AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.9.2025
COM(2025) 490 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú ón Aontas chuig Poblacht na Cóiré chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
IARSCRÍBHINN
Treoracha le haghaidh comhaontú a chaibidliú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘an Comhaontú’)
Ba cheart an chaibidlíocht a bheith dírithe ar na cuspóirí ginearálta seo a leanas a bhaint amach:
(1)Is léiriú é an Comhaontú seo ar an riachtanas agus ar an tábhacht a bhaineann le próiseáil sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) ó thaobh an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac trí aistriú dleathach sonraí PNR ón Aontas chuig an Poblacht na Cóiré.
(2)Chun ceanglais ábhartha dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n‑áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, soláthraítear sa Chomhaontú bunús dlí, coinníollacha agus coimircí le haghaidh aistriú sonraí PNR chuig Poblacht na Cóiré agus phróiseáil na sonraí sin ag Poblacht na Cóiré, agus áirithítear leis go gcuirtear leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí pearsanta ar fáil.
(3)Leis an gComhaontú, déantar an comhar idir Ballstáit an Aontais agus Poblacht na Cóiré a spreagadh agus a éascú trí shocruithe a bhunú le haghaidh malartuithe sonraí PNR agus na dtorthaí ó phróiseáil sonraí PNR, ar malartuithe iad atá tráthúil, éifeachtach agus éifeachtúil.
Ba cheart an chaibidlíocht a bheith dírithe ar an méid seo a leanas a bhaint amach go substainteach:
(4)Sainaithnítear sa Chomhaontú an t‑údarás inniúil ainmnithe de chuid na Cóiré atá freagrach as sonraí PNR a fháil ó aeriompróirí agus próiseáil bhreise a dhéanamh ar na sonraí sin faoin gComhaontú.
(5)Sonraítear go cuimsitheach sa Chomhaontú, ar bhealach soiléir, na heilimintí sonraí PNR atá le haistriú, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta. Déantar aistrithe sonraí a laghad is féidir agus déantar iad i gcomhréir leis an gcuspóir a shonraítear sa Chomhaontú.
(6)Áirithítear leis an gComhaontú go n‑aistreofar sonraí PNR go heisiach chuig údarás inniúil na Cóiré trí na sonraí PNR is gá a bhrú isteach i gcóras an údaráis is faighteoir (‘modh brú’). Ní chruthaíonn minicíocht agus uainiú na n‑aistrithe sin ualach míréasúnta d’aeriompróirí agus tá siad teoranta go docht go dtí an méid is gá.
(7)Áirithítear leis an gComhaontú nach bhfuil sé de cheangal ar aeriompróirí aon sonraí PNR breise a bhailiú ná a aistriú i gcomparáid leis an méid a bhailíonn siad cheana mar chuid dá ngnó.
(8)Cuimsíonn an Comhaontú an oibleagáid slándáil sonraí pearsanta a áirithiú trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena n‑áirítear gan cead a thabhairt ach amháin do dhaoine údaraithe rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta agus taifid a choinneáil i bhfoirm logaí rochtana. Ba cheart a chuimsiú ann freisin an oibleagáid fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus, nuair is gá agus is féidir, ábhair sonraí, i gcás sárú ar shonraí pearsanta lena ndéantar difear do shonraí a aistreofar faoin gComhaontú.
(9)Sa Chomhaontú, leagtar amach go cuimsitheach na cuspóirí a bhaineann le próiseáil sonraí PNR, go háirithe trína leagan síos go ndéanfar sonraí PNR a aistriú agus a phróiseáil go heisiach chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ar bhonn na sainmhínithe a leagtar síos in ionstraimí dlí ábhartha an Aontais.
(10)Foráiltear leis an gComhaontú nach ndéanfar próiseáil faoin gComhaontú ar shonraí íogaire de réir bhrí dhlí an Aontais, mar atá sonraí a léiríonn tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus nach ndéanfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha ar mhaithe le duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.
(11)Cuimsíonn an Comhaontú coimircí le haghaidh uathphróiseáil sonraí PNR chun a áirithiú go bhfuil an uathphróiseáil sin bunaithe ar chritéir réamhbhunaithe atá neamh‑idirdhealaitheach, sonrach, oibiachtúil agus iontaofa, agus nach féidir cinntí a dhéanamh ar bhonn uathphróiseáil sonraí PNR amháin más cinntí iad a mbeadh éifeacht dhíobhálach acu ó thaobh an dlí de nó a mbeadh éifeacht thromchúiseach acu ar dhuine. Áirithítear leis freisin nach ndéanfar sonraí PNR a chur i gcomparáid ach amháin leis na bunachair sonraí atá ábhartha le haghaidh na gcuspóirí a chumhdaíonn an Comhaontú.
