Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0462

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2028-2034 (an clár ‘Pericles V’), agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) 2021/840

COM/2025/462 final

An Bhruiséil,3.9.2025

COM(2025) 462 final

2025/0258(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2028-2034 (an clár ‘Pericles V’), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2021/840

{SWD(2025) 253 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

•Cúiseanna agus cuspóirí

Mar airgeadra aonair an Aontais, is croíleas Eorpach é an euro, ar gá gach gné dá shláine a chosaint. Tá bagairt an ghóchumtha fós suntasach. Cé go bhfuil an meánlíon nótaí bainc euro góchumtha a bhraitear gach bliain faoi smacht fós, tá gá le forairdeall leanúnach, mar a léirítear leis an méadú atá ag teacht ar infhaighteacht euro góchumtha ardcháilíochta agus gnéithe slándála ar an idirlíon/ar an idirlíon dorcha, teacht chun cinn nótaí bainc dearaidh athraithe, agus teophointí góchumtha a bheith ann, e.g. sa Tuirc agus sa tSín. Ina theannta sin, leantar d’airgead tirim in euro a úsáid go forleathan san Aontas in éineacht le modhanna íocaíochta leictreonacha, rud a éilíonn cosaint leanúnach ar ghóchumadh an airgeadra aonair. Déanann nótaí bainc ghóchumtha dochar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, nach n‑íoctar ar ais leo nótaí bainc ghóchumtha fiú más de mheon macánta a fuair siad iad. Go ginearálta, tá tionchar ag an ngóchumadh ar an stádas airgid dhlítháirgthe atá ag fíorbhillí agus fíormhonaí euro, chomh maith le tionchar ar an muinín atá ag saoránaigh agus gnólachtaí astu.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

Ó tugadh an euro isteach mar airgeadra aonair, is gá é a chosaint ar ghóchumadh ar leibhéal AE agus tá gá le clár sonrach ar mhaithe leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Tá an clár ‘Pericles 2020 IV’ reatha beartaithe go sonrach chun nótaí bainc agus monaí euro a chosaint ar ghóchumadh, ar bunaíodh é le Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 1 .

Déanann an cur chuige ar leith trasnáisiúnta agus ildisciplíneach 2 atá ag an gclár Pericles IV agus a dhíriú isteach ar acmhainn an phobail a fhorbairt chun an euro a chosaint gurb uathúil é i measc clár ar leibhéal AE. Faoi mar a dhéantar measúnú air ar bhonn leanúnach i dtuarascálacha bliantúla an chláir, is léir go bhfuil sé comhlántach leis an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise (TAIEX), a úsáidtear go minic chun tacú le caibidlíocht aontachais, agus an Ciste Slándála Inmheánaí – Póilíní 3 , lena gcumhdaítear an choireacht a chosc agus a chomhrac go ginearálta. Tar éis góchumadh airgeadraí a chuimsiú mar cheann de na tosaíochtaí i bplean gníomhaíochta oibríochtúil EMPACT 4 , tá an Coimisiún ag comhordú go dlúth le spreagthach EMPACT chun an chomhlántacht idir an dá fhoinse maoinithe a uasmhéadú. I bhfianaise a speisialtóireachta agus a idirdhisciplíneachta, tá clár Pericles ar a thionscnamh féin maidir le hoiliúint agus fothú acmhainneachta, agus díríonn EMPACT a ghníomhaíochtaí ar ghníomhaíochtaí tacaíochta oibríochtúla i bhforfheidhmiú an dlí.

Baineann an togra reachtach seo leis an tionscnamh leanúint ar aghaidh leis an gclár Pericles níos faide anonn ná 2027.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Trí ghóchumadh agus calaois a bhaineann le góchumadh a chosc agus a chomhrac, cuidítear le sláine an euro a chaomhnú, rud a neartaíonn muinín na saoránach agus na ngnólachtaí as iontaofacht an euro agus, dá bhrí sin, a rannchuidíonn le feidhmiú éifeachtach an euro a áirithiú, le cobhsaíocht fhioscach agus airgeadais san Aontas a choimirciú agus le húsáid idirnáisiúnta airgeadra aonair an Aontais le haghaidh trádála, seirbhísí airgeadais agus infheistíochta a chothú.

2BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tagann reachtaíocht an Aontais a bhaineann leis an euro a chosaint ar ghóchumadh faoi réimse Airteagal 133 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sonraíonn an fhoráil sin go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú i gcomhréir leis ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, na bearta atá riachtanach chun an euro a úsáid mar an t‑airgeadra aonair a leagan síos. Faoi mar a bhí i gcás leaganacha den chlár a bhí ann roimhe, trí bhíthin togra le haghaidh Rialachán comhthreomhar ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 352 den CFAE, leathnófar infheidhmeacht chlár Pericles V chun na Ballstáit nach é an euro a n‑airgeadra a chumhdach.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le hAirteagal 5(3) CAE, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta i réimsí a thagann faoi réim inniúlacht eisiach an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(c) CFAE, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach na bearta is gá a leagan síos chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Sa réimse sin, ní féidir le Ballstáit an limistéir euro gníomhaíocht a dhéanamh agus, dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

•Comhréireacht

An Rialachán atá beartaithe, tá sé riachtanach, fóirsteanach agus oiriúnach chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach. Tá molta ann comhar i measc na mBallstát agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit a neartú go héifeachtúil, gan srian a chur ar chumas Ballstát an euro a chosaint ar ghóchumadh. Tá údar le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais toisc gur léir go gcuidíonn sé le Ballstáit an euro a chosaint go comhpháirteach agus go spreagann sé úsáid struchtúr coiteann de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú.

•An rogha ionstraime

Is Rialachán atá san ionstraim atá beartaithe, atá leanúnach le Rialachán 2021/840 lena mbunaítear an clár Pericles IV. Tá sé cruthaithe go bhfhorálann an rialachán an deimhneacht dhlíthiúil atá ag teastáil chun an euro a chosaint go héifeachtach ar ghóchumadh, cosaint nárbh fhéadfaí a thabhairt trí bhíthin ionstraimí dlí eile.

Leathnófar cur i bhfeidhm chlár Pericles chun na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu a chumhdach, trí thogra le haghaidh Rialachán comhthreomhar ón gComhairle go comhleanúnach le Rialachán (AE) 2021/1696 ón gComhairle.

3TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ SIARGHABHÁLACHA, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht eatramhach ar an gclár ‘Pericles IV’ in 2024, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/840. Is é conclúid na meastóireachta go bhfuil ag éirí leis an gClár ‘Pericles IV’ a chuspóir a bhaint amach, is é sin rannchuidiú le góchumadh an euro a chosc agus a chomhrac, agus ar an gcaoi sin sláine nótaí bainc agus monaí euro a chaomhnú.

Tríd is tríd, tá sé cruthaithe go bhfuil an Clár éifeachtach ó thaobh feabhas a chur ar mhalartú faisnéise, scileanna teicniúla, creataí institiúideacha agus cumais oibríochtúla chun góchumadh an euro a chomhrac, i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad araon. D’éirigh leis líonrú agus imscrúduithe comhoibríocha a éascú, agus ba mhór a baineadh amach dá bharr ar nós imscrúduithe a ndearnadh nótaí bainc agus monaí euro góchumtha a urghabháil agus eagraíochtaí coiriúla a dhíchóimeáil mar gheall orthu. 

Trí oiliúint theicniúil, seimineáir, malartuithe foirne agus staidéir a sholáthar, thug an Clár tacaíocht chun bearta a dhéanann na Ballstáit, go háirithe i gcásanna ina mbíonn an cistiú náisiúnta teoranta. Dá bhrí sin, áirithíodh leis an gClár ‘Pericles IV’ úsáid éifeachtúil acmhainní go dtí seo chun aschuir, torthaí agus tionchair an Chláir a bhaint amach. Cé go bhfuil costais bhainistíochta réasúnta ard i dtéarmaí coibhneasta i gcomparáid le cláir chomhchosúla, is é buiséad foriomlán teoranta an Chláir is cúis leis sin den chuid is mó. Tá laghdú ag teacht ar a sciar foriomlán freisin mar gheall ar an digitiú, rud a léiríonn gnóthachain éifeachtúlachta foriomláine. Le dlúth-rannpháirtíocht sheirbhísí an Choimisiúin i gcomhordú agus i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí, mar shampla trí chathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe an Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro (ECEG), áirithítear tacaíocht agus faireachán éifeachtach ó na Ballstáit. Déantar meastóireachtaí eatramhacha agus ex-post ar ghlúin Pericles IV den Chlár, cé go bhfuil sí beag agus an leibhéal ard leanúnachais le linn clárthréimhsí iomadúla, ach mar gheall ar cheist chomhréireacht dhá cheanglas meastóireachta in aghaidh an timthrialla cistiúcháin i gcoibhneas leis an mbuiséad foriomlán, moladh go gcuirfí tuarascáil ar chur chun feidhme in ionad ceann amháin den dá mheastóireacht.

Ina theannta sin, meastar go bhfuil an Clár comhlántach agus comhleanúnach i dtaca le tionscnaimh a dhéanann institiúidí eile de chuid an Aontais, mar atá BCE agus Europol. Ós rud é go bhfuil raon feidhme thionscnaimh na mBallstát teoranta, líontar an bhearna sin leis an gClár trí ghníomhaíochtaí ilnáisiúnta agus ildisciplíneacha a thairiscint ina soláthraítear saineolas agus lena gcothaítear an fhorbairt caidreamh i measc na mBallstát agus le tríú tíortha. Go deimhin, tá breisluach AE nach beag ag baint leis an gClár trí chaidrimh agus comhar a bhunú agus a fheabhsú i measc na mBallstát, tríú tíortha, institiúidí de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nach dtagann faoi scáth na n‑údarás náisiúnta aonair.

