leith gáinneáil ar fhiadhúlra a chosc trí aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá léi, trí chreataí dlíthiúla agus beartais a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra, trí na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtach, agus trí chomhpháirtíochtaí domhanda a chothú chun aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra, mar a leagtar amach i bplean gníomhaíochta athbhreithnithe an Aontais in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra.

16.Ba cheart don Aontas tionscnaimh a spreagadh freisin a chuidíonn le hacmhainneachtaí na n‑údarás ábhartha a mhéadú agus faisnéis agus dea-chleachtais a chomhroinnt, chun CITES a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus chun feabhas a chur ar an gcomhar idir tíortha foinseacha, tíortha idirthurais agus tíortha cinn scríbe.

17.Tugann an tAontas dá aire go bhfuil roinnt tograí maidir le trádáil in eabhar eilifinte agus in adharc srónbheannach curtha síos ag roinnt Páirtithe. Measann an tAontas nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hathúdarú na trádála sin agus ní thacaíonn sé le tograí go n‑athosclódh COP20 an trádáil sin. Maidir le margaí intíre, ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le bearta comhréireacha agus éifeachtacha, laistigh de raon feidhme an Choinbhinsiúin, atá bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil.

18.Tugann an tAontas dá aire go bhfuil méadú mór tagtha ar mhéid agus ar chastacht na ngníomhaíochtaí faoin gCoinbhinsiún mar gheall ar leathnú CITES chun speicis bhreise a chur san áireamh, rud a chuireann éilimh mhéadaitheacha ar Rúnaíocht, ar choistí agus ar Pháirtithe CITES. An tráth céanna, níor fhan an cistiú cos ar chos leis an ualach oibre méadaithe sin. Ba cheart don Aontas na forbairtí sin a chur san áireamh go cuí agus a thosaíochtaí do COP20 á gcinneadh aige agus sa phlé ar bhuiséad Rúnaíocht CITES amach anseo.

Top

An Bhruiséil,24.9.2025

COM(2025) 533 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (COP20 CITES)







(Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain - an 5 Nollaig 2025)


IARSCRÍBHINN 2

Seasamh an Aontais maidir le tograí áirithe a cuireadh faoi bhráid an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES)

(Samarkand na hÚisbéiceastáine, an 24 Samhain – an 5 Nollaig 2025)

‘+’

comhartha lena léirítear go bhfuil tacaíocht le tabhairt

‘–’

comhartha lena léirítear nach bhfuil tacaíocht le tabhairt

‘(0)’

comhartha lena léirítear go bhfuil seasamh oscailte á ghlacadh mar gheall ar easpa faisnéis leordhóthanach chun seasamh a ghlacadh

‘(+)’

comhartha lena léirítear go bhfuil tacaíocht le tabhairt, ach go mbraitheann sé sin ar fhaisnéis bhreise a bheith ar fáil agus/nó ar leasuithe ar an togra

‘(-)’

comhartha lena léirítear nach bhfuil tacaíocht le tabhairt, a athbhreithneofar má chuirtear fianaise thacaíochta bhreise ar fáil agus/nó má dhéantar leasú mór ar an togra

1.Doiciméid Oibre

Uimhir

Mír ar an gclár oibre

Togróir 1

Barúlacha

Seasamh

Searmanas oscailte

Gan doiciméad

Aithisc fáilte

Gan doiciméad

Ábhair maidir le riarachán agus airgeadas

1.

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an chruinnithe agus Cathaoirligh Choistí I agus II a thoghadh

Gan doiciméad

2.

An clár oibre a ghlacadh

COP20 Doic. 2

An Rúnaíocht

3.

An plean oibre a ghlacadh

4.

Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe

An tacaíocht a mholtar

leasuithe ar Riail 25.6 agus ar an dréachtchinneadh chun leanúint den phlé ar an gcur chuige céim ar chéim.

+

5.

An Coiste um Dhintiúir

5.1

An Coiste um Dhintiúir a bhunú 

Gan doiciméad

5.2

Tuarascáil ón gCoiste um Dhintiúir 

Gan doiciméad

6.

Breathnóirí a ligean isteach

7.

Riarachán, maoiniú agus buiséad na Rúnaíochta agus chruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe

7.1

Riarachán na Rúnaíochta

An Rúnaíocht

7.2

Tuarascáil ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin UNEP maidir le cúrsaí riaracháin agus eile

UNEP

7.3

Tuarascálacha airgeadais le haghaidh 2023-2025 

7.4

Buiséad agus plean oibre le haghaidh 2026 go 2028

7.5

Socruithe le haghaidh chruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe

8.

Téarmaí tagartha an Fhochoiste Airgeadais agus Buiséid
COP20 Doic.8

BC

9.

Saincheisteanna oibríochtúla atá ag teacht chun cinn maidir leis na Coistí COP20 Doic. 9

BC

Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 18.2 agus le scriosadh Chinntí 19.1 go 19.3.

+

10.

Rochtain ar chistiú

11.

Tionscadal na dtoscairí urraithe

COP20 Doic. 11

Rúnaíocht i gcomhairle le BC

Tacú leis na dréachtchinntí a bhaineann le critéir roghnúcháin don chlár agus tacaíocht airgeadais do Pháirtithe is tíortha i mbéal forbartha atá faoi réir phróiseas Airteagal XIII.

+

Ábhair straitéiseacha

12.

Tuarascálacha agus moltaí ón gCoiste

12.1

An Buanchoiste

12.1.1

Tuarascáil ón gCathaoirleach 
COP20 Doic. 12.1.1

BC

Níl gá le haon chinneadh

12.1.2

Comhaltaí réigiúnacha nua agus comhaltaí réigiúnacha malartacha a thoghadh

Gan doiciméad

12.2

An Coiste um Ainmhithe

12.2.1

Tuarascáil ón gCathaoirleach

COP20 Doic. 12.2.1

CA

Níl gá le haon chinneadh

12.2.2

Comhaltaí réigiúnacha nua agus comhaltaí réigiúnacha malartacha a thoghadh

Gan doiciméad

12.3

An Coiste um Plandaí

12.3.1

Tuarascáil ón gCathaoirleach 
COP20 Doic. 12.3.1

CP

Níl gá le haon chinneadh

12.3.2

Comhaltaí réigiúnacha nua agus comhaltaí réigiúnacha malartacha a thoghadh

Gan doiciméad

13.

Fís Straitéiseach CITES
COP20 Doic. 13

BC

Tacú leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 16.4 agus 18.3 agus le scriosadh Chinntí 19.11 go 19.13.

Iarratas a dhéanamh chun síneadh a chur le cinneadh 19.14 chun táscaire breise níos tábhachtaí a shainaithint. Tagairtí comhsheasmhacha a chur le comhaontú BBNJ.

(+)

14.

Obair agus éifeachtúlacht an Choinbhinsiúin a fheabhsú trí na buanchoistí COP20 Doic. 14

BC, CA, CP

Tacú le meitheal idirsheisiúnach a bhunú chun tosaíocht a thabhairt d’obair na gcoistí.

+

15.

Ról CITES maidir leis an riosca a laghdú go dtiocfaidh galair zónóiseacha chun cinn amach anseo, ar riosca é a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta fiadhúlra

15.1

Tuarascáil ón mBuanchoiste COP20 Doic. 15.1

BC 

Tacú leis na dréachtchinntí agus roinnt modhnuithe ar Chinneadh 20.BB a mholadh an tráth céanna chun obair CA a mhaolú.

(+)

15.2

Aon Sláinte Amháin agus CITES: Rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a bhaineann le trádáil i speicis atá liostaithe ag CITES a laghdú COP20 Doic. 15.2

an tSeineagáil 

Gan tacú leis an dréachtrún, a théann níos faide ná sainordú CITES.

-

16.

Comhar

16.1

Comhar le Comhaontuithe Comhshaoil Iltaobhacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile
COP20 Doic.16.1

BC 

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 16.4 agus ar dhréachtchinntí. Mar sin féin, aithris nua a mholadh ina dtagraítear do chomhaontú BBNJ.

(+)

16.2

Comhar leis an Straitéis Dhomhanda um Chaomhnú Plandaí 
COP20 Doic. 16,2

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 16.5 agus le scriosadh Chinntí 19.22 agus 19.23.

+

16.3

An Tionscnamh Comhpháirteach CITES-CSI Tionscnamh um Fheoiliteoirí Afracacha 
COP20 Doic. 16,3

CA i gcomhairle le BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar na cinntí ábhartha agus cinntí nua a ghlacadh.

+

16.4

An Cuibhreannas Idirnáisiúnta um 
Choireacht Fiadhúlra a Chomhrac 
COP20 Doic. 16,4

An Rúnaíocht

Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus le scriosadh Chinntí 19.26 agus 19.27.

+

16.5

Comhar leis an Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais
COP20 Doic. 16.5

BC

Tacú leis na dréachtchinntí atá beartaithe agus le scriosadh Chinntí 19.28 agus 19.29.

+

17.

Tuarascáil maidir leis an Trádáil Dhomhanda i bhFiadhúlra
COP20 Doic. 17

BC

Tacú leis na dréachtchinntí agus roinnt mionathruithe ar mhaithe le soiléireacht a mholadh an tráth céanna.

+

18.

