AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.7.2025
COM(2025) 436 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann le
Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/2059 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de Phrótacal II a leasú maidir le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin, a mhéid a bhaineann le carnadh le tíortha comharsanacha atá i mbéal forbartha
IARSCRÍBHINN
maidir leis an dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil arna bhunú faoin gcomhaontú comhpháirtíochta eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, lena leasaítear forálacha áirithe de Phrótacal II maidir le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin
I gCinneadh (AE) 2020/2059 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
‘Bunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 11ú cruinniú den Choiste um Thrádáil idir an tAontas agus Stáit an Aigéin Chiúin ar an dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil idir an tAontas agus Stáit an Aigéin Chiúin’
Sa dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil, cuirtear an méid seo a leanas in ionad uimhriú an chinnidh:
‘Cinneadh Uimh. .../2026’
Sa dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil, cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 3(i):
‘(i)
na forálacha seo a leanas, nach bhfuil ábhartha a thuilleadh, a scriosadh:
–
Mír 7 d’Airteagal 3;
–
Iarscríbhinn XII;’
San Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil, cuirtear Airteagal 4 bis agus Iarscríbhinn VIII bis isteach arís san innéacs mar a leanas:
‘[…]
TEIDEAL II
SAINMHÍNIÚ AN CHOINCHEAPA TÁIRGÍ TIONSCNAIMH
Airteagail
[…]
4 bis.
Carnadh le tíortha comharsanacha atá i mbéal forbartha.
[…]
IARSCRÍBHINNÍ
[…]
IARSCRÍBHINN VIII bis a ghabhann le PRÓTACAL II: Tíortha comharsanacha atá i mbéal forbartha’
San Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil, cuirtear Airteagal 4 bis isteach arís mar a leanas:
‘Airteagal 4 bis
Carnadh le tíortha comharsanacha atá i mBéal Forbartha
1.
Arna iarraidh sin do na Stáit san Aigéan Ciúin agus de réir fhorálacha Airteagal 41(2), ábhair de thionscnamh tíre comharsanaí atá i mbéal forbartha, cé is moite de Stát ACC, ar le heintiteas geografach comhtháite í, a bhfuil liostú díobh le fáil in Iarscríbhinn VIII bis, is féidir iad a mheas mar ábhair de thionscnamh Stáit san Aigéan Ciúin iad nuair a ionchorpraítear iad i dtáirge a fhaightear ansin. Ní bheidh sé riachtanach oibriú ná próiseáil leordhóthanach a bheith déanta ar na hábhair sin ar choinníoll:
(a)
gur mó an t‑oibriú agus an phróiseáil a rinneadh sa Stát san Aigéan Ciúin ná na hoibríochtaí atá liostaithe in Airteagal 7;
(b)
go bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag na Stáit san Aigéan Ciúin, ag an gComhphobal Eorpach agus ag na tíortha comharsanacha atá i mbéal forbartha lena mbaineann maidir le nósanna imeachta leordhóthanacha um chomhar riaracháin lena n‑áiritheofar cur chun feidhme ceart na míre seo.
2.
Ní bheidh feidhm ag an gcarnadh dá bhforáiltear san Airteagal seo maidir leis na táirgí atá le liostú ar chinneadh ón gCoiste Speisialta maidir le Comhar Custaim agus Rialacha Tionscnaimh.
3.
Chun a chinneadh an bhfuil na táirgí de thionscnamh na tíre comharsanaí atá i mbéal forbartha mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VIII bis, beidh feidhm ag forálacha an Phrótacail seo.’
San Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil, cuirtear Iarscríbhinn VIII bis isteach arís mar a leanas:
‘IARSCRÍBHINN VIII bis a ghabhann le PRÓTACAL II
TÍORTHA COMHARSANACHA ATÁ I mBÉAL FORBARTHA
Chomhaontaigh na Páirtithe, chun Airteagal 4 bis de Phrótacal II a chur chun feidhme, go mbeidh feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:
‑
Tagróidh an nath ‘tír chomharsanach atá i mbéal forbartha ar le heintiteas geografach comhtháite í’ don liosta tíortha seo a leanas:’