Tá an Clár Pericles IV fós an‑ábhartha agus tá sé curtha in oiriúint do bhagairtí atá ag teacht chun cinn. Tá gá le haird leanúnach chun bagairtí góchumtha atá ag teacht chun cinn a chomhrac agus chun a áirithiú go bhfanfaidh an líon nótaí bainc agus monaí euro góchumtha a bhraitear faoi smacht agus ar leibhéil ísle: fad agus a úsáidtear airgead tirim, is ann fós don riosca a bhaineann le nótaí bainc agus monaí góchumtha. Ar na bagairtí atá ann faoi láthair nach mór aghaidh a thabhairt orthu sa chlár a bheidh ann amach anseo, tá dáileadh góchumtha agus comhpháirteanna ardcháilíochta ar an idirlíon/ar an idirlíon dorcha, chomh maith le cur in aghaidh ‘airgead scannáin’ agus táirgí ‘cóipe tiomána’. Áirítear leis freisin bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an euro digiteach amach anseo agus tionchar na hIntleachta Saorga ar tháirgeadh agus ar shainaithint airgeadra góchumtha. Ar deireadh, thug an measúnú le fios go n‑oibríonn an Clár chun inbhuanaitheacht a aschur agus a dhul chun cinn amach anseo le himeacht ama i dtreo a chuspóirí a áirithiú trí eolas a aistriú trí ghníomhaíochtaí leantacha tráthrialta agus trí thacaíocht leanúnach ón gClár. Tarraingíonn páirtithe leasmhara aird ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn agus ar mhéid áirithe athraithe foirne laistigh de na húdaráis inniúla náisiúnta, agus chuir siad i dtábhacht an gá atá le hoiliúint leanúnach gach 2-3 bliana, rud a dhearbhaíonn a thábhachtaí atá sé leanúint den chlár a bhfuil raon feidhme comhchosúil aige.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh seacht gcomhairliúchán poiblí 5 roimh na tograí le haghaidh chláir an Aontais faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, go háirithe maidir le cistiú ón Aontas don mhargadh aonair, agus comhar idir na húdaráis náisiúnta; Maoiniú ón Aontas don iomaíochas; nó maoiniú ón Aontas a chur chun feidhme leis na Ballstáit agus leis na réigiúin. Dhírigh na comhairliúcháin ar raon leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear saoránaigh, gnólachtaí, FBManna, údaráis phoiblí, faighteoirí cistiúcháin ón Aontas, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, an saol acadúil agus páirtithe leasmhara idirnáisiúnta.

Comhthacaíonn na comhairliúcháin sin leis an ngá atá le hinfheistíochtaí cuíchóirithe in iomaíochas an Aontais agus sa mhargadh aonair ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear trí chomhar idir riaracháin náisiúnta. Léiríonn siad comhaontú suntasach i measc na bpríomhpháirtithe leasmhara go ndéantar an margadh aonair a neartú trí acmhainneachtaí teicniúla agus riaracháin a optamú do na Ballstáit; go gcumhachtaítear údaráis náisiúnta, saoránaigh, tomhaltóirí agus gnólachtaí trí bhearnaí eolais agus sonraí a réiteach; nó gur réimsí iad aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thrasnáisiúnta agus comhar trasteorann a éascú a bhfuil breisluach AE soiléir ag baint leo.

•Measúnú tionchair

I gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i Rialachán Airgeadais AE 6 agus na treoirlínte maidir le rialáil níos fearr 7 , ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ar chláir atá leanúnach ó thaobh ábhair agus struchtúir de nó a bhfuil buiséad cuíosach beag acu. Ina áit sin, ní mór meastóireacht ex ante a dhéanamh i bhfoirm Doiciméid Oibre Inmheánaigh. Comhlíonann an mheastóireacht ex ante SWD (SWD(...) a ghabhann leis an togra seo na ceanglais a bhaineann le rialáil níos fearr. De réir a mheasúnaithe, trí leanúint de chlár Pericles d’áiritheofaí go mbeadh sé éifeachtach i gcónaí maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois a bhaineann le góchumadh, go háirithe trí ghníomhaíochtaí díreacha spriocdhírithe an Choimisiúin lena gcomhlánaítear gníomhaíochtaí na mBallstát a áirithiú, agus go gcothófaí leis sin éifeachtaí fadtéarmacha an chláir mar a dheimhnítear lena mheastóireacht eatramhach. Is óna fhócas uathúil a thagann ardleibhéal bhreisluach AE an chláir, rud a léirítear ina bhunús dlí in Airteagal 133 CFAE, rud a fhágann, in éineacht lena thrasnáisiúntacht agus lena ildisciplíneacht, go seasann sé amach i ndáil le cláir eile de chuid an Aontais agus le modhanna náisiúnta gníomhaíochta. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil an Coimisiún i gceannas ar bhainistiú díreach an chláir agus ar cheapadh agus ar chur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais chun an euro a chosaint, ráthaíonn sé baint amach éifeachtach chuspóirí an chláir, ó tharla go nascann sé reachtaíocht agus beartas le cur chun feidhme an chláir.

Dá leanfaí ar aghaidh leis an gclár reatha le himchlúdach méadaithe, d’áiritheofaí éifeachtacht leanúnach an chláir, trí ghníomhaíochtaí díreacha spriocdhírithe ón gCoimisiún lena gcomhlánaítear gníomhaíochtaí na mBallstát a áirithiú freisin, agus Choinneofaí ar bun éifeachtaí fadtéarmacha an chláir mar a dheimhnítear lena mheastóireacht eatramhach. Is dócha go mbeadh méadú ar líon na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme agus ar líon na rannpháirtithe gníomhaíochta mar thoradh ar an mbuiséad méadaithe i gcomparáid le tréimhse chlár Pericles IV. Ar an gcaoi sin, d’áiritheofaí leis go gcomhlíonfaí cuspóirí an Chláir tríd an euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois a bhaineann le góchumadh, lena n‑áiritheofaí creat cothrom le dáta chun góchumadh an euro a bhrath, oiriúnú do bhagairtí atá ag teacht chun cinn agus ag forbairt, agus líonra saineolaithe frith-ghóchumtha éifeachtach dea-oilte a bhunú agus a chothú.

•Simpliú

Déanfar cur chun feidhme airgeadais Pericles a shimpliú a thuilleadh trí úsáid mhéadaithe a bhaint as roghanna costais simplithe le haghaidh deontas, rud a laghdódh an t‑ualach riaracháin ar iarratasóirí ar an gclár.

•Cearta bunúsacha

Maidir leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), tá an togra i gcomhréir leo agus urramaítear iad leis, i gcás ina bhfuil cuspóirí an tionscnaimh bheartaithe nasctha le cearta bunúsacha a chur chun cinn agus leis an gCairt a chur i bhfeidhm. Mar shampla, cuirtear chun cinn leis an togra an tsaoirse fiontraíochta trí úsáid shábháilte airgeadra aonair an Aontais a ráthú mar mhodh íocaíochta.

4IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach imchlúdach airgeadais táscach EUR 7 000 000 (i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar an gclár le haghaidh 2028-2034 8 . Cuirtear tionchar airgeadais measta mionsonraithe an togra seo i láthair sa ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach atá i gceangal leis an togra seo.

2025/0258 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2028-2034 (an clár ‘Pericles V’), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2021/840

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 9 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an cuspóir curtha rompu ag an Aontas agus ag na Ballstáit na bearta is gá a leagan síos chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Áirítear ar na bearta sin an euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois a bhaineann le góchumadh, agus ar an gcaoi sin muinín na saoránach agus na ngnólachtaí as iontaofacht an euro a neartú agus, dá bhrí sin, rannchuidiú le feidhmiú éifeachtach an euro a áirithiú, cobhsaíocht fhioscach agus airgeadais san Aontas a choimirciú agus úsáid idirnáisiúnta an euro le haghaidh trádála, seirbhísí airgeadais agus infheistíochta a chothú.

(2)I Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 10 ón gComhairle, foráiltear do mhalartuithe faisnéise, do chomhar agus do chúnamh frithpháirteach, lena mbunófar ar an dóigh sin creat comhchuibhithe chun an euro a chosaint. Leathnaíodh éifeachtaí an Rialacháin sin le Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 11 ón gComhairle ionas go gcumhdófaí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair, chun go mbeadh leibhéal coibhéiseach cosanta ag an euro ar fud an Aontais.

(3)Le tacaíocht a tugadh roimhe seo do ghníomhaíochtaí den sórt sin, trí Chinntí 2001/923/CE 12 agus 2001/924/CE 13 ón gComhairle, lenar bunaíodh an chéad chlár Pericles agus a leasaíodh agus a leathnaíodh ina dhiaidh sin le Cinntí 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE, 2006/850/CE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 331/2014 14 agus (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , cuireadh feabhas ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát i réimse an euro a chosaint ar ghóchumadh. Trí na gníomhartha éagsúla sin, d’éirigh leis an gclár Pericles cosaint an euro ar ghóchumadh a áirithiú.

