AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.7.2025
COM(2025) 447 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
lena n−údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le creat−chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le malartú faisnéise le haghaidh scagadh slándála agus fíorú céannachta a bhaineann le nósanna imeachta teorann agus iarratais ar víosaí
IARSCRÍBHINN
TREORACHA MAIDIR LE CREAT‑CHOMHAONTÚ A CHAIBIDLIÚ IDIR
an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le malartú faisnéise le haghaidh scagadh slándála agus fíorú céannachta a bhaineann le nósanna imeachta teorann agus iarratais ar víosaí
Le linn na caibidlíochta ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gCoimisiún na cuspóirí a leagtar amach thíos go mionsonraithe bhaint amach.
I. CUSPÓIR AGUS RAON FEIDHME AN CHREAT‑CHOMHAONTAITHE
1.Is é is cuspóir don chreat‑chomhaontú foráil a dhéanamh maidir le struchtúr dlíthiúil le haghaidh mhalartú déthaobhach faisnéise na mBallstát idir a n‑údaráis inniúla agus údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht na Stát Aontaithe um Shlándáil Teorann Feabhsaithe (CSTF).
2.Sa chreat‑chomhaontú ba cheart rialacha soiléire beachta a sholáthar maidir le malartú faisnéise idir na Ballstáit agus na Stáit Aontaithe i ndáil le taistealaithe a thrasnaíonn a dteorainneacha seachtracha chun tacú leis an scagadh agus fíorú céannachta taistealaithe is gá chun a chinneadh an mbeadh aon riosca ag gabháil leis an tslándáil phoiblí nó leis an ord poiblí, agus chun tacú leis na húdaráis inniúla coireanna agus cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
3.Tá sé de chuspóir ag an gcreat‑chomhaontú an bunús dlí agus na coinníollacha a sholáthar maidir le sonraí pearsanta a aistriú agus a mhalartú idir údaráis inniúla na mBallstát agus na Stát Aontaithe. Go háirithe, ba cheart rialacha agus nósanna imeachta soiléire a sholáthar sa chreat‑chomhaontú chun cuardach ar thaistealaí a ghníomhachtú, chun cosc a chur ar phróiseáil chórasach, ghinearálaithe agus neamh‑spriocdhírithe sonraí i gcás gach taistealaí.
4.Ba cheart sainmhínithe ar phríomhthéarmaí a bheith sa chreat‑chomhaontú, go háirithe sainmhíniú ar shonraí pearsanta.
5.Ba cheart an malartú faisnéise faoin gcreat‑chomhaontú seo a bheith bunaithe ar phrionsabal na cómhalartachta.
6.Ba cheart an malartú faisnéise faoin gcreat‑chomhaontú a bheith bunaithe ar mhalartú na faisnéise céannachta a chuimsítear sa dhoiciméad taistil, agus ar mhéarloirg taistealaí. I gcás inarb ábhartha agus faoi choimircí iomchuí, ba cheart do na Páirtithe a bheith in ann faisnéis fhorlíontach atá ábhartha don duine i gceist a mhalartú freisin.
7.Ba cheart a chuimsiú sa mhalartú faisnéise faoin gcreat‑chomhaontú náisiúnaigh tríú tír i ndáil le trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát agus na Stát Aontaithe, agus i gcomhthéacs coireanna agus cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
8.Féadfar a áireamh sa mhalartú faisnéise malartuithe maidir le saoránaigh agus a mbaill teaghlaigh, mar aon le buanchónaitheoirí, i gcásanna ina mbeadh fíorghá le malartú faisnéise den sórt sin agus ina mbeadh sé comhréireach chun coireanna agus cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus a mhéid atá malartú faisnéise den sórt sin cómhalartach.
‑II. ÁBHAR AN CHREATCHOMHAONTAITHE
SAINCHEISTEANNA SONRACHA
9.Ba cheart sainmhínithe ar phríomhthéarmaí a bhunú leis an gcreat‑chomhaontú, lena n‑áirítear sainmhíniú ar shonraí pearsanta a chomhlíonann na sainmhínithe i Rialacháin (AE) 2016/679 agus 2018/1725, agus i dTreoir (AE) 2016/680;
10.Ba cheart a shainaithint sa chreat‑chomhaontú na cineálacha bunachair sonraí agus cineál(acha) sonraí a thagann faoi raon feidhme na sonraí a mbeidh faoi réir rochtana i gcomhthéacs CSTF.
