Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0472

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe

COM/2025/472 final

An Bhruiséil,28.8.2025

COM(2025) 472 final

2025/0260(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) 2020/2131 an 16 Nollaig 2020 maidir le díchur dleachtanna custaim ar earraí áirithe 1 , rinneadh dleachtanna custaim ar allmhairí cineálacha áirithe gliomach a dhíothú ar feadh tréimhse 5 bliana, go dtí an 31 Iúil 2025.

Bhí sé sin mar thoradh ar Chomhráiteas ó na Stáit Aontaithe agus ón Aontas Eorpach an 21 Lúnasa 2020 inar fógraíodh díothú nó laghdú dleachtanna custaim i gcás líon teoranta línte taraife mar chéim chun feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus chun tús a chur le próiseas i dtreo trádáil thrasatlantach níos saoire, níos córa agus níos cómhalartaí. Le Forógra Uachtaránachta an 22 Nollaig 2020, chuir na Stáit Aontaithe faoiseamh ó dhleacht ar fáil mar mhalairt ar luach eacnamaíoch inchomparáide i gcás táirgí amhail béilí réamhullmhaithe, earraí gloine criostail áirithe, ullmhúcháin dromchla, púdair thiomána, lastóirí toitíní agus páirteanna de lastóirí.

Mar chuid de chomhaontú polaitiúil a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen agus Uachtarán na Stát Aontaithe Trump an 27 Iúil 2025, agus mar a leagtar síos sa Chomhráiteas an 21 Lúnasa 2025 (‘Comhráiteas’), inar chomhaontaigh an dá thaobh Creat i ndáil le Comhaontú maidir le Trádáil Chómhalartach, Chóir agus Chothrom, chuir an tAontas in iúl go raibh sé ar intinn aige na bearta is gá a dhéanamh láithreach chun síneadh a chur leis an gComhráiteas ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe an 21 Lúnasa 2020 maidir le gliomaigh, mar aon le raon táirge leathnaithe a chuimseodh gliomaigh phróiseáilte (i.e. ullmhaithe).

Dá bhrí sin, is é is cuspóir don togra seo foráil a dhéanamh maidir le neamhchur i bhfeidhm na ndleachtanna custaim céanna, ar an gcaoi chéanna le Rialachán (AE) 2020/2131 chun neamhchur i bhfeidhm leanúnach dleachtanna custaim ar allmhairí cineálacha áirithe gliomach a áirithiú agus, ina theannta sin, chun a áirithiú nach gcuirfear dleachtanna custaim i bhfeidhm ar allmhairí gliomach próiseáilte (i.e. ullmhaithe).

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é is cuspóir don togra seo deiseanna breise a chur ar fáil i gcónaí d’oibreoirí an Aontais agus na Stát Aontaithe, trí gan taraifí a chur i bhfeidhm nó trína laghdú. Leis seo ba cheart go seachnófaí meathlú ar an gcaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe. Tá sé go hiomlán comhsheasmhach leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ina sonraítear gur cheart don Aontas lánpháirtiú na dtíortha uile i ngeilleagar an domhain a spreagadh, lena náirítear trí dhíothú comhleanúnach a dhéanamh ar na srianta atá ar an trádáil idirnáisiúnta 2 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

De réir Airteagal 5(3) CAE, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Liostaítear an tAontas custaim agus an comhbheartas tráchtála i measc na réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas in Airteagal 3, CFAE. Cuimsíonn an beartas sin comhaontuithe trádála a chaibidil agus bearta beartais trádála a ghlacadh, lena n‑áirítear laghduithe ar tharaifí de bhun, inter alia, Airteagal 207 CFAE.

Comhréireacht

Tá an togra ón gCoimisiún i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus tá gá leis i bhfianaise an chuspóra meathlú ar an gcaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe a sheachaint.