CITES agus foraoisí 
COP20 Doic. 18

Rúnaíocht i gcomhairle le BC

Ní raibh an doiciméad ar fáil in am le haghaidh anailíse

19.

Straitéis teanga don Choinbhinsiún
COP20 Doic.19

BC

Tacú leis an ngníomh atá beartaithe agus le leasuithe ar Chinntí 19.38 agus 19.39.

+

Fothú acmhainneachta

20.

Creat fothaithe acmhainneachta

COP20 Doic. 20

BC

Tacú leis na leasuithe ar na cinntí ábhartha.

+

21.

Clár Cúnaimh maidir le Comhlíontacht 
COP20 Doic. 21

BC

Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus Cinntí 19.44 go 19.46 a scriosadh.

+

22.

Athbhreithniú uile-tíre ar Thrádáil Mhór 
COP20 Doic. 22

BC

Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus Cinntí 19.47 agus 19.48 a scriosadh.

+

23.

Clár um speicis crann CITES

COP20 Doic. 23

An Rúnaíocht

Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus Cinntí 19.49 agus 19.50 a scriosadh.

+

CITES agus daoine

24.

Lá Domhanda an Fhiadhúlra de chuid na Náisiún Aontaithe 

COP20 Doic. 24

An Rúnaíocht

Níl gá le haon chinneadh

25.

Plean gníomhaíochta CITES maidir le hinscne 
COP20 Doic. 25

BC

Tacú le hathnuachan na gcinntí agus leis an leasú atá beartaithe ar Chinneadh 19.52.

+

26.

Líonra Domhanda Óige CITES
COP20 Doic. 26

An Afraic Theas, Cósta Ríce, Cuáit, Gána, na hOileáin Fhilipíneacha, An tSín, Singeapór

an tSaimbia, an tSiombáib, an tSúdáin

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 17.5.

+

27.

Rannpháirteachas na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil 
COP20 Doic. 27

BC

Tacú le moltaí b)–d)

Maidir le moladh a), tá breithnithe téarmaíochta casta agus is fiú tuilleadh plé a dhéanamh orthu agus an gá atá le sainordú sonrach CITES a léiriú.

Fáilte a chur roimh an treoir neamhcheangailteach mar bhonn maith chun tuilleadh plé a dhéanamh, agus é á chur i dtábhacht gur fearr aghaidh a thabhairt ar an rannpháirteachas sin ar an leibhéal náisiúnta.

(+)

28.

Dréachtrún maidir le Fochoiste comhairleach den Bhuanchoiste um Dhaoine atá ag Maireachtáil in éineacht le speicis Flóra agus Fána a chruthú a áirítear i bhFoscríbhinní CITES, Ciste Saorálach gaolmhar, agus a nósanna imeachta 
COP20 Doic. 28

an tSiombáib

Gan tacú le bunú an fhochoiste atá beartaithe.

-

29.

Slite Beatha

29.1

Tuarascáil ón mBuanchoiste 
COP20 Doic. 29,1

BC

Tacú leis an méid atá beartaithe a scriosadh i Rún Comhdhála 16.6; gan tacú leis an tagairt do na sé straitéis; tacú go coinníollach le gnéithe áirithe de dhréachtchinntí áirithe le leasuithe chun ailíniú le sainordú CITES; tacú le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme.

(-)

29.2

Doiciméad ón tSaimbia 
COP20 Doic. 29,2

an tSaimbia

Gan tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 16.6; tacú le scaipeadh na treorach gan an Rún a athoscailt, b’fhéidir.

(-)

30.

Cearta an duine, slite beatha agus slándáil bia a chomhtháthú i gcur chun feidhme CITES 
COP20 Doic. 30

an tSiombáib

Gan tacú leis an rún atá beartaithe, a théann thar shainordú CITES.

-

31.

Laghdú ar éileamh chun trádáil neamhdhleathach a chomhrac 
COP20 Doic. 31

BC

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh Chinntí 19.55 go 19.57.

+

Rúin agus Cinntí atá déanta cheana

32.

Athbhreithniú ar Rúin 
COP20 Doic. 32 

An Rúnaíocht

Tacú leis na leasuithe ar na Rúin ábhartha agus ar an dréachtchinneadh.

+

33.

Athbhreithniú ar Chinntí 
COP20 Doic. 33

An Rúnaíocht

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar an Rún ábhartha, na cinntí a cuireadh chun feidhme a scriosadh agus Cinneadh 17.256 a choinneáil ar bun.

+

Comhlíontacht

34.

Dlíthe náisiúnta lena gcuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme

COP20 Doic. 34

An Rúnaíocht

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh Chinntí 19.58 go 19.62.

Tacú leis an iarraidh ar an Rúnaíocht an dréacht‑treoir maidir le himthosca eisceachtúla a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin CITES.

+

35.

Ábhair maidir le comhlíontacht

35.1

Cur chun feidhme Airteagal XIII agus Rún Comhdhála 14.3 (Ath. COP19) maidir le nósanna imeachta um chomhlíontacht CITES 
COP20 Doic. 35,2

Ní raibh an doiciméad ar fáil in am le haghaidh anailíse

35.2

Athbhreithniú ar Phróiseas na bPleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le hEabhar 
COP20 Doic. 35,2

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 10.10 agus leis an gcinneadh nua atá beartaithe. Tacú le scriosadh Chinntí 19.68 go 19.70.

+

35.3

Tótuába (Totoaba macdonaldi) 
COP20 Doic. 35,3

An Rúnaíocht

Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Moladh a chur isteach chun amharcshuirbhé bliantúil a dhéanamh ar mhuc mhara na Murascaille.

(+)

36.

Athbhreithniú ar fhorálacha Rún Comhdhála 17.7 (Ath. COP19) maidir le hAthbhreithniú ar thrádáil in eiseamail ainmhithe a tuairiscítear mar eiseamail a táirgeadh i mbraighdeanas 
COP20 Doic. 36

BC

Tacú leis an gcinneadh atá beartaithe agus leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 17.7. Tacú le scriosadh Chinntí 19.63 go 19.65.

+

37.

Seilbh eiseamal speiceas atá san áireamh i bhFoscríbhinn I 
COP20 Doic. 37

BC.

Gan tacú le moltaí a) agus b) toisc go bhfuil siad contrártha d’Airteagal VIII den Choinbhinsiún.

Tacú le moltaí c) (leasuithe ar Rún Comhdhála 8.4) agus d) (scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme).

(+)

Trádáil agus forfheidhmiú neamhdhleathach

38.

Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 11.3 (Ath. COP19) maidir le Comhlíontacht agus forfheidhmiú 
COP20 Doic. 38

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 11.13 agus le scriosadh an chinnidh a cuireadh chun feidhme.

+

39.

Cúrsaí forfheidhmithe

COP20 Doic. 39

An Rúnaíocht

Tacú go ginearálta leis na moltaí. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh measúnaithe i bhfianaise an réimse leathain ábhar a chumhdaítear leis an doiciméad.

(+)

40.

Tacaíocht don fhorfheidhmiú i ndáil le coireacht fiadhúlra san Afraic Thiar agus Láir

COP20 Doic. 40

BC

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

41.

Tascfhórsa CITES um Chait Mhóra
COP20 Doic. 41

BC

Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus le scriosadh Chinntí 19.92 agus 19.93.

+

42.

Cur chun feidhme na moltaí tosaíochta ón athbhreithniú ar Chlár ETIS 
COP20 Doic. 42

BC

Tacú le hathnuachan na gcinntí ábhartha agus le glacadh an chinnidh atá beartaithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh gá a bheith le modhnú áirithe chun cur chuige comhleanúnach a áirithiú i leith na ndoiciméad uile a bhaineann le ETIS, lena n‑áirítear modhnú maidir leis an tionchar a bheadh ann mura n‑áireofaí sonraí gan réiteach.

(+)

43.

Aicmiú ETIS na bPáirtithe 
COP20 Doic. 43

BC

Tacú le glacadh na gcritéar atá le húsáid i gCéim 1 mír a) de na Treoirlínte do Phróiseas NIAP. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le mionchoigeartú breise ar na critéir agus ar an soiléiriú. Ina theannta sin, a shoiléiriú gur cheart faisnéis chomhthéacsúil a úsáid freisin mar chuid den phróiseas catagóirithe.

(+)

44.

Urghabhálacha eabhair agus margaí eabhair intíre 
COP20 Doic. 44

BC

Tacú le scriosadh na gcinntí ábhartha.

+

45.

Trádáil neamhdhleathach i síotaí (Acinonyx jubatus)

COP20 Doic. 45

BC

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

46.

Turtair mhara (Cheloniidae spp. agus Dermochelyidae spp.)
COP20 Doic. 46

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 19.5, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt modhnuithe.

Tacú le scriosadh an chinnidh a cuireadh chun feidhme.

(+)

47.

Toirtísí agus turtair fionnuisce (Testudines spp.)

47.1

Tuarascáil ón mBuanchoiste agus ón Rúnaíocht 
COP20 Doic. 47,1

Ní raibh an doiciméad ar fáil in am le haghaidh anailíse

47.2

Trádáil i dtoirtísí agus i dturtair fionnuisce ó Mhadagascar 
COP20 Doic. 47,2

AE

Doiciméad a chuir an tAontas Eorpach isteach

+

Rialáil na trádála

48.