11.Sa chreat‑chomhaontú ba cheart a leagan amach go soiléir agus go beacht na coimircí agus na rialuithe a bhfuil gá leo maidir le sonraí pearsanta agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, gan beann ar a náisiúntacht nó a n‑áit cónaithe, nuair a mhalartófar sonraí pearsanta leis na Stáit Aontaithe i gcomhthéacs CSTF. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)Ba cheart do na Páirtithe cuspóirí na próiseála sonraí i gcomhthéacs an chreat‑chomhaontaithe a leagan amach go soiléir agus go beacht. Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a bheith teoranta don mhéid is gá agus is comhréireach i gcásanna aonair chun rioscaí don tslándáil phoiblí nó don ord poiblí a shainaithint, agus chun rannchuidiú le cionta coiriúla agus sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
(b)Na sonraí pearsanta a aistreoidh na Ballstáit chuig na Stáit Aontaithe, ba cheart iad a phróiseáil go cóir, ar bhonn dlisteanach agus chun na gcríoch dár aistríodh iad, agus chun na gcríoch sin amháin. Ba cheart toirmeasc a chur ar aon phróiseáil sonraí breise atá ar neamhréir leis an gcuspóir tosaigh (teorannú de réir cuspóra). Ba cheart iarscríbhinn a bheith ag gabháil leis an gComhaontú ina mbeadh liosta uileghabhálach de na húdaráis inniúla sna Stáit Aontaithe a bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a aistriú chucu chomh maith le tuairisc ghairid ar a n‑inniúlachtaí.
(c)Ba cheart sonraí pearsanta aistrithe a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na críche a ndearnadh iad a aistriú. Ba cheart iad a bheith cruinn agus ba cheart iad a choinneáil cothrom le dáta. Níor cheart iad a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críche dár aistríodh iad ach, in aon chás, ba cheart rialacha maidir le stóráil, lena n‑áirítear teorannú stórála, athbhreithniú, ceartú agus scriosadh sonraí pearsanta a leagan síos sa chreat‑chomhaontú. Go háirithe, ba cheart leis an gcreat‑chomhaontú coinneáil sonraí pearsanta taistealaithe, tar éis dóibh imeacht ón dlínse, a theorannú go sonraí pearsanta taistealaithe i ndáil le taistealaithe a bhfuil fianaise oibiachtúil ann ina leith óna bhféadfaí a thuiscint go bhfuil riosca leanúnach ann don tslándáil phoiblí nó don ord poiblí agus gur gá sonraí a choinneáil chun rannchuidiú le coireanna agus cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
(d)Sa chreat‑chomhaontú ba cheart a shonrú na critéir ar ar a mbonn a léireofar iontaofacht na foinse agus cruinneas na sonraí.
(e)Sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte agus sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha, ní cheadófar aistriú na sonraí sin ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus má tá sé réasúnta agus comhréireach i gcásanna aonair chun cionta coiriúla agus sceimhlitheoireachta a chosc nó a chomhrac dá dtagraítear sa chreat‑chomhaontú, agus faoi réir coimircí lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí sonracha a ghabhann leis na sonraí sin a phróiseáil. Ba cheart coimircí sonracha a bheith sa chreat‑chomhaontú lena rialaítear aistriú sonraí pearsanta maidir le mionaoisigh agus maidir le híospartaigh cionta coiriúla, finnéithe nó daoine eile ar féidir leo faisnéis a sholáthar maidir le cionta coiriúla.
(f)Ba cheart a leagan síos sa chreat‑chomhaontú rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil do dhaoine aonair agus ba cheart a áirithiú ann cearta infhorfheidhmithe daoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil, i bhfoirm rialacha maidir leis an gceart chun faisnéise, an ceart chun rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartúchán agus an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, lena n‑áirítear na forais shonracha lena bhféadfaí aon srianadh riachtanach agus comhréireach ar na cearta sin a cheadú. Leis an gcreat‑chomhaontú ba cheart a áirithiú freisin ceart in‑fhorfheidhmithe chun dea-riaracháin agus ceart in‑fhorfheidhmithe chun leighis bhreithiúnaigh d’aon duine a bpróiseáilfear a chuid sonraí faoin gcreat‑chomhaontú, agus ba cheart leigheasanna éifeachtacha a ráthú.