An rogha ionstraime

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

I bhfianaise an ghealltanais pholaitiúil ó Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen agus ar an 27 Iúil na bearta is gá a dhéanamh láithreach chun síneadh a chur leis Chomhráiteas ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe an 21 Lúnasa 2020 maidir le gliomaigh, mar aon le raon táirge leathnaithe chun gliomaigh phróiseáilte (i.e. ullmhaithe) chumhdach, agus mar gheall ar an riachtanas polaitiúil atá ann bogadh ar aghaidh go tapa chun teannas trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a laghdú, tarscaoileadh próiseas foirmiúil an mheasúnaithe tionchair. I gcás an Aontais, ní táirge íogair é gliomach, lena n‑áirítear gliomaigh phróiseáilte (i.e. ullmhaithe) toisc go leanann an tAontas de bheith ina ghlanallmhaireoir i gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe. In 2024 d’allmhairigh an tAontas luach EUR 72 mhilliún de na táirgí gliomaigh sin ó na Stáit Aontaithe (22 % d’allmhairí foriomlána lasmuigh den Aontas), agus bhí luach na trádála iomláine lena mbaineann thart ar EUR 342 mhilliún in 2024 (thart ar EUR 320 milliún in allmhairí isteach san Aontas agus EUR 21 mhilliún in onnmhairí ón Aontas).

Le neamhchur i bhfeidhm leanúnach dleachtanna ar allmhairí agus leathnú a raoin feidhme chun gliomaigh phróiseáilte (i.e. ullmhaithe) a chumhdach freisin, leanfar de thacaíocht a thabhairt don tionscal próiseála bia agus don earnáil fáilteachais.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Tá an rialachán atá beartaithe comhsheasmhach leis na Conarthaí agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh toisc nach gcuirfeadh an rialachán atá beartaithe teorainn le feidhmiú aon chirt bhunúsaigh, amhail an tsaoirse chun gabháil le ceard gairmiúil, ós rud é go ndéanfaí dleachtanna allmhairiúcháin a laghdú, ní a mhéadú. I gcás ina laghdóidh an rialachán atá beartaithe dleachtanna allmhairiúcháin ar tháirgí áirithe, ach ní ar tháirgí eile, déanfar an rogha le bunús dlí cuí. I gcás ina dtabharfadh an rialachán atá beartaithe cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun an laghdú ar dhleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí, ní dhéanfaí leis an bhfionraíocht sin ach an staid dhlíthiúil a bhí ann roimh ghlacadh an rialacháin atá beartaithe a athbhunú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Le léirscaoileadh leanúnach na dtaraifí tionsclaíocha beidh tionchar diúltach teoranta ar bhuiséad an Aontais i bhfoirm dleachtanna custaim ligthe thar ceal mar gheall ar léirscaoileadh taraifí i gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis na línte taraife san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán seo atá beartaithe. Ón uair a tháinig Rialachán (AE) 2020/2131 i bhfeidhm go dtí mí na Bealtaine 2025 (na sonraí is déanaí), is EUR 37,3 milliún san iomlán i bhí i ndleachtanna allmhairiúcháin an Aontais a ligeadh thar ceal i gcás na dtáirgí gliomaigh a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2020/2131, agus ba iad allmhairí SAM EUR 26,5 milliún de sin 3 . Bunaithe ar na dleachtanna a bhaileofaí in éagmais Rialachán (AE) 2020/2131 le haghaidh na tréimhse Lúnasa 2020-Bealtaine 2025 ó thríú tíortha nach mbaineann tairbhe as cóir saor ó dhleacht faoi chomhaontuithe fabhracha trádála atá ann cheana leis an Aontas, is thart ar EUR 7,5 milliún an tionchar buiséadach bliantúil measta a bheidh ann 4 . Maidir leis na dleachtanna ligthe thar ceal, má chuirtear san áireamh leathnú an raoin feidhme chun gliomaigh ullmhaithe/phróiseáilte a chumhdach, dá gcuirfí i bhfeidhm iad don tréimhse ama chéanna (Lúnasa 2020 go Bealtaine 2025), is é EUR 242 mhíle breise a bheadh ann 5 , méid a d’eascródh beagnach go hiomlán ó allmhairí SAM. Ar an mbonn sin, meastar gurb é thart ar EUR 48 míle an tionchar buiséadach bliantúil a bhaineann le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar ghliomaigh ullmhaithe/phróiseáilte agus meastar gurb é thart ar EUR 7,5 milliún an tionchar buiséadach bliantúil a bhaineann le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar na hearraí uile san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán atá beartaithe 6 .