(4)I ndáil leis sin, ina Theachtaireacht maidir le torthaí na meastóireachta eatramhaí ar chlár Pericles IV 16 , tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil struchtúr cur chun feidhme reatha chlár Pericles IV éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe go ginearálta agus go bhfuil sé fós ábhartha maidir le hoiriúnú do bhagairtí atá ag teacht chun cinn. Leis an gclár Pericles IV tugtar aghaidh ar bhearna chriticiúil i roinnt mhaith Ballstát, inar minic a bhíonn teorainn leis na hacmhainní chun oiliúint idirnáisiúnta agus ildisciplíneach maidir le góchumadh an euro a eagrú. Trí thacaíocht spriocdhírithe a sholáthar, neartaítear leis an gclár cumas an Aontais góchumadh an euro a chomhrac agus tacaíonn sé le caidrimh nua, líonraí agus iarrachtaí comhair thrasnáisiúnta a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint de chlár Pericles tar éis 2028.

(5)Ós rud é go bhfuil gné shoiléir thrasnáisiúnta ag baint leis an airgeadra aonair Eorpach a chosaint mar earra poiblí, téann cosaint an euro níos faide ná leas agus freagracht Ballstát aonar. I bhfianaise chúrsaíocht thrasteorann an euro agus na dlúthbhainte atá ag coiriúlacht eagraithe idirnáisiúnta le góchumadh an euro, ba cheart creataí cosanta náisiúnta a chomhlánú le tionscnamh ón Aontas chun comhar náisiúnta agus idirnáisiúnta aonchineálach a áirithiú, agus chun dul i ngleic le rioscaí féideartha trasnáisiúnta éiritheacha. Dá bhrí sin, tríd an gclár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh a bhunú, tá an Rialachán seo riachtanach, oiriúnach agus iomchuí chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach. Leis an gClár, ba cheart comhar i measc na mBallstát agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit a neartú go héifeachtúil, gan srian a chur ar chumas na mBallstát an euro a chosaint ar ghóchumadh. Tá údar le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais toisc gur léir go gcuidíonn sé le Ballstáit an euro a chosaint go comhpháirteach agus go spreagann sé úsáid struchtúr coiteann de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú.

(6)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach táscach airgeadais don chlár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár ‘Pericles V’). Chun críche an Rialacháin seo, déantar praghsanna reatha a ríomh trí dhíbhoilsceoir seasta 2 % a chur i bhfeidhm. 

(7)I dtimpeallacht eacnamaíoch shóisialta gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa, is léir ón taithí a fuarthas le déanaí go bhfuil gá le creat airgeadais ilbhliantúil agus cláir de chuid an Aontais atá níos solúbtha. Chuige sin, agus i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, ba cheart aird chuí a thabhairt sa chistiú ar na riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn agus ar thosaíochtaí an Aontais mar a shainaithnítear iad i ndoiciméid ábhartha arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún, i gconclúidí ón gComhairle agus i rúin ó Pharlaimint na hEorpa agus intuarthacht leordhóthanach á háirithiú ag an am céanna le haghaidh chur chun feidhme an bhuiséid.

(8)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 maidir leis an gClár ‘Pericles V’. Leagtar síos leis an Rialachán na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, tabhartais neamhairgeadais, soláthar, bainistíocht indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(9)I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 , Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 19 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 20 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 21 , tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom) Uimh. 883/2013 agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois, éilliú agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, rud a ndéantar foráil maidir leis i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 . I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ní mór d’aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus a áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha a dheonú.

(10)Tá an Clár le cur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 202X/XXXX lena leagtar síos na rialacha maidir le rianú caiteachais agus creat feidhmíochta an bhuiséid, lena n‑áirítear rialacha chun a áirithiú gur go haonfhoirmeach a dhéanfar an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus prionsabal an chomhionannais inscne a chur i bhfeidhm, prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 33(2), pointí (d) agus (f), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 faoi seach, rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht clár agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus le tuairisciú ina taobh, rialacha maidir le tairseach chistiúcháin de chuid an Aontais a bhunú, rialacha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar na cláir, agus forálacha cothrománacha eile is infheidhme maidir le cláir uile an Aontais, amhail forálacha maidir le faisnéis, le cumarsáid agus le hinfheictheacht.

(11)De bhun Airteagal 85(1) de Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle 23 , tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear (OCTanna) incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár agus faoi réir socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát a bhfuil an tír nó an chríoch ábhartha thar lear nasctha leis.

(12)Gníomhaíochtaí incháilithe do mhaoiniú arb é is aidhm dóibh malartuithe faisnéise agus foirne, cúnaimh theicniúil agus eolaíoch agus oiliúna speisialaithe a chur chun cinn, is cuidiú mór iad chun airgeadra aonair an Aontais a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois a bhaineann le góchumadh agus, dá bhrí sin, ardleibhéal de chosaint choibhéiseach a áirithiú ar fud an Aontais, agus léiriú á thabhairt ag an am céanna ar chumas an Aontais dul i ngleic le coireacht eagraithe thromchúiseach. Chun go seasfaidh an Clár an aimsir, is gá an chothromaíocht a choinneáil ar bun idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú, agus an gá atá ann leanúint de bheith ag díriú ar bhagairtí atá ann faoi láthair agus ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear nótaí bainc dearaidh athraithe agus dáileadh góchumtha ar an idirlíon. Ba cheart a chumhdach freisin le gníomhaíochtaí incháilithe forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, mar atá bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don euro digiteach amach anseo, agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an intleacht shaorga agus deiseanna imscrúdaitheacha a sholáthraítear léi. Tá ceannach trealaimh atá le húsáid ag údaráis frith-ghóchumtha speisialaithe tríú tíortha chun an euro a chosaint ar ghóchumadh ríthábhachtach freisin chun foráil a dhéanamh maidir le cosaint leordhóthanach an euro i dtríú tíortha, ach i gcás ina gceannaítear trealamh, ba cheart an oiliúint is gá lena úsáid a bheith ag gabháil leis freisin. Dá bhrí sin, i gcás gníomhaíochta den chineál sin, níor cheart gurb é ceannach trealaimh an t‑aon chomhchuid den ghníomhaíocht i gceist.

(13)Chun gnéithe trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha an chomhraic in aghaidh an ghóchumtha a chur san áireamh, tá gá le cothromaíocht idir na spriocghrúpaí éagsúla agus na rannpháirtithe éagsúla i ngníomhaíochtaí an Chláir. Dá bhrí sin, ba cheart gach gníomhaíocht a bheith de chineál trasnáisiúnta agus ildisciplíneach, agus in éineacht le páirtithe leasmhara traidisiúnta mar atá údaráis forfheidhmithe dlí agus bainc cheannais náisiúnta, rachaidh sé chun sochair dó freisin baint níos mó a bheith ag na breithiúna, ag an lucht custaim agus ag na seirbhísí beartseachadta mar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an chláir,

(14)Tagann an Clár in ionad an chláir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/840 le haghaidh 2021 go 2027. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/840 a aisghairm.

(15)Chun aistriú rianúil gan bhriseadh a áirithiú idir clár Pericles IV agus clár Pericles V, is iomchuí fad chlár Pericles V a ailíniú leis an tréimhse cur i bhfeidhm [tagairt do Rialachán CAI tar éis 2027] Rialachán (AE, Euratom).../20xx[?]]. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag clár Pericles V ón 1 Eanáir 2028,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal [1]

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár ‘Pericles V’) (an ‘Clár’) agus leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, a bhuiséad don tréimhse 2028-2034, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar. 

Airteagal [2]

Cuspóirí an chláir

1.Is é cuspóir ginearálta an Chláir góchumadh agus calaois a bhaineann le góchumadh a chosc agus a chomhrac agus sláine an euro a chaomhnú, rud a neartaíonn muinín na saoránach agus na ngnólachtaí as iontaofacht an euro agus, dá bhrí sin, a rannchuidíonn le feidhmiú éifeachtach an euro a áirithiú, le cobhsaíocht fhioscach agus airgeadais san Aontas a choimirciú agus le húsáid idirnáisiúnta airgeadra aonair an Aontais le haghaidh trádála, seirbhísí airgeadais agus infheistíochta a chothú.

2.Is é cuspóir sonrach an Chláir an euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois a bhaineann le góchumadh, agus forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur san áireamh freisin, amhail bagairtí nua agus bagairtí a d’fhéadfadh teacht chun cinn ar an euro digiteach amach anseo, agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an intleacht shaorga agus na deiseanna imscrúdaitheacha a sholáthraítear léi. Déantar sin trí thacú leis na bearta a dhéanann Ballstáit agus trína chur leo, agus trí chúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla náisiúnta agus d’údaráis inniúla an Aontais agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta agus malartú an chleachtais is fearr a fhorbairt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal [3]

Buiséad

1.Tá an t‑imchlúdach airgeadais táscach i gcomhair chur chun feidhme an Chláir le haghaidh na tréimhse 2028 go 2034 socraithe ag EUR 7 000 000 i bpraghsanna reatha.

2.Féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais ar an taobh thall de 2034 chun na costais is gá a chumhdach agus chun go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi dheireadh an Chláir a bhainistiú.