(g)Ba cheart a leagan amach sa chreat‑chomhaontú rialacha maidir le taifid a choinneáil chun críoch logála agus doiciméadaithe chomh maith leis na rialacha maidir le faisnéis atá le cur ar fáil do dhaoine aonair.
(h)Ba cheart foráil a dhéanamh sa chreat‑chomhaontú maidir le coimircí i ndáil le próiseáil uathoibríoch sonraí pearsanta, lena n‑áirítear próifíliú, agus ba cheart toirmeasc a chur ar chinntí atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta amháin gan rannpháirtíocht an duine ann.
(i)Ba cheart a áireamh sa chreat‑chomhaontú an oibleagáid slándáil sonraí pearsanta a áirithiú trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, lena n‑áirítear gan cead a thabhairt ach amháin do dhaoine údaraithe rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta. Ba cheart a chuimsiú ann freisin an oibleagáid fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus, nuair is gá agus is féidir, ábhair sonraí, i gcás sárú ar shonraí pearsanta lena ndéantar difear do shonraí a aistreofar faoin gcreat‑chomhaontú. Ba cheart a chuimsiú sa chreat‑chomhaontú freisin an oibleagáid bearta a chur chun feidhme maidir le cosaint sonraí mar réamhshocrú agus trí dhearadh, chun prionsabail cosanta sonraí a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach.
(j)Aistrithe ar aghaidh sonraí pearsanta ó údaráis inniúla na Stát Aontaithe chuig údaráis eile sna Stáit Aontaithe, níor cheart iad a cheadú ach amháin chun críocha an chreat‑chomhaontaithe, ba cheart iad a bheith faoi réir na gcoinníollacha iomchuí, lena n‑áirítear údarú sainráite sholáthraí na faisnéise, agus níor cheart iad a cheadú ach amháin i ndáil le húdaráis a áirithíonn leibhéal cosanta atá comhionann leis an leibhéal a áirithítear faoin gcreat‑chomhaontú, ach amháin má tá gá leis an aistriú ar aghaidh chun garbhagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí a chosc agus a imscrúdú nó chun leasanna ríthábhachtacha aon duine nádúrtha a chosc. Ba cheart aistrithe ar aghaidh sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a thoirmisc.
(k)Leis an gcreat‑chomhaontú ba cheart córas formhaoirseachta a áirithiú maidir le comhlacht neamhspleách amháin nó níos mó atá freagrach as cosaint sonraí sna Stáit Aontaithe ag a bhfuil cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe agus idirghabhála sonraí pearsanta a úsáid. Go háirithe, ba cheart cumhachtaí a bheith ag an gcomhlacht nó na comhlachtaí gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir le húsáid a gcuid sonraí pearsanta. Leis an gcreat‑chomhaontú ba cheart foráil a dhéanamh maidir le dualgas comhair idir na comhlachtaí formhaoirseachta sin, de pháirt, agus na húdaráis mhaoirseachta ábhartha de chuid an Aontais, den pháirt eile.
creat le haghaidh malartú faisnéise
12.Ba cheart a leagan amach sa chreat‑chomhaontú na coinníollacha ginearálta, na critéir, bunachair sonraí agus catagóirí sonraí faoi raon feidhme an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát agus na Stát Aontaithe mar chuid de shocruithe déthaobhacha. Ba cheart deimhniú faisnéise céannachta nó méarlorg, agus faisnéis bhreise a bhaineann leis an duine atá faoin gcuardach a bheith i gceist leis an malartú faisnéise sin, agus ba cheart é a bheith teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus comhréireach chun an toradh is gá a bhaint amach.
13.Faoin gcreat‑chomhaontú, ba cheart do na Páirtithe a áirithiú go n‑urramófaí teorainneacha teicniúla na bPáirtithe maidir le malartú faisnéise.