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Foráiltear le hAirteagal 1 maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar bhonn erga omnes i gcás na línte taraife a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán atá beartaithe.

Foráiltear le hAirteagal 2 maidir leis na himthosca ina bhféadfaidh an Coimisiún neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim i gcás na n‑earraí sin a chur ar fionraí, nó an fhionraíocht sin a chur ar ceal.

Foráiltear le hAirteagal 3 maidir leis an nós imeachta Coiste atá le leanúint i gcás ina gcuirtear neamhchur i bhfeidhm na ndleachtanna custaim ar fionraí.

Foráiltear le hAirteagal 4 maidir le dleachtanna custaim arna n‑íoc de bhreis ar na dleachtanna custaim is infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán atá beartaithe maidir le hallmhairí isteach san Aontas idir an 1 Lúnasa 2025 agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe, go mbeidh na dleachtanna custaim sin incháilithe le haghaidh aisíocaíochta arna iarraidh sin.

Le hAirteagal 5 tugtar tuilleadh sonraí maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe.

2025/0260 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó agus is doimhne ar domhan ag an Aontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (na ‘Stáit Aontaithe’) agus tá a ngeilleagair comhtháite go mór. B’fhiú níos mó ná EUR 1,6 trilliún an trádáil dhá threo iomlán a rinne siad in 2024. Is í an dúshraith atá faoin gcomhpháirtíocht dhomhain chuimsitheach sin infheistíocht fhrithpháirteach mhór agus infheistíochtaí frithpháirteacha acu i margaí a chéile ar fiú thart ar EUR 5,3 trilliún iad.

(2)An 16 Nollaig 2020, chun suaitheadh a sheachaint agus chun leanúint d’fheabhas a chur ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta leis na Stáit Aontaithe, ghlac an tAontas Rialachán (AE) 2020/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 maidir le díchur dleachtanna custaim ar earraí áirithe, go háirithe cineálacha áirithe gliomach, rialachán is infheidhme ón 1 Lúnasa 2020. Chuaigh an Rialachán sin in éag an 31 Iúil 2025.

(3)I gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe an 27 Iúil 2025 agus le Comhráiteas an 21 Lúnasa 2025 maidir le Creat idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i dtaca le Comhaontú maidir le Trádáil Chómhalartach, Chóir agus Chothrom 8   (an ‘Comhráiteas’) agus chun rochtain leanúnach ar mhargadh na Stát Aontaithe a áirithiú d’earraí an Aontais, ba cheart don Aontas foráil a dhéanamh, go ceann tréimhse eile, maidir le neamhchur i bhfeidhm na ndleachtanna custaim ar allmhairí isteach san Aontas na gcineálacha gliomach a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2020/2131. I gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil, ba cheart allmhairí gliomach próiseáilte a aicmítear faoi chód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) 1605 30 90 a áireamh freisin i gcás neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim.

(4)Dá réir sin, na dleachtanna custaim ar allmhairí na nearraí a aicmítear faoi na cóid AC a liostaítear san Iarscríbhinn, ba cheart feidhm a bheith acu ar leibhéal 0 % fad a bheidh an Comhráiteas á chur chun feidhme go héifeachtach ag na Stáit Aontaithe.

(5)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún neamhchur i bhfeidhm na ndleachtanna custaim a chur ar fionraí ach imthosca áirithe a theacht i gceist. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 .

(6)I bhfianaise a thábhachtaí atá sé suaitheadh ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. Ar an gcúis chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Lúnasa 2025. Dleachtanna custaim a íocadh de bhreis ar na dleachtanna is infheidhme de bhun an Rialacháin seo sa tréimhse idir an 1 Lúnasa 2025 agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart iad a aisíoc arna iarraidh sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim

0 % a bheidh i ndleachtanna custaim na Comhtharaife Custaim is infheidhme maidir le hallmhairiú isteach san Aontas na n‑earraí a aicmítear faoi chóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) a liostaítear san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Fionraíocht

1.Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear cur i bhfeidhm Airteagal 1 ar fionraí go hiomlán nó go páirteach sna imthosca seo a leanas:

(a)i gcás nach gcuireann na Stáit Aontaithe an Comhráiteas chun feidhme nó ina mbainfidh siad an bonn ar shlí eile de na cuspóirí maidir le feabhas a chur ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus na cuspóirí arna saothrú leis an gComhráiteas, nó i gcás ina mbaineann siad an bonn de rochtain oibreoirí eacnamaíocha an Aontais ar mhargadh na Stát Aontaithe, nó i gcás ina gcuireann siad isteach ar shlí eile ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe;

(b)i gcás ina bhfuil tásca leordhóthanacha go ngníomhóidh na Stáit Aontaithe ar an mbealach dá dtagraítear i bpointe (a) amach anseo;

(c)i gcás ina bhfuil athrú tagtha ar imthosca oibiachtúla maidir leis na himthosca sin a bhí ann tráth a eisíodh an Comhráiteas.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

2.Beidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 fad a bheidh na himthosca dá dtagraítear i mír 1 fós ann.

Airteagal 3

Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an Choiste um Bacainní Trádála a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 4

Aisíocaíocht dleachtanna custaim

Arna iarraidh sin do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, aisíocfaidh údaráis chustaim náisiúnta na mBallstát lena mbaineann aon dleacht chustaim arna híoc de bhreis ar na dleachtanna is infheidhme de bhun an Rialacháin seo maidir le hallmhairí earraí isteach san Aontas idir an 1 Lúnasa 2025 agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, earraí a aicmítear faoi na cóid AC a liostaítear san Iarscríbhinn.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS AGUS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3

1.3.Cuspóirí3

1.3.1.Cuspóirí ginearálta3

1.3.2.Cuspóirí sonracha3

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3

1.3.4.Táscairí feidhmíochta3

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4

1.5.Foras an togra/tionscnaimh4

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile4

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh4

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige5

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme5

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA6

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe6

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe6

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe6

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú6

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)6

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc6

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH7

3.1.Ainm an togra7

3.2.Línte buiséid7

3.3.Tionchar airgeadais7

4.BARÚLACHA EILE8

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar earraí áirithe

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

An trádáil

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

Deiseanna breise a chur ar fáil i gcónaí d’oibreoirí san Aontais agus sna Stát Aontaithe agus meathlú ar an gcaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe a sheachaint, trí gan taraifí a chur i bhfeidhm nó iad a laghdú.

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

Gan dleachtanna custaim a chur i bhfeidhm ar chineálacha áirithe gliomach, lena n‑áirítear gliomaigh ullmhaithe/phróiseáilte, ar bhonn erga omnes. Tá sé sin i bhfianaise dhul in éag an Rialacháin bunaidh, an 31 Iúil 2025 maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar chineálacha áirithe gliomach (Rialachán (AE) 2020/2131 an 16 Nollaig 2020) agus i bhfianaise an ghealltanais, mar chuid den chomhaontú polaitiúil idir Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen agus Uachtarán na Stát Aontaithe Trump an 27 Iúil 2025, síneadh a chur láithreach leis an Rialachán maidir le gliomaigh agus a raon feidhme a leathnú chun gliomaigh phróiseáilte (i.e. ullmhaithe) a chumhdach.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é an toradh a bhfuil coinne leis neamhchur i bhfeidhm leanúnach taraifí (NBF) maidir le cineálacha áirithe gliomach faoi choinníollacha comhchosúla le Rialachán (AE) 2020/2131 agus gliomaigh phróiseáilte a chur le raon feidhme neamhchur i bhfeidhm na dtaraifí sin. Déanfar é sin mar obair leantach ar an gcomhaontú polaitiúil idir Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen agus Uachtarán na Stát Aontaithe Trump an 27 Iúil 2025 agus, ar an gcaoi sin, chun teorainn a chur leis an teannas trádála breise idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Neamhchur i bhfeidhm leanúnach na dtaraifí i gcás na dtáirgí lena mbaineann, meastar go mbeidh tionchar diúltach teoranta aige ar bhuiséad an Aontais i bhfoirm dleachtanna custaim ligthe thar ceal. Ní táirge íogair é gliomach don Aontas agus le síneadh a chur le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim agus leathnú a raoin feidhme chun gliomaigh phróiseáilte (i.e. ullmhaithe) a chumhdach, leanfar de thacaíocht a thabhairt do thionscal próiseála bia agus earnáil fáilteachais an Aontais.