3.An t‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus méideanna na n‑acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal [4], féadfar iad a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialúcháin, iniúchóireachta agus meastóireachta, córais agus ardáin teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, gníomhaíochtaí faisnéise, infheictheachta agus cumarsáide, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, chomh maith le gach cúnamh teicniúil agus riaracháin eile nó gach costas eile a bhaineann leis an bhfoireann arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Clár a bhainistiú.

Airteagal [4]

Acmhainní breise

1.Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, nó tríú páirtithe eile, ranníocaíochtaí airgeadais nó neamhairgeadais breise a dhéanamh leis an gClár. Is ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2), pointí (a), (d), nó (e), nó Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a bheidh sna ranníocaíochtaí airgeadais breise.

2.Acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht chomhroinnte, féadfar iad a sholáthar don Chlár, ach na Ballstáit é sin a iarraidh. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach nó go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (a) nó (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Is acmhainní breise a bheidh iontu, le cois an mhéid dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach ná faoi bhainistíocht indíreach maidir le méideanna breise arna soláthar don Chlár ar an dóigh sin, féadfar na méideanna comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach faoi leith amháin nó níos mó nó chuig a gcomharbaí, ach an Ballstát lena mbaineann é sin a iarraidh.

Airteagal [5]

Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach

1.Cuirfear an Clár chun feidhme i bpáirt le cláir eile de chuid an Aontais. Gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht ón Aontas faighte aici ó chlár eile, féadfaidh sí ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach, sin nó féadfar sraith aonair rialacha a chur i bhfeidhm maidir leis na ranníocaíochtaí uile agus féadfar gealltanas dlíthiúil aonair a thabhairt i gcrích. Más ar chostais incháilithe a bhunaítear an ranníocaíocht ón Aontas, ní rachaidh an tacaíocht charnach ó bhuiséad an Aontais thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar í a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

2.Nósanna imeachta dámhachtana a bheidh ann faoin gClár, féadfar iad a stiúradh go comhpháirteach, faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach, i gcomhar leis na Ballstáit, le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, le tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, nó le tríú páirtithe eile (‘comhpháirtithe sa nós imeachta dámhachtana comhpháirteach’), ar choinníoll go n‑áiritheofar cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Beidh na nósanna imeachta sin faoi réir sraith aonair rialacha agus mar gheall orthu tabharfar gealltanais dhlíthiúla aonair i gcrích. Chun na críche sin, na comhpháirtithe sa nós imeachta dámhachtana comhpháirteach, féadfaidh siad acmhainní a sholáthar don Chlár i gcomhréir le hAirteagal [5] den Rialachán seo, nó féadfar a chur de chúram ar na comhpháirtithe an nós imeachta dámhachtana a chur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. I nósanna imeachta dámhachtana comhpháirteacha, féadfaidh ionadaithe na gcomhpháirtithe sa nós imeachta dámhachtana comhpháirteach a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta freisin dá dtagraítear in Airteagal 153(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Airteagal [6]

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.Féadfar rannpháirtithe sa Chlár a dhéanamh de na tríú tíortha seo a leanas trí chomhlachas iomlán nó páirteach, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 2 agus i gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha nó le haon chinneadh arna ghlacadh faoi chuimsiú na gcomhaontuithe sin agus is infheidhme maidir le:

(a)comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, chomh maith le micreastáit Eorpacha;

(b)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha;

(c)tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa;

(d)tríú tíortha eile.

2.Leis na comhaontuithe comhlachais maidir le rannpháirtíocht sa Chlár:

(a)áiritheofar cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sa Chlár;

(b)leagfar síos na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa Chlár, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le clár agus lena chostais riaracháin ghinearálta, ranníocaíochtaí arb éard atá iontu ranníocaíocht oibríochtúil agus táille rannpháirtíochta;

(c)ní thabharfar aon chumhacht chinnteoireachta sa Chlár don tríú tír;

(d)cearta an Aontais a ráthú chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint;

(e)i gcás inarb ábhartha, áiritheofar cosaint leasanna slándála agus oird phoiblí an Aontais.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), deonóidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá a cheanglaítear faoi Rialacháin (AE, Euratom) 2024/2509 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, agus ráthóidh sí go mbeidh cinntí forfheidhmiúcháin lena bhforchuirfear oibleagáid airgid ar bhonn Airteagal 299 CFAE, chomh maith le breithiúnais agus orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, infhorfheidhmithe.

Airteagal [7]

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistithe ón Aontas

1.Cuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach trí bhíthin eintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c), den Rialachán sin.

2.Féadfar cistiú ón Aontas a sholáthar in aon fhoirm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar, agus tabhartais neamhairgeadais . 

3.I gcás ina soláthrófar cistiú ón Aontas i bhfoirm deontais, soláthrófar cistiú mar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais nó, i gcás inar gá, le roghanna costas simplithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Ní fhéadfar cistiú a sholáthar i bhfoirm aisíocaíocht costais incháilithe iarbhír ach amháin i gcás nach féidir cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach ar shlí eile.

Airteagal [8]

Incháilitheacht

1.Socrófar critéir incháilitheachta chun tacú leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus beidh feidhm acu maidir le gach nós imeachta dámhachtana faoin gClár.

2.I nósanna imeachta dámhachtana faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na heintitis dhlítheanacha seo a leanas a bheith incháilithe chun cistiú a fháil ón Aontas, má cheaptar na heintitis sin mar na húdaráis inniúla náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001:

(a)eintitis atá bunaithe i mBallstát;

(b)eintitis atá bunaithe i dtríú tír chomhlachaithe;

(c)eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)eintitis eile atá bunaithe i dtríú tíortha neamhchomhlachaithe i gcás ina mbeidh cistiú na n‑eintiteas sin fíor-riachtanach chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme agus ina rannchuideoidh sé leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3.

3.Le cois Airteagal 168(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, féadfaidh tríú tíortha comhlachaithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo, i gcás inarb ábhartha, páirt a ghlacadh in aon cheann de na sásraí soláthair a leagtar amach in Airteagal 168(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus tairbhiú d’aon cheann díobh. Cuirfear na rialacha is infheidhme maidir leis na Ballstáit i bhfeidhm, mutatis mutandis, maidir le tríú tíortha comhlachaithe rannpháirteacha.

4.Nósanna imeachta dámhachtana a dhéanann difear don tslándáil nó don ord poiblí, go háirithe nósanna imeachta dámhachtana a bhaineann le sócmhainní agus leasanna straitéiseacha an Aontais nó a Bhallstát, déanfar iad a shrianadh i gcomhréir le hAirteagal 136 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

5.Ar na gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin gClár, tá an méid seo a leanas:

(a)malartuithe agus scaipeadh faisnéise maidir leis na topaicí a liostaítear san Iarscríbhinn, go háirithe trí cheardlanna, cruinnithe agus seimineáir lena n‑áirítear oiliúint, socrúcháin spriocdhírithe agus malartuithe foirne de chuid údarás inniúil náisiúnta agus gníomhaíochtaí eile comhchosúla a eagrú;

(b)an cúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil is gá, mar a liostaítear san Iarscríbhinn;

(c)ceannach trealaimh, ar trealamh é atá le húsáid ag údaráis frith-ghóchumtha speisialaithe tríú tíortha chun an euro a chosaint ar ghóchumadh.

Déanfar gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), a chur chun feidhme go heisiach trí dheontais agus ní bheidh ceannach trealaimh ina chomhchuid aonair den chomhaontú deontais.

6.Áireofar in aon Ghníomhaíocht a chistítear leis an gClár rannpháirtíocht oiliúnóirí agus/nó oiliúnaithe ó dhá Bhallstát agus/nó ó thríú tíortha ar a laghad, agus ó dhá cheann ar a laghad de na grúpaí gairmiúla a liostaítear san Iarscríbhinn.

7.Féadfar saineolaithe agus rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh sna grúpaí gairmiúla dá dtagraítear i mír 6.

8.Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta, arna sainiú in Airteagal 2, pointe (b) de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, a bheidh ina n‑eintitis incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin gclár. I gcásanna ina n‑osclófar an clár do rannpháirtíocht tríú tíortha trí chomhpháirtíocht iomlán nó páirteach i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo, na húdaráis sin a cheapfaidh na tríú tíortha sin mar na húdaráis inniúla náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, measfar iad a bheith incháilithe do chistiú freisin.

9.Sna nósanna imeachta dámhachtana maidir le deontais, na gníomhaíochtaí nó codanna díobh, atá maoinithe ina n‑iomláine cheana as foinsí poiblí nó príobháideacha eile, cé is moite de ranníocaíochtaí ón Aontas i gcomhthéacs gníomhaíochtaí sineirge dá dtagraítear in Airteagal 5, ní bheidh siad incháilithe chun cistiú a fháil.

10.Leis an gclár oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, féadfar na critéir incháilitheachta a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú a thuilleadh nó féadfar critéir incháilitheachta bhreise a leagan síos maidir le gníomhaíochtaí sonracha.

Airteagal [9]

Clár oibre

Is lecláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a chuirfear an Clár chun feidhme.

Airteagal [10]

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) 2021/840 le héifeacht ón 1 Eanáir 2028.

Airteagal [11]

Forálacha idirthréimhseacha

1.Ní dhéanfar difear leis an Rialachán seo do leanúint ná modhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán (AE) 2021/840 a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir an speansas teicniúil agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) 2021/840 a áirithiú.