Togra chun Rún Comhdhála 12.3 (Ath. COP19) a leasú 
COP20 Doic. 48

Gan tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 12.3. Chruthófaí nósanna imeachta troma breise leis na leasuithe atá beartaithe agus dhéanfaí difear do chearta na bpáirtithe chun bearta intíre níos déine a bhunú.

-

49.

Cinntí fála dlíthiúla 
COP20 Doic. 49

An Rúnaíocht arna iarraidh sin ag BC

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe agus na leasuithe ar Iarscríbhinní 1 agus 3 a ghabhann le Rún Comhdhála 18.7. Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Is gá athruithe a dhéanamh ar an dréacht‑treoir.

(+)

50.

Cinntí Neamhdhíobhála 
COP20 Doic. 50

CA, CP

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

51.

Cinntí neamhdhíobhála maidir le heiseamail de speicis Fhoscríbhinn II a thógtar ó limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta 
COP20 Doic. 51

BC

Tacú le glacadh na ndréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

52.

Tabhairt isteach ón bhfarraige 
COP20 Doic. 52

BC

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe seachas 20BB (athruithe ar Rún Comhdhála 14.6), lena n‑éilítear anailís bhreise.

Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

(+)

53.

Ábhair chun eiseamail de speicis atá liostaithe ag CITES a shainaithint 
COP20 Doic. 53

CA, CP

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

54.

Adhmad agus táirgí adhmaid eile a shainaithint 
COP20 Doic. 54

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar na cinntí ábhartha.

+

55.

Cóid chun críche idirbhirt 
COP20 Doic. 55

BC

Tacú leis an sainordú atá beartaithe ach gan tacú leis an sainmhíniú atá beartaithe ar chód ‘P’.

(-)

56.

Córais leictreonacha agus teicneolaíochtaí faisnéise agus fíordheimhniú agus rialú ceadanna 

56.1

Tuarascáil ón mBuanchoiste

COP20 Doic. 56,1

BC

Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

56.2

Samhail de mhol chun ceadanna CITES a mhalartú 
COP20 Doic. 56,2

Ríocht Aontaithe na Breataine Móire, Tuaisceart Éireann, an Eilvéis

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar na cinntí. A áirithiú go gcuirtear san áireamh sa mheasúnú ar indéantacht agus ar roghanna a úsáideann múnla moil na moil réigiúnacha atá ann cheana nó na moil sin a bheidh ann sula bhféadfadh mol domhanda CITES a bheith i bhfeidhm.

+

57.

Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 8.13 (Ath. COP17) ar Úsáid ionchlannán micrishliseanna códaithe chun ainmhithe beo a mharcáil i dtrádáil 
COP20 Doic. 57

BC

Tacú leis na cinntí atá beartaithe.

+

58.

Measúnú agus anailís riosca maidir le rialú teorann maidir le speicis atá liostaithe ag CITES 
COP20 Doic. 58

BC

Tacú le hathnuachan na gcinntí ábhartha.

+

59.

Stoic agus stoc-chairn 
COP20 Doic. 59

BC

Tacú leis na cinntí agus na leasuithe atá beartaithe ar na Rúin ábhartha.

Gan tacú leis an dréacht‑shainmhíniú ar ‘stoc-chairn’ ach amháin má bhaintear an tagairt ‘stóráilte go dlíthiúil’.

(-)

60.

Eiseamail bheo a iompar 
COP20 Doic. 60

BC

Tacú le glacadh an chinnidh atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

61.

Gluaiseacht mhear samplaí diagnóiseacha fiadhúlra agus uirlisí ceoil 
COP20 Doic. 61

BC

Tacú leis na cinntí atá beartaithe ach a áirithiú go mbeidh a gcur chun feidhme ag brath ar acmhainní a bheith ar fáil. Tacú le scriosadh Chinneadh 19.160.

(+)

62.

Eiseamail a tháirgtear trí bhíthin na bith-theicneolaíochta 
COP20 Doic. 62

BC

Tacú le hathnuachan na gcinntí ábhartha.

+

63.

Sainmhíniú ar an téarma ‘cinn scríbe iomchuí agus inghlactha’ 
COP20 Doic. 63

BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA

Tacú le hathnuachan na gcinntí ábhartha.

+

64.

Eiseamail choigistithe a dhiúscairt

64.1

Tuarascáil ón mBuanchoiste

COP20 Doic. 64,1

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 17.8 agus leis na cinntí ábhartha a choinneáil ar bun chomh maith le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

64.2

Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 17.8 (Ath. COP19) a leasú 
COP20 Doic. 64,2

an Chéinia

Níor cheart tacú leis an togra mar atá sé faoi láthair. Is gá anailís agus plé cúramach a dhéanamh ar an togra maidir le téarmaíocht agus aistriú ainmhithe chuig institiúidí taighde araon, agus ní dócha go mbeidh sé sin indéanta ag COP20. 

(-)

64.3

Clár deonach de shaoráidí socrúcháin le haghaidh eiseamail bheo choigistithe 
COP20 Doic. 64,3

An Nigéir agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

Is gá tuilleadh anailíse a dhéanamh ar an togra maidir le breisluach agus costais an chláir dheonaigh atá beartaithe (lena n‑áirítear na hacmhainní is gá chun é a choinneáil ar bun).

0

65.

Córas lipéadaithe le haghaidh trádáil i gcaibheár 
COP20 Doic. 65

BC

Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

66.

Trádáil i gcoiréalaigh chlochacha

66.1

Tuarascáil ón mBuanchoiste

COP20 Doic. 66,1

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 11.10 agus Rún Comhdhála 9.6.

Rannpháirtíocht CA a mholadh maidir le Cinneadh 19.178 atá dírithe ar BC.

A mholadh gur cheart machnamh a dhéanamh ag COP20 ar aonad tuairiscithe breise a chur san áireamh chun an líon coiréalach beo aonair a ghabháil, ach freisin chun méid na gcoiréalach beo aonair a ghabháil.

(+)

66.2

Trádáil i gcoiréalaigh chlochacha a táirgeadh go héighnéasach 
COP20 Doic. 66,2

an Astráil

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 11.10 (Ath. COP15), lena n‑áirítear sainmhínithe nua ar choiréalach a táirgeadh go héighnéasach a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas.

+

Díolúintí agus forálacha speisialta maidir leis an trádáil

67.

Athbhreithniú ar fhorálacha CITES a bhaineann le trádáil in eiseamail ainmhithe agus plandaí nach den fhiadhúlra iad

67.1

Tuarascáil ón mBuanchoiste 
COP20 Doic. 67,1

BC

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

67.2

Breithnithe agus moltaí maidir le speicis uisceacha a thógáil 
COP20 Doic. 67,2

Meicsiceo, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

Tacú leis na cinntí atá beartaithe. Mar sin féin, ba cheart raon feidhme na hoibre ar an tsaincheist sin a leathnú thar speicis uisceacha.

(+)

68.

Athbhreithniú ar Rún Comhdhála 12.10 (Ath. COP15) maidir le Clárú oibríochtaí lena ndéantar speicis ainmhithe i bhFoscríbhinn I a phórú i mbraighdeanas chun críoch tráchtála 
COP20 Doic. 68

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 12.10 agus roinnt leasuithe á moladh ar mhaithe le soiléireacht agus chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an bplé a rinneadh ag BC agus ag CA. Tacú le scriosadh an chinnidh a cuireadh chun feidhme.

(+)

69.

Treoir maidir leis an téarma ‘a iomadaíodh go saorga’ 
COP20 Doic. 69

CP

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

70.

Deimhnithe fíteashláintíochta a úsáid mar dheimhnithe iomadaithe saorga 
COP20 Doic. 70

Cathaoirleach BC i gcomhairle le Cathaoirleach CP agus leis an Rúnaíocht

Tacú leis an dréachtchinneadh.

+

Caomhnú agus trádáil speiceas

71.

Measúnú ar speicis atá liostaithe i bhFoscríbhinn I 
COP20 Doic. 71 

CA, CP

Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

72.

Faisnéis a shainaithint maidir le speicis atá i mbaol a ndíothaithe a ndéanann an trádáil idirnáisiúnta difear dóibh 
COP20 Doic. 72

BC

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

73.

Trádáil i speicis eindéimeacha 
COP20 Doic. 73

An Bhrasaíl agus Eacuadór

Ní féidir tacú leis an doiciméad mura n‑athraítear go substaintiúil é. Is gá mionanailís a dhéanamh ar an ngá atá leis na bearta, ar an mbreisluach a bhaineann leo agus ar chumas na bPáirtithe na bearta a chur chun feidhme.

(-)

Fána

74.

Bultúir Iar-Afracacha (Accipitridae spp.) 
COP20 Doic. 74

BC

Tacú le glacadh na gcinntí athbhreithnithe.

+

75.

Amfaibiaigh a chaomhnú (Amphibia spp.) 
COP20 Doic. 75

CA i gcomhairle le Cathaoirleach BC

Tacú leis na cinntí atá beartaithe, agus Cinneadh 20.BB (b) (tábla na bhfachtóirí coinbhéartachta a fhorbairt) a eisiamh, b’fhéidir, mar chinneadh nach bhfuil fíor-riachtanach.

(+)

76.

Eilifintí (Elephantidae spp.)