14.Ba cheart a leagan amach sa chreat‑chomhaontú na hiarmhairtí a bhaineann le ballraíocht ón gClár Tarscaoilte Víosa a chur ar fionraí, nó le teorannú bhailíocht ESTA, maidir le malartú faisnéise faoin gcreat‑chomhaontú.
15.Leis an gcreat‑chomhaontú ba cheart foráil a dhéanamh maidir le samhail freagartha cuardaigh srathaithe, samhail lena ndéantar idirdhealú idir faisnéis a aisghabhtar go huathoibríoch nuair a dhéantar cuardach agus faisnéis bhreise nach bhféadfaí a chomhroinnt leis an bPáirtí iarrthach ach amháin ar údarú sainráite an Pháirtí sin a fháil.
16.Ba cheart clásal a bheith sa chreat‑chomhaontú lena n‑údaraítear do na Ballstáit comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích chun an malartú faisnéise faoi CSTF a chur chun feidhme mar cheanglas faoin gClár Tarscaoilte Víosaí. Ba cheart na heilimintí atá le bheith sna comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha lena ndéantar an malartú faisnéise a oibríochtú a shonrú sa chreat‑chomhaontú, mar aon leis na coinníollacha nós imeachta agus substaintiúla a bhfuil na comhaontuithe nó na socruithe déthaobhacha le comhlíonadh.
17.Ba cheart a leagan amach sa chreat‑chomhaontú na himthosca faoina bhféadfadh na Ballstáit na comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha a tugadh i gcrích leis na Stáit Aontaithe roimh theacht i bhfeidhm an chreat‑chomhaontaithe a choinneáil ar bun.
forálacha institiúideacha
18.Ba cheart comhlacht rialachais a bhunú leis an gcreat‑chomhaontú a bheadh freagrach as cur chun feidhme agus feidhmiú an chomhaontaithe a bhainistiú agus a mhaoirsiú, agus as éascú a dhéanamh ar réiteach díospóidí.
19.Ba cheart foráil a dhéanamh sa chreat‑chomhaontú maidir le sásra éifeachtach um réiteach díospóidí i ndáil lena léirmhíniú agus lena chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Páirtithe na rialacha arna gcomhaontú go frithpháirteach.
20.Ba cheart forálacha a bheith sa chreat‑chomhaontú maidir le faireachán agus meastóireacht thréimhsiúil ar an gcreat‑chomhaontú.
21.Ba cheart foráil a bheith sa chreat‑chomhaontú maidir le teacht i bhfeidhm agus bailíocht an chomhaontaithe agus foráil lena bhféadfaidh Páirtí é a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, go háirithe i gcás nach n‑áirithíonn na Stáit Aontaithe go héifeachtach a thuilleadh an leibhéal cosanta do chearta agus saoirsí bunúsacha a cheanglaítear faoin gcreat‑chomhaontú. I gcás foirceanta nó fionraí, ba cheart a shonrú sa chreat‑chomhaontú freisin an bhféadfar leanúint de phróiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a thagann faoina raon feidhme agus a aistríodh sula ndearnadh é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Má cheadaítear don phróiseáil sonraí pearsanta dul ar aghaidh, is i gcomhréir le forálacha an chreat‑chomhaontaithe is infheidhme tráth na fionraí nó an fhoirceanta ba cheart í a dhéanamh ar aon chuma.
22.Féadfar clásal lena dtugtar aghaidh ar a chur i bhfeidhm críochach a chuimsiú sa chreat‑chomhaontú, más gá.
23.Sa chreat‑chomhaontú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásra trína ndéanfar forbairtí ábhartha ar dhlí an Aontais amach anseo a léiriú, i gcás inar gá, trí bhíthin oiriúnuithe ar an gcreat‑chomhaontú. Ba cheart foráil a chuimsiú sa chreat‑chomhaontú freisin trína ndéanfadh an tAontas an creat‑chomhaontú a fhoirceannadh i gcás nach ndéanfaí na hoiriúnuithe sin.
24.Ba cheart foráil a dhéanamh sa chreat‑chomhaontú maidir le sásra chun meastóireacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme.
25.Ba cheart comhúdarás a bheith ag an gcreat‑chomhaontú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus ba cheart clásal teanga a bheith ann chun na críche sin.