Airteagal [12]

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa                Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                An tUachtarán

RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

1LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3

1,1Teideal an togra/tionscnaimh3

1,2Réimsí beartais lena mbaineann3

1,3Cuspóirí3

1.3.1.Cuspóirí ginearálta3

1.3.2.Cuspóirí sonracha3

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3

1.3.4.Táscairí feidhmíochta3

1,4Baineann an togra/tionscnamh le:4

1,5Foras an togra/tionscnaimh4

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5

1,6Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6

1,7Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6

2BEARTA BAINISTÍOCHTA8

2,1Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8

2,2Córais bainistíochta agus rialaithe8

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8

2,3Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9

3AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10

3,1Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar10

3,2An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12

3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin24

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24

3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24

3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25

3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26

3.2.4.3.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach26

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28

3,3An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam29

4Gnéithe digiteacha29

4,1Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha30

4,2Sonraí30

4,3Réitigh dhigiteacha31

4,4Measúnú idir-inoibritheachta31

4,5Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32

1LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1,1Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár Pericles V don tréimhse 2028-2034.

1,2Réimsí beartais lena mbaineann 

An euro a chosaint ar ghóchumadh.

1,3Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

Is é cuspóir ginearálta an Chláir góchumadh agus calaois a bhaineann le góchumadh a chosc agus a chomhrac agus sláine an euro a chaomhnú, rud a neartaíonn muinín na saoránach agus na ngnólachtaí as iontaofacht an euro agus, dá bhrí sin, a rannchuidíonn le feidhmiú éifeachtach an euro a áirithiú, le cobhsaíocht fhioscach agus airgeadais san Aontas a choimirciú agus le húsáid idirnáisiúnta airgeadra aonair an Aontais le haghaidh trádála, seirbhísí airgeadais agus infheistíochta a chothú.

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Tá an cuspóir sonrach seo a leanas ag an gclár: cosaint éifeachtach a thabhairt don euro ar ghóchumadh agus ar chalaois a bhaineann le góchumadh, agus forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur san áireamh freisin, ar nós bagairtí nua agus bagairtí a d’fhéadfadh teacht chun cinn ar an euro digiteach amach anseo, agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an Intleacht Shaorga agus na deiseanna imscrúdaitheacha a sholáthraítear léi. Déantar sin trí thacú leis na bearta a dhéanann Ballstáit agus trína chur leo, agus trí chúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla náisiúnta agus d’údaráis inniúla an Aontais agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta agus malartú an chleachtais is fearr a fhorbairt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Cuideoidh clár Pericles leis na tairbhithe — údaráis inniúla na mBallstát — ina gcuid oibre an euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois a bhaineann le góchumadh trí oiliúint, malartú dea-chleachtais agus múscailt feasachta. Is iad gach ball foirne san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a bhaineann le cosaint an euro a bheidh ina spriocghrúpaí le haghaidh ghníomhaíocht an chláir.

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Déanfar faireachán ar an tionscnamh seo tríd an gcreat feidhmíochta le haghaidh an bhuiséid tar éis 2027, rud a ndéantar scrúdú air i dtogra ar leithligh. Déantar foráil sa chreat feidhmíochta maidir le tuarascáil chur chun feidhme le linn chéim chur chun feidhme an chláir, chomh maith le meastóireacht chúlghabhálach atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr agus beidh sí bunaithe ar tháscairí atá ábhartha maidir le cuspóirí an chláir

Comhfhreagróidh na táscairí aschuir agus toraidh chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar a bhfuil bainte amach ag an gclár seo do na comhtháscairí dá bhforáiltear faoi Rialachán xxx [An Rialachán Feidhmíochta Cothrománach]

1,4Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 24  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1,5Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Mar airgeadra aonair an Aontais, is croíleas Eorpach é an euro, ar gá gach gné dá shláine a chosaint. Tá bagairt an ghóchumtha suntasach i gcónaí. Cé go bhfuil an meánlíon nótaí bainc euro góchumtha a bhraitear gach bliain faoi smacht fós, tá gá le forairdeall leanúnach, mar a léirítear leis an méadú atá ag teacht ar infhaighteacht euro ghóchumtha ardcháilíochta agus gnéithe slándála ar an idirlíon/ar an idirlíon dorcha, teacht chun cinn nótaí bainc dearaidh athraithe, agus teophointí góchumtha a bheith ann laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach. Ina theannta sin, leantar d’airgead tirim in euro a úsáid go forleathan san Aontas in éineacht le modhanna íocaíochta leictreonacha, rud a éilíonn cosaint leanúnach ar ghóchumadh an airgeadra aonair. Déanann nótaí bainc ghóchumtha dochar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, nach n‑íoctar ar ais leo nótaí bainc ghóchumtha fiú más de mheon macánta a fuair siad iad. Go ginearálta, tá tionchar ag an ngóchumadh ar an stádas airgid dhlítháirgthe atá ag fíorbhillí agus fíormhonaí euro, chomh maith le tionchar ar an muinín atá ag saoránaigh agus gnólachtaí astu.

Ós rud é gur gá aird leanúnach a thabhairt ar chosaint an euro ar ghóchumadh, déanfar an tionscnamh a chur chun feidhme ar bhonn leanúnach, trí dheontais thiomnaithe agus trí ghníomhaíochtaí arna soláthar.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Ós rud é go bhfuil gné shoiléir thrasnáisiúnta ag baint leis an airgeadra aonair Eorpach a chosaint mar earra poiblí, téann cosaint an euro níos faide ná leas agus freagracht Ballstát aonar AE. I bhfianaise chúrsaíocht thrasteorann an euro agus na dlúthbhainte atá ag coiriúlacht eagraithe idirnáisiúnta le góchumadh an euro (táirgeadh agus dáileadh), is gá creataí cosanta náisiúnta a chomhlánú le tionscnamh de chuid AE chun comhar náisiúnta agus idirnáisiúnta aonchineálach a áirithiú, agus chun dul i ngleic le rioscaí féideartha trasnáisiúnta éiritheacha.

. Trí thacaíocht spriocdhírithe a sholáthar, neartaíonn an Clár cumas an Aontais góchumadh an euro a chomhrac. In éagmais an Chláir, bheadh tionchar aige sin ar thionscnaimh leanúnacha agus chuirfeadh sé bac ar fhorbairt caidrimh agus líonraí nua, rud a chuirfeadh bac ar iarrachtaí comhair thrasnáisiúnta.

Breisluach AE a mheastar a ghinfear

Soláthraíonn an Clár breisluach suntasach AE trí chaidreamh agus comhar a bhunú agus a fheabhsú i measc na mBallstát, tríú tíortha, institiúidí an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil rochtain ag údaráis náisiúnta aonair orthu, mar atá caidreamh comhordaithe a bhunú le húdaráis na Síne chun bagairtí ar nós dáileadh holagram euro ghóchumtha a chomhrac, agus comhstraitéis de chuid an Aontais a spreagadh chun cur in aghaidh na mbagairtí a bhaineann le nótaí bainc dearaidh athraithe.

Trí thacaíocht spriocdhírithe a sholáthar, neartaíonn an Clár cumas an Aontais góchumadh an euro a chomhrac. In éagmais an Chláir, bheadh tionchar aige sin ar thionscnaimh leanúnacha agus chuirfeadh sé bac ar fhorbairt caidrimh agus líonraí nua, rud a chuirfeadh bac ar iarrachtaí comhair thrasnáisiúnta.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Rinneadh meastóireacht mheántéarma ar an gclár ‘Pericles IV’ in 2024, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/840. Is é conclúid na meastóireachta go bhfuil ag éirí leis an gclár ‘Pericles IV’ a chuspóir a bhaint amach, is é sin rannchuidiú le góchumadh an euro a chosc agus a chomhrac, agus ar an gcaoi sin sláine nótaí bainc agus monaí euro a chaomhnú.

Tríd is tríd, tá sé cruthaithe go bhfuil an clár éifeachtach ó thaobh feabhas a chur ar mhalartú faisnéise, scileanna teicniúla, creataí institiúideacha agus cumais oibríochtúla chun góchumadh an euro a chomhrac, i mBallstáit den Aontas Eorpach agus i dtríú tíortha araon. D’éirigh leis líonrú agus imscrúduithe comhoibríocha a éascú, agus ba mhór a baineadh amach dá bharr ar nós imscrúduithe a ndearnadh nótaí bainc agus monaí euro góchumtha a urghabháil agus eagraíochtaí coiriúla a dhíchóimeáil mar gheall orthu.

De réir na meastóireachta meántéarma ar an gclár Pericles IV, tugtar aghaidh ar bhearna chriticiúil i roinnt mhaith Ballstát, inar minic a bhíonn teorainn leis na hacmhainní chun oiliúintí idirnáisiúnta agus ildisciplíneacha maidir le góchumadh an euro a eagrú. Trí oiliúint theicniúil, seimineáir, malartuithe foirne agus staidéir a sholáthar, thug an Clár tacaíocht chun bearta a dhéanann na Ballstáit, go háirithe i gcásanna ina mbíonn an cistiú náisiúnta teoranta. Dá bhrí sin, áirithíodh leis an gclár ‘Pericles IV’ úsáid éifeachtúil acmhainní go dtí seo chun aschuir, torthaí agus tionchair an chláir a bhaint amach. Cé go bhfuil costais bhainistíochta réasúnta ard i dtéarmaí coibhneasta i gcomparáid le cláir chomhchosúla, is é buiséad foriomlán teoranta an Chláir is cúis leis sin den chuid is mó. Tá laghdú ag teacht ar a sciar foriomlán freisin mar gheall ar an digitiú, rud a léiríonn gnóthachain éifeachtúlachta foriomláine. Le dlúth-rannpháirtíocht sheirbhísí an Choimisiúin i gcomhordú agus i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí, mar shampla trí chathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe an Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro (ECEG), áirithítear tacaíocht agus faireachán éifeachtach ó na Ballstáit. Déantar meastóireachtaí meantéarmacha agus ex-post ar ghlúin Pericles IV den Chlár. Mar sin féin, toisc go bhfuil sí beag agus mar gheall ar an leibhéal ard leanúnachais le linn clárthréimhsí iomadúla, is é a d’eascair as an gceist maidir le comhréireacht dhá cheanglas meastóireachta in aghaidh an timthrialla cistiúcháin i gcoibhneas leis an mbuiséad foriomlán an moladh go gcuirfí tuarascáil ar chur chun feidhme in ionad ceann amháin den dá mheastóireacht.