76.1

Cur chun feidhme Rún Comhdhála 10.10 (Ath. COP19) maidir le Trádáil in eiseamail eilifinte

COP20 Doic. 76,1

BC

Tacú le formhór na moltaí sa doiciméad. A áirithiú, áfach, go bhfuil glao ann chun cistiú comhsheasmhach a áirithiú do ETIS.

(+)

76.2

Gnéithe de Rún Comhdhála 10.10 (Ath. COP19) maidir le dúnadh margaí intíre eabhair a chur chun feidhme 
COP20 Doic. 76,2

An Aetóip, Buircíne Fasó, an Nígir agus an tSeineagáil

D’fhéadfaí tacú le cuid de na tograí, go háirithe na hathbhreithnithe ar na cinntí maidir le margaí intíre eabhair a dhúnadh. Mar sin féin, is cosúil nach gcuirtear san áireamh sna cinntí a dhírítear chuig na Páirtithe ach na Páirtithe a d’fhreagair an Fógra ábhartha. An seasamh atá le breithniú i ndáil le pointí ábhartha eile ar an gclár oibre. Ina theannta sin, ní mór meastóireacht a dhéanamh ar an modheolaíocht a úsáidtear chun sonraí ETIS a léirmhíniú.

(-)

76.3

Stoic eabhair agus stoc-chairn eabhair

COP20 Doic. 76.3

An Aetóip, Buircíne Fasó, an Chéinia, an Nigéir, an Nígir, agus an tSeineagáil

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 10.10.

Maidir le Cinneadh 18.184, an tionchar ar ualach oibre na Rúnaíochta a mheas.

Maidir le Cinneadh 18.156, a mheas nár cheart gurb iad na Stáit raoin agus na páirtithe a bhfuil urghabhálacha eabhair acu na stáit agus na páirtithe amháin chun dlús a chur lena n‑iarrachtaí.

Comhsheasmhacht a áirithiú leis na cinntí atá le glacadh faoi phointe 76.1 ar an gclár oibre.

(-)

76.4

Tuarascáil ar an bhFaireachán ar Mharú Neamhdhleathach Eilifintí

COP20 Doic. 76,4

An Rúnaíocht

Níl gá le haon chinneadh

76.5

Tuarascáil ar an gCóras Faisnéise um Thrádáil Eilifintí 
COP20 Doic. 76,5

Níorbh fhéidir measúnú a dhéanamh ag an gcéim seo mar gheall ar fhoilsiú déanach agus castacht an doiciméid

76.6

Torthaí an chruinnithe idirphlé maidir le heilifintí na hAfraice

COP20 Doic. 76,6

BC

Tacú le scriosadh Chinntí 19.167 agus 19.168 agus fáilte a chur roimh thoradh an Chruinnithe Idirphlé.

Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus atá comhaontaithe ag formhór na Stát raoin. A áirithiú go ndéanfar na cinntí maidir le pointí 44, 76.6 agus 76.7 ar an gclár oibre a ailíniú.

(+)

76.7

Maoiniú inbhuanaithe do chaomhnú agus do bhainistiú eilifintí na hAfraice

COP20 Doic. 76,7

an tSiombáib

Beidh an seasamh ag brath ar thuairimí Stát raoin eile. A áirithiú go n‑ailínítear an seasamh leis an seasamh i bpointe 76.6.

0

77.

Cait mhóra na hÁise (Felidae spp.)

77.1

Cur chun feidhme Rún Comhdhála 12.5 (Ath. COP19) maidir le caomhnú tíogar agus trádáil i dtíogair mar aon le speicis eile de chait mhóra na hÁise atá faoi Fhoscríbhinn I 
COP20 Doic. 77,1

An Rúnaíocht

Tacú le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme.

+

77.2

Cait mhóra na hÁise i mbraighdeanas

COP20 Doic. 77 2

BC

Tacú go ginearálta leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme. Mar sin féin, leasuithe ar Chinneadh 22.AA (f) a mholadh chun tagairt do scriosadh conablach a chur san áireamh ag an deireadh.

Machnamh a dhéanamh ar thagairt a chur isteach don chinneadh nua atá beartaithe maidir le trádáil neamhdhleathach i gcait mhóra (20.AA faoi dhoic. 41) chun doiciméad deiridh Thascfhórsa CITES um Chait Mhóra a chur chun feidhme ina iomláine. Machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun soiléiriú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le huimhreacha ‘móra’ i gcomhthéacs na gcinntí.

A áirithiú go léireofar moltaí ó BC77 sna dréachtchinntí (nó i ndoiciméid toraidh an Tascfhórsa um Chait Mhóra - féach pointe 41 ar an gclár oibre).

(+)

78.

Ápaí móra (Hominidae spp.)

78.1

Tuarascáil ón
m
Buanchoiste

COP20 Doic. 78,1

BC

Níl gá le haon chinneadh

78.2

Caomhnú ápaí móra beo agus trádáil in ápaí móra beo 
COP20 Doic. 78,2

Uganda

Tacú leis na cinntí atá beartaithe.

+

79.

Pangailiní (Manis spp.)

79.1

Cur chun feidhme Rún Comhdhála 17.10 (Ath. COP19) maidir le Caomhnú pangailiní agus trádáil i bpangailiní

COP20 Doic. 79,1

Ní raibh an doiciméad ar fáil in am le haghaidh anailíse

79.2

Tuarascáil ar Chinntí 18.238, 18.239 & 19.200 go 19.204 
COP20 Doic. 79,2

BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA agus leis an Rúnaíocht

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

80.

Leoin Afracacha (Panthera leo)

COP20 Doic. 80

BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA

Tacú leis na cinntí athbhreithnithe atá beartaithe.

+

81.

Iaguair (Panthera onca) 
COP20 Doic. 81

Ní raibh an doiciméad ar fáil in am le haghaidh anailíse

82.

Treoir maidir le torthaí neamhdhíobhála le haghaidh trádáil i dtrófaithe seilge liopard (Panthera pardus)

COP20 Doic. 82

CA

Tacú leis na cinntí athbhreithnithe atá beartaithe. Foclaíocht bhreise a mholadh chun tacú le comhroinnt faisnéise le tíortha allmhairiúcháin.

(+)

83.

Trádáil agus bainistiú caomhnúcháin na n‑éan ceoil (Passeriformes spp.)

COP20 Doic. 83

BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA

Tacú le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme.

+

84.

Srónbheannaigh (Rhinocerotidae spp.)

COP20 Doic. 84

Ní raibh an doiciméad ar fáil in am le haghaidh anailíse

85.

Antalóp saigeach (Saiga spp.)

85.1

Tuarascáil ón Rúnaíocht

COP20 Doic. 85,1

An Rúnaíocht

Tacú leis na cinntí atá beartaithe. A mholadh go n‑iarrfaí ar Stáit raoin agus ar Pháirtithe allmhairiúcháin faisnéis a chur ar fáil maidir leis an líon stoc-charn, méid na stoc-charn, agus bunáitíocht na n‑eiseamal saiga atá i stoc-chairn.

(+)

85.2

Doiciméid ón gCasacstáin agus ó Chónaidhm na Rúise
COP20
Doic. 85.2

An Chasacstáin agus Cónaidhm na Rúise

Tá gá le measúnú breise.

0

Speicis uisceacha

86.

Speicis uisceacha atá liostaithe i bhFoscríbhinní CITES

COP20 Doic. 86

BC

Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

87.

Eascanna (Anguilla spp.)

COP20 Doic. 87

BC

Tacú le téacs beartaithe an rúin, agus an tráth céanna féachaint lena neartú a thuilleadh, go háirithe maidir leis na bearta forfheidhmiúcháin.

+

88.

Siorcanna agus roic (Elasmobranchii spp.)

88.1

Tuarascáil ón
m
Buanchoiste 

COP20 Doic. 88,1

BC

Tacú leis na cinntí atá beartaithe agus leis na leasuithe ar Rún Comhdhála 18.7.

Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

88.2

Dréachtchinntí maidir le trádáil, caomhnú agus bainistiú ealásmabrainciach domhainmhara 
COP20 Doic. 89,2

AE, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Doiciméad a chuir an tAontas Eorpach isteach

+

89.

Capaill mhara (Hippocampus spp.) 
COP20 Doic. 89

BC i gcomhairle le Cathaoirleach CA

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh measúnaithe a luaithe a bheidh an chostáil ar fáil.

(+)

90.

Caomhnú súmairí cladaigh agus trádáil i súmairí cladaigh (Holothuridae agus Stichopodidae) 
COP20 Doic. 90

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Tacú leis na dréachtchinntí agus an cur chuige níos leithne maidir le speicis uisceacha á chur san áireamh an tráth céanna.

(+)

91.

Sliogán banríona (Strombus gigas)
COP20 Doic. 91

CA i gcomhairle le Cathaoirleach BC

Tacú le hathnuachan na gcinntí.

+

92.

Éisc mhuirí ornáide 
COP20 Doic. 92

CA

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

Flóra

93.

Tacsóin a tháirgeann agar-adhmad (Aquilaria spp. agus Gyrinops spp.) 
COP20 Doic. 93

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 16.10 agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

94.

Crainn Boswellia (Boswellia spp.) 
COP20 Doic. 94

CP

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

95.

Speiceas crann rósadhmaid [Leguminosae (Fabaceae)] 
COP20 Doic. 95

CP i gcomhairle le Cathaoirleach BC

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

96.