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Neamhbhainteach toisc gurb é neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar tháirgí áirithe an t‑aon chuspóir atá leis an Rialachán.

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 11  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Glacadh an Rialacháin atá beartaithe de réir an Ghnáthnós Imeachta Reachtaigh agus teacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe, is nithe iad atá le saothrú laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir.

Tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an Rialachán le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Lúnasa 2025 (dáta éaga an bhun‑Rialacháin inar sonraíodh cheana neamhchur i bhfeidhm taraifí i gcás fhormhór na dtáirgí gliomaigh a chumhdaítear leis an Rialachán seo).

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

De réir Airteagal 5(3) CAE, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Liostaítear an tAontas custaim agus an comhbheartas tráchtála i measc na réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas in Airteagal 3, CFAE. Cuimsíonn an beartas sin comhaontuithe trádála a chaibidil agus bearta beartais trádála a ghlacadh, lena n‑áirítear laghduithe ar tharaifí de bhun, inter alia, Airteagal 207 CFAE.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Mar thoradh ar an Rialachán bunaidh (Rialachán (AE) 2020/2131 an 16 Nollaig 2020), bhí neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim i gcás fhormhór na dtáirgí gliomaigh a chumhdaítear leis an Rialachán seo atá beartaithe ar feadh 5 bliana, gan iarmhairtí diúltacha suntasacha don Aontas. Neamhchur i bhfeidhm na ndleachtanna ar na táirgí gliomaigh lena mbaineann agus an neamhchur i bhfeidhm sin a leathnú chun gliomaigh phróiseáilte/ullmhaithe a chumhdach, is tosca tábhachtacha iad chun meathlú ar an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a sheachaint. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach leanúint le neamhchur i bhfeidhm taraifí den sórt sin i gcás na dtáirgí lena mbaineann, agus i gcás gliomaigh phróiseáilte/ullmhaithe freisin, mar a léirítear sa chomhaontú polaitiúil a rinneadh an 27 Iúil 2025.

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Neamhbhainteach

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Neamhbhainteach

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2025 go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 

 Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

ag a ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú)

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí dlí phoiblí

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí phoiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Nótaí

Neamhbhainteach

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Neamhbhainteach toisc gurb é neamhchur i bhfeidhm simplí na ndleachtanna custaim uile (erga omnes) ar líon áirithe earraí atá i gceist leis seo.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Neamhbhainteach toisc gurb é neamhchur i bhfeidhm simplí na ndleachtanna custaim uile (erga omnes) ar líon áirithe earraí atá i gceist leis seo.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Neamhbhainteach toisc gurb é neamhchur i bhfeidhm simplí na ndleachtanna custaim uile (erga omnes) ar líon áirithe earraí atá i gceist leis seo.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

Neamhbhainteach toisc gurb é neamhchur i bhfeidhm simplí na ndleachtanna custaim uile (erga omnes) ar líon áirithe earraí atá i gceist leis seo.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Neamhbhainteach toisc gurb é neamhchur i bhfeidhm simplí na ndleachtanna custaim uile (erga omnes) ar líon áirithe earraí atá i gceist leis seo.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ainm an togra

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe 

3.2.Línte buiséid

Líne ioncaim: Caibidil 1 2, Airteagal 1 2 0

An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana lena mbaineann: EUR 21 082 004 566

(i gcás ioncaim shannta amháin):

Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim): neamhbhainteach

3.3.Tionchar airgeadais

   Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

     Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam

   Tá tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta

Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

(EUR milliúin go dtí an chéad deachúil)

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam 12

Tréimhse XX mí dar tús ll/mm/bbbb (más infheidhme)

Bliain N

Caibidil 12, Airteagal 120 – Dualgais chustaim agus dualgais eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/335/AE, Euratom

-2.5

Tréimhse 5 mhí dar tús 1/8/2025

2025

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

2026

2027

2028

2029

2030



Caibidil 12, Airteagal 120

-7,5 milliún EUR

-7,5 milliún EUR

-7,5 milliún EUR

-7,5 milliún EUR

-5 milliún EUR

(I gcás ioncaim shannta amháin, ar choinníoll gur fios an líne bhuiséid cheana féin):