Ina theannta sin, meastar go bhfuil an Clár comhlántach agus comhleanúnach i dtaca le tionscnaimh a dhéanann institiúidí eile de chuid an Aontais, mar atá BCE agus Europol. Ós rud é go bhfuil raon feidhme thionscnaimh na mBallstát teoranta, líontar an bhearna sin leis an gClár trí ghníomhaíochtaí ilnáisiúnta agus ildisciplíneacha a thairiscint ina soláthraítear saineolas agus lena gcothaítear an fhorbairt caidreamh i measc na mBallstát agus le tríú tíortha.

Tá an clár Pericles IV fós an‑ábhartha agus tá sé curtha in oiriúint do bhagairtí atá ag teacht chun cinn. . Tá gá le haird leanúnach chun bagairtí góchumtha atá ag teacht chun cinn a chomhrac agus chun a áirithiú go bhfanfaidh an líon nótaí bainc agus monaí euro góchumtha a bhraitear faoi smacht agus ar leibhéil ísle: fad agus a úsáidtear airgead tirim, is ann fós don riosca a bhaineann le nótaí bainc agus monaí góchumtha. Ar na bagairtí atá ann faoi láthair nach mór aghaidh a thabhairt orthu sa chlár a bheidh ann amach anseo, tá dáileadh góchumtha agus comhpháirteanna ardcháilíochta ar an idirlíon/ar an idirlíon dorcha, chomh maith le cur in aghaidh ‘airgead scannáin’ agus táirgí ‘cóipe tiomána’. Áirítear leis freisin bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an euro digiteach amach anseo agus tionchar na hIntleachta Saorga ar tháirgeadh agus ar shainaithint airgeadra góchumtha. Ar deireadh, tugadh le fios leis an measúnú go n‑oibríonn an Clár chun inbhuanaitheacht a aschur agus a dhul chun cinn amach anseo le himeacht ama i dtreo a chuspóirí a áirithiú trí eolas a aistriú trí ghníomhaíochtaí leantacha tráthrialta agus trí thacaíocht leanúnach ón gClár. Tarraingíonn páirtithe leasmhara aird ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn agus ar mhéid áirithe athraithe foirne laistigh de na húdaráis inniúla náisiúnta, agus chuir siad i dtábhacht an gá atá le hoiliúint leanúnach gach 2-3 bliana, rud a dhearbhaíonn a thábhachtaí atá sé leanúint den chlár a bhfuil raon feidhme comhchosúil aige.

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an tionscnamh ina chuid den togra maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034.

Tá breisluach AE nach beag ag baint leis an gclár trí chaidrimh agus comhar a bhunú agus a fheabhsú i measc na mBallstát, tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, institiúidí de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a théann thar raon feidhme na n‑údarás náisiúnta aonair.

D’fhéadfaí sineirgí féideartha a aimsiú le Clár an Mhargaidh Aonair lena gcomhthiomsófar bearta a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais chun deireadh a chur le bacainní trasteorann agus trastíre agus chun comhar a chothú idir riaracháin náisiúnta, rud a rannchuideoidh Pericles leis freisin, chomh maith le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh aonair trí shábháilteacht an airgeadra aonair a ráthú. Is féidir sineirgí leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas a aimsiú freisin sa mhéid go bhféachfaidh clár Pericles V le rannchuidiú le huathriail straitéiseach agus le bonneagar criticiúil a chosaint trína áirithiú go mbainfear úsáid shábháilte as an euro mar airgeadra aonair agus mar mhodh íocaíochta.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

neamhbhainteach

1,6Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

 tréimhse theoranta

–i bhfeidhm ón 01/01/2028 go dtí an 31/12/2034

–tionchar airgeadais ó 2028 go 2034 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2028 go 2037 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1,7An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

–    a dhéanann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)

– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

– comhlachtaí dlí poiblí

– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh

– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha

– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Nótaí

Ní bhaineann le hábhar

2BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2,1Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

 Leis na rialacha faireacháin agus tuairiscithe le haghaidh an chláir seo leanfar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán xxx [An Rialachán Feidhmíochta Cothrománach].

2,2Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Modh maidir le cur chun feidhme an bhuiséid:

Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach. Áiritheoidh sé sin go bhfuil an Coimisiún i gceannas ar bhainistíocht dhíreach an Chláir agus ar bheartas agus reachtaíocht an Aontais a dhearadh agus a chur chun feidhme chun an euro a chosaint, ag clúdach coiscthe, forfheidhmithe agus comhair, rud a chumasaíonn méid optamach sineirge. Ráthaítear leis sin baint amach éifeachtach chuspóirí an Chláir, ós rud é go nascann sé reachtaíocht agus beartas le cur chun feidhme an Chláir. Tacaíonn rannpháirtíocht an Choimisiúin i mbeagach gach gníomh le hullmhú agus le cur i láthair ghnéithe reachtacha agus beartais an Aontais Eorpaigh.

Sásra cur chun feidhme maoinithe:

Beidh tacaíocht airgeadais faoin gClár le haghaidh gníomhartha incháilithe i gceachtar den dá fhoirm a leanas:

(a) deontais (‘Gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an Údarás Inniúil Náisiúnta’), nó

(b) Soláthar poiblí (‘gníomhaíochtaí díreacha’).

Baineann an Coimisiún úsáid as soláthar (‘gníomhaíochtaí díreacha’) agus é d’aidhm leis na gníomhaíochtaí deontais a chomhlánú agus dá réir sin dul i ngleic leis an líon is airde bagairtí agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

Áireofar sa chlár oibre na heilimintí sainordaitheacha uile de réir Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, lena n‑áirítear an leithdháileadh buiséadach.

Módúlachtaí íocaíochta:

Déanann an Coimisiún na híocaíochtaí a leanas leis an tairbhí:

- aon íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin;

- aon íocaíocht den iarmhéid, ar bhonn na hiarrata le haghaidh íocaíocht an iarmhéid.

Is é aidhm an réamh-mhaoiniúcháin comhlúthacht a sholáthar don tairbhí. Is maoin de chuid an Aontais an réamh-mhaoiniú i gcónaí go dtí go ndéantar é a imréiteach in aghaidh íoc an iarmhéid. Aisíocann nó clúdaíonn íoc an iarmhéid an chuid eile de na costais incháilithe arna dtabhú ag an tairbhí le haghaidh an gníomh a chur chun feidhme.

Straitéis rialaithe:

Tá na nósanna imeachta rialaithe i gcomhair an dá chuid den chlár (deontais agus soláthair) i gcomhréir leis an Rialachán Foirne.

Fíoruithe ex-ante (oibleagáid agus íocaíochtaí)

Tá rogha an Choimisiúin de chiorcad airgeadais le haghaidh samhail atá díláraithe i bpáirt, le tionscnamh agus fíorú airgeadais socraithe leis an láraonad airgeadais agus an tionscnamh oibriúcháin, fíorú agus údarú deiridh socraithe leis na haonaid oibriúcháin. Déanfaidh 4 gníomhairí (gníomhaire tionscanta airgeadais agus an gníomhaire fíoraithe airgeadais san aonad buiséid agus an gníomhaire tionscanta oibriúcháin agus an gníomhaire fíoraithe san aonad atá freagrach as an gcaiteachas) ar a laghad gach comhad a fhíorú sula nglacfaidh an tOifigeach um Údarú iad trí fhotharmligean.

I gcás gach comhad soláthair Pericles, beidh ionadaí ón gCoimisiún i láthair ar lá an ghnímh chun dea-chur chun feidhme na gcistí a mhaoirsiú (e.g. comhdhálacha agus seisiúin oiliúna).

Deontais

Sa chomhaontú deontais arna shíniú ag na tairbhithe saineofar na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gcistiú agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an deontas, lean n‑áirítear caibidil maidir le modhanna rialaithe.

I gcás thromlach dheontais Pericles, bíonn ionadaí ón gCoimisiún i láthair ar lá an ghnímh d’fhonn rannchuidiú leis an imeacht (e.g.: cainteoirí, traenálaithe) agus dea-chur chun feidhme an ghnímh a sheiceáil (e.g. comhdhálacha agus seisiúin oiliúna).

Soláthar

- déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus is iad a bhíonn mar bhonn leis an gconradh sonrach. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise i ngach conradh a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún agus an páirtí seachtrach.

- Déanfaidh an Coimisiún rialuithe ar na torthaí ar fad agus maoirsiú ar na hoibriúcháin agus na seirbhísí ar fad arna gcur i gcrích ag an gconraitheoir creatlaí.