Táirgí ina bhfuil eiseamail de mhagairlíní (Orchidaceae spp.) atá faoi Fhoscríbhinn II 
COP20 Doic. 96 

BC

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. Mar sin féin, féadfar mionchoigeartú áirithe ar chorpthéacs na gcinntí nua a mholadh.

+

97.

Crann brasaíladhmaid (Paubrasilia echinata) 
COP20 Doic. 97

An Rúnaíocht i gcomhairle le Cathaoirleach BC

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme. D’fhéadfadh sé gur ghá an téacs a oiriúnú ag brath ar an gcinneadh ó Chomhdháil na bPáirtithe maidir le togra 46 a liostú.

(+)

98.

Speicis crann Afracacha 
COP20 Doic. 98

CP

Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

99.

Speicis crann nuathrópaiceacha 
COP20 Doic. 99

CP

Tacú le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

100.

Trádáil i speicis plandaí leighis agus aramatacha 
COP20 Doic. 100

BC

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

Fungais

101.

Réiteach a fháil ar chur chun feidhme chinneadh COP12 a chuireann an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir le fungais (ceartú na gcrostagairtí sna dréachtchinntí) 
COP20 Doic. 101 (Ath. 1) 

Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Tacú le glacadh na gcinntí atá beartaithe, agus roinnt modhnuithe eagarthóireachta agus soiléirithe á moladh an tráth céanna.

+

Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún

102.

I bhfianaise an chritéir cosúlachta in Iarscríbhinn 2B A a ghabhann le Rún Comhdhála 9.24 (Ath. COP17) maidir le Critéir chun Foscríbhinní I agus II a leasú 
COP10 Doic. 102

Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Tacú leis na cinntí atá beartaithe ach an tionchar ar acmhainní na Rúnaíochta a mheas. Machnamh a dhéanamh ar thosaíocht a thabhairt do speicis mhuirí.

(+)

Nótaí mínithe

103.

Nótaí mínithe 
COP20 Doic. 103 

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 10.13, roinn na léirmhínithe sna Foscríbhinní. Tacú le glacadh an chinnidh atá beartaithe agus le scriosadh an chinnidh a cuireadh chun feidhme.

+

104.

Nóta mínithe #15 
COP20 Doic. 104 
A3: Tuarascáil ar thionchar dhíolúintí CITES le haghaidh Dalbergia agus Guibourtia

An Rúnaíocht i gcomhairle le Leas-Chathaoirleach BC

I bhfianaise fhoilsiú déanach an doiciméid, tá gá le hanailís bhreise ó shaineolaithe.

0

105.

Na himpleachtaí a bhaineann le speiceas a aistriú ó Fhoscríbhinn amháin go Foscríbhinn eile

105.1.

Tuarascáil ón Rúnaíocht arna iarraidh sin don Bhuanchoiste 
COP20 Doic. 105,1

An Rúnaíocht arna iarraidh sin do BC

Tá gá le hanailís agus plé níos doimhne le Páirtithe eile chun réitigh éifeachtacha a shainaithint.

0

105.2.

Trádáil dhlíthiúil agus úsáid inbhuanaithe a éascú le linn tréimhsí aistrithe 
COP20 Doic. 105,2 

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Dul i gcomhairle leis na Stáit Aontaithe chun roghanna malartacha ar an gcur chuige atá beartaithe acu a shainaithint.

0

106.

Córas faisnéise maidir le trádáil in eiseamail de speicis crann atá liostaithe ag CITES 
COP20 Doic. 106

BC

Tacú le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme.

+

107.

Sásra athbhreithnithe neamhfhoirmiúil ar nótaí mínithe atá ann cheana agus ar nótaí mínithe atá beartaithe 
COP20 Doic. 107

BC

Tacú leis na dréachtchinntí agus le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme.

+

108.

Eiseamail magairlíní a dhíolmhaítear trí nóta mínithe #4g) 
COP20 Doic. 108

BC

Tacú leis na dréachtchinntí agus lipéadú soiléir á áitiú an tráth céanna.

+

109.

Nóta mínithe maidir le haló searbh (Aloe ferox) 
COP20 Doic. 109

CP

Tacú le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme.

+

Ábhair ainmníochta

110.

Ainmníocht chaighdeánach 
COP20 Doic. 110

CA, CP

Tacú leis an gcuid is mó de na hathruithe atá beartaithe; tá gá le roinnt modhnuithe le haghaidh aló agus ‘bulb genera’ agus chun ailíniú le cinntí eile a rinne Comhdháil na bPáirtithe.

(+)

111.

Ainmníocht liostuithe atá faoi Fhoscríbhinn III 
COP20 Doic. 111

BC

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar na rúin ábhartha agus le scriosadh na gcinntí ábhartha.

Iarratas soiléir ar an Rúnaíocht a chur isteach chun na Páirtithe a ndéanann na hathruithe difear dóibh a chur ar an eolas.

(+)

112.

Liostuithe tacsóin níos airde sna Foscríbhinní 
COP20 Doic. 112

An Rúnaíocht

Tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rún Comhdhála 12.11 agus le scriosadh na gcinntí ábhartha a cuireadh chun feidhme.

+

113.

Tacsanomaíocht agus ainmníocht eilifintí Afracacha (Loxodonta spp.)
COP20 Doic. 113

An Rúnaíocht arna iarraidh sin do BC

Tacú leis na cinntí atá beartaithe i moladh b) agus le leasuithe ar Rún Comhdhála 10.10 (moladh c)) chomh maith le scriosadh na gcinntí a cuireadh chun feidhme (moladh d)).

Maidir le moladh a) – tá gá le tuilleadh faisnéise; ba cheart tuairimí na Stát raoin a lorg.

(+)

Tograí chun na Foscríbhinní a leasú

114.

Tograí chun Foscríbhinní I agus II a leasú

114.1

Measúnú na Rúnaíochta ar na tograí chun Foscríbhinní I agus II a leasú

114.2

Barúlacha ó na Páirtithe

114.3

Barúlacha ó na comhairlithe reachtúla



2.Tograí Liostaithe

Uimhir

Tacsón / Mionsonraí

Togra

Togróir

Barúlacha

Seasamh

FÁNA - MAMMALIA

1.

Damaliscus pygargus pygargus

(Bantaboc)

II – 0

Le scriosadh ó Fhoscríbhinn II

An Afraic Theas

Tá gá le tuilleadh anailíse.

0

2.

Gazella dorcas

(Gasail Dorcas)

0 – II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

Beinin, Buircíne Fasó, Mailí, an Mháratáin, an Nigéir, an Nígir, an tSeineagáil, an tSúdáin, an Túinéis

Is cosúil nach bhfuil aon mheastacháin ar an bpobal domhanda nó réigiúnach cothrom le dáta, ach tuigtear go bhfuil méid an phobail laghdaithe go mór tar éis seilg neamhrialaithe agus caillteanas agus díghrádú gnáthóige bunaithe ar shonraí stairiúla an phobail. Mar sin féin, ba cheart tuilleadh faisnéise a lorg chun a chinneadh go bhfuil an speiceas faoi bhagairt iarbhír nó fhéideartha ag an trádáil idirnáisiúnta.

(+)

3.

Saiga tatarica

(Antalóp Saigeach)

An nóta mínithe a leasú tríd an bhfoclaíocht ‘cé is moite d’eiseamail ó phobal Antalóp saigeach na Casacstáine’ a chur isteach

An Chasacstáin

Tuilleadh faisnéise is gá chun an measúnú a dhéanamh, go háirithe tuairimí ó Stáit raoin eile agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar phobail ó stáit raoin eile.

0

4.

Giraffa camelopardalis

(Sioráf)

Pobail na hAfraice Theas, Angóla, na Botsuáine, Esuaitíní, na Maláive, Mhósaimbíc, na Namaibe, agus na Siombáibe a scriosadh ó Fhoscríbhinn II

An Afraic Theas, an Namaib, Poblacht Aontaithe na Tansáine, an tSiombáib

Léiríonn na pobail sna Stáit raoin atá ábhartha don togra treocht dhearfach agus ní mheastar go bhfuil siad faoi bhagairt ag an trádáil. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh faisnéise agus anailíse, go háirithe maidir le tionchar an togra ar fhorfheidhmiú an liostaithe do phobail eile.

0

5.

Okapia johnstoni

(Ócáipe)

0 – I

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Speiceas eindéimeach. Ní léirítear leis an togra go bhfuil tionchar ag an trádáil idirnáisiúnta ar an speiceas. Ba cheart tuilleadh faisnéise a lorg ón togróir, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an bhfáth nach mbeadh Foscríbhinn III leordhóthanach.

0

6.

Hyaena hyaena

(Hiéana Stríocach)

0 – I

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I

Iosrael, an Táidsíceastáin

Ní léirítear leis an togra go gcomhlíonann an speiceas critéir liostaithe Fhoscríbhinn I.

-

7.

Arctocephalus townsendi

(Rón Fionnaidh Guadeloupe, Rón Fionnaidh Calafoirniach)

I – II

Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II

Meicsiceo, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Léirítear leis an togra nach gcomhlíonann an speiceas critéir Fhoscríbhinn I a thuilleadh.

+

8.

Monachus tropicalis

(Rón Manaigh Mhuir Chairib, Rón Manaigh na hIndia Thiar)

I – 0

Le scriosadh ó Fhoscríbhinn I

Meicsiceo, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Léirítear leis an togra nach gcomhlíonann an speiceas critéir liostaithe CITES a thuilleadh. Tá an speiceas imithe in éag.