(12)Foráiltear sa Chomhaontú go gcuirfear sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú faoi réir tréimhsí coinneála atá teoranta, tréimhsí nach faide ná an méid is gá le haghaidh an chuspóra atá á shaothrú, agus atá i gcomhréir leis, is é sin, chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Áirithíonn na tréimhsí coinneála sin, i gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach bhféadfar sonraí PNR a choinneáil faoin gComhaontú ach amháin má bhunaítear nasc oibiachtúil idir na sonraí PNR atá le coinneáil agus an cuspóir atá á shaothrú. Ceanglaítear leis an gComhaontú go scriosfar sonraí PNR nuair a théann an tréimhse choinneála ábhartha in éag, sin nó go ndéanfar iad anaithnid sa tslí nach féidir na daoine atá i gceist a shainaithint a thuilleadh.
(13)Áirithítear sa Chomhaontú nach bhféadfaidh an t‑údaráis inniúil ainmnithe de chuid na Cóiré sonraí PNR a nochtadh d’údaráis inniúla eile de chuid na Cóiré nó d’údaráis inniúla de chuid Stát eile, ach amháin ar bhonn cás ar chás agus faoi choinníollacha agus coimircí áirithe. Go háirithe, ní fhéadfar nochtadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin má fheidhmíonn an t‑údarás a fhaigheann na sonraí feidhmeanna a bhaineann leis an gcomhrac in aghaidh cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach agus má áirithíonn sé na cosaintí céanna leo siúd a leagtar amach sa Chomhaontú agus ba cheart iad a bheith faoi réir athbhreithniú roimh ré ag cúirt nó ag comhlacht riaracháin neamhspleách, ach amháin i gcásanna práinne arna suí go bailí. Déantar aistrithe ar aghaidh chuig údaráis inniúla i dtríú tíortha eile a theorannú go dtí na tíortha sin a bhfuil Comhaontú PNR coibhéiseach ag an Aontas leo nó a bhfuil cinneadh leordhóthanachta glactha ag an Aontas ina leith faoina dhlí um chosaint sonraí pearsanta lena gcumhdaítear na húdaráis ábhartha a bhfuil sé beartaithe na sonraí PNR a aistriú chucu.
(14)Áirithítear leis an gComhaontú córas formhaoirseachta a fheidhmíonn údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí pearsanta, ag a bhfuil cumhachtaí éifeachtachta imscrúdúcháin, idirghabhála agus forfheidhmiúcháin, chun formhaoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis inniúla ainmnithe agus údaráis inniúla eile a phróiseálann sonraí PNR faoin gComhaontú. Tá sé de chumhacht ag an údarás poiblí neamhspleách sin éisteacht le gearáin ó dhaoine aonair, go háirithe maidir le próiseáil sonraí PNR a bhaineann leo.
(15)Áirithítear leis an gComhaontú na cearta maidir le leigheas riaracháin agus breithiúnach ar bhonn neamh‑idirdhealaitheach, gan beann ar náisiúntacht nó ar áit chónaithe, i gcás aon duine ar ina leith a bpróiseáiltear sonraí PNR maidir leis faoin gComhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(16)Cuimsíonn an Comhaontú forálacha maidir le cearta infhorfheidhmithe a áirithiú do dhaoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil, i bhfoirm rialacha maidir leis an gceart chun faisnéise, an ceart chun rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartúchán agus an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, lena n‑áirítear na forais shonracha lena bhféadfaí aon srianadh comhréireach ar na cearta sin a cheadú.
(17)Cothaítear leis an gComhaontú comhar póilíneachta agus breithiúnach trí mhalartú sonraí PNR nó torthaí ó phróiseáil sonraí PNR idir an t‑údarás inniúil ainmnithe de chuid na Cóiré agus údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha de chuid Ballstát den Aontas, agus idir an t‑údarás inniúil ainmnithe de chuid na Cóiré ar thaobh amháin, agus Europol nó Eurojust laistigh dá gcuid inniúlachtaí féin ar an taobh eile.
(18)Déanfar foráil sa Chomhaontú maidir le sásra éifeachtach um réiteach díospóidí i ndáil lena léirmhíniú agus lena chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe na rialacha arna gcomhaontú go frithpháirteach.
(19)Beidh forálacha sa Chomhaontú maidir le faireachán agus meastóireacht thréimhsiúil ar an gComhaontú.
(20)Áireofar sa Chomhaontú foráil maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm agus foráil lena bhféadfaidh Páirtí é a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, go háirithe i gcás nach n‑áirithíonn an tríú tír go héifeachtach a thuilleadh an leibhéal cosanta do chearta agus saoirsí bunúsacha a cheanglaítear faoin gComhaontú seo.
(21)Tá comhúdarás ag an gComhaontú sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus áireofar clásal teanga ann chuige sin.