Leis na rialuithe arna mbunú beidh muinín leormhaith ag an gCoimisiún as cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus laghdófar an riosca nach gcomhlíonfar na coinníollacha. Leis na rialuithe thuasluaite laghdófar an riosca go nialas nach mór agus sroichfear 100 % de na tairbhithe. Meastar go mbeidh straitéis rialaithe an chláir éifeachtúil maidir leis an riosca a theorannú nach gcomhlíonfar coinníollacha agus meastar go bhfuil sí i gcoibhneas leis an riosca atá i gceist i bhfianaise an bhuiséid bhig

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Meastar go bhfuil an leibhéal riosca íseal i gcás na gcomhaontuithe deontais, ós rud é i 90 % de na cásanna gur údaráis phoiblí nó seirbhísí forfheidhmithe dlí sna Ballstáit iad na tairbhithe. I gcás na gconarthaí arna ndámhachtain ar bhonn próisis soláthair is lú na rioscaí ós rud é go bhfuil cuid shuntasach den chaiteachas cumhdaithe ó thaobh dlí agus airgeadais de ag creatchonradh arna thabhairt i gcríoch i gcomhair 1 bhliain leis an deis é a shíneadh 3 huaire.

I gcomhréir le ceanglais an Choimisiúin, déanfar measúnú riosca gach bliain.

Riosca tábhachtach a shainaithnítear sna comhaid deontais is ea go ndéanann an tairbhí léirléamh rófhlaithiúil ar na coinníollacha deontais maidir le hincháilitheacht costas arna dtabhú agus an gníomh á chur chun feidhme. Chun an riosca sin a mhaolú, foilsítear Ceisteanna Coitianta d’Iarratasóirí ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.

Iontaofacht an tuairiscithe airgeadais: Chun léargas fíor agus cothrom ar an staid reatha a áirithiú, tá gach íocaíocht faoi réir a méideanna a fhíorú. Déantar fíorú agus tuairisciú cuntasaíochta cothrománach freisin.

Sócmhainní agus faisnéis a choimirciú: Taispeántar na híocaíochtaí réamh-mhaoiniúcháin atá fós le himréiteach mar shócmhainní ar an gclár comhardaithe. Baintear an coimirciú sin amach ar dhá phríomhbhealach: ráthaítear acmhainneacht airgeadais an tairbhí fhéideartha ó tharla go roghnaítear gach iarratasóir ó ghrúpa dúnta de chomhlachtaí poiblí agus i rith na bliana déanann an t‑aonad oibríochtúil faireachán rialta ar cé acu a fhaightear nó nach bhfaightear táirgí insoláthartha in am.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

Déanfar tomhas ar éifeachtúlacht costais rialuithe maidir le speansais Pericles de réir chomhréir chostais fhoriomlána na rialuithe ar na híocaíochtaí. Ba cheart a chur san áireamh d’ainneoin go mbeidh cóimheas na gcostas rialaithe thar an meán beidh an cur chun feidhme éifeachtúil agus costéifeachtach. Is féidir cóimheas ard na gcostas rialaithe a mhíniú tríd an méid a leanas:

Is aonad gnó gníomhach é freisin an t‑aonad atá freagrach a bhfuil a ghníomhaíochtaí fite fuaite le cur chun feidhme ghníomhartha Pericles arna gcur i gcrích ag Ballstáit agus ag údarais inniúla náisiúnta. Baintear é sin amach trí phlé Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát, trína chomhordú agus trí fhreastal a dhéanamh ar gach imeacht/ceardlann/seisiún oiliúna a eagraíonn na tairbhithe. Ráthaíonn an réamhphlé ardcháilíocht na n‑aschur atá le húsáid le haghaidh obair an aonaid. Baineann rannpháirtíocht fhoireann an Choimisiúin i ngach imeacht go príomha lena ghníomhaíochtaí mar aonad gnó (cathaoirleacht, láithreoireachtaí a chur i láthair, ceardlanna a threorú, conclúidí a chomhdhréachtú agus úsáid aschur dá réir sin) agus, san am céanna, tugtar an deis faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an láthair ar cháilíocht na ngníomhartha go léir arna gcur chun feidhme (15 % ar a mhéad den am caite ar an láthair). Sa chomhthéacs céanna, cuireann an Coimisiún fáilte roimh rannpháirtithe mhalairtuithe foirne Pericles ar a áitreamh. Baineann méid suntasach ama an aonaid leis na tascanna sin, agus an chuid is mó acu bainteach le beartas.

Tá buiséad measartha beag ag Pericles, nach bhfuil a chur chun feidhme agus rialuithe i gcomhréir leis na deontais cuibheasach íseal a dhámhtar, mar an gcéanna, mar gheall ar an mbuiséad íseal lena mbaineann, ní féidir leis an gclár tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála.

Cuirtear an clár i gcrích trí aon ghlao ar thogra, lena mbaineann dhá spriocdháta; dá réir sin, bainistítear dhá nós imeachta dámhachtana in aghaidh na bliana. Is é is cuspóir don chóras bainistíochta agus rialaithe na leibhéil riosca earráide a bhfuil coinne leo (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an dúnta) a choinneáil faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 % ar bhonn bliantúil.

2,3Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Féach aithris 9 den togra. I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom) Uimh. 883/2013 agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ní mór d’aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus a áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha a dheonú.

Déanann an Coimisiún Straitéis Frithchalaoise láidir de chuid an Choimisiúin a choinneáil ar bun. Comhlánaíonn AS ECFIN é sin le straitéis frithchalaoise agus iniúchóireachta lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí a thagann faoina shainchúram, chomh maith le rialuithe ex post ar chláir AS ECFIN.

3AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3,1Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana: Ní bhaineann le hábhar

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadaisilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

Ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

2

 05 01 03 Caiteachas tacaíochta le haghaidh Pericles (cosaint an Euro)

Neamhdhifreáilte

NÍ hEA

NÍ hEA

NÍ hEA

NÍ hEA

2

05 04 01 Pericles 

Difreáilte

NÍ hEA

NÍ hEA

NÍ hEA

NÍ hEA

3,2An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

–    Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadaisilbhliantúil

Uimhir

2

Ard-Stiúrthóireacht: ECFIN

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 05 04 01 Pericles

Gealltanais

(1a)

p.m.

p.m. 

p.m.  

p.m.  

p.m.  

p.m.  

p.m.  

p.m. 

Íocaíochtaí

(2a)

  p.m.

p.m.  

p.m.  

p.m.  

p.m.  

p.m.  

p.m.  

p.m. 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

Líne bhuiséid 05 01 03 Caiteachas tacaíochta le haghaidh Pericles (cosaint an Euro)

 

(3)

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

  p.m.

p.m. 

p.m. 

p.m.

IOMLÁN leithreasuithe

Gealltanais

=1a+3

1

1

1

1

1

1

1

7

i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht ECFIN

Íocaíochtaí

=2a+3

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m. 

Íocaíochtaí

(5)

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m. 

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m. 

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <2>

Gealltanais

=4+6

1

1

1

1

1

1

1

7

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 

p.m. 



Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

4

‘Caiteachas riaracháin’

AS ECFIN

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

 Acmhainní daonna

0,376

0,376

0,376

0,376

0,376

0,376

0,376

2,632

 Caiteachas riaracháin eile

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,105

IOMLÁN AS ECFIN

Leithreasuithe

0,391

0,391

0,391

0,391

0,391

0,391

0,391

2,737

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

0,391

0,391

0,391

0,391

0,391

0,391

0,391

2,737

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4

Gealltanais

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)

Comhfhreagróidh na táscairí aschuir agus toraidh chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar a bhfuil bainte amach ag an gclár seo do na comhtháscairí dá bhforáiltear faoi Rialachán xxx [An Rialachán Feidhmíochta]. 

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

–    Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

–Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2028 - 2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

CEANNTEIDEAL 4

Acmhainní daonna

0,376

0,376

0,376

0,376

0,376

0,376

0,376

2,632

Caiteachas riaracháin eile

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,105

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4

0,391

0 391

0 391

0 391

0 391

0 391

0 391

2,737

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

Acmhainní daonna

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Caiteachas eile de chineál riaracháin

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

IOMLÁN

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 

–    Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

–Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

2

2

2

2

2

2

2

20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

0

0

0

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

0

0

0

0

0

0

0

01 01 01 11 (Taighde díreach)

0

0

0

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh)

0

0

0

0

0

0

0

• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

0

0

0

0

20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

0

0

0

Riarachán Líne thacaíochta

- sa Cheanncheathrú

0

0

0

0

0

0

0

- i dToscaireachtaí an Aontais

0

0

0

0

0

0

0

01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)

0

0

0

0

0

0

0

01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)

0

0

0

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 4

0

0

0

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 4

0

0

0

0

0

0

0

IOMLÁN

2

2

2

2

2

2

2

An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):

Le cumhdach ag baill foirne atá ann faoi láthair atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin

Foireann bhreise eisceachtúil*

Le maoiniú faoi Cheannteideal 4 nó Taighde

Le maoiniú ó líne BA

Le maoiniú ó tháillí

Poist sa phlean bunaíochta

2

Ní bhaineann le hábhar

Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)

*Mínigh go hachomair thíos cén fáth nach féidir na cúraimí atá sa togra atá i gceist a chumhdach go hiomlán le hacmhainní de chuid acmhainní daonna atá ann cheana agus le hath-imlonnuithe inmheánacha laistigh den Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil an ghníomhaíocht á cur chun feidhme aici cheana nó laistigh de sheirbhísí an Choimisiúin.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cur chun feidhme an chláir a phleanáil, a bhainistiú, obair leantach a dhéanamh air agus faireachán a dhéanamh air.