Líne chaiteachais 13

Bliain N

Bliain N+1

Caibidil/Airteagal/Ítim

Caibidil/Airteagal/Ítim

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne chaiteachais

[N+1]

[N+2]

[N+3]

[N+4]

[N+5]

Caibidil/Airteagal/Ítim …

Caibidil/Airteagal/Ítim …

4.BARÚLACHA EILE

Bhí na ríomhanna bunaithe ar shonraí staidrimh a bhí ar fáil, agus measadh maidir leis na dleachtanna custaim a tarscaoileadh i ngeall ar léirscaoileadh taraifí i gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis na línte taraife san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, gurbh fhiú thart ar EUR 7,5 milliún na dleachtanna sin in aghaidh na bliana i ndleachtanna a bhailíodh ó thríú tíortha nach dtairbhíonn de chóir saor ó dhleacht faoi chomhaontuithe fabhracha trádála atá ann cheana leis an Aontas (meántréimhse Lúnasa 2020-Bealtaine 2025).

(1)    IO L 430, 18.12.2020, lgh. 1–4.
(2)    Airteagal 21(2)(e) CAE.
(3)    Rinneadh luach na ndleachtanna ligthe thar ceal a ríomh ar bhonn allmhairí ó thríú tíortha nach mbaineann leas as cóir saor ó dhleacht faoi chomhaontuithe fabhracha trádála atá ann cheana leis an Aontas (catagóirí Eurostat ‘Extra AE-27’ agus ‘Comhaontuithe trádála atá i bhfeidhm - Uile - Fabhrach (76 thír)’).
(4)    Foinse: Eurostat.
(5)    Rinneadh luach na ndleachtanna ligthe thar ceal a ríomh ar bhonn allmhairí ó thríú tíortha nach mbaineann leas as cóir saor ó dhleacht faoi chomhaontuithe fabhracha trádála atá ann cheana leis an Aontas (catagóirí Eurostat ‘Extra AE-27’ agus ‘Comhaontuithe trádála atá i bhfeidhm - Uile - Fabhrach (76 thír)’).
(6)    Foinse: Eurostat.
(7)    Rialachán (AE) 2020/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le díchur dleachtanna custaim ar earraí áirithe (IO L 430, 18.12.2020, lgh. 1-4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2131/oj ).
(8)     Joint Statement on a United States‑European Union framework on an agreement on reciprocal, fair and balanced trade - European Commission , nasc: https://policy.trade.ec.europa.eu/news/joint‑statement‑united‑states‑european‑union‑framework-agreement‑reciprocal-fair-and‑balanced‑trade-2025-08-21_ga  
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).
(10)    Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1843/oj ).
(11)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(12)    I gcás acmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
(13)    Le húsáid más gá, agus sa chás sin amháin.
Top

An Bhruiséil,28.8.2025

COM(2025) 472 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe


IARSCRÍBHINN

Cód AC 2025 1

Tuairisc

0306 11 90

Gliomaigh charraige agus piardóga mara eile ‘Palinurus Spp., Panulirus Spp., agus Jasus Spp., iad deataithe fiú, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, lena n‑áirítear iad sin sa bhlaosc, iad cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite (seachas eireabaill piardóg)

0306 12 10

Gliomaigh ‘Homarus Spp.’, iad iomlán, deataithe fiú nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite

0306 12 90

Gliomaigh‘Homarus Spp.’, iad deataithe fiú, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, lena n‑áirítear gliomaigh sa bhlaosc, iad cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite (seachas gliomaigh ina n‑iomláine)

0306 32 10

Gliomaigh ‘Homarus Spp.’, iad beo

1605 30 90

Gliomaigh, iad ullmhaithe nó leasaithe (seachas gliomaigh atá díreach deataithe; seachas feoil gliomaigh, í cócaráilte, chun im gliomaigh nó chun taois, pâté, anraithí nó anlainn gliomaigh a mhonarú)

(1)    Is as an Ainmníocht Chomhcheangailte a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus leis an gComhtharaif Chustaim a thógtar cóid na hainmníochta, ar cóid iad atá bailí tráth fhoilsiú an Rialacháin seo agus mutatis mutandis de réir mar a leasaítear é le reachtaíocht ina dhiaidh seo.
Top