+

9.

Ceratotherium simum simum

(Srónbheannach bán deisceartach)

Leasú a dhéanamh ar nóta mínithe phobal Ceratotherium simum simum na Namaibe atá liostaithe i bhFoscríbhinn II chun trádáil idirnáisiúnta a cheadú sna nithe seo a leanas, agus chun na gcríoch sin amháin: 

a) ainmhithe beo le haghaidh caomhnú in situ amháin;

b) trófaithe seilge; agus 

c) trádáil i stoic adharc srónbheannaigh ar leis an Rialtas agus leis na húinéirí talún príobháideacha de thionscnamh an Stáit iad (cé is moite d’adharc srónbheannaigh urghafa agus d’adharca srónbheannach de thionscnamh anaithnid); faoi réir an mhéid seo a leanas: 

(i) stoic atá cláraithe leis an Rialtas, agus na stoic sin amháin; 

ii) adharca a bhfuil deimhnithe RHODIS acu, agus na hadharca sin amháin; 

iii) comhpháirtithe trádála a bhfuil sé fíoraithe ag an Rúnaíocht, i gcomhairle leis an mBuanchoiste; go bhfuil reachtaíocht náisiúnta leordhóthanach agus rialuithe trádála baile leordhóthanacha acu, agus na comhpháirtithe sin amháin; agus 

iv) ní sula mbeidh na tíortha allmhairiúcháin ionchasacha agus na stoic chláraithe fíoraithe ag an Rúnaíocht. 

Measfar na heiseamail eile uile a bheith ina n‑eiseamail de speicis a chuimsítear i bhFoscríbhinn I, agus is dá réir sin a dhéanfar an trádáil iontu a rialáil.

An Namaib

Níor cheart tacú leis an togra ach amháin má laghdaítear an raon feidhme go mór, go háirithe tríd an trádáil in adharc srónbheannaigh a eisiamh, agus má chuirtear coimircí breise leis maidir le trádáil in ainmhithe beo.

(-)

10.

Diceros bicornis

(Srónbheannach dubh)

Pobal Diceros bicornis bicornis na Namaibe a aistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II leis an nóta mínithe seo a leanas: 

Chun trádáil a cheadú in adharc srónbheannaigh cláraithe, ina iomláine nó i bpíosaí faoi réir an mhéid seo a leanas, agus chun na gcríoch sin amháin: 

i) stoc ar leis an rialtas é agus atá cláraithe, agus ar de thionscnamh an Stáit é (cé is moite d’adharc srónbheannaigh a urghabhtar agus d’adharca srónbheannach de thionscnamh anaithnid) agus an stoc sin amháin; 

ii) adharca a bhfuil deimhnithe RHODIS acu, agus na hadharca sin amháin; 

ii) comhpháirtithe trádála a bhfuil sé fíoraithe ag an Rúnaíocht, i gcomhairle leis an mBuanchoiste, go bhfuil reachtaíocht náisiúnta leordhóthanach agus rialuithe trádála baile leordhóthanacha acu, agus na comhpháirtithe sin amháin; 

iv) ní sula mbeidh na tíortha allmhairiúcháin ionchasacha agus na stoic chláraithe fíoraithe ag an Rúnaíocht. agus 

v) ní úsáidfear na fáltais ón trádáil sin ach ar mhaithe le caomhnú srónbheannach agus ar mhaithe le cláir forbraíochta pobail laistigh de raon na srónbheannach nó in aice leis, agus ar mhaithe leis na nithe sin amháin; 

Measfar na heiseamail eile uile a bheith ina n‑eiseamail de speicis a chuimsítear i bhFoscríbhinn I, agus is dá réir sin a dhéanfar an trádáil iontu a rialáil.

An Namaib

Gan tacú leis an togra toisc go n‑osclófaí an trádáil idirnáisiúnta in adharca srónbheannach mar thoradh air.

-

11.

Choloepus didactylus

Choloepus hoffmanni

(Spadán Déladhrach Hoffman, Spadán Déladhrach Hoffman)

0 – II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

An Bhrasaíl, Cósta Ríce, Panama

Ba cheart tuilleadh faisnéise a lorg ó na togróirí, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an bhfáth nach mbeadh Foscríbhinn III leordhóthanach.

0

12.

Cercocebus chrysogaster

(Mangabaí an bhoilg bhuí)

II – I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Speiceas eindéimeach. Léirítear leis an togra nach gcomhlíonann an speiceas critéir Fhoscríbhinn I.

+

13.

Loxodonta africana

(Eileifint Afracach)

Chun cead a thabhairt don Namaib trádáil a dhéanamh i stoic chláraithe eabhair amh (starrfhiacla iomlána agus píosaí) de thionscnamh na Namaibe, ar le Rialtas Phoblacht na Namaibe iad, chun críoch tráchtála le comhpháirtithe trádála a bhfuil sé fíoraithe ag Rúnaíocht CITES go bhfuil reachtaíocht náisiúnta leordhóthanach agus rialuithe trádála intíre leordhóthanacha acu. Áirithítear leis sin nach ndéanfar eabhar a allmhairítear ón Namaib a athonnmhairiú agus go mbainisteofar é de réir cheanglais uile Rún Comhdhála 10.10 maidir le monaraíocht agus trádáil intíre. Thairis sin, chun é a chur ar a cumas don Namaib stádas iomlán mar Fhoscríbhinn II a bhaint amach dá heilifintí, dá bhforáiltear in Airteagal IV den Choinbhinsiún, agus ar an gcaoi sin trádáil rialáilte agus dhlíthiúil táirgí eilifinte na Namaibe, lena n‑áirítear eabhar, a cheadú.

An Namaib

Gan tacú leis an togra toisc go n‑osclófaí an trádáil idirnáisiúnta in eabhar mar thoradh air.

-

14.

Loxodonta africana

(Eileifint Afracach)

Nóta mínithe A10 a bhaineann le pobail eilifinte na hAfraice Theas, na Botsuáine, na Namaibe, agus na Siombáibe a leasú chun na coinníollacha trádála in eilifintí Afracacha beo a chomhchuibhiú (léirítear téacs scriosta mar théacs a bhfuil líne tríd agus mar théacs a bhfuil líne faoi): 

Ionas go bhféadfar an méid seo a leanas a dhéanamh, agus chun na críche sin amháin: 

a) trádáil i dtrófaithe seilge chun críoch neamhthráchtála; 

b) trádáil in ainmhithe beo go cinn scríbe iomchuí inghlactha, mar atá sainithe i Rún Comhdhála 11.20 (Ath. CoP18) i gcás na Botsuáine agus na Siombáibe agus ar mhaithe le cláir caomhnaithe in situ i gcás na Namaibe agus na hAfraice Theas;

c) trádáil i seithí; 

d) trádáil i bhfionnadh; 

e) trádáil in earraí leathair chun críoch trádála nó neamhthrádála i gcás na Botsuáine, na Namaibe, na hAfraice Theas agus na Siombáibe agus chun críocha neamhthrádála i gcás na Siombáibe; 

f) trádáil chun críoch neamhthrádála in ekipa atá marcáilte agus deimhnithe go leithleach agus atá ionchorpraithe i seodra críochnaithe chun críoch neamhthrádálai gcás na Namaibe agus snoiteáin eabhair chun críoch neamhthrádálai gcás na Siombáibe; 

g) trádáil in amh-eabhar cláraithe (starrfhiacla iomlána agus píosaí díobh, i gcás na Botsuáine, na Namaibe, na hAfraice Theas agus na Siombáibe) faoi réir an mhéid seo a leanas: 

i) stoic ar leis an rialtas iad agus atá cláraithe, agus ar de thionscnamh an Stáit iad (cé is moite den eabhar a urghabhtar agus den eabhar nach eol cad as é) agus na stoic sin amháin; 

ii) trádáil le comhpháirtithe trádála a bhfuil sé deimhnithe ina leith ag an Rúnaíocht, i gcomhairle leis an mBuanchoiste, gur leor an reachtaíocht náisiúnta agus na rialuithe trádála intíre atá acu lena chinntiú nach ndéanfar athonnmhairiú ar an eabhar allmhairithe, agus go mbainisteofar é i gcomhréir le gach ceanglas de Rún Comhdhála 10.10 (Rev. COP17) maidir le monaraíocht agus trádáil intíre, agus chuig an comhpháirtithe sin amháin; 10.10 (Ath. CoP18) maidir le monaraíocht agus trádáil intíre; 

iii) ní dhéanfar an trádáil gan fíorú ón Rúnaíocht a bheith faighte ag na tíortha allmhairithe ionchasacha agus ag na stoic ar leis an rialtas iad agus atá cláraithe; 

iv) amh-eabhar de bhun díola choinníollaigh stoc eabhair faoi úinéireacht an rialtais arna chomhaontú ag CoP12, i.e. 20 000 kg (an Bhotsuáin), 10 000 kg (an Namaib) agus 30 000 kg (an Afraic Theas); 

v) mar aon leis na cainníochtaí a ndearnadh comhaontú ina leith ag CoP12, eabhar ón mBotsuáin, ón Namaib, ón Afraic Theas agus ón tSiombáib atá faoi úinéireacht rialtais, más eabhar é a cláraíodh roimh 31 Eanáir 2007 agus é deimhnithe ag an Ardrúnaíocht, féadfar é a thrádáil agus a sheoladh in éineacht leis an eabhar in (g) iv) in aon díolachán amháin per ceann scríbe faoi dhianmhaoirsiú na hArdrúnaíochta; 

vi) ní úsáidfear na fáltais ón trádáil ach ar mhaithe le caomhnú eilifintí agus ar mhaithe le cláir caomhnaithe agus forbraíochta pobail laistigh de raon na n‑eilifintí nó in aice leis, agus ar mhaithe leis na nithe sin amháin; agus 