Pearsanra seachtrach

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.

Go heisceachtúil, ba cheart na leithreasuithe faoi Cheannteideal 4 a chur sa líne atá ainmnithe chuige sin, i gcásanna inar gá sin chun an togra/tionscnamh a chur chun feidhme.

Is mar ‘Chaiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla’ is ceart na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1-3 a chur in iúl. Is é rud dá dtagraíonn an caiteachas sin an buiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ ceannach/ forbairt ardán/uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/uirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.

IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028 ‑ 2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

CEANNTEIDEAL 4

Caiteachas TF (corparáideach) 

0,016

0,016

0,016

0,016

0,016

0,016

0,016

0,115

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4

0,016

0,016

0,016

0,016

0,016

0,016

0,016

0,115

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla

0

0

0

0

0

0

0

0

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

0

0

0

0

0

0

0

0

 

IOMLÁN

0,016

0,016

0,016

0,016

0,016

0,016

0,016

0,115

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

Tá an togra comhsheasmhach leis an togra le haghaidh CAI 2028 - 2034

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

–    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Iomlán

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

 

 

 

 

 

 

 

 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

 

 

 

 

 

 

 

 

 
3,3    An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam 

–Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

–    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

–    ar acmhainní dílse

–    ar ioncam eile

–    má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 25

Bliain 2028

Bliain 2029

Bliain 2030

Bliain 2031

Bliain 2032

Bliain 2033

Bliain 2034

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

4Gnéithe digiteacha

4,1Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha

Meastar nach bhfuil aon ábharthacht dhigiteach ag an togra reatha. Ní dhéanann sé úsáid modhanna digiteacha, gnéithe sonraí ná soláthar seirbhísí poiblí digiteacha a thabhairt isteach, a mhodhnú ná difear a dhéanamh dóibh. Tá raon feidhme an togra teoranta do chosaint an euro ar ghóchumadh agus, dá bhrí sin, ní thagann sé faoi chur i bhfeidhm an phrionsabail ‘digiteach mar réamhshocrú’.

Déantar an próiseas iarratais do thairbhithe an chláir a bhainistiú tríd an gcóras ríomhdheontais, ar uirlis dhigiteach é atá ann cheana a úsáideann formhór na gclár deontais chun an próiseas iarratais a éascú.

4,2Sonraí

Ní bhaineann le hábhar

4,3Réitigh dhigiteacha

Ní bhaineann le hábhar

4,4Measúnú idir-inoibritheachta

Ní bhaineann le hábhar

4,5Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

Ní bhaineann le hábhar

(1)    Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár ‘Pericles IV’) (IO L 103, 5.4.2014, lch. 1). Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 a aisghairm leis an Rialachán sin.
(2)    Is féidir póilíní, údaráis bhreithiúnacha, bainc cheannais náisiúnta, saotharlanna anailíse teicniúla, miontaí, páirtithe leasmhara príobháideacha agus institiúidí eolaíochta ar fad a áireamh i ngníomhaíochtaí an chláir Pericles IV agus iad mar rannpháirtithe.
(3)    Rialachán (AE)  2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 94–131).
(4)    Is tionscnamh slándála é EMPACT (an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla) atá á chur ar aghaidh ag Ballstáit an Aontais chun bagairtí a bhaineann le coireacht eagraithe agus thromchúiseach idirnáisiúnta a aithint, a chur in ord tosaíochta agus aghaidh a thabhairt orthu. In 2021, rinneadh ionstraim bhuan de EMPACT, mar a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle maidir le leanúint bhuan de Thimthriall Beartais an Aontais don choireacht idirnáisiúnta eagraithe agus thromchúiseach. Is í an Bhulgáir an Ballstát a chuireann chun cinn tosaíocht EMPACT a chumhdaíonn ‘Coireacht Maoine Intleachtúla, Góchumadh Earraí Agus Airgeadraí’.
(5)    Féach an nasc seo a leanas: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/14525-EUs-next-long-term-budget-MFF-EU-funding-for-the-single-market-and-cooperation‑between‑national-authorities_ga
(6)    An Coimisiún Eorpach Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, Financial regulation applicable to the general budget of the Union (recast) [an Rialachán airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú)], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024,  https://data.europa.eu/doi/10.2761/686790
(7)    SWD(2021) 305 final
(8)    Cuir isteach an tagairt a luaithe a bheidh sé ar fáil.
(9)    IO C , , ELI: lch. .
(10)    Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh ( IO L 181, 4.7.2001, lch. 6 , ELI: ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1338/oj ).
(11)    Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leathnaíear éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh go dtí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair ( IO L 181, 4.7.2001, lch. 11 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1338/oj ).
(12)    Cinneadh 2001/923/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) ( IO L 339, 21.12.2001, lch. 50 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2001/923/oj ).
(13)    Cinneadh 2001/924/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena leathnaítear éifeachtaí an Chinnidh lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) go dtí na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair ( IO L 339, 21.12.2001, lch.  55 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2001/924/oj ).
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle (IO L 103, 5.4.2014, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2014/331/oj ). 
(15)    Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár ‘Pericles IV’), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ( IO L 186, 27.5.2021, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2021/840/oj
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach maidir leis an meastóireacht eatramhach ar an gClár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (Clár ‘Pericles IV’), COM(2025) 54 final.
(17)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(18)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1., ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj )
(19)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/1995/2988/oj ).
(20)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar an gcalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292,15.11.96, lch. 2, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj ).
(21)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).
(22)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj ).
(23)    Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n‑áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n‑áirítear an Ghraonlainn) (IO L 355, 7.10.2021, lch. 6, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1764/oj ).
(24)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(25)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,3.9.2025

COM(2025) 462 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2034 (‘Clár Pericles IV’) chun na Ballstáit neamh-rannpháirteacha a chumhdach

{SWD(2025) 253 final}


IARSCRÍBHINN

GNÍOMHAÍOCHTAÍ ATÁ INCHÁILITHE LE hAGHAIDH CISTIÚCHÁIN

(1)Beidh na malartuithe agus scaipeadh faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(5), pointe (a), dírithe, i measc nithe eile, ar an méid seo a leanas:

·dea-chleachtais maidir le góchumadh agus calaois a bhaineann le góchumadh a chosc chomh fada agus a bhaineann sé leis an euro, lena n‑áirítear bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don euro digiteach amach anseo,

·modheolaíochtaí chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch agus airgeadais atá ag góchumadh;

·bunachair shonraí agus córas réamhrabhaidh a fheidhmiú;

·uirlisí braite, lena n‑áirítear iad sin a bhfuil cúltaca ríomhaire acu, a úsáid;

·modhanna fiosrúcháin agus imscrúdaithe;

·cúnamh eolaíoch, lena n‑áirítear faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí nua, agus maidir le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an Intleacht Shaorga agus maidir leis na deiseanna imscrúdaitheacha a sholáthraítear léi,

·an euro a chosaint lasmuigh den Aontas;

·gníomhaíochtaí taighde;

·saineolas oibríochtúil sonrach a sholáthar;

(2)Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sa chúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 8(5), pointe (b):

·aon bheart iomchuí lena mbunaítear acmhainní múinteoireachta ar leibhéal an Aontais, amhail lámhleabhar maidir le reachtaíocht an Aontais, bullaitíní eolais, lámhleabhair phraiticiúla, gluaiseanna agus foclóirí, bunachair shonraí, go háirithe i réimse an chúnaimh eolaíoch nó na faire teicneolaíochta, nó feidhmchlár tacaíochta ríomhaire, amhail bogearraí agus uirlisí na hIntleachta Saorga;

·staidéir ábhartha a bhfuil gné ildisciplíneach agus thrasnáisiúnta acu, lena n‑áirítear taighde ar ghnéithe slándála nuálacha;

·uirlisí agus modhanna tacaíochta teicniúla a fhorbairt chun gníomhaíochtaí braite a éascú ar leibhéal an Aontais;

·tacaíocht do chomhar i gcás oibríochtaí ina bhfuil ar a laghad dhá thírpáirteach nuair nach féidir tacaíocht den sórt sin a sholáthar ó chláir eile de chuid institiúidí agus comhlachtaí an Aontais;

(3)Chun críoch Airteagal 8(6), áireofar an méid seo a leanas i ngrúpaí gairmeacha incháilithe:

·foireann gníomhaireachtaí atá ag gabháil do ghóchumadh a bhrath agus a chomhrac, go háirithe fórsaí póilíneachta;

·riaracháin chustaim agus airgeadais;

·seirbhísí beartseachadta:

·pearsanra faisnéise;

·ionadaithe de chuid na mbanc ceannais náisiúnta, na miontaí, na mbanc tráchtála agus idirghabhálaithe airgeadais eile, go háirithe maidir le hoibleagáidí institiúidí airgeadais;

·baill foirne cúirte, ionchúisitheoirí, breithimh, dlíodóirí speisialaithe agus comhaltaí eile den bhreithiúnacht atá inniúil sa réimse seo;

·aon ghrúpa eile saineolaithe lena mbaineann, amhail comhlachais tráchtála agus tionscail nó struchtúir inchomparáide atá in ann rochtain a sholáthar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, miondíoltóirí agus cuideachtaí iompair airgid thirim.

Top