(vii) ní thrádálfar na cainníochtaí breise atá sonraithe i mír g) v) thuas go dtí go measfaidh an Buanchoiste go bhfuil na coinníollacha thuas á gcomhlíonadh; agus 

h) ní dhéanfar aon mholadh eile maidir le trádáil eabhair eilifinte ó líonta atá i bhFoscríbhinn II a cheadú a chur faoi bhráid Chomhdháil na bPáirtithe don tréimhse a chuimsíonn dáta CoP14, tréimhse dar gcríoch naoi mbliana tar éis an díola aonair eabhair atá le tarlú i gcomhréir leis na forálacha i míreanna g) i), g) ii), g) iii), g) vi) agus g) vii). Ina theannta sin, is i gcomhréir le Cinneadh 16.55 agus 14.78 a dhéileálfar le moltaí den sórt sin (Rev. CoP16). 

Má mholann an Rúnaíocht é, Féadfaidh an Buanchoiste a chinneadh go scoirfear den trádáil sin go páirteach nó go hiomlán i gcás neamhchomhlíonadh tíortha is onnmhaireoirí nó tíortha is allmhaireoirí nó i gcás ina gcruthaítear go bhfuil tionchair dhíobhálacha ag an trádáil ar phobail eile eilifintí. 

Measfar na heiseamail eile uile a bheith ina n‑eiseamail de speicis a chuimsítear i bhFoscríbhinn I, agus is dá réir sin a dhéanfar an trádáil iontu a rialáil.

An Bhotsuáin, Camarún, an Cósta Eabhair, an Namaib, an tSiombáib

Tá an togra ar cheann de thorthaí Chruinniú Idirphlé CITES maidir le Stáit raoin eilifintí Afracacha a bhí ar siúl ón 23 Meán Fómhair go dtí an 26 Meán Fómhair 2024 sa Bhotsuáin. Tacú leis an togra má thacaíonn formhór na Stát raoin san Afraic leis.

(+)

FÁNA – AVES

15.

Bycanistes spp.

Ceratogymna spp.

0 - II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

Camarún, an Congó, an Ghabúin, an Nígir, an Nigéir, an tSeineagáil, Siarra Leon, Tóga

Comhlíonann an speiceas critéir Fhoscríbhinn II.

+

16.

Gyps africanus

(Bultúr Droimgheal)

Gyps rueppelli

(Bultúr Ruppell)

II – I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

Beinin, an Bhurúin, Buircíne Fasó, Camarún, an Congó, an Ghaimbia, an Ghuine, an Nigéir, an Nígir, Sead, an tSeineagáil, Siarra Leon, Tóga

Comhlíonann an speiceas critéir Fhoscríbhinn I.

+

17.

Falco peregrinus

(Fabhcún Gorm, Seabhac Gorm, Seabhac Seilge)

I – II

Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II

Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Cé go léirítear sa phobal treocht atá ag dul i méid agus gur dócha go bhfanfaidh an chuid is mó den trádáil in eiseamail a phóraítear i mbraighdeanas, d’fhéadfadh éileamh méadaithe ar éin fhiáine a bheith mar thoradh ar íosliostú i bhFoscríbhinn II agus mar sin d’fhéadfadh sé na pobail san fhiántas a chur i mbaol. D’fhéadfaí tacú leis an togra má tá cuóta nialais le haghaidh onnmhairithe i gcás eiseamal fiáin a ghabhtar ag gabháil leis.

(-)

18.

Sporophila angolensis

Sporophila atrirostris

Sporophila crassirostris

Sporophila funerea

Sporophila maximiliani

Sporophila nuttingi

(Glasán gobmhór)

Sporophila maximiliani a chuimsiú i bhFoscríbhinn I agus Sporophila angolensis, Sporophila atrirostris, Sporophila crassirostris, Sporophila funerea agus Sporophila nuttingi a chuimsiú i bhFoscríbhinn II

An Bhrasaíl

Comhlíonann an speiceas na critéir liostaithe i bhFoscríbhinní I agus II, mar a mholtar faoi seach.

+

FÁNA – REPTILIA

19.

Caribicus warreni

(Caribicus warreni)

0 - I

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I

An Phoblacht Dhoiminiceach

Speiceas eindéimeach. Ba cheart tuilleadh faisnéise a lorg ó na togróirí, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an bhfáth nach mbeadh Foscríbhinn III nó liostú i bhFoscríbhinn II le cuóta nialais le haghaidh onnmhairithe leordhóthanach.

0

20.

Phyllurus amnicola

(Geiceo Duillearrach Astrálach, Geiceo Leathan‑fháinlearrach)

0 - II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

an Astráil

Speiceas eindéimeach. Tá gá le tuilleadh measúnaithe agus faisnéise, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an bhfáth nach mbeadh Foscríbhinn III leordhóthanach.

0

21.

Phyllurus caudiannulatus

(Geiceo Earrfháinneach)

0 - II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

an Astráil

Speiceas eindéimeach. Tá gá le tuilleadh measúnaithe agus faisnéise, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an bhfáth nach mbeadh Foscríbhinn III leordhóthanach.

0

22.

Amblyrhynchus spp.

(Ioguána Mara, Ioguána Mara Oileáin Galápagos)

II - I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

Eacuadór

Speiceas eindéimeach. Tá gá le tuilleadh measúnaithe agus faisnéise, go háirithe maidir le méid na trádála sa speiceas.

0

23.

Conolophus spp.

(Ioguána Talún Oileáin Galápagos)

II - I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

Eacuadór

Speiceas eindéimeach. Tá gá le tuilleadh measúnaithe agus faisnéise, go háirithe maidir le méid na trádála sa speiceas.

0

24.

Bitis harenna

(Nathair Nimhe Shléibhte Bale)

Bitis parviocula

(Nathair Sléibhe na hAetóipe, Nathair Nimhe na hAetóipe)

0 - I

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I

An Aetóip

Speiceas eindéimeach. Is cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe le haghaidh B. parviocula agus tá riosca ann go n‑aistreofar trádáil chuig B. harenna mura bhfuil sé liostaithe. D’fhéadfaí Foscríbhinn II a mheas freisin.

(+)

25.

Crotalus spp.

Sistrurus spp.

0 - II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

An Bholaiv (Stát Ilnáisiúnach na Bolaive), Meicsiceo

Ba cheart tuilleadh faisnéise a lorg ó na togróirí, go háirithe maidir le méid na trádála idirnáisiúnta sa speiceas. D’fhéadfaí liostú i bhFoscríbhinn III a mheas mar chéad chéim chun patrúin trádála a thuiscint.

0

26.

Kinixys homeana

(Kinixys homeana)

II- I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

Camarún, an Ghuine, an Nigéir, Tóga

Is cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I.

+

FÁNA - AMPHIBIA

27.

Pelophylax epeiroticus

Pelophylax lessonae

Pelophylax ridibundus

Pelophylax shqipericus

0 - II    

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II (Bheadh moill 18 mí ar theacht i bhfeidhm dá gcuimseofaí i bhFoscríbhinn II é, i.e. go dtí an 5 Meitheamh 2027.)

An tAontas Eorpach, Iosrael, an Mhacadóin Thuaidh

Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025)

FÁNA – ELASMOBRANCHII (Siorcanna)

28.

Carcharhinus longimanus

(Siorc bán aigéanach)

II - I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

An Airgintín, an tAontas Eorpach, na Bahámaí, an Bhrasaíl, Eacuadór, Fidsí, an Ghabúin, Hondúras, an Liobáin, Oileáin Chomóra, Óman, Panama, an Phoblacht Dhoiminiceach, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Samó, an tSeineagáil, na Séiséil, Srí Lanca, an tSúdáin, Tóga

Cómholtóir an Aontais (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025)

29.

Galeorhinus galeus

(Gearrthóir, Calóg, Madra Gorm, Gobóg)

Mustelus spp

0 - II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

An tAontas Eorpach, an Bhrasaíl, Eacuadór, Panama, an tSeineagáil

Cómholtóir an Aontais (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025)

30.

Mobulidae spp.

II - I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

Na Bahámaí, an Bheilís, an Bhrasaíl, Eacuadór, Fidsí, an Ghabúin, Iamáice, Oileáin Chomóra, Oileáin Mhaildíve, Panama, an Phoblacht Dhoiminiceach, Samó, an tSeineagáil, na Séiséil, an tSúdáin, Tóga

Is cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I ach d’fhéadfaí roinnt sonraí breise a lorg ó thogróirí.

(+)

31.

Rhincodon typus

(Míolsiorc)

II – I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

An Airgintín, na Bahámaí, an Bhanglaidéis, an Bheilís, Eacuadór, Fidsí, an Ghabúin, Oileáin Chomóra, Oileáin Mhaildíve, na hOileáin Fhilipíneacha, Panama, an Phoblacht Dhoiminiceach, Samó, an tSeineagáil, na Séiséil, Srí Lanca, Tóga

Is cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I agus bheadh an liostú ag teacht leis an gcosaint faoin gCoinbhinsiún maidir le Speicis Imirceacha.

+

32.

Glaucostegus spp.

An nóta mínithe seo a leanas a chur isteach ‘Cuóta nialais bliantúil le haghaidh onnmhairiú eiseamal a gabhadh ón bhfiadhúlra a thrádáiltear chun críoch tráchtála’

An Bhanglaidéis, Beinin, an Bhrasaíl, an Bhurúin, Buircíne Fasó, Cabo Verde, an Congó, an Ghabúin, an Ghaimbia, an Ghuine, Guine Bissau, Oileáin Chomóra, Oileáin Mhaildíve, Mailí, an Nigéir, an Nígir, Panama, Poblacht na hAfraice Láir, Siarra Leon, an tSúdáin, Tóga

Tá údar cuí le cuóta nialais le haghaidh onnmhairithe a bhunú i bhfianaise an laghdaithe ar an speiceas.

+

33.

Rhinidae spp.

(Éisc Dinge)    

An nóta mínithe seo a leanas a chur isteach ‘Cuóta nialais bliantúil le haghaidh onnmhairiú eiseamal a gabhadh ón bhfiadhúlra a thrádáiltear chun críoch tráchtála’

Beinin, an Bhanglaidéis, an Bhrasaíl, Buircíne Fasó, an Bhurúin, an Congó, an Ghabúin, an Ghaimbia, an Ghuine, Guine Bissau, Mailí, an Nigéir, an Nígir, Oileáin Chomóra, Oileáin Mhaildíve, Panama, Poblacht na hAfraice Láir, an tSeineagáil, Siarra Leon, an tSúdáin, Tóga

Tá údar cuí le cuóta nialais le haghaidh onnmhairithe a bhunú i bhfianaise an laghdaithe ar an speiceas.

+

34.

Centrophoridae spp.

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

An tAontas Eorpach, an Bhrasaíl, Eacuadór, an Liobáin, an Nigéir, Oileáin Chomóra, Panama, an Phoblacht Dhoiminiceach, Poblacht Arabach na Siria, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, an tSeineagáil

Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025)

FÁNA- ACTINOPTERI

35.

Anguilla spp.

0 – II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II (Bheadh moill 18 mí ar theacht i bhfeidhm, i.e. go dtí an 5 Meitheamh 2027.)

An tAontas Eorpach, Hondúras, Panama

Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025)

FÁNA – HOLOTHUROIDEA

36.

Actinopyga echinites

Actinopyga lecanora

Actinopyga mauritiana

Actinopyga miliaris

Actinopyga palauensis

Actinopyga varians

0 - II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

An tAontas Eorpach

Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025)

37.

Holothuria lessoni

(Gaineamhiasc órga)

0 – II 
Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

An tAontas Eorpach

Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025)

FÁNA - Arthropoda

38.

Acanthoscurria chacoana

Acanthoscurria insubtilis

Acanthoscurria musculosa

Acanthoscurria theraphosoides

Avicularia hirschii

Avicularia rufa

Avicularia avicularia

Catumiri argentinense

Cyriocosmus berate

Cyriocosmus perezmilesi

Grammostola rosea

Hapalotremus albipes

Holothele longipes

Pamphobeteus antinous

Umbyquyra acuminatum    

0 – II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

An Airgintín, an Bholaiv (Stát Ilnáisiúnach na Bolaive), Panama

Is cosúil nach gcomhlíonann an speiceas na critéir. Mar sin féin, d’fhéadfaí faisnéis bhreise a lorg agus liostú i bhFoscríbhinn III a mheas mar rogha mhalartach.

(-)

FÁNA - MOLLUSCA

39.

Haliotis midae

(Cluas mhara na hAfraice Theas, Cluas Mhara Phéarlamónach)

Pobal na hAfraice Theas a chuimsiú i bhFoscríbhinn II leis an nóta mínithe ‘eiseamail thriomaithe amháin’

An Afraic Theas

Speiceas eindéimeach. Is cosúil go gcomhlíontar na critéir liostaithe.

+

FLÓRA 

40.

Panax quinquefolius

(Ginsing Mheiriceánach, fréamh ginsinge Meiriceánaí, Ginsing Cheanadach, Ginsing, sláinte na bhfear, Ginsing iartharach, caor dhearg, Sang, fréamh tartair)

Leasú a dhéanamh ar nóta mínithe #3 chun táirgí críochnaithe atá pacáistithe agus atá réidh le haghaidh trádáil mhiondíola ar fhréamhacha tanaí slisnithe a dhíorthaítear ó phlandaí Panax quinquefolius a iomadaíodh go saorga

Stáit Aontaithe Mheiriceá

D’fhéadfadh riosca méadaithe go ndéanfaí speicis fhiáine a sciúradh a bheith mar thoradh ar an leasú. Ní féidir an díolúine atá beartaithe a fhorfheidhmiú/a chur chun feidhme ach amháin má tá ceanglais lipéadaithe shoiléire ag gabháil léi lena léirítear an fhoinse ó iomadú saorga, nó doiciméadacht eile maidir leis an tionscnamh ó shaothrú.

(-)

41.

Jubaea chilensis

(Pailm Shileach)

0 – I

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn I

an tSile

Speiceas eindéimeach. Is cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I.

+

42.

Beaucarnea glassiana

Beaucarnea hookeri

(Pailm na dTrilseán, Crann lusa coise eilifint , Pailm na dTrilseán)

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II mar chuid de liostú an ghéinis Beaucarnea spp.

An Eilvéis, Meicsiceo

Speiceas eindéimeach. Is cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn II.

+

43.

Commiphora wightii

(Deilliam Indiach)

0 - II

Le cuimsiú i bhFoscríbhinn II

An tAontas Eorpach

Togra ón Aontas (seasamh arna leagan síos i gCinneadh (AE) 2025/1314 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025)

44.

Euphorbia bupleurifolia

(Spuirse chíocáide, spuirse chaoire péine)

II - I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

An Afraic Theas

Speiceas eindéimeach. Is cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I.

+

45.

Afzelia bipindensis

(Doussié Rua)

Pobail Chamarún, an Chongó, na Gabúine, na Guine Meánchiorclaí, Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus Phoblacht na hAfraice Láir, a scriosadh ó Fhoscríbhinn II

An Bhurúin, Camarún, an Congó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Poblacht na hAfraice Láir, an Ghabúin, an Ghuine Mheánchiorclach

Leanann an speiceas de na critéir liostaithe d’Fhoscríbhinn II a chomhlíonadh.

-

46.

Paubrasilia echinata

(Crann Brasaíladhmaid)

II - I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

An Bhrasaíl

Speiceas eindéimeach. Ní dócha go dtabharfaidh an liostú aghaidh ar na fadhbanna a sainaithníodh. Tá gá le tuilleadh measúnaithe agus plé leis an mBrasaíl chun roghanna malartacha féideartha a shainaithint.

0

47.

Pterocarpus soyauxii

(Padúc Afracach)

Pobail Angóla, Chamarún, an Chongó, na Gabúine, na Guine Meánchiorclaí,, Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, Phoblacht na hAfraice Láir, a scriosadh ó Fhoscríbhinn II

An Bhurúin, Camarún, an Congó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Poblacht na hAfraice Láir, an Ghabúin, an Ghuine Mheánchiorclach

Leanann an speiceas de na critéir liostaithe d’Fhoscríbhinn II a chomhlíonadh.

-

48.

Aloe bergeriana

Aloe jeppeae

Aloe subspicata

Aloe welwitschii

Liostú Aloe spp. i bhFoscríbhinn II a leasú chun na ceithre speiceas a chuimsiú a láimhseáladh roimhe sin sa ghéineas Chortolirion neamhliostaithe, ach a chuimsítear anois i roinn Aloe Chortolirion, is iad sin Aloe bergeriana, Aloe jeppeae, Aloe subspicata, agus Aloe Welwitschia

An Afraic Theas, an Eilvéis, an tSiombáib

Is cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn II.

+

49.

Podocarpus parlatorei

(Podacarp Parlatore, Pino blanco)

I – II

Le haistriú ó Fhoscríbhinn I go Foscríbhinn II

An Airgintín

Gan na sonraí maidir leis an bpobal sa Bholaiv, ní féidir tacú leis an togra.

(-)

50.

Avonia quinaria

II – I

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

An Afraic Theas

Is cosúil go gcomhlíontar critéir liostaithe Fhoscríbhinn I.

+

51.

Aloe ferox

Euphorbia antisyphilitica

Nóta mínithe #4 a leasú mar a leanas: 

(f) táirgí críochnaithe atá pacáistithe agus atá réidh do thrádáil mhiondíola Aloe ferox agus Euphorbia antisyphilitica atá pacáistithe agus atá réidh do thrádáil mhiondíola;

Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Simplítear agus soiléirítear an nóta mínithe sa mhionleasú téacs gan an raon feidhme ná an bhrí a athrú.

+

(1)    An Rúnaíocht = Rúnaíocht CITES
BC = An Buanchoiste

CA = An Coiste um Ainmhithe

CP = An Coiste um Plandaí
Top